AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,1.2.2021
COM(2021) 34 final
2021/0018(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí (códú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.I gcomhthéacs Eoraip na ndaoine, cuireann an Coimisiún an-bhéim ar shimpliú agus ar shoiléiriú dhlí an Aontais ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos so‑aimsithe do na saoránaigh agus, dá réir sin, go gcruthófar deiseanna nua dóibh agus seans chun úsáid a bhaint as na cearta sonracha a bhronntar orthu.
Ní féidir an aidhm seo a bhaint amach fad is atá líon mór forálacha a leasaíodh roinnt uaireanta, agus leasuithe suntasacha a bheith i gceist go minic, scaipthe anseo agus ansiúd, rud a fhágann go mbíonn gá le cuardach a dhéanamh ar roinnt de na forálacha sin san ionstraim bhunaidh agus ar roinnt eile acu in ionstraimí leasaitheacha níos déanaí. Is gá, dá bhrí sin, mórobair thaighde a dhéanamh, i bhfoirm comparáide idir cuid mhór ionstraimí éagsúla, chun na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a shainaithint.
Ar an gcúis sin, tá gá freisin le códú a dhéanamh ar rialacha a leasaíodh go minic má tá an dlí le bheith soiléir agus trédhearcach.
2.Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an 1 Aibreán 1987 treoir a thabhairt dá fhoireann á rá gur cheart gach gníomh a chódú i ndiaidh deich leasú ar a mhéad, agus cuireadh i bhfios dóibh gur bunriachtanas é seo agus gur cheart féachaint le códú a dhéanamh ag eatraimh is giorra ná sin ar na téacsanna a bhfuil siad freagrach astu lena chinntiú go bhfuil na forálacha atá iontu soiléir agus sothuigthe.
3.Dearbhaíodh an méid sin i gConclúidí Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann (Nollaig 1992) agus cuireadh i bhfios an tábhacht a bhaineann le códú mar go dtugann sé cinnteacht faoin dlí is infheidhme maidir le hábhar ar leith tráth ar leith.
Ní foláir an nós imeachta coitianta a bhaineann le glacadh ghníomhartha an Aontais a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán le linn an códú á dhéanamh.
Ós rud é nach ceadmhach athruithe a dhéanamh ar shubstaint na n-ionstraimí lena mbaineann an códúchán, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú, trí chomhaontú idirinstitiúideach dar dáta an 20 Nollaig 1994, go bhféadfar nós imeachta luathaithe a úsáid chun ionstraimí códaithe a ghlacadh go mear.
4.Is é is cuspóir don togra seo códú a dhéanamh ar Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle. Glacfaidh an Treoir nua ionad na ngníomhartha éagsúla a chuimsítear ann; caomhnaítear go huile agus go hiomlán inneachar na ngníomhartha atá á gcódú agus, dá bhrí sin, ní dhéantar ach iad a thabhairt le chéile agus na leasuithe foirmiúla sin amháin a bhfuil gá leo don phróiseas códúcháin féin a dhéanamh.
5.Rinneadh an togra códúcháin a tharraingt suas ar bhonn réamh-chomhdhlúthú, in 24 theanga oifigiúla, ar Threoir 2003/59/CE agus ar na hionstraimí lena leasaítear é. Is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a rinne an comhdhlúthú sin trí chóras próiseála sonraí. I gcás uimhreacha nua a bheith tugtha do na hAirteagail, taispeántar an comhghaol idir an tseanuimhir agus an uimhir nua i dtábla atá leagtha amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán códaithe.
🡻 2003/59/EC (oiriúnaithe)
2021/0018 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí (códú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal ⌦ 91 ⌫ de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
🡻
(1)Rinneadh Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Treoir sin a chódú.
🡻 2018/645 aithris 1 (oiriúnaithe)
(2)Sa Pháipéar Bán uaidh an 28 Márta 2011, dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area — Towards a competitive and resource efficient transport system (Treochlár i dtreo Limistéar Iompair Eorpach Aonair — i dtreo córas iompair atá iomaíoch agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de), leagann an Coimisiún cuspóir “fís nialais” amach ar cheart dá réir don Aontas dul i dtreo staid ina laghdófaí an méid básanna in iompar de bhóthar go nialas nó geall leis faoi 2050.
🡻 2018/645 aithris 2 (oiriúnaithe)
(3)Sa teachtaireacht uaidh ar threoshuíomhanna beartais maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020, dar teideal Towards a European road safety area: policy orientations on road safety 2011-2020 (I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020), mhol an Coimisiún an sprioc go ndéanfaí líon iomlán na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020, ó 2010 ar aghaidh. D’fhonn an sprioc sin a bhaint amach, leag an Coimisiún seacht gcuspóir straitéiseacha síos, lena n‑áirítear feabhas a chur ar oideachas agus oiliúint úsáideoirí bóithre agus úsáideoirí leochaileacha bóithre a chosaint.
