EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0049

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

COM/2019/49 final

An Bhruiséil,23.1.2019

COM(2019) 49 final

2019/0010(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe fógra isteach á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar, scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 ("dáta an tarraingt siar"). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan [Ag ullmhú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhais] an 13 Samhain 2018, leagadh amach na bearta teagmhais a bhfuil rún aige a dhéanamh mura dtiocfaidh comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm dáta an tarraingt siar. Sa Teachtaireacht sin, rinne an Coimisiún liosta de na bearta a mheas sé a bheith riachtanach, agus chuir sé de mheabhrú léi go dtarlódh gá le bearta breise uair is faide anonn. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún i láthair na sé phrionsabal ghinearálta ar cheart bearta teagmhais ar gach leibhéal a bheith i gcomhréir leo. Orthu sin tá na prionsabail nár cheart bearta a bheith ina macasamhail den leas atá le baint as ballraíocht san Aontas ná ina macasamhail de théarmaí aon idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; ní mór bearta de chineál sealadach a bheith ann agus níor cheart feidhm a bheith acu tar éis dheireadh 2019 i bprionsabal; agus ní mór na bearta sin a bheith ina ngníomhaíochtaí aontaobhacha de chuid an Aontais Eorpaigh agus a leasanna á saothrú aige agus dá bhrí sin is féidir leis an Aontas iad a chúlghairm aon tráth i bprionsabal.

D'iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go gcuirfí dlús leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus go gcuirfí san áireamh na torthaí uile is féidir a bheith ar an tarraingt siar sin. Chuir an Coimisiún pacáiste beart i láthair an 19 Nollaig 2018 mar fhreagairt ar an nglao sin. An 17 agus an 18 Nollaig 2018, shocraigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh na deiseanna iascaireachta do 2019. Bunaithe ar an méid sin agus teagmhálacha leanúnacha leis na Ballstáit á gcur san áireamh i dtaca leis an tionchar mór a bheadh ag tarraingt siar míordúil na Ríochta Aontaithe ar an earnáil iascaireachta in éagmais comhaontú um tharraingt siar, agus nach féidir leis na páirtithe leasmhara féin na hiarmhairtí díobhálacha sin a mhaolú, chinn an Coimisiún go bhfuil gá le dhá bheart teagmhais don earnáil iascaireachta. I dteannta an bhirt sin maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, tá beart á bheartú ag an gCoimisiún chun an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a leasú.

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 1 (Bun-Rialachán an Chomhbheartais Iascaigh), tá rochtain chothrom ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí an Aontais agus ar acmhainní faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaigh. Amhail ón dáta um tharraingt siar, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an gComhbheartas Iascaigh maidir leis an Ríocht Aontaithe. Ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d'uiscí an Aontais a thuilleadh ansin.

In éagmais comhaontú um tharraingt siar, ní rialófaí gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí na mBallstát in uiscí na Ríochta Aontaithe ná gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais le Bun-Rialachán an Chomhbheartais Iascaigh nuair a tharraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas.

Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a ráthú agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí mhaireachtála eacnamaíoch roinnt pobal, tá sé tábhachtach go mbeidh an deis ann fós socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain iascaireachta chómhalartach ag soithí an Aontais agus ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile, go ceann tréimhse theoranta, tar éis dháta an tarraingt siar. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo an creat dlí iomchuí a chruthú le haghaidh na rochtana cómhalartaí sin.

De réir mar a fhoráiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 ("UNCLOS") agus i gComhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach an 4 Lúnasa 1995 ("UNFSA") a chur chun feidhme, chun stoic éisc áirithe chomhroinnte, stoic éisc traslimistéir áirithe agus stoic éisc mhórimirceacha áirithe a bhainistiú teastaíonn comhar gach tíre a bhfuil an stoc ina huiscí (na Stáit chósta) agus na tíortha a saothraíonn a gcabhlaigh an stoc sin (na Stáit iascaireachta). Féadfar an comhar sin a bhunú faoi chuimsiú socruithe ad hoc i measc na dtíortha a bhfuil leas san iascach acu.

