Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0221

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19

COM/2020/221 final

An Bhruiséil,20.5.2020

COM(2020) 221 final

2020/0099(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar na Ballstáit agus a saoránaigh nach raibh a leithéid ann riamh roimhe. Mar fhreagairt ar an bpaindéim sin, rinne na Ballstáit bearta chun tarchur COVID-19 a chosc nó a mhoilliú, lena n‑áirítear bearta dianghlasála ar bheag nár chuir siad stad ar fad leis an saol poiblí sna Ballstáit uile, beagnach.

Lena chois sin, bhí tionchar tromchúiseach dosheachanta ag an bpaindéim ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh; ionstraim daonlathais rannpháirtíoch atá ag brath ar rannpháirteachas saoránach ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá an ceart ar Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a thíolacadh cumhdaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 11(4) CAE). De dheasca na mbeart i dtaobh leithlisiú agus, ar bhealach níos ginearálta, uileláithreacht na paindéime, tá sé beagnach dodhéanta faoi láthair ag eagraithe leanúint go rathúil dá ngníomhaíochtaí feachtasaíochta áitiúla agus de bheith ag bailiú ráitis tacaíochta ar pháipéar chun cuidiú leo na ráitis riachtanacha a chruinniú le chéile laistigh den tréimhse 12 mhí atá leagtha síos.

Tá oibleagáidí áirithe ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí Eorpacha freisin i dtaobh fhíorú (creidiúnú san áireamh) bhailíocht na ráiteas tacaíochta atá bailithe agus scrúdú tionscnaimh ar éirigh leis. Chomh maith leis sin, tá teorainneacha ama leis na hoibleagáidí sin. De bharr imthosca eisceachtúla a eascraíonn ó na bearta náisiúnta a rinneadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí nach raibh a leithéid ann roimhe agus arb í paindéim COVID-19 is cúis léi, is féidir nach mbeidh na Ballstáit ná na hinstitiúidí Eorpacha in ann na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de na teorainneacha ama dlíthiúla.

Chun éifeachtacht ionstraim an tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chaomhnú le linn na paindéime seo agus chun cúis mhuiníne agus soiléire dhlíthiúil a thabhairt d’eagraithe tionscnaimh a bhfuiltear i mbun fíorú nó scrúdú orthu, is gá bearta sealadacha a ghlacadh lena dtabharfar cead síneadh a chur le tréimhsí bailiúcháin na dtionscnamh sin. Ba cheart bearta den chineál céanna a dhéanamh chun go mbeidh cead ag na Ballstáit síneadh a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ar an tréimhse fíorúcháin i gcás nach féidir lena n‑údaráis inniúla an fíorú a chríochnú in am de dheasca na mbeart a rinneadh chun an phaindéim a chomhrac. Mar an gcéanna, ba cheart cead a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gCoimisiún Eorpach an éisteacht phoiblí agus an cruinniú leis na heagraithe a chur siar go dtí gur féidir, i bhfianaise staid na sláinte poiblí sa tír ina bhfuil sé beartaithe acu na cruinnithe sin a eagrú, na cruinnithe sin a chur ar bun. Ba cheart, dá réir sin, síneadh a chur leis an tréimhse chomhfhreagrach chun tionscnamh bailí a scrúdú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Is é Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh an reachtaíocht a mbaineann an Rialachán seo léi. Níl forálacha sonracha sa Rialachán sin lena gceadófaí síneadh a chur le tréimhse bhailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin na dtionscnamh cláraithe i gcásanna ar nós na gcásanna a tháinig as géarchéim COVID-19. Dá bhrí sin, is gá forálacha ábhartha a ghlacadh chun éifeacht na mbeart a glacadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a d’eascair ó phaindéim COVID-19 a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do ghrúpaí eagraithe agus d’údaráis na mBallstát.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