🡻 2018/645 aithris 3 (oiriúnaithe)
(4)D’fhormhuinigh Comhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 sprioc cheangailteach de laghdú intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an gheilleagair iomláin de 40 % ar a laghad i gcomparáid le 1990, faoin mbliain 2030. Cabhróidh an sprioc seo maidir le laghduithe astaíochtaí le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Is gá cur chuige cuimsitheach don earnáil iompair chun laghduithe astaíochtaí agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh i dtreo gluaiseacht íseal-astaíochtaí, inter alia trí thaighde agus trí chur chun cinn teicneolaíoch atá ar fáil cheana féin a thabhairt isteach. Is gá an oiliúint chuí a chur ar thiománaithe tiomáint ar an dóigh is éifeachtúla.
🡻 2003/59/CE aithris 3 (oiriúnaithe)
(5)Chun go gcuirfí ar chumas tiománaithe freastal ar na héilimh a ⌦ bhaineann leis ⌫ an margadh iompair de bhóthar, ba cheart rialacha an ⌦ Aontais maidir leis an íosleibhéal oiliúna do thiománaithe feithiclí iompair bóthar ⌫ a bheith infheidhme maidir le gach tiománaí, cé acu an ag tiomáint mar oibrithe féinfhostaithe nó mar oibrithe tuarastail atá siad, agus an ag tiomáint ar a gcuntas féin nó ar fruiliú nó ar airgead atá siad.
🡻 2003/59/CE aithris 4 (oiriúnaithe)
(6)⌦ Ba cheart go n-áiritheofaí le ⌫ rialacha an ⌦ Aontais maidir leis an íosleibhéal oiliúna do thiománaithe feithiclí iompair bóthar ⌫ go bhfuil caighdeán sásúil bainte amach ag an tiománaí chun an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint a dhéanamh, trí bhíthin a cháilíochta féin.
🡻 2003/59/CE aithris 5
(7)Go háirithe, maidir leis an oibleagáid atá ar thiománaí cáilíocht tosaigh a bheith acu agus dul faoi oiliúint thréimhsiúil, tá sé beartaithe an tsábháilteacht ar bhóithre agus sábháilteacht an tiománaí a fheabhsú, lena n‑áirítear le linn oibríochtaí a dhéanann an tiománaí agus an fheithicil ina stad. Ina theannta sin, ba cheart do nádúr nua-aimseartha ghairm an tiománaí suim daoine óga a spreagadh sa ghairm sin, rud a chuirfidh le hearcú tiománaithe nua agus ganntanas tiománaithe ann.
🡻 2003/59/CE aithris 6
(8)Chun dálaí iomaíochais éagothroma a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo le gníomhaíocht na tiomána a dhéanann náisiúnaigh de Bhallstát agus náisiúnaigh de thríú tíortha atá fostaithe nó á n‑úsáid ag gnóthas arna bhunú i mBallstát.
🡻 2003/59/CE aithris 22 (oiriúnaithe)
(9)Tá sé inmhianaithe, ar mhaithe le prionsabail dhlí an ⌦ Aontais ⌫ a urramú, go mbeadh tiománaithe feithiclí a úsáidtear i gcomhair iompair, i gcás ina meastar nach mbeadh tionchar chomh mór céanna aige seo ar shábháilteacht ar bhóithre nó i gcás ina mbeadh ceanglais na Treorach seo ina n‑ualach díréireach eacnamaíochta nó sóisialta, go mbeadh na tiománaithe sin díolmhaithe ó fheidhmiú na Treorach seo.
🡻 2018/645 aithris 6 (oiriúnaithe)
(10)⌦ Ba cheart ⌫ díolúintí ⌦ áirithe a leagan síos ⌫ i ndáil le cásanna nach tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí agus ina gcuirfeadh sé ualach díréireach ar thiománaithe a cheangal orthu ceanglais ⌦ na Treorach seo ⌫ a chomhlíonadh. Meastar de ghnáth nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí nuair a chuimsíonn sí níos lú ná 30 % den am oibre míosúil rollach.
🡻 2018/645 aithris 7 (oiriúnaithe)
(11)I gcás nach mbítear ag tiomáint go rómhinic, ina dtarlaíonn an tiomáint i gceantair faoin tuath ⌦ nó i gcás ⌫ ina mbíonn tiománaithe ag tiomáint a bhíonn ag soláthar dá ngnó féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag díolúintí, ar choinníoll go n‑áirithítear an tsábháilteacht ar bhóithre mar sin féin. Mar gheall ar na coinníollacha éagsúla i limistéir tuaithe laistigh den Aontas ó thaobh na tíreolaíochta, na haeráide agus dlús daonra de, ba cheart go mbeadh rogha ag Ballstáit a chinneadh an féidir tiomáint den sórt sin a mheas mar thiomáint ócáideach agus an mbeadh tionchar ag díolúine den sórt sin ar shábháilteacht ar bhóithre: mar shampla ar bhonn an chineáil bóithre, ar mhéid na tráchta nó ar cé acu an bhfuil úsáideoirí bóithre leochaileacha ar na bóithre nó nach bhfuil.
