Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0621

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a úsáid ar iarratas a bheith déanta ag an bPortaingéil – EFG/2018/002 PT/Norte – Centro – Lisboa corpbheart

    COM/2018/621 final

    An Bhruiséil,10.9.2018

    COM(2018) 621 final

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a úsáid
    ar iarratas a bheith déanta ag an bPortaingéil – EFG/2018/002 PT/Norte – Centro – Lisboa corpbheart
    x0009


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.Tá na rialacha is infheidhme maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 1 (an ‘Rialachán maidir le CED’).

    2.An 24 Aibreán 2018, chuir an Phortaingéil isteach an tiarratas EGF/2018/002 PT/Norte – Centro – Lisboa corpbheart, iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca iomarcaíochtaí 2 san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán NACE 14 Athbhreithniú 2 (Monarú corpbhirt) sna réigiúin leibhéal 2 NUTS seo a leanas: Norte (PT11), Centro (PT16) agus Lisboa (PT17) na Portaingéile.

    3.Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir le forálacha uile an Rialacháin is infheidhme maidir le CED, gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.

    ACHOIMRE AR AN IARRATAS

    Iarratas ar CED

    EGF/2018/002 PT/Norte – Centro - Lisboa corpbheart

    Ballstát

    an Phortaingéil

    An réigiún/na réigiúin lena mbaineann (Leibhéal 2 NUTS 3 )

    Norte (PT11), Centro (PT16) and Lisboa (PT17)

    An dáta a cuireadh an tiarratas isteach

    24 Aibreán 2018

    An dáta a admhaíodh go bhfuarthas an tiarratas

    24 Aibreán 2018

    An dáta a iarradh faisnéis bhreise

      8 Bealtaine 2018

    An spriocdháta leis an bhfaisnéis bhreise a sholáthar

    19 Meitheamh 2018

    An spriocdháta leis an measúnú a chur i gcrích

    11 Meán Fómhair 2018

    Critéar idirghabhála

    Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED


    An líon fiontar lena mbaineann

    2

    An earnáil/na hearnálacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch

    (Rannán NACE Athbhreithniú 2) 4

    Rannán 14 - Monarú corpbhirt

    An tréimhse thagartha (naoi mí):

    1 Bealtaine 2017 – 1 Feabhra 2018

    An líon iomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha (a)

    1 161

    An líon iomlán tairbhithe incháilithe

    1 161

    An líon iomlán tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

       730

    An líon daoine óga ar a bhfuiltear ag díriú nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais nó oiliúna (NEET)

       730

    An buiséad do sheirbhísí pearsantaithe (EUR)

    7 742 160

    An buiséad le haghaidh CED 5 a chur chun feidhme (EUR)

         17 646

    Buiséad iomlán (EUR)

    7 759 806

    Ranníocaíocht ó CED (60 %) (EUR)

    4 655 883

    MEASÚNÚ AR AN IARRATAS

    Nós imeachta

    4.An 24 Aibreán 2018, chuir an Phortaingéil an tiarratas EGF/2018/002 isteach, is é sin faoi cheann 12 sheachtain ón dáta a comhlíonadh na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán maidir le CED. D’admhaigh an Coimisiún go bhfuarthas an tiarratas ar an lá céanna, agus an 8 Bealtaine 2018, d'iarr sé ar an bPortaingéil faisnéis bhreise a sholáthar. Soláthraíodh an fhaisnéis bhreise sin faoi cheann sé seachtaine ón tráth a iarradh í. An spriocdháta 12 sheachtain ón tráth a fuarthas an tiarratas comhlánaithe, tréimhse ar lena linn ba cheart don Choimisiún críoch a chur leis an measúnú ar an gcaoi a bhfuil na coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais a sholáthar á gcomhlíonadh leis an iarratas, rachaidh sé in éag an 11 Meán Fómhair 2018.

    Incháilitheacht an iarratais

    Na fiontair agus na tairbhithe lena mbaineann

    5.Baineann an tiarratas le 1 161 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch arna haicmiú faoi Rannán 14 de NACE Athbhreithniú 2 (Monarú corpbhirt). Tharla na hiomarcaíochtaí sna réigiúin leibhéal 2 NUTS, is iad sin Norte (PT11), Centro (PT16) agus Lisboa (PT17).