De bharr na ndeacrachtaí móra a bhfuil na heagraithe i ngleic leo faoi láthair, deacrachtaí a tháinig as na bearta a rinne na Ballstáit mar gheall ar phaindéim COVID-19 i dtaobh ráitis tacaíochta ar pháipéar a bhailiú agus feachtais áitiúla a eagrú chun an pobal a chur ar an eolas faoina gcuid tionscnamh, is féidir go gcuirfear isteach ar an ábaltacht atá acu ar thairseach milliún ráiteas tacaíochta i seacht mBallstát ar a laghad a bhaint amach. Is réamhchoinníoll é sin le hiarratas a dhéanamh ar an gCoimisiún Eorpach ar thogra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais maidir leis an ábhar chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Dá thoradh sin, dhéanfaí dochar d'éifeachtacht na hionstraime daonlathais rannpháirtíochta sin ar leibhéal an Aontais, lenar tugadh an ceart do shaoránaigh an Aontais togra a chur isteach le haghaidh na gníomhaíochta dlí sin. Dá bhrí sin, ar nós beartais eile agus ionstraimí eile de chuid an Aontais a raibh tionchar ag paindéim COVID-19 orthu, tá sé beartaithe bearta sealadacha a dhéanamh chun cur in aghaidh na n‑éifeachtaí eisceachtúla sin a tháinig gan choinne.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Baineann an togra le teorainneacha ama is infheidhme maidir leis an gcéim bhailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin i Rialachán (AE) 2019/788. Tá glacadh an Rialacháin sin bunaithe ar Airteagal 24 CFAE. Tá bunús dlí sonrach tugtha in Airteagal 24 CFAE le haghaidh an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus le haghaidh an ghlactha trí bhíthin rialú ar na forálacha maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha atá leagtha síos le haghaidh tionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá an togra bunaithe ar 24 CFAE freisin.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Sainítear fad na dteorainneacha ama ábhartha atá le tionscnaimh ó na saoránaigh i Rialachán (AE) 2019/788. Ní fhoráiltear sa Rialachán sin de réir mar atá sé faoi láthair maidir leis an tsolúbthacht is gá ó thaobh chur i bhfeidhm na dteorainneacha ama lenarbh fhéidir le grúpaí eagraithe, leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí Eorpacha leas a bhaint as síneadh ar na teorainneacha ama sin i gcásanna eisceachtúla ar nós phaindéim COVID-19. Is le forálacha i ndlí an Aontais, i.e. i bhfoirm beart sealadach, agus leo sin amháin is féidir na síntí ama sin a thabhairt.

   Comhréireacht

Tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun cuspóir fheidhmiú cuí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788, a bhaint amach, ós rud é go bhfuil na héifeachtaí atá ag bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 chomh mór sin. Tá an togra teoranta do bhearta sealadacha spriocdhírithe a rinneadh mar fhreagairt ar éifeachtaí bhearta na mBallstát i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Tá na bearta teoranta don mhéid is gá chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun éifeacht an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh mar atá cumhdaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach a chaomhnú.

I dtaca le cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin le haghaidh síneadh breise ar an tréimhse bhailiúcháin i dtaobh tionscnaimh a ndearnadh difear dóibh, tá na cumhachtaí sin comhréireach agus teoranta ó thaobh raon feidhme de. Tá sé faoi réir an cheanglais oibiachtúil infhíoraithe go mbeidh na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit ar bun nó go leanfaidh siad de bheith ar bun i dtromlach na mBallstát nó i roinnt Ballstát ina bhfuil níos mó ná 35 % de dhaonra na hEorpa. Mar an gcéanna, ní thabharfaidh an Coimisiún údarú do Bhallstát iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar an tréimhse fíorúcháin i gcás tionscnamh áirithe ach amháin má léirigh an Ballstát lena mbaineann nach féidir leis, de dheasca na mbeart i leith COVID-19 atá ar bun, an fíorú a chríochnú laistigh den tréimhse trí mhí atá leagtha síos. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarratas réasúnta isteach ar an síneadh sin.

Tá an leasú atá beartaithe teoranta ó thaobh ama de ós rud é go bhfuiltear ag glacadh leis go mbeidh an phaindéim sáraithe faoi dheireadh 2022.