🡻 2018/645 aithris 8
(12)Ós rud é go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh na n‑achar is gá do dhaoine a chumhdach le linn a gcuid oibre ar fud an Aontais, daoine a oibríonn i réimse na talmhaíochta, na gairneoireachta, na foraoiseachta, na feirmeoireachta agus na hiascaireachta, atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart go bhfágfaí faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ina ndlí náisiúnta, achair incheadaithe uasta, a ríomhtar ó bhunáit an ghnóthais, lena mbeadh feidhm ag na díolúintí.
🡻 2003/59/CE aithris 7 (oiriúnaithe)
(13)Chun a shuí go gcomhlíonfaidh an tiománaí a oibleagáidí, ba cheart do na Ballstáit deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil a eisiúint don tiománaí (CPC) lena ndeimhnítear a cháilíocht tosaigh nó oiliúint thréimhsiúil.
🡻 2003/59/CE aithris 8 (oiriúnaithe)
(14)Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh idir roghanna éagsúla ionas go n‑éascófar cur chun feidhme na bhforálacha maidir leis an gcáilíocht tosaigh.
🡻 2003/59/CE aithris 9
(15)Ba cheart go mbeadh ceangal ar thiománaithe a bhfuil cáilíocht acu cheana féin dul faoi athoiliúint thréimhsiúil ar na scileanna atá bunriachtanach dá ngairm ar mhaithe lena gcáilíocht tiománaí a choinneáil.
🡻 2018/645 aithris 9
(16)Ba cheart go mbeadh ceangal mar sin féin ar na tiománaithe sin, a bhí díolmhaithe ón gceanglas maidir le cáilíocht tosaigh, dul faoi oiliúint thréimhsiúil chun a áirithiú go bhfuil a gcuid eolais maidir le cúrsaí atá bunriachtanach dá gcuid oibre fós cothrom le dáta, agus an díolúine sin á coimeád acu ag an am céanna.
🡻 2003/59/CE aithris 10 (oiriúnaithe)
(17)Is leis na rialacha sábháilteachta atá le hurramú le linn bheith ag tiomáint nó le linn don fheithicil a bheith ina stad a bhaineann na ceanglais íosta atá le comhlíonadh chun an cháilíocht tosaigh agus an oiliúint thréimhsiúil a bhaint amach. Ba cheart go ⌦ mbeadh ⌫ tionchar dearfach ag forbairt na tiomána cosanta (contúirt a thuar, iompar úsáideoirí bóithre eile a chur san áireamh), atá fite fuaite le hídiú réasúnach breosla, ar an tsochaí agus ar an earnáil iompair de bhóthar í féin.
🡻 2003/59/CE aithris 11
(18)Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do na cearta arna bhfáil ag tiománaí a raibh an ceadúnas tiomána is gá aige chun an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint a dhéanamh roimh an dáta a leagtar síos chun CPC a fháil, CPC lena ndeimhnítear an cháilíocht tosaigh chomhfhreagrach nó an oiliúint thréimhsiúil chomhfhreagrach.
🡻 2003/59/CE aithris 12
(19)Ba cheart go mbeadh cead ag ionaid oiliúna a bheidh formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát amháin na cúrsaí oiliúna a leagtar síos le haghaidh na cáilíochta tosaigh agus na hoiliúna tréimhsiúla a eagrú. Chun caighdeán na n‑ionad formheasta sin a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla critéir chomhchuibhithe a leagan síos lena bhformheas, lena n‑áirítear ardleibhéal gairmiúlachta seanbhunaithe.
🡻 2003/59/CE aithris 13
(20)Is iad údaráis inniúla na mBallstát agus aon eintiteas arna ainmniú acu freisin ar cheart a bheith freagrach as na tástálacha dá bhforáiltear i ndáil leis an gcáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil a eagrú. I bhfianaise a thábhachtaí atá an Treoir seo maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus comhionannas na gcoinníollacha iomaíochta, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát maoirseacht a dhéanamh ar na tástálacha sin.
🡻 2003/59/CE aithris 14
(21)Ba cheart do na Ballstáit a fhorordú nach mór an chéad bhabhta den oiliúint thréimhsiúil a chríochnú agus an CPC comhfhreagrach a eisiúint laistigh de chúig bliana tar éis dháta eisiúna an CPC lena ndeimhnítear an cháilíocht tosaigh nó dáta éaga na teorann ama a leagtar síos le haghaidh tiománaithe áirithe a gcearta faighte a éileamh. Ba cheart é a bheith indéanta na teorainneacha ama sin a ghiorrú nó a shíneadh. I ndiaidh na chéad oiliúna tréimhsiúla, ba cheart go rachaidh an tiománaí faoi oiliúint thréimhsiúil gach cúig bliana.
🡻 2003/59/CE aithris 15 (oiriúnaithe)
(22)Chun a dheimhniú go bhfuil ceann de na CPCanna dá bhforáiltear leis an Treoir seo ag tiománaí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, agus chun aitheantas frithpháirteach a éascú i ndáil le CPCanna éagsúla, ba cheart do na Ballstáit cód comhchuibhithe an ⌦ Aontais ⌫ a leagtar síos chun na críche sin, agus dáta éaga an chóid, a chur ar an gceadúnas tiomána nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí, atá le haithint go frithpháirteach ag na Ballstáit, agus leagtar síos an múnla comhchuibhithe leis an Treoir seo. Leis an gcárta sin ba cheart go gcomhlíonfar na ceanglais slándála chéanna agus a chomhlíontar leis an gceadúnas tiomána, i bhfianaise a thábhachtaí atá na cearta a ghabhann leis maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre agus comhionannas na gcoinníollacha iomaíochta.
