AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,26.6.2020
COM(2020) 267 final
2020/0129(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh na leasuithe ar Phrótacal 1 agus ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le cinneadh lena leagtar síos an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste, a bunaíodh faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le glacadh cinneadh ón gComhchoiste lena leasaítear Prótacal 1 agus Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú
Rinne an Comhphobal Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 97/126/CE ón gComhairle. Tá sé d'aidhm ag an gComhaontú forbairt chomhchuí an chaidrimh eacnamaíoch idir an Comhphobal agus Oileáin Fharó a chur chun cinn tríd an dtrádáil chómhalartach a leathnú, dálaí cothroma iomaíochta a sholáthar don trádáil idir na Páirtithe agus cuidiú bacainní trádála a dhíchur. Tháinig an Comhaontú seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 1997.
2.2.An Comhchoiste
Tá an Comhchoiste, coiste a bunaíodh faoi Airteagal 31(1) den Chomhaontú, freagrach as an gComhaontú a riar agus áirithíonn sé go gcuirtear chun feidhme go cuí é. Le hAirteagal 34(1) den Chomhaontú, tugtar de chumhacht don Chomhchoiste forálacha na bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste
Foráiltear le hAirteagal 36 den Chomhaontú go mbreithneoidh an tAontas, arna iarraidh sin d’Oileáin Fharó, feabhas a chur ar na deiseanna rochtana i gcás táirgí sonracha agus a lamháltais taraife a leathnú i gcás táirgí iascaigh de chuid Oileáin Fharó.
I gcomhréir le torthaí na caibidlíochta idir an Coimisiún Eorpach agus Oileáin Fharó, mar a comhaontaíodh ag an 18ú cruinniú den Chomhchoiste a tionóladh in Norðragøta, Oileáin Fharó an 9 Deireadh Fómhair 2019, tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le leasuithe ar Phrótacal 1 agus ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Leis na leasuithe atá beartaithe dírítear ar an rochtain atá ag an dá Pháirtí ar an margadh a mhéadú don dá Pháirtí mar a comhaontaíodh an 9 Deireadh Fómhair 2019 ag an 18ú cruinniú den Chomhchoiste. Trí cinn de leasuithe ábhartha atá ann:
–Prótacal 1: Cuirtear saláin reoite agus leasaithe (cóid AC 0303 53 90 agus 1604 13 90) ar liosta na dtáirgí i dTábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, lena léirítear na dleachtanna custaim fabhracha agus na coinníollacha eile atá le cur i bhfeidhm ar allmhairiú táirgí ar de thionscnamh Oileáin Fharó iad agus a thugtar as Oileáin Fharó isteach sa Chomhphobal. Cuirfidh an tAontas dleachtanna allmhairiúcháin nialasacha i bhfeidhm ar na táirgí sin de thionscnamh Oileáin Fharó. Chuir Oileáin Fharó an iarraidh sin faoi bhráid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 36 den Chomhaontú agus chomhaontaigh na Páirtithe Prótacal 1 a leasú.
–Prótacal 4: Scriostar fonóta 1 agus mír 2 d’Airteagal 1 de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú. I bhfonóta 1 cuirtear srian ar ghlútan breise a chur i mbeatha éisc a onnmhairítear ó Oileáin Fharó chuig an Aontas, srian a bhfuil feidhm aige maidir le cóid AC ex 2309 90 10, ex 2309 90 31 agus ex 2309 90 41. Déantar tagairt i mír 2 do na ceanglais deimhniúcháin agus rialaithe maidir leis an taraif-chuóta a osclaítear i gcás beatha éisc faoi chóid AC ex 2309 90 10, ex 2309 90 31 agus ex 2309 90 41. Is ag cruinniú an Chomhchoiste i Samhain 2017 a d’iarr Oileáin Fharó ar dtús go scriosfaí iad, agus é mar argóint acu gur tháinig forbairt mhór ar chomhdhéanamh na beatha éisc d’earnáil an dobharshaothraithe, forbairt a d’fhág gur mó tábhacht atá le glútan mar chomhchuid.
–Prótacal 4: Cuirtear isteach airteagal nua lena mbunaítear taraif-chuótaí le haghaidh earraí feola a onnmhairítear ón Aontas chuig Oileáin Fharó. Faoi chuimsiú na caibidlíochta thuasluaite, d’iarr an tAontas go méadófaí an rochtain ar an margadh i gcás onnmhairiúcháin caoireola de chuid an Aontais chuig Oileáin Fharó. Chomhaontaigh na Páirtithe taraif-chuóta a bhunú le haghaidh réimse táirgí caorach (cóid AC 0204, 0206 80 99, 0206 90 99, 0210 90 11, 0210 90 60, ex 0210 90 90). Tabharfar isteach an taraif-chuóta, taraif-chuóta faoina mbeidh feidhm ag dleacht allmhairiúcháin nialasach, de réir a chéile: 40 tona amhail ón uair a ghlacfar an gníomh atá beartaithe (i.e. 2020), agus 80 tona amhail ó thrí bliana dá éis sin (i.e. 2023).
Chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi thoradh na caibidlíochta sin le linn an chruinnithe a bhí ag Meitheal na Comhairle um Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), a tionóladh an 24 Deireadh Fómhair 2019.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí ón gComhairle lena mbunaítear "na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe."
Áirítear ar na "gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo" gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear air freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a bhfhéadfadh "tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh".
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht a bunaíodh leis an gComhaontú é an Comhchoiste. Gníomh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis is ea an gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh. Leis an ngníomh atá beartaithe, leasófar Prótacal 1 agus Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Chomhaontú agus beidh éifeacht cheangailteach ag na leasuithe sin ar na Páirtithe. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann cuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an chéad fhomhír d'Airteagal 207(4) CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfar, le gníomh an Chomhchoiste, Prótacal 1 agus Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2020/0129 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le glacadh na leasuithe ar Phrótacal 1 agus ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinne an Comhphobal Eorpach an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Danmhairge agus Rialtas Baile Oileáin Fharó, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a thabhairt i gcrích le Cinneadh 97/126/CE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1997.
(2)De bhun Airteagal 34 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste forálacha na bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.
(3)Tar éis caibidlíocht a dhéanamh, chomhaontaigh Rialtas Baile Oileáin Fharó agus an tAontas forálacha áirithe de Phrótacal 1 agus de Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. Tá sé d'aidhm ag na leasuithe sin scóip na rochtana atá ag an dá Pháirtí ar an margadh a leathnú i gcás táirgí roghnaithe áirithe.
(4)Tá an Comhchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a leagan síos ós rud é go mbeidh an cinneadh lena leasófar Prótacail 1 agus 4 ceangailteach ar an Aontas,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste maidir le leasuithe ar Phrótacal 1 agus ar Phrótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú, is ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar é.
Airteagal 2
Foilseofar cinneadh an Chomhchoiste in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán