Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0065

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis le gníomhaíochta soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ón Aontas Eorpach

    COM/2019/65 final

    An Bhruiséil,30.1.2019

    COM(2019) 65 final

    2019/0030(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis le gníomhaíochta soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ón Aontas Eorpach


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ("An Ríocht Aontaithe") fógra isteach an 29 Márta 2017 á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Fágann sin, mura ndaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar, go scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 ("dáta an tarraingt siar"). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

    D'iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50), an 13 Nollaig 2018, go gcuirfí dlús leis an obair ullmhachta ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus go gcuirfí na torthaí uile is féidir a bheith ar an tarraingt siar sin san áireamh. Tá an gníomh sin mar chuid de phacáiste beart atá á ghlacadh ag an gCoimisiún mar fhreagairt ar an nglao sin.

    Tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an clár Erasmus+ agus is dócha go bhfuil sé ar cheann de na cláir is rathúla de chuid an Aontais Eorpaigh. Ó cuireadh tús leis an gclár sin breis agus 30 bliain ó shin, tugadh deis do bhreis agus 9 milliún Eorpach óg taithí foghlama a fháil tríd an tsoghluaisteacht ar an gcoigríoch. Tháinig glúin daoine nua chun cinn a bhuí leis sin a thugann le taispeáint go bhfuil dlúthbhaint acu leis an Eoraip. Tá glúin daoine neamhchlaonta, muiníneacha agus cumhachtaithe ag teacht chun cinn, glúin a bhfuil luachanna coiteanna na hEorpa acu uile agus atá ag cur le bonn eolais agus athléimneacht gheilleagar agus shochaí na Eorpa a chothú.

    Le Erasmus+ tacaítear le gníomhaíochtaí i réimse an oideachais agus na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Tá sé ina chuidiú ag tíortha na Eorpa a gcórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus a fheabhsú mar aon lena mbeartais óige agus spóirt, rud a threisíonn an ról atá acu mar spreagadh don fhás, don fhostaíocht, don iomaíochas agus don comhtháthú sóisialta. Tugtar deis do bheagnach 800 000 duine in aghaidh na bliana leas a bhaint as an bhfoghlaim nó as an oiliúint ar an gcoigríoch. Is féidir go maireann gníomhaíochtaí soghluaisteachta suas le 12 mhí.

    Is príomhionstraim é an clár féachaint le Limistéar Eorpach Oideachais a chinntiú faoi 2025, ina bhfaigheadh daoine óga scoth an oideachais agus na hoiliúna agus nach gcuirfí isteach ar an bhfoghlaim, ar an staidéar agus ar thaighde a dhéanamh de dheasca teorainneacha agus inar ghnách an rud é seal a chaitheamh i mbun staidéir, foghlama nó oibre i mBallstát eile. Sa Limistéar Eorpach Oideachais, tá tuiscint mhaith ag daoine ar a bhféiniúlacht mar Eorpaigh, ar oidhreacht agus ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa.

    Tráth tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas Eorpach, beidh nach mór 14,000 foghlaimeoir ó na 27 mBallstát (mic léinn agus oiliúnaithe san ardoideachas agus sa ghairmoideachas agus san oiliúint, foghlaimeoirí óga agus foireann oideachasúil) sa Ríocht Aontaithe, agus timpeall 7,000 foghlaimeoir de chuid na Ríochta Aontaithe sna 27 mBallstát.

    Mura ndaingneofaí an Comhaontú um Tharraingt Siar, d'fhágfadh sin go mbeadh ar lucht na 27 mBallstát agus na Ríocht Aontaithe atá rannpháirteach in Erasmus+ faoi láthair éirí as a ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama. Chaillfeadh roinnt mic léinn a gcreidmheasanna acadúla agus d'fhéadfadh sé go gcuirfí iallach orthu tabhairt faoin seimeastar acadúil nó faoin mbliain acadúil arís. Bheadh tionchar anmhór aige sin ar na mic léinn féin agus ar na hinstitiúidí a gcuirtear chucu iad nó a óstálann iad.