Thángthas ar chomhaontú faoi na deiseanna iascaireachta don bhliain 2019, lena náirítear leis an Ríocht Aontaithe, le linn bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas. Tá na socruithe sin agus na deiseanna iascaireachta atá leagtha amach iontu ina mbunús le cobhsaíocht gníomhaíochtaí iascaireachta agus bunaíodh iad agus lánurraim á tabhairt do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 61 agus in Airteagal 62 de UNCLOS. Tá sé mar aidhm ag na socruithe sin saothrú inbhuanaithe ar bheo-acmhainní muirí mar aon le cobhsaíocht laistigh d'uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú.

Le Rialachán (AE) 2017/2403 2 (Rialachán SMEFF) leagtar amach na rialacha a bhaineann le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír agus soithí tríú tír in uiscí an Aontais.

Maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí tríú tír, déantar foráil le SMEFF go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú don oibreoir agus bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh na húdaruithe sin a dheonú. I bhfianaise líon na soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, d'fhéadfadh moilleanna móra teacht as na coinníollacha agus as na nósanna imeachta sin mar aon le méadú ar an ualach riaracháin i gcás ina núdaróidh an Ríocht Aontaithe do shoithí an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe. Is gá coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha a bhunú chun a éascú don Ríocht Aontaithe údarú a thabhairt do shoithí iascaireachta an Aontais chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe. Ba cheart na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin a bheith comhionann leis na ceanglais údarúcháin a leagtar síos le SMEFF do shoithí tríú tír a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

Le Bun-Rialachán CBI, tugtar de chumhacht do na Ballstáit na deiseanna iascaireachta a leithdháilfear orthu a mhalartú go hiomlán nó i bpáirt. Bíonn isteach agus amach le 1000 malartú cuótaí ann in aghaidh na bliana idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit. Gan dochar d’inniúlacht eisiach an Aontais, tá córas solúbtha ag teastáil tar éis dháta an tarraingt siar, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tAontas in ann cuótaí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann plé a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe agus, mar is iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe. Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar leithdháileadh an Bhallstáit lena mbaineann, nó a bhaintear uaidh. Leis an leithdháileadh sin, níor cheart athrú a dhéanamh ar an eochair leithdháilte atá ann faoi láthair chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta i leith gníomhaíochtaí iascaireachta.

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sonracha dá bhforáiltear sa togra seo ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá deonú údaruithe faoi réir phrionsabal na "cómhalartachta", i.e. ar choinníoll go leathnóidh an Ríocht Aontaithe na cearta rochtana reatha ionas go bhféadfaidh soithí an Aontais gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe. Dá réir sin, ní dheonófar údaruithe ach amháin má thugann agus a mhéid a thugann an Ríocht Aontaithe údaruithe do shoithí an Aontais chun úsáid a bhaint as deiseanna iascaireachta a leithdháiltear orthu i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Neamhbhainteach

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Neamhbhainteach

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht

Réimse inniúlachta eisiaiche de chuid an Aontais is ea CBI agus rialú an chéanna de bhun Airteagal 3(d) den Chonradh agus níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

Leis an ngníomh atá beartaithe, leasófaí Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 ón Aontas, ionas go dtabharfaí bunús dlí i ndlí an Aontais lena ndéanfaí foráil maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh soithí na Ríochta Aontaithe gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais agus go dtabharfaí nósanna imeachta údarúcháin isteach do lucht soithí ar mian leo iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe, ar nósanna imeachta iad a bheadh simplithe agus níos éifeachtúla ná mar a bhí. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a bhaint amach trí ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais mar gheall ar inniúlacht eisiach an Aontais.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Meastar gur Rialachán comhréireach an Rialachán atá beartaithe mar is é is aidhm dó a áirithiú go bhféadfaí an status quo a áirithiú ó thaobh rochtain shoithí iascaireachta an Aontais ar uiscí na Ríochta Aontaithe trí choinníollacha údarúcháin cómhalartacha a leagan síos. Tríd sin, seachnófar cur isteach mór agus moilleanna móra ar na nósanna imeachta údarúcháin. Leis an Rialachán atá beartaithe, leantar den chleachtas a bhaineann le cuótaí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe mar a rinneadh le linn bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas.

