Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0798

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020

    COM/2020/798 final

    An Bhruiséil,10.12.2020

    COM(2020) 798 final

    2020/0353(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    {SEC(2020) 420 final} - {SWD(2020) 334 final} - {SWD(2020) 335 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Is riachtanas straitéiseach é ceallraí a fhorbairt agus a tháirgeadh san Eoraip i gcomhthéacs an aistrithe i dtreo fuinneamh glan. Is cuid lárnach d’earnáil ghluaisteáin na hEorpa an fhorbairt agus an táirgeacht sin freisin. Is é an t‑iompar is cúis le thart ar aon cheathrú d’astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach agus is é is cionsiocair le truailliú aeir sna cathracha.

    Dá mhéad gluaisteán leictreach atá in úsáid is ea is lú astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí díobhálacha eile a bheidh ann de bharr iompar ar bóthar. Meastar go mbeidh méadú mór ar leictriú gluaisteáin paisinéirí, veaineanna, busanna – agus, ar bhonn níos lú, trucail ardáin – san Aontas Eorpach idir 2020 agus 2030. Tá sé sin á thiomáint go príomha le reachtaíocht ón Aontas lena leagtar amach caighdeáin astaíochta CO2 le haghaidh monaróirí feithiclí, agus ina theannta sin le reachtaíocht ón Aontas lena leagtar amach spriocanna íosta na mBallstát le haghaidh soláthar poiblí feithiclí glana 1 . Seirbhísí baile, seirbhísí ar nós stóráil fuinnimh nó téimh, cuir i gcás, déanfar iad sin a leictriú ina dhiaidh, rud eile a bheidh ina chúnamh ó thaobh na hastaíochtaí lena mbaineann a laghdú.

    De réir meastacháin ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda, is gá an táirgeacht dhomhanda ceallraí a mhéadú faoi fhachtóir 19 ionas go gcuirfear luas leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin 2 .

    Is é is cuspóir leis an tionscnamh seo creat reachtach AE do cheallraí a nuachóiriú. Is cuid lárnach é den Chomhaontú Glas don Eoraip 3 , straitéis nua fáis AE a bhfuil sé d’aidhm aige an tAontas a iompú ina gheilleagar iomaíoch comhaimseartha a bheidh tíosach ar acmhainní: (i) geilleagar nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050; (ii) geilleagar ina scarfar fás eacnamaíoch ó úsáid acmhainní; agus (iii) geilleagar nach bhfágfar aon duine ná ionad ar chúl ann. Cuireann sé le gealltanais agus tuarascálacha a ghlac an Coimisiún Eorpach, lena n‑áirítear an plean gníomhaíochta straitéiseach do cheallraí 4 , an plean gníomhaíochta nua do gheilleagar ciorclach 5 , an straitéis nua tionsclaíoch don Eoraip 6  agus an straitéis le haghaidh soghluaisteacht chliste inbhuanaithe 7 , arb é is aidhm léi laghdú 90 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le cúrsaí iompair a bhaint amach faoi 2050.

    Anuas ar obair an Choimisiúin, tá ráite ag an gComhairle agus ag an bParlaimint gur cheart dul i mbun gnímh chun tacú leis an aistriú chuig leictrea-shoghluaisteacht, stóráil fuinnimh a bheadh neodrach ó thaobh carbóin de agus luachshlabhra ceallraí inbhuanaithe. Tá fógartha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta freisin go bhfuil sé ag súil lena mhaoiniú chun tacú le tionscadail a bhaineann le ceallraí a mhéadú go dtí níos mó ná EUR 1 bhilliún in 2020 8 .

    Leis an tionscnamh, tugtar aghaidh ar thrí ghrúpa fadhbanna fíor-idirnasctha a bhaineann le ceallraí.

    ·Baineann an chéad ghrúpa leis an easpa creatdálaí lena gcuirtear dreasachtaí ar fáil chun infheistiú in acmhainneacht táirgeachta le haghaidh ceallraí inbhuanaithe. Baineann na fadhbanna seo le feidhmiú neamhéifeachtúil an mhargaidh aonair agus easpa cothrom iomaíochta 9  de dheasca creataí rialála eisréimneacha laistigh den mhargadh inmheánach. I measc na gcúiseanna atá taobh thiar de sin, tá cur chun feidhme míchothrom na Treorach maidir le Ceallraí agus an easpa faisnéise iontaofa inchomparáide ar fud an Aontais.

    ·Baineann an dara grúpa fadhbanna le feidhmiú fo-optamach na margaí athchúrsála agus córais lúbiata gan bheith iata a dhóthain, rud a chuireann teorainn leis an méid is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun na rioscaí a bhaineann le soláthar amhábhar a mhaolú. Tá roinnt easnamh sa chóras rialála reatha. Áirítear ar na heasnaimh sin easpa rialacha gan iad a bheith soiléir ná comhchuibhithe go leordhóthanach, agus forálacha sa Treoir maidir le Ceallraí nach dtugann forbairtí teicneolaíocha agus margaidh deireanacha san áireamh. Laghdaítear, de dheasca na n‑easnamh sin, an brabús a ghabhann le gníomhaíochtaí athchúrsála agus laghdaítear infheistíocht i dteicneolaíochtaí nua agus in acmhainní breise chun na ceallraí a bheidh ann sa todhchaí a athchúrsáil.

    ·Baineann an tríú grúpa fadhbanna leis na rioscaí sóisialta agus comhshaoil nach gcumhdaítear le dlí comhshaoil an Aontais i láthair na huaire. Áirítear ar na fadhbanna sin: (i) easpa trédhearcachta maidir le hamhábhair a fhoinsiú; (ii) substaintí guaiseacha; agus (iii) an fhéidearthacht nach bhfuil leas bainte as fós an tionchar a bhíonn ag saolré ceallraí ar an gcomhshaol a fhritháireamh.

    Clistí margaidh agus clistí faisnéise is cúis leis na saincheisteanna seo. Baineann an dá chliseadh sin le feidhmiú an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, is measa fós an scéal é nuair a chuirtear an tríú fadhb san áireamh, is é sin castacht luachshlabhraí ceallraí.

    Tá trí ní ag gabháil le cuspóirí an togra: 1) feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú (lena n‑áirítear táirgí, próisis, ceallraí dramhaíola agus ábhair athchúrsáilte), trína chinntiú go mbeidh cothroime iomaíochta ann trí thacar rialacha comhchoiteanna; 2) geilleagar ciorclach a chur chun cinn; agus 3) na tionchair chomhshaoil agus shóisialta a laghdú i gcaitheamh na gcéimeanna uile de shaolré ceallraí. Tá na trí chuspóir sin idirnasctha go daingean.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Ní chumhdaítear leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair ach ceallraí a bhfuil a ré caite tríd an Treoir maidir le Ceallraí. Níl aon fhorálacha dlíthiúla san Aontas Eorpach i láthair na huaire lena gcumhdaítear gnéithe eile a bhaineann le céimeanna táirgeachta agus úsáide ceallraí, ar nós feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanachta, astaíochtaí gás ceaptha teasa nó foinsiú freagrach.

    I gcomhréir leis an bprionsabal ‘ceann-isteach-ceann-amach’ 10 , ba cheart go gcuirfí an Rialachán beartaithe in ionad na Treorach maidir le Ceallraí.

    Tá an togra i gcomhréir go huile is go hiomlán le reachtaíocht reatha AE maidir leis an gcomhshaol agus dramhaíl. Comhlánaítear an reachtaíocht seo leis, lena n‑áirítear: Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite 11 ; Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl 12 ; Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) 13 ; Treoir 2011/65/AE maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach 14 ; Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) 15 ; agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán (REACH) 16 .

    Leis an togra seo tugtar ceanglais fhorchéimnitheacha isteach de réir a chéile chun an lorg carbóin a íoslaghdú thar shaolré na gceallraí. Sa chomhthéacs sin, tiocfaidh cur chun cinn ghiniúint in-athnuaite an fhuinnimh go hindíreach as iarrachtaí chun an lorg carbóin sa phróiseas monaraíochta a laghdú.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra comhsheasmhach le hoibleagáidí idirnáisiúnta AE i réimse an bheartais trádála, go háirithe mar go gcinntítear leis nach ndéantar idirdhealú idir táirgí a tháirgtear san Aontas agus táirgí a allmhairítear.

    Tagann an togra go hiomlán le prionsabal na nuálaíochta agus leis na gníomhaíochtaí gaolmhara cumasúcháin faoi chistiú taighde agus nuálaíochta AE faoi Fhís 2020.

    Tá sé mar aidhm ag an togra freisin oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe simplí sruthlínithe a áirithiú agus leis sin, teorainn a chur le hualach riaracháin na mBallstát, i gcomhréir le cur chuige an Aontais maidir le reachtaíocht níos fearr 17  agus leis an tseiceáil oiriúnachta maidir le tuairisciú agus faireachán 18 .

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), airteagal nach mór a úsáid i gcás bearta a bhfuil sé d’aidhm acu feidhmiú an mhargaidh aonair a bhunú nó a chinntiú. bunaíodh an Treoir maidir le Ceallraí 2006/66/CE ar Airteagal 175 de CCE (Airteagal 191 de CFAE anois) agus ar Airteagal 95 de CCE (Airteagal 114 de CFAE anois) le haghaidh na bhforálacha a bhaineann le táirgí a sainaithníodh.

    Tugtar aghaidh leis an togra seo ar roinnt príomhfhadhbanna a bhaineann leis an margadh aonair. Áirítear orthu sin: (i) éagothrom iomaíochta le haghaidh ceallraí a chuirtear ar an margadh ós rud é go mbíonn na rialacha is infheidhme faoi réir léirmhínithe; (ii) bacainní ar fheidhmiú margaí athchúrsála; (iii) cur chun feidhme míchothrom na Treorach maidir le Ceallraí; (iv) an gá práinneach atá le hinfheistíocht ar mhórscála chun freagairt don mhargadh athraitheach; (v) an gá atá le barainneacht scála; agus (vi) an gá atá ann le creat rialála socair atá comhchuibhithe go hiomlán.

    San am céanna, tá líon áirithe fadhbanna comhshaoil ann freisin a bhaineann le táirgeacht, úsáid agus bainistiú ceallraí a bhfuil a ré caite. Na fadhbanna comhshaoil nach gcumhdaítear go díreach le acquis comhshaoil AE agus a bhfuil gá le hidirghabháil rialála ina leith dá bharr, is féidir na fadhbanna sin go léir a nascadh le feidhmiú an mhargaidh aonair. Sampla amháin de sin is ea an drochthionchar a bhíonn ag substaintí guaiseacha ar an gcomhshaol, substaintí a fhaightear i gceallraí agus a dhéanann dochar nuair nach ndéantar ceallraí a dhiúscairt i gceart, fadhb is féidir a leigheas má bhailítear agus má athchúrsáiltear ceallraí go cuí. Ar cheann de na cúiseanna go bhfuil na leibhéil bhailithe chomh híseal sin tá an costas nach beag ar chórais bhailithe a bhunú agus níl an margadh aonair ag cur an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ chun feidhme ar bhealach leordhóthanach comhchuibhithe. Tá fadhb freisin le leibhéil fho-optamacha bhailithe ó thaobh brabús gnó de. Tá sin amhlaidh mar go mbíonn an-chuid caipitil ag teastáil le haghaidh teicneolaíochtaí athchúrsála agus, dá bhrí sin, is gá go mbeadh barainneacht scála shuntasach ann, rud nach bhfuil ar fáil i roinnt cásanna ach lasmuigh de mhargaí náisiúnta an Aontais. Fadhb eile is ea gan bheith in ann an tionchar comhshaoil iomlán a bhíonn ag ceallraí a laghdú trí chiorclaíocht an luachshlabhra ceallraí a mhéadú. Arís, is cliseadh sa mhargadh is cionsiocair leis sin go príomha. Níl aon ailíniú ar dhreasachtaí (ná ar fhaisnéis) idir gníomhaithe difriúla ar fud an luachshlabhra. Ina theannta sin; i gcás an mhargaidh le haghaidh ceallraí dara saol feithiclí leictreacha, níl aon chinnteacht dhlíthiúil ann maidir le stádas dramhaíola ceallraí caite ná faisnéis leordhóthanach chun feidhmíocht na gceallraí a thuar.

    Is é is cuspóir don togra, mar sin, rialacha comhchoiteanna do ghníomhaithe eacnamaíocha sa mhargadh aonair a áirithiú agus chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint. De bharr na mbeart, beidh tuilleadh comhchuibhithe ar na nithe seo a leanas: (i) ceanglais maidir le táirgí do cheallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais; agus (ii) an leibhéal seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthraíonn gnólachtaí. Leagfar síos ceanglais leis an togra freisin lena gcinnteofar margadh dea-fheidhmitheach d’amhábhar tánaisteach agus, maidir leis an tionchar a bhíonn ag táirgeacht agus úsáid ceallraí (chomh maith lena gcóireáil, lena n‑áirítear a n‑athchúrsáil, ag deireadh ré ceallra), an tionchar sin ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú san am céanna. Leis sin, cuirfear tionscal ciorclach ceallraí chun cinn ar fud na hEorpa agus seachnófar bloghadh ó chuir chuige náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith difriúil.

    Is saincheisteanna trasearnálacha a théann i bhfeidhm ar roinnt mhaith réimsí beartais iad seo: déanamh agus úsáid ceallraí, an luachshlabhra faoina mbonn agus déileáil le ceallraí a bhfuil a ré caite. Dá bhrí sin, anuas ar chuspóirí an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach leis an togra seo, cuirfear freisin le cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol, le cúrsaí iompair, le gníomhaíocht ar son na haeráide, le fuinneamh agus le trádáil idirnáisiúnta. Léirítear san anailís ar na bearta atá beartaithe gur mó an tionchar a bheidh ag cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh, den chuid is mó, agus go mbeidh an tairbhe chomhshaoil comhlántach. Dá bhrí sin, is iomchuí Airteagal 114 den CFAE a úsáid mar bhunús dlí agus é sin amháin.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Is léir go bhfuil luach breise ag baint le comhcheanglais a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena gcumhdaítear saolré ceallraí ó thús deireadh. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh monaróirí, allmhaireoirí agus oibreoirí eacnamaíocha i gcoitinne faoi réir ceanglais chomhchuibhithe nach mór iad a chomhlíonadh sna cásanna a leanas; (i) nuair a chuirtear ceallra ar mhargadh an Aontais agus (ii) faisnéis a sholáthar do chustaiméirí ar fud an mhargaidh aonair. Ní mór d’athchúrsálaithe a bheith in ann oibriú freisin i gcomhréir le ceanglais aonfhoirmeacha a mbeidh feidhm acu ar an mbealach céanna maidir leis na gnólachtaí athchúrsála ar fad ar fud an Aontais. Mura mbeadh idirghabháil ann chun rialacha comhchuibhithe a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, bheadh idirghabháil ann ar an leibhéal náisiúnta, rud a fhágfadh go mbeadh difríocht idir na ceanglais ar na hoibreoirí eacnamaíocha.

    Tá an-chuid caipitil ag teastáil chun luachshlabhra ceallraí inbhuanaithe a fhorbairt agus bheadh barainneacht scála ag teastáil chun a leithéid a dhéanamh, rud nach féidir le geilleagair náisiúnta a sholáthar. Chun é sin a bhaint amach, beidh gá le margadh aonair dea-fheidhmitheach comhchuibhithe ar fud na mBallstát uile, áit a mbeidh oibreoirí eacnamaíocha an luachshlabhra ceallraí faoi réir na rialacha céanna.

    Ina theannta sin, tá sé riachtanach rialacha comhchoiteanna a shocrú chun an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach a dhéanamh, rud a chuirfidh le cothú samhlacha gnó, táirgí agus ábhar Eorpach a bheidh nuálach agus inbhuanaithe. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a shocrú leo féin: de bharr mhórscála na gníomhaíochta atá ag teastáil, is fearr is féidir é a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá bonn cirt le gníomhaíocht aonfhoirmeach AE agus tá gá leis.

    Comhréireacht

    Ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun an deimhneacht rialaitheach is gá a sholáthar chun infheistíocht ar mhórscála sa gheilleagar ciorclach a spreagadh agus, san am céanna, chun ardleibhéal cosanta ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a chinntiú.

    Ar an iomlán, is é atá sa rogha beartais atá beartaithe athrú de réir a chéile i gcomparáid leis an gcreat rialála agus institiúideach atá ann faoi láthair (i.e. an Treoir maidir Ceallraí atá i bhfeidhm faoi láthair). Maidir leis na céimeanna níos luaithe sa luachshlabhra nach bhfuil aon reachtaíocht AE lena n‑aghaidh faoi láthair, is le leibhéal na faisnéise agus na mbuncheanglas a bhaineann na hathruithe atá beartaithe, den chuid is mó, do cheallraí atá le cur ar mhargadh an Aontais.

    I gcás cuid de na roghanna beartais atá beartaithe, fuarthas amach sa mheasúnú tionchair gurbh fearr a dhéanfaí prionsabal na comhréireachta a urramú dá nglacfaí cur chuige céimnithe. Dá bhrí sin, tá méadú de réir a chéile ar uaillmhianta agus ceanglais i líon réimsí san áireamh sa togra. Tá sin amhlaidh, mar shampla, i ndáil le foráil a dhéanamh maidir le ceanglais feidhmíochta agus mharthanachta do cheallraí. Áirítear san fhoráil sin oibleagáidí faisnéise mar chéad chéim; ní éileofar san fhoráil sin go socrófaí teorainnluachanna ábhartha go dtí go mbeidh tuilleadh faisnéise ar fáil.

    Rogha ionstraime

    Léiríodh i meastóireacht na Treorach maidir le Ceallraí agus san anailís a rinneadh roimh an measúnú tionchair gur fearr a bhaintear comhchuibhiú amach trí bhíthin Rialacháin, agus ní trí bhíthin Treorach, faoi mar a rinneadh cheana nuair a bhí cur chuige níos teoranta ann. Mar thoradh ar bhearta náisiúnta difriúla maidir le bailiú dramhaíola agus aisghabháil dramhaíola tá creat rialála doiléir ann d’oibreoirí agus do tháirgeoirí eacnamaíocha. Na bacainní atá ann faoi láthair i bhfoirm creataí rialála náisiúnta atá difriúil le chéile, ní féidir fáil réidh leo ach amháin trí rialacha níos mionsonraithe agus comhchuibhithe maidir le heagrú próisis bhailithe agus aisghabhála agus na freagrachtaí lena mbaineann a chur ina n‑ionad. Ba cheart rialacha is infheidhme go díreach ar ghnólachtaí a bheith san áireamh sna rialacha mionsonraithe agus comhchuibhithe sin.

    Socrófar le Rialachán ceanglais dhíreacha ar gach oibreoir, rud lena soláthrófar an deimhneacht dhlíthiúil is gá agus an deis margadh atá comhtháite go hiomlán a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais. Cinntítear le Rialachán freisin go gcuirtear oibleagáidí chun feidhme san am céanna agus ar an mbealach céanna sna 27 mBallstát go léir.

    Leagfar amach roinnt sainorduithe don Choimisiún san ionstraim freisin le bearta cuir chun feidhme a fhorbairt. Leis na bearta cuir chun feidhme sin, ceadófar don Choimisiún an Rialachán a fhorbairt tuilleadh más gá, rud a fhágfaidh gur tráthúla mar a shocrófar rialacha comhchoiteanna. Laghdófar leis an Rialachán freisin éiginnteachtaí faoi amlínte i rith an phróisis trasuí, éiginnteachtaí a bhaineann de ghnáth le Treoir i réimse ina bhfuil am agus deimhneacht dhlíthiúil an-tábhachtach de bharr méaduithe tuartha ar mhéid an mhargaidh agus athruithe i ndinimicí an mhargaidh ar bhonn níos ginearálta.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    I mí Aibreáin 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir maidir le Ceallraí 19 , i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr agus sonraíochtaí Airteagal 23 den Treoir maidir le Ceallraí á gcur san áireamh. Tá achoimre de phríomhthátail na meastóireachta in Iarscríbhinn 6 den mheasúnú tionchair agus tá siad le feiceáil arís san anailís (go háirithe sa roinn maidir le fadhbanna).

    Áirítear sa togra beartais seo bearta lena dtugtar aghaidh ar réimsí arna sainaithint i meastóireacht na Treorach maidir le Ceallraí i gcás ina mbíonn torthaí ilroinnte sa mhargadh aonair ann de dheasca easpa comhchuibhithe nó forálacha nach bhfuil mionsonraithe go leordhóthanach. Cuireann na forálacha sin isteach ar chothrom iomaíochta ós rud é nach dtugtar soiléireacht ná cost-éifeachtúlacht (e.g. eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí). Tá roinnt beart sa togra freisin lena gcinnteofar go bhfuil an timpeallacht rialála cothrom le dáta agus oiriúnach dá feidhm chun déileáil le teicneolaíochtaí nua, ar nós ceallraí feithiclí leictreacha, rothair leictreacha agus scútair leictreacha, nó an fhéidearthacht a bhaineann leis an dara húsáid a bhaint as ceallraí tionsclaíocha.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr, reáchtáladh roinnt gníomhaíochtaí comhairliúcháin. Tugtar tuairisc achomair ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin faoi na pointí urchair thíos.

    ·Mar chuid de thionscnamh rialála maidir le ceanglais inbhuaine do cheallraí a ullmhú, d’eagraigh AS GROW an chéad bhabhta comhairliúcháin idir Meitheamh agus Samhain 2019. Comhairliúchán poiblí oscailte a bhí ann, dá bhfuarthas 180 aighneacht, agus trí chruinniú phoiblí do pháirtithe leasmhara ar thorthaí dhá staidéar indéantachta.

    ·Tar éis cinneadh polaitiúil go gcuirfí ionstraim dlí amháin in ionad na Treorach maidir le Ceallraí agus go mbeadh na ceanglais inbhuaine do cheallraí in-athluchtaithe, ar a raibh AS GROW ag obair ó bhí lár -2018 ann mar chuid di, rinneadh an dara babhta gníomhaíochtaí comhairliúcháin idir Feabhra agus Bealtaine 2020. Is éard a bhí i gceist leis an dara babhta ná:

    agallaimh spriocdhírithe le hionadaithe ón luachshlabhra ceallraí, tomhaltóirí agus comhlachais chomhshaoil;

    suirbhé ar ghnólachtaí (monaróirí, bainisteoirí dramhaíola agus athchúrsálaithe);

    suirbhé ar ionadaithe ó thionscadail taighde agus nuálaíochta (a maoiníodh faoi na cláir Fís 2020 agus LIFE);

    cruinnithe earnálacha leis na páirtithe leasmhara;

    cruinniú le Grúpa Saineolaithe na mBallstát.

    ·Foilsíodh an measúnú ar thionchar tionscanta maidir leis an rialachán atá beartaithe an 28 Bealtaine 2020 agus dúnadh an tréimhse chun aiseolas a chur isteach an 9 Iúil 2020. Fuarthas 103 freagra ar an iomlán, an chuid is mó díobh sin ag tacú le tuairimí a nocht na páirtithe leasmhara ní ba luaithe sa phróiseas (le linn na gcomhairliúchán spriocdhírithe leis na páirtithe leasmhara, mar shampla).

    Ar an iomlán, léiríodh ag na gníomhaíochtaí comhairliúcháin go bhfuil tuiscint ghinearálta ann i measc an phobail gur gá tionscnamh rialaitheach a thabhairt isteach lena gcumhdófar an luachshlabhra ceallraí ina iomláine ar bhealach comhtháite. D’aithin na páirtithe leasmhara a ghlac páirt sna comhairliúcháin phoiblí ar bhonn ginearálta go bhfuil údar maith le creat rialála nua a chruthú do cheallraí de bharr athruithe teicneolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta. D’aontaigh na páirtithe leasmhara freisin gur cheart comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana féin agus gur cheart creat AE a bheith ann lena gcumhdófaí saolré iomlán ceallraí. Dhearbhaigh siad gur cheart go mbeadh rialacha comhchoiteanna agus rialacha inbhuaine níos déine do cheallraí, comhpháirteanna, ceallraí dramhaíola agus ceallraí athchúrsáilte sa chreat sin, chun rialacha soiléire comhchoiteanna a bhunú chun feidhmiú an mhargaidh aonair a chinntiú san Aontas Eorpach.

    Is iad seo a leanas na príomhriachtanais a chuir na hionadaithe ón tionscal in iúl: (i) creat rialála socair lena n‑áirithítear deimhneacht ó thaobh na hinfheistíochta de; (ii) cothrom iomaíochta lena gcumasaítear táirgeadh inbhuanaithe ceallraí; agus (iii) feidhmiú éifeachtach margaí athchúrsála chun méid an amhábhair thánaistigh d’ardcháilíocht atá ar fáil a mhéadú. Ba iad na nithe ba mhó ba chás leis na hionadaithe ón tsochaí shibhialta an gá le foinsiú inbhuanaithe agus prionsabal an gheilleagair chiorclaigh a chur i bhfeidhm ar an luachshlabhra ceallraí.

    Tá na conclúidí mionsonraithe ó na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara san áireamh in Iarscríbhinní 2 agus 9 den mheasúnú tionchair.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Chun tacú leis an anailís ar na roghanna difriúla, bhronn an Coimisiún roinnt conarthaí tacaíochta ar shaineolaithe seachtracha, lena n‑áirítear:

    ·staidéar chun measúnú a dhéanamh ar indéantacht na mbeart arb é is aidhm leo dul i ngleic le heasnaimh i gcreat an Aontais maidir le ceallraí atá i bhfeidhm faoi láthair;

    ·staidéar ar thopaicí sonracha (an dara húsáid, srianta, scéimeanna éarlaise agus aisíoca, etc.);

    ·staidéar ullmhúcháin ar éicidhearthóireacht agus lipéadú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i dtaobh ceallraí leictriceimiceacha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu;

    ·staidéar leantach ar indéantacht ceallraí inbhuanaithe;

    ·measúnú tionchair ar éicidhearthóireacht agus lipéadú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh i dtaobh ceallraí leictriceimiceacha a bhfuil stóras inmheánach acu.

    D’oibrigh na saineolaithe sin i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún i rith chéimeanna difriúla an staidéir.

    Chomh maith leis na staidéir thacaíochta sin, aithníodh go raibh saineolas breise ar fáil trí thaighde litríochta agus trí na freagraí a fuarthas sna comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

    Measúnú tionchair

    Tá an togra bunaithe ar mheasúnú tionchair. Tar éis dul i ngleic le barúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, barúlacha a eisíodh ina thuairim dhiúltach an 24 Meitheamh 2020, fuarthas tuairim dhearfach ón measúnú tionchair an 18 Meán Fómhair 2020, ach bhí roinnt agús léi. Ina thuairim dheiridh, d’iarr an Bord tuilleadh sonraí, faoin mbonnlíne go príomha agus comhdhéanamh na roghanna beartais.

    13 bheart sa mheasúnú tionchair chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (i) an easpa creatdálaí chun infheistíochtaí a spreagadh in acmhainneacht táirgeachta i ndáil le ceallraí inbhuanaithe; (ii) feidhmiú fo-optamach na margaí athchúrsála; agus (iii) na rioscaí sóisialta agus comhshaoil nach gcumhdaítear le acquis comhshaoil an Aontais i láthair na huaire. Tá na 13 bheart sin bunaithe ar: (i) an anailís ón meastóireacht ar an Treoir maidir le Ceallraí; (ii) na comhairliúcháin phoiblí le haghaidh an tionscnaimh seo; (iii) na staidéir thacaíochta éagsúla; agus (iv) gealltanais pholaitiúla ar nós an Chomhaontaithe Ghlais. Léirítear leo gur gá freagraí a fháil agus luachshlabhra casta á phlé.

    Laistigh de gach ceann de na 13 bheart beartais leathana, measadh roinnt fobheart freisin. Tá na fobhearta sin, in go leor cásanna, malartach lena chéile (e.g. le haghaidh Bheart 3, is féidir go mbeadh na spriocanna maidir le ceallraí inaistrithe a bhailiú ag 65 % nó ag 75 % ach ní féidir go mbeidís ag an dá ráta). I gcásanna eile, deartar na fobhearta ionas gur féidir leo a bheith carnach agus/nó comhlántach (e.g. le haghaidh Bheart 13, is anuas ar na ceanglais faisnéise a oibríonn pas ceallra do cheallraí tionsclaíocha). Tá anailís chomhréireach ar shonraí na bhfobheart sin ar fad in Iarscríbhinn 9 den mheasúnú tionchair, agus breithniú déanta ar a dtionchar i gcomparáid leis an scéal a fhágáil mar atá.

    Chun an anailís a éascú, tá na fobhearta roinnte ina gceithre phríomhrogha beartais a chuirtear i gcomparáid leis an scéal a fhágáil mar atá. Leagtar amach na ceithre rogha sin thíos.

    ·I Rogha 1, sin an scéal a fhágáil mar atá, coinnítear an Treoir maidir le Ceallraí, lena gcumhdaítear ceallraí a bhfuil a ré caite den chuid is mó, gan athrú. Le haghaidh na gcéimeanna níos túisce sa luachshlabhra, níl aon reachtaíocht AE i bhfeidhm faoi láthair agus, mar sin, ní dhéanfar aon athrú orthu. Tá tuilleadh sonraí faoin rogha sin i Roinn 5 ar an mbonnlíne agus in Iarscríbhinn 9.

    ·I Rogha 2, rogha an mheánleibhéil uaillmhéine, tógtar ar an Treoir maidir le Ceallraí, ach neartaítear agus méadaítear an leibhéal uaillmhéine de réir a chéile. Maidir leis na céimeanna níos luaithe sa luachshlabhra nach bhfuil aon reachtaíocht AE lena n‑aghaidh faoi láthair, is é an t‑athrú atá beartaithe buncheanglais agus ceanglais faisnéise a thabhairt isteach mar choinníoll do cheallraí atá le cur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.

    ·Rogha 3, an t‑ardleibhéal uaillmhéine, beagán níos suaití, ach tá sé fós laistigh de na teorainneacha den mhéid atá indéanta ar bhonn teicniúil. Cuimsítear leis, mar shampla, teorainnluachanna agus tairseacha a leagan síos a bheidh le comhlíonadh laistigh de sprioc-am socraithe.

    ·Áirítear i Rogha 4, an rogha maidir le leibhéal uaillmhéine an-ard, bearta a rachadh i bhfad thar an gcreat rialála reatha agus thar na cleachtais ghnó reatha.

    Léirítear achoimre ar na fobhearta difriúla atá san áireamh sna roghanna beartais i dTábla 1, agus an rogha thosaíochta bunaithe ar an measúnú tionchair aibhsithe i nglas.

    Is é rogha an Choimisiúin meascán de Rogha 2 agus Rogha 3. Ciallaíonn sé go mbeidh cur chuige cothrom ann leis an meascán a roghnaíodh i dtéarmaí éifeachtachta (na cuspóirí a bhaint amach) agus éifeachtúlachta (éifeachtúlacht costais). Leis an rogha thosaíochta, éascófar freagairt an Aontais ar dhálaí an mhargaidh atá ag athrú go tapa agus tabharfar tacaíocht uaillmhianach dó agus é ag dréim le haistriú go geilleagar ina mbeidh níos lú carbóin, gan an riosca a bheith ann go mbeidh costais iomarcacha nó cur isteach iomarcach ann.

    Tábla 1: Rogha na tosaíochta

    Bearta

    Rogha 2 – meánleibhéal uaillmhéine

    Rogha 3 – ardleibhéal uaillmhéine

    Rogha 4 – leibhéal uaillmhéine an-ard

    1. Aicmiú agus sainmhíniú    

    Catagóir nua do cheallraí feithiclí leictreacha

    Teorainn meáchain 5 kg chun idirdhealú a dhéanamh idir ceallraí inaistrithe agus ceallraí tionsclaíocha

     Modheolaíocht ríomha nua do rátaí bailithe ceallraí inaistrithe bunaithe ar na ceallraí atá ar fáil lena mbailiú

    /

    2. Dara saol ceallraí tionsclaíocha

    Ag deireadh a gcéad ré, meastar gur dramhaíl iad ceallraí úsáidte (seachas lena n‑athúsáid). Meastar gur oibríocht cóireála dramhaíola é an t‑athrú cuspóra. Meastar gur táirgí nua iad ceallraí (dara húsáid) a ndearnadh athrú cuspóra orthu a chaithfidh na ceanglais maidir le táirgí a chomhlíonadh tráth a chuirtear ar an margadh iad

    Ag deireadh a gcéad ré, ní dramhaíl iad ceallraí úsáidte. Meastar gur táirgí nua iad ceallraí (dara húsáid) a ndearnadh athrú cuspóra orthu a chaithfidh na ceanglais maidir le táirgí a chomhlíonadh tráth a chuirtear ar an margadh iad.

    Ullmhacht éigeantach don dara húsáid

    3. An ráta bailithe i gcás ceallraí inaistrithe

    Sprioc bhailithe 65 % in 2025

    Sprioc bhailithe 70 % in 2030

    Sprioc bhailithe 75 % in 2025

    4. Ráta bailithe i gcás ceallraí gluaisteán agus ceallraí tionsclaíocha

    Córas tuairiscithe nua le haghaidh ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha

    An sprioc bhailithe le haghaidh ceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí iompair éadroim.

    Sprioc bhailithe shainráite do cheallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha

    5. Éifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabháil ábhar

    Ceallraí ian litiam agus Co, Ni, Li, Cu:

    Éifeachtúlacht athchúrsála i gcás ceallraí ian litiam: 65 % faoi 2025

    Rátaí aisghabhála i gcás Co, Ni, Li, Cu: 90 %, 90 %, 35 % agus 90 % faoi seach in 2025

    Ceallraí luaidhe-aigéadacha agus luaidhe: 

    Éifeachtúlacht athchúrsála i gcás ceallraí luaidhe-aigéadacha: 75 % faoi 2025

    Aisghabháil ábhar i gcás luaidhe: 90 % in 2025

    Ceallraí ian litiam agus Co, Ni, Li, Cu:

    Éifeachtúlacht athchúrsála i gcás ceallraí ian litiam: 70 % faoi 2030

    Rátaí aisghabhála i gcás Co, Ni, Li, Cu: 95 %, 95 %, 70 % agus 95 % faoi seach in 2030

    Ceallraí luaidhe-aigéadacha agus luaidhe: 

    Éifeachtúlacht athchúrsála i gcás ceallraí luaidhe-aigéadacha: 80 % faoi 2030

    Aisghabháil ábhar i gcás luaidhe: 95 % faoi 2030

    /

    6. An lorg carbóin i gcás ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha

    Dearbhú éigeantach maidir le lorg carbóin

    Aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin agus uastairseacha carbóin le haghaidh ceallraí mar choinníoll sula gcuirfí ar an margadh iad

    /

    7. Feidhmíocht agus marthanacht ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí in-athluchtaithe feithiclí leictreacha

    Ceanglais faisnéise maidir le feidhmíocht agus marthanacht

    Íoscheanglais feidhmíochta agus mharthanachta mar choinníoll sula gcuirfí ar an margadh iad

    /

    8. Ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe

    Paraiméadair theicniúla maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí príomhúla inaistrithe

    Deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ceallraí príomhúla inaistrithe le haghaidh úsáid ghinearálta

    Deireadh iomlán a chur de réir a chéile le húsáid ceallraí príomhúla

    9. An t‑ábhar athchúrsáilte i gceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán

    Dearbhú éigeantach maidir le leibhéil an ábhair athchúrsáilte, in 2025

    Leibhéil éigeantacha an ábhair athchúrsáilte, in 2030 agus 2035

    /

    10. Freagracht leathnaithe táirgeora

    Sonraíochtaí soiléire maidir le hoibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora i ndáil le ceallraí tionsclaíocha

    Íoschaighdeáin d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí

    /

    /

    11. Ceanglais dearaidh do cheallraí inaistrithe

    Oibleagáid neartaithe maidir le hinbhainteacht

    Oibleagáid nua maidir le hin-athsholáthraitheacht

    Ceanglas maidir le hidir-inoibritheacht

    12. Faisnéis a sholáthar

    Bunfhaisnéis a sholáthar (i bhfoirm lipéad, doiciméadachta teicniúla nó faisnéise ar líne)

    Faisnéis níos sonraí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh agus d’oibreoirí eacnamaíocha (a bhfuil rochtain roghnaíoch acu)

    Córas leictreonach malairte faisnéise do cheallraí agus scéim pasanna a bhunú (i gcás ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha amháin)

    /

    13. Dícheall cuí i leith shlabhra soláthair an amhábhair i gceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha

    Dícheall cuí deonach i leith an tslabhra soláthair

    Dícheall cuí éigeantach i leith an tslabhra soláthair

    /

    Eochair eolais: glas = an rogha thosaíochta; glas éadrom = an rogha thosaíochta go dtí go ndéanfar clásal athbhreithnithe.

    Is é cuspóir Bheart 1 maidir le haicmiú agus sainmhíniú na forálacha reatha maidir le catagóirí ceallraí a shoiléiriú agus chun iad a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na forbairtí teicneolaíochtaí is déanaí (Rogha 2). Maidir leis na hathruithe riaracháin ar chuid de na forálacha sa Treoir maidir le Ceallraí reatha, chuirfí feabhas ar éifeachtacht roinnt forálacha eile mar gheall orthu, gan aon chostais shuntasacha eacnamaíocha ná ualach suntasach riaracháin a chruthú. Tá ráite ag na páirtithe leasmhara go nglacann siad go huile is go hiomlán leis an mbeart sin. Maidir leis an bhféidearthacht modheolaíocht nua a shocrú do na rátaí bailithe bunaithe ar ábhar a bheith ‘ar fáil lena bhailiú’ (Rogha 3), moltar measúnú a dhéanamh air sin arís trí chlásal athbhreithnithe.

    I gcás Bheart 2 maidir le ceallraí dara saol tionsclaíocha agus ceallraí dara saol feithiclí leictreacha, bheadh tairbhí eacnamaíocha agus comhshaoil measta le haghaidh Rogha 2 agus 3 coibhéiseach (ag glacadh leis go bhfuil an dul i bhfód ar an margadh mar an gcéanna), agus é á aithint go mbíonn roghanna comhréitigh ann idir fhorbairt ceallraí dara saol a chur chun cinn ar thaobh amháin, agus athchúrsáil ar an taobh eile. Is ísle i bhfad costais riaracháin Rogha 3 – ina ndearbhaítear nár ghá a mheas gur dramhaíl iad ceallraí úsáidte ag deireadh a gcéad ré (ach mheasfaí gur dramhaíl iad dá mbeartódh an sealbhóir an ceallra a dhiúscairt agus sa chás sin amháin) – ná costais riaracháin Rogha 2. Breithníodh gurbh í Rogha 3 an rogha thosaíochta sa mheasúnú tionchair ar an mbonn gurbh í ab fhearr spreagadh a thabhairt margadh a fhorbairt le haghaidh ceallraí dara saol agus thacaigh na páirtithe leasmhara leis an méid sin. Rogha 2 – faoina ndéantar dramhaíl de cheallraí – chruthódh an rogha seo costais bhreise le haghaidh na ceadanna is gá chun déileáil le dramhaíl ghuaiseach, rud a bhí ina chúis mhór imní do na páirtithe leasmhara. D’fhéadfadh sé sin teorainn a chur le forbairt an mhargaidh do cheallraí dara saol mar gheall go mbíonn na costais níos airde. Bhain an Coimisiún de thátal as gurb é an bealach is oiriúnaí ar aghaidh teaglaim a bheith ann idir Rogha 2 agus Rogha 3, teaglaim ina socraítear critéir maidir le deireadh le dramhaíl agus lena n‑áirítear seiceáil ar staid sláinte a mbeadh le comhlíonadh i leith ceallraí sula bhféadfaí iad a chur ar aghaidh le haghaidh athrú cuspóra nó athmhonaraíochta. Is é is aidhm don chur chuige seo a dtugtar tacaíocht dó trí cheanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora athrú cuspóra agus athmhonaraíocht ceallraí a spreagadh agus a áirithiú go ndéantar cóireáil chuí ar cheallraí dramhaíola i gcomhréir le reachtaíocht dramhaíola an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta.

    I gcás Bheart 3, maidir le sprioc bhailithe i gcás ceallraí inaistrithe, is í an rogha thosaíochta Rogha 2, rogha a bhfuil sprioc bhailithe 65 % ag gabháil léi in 2025, agus Rogha 3, rogha a bhfuil sprioc 70 % ag gabháil léi in 2030. Meastar go gcosnóidh na roghanna sin thart ar EUR 1.09 agus EUR 1.43 faoi seach agus go maoineofar iad trí shásra na Freagrachta Leathnaithe Táirgeora. Tá dhá chúis leis na spriocanna bailithe a mhéadú go mór i gcomparáid leis an mbonnlíne. Ar an gcéad dul síos, mar go dtagann méadú ar na sochair chomhshaoil ar bhealach neamhlíneach de bharr go bhfuil níos mó ceallraí ian litiam á mbailiú. Agus ar an dara dul síos, mar go léirítear san fhianaise go mbíonn barainneacht scála agus gnóthachain éifeachtúlachta ag baint leo. Mar phrionsabal a nglactar leis go forleathan, glacann páirtithe leasmhara le spriocanna bailithe níos airde chomh fada agus go bhfuil siad réalaíoch agus go bhfuil dóthain ama acu na spriocanna a bhaint amach. Meastar nach fíor sin maidir le Rogha 4, a bhfuil sprioc bhailithe 75 % faoi 2025 ag gabháil léi.

    An rogha thosaíochta do Bheart 4 is ea Rogha 2, córas tuairiscithe nua do cheallraí gluaisteán agus ceallraí tionsclaíocha. Níltear ag súil le costais shuntasacha eacnamaíocha ná le hualach suntasach riaracháin de bharr an bhirt sin ach bheadh rátaí bailithe níos airde ann mar gheall air. Maidir le Rogha 3, sprioc bhailithe ar leith i gcás ceallraí a úsáidtear i gcóracha iompair éadroma, táthar ag súil le méadú mór sna rátaí bailithe mar gheall uirthi. Mar gheall gur gá an mhodheolaíocht maidir le hábhar atá ‘ar fáil lena bhailiú’ a fhorbairt ar dtús, áfach, moltar athmheasúnú a dhéanamh ar an Rogha sin arís trí chlásal athbhreithnithe.

    Is iad Rogha 2, lena méadaítear spriocanna i gcás ceallraí luaidhe-aigéadacha agus Rogha 3, lena dtugtar spriocanna nua isteach i gcás ceallraí ian litiam, cóbailt, nicile, litiam agus copair, an rogha thosaíochta do Bheart 5 maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabháil ábhar. I gcás Rogha 2, socraítear spriocanna don bhliain 2025 bunaithe ar a bhfuil indéanta go teicniúil faoi láthair, i gcomparáid le Rogha 3 lena socraítear spriocanna don bhliain 2030 bunaithe ar a mbeidh indéanta go teicniúil sa todhchaí. Mar gheall ar an ardleibhéal éiginnteachta maidir le roinnt athróg, ba dheacair méid thionchar na roghanna sin ar an eacnamaíocht agus ar an gcomhshaol a mheas. Léirítear sna meastacháin shamhaltacha, de réir na toimhde is coimeádaí go fiú, go mbeadh tionchar dearfach aige.

    I gcás Bheart 6, maidir le lorg carbóin ceallraí feithiclí leictreacha, is í Rogha 2 an rogha thosaíochta, arb é atá ann dearbhú éigeantach, a chomhlánófar, in imeacht ama, le Rogha 3, lena socraítear aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin agus uasluachanna tairsí mar choinníoll do cheallraí atá le cur ar mhargadh an Aontais. B’éifeachtaí Rogha 3 a thabhairt isteach láithreach ná Rogha 2, ach tá tuilleadh ama ag teastáil chun an creat faisnéise agus modheolaíochta a thabhairt chun críche. Éascófar le Rogha 2, áfach, na bearta a thuartar i Rogha 3 a thabhairt isteach de réir a chéile. Is é is aidhm do bhearta dá leithéid rannchuidiú le cuspóir an Aontais neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 agus an t‑athrú aeráide a chomhrac, de réir mar a shonraítear sa Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach ar mhaithe le hEoraip níos glaine agus níos iomaíche 20 . Tacófar leis an ngníomh tarmligthe lena mbunaítear luachanna na dtairseach carbóin le measúnú tionchair tiomnaithe.

    I gcás Bheart 7, maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha, is í Rogha 2 an rogha thosaíochta, is é sin ceanglais faisnéise a thabhairt isteach sa ghearrthéarma. Leis sin, chabhrófaí le ríomh agus infhaighteacht saintréithe feidhmíochta agus marthanachta ceallraí a chomhchuibhiú agus chuirfí ar chumas tomhaltóirí agus gnólachtaí cinntí stuama a dhéanamh dá bharr. A luaithe a bheidh an fhaisnéis is gá ar fáil agus a bheidh an obair chaighdeánaithe tugtha chun críche, is féidir íoscheanglais feidhmíochta (Rogha 3) a thabhairt isteach ag céim níos déanaí. Mheas an Coimisiún sa deireadh gurbh éifeachtaí an rogha sin go fadtéarmach chun ceallraí is fearr feidhmíocht a thabhairt isteach sa mhargadh, agus ionas go bhféadfaí dul i dtreo margadh inar lú an tionchar a bheadh ag ceallraí ar an gcomhshaol feasta.

    I gcás Bheart 8 maidir le ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe, is é Rogha 2 an rogha thosaíochta, rogha lena socraítear paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta chun úsáid mhí-éifeachtúil acmhainní agus fuinnimh a íoslaghdú. Úsáidfear na paraiméadair sin freisin sna ceanglais lipéadaithe a chumhdaítear le Beart 12 chun feidhmíocht ceallraí a chur in iúl do thomhaltóirí. Maidir le Rogha 3 agus 4 is é an tátal nach bhfuil fianaise leordhóthanach ar fáil faoi láthair chun éifeachtacht nó féidearthacht a léiriú maidir le deireadh i bpáirt nó deireadh iomlán a chur le ceallraí neamh-in-athchúrsáilte de réir a chéile. Tá táirgeoirí agus athchúrsálaithe ceallraí neamh-in-athluchtaithe i gcoinne an dá rogha uaillmhianacha sin.

    Maidir le Beart 9, is iad Rogha 2, dearbhú éigeantach maidir le hábhar athchúrsáilte a thabhairt isteach, sa ghearrthéarma, agus Rogha 3, spriocanna éigeantacha a shocrú i leith ábhar athchúrsáilte i gcás litiam, cóbailt, nicile agus luaidhe in 2030 agus 2035, an rogha thosaíochta. Tá an dá rogha comhlántach agus chuirfí le soláthar creata dhlíthiúil intuartha leo, creat lena spreagfaí gníomhaithe sa mhargadh infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí athchúrsála, teicneolaíochtaí nach ndéanfaí a fhorbairt dá uireasa mar nach bhfuil siad iomaíoch ó thaobh costais de i gcomparáid le hamhábhar príomhúil a tháirgeadh.

    I gcás Bheart 10 maidir le freagracht leathnaithe táirgeora agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, níor moladh aon rogha ard-uaillmhéine ós rud é gurb éard atá i mBeart 10 go príomha na forálacha atá ann faoi láthair faoin Treoir maidir le Ceallraí a mhionchoigeartú. Bheadh cothroime iomaíochta leis an mbeart atá beartaithe do scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora i ndáil le ceallraí feithiclí leictreacha agus tionsclaíocha a aicmítear mar cheallraí tionsclaíocha faoi láthair agus d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí i ndáil le ceallraí inaistrithe. Meastar go mbeidh costas eacnamaíoch na mbeart sin diomaibhseach agus go ndéanfar an costas céanna a chúiteamh leis na sochair chomhshaoil a bheidh ann de bharr na rátaí bailithe níos airde.

    I gcás Bheart 11 maidir le ceanglais dearaidh do cheallraí inaistrithe, is é an rogha thosaíochta oibleagáid neartaithe maidir le hinbhainteacht ceallraí (Rogha 2) agus oibleagáid nua maidir le hin-athsholáthraitheacht ceallraí (Rogha 3). Tá na costais eacnamaíocha a ghabhann leis na roghanna sin diomaibhseach, ach rachaidh siad chun tairbhe don chomhshaol agus déanfar acmhainní a shábháil. Déanfar é sin trí cheallraí agus na fearais a mbíonn ceallraí iontu a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil.

    Maidir le Beart 12 ar sholáthar faisnéise iontaofa, is é meascán de Rogha 2 agus Rogha 3 an rogha thosaíochta. Is í Rogha 2, is é sin córas lipéadaithe priontáilte agus ar líne a thabhairt isteach, lena soláthrófaí bunfhaisnéis agus faisnéis níos saincheaptha, an rogha thosaíochta, mar go gcuirfí faisnéis níos fearr ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh leis ionas go bhféadfaí dul i dtreo margadh inar lú an tionchar a bheadh ag ceallraí ar an gcomhshaol feasta. Tá glactha le prionsabal Rogha 3, córas leictreonach malairte agus pas ceallra, mar a mhol an Chomhghuaillíocht Ceallraí Dhomhanda, ag roinnt eagraíochtaí domhanda. Beidh costas riaracháin aon uaire ar an gcóras leictreonach malairte á shocrú, ach beidh simpliú riaracháin ann ar deireadh dá bharr agus beidh costais cur chun feidhme níos ísle ann go fadtéarmach. Leis an bpas ceallra, ba cheart ina theannta sin go gcuirfí ar chumas oibreoirí dara saol cinntí eolacha a dhéanamh agus ba cheart go gceadófaí d’athchúrsálaithe a n‑oibríochtaí a phleanáil ar bhealach níos fearr agus a n‑éifeachtúlachtaí athchúrsála a fheabhsú.