An rogha ionstraime

Rialachán is ea an ionstraim iomchuí chun an tsolúbthacht is gá a thabhairt isteach i leith síneadh a chur leis na teorainneacha ama dlíthiúla is infheidhme maidir le céim bhailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin an tionscnaimh Eorpach ó na saoránaigh faoi Rialachán (AE) 2019/788. Chun gur féidir síneadh a chur leis na teorainneacha ama sin, tá gá le gníomh ón Aontas a mbeidh feidhm ghinearálta aige, a bheidh ceangailteach agus infheidhme go díreach sna Ballstáit uile. Meastar freisin gurb iomchuí Rialachán chun an bunús dlí riachtanach a sholáthar chun cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún síneadh a chur leis an tréimhse bhailiúcháin agus leis an tréimhse fíorúcháin arna iarraidh sin ag an mBallstát lena mbaineann.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ó tá an cás chomh práinneach sin, ní dhearnadh comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara. Mar sin féin, tá an togra ag teacht tar éis comhairliúchán leis an nGrúpa saineolaithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Eagraíodh cruinniú an 30 Aibreán 2020 leis an nGrúpa Saineolaithe, tar éis suirbhé ar achoimre ghinearálta ar an leasú. Lena chois sin, fuair an Coimisiún roinnt litreacha ó eagraithe tionscnaimh a bhí ar siúl le linn na paindéime, á iarraidh air réitigh leordhóthanacha iomchuí a fháil - go háirithe síneadh ar na teorainneacha ama - chun dul i ngleic lena gcuid fadhbanna i leith na ráitis tacaíochta riachtanacha a bhailiú. Fuarthas iarrataí den chineál céanna ó Fheisirí Parlaiminte, lena n‑airítear an Cathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Is é an aidhm phríomha atá ag na bearta sealadacha spriocdhírithe atá beartaithe, síntí a chur leis na tréimhsí ábhartha i Rialachán 2019/788 ar chúiseanna eisceachtúla i gcomhthéacs ráig COVID-19. Ní bheidh feidhm ag na bearta ach ar feadh tréimhse réasúnta gearr. Dá bhrí sin, ní mheastar go bhfuil gá le measúnú tionchair.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

Faoi Rialachán (AE) 2019/788, ní mór do na heagraithe córas bailiúcháin ar líne a chur ar bun le haghaidh bhailiú na ráiteas tacaíochta. Féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh an córas sin a chur ar bun iad féin, ach féadfaidh siad freisin an córas bailiúcháin lárnach a úsáid, córas a chuir an Coimisiún ar bun agus atá á bhainistiú aige. I gcás tionscnaimh a n‑úsáidtear an córas bailiúcháin lárnach lena n‑aghaidh, leanfaidh na grúpaí eagraithe de bheith ag úsáid an chórais bailiúcháin lárnaigh níos faide de bharr an tsínte ar an tréimhse bhailiúcháin. Ó tá an córas ceaptha chun déileáil leis an iomad tionscnamh in aon am amháin, ní bheidh aon chostas breise leis an úsáid níos faide sin. Ní bheidh gá le haon acmhainn dhaonna bhreise laistigh de riarachán an Choimisiúin chun na tionscnaimh sin a láimhseáil, ó nach bhfuil aon athrú ar oibleagáidí an Choimisiúin a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis na tionscnaimh sin.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Is faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a a bhunaítear i Rialachán (AE) 2019/788 a dhéanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Baineann na bearta sealadacha atá beartaithe le Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Foráiltear sa togra maidir le síneadh leis na teorainneacha ama le haghaidh bailiú ráiteas tacaíochta le haghaidh tionscnaimh atá cláraithe faoi Rialachán (AE) 2019/788 nó Rialachán (AE) Uimh. 211/2011. Foráiltear sa togra freisin maidir leis an deis a bheith ag Ballstát ar shíneadh leis an tréimhse fíorúcháin a iarraidh. Tá beart den chineál céanna beartaithe chun síneadh a chur leis an tréimhse scrúdúcháin tionscnaimh bhailí, de réir na n‑imthosca sonracha. Bearta sealadacha is ea na bearta sin, ós rud é nach mbeidh siad i bhfeidhm ach go dtí deireadh 2022.

