Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0620

Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)

COM/2019/620 final

An Bhruiséil,11.9.2019

COM(2019) 620 final

2019/0188(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2019) 319 final} - {SWD(2019) 1350 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is iad na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) na príomhghníomhaireachtaí a chuireann beartais fostaíochta chun feidhme a éascaíonn lánpháirtiú cuardaitheoirí poist sa mhargadh saothair. Cé go bhfuil struchtúr éagsúil orthu ó thír go tír, cuidíonn gach SPF leis an soláthar a oiriúnú don éileamh sa mhargadh saothair trí sheirbhísí faisnéise, socrúcháin agus tacaíochta gníomhaí ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Is iad na SPFanna na príomhghníomhaithe i gcur chun feidhme beartas gníomhachtúcháin sna Ballstáit, agus tá ról tábhachtach acu maidir le haistriú daoine isteach sa mhargadh saothair agus lena lánpháirtiú ann a éascú. Déanann cáilíocht a seirbhísí difear d’éifeacht na mbeartas fostaíochta i measc na ndaoine. Dá bhrí sin, is príomhghníomhaithe iad na SPFanna sa chomhrac in aghaidh na dífhostaíochta san Eoraip agus maidir le tionscnaimh bheartais ábhartha de chuid an Aontais a chur chun feidhme go maith.

Is in 1997 a thosaigh an comhar idir SPFanna ar an leibhéal Eorpach, tráth a bhunaigh an Coimisiún grúpa comhairleach neamhfhoirmiúil ina raibh ceannairí na SPFanna (Líonra Eorpach Cheannairí na SPFanna). Ba é an aidhm a bhí leis an comhar, an chumarsáid agus an fhoghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn i measc na mballeagraíochtaí agus aiseolas a fháil ar thionscnaimh bheartais i dtaobh na fostaíochta.

Anuas air sin, in 2013, rinne an Coimisiún togra chun an comhar sin a chur ar bhonn foirmiúil chun tacú leis an nuálaíocht, leis an tagarmharcáil agus leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach ar an leibhéal Eorpach. In 2014, le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta, bunaíodh Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (“an Líonra”) go dtí an 31 Nollaig 2020.

Tá sé d’aidhm ag an togra seo leanúint d’inniúlacht, d’éifeachtacht agus d’éifeachtúlacht na SPFanna a athneartú trí ardán a sholáthar lenar féidir a bhfeidhmíocht ar an leibhéal Eorpach a chur i gcomparáid le chéile, dea-chleachtais a shainaithint agus córas foghlama frithpháirtí a fhorbairt. Tá sé d’aidhm aige freisin níos mó deiseanna a thabhairt do na SPFanna cuidiú le beartais nuálacha bunaithe ar fhianaise a fhorbairt.

Ba cheart don Líonra a áirithiú go gcomhlánaíonn sé bearta arna ndéanamh mar chuid de Straitéis Fostaíochta na hEorpa de réir bhrí Theideal IX den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), seachas cur in ionad na mbeart sin ná iad a dhúbailt, go háirithe na bearta sin de chuid an Choiste Fostaíochta (EMCO) agus a chuid uirlisí amhail an Creat Comhpháirteach Measúnaithe, mar aon leis an gClár Foghlama Frithpháirtí. Thairis sin, d’fhonn sineirgí a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún leanúint dá áirithiú go noibríonn Rúnaíocht an Líonra i ndlúthchomhar le Rúnaíocht EMCO.