An rogha ionstraime

Is leasú ar Rialachán an gníomh seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Níl sin infheidhme ós cás uathúil sealadach eisceachtúil é an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta atá ann cheana.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D'ardaigh páirtithe leasmhara iascaigh agus ionadaithe éagsúla de chuid na mBallstát na dúshláin a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas mar aon le réitigh fhéideartha. Leag na hoibreoirí, na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit lena mbaineann go léir béim ar an ngá atá le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe cómhalartacha a dheimhniú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach

Measúnú tionchair

Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil é agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.    

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Neamhbhainteach

2019/0010 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar, nó ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, mura gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon ghuth, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, fad a chur leis an tréimhse sin.

(2)Sa chomhaontú um tharraingt siar tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d’fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)Nuair a scoirfidh feidhm de bheith ag CBI maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d’uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, i gcás tarraingt siar míordúil, tá an baol ann nach mbeidh soithí an Aontais ná soithí na Ríochta Aontaithe in ann na deiseanna iascaireachta arna mbunú le haghaidh 2019 a úsáid ina niomláine.

(4)Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a ráthú agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí bheatha eacnamaíoch roinnt pobal san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, go ceann tréimhse theoranta, ba cheart an deis a bheith fós ann socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain iascaireachta chómhalartach ag soithí an Aontais agus ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile, nuair a scoirfidh CBI d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát. Is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil iomchuí a chruthú le haghaidh rochtain chómhalartach den sórt sin.

(5)Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)Thángthas ar chomhaontú faoi na deiseanna iascaireachta don bhliain 2019 4 , 5 lena náirítear leis an Ríocht Aontaithe, le linn bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas. Bunaíodh na deiseanna iascaireachta agus lánurraim á tabhairt do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 61 agus in Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na Farraige. Chun saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní na farraige agus chun cobhsaíocht laistigh d’uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú, ba cheart na leithdháiltí agus na scaireanna cuótaí arna gcomhaontú maidir leis na Ballstáit agus leis an Ríocht Aontaithe a bheith ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 .

(7)I bhfianaise phatrúin iascaireachta sheanbhunaithe shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais agus a mhalairt, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh maidir le sásra do shoithí na Ríochta Aontaithe chun rochtain a bheith acu ar uiscí an Aontais trí bhíthin údaruithe, chun bheith in ann iascaireacht a dhéanamh ar a scaireanna cuótaí leithdháilte arna mbunú faoi Rialachán (AE) [2019/…] agus faoi Rialachán (AE) 2018/2025 faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le soithí an Aontais, go ceann tréimhse theoranta ama. Níor cheart údaruithe iascaireachta den sórt sin a dheonú ach amháin má leanann an Ríocht Aontaithe de bheith ag cur údaruithe do shoithí an Aontais ar fáil, agus a mhéid a dhéanann sí sin, chun úsáid a bhaint as deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh orthu i gcomhréir le Rialacháin ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta.

(8)Le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 leagtar amach na rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint agus a bhainistiú do shoithí in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír agus do shoithí iascaireachta tríú tír agus iad i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

(9)Le Rialachán (AE) 2017/2013 leagtar síos rialacha maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tír lasmuigh de chreat comhaontaithe, agus déantar foráil ann go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú agus bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh deonú údaruithe den sórt sin. I bhfianaise líon shoithí iascaireachta an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, bheadh moilleanna nach beag ann mar gheall ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin agus bheadh ualach breise riaracháin ann in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó comhaontú iascaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha chun eisiúint na núdaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais a éascú don Ríocht Aontaithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe.