Maidir leis an síneadh leis an tréimhse bailiúcháin, leagtar síos sa togra mar chéad bheart sealadach go bhfuil síneadh sé mhí curtha leis an tréimhse bhailiúcháin le haghaidh tionscnamh a raibh bailiú na ráiteas ina leith ar bun an 11 Márta 2020, an lá a d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go foirmiúil go raibh ráig COVID-19 éirithe ina paindéim ar fud an domhain. Tá bearta déanta ag na Ballstáit uile ó shin chun an phaindéim a chosc nó a mhoilliú, rud a chuireann bac mór ar an deis ag eagraithe tionscnaimh feachtasaíocht áitiúil a dhéanamh agus ráitis tacaíochta ar pháipéar a bhailiú.

Tá an fhoráil ábhartha comhlánaithe ag cumhachtú don Choimisiún cur le tréimhse bhailiúcháin na dtionscnamh sin agus tionscnamh ar thosaigh an bailiú ina leith ar dháta níos déanaí, i gcás ina mbeidh na bearta sin ar bun ag tromlach na mBallstát, nó ag roinnt Ballstát ina bhfuil níos mó ná 35 % de dhaonra na hEorpa nó ina mbeidh siad ag leanúint de na bearta sin nó i gcás ráig nua a mbeidh ar na Ballstáit na bearta sin a dhéanamh arís dá barr agus a dhéanfaidh an méid céanna difear do na tionscnaimh. Tá an cumhachtú teoranta ó thaobh ama de (síntí trí mhí amháin agus uastréimhse bhailiúcháin iomlán 24 mhí leagtha síos), agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

Is tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm agus dá éis sin amháin a fhéadfar gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le síneadh breise le tréimhse bhailiúcháin tionscnamh a raibh an bailiú ina leith ar bun an 11 Márta 2020 nó ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is leor an t‑am atá tugtha leis an tréimhse shínte sé mhí dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun gur féidir leis an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh faoi shíneadh breise leis an tréimhse bhailiúcháin le haghaidh na dtionscnamh sin, más gá.

Tá beart sealadach sonrach sa togra le haghaidh an cháis ina measfaidh Ballstát nach féidir lena údarás náisiúnta, de dheasca na n‑imthosca eisceachtúla arb iad na bearta sa tír sin is cúis leo, fíorú agus creidiúnú na ráiteas tacaíochta a chríochnú laistigh den tréimhse trí mhí. Sa chás sin, is féidir leis an mBallstát iarraidh réasúnaithe a chur isteach chuig an gCoimisiún ar shíneadh a chur leis an tréimhse sin, síneadh míosa amháin ar a laghad agus síneadh trí mhí ar a mhéad.

Tá roinnt tionscnamh, a bhfuiltear ag bailiú ráitis tacaíochta ina leith faoi láthair, cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 211/2011. Maidir leis an bpróiseas bailiúcháin agus fíorúcháin, tá na tionscnaimh sin fós faoi réir fhorálacha an Rialacháin sin. Leis an togra, áirithítear go mbeidh na bearta ábhartha maidir le síneadh leis an tréimhse bhailiúcháin agus leis an tréimhse fíorúcháin i bhfeidhm maidir leis na tionscnaimh sin chomh maith.