    Na fiontair agus an líon daoine a dífhostaíodh le linn na tréimhse tagartha

    Ricon Group

    709

    Têxtil Gramax Internacional

    452



    Líon iomlán na bhfiontar: 2

    Líon iomlán daoine a dífhostaíodh: 

    1 161

    Líon iomlán daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht: 

           0

    Líon iomlán oibrithe incháilithe agus daoine féinfhostaithe:

    1 161

    Critéir idirghabhála

    6.Chuir an Phortaingéil an tiarratas isteach faoi na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear 500 oibrí ar a laghad a bheith curtha ar iomarcaíocht le linn thréimhse thagartha naoi mí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ar leibhéal na rannán de NACE Athbhreithniú 2 agus iad lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún comhtheagmhálacha nó níos mó arna sainiú ag NUTS leibhéal 2 ar choinníoll go bhfuil níos mó ná 500 oibrí thíos leis an iomarcaíocht sa dá réigiún in aon Bhallstát amháin. Ba é 1 161 iomarcaíocht líon iomlán na niomarcaíochtaí, arna ndáileadh sna réigiúin NUTS leibhéal 2 mar a leanas: 609 niomarcaíocht in Norte (PT11), 17 in Centro (PT16) agus 535 in Lisboa (PT17).

    7.Maireann an tréimhse thagartha naoi mí don iarratas ón 1 Bealtaine 2017 go dtí an 1 Feabhra 2018.

    Iomarcaíochtaí agus deireadh le gníomhaíocht a ríomh

    8.Rinneadh na hiomarcaíochtaí ar fad a ríomh ó dháta foirceanta de facto an chonartha fostaíochta nó dáta éaga an chonartha sin.

    Tairbhithe incháilithe

    9.Is é 1 161 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe.

    An nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe

    10.Chun an nasc a bhunú idir na hiomarcaíochtaí agus mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, áitíonn an Phortaingéil go ndeachaigh earnáil an chorpbhirt trí mhórshuaitheadh eacnamaíoch, go háirithe mar gheall ar thitim i sciar margaidh an Aontais Eorpaigh nuair a tháinig deireadh leis an gComhaontú Ilsnáithíneach 6 in 2004.

    Allmhairí agus onnmhairí éadaí na 28 mBallstát (i milliúin euro)

    2004

    2005

    2006

    2007

    2008

    2009

    2010

    ALLMHAIRÍ

    49 674,5

    54 379,5

    61 409,9

    64 479,0

    65 990,0

    63 735,6

    71 169,7

    ONNMHAIRÍ

    14 929,5

    15 684,1

    17 095,7

    18 368,8

    19 159,5

    16 218,6

    17 346,2

    2011

    2012

    2013

    2014

    2015

    2016

    ALLMHAIRÍ

    77 866,3

    75 008,4

    74 830,4

    82 016,8

    90 256,8

    91 002,5

    ONNMHAIRÍ

    20 555,7

    22 857,5

    23 888,9

    24 990,4

    25 944,7

    26 149,1

    11.Idir 2004 agus 2016, tháinig méadú 83.19 % ar onnmhairí chuig 28 mBallstát an Aontais. Tháinig méadú ar allmhairí ó 28 mBallstát an Aontais le linn na tréimhse céanna, ach ar leibhéal níos lú. Tháinig méadú 75.15 % ar allmhairí éadaí in 2016 i gcomparáid le 2004. Mar thoradh air sin, tá easnamh i gcomhardú na trádála go fóill.

    12.San am i láthair, is í an tSín an soláthraí is mó ag an Aontas agus méadú 108 % ar a honnmhairí chuig 28 mBallstát an Aontais idir 2008 agus 2016, agus is iad an Bhanglaidéis agus an Tuirc faoi seach an dara agus an tríú soláthraí is mó 7 .

    13.Go dtí seo, is le hearnáil an chorpbhirt a bhain sé cinn d'iarratais CED, a raibh ceithre cinn díobh bunaithe ar dhomhandú a bhaineann le trádáil agus a raibh dhá cheann díobh bunaithe ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta 8 .

    Eachtraí as ar tháinig na hiomarcaíochtaí agus an deireadh le gníomhaíocht

    14.Leis an méadú ar onnmhairí chuig an Aontas cuireadh brú anuas ar phraghsanna, rud a raibh tionchar diúltach aige ar staid airgeadais na bhfiontar in earnáil teicstílí an Aontais agus a spreag nós ginearálta in earnáil na dteicstílí agus éadaí chun táirgeadh a athlonnú i dtíortha lasmuigh den Aontas, amhail an tSín agus tíortha éagsúla san Áis, mar a bhfuil na costais níos ísle 9 . I réigiúin Norte, Centro agus Lisboa na Portaingéile, is é a tháinig as sin síorlaghdú ar líon na noibrithe in earnáil an chorpbhirt (ó 130 000 in 2005 go dtí 90 000 in 2016) 10 .

    An tionchar a mheastar a bheidh ag na hiomarcaíochtaí ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta agus ar an bhfostaíocht

    15.In 2017, bhí an ráta dífhostaíochta i réigiúin Norte agus Lisboa araon (9.5 %) níos airde ná an meán náisiúnta (8.9 %) agus fágfaidh an líon mór daoine a briseadh as a bpost go mbeidh an scéal sin níos measa 11 .

    16.Tá an ráta dífhostaíochta in earnáil an chorpbhirt sna dúichí inar tharla na hiomarcaíochtaí níos airde ná an ráta dífhostaíochta sna réigiúin – Norte, Centro agus Lisboa – lena mbaineann siad 12 .

    RÉIGIÚN

    2017

    NORTE

    6.88

    Penafiel

    7.13

    CENTRO

    4.66

    Coimbra

    5.60

    LISBOA

    5.18

    Lisboa (limistéar)

    7.39

    Dá bhrí sin, bhí tionchar mór ag an líon daoine a dífhostaíodh ar an staid ina raibh na margaí saothair áitiúla 13 .

    17.Tá breis agus 20 % de na hoibrithe a rabhthas ag díriú orthu os cionn 55 bliana d'aois agus mná is ea 88 % díobh sin.

    18.An tionchar a mheastar a bheidh ann, tá sé nasctha leis na deacrachtaí a bhaineann le hath-imlonnú oibrithe atá ar bheagán scileanna. Daoine ar bheagán scileanna is ea formhór na noibrithe a dífhostaíodh (níl meánoideachas sinsearach ar 78 % díobh). Léiríonn sonraí maidir leis an tréimhse idir 2014 agus 2017 go mbíonn ráta dífhostaíochta níos ísle i measc daoine ar leibhéal níos airde oideachais ná an ráta dífhostaíochta ar an iomlán (6.5 % i gcomparáid le 8.9 % in 2017 mar shampla). Os a choinne sin, de ghnáth bíonn ráta dífhostaíochta atá níos airde ná an ráta náisiúnta dífhostaíochta (gach leibhéal oideachais san áireamh) i measc daoine atá ar bheagán oideachais nó atá gan oideachas.

    Ráta dífhostaíochta de réir an leibhéil oideachais 14

    Gan oideachas

    Bunoideachas

    Meánoideachas

    agus iar-mheánoideachas

    Tríú leibhéal

    Iomlán

    2017

    11.1 %

    9.5 %

    9.9 %

    6.5 %

    8.9 %

    2016

    13.1 %

    11.8 %

    12.2 %

    8.4 %

    11.1 %

    2015

    13.2 %

    13.3 %

    13.9 %

    9.2 %

    12.4 %

    2014

    13.9 %

    15 %

    15.3 %

    10 %

    13.9 %

    Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú agus na bearta atá beartaithe

    Na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

    19.Meastar gurb é 730 duine an líon oibrithe iomarcacha a ghlacfaidh páirt sna bearta. Is mar seo a leanas atá an miondealú a rinneadh ar na hoibrithe sin de réir gnéis, saorántachta agus aoisghrúpa:

    Catagóir

    Líon
    tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú

    Gnéas:

    Fir:

    83

    (11.37 %)

    Mná:

     647

    (88.63 %)

    Saoránacht:

    saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh:

    730

    (100.00 %)

    daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad:

     0

    (0.00 %)

    Aoisghrúpa:

    15-24 bliana:

     12

    (1.64 %)

    25-29 bliana:

     21

    (2.88 %)

    30-54 bliana:

    547

    (74.93 %)

    55-64 bliana:

     150

    (20.55 %)

    os cionn 64 bliana:

     0

    (0.00 %)

    20.Ina theannta sin, déanfaidh an Phortaingéil seirbhísí pearsantaithe atá cómhaoinithe ag CED a sholáthar do suas le 730 duine óg faoi bhun 30 bliana d’aois nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó faoi oiliúint (NEETanna) tráth a chuirtear an tiarratas isteach, ó tharla gur i réigiúin leibhéal 2 NUTS Norte (PT11), Centro (PT16) agus Lisboa (PT17) atá 1 161 de na hiomarcaíochtaí dá dtagraítear i mír 9, réigiúin ina raibh ráta dífhostaíochta 20 % ar a laghad i measc daoine óga atá idir 15 agus 24 bliana d'aois, bunaithe ar na sonraí bliantúla atá ar fáil maidir le 2017.

    21.Dá bhrí sin, meastar gurb é 1 460 duine líon iomlán na noibrithe iomarcacha, lena náirítear NEETanna, a ghlacfaidh páirt sna bearta.

    Incháilitheacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe

    22.Is iad na gníomhaíochtaí seo a leanas na seirbhísí pearsantaithe a sholáthrófar d'oibrithe iomarcacha agus d'oibrithe NEET:

    Oiliúint agus athoiliúint. Áirítear leis sin tréimhsí oiliúna, gairmoiliúint agus oiliúint leanúnach agus pleananna lánpháirtíochta atá dírithe ar oibrithe agus NEETanna. Ceapadh na gníomhaíochtaí chun an tairiscint a mheaitseáil le héileamh an mhargaidh saothair agus chun cabhrú leis na rannpháirtithe a gcuid scileanna a fhorbairt.

    Fiontraíocht a chur chun cinn. Leis an mbeart seo cuirfear deontas ar fáil do na rannpháirtithe chun féinfhostaíocht agus oiliúint d'fhiontraithe a chur chun cinn agus an deis a thabhairt bheith páirteach i ngorlann le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta a fhaigheann tacaíocht ó Sheirbhís Phoiblí Fostaíochta na Portaingéile (IEFP).

    Liúntais. Áirítear orthu sin: 1) liúntais oiliúna chun costais a thabhaítear a chumhdach don chuardaitheoir poist nó do NEET, le linn a chuid oiliúna; 2) liúntais soghluaisteachta chun costas an taistil idir an áit chónaithe agus an áit ina bhfuil na gníomhaíochtaí oiliúna ar siúl a chúiteamh; 3) liúntais béilí a chuideoidh le rannpháirtithe a gcostais a chumhdach má bhíonn orthu ithe i mbialann.

    23.Na gníomhaíochtaí atá beartaithe, a bhfuil tuairisc orthu anseo, is bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair iad laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán maidir le CED. Ní chuirfear na gníomhaíochtaí sin in ionad bearta éighníomhacha cosanta sóisialta.

    24.Sholáthair an Phortaingéil an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach don fhiontar lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh sí nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.

    Buiséad measta

    25.Is é EUR 7 759 806 na costais mheasta iomlána, lena gcuimsítear caiteachas EUR 7 742 160 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 17 646 ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe.

    26.Is é EUR 4 655 883 (60 % de na costais iomlána) an ranníocaíocht airgeadais iomlán a iarradh ar CED.

    Gníomhaíochtaí

    An líon measta rannpháirtithe

    An costas measta in aghaidh an rannpháirtí
    (EUR) *

    Costais mheasta iomlána

    (EUR)**

    Seirbhísí pearsantaithe (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(a) agus (c) den Rialachán maidir le CED)

    Oiliúint agus ath-oiliúint (Estágios Profissionais/Cursos de Formação Profissional/Plano de Integração)

    1 571***

    3 147 

    4 943 633 

    Fiontraíocht a chur chun cinn (Bolsa de criação de emprego por conta própria/Formação em empreendedorismo/Possibilidade de integração do Ninho de Empresas do IEFP)

    30

    15 000 

    450 000 

    Fo-iomlán (a):

    An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe

    5 393 633 

    (69.67 %)

    Liúntais agus dreasachtaí (Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED)

    Liúntais le haghaidh oiliúna, soghluaisteachta agus béilí (Bolsa de formação, transporte e alimentação) 

    861

    2 728 

    2 348 527

    Fo-iomlán (b):

    An céatadán den phacáiste de sheirbhísí pearsantaithe:

    2 348 527 

    (30.33 %)

    Gníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(4) den Rialachán maidir le CED

    1. Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

    0,00

    2. Bainistíocht

    15 236 

    3. Faisnéis agus poiblíocht

    0,00

    4. Rialú agus tuairisciú

    2 410 

    Fo-iomlán (c):

    An céatadán de na costais iomlána:

    17 646 

    (0.23 %)

    Costais iomlána (a + b + c):

    7 759 806 

    Ranníocaíocht ó CED (60 % de na costais iomlána)

    4 655 883 

       * Chun deachúlacha a sheachaint, slánaítear na meánchostais mheasta in aghaidh an rannpháirtí. Mar sin féin, ní dhéanann an slánú aon difear do chostas iomlán gach birt atá fágtha dála an iarratais a chuir an Phortaingéil isteach.