    Maidir le Beart 13 ar dhícheall cuí i leith amhábhair, is í Rogha 3, cur chuige éigeantach, an rogha thosaíochta. Tá comhdhearcadh cuid mhaith i measc páirtithe leasmhara go mbeadh an rogha seo níos éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le heastóscadh amhábhar agus roinnt amhábhar a phróiseáil agus a thrádáil chun críoch monaraíochta ceallraí. Ba cheart an rogha seo a mheas ag féachaint don obair leanúnach ar thogra le haghaidh reachtaíocht trasearnála maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún é a chur i láthair in 2021.

    Tugtar achoimre ar na costais agus na sochair in Iarscríbhinn 3 den Mheasúnú Tionchair, agus go háirithe a gcainníochtú.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Tá tionchar diomaibhseach ag na bearta atá beartaithe, ó thaobh an ualaigh riaracháin de.

    Baintear leas as féidearthacht an digitithe a mhéad is féidir nuair is féidir sa togra beartais seo chun costais riaracháin a laghdú. Mar shampla, is é a mholtar le Beart 12 malartú faisnéise leictreonach do cheallraí a shocrú ina gcoinneofaí faisnéis faoi gach samhail cheallra inaistrithe agus tionsclaíoch a chuirtear ar an margadh. Faoi Bheart 12, dhéanfaí pas ceallra a tháirgeadh freisin do gach aon cheallra tionsclaíoch agus do gach ceallra feithiclí leictreacha a chuirtear ar an margadh. Beidh costais nach beag ar an gCoimisiún agus ar ghnólachtaí leis an malartú faisnéise agus an córas pasanna a fhorbairt. Soláthrófar d’údaráis na mBallstát agus don Choimisiún, áfach, uirlis chumhachtach chun na hoibleagáidí sa Rialachán atá beartaithe a fhorfheidhmiú, chomh maith le huirlis faisnéise margaidh chun athbhreithniú agus mionchoigeartú a dhéanamh ar na hoibleagáidí sa todhchaí.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairtí ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Tuigtear leis an togra go n‑úsáidfear foireann agus airgead chun sonraí agus seirbhísí a cheannach. Meastar go gcomhlíonfar cuid de na riachtanais foirne faoi na leithdháiltí atá ann faoi láthair don Choimisiún, don Airmheán Comhpháirteach Taighde agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA). Soláthrófar na hacmhainní foirne is gá sa Choimisiún le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht. Cuirfear leithdháileadh breise foirne leis na fostaithe sin, leithdháileadh a bheidh le deonú don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nóis imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Tá roinnt airteagal sa togra ina bhfuil mionsonraí ar shreafaí oibre eile a mbeidh gá lena ndéanamh chun an rialachán a chomhlánú agus a mbeadh gá iad a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme/tarmligthe i dtréimhse ama idir 3–8 mbliana. Cumhdófar leo sin: comhlíonadh na gceanglas inbhuaine a fhíorú; an córas seiceála comhréireachta; agus bainistiú dramhaíola; faisnéis; agus lipéadú. Tugtar liosta mionsonraithe thíos de na gníomhaíochtaí sin atá pleanáilte:

    ·obair chaighdeánaithe a leanúint in CEN/CENELEC;

    ·sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le: (i) feidhmíocht agus marthanacht ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe; (ii) feidhmíocht agus marthanacht ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe; agus (iii) sábháilteacht chórais stórála na gceallraí suite.

    ·tacú le rialacha ríomha comhchuibhithe a fhorbairt maidir leis an méid a leanas: (i) an dearbhú maidir le lorg carbóin (lena n‑áirítear an t‑athbhreithniú ar na rialacha catagóire do cheallraí de réir an loirg chomhshaoil táirge (PEFCR) le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe); agus (ii) ríomh na n‑aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe;

    ·tacú le rialacha ríomha comhchuibhithe a fhorbairt chun: (i) ábhar athchúrsáilte i gceallraí feithiclí leictreacha agus i gceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe; (ii) éifeachtúlachtaí athchúrsála, (iii) ábhair aisghabháilte agus (iv) aicmiú dramhaíola;

    ·treoir maidir le hinbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe a tharraingt suas;

    ·córas malartaithe faisnéise leictreonach a chur ar bun le haghaidh faisnéis a chur isteach, faisnéis a bhaineann le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe;

    ·na critéir a bhaineann le soláthar poiblí glas maidir le ceallraí a fhorbairt;

    ·an liosta dramhaíola a leasú sa Chinneadh ón gCoimisiún 2000/532/CE 21 ;

    ·measúnú riosca a dhéanamh ar shubstaintí a úsáidtear i gceallraí agus an riosca sin a bhainistiú;

    ·na hoibleagáidí tuairiscithe a leasú.

    Beidh ról lárnach ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde i dtacú leis an gCoimisiún le roinnt den obair theicniúil a bheidh de dhíth. Le thart ar EUR 6.2 milliún ar an iomlán, maoineofar na staidéir riachtanacha agus comhaontú riaracháin leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde chun tacú leis an gCoimisiún le roinnt sruthanna oibre a leagtar amach sna pointí urchair thíos.

    ·Sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le: (i) feidhmíocht agus marthanacht ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe; (ii) feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha agus (iii) sábháilteacht le haghaidh córais stórála fuinnimh i gceallraí suite.

    ·Rialacha comhchuibhithe a tharraingt suas maidir leis na nithe seo a leanas: (i) bailiú ar leithligh ceallraí inaistrithe; (ii) dearbhuithe a dhéanamh i leith loirg carbóin; (iii) an lorg carbóin, an t‑ábhar athchúrsáilte agus éifeachtúlachtaí athchúrsála a ríomh agus (iv) aicmí feidhmíochta lorg carbóin ceallraí feithiclí agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a ríomh.

    ·Na critéir a bhaineann le soláthar poiblí glas a anailísiú (lena n‑áirítear comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara soláthair phoiblí agus seiceálacha dleathacha ar na rialacha atá beartaithe maidir le soláthar poiblí).

    ·An treoir maidir le hinbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe a thacú;

    ·Forbairt leasuithe sprioctha ar iontrálacha an Liosta Dramhaíola Eorpaigh atá ábhartha do cheallraí a thacú;

    ·Deireadh le ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe úsáide ginearálta de réir a chéile a thacú;

    ·Na ceanglais maidir le lipéadú a thacú;

    ·Na critéir maidir le soláthar poiblí glas a fhorbairt.

    Tacóidh ECHA leis an gCoimisiún freisin chun substaintí ceallraí agus na srianta rialála atá orthu a bhainistiú mar chuid de na gníomhaíochtaí REACH atá ann cheana féin. Chuige sin, beidh gá le beirt foirne gníomhaireachta sealadacha nua ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha (FTE) (AD 5-7) ag ECHA (rud a chosnóidh EUR 144 000 ar an meán in aghaidh na bliana go ceann 7 mbliana agus ina dhiaidh sin). Ina theannta sin, beidh gníomhaire amháin ar chonradh FTE (CA FG III, ar meánchostas EUR 69 000 in aghaidh na bliana ar feadh 3 bliana) riachtanach chun an bonn eolais a mhéadú, rud lena n‑éascófar leagan tosaíochtaí eolach agus plean oibre. Ba cheart an plean oibre sin a bhunú ar staidéar chun an t‑eolas reatha atá ag ECHA a thógáil maidir leis an gcaoi a ndéanann an tionscal ceallraí bainistiú ar a cheimiceáin ghuaiseacha chun substaintí ábhartha a shainaithint le haghaidh bainistíocht riosca rialála sa todhchaí. Meastar go gcosnóidh an staidéar EUR 400 000 (ar feadh 3 bliana) chun cuid de na riachtanais taighde a sheachfhoinsiú.

    Measann AS GROW go gcosnóidh sé thart ar EUR 10 milliún an córas leictreonach malairte atá beartaithe do cheallraí a fhorbairt. Déanfar measúnú i staidéar indéantachta a sheolfar in 2021 freisin ar an struchtúr is fearr don chóras leictreonach malairte atá beartaithe agus ar na seirbhísí ba cheart a sholáthar leis.

    Is é an Coimisiún Eorpach a bheidh freagrach as an rialachán a chaibidliú, as a chur chun feidhme go ginearálta, agus as glacadh gach gnímh cur chun feidhme/tarmligthe a bheartaítear leis an rialachán. Leis sin a dhéanamh, beidh gá leanúint de na nithe seo a leanas: (i) an obair a dhéantar san Airmheán Comhpháirteach Taighde agus in ECHA; agus (ii) na gnáthphróisis chinnteoireachta lena n‑áirítear comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus nósanna imeachta coiste. Tá na samhlacha airgeadais reatha bunaithe ar 2 phost FTE AD chun na tascanna bainistíochta a dhéanamh agus sin amháin, i.e. (i) an rialachán a chaibidliú agus a chur chun feidhme go ginearálta; agus (ii) an obair ullmhúcháin dhifriúil agus reachtaíocht thánaisteach a dhréachtú de réir na sprioc-amanna a mholtar sa Rialachán maidir le Ceallraí. Is féidir le 1 saineolaí náisiúnta amháin ar iasacht (FTE) agus le gníomhairí conarthacha na cúraimí teicniúla a dhéanamh (i bhfianaise na hamlíne ionchais). Athshannadh 1 cheann den 2 phost AD laistigh de AS ENV. Is é EUR 3 075 000 costas iomlán na foirne sa Choimisiún bunaithe ar an nuashonrú is déanaí ar chostas na foirne COM mar a thuairiscítear ar shuíomh gréasáin AS BUDG:     https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/en/pre/legalbasis/Pages/pre-040-020_preparation.aspx .

    Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear sa ráiteas airgeadais reachtach i gcomhréir le togra CAI iar-2020.

    Beidh acmhainní breise ag teastáil le linn na tréimhse idir 2021 agus 2029 chun leanúint den obair seo a leanas: (i) caighdeáin agus sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí; (ii) rialacha ríomha comhchuibhithe a fhorbairt i ndáil le bailiú ar leithligh i gcás ceallraí inaistrithe, dearbhú maidir le lorg carbóin, aicmí feidhmíochta maidir le déine charbóin a ríomh agus ábhar athchúrsáilte agus éifeachtúlachtaí athchúrsála a ríomh; (iii) dréacht-treoir maidir le hinbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe; (iv) cinneadh a dhéanamh i dtaobh na struchtúr agus na córais a fhorbairt chun na haighneachtaí atá nasctha leis an malartú faisnéise leictreonach a ghlacadh; agus (v) na critéir a bhaineann le soláthar poiblí glas a fhorbairt. Cumhdófar acmhainní le haghaidh staidéar agus socruithe riaracháin sa chomhthéacs sin le clár LIFE de luach iomlán de thart ar EUR 4.7 milliún chomh maith le EUR 10.7 milliún faoi Oibríocht agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh earraí agus seirbhísí.

    Léirítear buiséad an togra i bpraghsanna reatha cé is moite de chomhpháirt ECHA den bhuiséad, a bhfuil na tuarastail innéacsaithe ag fás 2 % in aghaidh na bliana ina leith. Beidh acmhainní breise ag teastáil do ECHA chun an fóirdheontas a fhaigheann sé a mhéadú.

    Leagtar amach na himpleachtaí a bhaineann leis na hacmhainní buiséadacha, daonna agus riaracháin sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Is é is aidhm don athrú atá beartaithe ar aicmiú ceallraí na rialacha atá ann cheana a nuashonrú chun a áirithiú go gcumhdaítear gach ceallra leo, lena n‑áirítear cineálacha nua ceallraí a d’fhéadfadh a theacht amach. Bheadh gá le socruithe faireacháin chun a áirithiú go bhfuil na bearta nua á gcur chun feidhme agus á bhforfheidhmiú mar a beartaíodh.

    Is gá faireachán a dhéanamh ar an ráta bailithe sna Ballstáit chun sprioc bhailithe nua do cheallraí inaistrithe a shocrú. Bunaíodh é sin don sprioc 45 % atá ann faoi láthair agus ba éard a bhí ann ná gur bhailigh Eurostat faisnéis ó na Ballstáit ar bhonn bliantúil. Le sprioc nua a shocrú, mar sin, ní bheadh oibleagáidí tuairiscithe breise i gceist.

    Chun córas tuairiscithe i gcás ceallraí gluaisteán agus ceallraí tionsclaíocha a chruthú, is gá faisnéis a bhailiú atá á giniúint cheana féin ar an leibhéal náisiúnta. Thairis sin, i gcás ceallraí gluaisteán agus ceallraí feithiclí leictreacha, d’fhéadfaí an córas tuairiscithe a thógáil ar a bhfuil sa chóras a bunaíodh leis an Treoir maidir le Feithiclí a bhfuil a Ré Caite.

    Tá sprioc na héifeachtúlachta athchúrsála do cheallraí litiam socraithe ag 65 %, ag tosú in 2025. Tá Eurostat ag bailiú sonraí faoi éifeachtúlachtaí athchúrsála maidir le ceallraí luaidhe, caidmiam agus ceallraí eile ar bhonn bliantúil ó bhí 2014 ann. Ba bheag an méid é, dá bhrí sin, éifeachtúlacht athchúrsála litiam a chur isteach sa nós imeachta bailithe sonraí sin freisin.

    Toisc go bhfuil oibleagáid ann an lorg carbóin a bhaineann le saolré iomlán ceallraí a chuirtear ar an margadh (seachas céim na húsáide) a thuairisciú, beidh gá le huirlis TF a fhorbairt lena gceadófaí do mhonaróirí an fhaisnéis a chur isteach go díreach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún uirlis ghréasán-bhunaithe a thairiscint, chomh maith le rochtain saor in aisce ar leabharlann i dtacair shonraí thánaisteacha chun an próiseas ríofa maidir le lorg carbóin a éascú, bunaithe ar na rialacha a ghlacfar. D’fhéadfaí na sonraí a chuirtear isteach a úsáid chun tagarmharcanna a leagan síos d’astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh aicmí feidhmíochta a thabhairt isteach i dtéarmaí déine astaíochtaí gás ceaptha teasa úsáideach chun lorg carbóin agus feidhmíocht chomhshaoil ceallraí a fheabhsú, agus chun an gá atá le dreasachtaí nó bearta coinníollachta margaidh breise a mheas.

    Ar an gcaoi chéanna, ba cheart an oibleagáid maidir le faisnéis a sholáthar faoi fheidhmíocht agus marthanacht a bheith ina cuid den doiciméadacht theicniúil. Ag brath ar an gcineál ceallra, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar líne freisin i mbunachar sonraí a bhaineann le ceallraí agus/nó i bpas an cheallra.

    Bheadh modheolaíocht chomhchuibhithe ag gabháil leis an oibleagáid ar tháirgeoirí faisnéis a sholáthar faoin méid ábhair athchúrsáilte.

    Maidir lehinbhainteacht, ba cheart na hoibleagáidí reatha a neartú, agus maidir le hin-athsholáthraitheacht, beartaítear forálacha nua.

    Maidir leis na forálacha maidir le lorg carbóin agus le dearbhuithe maidir le hábhar athchúrsáilte, agus le beartas maidir le dícheall cuí i leith amhábhar a fhoinsiú go freagrach, bheadh fíorú tríú páirtí ag teastáil chun na forálacha sin a chomhlíonadh, i bprionsabal, trí chomhlachtaí dá dtugtar fógra.

    Is iad na húdaráis margaidh náisiúnta a bheadh freagrach as bailíocht na faisnéise a sholáthraítear a sheiceáil chun na hoibleagáidí ar fad sa Rialachán a chomhlíonadh.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Ós Rialachán é an ionstraim dlí atá infheidhme go díreach sna Ballstáit, níl aon ghá le doiciméad míniúcháin.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá forálacha ginearálta i gCaibidil I den Rialachán.

    Leagtar síos le hAirteagal 1 go mbunaítear ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú leis an Rialachán chun ceallraí a chur ar an margadh agus iad a chur i seirbhís a cheadú, chomh maith le ceanglais maidir le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola. Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le gach cineál ceallra agus liostaítear na ceithre phríomhghrúpa ceallraí ann, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha.

    Tá sainmhínithe in Airteagal 2.

    Leagtar síos prionsabal na saorghluaiseachta ar an margadh aonair do cheallraí a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo in Airteagal 3.

    In Airteagal 4 déantar achoimre ar na forálacha a leagtar síos agus ina bhfuil beachtas maidir leis na ceanglais inbhuanaitheachta, sábháilteachta agus lipéadaithe agus, dá réir sin, déantar tagairt do Chaibidil II agus do Chaibidil III. Maidir leis an gcuid eile, ní fhéadfaidh riosca a bheith i gceist le ceallraí do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin ná don chomhshaol.

    Baineann Airteagal 5 leis an gceanglas atá ar na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú chun déileáil le ceallraí a bhfuil a ré caite.

    Leagtar síos ceanglais maidir le hinbhuaine agus sábháilteacht i gCaibidil II den Rialachán.

    Leagtar síos srianta ar shubstaintí guaiseacha a úsáid i gceallraí le hAirteagal 6, in éineacht le hIarscríbhinn I, go háirithe mearcair agus caidmiam.

    Leagtar síos rialacha maidir le lorg carbóin ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe le hAirteagal 7 in éineacht le hIarscríbhinn II. Tá na ceanglais céimnithe ar bhealach ina dtagann an ceanglas maidir le faisnéis ar dtús i bhfoirm dearbhú ar lorg carbóin. Ina dhiaidh sin, beidh na ceallraí faoi réir aicmiú agus cuirfear isteach in aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin iad. Faoi dheoidh ní mór na ceallraí a dhéanamh de réir uastairseacha loirg carbóin ar feadh na saolré agus an méid sin bunaithe ar thorthaí de mheasúnú tionchair tiomnaithe. Is é an amlíne a ghabhann leis na trí cheanglas an 1 Iúil 2024 le haghaidh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin, an 1 Eanáir 2026 le haghaidh na n‑aicmí feidhmíochta agus an 1 Iúil 2027 le haghaidh na n‑uastairseacha saolré maidir le lorg carbóin.

    Éilítear le hAirteagal 8, ón 1 Eanáir 2027, maidir leis an doiciméadacht theicniúil a ghabhann le ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu ina bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil ina n‑ábhar gníomhach, go mbeidh faisnéis ann faoi mhéid an ábhair thuasluaite a aisghabhadh agus atá istigh i ngach samhail agus baisc ceallraí ó gach monarcha monaraíochta. Ón 1 Eanáir 2030, beidh sna ceallraí sin an t‑íoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna aisghabháil as dramhaíl an chóbailt, na luaidhe, an litiam nó na nicile atá ina ábhar gníomhach sna ceallraí sin: 12 % cóbalt; 85 % luaidhe, 4 % litiam agus 4 % nicil. Ón 1 Eanáir 2035, méadóidh an t‑íoschion de chóbalt, litiam agus nicil aisghabháilte go dtí 20 % cóbalt, 10 % litiam agus 12 % nicil. I gcás luaidhe fágfar an t‑íoschion gan athrú ag 85 %. I gcás a bhfuil údar leis agus inarb iomchuí mar gheall ar infhaighteacht cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna (h)aisghabháil as dramhaíl, nó mar gheall ar easpa na nithe sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun na spriocanna a leasú .. 

    Éilítear in Article 9, agus in Iarscríbhinn III, ón 1 Eanáir 2026, nach gcuirfear ceallraí inaistrithe úsáide ginearálta ar an margadh mura bhfuil na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta comhlíonta. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun ceanglais íosta a leagan síos i dtaobh na bparaiméadar sin agus chun iad a leasú ag féachaint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhéidearthacht na mbeart chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe úsáide ginearálta agus, chun na críche sin, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnú ar bhearta iomchuí a ghlacadh, lena n‑áirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

    Le hAirteagal 10, in éineacht le hIarscríbhinn IV, leagtar síos ceanglas faisnéise maidir leis na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu. Ón 1 Eanáir 2026, comhlíonfaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe na híosluachanna a dtabharfar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe.

    Éilítear le hAirteagal 11 go ndearfaidh monaróirí fearais, ina suitear ceallraí inaistrithe, ar bhealach inar féidir leis an úsáideoir deiridh nó le gairmithe cáilithe ceallraí dramhaíola a bhaint de na fearais go héasca agus ceallraí eile a chur ina n‑ionad neamhspleách ar mhonaróirí.

    Éilítear le hAirteagal 12, in éineacht le hIarscríbhinn V, go mbeidh córais stórála fuinnimh i gceallraí suite sábháilte le linn a ngnáthoibríochta agus a ngnáthúsáide, lena n‑áirítear fianaise gur éirigh le tástálacha orthu le haghaidh na bparaiméadar sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn V, ar cheart modheolaíochtaí tástála úrscothacha a úsáid lena n‑aghaidh. Maidir leis na ceanglais sábháilteachta a bheidh le cur san áireamh chun sábháilteacht ceallraí a thástáil a leagtar amach in Iarscríbhinn V, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na ceanglais sin a leasú trí ghníomh tarmligthe.

    Leagtar síos ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis i gCaibidil III den Rialachán.

    Éilítear le hAirteagal 13 agus le hIarscríbhinn VI go ndéanfar ceallraí a lipéadú, ón 1 Eanáir 2027, ar bhealach sofheicthe inléite doscriosta chun faisnéis a sholáthar is gá chun ceallraí agus a bpríomh-shaintréithe a shainaithint. Ar lipéid éagsúla ar an gceallra nó ar phacáistiú an cheallra, beidh faisnéis freisin faoina shaolré, a thoilleadh luchtaithe, an ceanglas maidir le bailiú ar leithligh, substaintí guaiseacha atá ann agus na rioscaí sábháilteachta a bhaineann leis. Tabharfaidh an cód CN a bheidh le priontáil nó le greanadh ar an gceallra, ag brath ar an gcineál ceallra, rochtain ar an bhfaisnéis atá ábhartha don cheallra áirithe sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh ceanglais lipéadaithe ar leithligh.

    Éilítear le hAirteagal 14 go mbeidh córas bainistithe ceallra i gceallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus i gceallraí feithiclí leictreacha, córas ina stórálfar an fhaisnéis agus na sonraí is gá chun staid sláinte agus saolré ionchasach na gceallraí a chinneadh i gcomhréir leis na paraiméadair a leagtar síos in Iarscríbhinn VII. Soláthrófar rochtain ar na sonraí ar na paraiméadair sin sa chóras bainistithe ceallraí don duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaigh an ceallra go dleathach nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun luach iarmharach an cheallra a mheas, athúsáid, athrú cuspóra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú agus chun an ceallra a chur ar fáil do chomhiomlánóirí neamhspleácha a fheidhmíonn stáisiúin chumhachta fhíorúla in eangacha leictreachais.

    I gCaibidil IV, tá rialacha maidir le measúnú comhréireachta ceallraí agus is forálacha caighdeánacha atá ann den chuid is mó. Is úsáideach Airteagail 17 agus 18 a lua.

    Tá na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta in Airteagal 17 lena leagtar síos dhá nós imeachta dhifriúla um measúnú, ag brath ar an gceanglas táirge a bhfuil measúnú le déanamh air. In Iarscríbhinn VIII, tá cur síos mionsonraithe ar na nósanna imeachta is infheidhme. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn gníomh tarmligthe, na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leasú chun céimeanna fíoraithe a chur isteach sa nós imeachta agus chun modúl measúnaithe a athrú, ar bhonn forbairtí ar an margadh ceallraí nó ar an luachshlabhra ceallraí.

    Baineann Airteagal 18 leis an dearbhú comhréireachta AE lena ndearbhaítear gur léiríodh comhréireacht le ceanglais an Rialacháin maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú. In Iarscríbhinn IX den Rialachán, leagtar amach go mionsonraithe struchtúr na samhla don dearbhú comhréireachta AE.

    Baineann Caibidil V le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus is forálacha caighdeánacha atá ann den chuid is mó. Tá cuid de na forálacha modhnaithe chun neamhspleáchas na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a neartú. Chun na críche sin, is úsáideach Airteagail 23, 25, 27, 28 agus 33 a lua.

    Leagtar síos ceanglais in Airteagal 23 maidir le fógra a thabhairt d’údaráis. Beidh na húdaráis a thugann fógra oibiachtúil neamhchlaonta ina ngníomhaíocht agus déanfaidh siad rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú. Ba cheart, mar sin féin, go bhféadfaidís faisnéis a mhalartú faoi chomhlachtaí dá dtugtar fógra le húdaráis náisiúnta, le húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht den sórt sin leis an measúnú comhréireachta a áirithiú.

    Tá ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra in Airteagal 25. Ba cheart go mbeadh sé indéanta don chomhlacht dá dtugtar fógra agus don fhoireann a fhostaíonn sé fanacht neamhspleách ó oibreoirí eacnamaíocha sa slabhra luacha ceallra agus ó chuideachtaí eile, go háirithe ó mhonaróirí ceallraí, páirtithe na monaróirí ceallraí, infheisteoirí scairsheilbhe i monarchana monaróirí ceallraí, comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, cumainn ghnó na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra, máthairchuideachtaí agus ó fhochuideachtaí.

    Pléitear fochuideachtaí comhlachtaí dá dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht ag na comhlachtaí sin in Airteagal 27. Cé go nglactar leis go ligeann comhlachtaí á dtugtar fógra codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó go dtéann siad in iontaoibh fochuideachta, ba cheart a dheimhniú, maidir le gníomhaíochtaí agus próisis chinnteoireachta áirithe, gurb é an comhlacht ar leith dá dtugtar fógra a dhéanann an measúnú comhréireachta, a dhéanann iad sin, agus an comhlacht sin amháin.

    Baineann Airteagal 28 leis an iarratas ar fhógra. I gcomhréir le hAirteagal 25, ba cheart go bhféadfadh an comhlacht dá dtugtar fógra a neamhspleáchas a thaifeadadh agus é a sholáthar don údarás a thugann fógra.

    Baineann Airteagal 33 le hoibleagáidí oibriúcháin na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra. I gcás ina mbeidh cinneadh deimhnithe diúltach ann, ba cheart go bhféadfadh an t‑oibreoir eacnamaíoch an doiciméadacht ar an gceallra a chomhlánú sula ndéanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta an dara cinneadh, is é sin an cinneadh deiridh, faoin deimhniú.

    Leagtar síos oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha i gCaibidil VI. Is forálacha caighdeánacha iad na forálacha ach is fiú Airteagal 39 a lua.

    Éilítear le hAirteagal 39, in éineacht le hIarscríbhinn X, go mbunófar beartais díchill chuí maidir le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a chuirtear ar an margadh aonair. Tugtar de chumhacht don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta substaintí agus na catagóirí rioscaí lena mbaineann sin.

    I gCaibidil VII, tá oibleagáidí maidir le ceallraí i ndeireadh a ré a bhainistiú. Is cosúil gur ábhartha tagairt a dhéanamh go sonrach do na forálacha maidir le clárú, freagracht leathnaithe táirgeora, bailiú, cóireáil agus athchúrsáil, lena n‑áirítear éifeachtúlachtaí athchúrsála, faisnéis deiridh ré, athrú cuspóra ceallraí agus tuairisciú. Cuirfear na rialacha sa Chaibidil seo in ionad na rialacha comhréireacha i dTreoir 2006/66/CE a dhéanfar a aisghairm le héifeacht ón 1 Iúil 2023.

    Éilítear le hAirteagal 46 go mbunóidh na Ballstáit Clár a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le bainistiú ceallraí ag deireadh a ré ag táirgeoirí. Is é an t‑údarás inniúil i mBallstát a dhéanfaidh an Clár a bhainistiú. Tá oibleagáid ar tháirgeoirí clárú agus gheobhaidh siad an clárúchán a luaithe a dhéanfaidh siad iarratas air ina mbeidh an fhaisnéis uile a liostaítear san Airteagal.

    Bunaítear le hAirteagal 47 freagracht leathnaithe táirgeora as ceallraí a sholáthraítear i mBallstát den chéad uair. Tá ceanglas ann ar tháirgeoirí ceallraí lena gcinntítear go gcomhlíontar na hoibleagáidí bainistithe dramhaíola. Chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh, féadfaidh táirgeoirí iad féin a eagrú i dteannta a chéile freisin, in eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí. Áirítear ar an bhfreagracht sin, go háirithe, na hoibleagáidí maidir le bailiú ar leithligh agus cóireáil ceallraí dramhaíola a mhaoiniú agus a eagrú, tuairisciú don údarás inniúil, bailiú ar leithligh ceallraí a chur chun cinn, faisnéis a sholáthar lena n‑áirítear faisnéis faoi ghnéithe a bhaineann le deireadh ré ceallraí.

    Leagtar síos le hAirteagal 48 go ndéanfaidh táirgeoirí a áirithiú, astu féin nó trí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go mbaileofar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, beag beann ar a gcineál, a mbranda nó a dtionscnamh. Chun na críche sin, bunóidh siad, saor in aisce don úsáideoir deiridh, líonra pointí bailithe i gcomhar le hoibreoirí eile lena mbaineann, lena n‑áirítear dáileoirí, saoráidí do dhramhthrealamh leictreach agus feithiclí a bhfuil a ré caite, údaráis phoiblí agus pointí bailithe deonacha. Thairis sin, tá oibleagáid ar tháirgeoirí foráil a dhéanamh maidir leis na socruithe praiticiúla is gá le haghaidh bailiú agus aistriú ceallraí dramhaíola ó na pointí bailithe sin chun a áirithiú go mbeidh na ceallraí dramhaíola inaistrithe faoi réir cóireála agus athchúrsála ina dhiaidh sin. Tá oibleagáid ar tháirgeoirí ceallraí inaistrithe dramhaíola na spriocanna bailithe a leagtar síos san Airteagal seo a bhaint amach. Tá na socruithe bailithe faoi réir údarú ón údarás inniúil a bhfuil sé d’fhreagracht air socruithe a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh oibleagáidí táirgeoirí i ndáil le ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú, lena n‑áirítear a áirithiú go ndéantar na spriocanna a bhaint amach.

    Ceanglaítear ar tháirgeoirí le hAirteagal 49 ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, astu féin nó trí eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, bailiú na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha go léir a eagrú. Beidh an bailiú saor in aisce agus ní bheidh aon oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach. Tairgfidh an táirgeoir ceallraí dramhaíola gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha a thógáil ar ais ó úsáideoirí deiridh, nó ó phointí bailithe inrochtana i gcomhar le dáileoirí na gcineálacha sin ceallraí, saoráidí do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus saoráidí le haghaidh feithiclí a bhfuil a ré caite a chóireáil agus a athchúrsáil, údaráis phoiblí agus tríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann.

    In Airteagal 55, socraítear na rátaí bailithe atá le baint amach ag na Ballstáit maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola, ag eisiamh ceallraí dramhaíola ó chóracha iompair éadroma faoi láthair. Tiocfaidh méadú ar na rátaí bailithe de réir a chéile chun a áirithiú go mbailítear 65 % de cheallraí dramhaíola inaistrithe faoi dheireadh 2025 agus go mbailítear 70 % de na ceallraí sin faoi dheireadh 2030.

    Le hAirteagal 56, leagtar síos ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag saoráidí cóireála le haghaidh na gceallraí dramhaíola go léir a bhailítear ionas go ndéanfar iad a chóireáil agus a athchúrsáil go cuí. I gcás ina gcumhdófar suiteálacha agus próisis chóireála le Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, beidh feidhm ag an Treoir sin. In aon chás, déanfar cóireáil lena ndéanfar foráil maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil agus leis na ceanglais a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn XII, cuid A. I bhfianaise ord na réiteach dramhaíola mar a bunaíodh le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, ní chuirfear ceallraí i líonadh talún ná ní dhéanfar iad a loscadh.

    Baineann Airteagal 57 le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus spriocanna aisghabhála ábhar agus leagtar síos leis go rachaidh gach ceallra dramhaíola a bhailítear faoi phróiseas athchúrsála. Bainfidh na próisis athchúrsála na híoséifeachtúlachtaí athchúrsála amach, rud a leagtar síos in Iarscríbhinn XII, agus tiocfaidh méadú orthu de réir a chéile. Leagtar amach na ceanglais sin maidir le ceallraí luaidhe-aigéadacha, nicile-caidmiam agus litiam agus ceallraí eile.

    Tá ceanglais a bhaineann le hathrú cuspóra agus athmhonaraíocht ceallraí tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha in Airteagal 59. Tá ceanglais ann chun oibríocht den sórt sin a éascú, lena n‑áirítear ceanglais ar tháirgeoirí na gceallraí faoi seach chun rochtain a sholáthar ar an gcóras bainistithe ceallraí chun staid sláinte ceallra a chinneadh d’oibreoirí athruithe cuspóra. Leagtar amach ann freisin oibleagáidí le haghaidh daoine a dhéanann athrú cuspóra nó athmhonaraíocht ar cheallraí chun a áirithiú go ndéantar an scrúdúchán, an tástáil feidhmíochta, pacáil agus loingsiú ceallraí agus a gcomhpháirteanna de réir rialú cáilíochta leordhóthanach agus treoracha sábháilteachta. Áiritheoidh na daoine a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go gcomhlíonfaidh an ceallra a n‑athraítear a chuspóir nó an ceallra a ndéantar athmhonaraíocht air an Rialachán seo agus reachtaíocht ábhartha eile agus ceanglais theicniúla ábhartha eile dá chuspóir sonrach úsáide nuair a chuirfear ar an margadh é. I gcás ina léirítear, áfach, gur cuireadh ceallra a bheadh faoi réir athrú cuspóra nó athmhonaraíochta ar an margadh sular tugadh ceanglais áirithe isteach maidir le lorg carbóin, ábhar athchúrsáilte, feidhmíocht agus marthanacht agus maidir le dícheall cuí an tslabhra soláthair (atá san áireamh in Airteagail 7, 8, 10 agus 39 den Rialachán), sa chás sin ní bhíonn feidhm ag na hoibleagáidí faoi na forálacha sin i leith an cheallra sin tráth a dhéantar athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air. Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra dramhaíola, tar éis dá chuspóir a bheith athraithe nó tar éis d’athmhonaraíocht a bheith déanta air, léireoidh an t‑oibreoir neamhspleách a dhéanann an oibríocht ábhartha an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil: 1) fianaise ar staid na meastóireachta sláinte nó na tástála, 2) deimhneacht maidir le tuilleadh úsáide (trí bhíthin sonraisc nó conradh díolacháin), agus 3) cosaint iomchuí in aghaidh díobhála le linn iompair, lódála agus dílódála. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna, mar chuid den doiciméadacht theicniúil a ghabhann leis an gceallra ar athraíodh a chuspóir nuair a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís é.

    In Airteagal 60, tá ceanglais maidir le faisnéis a sholáthar faoi cheallraí dramhaíola. Áirítear air sin oibleagáidí ar tháirgeoirí, nó a n‑eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, úsáideoirí deiridh agus dáileoirí maidir leis an méid a chuireann siad leis an gcóireáil deiridh ré. Socraítear leis an Airteagal freisin oibleagáidí chun faisnéis is ábhartha don tsábháilteacht le linn bailiú agus stóráil ceallraí dramhaíola a chur ar fáil do dháileoirí agus d’oibreoirí a mbíonn baint acu le bailiú agus le cóireáil dramhaíola, chomh maith le faisnéis a chur ar fáil do na hoibreoirí sin faoi cheallraí dramhaíola a bhaint agus a chóireáil ina dhiaidh.

    Baineann Airteagal 61 le tuairisciú ó na hoibreoirí faoi seach a mbíonn baint acu le bainistiú dramhaíola chuig an údarás inniúil maidir le bainistiú dramhaíola ceallraí. Áirítear air sin, go háirithe, ceanglais ar tháirgeoirí, nó ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, tuairisc a thabhairt maidir leis an méid ceallraí a chuirtear ar an margadh, an méid ceallraí dramhaíola a bhailítear agus a dhéantar a sheachadadh le haghaidh a gcóireála agus a n‑athchúrsála, agus ceanglais ar oibreoirí athchúrsála tuairisc a thabhairt maidir le ceallraí dramhaíola a ndéantar athchúrsáil orthu, na héifeachtúlachtaí athchúrsála agus leibhéal na n‑ábhar a aisghabhtar ó cheallraí dramhaíola agus an méid ceallraí a rinneadh a chóireáil agus a athchúrsáil.

    Baineann Airteagal 62 le tuairisciú arna tabhairt ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún, le haghaidh gach bliana féilire agus ar gach cineál ceallra agus a cheimice, maidir leis an méid ceallraí a soláthraíodh den chéad uair lena leithdháileadh nó lena n‑úsáid laistigh de chríoch Ballstáit, an méid ceallraí dramhaíola a bailíodh dá réir agus na sonraí maidir leis na leibhéil athchúrsála a baineadh amach agus cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na héifeachtúlachtaí agus leibhéil an ábhair aisghabhála a leagtar amach sa Rialachán. Leagfaidh an Coimisiún síos leagan amach an tuairiscithe trí ghníomhartha cur chun feidhme.

    Baineann Caibidil VIII leis an malartú faisnéise leictreonach.

    Baineann Airteagal 64 leis an gcóras leictreonach malairte a bhunóidh an Coimisiún faoin 1 Eanáir 2026. Beidh an fhaisnéis agus na sonraí maidir le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu sa chóras, mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XIII. Beidh an fhaisnéis sin insórtáilte agus inchuardaithe, lena n‑urramófar caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe. Beidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha in ann faisnéis a chur isteach sa chóras i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis áirithe a luaitear in Airteagal 62 tríd an gcóras agus leagfaidh sé síos, trí ghníomh cur chun feidhme, mionsonraithe faoi struchtúr an chórais, an fhormáid is ceart a úsáid le faisnéis a chur isteach agus na rialacha maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí sa chóras a rochtain, a chomhroinnt, a bhainistiú, a iniúchadh, a fhoilsiú agus a athúsáid.

    Baineann Airteagal 65 leis an bpas ceallra agus éilítear leis go mbeidh taifead leictreonach ag gach ceallra aonair tionsclaíoch agus gach ceallra aonair feithiclí leictreacha a chuirtear ar an margadh, faoin 1 Eanáir 2026. Beidh na taifid uathúil i gcás gach ceallra agus beidh siad le haithint trí aitheantóir uathúil. Nascfar an pas ceallra leis an bhfaisnéis maidir le buntréithe gach cineáil agus samhla ceallra atá stóráilte i bhfoinsí sonraí an Chórais a bunaíodh de réir Airteagal 64 agus beidh sé inrochtana ar líne.

    Leagtar amach na forálacha caighdeánacha maidir le faireachas margaidh i gCaibidil IX.

    Le hAirteagal 69, éascaítear d’údaráis um fhaireachas margaidh a éileamh ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh ar bhonn torthaí a léiríonn nach bhfuil an ceallra comhlíontach nó go sáraíonn an t‑oibreoir eacnamaíoch oibleagáid a eascraíonn as na rialacha faoin margadh aonair nó inbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus dícheall cuí.

    Baineann Caibidil X le soláthar poiblí glas, nós imeachta chun na srianta nua maidir le substaintí guaiseacha a thabhairt isteach agus a leasú agus aitheantas an Choimisiúin do scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair.

    Baineann Airteagal 70 le soláthar poiblí glas agus maidir le húdaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, ar sholáthar ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí dóibh, éilítear orthu breathnú ar thionchair chomhshaoil na gceallraí le linn a saolré d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar chomh híseal agus is féidir tionchair den sórt sin. Chun na críche sin, iarrtar ar na húdaráis chonarthachta agus ar na heintitis chonarthachta sonraíochtaí teicniúla agus critéir dhámhachtana bunaithe ar Airteagal 7 go 10 a chur san áireamh chun a áirithiú go roghnófar táirge as measc táirgí lena mbaineann tionchair i bhfad níos ísle ar an gcomhshaol le linn a saolré. Féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe, critéir éigeantacha íosta a bhunú maidir le soláthar poiblí glas.

    Tá an nós imeachta um na srianta ar shubstaintí guaiseacha a leasú in Airteagal 71, ag leanúint d’Airteagal 6 agus d’Iarscríbhinn I.

    Baineann Airteagal 72 leis na scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair agus aitheantas an Choimisiúin dóibh. Maidir le rialtais, comhlachais thionsclaíocha, agus grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara a rinne forbairt agus a dhéanann maoirseacht ar scéimeanna díchill chuí, féadfaidh siad iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ón gCoimisiún dá scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair a d’fhorbair siad agus a ndéanann siad maoirseacht orthu. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcuireann an scéim díchill chuí sa slabhra soláthair, nuair a chuireann oibreoir eacnamaíoch chun feidhme go héifeachtach é, ar chumas an oibreora eacnamaíoch sin an ceanglas a chomhlíonadh maidir le beartas díchill chuí a bhunú, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena dtabharfar aitheantas don scéim sin atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Leagtar amach cumhachtaí tarmligthe agus nós imeachta coiste i gCaibidil XI.

    Leagtar amach leasú ar Rialachán (AE) 2109/1020 i gCaibidil XII.

    Leagtar amach na forálacha críochnaitheacha i gCaibidil XIII.

    2020/0353 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 22 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 23 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Is straitéis nua fáis é an Comhaontú Glas don Eoraip 24 arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta d’úsáid acmhainní. Tá aistriú ó úsáid breoslaí iontaise i bhfeithiclí go leictrea-shoghluaisteacht ar cheann de na réamhriachtanais chun sprioc na neodrachta aeráide a bhaint amach in 2050. Le gur féidir le beartais táirge an Aontais rannchuidiú le hastaíochtaí carbóin a ísliú ar leibhéal domhanda, ní mór a áirithiú go ndéantar táirgí a mhargaítear agus a dhíoltar san Aontas a fhoinsiú agus a mhonarú ar bhealach inbhuanaithe.

    (2)Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach fuinnimh iad ceallraí agus tá siad ar cheann de na nithe is mó lenar féidir forbairt inbhuanaithe, soghluaisteacht ghlan, fuinneamh glan agus neodracht aeráide a bhaint amach. Meastar go dtiocfaidh méadú gasta ar an éileamh ar cheallraí sna blianta atá amach romhainn, go háirithe ar cheallraí feithiclí leictreacha a úsáideann ceallraí mar fhórsa tarraingthe, rud a fhágann go bhfuil an margadh sin ag éirí níos straitéisí ar an leibhéal domhanda lá i ndiaidh lae. Leanfar den chur chun cinn eolaíoch agus teicniúil i réimse na teicneolaíochta ceallraí. I bhfianaise tábhacht straitéiseach ceallraí, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na hoibreoirí go léir lena mbaineann agus chun leatrom, bacainní ar thrádáil agus saobhadh ar an margadh a sheachaint i ndáil le ceallraí, is gá rialacha a leagan amach ar pharaiméadair inbhuaine, feidhmíocht, sábháilteacht, bailiú, athchúrsáil agus dara húsáid ceallraí, chomh maith le faisnéis faoi cheallraí. Is gá creat rialála comhchuibhithe a chruthú chun déileáil le saolré iomlán ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

    (3)Tá feabhas ar fheidhmíocht chomhshaoil ceallraí agus ar roinnt rialacha comhchoiteanna agus oibleagáidí d’oibreoirí eacnamaíocha de thoradh Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 trí, go háirithe, rialacha comhchuibhithe i ndáil leis an gcion miotail throm i gceallraí agus lipéadú ceallraí agus rialacha agus spriocanna chun na ceallraí dramhaíola go léir a bhainistiú, bunaithe ar fhreagracht leathnaithe táirgeoirí.

    (4)Sna tuarascálacha ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme, tionchar agus meastóireacht Threoir 2006/66/CE 26 , ní hamháin gur leagadh béim ar ghaiscí na Treorach sin ach ar a teorainneacha freisin, go háirithe i gcomhthéacs atá athraithe ó bhonn ina bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le ceallraí agus leis an méadú atá tagtha ar a núsáid.

    (5)Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach an Choimisiúin maidir le Ceallraí 27 bearta chun tacú le hiarrachtaí luachshlabhra ceallraí a thógáil san Eoraip, a ghlacann le heastóscadh amhábhair, foinsiú agus próiseáil inbhuanaithe, ábhair inbhuanaithe do cheallraí, monaraíocht ceall agus córais bainistithe ceallraí, chomh maith le hathúsáid agus athchúrsáil ceallraí

    (6)Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, dhearbhaigh an Coimisiún a ghealltanas an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir le Ceallraí a chur chun feidhme agus mhaígh sé go molfadh sé reachtaíocht chun luachshlabhra ceallraí sábháilte, ciorclaíoch agus inbhuanaithe a áirithiú do gach ceallra, lena náirítear ceallraí a sholáthar do mhargadh na bhfeithiclí leictreacha, ar margadh é atá ag fás.

    (7)Ina conclúidí an 4 Deireadh Fómhair 2019 ar ‘Níos mó ciorclaíochta – An taistriú chuig sochaí inbhuanaithe’, ba é a theastaigh ón gComhairle, inter alia, beartais chomhleanúnacha lena dtacófar le forbairt teicneolaíochtaí lena gcuirfear feabhas ar inbhuaine agus ciorclaíocht ceallraí le dul leis an aistriú chuig leictrea-shoghluaisteacht. Thairis sin, theastaigh ón gComhairle go ndéanfaí athbhreithniú ar Threoir 2006/66/CE gan mhoill, lena náirítear gach ceallra agus ábhar ábhartha agus go mbreathnófaí, go háirithe, ar cheanglais shonracha do litiam agus cóbalt chomh maith le sásra lena gceadófaí oiriúnú na Treorach chun athruithe ar theicneolaíochtaí ceallraí sa todhchaí a léiriú inti.

    (8)Maítear sa Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach a glacadh an 11 Márta 2020 28 go ndéanfar rialacha ar ábhar athchúrsáilte agus bearta chun feabhas a chur ar rátaí bailithe agus athchúrsála na gceallraí go léir a mheas sa togra le haghaidh creat rialála nua do cheallraí, chun a áirithiú go naisghabhfar ábhair luachmhara agus chun treoir a chur ar fáil do thomhaltóirí agus go dtabharfar aghaidh leis ar chéimniú amach féideartha ceallraí neamh-in-athluchtaithe nuair atá roghanna malartacha ann. Thairis sin, luaitear go ndéanfar ceanglais maidir le hinbhuaine agus trédhearcacht a mheas, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh: lorg carbóin monaraíochta ceallraí, foinsiú eiticiúil amhábhar agus slándáil an tsoláthair chun athúsáid, athrú cuspóra agus athchúrsáil ceallraí a éascú.

    (9)Beidh gá le ceanglais chomhchuibhithe a bhunú i leith na dtáirgí agus na margaíochta chun dul i ngleic le saolré na gceallraí go léir a chuirtear ar mhargadh an Aontais, lena náirítear nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, chomh maith le ceanglais chun dul i ngleic go hiomlán le céim deireadh ré ceallraí. Is gá go mbeadh ceanglais maidir leis an gcéim deireadh ré ann chun dul i ngleic leis na himpleachtaí comhshaoil a bhaineann le ceallraí agus, go háirithe, chun tacú le margaí athchúrsála a chruthú do cheallraí agus margaí d’amhábhar tánaisteach ó cheallraí chun na lúba ábhar a dhúnadh. Chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach, is é sin dul i ngleic le saolré iomlán ceallra in aon ionstraim dlí amháin agus bacainní ar thrádáil agus saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint agus ionracas gairmiúil an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú san am céanna, ba cheart na rialacha lena leagtar amach na ceanglais ar cheallraí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach do na hoibreoirí uile ar fud an Aontais agus níor cheart go mbeadh an deis ag aon Bhallstát iad a chur chun feidhme ar bhealach difriúil leis na Ballstáit eile. Ba cheart Rialachán a chur in ionad Threoir 2006/66/CE dá bhrí sin.

    (10)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál ceallra agus cill stórais a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís laistigh den Aontas, bídís leo féin nó suite i bhfearais nó curtha ar fáil le fearais agus feithiclí leictreacha agus leictreonacha ar bhealach eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo beag beann ar cibé atá nó nach bhfuil ceallra deartha go sonrach do tháirge nó atá nó nach bhfuil sé le húsáid go ginearálta agus gan beann ar cibé atá nó nach bhfuil sé suite i dtáirge nó curtha ar fáil i dteannta táirge nó ar leithligh ó tháirge a bhfuil sé ceaptha a bheith úsáidte ann.

    (11)Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh ina bpacáistí ceallraí, arb éard atá ann ceallraí nó grúpaí ceall atá nasctha le chéile agus/nó istigh i gcás mar aonad ann féin réidh lena úsáid nach bhfuil an túsáideoir deiridh ceaptha a dheighilt ó chéile ná a oscailt agus atá i gcomhréir leis an sainmhíniú ar cheallraí, ba cheart na táirgí sin a bheith faoi réir ceanglais is infheidhme maidir le ceallraí. Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh ina modúil ceallraí atá i gcomhréir leis an sainmhíniú ar phacáiste ceallraí, ba cheart na táirgí sin a bheith faoi réir ceanglais is infheidhme maidir le pacáistí ceallraí.