Faoi Rialachán (AE) 2019/788, tá an tréimhse scrúdúcháin faoi réir teorainneacha ama sonracha freisin. Tá sé de cheangal ar na hinstitiúidí Eorpacha cruinniú leis na heagraithe a eagrú (cruinniú atá le heagrú ag an gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis cur isteach tionscnaimh rathúil) agus éisteacht phoiblí a eagrú (éisteacht atá le heagrú ag Parlaimint na hEorpa laistigh de trí mhí tar éis an chur isteach). Is féidir go mbeidh sé deacair na himeachtaí sin a eagrú laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/788, i bhfianaise na mbeart atá curtha ar bun mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 sa tír ina bhfuil sé de rún ag na hinstitiúidí na himeachtaí sin a eagrú. Sa chás sin, ba cheart cead a bheith ag na hinstitiúidí Eorpacha na himeachtaí sin a eagrú a luaithe is féidir de réir staid sláinte poiblí na tíre sin. Sna cásanna sin, glacfaidh an Coimisiún Eorpach an Teachtaireacht uaidh mar fhreagairt ar thionscnamh bailí laistigh de thrí mhí tar éis na héisteachta poiblí i bParlaimint na hEorpa.

Más rud é, de bharr na mbeart sealadach a shainítear sa togra seo, go gcuirfear síneadh leis an tréimhse bhailiúcháin, leis an tréimhse fíorúcháin nó leis an tréimhse scrúdúcháin, beidh gá le beart sealadach lenar féidir síneadh a chur leis na tréimhsí coinneála a shainítear i Rialachán (AE) 2019/788 chun nach mbeidh ceanglas dlí ann a scriosfaí na ráitis tacaíochta go róluath dá bharr.

2020/0099 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos bearta sealadacha maidir leis na teorainneacha ama le haghaidh na gcéimeanna bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfianaise ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 24 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 11 Márta 2020, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim dhomhanda a bhí i ráig COVID-19. Tá na Ballstáit buailte go drámatúil eisceachtúil ag iarmhairtí na paindéime sin. Tá sraith beart sriantach déanta acu chun tarchur COVID-19 a chosc nó a mhoilliú, lena náirítear bearta gaibhniúcháin chun saorghluaiseacht a saoránach a shrianadh, cosc a chur ar imeachtaí poiblí, agus siopaí, bialanna agus scoileanna a dhúnadh. Tá an saol poiblí beagnach ina stad i ngach Ballstát nach mór mar gheall ar na bearta sin.

(2)Tá tionchar tromchúiseach, ar ndóigh, ag na bearta atá déanta ag na Ballstáit ar thionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh. Chun go néireoidh le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, cuirtear ceangal le Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 ar na heagraithe 1 mhilliún ráiteas tacaíochta ar a laghad a bhailiú i 7 mBallstát ar a laghad laistigh de 12 mhí. Mar gheall ar na bearta a glacadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 is deacra i bhfad go háirithe ráitis tacaíochta ar pháipéar a bhailiú, dul i mbun feachtais go háitiúil agus imeachtaí poiblí a eagrú, nithe a bhfuil tábhacht mhór leo le haghaidh tionscnamh rathúil.

(3)Tá oibleagáidí dlíthiúla áirithe ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais freisin faoi Rialachán (AE) 2019/788. Tá na hoibleagáidí sin faoi réir teorainneacha ama daingne nach gceadaítear aon mhaolú orthu le Rialachán (AE) 2019/788.

(4)Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach deonaítear an ceart do shaoránaigh den Aontas dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun a iarraidh air togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a chur isteach chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Tá an tionscnamh ó na saoránaigh ar cheann de na príomhionstraimí atá ag saoránaigh den Aontas chun páirt a ghlacadh, ar bhealach éasca inrochtana, sa díospóireacht dhaonlathach pholaitiúil faoin Aontas agus chun na saincheisteanna is mó tábhacht dóibh a chur ar chlár oibre an Aontais.

(5)Sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, agus go háirithe mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, tá gá le bearta sealadacha chun éifeachtacht na hionstraime sin a chaomhnú, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le síntí a d’fhéadfaí a chur leis na teorainneacha ama is infheidhme.

