Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0138

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19

    COM/2020/138 final

    An Bhruiséil,2.4.2020

    COM(2020) 138 final

    2020/0054(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Tá iarmhairtí díreacha nó indíreacha ráig COVID-19 fós ag méadú sna Ballstáit uile. Níor tharla a leithéid riamh roimhe agus tá bearta eisceachtúla ag teastáil a chuirfear in oiriúint don staid seo agus a bheidh le cur i bhfeidhm sna himthosca sin.

    Sa chéad phacáiste de bhearta a mhol an Coimisiún an 13 Márta 2020, tugadh isteach roinnt athruithe tábhachtacha lena bhféadfaí freagairt don staid reatha ar bhealach níos éifeachtaí. Idir an dá linn, tá an tionchar ar ár ngeilleagair agus ár sochaithe ag éirí níos tromchúisí. Is gá, dá bhrí sin - mar chuid den dara sraith beart - dul thar a bhfuil indéanta faoi láthair agus solúbthacht bhreise eisceachtúil a sholáthar chun freagairt don staid reatha nach bhfacthas a leithéid cheana, rud ba chúis leis an gclásal ginearálta éalaithe faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú.

    Chun a áirithiú go bhféadfar an tacaíocht iomlán ó na Cistí a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 ar na geilleagair agus na sochaithe 's againne, is gá, mar bheart sealadach eisceachtúil, agus gan dochar do na rialacha ar cheart feidhm a bheith acu de ghnáth, foráil a dhéanamh go bhféadfaí cómhaoiniú 100% ó bhuiséad an Aontais a chur ar fáil ar bhonn sealadach chun cláir an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme, agus maidir le deiseanna aistrithe breise idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), agus an Ciste Comhtháthaithe, agus idir catagóirí réigiún. Ina theannta sin, moltar go ndéanfar na Ballstáit a dhíolmhú ón ngá ceanglais a bhaineann leis an díriú téamach a chomhlíonadh, ionas go bhféadfar acmhainní a atreorú chuig na háiteanna is mó atá thíos leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair. Leis an maolú seo, féadfar acmhainní uile CFRE, an Chiste Comhtháthaithe agus CSE a shlógadh chun na dúshláin nach bhfacthas a leithéid cheana atá os comhair na mBallstát a bhaineann le ráig COVID-19 a shárú. Beidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann níos mó acmhainní a shlógadh chun scéimeanna oibre gearr-ama a mhéadú nó síneadh a chur leo, chun tacú le caipiteal oibre FBManna agus caiteachas láithreach in earnáil an chúraim sláinte.

    Thairis sin, chun an t‑ualach riaracháin, nach bhfuil gá leis faoi láthair, ar riaracháin phoiblí náisiúnta agus ar riaracháin phoiblí Eorpacha a eascraíonn ó mhodhnú na gclár, a dhíothú, is gá freisin staonadh ó Chomhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú agus an spriocdháta le haghaidh tíolacadh tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme in 2020 a chur siar, chomh maith leis an spriocdháta le haghaidh tuarascálacha ón gCoimisiún atá bunaithe orthu sin. Thairis sin, déanfar ceanglais áirithe maidir le nósanna imeachta a bhaineann le hiniúchtaí nó ionstraimí airgeadais a shimpliú. I bhfianaise na dteorainneacha atá ann faoi láthair maidir le hobair iniúchóireachta riachtanach a dhéanamh, i gcás CFRE, CSE, CEMI agus an Chiste Chomhtháthaithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le méadú ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as modh samplála neamhstaidrimh. Chun a chumasú go mbeifear in ann athchoigeartuithe tapa a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais le haghaidh freagairt éifeachtach a thabhairt ar ráig COVID-19, níor cheart go mbeadh gá athbhreithniú nó nuashonrú a dhéanamh ar an measúnú ex-ante nó doiciméid tacaíochta ina dtaispeánfar gur úsáideadh an tacaíocht a cuireadh ar fáil chun na críche a ceapadh di. Chomh maith leis sin, ba cheart na deiseanna maidir le tacú le caipiteal oibre trí ionstraimí airgeadais a thabhairt do CETFT freisin.