    (12)Laistigh de raon feidhme leathan an Rialacháin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí difriúla ceallraí i gcomhréir lena ndearadh agus lena núsáid, neamhspleách ar cheimic an cheallra. Maidir le haicmiú ceallraí inaistrithe, ar thaobh amháin, agus le haicmiú ceallraí tionsclaíocha agus gluaisteán ar an taobh eile faoi Threoir 2006/66/CE, ba cheart an taicmiú sin a fhorbairt tuilleadh chun gur fearr a léireofar forbairtí nua in úsáid ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí leictreacha agus a thagann faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha i dTreoir 2006/66/CE, ceallraí atá ina gcuid mhór, atá ag fás, den mhargadh iad mar gheall ar fhás tapa úsáid na bhfeithiclí iompair de bhóthar de chineál leictreach. Iomchuí atá sé dá bhrí sin na ceallraí sin a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí bóthair a aicmiú mar chatagóir nua ceallraí feithiclí leictreacha. Aicmítear ceallraí a úsáidtear mar fhórsa tarraingthe i bhfeithiclí iompair eile lena náirítear iompar iarnróid, d’uisce agus eitlíochta, faoi chatagóir na gceallraí tionsclaíocha go fóill faoin Rialachán seo. Cuimsíonn an ceallra tionsclaíoch grúpa leathan ceallraí, atá beartaithe lena núsáid le haghaidh gníomhaíochtaí tionsclaíocha, bonneagar cumarsáide, gníomhaíochtaí talmhaíochta nó le haghaidh fuinneamh leictreach a ghiniúint agus a dháileadh. Anuas ar an liosta neamhchuimsitheach sin de shamplaí, ba cheart breathnú ar aon cheallra nach ceallra inaistrithe é ná ceallra gluaisteán é ná ceallra feithicle leictrí é mar cheallra tionsclaíoch. Breathnaítear ar cheallraí a úsáidtear le haghaidh stóráil fuinnimh i dtimpeallachtaí príobháideacha nó tí mar cheallraí tionsclaíocha chun críocha an Rialacháin seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú go naicmeofar gach ceallra a úsáidtear i modhanna éadroma iompair, ar nós rothair leictreacha agus scútar mar cheallraí inaistrithe, is gá an sainmhíniú ar cheallraí inaistrithe a shoiléiriú agus teorainn mheáchain a thabhairt isteach le haghaidh ceallraí den sórt sin.

    (13)Ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú chun a bhfeidhmíocht, marthanacht agus sábháilteacht a optamú agus chun a lorg comhshaoil a íoslaghdú. Is iomchuí ceanglais shonracha inbhuaine a leagan síos do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus do cheallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh mar is iad na ceallraí sin an chuid den mhargadh ina bhfuiltear ag súil leis an méadú is mó sa mhargadh sna blianta amach romhainn.

    (14)Chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, agus chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag na táirgeoirí agus ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, is gá do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a ainmniú.

    (15)Ba cheart srian a bheith ar úsáid substaintí guaiseacha i gceallraí chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus chun láithreacht substaintí den sórt sin i ndramhaíl a laghdú. Mar sin, i dteannta na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , is iomchuí srianta a leagan amach do mhearcair agus caidmiam i gcineálacha áirithe ceallraí. Maidir le ceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí a bhfuil díolúine acu faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 , ba cheart na ceallraí sin a eisiamh ón toirmeasc caidmiam a bheith iontu.

    (16)Maidir le substaintí guaiseacha a mbaineann riosca doghlactha leo do shláinte an duine agus don chomhshaol nuair a úsáidtear i gceallraí iad, chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic leo go cuí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na srianta ar shubstaintí guaiseacha i gceallraí a leasú.

    (17)Maidir leis an nós imeachta chun srianta nua a ghlacadh agus srianta reatha a leasú maidir le substaintí guaiseacha i gceallraí, ba cheart an nós imeachta sin a bheith i gcomhréir go huile agus go hiomlán le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Chun cinnteoireacht, comhordú agus bainistiú éifeachtach ghnéithe teicniúla, eolaíocha agus riaracháin gaolmhara an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘an Ghníomhaireacht’) tascanna sonraithe a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le substaintí i monaraíocht agus úsáid ceallraí, chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a bheidh a ré caite chomh maith leis an meastóireacht ar na gnéithe socheacnamaíocha agus an anailís ar roghanna malartacha, i gcomhréir leis an treoir ábhartha ón nGníomhaireacht. Dá réir sin, ba cheart do na Coistí um Measúnú Riosca agus Anailís Shocheacnamaíoch de chuid na Gníomhaireachta cur i gcrích tascanna áirithe a bhronntar ar an nGníomhaireacht leis an Rialachán seo a éascú.

    (18)Ba cheart go laghdófar astaíochtaí carbóin mar gheall ar an imscaradh ollmhór ceallraí lena bhfuiltear ag súil in earnálacha ar nós soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh, ach chun an leas is fearr a bhaint as an bhféidearthacht sin is gá go mbeadh lorg carbóin íseal acu le linn a saolré iomlán. De réir na Rialacha Catagóire de réir an Loirg Comhshaoil Táirge do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha 31 , is é an tathrú aeráide an dara catagóir tionchair is airde do cheallraí tar éis úsáid mianraí agus miotal. Maidir leis an doiciméadacht theicniúil le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh a chuirtear ar mhargadh an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, dearbhú maidir le lorg carbóin a bheith ag gabháil leis an doiciméadacht sin, ar cheart dó a bheith sonrach, más gá, don bhaiste monaraíochta. Déantar ceallraí i mbaisceanna, baisceanna a tháirgtear de réir méideanna sonracha laistigh de spriocdhátaí áirithe. Is réamhriachtanas é comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha teicniúla chun lorg carbóin a ríomh le haghaidh na gceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe uile agus na gceallraí feithiclí leictreacha go léir a bhfuil stóras inmheánach acu ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is réamhriachtanas é sin le haghaidh ceanglas a thabhairt isteach go náireofaí le doiciméadacht theicniúil na gceallraí dearbhú maidir le lorg carbóin, agus ina dhiaidh sin, chun aicmí feidhmíochta maidir le lorg carbóin a bhunú ionas gur féidir na ceallraí a bhfuil an lorg carbóin is ísle acu ar an iomlán a shainaithint. Níltear ag súil leis go dtiocfaidh an tathrú iompraíochta is gá díreach mar gheall ar cheanglais maidir le faisnéis agus lipéadú soiléir faoi lorg carbóin ceallraí, an tathrú is gá chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Aontais chun na hearnálacha soghluaisteachta agus stórála fuinnimh a dhícharbónú i gcomhréir leis na cuspóirí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide 32 . Tabharfar tairseacha uasta carbóin mar gheall air sin tar éis do mheasúnú tionchair tiomnaithe a bheith déanta chun na luachanna sin a chinneadh. Agus leibhéal thairseach uasta an loirg carbóin á mholadh, tabharfaidh an Coimisiún san áireamh, inter alia, dáileadh coibhneasta luachanna an loirg carbóin i dtaobh ceallraí ar an margadh, méid an dul chun cinn ar lorg carbóin ceallraí arna gcur ar mhargadh an Aontais a laghdú agus cion tairbhe éifeachtach féideartha an bhirt sin i leith chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus neodracht aeráide faoi 2050. Chun trédhearcacht maidir le lorg carbóin na gceallraí a chothú, agus margadh an Aontais a aistriú i dtreo ceallraí lena mbaineann carbón níos ísle, beag beann ar an áit ina ndéantar iad a tháirgeadh, tá bonn cirt le méadú carnach de réir a chéile ar na ceanglais maidir le lorg carbóin. De thoradh na gceanglas sin, áireofar na hastaíochtaí carbóin a sheachnófar i saolré na gceallraí le baint amach chuspóir an Aontais neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Féadfaidh sé go gcumasófar freisin beartais eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ar nós dreasachtaí nó critéar maidir le soláthar poiblí glas, rud a dhéanfaidh táirgeadh ceallraí a bhfuil níos lú tionchair ar an gcomhshaol acu a chothú.

    (19)Faightear substaintí áirithe i gceallraí, ar nós cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile, as acmhainní tearca nach bhfuil ar fáil go héasca san Aontas agus measann an Coimisiún gur amhábhair chriticiúla atá i gcuid acu. Is réimse é seo inar gá don Eoraip a huathriail straitéiseach a fheabhsú agus a hathléimneacht a mhéadú chun í féin a ullmhú ar eagla go gcuirfí isteach ar an soláthar de dheasca géarchéimeanna sláinte nó eile. Má dhéantar an chiorclaíocht agus an éifeachtúlacht acmhainne a fhorbairt agus athchúrsáil agus aisghabháil na namhábhar sin a mhéadú san am céanna, is fearr mar a éireoidh leis an Eoraip an cuspóir sin a bhaint amach.

    (20)Thabharfaí tacaíocht d’fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh dá dtiocfadh méadú ar úsáid ábhar aisghabháilte agus cheadófaí úsáid níos tíosaí ar acmhainní leis, agus san am céanna, dhéanfaí spleáchas an Aontais ar ábhair ó thríú tíortha a laghdú. Maidir le ceallraí, is ábhartha é sin go háirithe i gcás cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile. Dá bhrí sin, is gá aisghabháil ábhar den sórt sin ó dhramhaíl a chur chun cinn, lena mbunaítear ceanglas ar leibhéal an ábhair athchúrsáilte i gceallraí ina núsáidtear cóbalt, luaidhe, litiam agus nicil ina nábhair ghníomhacha. Socraítear leis an Rialachán seo spriocanna éigeantacha maidir le hábhar athchúrsáilte le haghaidh cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile ar cheart iad a chomhlíonadh faoi 2030. Bunaítear spriocanna níos déine faoi 2035 le haghaidh cóbailt, litiam agus nicile. I gcás na spriocanna go léir ba cheart go dtabharfaí san áireamh infhaighteacht dramhaíola ónar féidir ábhair dá leithéid a aisghabháil, féidearthacht theicniúil na haisghabhála lena mbaineann, na próisis déantúsaíochta mar aon leis an am a theastaíonn ó oibreoirí eacnamaíocha chun a gcuid próiseas soláthair agus monaraíochta a oiriúnú. Dá bhrí sin, sula mbeidh na spriocanna éigeantacha sin infheidhme, ba cheart an ceanglas maidir le hábhar athchúrsáilte a theorannú do nochtadh faisnéise faoi ábhar athchúrsáilte.

    (21)Chun an riosca maidir le soláthar cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile a chur san áireamh agus chun a ninfhaighteacht a mheasúnú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na spriocanna don íos-chion cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile atá i láthair in ábhair ghníomhacha i gceallraí a leasú.

    (22)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cuir chun feidhme na rialacha ar ríomh agus fíorú, in aghaidh samhail cheallra agus baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta, an méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile a aisghabhtar ó dhramhaíl atá in ábhair ghníomhacha i gceallraí, agus na rialacha ar na ceanglais maidir le faisnéis don doiciméadacht theicniúil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (23)Ba cheart ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a bheith inmharthanach agus ar ardfheidhmíocht. Is gá, dá bhrí sin, paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leagan amach do cheallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta chomh maith le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha. I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, tá Meitheal UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol ag forbairt ceanglais mharthanachta infheithicle, agus mar sin, ní shocrófar ceanglais mharthanachta bhreise leis an Rialachán seo. Ar an taobh eile, i réimse na gceallraí maidir le stóráil fuinnimh, meastar nach bhfuil na modhanna tomhais atá ann faoi láthair chun feidhmíocht agus marthanacht ceallraí a thástáil beacht ná ionadaíoch a dhóthain le go bhféadfaí íoscheanglais a thabhairt isteach. Ba cheart caighdeáin chomhchuibhithe leordhóthanacha nó sonraíochtaí coiteanna atá ar fáil a bheith ann in éineacht le tabhairt isteach íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht agus marthanacht na gceallraí sin.

    (24)Chun an tionchar comhshaoil a bhíonn ag ceallraí le linn a saolré a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta a leasú agus íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar sin do cheallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta agus do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe.

    (25)Féadfaidh sé go mbeidh úsáid mhí-éifeachtach acmhainní agus fuinnimh ag baint le roinnt ceallraí neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta. Ba cheart ceanglais oibiachtúla maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí den sórt sin a bhunú chun a áirithiú gur lú an méid ceallraí inaistrithe ísealfheidhmíochta neamh-in-athluchtaithe le haghaidh úsáid ghinearálta atá á gcur ar an margadh, go háirithe, i gcás ina léireofaí i measúnú saolré go mbeadh sochair chomhshaoil ann dá núsáidfí ceallraí in-athluchtaithe ina nionad.

    (26)Chun a áirithiú go bhfuil ceallraí inaistrithe a chuirtear isteach i bhfearais faoi réir bailiú iomchuí ar leithligh, cóireáil chuí agus athchúrsáil d’ardcháilíocht a luaithe is ceallraí dramhaíola iad, is gá forálacha a leagan síos lena ninbhainteacht agus a ninathsholáthraitheacht i leith fearais den sórt sin a áirithiú. Ba cheart go bhféadfaí ceallraí caite a athsholáthar freisin chun fad a chur le saolré ionchasach na bhfearas a bhfuil siad mar chuid díobh. Féadfar forálacha ginearálta an Rialacháin seo a chomhlánú le ceanglais a socraíodh le haghaidh táirgí áirithe a chumhachtaítear le ceallraí faoi bhearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . I gcás ina leagfar síos ceanglais níos sonraithe le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ar chúiseanna sábháilteachta, maidir le ceallraí a bhaint de tháirgí (e.g. bréagáin), ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sonracha sin.

    (27)Is bunriachtanas é ceallraí iontaofa a bheith ann le haghaidh oibríocht agus sábháilteacht cuid mhaith táirgí, fearas agus seirbhísí. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach lena gcinntítear go noibreoidh siad go sábháilte agus go bhféadfar iad a úsáid go sábháilte. Tá an ghné sin ábhartha go háirithe do chórais stórála fuinnimh i gceallraí suite, nach gcumhdaítear le reachtaíocht an Aontais faoi láthair. Ba cheart, dá bhrí sin, paraiméadair a bheidh le breithniú i dtástálacha sábháilteachta a leagan síos i leith na gcóras stórála fuinnimh sin.

    (28)Chun faisnéis shoiléir iontaofa thrédhearcach a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí agus faoina bpríomh-shaintréithe, agus faoi cheallraí dramhaíola, chun a chur ar chumas na núsáideoirí deiridh cinntí eolacha a dhéanamh nuair a cheannaíonn siad ceallraí agus nuair a dhéanann siad iad a dhiúscairt agus chun é a chur ar chumas oibreoirí dramhaíola ceallraí dramhaíola a chóireáil go cuí, ba cheart lipéad a chur ar cheallraí. Ba cheart lipéad a bheith ar cheallraí chun an fhaisnéis uile is gá faoina bpríomh-shaintréithe a léiriú, lena náirítear a dtoilleadh agus an méid substaintí guaiseacha áirithe atá iontu. Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis ar fáil in imeacht ama, ba cheart go mbeadh sí ar fáil trí bhíthin cóid QR freisin.

    (29)Tá sé fíor-riachtanach faisnéis faoi fheidhmíocht ceallraí a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh mar thomhaltóirí chun a áirithiú gur maith agus gur tráthúil a chuirtear ar an eolas iad agus go háirithe go bhfuil bonn coiteann acu chun comparáid a dhéanamh idir ceallraí difriúla sula gceannóidís aon cheo. Dá bhrí sin, ba cheart ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta agus ceallraí gluaisteáin a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis ar an meán-íosfhad agus úsáidí sonracha á mbaint astu. Thairis sin, tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tábhachtach chun an túsáideoir deiridh a chur ar an eolas faoi conas ceallraí dramhaíola a dhiúscairt go cuí.

    (30)Ba cheart córas bainistithe ceallra a bheith i gceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus i gceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh, córas ina stóráiltear sonraí is gá chun gur féidir leis an úsáideoir deiridh nó le haon tríú páirtí eile ag gníomhú thar a cheann staid sláinte agus saolré ionchasach na gceallraí a chinneadh. Chun athrú cuspóra nó athmhonaraíocht a dhéanamh ar cheallra, soláthrófar rochtain ar an gcóras bainistithe ceallraí don duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaigh an ceallra go dleathach nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun luach iarmharach an cheallra a mheas, athúsáid, athrú cuspóra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú agus chun an ceallra a chur ar fáil do chomhiomlánóirí neamhspleácha, de réir mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 201/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 , comhiomlánóirí a mbíonn stáisiúin chumhachta fhíorúla á noibriú acu in eangacha leictreachais. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin anuas ar dhlí an Aontais maidir le cineál formheasa feithiclí, lena náirítear sonraíochtaí teicniúla a d’fhéadfadh teacht as obair Mheitheal neamhfhoirmiúil UNECE ar Fheithiclí Leictreacha agus ar an gComhshaol faoi rochtain ar shonraí i bhfeithiclí leictreacha.

    (31)Maidir le roinnt ceanglas is sonrach do tháirgí faoin Rialachán seo, lena náirítear ceanglais maidir le feidhmíocht, marthanacht, athrú cuspóra agus sábháilteacht, ba cheart iad a thomhas trí mhodhanna beachta iontaofa inatáirgthe a úsáid lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais agus ríofa a bhfuil aitheantas coitianta dóibh. Chun a áirithiú nach mbeidh aon bacainní ar thrádáil ar an margadh inmheánach, ba cheart caighdeáin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Maidir leis na modhanna agus caighdeáin sin, ba cheart, a mhéid is féidir, go gcuirfí san áireamh leo an úsáid a bhaintear as ceallraí san fhíorshaol, go léireofaí an meánréimse iompraíochta tomhaltóirí iontu agus ba cheart iad a bheith daingean chun teacht timpeall toiliúil agus neamhthoiliúil a sheachaint. A luaithe a ghlactar tagairt do chaighdeán den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 agus a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cinnfear toimhde na comhréireachta leis na ceanglais tháirge-shonracha sin a glacadh ar bhonn an Rialacháin seo, ar an gcoinníoll go léiríonn toradh na modhanna sin go bhfuil na luachanna íosta arna gcinneadh le haghaidh na gceanglas substainteach sin bainte amach. In éagmais caighdeáin fhoilsithe san am a chuirtear na ceanglais tháirge-shonracha i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme agus má chomhlíontar na sonraíochtaí sin, toimhdeofar go bhfuil comhréireacht ann freisin. I gcásanna ina bhfaighfear easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna ag céim níos déanaí, ba cheart don Choimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, na sonraíochtaí comhchoiteanna i gceist a leasú nó a aisghairm.

    (32)Chun a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ar fhaisnéis chun críocha faireachas margaidh, chun oiriúnú do theicneolaíochtaí nua agus chun athléimneacht a áirithiú i gcás géarchéimeanna domhanda, ar nós phaindéim Covid-19, ba cheart go bhféadfaí faisnéis faoi chomhréireacht le gníomhartha uile an Aontais is infheidhme maidir le ceallraí a chur ar fáil ar líne i bhfoirm dearbhaithe comhréireachta AE amháin.

    (33)Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, soláthraítear creat chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí agus chun táirgí ó thríú tíortha a rialú, agus leagtar síos prionsabail ghinearálta na marcála CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta ar leas an phobail, ar nós shláinte an duine, sábháilteachta agus an chomhshaoil.

    (34)Chun a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann ceallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo agus d’údaráis inniúla é sin a fhíorú, is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 bunaítear modúil maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ón gceann is lú déine go dtí an ceann is mó déine, i gcomhréir leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal sábháilteachta is gá. De réir Airteagal 4 den Chinneadh sin, ina néilítear measúnú comhréireachta, is as na modúil sin a chaithfear na nósanna imeachta le haghaidh an mheasúnaithe sin a roghnú.

    (35)Ní léirítear gnéithe sonracha áirithe ceallraí leis na modúil roghnaithe, áfach, agus mar sin is gá na modúil roghnaithe a chur in oiriúint le haghaidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta. Chun úrnuacht agus castacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú a leagtar amach sa Rialachán seo a chur san áireamh agus chun a áirithiú go bhfuil na ceallraí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leasú trí chéimeanna fíoraithe a chur isteach nó trí mhodúl measúnaithe a athrú, ar bhonn forbairtí ar an margadh ceallraí nó sa luachshlabhra ceallraí.

    (36)Léirítear leis an marcáil CE go bhfuil ceallra i gcomhréir leis an Rialachán seo. Leagtar amach prionsabail ghinearálta lena rialaítear an mharcáil CE agus an gaol idir í agus marcálaithe eile i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail sin maidir leis an marcáil CE ar cheallraí. Chun a áirithiú go stóráiltear, go núsáidtear agus go ndiúscraítear an ceallra ar bhealach atá sábháilte ó thaobh sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos lena rialófaí greamú na marcála CE i gcás ceallraí.

    (37)Éilítear idirghabháil ó chomhlachtaí um measúnú comhréireachta leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart d’údaráis na mBallstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na comhlachtaí sin.

    (38)De bharr úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú do cheallraí agus chun leibhéal seasmhach cáilíochta a áirithiú maidir le feidhmíocht i measúnuithe comhréireachta ceallraí, is gá ceanglais a leagan síos do na húdaráis a thugann fógra a mbeidh baint acu le measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra, le fógra a thabhairt dóibh agus le faireachán a dhéanamh orthu. Go háirithe, ba cheart a áirithiú go bhfuil an túdarás a thugann fógra oibiachtúil neamhchlaonta maidir lena ghníomhaíocht. Thairis sin, ba cheart a éileamh ar na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú ach ba cheart, mar sin féin, go bhféadfaidís faisnéis a mhalartú faoi chomhlachtaí dá dtugtar fógra le húdaráis náisiúnta, le húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht leis an measúnú comhréireachta a áirithiú.

    (39)Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfadh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go léir a bhfeidhmeanna ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí córa iomaíochta agus uathrialach. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais a leagan síos do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mhian leo fógra a fháil faoi sholáthar gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Ba cheart go leanfaí d’fheidhm a bheith ag na ceanglais sin mar réamhriachtanas chun inniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra a chothabháil. Chun uathriail an chomhlachta dá dtugtar fógra a áirithiú, ba cheart a éileamh ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra agus ar na baill foirne a fhostaítear ann fanacht neamhspleách ar oibreoirí eacnamaíocha sa luachshlabhra ceallraí agus ar chuideachtaí eile, lena náirítear comhlachais ghnó, máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí. Ba cheart a éileamh ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra a neamhspleáchas a thaifeadadh agus an doiciméadacht sin a sholáthar don údarás a thugann fógra.

    (40)I gcás go léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, toimhdeofar go gcomhlíonfaidh an comhlacht na ceanglais chomhréireacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (41)Is minic a ligeann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó is minic a théann siad in iontaoibh fochuideachta. Maidir le gníomhaíochtaí áirithe agus próisis áirithe chinnteoireachta, i ndáil le measúnú comhréireachta ceallraí agus gníomhaíochtaí inmheánacha eile a bhaineann leis an gcomhlacht dá dtugtar fógra, ba cheart don chomhlacht dá dtugtar fógra féin na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, chun a neamhspleáchas agus a uathriail a áirithiú. Thairis sin, chun leibhéal na cosanta atá ag teastáil le ceallraí a chur ar mhargadh an Aontais a choimirciú, ba cheart go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna le comhlachtaí dá dtugtar fógra i ndáil le feidhmíocht tascanna um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo.

    (42)Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh baint idir na seirbhísí atá á dtairiscint ag comhlachtaí dá dtugtar fógra i mBallstát le ceallraí a chuirtear ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóid a dhéanamh maidir le comhlacht dá dtugtar fógra. Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme faoi dhálaí aonfhoirmeacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a iarraidh ar an údarás a thugann fógra gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo a thuilleadh.

    (43)Ar mhaithe leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta, an deimhniú agus, ar deireadh, an rochtain ar an margadh a éascú agus ar mhaithe le luas a chur leis na nithe sin, agus i bhfianaise úrnuacht agus chastacht na gceanglas maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú do cheallraí, is ríthábhachtach an rud é go leanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra de rochtain a bheith acu ar gach píosa trealaimh tástála agus gach saoráid tástála a theastaíonn agus go gcuirfidh siad na nósanna imeachta i bhfeidhm gan ualaí nach bhfuil gá leo a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus chun a áirithiú go gcaitear le hoibreoirí eacnamaíocha ar an gcaoi chéanna, is gá do na comhlachtaí dá dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i bhfeidhm go seasta.

    (44)Sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach cibé acu a bhronnfar nó nach mbronnfar deimhniú comhréireachta ar an gceallra, beidh cead ag an oibreoir eacnamaíoch ar mian leis ceallra a chur ar an margadh an doiciméadacht ar an gceallra a chomhlánú aon uair amháin.

    (45)Ba cheart don Choimisiún comhordú agus comhoibriú iomchuí a éascú idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra.

    (46)Is iomchuí na hoibleagáidí a bhaineann le ceallra a chur ar an margadh nó ceallra a chur i seirbhís a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha, lena náirítear an monaróir, an tionadaí údaraithe, an tallmhaireoir, an dáileoir, na soláthraithe seirbhíse comhlíonta nó aon duine dlítheanach eile a ghlacann an fhreagracht dhlíthiúil air féin i ndáil le ceallraí a mhonarú, iad a chur ar fáil nó iad a chur ar an margadh nó iad a chur i seirbhís.

    (47)Ba cheart gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha a bheadh freagrach as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag ceallraí, i ndáil leis na róil faoi seach atá acu sa luachshlabhra, chun a áirithiú go ndéanfaí leas an phobail a chosaint, ar nós shláinte an duine, sábháilteachta agus cosaint maoine agus an chomhshaoil.

    (48)Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a mbíonn baint acu leis an slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach ceallraí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh ag teacht le ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte.

    (49)Is é an monaróir is fearr chun an nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ós aige atá an teolas mionsonraithe faoin bpróiseas dearaidh agus táirgeachta. Ba cheart, mar sin, gur faoin monaróir, agus faoin monaróir amháin, oibleagáid an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh.

    (50)Ba cheart don mhonaróir faisnéis atá mionsonraithe a dhóthain faoin úsáid atá ceaptha don cheallra a sholáthar ionas go gcuirfí ar an margadh é, go gcuirfí i seirbhís é, go núsáidfí é agus go ndéanfaí é a bhainistiú ag deireadh a ré go cuí agus go sábháilte, lena náirítear i gcás ina ndéanfaí athrú cuspóra air.

    (51)Chun cumarsáid idir na hoibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis um fhaireachas margaidh agus na tomhaltóirí a éascú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha, mar chuid dá sonraí teagmhála, suíomh gréasáin a chur ar fáil, anuas ar a seoladh poist.

    (52)Is gá a áirithiú go gcomhlíonann ceallraí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo, is é sin ceallraí ar ceallraí iontu féin iad nó ceallraí ar ceallraí laistigh de tháirgí iad, agus go háirithe, gur thug monaróirí na gceallraí sin faoi nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta maidir leis na ceallraí sin. Ba cheart foráil a dhéanamh, mar sin, maidir le hallmhaireoirí, i gcás na gceallraí a chuireann siad ar an margadh agus a chuireann siad i seirbhís, chun a áirithiú go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus go bhfuil an mharcáil CE ar cheallraí agus an doiciméadacht arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil lena niniúchadh ag na húdaráis náisiúnta.

    (53)Nuair a chuireann allmhaireoir ceallra ar an margadh nó nuair a chuireann sé i seirbhís é, ba cheart dó a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe a chur ar an gceallra, chomh maith leis an seoladh poist. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí i gcásanna nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar mhéid an cheallra. Áirítear air sin cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an pacáistiú a oscailt chun an tainm agus seoladh a chur ar an gceallra nó ina mbeadh an ceallra róbheag chun an fhaisnéis a ghreamú de.

    (54)Nuair a chuireann an dáileoir ceallra ar fáil ar an margadh i ndiaidh don mhonaróir nó don allmhaireoir é a chur ar an margadh nó é a chur i seirbhís, ba cheart don dáileoir gníomhú le cúram cuí chun a áirithiú nach ndéanfaidh sé aon dochar don cheallra a chuirfeadh isteach ar a chomhlíontacht le ceanglais an Rialacháin seo.

    (55)Maidir le haon allmhaireoir nó dáileoir a chuireann ceallra ar an margadh nó a chuireann ceallra i seirbhís faoina ainm féin nó faoina thrádmharc féin nó a dhéanann ceallra a mhodhnú ar bhealach a d’fhéadfadh cur isteach ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó a mhodhnaíonn feidhm ceallra atá curtha ar an margadh cheana féin, ba cheart a mheas gurb é an duine sin an monaróir agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin.

    (56)Ós rud é go bhfuil dáileoirí agus allmhaireoirí gar don mhargadh féin, ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sna tascanna faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis náisiúnta agus ba cheart dóibh a bheith toilteanach páirt a ghlacadh ar bhealach gníomhach, ag cur na faisnéise uile is gá faoin gceallra lena mbaineann ar fáil do na húdaráis chéanna.

    (57)Bíonn faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla más féidir inrianaitheacht ceallra a chinntiú ar fad an luachshlabhra ar fad. Le córas éifeachtach inrianaitheachta, cuirtear ar chumas na núdarás um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir ceallraí neamhchomhlíontacha ar an margadh nó a chuir ar fáil ar an margadh iad nó a chuir i seirbhís iad a aimsiú. Ba cheart go néileofaí ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis faoina nidirbhearta ceallraí a choinneáil ar feadh tréimhse ama áirithe.

    (58)Tá eastóscadh, próiseáil agus trádáil acmhainní mianracha nádúrtha riachtanach chun na hamhábhair is gá a chur ar fáil le haghaidh táirgeadh ceallraí. Níl cosaint ag monaróirí ceallraí, beag beann ar a stádas ná ar a dtionchar i leith soláthraithe ná ar a láthair gheografach, ar an mbaol go gcuirfidís le drochthionchair ar an slabhra soláthair mianraí. I gcás roinnt amhábhar, tá breis agus leath den táirgeadh domhanda le haghaidh úsáid ceallraí. Mar shampla, úsáidtear breis agus 50 % den éileamh domhanda ar chóbalt agus breis agus 60 % de litiam an domhain á úsáid chun ceallraí a tháirgeadh. Úsáidtear thart ar 8 % de tháirgeadh domhanda na graifíte nádúrtha agus 6 % de tháirgeadh domhanda na nicile i monaraíocht ceallraí.

    (59)Ní sholáthraíonn ach líon beag tíortha na hábhair sin agus, i roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh caighdeáin ísle rialachais le fadhbanna comhshaoil agus sóisialta. Baineann mianadóireacht agus mínchóireáil cóbailt agus nicile le raon leathan fadhbanna sóisialta agus comhshaoil, lena náirítear féidearthacht guaise don chomhshaol agus do shláinte an duine. Cé nach mbíonn na hiarmhairtí sóisialta agus comhshaoil i gcás na graifíte nádúrtha chomh dian sin, baineann ardsciar dá mianadóireacht le hoibríochtaí ar mhionscála a dhéantar den chuid is mó ar bhonn neamhfhoirmiúil as a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha sláinte agus comhshaoil eascairt, agus áirítear leosan nach ndéantar mianaigh a dhúnadh ar bhonn rialta agus nach ndéantar athshlánú ina leith, rud a fhágann go ndéantar éiceachórais agus ithreacha a scriosadh. I gcás litiam, is cosúil go gcuirfidh an méadú lena bhfuiltear ag súil ar a úsáid i monaraíocht ceallraí brú breise ar oibríochtaí eastósctha agus mínchóireála, rud a fhágann gur cheart litiam a chur san áireamh le raon feidhme oibleagáidí díchill chuí an tslabhra soláthair. Níor cheart go gcuirfeadh an méadú ollmhór lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ar cheallraí san Aontas le méadú ar rioscaí comhshaoil agus sóisialta den chineál sin.

    (60)Breathnaítear ar chuid de na hamhábhair lena mbaineann; cóbalt, litiam agus graifít nádúrtha cuir i gcás mar amhábhair atá ríthábhachtach don Aontas 38 agus is gá iad a fhoinsiú ar bhonn inbhuanaithe má tá éiceachóras ceallraí an Aontais le feidhmiú go cuí.

    (61)Tá roinnt iarrachtaí deonacha ar bun ag gníomhaithe sa slabhra soláthair ceallraí cheana féin chun comhlíonadh le cleachtais inbhuanaithe foinsithe a spreagadh, lena náirítear an Tionscnamh um Dhearbhú Mianadóireachta Freagraí (IRMA), an Tionscnamh um Fhreagracht i dtaobh Mianraí (RMI) agus Creat Measúnaithe Freagrach Thionscal an Chóbailt (CIRAF). Féadfaidh sé, áfach, nach náiritheoidh iarrachtaí deonacha chun scéimeanna díchill chuí a chur ar bun go gcloífidh gach oibreoir eacnamaíoch a chuirfidh ceallraí ar mhargadh an Aontais leis an tacar céanna íosrialacha.

    (62)San Aontas, is le Rialachán (AE) Uimh. 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a tugadh isteach na ceanglais ghinearálta maidir le dícheall cuí i dtaca le mianraí agus miotail áirithe 39 . Ní phléitear na mianraí ná na hábhair a úsáidtear i dtáirgeacht ceallraí sa Rialachán sin, áfach.

    (63)Dá bhrí sin, ag féachaint don fhás easpónantúil lena bhfuiltear ag súil ar éileamh ceallraí san Aontas, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar mhargadh an Aontais beartas díchill chuí sa slabhra soláthair a bhunú. Ba cheart na ceanglais a leagan síos dá bhrí sin, agus é mar chuspóir aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le hamhábhar áirithe a eastóscadh, a phróiseáil agus a thrádáil chun críoch monaraíochta ceallraí.

    (64)Agus beartas díchill chuí atá bunaithe ar rioscaí á chur i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar phrionsabail díchill chuí a aithnítear go hidirnáisiúnta mar atá Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe 40 , na Treoirlínte maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí 41 , Dearbhú Trípháirteach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta 42 , agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach (RBC) 43 , ar prionsabail iad ina léirítear comhthuiscint idir rialtais agus páirtithe leasmhara, agus ba cheart é a chur in oiriúint do chomhthéacs sonracha agus d’imthosca sonracha gach oibreora eacnamaíoch. Maidir le heastóscadh, próiseáil agus trádáil acmhainní mianraí nádúrtha a úsáidtear i dtáirgeadh ceallraí, is é atá i dTreoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca 44 (‘Treoir ECFE um Dhícheall Cuí’), iarracht sheanbhunaithe rialtas agus páirtithe leasmhara dea-chleachtas a bhunú sa réimse sin.

    (65)Dar le Treoir ECFE um Dhícheall Cuí 45 , is próiseas leanúnach réamhghníomhach agus frithghníomhach é an dícheall cuí trínar féidir le cuideachtaí a áirithiú go nurramaíonn siad cearta an duine agus nach gcuireann siad le coinbhleacht 46 .. Baineann dícheall cuí rioscabhunaithe leis na céimeanna ba cheart do chuideachtaí a ghlacadh chun fíor-rioscaí nó rioscaí féideartha a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu d’fhonn drochthionchair a ghabhann lena ngníomhaíochtaí nó lena gcinntí foinsithe a sheachaint nó a mhaolú. Is féidir le cuideachta riosca a ghabhann lena ngníomhaíochtaí agus lena gcaidrimh a mheas agus bearta maolaithe rioscaí a ghlacadh i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha dá bhforáiltear faoin méid a leanas; dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, moltaí maidir le hiompar freagrach gnó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, uirlisí le taca rialtais, tionscnaimh dheonacha ón earnáil phríobháideach agus beartais agus córais inmheánacha cuideachta. Is ábhar cúnaimh an cur chuige sin chun an cleachtadh díchill chuí a chun in oiriúint ó thaobh scála de do mhéid ghníomhaíochtaí na cuideachta nó dá gcaidrimh maidir le slabhra soláthair.

    (66)Ba cheart beartais éigeantacha maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a ghlacadh nó a mhodhnú agus ba cheart do dtabharfaí aghaidh ar a laghad ar na catagóirí rioscaí is ábhartha don tsochaí agus don chomhshaol leo. Ba cheart go gcuimseodh sé seo an tionchar atá ann faoi láthair agus an tionchar intuartha ar an saol sóisialta ar thaobh amháin, go háirithe maidir le cearta daonna, sláinte agus sábháilteacht an duine, sláinte agus sábháilteacht cheirde agus cearta saothair, agus, ar an taobh eile, ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le húsáid uisce, cosaint ithreach, aerthruailliú agus bithéagsúlacht, lena náirítear saol an phobail.

    (67)Maidir le catagóirí riosca sóisialta, ba cheart go dtabharfadh beartais díchill chuí aghaidh ar na rioscaí sa slabhra soláthair ceallraí maidir le cosaint ar chearta daonna, lena náirítear sláinte an duine, cosaint ar leanaí agus comhionannas inscne, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine 47 . Ba cheart go náireofar le beartais díchill chuí faisnéis faoin dóigh ar rannchuidigh an toibreoir eacnamaíoch le cosc ar sháruithe ar chearta daonna agus faoi na hionstraimí atá i bhfeidhm i struchtúr gnó an oibreora chun éilliú agus breabaireacht a chomhrac. Ba cheart go náiritheofaí freisin leis na beartais díchill chuí cur chun feidhme ceart rialacha choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 48 de réir mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Dhearbhú Trípháirteach na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

    (68)Maidir le catagóirí riosca don chomhshaol, ba cheart go dtabharfadh na beartais díchill chuí aghaidh ar na rioscaí sa slabhra soláthair ceallraí i dtaca le cosaint ar an gcomhshaol nádúrtha agus ar éagsúlacht bhitheolaíocht i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch 49 , coinbhinsiún ina dtugtar pobail áitiúla san áireamh mar aon le cosaint agus forbairt na bpobal sin.

    (69)Na hoibleagáidí díchill chuí sa slabhra sóisialta maidir le rioscaí sóisialta agus comhshaoil a ghabhann le húsáid amhábhar i monaraíocht ceallraí a shainaithint agus a mhaolú, ba cheart go rannchuideoidís le Rún 19 Chlár Comhshaoil na NA (UNEP) maidir le Rialachas Acmhainní Mianracha a chur chun feidhme, lena naithnítear cion tairbhe tábhachtach na hearnála mianadóireachta le haghaidh Clár 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

    (70)Ba cheart go mbeadh feidhm ag ionstraimí reachtacha eile de chuid an Aontais lena leagtar síos na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair sa mhéid agus nach bhfuil forálacha sonracha ann sa Rialachán seo den sórt céanna lena mbaineann an cuspóir nó an éifeacht chéanna ar féidir iad a mhionathrú ag féachaint do leasuithe reachtacha amach anseo.

    (71)Chun dul in oiriúint d’fhorbairtí ar an luachshlabhra ceallraí, lena náirítear athruithe ar raon feidhme agus ar nádúr na rioscaí comhshaoil agus sóisialta ábhartha, agus do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ar cheallraí agus ceimic ceallraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta amhábhar agus na catagóirí rioscaí agus na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a leasú.

    (72)Is gá rialacha comhchuibhithe a bheith ann le haghaidh bainistiú dramhaíola chun a áirithiú go bhfuil táirgeoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile faoi réir na rialacha céanna ar fud na mBallstát i gcomhthéacs chur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora as ceallraí. Is gá bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a uasmhéadú agus a áirithiú go ndéanfar gach ceallra a bhailítear a athchúrsáil trí phróisis a chomhlíonann na híos-éifeachtúlachtaí athchúrsála comhchoiteanna chun ardleibhéal ábhar a aisghabháil. Sa mheastóireacht ar Threoir 2006/66/CE, fuarthas amach go bhfuil easpa mionsonraí ar a forálacha ar cheann dá heasnaimh, rud a fhágann go bhfuil cur chun feidhme míchothrom ann agus go gcruthaítear bacainní suntasacha ar fheidhmiú margaí athchúrsála agus leibhéil fho-optamacha athchúrsála. Dá dhroim sin, le rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe, ba cheart saobhadh sa mhargadh a sheachaint maidir le ceallraí dramhaíola a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil, ba cheart a áirithiú go ndéanfaí na ceanglais a chur chun feidhme go cothrom ar fud an Aontais, ba cheart go mbeadh tuilleadh comhchuibhithe ann ar cháilíocht na seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthraíonn oibreoirí eacnamaíocha agus ba cheart go néascófaí na margaí amhábhar tánaisteach.

    (73)Tógtar ar na rialacha bainistithe dramhaíola agus na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 leis an Rialachán seo, ar cheart iad a chur in oiriúint chun cás sonrach na gceallraí a léiriú. Chun bailiú ceallraí dramhaíola a eagrú ar an mbealach is éifeachtaí, tá sé tábhachtach go ndéantar é gar don áit a ndíoltar na ceallraí i mBallstát, agus gar don úsáideoir deiridh. Féadtar ceallraí dramhaíola a bhailiú freisin, i dteannta le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, trí bhíthin scéimeanna bailithe náisiúnta a bunaíodh ar bhonn Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 agus in éineacht le Treoir 2000/53/CE. Cé go socraítear rialacha sonracha do cheallraí leis an Rialachán reatha, is gá cur chuige comhleanúnach agus comhlántach a ghlacadh, ag tógáil ar na struchtúir bainistithe dramhaíola atá i bhfeidhm faoi láthair agus á gcomhchuibhiú tuilleadh. Dá réir sin, agus chun freagracht leathnaithe táirgeora a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le bainistiú dramhaíola, ba cheart oibleagáidí a leagan síos maidir leis an mBallstát ina gcuirtear ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair.

    (74)Chun faireachán a dhéanamh ar na táirgeoirí maidir le comhlíonadh a noibleagáidí chun a áirithiú go bhfuil cóireáil dramhaíola á déanamh ar cheallraí a soláthraíodh i mBallstát den chéad uair, is gá clár a bhunú san údarás inniúil i ngach Ballstát agus is gá don údarás inniúil an clár sin a bhainistiú. Ba cheart iallach a bheith ar tháirgeoirí clárú, chun an fhaisnéis is gá a sholáthar chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar na táirgeoirí lena áirithiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a noibleagáidí. Ba cheart na ceanglais chlárúcháin a shimpliú ar fud an Aontais. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud an Aontais maidir leis an gclárú agus an bhfaisnéis atá le soláthar a chur i bhfeidhm, trí bhíthin leagan amach comhchuibhithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (75)I bhfianaise an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, is iomchuí na hoibleagáidí maidir le bainistiú ceallraí a bhfuil a ré caite a leagan ar tháirgeoirí a d’áireodh aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir, gan beann ar an teicníc dhíolta a úsáideann sé, lena náirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 , a sholáthraíonn ceallra den chéad uair lena leithdháileadh nó lena úsáid, lena náirítear ceallraí a chuirtear isteach i bhfearais nó feithiclí, laistigh de chríoch Ballstáit ar bhonn gairmiúil.

    (76)Ba cheart go mbeadh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí as a gceallraí a bhainistiú ag deireadh a ré. Dá réir sin, ba cheart do tháirgeoirí na costais a ghabhann le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil na gceallraí go léir a bhailítear a mhaoiniú, chomh maith leis na costais a ghabhann le tuairisciú a dhéanamh ar cheallraí agus ar cheallraí dramhaíola agus le faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh agus oibreoirí bainistithe dramhaíola faoi cheallraí agus faoi athúsáid agus bainistiú ceallraí dramhaíola. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí a bhaineann le freagracht leathnaithe táirgeora maidir le gach cineál soláthair, lena náirítear ciandíol. Ba cheart táirgeoirí a bheith in ann na hoibleagáidí sin a fheidhmiú i dteannta a chéile, trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfadh an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart go mbeadh táirgeoirí nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí faoi réir údarú agus ba cheart dóibh a thaifeadadh go bhfuil an acmhainn airgeadais acu leis na costais a ghabhann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach. I gcás inar gá chun saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoirí leis na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a mhodhnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (77)Ba cheart don Rialachán seo freagracht leathnaithe táirgeora as ceallraí a rialú go huileghabhálach agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm maidir le ceallraí ag na rialacha a leagtar síos maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE.

    (78)Chun a áirithiú go ndéantar athchúrsáil dramhaíola d’ardcháilíocht sna luachshlabhraí ceallraí, chun úsáid amhábhar tánaisteach d’ardcháilíocht a ardú agus chun an comhshaol a chosaint, ba cheart gurb é an riail é go ndéantar líon ard ceallraí dramhaíola a bhailiú agus a athchúrsáil. Is céim bhunúsach ríthábhachtach é ceallraí dramhaíola a bhailiú lena nathchúrsáil chun an lúb a dhúnadh do na hábhair luachmhara i gceallraí agus chun an luachshlabhra ceallraí a choinneáil laistigh den Aontas mar, agus dá bhrí sin ag éascú rochtain ar an ábhar aisghabháilte a d’fhéadfaí a úsáid arís le táirgí nua a mhonarú.

    (79)Ba cheart go mbeadh táirgeoirí ceallraí de gach cineál freagrach as bailiú ceallraí dramhaíola ar leithligh a mhaoiniú agus a eagrú. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí líonra bailithe a bhunú lena gcumhdófaí críocha uile na mBallstát, líonra a bheadh gar don úsáideoir deiridh agus nach ndíreodh ar limistéir agus ar cheallraí a bhfuil an bailiú brabúsach ina leith agus ar na limistéir sin amháin. Ba cheart go náireofaí ar an líonra bailithe aon dáileoir, saoráid cóireála údaraithe do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus d’fheithiclí a bhfuil a ré caite, suíomhanna taitneamhachta cathartha agus gníomhaithe eile bunaithe ar a dtoil féin, ar nós údaráis phoiblí agus scoileanna. Chun éifeachtacht an líonra bailithe agus na bhfeachtas eolais a fhíorú agus a fheabhsú, ba cheart suirbhéanna ilchodacha ar leibhéal 2 NUTS 53 ar a laghad a dhéanamh go rialta ar dhramhaíl mheasctha chathrach agus ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailítear chun méid na gceallraí inaistrithe dramhaíola atá ann a chinneadh.

    (80)Féadfar ceallraí dramhaíola a bhailiú le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, trí bhíthin scéimeanna bailithe náisiúnta a bunaíodh ar bhonn Threoir 2012/19/AE agus le feithiclí a bhfuil a ré caite i gcomhréir le Treoir 2000/53/CE. Sa chás sin, mar íoscheanglas éigeantach cóireála, ba cheart ceallraí a bhaint de na fearais dramhaíola agus de na feithiclí a bhfuil a ré caite a bailíodh. I ndiaidh a mbainte, ba cheart ceallraí a bheith faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus ba cheart, go háirithe, iad a chomhaireamh i dtreo is gur féidir an sprioc bhailithe don cheallra i gceist a bhaint amach agus ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais chóireála agus athchúrsála mar a leagtar síos sa Rialachán seo iad.

    (81)Agus an tionchar ar an gcomhshaol agus an caillteanas ábhar de dheasca ceallraí dramhaíola nach mbailítear astu féin á thabhairt san áireamh agus, ina dhiaidh sin, nach ndéantar cóireáil orthu ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol, ba cheart go mbeadh feidhm go fóill ag na spriocanna bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe, spriocanna a bunaíodh cheana faoi Threoir 2006/66/CE, agus ba cheart iad a ardú de réir a chéile. Is é atá i gceist leis an Rialachán seo go náirítear ar cheallraí inaistrithe na ceallraí lena gcumhachtaítear modhanna éadroma iompair. Ós rud é go bhfágann an méadú reatha ar dhíolacháin den chineál seo ceallraí go bhfuil sé deacair an líon acu atá á gcur ar an margadh agus á mbailiú ag deireadh a saolré a ríomh, ba cheart na ceallraí inaistrithe sin a eisiamh ón ráta bailithe reatha le haghaidh ceallraí inaistrithe. Ní an teisiamh sin a athbhreithniú in éineacht leis an sprioc bailithe le haghaidh ceallraí dramhaíola inaistrithe, ar féidir leo aghaidh a thabhairt ar na hathruithe ar an modheolaíocht chun an ráta bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe a ríomh. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil mara thaca ag na hathbhreithnithe sin.

    (82)Maidir le ráta bailithe ceallraí inaistrithe, ba cheart leanúint dá ríomh ar bhonn an mheánláimhdeachais bhliantúil sna blianta roimhe chun go mbeidh na spriocanna i gcomhréir leis an leibhéal tomhaltais ceallraí i mBallstát. Chun gur fearr a léireofar na hathruithe ar chomhdhéanamh chatagóir na gceallraí inaistrithe, saolré agus patrúin tomhaltais ceallraí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáidtear chun ráta bailithe na gceallraí inaistrithe a ríomh agus a fhíorú.

    (83)Ba cheart na ceallraí gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha go léir a bhailiú agus chun na críche sin ba cheart a éileamh ar tháirgeoirí ceallraí den sórt sin na ceallraí dramhaíola gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha go léir a ghlacadh agus a thógáil ar ais saor in aisce ó úsáideoirí deiridh. Ba cheart oibleagáidí tuairiscithe mionsonraithe a bhunú do na gníomhaithe uile a mbíonn baint acu le bailiú ceallraí dramhaíola gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha.

    (84)I bhfianaise ord na réiteach dramhaíola de réir mar a bhunaítear le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE lena dtugtar tosaíocht don chosc, ag ullmhú don athúsáid agus athchúrsáil agus i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Threoir 2008/98/CE agus Airteagal 5(3)(f) de Threoir 1999/31/CE 54 , níor cheart na ceallraí a bhailítear a loscadh ná a chur i líonadh talún.