    Is é is aidhm don togra seo bearta teagmhais a chur i bhfeidhm ionas nach gcuirfear isteach ar na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama de chuid Erasmus+ a mbeadh baint ag an Ríocht Aontaithe leo tráth tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Cuirfear na bearta sin i bhfeidhm maidir leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar bun faoi Erasmus+ faoi láthair a gcuirfear tús leo roimh an dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Is é is aidhm don togra seo leanúint de na cláir atá ann faoi láthair.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo comhsheasmhach ina iomláine le sainordú na Comhairle le haghaidh na caibidlíochta leis an Ríochta Aontaithe maidir leis an tarraingt siar ón Aontas.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Airteagal 165 agus Airteagal 166 CFAE

       Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe a áirithiú go leanfar den chlár Erasmus+ a áirithiú go páirteach, rud a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus a leasaítear le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1475. Rinneadh scrúdú ar chomhlíonadh phrionsabal coimhdeachta an chláir seo tráth a ghlactha.

    Comhréireacht

    Meastar gur togra comhréireach é mar déantar foráil ann maidir leis an athrú dlí riachtanach agus san am céanna ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun go leanfar go hordúil de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta atá ar bun, ar gníomhaíochtaí iad a deonaíodh cheana faoi chuimsiú an chláir Erasmus+.

    An rogha ionstraime

    Ós rud é go gcuireann an gníomh seo le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, is é an taon fhoirm leordhóthanach amháin atá ann rialachán a mholadh.

    Ós rud é nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo - a thiocfaidh i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh - ach amháin más rud é nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhair le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tugtha i gcrích faoin dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, tá an gníomh beartaithe ad hoc níos iomchuí ná Rialachán i bhfoirm gníomh leasaitheach.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Mar gheall ar a phráinní a bhí sé an togra a ullmhú, ionas go bhféadfaí na comhreachtóirí é a ghlacadh in am, ní rabhthas in ann comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh.

    Measúnú tionchair

    Mar gheall ar chineál an bhirt bheartaithe, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair, i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil níos Fearr. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair de. Is é an beart atá beartaithe an taon rogha bheartais amháin atá inmharthana chun a áirithiú go leanfar go hordúil de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a bhfuil baint acu leis an Ríocht Aontaithe faoi chuimsiú an chláir Erasmus+, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Is é is aidhm don togra seo, mura ndaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar, a áirithiú go leanfar de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar bun faoi Erasmus+, gan na méideanna a leithdháiltear ar na gníomhaíochtaí ná maoiniú na ngníomhaíochtaí sin a mhodhnú.

    2019/0030 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis le gníomhaíochta soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ón Aontas Eorpach

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 1 ,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 2 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is ón dáta a thiocfaidh comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm a scoirfidh feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe, nó ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin i.e. ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, fad a chur leis an tréimhse.

    (2)Is i rith thréimhse chlár Erasmus+ 2014-2020 atá an tarraingt siar ag tarlú, clár a bhfuil an Ríocht Aontaithe páirteach ann.

    (3)Is é Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 a rialaíonn clár Erasmus+. Ba cheart don Rialachán seo rialacha a leagan síos ionas gur féidir cloí leis na gealltanais dhlíthiúla a ndeachthas i bpáirt iontu cheana maidir le gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama a bhfuil lámh ag an Ríocht Aontaithe iontu agus iad ar siúl cheana, i dtaca lena tarraingt siar ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

    (4)Ón dáta a thiocfaidh deireadh le feidhm na gConarthaí, ní cuid de ‘chuid an Aontais de limistéar an chláir’ a bheidh sa Ríocht Aontaithe feasta laistigh de bhrí Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013. Ionas nach gcaithfeadh rannpháirtithe reatha Erasmus+ éirí as na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá idir lámha acu, ba cheart na rialacha incháilitheachta a ghabhann le gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoi Erasmus+ a oiriúnú.

    (5)Ionas gur féidir leanúint den mhaoiniú a dhéantar ó chiste an Aontais ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl, ba cheart don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú lena gceadófaí rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí faoi seach. Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha a chur i gcrích, is é ba cheart a mheas gur easnamh tromchúiseach seo sa chóras bainistíochta agus rialuithe.

    (6)Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán i bhfeidhm le teann práinne, agus ba cheart dó a bheith i bhfeidhm ón dáta tar éis deireadh feidhme do na Conarthaí ar an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe mura dtagann comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm faoin dáta sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1
    An tábhar agus raon an ábhair

    Sa Rialachán seo, leagtar síos forálacha chun leanúint ar aghaidh le gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bheidh tosaithe ar a dheireanaí ar an dáta a thagann deireadh le feidhm na gConarthaí ar an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe.