    Ar deireadh, moltar go dtabharfaí cead tacaíocht ó CFRE a sholáthar do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí acu de bharr na n‑imthosca sonracha sin, agus, go n‑áiritheofaí, ar an gcaoi sin, comhsheasmhacht leis an gcur chuige a glacadh faoin gCreat Sealadach um Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 agus comhsheasmhacht le rialacha maidir le cabhair de minimis a dheonú.

    Is dócha go mbeidh tionchair thromchúiseacha ag ráig COVID-19 ar chur chun feidhme oibríochtaí leanúnacha. Féadfaidh údaráis náisiúnta, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar oibríochtaí a athrú (e.g. táirgí insoláthartha, an teorainn ama dá bhfeidhmiú etc.) i gcomhréir lena rialacha náisiúnta i gcás ina bhfuil gá agus údar leis, chun tionchar ráig COVID-19 ar na cláir a íoslaghdú. D’fhéadfadh údaráis náisiúnta machnamh a dhéanamh freisin ar oibríochtaí nua a roghnú nó ar ghlaonna ar thograí nua nó tograí breise a sheoladh, más gá.

    D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina gcáilíonn na himthosca a eascraíonn ó COVID-19 mar theagmhas force majeure faoin dlí náisiúnta agus, dá bhrí sin, bheadh údar bailí nach mbeifí in ann oibleagáid a chomhlíonadh. Measann an Coimisiún gur cheart an tsolúbthacht is gá a úsáid i gcás nach ndéanann tairbhithe oibleagáidí a chomhlíonadh go tráthúil ar chúiseanna a bhaineann le ráig COVID-19 (más rud é nach bhfuil foireann ar fáil, mar shampla). Ar an gcuma chéanna, léireoidh an Coimisiún an tsolúbthacht chéanna agus iad ag cinntiú go bhfuil na Ballstáit ag comhlíonadh a n‑oibleagáidí. Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann úsáid iomlán a bhaint as tacú ó na Cistí, ba cheart go dtabharfaí cead coigeartuithe teoranta a dhéanamh ar uasmhéid na ranníocaíochta ó na Cistí le haghaidh gach tosaíocht agus catagóir réigiún nuair a bheidh méid an iarmhéid deiridh atá le híoc leis na cláir oibríochtúla á shuíomh.

    Tá na bearta seo comhlántach agus sa bhreis ar na modhnuithe reachtacha a moladh an 13 Márta 2020. Eascraíonn siad ó dhlúthchomhar leis na Ballstáit tríd an Tascfhórsa um Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, lena tugadh aghaidh ar níos mó ná 200 ceist cheana féin.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh chistí Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) agus níl de raon ag an togra ach leasú spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013. Comhlánaíonn an togra seo togra COM(2020) 113 ón gCoimisiún an 13 Márta 2020 maidir le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) chomh maith le bearta eile arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an staid reatha nach bhfacthas a leithéid cheana.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Níl i gceist leis an togra ach leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh, 1301/2013 agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Tá an togra seo bunaithe ar Airteagail 177, 178 agus 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Déantar foráil ann maidir le deiseanna ráta cómhaoinithe 100 % agus solúbthacht airgeadais a sholáthar faoi Sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CFRE agus CSE, an Ciste Comhtháthaithe, agus idir catagóirí réigiún. Tugtar soiléiriú ann maidir le hincháilitheacht caiteachais a ndéanann na bearta a cuireadh i bhfeidhm mar fhreagairt don ghéarchéim sláinte poiblí difear dóibh. Maolaítear leis, ar deireadh, ceanglais áirithe ar na Ballstáit i gcás ina gcruthaítear ualaí riaracháin a d’fhéadfadh moill a chur ar chur chun feidhme na mbeart maidir le freagairt do ráig COVID-19. Beidh na hathruithe eisceachtúla seo gan dochar do na rialacha ar cheart feidhm a bheith acu de ghnáth.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Is é is aidhm leis an togra go gceadófar maoluithe ó theorainneacha áirithe de bhun fhorálacha an Aontais is infheidhme faoi láthair chun an tsolúbthacht is leithne is féidir a cheadú chun acmhainní infheistíochta atá aon cheana a shlógadh ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí díreacha agus indíreacha a eascraíonn ón ngéarchéim sláinte poiblí nach bhfacthas a leithéid cheana i gcomhthéacs ráig COVID-19.