(6)Chuir na Ballstáit in iúl gur de réir a chéile, agus ar an mbealach sin amháin, a laghdóidh siad leibhéal na srianta a tugadh isteach leis na bearta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar staid na sláinte poiblí. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh sé mhí a chur leis an tréimhse chun ráitis tacaíochta a bhailiú, lena gcumhdófar an tréimhse dar tús an 11 Márta 2020, nuair a d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim a bhí sa ráig. Tá an síneadh sin bunaithe ar an toimhde go mbeidh bearta i bhfeidhm, sna chéad sé mhí ar a laghad tar éis an 11 Márta 2020, ag tromlach na mBallstát nó ag roinnt Ballstát ina bhfuil breis agus 35 % de dhaonra an Aontais, bearta lena gcuirfear bac mór ar na deiseanna a bheidh ag na heagraithe dul i mbun feachtais go háitiúil agus ráitis tacaíochta ar pháipéar a bhailiú. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh sé mhí a chur leis an tréimhse bhailiúcháin le haghaidh tionscnaimh a bhí fós á mbailiú an 11 Márta 2020. I gcás inar cuireadh tús le tréimhse bhailiúcháin tionscnaimh tar éis an 11 Márta, ba cheart síneadh comhréireach a chur leis an tréimhse sin.

(7)Ós rud é gur deacair an tráth a thiocfaidh deireadh leis an bpaindéim san Aontas a thuar, is iomchuí an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun síneadh breise a chur leis an tréimhse bhailiúcháin i leith tionscnaimh a bhfuil an tréimhse bhailiúcháin fós i bhfeidhm ina leith an 11 Meán Fómhair 2020 i gcásanna ina bhfuil na himthosca eisceachtúla fós ann de bharr phaindéim COVID-19. An síneadh sé mhí a chuirfear leis an tréimhse bhailiúcháin dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart gur leor é chun am leordhóthanach a thabhairt don Choimisiún a chinneadh an bhfuil bonn cirt le síneadh breise a chur leis an tréimhse bhailiúcháin. Leis an gcumhachtú ba cheart an Coimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh freisin chun síneadh a chur leis an tréimhse bhailiúcháin i gcás géarchéim nua sláinte poiblí a bhaineann le ráig nua COVID-19, má dhéanann tromlach na mBallstát nó roinnt Ballstát ina bhfuil breis agus 35 % de dhaonra an Aontais bearta ar dócha go mbeidh an éifeacht chéanna acu.

(8)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le síneadh na tréimhse bailiúcháin a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 .

(9)Na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 d’fhéadfaidís difear mór a dhéanamh do chumas na núdarás inniúil bailíocht na ráiteas tacaíochta a fhíorú laistigh den teorainn ama trí mhí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/788. Mar shampla, d’fhéadfadh níos lú ball foirne a bheith ar fáil, nó d’fhéadfadh cúraimí breise agus freagrachtaí breise a bheith ar na húdaráis inniúla de thoradh na paindéime.

(10)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, d'ainneoin na mbeart arna nglacadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, go bhfeidhmeoidh a gcórais riaracháin mar is gnách a mhéid is féidir. Mar sin féin, in imthosca eisceachtúla, ba cheart cead a bheith ag Ballstát iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le síneadh a chur leis an tréimhse fíorúcháin agus dheimhniúcháin. Ba cheart bunús a thabhairt leis an iarraidh agus ba cheart éifeachtaí na mbeart a bhaineann leis an bpaindéim ar fheidhmiú údaráis inniúla an Bhallstáit sin a chur san áireamh inti freisin. Níor cheart aon síneadh a dheonófar a bheith níos faide ná an chéad tréimhse fíorúcháin.

(11)De bharr na mbeart a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, d’fhéadfadh sé a bheith deacair d’institiúidí an Aontais cruinnithe le heagraithe nó éisteachtaí poiblí a eagrú i dtaca le tionscnaimh bhailí a scrúdú sa Bhallstát ina mbeidh sé beartaithe acu na cruinnithe sin a eagrú. Sna cásanna sin, ba cheart cead a bheith de ag na hinstitiúidí eagrú na gcruinnithe sin a chur siar go dtí dáta is féidir iad a eagrú de réir staid na sláinte poiblí sa Bhallstát sin. I gcás ina gcuirfear an éisteacht phoiblí siar, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann moill a chur ar ghlacadh na teachtaireachta uaidh ina mbeidh a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir leis an tionscnamh leagtha amach go dtí trí mhí tar éis na héisteachta poiblí, chun go mbeidh sé in ann aird chuí a thabhairt ar thorthaí na héisteachta.