    Airteagal 2
    Incháilitheacht

    1.Gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhíonn ag tarlú sa Ríocht Aontaithe nó a bhfuil lámh iontu ag eintitis nó ag rannpháirtithe ón Ríocht Aontaithe, is gníomhaíochtaí iad a mairfidh a gcuid incháilitheachta.

    2.Chun críche chur i bhfeidhm aon fhoráil eile atá i Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus na ngníomhartha lena gcuirtear an Rialachán is gá chun feidhme chun éifeacht thabhairt do mhír 1, is mar Bhallstát a chaithfear leis an Ríocht Aontaithe, faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo.

    Cé ea áfach, ní bheidh ionadaithe de chuid na Ríochta Aontaithe páirteach sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

    Airteagal 3
    Rialuithe agus iniúchtaí

    Is idir údaráis an Choimisiúin agus údaráis na Ríochta Aontaithe a chomhaontófar cur i bhfeidhm na rialacha a ghabhann le rialuithe agus iniúchtaí na ngníomhaireachta soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1. Is í tréimhse iomlán na ngníomhaireachtaí soghluaisteachta foghlama a chumhdófar sna rialuithe agus sna hiniúchtaí mar aon leis an iarobair ghaolmhar.

    Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha ar an gclár a chur i gcrích sa Ríocht Aontaithe, is easnamh tromchúiseach a bheidh anseo i gcomhlíonadh na bpríomhoibleagáidí i leith chur chun feidhme na ngealltanas dlíthiúil idir an Coimisiún agus áisíneacht náisiúnta na Ríochta Aontaithe.

    Airteagal 4
    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Is ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

    Beidh sé i bhfeidhm ón dáta i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh deireadh le feidhm na gConarthaí ar an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochta soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraing siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ón Aontas Eorpach.

    1.3.Forais an togra/tionscnaimh

    1.3.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh sé i bhfeidhm ón dáta i ndiaidh an dáta ar a dtiocfaidh deireadh le feidhm na gConarthaí ar an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo más amhlaidh go bhfuil comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcríoch leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

    1.3.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

    N/A

    1.3.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    N/A

    1.3.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

    Tá an Rialachán seo comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith aige.

    1.3.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an Rialachán seo. Is trí bhuiséad ginearálta an Aontais a dhéanfar ranníocaíocht an Aontais leis na cláir a mhaoiniú.

    1.4.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag X.

    1.5.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 4

     Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

    ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

     Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

     Bainistíocht indíreach trí chúraimí cur chun feidhme a chur orthu seo a leanas:

    Tríú tíortha nó na comhlachtaí atá ainmnithe acu;

    eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

    BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

    na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus in Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

    comhlachtaí dlí phoiblí;

    comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

    comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

    daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí:

    N/A

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    N/A

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

    N/A

    2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

    N/A

    2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

    N/A

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    N/A

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    ·Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Uimhir

    LD/LN 5 .

    ó thíortha de chuid CSTE 6

    ó thíortha is iarrthóirí 7

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    LD

    Líon

    Líon

    Líon

    Líon

    3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an Rialachán seo.

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

     

     

     

    2019

    2020

    2021

    2022

    2023

    Blianta dá éis sin

    IOMLÁN

     Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí a chur ar ceal

     

     

     

     

     

     

     

     

    Gealltanais

    (1a)

     

     

     

     

     

     

     

    Íocaíochtaí

    (2 a)

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe

     

    Gealltanais

    =1a+1b +3

     

     

     

     

     

     

     

    Íocaíochtaí

    =2a+2b

    +3

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí  

    Gealltanais

    (4)

     

     

     

     

     

     

     

    Íocaíochtaí

    (5)

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach  

    (6)

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 13 

    den chreat airgeadais ilbhliantúil 

    Gealltanais

    =4+ 6

     

     

     

     

     

     

     

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

     

     

     

     

     

     

     

     Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin: 

    IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach

    Gealltanais

    (4)

     

     

     

     

     

     

     

     

    ceannteideal oibríochta) 

    Íocaíochtaí

    (5)

     

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta) 

     (6)

     

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe faoi THEIDIL 1 go 4 

    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Méid tagartha) 