    (85)Ba cheart d’aon saoráid cheadaithe a dhéanann oibríochtaí cóireála agus athchúrsála i ndáil le ceallraí na híoscheanglais a chomhlíonadh chun drochthionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine a chosc agus chun gur féidir ardleibhéal ábhar as ceallraí a aisghabháil. Rialaítear líon gníomhaíochtaí tionsclaíochta a bhaineann le cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 , ar ina leith a áirithítear ceanglais agus rialuithe ceadaithe sonracha ina léirítear an teicníocht is fearr atá ar fáil. I gcás nach gcumhdófar gníomhaíochtaí tionsclaíochta a bhaineann le cóireáil agus athchúrsáil ceallraí le Treoir 2010/75/CE, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar oibreoirí, in aon chás, an teicníocht is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) den Treoir sin, agus na ceanglais shonracha a leagtar síos sa Rialachán reatha. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais maidir le cóireáil agus athchúrsáil ceallraí, i gcás inarb ábhartha, a oiriúnú i bhfianaise cur chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus teicneolaíochtaí nua a thagann chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na ceanglais sin a leasú.

    (86)Ba cheart spriocanna ar mhaithe le héifeachtúlacht na bpróiseas athchúrsála agus spriocanna aisghabhála ábhar a bhunú chun táirgeacht ábhar aisghabháilte d’ardcháilíocht a áirithiú le haghaidh an tionscail ceallraí, agus san am céanna chun rialacha soiléire comhchoiteanna d’athchúrsálaithe a áirithiú agus saobhadh ar an iomaíocht nó aon chur isteach eile ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh d’amhábhair thánaisteacha ó cheallraí dramhaíola a sheachaint. Ba cheart éifeachtúlachtaí athchúrsála a bhunú, mar thomhas ar mhéid iomlán na nábhar a aisghabhtar, i gcás ceallraí luaidhe-aigéadacha, ceallraí nicile-caidmiam agus ceallraí litiam agus ba cheart spriocanna a shocrú freisin le haghaidh leibhéil an chóbailt, na luaidhe, an litiam agus na nicile a aisghabhtar chun ardleibhéal ábhair aisghabháilte a bhaint amach ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag na rialacha maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála a ríomh agus a thuairisciú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 493/2012 ón gCoimisiún 56 . Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabhála ábhar a ríomh agus a fhíorú i bpróisis athchúrsála ceallraí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun go bhféadfadh sé rialacha den sórt sin a bhunú. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin ar Rialachán (AE) Uimh. 493/2012 ón gCoimisiún chun go léireofaí go cuí forbairtí teicneolaíochtaí agus athruithe ar phróisis thionsclaíocha aisghabhála ann, chun raon feidhme na dteicneolaíochtaí agus na bpróiseas sin a leathnú le spriocanna atá ann cheana féin agus spriocanna nua a chumhdach, agus chun uirlisí a sholáthar le haghaidh saintréithe táirgí idirmheánacha. Ba cheart spreagadh a thabhairt do shaoráidí cóireála agus athchúrsála chun scéimeanna deimhnithe maidir le bainistíocht chomhshaoil a thabhairt isteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 .

    (87)Níor cheart go bhféadfaí cóireáil ná athchúrsáil a dhéanamh lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil loingsiú na gceallraí dramhaíola i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 58 agus Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1418/2007 59 agus ina gcomhlíonann na gníomhaíochtaí cóireála agus athchúrsála na ceanglais is infheidhme maidir leis an gcineál sin dramhaíola, de réir a naicmithe i gCinneadh 2000/532/CE ón gCoimisiún, mar a leasaíodh 60 . Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh sin, mar a leasaíodh, chun ceimic gach ceallra a léiriú ann. I gcás ina ndéanfar cóireáil nó athchúrsáil den sórt sin lasmuigh den Aontas, ionas go gcuirfear ábhar na cóireála nó na hathchúrsála sin san áireamh sna héifeachtúlachtaí agus spriocanna athchúrsála, ba cheart an fhreagracht a bheith ar an oibreoir a ndéantar an chóireáil nó an athchúrsáil dá chuntas tuairisc a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit faoi seach ina leith sin agus chun a chruthú go ndéantar an chóireáil faoi dhálaí is comhionann leis na dálaí atá faoin Rialachán seo. Chun na ceanglais a leagan síos d’fhonn a mheas go bhfuil cóireáil den sórt sin coibhéiseach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe a leagan síos ina mbeidh critéir chun coinníollacha coibhéiseacha a mheasúnú.

    (88)Féadtar ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nach bhfuil oiriúnach níos mó don fheidhm dá raibh siad monaraithe ar dtús a úsáid ar bhealach eile mar cheallraí suite stórála fuinnimh. Tá margadh dara húsáid ag teacht chun cinn do cheallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha úsáidte agus, dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a shainmhíniú chun athrú cuspóra freagrach ceallraí caite a cheadú, ag cur phrionsabal an réamhchúraim san áireamh agus ag cinntiú sábháilteacht úsáide d’úsáideoirí deiridh san am céanna. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon cheallra úsáidte den sórt sin chun a shláinte a mheas agus an toilleadh atá ar fáil ann a fháil amach ionas go bhféadfaí a oiriúnacht lena úsáid ar bhealach eile seachas don fheidhm dá raibh sé ceaptha ar dtús a chinntiú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun forálacha maidir le staid sláinte ceallraí a mheas a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (89)Ba cheart do tháirgeoirí agus dáileoirí páirt ghníomhach a ghlacadh san fhaisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh faoi cheallraí a bhailiú ar leithligh, faoi na scéimeanna bailithe atá ar fáil agus faoin ról tábhachtach atá ag úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol. Ba cheart teicneolaíochtaí faisnéise comhaimseartha a úsáid agus faisnéis á nochtadh do na húsáideoirí deiridh uile chomh maith le tuairisciú ar cheallraí. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an ngnáthbhealach, ar nós lasmuigh, póstaer agus feachtas ar na meáin shóisialta, nó ar bhealach níos nuálaí, ar nós rochtain leictreonach ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR a ghreamaítear den cheallra.

    (90)Chun gur féidir comhlíonadh agus éifeachtacht na noibleagáidí a fhíorú maidir le bailiú agus cóireáil ceallraí, is gá do na hoibreoirí faoi seach tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla. Maidir le táirgeoirí ceallraí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola eile a bhailíonn ceallraí, ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt gach bliain féilire, i gcás inarb infheidhme, ar na sonraí faoi na ceallraí a díoladh agus na ceallraí dramhaíola a bailíodh. Maidir le cóireáil agus athchúrsáil, ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar na hoibreoirí bainistithe dramhaíola agus na hathchúrsálaithe faoi seach na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh.

    (91)Do gach bliain féilire, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoin méid ceallraí a soláthraíodh laistigh dá gcríoch agus faoin méid ceallraí dramhaíola a bailíodh a chur ar fáil don Choimisiún, de réir cineáil agus ceimice. Maidir le ceallraí inaistrithe, ba cheart sonraí faoi cheallraí agus ceallraí dramhaíola ó chóracha iompair éadroma a thuairisciú ar leithligh i bhfianaise an ghá atá ann sonraí a bhailiú chun go bhféadfaí an sprioc bhailithe a chur in oiriúint, ag cur an sciar atá ag ceallraí den sórt sin den mhargadh san áireamh chomh maith lena bhfeidhm shonrach agus a saintréithe sonracha. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur ar fáil go leictreonach agus ba cheart tuarascáil maidir le seiceáil ar cháilíocht a bheith ag gabháil léi. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis sin a thuairisciú don Choimisiún, chomh maith leis na modhanna fíoraithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (92)Le haghaidh gach bliana féilire, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le leibhéil na néifeachtúlachtaí athchúrsála agus na nábhar aisghabháilte a baineadh amach, ag cur san áireamh na céimeanna aonair go léir a bhaineann leis an bpróiseas athchúrsála agus na codáin aschuir.

    (93)Chun trédhearcacht a fheabhsú sna slabhraí soláthair agus sna luachshlabhraí do na páirtithe leasmhara go léir, is gá foráil a dhéanamh maidir le córas leictreonach lena ndéanfar malartú faisnéise a uasmhéadú, lena néascófar rianú agus lorgaireacht ceallraí, lena soláthrófar faisnéis faoi dhéine carbóin a modhanna monaraíochta chomh maith le tionscnamh na nábhar a úsáidtear, a gcomhdhéanamh, lena náirítear amhábhair agus ceimiceáin ghuaiseacha, oibríochtaí agus féidearthachtaí deisithe, athraithe cuspóra agus díchóimeála agus na próisis chóireála, athchúrsála agus aisghabhála a bhféadfadh an ceallra a bheith faoina réir ag deireadh a ré. Ba cheart an córas leictreonach a bhunú go céimnitheach agus córas fréamhshamhla a chur ar fáil do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus d’údaráis na mBallstát uair sa bhliain ar a laghad sula gcuirtear bailchríoch ar na bearta cur chun feidhme lena sainmhínítear gnéithe deiridh agus beartas rochtana sonraí an chórais chun a nionchur agus a gcomhlíontacht thráthúil a éascú. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an mbeartas rochtana sonraí na prionsabail ábhartha atá bunaithe i reachtaíocht, lena náirítear an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialachas sonraí Eorpach (An Gníomh um Rialachas Sonraí) 61 . Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gcóras leictreonach malairte d’fhaisnéis faoi cheallraí a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (94)Ba cheart Pas Ceallra a bhunú, lena gceadófaí d’oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis agus na sonraí faoi cheallraí aonair a chuirtear ar an margadh a bhailiú agus a athúsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus roghanna níos eolaí a dhéanamh ina gcuid gníomhaíochtaí pleanála. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an pas ceallra a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (95)Leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais. Chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a bhaineann tairbhe as an tsaorghluaiseacht earraí ceanglais lena soláthraítear ardleibhéal cosanta ar leas an phobail, ar nós shláinte an duine, sábháilteachta, cosaint maoine agus an chomhshaoil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir le ceallraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1020 a leasú dá réir.

    (96)Níor cheart ceallraí a chur ar an margadh ach amháin mura bhfuil riosca do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin nó don chomhshaol ag baint leo nuair a stóráiltear agus a úsáidtear go cuí iad chun na críche atá beartaithe dóibh, nó faoi choinníollacha úsáide is féidir a thuar go réasúnta, is é sin le rá nuair a d’fhéadfadh úsáid den sórt sin eascairt as iompraíocht daoine atá dlíthiúil agus ar féidir a thuar.

    (97)Ba cheart nós imeachta a bheith ann faoina gcuirfí páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a ghlacadh maidir le ceallraí a mbaineann riosca do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin nó don chomhshaol leo. Ba cheart go gceadófaí do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit leis freisin, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath i leith ceallraí den sórt sin. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith ceallraí neamh-chomhlíontacha.

    (98)Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh a éileamh ar oibreoirí eacnamaíocha gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh ar bhonn torthaí a léiríonn nach bhfuil an ceallra ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó go bhfuil an toibreoir eacnamaíoch ag sárú na rialacha maidir le ceallra a chur ar an margadh nó maidir le hinbhuaine, sábháilteacht nó lipéadú nó maidir dícheall cuí sa slabhra soláthair.

    (99)Tá an-tábhacht ag baint le soláthar poiblí maidir leis an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí an duine ar an gcomhshaol a laghdú agus chun aistriú an mhargaidh i dtreo táirgí níos inbhuanaithe a spreagadh. Maidir le húdaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE 63 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 , agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/25/AE, ba cheart dóibh na tionchair chomhshaoil a chur san áireamh ar sholáthar ceallraí nó táirgí ina bhfuil ceallraí dóibh, chun an margadh a chur chun cinn agus a spreagadh i dtreo soghluaisteachta agus stóráil fuinnimh a bheidh glan agus tíosach ar fhuinneamh agus chun go gcuirfí le cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus fuinneamh dá réir.

    (100)Chun comhionannas na scéimeanna díchill chuí arna bhforbairt ag rialtais, comhlachais tionscail agus grúpálacha eagraíochtaí leasmhara a bhunú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Chun a áirithiú go gcoinnítear liosta na namhábhar agus na rioscaí sóisialta agus comhshaoil a bhaineann leo cothrom le dáta, chomh maith le comhréireacht leis an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta, agus le Dícheall Cuí ECFE ó thaobh oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (101)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun aitheantas an Choimisiúin do na scéimeanna díchill chuí i leith an tslabhra soláthair a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (102)Ar ghlacadh gníomhartha tarmligthe faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 65 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (103)Maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún leis an Rialachán seo agus nach mbaineann leis an gcinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta a ghlacann Ballstáit i leith ceallraí neamhchomhlíontacha, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 .

    (104)Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcásanna ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais dá fhógra nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais dá fhógra a thuilleadh, chun a iarraidh ar an údarás a thugann fógra an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a dhéanamh, lena náirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

    (105)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh lena gcinnfí cibé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt le bearta náisiúnta i leith ceallra comhlíontach a mbaineann riosca leis, i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le sláinte an duine, sábháilteacht, maoin nó an comhshaol a chosaint, agus a néilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

    (106)Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    (107)I bhfianaise an ghá atá ann ardleibhéal cosanta a áirithiú ar an gcomhshaol agus an ghá forbairtí nua bunaithe ar fhíorais eolaíocha a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, an tionchar atá aige ar an gcomhshaol agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh lena cur chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Ba cheart don Choimisiún a áireamh ina thuarascáil meastóireacht ar na forálacha maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus critéir faisnéise, na bearta bainistíochta ceallraí dramhaíola agus na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair. I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

    (108)Is gá foráil a dhéanamh maidir le dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha a noibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus do na Ballstáit chun an bonneagar rialacháin is gá a bhunú chun é a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí dáta ar réasúnta é go mbeidh bailchríoch curtha ar na hullmhúcháin sin.

    (109)Chun ligean do na Ballstáit an clár táirgeoirí arna chur ar bun faoi Threoir 2006/66/CE a oiriúnú agus chun na bearta riaracháin is gá a ghlacadh maidir le heagrú na nósanna imeachta údarúcháin ag na húdaráis inniúla, agus leanúnachas a choinneáil le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart Treoir 2006/66/CE a aisghairm ón 1 Iúil 2023. Fanfaidh na hoibleagáidí faoin Treoir sin a bhaineann le faireachas agus tuairisciú ráta bailithe ceallraí inaistrithe agus éifeachtúlachtaí athchúrsála na bpróiseas athchúrsála i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023, agus fanfaidh na hoibleagáidí lena mbaineann le haghaidh tarchur sonraí chuig an gCoimisiún i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2025, chun leanúnachas a áirithiú go dtí go nglacfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo le rialacha ríomha agus formáidí tuairiscithe nua.

    (110)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú agus a áirithiú san am céanna go gcomhlíonann ceallraí a chuirtear ar an margadh na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine, sábháilteachta agus maoine agus an chomhshaoil, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr go bhfuil gá le comhchuibhiú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil I
    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1
    Ábhar agus raon feidhme

    1.Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis is gá a chomhlíonadh sular féidir ceallraí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, chomh maith le ceanglais maidir le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola.

    2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach ceallra, eadhon ceallraí inaistrithe, ceallraí gluaisteán, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha, beag beann ar a gcruth, toirt, meáchan, dearadh, comhdhéanamh ábhar, úsáid nó feidhm. Beidh feidhm aige freisin maidir le ceallraí a chuirtear isteach i dtáirgí eile nó a chuirtear le táirgí eile.

    3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceallraí a úsáidtear sna nithe seo a leanas:

    (a)i dtrealamh atá nasctha le cosaint leasanna slándála, airm, mhuinisin agus ábhar cogaidh riachtanach na mBallstát, cé is moite de tháirgí nach bhfuil beartaithe le haghaidh cuspóirí míleata sonracha; agus

    (b)trealamh a dheartar lena sheoladh amach sa spás amuigh.

    Airteagal 2
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn ‘ceallra’ aon fhoinse fuinnimh leictrigh a ghintear trí thiontú díreach fuinnimh cheimicigh a bhfuil cill phríomhúil neamh-in-athluchtaithe amháin ann nó níos mó nó a bhfuil cill thánaisteach in-athluchtaithe amháin ann nó níos mó nó grúpa díobh;

    (2)ciallaíonn ‘cill cheallra’ an bunaonad feidhmiúil i gceallra ina bhfuil leictreoidí, leictrilít, gabhdán, teirminéil agus, más infheidhme, deighilteoirí ina bhfuil na hábhair ghníomhacha, arb é a bhfrithghníomhú a ghineann fuinneamh leictreach;

    (3)ciallaíonn ‘ábhair ghníomhacha’ ábhar a fhrithghníomhaíonn go ceimiceach chun fuinneamh leictreach a tháirgeadh nuair a dhíluchtaíonn cill an cheallra;

    (4)ciallaíonn ‘ceallra neamh-in-athluchtaithe’ ceallra nach ndeartar chun é a athluchtú go leictreach;

    (5)ciallaíonn ‘ceallra in-athluchtaithe’ ceallra a dheartar chun é a athluchtú go leictreach;

    (6)ciallaíonn ‘ceallra a bhfuil stóras inmheánach aige’ ceallra nach bhfuil aon fhearas seachtrach greamaithe de chun fuinneamh a stóráil;

    (7)ciallaíonn ‘ceallra inaistrithe’ aon cheallra:

    atá séalaithe;

    a bhfuil meáchan níos lú ná 5 kg ann;

    nach bhfuil deartha chun críocha tionsclaíocha; agus

    nach ceallra feithiclí leictreacha ná ceallra tionsclaíoch ná ceallra gluaisteán é;

    (8)ciallaíonn ‘ceallraí inaistrithe a úsáidtear go ginearálta’ ceallraí inaistrithe a bhfuil na formáidí coiteanna seo a leanas acu: 4,5 Volta (3R12), D, C, AA, AAA, AAAA, A23, 9 Volta (PP3);

    (9)ciallaíonn ‘córacha iompair éadroma’ feithiclí rothacha ag a bhfuil mótar leictreach a bhfuil níos lú ná 750 vata ann, ina suitear taistealaithe nuair a bhíonn an fheithicil ag bogadh agus ar féidir é a chumhachtú leis an mótar leictreach leis féin nó le meascán den mhótar agus de chumhacht an duine;

    (10)ciallaíonn ‘ceallra gluaisteán’ aon cheallra a úsáidtear le haghaidh dúisirí, soilse nó cumhacht adhainte gluaisteán;

    (11)ciallaíonn ‘ceallra tionsclaíoch’ aon cheallra a dearadh go sonrach lena úsáid go tionsclaíoch seachas ceallraí inaistrithe, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán;

    (12)ciallaíonn ‘ceallra feithiclí leictreacha’ aon cheallra a dheartar go sonrach chun fórsa tarraingthe a sholáthar d’fheithiclí hibride agus d’fheithiclí leictreacha le haghaidh iompar de bhóthar;

    (13)ciallaíonn ‘córas stórála fuinnimh i gceallraí suite’ ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach aige a dheartar go sonrach chun fuinneamh leictreach a stóráil agus a sheachadadh isteach san eangach, gan beann ar an áit ina bhfuil an ceallra á úsáid ná ar an úsáideoir;

    (14)ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ ceallra a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

    (15)ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar an margadh le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

    (16)ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ céadúsáid ceallra san Aontas, chun na críche dar ceapadh é;

    (17)ciallaíonn ‘samhail cheallra’ aon cheallra sonrach monaraithe a tháirgtear i sraith;

    (18)ciallaíonn ‘lorg carbóin’ suim na nastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcóras táirgí, arna shloinneadh mar choibhéisí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus bunaithe ar staidéar an Loirg Comhshaoil Táirge ag úsáid chatagóir an aon tionchair amháin, an tathrú aeráide;

    (19)ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch; an monaróir, an tionadaí údaraithe, an tallmhaireoir, an dáileoir nó an soláthraí seirbhíse comhlíonta atá faoi réir oibleagáidí i ndáil leis na ceallraí a mhonarú, iad a chur ar fáil ar an margadh nó iad a chur i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán reatha;

    (20)ciallaíonn ‘oibreoir neamhspleách’ duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas déileálaí nó deisitheoir nó athmhonaróir údaraithe, atá neamhspleách ar an monaróir agus ar an táirgeoir agus atá páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú, cothabháil nó athrú cuspóra ceallraí, agus áirítear leis deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh deisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, mar aon le foilsitheoirí faisnéise teicniúla, oibreoirí a thairgeann seirbhísí cigireachta agus tástála, oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh le haghaidh feithiclí breosla ailtéarnaigh;

    (21)ciallaíonn ‘cód QR’ barrachód maitríse lena nasctar le faisnéis faoi shamhail cheallra;

    (22)ciallaíonn ‘córas bainistithe ceallra’ fearas leictreach lena rialaítear nó lena mbainistítear feidhmeanna leictreacha agus teirmeacha an cheallra, lena mbainistítear agus lena stóráiltear na sonraí maidir leis na paraiméadair lena gcinntear staid sláinte agus saolré ionchasach ceallraí a leagtar síos in Iarscríbhinn VII agus lena ndéantar cumarsáid idir é agus an fheithicil nó fearas ina bhfuil an ceallra suite;

    (23)ciallaíonn ‘fearas’ aon trealamh leictreach nó leictreonach, mar a shainmhínítear le Treoir 2012/19/AE, ar fearas é a chumhachtaítear go hiomlán nó go páirteach le ceallra nó ar féidir é a chumhachtú le ceallra;

    (24)ciallaíonn ‘staid luchta’ an toilleadh atá ar fáil i gceallra arna shloinneadh mar chéatadán den toilleadh ainmniúil;

    (25)ciallaíonn ‘staid sláinte’ léiriú ar an mbail ghinearálta ar cheallra in-athluchtaithe agus ar an acmhainn atá ann an fheidhmíocht shonraithe a sheachadadh i gcomparáid leis an mbail a bhí air ar dtús;

    (26)ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ aon oibríocht arb é an toradh atá air codanna den cheallra nó an ceallra iomlán a úsáid do chuspóir nó d’fheidhm eile atá difriúil leis an gcuspóir nó an fheidhm dár dearadh ar dtús é;

    (27)ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn ceallra nó a chuireann faoi deara ceallra a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an ceallra sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc féin;

    (28)ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirge, próiseas nó seirbhís;

    (29)ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

    (30)ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an ceallra i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais lena ndéantar foráil maidir lena greamú;

    (31)ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(10) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

    (32)ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(11) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

    (33)ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo i ndáil le ceallraí maidir le hinbhuaine, sábháilteacht agus lipéadú;

    (34)ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta lena náirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus iniúchadh;

    (35)ciallaíonn ‘comhlacht dá dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo;

    (36)ciallaíonn ‘dícheall cuí sa slabhra soláthair’ na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe nó ceallra feithiclí leictreacha ar an margadh, i ndáil lena gcórais bainistithe, bainistiú riosca, fíorú tríú páirtí ag comhlachtaí dá dtugtar fógra agus nochtadh faisnéise d’fhonn rioscaí iarbhír agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le foinsiú, próiseáil agus trádáil na namhábhar a theastaíonn le haghaidh monaraíocht ceallraí a shainaithint agus chun dul i ngleic leis na rioscaí sin;

    (37)ciallaíonn ‘táirgeoir’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir, gan beann ar an teicníc dhíolta a úsáideann sé, lena náirítear trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a sholáthraíonn ceallra den chéad uair lena leithdháileadh nó lena úsáid, lena náirítear ceallraí a chuirtear isteach i bhfearais nó feithiclí, laistigh de chríoch Ballstáit ar bhonn gairmiúil;

    (38)ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’ eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh oibríochta de, thar ceann roinnt táirgeoirí;

    (39)ciallaíonn ‘ceallra dramhaíola’ aon cheallra ar dramhaíl é de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE;

    (40)ciallaíonn ‘athúsáid’ athúsáid dhíreach iomlán nó pháirteach a bhaint as ceallra don fheidhm dá raibh sé deartha ar dtús;

    (41)ciallaíonn ‘substaint ghuaiseach’ aon substaint a chomhlíonann na critéir a bhaineann le haon cheann de na haicmí guaiseacha nó de na catagóirí seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 :

    (a)aicmí guaise 2.1 go 2.4, 2.6 agus 2.7, aicme ghuaise 2.8 cineálacha A agus B, aicmí guaise 2.9, 2.10, 2.12, aicme ghuaise 2.13 catagóirí 1 agus 2, aicme ghuaise 2.14 catagóirí 1 agus 2, aicme ghuaise 2.15 cineálacha A go F;

    (b)aicmí guaise 3.1 go 3.6, aicme ghuaise 3.7 éifeachtaí díobhálacha ar fheidhmiú gnéasach agus ar an torthúlacht nó ar an bhforbairt, aicme ghuaise 3.8 éifeachtaí seachas éifeachtaí támhshuanacha, aicmí guaise 3.9 agus 3.10;

    (c)aicme ghuaise 4.1;

    (d)aicme ghuaise 5.1;

    (42)ciallaíonn ‘cóireáil’ aon ghníomhaíocht a dhéantar ar cheallraí dramhaíola tar éis dóibh a bheith tugtha ar láimh do shaoráid le haghaidh sórtála nó ullmhú le haghaidh athchúrsála;

    (43)ciallaíonn ‘pointí bailithe deonacha’ aon ghnóthas neamhbhrabúsach, aon ghnóthas tráchtála nó aon ghnóthas eacnamaíoch eile nó aon chomhlacht poiblí a bhfuil baint aige ar a thionscnamh féin le bailiú ar leithligh ceallraí inaistrithe dramhaíola, trí na ceallraí inaistrithe dramhaíola a ghineann sé nó a ghineann úsáideoirí deiridh eile a bhailiú sula mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola iad chun iad a chóireáil ina dhiaidh sin;

    (44)ciallaíonn ‘oibreoir bainistithe dramhaíola’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a dhéileálann ar bhonn gairmiúil le bailiú ar leithligh, sórtáil, nó cóireáil ceallraí dramhaíola;

    (45)ciallaíonn ‘saoráid cheadaithe’ aon saoráid a cheadaítear i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE chun cóireáil nó athchúrsáil a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola;

    (46)ciallaíonn ‘athchúrsálaí’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas a dhéanann próisis athchúrsála i saoráid cheadaithe;

    (47)ciallaíonn ‘saolré’ ceallra an tréimhse ama a thosaítear nuair a chuirtear an ceallra ar an margadh agus a dtagann deireadh léi nuair a thagann an ceallra chun bheith ina dhramhaíl;

    (48)ciallaíonn ‘leibhéal athchúrsála’, i gcás Ballstát áirithe i mbliain féilire áirithe, an céatadán a fhaightear trí mheáchan na gceallraí dramhaíola a ndéantar cóireáil agus athchúrsáil orthu i gcomhréir le hAirteagal 56 den Rialachán seo sa bhliain féilire sin, a roinnt ar mheáchan na gceallraí dramhaíola a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49 den Rialachán seo;

    (49)ciallaíonn ‘próiseas athchúrsála’ aon oibríocht athchúrsála ceallraí dramhaíola, seachas sórtáil nó ullmhú le haghaidh athchúrsála, a fhéadfar a dhéanamh i saoráid aonair nó i roinnt saoráidí ceadaithe;

    (50)ciallaíonn ‘éifeachtúlacht athchúrsála’ an phróisis athchúrsála an cóimheas a fhaightear trí mhais na gcodán aschuir is ábhar don athchúrsáil a roinnt ar mhais chodán ionchuir na gceallraí dramhaíola, arna shloinneadh mar chéatadán;

    (51)ciallaíonn ‘reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais’ aon reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;

    (52)ciallaíonn ‘údarás náisiúnta’ údarás formheasa nó aon údarás eile a bhfuil baint aige le faireachas margaidh, mar a leagtar amach i gCaibidil VI nó le rialú teorann i mBallstát i leith ceallraí, agus atá freagrach as na nithe sin;

    (53)ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoi cheanglais an Rialacháin seo;

    (54)ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann ceallra ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

    (55)ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an tallmhaireoir, a chuireann ceallra ar fáil ar an margadh;

    (56)ciallaíonn ‘riosca’ an dóchúlacht go dtarlódh díobháil i gcomhcheangal lena thromchúisí agus a bheadh an díobháil sin teoranta do shláinte nó do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol.

    Beidh feidhm leis na sainmhínithe ar ‘dramhaíl’, ‘sealbhóir dramhaíola’, ‘bainistiú dramhaíola’, ‘bailiú’, ‘bailiú ar leithligh’, ‘cosc’, ‘ullmhú le haghaidh athúsáide’, ‘aisghabháil’ agus ‘athchúrsáil’ a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE.

    Beidh feidhm leis na sainmhínithe ar ‘úsáideoir deiridh’, ‘faireachas margaidh’, ‘údarás um fhaireachas margaidh’, ‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’, ‘gníomhaíocht cheartaitheach’, ‘aisghairm’ agus ‘tarraingt siar’ a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020.

    Beidh feidhm leis na sainmhínithe ar ‘comhbhailitheoir neamhspleách’ agus ar ‘rannpháirtí margaidh’ a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944.

    Airteagal 3
    Saorghluaiseacht

    1.Ní chuirfidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhaineann le ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí nó bainistiú ceallraí dramhaíola a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cosc, srian nó bac ar cheallraí a chomhlíonann an Rialachán seo a bheith á gcur ar fáil ar an margadh nó á gcur i seirbhís.

    2.Ag aontaí trádála, taispeántais, léirithe nó ag imeachtaí cosúil leo sin, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar cheallraí a thaispeáint, nach gcomhlíonann an Rialachán seo, ar choinníoll go dtabharfar le fios go soiléir le comhartha infheicthe nach gcomhlíonann na ceallraí sin an Rialachán seo agus nach bhfuil siad ar díol go dtí go dtabharfar chun comhréireachta iad.

    Airteagal 4
    Ceanglais maidir le hinbhuaine, sábháilteacht, lipéadú agus faisnéis i dtaca le ceallraí

    1.Ní chuirfear ceallraí ar an margadh ná ní chuirfear i seirbhís iad ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad: 

    (a)na ceanglais maidir le hinbhuaine agus sábháilteacht a leagtar amach i gCaibidil II;

    (b)na ceanglais maidir le lipéadú agus le faisnéis a leagtar amach i gCaibidil III.

    2.Maidir le haon ghnéithe nach gcumhdaítear le Caibidlí II agus III, ní fhéadfaidh riosca a bheith i gceist le ceallraí do shláinte an duine, don tsábháilteacht, do mhaoin ná don chomhshaol.

    Airteagal 5
    Údarás inniúil

    1.Ainmneoidh na Ballstáit aon údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as oibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as Caibidil VII agus as faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle sin ag na táirgeoirí agus ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí.

    2.Leagfaidh na Ballstáit síos mionsonraí an údaráis inniúil nó eagrúchán agus oibríocht na núdarás, lena náirítear na rialacha riaracháin agus na rialacha nós imeachta chun a áirithiú go ndéanfar an méid a leanas:

    (a)go gclárófar táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 46;

    (b)go ndéanfar táirgeoirí agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a údarú i gcomhréir le hAirteagal 47 agus go ndéanfar an túdarú agus an faireachas maidir leis na ceanglais faoi Airteagal 48;

    (c)formhaoirseacht ar chur chun feidhme oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 47;

    (d)go mbaileofar sonraí ar cheallraí i gcomhréir le hAirteagal 61;

    (e)faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 62.

    3.[Laistigh de 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na núdarás inniúil arna nainmniú de bhun mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe ar ainmneacha nó ar sheoltaí na núdarás inniúil sin in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí.

    Caibidil II
    Ceanglais maidir le hinbhuaine agus sábháilteacht

    Airteagal 6
    Srianta ar shubstaintí guaiseacha

    1.Le cois na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ní bheidh substaintí guaiseacha i gceallraí dá bhfuil srian in Iarscríbhinn I ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad coinníollacha an tsriain sin.

    2.I gcás ina mbeidh riosca doghlactha ann do shláinte an duine nó don chomhshaol, a eascraíonn as úsáid substainte i monaraíocht ceallraí, nó as substaint sna cheallraí an tráth a chuirtear ar an margadh iad, nó i rith chéimeanna a saolré ina dhiaidh, lena náirítear an chéim dramhaíola, ar gá dul i ngleic leis ar fud an Aontais, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 73 chun na srianta in Iarscríbhinn I a leasú, de bhun an nóis imeachta a leagtar síos in Airteagal 71.

    3.Ar dó gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún tionchar socheacnamaíoch an tsriain san áireamh, lena náirítear infhaighteacht roghanna malartacha don tsubstaint ghuaiseach.

    4.Ní bheidh feidhm ag srianta arna nglacadh de bhun mhír 2 maidir le húsáid substainte i dtaighde agus i bhforbairt eolaíochta (i dtaca le ceallraí) mar a shainmhínítear in Airteagal 3(23) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

    5.Mura mbeidh feidhm ag srian, arna ghlacadh de bhun mhír 2, maidir le taighde agus forbairt a bheidh dírithe ar tháirgí agus ar phróisis, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(22) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, sonrófar an díolúine sin, chomh maith le huaschainníocht na substainte a bheidh díolmhaithe, in Iarscríbhinn I.

    Airteagal 7
    Lorg carbóin ag ceallraí feithiclí leictreacha agus ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe

    1.Beidh in éineacht le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, doiciméadacht theicniúil ina mbeidh, le haghaidh gach samhla ceallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta, dearbhú maidir le lorg carbóin arna tharraingt suas i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír agus ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

    (a)faisnéis riaracháin faoin táirgeoir;

    (b)faisnéis faoin gceallra a bhfuil feidhm ag an dearbhú maidir leis;

    (c)faisnéis faoi shuíomh geografach na saoráide monaraíochta ceallraí;

    (d)lorg carbóin iomlán an cheallra arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin;

    (e)lorg carbóin an cheallra arna dhifreáil in aghaidh chéim na saolré a thuairiscítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II;

    (f)ráiteas fíoraithe an tríú páirtí neamhspleách;

    (g)nasc gréasáin chun teacht ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear le torthaí an dearbhaithe maidir leis an lorg carbóin.

    Beidh feidhm leis an gceanglas i dtaca le dearbhú maidir le lorg carbóin sa chéad fhomhír ón 1 Iúil 2024 maidir le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe.

    Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2023:

    (a)gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin iomlán an cheallra dá dtagraítear i bpointe (d) a ríomh, i gcomhréir leis na heilimintí riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

    (b)gníomh cur chun feidhme lena mbunófar an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach sa chéad fhomhír.

    2.Beidh lipéad feiceálach a bheidh inléite go soiléir agus doscriosta ar cheallraí feithiclí leictreacha agus ar cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, lena dtabharfar aicme feidhmíochta an loirg carbóin lena mbaineann an ceallra aonair le fios.

    I dteannta na faisnéise a leagtar amach i mír 1, léireofar sa doiciméadacht theicniúil gur ríomhadh an dearbhú maidir le lorg carbóin agus an t‑aicmiú gaolmhar in aicme feidhmíochta loirg carbóin i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun an cheathrú fomhír.

    Beidh feidhm leis na ceanglais maidir le haicme feidhmíochta loirg carbóin sa chéad fhomhír ón 1 Eanáir 2026 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe.

    Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024

    (a)gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí aicmí feidhmíochta na déine carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú. Ar dó na gníomhartha tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh;

    (b)gníomh cur chun feidhme lena mbunófar na formáidí le haghaidh an lipéadaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le haicme feidhmíochta an loirg carbóin dá dtagraítear sa dara fomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    3.Beidh in éineacht le ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, le haghaidh gach samhla ceallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta, doiciméadacht theicniúil lena léireofar go mbaintear amach uastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré arna bunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun an dara fomhír.

    Beidh feidhm leis an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré sa chéad fhomhír ón 1 Iúil 2027 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe.

    Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2026, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin ar feadh na saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó na gníomhartha tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh.

    Tionscnóidh tabhairt isteach uastairseach charbóin ar feadh na saolré, más gá, athaicmiú ar aicmí feidhmíochta na gceallraí dá dtagraítear i mír 2 ó thaobh a loirg carbóin de.

    Airteagal 8
    Ábhar athchúrsáilte i gceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán

    1.Ón 1 Eanáir 2027, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, ina mbeidh faisnéis faoin méid cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta.

    Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos an mhodheolaíocht chun na méideanna cóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna n‑aisghabháil as dramhaíl atá in ábhair ghníomhacha sna ceallraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a ríomh agus a fhíorú agus an fhormáid le haghaidh na doiciméadachta teicniúla. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    2.Ón 1 Eanáir 2030, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, lena léireofar go bhfuil sna ceallraí sin an tíoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna (h)aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta:

    (a)12 % cóbalt;

    (b)85 % luaidhe;

    (c)4 % litiam;

    (d)4 % nicil.

    3.Ón 1 Eanáir 2035, beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí gluaisteán a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh agus a bhfuil cóbalt, luaidhe, litiam nó nicil in ábhair ghníomhacha iontu, lena léireofar go bhfuil sna ceallraí sin an tíoschion seo a leanas de chóbalt, luaidhe, litiam nó nicil arna (h)aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha i ngach samhail cheallra agus gach baisce ceallraí in aghaidh na monarchan monaraíochta:

    (a)20 % cóbalt;

    (b)85 % luaidhe;

    (c)10 % litiam;

    (d)12 % nicil.

    4.I gcás a bhfuil údar leis agus inarb iomchuí mar gheall ar infhaighteacht chóbailt, luaidhe, litiam nó nicile arna (h)aisghabháil as dramhaíl, nó mar gheall ar easpa na nithe sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2027, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73, chun na spriocanna a leagtar síos i míreanna 2 agus mír 3 a leasú.

    Airteagal 9
    Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta

    1.Ón 1 Eanáir 2027, comhlíonfaidh ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 2.

    2.Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III ar cheart do cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta a bhaint amach.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

    Ar dó an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, measfaidh an Coimisiún an gá le tionchar ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a laghdú agus cuirfidh sé caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus scéimeanna lipéadaithe idirnáisiúnta ábhartha san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na forálacha a leagtar síos leis an ngníomh tarmligthe sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas ina gcuirtear na ceallraí sin, ar an inacmhainneacht agus ar an gcostas d’úsáideoirí deiridh agus ar iomaíochas an tionscail. Ní fhorchuirfear aon ualach riaracháin iomarcach ar mhonaróirí na gceallraí agus na bhfearas lena mbaineann.

    3.Faoin 31 Nollaig 2030, measúnóidh an Coimisiún féidearthacht na mbeart chun deireadh a chur le húsáid ceallraí inaistrithe neamh-in-athluchtaithe d’úsáid ghinearálta de réir a chéile nó úsáid na gceallraí sin a optamú d’fhonn a dtionchar comhshaoil a íoslaghdú bunaithe ar an modheolaíocht um measúnú saolré. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus breathnóidh sé ar na bearta iomchuí a ghlacadh, lena náirítear tograí reachtacha a ghlacadh.

    Airteagal 10
    Ceanglais maidir le feidhmíocht agus marthanacht le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha

    1.Ón [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], beidh i ndoiciméadacht theicniúil a bheidh in éineacht le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

    Beidh míniú sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin ar na sonraíochtaí teicniúla, na caighdeáin theicniúla agus na coinníollacha teicniúla arna n‑úsáid chun na luachanna le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a thomhas, a ríomh nó a mheas. Beidh sa mhíniú sin na heilimintí a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn IV, ar a laghad.

    2.Ón 1 Eanáir 2026, comhlíonfaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh na híosluachanna a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3 le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV.

    3.Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íosluachanna a bhunú le haghaidh na bparaiméadar feidhmíochta leictriceimicí agus marthanachta a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn IV ar cheart do cheallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh a bhaint amach.

    Ar dó an gníomh tarmligthe a ullmhú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, measfaidh an Coimisiún an gá le tionchar comhshaoil ar feadh a saolré ag ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh a laghdú agus áiritheoidh sé nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh sin ar fheidhmiúlacht na gceallraí sin nó na bhfearas ina gcuirtear na ceallraí sin, ar a n‑inacmhainneacht ná ar iomaíochas an tionscail. Ní fhorchuirfear aon ualach riaracháin iomarcach ar mhonaróirí na gceallraí agus na bhfearas lena mbaineann.

    Airteagal 11
    Inbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe
     

    1.Beidh ceallraí inaistrithe a chuirtear i bhfearais éasca le baint amach agus le hathsholáthar ag an úsáideoir deiridh nó ag oibreoirí neamhspleácha i rith shaolré an fhearais má bhíonn saolré ag na ceallraí is giorra ná an fearas, nó ag deireadh shaolré an fhearais ar a dhéanaí.

    Beidh ceallra éasca le hathsholáthar i gcás gur féidir é a ionadú le ceallra cosúil leis tar éis dó a bheith bainte as fearas, gan difríocht a dhéanamh d’fheidhmiú ná d’fheidhmíocht an fhearais sin.

    2.Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1

    (a)i gcás inar gá leanúnachas soláthair cumhachta agus ina mbíonn nasc buan idir an fearas agus an ceallra inaistrithe riachtanach ar chúiseanna sábháilteachta, feidhmíochta, míochaine nó sláine sonraí; nó

    (b)mura bhfeidhmíonn an ceallra ach amháin i gcás ina mbeidh sé curtha ina chuid de struchtúr an fhearais.

    3.Glacfaidh an Coimisiún treoir chun feidhmiú comhchuibhithe na maoluithe a leagtar amach i mír 2 a éascú.

    Airteagal 12
    Sábháilteacht na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite

    1.Beidh doiciméadacht theicniúil in éineacht le córais stórála fuinnimh i gceallraí suite lena léireofar go mbíonn siad sábháilte le linn a ngnáthoibríochta agus a ngnáthúsáide, lena náirítear fianaise gur éirigh le tástálacha orthu le haghaidh na bparaiméadar sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn V, ar cheart modheolaíochtaí tástála úrscothacha a úsáid dóibh.

    2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun na paraiméadair shábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn V a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.

    Caibidil III
    Ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis

    Airteagal 13
    Ceallraí a lipéadú

    1.Ón 1 Eanáir 2027, déanfar ceallraí a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn VI.

    2.Ón 1 Eanáir 2027, déanfar ceallraí inaistrithe agus gluaisteán a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis maidir lena dtoilleadh agus déanfar ceallraí inaistrithe a mharcáil le lipéad ina mbeidh an fhaisnéis maidir lena meán-íosfhad agus úsáidí sonracha á mbaint astu.

    3.Ón 1 Iúil 2023, déanfar ceallraí a lipéadú leis an tsiombail lena dtabharfar ‘bailiú ar leithligh’ le fios, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn VI.

    Cumhdófar 3 % d’achar an taoibh is mó den cheallra ar a laghad leis an tsiombail agus chomh mór le méid 5 × 5 cm ar a mhéad.

    I gcás ceallraí cille sorcóireacha, cumhdófar 1.5 % d’achar dromchla an cheallra ar a laghad leis an tsiombail agus beidh méid 5 × 5 cm ar a mhéad ann.

    I gcás ina bhfágann méid an cheallra go mbeadh an tsiombail níos lú ná 0.5 × 0.5 cm, ní gá don cheallra a bheith marcáilte ach priontálfar siombail ar mhéid 1 × 1 cm ar a laghad ar an bpacáistiú.

    4.Ón 1 Iúil 2023, déanfar ceallraí ina bhfuil níos mó ná 0.002 % caidmiam nó níos mó ná 0.004 % luaidhe, a lipéadú de réir na siombaile ceimiceáin don mhiotal lena mbaineann: Cd nó Pb.

    Déanfar an tsiombail lena dtabharfar cion an mhiotail throm le fios a phriontáil faoi bhun na siombaile a thaispeántar i gCuid B d’Iarscríbhinn VI agus is é an ceathrú cuid de mhéid na siombaile sin ar a laghad a bheidh in achar na siombaile.

    5.Déanfar ceallraí a mharcáil le cód QR i gcomhréir le Cuid C d’iarscríbhinn VI trínar féidir teacht ar an bhfaisnéis a leanas:

    (a)ón 1 Eanáir 2027, maidir leis na ceallraí uile, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1;

    (b)ón 1 Eanáir 2027, maidir le ceallraí inaistrithe agus gluaisteán, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2;

    (c)ón 1 Eanáir 2023, maidir le gach ceallra, an tsiombail dá dtagraítear i mír 3;

    (d)ón 1 Eanáir 2023, maidir le ceallraí ina bhfuil níos mó ná 0.002 % caidmiam nó níos mó ná 0.004 % luaidhe, an tsiombail dá dtagraítear i mír 4;

    (e)[ó 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha, an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 39(6);

    (f)ón 1 Iúil 2024 le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, an dearbhú maidir le lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(1);

    (g)ón 1 Eanáir 2026, le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha agus ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, an dearbhú maidir le lorg carbóin dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

    (h)ón 1 Eanáir 2027, le haghaidh ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, ceallraí gluaisteán agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, an méid cóbailt, luaidhe, litiam agus nicile arna aisghabháil as dramhaíl in ábhair ghníomhacha sa cheallra, i gcomhréir le hAirteagal 8;

    (i)ón 1 Eanáir 2023, maidir leis na ceallraí uile, an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 18;

    (j)ón 1 Iúil 2023, maidir leis na ceallraí uile, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) d’Airteagal 60(1).

    6.Déanfar lipéid agus an cód QR dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a phriontáil nó a ghreanadh go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar an gceallra. Murab indéanta sin nó nach mbeidh údar leis sin mar gheall ar chineál nó ar mhéid an cheallra, greamófar lipéid ar an bpacáistiú agus ar na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

    7.Glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, gníomhartha cur chun feidhme chun sonraíochtaí comhchuibhithe a bhunú le haghaidh na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Airteagal 14
    Faisnéis ar staid sláinte agus ar shaolré ionchasach na gceallraí

    1.Áireofar i gceallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus i gceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh córas bainistithe ceallraí ina gcuimseofar faisnéis ar na paraiméadair chun an staid sláinte agus an tsaolré atá fágtha ag ceallraí a mheasúnú agus a chinneadh, de réir mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

    2.Soláthrófar rochtain ar na sonraí sa chóras bainistithe ceallra dá dtagraítear i mír 1 ar onn neamh-idirdhealaitheach don duine dlítheanach nó nádúrtha a cheannaigh an ceallra go dleathach nó d’aon tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann tráth ar bith chun:

    (a)luach iarmharach an cheallra agus ar an gcumas atá ann tuilleadh úsáide a bhaint as a mheas;

    (b)chun athúsáid an cheallra, athrú cuspóra an cheallra nó athmhonaraíocht an cheallra a éascú;

    (c)an ceallra a chur ar fáil do chomhbhailitheoirí neamhspleácha nó do rannpháirtithe margaidh trí stóráil fuinnimh.

    3.Beidh feidhm le forálacha an Airteagail seo sa bhreis orthu siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le feithiclí a chineálcheadú. 

    Caibidil IV
    Comhréireacht ceallraí

    Airteagal 15
    Toimhde maidir le comhréireacht ceallraí
     

    1.Chun críocha comhlíontachta agus chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 12, 13 agus 59(5)(a) den Rialachán seo a fhíorú, déanfar tomhais agus ríomhanna agus modh iontaofa, cruinn agus inatáirgthe á úsáid, lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha a bhfuil aitheantas coitianta dó, agus ar meastar gur beag neamhchinnteachta a bhaineann lena dtorthaí, lena náirítear modhanna a leagtar amach sna doiciméid ar foilsíodh na huimhreacha tagartha chun na críche sin díobh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.Toimhdeofar maidir le ceallraí a bheidh i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 13 agus 59(5)(a) a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin.

    3.Toimhdeofar maidir le ceallraí a bheidh i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin.

    Airteagal 16
    Sonraíochtaí comhchoiteanna

    1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 12, 13, 59(5)(a) nó tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) sna cásanna a leanas:

    (a)mura gcumhdaítear na ceanglais nó na tástálacha sin le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; nó

    (b)i gcás ina bhfeiceann an Coimisiún moilleanna míchuí maidir le caighdeáin chomhchuibhithe arna niarraidh a ghlacadh, nó ina measann an Coimisiún nach leordhóthanach caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha; nó

    (c)i gcás go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 chun na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais nó na tástálacha sin a choinneáil ar bun le srian nó na tagairtí do na caighdeáin sin nó do chodanna díobh a tharraingt siar.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    2.Toimhdeofar maidir le ceallraí, a dhéantar a thástáil agus sonraíochtaí comhchoiteanna nó codanna díobh á leanúint, go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 9, 10, 13, Airteagal 59(5)(a) a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí comhchoiteanna sin nó le codanna díobh, agus, más infheidhme, go mbaintear amach na híosluachanna arna mbunú le haghaidh na gceanglas sin.

    3.Toimhdeofar maidir le ceallraí a bheidh i gcomhréir le sonraíochtaí comhchoiteanna nó le codanna díobh go mbeidh na ceallraí sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí comhchoiteanna sin nó le codanna díobh.

    Airteagal 17
    Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

    1.Sula gcuirfear ceallra ar an margadh nó i seirbhís, áiritheoidh an monaróir nó, má bhíonn sé sainordaithe chun é sin a dhéanamh, áiritheoidh a ionadaí údaraithe go ndéanfar measúnú ar chomhréireacht an táirge le ceanglais Chaibidlí II agus III den Rialachán seo.

    2.Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VIII.