🡻 2018/645 aithris 10 (oiriúnaithe)
(23)Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, faisnéis maidir le ⌦ CPCanna ⌫ a mhalartú go leictreonach. Ba cheart dóibh an t‑ardán leictreonach is gá a fhorbairt agus measúnú costais is tairbhe ón gCoimisiún á cur san áireamh, lena n‑áirítear an rogha chun gréasán AE um cheadúnais tiomána arna bhunú faoi Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
a leathnú. Cuirfidh sé seo ar chumas na mBallstát, i measc tairbhí eile, rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis maidir le hoiliúint atá curtha i gcrích, nach bhfuil taifeadta ar cheadúnas tiomána an tiománaí. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí an fheidhmiúlacht seo a fhorbairt a thuilleadh, le rochtain fíor-ama le linn seiceálacha cois bóithre mar chuspóir air.
🡻 2018/645 aithris 11 (oiriúnaithe)
(24)Agus na forbairtí san oiliúint agus san oideachas á gcur san áireamh, agus d’fhonn feabhas a chur ar an méid a chuirtear le sábháilteacht ar bhóithre agus le hábharthacht na hoiliúna do thiománaithe leis an Treoir ⌦ seo ⌫, ba cheart ⌦ déileáil ⌫ le hábhair a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre sna cúrsaí oiliúna, amhail brath guaise, cosaint úsáideoirí leochaileacha bóithre, go háirithe coisithe, rothaithe agus daoine faoi luaineacht theoranta, tiomáint atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, tiomáint i ndálaí adhaimsire agus iompar ualaí neamhghnácha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh baint ag na cúrsaí le córais chliste iompair agus ba cheart go n‑athródh siad bonn ar bhonn chun coimeád cothrom le dáta le forbairtí theicneolaíoch.
🡻 2018/645 aithris 12
(25)Ba cheart go dtabharfaí rogha shoiléir do na Ballstáit cleachtais oiliúna a fheabhsú agus a nuachóiriú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) amhail ríomhfhoghlaim agus foghlaim chumaisc, le haghaidh cuid den oiliúint, agus cáilíocht na hoiliúna á háirithiú acu ag an am céanna. Agus feabhas á chur agus athnuachan á dhéanamh ar chleachtaí oiliúna le húsáid uirlisí TFC, tá sé tábhachtach cur san áireamh an fíoras go n‑éilíonn roinnt ábhair shonracha oiliúint phraiticiúil agus nach féidir aghaidh cheart a thabhairt orthu leis na huirlisí foghlama seo: mar shampla, slabhraí sneachta a fheistiú nó ualaí a dhaingniú, nó gnéithe oiliúna eile ina bhfuil an taobh praiticiúil tábhachtach. D’fhéadfadh tiomáint a bheith i gceist le hoiliúint phraiticiúil ach ní gá gurbh amhlaidh. Ba cheart méid suntasach den oiliúint a éilítear faoin Treoir seo a dhéanamh ag ionad oiliúna formheasta.
🡻 2018/645 aithris 13
(26)Chun comhsheasmhacht idir na foirmeacha difriúla oiliúna a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart gur féidir leis na Ballstáit cineálacha difriúla oiliúna ábhartha a chur le chéile: mar shampla, ba cheart gur féidir leo oiliúint ar iompar earraí contúirteacha, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas agus oiliúint ar iompar ainmhithe a chomhcheangal leis an oiliúint dá bhforáiltear sa Treoir seo.
🡻 2018/645 aithris 14
(27)Chun a chinntiú nach mbeidh cleachtais dhifriúla idir na Ballstáit ina gcúis le bac a chur ar aithint fhrithpháirteach agus le srian a chur leis an gceart atá ag tiománaithe tabhairt faoin oiliúint thréimhsiúil sa Bhallstát ina n‑oibríonn siad, ba cheart ceangal a chur ar údaráis na mBallstát, mura féidir oiliúint a cuireadh i gcrích a mharcáil ar an gceadúnas tiomána, cárta cáilíochta tiománaí, san fhoirm a leagtar síos sna múnlaí caighdeánacha, a eisiúint lena n‑áiritheofar aithint fhrithpháirteach do gach tiománaí a chomhlíonfaidh ceanglais na Treorach seo.
🡻 2018/645 aithris 15
(28)D’fhéadfadh bac a bheith in úsáid na bhfianuithe tiománaithe ag tiománaithe ó thríú tíortha mar fhianaise ar chomhlíonadh na gceanglas oiliúna ar thiománaithe nuair a thugann an tarlóir an fianú ar ais do na húdaráis eisiúna, go háirithe nuair is mian leis na tiománaithe sin dul i mbun fostaíochta i mBállstát eile. Chun cásanna a sheachaint ina mbeadh ar thiománaithe a n‑oiliúint a dhéanamh arís agus iad ag dul i mbun fostaíochta nua, i ndálaí den sórt sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh comhoibriú le chéile agus faisnéis ar cháilíochtaí tiománaithe a mhalartú.
🡻 2018/645 aithris 19
(29)D’fhonn cur le hastaíochtaí gás teasa ceaptha a laghdú agus le cáilíocht aeir a fheabhsú, trí úsáid feithiclí breosla ionadúil, ba cheart go dtabharfaí an fhéidearacht do na Ballstáit, ina gcríoch féin, sealbhóirí ceadúnais tiomána de chatagóir B a cheadú cineálacha áirithe feithiclí breosla ionadúil a thiomáint, ar feithiclí iad a bhfuil a mais údaraithe uasta níos mó ná 3 500 kg ach nach sáraíonn 4 250 kg. Ba cheart don fhéidearacht 3 500 kg a shárú a bheith bunaithe ar an gcoinníoll gur de thoradh na gcóras tiomána ionadúil, agus dá thoradh sin amháin, is ann don mhais bhreise cheadaithe agus ba cheart di a bheith faoi réir srianta agus coinníollacha chun tionchair dhiúltacha ar shábháilteacht ar bhóithre a sheachaint.
🡻 2003/59/CE aithris 17
(30)Ba cheart forálacha deimhnithe speisialta a leagan síos le haghaidh tiománaithe a chumhdaítear leis an Treoir seo ar náisiúnaigh tríú tíortha iad.
🡻 2019/1243 Airt. 1 agus Iarscríbhinn, pointe IX.5 (oiriúnaithe)
(31)Chun ⌦ an Treoir seo ⌫ a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 ⌦ den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ⌫ a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
🡻 2018/645 aithris 20 (oiriúnaithe)
(32)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon caighdeán uile‑Aontais ⌦ a leagan amach ⌫ maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí agus paisinéirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
🡻
(33)Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin,
🡻 2003/59/CE
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
🡻 2018/645 Airt. 1.1
Airteagal 1
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an ngníomhaíocht arb éard í tiomáint mar a dhéanann na daoine seo a leanas:
(a)náisiúnaigh de Bhallstát, agus
(b)náisiúnaigh de thríú tíortha atá fostaithe nó a úsáideann gnóthas arna bhunú i mBallstát
(dá ngairtear “tiománaithe” anseo feasta), ar tiománaithe iad atá i mbun iompair de bhóthar laistigh den Aontas, ar bhóithre atá oscailte don phobal, agus leas á bhaint acu as:
–feithiclí a n‑éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith,
–feithiclí a n‑éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D1, D1 + E, D nó D + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith.
Chun críocha na Treorach seo, léifear na tagairtí do chatagóirí ceadúnas tiomána a bhfuil comhartha (“+”) leo i gcomhréir leis an tábla comhfhreagrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
🡻 2018/645 Airt. 1.2
Airteagal 2
Díolúintí
1. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí:
(a)nach sáraíonn a n‑uasluas údaraithe 45 km/u;
(b)atá in úsáid, nó faoi rialú, ag na fórsaí armtha, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag an tseirbhís dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád, agus seirbhísí otharchairr éigeandála, i gcás ina dtugtar faoin iompar mar thoradh ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin;
(c)atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill;
(d)a n‑éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D nó D1 ina leith agus a thiomáineann pearsanra cothabhála gan phaisinéirí chuig ionad cothabhála atá lonnaithe i limistéar na bunáite cothabhála is cóngaraí atá á húsáid ag an oibreoir iompair nó ón ionad sin, ar choinníoll nach ionann tiomáint na feithicle agus príomhghníomhaíocht an tiománaí;
(e)a úsáidtear i gcásanna éigeandála nó a shanntar do mhisin tarrthála, lena n‑áirítear feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála cabhrach daonnúil;
(f)a úsáidtear le haghaidh teagasc tiomána agus chun tástáil a dhéanamh ar dhuine ar bith ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (CPC) a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), ar choinníoll nach bhfuil siad á n‑úsáid le haghaidh iompar tráchtála earraí agus paisinéirí;
(g)a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála paisinéirí nó earraí;
(h)lena n‑iompraítear ábhar, trealamh nó innealra lena úsáid ag na tiománaithe ina gcuid oibre, ar choinníoll nach í tiomáint na bhfeithiclí príomhghníomhaíocht na dtiománaithe.
Ag féachaint do phointe (f) den mhír seo, ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon duine ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó CPC a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), nuair atá an duine sin ag dul faoi oiliúint bhreise tiomána le linn foghlaim obairbhunaithe, ar choinníoll go bhfuil duine atá deimhnithe ag CPC, nó teagascóir tiomána, in éineacht leis an duine sin, don chatagóir feithicle a úsáidtear chun na críche a leagtar amach sa phointe sin.