    Comhréireacht

    Is é atá sa togra seo athrú teoranta agus spriocdhírithe nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir maidir le solúbthacht bhreise agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a ghnóthú chun infheistíochtaí a shlógadh mar fhreagairt ar na géarchéimeanna sláinte poiblí forleathana atá ag déanamh difear d’acmhainneacht fáis réigiún agus fiontar agus d'fholláine an phobail i gcoitinne.

    An rogha ionstraime

    Is Rialachán an ionstraim iomchuí chun an tsolúbthacht bhreise is gá a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis na himthosca seo nach bhfacthas a leithéid cheana.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Neamhbhainteach

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Ní raibh aon chomhairliúchán ann le páirtithe leasmhara seachtracha. Mar sin féin, tá an togra seo ag teacht as dianchomhairliúchán leis na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa le cúpla seachtain anuas, agus cuirtear san áireamh níos mó ná 200 soiléiriú agus ceist a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta maidir leis an gcaoi atá bearta freagartha ar ghéarchéimeanna á láimhseáil acu tríd an Tascfhórsa um Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Neamhbhainteach

    Measúnú tionchair

    Rinneadh measúnú tionchair chun na tograí reachtacha a ullmhú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013. Ní theastaíonn measúnú tionchair ar leithligh i gcás na n‑athruithe teoranta agus spriocdhírithe seo.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach

    Cearta bunúsacha

    Neamhbhainteach

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013. Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

    Éascóidh an togra cur chun feidhme níos tapa an chláir, a mbeidh tús-ualú na leithreasuithe íocaíochta mar thoradh air.

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar thionchar an mhodhnaithe atá beartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2020, agus cur chur chun feidhme an bhuiséid agus réamhaisnéisí atá leasaithe ag na Ballstáit araon á gcur san áireamh.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeart faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

    Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

    Neamhbhainteach

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Tá sé beartaithe leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann leasuithe ar chláir oibríochta a iarraidh ionas go mbeidh feidhm ag ráta cómhaoinithe 100 % ón Aontais maidir leis an gclár oibríochta ábhartha don bhliain chuntasaíochta 2020-2021 (Airteagal 25a(1)). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart agus féadfaidh sé síneadh ar an mbeart a mholadh ar an mbonn sin.

    Ina theannta sin, maidir le leasuithe ar chláir oibríochta tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh sé indéanta leithreasuithe don bhliain 2020 a aistriú go neamhtheoranta idir CFRE agus CSE agus Sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post freisin (Airteagal 25a(2)). Níor cheart go ndéanfaidh na haistrithe sin difear d’acmhainní faoi chomhar críochach na hEorpa, do leaithdháiltí breise do na réigiúin is forimeallaí nó do Thionscnamh Fostaíochta don Aos Óg nó do Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.

    Chun freastal ar riachtanais na mBallstát dul i ngleic leis na dúshláin shonracha atá ann faoi láthair, ba cheart go mbeadh na Ballstát in ann aistriú óna leithdháiltí don bhliain 2020 idir catagóirí réigiún a iarraidh. Chun a áirithiú go leanfar de bheith ag díriú ar réigiúin bheagfhorbartha, ba cheart do na Ballstáit aon deiseanna atá ann cistiú a aistriú a scrúdú ar dtús sula ndéantar scrúdú ar bith maidir le haistrithe ó bhuiséad na réigiún beagfhorbartha, mar gheall ar na himpleachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag na haistrithe sin ar infheistíochtaí riachtanacha sa réigiún tionscnaimh nó ar chur i gcrích oibríochtaí a roghnaíodh roimh an iarraidh go ndéanfar aistriú (Airteagal 25a(3) agus (4)). Níor cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais a bhaineann leis an díriú téamach (Airteagal 25a(5)) maidir le leasuithe ar chláir oibríochta a chuirfear isteach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann díriú ar na freagairtí is gá do ráig COVID-19 agus ualaí riaracháin a íoslaghdú, ba cheart ceanglais nós imeachta áirithe a bhaineann le chur chun feidhme na gclár agus le hiniúchtaí a shimpliú. Go háirithe, níor cheart Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú a thuilleadh (Airteagal 25a(6)), agus ba cheart an spriocdháta le haghaidh thíolacadh na tuarascála bliantúla ar chur chun feidhme a chur siar (Airteagal 25a(8)), agus ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le fadú a chur leis an bhféidearthacht ag na Cistí agus ag CEMI úsáid a bhaint as modh samplála neamhstaidrimh (Airteagal 25a(12)). Ina theannta sin, déantar foráil maidir le módúlachtaí sonracha chun force majeure a agairt i gcomhthéacs saortha (Airteagal 25a(8)).