    3.Déanfar measúnú comhréireachta ar cheallraí maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 39 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn VIII.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun Iarscríbhinn VIII a leasú trí chéimeanna breise fíoraithe a thabhairt isteach sna modúil um measúnú comhréireachta nó trí mhodúil eile a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE a chur in ionad na modúl sin, más gá tar éis dó iad a oiriúnú de réir na gceanglas sonrach le haghaidh ceallraí.

    5.Tarraingeofar suas taifid agus comhfhreagras a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar cheallraí i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra a chomhlíonann na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 bunaithe, nó i dteanga a bhfuil glacadh ag an gcomhlacht sin léi.

    Airteagal 18
    Dearbhú comhréireachta AE

    1.Luafar sa dearbhú comhréireachta AE gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III.

    2.Maidir leis an dearbhú comhréireachta AE, beidh an struchtúr modúil ann a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, agus beidh na heilimintí arna sonrú sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII ann agus déanfar é a nuashonrú go leanúnach. Aistreofar an dearbhú go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an ceallra ar a mhargadh nó ina gcuirtear an ceallra i seirbhís.

    3.I gcás go mbeidh samhail cheallra faoi réir breis agus aon ghníomh amháin de chuid an Aontais lena néilítear dearbhú comhréireachta AE, tarraingeofar dearbhú comhréireachta AE amháin suas i leith gach gnímh den sórt sin de chuid an Aontais. Luafar sa dearbhú sin na gníomhartha de chuid an Aontais lena mbaineann agus a dtagairtí foilseacháin.

    Airteagal 19
    Prionsabail ghinearálta maidir le marcáil CE
     

    Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

    Airteagal 20
    Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú

    1.Greamófar an mharcáil CE go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta den cheallra. Murab indéanta sin nó nach mbeidh údar leis sin mar gheall ar chineál an cheallra, greamófar í den phacáistiú agus de na doiciméid a ghabhann leis an gceallra.

    2.Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an ceallra ar an margadh.

    3.Beidh uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a rinne an measúnú comhréireachta ar an gceallra tar éis na marcála CE. Is é an comhlacht dá dtugtar fógra féin a ghreamóidh an uimhir aitheantais sin nó, faoina threoracha, déanfaidh an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra é sin.

    4.Tar éis na marcála CE agus na huimhreach aitheantais dá dtagraítear i mír 3, beidh, más infheidhme, aon lipéadú eile lena dtabharfar riosca speisialta, úsáid nó contúirt eile atá nasctha le húsáid, stóráil, cóireáil nó iompar an cheallra le fios.

    5.Cuirfidh na Ballstáit le sásraí reatha chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an réimeas lena rialaítear an mharcáil CE i gceart agus déanfaidh siad gníomhaíocht iomchuí i gcás go mbainfear úsáid mhíchuí as an marcáil sin.

    Caibidil V
    Fógra faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta

    Airteagal 21
    Fógra
     

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna n‑údarú chun measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo

    Airteagal 22

    Údaráis a thugann fógra

    1.Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt fúthu agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena náirítear Airteagal 25 a chomhlíonadh.

    2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 de réir bhrí agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

    3.I gcás ina dtarmligfidh nó ina gcuirfidh toscairí an údaráis a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar iontaoibh comhlachta ar shlí eile, nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlítheanach agus comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 mutatis mutandis. Ina theannta sin, beidh socruithe aige chun dliteanais a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí a chumhdach.

    4.Glacfaidh an túdarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 3.

    Airteagal 23
    Ceanglais maidir le húdaráis a thugann fógra

    1.Bunófar, eagrófar agus feidhmeofar údarás a thugann fógra ar bhealach go ndéanfar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí a choimirciú agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint le comhlachtaí dá dtugtar fógra agus le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil iarratas á dhéanamh ar fhógra acu i gcomhréir le hAirteagal 28.

    2.Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach maidir le gach cinneadh a dhéanfar a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta, gur daoine inniúla a dhéanfaidh gach cinneadh a bheidh difriúil leo siúd a rinne an measúnú ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil iarratas á dhéanamh ar fhógra acu a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 28.

    3.Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an túdarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.

    4.Déanfaidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé a choimirciú. Malartóidh sé faisnéis faoi chomhlachtaí dá dtugtar fógra leis an gCoimisiún áfach chomh maith le comhlachtaí a thugann fógra de chuid na mBallstát eile agus le húdaráis náisiúnta ábhartha eile.

    5.Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ag údarás a thugann fógra le húsáid chun a chúraimí a fheidhmiú i gceart.

    Airteagal 24
    Oibleagáid na faisnéise ar údaráis a thugann fógra

    Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú agus chun fógra a thabhairt fúthu agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar na nósanna imeachta sin.

    Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

    Airteagal 25
    Ceanglais maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra

    1.Chun fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11.

    2.Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

    3.Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar aon cheangal gnó agus ar an tsamhail cheallra a mheasúnaíonn sé, go háirithe ar mhonaróirí ceallraí agus ar chomhpháirtithe trádála na monaróirí ceallraí, ar infheisteoirí scairsheilbhe i dtaobh mhonarchana na monaróirí ceallraí agus ar chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra agus a gcomhlachais ghnó, a máthairchuideachtaí nó a bhfochuideachtaí.

    4.Ní hé dearthóir, monaróir, soláthraí, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir nó cothabhálaí na gceallraí arna measúnú acu, ná ionadaí aon duine de na páirtithe sin, a bheidh i gceist leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta, lena lucht bainistíochta ardleibhéil ná leis an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh. Ní chuirfidh sin bac ar úsáid ceallraí is gá le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná ar úsáid ceallraí chun críocha pearsanta.

    Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht bainistíochta ardleibhéil ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, monaraíocht, margú, suiteáil, úsáid nó cothabháil na gceallraí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n‑ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm leis sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

    Áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a mháthairchuideachtaí ná a chomhchuideachtaí, a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difríocht do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

    5.Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach sa réimse sonrach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe maidir le brú agus mealladh ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

    6.Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta cumasach ar na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta arna lua in Iarscríbhinn VIII agus ar tugadh fógra dó i ndáil leo, a dhéanamh, cibé acu an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin.

    Beidh na nithe seo a leanas is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí, agus le haghaidh gach nóis imeachta um measúnú comhréireachta agus gach samhla ceallra ar tugadh fógra dó i ndáil léi:

    (a)foireann ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na tascanna measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

    (b)tuairiscí ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena náiritheofar trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas iad a atáirgeadh;

    (c)beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;

    (d)nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú lena dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn sé, a struchtúr, a chasta atá teicneolaíocht an cheallra atá i gceist, agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.

    Beidh rochtain ag comhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí ar an trealamh tástála uile agus ar na saoráidí tástála uile is gá le haghaidh gach nóis imeachta um measúnú comhréireachta agus gach samhla ceallra ar tugadh fógra dó i ndáil léi.

    7.Beidh na nithe seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chomhlíonadh:

    (a)oiliúint theicniúil fhónta agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta i ndáil leo;

    (b)eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leormhaith chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

    (c)eolas iomchuí agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 15 agus ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus ar reachtaíocht náisiúnta;

    (d)an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.

    8.Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

    Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

    9.Tógfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta polasaí árachais dliteanais ach amháin má ghabhann an stát an dliteanas sin air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát ina ndéantar a ghníomhaíochtaí, nó má bhíonn an Ballstát sin féin freagrach as an measúnú comhréireachta go díreach.

    10.Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad ag déanamh na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a ghníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.

    11.Glacfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta páirt sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra arna bhunú de bhun Airteagal 37, nó áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcuirfear a phearsanra, a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin arna dtáirgeadh de thoradh obair an ghrúpa comhordaithe sin.

    Airteagal 26
    Toimhde maidir le comhréireacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

    I gcás go léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sna codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonfaidh an comhlacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 25 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

    Airteagal 27
    Fochuideachtaí comhlachtaí dá dtugtar fógra agus fochonraitheoireacht ag na comhlachtaí sin

    1.I gcás ina ndéanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 25 agus cuirfidh sé an túdarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

    2.Glacfaidh comhlacht dá dtugtar fógra lánfhreagracht as na cúraimí arna bhfeidhmiú ag fochonraitheoirí nó ag a gcuid fochuideachtaí, cibé áit a bhfuil siad sin bunaithe

    3.Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón gcliant. Ní fhéadfar bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartas ginearálta inmheánach, cód iompair inmheánach nó rialacha inmheánacha eile, sannadh pearsanra do chúraimí sonracha ná an cinneadh maidir le deimhniú a tharmligean do fhochonraitheoir nó do fhochuideachta.

    4.Coinneoidh comhlacht dá dtugtar fógra ar fáil don údarás a thugann fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus leis an obair arna déanamh acu faoi Iarscríbhinn VIII.

    Airteagal 28
    Iarratas a dhéanamh ar fhógra

    1.Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe.

    2.Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta in éineacht leis an iarratas ar fhógra, agus tuairisc ar na modúil um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII agus ar an tsamhail cheallra dá maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta a bheith inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, arna eisiúint ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.

    3.Mura féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar dá dtagraítear i mír 2, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25 ag an gcomhlacht a fhíorú, a aithint agus chun faireachán a dhéanamh go tráthrialta air sin, lena náirítear doiciméadacht iomchuí lena léirítear go bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta neamhspleách de réir bhrí mhír 3 den Airteagal sin.

    Airteagal 29
    An nós imeachta um fhógra a thabhairt

    1.Ní fhéadfaidh údaráis a thugann fógra fógra a thabhairt ach amháin do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíon na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25.

    2.Seolfaidh an túdarás a thugann fógra fógra chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit eile faoi gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1 agus úsáid á baint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

    3.Beidh san fhógra tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na ceallraí lena mbaineann agus ar fhianú ábhartha na hinniúlachta.

    4.Mura mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(2), soláthróidh an túdarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25.

    5.Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta dá dtugtar fógra a fheidhmiú ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth déanta an fhógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(2) a bheith ann nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta an fhógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 28(3) a bheith san fhógra.

    6.Tabharfaidh an túdarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athruithe ábhartha arna ndéanamh ina dhiaidh ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 2.

    Airteagal 30
    Uimhreacha aitheantais agus liostaí comhlachtaí dá dtugtar fógra

    1.Déanfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais a shannadh do chomhlacht dá dtugtar fógra.

    Sannfaidh sé uimhir aonair den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

    2.Cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar fáil go poiblí, lena náirítear na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dár tugadh fógra dóibh.

    Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.

    Airteagal 31
    Athruithe ar fhógraí

    1.I gcás ina bhfionnfaidh an túdarás a thugann fógra nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 25 a thuilleadh nó go bhfuil an comhlacht ag mainneachtain a oibleagáidí a chomhlíonadh nó i gcás ina gcuirfear é sin in iúl dó, déanfaidh an túdarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, de réir thromchúis na mainneachtana na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

    2.I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó tarraingthe siar, nó i gcás deireadh a bheith curtha lena ghníomhaíocht ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra, déanfaidh an túdarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheidh freagrach arna niarraidh sin dóibh.

    Airteagal 32
    Dúshlán d’inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

    1.Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta dá dtugtar fógra nó maidir leis an gcaoi a bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil sé faoina réir.

    2.Soláthróidh an túdarás a thugann fógra, don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra lena mbaineann a choinneáil ar bun.

    3.Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar faoi rún an fhaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe.

    4.I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais dá fhógra nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais dá fhógra a thuilleadh, déanfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena niarrfar ar an údarás a thugann fógra an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá a dhéanamh lena náirítear an fógra a tharraingt siar más gá. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 74(2).

    Airteagal 33
    Oibleagáidí oibriúcháin na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

    1.Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

    2.Feidhmeoidh comhlacht dá dtugtar fógra a ghníomhaíochtaí ar bhealach comhréireach, agus ualaí neamhriachtanacha d’oibreoirí eacnamaíocha á seachaint, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an ceallra atá le measúnú, agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.

    Ar an gcaoi sin, urramóidh an comhlacht dá dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear go gcomhlíonfaidh an ceallra leis an Rialachán seo.

    3.I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta ag monaróir, éileoidh sé go ndéanfaidh an monaróir sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i bhfianaise cinneadh deimhnithe eile a bheidh ina chinneadh críochnaitheach, ach amháin mura féidir na heasnaimh a leigheas, agus ní fhéadfar an deimhniú a eisiúint sa chás sin.

    4.I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, i gcúrsa an fhaireacháin ar chomhréireacht tar éis do dheimhniú comhréireachta a bheith eisithe nó cinneadh formheasa a bheith glactha, nach bhfuil ceallra comhlíontach a thuilleadh, éileoidh sé ar an monaróir gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an deimhniú comhréireachta nó an cinneadh formheasa ar fionraí nó tarraingeoidh sé an deimhniú nó an cinneadh sin siar, más gá.

    5.Mura ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach nó mura mbainfidh an éifeacht riachtanach léi, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon deimhniú comhréireachta nó cinneadh formheasa a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 34
    Achomharc in aghaidh cinntí comhlachtaí dá dtugtar fógra

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra.

    Airteagal 35
    Oibleagáid na faisnéise ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra

    1.Cuirfidh comhlacht dá dtugtar fógra an túdarás a thugann fógra ar an eolas faoin méid seo a leanas:

    (a)aon diúltú, srianadh, fionraíocht nó tarraingt siar i ndáil le deimhniú comhréireachta nó cinneadh formheasa;

    (b)aon tosca a dhéanann difríocht do raon feidhme nó do na coinníollacha maidir lena fhógra;

    (c)aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh sé ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

    (d)arna iarraidh sin, aon ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a fheidhmítear laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile dá bhfeidhmítear, lena náirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

    2.Soláthróidh comhlacht dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile dá dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na ceallraí céanna.

    Airteagal 36
    Malartú taithí

    Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhíonn freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

    Airteagal 37
    Comhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhordú

    Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear comhordú agus comhar iomchuí i bhfeidhm idir comhlachtaí dá dtugtar fógra agus go bhfeidhmeofar an comhordú agus comhar sin i gceart i bhfoirm grúpa earnála nó grúpaí comhlachtaí dá dtugtar fógra.

    Beidh comhlachtaí dá dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin nó na ngrúpaí sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

    Caibidil VI
    Oibleagáid oibreoirí eacnamaíocha seachas i gCaibidil VII

    Airteagal 38
    Oibleagáidí monaróirí

    1.Ar cheallra a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís dóibh, lena náirítear chun críocha an mhonaróra féin, áiritheoidh monaróirí maidir leis an gceallra:

    (a)gur dearadh agus gur monaraíodh é i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 go 12 agus Airteagal 14; agus

    (b)gur lipéadaíodh é i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13.

    2.Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII don cheallra agus comhlíonfaidh siad an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 17 nó socróidh go gcomhlíonfar é sula gcuirfear ceallra ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é.

    3.I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 17 go gcomhlíonann ceallra na ceanglais is infheidhme, tarraingeoidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE suas i gcomhréir le hAirteagal 18 agus greamóidh marcáil CE de i gcomhréir le hAirteagail 19 agus 20.

    4.Áiritheoidh monaróirí maidir le gach ceallra a chuireann siad ar an margadh nó i seirbhís go dtarraingeofar dearbhú comhréireachta AE suas i gcomhréir le hAirteagal 18 i dteanga is éasca do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile a thuiscint.

    I gcás ina seachadfar roinnt ceallraí chuig úsáideoir aonair go comhuaineach áfach, féadfaidh cóip aonair den dearbhú comhréireachta AE a bheith in éineacht leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht lena mbaineann.

    5.Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus an dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra a bheith curtha ar an margadh nó i seirbhís.

    6.Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le haghaidh ceallra atá ina chuid de tháirgeadh srathach chun leanúint de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tionscnóidh athruithe ar an bpróiseas táirgeachta nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an cheallra agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, ar na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16 nó ar shonraíochtaí teicniúla eile ar faoina dtreoir a ndearbhaítear comhréireacht an cheallra nó trína bhfeidhmiú a bhfíoraítear a chomhréireacht, athscrúdú ar an measúnú comhréireachta i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 17.

    7.Áiritheoidh monaróirí go ndéanfar an ceallra a lipéadú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 8 d’Airteagal 13.

    8.Déanfaidh monaróirí a nainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist agus an seoladh gréasáin mar ar féidir dul i dteagmháil leo a lua ar phacáistiú an cheallra. Tabharfar pointe aonair ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir ann le fios leis an seoladh poist. Beidh an fhaisnéis sin i dteanga is éasca d’úsáideoirí deiridh agus d’údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint agus beidh sí soiléir, intuigthe agus soléite.

    9.Áiritheoidh monaróirí maidir le gach ceallra dá gcuireann siad ar an margadh nó i seirbhís go mbeidh treoracha agus faisnéis maidir le sábháilteacht in éineacht leis i gcomhréir le hAirteagail 6 go 12 agus Airteagal 14.

    10.Soláthróidh monaróirí rochtain ar na sonraí ar na paraiméadair sa chóras bainistithe ceallra dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 14 agus i míreanna 1 agus 2 d’Airteagal 59, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sna hAirteagail sin.

    11.Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh monaróirí údarás náisiúnta an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach chuige sin, ag tabhairt tuairisce, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

    12.Soláthróidh monaróirí, sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil uile is gá chun comhréireacht an cheallra leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, a léiriú i dteanga is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Comhoibreoidh monaróirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallra a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i seirbhís.

    Airteagal 39
    Oibleagáid d’oibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh ar an margadh chun beartais um dícheall cuí sa slabhra soláthair a bhunú

    1.Amhail an [12 mhí tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm] comhlíonfaidh an toibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh ar an margadh na hoibleagáidí díchill cuí sa slabhra soláthair a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo agus coimeádfaidh sé doiciméadacht lena léireofar go gcomhlíonann sé na hoibleagáidí sin faoi seach, lena náirítear torthaí an fhíoraithe tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlachtaí dá dtugtar fógra.

    2.Déanfaidh an toibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1

    (a)beartas na cuideachta maidir le slabhra soláthair na namhábhar a thugtar le fios in Iarscríbhinn X, pointe 1, a ghlacadh, agus a chur in iúl go soiléir do sholáthraithe agus don phobal;

    (b)caighdeáin a chur ina bheartas don slabhra soláthair a thiocfaidh leis na caighdeáin a leagtar amach sa samhailbheartas don slabhra soláthair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir um Dhícheall Cuí ECFE;

    (c)a chórais bhainistithe inmheánacha faoi seach a cheapadh sa chaoi go dtacóidh siad le dícheall cuí sa slabhra soláthair trína chur de fhreagracht ar ardbhainistíocht formhaoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas díchill chuí sa slabhra soláthair chomh maith le taifid a choimeád de na córais sin ar feadh 5 bliana ar a laghad;

    (d)córas rialuithe agus trédhearcachta a bhunú agus a fheidhmiú maidir leis an slabhra soláthair, lena náirítear líne chúraim nó córas inrianaitheachta nó gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra soláthair a shainaithint.

    Gheobhaidh córas den sórt sin tacaíocht ó dhoiciméid ina soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

    (i)tuairisc ar an amhábhar, lena náirítear a ainm trádála agus a chineál;

    (ii)ainm agus seoladh an tsoláthraí a sholáthair an tamhábhar sna ceallraí don oibreoir eacnamaíoch a chuireann na ceallraí ina bhfuil an tamhábhar atá i gceist ar an margadh;

    (iii)tír thionscnaimh an amhábhair agus na hidirbhearta margaidh ó eastóscadh an amhábhair chuig an soláthraí is gaire don oibreoir eacnamaíoch;

    (iv)cainníochtaí an amhábhair sa cheallra a chuirtear ar an margadh, arna shloinneadh i gcéatadán nó de réir meáchain.

    Féadfar na ceanglais a leagtar amach i bpointe reatha (d) a chur chun feidhme trí bheith rannpháirteach i scéimeanna faoi stiúir an tionscail.

    (e)a bheartas don slabhra soláthair a chur ina gcuid de chonarthaí agus de chomhaontuithe le soláthraithe lena náirítear a mbearta bainistithe riosca;

    (f)sásra casaoide a bhunú mar chóras feasachta riosca luathrabhaidh nó sásra den sórt sin a sholáthar trí shocruithe comhoibríocha le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó le heagraíochtaí eile, nó trí dhul ar iontaoibh saineolaí nó comhlachta sheachtraigh, amhail ombudsman, a éascú.

    3.Déanfaidh an toibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1

    (a)tionchair dhíobhálacha a bhaineann leis na catagóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 2, ina shlabhra soláthair ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun mhír 2 de réir chaighdeáin a bheartais don slabhra soláthair;

    (b)straitéis a chur chun feidhme chun freagairt do na rioscaí a sainaithníodh, ionas gur féidir tionchair dhíobhálacha a chosc nó a mhaolú tríd an méid seo a leanas:

    (i)torthaí an mheasúnaithe riosca ar an slabhra soláthair a thuairisciú don ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin;

    (ii)bearta maidir le bainistiú riosca a ghlacadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Treoir um Dhícheall Cuí ECFE, ag meas a gcumais chun tionchar a imirt, agus i gcás inar gá, bearta a dhéanamh chun brú a chur ar sholáthraithe ar féidir leo an riosca arna shainaithint a chosc nó a mhaolú ar an mbealach is éifeachtaí;

    (iii)an plean bainistithe riosca a chur chun feidhme, faireachán agus rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht iarrachtaí um maolú riosca, tuairisciú ar ais don ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin agus a mheas an déileáil a dhéantar le soláthraí a fhionraí nó scor de bheith ag déileáil leis má theipeann ar na hiarrachtaí um maolú riosca, bunaithe ar shocruithe conarthacha ábhartha ar aon dul le pointe 2 thuas;

    (iv)tuilleadh measúnuithe fíorais agus riosca a dhéanamh le haghaidh rioscaí nach mór a mhaolú, nó tar éis athrú ar imthosca.

    Má dhéanann oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 iarrachtaí um maolú riosca a chur i bhfeidhm agus, san am céanna, é ag leanúint de bheith ag trádáil nó an trádáil á cur ar fionraí go sealadach aige, rachaidh sé i gcomhairle le soláthraithe agus leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, lena n‑áirítear údaráis rialtais áitiúil agus rialtais láir, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta agus tríú páirtithe a ndéantar difríocht dóibh, agus comhaontóidh siad ar straitéis um maolú intomhaiste riosca sa phlean bainistithe riosca.

    Sainaithneoidh agus measúnóidh oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 dóchúlacht na dtionchar díobhálach sna catagóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 2 ina shlabhra soláthair bunaithe ar thuarascálacha atá ar fáil de thoradh fíoraithe tríú páirtí arna dhéanamh ag comhlacht dá dtugtar fógra a bhaineann leis na soláthraithe sa slabhra sin, agus, trí na cleachtais díchill chuí acu a mheasúnú, de réir mar is iomchuí. Beidh na tuarascálacha fíoraithe sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i mír 4. In éagmais na dtuarascálacha fíoraithe tríú páirtí sin ó sholáthraithe, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 na rioscaí ina slabhra soláthair a shainaithint agus a mheasúnú mar chuid dá gcóras bainistithe riosca féin. Sna cásanna sin, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 fíorú tríú páirtí ar dhícheall cuí a slabhraí soláthair féin trí chomhlacht dá dtugtar fógra i gcomhréir leis an gcéad fhomhír i mír 4.

    Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 torthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír a thuairisciú chuig a n‑ardbhainistíocht atá ainmnithe chun na críche sin agus cuirfidh siad straitéis freagartha chun feidhme a bheidh ceaptha chun tionchair dhíobhálacha a chosc nó a mhaolú.

    4.Socróidh an toibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 go bhfíoróidh comhlacht dá dtugtar fógra a mbeartais díchill chuí maidir leis an slabhra soláthair (‘fíorú tríú páirtí’).

    Maidir leis an bhfíorú tríú páirtí ag comhlacht dá dtugtar fógra:

    (a)áireofar ina raon feidhme na gníomhaíochtaí, próisis agus córais uile a úsáideann oibreoirí eacnamaíocha chun a gceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a chur chun feidhme i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5;

    (b)beidh mar a chuspóir aige comhréireacht na gcleachtas díchill chuí sa slabhra soláthair ag oibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallraí ar an margadh, a chinneadh i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5;

    (c)moltaí a dhéanamh do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann ceallraí ar an margadh maidir le conas feabhas a chur ar a chleachtais díchill chuí sa slabhra soláthair;

    (d)prionsabail iniúchóireachta an neamhspleáchais, na hinniúlachta agus na cuntasachta, mar a leagtar amach i dTreoir um Dhícheall Cuí ECFE a urramú;

    5.Maidir leis na tuarascálacha d’aon fhíorú tríú páirtí a dhéantar i gcomhréir le mír 4 nó fianaise gur comhlíonadh scéim díchill chuí sa slabhra soláthair arna aithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 72, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 na tuarascálacha sin ar fáil d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát arna iarraidh sin dóibh.

    6.Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis uile a fuair siad agus atá fós acu de bhun a mbeartas díchill chuí sa slabhra soláthair a chur ar fáil dá neas-cheannaitheoirí iartheachtacha, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

    Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 a mbeartais díchill chuí sa slabhra soláthair a thuairisciú go poiblí agus ar bhonn bliantúil chomh forleathan agus is féidir é, lena n‑áirítear ar an idirlíon. Beidh sa tuarascáil sin na bearta a rinne siad chun na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh, lena n‑áirítear torthaí a fuarthas maidir le tionchair dhíobhálacha suntasacha ar na catagóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 2, agus conas a ndeachthas i ngleic leo, chomh maith le tuarascáil achomair ar an bhfíorú tríú páirtí a rinneadh i gcomhréir le pointe 4, lena n‑áirítear ainm an chomhlachta dá dtugtar fógra, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht.

    I gcás inar féidir le hoibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 teacht ar an gconclúid le réasún go ndíorthaítear na hamhábhair a liostaítear in Iarscríbhinn X, pointe 1, atá sa cheallra as foinsí athchúrsáilte agus iad sin amháin, déanfaidh sé, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht ghnó agus ar cheisteanna eile a bhaineann leis an iomaíocht, a thátail a nochtadh go poiblí.

    7.Forbróidh an Coimisiún treoir maidir le feidhmiú na gceanglas díchill chuí atá sainmhínithe i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, ag féachaint do na rioscaí sóisialta agus comhshaoil dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, pointe 2, agus ag féachaint go háirithe go mbeadh sí i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, pointe 3.

    8.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)Liostaí na namhábhar agus na catagóirí riosca in Iarscríbhinn X a leasú i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch nó teicneolaíoch maidir le monaraíocht ceallraí agus ceimicí ceallraí agus leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821;

    (b)na hoibleagáidí ar na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 a leagtar amach i míreanna 2 go 4 a leasú i bhfianaise leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/821 agus athruithe ar na moltaí maidir le dícheall cuí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir um Dhícheall Cuí ECFE.

    Airteagal 40
    Oibleagáidí ionadaithe údaraithe

    1.Mura mbeidh monaróir ceallra bunaithe i mBallstát, ní fhéadfar an ceallra a chur ar mhargadh an Aontais ach amháin i gcás ina nainmníonn an monaróir ionadaí údaraithe aonair.

    2.Is é sainordú an ionadaí údaraithe a bheidh san ainmniúchán, ní bheidh sé bailí ach amháin i gcás ina nglacann an tionadaí údaraithe i scríbhinn leis agus beidh éifeacht leis le haghaidh gach ceallra den chineál ceallra céanna ar a laghad.

    3.Ní dhéanfaidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 38(1) agus an oibleagáid chun doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas cuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

    4.Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón monaróir. Soláthróidh an tionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

    (a)fíorú go bhfuil an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas agus, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta déanta ag an monaróir

    (b)an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil nuashonraithe a choimeád ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh;

    (c)mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá chun comhréireacht an cheallra a léiriú a sholáthar don údarás sin;

    (d)comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe;

    (e)oibleagáidí an mhonaróra faoi Chaibidil V a chomhlíonadh

    (f)an sainordú a fhoirceannadh má ghníomhaíonn an monaróir ar neamhréir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo.

    Airteagal 41
    Oibleagáidí allmhaireoirí

    1.Ní chuirfidh allmhaireoirí ceallra ar an margadh nó i seirbhís ach ceallra a bheidh i gcomhréir le ceanglais Chaibidlí II agus III

    2.Sula gcuirfidh siad ceallra ar an margadh nó i seirbhís, fíoróidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17 déanta ag an monaróir. Fíoróidh siad go mbeidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII tarraingthe suas ag an monaróir, go mbeidh marcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 19 agus an cód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(5) ar an gceallra, agus go mbeidh na doiciméid a éilítear in éineacht leis agus gur chomhlíon an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 7, 8 agus 9 d’Airteagal 38.

    I gcás ina measann allmhaireoir nó ina bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, ní chuirfidh an t‑allmhaireoir ar an margadh é ná i seirbhís é go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an t‑allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas chuige sin.

    3.Déanfaidh allmhaireoirí a nainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh mar ar féidir dul i dteagmháil leo a lua ar an gceallra, nó, mura mbeidh sé sin indéanta, luafar na nithe sin ar a phacáistiú nó i ndoiciméad a ghabhann leis an gceallra. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is éasca do thomhaltóirí, d’úsáideoirí deiridh eile agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint.

    4.Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh a oibleagáidí comhlíonta ag an monaróir faoi mhíreanna 7, 9 agus 10 d’Airteagal 38.

    5.Áiritheoidh allmhaireoirí, agus ceallra ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a chur i mbaol.

    6.I gcás ina meastar gurb iomchuí é maidir leis na rioscaí a bhaineann le ceallra, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte an duine agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar cheallraí a dhéantar a mhargú, imscrúdóidh siad iad agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán, maidir le ceallraí neamh-chomhlíontacha agus ceallraí a dhéantar a aisghairm, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi fhaireachán den sórt sin.

    7.Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá láithreach chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh allmhaireoirí údarás náisiúnta an Bhallstáit inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach chuige sin, ag tabhairt tuairisce, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

    8.Coimeádfaidh allmhaireoirí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII agus cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh ar feadh 10 mbliana tar éis an ceallra a chur ar an margadh nó i seirbhís.

    9.Soláthróidh allmhaireoirí, sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil uile is gá dó chun comhréireacht ceallra leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a léiriú i dteanga is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Comhoibreoidh allmhaireoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí, a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i seirbhís.

    Airteagal 42
    Oibleagáidí dáileoirí
     

    1.Ar cheallra a chur ar fáil ar an margadh dóibh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

    2.Roimh dóibh ceallra a chur ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí na nithe seo a leanas:

    (a)go bhfuil an monaróir, ionadaí údaraithe an mhonaróra, an tallmhaireoir nó dáileoirí eile cláraithe ar chríoch Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46;

    (b)go bhfuil an mharcáil CE ar an gceallra,

    (c)go bhfuil na doiciméid a éilítear in éineacht leis an gceallra i dteanga is éasca do na tomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile sa Bhallstát ina bhfuil an ceallra le cur ar fáil ar an margadh a thuiscint, agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta in éineacht leo, agus

    (d)gur chomhlíon an monaróir agus an tallmhaireoir na ceanglais a leagtar amach i míreanna 7, 9 agus 10 d’Airteagal 38 agus Airteagal 41(3) agus (4) faoi seach.

    3.I gcás ina measann dáileoir nó go bhfuil údar aige chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, ní chuirfidh an dáileoir an ceallra ar fáil ar an margadh go dtí go dtabharfar an ceallra sin chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an tallmhaireoir ar an eolas chuige sin chomh maith leis na húdaráis ábhartha um fhaireachas margaidh.

    4.Áiritheoidh dáileoirí, agus ceallra ar a gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a chur i mbaol.

    5.Cinnteoidh dáileoirí, a mheasann nó a bhfuil údar acu chun a chreidiúint nach bhfuil ceallra, atá curtha ar fáil ar an margadh acu, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá chun an ceallra sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a tharraingt siar nó é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbaineann riosca leis an gceallra, cuirfidh dáileoirí údarás náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an ceallra ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach chuige sin, ag tabhairt tuairisce, go háirithe, faoin neamh-chomhlíonadh agus faoi aon ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh.

    6.Soláthróidh allmhaireoirí, sa bhreis ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil uile is gá dó chun comhréireacht ceallra leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a léiriú i dteanga is éasca don údarás sin a thuiscint. Soláthrófar an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Comhoibreoidh dáileoirí leis an údarás náisiúnta, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a chothaíonn ceallraí a chuir siad ar fáil ar an margadh.

    Airteagal 43
    Oibleagáidí soláthraithe seirbhíse comhlíonta

    Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse comhlíonta, le haghaidh na gceallraí a láimhseálann siad, nach ndéanfaidh na dálaí le linn ollstórála, pácáistiú, seoladh a chur ar an gceallra nó é a sheoladh, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III a chur i mbaol i ndáil leis na ceallraí.

    Airteagal 44
    Cás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

    Measfar gur monaróir allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus go mbeidh an t‑allmhaireoir nó an dáileoir sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 40 sna cásanna seo a leanas 

    (a)cuirtear ceallra ar an margadh nó i seirbhís faoi ainm nó faoi thrádmharc an allmhaireora féin nó an dáileora féin;

    (b)beidh modhnú déanta ag an allmhaireoir sin nó an dáileoir sin ar cheallra atá curtha ar an margadh nó i seirbhís cheana féin ar bhealach go bhféadfaí difríocht a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo;

    (c)beidh modhnú déanta ag an allmhaireoir sin nó an dáileoir sin ar chuspóir ceallra atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís cheana féin.

    Airteagal 45
    Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

    Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha faisnéis faoi na nithe seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás um fhaireachas margaidh nó údarás náisiúnta, ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh ceallra a chur ar an margadh:

    (a)sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair ceallra dóibh;

    (b)sainaitheantas aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad ceallra dó, chomh maith leis an líon ceallraí agus na samhlacha beachta.

    Caibidil VII
    Ceallra i ndeireadh a ré a bhainistiú

    Airteagal 46
    Clár na dtáirgeoirí

    1.Bunóidh na Ballstáit clár táirgeoirí a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Caibidle seo ag táirgeoirí. Déanfaidh an túdarás inniúil an clár a bhainistiú.

    2.Cuirfear d’oibleagáid ar tháirgeoirí clárú. Cuirfidh siad iarratas chuige sin faoi bhráid údaráis inniúil an Bhallstáit ina gcuireann siad ceallra ar fáil ar an margadh den chéad uair. I gcas ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ceaptha ag táirgeoir i gcomhréir le hAirteagal 47(2), comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin airteagal seo mutatis mutandis mura sonraítear a mhalairt.

    Ina iarratas ar chlárúchán, soláthróidh an táirgeoir an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil:

    (a)ainm agus seoladh an táirgeora lena náirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhreacha teileafóin agus facs, más ann dóibh, seoladh idirlín agus seoladh ríomhphoist;

    (b)cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena náirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach lena náirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach;

    (c)i gcás údarú i gcomhréir le hAirteagal 47(2), soláthróidh an eagraíocht umfhreagracht táirgeoirí, sa bhreis ar an bhfaisnéis a éilítear faoi phointí (a) agus (b), na nithe seo a leanas

    (i)ainm agus sonraí teagmhála, lena náirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhreacha teileafóin agus facs, seoladh idirlín agus seoladh ríomhphoist na dtáirgeoirí ionadaithe;

    (ii)sainordú an táirgeora ionadaithe;

    (iii)i gcás ina ndéanann an tionadaí údaraithe ionadaíocht thar ceann breis agus táirgeoir amháin, táisc ar leithligh den ainm agus de shonraí teagmhála gach ceann de na táirgeoirí ionadaithe.

    (d)an cineál ceallraí a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit, mar atá, ceallraí inaistrithe, ceallraí tionsclaíocha, ceallraí feithiclí leictreacha, nó ceallraí gluaisteán;

    (e)an branda faoina bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir na ceallraí a sholáthar sa Bhallstát;

    (f)faisnéis faoi conas a chomhlíonann an táirgeoir a fhreagrachtaí faoi mar a leagtar amach in Airteagal 47 agus na ceanglais faoi Airteagail 48 agus 49 faoi seach:

    (i)le haghaidh ceallraí inaistrithe, comhlíonfar ceanglais phointe (f) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

    dearbhú lena léirítear na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar amach in Airteagal 47 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí um bailiú ar leithligh a leagtar amach in Airteagal 48(1) maidir leis an líon ceallraí a sholáthraíonn an táirgeoir agus an córas chun a áirithiú go mbeidh na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa, a chomhlíonadh;

    i gcás inarb infheidhme, an t‑ainm agus na sonraí teagmhála, lena n‑áirítear cód poist agus áit phoist, sráid agus uimhir na sráide, tír, uimhreacha teileafóin agus facs, seoladh idirlín agus seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí a chuir an táirgeoir ar a hiontaoibh a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 47(2), lena n‑áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí lena n‑áirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

    (ii)le haghaidh ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, comhlíonfar ceanglais phointe (f) seo tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

    dearbhú lena soláthraítear faisnéis ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an táirgeoir chun na hoibleagáidí um fhreagracht táirgeoirí a leagtar amach in Airteagal 47 a chomhlíonadh, na bearta arna gcur i bhfeidhm chun na hoibleagáidí um bailiú a leagtar amach in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí a sholáthraíonn an táirgeoir agus an córas chun a áirithiú go mbeidh na sonraí arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla iontaofa;

    i gcás inarb infheidhme, cód náisiúnta céannachta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí ar chuir an táirgeoir ar a hiontaoibh a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 4 d’Airteagal 47, lena n‑áirítear an uimhir chlárúcháin trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí lena n‑áirítear uimhir Eorpach chánach nó uimhir náisiúnta chánach na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

    i gcás ina ndéanann an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ionadaíocht ar bhreis agus táirgeoir amháin, tabharfaidh an eagraíocht le fios ar leithligh conas a chomhlíonann gach ceann de na táirgeoirí ionadaithe na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 47.

    (g)dearbhú ón táirgeoir nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 47(2) á lua go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar fíor.

    3.Maidir leis an údarás inniúil:

    (a)glacfaidh sé iarratais chun na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 2 a chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach a gcuirfear na sonraí díobh ar fáil ar shuíomh gréasáin na núdarás inniúil;

    (b)deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh uimhir chláraithe laistigh d’uastréimhse 6 seachtaine ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis uile a leagtar síos i mír 2;

    (c)féadfaidh sé módúlachtaí a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur isteach sa bhreis ar na cinn a leagtar síos i mír 2;

    (d)féadfaidh sé táillí a bheidh costas-bhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.

    4.Déanfaidh an táirgeoir, nó, i gcás inarb infheidhme, an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí arna ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 47(2) thar ceann na dtáirgeoirí ar a ndéanann an eagraíocht ionadaíocht, an túdarás inniúil a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis sa chlárúchán agus faoi scor buan i ndáil leis na ceallraí, dá dtagraítear sa chlárúchán i gcomhréir le mír 1(d), a chur ar fáil ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit.

    Airteagal 47
    Freagracht Leathnaithe Táirgeora
     

    1.Beidh freagracht leathnaithe táirgeora ar tháirgeoirí ceallraí as ceallraí a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí um bainistiú dramhaíola a leagtar amach sa Chaibidil seo. Áireofar leis an bhfreagracht sin an oibleagáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola a eagrú i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49 agus iompar, cóireáil agus athchúrsáil ceallraí dramhaíola ina dhiaidh, lena náirítear na bearta sábháilteachta is gá, i gcomhréir le hAirteagal 56;

    (b)tuairisciú maidir le hoibleagáidí a bhaineann le ceallraí arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 61;

    (c)bailiú ar leithligh ceallraí a chur chun cinn, lena náirítear trí na costais a íoc chun suirbhéanna a dhéanamh chun ceallraí a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh go mí-iomchuí a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 48(1);

    (d)faisnéis a sholáthar lena náirítear faisnéis faoi dheireadh ré ceallraí i gcomhréir le hAirteagal 60;

    (e)na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a mhaoiniú.

    2.Féadfaidh táirgeoirí a chur ar iontaoibh eagraíochta um fhreagracht táirgeoirí arna húdarú i gcomhréir le mír 6 na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh thar a gceann.

    3.Déanfaidh táirgeoirí agus, i gcás a gceaptha i gcomhréir le mír 2, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, an méid seo a leanas:

    (a)beidh an acmhainn eagrúcháin agus airgeadais is gá acu chun na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh;

    (b)cuirfidh siad sásra féinrialúcháin leormhaith i bhfeidhm, le tacaíocht ó iniúchóireachtaí neamhspleácha tráthrialta, chun breithmheas a dhéanamh go tráthrialta ar an méid seo a leanas:

    (i)a mbainistiú airgeadais, lena náirítear na ceanglais a leagtar síos i mír 1(e) agus i bpointe (a) den mhír seo a chomhlíonadh;

    (ii)cáilíocht na sonraí arna mbailiú agus arna dtuairisciú i gcomhréir le mír 1(b) den Airteagal seo agus ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

    4.I gcás ina mbeidh freagracht leathnaithe táirgeoirí á gcomhfheidhmiú, áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais arna níoc ag táirgeoirí leo:

    (a)go modhnaítear iad mar choinníoll íosta de réir chineál an cheallra agus cheimic an cheallra agus, de réir mar is iomchuí, an mharthanacht agus leibhéal an ábhair athchúrsáilte i monaraíocht na gceallraí á gcur san áireamh;

    (b)go ndéantar iad a choigeartú chun aon ioncaim ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí as athúsáid agus as díolacháin amhábhar tánaisteach ó na ceallraí agus ó na ceallraí dramhaíola a chur san áireamh;

    (c)go náiritheofar an chóir chomhionann idir táirgeoirí ceallraí beag beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach rialála díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga ceallraí, lena náirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

    5.I gcás, i gcomhréir le hAirteagal 48(2), Airteagal 49(3), Airteagal 53(1), Airteagal 56(1), agus míreanna 1, 2 agus 3 d’Airteagal 61, ina ndéanann tríú páirtí seachas táirgeoir nó eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí gníomhaíochtaí chun oibleagáidí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1 a chomhlíonadh, ní bheidh na costais a bheidh le hiompar ag táirgeoirí níos mó ná na costais is gá chun na gníomhaíochtaí sin a sholáthar ar bhealach costéifeachtach. Bunófar costais den sórt sin ar bhealach trédhearcach idir na táirgeoirí agus na tríú páirtithe lena mbaineann agus déanfar iad a choigeartú chun aon ioncaim as athúsáid agus as díolacháin amhábhar tánaisteach ó na ceallraí agus ó na ceallraí dramhaíola a chur san áireamh.

    6.Déanfaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí iarratas ar údarú ón údarás inniúil. Ní dheonófar an túdarú ach amháin i gcás ina léireofar gur leordhóthanach na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí chun na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh maidir leis an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit ag na táirgeoirí a ngníomhaíonn an eagraíocht thar a gceann. Fíoróidh an túdarás inniúil ag eatraimh thráthrialta, cibé acu an leantar nó nach leantar de na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1, 3, 4 agus 5 le haghaidh an údaraithe a chomhlíonadh. Réiteoidh na húdaráis inniúla tuairisc an nóis imeachta um údarú agus na módúlachtaí chun comhlíonadh a fhíorú, lena náirítear an fhaisnéis a bheidh le soláthar ag táirgeoirí chun na críche sin.

    Cuirfidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an t‑údarás inniúil ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis san iarratas ar údarú, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe agus faoi scor buan oibríochtaí.. 

    I gcás, ar chríoch Ballstáit, ina bhfuil eagraíochtaí iolracha um fhreagracht táirgeoirí údaraithe chun oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, comhlíonfaidh siad a bhfreagrachtaí leathnaithe táirgeoirí ar bhealach comhordaithe chun a áirithiú go gcumhdófar críoch iomlán an Bhallstáit leis na gníomhaíochtaí faoi mhír 1(a). Cuirfidh na Ballstáit ar iontaoibh an údaráis inniúil nó ceapfaidh siad tríú páirtí neamhspleách chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáid na n‑eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí maidir le comhordú a dhéanamh i gcomhréir leis an abairt roimhe.

    7.Chun comhlíontacht le mír 3(a) a léiriú, soláthróidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le mír 2, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, ráthaíocht a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm árachais athchúrsála nó cuntais bainc bhlocáilte, nó rannpháirteachais an táirgeora in eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí.

    8.Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh maidir le faisnéis dílseánaigh nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a nionadaithe údaraithe..

    9.Foilseoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar a suíomhanna gréasáin faoi dheireadh gach bliana, faoi réir rúndacht tráchtála agus thionsclaíoch:

    (a)úinéireacht na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí;

    (b)liosta táirgeoirí a chuir ar iontaoibh na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí a noibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh thar a gceann;

    (c)ráta bhailiú ar leithligh na gceallraí dramhaíola, an leibhéal athchúrsála agus na héifeachtúlachtaí athchúrsála a baineadh amach bunaithe ar an líon ceallraí a chuir na táirgeoirí ar baill den eagraíocht iad ar fáil ar an margadh sa Bhallstát den chéad uair;

    (d)na ranníocaíochtaí airgeadais a d’íoc na táirgeoirí ar baill dá heagraíocht iad in aghaidh an cheallra nó in aghaidh mheáchan na gceallraí, agus catagóirí modhnaithe táillí arna bhfeidhmiú i gcomhréir le mír 4(a) á dtabhairt le fios freisin.

    10.Fíoróidh na húdaráis inniúla comhlíontacht na dtáirgeoirí, lena náirítear iad sin a sholáthraíonn ceallraí trí bhíthin cianchonarthaí, agus, i gcás a gceaptha i gcomhréir le mír 2 iad, eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, comhlíontacht na noibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo.

    11.Cuirfidh na Ballstáit sásra ar bun chun idirphlé tráthrialta a áirithiú idir páirtithe leasmhara ábhartha atá bainteach leis na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh le haghaidh ceallraí, lena náirítear tairgeoirí agus dáileoirí, oibreoirí dramhaíola príobháideacha nó poiblí, údaráis áitiúla, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus, i gcás inarb infheidhme, gníomhaithe geilleagair shóisialta, líonraí athúsáide agus deisiúcháin agus ullmhú le haghaidh oibreoirí athúsáide.

    12.I gcás inar gá chun saobhadh an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos critéir chun mír 4(a) a chur i bhfeidhm. Ní fhéadfaidh cinntiúchán beacht faoi leibhéal na ranníocaíochta a bheith ag baint leis an ngníomh cur chun feidhme sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    13.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 8 ná ag Airteagal 8a de Threoir 2008/98/CE maidir le ceallraí.

    Airteagal 48
    Ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú

    1.Áiritheoidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, go mbaileofar na ceallraí inaistrithe dramhaíola uile, beag beann ar a gcineál, a mbranda nó a dtionscnamh ar chríoch Ballstáit i gcás ina gcuireann siad ceallraí ar fáil ar an margadh den chéad uair. Chun na críche sin:

    (a)bunóidh siad pointí bailithe le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola;

    (b)déanfaidh siad bailiú ceallraí inaistrithe dramhaíola a thairiscint, saor in aisce, do na heintitis dá dtagraítear i mír 2(a) agus foráil a dhéanamh maidir le ceallraí inaistrithe dramhaíola ó gach eintiteas a bhain úsáid as an tairiscint sin a bhailiú (‘pointí bailithe nasctha’);

    (c)déanfaidh siad foráil maidir leis na socruithe praiticiúla is gá maidir le bailiú agus iompar, lena náirítear coimeádáin bhailithe iomchuí agus coimeádáin iompair iomchuí a chomhlíonann ceanglais Threoir 2008/98/CE a sholáthar saor in aisce chuig na pointí bailithe nasctha;

    (d)áiritheoidh siad go mbaileofar na ceallraí inaistrithe dramhaíola, arna mbailiú ag na pointí bailithe nasctha, saor in aisce, a mhinice a bheidh comhréireach don limistéar atá i gceist agus do líon agus cineál guaiseach na gceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth;

    (e)áiritheoidh siad go mbeidh na ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú ó na pointí bailithe nasctha faoi réir a gcóireála agus a nathchúrsála ina dhiaidh i saoráid cheadaithe ag oibreoir bainistithe dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 56.

    2.Áiritheoidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, an méid seo a leanas maidir leis an líonra pointí bailithe nasctha:

    (a)gur pointí bailithe a bheidh iontu arna soláthar acu i gcomhar le:

    (i)dáileoirí i gcomhréir le hAirteagal 50;

    (ii)saoráidí cóireála agus athchúrsála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus feithiclí a bhfuil a ré caite i gcomhréir le Airteagal 52;

    (iii)údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann i gcomhréir le hAirteagal 53;

    (iv)pointí bailithe deonacha i gcomhréir le hAirteagal 54;

    (b)lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit agus áireofar méid an daonra, líon ionchasach na gceallraí inaistrithe dramhaíola, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh, gan a bheith teoranta do limistéir mar is brabúsach ceallraí inaistrithe dramhaíola a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

    3.Ní ghearrfar muirear ar úsáideoirí deiridh, ar cheallraí inaistrithe dramhaíola a dhiúscairt ag pointí bailithe dá dtagraítear i mír 2 dóibh, ná ní chuirfear d’oibleagáid orthu ceallra nua a cheannach.

    4.Bainfidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, na spriocanna bailithe seo a leanas ar a laghad amach, agus coinneoidh siad na spriocanna bailithe seo ar bun go marthanach i ndáil le ceallraí inaistrithe dramhaíola, arna ríomh mar chéatadáin de na ceallraí inaistrithe, seachas ceallraí ó chóracha iompair éadroma, arna gcur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an táirgeoir féin nó ag na táirgeoirí atá i gceist le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí i gcomhar le chéile:

    (a)45 % faoin 31 Nollaig 2023;

    (b)65 % faoin 31 Nollaig 2025;

    (c)70 % faoin 31 Nollaig 2030.

    Ríomhfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, an ráta bailithe dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.

    5.Ní bheidh pointí bailithe arna gcur ar bun i gcomhréir le mír 1 agus mír 2(a) faoi réir na gceanglas maidir le clárúchán nó cead i dTreoir 2008/98/CE.

    6.Iarrfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí údarú ón údarás inniúil lena bhfíorófar comhlíontacht na socruithe arna gcur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Airteagail seo. I gcás ina niarrfaidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an túdarú, ainmneofar go soiléir san iarraidh ar údarú na táirgeoirí gníomhacha ar baill iad a bhfuil sí ag déanamh ionadaíocht ar a son.

    7.Áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh maidir le faisnéis dílseánaigh nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair. Féadfaidh an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun na críche sin a bhunú ina údarú.

    8.Ní fhéadfar an túdarú faoi mhír 6 a dheonú ach amháin i gcás ina léireofar, trí fhianaise dhoiciméadach a sholáthar, go gcomhlíontar ceanglais mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo agus go bhfuil na socruithe uile i bhfeidhm ionas go mbeifear in ann an sprioc bhailithe dá dtagraítear i mír 4 a bhaint amach agus a choinneáil ar bun go marthanach ar a laghad trí bhíthin na socruithe sin. I gcás ina mbeidh an túdarú á iarraidh ag eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, gheofar é mar chuid den údarú dá dtagraítear faoi Airteagal 47(6).

    9.Déanfaidh an túdarás inniúil tuairiscí an nóis imeachta chun an túdarú a dheonú a bhunú faoi mhír 6 chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4 agus in Airteagal 56. Áireofar leis sin an ceanglas maidir le tuarascáil saineolaithe neamhspleácha go ndéanfar na socruithe maidir le bailiú faoin airteagal seo a fhíorú ex-ante ar bhealach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais faoin Airteagal seo. Áireofar tráthchláir leis sin freisin chun na bearta faoi seach a fhíorú agus an cinneadh a bheidh le déanamh ag an údarás inniúil, nach mbeidh níos faide ná 6 seachtaine ón tráth a dhéantar sainchomhad iarratais iomlán a thíolacadh.

    10.Déanfaidh an túdarás inniúil athbhreithniú go tráthrialta, agus gach 3 bliana ar a laghad, ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na coinníollacha le haghaidh an údaraithe faoi mhír 6 fós á gcomhlíonadh. Féadfar an túdarú a chúlghairm mura gcomhlíonfar an sprioc bhailithe a leagtar amach i mír 4 nó i gcás ina mbeidh sárú ábhartha á dhéanamh ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ar a oibleagáidí nó ar a hoibleagáidí i gcomhréir le míreanna 1 go 3.

    11.Cuirfidh an táirgeoir nó, i gcás a ceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a cheann, an túdarás inniúil ar an eolas láithreach faoi aon athruithe ar na coinníollacha a chumhdaítear leis an iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 7, faoi aon athruithe a bhaineann le téarmaí an údaraithe faoi mhír 8, agus faoi scor buan oibríochtaí.

    12.Gach 5 bliana déanfaidh na Ballstáit suirbhé ilchodach ar leibhéal 2 NUTS ar a laghad ar dhramhaíl mheasctha chathrach arna bailiú agus ar shruthanna dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh chun cion na gceallraí inaistrithe dramhaíola inti agus iontu sin a chinneadh. Déanfar an chéad suirbhé faoin 31 Nollaig 2023. Ar bhonn na faisnéise a gheofar, féadfaidh na húdaráis inniúla a éileamh, agus údarú faoi mhíreanna 6 nó 10 á dheonú nó á athbhreithniú acu, go ndéanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí gníomhaíocht cheartaitheach chun líonra a bpointí bailithe nasctha a mhéadú agus feachtais faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 60(1) i gcomhréir le cion na gceallraí inaistrithe dramhaíola i ndramhaíl mheasctha chathrach agus i ndramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhraitear sa suirbhé.

    Airteagal 49
    Ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a bhailiú

    1.Tógfaidh táirgeoirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, gach ceallra dramhaíola gluaisteán, tionsclaíocha agus feithiclí leictreacha den chineál faoi seach a chuir siad ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch an Bhallstáit sin ar ais, saor in aisce agus gan oibleagáid ar an úsáideoir deiridh ceallra nua a cheannach, ná an ceallra a bheith ceannaithe aige uathu. Chun na críche sin glacfaidh siad le ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a thógáil ar ais ó úsáideoirí deiridh, nó ó phointí bailithe arna soláthar i gcomhar le:

    (a)dáileoirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha i gcomhréir le hAirteagal 50(1);

    (b)saoráidí cóireála agus athchúrsála dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh agus feithiclí a bhfuil a ré caite dá dtagraítear in Airteagal 52 le haghaidh ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a eascraíonn as a noibríochtaí;

    (c)údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a dhéanann bainistiú dramhaíola thar a gceann i gcomhréir le hAirteagal 53.

    I gcás ina n‑éilítear ceallraí dramhaíola tionsclaíocha a dhíchóimeáil ag áitreabh úsáideoirí príobháideacha, neamhthráchtála, áireofar le hoibleagáid an táirgeora na ceallraí sin a thógáil ar ais na costais maidir le ceallraí dramhaíola a dhíchóimeáil agus a bhailiú ag áitreabh na n‑úsáideoirí sin a íoc. 

    2.Cumhdófar leis na socruithe tógála ar ais arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 críochiomlán Ballstáit agus áireofar méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh, gan a bheith teoranta do limistéir mar is brabúsaí ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a bhailiú agus a bhainistiú ina dhiaidh.

    3.Déanfaidh táirgeoirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, na nithe seo a leanas:

    (a)bonneagar bailithe oiriúnach a sholáthar do na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 1 chun ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a chomhlíonann na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhailiú ar leithligh agus na costais is gá arna dtabhú ag na pointí bailithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí tógála ar ais a íoc. Beidh na coimeádáin chun na ceallraí sin a bhailiú agus a stóráil go sealadach ag an bpointe bailithe leordhóthanach chun foráil a dhéanamh maidir le líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha is dócha a bhaileofar trí na pointí bailithe sin;

    (b)ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a bhailiú ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 1 a mhinice agus is comhréireach le hacmhainn stórála an bhonneagair bailithe ar leithligh agus líon agus cineál guaiseach na gceallraí dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth;

    (c)foráil a dhéanamh maidir le ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha arna mbailiú ó úsáideoirí deiridh agus ó na pointí bailithe dá dtagraítear i mír 1 a sheachadadh chuig saoráidí chun a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 56.

    4.Féadfaidh na heintitis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 3 ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha a thabhairt ar láimh d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola le haghaidh cóireála agus athchúrsála i gcomhréir le hAirteagal 56. Sna cásanna sin, measfar go gcomhlíonfar oibleagáid na dtáirgeoirí de bhun mhír 3(c).

    Airteagal 50
    Oibleagáidí dáileoirí

    1.Tógfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola ar ais ón úsáideoir deiridh gan aon chostas agus gan oibleagáid ceallra nua a cheannach, beag beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach nó a dtionscnamh. Soláthrófar deis tógála ar ais le haghaidh ceallraí inaistrithe ag a nasraon miondíola nó i gcóngaracht láithreach an asraoin sin. Soláthrófar deis tógála ar ais le haghaidh ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha ag a nasraon miondíola nó i gcóngaracht an asraoin sin. Tá an oibleagáid sin teoranta do na cineálacha ceallraí dramhaíola atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir agus, le haghaidh ceallraí inaistrithe, don líon a dhiúscraíonn úsáideoirí deiridh neamhghairmiúla de ghnáth.

    2.Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tógála ar ais a leagtar síos i mír 1 maidir le dramhtháirgí ina bhfuil ceallraí. Beidh feidhm ina theannta sin aige maidir leis an oibleagáid um bailiú ar leithligh do dhramhfhearais agus d’fheithiclí a bhfuil a ré caite a leagtar síos i dTreoir 2000/53/CE agus Treoir 2012/19/AE.

    3.Tabharfaidh dáileoirí ceallraí dramhaíola arna dtógáil ar ais acu ar láimh do na táirgeoirí nó do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bhíonn freagrach as na ceallraí sin a bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49 faoi seach, nó chuig oibreoir bainistithe dramhaíola d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 56.

    4.Beidh feidhm leis na hoibleagáidí faoin airteagal seo mutatis mutandis d’oibreoirí a sholáthraíonn ceallraí trí bhíthin cianchonarthaí d’úsáideoirí deiridh. Déanfaidh na hoibreoirí sin foráil maidir le líon leordhóthanach pointí bailithe lena gcumhdófar críoch iomlán Ballstáit agus áireofar méid agus dlús an daonra, líon ionchasach na gceallraí dramhaíola gluaisteán, na gceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus na gceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha, inrochtaineacht agus cóngaracht d’úsáideoirí deiridh, rud lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh ceallraí a thabhairt ar ais.

    Airteagal 51
    Oibleagáidí úsáideoirí deiridh

    1.Déanfaidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt ar leithligh ó shruthanna dramhaíola eile, lena náirítear ar leithligh ó dhramhaíl mheasctha chathrach.

    2.Déanfaidh úsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a dhiúscairt i bpointí bailithe ar leithligh ainmnithe arna gcur ar bun nó i gcomhréir leis na socruithe sonracha arna dtabhairt chun críche leis an táirgeoir nó le heagraíocht um fhreagracht táirgeoirí, i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49.

    3.Bainfear amach agus diúscrófar ceallraí dramhaíola inaistrithe atá ina gcuid d’fhearais agus is éasca don úsáideoir deiridh a bhaint amach gan uirlisí gairmiúla a úsáid i gcomhréir le mír 1.

    4.Diúscrófar ceallraí dramhaíola atá ina gcuid d’fheithiclí nó d’fhearais agus nach éasca don úsáideoir deiridh a bhaint amach, i gcomhréir le Treoir 2000/53/CE agus le Treoir 2012/19/AE, i gcás inarb infheidhme.

    Airteagal 52
    Oibleagáidí saoráidí cóireála

    Tabharfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola atá faoi réir Threoir 2000/53/CE agus Threoir 2012/19/AE ceallraí dramhaíola a leanann as cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite agus dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí ábhartha nó, i gcás a gceaptha faoi Airteagal 47(2) den Rialachán seo, d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56 den Rialachán seo. Coimeádfaidh oibreoirí saoráidí cóireála dramhaíola taifid ar na hidirbheartaíochtaí sin.

    Airteagal 53
    Rannpháirtíocht na n
    ‑údarás bainistithe dramhaíola poiblí

    1.Féadfar ceallraí dramhaíola de thionscnamh úsáideoirí neamhthráchtála príobháideacha a dhiúscairt i bpointí bailithe ar leithligh arna gcur ar bun ag údaráis bhainistithe dramhaíola phoiblí.

    2.Tabharfaidh údaráis bhainistithe dramhaíola phoiblí ceallraí dramhaíola bailithe ar láimh do na táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), d’eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola d’fhonn na ceallraí dramhaíola sin a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56 nó déanfaidh siad a gcóireáil agus a nathchúrsáil iad féin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56. 

    Airteagal 54
    Rannpháirtíocht pointí bailithe deonacha

    Tabharfaidh pointí bailithe deonacha ceallraí inaistrithe dramhaíola ar láimh do tháirgeoirí na gceallraí inaistrithe nó do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, lena n‑áirítear eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, nó d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola údaraithe d’fhonn iad a chóireáil agus a athchúrsáil i gcomhréir le ceanglais Airteagal 56.

    Airteagal 55
    Na rátaí bailiúcháin le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola

    1.Bainfidh na Ballstáit na spriocanna bailithe íosta seo a leanas amach le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, gan ceallraí dramhaíola ó chóracha iompair éadroma san áireamh:

    (a)45 % faoin 31 Nollaig 2023;

    (b)65 % faoin 31 Nollaig 2025;

    (c)70 % faoin 31 Nollaig 2030.

    2.Ríomhfaidh na Ballstáit na rátaí bailithe a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn XI.

    3.Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2030, athbhreithniú ar an sprioc a leagtar síos i mír 1(c) agus, mar chuid den athbhreithniú sin, measfaidh sé sprioc bhailithe a shocrú haghaidh ceallraí lena gcumhachtaítear córacha iompair éadroma, i bhfianaise na forbartha ar an sciar den mhargadh, mar sprioc ar leithligh nó mar chuid d’athbhreithniú ar an sprioc a leagtar síos i mír 1(c) agus in Airteagal 48(4). Féadfar a mheas leis an athbhreithniú sin freisin an dtabharfar modheolaíocht ríomha isteach chun an ráta bailithe ar leithligh a ríomh d’fhonn an líon ceallraí dramhaíola a bheidh ar fáil lena mbailiú a léiriú. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe agus, más iomchuí, togra reachtach in éineacht léi.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun leasú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun an ráta bailithe a leagtar síos in Iarscríbhinn XI le haghaidh ceallraí inaistrithe a ríomh.

    Airteagal 56
    Cóireáil agus athchúrsáil

    1.Ní chuirfear ceallraí dramhaíola bailithe i láithreáin líonta talún ná ní dhéanfar iad a loscadh.

    2.Gan dochar do Threoir 2010/75/AE, áiritheoidh saoráidí ceadaithe go gcomhlíonfaidh gach próiseas cóireála agus athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola Cuid A d’Iarscríbhinn XII ar a laghad agus an teicníocht is fearr atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Threoir 2010/75/AE, ar a laghad.

    3.I dteannta Airteagal 51(3), i gcás ina mbailítear ceallraí agus iad fós ina gcuid de dhramhfhearas, bainfear amach iad as an dramhfhearas bailithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2012/19/AE.

    4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 73 chun leasú a dhéanamh ar na ceanglais chóireála agus athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn XII i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola.

    Airteagal 57
    Éifeachtúlachtaí athchúrsála agus spriocanna maidir le haisghabháil ábhar

    1.Rachaidh gach ceallra dramhaíola a bhailítear faoi phróiseas athchúrsála.

    2.Áiritheoidh athchúrsálaithe go mbainfear na híoséifeachtúlachtaí athchúrsála amach le gach próiseas athchúrsála agus na leibhéil d’ábhair aisghabháilte a leagtar síos, faoi seach, i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII.

    3.Ríomhfar na héifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabháil na nábhar a leagtar síos i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn XII i gcomhréir leis na rialacha aleagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 4.

    4.Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála agus aisghabháil ábhar a ríomh agus a fhíorú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    5.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 73, chun leasú a dhéanamh ar na híosleibhéil d’ábhair aisghabháilte le haghaidh ceallraí dramhaíola a leagtar síos in Iarscríbhinn XII, i gCodanna B agus C, i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch agus teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola.

    Airteagal 58
    Ceallraí dramhaíola a loingsiú

    1.Féadfar tabhairt faoi chóireáil agus athchúrsáil lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann nó lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh loingsiú na gceallraí dramhaíola Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007.

    2.Ní áireofar ceallraí dramhaíola arna nonnmhairiú amach as an Aontas i gcomhréir le mír 1 i dtreo oibleagáidí, éifeachtúlachtaí agus spriocanna a leagtar amach in Airteagail 56 agus 57 a chomhlíonadh ach amháin sa chás gur féidir leis an athchúrsálaí nó le sealbhóir eile dramhaíola a bhfuil na ceallraí dramhaíola á nonnmhairiú acu a chruthú go ndearnadh an chóireáil i ndálaí ar coibhéiseach iad le ceanglais an Rialacháin seo.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 73, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe a fhorlíonann na rialacha sin i mír 2 den Airteagal seo, trí na critéir chun dálaí coibhéiseacha a mheasúnú a leagan síos.

    Airteagal 59
    Ceanglais a bhaineann le hathrú cuspóra agus athmhonaraíocht ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha

    1.Cumasófar rochtain ar an gcóras bainistithe ceallraí de cheallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus de cheallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh, d’oibreoirí neamhspleácha, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna, chun an staid sláinte agus an tsaolré atá fágtha ag ceallraí a mheasúnú agus a chinneadh, de réir na bparaiméadar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

    2.Soláthrófar rochtain leormhaith ar an bhfaisnéis is ábhartha chun ceallraí in-athluchtaithe tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha, nó d’fhearais agus d’fheithiclí a bhfuil na ceallraí sin ina gcuid díobh, chomh maith le comhábhair na gceallraí sin, na bhfearas sin nó na bhfeithiclí sin, lena náirítear gnéithe sábháilteachta, a láimhseáil agus a thástáil, ar bhonn téarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna d’oibreoirí neamhspleácha a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta.

    3.Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go ndéanfar an scrúdúchán, an tástáil feidhmíochta, pacáil agus loingsiú ceallraí agus a gcomhpháirteanna de réir rialú cáilíochta leordhóthanach agus treoracha sábháilteachta.

    4.Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí athraithe cuspóra nó athmhonaraíochta ar cheallraí go gcomhlíonfaidh an ceallra a nathraítear a chuspóir nó an ceallra a ndéantar athmhonaraíocht air an Rialachán seo, na ceanglais táirge ábhartha maidir le cosaint chomhshaoil agus sláinte an duine i reachtaíocht eile agus ceanglais theicniúla dá chuspóir sonrach úsáide nuair a chuirfear ar an margadh é.

    Ní bheidh ceallra ar ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air faoi réir ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1), (2) agus (3), Airteagal 8(1), (2) agus (3), Airteagal 10(1) agus (2) agus Airteagal 39(1) i gcás inar féidir leis an oibreoir eacnamaíoch, a bhfuil ceallra ar ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air á chur ar an margadh aige, a léiriú gur cuireadh an ceallra sin, sular ndearnadh athrú cuspóra nó athmhonaraíocht air, ar an margadh roimh na dátaí ar ar tháinig na hoibleagáidí sin i bhfeidhm i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

    5.Chun a dhoiciméadú nach dramhaíl a thuilleadh é ceallra dramhaíola, tar éis dá chuspóir a bheith athraithe nó tar éis d’athmhonaraíocht a bheith déanta air, léireoidh sealbhóir an cheallra an méid seo a leanas arna iarraidh sin d’údarás inniúil:

    (a)fianaise ar staid na meastóireachta nó na tástála sláinte arna déanamh i mBallstát i bhfoirm chóipe den taifead lena ndearbhaítear cumas an cheallra chun an fheidhmíocht is ábhartha dá úsáid a chomhlíonadh i ndiaidh oibríocht athraithe cuspóir nó athmhonaraíochta;

    (b)úsáid bhreise as an gceallra atá faoi réir athrú cuspóra nó athmhonaraíochta, déantar í sin a dhoiciméadú trí bhíthin sonraisc nó conartha le haghaidh an díolacháin nó chun úinéireacht an cheallra a aistriú;

    (c)fianaise ar chosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena náirítear trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh.

    6.Cuirfear faisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus i bpointe (a) de mhír 5 ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí comhionanna agus coinníollacha comhionanna, mar chuid den doiciméadacht theicniúil a ghabhann leis an gceallra ar athraíodh a chuspóir nuair a chuirfear ar an margadh nó i seirbhís é.

    7.Beidh soláthar na faisnéise i gcomhréir le míreanna 1, 2, 5 agus 6 gan dochar do chaomhnú rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha.

    8.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear ceanglais theicniúla mhionsonraithe ar ghá do cheallraí iad a chomhlíonadh le nach mbeidís ina ndramhaíl mar aon le ceanglais le haghaidh na sonraí agus na modheolaíochta chun staid sláinte ceallraí a mheas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Airteagal 60
    Faisnéis maidir le deireadh ré

    1.Cuirfidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus do dháileoirí maidir le ceallraí dramhaíola a chosc agus a bhainistiú maidir leis na cineálacha ceallraí a sholáthraíonn na táirgeoirí laistigh de chríoch Ballstáit:

    (a)cuidiú úsáideoirí deiridh chun dramhaíl a chosc, lena náirítear trí fhaisnéis ar dhea-chleachtais a bhaineann le ceallraí a úsáid a bhfuil sé d’aidhm leo síneadh a chur lena gcéim úsáide agus leis na féidearthachtaí maidir lena nullmhú le haghaidh athúsáide;

    (b)ról úsáideoirí deiridh chun cuidiú le bailiú ar leithligh ceallraí dramhaíola i gcomhréir lena noibleagáidí faoi Airteagal 51 chun go mbeifear in ann iad a chóireáil agus a athchúrsáil;

    (c)na córais bhailithe ar leithigh, na córais ullmhúcháin le haghaidh athúsáide agus na córais athchúrsála atá ar fáil le haghaidh ceallraí dramhaíola;

    (d)na treoracha sábháilteachta is gá chun ceallraí dramhaíola a láimhseáil, lena náirítear i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le ceallraí ina bhfuil litiam agus leis na ceallraí sin a láimhseáil;

    (e)ciall na lipéad agus na siombailí arna bpriontáil ar cheallraí nó ar a bpacáistiú;

    (f)tionchar na substaintí i gceallraí ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine, lena náirítear tionchar mar gheall ar dhiúscairt mhí-iomchuí ceallraí dramhaíola cosúil le caitheamh bruscair nó iad a bheith á ndiúscairt mar dhramhaíl chathrach neamhshórtáilte.

    Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil

    (a)in eatraimh ama thráthrialta le haghaidh gach samhla a luaithe a chuirtear an tsamhail cheallra lena mbaineann ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát ag an díolphointe mar choinníoll íosta ar bhealach infheicthe agus trí mhargaí ar líne;

    (b)i dteanga is éasca do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile a thuiscint, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

    2.Cuirfidh táirgeoirí faisnéis maidir leis na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena náirítear bearta sábháilteachta ceirde, is infheidhme maidir le ceallraí dramhaíola a stóráil agus a bhailiú, ar fáil do dháileoirí agus d’oibreoirí dá dtagraítear in Airteagail 50, 52 agus 53 agus d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola eile a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála.

    3.A luaithe a sholáthraítear samhail cheallra laistigh de chríoch Ballstáit, cuirfidh táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil go leictreonach, faisnéis a bhaineann le samhlacha ceallraí sonracha maidir le cóireáil cheart fhónta a dhéanamh ar cheallraí dramhaíola ó thaobh an chomhshaoil de, arna iarraidh sin, d’oibreoirí bainistíochta dramhaíola a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála, a mhéid is gá do na hoibreoirí sin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh:

    (a)na próisis chun a áirithiú go ndéanfar feithiclí agus fearais a dhíchóimeáil ar bhealach lena bhféadfar ceallraí atá ina gcuid díobh a bhaint amach;

    (b)na bearta sábháilteachta agus cosanta, lena náirítear bearta sábháilteachta ceirde, is infheidhme maidir leis na próisis stórála, iompair, chóireála agus athchúrsála le haghaidh ceallraí dramhaíola.

    Sainaithneofar leis an bhfaisnéis sin na comhábhair agus na hábhair, agus suíomh gach substainte guaisí i gceallraí, a mhéid is gá sin d’oibreoirí a dhéanann gníomhaíochtaí deisiúcháin, athmhonaraíochta, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide, cóireála agus athchúrsála chun a chur ar a gcumas dóibh ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

    Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i dteanga is féidir leis na hoibreoirí arna lua sa chéad fhomhír a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.

    4.Soláthróidh dáileoirí a sholáthraíonn ceallraí d’úsáideoirí deiridh ina náitreabh miondíola, ar bhealach infheicthe, agus trína margaí ar líne an fhaisnéis a liostaítear i míreanna 1 agus 2, agus faisnéis ar conas a fhéadfaidh na húsáideoirí deiridh ceallraí dramhaíola a thabhairt ar ais saor in aisce chuig na pointí bailithe faoi seach arna mbunú ag asraonta miondíola nó thar ceann ardán iltaobhach. Beidh an oibleagáid sin teoranta do na cineálacha ceallraí atá, nó a bhí, á dtairiscint mar cheallraí nua ag an dáileoir nó ag an miondíoltóir.

    5.Taispeánfar na costais arna níoc ag an táirgeoir faoi Airteagal 47(1)(e) ar leithligh don úsáideoir deiridh ag díolphointe ceallra nua. Ní sháróidh na costais arna lua an meastachán is fearr ar na fíorchostais a tabhaíodh.

    6.I gcás ina soláthrófar faisnéis go poiblí d’úsáideoirí deiridh faoin Airteagal seo, caomhnófar an rúndacht maidir le faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha.

    Airteagal 61
    Tuairisciú do na húdaráis inniúla

    1.Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an fhaisnéis seo a leanas de réir cheimic an cheallra, agus na méideanna ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma á sonrú:

    (a)an líon ceallraí inaistrithe arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Ballstáit, cé is moite d’aon cheallra inaistrithe, a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;

    (b)an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 48, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

    (c)an sprioc bhailithe arna baint amach ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar ceann a mball;

    (d)an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola bailithe arna seachadadh le haghaidh cóireála agus athchúrsála chuig saoráidí ceadaithe.

    I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola seachastáirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, ceallraí inaistrithe dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola, tuairisceoidh siad donúdarás inniúil maidir le gach bliain féilirean líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice agus an líon ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma á shonrú.

    Tuairisceoidh na hoibreoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír na sonraí sin laistigh de 4 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbaileofar na sonraí. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis don ghníomh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, a bheith glactha, i gcomhréir le hAirteagal 62(6).

    Bunóidh na húdaráis inniúla an fhormáid agus na nósanna imeachta a dtuairisceofar sonraí chucu i gcomhréir leo.

    2.Tuairisceoidh táirgeoirí ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghníomhaíonn thar a gceann, don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire an fhaisnéis seo a leanas, de réir cheimic na gceallraí agus cineálacha ceallraí:

    (a)an líon ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, agus ceallraí, a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh, á neisiamh;

    (b)an líon ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha arna bhailiú agus arna sheachadadh le haghaidh cóireála agus athchúrsála chuig saoráidí ceadaithe.

    3.I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola ceallraí dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha nó ó úsáideoirí deiridh, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas don údarás inniúil maidir le gach bliain féilire de réir a gceimice agus cineálacha ceallraí:

    (a)an líon ceallraí dramhaíola gluaisteán, ceallraí dramhaíola tionsclaíocha agus ceallraí dramhaíola feithiclí leictreacha arna bhailiú;

    (b)an líon ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha arna sheachadadh le haghaidh cóireála agus athchúrsála chuig saoráidí ceadaithe.

    Tuairisceoidh na hoibreoirí arna lua sa mhír seo na sonraí sin laistigh de 4 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbaileofar na sonraí. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis don ghníomh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, a bheith glactha i gcomhréir le hAirteagal 62(5).

    Bunóidh na húdaráis inniúla córais leictreonacha trína dtuairisceofar sonraí dóibh agus sonróidh siad na formáidí a bheidh le húsáid. Beidh córais leictreonacha chun faisnéis a thuairisciú arna gcur ar bun ag na húdaráis inniúla comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le ceanglais an chórais malartaithe faisnéise arna bhunú de bhun Airteagal 64.

    4.Áireofar leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 ceallraí atá ina gcuid d’fheithiclí agus d’fhearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear astu sin i gcomhréir le hAirteagal 52.

    5.Tuairisceoidh oibreoirí bainistíochta dramhaíola a dhéanann cóireáil agus athchúrsálaithe an fhaisnéis seo a leanas do na húdaráis inniúla maidir le gach bliain féilire:

    (a)an líon ceallraí dramhaíola a fhaightear le haghaidh cóireála agus athchúrsála;

    (b)an líon ceallraí dramhaíola a théann faoi phróisis athchúrsála;

    (c)faisnéis ar éifeachtúlachtaí athchúrsála agus ar leibhéil d’ábhair aisghabháilte le haghaidh ceallraí dramhaíola.

    Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú a dhéanfar faoin éifeachtúlacht athchúrsála agus faoi leibhéil d’ábhair aisghabháilte. I gcás ina ndéantar próiseas athchúrsála ag níos mó ná saoráid amháin, bíonn an chéad athchúrsálaí freagrach as an bhfaisnéis a bhailiú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

    Tuairisceoidh athchúrsálaithe na sonraí sin laistigh de 4 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbaileofar na sonraí. Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis don ghníomh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú don Choimisiún, a bheith glactha, i gcomhréir le hAirteagal 62(6).

    6.I gcás ina nonnmhairíonn sealbhóirí dramhaíola seachas iad sin dá dtagraítear i mír 4 ceallraí le haghaidh cóireála agus athchúrsála tuairisceoidh siad na sonraí faoin líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú ar leithligh a onnmhairíodh le haghaidh cóireála agus athchúrsála agus na sonraí dá dtagraítear i míreanna 4(b) agus (c) do na húdaráis inniúla laistigh de 4 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbaileofar na sonraí.

    Airteagal 62
    Tuairisciú chuig an gCoimisiún

    1.Cuirfidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas maidir le ceallraí inaistrithe, ceallraí gluaisteán, ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha ar fáil go poiblí i bhformáid chomhiomlánaithe maidir le gach bliain féilire de réir cineálacha ceallraí agus a gceimice agus, maidir le ceallraí inaistrithe, déanfar ceallraí a chumhachtaíonn córacha iompair éadroma a shainaithint ar bhonn deighilte:

    (a)an líon ceallraí arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair i mBallstát, agus ceallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh á neisiamh;

    (b)an líon ceallraí dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 49, arna ríomh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

    (c)luachanna na néifeachtúlachtaí athchúrsála dá dtagraítear in Iarscríbhinn XII, Cuid B, a baineadh amach agus luachanna na haisghabhála ábhar dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XII, a baineadh amach.

    Cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin ar fáil laistigh de 18 mí ó dheireadh na bliana tuairiscithe dá mbaileofar na sonraí. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí agus go leictreonach san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6, agus seirbhísí sonraí á n‑úsáid a bheidh inrochtana go héasca agus idir-inoibritheach leis an gCóras arna bhunú de bhun Airteagal 64. Beidh na sonraí inléite, insórtáilte agus inchuardaithe ag meaisín, lena n‑urramófar caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún nuair a chuirfear na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil.

    Bainfidh an chéad tréimhse tuairiscithe leis an gcéad bhliain féilire iomlán tar éis don ghníomh cur chun feidhme, lena mbunaítear an fhormáid maidir le tuairisciú, a bheith glactha, i gcomhréir le mír 6.

    Sa bhreis ar Threoir 2000/53/CE agus Treoir 2012/19/AE, áireofar le sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 ceallraí atá ina gcuid d’fheithiclí agus d’fhearais, agus ceallraí dramhaíola a bhaintear astu sin i gcomhréir le hAirteagal 52.

    2.Cumhdófar gach céim aonair athchúrsála agus gach codán aschuir comhfhreagrach sa tuairisciú ar an éifeachtúlacht athchúrsála agus ar leibhéil d’ábhair aisghabháilte dá dtagraítear i mír 1.

    3.Beidh tuarascáil seiceála cáilíochta in éineacht leis na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar an fhaisnéis sin a chur i láthair san fhormáid arna bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6.

    4.Baileoidh agus athbhreithneoidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar eagrú bhailiú na sonraí, ar fhoinsí na sonraí agus ar an modheolaíocht a úsáidtear sna Ballstáit mar aon le hiomláine, iontaofacht, tráthúlacht agus comhsheasmhacht na sonraí sin. Féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feabhais a bheith sa mheasúnú. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas tar éis do na Ballstáit na sonraí a thuairisciú ar dtús agus gach 4 bliana dá éis sin.

    5.Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar síos an fhormáid maidir leis na sonraí agus leis an bhfaisnéis a thuairisceofar don Choimisiún, chomh maith le modhanna fíoraithe agus dálaí oibríochta, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Airteagal 63
    Caibidil VII a chur i bhfeidhm

    Beidh feidhm le Caibidil VII ón 1 Iúil 2023.

    Caibidil VIII
    Malartú leictreonach faisnéise

    Airteagal 64
    Córas leictreonach malairte

    1.Faoin 1 Eanáir 2026, cuirfidh an Coimisiún an córas leictreonach malairte maidir le faisnéis ceallraí (‘an córas’) ar bun.

    2.Beidh an fhaisnéis agus na sonraí sa Chóras maidir le ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe agus ceallraí feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach acu agus toilleadh níos mó ná 2 kWh mar a leagtar síos in Iarscríbhinn XIII. Beidh an fhaisnéis sin insórtáilte agus inchuardaithe, lena nurramófar caighdeáin oscailte don úsáid ó thríú páirtithe.

    3.Cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha, a chuireann ceallra tionsclaíoch in-athluchtaithe nó ceallra feithiclí leictreacha a bhfuil stóras inmheánach aige ar an margadh, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil go leictreonach i bhformáid a bheidh inléite ag meaisín agus seirbhísí sonraí á núsáid a bheidh idir-inoibritheach agus inrochtana go héasca san fhormáid arna bunú i gcomhréir le mír 5.

    4.Foilseoidh an Coimisiún, tar éis athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 62(5), tríd an gCóras an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 62(1) chomh maith leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 62(5).

    5.Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2024, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nithe seo a leanas a bhunú:

    (a)struchtúr an chórais;

    (b)an fhormáid ina gcuirfear na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil;

    (c)na rialacha maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí a rochtain, a chomhroinnt, a bhainistiú, a iniúchadh, a fhoilsiú agus a athúsáid sa chóras.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Airteagal 65
    Pas ceallra

    1.Faoin 1 Eanáir 2026, beidh taifead leictreonach (‘pas ceallra’) ag gach ceallra tionsclaíoch agus ceallra feithiclí leictreacha a chuirfear ar an margadh nó a chuirfear i seirbhís agus ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh.

    2.Beidh an pas ceallra uathúil le haghaidh gach ceallra aonair dá dtagraítear i mír 1 agus sainaithneofar é trí aitheantóir uathúil a cheanglóidh an toibreoir eacnamaíoch a chuirfidh an ceallra ar an margadh de agus a dhéanfar a phriontáil nó a ghreanadh air.

    3.Nascfar an pas ceallra leis an bhfaisnéis maidir le bun-saintréithe gach cineáil agus gach samhla ceallra atá stóráilte i bhfoinsí sonraí an Chórais arna bhunú de réir Airteagal 64. Áiritheoidh an toibreoir eacnamaíoch a chuirfidh ceallra tionsclaíoch nó ceallra feithiclí leictreacha ar an margadh go mbeidh na sonraí a bheidh sa phas ceallra cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

    4.Beidh an pas ceallra inrochtana ar líne, trí chórais leictreonacha a bheidh idir-inoibritheach leis an gCóras arna bhunú de bhun Airteagal 64.

    5.Ceadóidh an pas ceallra rochtain ar an bhfaisnéis faoi na luachanna le haghaidh paraiméadair feidhmíochta agus mharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1), nuair a chuirfear an ceallra ar an margadh agus nuair a bheidh sé faoi réir athruithe ar a stádas.

    6.I gcás ina mbeidh an tathrú ar an stádas i ngeall ar ghníomhaíochtaí deisiúcháin nó athraithe cuspóra, aistreofar an fhreagracht as an taifead ceallra sa phas ceallra chuig an oibreoir eacnamaíoch a mheasfar a chuirfidh an ceallra tionsclaíoch nó an ceallra feithiclí leictreacha ar an margadh nó a chuirfidh i seirbhís é.

    7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na rialacha a bhunú maidir leis an bhfaisnéis agus na sonraí atá inrochtana tríd an bpas ceallra a rochtain, a chomhroinnt, a bhainistiú, a iniúchadh, a fhoilsiú agus a athúsáid.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Caibidil IX
    Faireachas margaidh an Aontais, rialú ceallraí a théann isteach i margadh an Aontais agus nósanna imeachta coimirce an Aontais

    Airteagal 66
    Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le ceallraí lena mbaineann riosca

    1.I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do mhaoin nó don chomhshaol le ceallra a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an gceallra lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo.

    I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, éileoidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an ceallra a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, é a tharraingt siar ón margadh, nó é a aisghairm laistigh d’am réasúnta, a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

    Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.

    2.I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

    3.Áiritheoidh an toibreoir eacnamaíoch go nglacfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i dtaca leis na ceallraí uile lena mbaineann a chuir an toibreoir eacnamaíoch ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

    4.I gcás nach nglacann an toibreoir eacnamaíoch ábhartha beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, glacfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar na ceallraí a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun an ceallra a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm.

    Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, maidir leis na bearta sin.

    5.Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun ceallra neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an cheallra sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a chuir an toibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios go háirithe cibé ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)mainneachtain an cheallra na riachtanais a leagtar amach i gCaibidlí II nó III den Rialachán seo a chomhlíonadh

    (b)easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15;

    (c)easnaimh sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16.

    6.Déanfaidh na Ballstáit, cé is moite den Bhallstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta atá glactha acu agus faoi aon fhaisnéis bhreise a bhfuil fáil acu uirthi maidir le neamhchomhlíonadh an cheallra lena mbaineann, agus, sa chás nach naontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a glacadh, cuirfidh siad ar an eolas iad faoina nagóidí.

    7.Más rud é, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid in aghaidh beart sealadach arna ghlacadh ag Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

    8.Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an ceallra a tharraingt siar ón margadh, i dtaca leis an gceallra lena mbaineann gan mhoill.

    Airteagal 67
    Nós imeachta coimirce an Aontais

    1.Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 66(3) agus (4) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh birt arna ghlacadh ag Ballstát, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme cibé an bhfuil nó nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta.

    Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    2.Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl dóibh gan mhoill agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

    Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit eile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an ceallra neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

    Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.

    3.I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go gceanglaítear neamhchomhlíonadh an cheallra le heasnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.

    Airteagal 68
    Ceallraí comhlíontacha lena mbaineann riosca

    1.Más rud é, tar éis meastóireacht a bheith déanta faoi Airteagal 67(1), go gcinneann Ballstát cé go bhfuil ceallra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i gCaibidlí II agus III, go mbaineann riosca leis do shláinte an duine nó do shábháilteacht daoine, do chosaint maoine nó don chomhshaol, éileoidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a ghlacadh lena áirithiú nach mbainfidh an riosca sin níos mó leis an gceallra lena mbaineann, nuair a chuirtear ar an margadh é, chun an ceallra a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, atá i gcomhréir le cineál an riosca sin.

    2.Áiritheoidh an toibreoir eacnamaíoch go nglacfar beart ceartaitheach maidir leis na ceallraí uile lena mbaineann atá curtha ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais ag an oibreoir eacnamaíoch.

    3.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí na ceallraí lena mbaineann, tionscnamh agus slabhra soláthair an cheallra, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

    4.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, i bhfoirm cinnidh, lena gcinnfear cé acu a bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, agus lena nordófar, más gá, bearta ceartaitheacha iomchuí.

    5.Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    6.Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar iomchuí leo a bhaineann le sláinte an duine agus sábháilteacht daoine a chosaint, agus le cosaint maoine agus an chomhshaoil, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    7.Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé é in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

    Airteagal 69
    Neamhchomhlíonadh eile

    1.Gan dochar d’Airteagal 66, i gcás ina gcinneann Ballstát nach bhfuil ceallra atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 68 ag comhlíonadh an Rialacháin seo nó gur sháraigh oibreoir eacnamaíoch oibleagáid a leagtar amach sa Rialachán seo, éileoidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann. Áireofar an méid seo a leanas le neamhchomhlíonadh den sórt sin:

    (a)greamaíodh an mharcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 20 den Rialachán seo;

    (b)níor greamaíodh an mharcáil CE;

    (c)tá uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhí ag gabháil don chéim rialaithe ar tháirgeacht greamaithe de shárú ar Airteagal 20 nó níor greamaíodh í;

    (d)níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE nó níor tarraingíodh suas i gceart é;

    (e)níl an dearbhú comhréireachta AE inrochtana tríd an gcód QR ar an gceallra;

    (f)níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil, níl sí comhlánaithe nó tá earráidí ann;

    (g)tá an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 7, 9 agus 10 d’Airteagal 38 nó Airteagal 41(3) agus (4) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán nó, i gcás na dtreoracha i gcomhair úsáide, níor aistríodh í sa teanga a bhfuil glacadh ag na Ballstáit léi san áit ina gcuirtear an ceallra ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil é;

    (h)níor comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 38 nó 40;

    (i)ní thugtar urraim do na ceanglais maidir le hoibriú agus úsáid shábháilte na gcóras stórála fuinnimh do cheallraí suite a leagtar amach in Airteagal 12;

    (j)níor comhlíonadh na ceanglais maidir le hinbhuaine agus le sábháilteacht a leagtar amach in Airteagail 6 go 12 i gCaibidil II agus na ceanglais maidir le lipéadú agus le faisnéis a leagtar amach in Airteagail 13 agus 14 i gCaibidil III;

    (k)níor comhlíonadh na ceanglais a bhaineann leis an mbeartas maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair in Airteagal 39.

    2.I gcás nach gcuireann an toibreoir deireadh leis an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (k) de mhír 1, eiseofar fógra maidir le gníomhaíocht cheartaitheach.

    3.I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun an ceallra a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh. I gcás neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (k) de mhír 1, beidh feidhm ag an mír sin mar rogha dheiridh más tromchúiseach é an neamhchomhlíonadh agus leantar de tar éis eisiúint an fhógra maidir le gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 2.

    Caibidil X
    Soláthar poiblí glas, nós imeachta chun na srianta maidir le substaintí guaiseacha a leasú agus aitheantas an Choimisiúin do scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair

    Airteagal 70
    Soláthar poiblí glas

    1.I gcás údaráis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE nó in Airteagal 3(1) de Threoir 2014/25/AE, agus eintitis chonarthacha, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2014/25/AE, ar sholáthar ceallraí nó táirgí dóibh ina bhfuil ceallraí i gcásanna atá cumhdaithe ag na Treoracha sin, áireoidh siad tionchair chomhshaoil na gceallraí thar a saolré d’fhonn a áirithiú go gcoinneofar tionchair sin na gceallraí a sholáthrófar chomh híseal agus is féidir.

    2.Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 maidir le haon chonarthaí a dhéanfaidh údaráis chonarthachta nó eintitis chonarthacha chun ceallraí nó táirgí ina gcuimsítear ceallraí a cheannach agus ciallóidh sí go mbeidh oibleagáid ar na heintitis chonarthachta sonraíochtaí teicniúla mar aon le critéir dhámhachtana bunaithe ar Airteagail 7 go 10 a chur san áireamh chun a áirithiú go roghnófar táirge as measc táirgí lena mbaineann iarmhairtí comhshaoil i bhfad níos ísle le linn a saolré.

    3.Glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 73 lena bhforlíonfar an Rialachán seo trí íoschritéir nó spriocanna éigeantacha maidir le soláthar poiblí glas a bhunú nó a leagan amach bunaithe ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7 go 10.

    Airteagal 71
    An nós imeachta chun na srianta maidir le substaintí guaiseacha a leasú

    1.Má mheasann an Coimisiún go gcruthaíonn úsáid substainte i monarú ceallraí, ceallra ina bhfuil substaint den sórt sin nuair a chuirtear ar an margadh iad, nó ina gcéimeanna saolré ina dhiaidh sin, lena náirítear an chéim dramhaíola, riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol nach bhfuil rialaithe go leordhóthanach agus go dteastaíonn dul i ngleic leis ar bhonn an Aontais ar fad, iarrfaidh sé ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (an ‘Ghníomhaireacht’) sainchomhad a ullmhú a chloíonn le ceanglais phointe (3) de Chuid II d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (‘sainchomhad maidir le srianta’). Beidh measúnú socheacnamaíoch sa sainchomhad maidir le srianta, lena náirítear anailís ar roghanna malartacha.

    2.Foilseoidh an Ghníomhaireacht gan mhoill an rún atá ag an gCoimisiún próisis srianta sin a thionscnamh maidir le substaint, agus cuirfidh sí na páirtithe leasmhara lena mbaineann ar an eolas.

    3.Molfaidh an Ghníomhaireacht srianta d’fhonn an próiseas srianta ar a bhfuil tuairisc i míreanna 4 go 14 a thionscain laistigh de 12 mhí ón iarraidh ón gCoimisiún i mír 1 a fháil agus má léirítear sa sainchomhad maidir le srianta arna ullmhú ag an nGníomhaireacht de bhun na míre sin go bhfuil gá le gníomhaíocht ar fud an Aontais ar fad.

    4.Cuirfidh an Ghníomhaireacht an sainchomhad srianta ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, lena náirítear na srianta a moladh de bhun mhír 3, gan mhoill, ina dtabharfar le fios go soiléir cén dáta ar foilsíodh é. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh do gach páirtí leasmhar tuairimí a chur isteach maidir leis an sainchomhad srianta, go haonair nó i gcomhpháirt, laistigh de 4 mhí ón dáta foilsithe.

    5.Laistigh de 12 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 4, glacfaidh an Coiste um Measúnú Riosca, a bunaíodh de bhun Airteagal 76(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil na srianta atá molta iomchuí ó thaobh an riosca do shláinte an duine agus/nó don chomhshaol a laghdú, bunaithe ar a mhachnamh ar na codanna ábhartha den sainchomhad srianta. Cuirfear an sainchomhad srianta a ullmhóidh an Ghníomhaireacht arna iarraidh sin ag an gCoimisiún san áireamh sa tuairim, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara dá dtagraítear i mír 4.

    6.Laistigh de 15 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 4, glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch, a bunaíodh de bhun Airteagal 76(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tuairim maidir leis na srianta atá molta, bunaithe ar a mhachnamh ar na codanna ábhartha den sainchomhad agus ar an tionchar socheacnamaíoch. Ullmhóidh sé dréacht-tuairim, roimhe sin, maidir leis na srianta atá molta agus maidir leis an tionchar socheacnamaíoch, agus cuirfear an anailís nó an fhaisnéis de réir mhír 4 san áireamh, más ann dóibh.

    7.Foilseoidh an Ghníomhaireacht dréacht-tuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar a suíomh gréasáin gan mhoill agus tabharfaidh sí cuireadh do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a sholáthar maidir leis an dréacht-tuairim tráth nach déanaí ná 60 lá ó fhoilsiú na dréacht-tuairime sin.

    8.Glacfaidh an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch lena thuairim gan mhoill, agus cuirfear san áireamh i gcás inarb iomchuí tuairimí eile a gheofar faoin sprioc-am a leagfar síos i mír 7. Cuirfear san áireamh sa tuairim seo tuairimí na bpáirtithe leasmhara a cuireadh isteach faoi mhíreanna 4 agus 7.

    9.I gcás ina mbeidh difríocht shuntasach idir tuairim an Choiste um Measúnú Riosca agus na srianta a moladh, cuirfidh an Ghníomhaireacht an sprioc-am do thuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch ar athló ar feadh 90 lá ar a mhéad.

    10.Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill maidir leis na srianta a moladh de bhun na hiarrata arna déanamh ag an gCoimisiún faoi mhír 1. I gcás ina bhfuil difríocht shuntasach idir tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch agus na srianta atá molta de bhun mhír 3, cuirfidh an Ghníomhaireacht nóta míniúcháin faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfar míniú mionsonraithe ar na cúiseanna atá le difríochtaí den sórt sin. Mura nglacann Coiste amháin nó an dá choiste tuairim faoin sprioc-am a leagtar síos i míreanna 5 agus 6 cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, agus luafaidh sí na cúiseanna.

    11.Foilseoidh an Ghníomhaireacht tuairimí an dá Choiste ar a suíomh gréasáin gan mhoill.

    12.Cuirfidh an Ghníomhaireacht gach doiciméad agus fianaise a cuireadh faoina bráid nó a bhreithnigh sí ar fáil don Choimisiún ach é sin a iarraidh.

    13.Má bhaineann an Coimisiún de thátal as go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6(2) comhlíonta, glacfaidh sé gníomh tarmligthe de bhun Airteagal 6(2). Glacfar an gníomh tarmligthe sin gan moill mhíchuí tar éis tuairim an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch dá dtagraítear i mír 8 a fháil nó tar éis an sprioc-am a leagtar síos faoi mhíreanna 6 agus 9, mar is infheidhme, mura nglacann an Coiste sin tuairim.

    14.I gcás ina soláthraíonn an Coiste um Measúnú Riosca agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch tuairim de bhun mhíreanna 5 agus 6, bainfidh siad leas as rapóirtéirí mar a shonraítear in Airteagal 87 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Gheobhaidh na rapóirtéirí nó na comhrapóirtéirí lena mbaineann, nó a bhfostóir, luach saothair ón nGníomhaireacht i gcomhréir le scála táillí a chuirfear san áireamh sna socruithe airgeadais a bhaineann le srianta arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta, arna socrú de bhun Airteagal 76(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. I gcás ina mainníonn ar na daoine lena mbaineann a gcuid dualgas a chomhlíonadh, tá sé de cheart ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an conradh a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí nó an luach saothair a choimeád siar.

    Airteagal 72
    Scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair

    1.Maidir le rialtais, comhlachais thionsclaíocha, agus grúpálacha d’eagraíochtaí leasmhara a rinne forbairt agus a dhéanann maoirseacht ar scéimeanna díchill chuí (‘úinéirí scéime’), féadfaidh siad iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ón gCoimisiún dá scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na ceanglais maidir le faisnéis a bheidh san iarratas a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    2.Más rud é, ar bhonn na fianaise agus na faisnéise arna soláthar de bhun na chéad fhomhíre 1, go gcinneann an Coimisiún go gcumasaíonn an scéim díchill chuí sa slabhra soláthair dá dtagraítear i mír 1 go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 den Rialachán seo, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena dtabharfar aitheantas don scéim sin atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Sula nglacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le Rúnaíocht ECFE, de réir mar is iomchuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le haitheantas a thabhairt do scéim díchill chuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cleachtais éagsúla an tionscail a chumhdaítear leis an scéim sin agus ina theannta sin beidh aird aige ar an gcur chuige agus modh riosca-bhunaithe atá in úsáid ag an scéim sin chun rioscaí a shainaithint.