    Gealltanais

    =4+ 6

     

     

     

     

     

     

     

     

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

     

     

     

     

     

     

     

     

         

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    5

    "Caiteachas riaracháin" 

    Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas airgeadais seo (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

     

          

    Bliain N 

    Bliain N+1 

    Bliain N+2 

    Bliain N+3 

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)  

    IOMLÁN

    ArdStiúrthóireacht: <…….> 

    Acmhainní daonna  

     

     

     

     

     

     

     

     

    Caiteachas riaracháin eile  

     

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN ArdStiúrthóireacht <…….> 

    Leithreasuithe  

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 

    den chreat airgeadais ilbhliantúil  

    (Iomlán gealltanas =

    Iomlán íocaíochtaí) 

     

     

     

     

     

     

     

     

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

     

          

    Bliain N 8  

    Bliain N+1 

    Bliain N+2 

    Bliain N+3 

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) 

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe faoi THEIDIL 1 go 5 

    den chreat airgeadais ilbhliantúil  

    Gealltanais 

     

     

     

     

     

     

     

     

    Íocaíochtaí 

     

     

     

     

     

     

     

     

    3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

     

     

     

    Bliain N 

    Bliain N+1 

    Bliain N+2 

    Bliain N+3 

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN 

    ASCHUIR 

    Saghas 9  

     

    Meánchostas

    Uimh.

    costas

    Uimh.

    costas

    Uimh.

    costas

    Uimh.

    costas

    Uimh.

    costas

    Uimh.

    costas

    Uimh.

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 10 ...

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    - Aschur

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    - Aschur

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    - Aschur

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    - Aschur

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN 

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

     

    Bliain 

    N 11

    Bliain N+1 

    Bliain N+2 

    Bliain N+3 

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) 

    IOMLÁN

     

    CEANNTEIDEAL 5 

    den chreat airgeadais ilbhliantúil

     

     

     

     

     

     

     

     

    Acmhainní daonna

     

     

     

     

     

     

     

     

    Caiteachas riaracháin eile

     

     

     

     

     

     

     

     

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 12  den chreat ilbhliantúil

    airgeadais  

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Acmhainní daonna

     

     

     

     

     

     

     

     

    Caiteachas eile  de chineál riaracháin

     

     

     

     

     

     

     

     

    Fo-iomlán  lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN 

     

     

     

     

     

     

     

     

    Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san ArdStiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

     

    3.2.3.1. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

     

    Bliain N 

    Bliain N+1 

    Bliain N+2 

    Bliain N+3 

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) 

    Poist an Phlean Bhunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha) 

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) 

     

     

     

     

     

     

     

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

     

     

     

     

     

     

     

    XX 01 05 01/11/21 (Taighde indíreach)

     

     

     

     

     

     

     

    10 01 05 01/11 (Taighde díreach)

     

     

     

     

     

     

     

    Baill foirne sheachtracha (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha : FTE) 13  

     

    XX 01 02 01 (AC, END, INT ón “imchlúdach iomlánaíoch”) 

     

     

     

     

     

     

     

    XX 01 02 02 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

     

     

     

     

     

     

     

    XX 01 04 bb  14

     

    - sa cheanncheathrú 

     

     

     

     

     

     

     

     

    - i dtoscaireachtaí  

     

     

     

     

     

     

     

    XX 01 05 02/12/22 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

     

     

     

     

     

     

     

    10 01 05 02/12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

     

     

     

     

     

     

     

    Línte buiséid eile (sonraigh)

     

     

     

     

     

     

     

    IOMLÁN 

     

     

     

     

     

     

     

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

     

    Pearsanra seachtrach

     

    3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    Is féidirX a mhaoiniú ina iomláine laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

     is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

     is gá athbhreithniú ar CAI.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    I gcás an togra/tionscnaimh seo:

    Ní dhéanannX foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamhmheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR

    3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    ar acmhainní dílse

    ar ioncam eile

    má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin

    EUR

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    N/A

    Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

    (1)    […]
    (2)    […]
    (3)    Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).
    (4)

    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  

    (5)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.    
    (6)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (7)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
    (8)

     Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.

    (9)

    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

    (10)

    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'

    (11)

     Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad “N” (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.

    (12)  Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
    (13)

    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.

    (14)

    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

    Top