    Ceadaítear freisin caiteachas incháilithe, ar bhonn eisceachtúil, i gcomhair oibríochtaí atá tugtha chun críche nó oibríochtaí atá curtha chun feidhme go hiomlán chun acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna i gcomhthéacs ráig COVID-19 (Airteagal 25a(7)) a chothú. Féadfar na hoibríochtaí sin a roghnú fiú roimh an leasú ar chlár is gá a bheith formheasta ag an gCoimisiún.

    Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh gá coigeartuithe a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ghéarchéim sláinte poiblí, níor cheart go mbeadh gá athbhreithniú nó nuashonrú a dhéanamh ar an measúnú ex-ante ná ar doiciméid tacaíochta ina dtaispeánfar gur úsáideadh an tacaíocht a cuireadh ar fáil chun na gcríoch a ceapadh di. Thairis sin, ba cheart na deiseanna maidir le tacú le caipiteal oibre faoi CETFT a leathnú (Airteagal 25a(10) agus (11)).

    Thairis sin, tá sé beartaithe freisin solúbthacht bhreise a cheadú tráth dúnta na gclár chun a áirithiú go n‑úsáidfear na hacmhainní atá ar fáil a mhéid is mó is féidir (Airteagal 1(3)).

    Ar deireadh, moltar leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 chun go dtabharfaí cead tacaíocht ó CFRE a sholáthar do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí acu sna himthosca sonracha sin, agus, go n‑áiritheofaí, ar an gcaoi sin, comhsheasmhacht leis an gcur chuige a glacadh faoin gCreat Sealadach um Bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 agus comhsheasmhacht le rialacha maidir le cabhair de minimis a dheonú (Airteagal 2).

    2020/0054 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 177, 178 agus 322(1)(a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2

    Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)Tá iarmhairtí ghéarchéim ráig COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí ar leith. Tá an ghéarchéim ag cur bac ar fhás sna Ballstáit agus, mar thoradh air sin, tá an easpa leachtachta thromchúiseach ag dul in olcas, easpa arb é is cúis léi an tardú tobann agus suntasach atá tagtha ar na hinfheistíochtaí poiblí is gá a dhéanamh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

    (2)Chun freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime, tá leasú déanta cheana féin ar Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 1301/2013 chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’), ag Ciste Sóisialta na hEorpa (‘CSE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (na ‘Cistí’) agus ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Chun rannchuidiú le freagairt éifeachtach ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, leathnaíodh raon feidhme na tacaíochta ó CFRE go mór.

    (3)Is ag dul in olcas atá na héifeachtaí diúltacha tromchúiseacha ar gheilleagair an Aontais, áfach. Is gá, dá bhrí, solúbthacht eisceachtúil bhreise a sholáthar do na Ballstáit chun cur ar a gcumas freagairt a thabhairt ar an ngéarchéim ar leith sin trí chur leis na deiseanna atá acu slógadh a dhéanamh ar thacaíocht nár baineadh leas ó na Cistí.

    (4)D'fhonn an tualach ar bhuiséid phoiblí atá ag tabhairt freagairt ar an ngéarchéim a mhaolú, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a iarraidh le haghaidh cláir bheartas comhtháthaithe le cur i bhfeidhm le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-2021, i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Bunaithe ar mheasúnú ar chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe eisceachtúil sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go gcuirfí síneadh leis an mbeart sin.