Rinneadh meastóireacht chun léargas a thabhairt ar staid chur chun feidhme an Chinnidh roimhe agus ar na dúshláin agus na deiseanna gaolmhara maidir leis an Líonra a choimeád ar bun tar éis an 31 Nollaig 2020. Léirítear sa mheastóireacht gur éirigh le cur chun feidhme an Chinnidh, go háirithe i gcás an tionscnaimh tagarfhoghlama 1 , rud a bhí go maith mar uirlis chomhroinnte de chuid an Aontais lenar cuireadh an inchomparáideacht, an fhoghlaim agus an aibíocht chun cinn i measc SPFanna an Aontais. Tátal eile a baineadh as an meastóireacht is ea gur éirigh leis an Líonra na cuspóirí a leagtar síos sa Chinneadh a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is é is cuspóir, mar sin, don togra lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE cur leis an éacht atá déanta ag an Líonra mar a léirítear i dtorthaí na meastóireachta sin 2 agus, san am céanna, freastal ar riachtanais pháirtithe leasmhara an Líonra agus cur leis an tacaíocht láidir uathu chun go leanfar den chomhar luachmhar sin a chur chun feidhme tar éis 2020. Tá sé d’aidhm aige mar sin síneadh a chur le tréimhse bhunaithe an Líonra go dtí an 31 Nollaig 2027.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse bheartais cheana

Agus Airteagal 149 CFAE mar bhunús dlí leis, tá an Líonra bunaithe chun cur leis an gcomhar idir na Ballstáit agus chun tacú le bearta na mBallstát i réimse na fostaíochta. Tá an Líonra ina chuid den chreat beartais fostaíochta, creat a bhfuil d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí agus athruithe nua sa mhargadh saothair. I gcomhréir le hAirteagal 148(4) den Chonradh, rinne an Chomhairle, le Cinneadh 2010/707/AE, treoirlínte a ghlacadh le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát, agus tá na treoirlínte sin tugtha cothrom le dáta (Cinneadh (AE) 2018/1215 ón gComhairle an 16 Iúil 2018) agus coinnithe ar bun don bhliain 2019.

Mar aon leis na Treoirlínte Beartas Eacnamaíoch, tá treoraíocht sna Treoirlínte Fostaíochta do na Ballstáit maidir lena gcláir náisiúnta um athchóiriú a ullmhú agus maidir le hathchóiriú a chur chun feidhme. Cuirtear i dtábhacht i dtreoirlínte 7 gur cheart do na Ballstáit féachaint le seirbhísí poiblí fostaíochta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach trína áirithiú go dtugtar tacaíocht shaincheaptha go tráthúil chun tacú le cuardaitheoirí poist, trí thacú leis an éileamh i margadh an tsaothair agus trí bhainistíocht bunaithe ar fheidhmíocht a chur chun feidhme. Tá na treoirlínte comhtháite ina mbonn leis na moltaí tírshonracha a dhíríonn an Chomhairle chuig na Ballstáit i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Le blianta beaga anuas, bhí moltaí sonracha iontu faoi fheidhmiú agus inniúlacht na SPFanna agus faoi éifeachtacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair sna Ballstáit. Áirítear ar na moltaí sin níos mó seirbhísí pearsantaithe saincheaptha do dhaoine dífhostaithe, córas tomhaiste feidhmíochta níos cuimsithí, spriocdhíriú agus beartú tosaíochtaí níos fearr, agus comhordú níos fearr idir na húdaráis riaracháin lárnacha agus réigiúnacha.

Chomh maith leis sin, tá an tacaíocht ghníomhach don fhostaíocht ar cheann de thosaíochtaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 3 (Prionsabal 4). Athneartaítear an tosaíocht a bhaineann le tacaíocht spriocdhírithe dóibh siúd a dteastaíonn cuidiú uathu chun an margadh saothair a rochtain, mar shampla, trí SPFanna. Sampla de sin is ea an bhéim níos mó atá á cur ar an ról atá ag SPFanna maidir le for-rochtain don phobal neamhghníomhach.