(12)I gcás ina gcuirfear síneadh leis an tréimhse bhailiúcháin, fíorúcháin nó scrúdúcháin mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, cuirfear síneadh dá réir sin leis na tréimhsí coinneála le haghaidh ráitis tacaíochta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/788.

(13)Toisc gur tháinig ráig COVID-19 go tobann agus go raibh sí dothuartha agus mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit, bearta ar cuireadh síneadh leo go rialta, níorbh fhéidir, a mhéid a bhaineann le roinnt cásanna aonair, na bearta sealadacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh in am. Ar an gcúis sin, ba cheart an tréimhse sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm a chumhdach leis na bearta sealadacha.

(14)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le tionscnaimh a cláraíodh roimh an 1 Eanáir 2020 faoi Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , ar tionscnaimh iad a leanfaidh forálacha an Rialacháin sin i dtaca le tréimhse bhailiúcháin na ráiteas tacaíochta agus fíorú agus deimhniú a dhéanfaidh na Ballstáit d’fheidhm a bheith acu maidir leo de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/788.

(15)Toisc gur bearta sealadacha iad na bearta a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ba cheart tréimhse feidhme an Rialacháin seo a theorannú freisin.

(16)Ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh go práinneach, ionas go mbeidh cásanna éiginnteachta dlíthiúla a dhéanann difear do shaoránaigh, d’eagraithe, do riaracháin náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais chomh gairid agus is féidir, go háirithe i gcás inar críochnaíodh cheana na tréimhsí ama ábhartha maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú, a fhíorú agus a scrúdú i leith roinnt tionscnamh nó i gcás ina bhfuil siad ar tí críochnú. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(17)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm go práinneach an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na bearta sealadacha is infheidhme maidir leis na tréimhsí bailiúcháin, fíorúcháin agus scrúdúcháin le haghaidh tionscnaimh chláraithe ó na saoránaigh faoi Rialachán (AE) 2019/788 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, i gcomhthéacs na mbeart a rinne na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.

Airteagal 2

Síneadh a chur le teorainneacha ama maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú

(1)D’ainneoin Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2019/788 agus Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, i gcás ina raibh an tréimhse maidir le ráitis tacaíochta a bhailiú le haghaidh tionscnaimh fós ar siúl an 11 Márta 2020, cuirfear síneadh sé mhí leis an uastréimhse bhailiúcháin i ngach cás.

I gcás inar tosaíodh ar ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnaimh a bhailiú idir an 11 Márta 2020 agus an 11 Meán Fómhair 2020, mairfidh an uastréimhse bhailiúcháin go dtí an 11 Meán Fómhair 2021.

(2)Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun síneadh a chur le huastréimhsí bailiúcháin na dtionscnamh dá dtagraítear i mír 1, más rud é go leanfaidh tromlach na mBallstát nó roinnt Ballstát ina bhfuil breis agus 35 % de dhaonra an Aontais de bhearta a chur i bhfeidhm tar éis an 11 Meán Fómhair 2020 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ar bearta iad a chuireann bac mór ar na heagraithe ráitis tacaíochta ar pháipéar a bhailiú agus an pobal a chur ar an eolas faoi na tionscnaimh atá fós ar siúl acu.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun síneadh a chur le huastréimhsí bailiúcháin na dtionscnamh a bheidh á mbailiú tráth a bheidh ráig nua COVID-19 ann, ráig inar gá do thromlach na mBallstát nó do roinnt Ballstát ina bhfuil breis agus 35 % de dhaonra an Aontais, bearta a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh difear chomh mór céanna d’eagraithe na dtionscnamh sin.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin agus sainaithneofar iontu na tionscnaimh atá i gceist agus dáta deiridh nua a dtréimhse bhailiúcháin.