    (5)Chun solúbthacht fheabhsaithe a sholáthar do na Ballstáit le haghaidh ath-leithdháileadh acmhainní d’fhonn freagairtí saincheaptha a sholáthar don ghéarchéim sláinte poiblí, ba cheart deiseanna le haghaidh aistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post idir CRFE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe a thabhairt isteach nó a fheabhsú. Thairis sin, ba cheart méadú eisceachtúil a dhéanamh ar dheiseanna aistrithe idir catagóirí réigiún a mhéadú go heisceachtúil le haghaidh na mBallstát, i bhfianaise go bhfuil tionchar forleathan ag an ngéarchéim sláinte poiblí, agus cuspóirí Comhaontaithe maidir le beartas comhtháthaithe a urramú san am céanna. Maidir le hacmhainní faoi sprioc an Chomhair chríochaigh Eorpaigh, na leithdháiltí breise ar na réigiúin is forimeallaí chomh maith le tacaíocht don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, níor cheart go ndéanfadh na haistrithe sin aon difear dóibh. 

    (6)Chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit acmhainní atá ar fáil a shlógadh go tapa chun freagairt a thabhairt ar ráig COVID-19 agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé, i bhfianaise go bhfuil cur chun feidhme chlárthréimhse 2014-2020 ag teacht chun deiridh, nach mbainfeadh ath-leithdháileadh acmhainní ach leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh chlársceidealú na bliana 2020, tá údar maith ann na Ballstáit a dhíolmhú ón ngá chun ceanglais maidir le comhdhlúthú téamach a chomhlíonadh go dtí deireadh na clárthréimhse.

    (7)Chun cur ar a gcumas do Bhallstáit díriú ar an bhfreagairt riachtanach ar ráig COVI-19 agus chun ualaí riaracháin a laghdú, ba cheart simpliú a dhéanamh ar cheanglais nós imeachta áirithe a bhaineann le cur chun feidhme agus le hiniúchtaí. Go háirithe, níor cheart Comhaontú Comhpháirtíochta a leasú a thuilleadh go dtí deireadh na clárthréimhse chun athruithe roimhe sin i gcláir oibríochtúla a chur san áireamh nó chun aon athrú eile a thabhairt isteach. Ba cheart an spriocdháta chun na tuarascálacha chur chun feidhme bliantúla a thabhairt isteach le haghaidh na bliana 2019 a chur ar athlá, agus ba cheart tarchur na tuarascála achoimre bunaithe ar na tuarascálacha chur chun feidhme sin a chur ar athlá freisin. A mhéid a bhaineann leis na Cistí agus CEMI, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le deis níos mó le haghaidh údaráis iniúchta chun leas a bhaint as modh samplála neamhstaidrimh i leith na bliana cuntasaíochta 2019-2020.

    (8)Ina theannta sin, is iomchuí a shonrú go gceadaítear incháilitheacht caiteachais go heisceachtúil le haghaidh oibríochtaí atá tugtha chun críche nó atá curtha chun feidhme ina niomláine, oibríochtaí lena gcothaítear acmhainneacht freagartha ar an ngéarchéim i gcomhthéacs ráig COVID-19. Féadfar oibríochtaí den sórt sin a roghnú fiú sula bhformheasann an Coimisiún an leasú riachtanach ar chlár. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le módúlachtaí ar leith chun force majeure a agairt i gcomhthéacs an tsaortha.

    (9)Ina theannta sin, chun laghdú a dhéanamh ar ualaí riaracháin agus ar mhoilleanna ar chur chun feidhme i gcás inar gá athruithe ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a sholáthar ar ghéarchéim sláinte poiblí, níor cheart go mbeadh gá a thuilleadh leis an athbhreithniú agus uasdátú ar an measúnú ex-ante agus le pleananna gnó uasdátaithe nó doiciméid choibhéiseacha mar chuid de na doiciméid tacaíochta lena léirítear gur baineadh leas as an tacaíocht a soláthraíodh chun na críche a beartaíodh dó. Thairis sin, ba cheart leathnú a dhéanamh ar na deiseanna chun tacú le caipiteal oibre trí ionstraimí airgeadais faoi CETFT.

    (10)Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann lánúsáid a bhaint as tacaíocht ó na Cistí nó ó CEMI, ba cheart solúbthacht bhreise a sholáthar chun íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh ag deireadh na clárthréimhse.

    (11)Chun na haistrithe a údaraítear faoin Rialachán sin a éascú, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll i leith aistrithe a mholtar faoin Rialachán sin agus a leagtar síos in Airteagal 30(1)(f) den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a úsáid chun na críche céanna.