    3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagfar amach na critéir agus an mhodheolaíocht a gcinnfidh an Coimisiún dá réir, i gcomhréir le mír 2, maidir le cibé acu an náirithíonn nó nach náirithíonn scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair go gcomhlíonann oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 den Rialachán seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3). Fíoróidh an Coimisiún freisin ar bhonn tréimhsiúil, de réir mar is iomchuí, go leanann scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair de bheith ag comhlíonadh na gcritéar a raibh aitheantas do chinneadh coibhéise de bhun mhír 2 mar thoradh orthu.

    4.Cuirfidh úinéir scéime díchill chuí sa slabhra soláthair, dár tugadh aitheantas coibhéise i gcomhréir le mír 2, aon athruithe nó nuashonraithe arna ndéanamh ar an scéim sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

    5.Má tá fianaise ar fáil go bhfuil cásanna ann arís agus arís eile nó go bhfuil cásanna suntasacha ann inar chlis ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim aitheanta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2 chun feidhme na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 den Rialachán seo a chomhlíonadh, scrúdóidh an Coimisiún, i gcomhairle le húinéir na scéime aitheanta, cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn na cásanna sin easnaimh sa scéim.

    6.I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún mainneachtain maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 den Rialachán seo a chomhlíonadh nó easnaimh i scéim aitheanta díchill chuí sa slabhra soláthair, féadfaidh sé tréimhse ama iomchuí a thabhairt d’úinéir na scéime chun gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh.

    7.Más rud é go mainníonn úinéir na scéime na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá riachtanach a dhéanamh nó go ndiúltaíonn sé iad a dhéanamh, agus i gcás ina gcinneann an Coimisiún go gcuirfeadh an mhainneachtain nó na heasnaimh dá dtagraítear i mír 6 as do chumas an oibreora eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 39(1) scéim a chur chun feidhme chun go gcomhlíonfadh sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 39 den Rialachán seo, nó i gcás ina bhfuil cásanna suntasacha nó cásanna ann arís agus arís eile de neamhchomhlíonadh ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann scéim chun feidhme bainteach le heasnaimh sa scéim, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina dtarraingeoidh sé siar an taitheantas coibhéise don scéim. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 74(3).

    8.Bunóidh an Coimisiún clár de scéimeanna aitheanta díchill chuí sa slabhra soláthair agus coinneoidh sé cothrom le dáta é. Cuirfear an clár sin ar fáil go poiblí ar an idirlíon.

    CAIBIDIL XI
    Cumhachtaí tarmligthe agus nós imeachta coiste

    Airteagal 73
    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 7(1), (2) agus (3), 9(2), 10(3), 12(2), 17(4), 27(3), 39(8), 55(4), 56(4), 57(6), 58(3) agus 70(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 7(1), (2) agus (3), 9(2), 10(3), 12(2), 17(4), 27(3), 39(8), 55(4), 56(4), 57(6), 58(3) agus 70(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(2), 7(1), (2) agus (3), 9(2), 10(3), 12(2), 17(4), 27(3), 39(8), 55(4), 56(4), 57(6), 58(3) agus 70(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 74
    Nós imeachta coiste

    1.Déanfaidh coiste a bunaíodh le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    4.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

    Caibidil XII
    Leasuithe
     

    Airteagal 75
    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2109/1020

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 mar a leanas:

    (1)in Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs ‘(AE) 2016/425(35) agus (AE) 2016/426(36)’:

    ‘(AE) 2016/425 (*), (AE) 2016/426 (**) agus [(AE) 2020/…(***)]

    _____________________

    * Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n‑aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle ( IO L 81, 31.3.2016, lch. 51 ).

    ** Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/142/CE( IO L 81, 31.3.2016, lch. 99 ).

    *** [Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE (Is faoi Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh na sonraí foilseacháin san Iris Oifigiúil a líonadh isteach)]’;

    (2)in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas, pointe 71, leis an liosta de reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais:

    ‘71. Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/CE (Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh chun na sonraí foilseacháin san Iris Oifigiúil a líonadh isteach);

    Caibidil XIII
    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 76
    Pionóis

    Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difríocht dóibh.

    Airteagal 77
    Athbhreithniú

    1.Faoin 31 Nollaig 2030, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus an tionchar atá aige ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

    2.Ag cur dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil a baineadh amach sna Ballstáit san áireamh, áireoidh an Coimisiún ina thuarascáil meastóireacht ar na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:

    (a)na ceanglais maidir le hinbhuaine agus sábháilteacht a leagtar amach i gCaibidil II;

    (b)na ceanglais maidir le lipéadú agus faisnéis a leagtar amach i gCaibidil III;

    (c)na ceanglais maidir le dícheall cuí sa slabhra soláthair a leagtar amach in Airteagail 39 agus 72;

    (d)bearta maidir le bainistiú deireadh ré ceallraí a leagtar amach i gCaibidil VII.

    I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

    Airteagal 78
    Aisghairm
    agus forálacha idirthréimhseacha

    Déantar Treoir 2006/66/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Iúil 2023; fós féin:

    (a)Beidh feidhm fós le hAirteagal 10(3), Airteagal 12(4) agus Airteagal 12(5) go dtí an 31 Nollaig 2023, ach amháin maidir le tarchur sonraí chuig an gCoimisiún a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2025;

    (b)Beidh feidhm fós ag Airteagal 21(2) go dtí an 31 Nollaig 2026.

    Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 79
    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann sa struchtúr ABM/ABB

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar measta ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar measta ar ioncam

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola lena n‑ionadaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    An réimse beartais:    09 Comhshaol

    Gníomhaíocht:    09 02 02 An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) – An geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

           09 10 01 – An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán – Gníomhaíochtaí i réimse na reachtaíochta maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a allmhairiú agus a onnmhairiú agus maidir leis an ngeilleagar ciorclach

           03.020101 – An margadh inmheánach earraí agus seirbhísí a oibriú agus a fhorbairt

    1.3.Baineann an togra le 

    beart nua

     beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 68  

     síneadh ar bheart atá ann cheana 

     beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí ginearálta 

    Inbhuanaitheacht ceallraí a neartú ar feadh a saolré, trí cheanglais íosta a áirithiú le haghaidh ceallraí a chuirtear ar mhargadh inmheánach an Aontais.

    Athléimneacht shlabhra soláthair ceallraí an Aontais a mhéadú trí chóras lúbiata a bheith ann.

    Na tionchair chomhshaoil agus shóisialta a laghdú i gcaitheamh na gcéimeanna uile de shaolré ceallraí.

    1.4.2.Cuspóirí sonracha 

    Inbhuanaitheacht a neartú

    ·Táirgeadh ceallraí feidhmíochta d’ardchaighdeáin agus a gcur ar mhargadh an Aontais a chothú.

    ·Acmhainn amhábhar ceallraí an Aontais a fhorbairt agus a úsáid, idir phríomhúil agus thánaisteach araon, ag áirithiú go dtáirgtear iad ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe.

    ·A áirithiú go mbeidh margaí feidhmiúla ann le haghaidh amhábhair thánaisteacha agus próisis thionsclaíocha ghaolmhara.

    ·An nuálaíocht a chur chun cinn agus saineolas teicneolaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme san Aontas.

    Athléimneacht a mhéadú agus córais lúbiata a iamh

    ·Spleáchas an Aontais ar allmhairí ábhar a bhfuil tábhacht straitéiseach leo a laghdú.

    ·A áirithiú go ndéantar na ceallraí dramhaíola uile a bhailiú agus a athchúrsáil go hiomchuí.

    Tionchair chomhshaoil agus shóisialta a laghdú

    ·Rannchuidiú le foinsiú freagrach

    ·Úsáid éifeachtach as amhábhair agus as ábhar athchúrsáilte,

    ·Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar feadh shaolré iomlán ceallraí.

    ·Na rioscaí do shláinte an duine agus do cháilíocht an chomhshaoil a laghdú agus dálaí sóisialta na bpobal áitiúil a fheabhsú.

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Áiritheofar leis an rialachán atá beartaithe go mbeidh ailíniú níos fearr le cineálacha cur chuige reatha an Aontais maidir le bainistiú inbhuanaithe ábhar agus dramhaíola, a dhíríonn ar tháirgí agus ar phróisis táirgeachta a optamú. Tá sé mar aidhm leis creat de chuid an Aontais a fhorbairt ina gcumhdófar saolré iomlán ceallraí, ina gcuimseofar rialacha comhchuibhithe agus rialacha níos uaillmhianaí maidir le ceallraí, ceallraí dramhaíola agus ábhar athchúrsáilte d’fhonn tacar comhchoiteann rialacha a bhunú lena ráthaítear feidhmiú réidh Mhargadh Inmheánach an Aontais le haghaidh ceallraí agus na n‑ábhar príomhúil agus tánaisteach atá riachtanach chun iad a mhonarú agus leibhéil níos airde inbhuaine a chur chun cinn i margadh an Aontais ag an am céanna.

    1.4.4.Táscairí feidhmíochta 

    Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

    Beidh siad seo a leanas ar na táscairí maidir le dul chun cinn agus baint amach na gcuspóirí:

    Cáilíocht mhéadaithe na gceallraí a chuirfear ar an margadh;

    Éifeachtúlachtaí athchúrsála níos fearr agus aisghabháil ábhar níos fearr le haghaidh Ni, Co, Li agus Cu

    Méideanna níos airde d’ábhar athchúrsáilte i gceallraí;

    Déanfar níos mó ceallraí a bhailiú agus a athchúrsáil;

    Déanfar ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha a chomhaireamh, a rianú agus a thuairisciú;

    Déanfar na ceallraí uile a bhaileofar a athchúrsáil; cuirfear na próisis athchúrsála i gcrích ag rioscaí sábháilteachta agus sláinte ceirde laghdaithe;

    Beidh rochtain níos fearr agus níos éasca ag úsáideoirí deiridh ar fhaisnéis faoi na ceallraí a cheannaíonn siad i dtéarmaí na n‑ábhar a bheidh iontu, a marthanacht ionchasach, agus an chaoi a gcomhlíonann a dtáirgeadh caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta;

    Ríomhfar lorg CO2 na gceallraí tionsclaíocha agus na gceallraí feithiclí leictreacha uile;

    Soláthróidh monaróirí ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha faisnéis freisin ar conas a chomhlíonann an chaoi a n‑aimsíonn siad ábhair na critéir maidir le freagracht shóisialta;

    Beidh creat dlíthiúil AE ag monaróirí ceallraí, creat follasach agus intuartha a thacaíonn leo chun nuála agus le bheith iomaíoch i margadh atá ag fás.

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Bheadh gá na ceanglais mhionsonraithe a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme/tarmligthe i dtréimhse ama idir 3–8 mbliana.

    Eascróidh sraith gníomhaíochtaí i dtéarmaí sainorduithe, cinntí tarmligthe nó cinntí cur chun feidhme agus tuarascálacha measúnaithe tionchair ón rialachán seo atá beartaithe.

    Cumhdófar leis sin comhlíonadh ceanglais inbhuaine a fhíorú, córas seiceála comhréireachta, ceanglais inbhuaine, chomh maith le faisnéis agus lipéadú. Tá liosta mionsonraithe de na gníomhaíochtaí sin a bheartaítear thíos:

    Obair chaighdeánaithe a leanúint in CEN/CENELEC;

    Sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta;

    Sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí in-athluchtaithe (ceallraí tionsclaíocha/feithiclí leictreacha);

    Sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le sábháilteacht na gcóras stórála fuinnimh do cheallraí suite;

    Rialacha comhchuibhithe ríofa a fhorbairt le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí inaistrithe;

    Rialacha comhchuibhithe ríofa a fhorbairt chun lorg carbóin a dhearbhú (lena n‑áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha catagóire PEFCR le haghaidh ceallraí), chun aicmí feidhmíochta déine carbóin ceallraí a ríomh, chun ábhar athchúrsáilte ceallraí a ríomh agus chun éifeachtúlachtaí athchúrsála a ríomh (chun Litiam agus Luaidhe a chuimsiú) agus aisghabháil ábhar;

    Treoir maidir le hinbhainteacht, hin-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe;

    Spás sonraí oscailte a bhunú chun faisnéis a bhaineann le ceallraí a chur isteach;

    Na critéir a bhaineann le soláthar poiblí glas maidir le ceallraí a fhorbairt;

    Gníomh tarmligthe maidir le lorg carbóin – tairseacha éigeantacha;

    An Liosta Dramhaíola a leasú;

    Measúnú riosca/bainistiú na substaintí a úsáidtear i gceallraí;

    Na hoibleagáidí tuairiscithe a leasú.

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante):

    Tá gá le reachtaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go mbeidh monaróirí, allmhaireoirí agus oibreoirí eacnamaíocha tríd is tríd agus faoi réir ceanglais choiteanna nuair a bhíonn ceallra á chur ar mhargadh an Aontais acu anuas ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil.

    Ina theannta sin, díríonn an mheastóireacht a rinneadh ar an Treoir maidir le Ceallraí ar an ngá atá leis an gcreat reachtach a nuachóiriú chun an geilleagar ciorclach agus beartais maidir le carbón íseal a chur chun cinn tuilleadh chomh maith le dul in oiriúint d’fhorbairtí teicneolaíocha agus eacnamaíocha sa mhargadh ceallraí.

    Tá an-chuid caipitil ag teastáil ón luachshlabhra ceallraí agus teastaíonn barainneacht scála uaidh dá bharr sin. Beidh gá le ceanglais chomhchuibhithe ina ngabhfar i ngleic leis an tsaolré iomlán agus le margadh inmheánach an Aontais a bheidh ag feidhmiú go maith má táthar chun é sin a bhaint amach.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Tá an Coimisiún Eorpach ag beartú mórphlean téarnaimh bunaithe ar bhuiséad fadtéarmach atreisithe le haghaidh an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile agus le haghaidh ionstraim nua téarnaimh, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Comhaontú Glas don Eoraip mar bhunús ag straitéis téarnaimh an Aontais Eorpaigh. Áirítear leis sin an cuspóir maidir le hiompar níos glaine agus lóistíocht, lena n‑áirítear leictrea-shoghluaisteacht, atá ar cheann de na príomhrudaí a spreagann an fás easpónantúil san éileamh ar cheallraí. I sochaí i ndiaidh COVID, tugtar le fios leis na treochtaí reatha go méadóidh agus go seasfaidh ábharthacht na leictrea-shoghluaisteachta.

    Léirítear tacaíocht agus tiomantas an Choimisiúin Eorpaigh sa taighde ar an réimse ceallraí le líon na dtionscadal a mhaoinítear faoin gclár Fís 2020 (os cionn 100 tionscadal) agus an ranníocaíocht airgeadais maidir lena gcur chun feidhme (thart ar EUR 500 milliún). Cumhdaíonn na tionscadail luachshlabhra iomlán na gcineálacha difriúla ceallraí agus tá siad dírithe ar dhúshláin reatha agus ar dhúshláin sa todhchaí a réiteach: forbairtí agus feabhas ar ábhair (agus a dtionchar comhshaoil), athchúrsáil ceallraí (lena gcuirfear éifeachtúlacht na haisghabhála ábhar chun cinn san Eoraip), córais nua ceallraí agus fiú roghanna malartacha ar na ceallraí traidisiúnta. Tacóidh torthaí na dtionscadal sin le tionscal na gceallraí san Eoraip agus cuirfidh siad a nuálaíocht chun cinn. Meastar go mbeidh ábhair agus córais ceallraí nua agus feabhsaithe ann, saintréithe feabhsaithe i dtéarmaí stórála toillte, saolré, sábháilteachta, inbhuaine agus cost-éifeachtúlachta. Tá na gnéithe sin cumhdaithe sa rialachán reatha agus tá siad ábhartha dó.

    Beidh siad sin fíor-riachtanach chun iomaíochas inbhuanaithe na hEorpa a áirithiú sa réimse seo chomh maith le dlús a chur lena gheilleagar, a fhás agus a fholláine.

    Táthar ag súil go leanfaidh an tAontas Eorpach ag cur an taighde maidir leis sin chun cinn agus i réimsí gaolmhara sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.

    Déarfar go sainráite sa Rialachán nua, go nglacfar, sa todhchaí, le bearta srianta le haghaidh substaintí i gceallraí tar éis measúnuithe a dhéanfaidh ECHA, agus nach nglacfar leo níos mó mar ghníomhaíochtaí aonair mar chuid de chlár oibre AS ENV. Cé go bhfuil an taithí riachtanach a bheag nó a mhór ag ECHA chun an cúram sin a chomhlíonadh, cuimsítear réimse oibre breise don Ghníomhaireacht sna measúnuithe sin.

    1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    Tá saineolas ECHA (measúnuithe riosca ar shubstaintí) agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (modheolaíochtaí agus nósanna imeachta a fhorbairt) ar an gceann is iomchuí lena áirithiú go gcuirfear an cur chuige beartaithe chun feidhme go gasta.

    Léiríonn na riachtanais mheasta foirne agus acmhainní a fuaireamar ó ECHA le haghaidh an chúraim Liosta Dramhaíola, go dteastaíonn ó ECHA eolas a fhorbairt maidir leis an gcúram sin. Rinne AS ENV iniúchadh dá bhrí sin ar roghanna malartacha. Chuir an tAirmheán Comhpháirteach Taighde meastachán ar fáil nach dteastaíonn an oiread acmhainní ina leith (EUR 0.9 milliún i gcomparáid le EUR 2.2 milliún le haghaidh ECHA). Tá sé beartaithe againn dá bhrí sin é sin a chur le liosta cúraimí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

    I gcás fhorbairt an spáis sonraí oscailte le haghaidh ceallraí, léiríonn na riachtanais foirne agus acmhainní a fuaireamar ó ECHA an uaillmhian pholaitiúil agus baintear tairbhe ag an am céanna as na struchtúir agus na próisis reatha in ECHA. Measann ECHA gur fiú EUR 10 milliún na hacmhainní chun an spás sonraí a fhorbairt anuas ar bheagnach EUR 10 milliún i gcostais foirne. Bhí ranna an Choimisiúin i dteagmháil freisin le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ach ní féidir leo ar bhonn dlíthiúil an cúram maidir leis an spás sonraí a thógáil ar láimh ón gCoimisiún.

    Tá sé beartaithe dá bhrí sin ag an gCoimisiún dul ar aghaidh le staidéar féidearthachta chun measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar na roghanna difriúla atá ar fáil le haghaidh na bhfeidhmiúlachtaí difriúla lena n‑áirítear an dream is fearr a bheidh in ann an córas a fhorbairt. Tá AS GROW i gceannas ar fhorbairt an spáis sonraí oscailte i gcomhar le AS CONNECT agus a dtionscnamh maidir leis an Spás Sonraí Eorpach.

    Rogha eile is ea an spás sonraí a fhorbairt go hinmheánach. Tá AS ENV agus AS GROW i dteagmháil le AS TAXUD (a bhfuil obair den chineál céanna déanta aici ar CBL) agus le AS CONNECTE chun iniúchadh a dhéanamh ar shineirgí ionchasacha. Tá an fhoireann atá freagrach as na cúraimí sin in AS TAXUD scaipthe amach thar 3 aonad dhifriúla. Rinne aonad TF AS GROW cainníochtú ar an gcéad mheastachán riamh ar an iarracht forbartha agus an buiséad a bheidh ag teastáil chun réiteach Sonraí Oscailte i gcomhair Pas Ceallra a chur chun feidhme. Meastar go gcosnóidh spás sonraí oscailte bunaithe ar struchtúr bunachar sonraí díláraithe thart ar EUR 10.5 milliún. Cumhdaíonn sé sin an bonneagar TF agus na riachtanais foirne don fhorbairt TF. Tá na costais sin beartaithe faoi líne bhuiséid AS GROW An margadh inmheánach earraí agus seirbhísí a oibriú agus a fhorbairt. Caithfear módúlachtaí beachta na hoibre a bheidh le déanamh ag na seirbhísí difriúla a chomhaontú de réir mar a rachfar ar aghaidh leis an staidéar féidearthachta.

    1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    .tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

     tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2023 go 2028,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

       na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

    Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    ◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    ◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    ☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;

    ◻ comhlachtaí dlí phoiblí;

    ◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    ◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    ◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.



    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Beidh feidhm ag gnáthrialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le fóirdheontais an Aontais do ghníomhaireachtaí traidisiúnta.

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    Beidh feidhm ag gnáthrialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le fóirdheontais an Aontais do ghníomhaireachtaí traidisiúnta.

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    N/A

    2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

    N/A


    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

    Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

    Beidh feidhm ag gnáthmhódúlachtaí maidir le fóirdheontais an Aontais do ghníomhaireachtaí traidisiúnta



    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

    ·In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir  

    LD/LN 69 .

    ó thíortha de chuid CSTE 70

    ó thíortha is iarrthóirí 71

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    3

    09.10.01 – An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3

    09.02.02 – Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    1

    03.020101 An margadh inmheánach earraí agus seirbhísí a oibriú agus a fhorbairt

    LD

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    7

    20.01.02.01 – Luach saothair agus lamháltais

    LN

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    7

    20 02 01 01 - Foireann ar conradh

    LN

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    7

    20 02 01 03 -

    Státseirbhísigh náisiúnta atá sannta go sealadach chun na hinstitiúide

    LN

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

    N/A

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    3

    Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

    An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán

    09.10.01

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Bliain 
    2028

    Bliain 
    2029

    Iomlán

    Teideal 1:    Caiteachas foirne

    Gealltanais

    (1)

    0.358

    0.365

    0.372

    0.306

    0.312

    0.319

    0.325

    2.357

    Íocaíochtaí

    (2)

    0.358

    0.365

    0.372

    0.306

    0.312

    0.319

    0.325

    2.357

    Teideal 2:    Bonneagar

    Gealltanais

    (1a)

    0.086

    0.088

    0.089

    0.074

    0.075

    0.076

    0.078

    0.566

    Íocaíochtaí

    (2a)

    0.086

    0.088

    0.089

    0.074

    0.075

    0.076

    0.078

    0.566

    Teideal 3:    Caiteachas oibríochtúil

    Gealltanais

    (3a)

    0.158

    0.158

    0.158

    0.025

    0.025

    0.025

    0.025

    0.575

    Íocaíochtaí

    (3b)

    0.158

    0.158

    0.158

    0.025

    0.025

    0.025

    0.025

    0.575

    IOMLÁN leithreasuithe 
    le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán

    Gealltanais

    =1+1a +3a

    0.602

    0.611

    0.620

    0.405

    0.412

    0.420

    0.428

    3.498

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3b

    0.602

    0.611

    0.620

    0.405

    0.412

    0.420

    0.428

    3.498

    Déanfar an méadú is gá ar ranníocaíocht AE le ECHA a chúiteamh trí laghdú comhfhreagra ar chlúdach chlár LIFE.

    Bainistiú substaintí ceallraí: Beidh 2 bhall foirne shealadacha de choibhéis lánaimseartha (AD 5-7) ag ECHA (meánchostas EUR 144 000/sa bhliain, ar feadh 7 mbliana agus ina dhiaidh sin) ag teastáil le cinntiú go gcuirfí dóthain acmhainní i leataobh chun na substaintí riachtanacha a bhaineann le ceallraí a rialáil, gan dul san iomaíocht leis na tosaíochtaí maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH). Cumhdaíonn sé sin srian amháin breise ar an meán (nó beart bainistíocht riosca eile) in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, beidh 1 bhall foirne gníomhaireachta amháin de choibhéis lánaimseartha ar conradh (CA FG III, ar mheánchostas EUR 69 000/in aghaidh na bliana ar feadh 2 bhliain), riachtanach chun an bonn eolais a mhéadú, rud lena n‑éascófar leagan tosaíochtaí eolach agus bunaithe ar phlean oibre. Beidh sé sin bunaithe ar staidéar chun an t‑eolas reatha atá ag ECHA a thógáil maidir leis an gcaoi a ndéanann an tionscal ceallraí bainistiú ar a cheimiceáin ghuaiseacha chun substaintí ábhartha a shainaithint le haghaidh bainistiú riosca rialála sa todhchaí. Meastar go gcosnóidh an staidéar EUR 400 000 (thar 2 bhliain) chun cuid de na riachtanais taighde sin a sheachfhoinsiú. Chuideodh an staidéar sin freisin leis an gCoimisiún oibriú ar na hiontrálacha ceallraí a thabhairt chun dáta sa Liosta Dramhaíola.

    Tá suim EUR 22 000 de dhíth freisin chun costas na rapóirtéirí a chumhdach (saineolaithe ó na Ballstáit a thugann treoir do na sainchomhaid trí thuairimí a chruthú sna coistí RAC agus SEAC) maidir le gach srian, chomh maith le EUR 43 000 chun cuid chomhréireach den chostas iomlán maidir leis na cruinnithe RAC agus SEAC a chumhdach (costais taistil, chóiríochta agus liúntas cothaithe laethúil: ríomhfar an costas bunaithe ar an tréimhse ama/iarracht ar an meán a theastóidh le haghaidh sainchomhad srianta sa dá choiste).

    Tugadh meastachán ar na hacmhainní a luadh roimhe seo ag úsáid samhail ríofa ina gcuirtear taithí ábhartha ó chúraimí a chuir ECHA i gcrích faoi chórais rialála eile san áireamh (e.g. REACH, CLP, BPR) agus ó chur chun feidhme na gcur chuige náisiúnta reatha i gcás inarb ábhartha. Leagtar amach ann na hacmhainní a bheidh ag teastáil ó ECHA thar 2021–2029, chun na cúraimí tuartha a láimhseáil.



    Ní bheidh de thionchar airgeadais an tionscnaimh seo caiteachas cláraithe faoi Cheannteideal 1 agus faoi Cheannteideal 3 a mhéadú. Asbhainfear na hacmhainní riachtanacha as an mbuiséad LIFE agus as an ionstraim GROW de réir dheighilt na gcúraimí sa chomhaontú riaracháin: thart ar 4 mhilliún i gcostais do AS an Chomhshaoil agus 1.6 milliún i gcostais do AS GROW. Ina theannta sin, cumhdaítear in ionstraim AS GROW costais an spáis sonraí oscailte agus cumhdaítear sa dá ionstraim roinnt staidéar agus riachtanais ranna an Choimisiúin maidir le ceannach sonraí chun roinnt de na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ullmhú i gceart.



    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    1

    XXX

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    IOMLÁN 2021-2027

    Ard-Stiúrthóireacht: GROW

    03.020101 An margadh inmheánach earraí agus seirbhísí a oibriú agus a fhorbairt

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    1.026

    1.774

    2.075

    2.083

    2.150

    0.928

    0.688

    10.723

    Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

    1.026

    1.774

    2.075

    2.083

    2.150

    0.928

    0.688

    10.723

    Beidh an méid a tuairiscíodh thuas i líne bhuiséid 03.020101 de dhíth chun cuid de na socruithe riaracháin a mhaoiniú idir AS GROW agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus chun staidéir agus sonraí a bhaineann le forálacha AS GROW a sholáthar. Tá ionchas ann go mbeidh costas EUR 2.669 milliún in AA, costas a bheidh le híoc ag AS GROW. EUR 50 000 is ea an costas soláthair in 2023 le haghaidh AS GROW chun tuairim theicniúil a lorg maidir le hobair chaighdeánaithe in CEN/CENELEC.

    Áirítear ann freisin an méid ar buiséadadh ina leith le haghaidh na tacaíochta intramuros don staidéar féidearthachta le haghaidh an spáis sonraí oscailte. Gach seans go dteastóidh acmhainní breise tar éis na céime forbartha tosaigh seo.

    Táthar ag súil le costais forbartha TF don mhalartú leictreonach faisnéise i gcomhair ceallraí ó AS GROW.

     



    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    3

    Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    IOMLÁN 2021-2027

    Ard-Stiúrthóireacht: ENV

    09.02.02 Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    1.053

    0.982

    1.835

    1.286

    0.948

    0.622

    0.530

    7.256

    Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

    1.053

    0.982

    1.835

    1.286

    0.948

    0.622

    0.530

    7.256

    Áirítear sa mhéid a thuairiscítear thuas in 09.02.02 an fritháireamh is gá ó bhuiséad LIFE maidir leis an méadú ar acmhainní le haghaidh ECHA. Beidh an méid sin de dhíth chun an fóirdheontas le haghaidh ECHA a mhéadú agus chun socruithe riaracháin a mhaoiniú idir AS ENV/AS GROW agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus chun staidéir agus sonraí a bhaineann le forálacha AS ENV a sholáthar.

    Beidh ról lárnach ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde i dtacú leis an gCoimisiún le roinnt den obair theicniúil a bheidh de dhíth. Sholáthair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an meastachán is fearr maidir le riachtanais acmhainní bunaithe ar an eolas atá acu cheana agus ar an liosta cúraimí a sholáthair AS ENV agus AS GROW. D’fhéadfaí na meastacháin sin a mhionathrú dá bhrí sin e.g. nuair a bhíonn AA á chaibidliú. Go háirithe maidir leis an tsonraíocht chomhchoiteann ar cheallraí inaistrithe ilfhóinteacha, leathnaíodh an raon feidhme sa leagan is déanaí den rialachán beartaithe agus caithfear na hacmhainní a athbhreithniú dá réir sin. Tá ionchas ann go mbeidh costas EUR 3.935 milliún in AA a bheidh le híoc ag AS ENV. Tá roinnt tascanna ann ina bhféadfadh leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde tacú leis an gCoimisiún:

    ·Sonraíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt maidir le feidhmíocht agus marthanacht ceallraí ilfhóinteacha agus ceallaí in-athluchtaithe tionsclaíocha/feithiclí leictreacha;

    ·Rialacha comhchuibhithe ríofa a shainiú chun an lorg carbóin a dhearbhú i leith ceallraí in-athluchtaithe tionsclaíochta/feithiclí leictreacha;

    ·Rialacha comhchuibhithe ríofa a shainiú le haghaidh ábhar athchúrsáilte i gceallraí, mí-éifeachtúlachtaí athchúrsála agus ábhar aisghabháilte;

    ·Critéir maidir leis an soláthar poiblí glas a anailísiú (lena n‑áirítear comhairliúchán na bpáirtithe leasmhara soláthair phoiblí agus seiceáil dhleathach ar na rialacha atá beartaithe maidir le soláthar poiblí);

    ·treoir maidir le hinbhainteacht agus in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe a tharraingt suas.

    Áirítear leis na gníomhaíochtaí arna soláthar ceannach sonraí le haghaidh ceallraí in 2021 d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar PEFCR i gcomhair ceallraí, forbairt na huirlise PEFCR gréasán-bhunaithe a chur ar fochonradh in 2022, tuairim theicniúil a iarraidh maidir leis an obair chaighdeánaithe in CEN/CENELEC in 2023 agus staidéar margaidh ar infhaighteacht ábhar tánaisteach in 2027. Luach EUR 300 000 atá ar na costais sin in 2021, EUR 80 000 le haghaidh 2022 agus EUR 100 000 in 2027.





    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil

    7

    Riarachán Poiblí Eorpach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    IOMLÁN 2021-2027

    Ard-Stiúrthóireacht: ENV, AS GROW agus EUROSTAT

    •Acmhainní daonna

    0.475

    0.515

    0.515

    0.555

    0.555

    0.230

    0.230

    3.075

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN AS ENV agus AS GROW agus EUROSTAT

    0.475

    0.515

    0.515

    0.555

    0.555

    0.230

    0.230

    3.075

    IOMLÁN leithreasuithe 
    faoi CHEANNTEIDEAL 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    0.475

    0.515

    0.515

    0.555

    0.555

    0.230

    0.230

    3.075

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nóis imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Bliain 
    2028

    Bliain 
    2029

    IOMLÁN

    2021-2029

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    2.554

    3.271

    4.476

    3.924

    3.653

    1.780

    1.447

    0.420

    0.428

    21.953

    Íocaíochtaí

    2.554

    3.271

    4.476

    3.924

    3.653

    1.780

    1.447

    0.420

    0.428

    21.953



    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe ECHA 

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 72

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon Iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 73

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    COSTAS IOMLÁN



    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní daonna 

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    Ceanglais foirne in ECHA (EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil))

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Bliain 
    2028

    Bliain 
    2029

    IOMLÁN

    Foirne sealadacha (Gráid AD)

    0.289

    0.294

    0.300

    0.306

    0.312

    0.319

    0.325

    2.145

    Foirne sealadacha (gráid AST)

    Baill foirne ar conradh

    0.069

    0.070

    0.072

    0.211

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    IOMLÁN

    0.358

    0.365

    0.372

    0.306

    0.312

    0.319

    0.325

    2.357



    Ceanglais foirne in ECHA (FTE):

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    Bliain 
    2028

    Bliain 
    2029

    Foirne sealadacha (Gráid AD)

    0

    0

    2

    2

    2

    2

    2

    2

           2

    Foirne sealadacha (gráid AST)

    Baill foirne ar conradh

    0

    0

    1

    1

    1

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    IOMLÁN

    0

    0

    3

    3

    3

    2

    2

    2

    2



    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach do AS ENV, AS GROW agus EUROSTAT

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí ionad deachúlach amháin ar a mhéad)

    Bliain 
    2021

    Bliain 
    2022

    Bliain 
    2023

    Bliain 
    2024

    Bliain 
    2025

    Bliain 
    2026

    Bliain 
    2027

    ·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    20 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    1

    1

    1

    1

    1

    1

    1

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 74

    20 02 02 01/03 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

    4.0

    4.5

    4.5

    5.0

    5.0

    1.0

    1.0

    XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 bb 75

    - sa Cheanncheathrú 76  

    - i dtoscaireachtaí

    XX 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

    10 01 05 02 (AC, END, INT – Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    5.0

    5.5

    5.5

    6.0

    6.0

    2.0

    2.0

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nóis imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Tá poist AD riachtanach maidir leis an gcur agus cúiteamh a bhaineann leis an rialachán agus lena chur chun feidhme tríd is tríd. agus an obair ullmhúcháin dhifriúil agus dréachtú na reachtaíochta tánaistí de réir na sprioc-amanna atá beartaithe sa Rialachán maidir le Ceallraí.

    Pearsanra seachtrach

    Tá an post END agus CA riachtanach chun an obair theicniúil a dhéanamh, lena n‑áirítear:

    ·obair chaighdeánaithe a leanúint in CEN/CENELEC,

    ·athbhreithniú leanúnach ar ábhar a bheith ar fáil chun na spriocanna maidir le hábhar athchúrsáilte a choimeád ar aon líne le forbairtí an mhargaidh,

    ·ullmhú na ngníomhartha tarmligthe maidir le ceanglais feidhmíochta agus mharthanachta ceallraí in-athluchtaithe agus neamh- in-athluchtaithe, ar choinníollacha coibhéiseacha i gcomhair láimhseála lasmuigh den Aontas Eorpach (lena n‑áirítear tar éis obair ullmhúcháin an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde),

    ·gníomhartha cur chun feidhme a ullmhú maidir le foirm clárúcháin táirgeoirí agus ar staid na bparaiméadar sláinte,

    ·gníomhartha cur chun feidhme a bhunú lena mbunaítear formáidí chun tuairisciú d’údaráis inniúla agus don Choimisiún,

    ·na córais a fhorbairt chun na sonraí tuairiscithe a fháil agus anailís a dhéanamh maidir le cruinneas agus iomláine agus cumarsáid agus foireann TF chun na sonraí a scaipeadh (Eurostat),

    ·bogearraí agus formáidí a leagan síos le haghaidh aighneachtaí atá nasctha leis an spás sonraí oscailte,

    ·athbhreithniú ar na rialacha catagóire PEFCR le haghaidh ceallraí (lena n‑áirítear tar éis obair ullmhúcháin an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde),

    ·treoir a fhorbairt maidir le hinbhainteacht, in-athsholáthraitheacht ceallraí inaistrithe,

    ·athbhreithniú féideartha ar an rialachán chun spriocanna bailithe ar leithligh a leagan síos

    Ba cheart tuairisc ar ríomh na gcostas le haghaidh aonaid FTE a áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.

     



    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    Is éard a bheidh sa togra/tionscnamh ná athshannadh an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

    Leis na cúraimí breise a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún teastóidh riachtanais bhreise i gcomhair acmhainní maidir le méid ranníocaíochta an Aontais agus na poist i gcairt foirne na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 77 .

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

      má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

    EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 78

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid caiteachais a n‑imrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    3.4.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam eile

      má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

    EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 79

    Bliain 
    N

    Bliain 
    N+1

    Bliain 
    N+2

    Bliain 
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid caiteachais a n‑imrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (1)    Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5)
    (2)    An Fóram Eacnamaíoch Domhanda agus an Chomhghuaillíocht Dhomhanda um Cheallraí, A vision for a sustainable battery value chain in 2030: [Fís le haghaidh slabhra breisluacha ceallraí inbhuanaithe in 2030:] Unlocking the potential to power sustainable development and climate change mitigation, 2019. [An acmhainneacht a scaoileadh chun forbairt inbhuanaithe agus maolú ar an athrú aeráide a thiomáint, 2019.]
    (3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip COM (2019) 640 final).
    (4)    Iarscríbhinn a ghabhann le COM(2018)293 final.
    (5)    COM(2020)98 final.
    (6)    COM(2020)102 final.
    (7)    COM(2020)789
    (8)    https://www.eib.org/en/press/all/2020-121-eib-reaffirms-commitment-to-a-european-battery-industry-to-boost-green-recovery
    (9)    Téarma is ea é ‘cothrom iomaíochta’ le haghaidh tacar rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna lena gcuirtear bac ar ghnóthaí i dtír amháin buntáiste iomaíoch a fháil orthusan a bhíonn ag feidhmiú i dtíortha eile.
    (10)    Más rud é go mbaineann ualaí nua le togra reachtach, ba cheart go ndéanfadh sé ualach coibhéiseach atá ann cheana ar dhaoine nó ar ghnólachtaí ar leibhéal an Aontais, sa réimse beartais céanna, a fhuascailt. Teachtaireacht ón Uachtarán chuig an gCoimisiún: Modhanna Oibre an Choimisiúin Eorpaigh (P(2019) 2).
    (11)    IO L 269, 21.10.2000, lch. 34.
    (12)    IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.
    (13)    IO L 197, 24.7.2012, lch. 38.
    (14)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88–110
    (15)    IO L 334, 17.12.2010, lch. 17.
    (16)    IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
    (17)    SWD(2015)111 final.
    (18)    COM(2017)312 final.
    (19)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 9 Aibreán 2019 maidir le cur chun feidhme agus tionchar ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/157/CEE (COM(2019) 166 final) agus Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir le meastóireacht Threoir 2006/66/CE ar cheallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/157/CEE (SWD(2019) 1300 final).
    (20)    COM(2020)98 final, https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:9903b325-6388-11ea-b735-01aa75ed71a1.0017.02/DOC_1&format=PDF
    (21)    2000/532/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach, IO L 226, 6.9.2000, lch. 3
    (22)    IO C , , lch. .
    (23)    IO C , , lch. […
    (24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip COM (2019) 640 final).
    (25)    Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/157/CEE (IO L 266, 26.9.2006, lch. 1)
    (26)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 9 Aibreán 2019 maidir leis an gcur chun feidhme, a thionchar ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh de Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/157/CEE (COM(2019) 166 final) agus Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir le meastóireacht Threoir 2006/66/CE ar cheallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/157/CEE (SWD(2019) 1300 final).
    (27)    Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 17 Bealtaine 2018, AN EORAIP AG BOGADH – Soghluaisteacht Inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha agus glan (COM(2018)293 final).
    (28)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an 11 Márta 2020, Plean Gníomhaíochta nua do Gheilleagar Ciorclach – Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach COM(2020)98 final).
    (29)    Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1)
    (30)    Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lch. 34).
    (31)    Product Environmental Footprint – Category Rules for High Specific Energy Rechargeable Batteries for Mobile Applications (An Loirg Chomhshaoil Táirge – na Rialacha Catagóire do Cheallraí Ardfhuinnimh Shonraigh In-athluchtaithe le haghaidh Feidhmchláir Mhóibíleacha) https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/pdf/PEFCR_Batteries.pdf  
    (32)    Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4) agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, atá ar fáil ag https://unfccc.int/resource/docs/convkp/conveng.pdf  
    (33)    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
    (34)    Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125)
    (35)    Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12)
    (36)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8 2008, lch. 30)
    (37)    Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle, IO L 218, 13.8.2008, lch. 82
    (38)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athléimneacht na n‑amhábhar criticiúil: Conair a leagan síos i dtreo níos mó Slándála agus Inbhuanaitheachta (COM(2020) 474 final).
    (39)    Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1)
    (40)    Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe, atá ar fáil ag https://www.unglobalcompact.org/what-is-gc/mission/principles  
    (41)    Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le Measúnú Sóisialta ar Shaolré Táirgí, atá ar fáil ag https://www.lifecycleinitiative.org/wp-content/uploads/2012/12/2009%20-%20Guidelines%20for%20sLCA%20-%20EN.pdf
    (42)    An Dearbhú Trípháirteach Prionsabal maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, atá ar fáil ag https://www.ilo.org/wcmsp5/groups/public/---ed_emp/---emp_ent/---multi/documents/publication/wcms_094386.pdf
    (43)    ECFE (2018), Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach, atá ar fáil ag http://mneguidelines.oecd.org/OECD-Due-Diligence-Guidance-for-Responsible-Business-Conduct.pdf
    (44)    ECFE (2016), Treoir ECFE um Dhícheall Cuí i dtaca le Dícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus ó Limistéir Ardriosca: An Tríú hEagrán, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, https://doi.org/10.1787/9789264252479-en .
    (45)    Leathanach 15 de Threoir ECFE um Dhícheall Cuí.
    (46)    ECFE (2011), Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, ECFE, Páras; ECFE (2006), Uirlis Feasachta Riosca ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta i gCriosanna Rialachais Laig, ECFE, Páras; agus, Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’ na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme (Tuarascáil ó Ionadaí Speisialta an Ard-Rúnaí maidir le Ceist na gCeart Daonna, Corparáidí Trasnáisiúnta agus Fiontair Ghnó eile, John Ruggie, A/HRC/17/31, 21 Márta 2011).
    (47)    Lena n‑áirítear Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha , an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla , an Coinbhinsiún maidir le gach cineál idirdhealaithe in aghaidh ban a dhíothú , an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh agus an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.
    (48)    Is iad seo a leanas ocht gcoinbhinsiún bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1. An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87), 2. An Coinbhinsiún i dtaca leis an gceart eagrúcháin agus leis an gcómhargáil, 1949 (Uimh. 98), 3. An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach, 1930 (Uimh. 29) (agus Prótacal 2014 lena mbaineann), 4. An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105), 5. An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138), 6. An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182), 7. An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100), 8. An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)
    (49)    Faoi mar atá leagtha amach sa Choinbhinsiún maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch, atá ar fáil ag https://www.cbd.int/convention/text/ agus, go háirithe, Cinneadh COP VIII/28 ‘Treoirlínte Deonacha maidir le Measúnú Tionchair Lena gCuimsítear Bithéagsúlacht, atá ar fáil ag https://www.cbd.int/decision/cop/?id=11042 .
    (50)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
    (51)    Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
    (52)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
    (53)    Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
    (54)    Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le dramhaíl a chur i líonadh talún (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).
    (55)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
    (56)    Rialachán (AE) Uimh. 493/2012 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2012 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, rialacha mionsonraithe maidir le héifeachtúlachtaí athchúrsála phróisis athchúrsála ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí a ríomh (IO L 151, 12.6.2012, lch. 9).
    (57)    Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1)
    (58)    Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1).
    (59)    Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena hathghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (IO L 316, 4.12.2007, lch. 6).
    (60)    2000/532/CE: * Cinneadh ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2000 ag ionadú Chinneadh 94/3/CE lena mbunaítear liosta dramhaíola de bhun Airteagal 1(a) de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl agus Treoir 94/904/CE ón gComhairle lena mbunaítear liosta de dhramhaíl ghuaiseach de bhun Airteagal 1(4) de Threoir 91/689/CEE ón gComhairle maidir le dramhaíl ghuaiseach (IO L 226, 6.9.2000, lch. 3).
    (61)    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020PC0767&from=DA
    (62)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1)
    (63)    Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)
    (64)    Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)
    (65)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1
    (66)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
    (67)    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1)
    (68)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (69)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (70)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (71)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (72)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a maoiníodh, líon km de bhóithre a tógadh, etc.).
    (73)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
    (74)    AC = Baill foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (75)    Fo‑uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).
    (76)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go príomha.
    (77)    Féach Airteagail 11 agus 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle ina leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil i gcomhair na mblianta 2014–2020.
    (78)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    (79)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top

    An Bhruiséil,10.12.2020

    COM(2020) 798 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann leis an

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020
















    {SEC(2020) 420 final} - {SWD(2020) 334 final} - {SWD(2020) 335 final}




    IARSCRÍBHINN I Srianta ar shubstaintí guaiseacha

    IARSCRÍBHINN II Carbon footprint

    IARSCRÍBHINN III Paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí inaistrithe d'úsáid ghinearálta

    IARSCRÍBHINN IV Ceanglais feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha inathluchtaithe

    IARSCRÍBHINN V Paraiméadair shábháilteachta

    IARSCRÍBHINN VI Ceanglais maidir le lipéadú

    IARSCRÍBHINN VII Na paraiméadair chun staid sláinte ceallraí agus saolré ionchais ceallraí a chinneadh

    IARSCRÍBHINN VIII Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

    IARSCRÍBHINN IX Dearbhú Comhréireachta AE Uimh. …

    IARSCRÍBHINN X Liosta na namhábhar agus na gcatagóirí riosca

    IARSCRÍBHINN XI Rátaí bailithe ceallraí inaistrithe dramhaíola a ríomh

    IARSCRÍBHINN XII Ceanglais chóireála agus athchúrsála

    IARSCRÍBHINN XIII An fhaisnéis a stórálfar sa Chóras Eorpach um Malartú Leictreonach

    IARSCRÍBHINN XIV Tábla comhghaoil

    IARSCRÍBHINN I
    Srianta ar shubstaintí guaiseacha

    An tsubstaint nó an grúpa substaintí a ainmniú

    Coinníollacha srianta

    1. Mearcair

    S.T.C. Uimhir 7439-97-6

    CE Uimh. 231-106-7 agus a chomhdhúile

    1.Ní bheidh níos mó ná 0.0005 % de mhearcair (arna shloinneadh mar mhiotal mearcair) de réir meáchain i gceallraí, bídís cuimsithe i bhfearais nó ná bíodh.

    2.Ní bheidh níos mó ná 0.1 % de mhearcair (arna shloinneadh mar mhiotal mearcair) de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí lena mbaineann Treoir 2000/53/CE.

    2. Caidmiam

    S.T.C. Uimhir 7440-43-9

    CE Uimh. 231-152-8 agus a chomhdhúile

    1.Ní bheidh níos mó ná 0.002 % de chaidmiam (arna shloinneadh mar mhiotal caidmiam) de réir meáchain i gceallraí inaistrithe, bídís cuimsithe i bhfearais nó ná bíodh.

    2.Ní bheidh feidhm ag an srian a leagtar amach i bpointe 1 maidir le ceallraí inaistrithe atá beartaithe lena n‑úsáid sna cásanna seo a leanas:

    (a)i gcórais éigeandála agus aláraim, lena n‑áirítear soilsiú éigeandála;

    (b)i dtrealamh leighis.

    3.Ní bheidh níos mó ná 0.01 % de chaidmiam (arna shloinneadh mar mhiotal caidmiam) de réir meáchain in ábhar aonchineálach i gceallraí a úsáidtear i bhfeithiclí lena mbaineann Treoir 2000/53/CE.

    4.Ní bheidh feidhm ag an srian a leagtar amach i bpointe 3 maidir le feithiclí a bhaineann leas as díolúine ar bhonn Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/53/CE.



    IARSCRÍBHINN II 
    Lorg carbóin

    1.Sainmhínithe

    Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)Ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ an fhaisnéis atá bainteach le próisis fad a bhíonn Fardail Saolré (LCI) á samhaltú. Déantar gach ceann de thorthaí comhiomlánaithe LCI na slabhraí próisis a léiríonn na gníomhaíochtaí a bhaineann le próisis a iolrú faoi na sonraí gníomhaíochta comhfhreagraí agus tiomsaítear iad ansin chun an lorg comhshaoil atá bainteach leis an bpróiseas sin a ghabháil;

    (b)Ciallaíonn ‘liosta ábhar’ liosta de na hamhábhair, na fochóimeálacha, na cóimeálacha idirmheánacha, na fochomhpháirteanna, na páirteanna agus na méideanna de gach ceann acu a theastóidh chun an táirge a mhonarú faoi raon feidhme an staidéir;

    (c)Déanann ‘sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta’ tagairt do shonraí a thomhaistear go díreach nó a bhailítear ó shaoráid amháin nó ó roinnt saoráidí (sonraí a bhaineann go sonrach le láithreán) atá ionadaíoch ar ghníomhaíochtaí na cuideachta. Tá an chiall chéanna leis agus “sonraí príomhúla”;

    (d)Ciallaíonn ‘aonad feidhmiúil’ na gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann leis an bhfeidhm/na feidhmeanna agus/nó an tseirbhís/na seirbhísí atá á (g)cur ar fáil ag an táirge atá á mheas;

    (e)Ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leanúnacha agus idirnasctha de chóras táirge, ón amhábhair a fháil nó na hacmhainní nádúrtha a ghiniúint go dtí an diúscairt deiridh (ISO 14040:2006);

    (f)Ciallaíonn ‘Fardal saolré (LCI)’ an tacar comhcheangailte malairtí de shreafaí bunúsacha, dramhaíola agus táirgí i dtacar sonraí LCI;

    (g)Ciallaíonn ‘tacar sonraí fardail saolré (LCI)’ doiciméad nó comhad lena ngabhann faisnéis saolré maidir le táirge sonrach nó tagairt eile (e.g., láithreán, próiseas), ina gcumhdaítear meiteashonraí tuairisciúla agus fardal cainníochtúil saolré. D'fhéadfadh tacar sonraí LCI a bheith ina thacar sonraí aonadphróisis, ina thacar sonraí a bheadh comhiomlánaithe go páirteach nó ina thacar sonraí comhiomlánaithe;

    (h)Ciallaíonn ‘sreabhadh tagartha’ tomhas na n‑aschur ó phróisis i gcóras táirge ar leith a éilítear chun an fheidhm arna sloinneadh leis an aonad feidhmiúil a chomhlíonadh (bunaithe ar ISO 14040:2006);

    (i)Ciallaíonn ‘sonraí tánaisteacha’ sonraí nach ó phróiseas sonrach iad laistigh de shlabhra soláthair na cuideachta atá i mbun an staidéir ar an lorg carbóin. Tagraíonn sé sin do shonraí nach mbailítear go díreach, nach dtomhaistear, nó nach ndéanann an chuideachta meastachán ina leith, ach a fhaightear ó thacar sonraí LCI tríú páirtí nó ó fhoinsí eile. Áirítear le sonraí tánaisteacha meán‑sonraí ón tionscal (e.g., ó shonraí táirgeachta foilsithe, staidreamh rialtais, agus comhlachais tionscail), staidéir litríochta, staidéir innealtóireachta agus paitinní, agus d'fhéadfaidís a bheith bunaithe freisin ar shonraí airgeadais, agus d'fhéadfadh seachshonraí a bheith iontu, agus sonraí cineálacha eile. Meastar gur sonraí tánaisteacha iad sonraí príomhúla a ghabhann trí chéim comhiomlánaithe chothrománach;

    (j)Ciallaíonn ‘teorainn an chórais’ na gnéithe a áirítear sa staidéar saolré nó a fhágtar ar lár as.

    Ina theannta sin, áireofar sna rialacha comhchuibhithe chun lorg carbóin ceallraí a ríomh aon sainmhíniú eile is gá lena léiriú.

    2.Raon feidhme

    Soláthraítear eilimintí riachtanacha maidir le conas an lorg carbóin a ríomh san Iarscríbhinn seo.

    Tógfaidh na rialacha ríomha comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 7 ar na heilimintí riachtanacha a áirítear san Iarscríbhinn seo, beidh siad i gcomhréir leis an leagan is déanaí de mhodh Tomhais Táirge maidir le Lorg Comhshaoil (PEF) an Choimisiúin 1 agus na Rialacha Catagóire ábhartha maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge (PEFCRanna) 2 agus léireoidh siad na comhaontuithe idirnáisiúnta agus an dul chun cinn teicneolaíochta/eolaíochta i réimse an mheasúnaithe saolré 3 .

    Beidh an ríomh a dhéanfar ar an lorg carbóin saolré bunaithe ar an liosta ábhar, ar an bhfuinneamh, agus ar na hábhair choimhdeacha a úsáidfear i monarcha shonrach chun samhail shonrach cheallra a tháirgeadh. Go háirithe, ní mór na comhpháirteanna leictreonacha (e.g. aonaid bainistithe ceallraí, aonaid sábháilteachta) agus na hábhair chatóideacha a shainaithint go beacht, toisc go bhféadfaidís a bheith ar an bpríomhspreagthóir le haghaidh lorg carbóin ceallraí.

    3.Aonad feidhmiúil agus an sreabhadh tagartha

    Sainítear an t‑aonad feidhmiúil a thuilleadh mar kWh (cileavatuair) amháin den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn córas an cheallra thar an ré feidhme, arna thomhas in kWh. Faightear an fuinneamh iomlán ó líon na dtimthriallta arna n‑iolrú faoin méid fuinnimh a sheachadtar thar gach timthriall.

    Is ionann an sreabhadh tagartha agus an méid den táirge a theastaíonn chun an fheidhm shainithe a chomhlíonadh agus tomhaisfear é i kg ceallra in aghaidh kWh den fhuinneamh iomlán a theastóidh ón bhfeidhmchlár thar a ré feidhme. Déanfar na sonraí cainníochtúla uile maidir le hionchur agus aschur arna mbailiú ag an monaróir chun an lorg carbóin a chainníochtú a ríomh i ndáil leis an sreabhadh tagartha sin.

    4.Teorainn an chórais

    Áireofar na céimeanna agus na próisis saolré seo a leanas i dteorainn an chórais:

    An chéim saolré

    Tuairisc ghairid ar na próisis a áiríodh

    An t‑amhábhar a fháil agus réamhphróiseáil

    Áirítear mianadóireacht agus réamhphróiseáil leis seo, suas go dtí monarú ceall ceallraí agus comhpháirteanna ceallraí (ábhair ghníomhacha, deighilteoir, leictrilít, cásálacha, comhpháirteanna gníomhacha agus éighníomhacha ceallraí), agus comhpháirteanna leictreacha/leictreonacha.

    Táirgeadh an phríomhtháirge

    Cóimeáil ceall ceallraí agus cóimeáil ceallraí leis na cealla ceallraí agus na comhpháirteanna leictreacha/leictreonacha

    Dáileadh

    Iompar chuig an díolphointe

    Deireadh ré agus athchúrsáil

    Bailiú, díchóimeáil agus athchúrsáil

    Eisiafar na próisis seo a leanas:

    ·Monarú trealaimh i gcomhair cóimeáil agus athchúrsáil ceallraí, toisc gur ríomhadh go bhfuil na tionchair diomaibhseach sna PEFCRanna le haghaidh ceallraí in‑athluchtaithe ardfhuinnimh sonracha le haghaidh feidhmchláir mhóibíleacha;

    ·Próiseas cóimeála ceallraí le comhpháirteanna córais an mhonaróra buntrealaimh (OEM). Comhfhreagraíonn sé go príomha do chóimeáil mheicniúil, agus áirítear é laistigh den trealamh OEM nó den líne cóimeála feithicle. Tá an tomhaltas sonrach fuinnimh nó ábhar don phróiseas seo diomaibhseach nuair a chuirtear é i gcomparáid leis an bpróiseas monaraíochta a bhaineann leis na comhpháirteanna OEM.

    Ba cheart an chéim úsáidte a eisiamh ó na ríomhanna don lorg carbóin saolré, mar nach mbíonn sí faoi thionchar díreach monaróirí, seachas má léirítear gur féidir le roghanna a dhéanann monaróirí ceallraí ag céim an dearaidh cuidiú go neamh‑dhiomaibhseach leis an tionchar sin.

    5.Tacair shonraí shonracha agus thánaisteacha cuideachtaí a úsáid

    I ngeall ar an líon ard comhpháirteanna ceallraí atá ann agus mar gheall ar chomh casta leis na próisis, cuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch teorainn, ach údar iomchuí a bheith aige, leis an úsáid a bhainfear as sonraí sonracha cuideachta maidir le hanailís próisis agus comhpháirte ar na comhpháirteanna a bhaineann go sonrach le ceallraí.

    Go háirithe, beidh na sonraí gníomhaíochta go léir a bhaineann le hanóid, catóid, leictrilít, deighilteoir agus ceall-chásáil ceallraí ag tagairt do shamhail shonrach cheallra a tháirgtear i monarcha táirgeachta ar leith (i.e., ní úsáidfear aon sonraí gníomhaíochta réamhshocraithe). Úsáidfear na sonraí gníomhaíochta a bhaineann go sonrach le ceallraí i gcomhar leis na tacair shonraí thánaisteacha a bheidh i gcomhréir leis an Lorg Comhshaoil Táirge ábhartha.

    Toisc go mbainfidh an dearbhú maidir le lorg carbóin go sonrach le samhail cheallra a tháirgtear i láithreán táirgthe sainithe, níor cheart sampláil sonraí a bhailítear ó mhonarchana difriúla a tháirgeann an tsamhail cheallra chéanna a cheadú.

    Fágfaidh an t‑athrú ar an liosta ábhar nó ar an meascán fuinnimh a úsáidfear chun samhail cheallra a tháirgeadh go mbeidh ríomh nua den lorg carbóin don tsamhail cheallra sin ag teastáil.

    Áireofar leis na rialacha comhchuibhithe a bheidh le saothrú trí ghníomh tarmligthe samhaltú mionsonraithe ar na céimeanna seo a leanas den tsaolré:

    ·Amhábhar a fháil agus an chéim réamhphróiseála

    ·An chéim táirgthe

    ·Dáileadh

    ·Féin‑táirgeadh leictreachais

    ·An chéim deireadh ré

    6.Measúnú tionchair ar an lorg carbóin

    Ríomhfar lorg carbóin an cheallra ag úsáid an mhodha measúnaithe tionchair den tsaolré um “athrú aeráide” a mholtar i dtuarascáil 2019 an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde atá ar fáil ar https://eplca.jrc.ec.europa.eu/permalink/PEF_method.pdf .

    Soláthrófar na torthaí mar thorthaí tréithrithe (gan normalú agus ualú). Tá an liosta tosca tréithrithe a úsáidfear ar fáil ar https://eplca.jrc.ec.europa.eu/EnviromentalFootprint.html .

    7.Fritháirimh

    Ríomhtar fritháirimh i gcoibhneas le bonnlíne a léiríonn cás hipitéiseach den chuma a bheadh ar astaíochtaí in éagmais tionscadail maolaithe lena ngintear na fritháirimh.

    Ní bheidh fritháirimh san áireamh sa dearbhú maidir le lorg carbóin, ach féadfar iad a thuairisciú ar leithligh mar fhaisnéis chomhshaoil bhreise agus iad a úsáid chun críocha cumarsáide.

    8.Aicmí feidhmíochta an loirg carbóin

    Ag brath ar dháileadh luachanna dearbhuithe maidir le lorg carbóin na gceallraí a chuirtear ar mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh, sainaithneofar líon réasúnta aicmí feidhmíochta, agus beidh catagóir A ar an aicme is fearr leis an tionchar is ísle de lorg carbóin ar an tsaolré, ar mhaithe le difreáil mhargaidh.

    Beidh sainaithint na tairsí le haghaidh gach aicme feidhmíochta, chomh maith lena leithead, bunaithe ar dháileadh feidhmíochtaí na gceallraí a cuireadh ar an margadh sna 3 bliana roimhe sin, na feabhsúcháin teicneolaíochta a bhfuiltear ag súil leo, agus tosca teicniúla eile atá le sainaithint.

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar líon na n‑aicmí feidhmíochta agus na tairseacha eatarthu gach 3 bliana ionas go mbeidh siad fós ionadaíoch don mhéid atá ag tarlú sa mhargadh agus a fhorbairt ionchais.

    9.Uastairseacha carbóin

    Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear trí na dearbhuithe maidir le lorg carbóin agus trí dháileadh coibhneasta na n‑aicmí feidhmíochta de lorg carbóin samhlacha ceallraí a chuirtear ar an margadh, agus an dul chun cinn eolaíochta agus teicniúil sa réimse á chur san áireamh, sainaithneoidh an Coimisiún uastairseacha saolré don lorg carbóin le haghaidh ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha in‑athluchtaithe, sula ndéanfar measúnú tionchair tiomnaithe chun na luachanna sin a chinneadh.

    Agus uastairseacha don lorg carbóin á mholadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh dáileadh coibhneasta luachanna an loirg charbóin i gceallraí ar an margadh, an dul chun cinn ar lorg carbóin ceallraí a chuirtear ar mhargadh an Aontais a laghdú agus cion tairbhe éifeachtach agus féideartha an bhirt sin do chuspóirí an Aontais maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe aeráidneodracht faoi 2050.



    IARSCRÍBHINN III
    Paraiméadair feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí inaistrithe d'úsáid ghinearálta

    1.Toilleadh ceallraí, an luchtú leictreach atá ceallra in ann a sheachadadh faoi thacar sonrach coinníollacha.

    2.An mheánré íosta, an mheántréimhse íosta ar dhíluchtú ar úsáid shonrach an cheallra, ag brath ar an gcineál ceallra atá i gceist.

    3.Seilfré (feidhmíocht díluchtaithe mhoillithe), an laghdú coibhneasta ar an meánré íosta tar éis tréimhse ama shainithe agus coinníollacha sonracha.

    4.Buanseasmhacht i dtimthriallta (le haghaidh ceallraí in‑athluchtaithe), toilleadh an cheallra tar éis roinnt timthriallta luchtaithe agus díluchtaithe réamhbhunaithe.

    5.Frithsheasmhacht in aghaidh sceitheadh, i.e. frithsheasmhacht in aghaidh éalú neamhbheartaithe leictrilíte, gáis nó ábhair eile (go dona, go maith nó thar cionn).



    IARSCRÍBHINN IV 
    Ceanglais feidhmíochta leictriceimicí agus mharthanachta le haghaidh ceallraí tionsclaíocha agus ceallraí feithiclí leictreacha in‑athluchtaithe

    Cuid A

    Paraiméadair a bhaineann le feidhmíocht leictriceimiceach agus marthanacht

    1.Toilleadh ainmniúil (in AH) agus meathlú toillte (in %).

    2.Cumhacht (in W) agus meathlú cumhachta (in %).

    3.Friotaíocht inmheánach (in ꭥ) agus méadú sa fhriotaíocht inmheánach (in %).

    4.Éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir agus a mheathlú (in %).

    5.Tásc maidir lena saolré ionchais faoi na coinníollacha dar dearadh iad.

    Ciallaíonn ‘toilleadh ainmniúil’ líon iomlán na n‑aimpéaruaireanta (Ah) is féidir a tharraingt siar ó cheallra lánluchtaithe faoi choinníollacha sonracha.

    Ciallaíonn ‘meathlú toillte’ an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid luchtaithe atá ceallra in ann a sheachadadh ag an voltas rátaithe, i dtaca leis an toilleadh rátaithe bunaidh a dhearbhaigh an monaróir.

    Ciallaíonn ‘cumhacht’ an méid fuinnimh atá ceallra in ann a sholáthar i dtréimhse ama ar leith.

    Ciallaíonn ‘meathlú cumhachta’ an laghdú le himeacht aimsire agus de bharr úsáide a thagann ar an méid cumhachta is féidir le ceallra a sholáthar ag an voltas rátaithe.

    Ciallaíonn ‘fritotaíocht inmheánach’ mar a chuirtear in aghaidh sreabhadh srutha laistigh de cheall nó ceallra, arb é atá ann, suim na friotaíochta leictreonaice agus na friotaíochta ianaí leis an rannchuidiú don fhriotaíocht éifeachtach iomlán lena n‑áirítear airíonna ionduchtacha/toilleasacha.

    Ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir’ an cóimheas den ghlanfhuinneamh a sheachadann ceallra i rith tástáil díluchtaithe don fhuinneamh iomlán a éilítear chun an Staid Luchtaithe tosaigh a chur ar ais trí ghnáthluchtú.

    Cuid B

    Eilimintí chun míniú a thabhairt ar na tomhais arna ndéanamh le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear i gCuid A

    1.An ráta díluchtaithe agus an ráta luchtaithe atá i bhfeidhm.

    2.An cóimheas idir an uaschumhacht cheallra atá ceadaithe (W) agus fuinneamh an cheallra (Wh).

    3.Doimhneacht an díluchtaithe sa tástáil saolré.

    4.Toilleadh cumhachta ag staid luchtaithe 80 % agus 20 %.

    5.Aon ríomhanna a rinneadh leis na paraiméadair thomhaiste, más infheidhme.

    IARSCRÍBHINN V
    Paraiméadair shábháilteachta 

    1.suaitheadh teirmeach agus timthriall

    Dearfar an tástáil sin chun meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar shláine an cheallra de dhroim méadú agus crapadh comhpháirteanna cille tar éis dóibh a bheith faoi lé athruithe as cuimse ar theocht nó athruithe tobanna ar theocht agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí féideartha na n‑athruithe sin. Le linn turrainge teirmí cuirfear an ceallra faoi lé dhá theorainn teochta agus coimeádfar iad ag gach teorainn teochta faoi seach ar feadh tréimhse sonraithe.

    2.cosaint ghearrchiorcaid sheachtrach

    Déanfar meastóireacht leis an tástáil ar fheidhmíocht sábháilteachta ceallra agus ciorcad gearr seachtrach á chur i bhfeidhm. Is féidir meastóireacht a dhéanamh tríd an tástáil ar ghníomhachtú ar ghléas cosanta forshrutha nó ar chumas na gceall an sruth a sheasamh gan a bheith ina gcúis le staid ghuaiseach (e.g. imoibriú teirmeach ó smacht, pléascadh, dóiteán). Is iad na príomhfhachtóirí riosca giniúint teasa ar leibhéal ceall agus stuáil leictreach a d'fhéadfadh díobháil a dhéanamh do chiorcadra nó a bhféadfadh friotaíocht insliúcháin laghdaithe a bheith mar thoradh uirthi.

    3.cosaint ar róluchtú

    Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta ceallra i gcásanna róluchtaithe. Is iad na príomhrioscaí sábháilteachta le linn róluchtaithe dianscaoileadh na leictrilíte, na catóide agus na hanóide, dianscaoileadh eisiteirmeach shraith an idirphas leictrilíte soladaí (SEI), díghrádú deighilteora, agus an phlátáil Li, rioscaí a bhféadfadh féin‑téamh an cheallra agus imoibriú teirmeach ó smacht a bheith mar thoradh orthu. Áirítear ar na fachtóirí a dhéanann difear do thoradh na tástála an méid a leanas ar a laghad, eadhon an ráta luchtaithe agus an staid luchtaithe arna baint amach faoi dheireadh (SOC). Is féidir an chosaint a chinntiú trí cheachtar de rialú voltais (idirbhriseadh tar éis an teorainn‑voltas luchtaithe a bhaint amach) nó de rialú srutha (idirbhriseadh tar éis an sruth uasta luchtaithe a shárú).

    4.Cosaint ar ró‑díluchtú

    Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta ceallra i gcásanna ró‑dhíluchtaithe. Rioscaí sábháilteachta le linn ró‑dhíluchtú lena n‑áirítear malartú polaraíochta a bhíonn ina chúis ocsaídithe ar an tiomsaitheoir srutha anóide (Copar) agus ar an bplátáil ar an taobh catóide. Is féidir le ró‑dhíluchtú ar mhionleibhéal a bheith ina chúis le carnadh deindríte agus le gearrchiorcad ar deireadh.

    5.Cosaint ar ró‑theocht

    Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar éifeacht de theip ar rialú teochta nó de theip ar ghnéithe cosanta eile in aghaidh róthéamh inmheánach le linn oibriú.

    6.forleathadh teirmeach

    Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta ceallra i gcásanna forleata theirmigh. Is féidir le himoibriú teirmeach ó smacht i gcill amháin imoibriú cascáideach a thionscnamh ar fud an cheallra iomláin ar féidir leis a bheith comhdhéanta de chealla iomadúla. D'fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann de thoradh sin lena n‑áirítear sceitheadh suntasach gáis. Tabharfar san áireamh leis an tástáil sin na tástálacha atá á bhforbairt ag lucht ISO agus GTR na NA.

    7.Damáiste meicniúil trí bhíthin fórsaí seachtracha (titim agus imbhualadh)

    Déanfaidh na tástálacha sin ionsamhlú ar chás amháin nó ar níos mó ná sin ina ligfí do cheallra titim trí thimpiste nó ina ndéanfaí é a imbhualadh le hualach trom ach go bhfanfadh sé oibríoch chun na críche dá bhfuil sé deartha. Ba cheart go mbeadh na critéir chun na cásanna sin a ionsamhlú i gcomhréir le húsáidí ón bhfíorshaol.

    8.Gearrchiorcad inmheánach

    Déanfar meastóireacht leis an tástáil seo ar fheidhmíocht sábháilteachta ceallra i gcásanna gearrchiorcaid inmheánaigh, rud atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí ag monaróirí ceallraí óir go bhféadfadh a leithéid a bheith ina chúis le hastaíochtaí, imoibriú teirmeach ó smacht anuas ar splancadh trínar féidir na gala leictrilíte a sceitear ón gcill a adhaint. Féadann neamhfhoirfeachtaí monaraíochta, láithreacht neamhíonachtaí i gcealla nó fás deindríteach litiam a bheith ina gcúis leis na gearchiorcaid inmheánacha sin agus is iadsan is cúis le tromlach na dteagmhas sábháilteachta ar an láthair. Tá féidearthacht de roinnt cásanna gearrchiorcad inmheánach ann (e.g. teagmháil leictreach catóide/anóide, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/tiomsaitheoir srutha copair, tiomsaitheoir srutha alúmanaim/anóide) agus friotaíocht teagmhála éagsúil i gceist le gach ceann acu.

    9.Drochíde theirmeach

    Le linn na tástála seo, fágfar an ceallra gan chosaint ar theochtaí ardaithe (is é sin 85 °C in IEC 62619) trínar féidir imoibrithe dianscaoilte eisteirmeacha a thionscnamh agus as a bhféadfadh imoibriú teirmeach ó smacht sa chill a bheith mar thoradh orthu.

    Ba cheart breithnithe cearta a dhéanamh maidir leis an riosca ó gháis thocsaineacha a astaítear ó leictrilítí neamh‑uisceacha i gcás gach paraiméadar sábháilteachta atá liostaithe i bpointí 1 go 9.



    IARSCRÍBHINN VI
    Ceanglais maidir le lipéadú

    Cuid A 
    Faisnéis ghinearálta maidir le ceallraí

    Faisnéis ar lipéad ceallraí:

    1.ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc an mhonaróra;

    2.an cineál ceallra, uimhir bhaisce nó sraithuimhir an cheallra nó gné eile trína mbítear in ann é a shainaithint go haonchiallach;

    3.aitheantóir den tsamhail cheallra;

    4.an dáta monaraíochta;

    5.an dáta ar cuireadh ar an margadh é;

    6.ceimic;

    7.na substaintí guaiseacha sa cheallra seachas mearcair, caidmiam nó luaidhe;

    8.na hamhábhair chriticiúla sa cheallra.

    Cuid B 
    An tsiombail le haghaidh bailiú ar leithligh ceallraí

    Cuid C 
    Cód QR

    Beidh an cód QR go hiomlán dubh agus sách mór le go mbeifear in ann é a léamh le léitheoir QR atá ar fáil go coitianta, ar nós na léitheoirí a bhíonn comhtháthaithe i ngairis chumarsáide láimhe.


    IARSCRÍBHINN VII
    Na paraiméadair chun staid sláinte ceallraí agus saolré ionchais ceallraí a chinneadh

    Na paraiméadair chun staid sláinte ceallraí a chinneadh:

    1.an toilleadh atá fágtha;

    2.an meathlú toillte foriomlán;

    3.an toilleadh cumhachta atá fágtha agus an meathlú cumhachta;

    4.an éifeachtúlacht dé-aistir atá fágtha;

    5.an t‑éileamh fuaraithe iarbhír;

    6.athrú ar rátaí féin‑díluchtaithe;

    7.friotaíocht ómach agus/nó coisceas leictriceimiceach.

    Na paraiméadair chun saolré ionchais ceallraí a chinneadh:

    1.dátaí monaraíochta an cheallra agus an dáta ar cuireadh i seirbhís é;

    2.tréchur fuinnimh;

    3.tréchur toillte.



    IARSCRÍBHINN VIII
    Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

    Cuid A

    MODÚL A – RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE

    1.Tuairisc ar an modúl

    Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6, 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 a bhaineann leo.

    2.Doiciméadacht theicniúil

    Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Beifear in ann leis an doiciméadacht measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1.

    Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is a bhaineann sé leis an measúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa doiciméadacht theicniúil:

    (a)tuairisc ghinearálta ar an gceallra agus a úsáid bheartaithe;

    (b)líníochtaí den dearadh coincheapúil agus líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha, ciorcaid;

    (c)na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus oibriú an cheallra;

    (d)liosta ina gcuimsítear:

    (i)na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 15, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach;

    (ii)na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 16, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach;

    (iii)sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críocha tomhais nó ríofa;

    (iv)tásc maidir leis na codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (i) agus na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear i bpointe (ii) a cuireadh i bhfeidhm;

    (v)i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (i) agus na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear i bpointe (ii) i bhfeidhm, tuairisc ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1 a chomhlíonadh.

    (e)tuarascálacha tástála.

    3.Monaraíocht

    Glacfaidh an monaróir na bearta uile is gá ionas go n‑áiritheoidh an modh monaraíochta agus an faireachán a dhéanfar air go gcomhlíonfaidh an ceallra an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1.

    4.Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

    Greamóidh an monaróir an mharcáil CE de gach pacáistiú aonair den tsamhail cheallra a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1, nó, i gcás ina soláthraítear é gan phacáistiú, i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an tsamhail cheallra.

    Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail cheallra faoi seach a bheith curtha ar an margadh.

    Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil d'údaráis ábhartha na mBallstát ach ceann a iarraidh.

    5.Ionadaí údaraithe

    Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4 a chomhlíonadh, ar a shon nó ar a son agus faoina chúram nó faoina cúram, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.

    Cuid B

    MODÚL A1 – RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE MÓIDE FÍORÚ FAOI MHAOIRSEACHT

    1.Tuairisc ar an modúl

    Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe móide fíorú faoi mhaoirseacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3, 4, agus 5, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an ceallra na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 39 is infheidhme.

    2.Doiciméadacht theicniúil

    Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Fágfaidh an doiciméadacht go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an cheallra leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1, agus áireofar leis anailís agus measúnú leordhóthanach ar an riosca/na rioscaí.

    Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1 agus cumhdófar inti, a mhéid is a bhaineann sé leis an measúnú, dearadh, monarú agus oibríocht an cheallra. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh, cibé acu is infheidhme, sa doiciméadacht theicniúil:

    (a)tuairisc ghinearálta ar an gceallra;

    (b)líníochtaí den dearadh coincheapúil agus líníochtaí monaraíochta agus scéimeanna comhpháirteanna, fochóimeálacha, ciorcaid;

    (c)na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (b) a thuiscint agus le haghaidh oibriú an cheallra; tuarascálacha tástála.

    3.Monaraíocht

    Glacfaidh an monaróir nó an t‑allmhaireoir a chuireann an ceallra ar an margadh san Aontas na bearta uile is gá ionas go n‑áiritheoidh an modh monaraíochta agus an faireachán a dhéanfar air go gcomhlíonfaidh na táirgí monaraithe an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 1.

    4.Seiceálacha ar an táirge agus seiceálacha faisnéise

    Maidir le gach samhail cheallra, agus i gcás inarb infheidhme, maidir le gach baisc a chuirfidh an monaróir nó an t‑allmhaireoir ar an margadh san Aontas, déanfaidh an t‑oibreoir eacnamaíoch atá luaite tástáil amháin nó níos mó ar ghné amháin shonrach nó níos mó den tsamhail cheallra nó den bhaisce ceallraí d'fhonn a fhíorú go bhfuiltear i gcomhréir leis na ceanglais chomhfhreagracha dá dtagraítear i bpointe 1. I gcás baiscí móra ceallraí, roghnóidh an monaróir, an t‑ionadaí údaraithe nó an t‑allmhaireoir sampla ionadaíoch ar bhonn staitistiúil de na ceallraí.

    Cuirfidh an monaróir, nó an t‑allmhaireoir a chuirfidh an tsamhail cheallra ar an margadh san Aontas, an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 agus 39 den Rialachán seo faoi bhráid an chomhlachta a dtugtar fógra dó chun a fhíorú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme sna hAirteagail sin, chomh maith le ceanglais i mbearta cur chun feidhme is infheidhme.

    5.Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

    Greamóidh an monaróir an mharcáil CE agus, faoi chúram an chomhlachta a dtugtar fógra dó dá dtagraítear i bpointe 4, uimhir aitheantais an chomhlachta sin de gach ceallra, nó de phacáistiú an cheallra sin, a chomhlíonfaidh na ceanglais infheidhme sa Rialachán seo.

    Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas maidir le gach samhail cheallra i gcomhréir le hAirteagal 18 agus coinneoidh sé é in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis don cheallra deiridh leis an tsamhail faoi seach a bheith curtha ar an margadh.

    Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil d'údaráis ábhartha na mBallstát ach ceann a iarraidh.

    6.Ionadaí údaraithe

    Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 4 agus 5 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoi chúram an mhonaróra, ar choinníoll go sonraítear iad sa sainordú.

    IARSCRÍBHINN IX
    Dearbhú Comhréireachta AE Uimh. …

    1.Samhail cheallra (táirge, cineál, baisc nó sraithuimhir):

    2.Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe

    3.Eisítear an dearbhú comhréireachta seo faoi chúram an mhonaróra agus é sin amháin

    4.Cuspóir an dearbhaithe (an ceallra a shainaithint, rud lena mbítear in ann é a rianú): tuairisc ar an gceallra.

    5.Tá cuspóir an dearbhaithe ar a bhfuil tuairisc i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht comhchuibhithe ábhartha an Aontais: … (tagairt do na gníomhartha eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm).

    6.Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó do na sonraíochtaí comhchoiteanna atá in úsáid nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile a ndearbhaítear comhréireacht maidir leo:

    7.Rinne an comhlacht a dtugtar fógra dó … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an idirghabháil) … agus d'eisigh sé an deimhniú/na deimhnithe: … (mionsonraí, lena n‑áirítear an dáta a bhaineann leis, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le fad agus coinníollacha a bhailíochta).

    8.Faisnéis bhreise

    Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

    (an áit agus an dáta eisiúna):

    (ainm, feidhm) (síniú)



    IARSCRÍBHINN X
    Liosta na n‑amhábhar agus na gcatagóirí riosca 

    1.Amhábhair:

    (a)cóbalt;

    (b)graifít nádúrtha;

    (c)litiam;

    (d)nicil;

    (e)comhdhúile ceimiceáin bunaithe ar na hamhábhair a liostaítear i bpointí (a) go (f) is gá chun na hábhair ghníomhacha atá i gceallraí a mhonarú.

    2.Catagóirí sóisialta agus riosca comhshaoil:

    (a)aer;

    (b)uisce;

    (c)ithir;

    (d)bithéagsúlacht;

    (e)sláinte an duine;

    (f)sábháilteacht agus sláinte ceirde;

    (g)cearta saothair, lena n‑áirítear saothar leanaí;

    (h)cearta an duine;

    (i)saol pobail.

    3.Áirítear ar na hionstraimí idirnáisiúnta lena gclúdaítear na rioscaí dá dtagraítear i bpointe 2:

    (a)Deich bPrionsabal Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe;

    (b)Treoirlínte Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) le haghaidh Measúnú Socheolaíoch ar Shaolré Táirgí (S-LCA);

    (c)Cinneadh an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch COP VIII/28- Treoirlínte deonacha maidir le measúnú tionchair cuimsitheach ar bhithéagsúlacht;

    (d)Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ILO maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta; 

    (e)Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach; agus

    (f)OECD Due Diligence Guidance for Responsible Supply Chains of Minerals from Conflict‑Affected and High‑Risk Areas [Treoir ECFE um Dhícheall Cuí do Shlabhraí Soláthair Freagracha Mianraí ó Limistéir ina bhfuil Coinbhleacht agus i Limistéir Ardriosca].



    IARSCRÍBHINN XI
    Rátaí bailithe ceallraí inaistrithe dramhaíola a ríomh

    1.Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit an ráta bailithe a ríomh mar an céatadán a fuarthas trí mheáchan na gceallraí inaistrithe dramhaíola gan ceallraí dramhaíola ó chóracha éadroma iompair san áireamh, a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 48 agus 55, faoi seach, i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan ceallraí den sórt sin ar an meán, a dhíolann táirgeoirí díreach le húsáideoirí deiridh nó a sheachadann siad do thríú páirtithe d'fhonn iad a dhíol le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin i rith na bliana sin agus sa 2 bhliain féilire roimhe sin.

    2.Déanfaidh táirgeoirí nó, i gcás a gceaptha i gcomhréir le hAirteagal 47(2), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheidh ag gníomhú thar ar a gceann, agus Ballstáit an láimhdeachas bliantúil de cheallraí inaistrithe, gan ceallraí dramhaíola ó chóracha éadroma iompair san áireamh, le húsáideoirí deiridh i mbliain ar leith a ríomh, mar mheáchan ceallraí den sórt sin a chuirtear ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Ballstáit sa bhliain lena mbaineann, agus aon cheallraí inaistrithe a d'imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin sular díoladh iad leis na húsáideoirí deiridh á gcur as an áireamh.

    3.Maidir le gach ceallra, ní chomhairfear ach an chéad uair a chuirtear ar fáil ar an margadh iad i mBallstát.

    4.Beidh an ríomh dá ndéantar foráil i bpointí 2 agus 3 bunaithe ar shonraí a bhaileofar nó ar mheastacháin a bheidh suntasach ó thaobh staitistice de bunaithe ar na sonraí a bhaileofar.

    IARSCRÍBHINN XII
    Ceanglais chóireála agus athchúrsála

    Cuid A 
    Ceanglais chóireála

    1.Áireofar le cóireáil, ar a laghad, gach sreabhán agus aigéad a bhaint.

    2.Déanfar an chóireáil agus aon stóráil, lena n‑áirítear stóráil shealadach, ag saoráidí cóireála i láithreáin a bhfuil dromchlaí neamhscagacha acu agus cumhdaigh shíondíonacha oiriúnacha nó i gcoimeádáin oiriúnacha.

    3.Déanfar ceallraí dramhaíola i saoráidí cóireála a stóráil ar bhealach a fhágfaidh nach ndéanfar ceallraí dramhaíola a mheascadh le dramhaíl as ábhair sheoltacha nó indóite.

    4.Beidh réamhchúraimí speisialta agus bearta sábháilteachta i bhfeidhm chun ceallraí dramhaíola litiam-bhunaithe a chóireáil a gheobhaidh cosaint ar nochtadh do theas iomarcach, uisce, nó aon bhrú nó damáiste fisiciúil le linn láimhseála, sórtála agus stórála.

    Cuid B 
    Éifeachtúlachtaí athchúrsála

    1.Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2025, bainfidh próisis athchúrsála na híos‑éifeachtúlachtaí athchúrsála seo a leanas amach:

    (a)athchúrsáil 75 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;

    (b)athchúrsáil 65 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam-bhunaithe;

    (c)athchúrsáil 50 % de réir meánmheáchan ceallraí dramhaíola eile.

    2.Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2030, bainfidh próisis athchúrsála na híos‑éifeachtúlachtaí athchúrsála seo a leanas amach:

    (a)athchúrsáil 80 % de réir meánmheáchan ceallraí luaidhe-aigéadacha;

    (b)athchúrsáil 70 % de réir meánmheáchan ceallraí litiam bhunaithe.

    Cuid C 
    Leibhéil na n‑ábhar aisghabháilte

    1.Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026, bainfidh na próisis athchúrsála uile na leibhéil seo a leanas d'aisghabháil ábhar amach:

    (a)90 % le haghaidh cóbailt;

    (b)90 % le haghaidh copair;

    (c)90 % le haghaidh luaidhe;

    (d)35 % le haghaidh litiam;

    (e)90 % le haghaidh nicile.

    2.Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2030, bainfidh na próisis athchúrsála uile na leibhéil seo a leanas d'aisghabháil ábhar amach:

    (a)95 % le haghaidh cóbailt;

    (b)95 % le haghaidh copair;

    (c)95 % le haghaidh luaidhe;

    (d)70 % le haghaidh litiam;

    (e)95 % le haghaidh nicile.

    IARSCRÍBHINN XIII 
    An fhaisnéis a stórálfar sa Chóras Eorpach um Malartú Leictreonach 

    Caithfear le faisnéis agus le sonraí i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún 4 . Beidh feidhm ag na socruithe sonracha cibearshlándála i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún 5 agus ag a rialacha cur chun feidhme. Léireoidh an leibhéal rúndachta an díobháil iarmhartach a d'fhéadfadh tarlú de thoradh na sonraí a nochtadh do dhaoine neamhúdaraithe.

    1.AN CHUID DEN CHÓRAS A BHEIDH INROCHTANA GO POIBLÍ

    An fhaisnéis a dhéanfaidh an t‑oibreoir eacnamaíoch a chuireann ceallra ar an margadh a stóráil agus a chur ar fáil sa chuid den chóras atá inrochtana go poiblí:

    (a)Monaróir ceallraí;

    (b)Cineál ceallra;

    (c)Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail, ar leor é chun í a shainaithint go haonchiallach agus go héasca, lena n‑áirítear an dáta a cuireadh ar an margadh í;

    (d)An áit agus an dáta monaraíochta;

    (e)Comhdhéanamh an cheallra, lena n‑áirítear na hamhábhair chriticiúla;

    (f)Faisnéis maidir leis an lorg carbóin sna haonaid mar a thugtar le fios sa bheart/sna bearta ábhartha cur chun feidhme;

    (g)Faisnéis maidir le foinsiú freagrach mar a thugtar le fios sa bheart/sna bearta ábhartha cur chun feidhme;

    (h)Faisnéis maidir leis an ábhar athchúrsáilte mar a thugtar le fios sa bheart/sna bearta ábhartha cur chun feidhme;

    (i)Toilleadh rátaithe (in aimpéaruair);

    (j)Voltas íosta, ainmniúil agus uasta, leis na raoin teochta nuair is ábhartha;

    (k)Toilleadh cumhachta bunaidh (i vatanna) agus teorainneacha, leis an raon teochta nuair is ábhartha;

    (l)Saolré ionchasach an cheallra arna sloinneadh de réir timthriallta, agus an tástáil tagartha a úsáideadh;

    (m)An tairseach toillte i gcomhair tnáitheadh (ceallraí feithiclí leictreacha amháin);

    (n)An raon teochta is féidir leis an gceallra a sheasamh nuair nach mbíonn sé in úsáid (tástáil tagartha);

    (o)An tréimhse lena mbaineann an baránta tráchtála saoil féilire;

    (p)Éifeachtúlacht fuinnimh dé-aistir tosaigh agus ag 50 % den tsaolré;

    (q)Friotaíocht cheallra agus paca an cheallra inmheánaigh;

    (r)C-ráta na tástála saolré ábhartha.

    2.NA CEANGLAIS MAIDIR LEIS AN GCUID DEN CHÓRAS NACH BHFUIL INROCHTANA ACH AMHÁIN D’OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA CREIDIÚNAITHE AGUS DON CHOIMISIÚN

    Beidh na nithe seo a leanas sa chuid den chóras nach bhfuil inrochtana ach amháin do mhonaróirí creidiúnaithe, d'oibreoirí dara húsáid agus d’athchúrsálaithe:

    (a)Comhdhéanamh mionsonraithe, lena n‑áirítear na hábhair a úsáidtear sa chatóid, san anóid agus sa leictrilít;

    (b)Uimhreacha páirte comhpháirteanna agus sonraí teagmhála na bhfoinsí le haghaidh páirteanna spártha athsholáthair;

    (c)Faisnéis díchóimeála, lena n‑áirítear iad seo a leanas ar a laghad:

    Scar-léaráidí den chóras/phaca ceallra ag taispeáint shuíomh na gceall sa cheallra,

    Seichimh díchóimeála,

    Cineál agus líon na dteicnící ceangail a bheidh le díghlasáil,

    Na huirlisí a theastóidh i gcomhair díchóimeála,

    Rabhaidh má tá baol go ndéanfar damáiste do pháirteanna,

    Méid na gceall a úsáideadh agus leagan amach;

    (d)Bearta sábháilteachta.

    3.NA CEANGLAIS MAIDIR LEIS AN GCUID DEN CHÓRAS NACH BHFUIL INROCHTANA ACH AMHÁIN DO CHOMHLACHTAÍ DÁ DTUGTAR FÓGRA, D’ÚDARÁIS FAIREACHAIS MARGAIDH AGUS DON CHOIMISIÚN

    (a)Torthaí na dtuarascálacha ar thástálacha ina gcruthaítear gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus a bhearta cur chun feidhme nó tarmligthe.



    IARSCRÍBHINN XIV
    Tábla comhghaoil

    Treoir 2006/66/CE

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 1, an chéad fhomhír, pointe 1

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1, fomhír 1, pointe 2

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1, an dara fomhír

    ---

    Airteagal 2

    Airteagal 1(2) agus (3)

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 1(2)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 1(3)

    Airteagal 2(2)(a)

    Airteagal 1(3)(a)

    Airteagal 2(2)(b)

    Airteagal 1(3)(b)

    Airteagal 3

    Airteagal 2

    Airteagal 3, pointe 1

    Airteagal 2, pointe 1

    Airteagal 3, pointe 2

    ---

    Airteagal 3, pointe 3

    Airteagal 2, pointe 7

    Airteagal 3, pointe 4

    ---

    Airteagal 3, pointe 5

    Airteagal 2, pointe 10

    Airteagal 3, pointe 6

    Airteagal 2, pointe 11

    Airteagal 3, pointe 7

    Airteagal 2, pointe 39

    Airteagal 3, pointe 8

    Airteagal 2, pointe 49

    Airteagal 3, pointe 9

    ---

    Airteagal 3, point10

    Airteagal 2, pointe 42

    Airteagal 3, pointe 11

    Airteagal 2, pointe 23

    Airteagal 3, pointe 12

    Airteagal 2, pointe 37

    Airteagal 3, pointe 13

    Airteagal 2, pointe 55

    Airteagal 3, pointe 14

    Airteagal 2, pointe 14

    Airteagal 3, pointe 15

    Airteagal 2, pointe 19

    Airteagal 3, pointe 16

    ---

    Airteagal 3, pointe 17

    ---

    Airteagal 4

    Airteagal 6

    Airteagal 4(1)

    Iarscríbhinn I

    Airteagal 4(1)(a)

    Iarscríbhinn I, an chéad iontráil, pointe 1

    Airteagal 4(1)(b)

    Iarscríbhinn I, an dara hiontráil, pointe 1 go 3

    Airteagal 4(2)

    ---

    Airteagal 4(3)

    Iarscríbhinn I, an dara hiontráil, pointe 2

    Airteagal 4(3)(a)

    Iarscríbhinn I, an dara hiontráil, pointe 2 (a)

    Airteagal 4(3)(b)

    Iarscríbhinn I, an dara iontráil, pointe 2 (b)

    Airteagal 4(3)(c)

    ---

    Airteagal 4(4)

    ---

    Airteagal 5

    ---

    Airteagal 6

    Airteagal 3

    Airteagal 6(1)

    Airteagal 3(1)

    Airteagal 6(2)

    ---

    Airteagal 7

    ---

    Airteagal 8

    Airteagal 48, Airteagal 49, Airteagal 50, Airteagal 51, Airteagal 52, Airteagal 53, Airteagal 54

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 48

    Airteagal 8(1)(a)

    Airteagal 48(1)(a)

    Airteagal 48(1)(b)

    Airteagal 8(1)(b)

    Airteagal 50

    Airteagal 8(1)(c)

    Airteagal 49(1)

    Airteagal 50(1)

    Airteagal 8(1)(d)

    Airteagal 48(2)(a)(ii)

    Airteagal 49(1)(b)

    Airteagal 8(1), an dara fomhír

    Airteagal 48(5)

    Airteagal 8(2)

    Airteagal 48(1)

    Airteagal 48(2)

    Airteagal 8(2)(a)

    Airteagal 48(1)

    Airteagal 48(2)

    Airteagal 8(2)(b)

    Airteagal 48(2)

    Airteagal 8(2)(c)

    ---

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 49

    Airteagal 8(4)

    Airteagal 49

    Airteagal 9

    ---

    Airteagal 10

    Airteagal 55

    Airteagal 10(1)

    ---

    Airteagal 10(1), an dara fomhír

    Airteagal 61(3)

    Airteagal 10(2)

    Airteagal 55(1)

    Airteagal 10(2)(a)

    ---

    Airteagal 10(2)(b)

    Airteagal 55(1)(a)

    Airteagal 10(3)

    Airteagal 55(2), Airteagal 62(1), an dara fomhír

    Airteagal 10(4)

    ---

    Airteagal 11

    Airteagal 11

    Airteagal 11, an chéad fhomhír

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 11, an dara fomhír

    Airteagal 11(2)

    Airteagal 12

    Airteagal 56

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 56(2)

    Airteagal 12(1)(a)

    Airteagal 48 (1)(e), Airteagal 49(3)(c)

    Airteagal 12(1)(b)

    Airteagal 57(1)

    Airteagal 12(1), an dara fomhír

    ---

    Airteagal 12(1), an tríú fomhír

    ---

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 57(2)

    Airteagal 12(3)

    Airteagal 51(3); Airteagal 56(3)

    Airteagal 12(4)

    Airteagal 57(2); Airteagal 57(3)

    Airteagal 12(5)

    Airteagal 61(4)(c); Airteagal 62(1)(c)

    Airteagal 12(6)

    Airteagal 57(4)

    Airteagal 13

    ---

    Airteagal 13(1)

    ---

    Airteagal 13(2)

    Aithris 78

    Airteagal 14

    Airteagal 56(1)

    Airteagal 15

    Airteagal 58

    Airteagal 15(1)

    Airteagal 58(1)

    Airteagal 15(2)

    Airteagal 58(2)

    Airteagal 15(3)

    Airteagal 58(3)

    Airteagal 16

    Airteagal 47

    Airteagal 16(1)

    Airteagal 47(1)

    Airteagal 16(1)(a)

    Airteagal 47(1)(a)

    Airteagal 16(1)(b)

    Airteagal 47 (1)(a)

    Airteagal 16(2)

    ---

    Airteagal 16(3)

    Airteagal 47(1)(d) agus (e)

    Airteagal 16(4)

    Airteagal 60(5)

    Airteagal 16(5)

    ---

    Airteagal 16(6)

    ---

    Airteagal 17

    Airteagal 46

    Airteagal 18

    Airteagal 47(4)(c)

    Airteagal 18(1)

    ---

    Airteagal 18(2)

    ---

    Airteagal 18(3)

    ---

    Airteagal 19

    Airteagal 48(1), 49(1), 50-54

    Airteagal 19(1)

    Airteagal 48(2), 49(1), 50, 52-54

    Airteagal 19(2)

    Airteagal 47(4)(c)

    Airteagal 20

    Airteagal 60

    Airteagal 20(1)

    Airteagal 60(1)

    Airteagal 20(1)(a)

    Airteagal 60(1)(f)

    Airteagal 20(1)(b)

    Airteagal 60(1)(b)

    Airteagal 20(1)(c)

    Airteagal 60(1)(c)

    Airteagal 20(1)(d)

    Airteagal 60(1)(b)

    Airteagal 20(1)(e)

    Airteagal 60(1)(e)

    Airteagal 20(2)

    Airteagal 60

    Airteagal 20(3)

    Airteagal 60(4)

    Airteagal 21

    Airteagal 20 Rialacha agus Coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú;

    Airteagal 13, Iarscríbhinn VI, Cuid A, B, C

    Airteagal 21(1)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 21(2)

    Airteagal 13(2)

    Airteagal 21(3)

    Airteagal 13(4)

    Airteagal 21(4)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 21(5)

    Airteagal 13(3)

    Airteagal 21(6)

    ---

    Airteagal 21(7)

    ---

    Airteagal 22a

    ---

    Airteagal 23, Athbhreithniú

    Airteagal 55(3), Airteagal 77

    Airteagal 23(1)

    Airteagal 77(1)

    Airteagal 23(2)

    Airteagal 77(2)

    Airteagal 23(2)(a)

    ---

    Airteagal 23(2)(b)

    Airteagal 55(3); Airteagal 77(2)(d)

    Airteagal 23(2)(c)

    Airteagal 56(4)

    Airteagal 23(3)

    Airteagal 77(2), an dara fomhír

    Airteagal 23a

    Airteagal 73

    Airteagal 23a(1)

    Airteagal 73(1)

    Airteagal 23a(2)

    Airteagal 73(2)

    Airteagal 23a(3)

    Airteagal 73(3)

    Airteagal 23a(4)

    Airteagal 73(5)

    Airteagal 23a(5)

    Airteagal 73(6)

    Airteagal 24

    Airteagal 74

    Airteagal 24(1)

    Airteagal 74(1)

    Airteagal 24(2)

    Airteagal 74(3)

    Airteagal 24(2), an dara fomhír

    Airteagal 74(3), an dara fomhír

    Airteagal 25

    Airteagal 76

    Airteagal 26

    ---

    Airteagal 27

    ---

    Airteagal 28

    Airteagal 78

    Airteagal 29

    Airteagal 79

    Airteagal 30

    --

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn XI

    Iarscríbhinn II

    Iarscríbhinn VI, Cuid B

    Iarscríbhinn III

    Iarscríbhinn XII

    Iarscríbhinn III, Cuid A

    Iarscríbhinn XII, Cuid A

    Iarscríbhinn III, Cuid B

    Iarscríbhinn XII, Cuid B

    Iarscríbhinn IV, Ceanglais nós imeachta le haghaidh clárúcháin

    ---

    (1)    https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32013H0179&from=EN
    (2)    https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/pdf/PEFCR_guidance_v6.3.pdf
    (3)    Féach https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/dev_methods.htm
    (4)    Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún(IO L 72, 17.3.2015, lch. 41)
    (5)    Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40)
    Top