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)feidhmíonn na tiománaithe feithiclí i gceantair tuaithe chun gnó an tiománaí féin a sholáthar;
(b)ní thairgeann na tiománaithe seirbhísí iompair;
(c)measann na Ballstáit gur iompar ócáideach atá ann agus nach bhfuil tionchar aige ar shábháilteacht ar bhóithre.
3. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí atá in úsáid, nó atá á bhfáil ar cíos gan tiománaí, ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, iascaireachta nó iascaigh d’fhonn earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin, ach amháin i gcás go bhfuil an tiomáint mar chuid de phríomhghníomhaíocht an tiománaí nó go sáraíonn an tiomáint achar a leagtar síos sa dlí náisiúnta ó bhunáit an ghnóthais a bhfuil an fheithicil faoi úinéireacht aige, á friliú aige nó á léasú aige.
🡻 2003/59/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 3
Cáilíocht agus oiliúint
1. Beidh an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint ⌦ dá dtagraítear ⌫ in Airteagal 1 faoi réir cáilíocht tosaigh éigeantach agus oiliúint thréimhsiúil éigeantach. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)córas cáilíochta tosaigh
Déanfaidh na Ballstáit cinneadh idir an dá rogha seo a leanas:
(i)rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil
I gcomhréir le Roinn 2(2.1) d’Iarscríbhinn I, is éard atá i gceist leis an gcáilíocht tosaigh ná freastal éigeantach ar chúrsa ar feadh tréimhse shonrach. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1)(a);
(ii)rogha nach mbeadh ach tástálacha i gceist leis
I gcomhréir le Roinn 2(2.2) d’Iarscríbhinn I, is éard atá i gceist leis an gcáilíocht tosaigh seo ná tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla amháin, seachas freastal éigeantach ar chúrsa. Tar éis na tástálacha a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1)(b).
Mar sin féin, féadfaidh Ballstát tiománaí a údarú tiomáint ina chríoch sula bhfaighidh sé CPC, le linn dó tabhairt faoi chúrsa gairmoiliúna náisiúnta a mhaireann sé mhí ar a laghad, ar feadh uastréimhse trí bliana. I gcomhthéacs an chúrsa gairmoiliúna seo, is féidir ná tástálacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a chur i gcrích i gcéimeanna;
(b)córas oiliúna tréimhsiúla
I gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, is éard atá i gceist le hoiliúint thréimhsiúil ná freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh sé deimhnithe ag CPC, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(1).
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le cáilíocht tosaigh luathaithe ionas go mbeidh tiománaí in ann tiomáint sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(a)(ii), ⌦ Airteagal 5(2) ⌫(b), Airteagal 5(3)(a)(i) agus ⌦ in Airteagal 5(2) ⌫(b).
I gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn I, is éard a bheidh i gceist leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe ná freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(2).
3. Féadfaidh na Ballstáit tiománaithe a bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
acu a dhíolmhú ó na tástálacha dá dtagraítear i míreanna 1(a)(i) agus (ii) agus i mír 2 maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an tástáil dá bhforáiltear sa Rialachán sin agus, i gcás inarb iomchuí, iad a dhíolmhú ó fhreastal ar an gcuid comhfhreagrach den chúrsa.
Airteagal 4
Cearta faighte
Beidh na tiománaithe seo a leanas díolmhaithe ó na ceanglais maidir leis an gcáilíocht tosaigh a fháil:
(a)tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir D1, D1 + E, D nó D + E ina seilbh acu, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, arna eisiúint tráth nach déanaí ná ⌦ an 10 Meán Fómhair 2008 ⌫;
(b)tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E ina seilbh acu, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, arna eisiúint tráth nach déanaí ná ⌦ an 10 Meán Fómhair 2009 ⌫.
Airteagal 5
Cáilíocht tosaigh
1. Ní bheidh gá ceadúnas tiomána comhfhreagrach a bheith ag tiománaí roimh ré chun an cháilíocht tosaigh a fháil.
2. Is féidir le tiománaithe feithiclí a bheartaítear a úsáid i gcomhair iompar earraí:
(a)tiomáint ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh:
(i)feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C agus C + E a thiomáint, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu;
(ii)feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C1 agus C1 + E a thiomáint, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu;
(b)feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána C agus C + E a thiomáint ó 21 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.
3. Is féidir le tiománaithe feithiclí a bheartaítear a úsáid i gcomhair iompar paisinéirí:
(a)tiomáint ó 21 bliain d’aois ar aghaidh:
(i)feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E a thiomáint chun paisinéirí a iompar ar sheirbhísí rialta i gcás nach mbeidh turas níos faide ná 50 ciliméadar i gceist nó feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána D1 agus D1 + E, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.
Féadfaidh Ballstát ar bith tiománaithe feithiclí sna catagóirí ⌦ sin ⌫ a údarú na feithiclí sin a thiomáint ina chríoch ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu;
(ii)feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E a thiomáint, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu.
Féadfaidh Ballstát ar bith tiománaithe feithiclí sna catagóirí ⌦ sin ⌫ a údarú na feithiclí sin a thiomáint ina chríoch ó 20 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu. Féadfar seo a ísliú go dtí 18 mbliana d’aois i gcás nach mbeidh paisinéirí á n‑iompar ag an tiománaí;
(b)feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E a thiomáint, ó 23 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go mbeadh CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.
4. Gan dochar do na teorainneacha aoise a shonraítear i mír 2, na tiománaithe a bhfuil earraí á n‑iompar acu agus a bhfuil CPC acu mar a fhoráiltear in Airteagal 6 le haghaidh ceann amháin de na catagóirí dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, beidh siad díolmhaithe ó CPC a fháil d’aon chatagóir eile feithiclí dá dtagraítear sa mhír sin.
Beidh feidhm ag na forálacha sin de réir na gcoinníollacha céanna maidir le tiománaithe a bhfuil paisinéirí á n‑iompar acu sna catagóirí dá dtagraítear i mír 3.
5. Na tiománaithe sin a bhfuil earraí á n‑iompar acu agus a leathnaíonn nó a athraíonn a ngníomhaíochtaí chun paisinéirí a iompar, nó vice versa, agus a bhfuil CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6 acu, ní bheidh orthu ach na codanna a bhaineann go sonrach leis an gcáilíocht nua a dhéanamh, seachas na codanna comhchoiteanna den tástáil a dhéanamh arís.
Airteagal 6
An cháilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC
1. Cáilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC
(a)CPC arna dhámhachtain ar bhonn freastal ar chúrsa agus tástáil
I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(i), cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna arna fhormheas ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, (‘ionad oiliúna formheasta’). Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I. Tiocfaidh deireadh leis an oiliúint ⌦ sin ⌫ nuair a chuirfear an tástáil dá bhforáiltear i roinn 2(2.1) d’Iarscríbhinn I i gcrích go rathúil. Eagróidh údaráis inniúla na mBallstáit nó an t‑eintiteas arna ainmniú acu an tástáil sin agus seiceálfaidh siad go mbeidh an leibhéal eolais a éilítear de réir Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
(b)CPC arna dhámhachtain ar bhonn tástálacha
I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(ii), cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint pas a fháil sna tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla dá dtagraítear i Roinn 2(2.2) d’Iarscríbhinn I. Eagróidh údaráis inniúla na mBallstáit nó an t‑eintiteas arna ainmniú acu an tástáil sin agus seiceálfaidh siad go mbeidh an leibhéal eolais a éilítear de réir Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
2. Cáilíocht tosaigh luathaithe á deimhniú ag CPC
I gcomhréir le hAirteagal 3(2), cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna formheasta. Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.
Cuirfear an oiliúint sin i gcrích leis an tástáil dá bhforáiltear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I. Eagróidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t‑eintiteas arna ainmniú acu an tástáil sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh an leibhéal eolais a éilítear le Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, maidir leis na hábhair thuasluaite, ag an tiománaí faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.
🡻 2018/645 Airt. 1.3
Airteagal 7
Oiliúint thréimhsiúil
Cuimseoidh oiliúint thréimhsiúil oiliúint lena gcuirfear ar chumas daoine ag a bhfuil CPC an t‑eolas atá bunriachtanach dá gcuid oibre a choinneáil cothrom le dáta, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus ar an laghdú ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an tiomáint.
Eagróidh ionad oiliúna formheasta an oiliúint sin, i gcomhréir le Roinn 5 d’Iarscríbhinn I. Cuimseoidh an oiliúint teagasc i seomra ranga, oiliúint phraiticiúil, agus oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), má tá fáil orthu, nó as ionsamhlóirí den chéad scoth. Má bhogann an tiománaí chuig gnóthas eile, ní mór an oiliúint thréimhsiúil atá déanta cheana a chur san áireamh.
Déanfar oiliúint thréimhsiúil a dhearadh chun roinnt de na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Cuimseofar raon leathan ábhar inti agus beidh ábhar amháin ar a laghad a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gcónaí mar chuid di. Cuirfear san áireamh sna hábhair oiliúna forbairtí sa reachtaíocht ábhartha agus sa teicneolaíocht ábhartha, agus cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí.
🡻 2003/59/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 8
Oiliúint thréimhsiúil á deimhniú ag CPC
1. Nuair a bheidh an oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 7 curtha i gcrích ag tiománaí eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t‑ionad oiliúna formheasta CPC lena ndeimhnítear oiliúint thréimhsiúil.
2. Rachaidh sealbhóirí CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6 faoin gcéad chúrsa den oiliúint thréimhsiúil laistigh de chúig bliana ó eisíodh an CPC sin.
Féadfaidh na Ballstáit an tréimhse ama dá dtagraítear ⌦ sa chéad fhomhír ⌫ a laghdú nó a shíneadh, inter alia, ionas go mbeidh ⌦ an tréimhse sin ⌫ ar aon tráth le dáta éaga an cheadúnais tiomána. Ní fhéidir leis an tréimhse seo a bheith níos giorra ná trí bliana nó níos faide ná seacht mbliana, áfach.