    (12)Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an cur chuige a ghlactar faoi Chreat Sealadach an Choimisiúin maidir le bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair agus cabhair de minimis ar thaobh amháin agus coinníollacha chun tacaíocht a sholáthar do ghnóthais atá i gcruachás faoi CFRE ar thaobh eile, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 a leasú chun gur féidir tacaíocht a dheonú do na gnóthais sin sna cúinsí sonracha sin.

    (13)Cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon freagairt a thabhairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí trí bhearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht a sholáthar ó Chistí SIE, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, ag feidhmiú ina naonar, iad a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    (14)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 a leasú dá réir sin.

    (15)I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le ráig COVID-19, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (16)I bhfianaise ráig COVID-19 agus na práinne atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis, measadh gurbh iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1
    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

    (1)cuirtear an Chaibidil nua seo a leanas le Teideal II de Chuid a Dó: 

    “CAIBIDIL V

    Bearta eisceachtúla le haghaidh Cistí SIE a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19”;

    “Airteagal [25a]
    Bearta eisceachtúla le haghaidh Cistí SIE a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

    1.De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm ar chaiteachas a dhearbhófar in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta ón 1 Iúil 2020 agus go dtí an 30 Meitheamh 2021 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

    Déanfar iarrataí ar mhodhnú ar an ráta cómhaoinithe trí bhíthin an nós imeachta maidir le leasú clár a leagtar amach in Airteagal 30 agus beidh na cláir leasaithe ag gabháil leo. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má dhéanann an Coimisiún an leasú ar an gclár comhfhreagrach a fhormheas ar a dhéanaí sula gcuirfear isteach an t‑iarratas críochnaitheach ar íocaíocht eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 135(2) RFC.

    Sula gcuirfidh na Ballstáit isteach an chéad iarratas ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar críoch an 1 Iúil 2021, déanfaidh siad an tábla dá dtagraítear in Airteagal 96(2)(d) (ii) a chur in iúl ina ndearbhófar an ráta cómhaoinithe a bhí i bhfeidhm le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2020 maidir leis na tosaíochtaí lena mbaineann an méadú sealadach go 100 %.

    2.Mar fhreagra ar ráig COVID-19, féadfar, arna iarraidh sin do na Ballstáit, na hacmhainní atá ar fáil lena gclársceidealú don bhliain 2020 le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Fáis agus Post a aistriú idir CFAE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe, gan beann ar na céatadáin dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 92(1).

    Chun críocha na n‑aistrithe sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92(4).

    Ní dhéanfaidh aistrithe difear d’acmhainní a leithdháileadh ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg i gcomhréir le hAirteagal 92(5) agus don chabhair do na daoine is díothaí faoi sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post i gcomhréir le hAirteagal 92(7).

    Déanfar acmhainní a aistreofar idir CFRE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe faoin mír seo a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste a n‑aistreofar acmhainní chuige.

    3.De mhaolú ar Airteagal 93(1) agus sa bhreis ar an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 93(2), féadfar acmhainní atá ar fáil le haghaidh clársceidealú le haghaidh na bliana 2020, arna iarraidh sin do na Ballstáit, a aistriú idir catagóirí réigiún mar fhreagairt ar ráig COVID-19.

    4.Tríd an nós imeachta maidir le cláir a leasú, a leagtar amach in Airteagal 30, déanfar iarrataí ar aistrithe faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, beidh údar cuí leo agus beidh ag gabháil leo na cláir athbhreithnithe ina léireofar na méideanna a aistreofar de réir ciste agus catagóir réigiúin, i gcás inarb ábhartha.

    5.De mhaolú ar Airteagal 18 agus Rialacháin Chisteshonracha, maidir le leithreasuithe airgeadais a leagfar amach in iarrataí ar leasuithe cláir a chuirfear isteach nó in aistrithe a fhógrófar de bhun Airteagal 30(5) ar an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] nó dá éis, ní bheidh siad faoi réir na gceanglas maidir le comhdhlúthú téamach mar a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Chisteshonracha.

    6.De mhaolú ar Airteagal 16, ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ní dhéanfar Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú agus ní eascróidh ó leasuithe cláir aon leasú ar Chomhaontuithe Comhpháirtíochta.

    De mhaolú ar Airteagail 26(1), 27(1), 30(1) agus 30(2), ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ní dhéanfar comhsheasmhacht clár ná a gcur chun feidhme leis an gComhaontú Comhpháirtíochta a fhíorú.

    7.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 65(6) maidir le hoibríochtaí lena gcothaítear inniúlachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna i gcomhthéacs ráig COVID-19 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 65(10).

    De mhaolú ar Airteagal 125(3)(b), féadfar na hoibríochtaí sin a roghnú le haghaidh tacaíocht ó CFRE nó ó CSE sula nglacfar an clár leasaithe.

    8.Chun críocha Airteagal 87(1)(b), i gcás ina nagrófar ráig COVID-19 mar chúis force majeure, an fhaisnéis maidir le méideanna nárbh fhéidir iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ina leith, cuirfear ar fáil í ar leibhéal comhiomlán de réir tosaíochta le haghaidh oibríochtaí ar lú a gcostas iomlán incháilithe ná EUR 1 000 000.

    9.Déanfar an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir dá dtagraítear in Airteagal 50(1) le haghaidh na bliana 2019 a thíolacadh faoin 30 Meán Fómhair 2020 i gcás Chistí uile SIE de mhaolú ar na spriocdhátaí a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha. Féadtar tarchur na tuarascála achoimre a ullmhóidh an Coimisiún in 2020, i gcomhréir le hAirteagal 53(1), a chur ar athlá dá réir sin.

    10.De mhaolú ar Airteagal 37(2)(g), ní cheanglófar na measúnuithe ex ante a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá athruithe a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar ráig COVID-19.

    11.I gcás ina gcuirfear ar fáil le hionstraimí airgeadais tacaíocht i bhfoirm caipitil oibre do FBManna de bhun an dara fomhír d’Airteagal 37(4) [le cur isteach le leasú CRII] ní cheanglófar go gcuirfear isteach pleananna gnó nua nó nuashonraithe ná doiciméid choibhéiseacha ná fianaise choibhéiseach lenar féidir a fhíorú, mar chuid den doiciméid tacaíochta, gur úsáideadh an tacaíocht a soláthraíodh trí bhíthin na nionstraimí airgeadais don chuspóir a bhí beartaithe di.

    De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfaidh CETFT an tacaíocht sin a sholáthar freisin faoi bhearta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus atá ábhartha do chur chun feidhme na n‑ionstraimí airgeadais. Ní bheidh an caiteachas incháilithe sin níos mó ná EUR 200 000.

    12.Chun críocha an dara mír d’Airteagal 127(1), beidh i ráig COVID-19 cás cuí-réasúnaithe a fhéadfaidh údaráis iniúchóireachta a agairt, ar bhonn an bhreithiúnais ghairmiúil uathu, chun modh samplála neamhstaidrimh a úsáid don bhliain chuntasaíochta ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020.

    13.Chun críocha chur chun feidhme Airteagal 30(1)(f) den Rialachán Airgeadais, maidir leis an gcoinníoll leithreasuithe a bheith ar fáil don chuspóir céanna, ní bheidh feidhm aige i dtaca le haistrithe faoi mhír 2 agus faoi mhír 3.”;

    (2)in Airteagal 130, cuirtear isteach an mhír 3 seo a leanas:

    “3.    De mhaolú ar mhír 2, an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh, ní bheidh sin níos mó ná 10 % níos mó ar a mhéid den ranníocaíocht as na Cistí nó as CEMI maidir le gach tosaíocht de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

    Ní bheidh an ranníocaíocht as na Cistí ná as CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh níos mó ná an caiteachas poiblí incháilithe a dhearbhófar ná an ranníocaíocht as gach Ciste agus ó gach catagóir réigiún le gach clár oibríochtúil mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil .”.

    Airteagal 2
    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013:

    “Gnóthais a bhfuil deacracht acu mar a shainmhínítear i rialacha an Aontais a bhaineann le Státchabhair; gnóthais a fhaigheann tacaíocht i gcomhréir leis an gCreat Státchabhrach Sealadach 3 nó Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 4 , (AE) Uimh. 1408/2013 5 agus (AE) Uimh. 717/2014 6 ón gCoimisiún, ní mheasfar gur gnóthais iad atá i gcruachás chun críocha an phointe seo.”.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid mar fhreagairt ar ráig COVID-19

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 7  

    4 Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

    13 Beartas Réigiúnach agus Uirbeach

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 8  

     Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

     Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Neamhbhainteach

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh.

    Neamhbhainteach

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Neamhbhainteach

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Neamhbhainteach

    1.4.4.Táscairí lena léireofar torthaí agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Neamhbhainteach

    1.5.Forais an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Neamhbhainteach

    1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais

    Neamhbhainteach

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    Neamhbhainteach

    1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Neamhbhainteach

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 1/7/2020 go dtí an 30/6/2021

       Tionchar airgeadais ó 2020 go 2025

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 9  

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

    tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Neamhbhainteach

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Neamhbhainteach

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a sainaithníodh

    Neamhbhainteach

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

    Neamhbhainteach

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

    Neamhbhainteach

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Neamhbhainteach

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas

    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………...……………]

    LD/LN 10 .

    ó thíortha de chuid CSTE 11

    ó thíortha is iarrthóirí 12

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    1b Fás Cliste agus Cuimsitheach:

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe

    4 Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú

    13 Beartas Réigiúnach agus Uirbeach

    Difreáilte

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    ·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas

    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir
    [Ceannteideal………………………………………]

    LD/LN.

    ó thíortha de chuid CSTE

    ó thíortha is iarrthóirí

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    [XX.YY.YY.YY]

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    NÍL

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil d'oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir mar atá siad leagtha síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013.

    Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa ná don Chiste Comhtháthaithe.

    Tabharfar tús áite, de bharr an togra, d' íocaíocht na leithreasuithe le haghaidh na bliana cuntasaíochta ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, ar a bhfuil meastachán thíos.

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas



    EUR milliúin de réir na bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    Uimhir

    1b

    Fás Cliste agus Cuimsitheach

    Ard-Stiúrthóireacht: EMPL, REGIO

    2020

    2021

    2022

    2023

    2024

    2025

    IOMLÁN

    • Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    1b: An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

    Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe

    Gealltanais

    (1)

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000





    Íocaíochtaí

     

    (2)

    8 500,000

    6 100,000

    0,000

    -7 300,000

    -7 300,000

    0,000

    0,000

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 13  

    Neamhbhainteach

    (3)

    IOMLÁN leithreasuithe
    do AS EMPL, REGIO

    Gealltanais

    =1+1a +3

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    8 500,000

    6 100,000

    0,000

    -7 300,000

    -7 300,000

    0,000

    0,000



    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    Íocaíochtaí

    (5)

    8 500,000

    6 100,000

    0,000

    -7 300,000

    -7 300,000

    0,000

    0,000

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 1b
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    0,000

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    8 500,000

    6 100,000

    0,000

    -7 300,000

    -7 300,000

    0,000

    0,000



    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    • IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

    • IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
    den chreat airgeadais ilbhliantúil
    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6



    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    5

    "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

    • Acmhainní daonna

    • Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 14

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí atá ann cheana (níl aon athrú ag baint leis seo):

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 15

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 16

    - Aschur

    - Aschur

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

    - Aschur

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    COSTAS IOMLÁN

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 17

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Acmhainní daonna

    Caiteachas riaracháin eile

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 18
    of the multiannual financial framework

    Acmhainní daonna

    Caiteachas eile
    de chineál riaracháin

    Fo-iomlán
    lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    IOMLÁN

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.    

    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    • Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde indíreach

    Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 19

    XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”)

    XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 bb  20

    - sa cheanncheathrú

    - i dtoscaireachtaí

    XX 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

    10 01 05 02 (AC, END, INT - Taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh cén t‑athshannadh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú a bhfuil meastachán air thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ar acmhainní dílse

    ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 21

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal ………….

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imreofar tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    (1)    IO C , , lch. .
    (2)    IO C , , lch. .
    (3)    IO C 91 I, 20.3.2020, lch. 1.
    (4)    Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1).
    (5)    Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 ar chur chun feidhme Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9).
    (6)    Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).
    (7)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (8)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (9)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
    (10)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
    (11)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (12)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
    (13)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (14)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (15)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (16)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
    (17)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (18)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (19)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
    (20)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (21)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top