Mairfidh gach síneadh trí mhí.

Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá an ceanglas sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír comhlíonta nó nach bhfuil, déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin, faisnéis a sholáthar don Choimisiún maidir leis na bearta atá déanta acu nó atá beartaithe acu a dhéanamh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.

(3)D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní rachaidh fad iomlán na tréimhse bailiúcháin thar 24 mhí.

(4)Cuirfidh an Coimisiún na heagraithe agus na Ballstáit ar an eolas faoin síneadh arna dheonú i leith na dtionscnamh lena mbaineann. Foilseoidh sé a chinneadh sa chlár ar líne dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/788.

Airteagal 3

Síneadh a chur le teorainneacha ama maidir le fíorú agus deimhniú na ráiteas tacaíochta ag na Ballstáit

(1)D’ainneoin Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/788 agus Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011, i gcás ina measfaidh Ballstát nach bhféadfar, de bharr na mbeart a rinne sé mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, an fíorú agus an deimhniú ar na ráitis tacaíochta le haghaidh tionscnamh áirithe a chur i gcrích laistigh den tréimhse a leagtar síos sna forálacha sin, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur isteach maidir le síneadh a chur leis an tréimhse sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin mí amháin ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse lena mbaineann.

(2)I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar fháil iarrata dó a cuireadh faoina bhráid i gcomhréir le mír 1, gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena núdarófar don Bhallstát lena mbaineann síneadh a chur leis an tréimhse a shonraítear i mír 1. Ní bheidh an síneadh níos lú ná mí amháin agus ní bheidh sé níos faide ná trí mhí.

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an Ballstát agus eagraithe an tionscnaimh lena mbaineann a chur ar an eolas faoin síneadh. Foilseoidh sé an cinneadh uaidh sa chlár ar líne dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2019/788.

Airteagal 4

Síneadh a chur leis na teorainneacha ama maidir le tionscnaimh bhailí a scrúdú

(1)D’ainneoin Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/788, i gcás ina raibh deacrachtaí ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gCoimisiún ó bhí an 11 Márta 2020 ann maidir le héisteacht phoiblí nó cruinniú a eagrú leis na heagraithe faoi seach, mar gheall ar na bearta a rinne an Ballstát mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, arb é an Ballstát é a mbeidh sé beartaithe ag na hinstitiúidí sin an éisteacht nó an cruinniú a eagrú ann, eagróidh siad an éisteacht nó an cruinniú a luaithe is féidir de réir staid na sláinte poiblí sa Bhallstát lena mbaineann.

(2)D’ainneoin Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/788, i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa an éisteacht phoiblí siar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún a theachtaireacht lena leagtar amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir leis an tionscnamh laistigh de thrí mhí tar éis na héisteachta poiblí.

Airteagal 5

Síneadh a chur le teorainneacha ama maidir le sonraí pearsanta a choinneáil

(1)D’ainneoin Airteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2019/788, i gcás ina gcuirfear síneadh leis an uastréimhse bhailiúcháin nó fíorúcháin agus dheimhniúcháin le haghaidh tionscnamh áirithe i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 den Rialachán seo, cuirfear síneadh chomh fada céanna leis an teorainn ama 21 mhí ar lena linn nach mór ráitis tacaíochta agus cóipeanna díobh a scriosadh.

(2)D’ainneoin Airteagal 19(8) de Rialachán (AE) 2019/788, i gcás ina gcuirfear síneadh leis an uastréimhse bhailiúcháin nó fíorúcháin agus dheimhniúcháin le haghaidh tionscnamh áirithe i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4 den Rialachán seo, cuirfear síneadh chomh fada céanna leis na teorainneacha ama faoina scriosfar taifid de sheoltaí ríomhphoist de bhun an Airteagail sin.

Airteagal 6

Nós imeachta coiste

(1)Tabharfaidh an coiste ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, a bunaíodh le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/788, cúnamh don Choimisiún.

(2)I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO C , , lch. .
(2)    IO C , , lch. .
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 65, 11.3.2011, lch. 1).
Top