3. Tiománaí a bhfuil an chéad chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear i mír 2 curtha i gcrích aige, rachaidh sé faoi oiliúint thréimhsiúil gach cúig bliana, roimh dheireadh thréimhse bhailíochta an CPC lena ndeimhnítear ⌦ an ⌫ oiliúint thréimhsiúil.
4. Rachaidh sealbhóirí CPC dá dtagraítear in Airteagal 6 nó CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 nach bhfuil ag gabháil a thuilleadh chun an gairm a shaothrú agus nach gcomhlíonann ceanglais mhíreanna 1, 2 agus 3 ⌦ den Airteagal seo ⌫, rachaidh siad faoi chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil sula dtosaíonn siad arís ar an ngairm a shaothrú.
5. Na tiománaithe sin a bhfuil earraí nó paisinéirí á n‑iompar acu ar bhóithre agus a bhfuil cúrsaí d’oiliúint thréimhsiúil le haghaidh ceann amháin de na catagóirí ceadúnais tiomána dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3) curtha i gcrích acu, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid tabhairt faoi tuilleadh oiliúint thréimhsiúil sna gcatagóirí eile dá bhforáiltear sna míreanna sin.
Airteagal 9
Ionad oiliúna
🡻 2018/645 Airt. 1.4
Gnóthóidh tiománaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 den Treoir seo an cháilíocht tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir seo sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Threoir 2006/126/CE.
🡻 2003/59/CE (oiriúnaithe)
Gheobhaidh na tiománaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 an cháilíocht ⌦ tosaigh ⌫ sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe nó sa Bhallstát a d’eisigh cead oibre dóibh.
Rachaidh na tiománaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 1 faoi oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 7 sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu nó sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.
🡻 2018/645 Airt. 1.5 (oiriúnaithe)
Airteagal 10
Cód an Aontais
1. Ar bhonn an CPC cáilíocht tosaigh a dheimhniú agus ar bhonn an CPC oiliúint thréimhsiúil a dheimhniú, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, agus forálacha Airteagal 5(2) agus (3) agus Airteagail 8 den Treoir seo á gcur san áireamh acu, cód comhchuibhithe Aontais, ‘95’, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a shonrú, i dteannta na gcatagóirí comhfhreagracha ceadúnais:
–ar an gceadúnas tiománaí, nó
–ar an gcárta cáilíochta tiománaí arna dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.
Mura féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuarthas an CPC an cód Aontais a shonrú ar an gceadúnas tiomána, déanfaidh siad cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint chuig an tiománaí.
Déanfar an cárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag Ballstát a aithint go frithpháirteach. Nuair a eiseofar an cárta ⌦ cáilíochta tiománaí ⌫, seiceálfaidh na húdaráis inniúla bailíocht an cheadúnais tiomána le haghaidh chatagóir na feithicle lena mbaineann.
2. Tabharfar cead, freisin, do thiománaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 ⌦ den Treoir seo ⌫ a thiomáineann feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar de bhóthar a chruthú go bhfuil an cháilíocht agus an oiliúint aige nó aici dá bhforáiltear sa Treoir seo trí bhíthin an fhianaithe tiománaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar choinníoll go bhfuil cód an Aontais, ‘95’, air. Chun críocha na Treorach seo, déanfaidh an Ballstát eisiúna cód an Aontais, ‘95’, a shonrú i Roinn nótaí an fhianaithe más rud é gur chomhlíon an tiománaí lena mbaineann na ceanglais cháilíochta agus na ceanglais oiliúna dá bhforáiltear sa Treoir seo.
3. Glacfar le fianuithe tiománaí nach bhfuil cód an Aontais, ‘95’, orthu agus a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020 i gcomhréir le hAirteagal 5, agus go háirithe le mír 7, de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, d’fhonn comhlíonadh na riachtanas oiliúna faoin Treoir seo a dheimhniú, glacfar leis sin mar chruthúnas ar cháilíocht go dtí a ndáta éaga.
🡻 2018/645 Airt. 1.6
Airteagal 11
Líonra forfheidhmithe
1. Déanfaidh Ballstáit, chun críocha forfheidhmithe, faisnéis a mhalartú ar CPCanna a eisíodh nó a aistarraingíodh. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gCoimisiún, líonra leictreonach a fhorbairt nó obair a dhéanamh ar shíneadh líonra atá ann cheana, ag cur san áireamh measúnú ón gCoimisiún ar an rogha is costéifeachtaí.
2. D’fhéadfaí faisnéis atá sna CPCanna a bheith sa líonra mar aon le faisnéis a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le CPCanna.
3. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Treoir seo agus chun na críche sin amháin, go háirithe na riachtanais oiliúna a leagtar síos sa Treoir seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
4. Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Féadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh a rialú.
🡻 2019/1243 Airt. 1 agus Iarscríbhinn, pointe IX (5)
Airteagal 12
Oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil
Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I agus II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
Airteagal 13
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
🡻 2003/59/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 14
Aisghairm
Aisghairtear Treoir ⌦ 2003/59/CE ⌫, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IV, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.
🡻
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.
🡻 2003/59/CE (oiriúnaithe)
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ⌦ an 24 Bealtaine 2021 ⌫.
Airteagal 16
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán