AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.5.2020
COM(2020) 446 final
2020/0109(APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Na riachtanais maoinithe le haghaidh infheistíochtaí práinneacha atá ag teacht chun cinn de dheasca na géarchéime, is riachtanais iad nach bhfacthas a leithéid riamh. Is gá, mar sin, freagairt chinntitheach urghnách ag leibhéal an Aontais. Caithfear tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i mblianta tosaigh an téarnaimh, blianta atá ríthábhachtach, lena n‑áirítear 2020. Cuideoidh sé sin an bearna a líonadh idir na bearta freagartha tosaigh agus an téarnamh ar bhonn fadtéarmach. Ní mór ollmhéid agus práinn na ndúshlán atá roimh an Aontas a chur san áireamh i bhfairsinge agus i ndearadh an idirghabhála. Tá an Coimisiún ag beartú leas a bhaint as acmhainneacht iomlán bhuiséad an Aontais chun an infheistíocht a shlógadh agus chun tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i míonna agus i mblianta tosaigh an téarnaimh, míonna agus blianta atá ríthábhachtach.
Le roinnt seachtainí, bhain an Coimisiún leas as solúbthacht iarmhair bhuiséad reatha an Aontais chun gach uile euro a bhí ar fáil a dhíriú ar shaolta a shábháil agus ar shlite beatha a chosaint. Léirigh na bearta sin cumhacht bhuiséad an Aontais chun tacaíocht thráthúil shubstaintiúil a sholáthar do na Ballstáit le linn géarchéime. Rinne na bearta sin solúbthacht bhuiséad an Aontais a ídiú freisin, áfach, rud a chuireann i dtábhacht go bhfuil géarghá le bearta nua a chur i bhfeidhm chun na chéad chéimeanna ríthábhachtacha eile den téarnamh a spreagadh.
Is gá, mar sin, athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020, chun tús‑ualú tacaíochta airgeadais a cheadú cheana in 2020 a luaithe agus is féidir. Baineann sé sin go háirithe le haon luathriachtanas chun soláthar na hIonstraime um Thacaíocht Sócmhainneachta faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus an ranníocaíocht ón Aontas le méadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta a mhaoiniú, tús‑ualú caiteachais breise ar chomhtháthú faoi REACT‑EU, agus acmhainní méadaithe airgeadais le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe.
2.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
Chun infheistíocht a shlógadh agus chun tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i míonna agus i mblianta tosaigh an téarnaimh, míonna agus blianta atá ríthábhachtach, foráiltear san athbhreithniú seo méadú ar na huasteorainneacha caiteachais le creat ilbhliantúil 2014-2020 le haghaidh na bliana 2020.
Beartaíonn an Coimisiún na huasteorainneacha le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí a mhéadú le haghaidh na bliana 2020 mar a leanas:
–an uasteorainn le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí i bhfo‑cheannteideal 1a ‘Iomaíochas don fhás agus do phoist’, méadaítear an uasteorainn sin go leibhéal EUR 25 681 mhilliún (i bpraghsanna 2011);
–an uasteorainn le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí i bhfo‑cheannteideal 1b ‘Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach’, méadaítear an uasteorainn sin go leibhéal EUR 53 109 milliún (i bpraghsanna 2011);
–an uasteorainn le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí i gceannteideal 4 ‘An Eoraip Dhomhanda’, méadaítear an uasteorainn sin go EUR 9 665 mhilliún (i bpraghsanna 2011).
Mar thoradh ar na méaduithe atá beartaithe ar uasteorainneacha oibleagáidí, beidh méadú EUR 6 040 milliún ar na riachtanais íocaíochta, atá comhoiriúnach d'uasteorainn bhliantúil íocaíochta 2020 mar a coigeartaíodh é sa choigeartú teicniúil a rinneadh i mBealtaine 2019. Ar an gcúis sin, ní bheartaíonn an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar uasteorainn íocaíochta 2020.
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a leasú agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo a chur ina ionad.
De bhun Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhfuil tionchar aige ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis na hoibleagáidí sin ón dáta a tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas.
2020/0109 (APP)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán ón gComhairle (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Teastaíonn bearta urghnácha de dheasca ráig COVID‑19 agus de dheasca na géarchéime sláinte poiblí agus eacnamaíche a bhaineann leis an ráig. Na riachtanais maoinithe le haghaidh infheistíochtaí práinneacha atá ag teacht chun cinn de dheasca na géarchéime, is riachtanais iad nach bhfacthas a leithéid riamh. Is gá, mar sin, freagairt chinntitheach urghnách ag leibhéal an Aontais, agus caithfear tús áite a thabhairt do thacaíocht airgeadais i mblianta tosaigh an téarnaimh, blianta atá ríthábhachtach, lena n‑áirítear 2020.
(2)Is gá riachtanais airgeadais a chumhdach in 2020 trí bhíthin tionscnaimh nua a thugann aghaidh ar an téarnamh. Baineann sé sin leis an Ionstraim um Thacaíocht Sócmhainneachta agus an ranníocaíocht ón Aontas le méadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta, atreisiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (REACT‑EU), agus an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe.
(3)Is gá, mar sin, le haghaidh na bliana 2020, na huasteorainneacha le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá faoi fho‑cheannteideal 1a, faoi fho‑cheannteideal 1b agus faoi cheannteideal 4 a mhéadú. Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 a leasú dá réir.
(4)De bhun Airteagal 135(2) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhfuil tionchar aige ar oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis na hoibleagáidí sin ón dáta a tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Ní mhéadóidh an Rialachán seo oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe i gcomparáid leis na hoibleagáidí a bhí uirthi ar an dáta a tharraing sí siar as an Aontas.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,