Tá sé d’aidhm ag an Líonra cur le cur chun feidhme na dtionscnamh beartais de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta amhail Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú agus Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú sa mhargadh saothair, réimse a bhfuil ról lárnach ag SPFanna inti. Thairis sin, ba cheart don Líonra tacú le cur chun feidhme na dtionscnamh sin de chuid an Aontais a bhfuil sé d’aidhm acu meaitseáil scileanna níos fearr agus obair chuibhiúil inbhuanaithe a bhaint amach, feabhas a chur ar shoghluaisteacht dheonach an lucht saothair, agus an taistriú ó shaol an oideachais agus na hoiliúna go dtí saol na hoibre.

Is i réimsí freagrachta na SPFanna atá gníomhaíochtaí an Líonra, agus comhlánaíonn na gníomhaíochtaí sin tionscnaimh atá déanta ag páirtithe leasmhara eile, agus cuireann siad le forfheidhmiú na niarrachtaí uile a dhéantar sa réimse bheartais sin. Léirítear an chomhlántacht sin sa mheastóireacht ar an Líonra agus léirítear freisin inti nach bhfuil tionscnaimh an Líonra curtha in ionad tionscnaimh eile.

Tá cuspóirí comhlántacha áirithe ag EURES 4 , tairseach fostaíochta na hEorpa, agus ag an Líonra, cuspóirí a bhaineann le feabhsuithe ar fheidhmiú an mhargaidh saothair. Tá sé d’aidhm ag an Líonra comhar idir SPFanna a chothú chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na SPFanna agus déanann an Líonra a chion chun tionscnaimh bheartais i réimse na fostaíochta a chur chun feidhme; bíonn EURES ag plé le folúntais agus iarratais a chur le chéile agus le seirbhísí soghluaisteachta a sholáthar d’fhonn saorghluaiseacht oibrithe agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair a éascú.

Ar deireadh, éascóidh an tÚdarás Eorpach Saothair (ÚES), an comhlacht nua de chuid an Aontais a bunaíodh chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag forfheidhmiú rialacha i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair 5 , éascóidh sé rochtain do dhaoine aonair agus d’fhostóirí ar fhaisnéis faoina gcearta agus faoina noibleagáidí agus ar sheirbhísí ábhartha, lena náirítear tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach. Déanfaidh ÚES idirghabháil freisin i gcás díospóidí trasteorann idir údaráis náisiúnta. Dá bhrí sin, tá spriocanna éagsúla ag an Líonra agus ag ÚES, spriocanna a chomhlánaíonn na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh saothair na hEorpa.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is í an straitéis Eoraip 2020 clár oibre an Aontais Eorpaigh maidir le fás agus fostaíocht don deacáid seo. Ar an iomlán, léiríodh sa mheastóireacht ar Chinneadh Uimh. 573/2014/AE go bhfuil leibhéal ard comhleanúnachais idir an Cinneadh agus creat beartais an Aontais. D’fhéadfaí feabhas a chur ar na sineirgí, mar shampla trí chomhar le páirtithe leasmhara eile sa mhargadh saothair, lena náirítear soláthraithe eile seirbhísí fostaíochta, agus i gcás inarb iomchuí, Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, agus an oideachais agus na hoiliúna, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí atá ionadaitheach do dhaoine dífhostaithe nó do ghrúpaí soghonta, ENRanna a oibríonn i réimse na fostaíochta, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla. Níor thuairiscigh páirtí leasmhar ar bith, áfach, go raibh dúbailt birt ann.

Tá ról tábhachtach ag an Aontas maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) 6 na Náisiún Aontaithe a mhúnlú agus a chur chun feidhme. Déanann an Líonra a chion chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe cuimsitheach, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do gach duine (SDG 8) 7 a chur chun cinn.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is ionann bunús dlí an togra agus bunús dlí Chinneadh Uimh. 573/2014/AE.

Cineann an ceart beart a dhéanamh ó Airteagal 149 CFAE ina sonraítear go bhféadfaidh “Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle [....] bearta dreasachta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar a chothú idir Ballstáit agus chun tacú lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a bhaint as treoirthionscadail […]”.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is go bhféachtar leis le tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit chun a gcuid SPFanna a nuachóiriú d’fhonn cuspóirí fostaíochta foriomlána na hEorpa a bhaint amach.