(10)Is gá maolú ar na rialacha is infheidhme maidir le soithí iascaireachta tríú tír agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha lena dtugtar cead don Aontas údaruithe a eisiúint do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí an Aontais.

(11)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 tugtar de chumhacht do na Ballstáit na deiseanna iascaireachta ar fad a leithdháiltear orthu, nó cuid díobh, a mhalartú. Bíonn isteach agus amach le 1000 malartú cuótaí ann in aghaidh na bliana idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe. Gan dochar d’inniúlacht eisiach an Aontais, tá córas solúbtha ag teastáil nuair a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tAontas in ann cuótaí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann plé a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe agus, mar is iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe. Tá an Coimisiún freagrach fós as aistriú cuótaí nó malartú den sórt sin. Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar leithdháileadh an Bhallstáit lena mbaineann, nó a bhaintear uaidh.

(12)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/2403 a leasú dá réir.

(13)I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle 8 , scoirfidh feidhm de bheith ag gníomhartha, atá socraithe ar dháta ar leith, ar dhul in éag d’uair dheireanach an lae a thiteann ar an dáta sin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe.

(14)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe in éagmais comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe nó in éagmais síneadh a bheith curtha leis an tréimhse dhá bhliana dá dtagraítear in Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2019.

(15)Le go mbeidh oibreoirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon in ann leanúint de bheith ag iascaireacht i gcomhréir leis na deiseanna ábhartha iascaireachta a leithdháiltear orthu, níor cheart údaruithe iascaireachta le haghaidh gníomhaíochtaí in uiscí an Aontais a dheonú ar shoithí na Ríochta Aontaithe má mheasann an Coimisiún, agus ag brath ar a mhéid a mheasann sé, go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe cearta rochtana a leathnú do shoithí an Aontais chun dul i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 mar a leanas:

(1) i gCaibidil II de Theideal II, cuirtear isteach Roinn 4 mar seo a leanas:

"Roinn 4

Údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe

Airteagal 18a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo go dtí an 31 Nollaig 2019, de mhaolú ar Roinn 3, maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 18b

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘uiscí na Ríochta Aontaithe’ uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe arna mbunú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 18c

An nós imeachta maidir le húdarú iascaireachta a fháil ón Ríocht Aontaithe

1.Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an tiarratas comhfhreagrach nó liosta na niarratas ar údarú ón Ríocht Aontaithe chuig an gCoimisiún.

2.I ngach iarratas nó liosta iarratas, beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh údarú a eisiúint, agus í leagtha amach san fhormáid is gá, arna cur in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún.

3.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus an fhormáid dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh a chur chuig an mBallstát brataí chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh.

4.Ar iarratas nó aon fhaisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun mhír 3 a fháil, cuirfidh an Coimisiún an tiarratas ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe gan mhoill.

5.A luaithe a chuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint nó a dhiúltú, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin.

6.Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin d’oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe tar éis é a chur ar an eolas gur chinn an Ríocht Aontaithe údarú a eisiúint don soitheach ábhartha Aontais.

7.Ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go mbeidh údarú iascaireachta eisithe ag an mBallstát brataí agus ag an Ríocht Aontaithe araon.

8.I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

9.I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Ballstát brataí ar an eolas ar bhonn díreach go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

Airteagal 18d
Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar eisiúint na núdaruithe iascaireachta ón Ríocht Aontaithe d’oibreoirí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.”;

(1)Cuirtear Teideal IIIa isteach mar seo a leanas:

"TEIDEAL IIIa

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA NA RÍOCHTA AONTAITHE IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 38a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Teideal seo go dtí an 31 Nollaig 2019, de mhaolú ar Theideal III, maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais.

Airteagal 38b

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí na Ríochta Aontaithe

Féadfaidh soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) [2019/….]* ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2018/2025** ón gComhairle lena mbunaítear na deiseanna iascaireachta.

* Rialachán (AE) [2019/….] ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta do 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L , …, lch. ).

** Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7).

Airteagal 38c

Prionsabail ghinearálta

1.Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an túdarú sin dó ach amháin má chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.Féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint do shoithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe más amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí ag an soitheach iascaireachta arna eisiúint ag údarás na Ríochta Aontaithe;

(b)go bhfuil an soitheach iascaireachta liostaithe ag an Ríocht Aontaithe ar chlár cabhlaigh a bhfuil rochtain ag an gCoimisiún air;

(c)go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;

(d)nach náirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;

(e)nach bhfuil an Ríocht Aontaithe liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn deiseanna iascaireachta neamh-inbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012;

(f)go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Ríocht Aontaithe.

3.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear na hoibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú.

Airteagal 38d

Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.Cuirfidh an Ríocht Aontaithe chuig an Coimisiún an tiarratas nó liosta na niarratas ar údaruithe le haghaidh a cuid soitheach iascaireachta.

2.Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2).

3.Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2) á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir gan mhoill.

Airteagal 38e

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 38c(2) a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí, lena náirítear chun an túdarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir.

2.Féadfaidh an Coimisiún eisiúint údaruithe a dhiúltú nó a chur ar fionraí nó féadfaidh sé aon údarú arna eisiúint do shoitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)i gcás inar tháinig athrú ó bhonn ar chúinsí;

(a)i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí;

(b)i gcás ina bhfuil sé bunriachtanach chun iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh;

(c)i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí ar bhonn thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin de bhun Airteagal 18d;

(d)i gcás ina ndiúltaíonn an Ríocht Aontaithe údarú go míchuí nó i gcás ina ndéanann sí an túdarú sin do shoithí an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe a chúlghairm go míchuí.

3.Cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe ar an eolas láithreach i gcás ina ndéanann sé údarú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

Airteagal 38f

Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh don Ríocht Aontaithe ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don Ríocht Aontaithe agus d’údaráis chigireachta inniúla na mBallstát. D’fhonn a áirithiú go leanfar d’oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, oibríochtaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do na deiseanna ídithe freisin, iarrfaidh an Coimisiún ar an Ríocht Aontaithe bearta teicniúla a chur in iúl dó, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na noibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí sin na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.Measfar gur tarraingíodh údaruithe iascaireachta siar más rud é go mbaineann fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2 leis na hoibríochtaí uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

Airteagal 38g

Róiascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh an Ríocht Aontaithe na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí eile a leithdháileadh ar Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na nasbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i gcúinsí comhchosúla.

Airteagal 38h

Rialú agus forfheidhmiú

1.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha rialúcháin faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina noibríonn sé.

2.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d’ainmnigh sé, na sonraí arna bhfáil i gcomhréir le mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.Soitheach de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.Déanfaidh Ballstát cósta aon sárú a rinne soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe, lena náirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

Airteagal 38i

Aistrithe agus malartuithe cuótaí

1.Féadfaidh Ballstát dul i mbun plé neamhfhoirmiúil leis an Ríocht Aontaithe agus, más iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe.

2.Nuair a gheobhaidh an Coimisiún fógra ón mBallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún an taistriú cuótaí nó an malartú cuótaí comhfhreagrach a dhéanamh.

3.Cuirfidh an Coimisiún an taistriú cuótaí nó an malartú cuótaí arna chomhaontú in iúl do na Ballstáit.

4.Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar na Ballstáit lena mbaineann, nó a asbhaintear ó na cuótaí sin, ón nóiméad a mbeidh feidhm ag an aistriú cuótaí nó ag an malartú cuótaí. Ní dhéanfar aon athrú ar an eochair leithdháilte mar gheall ar leithdháileadh nó asbhaint den sórt sin chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal chobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta.”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go dtí an 31 Nollaig 2019.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás ina dtagann comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle, IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61
(2)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).    
(3)    IO C , , lch. .
(4)    Rialachán (AE) [2019/….] ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta do 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L , …, lch. )
(5)    Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7)
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(7)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(8)    Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1.).
Top