Níl aon fhaisnéis ann go dtí seo faoin gcaoi a bhféadfaí comhar idir SPFanna a eagrú i gcás gan síneadh a chur le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE. Cé gur dóchúil go leanfar de chomhar éigin in éagmais an Líonra, measann páirtithe leasmhara gur ríthábhachtach an ról foirmiúil a dtacaíonn an Cinneadh leis, mar aon leis an tacaíocht theicniúil agus airgeadais a sholáthraíonn an Coimisiún. Is dóigh, dá bhrí sin, nach mbeadh an comhar idir SPFanna chomh héifeachtach ná chomh córasach céanna mura gcuirfí síneadh leis an gCinneadh.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid is gur ina bheart dreasachta le haghaidh SPFanna a dhéantar é agus go bhfuil sé teoranta don tréimhse go dtí 2027.

Cé go bhfuil na Ballstáit fós freagrach as a gcuid SPFanna a eagrú agus a reáchtáil agus foireann a sholáthar dóibh, déantar tréimhse bhunaithe an Líonra a fhadú leis an togra seo ionas go mbeidh ardán ann lenar féidir feidhmíocht na SPFanna ar an leibhéal Eorpach a chur i gcomparáid le chéile, dea-chleachtais a shainaithint agus an fhoghlaim fhrithpháirteach a chothú chun inniúlacht agus éifeachtúlacht na seirbhísí a neartú. Is léir le himeacht ama nach mbíonn na SPFanna páirteach a ndóthain i ngníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí agus tagarmharcála astu féin, agus cuirtear isteach dá bhrí sin ar an bhféidearthacht go ndéanfaí drochfheidhmíocht ag SPFanna ar an leibhéal náisiúnta, agus fadhbanna struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann don mhargadh saothair mar gheall air sin, a shainaithint go luath.

An rogha ionstraime

Is Cinneadh atá roghnaithe mar ionstraim, amhail an ionstraim leasaithe bhunaidh.
Beart dreasachta, de réir bhrí Airteagal 149, is ea Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir SPFanna. I bhfianaise nádúr an bhirt dreasachta seo, Cinneadh a roghnú mar ionstraim dlí, sin an rogha is iomchuí fós.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht 8 ar chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 573/2014/AE chun measúnú a dhéanamh ar staid an chur chun feidhme sin agus ar a mhéid atá an Cinneadh á chur chun feidhme, agus chun léargas a thabhairt ar chomhar a d’fhéadfaí a dhéanamh idir SPFanna na hEorpa tar éis 2020 agus chun eolas a dhéanamh don chéanna. Níor ceanglaíodh an mheastóireacht sin a dhéanamh le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE, ach rinneadh í chun dea-riarachán a áirithiú i gcomhréir leis an bprionsabal “meastóireacht a dhéanamh ar dtús” 9 , chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhearta a rinne an tAontas san am atá thart a chur san áireamh. Déantar measúnú inti ar cibé acu atá a chuid oibleagáidí dlíthiúla comhlíonta agus a chuid cuspóirí bainte amach ag an Líonra nó nach bhfuil. Cumhdaíonn sí na cúig chritéar a leagtar amach sna ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr, eadhon ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach AE.

Tá an Cinneadh fós thar a bheith ábhartha do SPFanna. Cuimsítear le cuspóirí agus tionscnaimh an Líonra, mar a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 den Chinneadh, príomhréimsí freagrachta na SPFanna agus is creat láidir iad na cuspóirí agus na tionscnaimh sin do ghníomhaíochtaí beartais agus nithiúla an Líonra. Ós rud é gur leathan an creat le haghaidh ghníomhaíochtaí an Líonra iad na cuspóirí, is féidir cur chuige solúbtha a ghlacadh i leith aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta de réir na bhforbairtí sa mhargadh saothair.

Léirítear sa mheastóireacht gur ar bhealach éifeachtach a bhain an Líonra a chuid cuspóirí agus tionscnamh amach. Tá sé cruthaithe ag an Líonra gur modh éifeachtach é le tacaíocht a thabhairt do SPFanna sna dúshláin ar leith a bhíonn rompu agus le comhar a chothú san Eoraip. An tionscnamh tagarfhoghlama (tionscnamh inar cuireadh tagarmharcáil agus an fhoghlaim fhrithpháirteach le chéile) go háirithe, bhí sé go maith mar uirlis chomhroinnte de chuid an Aontais lenar cuireadh an inchomparáideacht, an fhoghlaim agus an aibíocht chun cinn i measc na SPFanna. Tá torthaí na measúnuithe tagarfhoghlama curtha san áireamh acu, agus tá siad níos aibí mar eagraíochtaí anois dá mbarr. Thar aon ní eile, is a bhuí leis an tionscnamh tagarfhoghlama, chomh maith leis an gcomhroinnt eolais trí imeachtaí foghlama frithpháirtí, tuarascálacha agus dea-chleachtais de chuid na SPFanna, an éifeachtacht sin.

Is deacair cuid de ghníomhaíochtaí an Líonra a thomhas go cainníochtúil, agus is deacair gnóthachain áirithe, amhail athruithe sa chultúr eagraíochtúil, a bhaint amach agus a léiriú laistigh de thréimhse ghairid ceithre bliana. Ach is léir ó thoilteanas na SPFanna páirt a ghlacadh in imeachtaí tagarfhoghlama agus foghlama frithpháirtí, agus ón aiseolas dearfach a fuarthas ó na SPFanna, go bhfuil aschuir an Líonra thar a bheith éifeachtúil agus gur mór ag comhaltaí uile an Líonra iad. Ar an iomlán, na SPFanna sin nach bhfuil chomh mór sin chun cinn, is iadsan is mó a bhain tairbhe as páirt a ghlacadh sa Líonra ó thaobh an dul chun cinn atá déanta acu ar an bhfeidhmíocht, ach tá dul chun cinn déanta ag na SPFanna sin atá níos faide chun cinn freisin. Sainaithnítear roinnt réimsí sa mheastóireacht ina bhféadfaí feabhas a chur ar an éifeachtúlacht, mar shampla, trí imeachtaí a reáchtáil atá níos lú agus níos spriocdhírithe agus trí níos mó úsáide a bhaint as réitigh dhigiteacha.

Léirítear sa mheastóireacht go bhfuil leibhéal maith comhleanúnachais idir Cinneadh Uimh. 573/2014/AE agus creat beartais an Aontais. Is ó thaobh an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú sa mhargadh saothair, is óna dtaobh sin is mó atá tionchar an Líonra ar thionscnaimh bheartais an Aontais le brath. Tá solúbthacht léirithe ag an Líonra sa mhéid is gur dhírigh sé a aire ar ábhair nua, amhail lánpháirtiú imirceach agus dídeanaithe, an dífhostaíocht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe oilte. Is léir freisin gur chuir na haschuir sin le hanailís níos fearr ar fheidhmíocht na mBallstát ó thaobh an gheilleagair/na fostaíochta de i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

Ina theannta sin, tacaíonn an Líonra le SPFanna náisiúnta chun moltaí tírshonracha a chur chun feidhme, ar moltaí iad a dhírítear chuig na Ballstáit i ndáil le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair agus i ndáil le saincheisteanna a bhaineann leis na SPFanna i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Agus iad ina bpríomhghníomhaithe i gcur chun feidhme Chiste Sóisialta na hEorpa, bíonn na SPFanna gníomhach chomh maith i bhforbairt creata beartais chuimsithigh le haghaidh beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair laistigh dá mBallstáit féin, rud a chuireann le cistí an Aontais a chaitheamh go héifeachtach éifeachtúil.

Rud amháin a chuireann breisluach le Líonra na SPFanna is ea an creat struchtúrtha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar inniúlacht na SPFanna agus chun comparáidí, piarfhoghlaim agus feabhsuithe a éascú. Léirítear sa mheastóireacht roinnt torthaí eile a bhí ar an gCinneadh, nithe nár tharla sular bunaíodh an Líonra in 2014 agus nach mbainfí amach trí chomhar deonach idir na SPFanna náisiúnta. Tá úinéireacht níos fearr ann, soláthraíodh foghlaim aonair do SPFanna agus foghlaim fhrithpháirteach chomhchoiteann, áirithíodh go mbeadh guth comhpháirteach ann mar aon le hardán foirmiúil le haghaidh ceapadh beartas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus cuireadh le cuspóirí AE2020, sin cuid de na nithe tábhachtacha a baineadh amach. Is léir freisin ón meastóireacht go bhfuil tacaíocht airgeadais, tacaíocht eagraíochtúil agus tacaíocht saineolaithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh riachtanach chun a áirithiú go leanfaidh gach SPF de pháirt a ghlacadh sa Líonra.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugadh páirt sa phróiseas comhairliúcháin do raon leathan páirtithe leasmhara chun a áirithiú go ndéanfaí tuairimí na bpáirtithe sin a raibh leas acu sa scéal a chur san áireamh sa mheastóireacht. Tugadh cuireadh d’ionadaithe de chuid an 32 SPF atá páirteach sa Líonra 10 , d’eagraíochtaí agus do chomhlachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais (e.g. EMCO, seirbhísí príobháideacha fostaíochta agus gníomhaireachtaí oibre sealadaí ar leibhéal an Aontais, an Líonra Eorpach do Threoirbheartais ar feadh an tSaoil), d’eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha (e.g. an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, OECD, an Banc Domhanda, Comhlachas Domhanda na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta), agus do Rúnaíocht na SPFanna, d’iarchomhaltaí de Líonra na SPFanna nó do dhaoine a bhí páirteach i gcomhar idir na SPFanna roimh 2014. Cuireadh ceardlann faoin meastóireacht ar siúl i gcomhar leis na Comhairleoirí maidir le Gnóthaí na SPFanna Eorpacha. Chomh maith leis sin, bhí fáilte roimh aon pháirtí leasmhar agus roimh an bpobal páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí a rinneadh ar líne.

Tá na torthaí de réir a chéile i measc na gcineálacha éagsúla páirtithe leasmhara. Is amhlaidh atá difríochtaí áirithe ann maidir leis an measúnú ar éifeachtacht ghníomhaíochtaí éagsúla an Líonra nó ar a mhéid a chuireann siad le gach cuspóir a bhaint amach. Mar shampla, thuairiscigh formhór na bpáirtithe leasmhara go mbíonn comhar éigin ar siúl idir an Líonra agus páirtithe leasmhara ábhartha eile sa mhargadh saothair (mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 573/2014/AE), ach go bhféadfaí feabhas a dhéanamh sa todhchaí ach caidrimh níos láidre a fhorbairt le comhpháirtithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Is tábhachtach an tionchur é an taiseolas ó na páirtithe leasmhara le haghaidh thosaíochtaí an Líonra amach anseo i gcomhréir le cuspóirí Chinneadh Uimh. 573/2014/AE.

Bailiú agus úsáid saineolais

Iarradh ar chonraitheoir staidéar seachtrach a dhéanamh chun tacú le bailiú fianaise agus thuairimí na bpáirtithe leasmhara agus leis an gcuid anailíseach den mheastóireacht 11 .

Measúnú tionchair

Tuigtear as síneadh a chur le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE go leanfaidh an creat agus na tionscnaimh atá ann cheana ar aghaidh. Ní théann an togra seo thar shíneadh a chur le tréimhse bhunaithe an Líonra in Airteagal 1 agus roinnt nuashonrúcháin theicniúla. Tá an mheastóireacht thuasluaite ag gabháil leis an togra. Is den ghnáthchineál é an togra seo agus cáilíonn sé mar thionscnamh nach mórthionscnamh é faoi na rialacha maidir le Rialáil Níos Fearr.

Rinneadh cinneadh gan measúnú tionchair ar leithligh a dhéanamh ar na cúiseanna seo:

léirítear sa mheastóireacht go noibríonn an Cinneadh maidir leis na SPFanna go maith agus ní mholtar inti aon mhórleasú a dhéanamh ar an mbeartas atá ann faoi láthair;

tacaíonn torthaí na meastóireachta le síneadh a chur leis an gCinneadh maidir leis na SPFanna;

tá fianaise leordhóthanach sa mheastóireacht (agus san iarraidh ó na SPFanna náisiúnta agus ó Bhord an Líonra) cheana go ndéanfaí dochar mura gcuirfí síneadh leis an gCinneadh;

an tionscnamh atá beartaithe, leanann sé torthaí na meastóireachta go loighciúil agus tá sé i gcomhréir leis na torthaí sin.

Cearta bunúsacha

Urramaítear le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachtar go háirithe leis an gCinneadh lena áirithiú go dtabharfar urraim iomlán don cheart rochtain a bheith ar sheirbhísí socrúcháin saor in aisce agus le cur i bhfeidhm Airteagal 29 den Chairt a chur chun cinn. Níl aon athrú i gceist leis an togra seo.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní gá acmhainní breise, lena náirítear foireann, a chur ar fáil ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh i leith an togra seo.

An tacaíocht airgeadais don líonra uile-Aontais seirbhísí poiblí fostaíochta, tá sí beartaithe cheana sa togra le haghaidh an Rialacháin maidir le CSE+ le haghaidh 2021-2027 faoi bhuiséad beartaithe shraith EaSI 12 . Is forbairt bheag é an caiteachas comhfhreagrach ar an tacaíocht a deonaíodh don Líonra cheana faoin gclárthréimhse reatha, 2014-2020.

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfear tuarascálacha bliantúla an Líonra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus foilseofar iad.

Cuirfear meastóireacht ar chur i bhfeidhm an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoi Mheán Fómhair 2026.

2019/0188 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Bunaítear le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (“an Líonra”) ón 17 Meitheamh 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(2)Tá sé d’aidhm ag an togra sin inniúlacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) a athneartú trí ardán a sholáthar lenar féidir a bhfeidhmíocht ar an leibhéal Eorpach a chur i gcomparáid le chéile, dea-chleachtais a shainaithint agus córas foghlama frithpháirtí a bhunú. Tá sé d’aidhm aige freisin níos mó deiseanna a thabhairt do na SPFanna cuidiú le beartais nuálacha bunaithe ar fhianaise a fhorbairt i gcomhréir le tionscnaimh bheartais ábhartha de chuid an Aontais.

(3)Bhí ról tábhachtach ag an Líonra go dtí seo maidir le níos mó comhair idir na Ballstáit a spreagadh i réimsí freagrachta na SPFanna agus maidir lena chion a dhéanamh chun na SPFanna a nuachóiriú agus a neartú. Léirítear i meastóireacht a rinneadh ar staid chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 573/2014/AE 16 go raibh tionchar dearfach ag an Líonra go dtí seo agus sainaithnítear sa mheastóireacht sin na ceachtanna a foghlamaíodh ar bhonn na ngníomhaíochtaí agus éagsúla agus na neispéireas éagsúil.

(4)Ba cheart síneadh a chur le tréimhse bhunaithe an Líonra go dtí an 31 Nollaig 2027 chun tairbhe a bhaint as na torthaí a baineadh amach go dtí seo agus chun níos mó comhair a chothú idir na SPFanna.

(5)Maidir le leanúint den Líonra, ba cheart go dtacódh sin le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, colún a bhfuil sé de phrionsabal aige tacú go gníomhach leis an bhfostaíocht. Ba cheart go gcuirfeadh sé freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 8 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe trí chur le fás eacnamaíoch atá cuimsitheach inbhuanaithe, le fostaíocht agus le hobair chuibhiúil do gach duine.

(6)Ba cheart don Líonra leanúint de chomhar agus teagmháil a eagrú le páirtithe leasmhara eile sa mhargadh saothair chun sineirgí eatarthu a chur chun cinn, lena náirítear, go háirithe, comhar le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, agus an oideachais agus na hoiliúna chun a áirithiú go mbeidh an creat beartais comhsheasmhach.

(7)Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil don Líonra i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, 2021-2027.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 573/2014/AE a leasú dá réir sin.

(9)Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2021 chun a áirithiú go leanfar go rianúil de ghníomhaíochtaí an Líonra.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE leis seo mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Bunaítear leis seo líonra uile-Aontais seirbhísí poiblí fostaíochta (SPFanna) (“an Líonra”) i gcomhair na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2027.”

(2)In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Is é is aidhm don Chinneadh seo comhar idir na Ballstáit a spreagadh tríd an Líonra i réimse na fostaíochta, i réimsí freagrachta na SPFanna, chun cur le cur chun feidhme bheartais fostaíochta an Aontais. Cuideoidh sé sin freisin le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, rud a thacóidh leis an méid seo a leanas:”

(3)In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 1:

“(c) a chion a dhéanamh chun na SPFanna a nuachóiriú agus a neartú sna príomhréimsí, i gcomhréir le beartais fostaíochta an Aontais, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;”

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

                   “Comhar

Forbróidh an Líonra comhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha sa mhargadh saothair, lena náirítear soláthraithe eile seirbhísí fostaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, agus an oideachais agus na hoiliúna, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí atá ionadaitheach do dhaoine dífhostaithe nó do ghrúpaí soghonta, ENRanna a oibríonn i réimse na fostaíochta, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, trí pháirt a thabhairt dóibh i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe ábhartha an Líonra agus trí fhaisnéis agus sonraí a chomhroinnt leo.”

(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Tacaíocht airgeadais

Déanfar na hacmhainní foriomlána le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh seo a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (2021-2027) de réir mar is iomchuí, agus údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leithreasuithe bliantúla an Chreata sin faoi réir theorainneacha an chreata airgeadais.”

(6)In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.”

(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhm an Chinnidh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoi Mheán Fómhair 2026.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)     https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=20613&langId=en , féach leathanach 1
(2)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2019)1350
(3)    https://ec.europa.eu/commission/sites/beta-political/files/social-summit-european-pillar-social-rights-booklet_en.pdf
(4)     http://data.europa.eu/eli/reg/2016/589/oj
(5)     https://ela.europa.eu/
(6)    https://ec.europa.eu/europeaid/sites/devco/files/european-consensus-on-development-final-20170626_en.pdf
(7)     https://sustainabledevelopment.un.org/topics/sustainabledevelopmentgoals
(8)     https://publications.europa.eu/ga/home
(9)     https://ec.europa.eu/info/law/law-making-process/planning-and-proposing-law/better-regulation-why-and-how_ga
(10)    Tá SPFanna as na 28 mBallstát go léir, mar aon le SPF as an Íoslainn agus as an Iorua, (30 tír san iomlán) páirteach i Líonra na SPFanna. Ós rud é, áfach, go bhfuil trí SPF páirteach thar ceann na Beilge, tá 32 SPF páirteach sa Líonra san iomlán.
(11)     https://publications.europa.eu/ga/home
(12)    COM(2018) 382 críochnaitheach
(13)    IO C […], […], lch. […].
(14)    IO C […], […], lch. […].
(15)     Cinneadh Uimh. 573/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 32) .
(16)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2019)1350
Top