    ** Mar gheall ar shlánú, ní réitíonn na suimeanna iomlána le chéile.

    *** Tá líon na rannpháirtithe níos airde ná líon iomlán measta na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú ó tharla go nglacann rannpháirtithe áirithe páirt i níos mó ná aon ghníomhaíocht oiliúna amháin.

    27.Costais na ngníomhaíochtaí atá sainaitheanta sa tábla thuas mar ghníomhaíochtaí faoi Airteagal 7(1)(b) den Rialachán maidir le CED, ní sháróidh siad 35 % de na costais iomlána don phacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe. Dheimhnigh an Phortaingéil go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cuardach poist nó le hoiliúint.

    28.Dheimhnigh an Phortaingéil nach nimeoidh costais na ninfheistíochtaí le haghaidh féinfhostaíochta, gnólachtaí nuathionscanta agus táthcheangail ag fostaithe thar EUR 15 000 in aghaidh an tairbhí.

    Tréimhse incháilitheachta caiteachais

    29.An 1 Meitheamh 2018, chuir an Phortaingéil tús leis na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar na gníomhaíochtaí incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Meitheamh 2018 go dtí an 1 Meitheamh 2020.

    30.An 1 Meitheamh 2018, thosaigh an Phortaingéil ag tabhú an chaiteachais riaracháin chun CED a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, beidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Meitheamh 2018 go dtí an 1 Nollaig 2020.

    Comhlántacht maidir le gníomhaíochtaí atá á maoiniú ó chistí náisiúnta nó ó chistí an Aontais

    31.Is í Seirbhís Phoiblí Fostaíochta na Portaingéile (IEFP) an fhoinse réamh-mhaoinithe náisiúnta nó comhaoinithe náisiúnta.

    32.Maidir leis na bearta a bhfuil tuairisc orthu thuas agus atá ag fáil ranníocaíocht airgeadais ó CED, dheimhnigh an Phortaingéil nach bhfaighidís ranníocaíochtaí airgeadais freisin ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais.

    Nósanna imeachta maidir le dul i gcomhairle leis na tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú nó lena nionadaithe nó leis na comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha

    33.Tá sé tugtha le fios ag an bPortaingéil gur dréachtaíodh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le meitheal ina raibh an tSeirbhís Phoiblí Fostaíochta, ionadaithe na gcomharchumann, an Institiúid Slándála Sóisialta agus an tÚdarás um Dhálaí Oibre.

    Córais bhainistíochta agus rialaithe

    34.Déantar tuairisc san iarratas ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe lena sonraítear freagrachtaí na gcomhlachtaí lena mbaineann. Chuir an Phortaingéil in iúl don Choimisiún go ndéanfaidh na comhlachtaí céanna atá freagrach as Ciste Sóisialta na hEorpa an ranníocaíocht airgeadais a bhainistiú agus a rialú.

    Na gealltanais a thug an Ballstát lena mbaineann

    35.Thug an Phortaingéil na dearbhuithe go léir a theastaíonn maidir leis na nithe seo a leanas:

    cloífear leis na prionsabail um chóir chomhionann agus neamh-idirdhealú maidir leis an rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin,

    comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais maidir le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna,

    ní bhfaighidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe tacaíocht airgeadais ó chistí eile nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus coiscfear aon mhaoiniú dúbailte,

    beidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag teacht le gníomhaíochtaí a mhaoinítear leis na Cistí Struchtúracha,

    cloífidh an ranníocaíocht airgeadais ó CED le rialacha nós imeachta agus rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

    IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Togra buiséadach

    36.Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 15 .

    37.Tar éis dó an tiarratas a scrúdú i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1) den Rialachán maidir le CED, agus tar éis dó an líon tairbhithe ar a bhfuiltear ag díriú, na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na costais mheasta a chur san áireamh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 4 655 883 ó CED a úsáid, suim arb ionann í agus 60 % de chostais iomlána na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don iarratas.

    38.Maidir le CED a úsáid, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhpháirt le chéile a dhéanfaidh an cinneadh atá beartaithe, mar a leagtar síos i bpointe 13 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais 16 .

    Gníomhartha gaolmhara

    39.An tráth céanna a thíolacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a úsáid, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le haghaidh EUR 4 655 883 a aistriú chuig an líne bhuiséadach iomchuí.

    40.An tráth céanna a ghlacfaidh sé an togra seo le haghaidh cinneadh maidir le CED a úsáid, glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ranníocaíocht airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a thiocfaidh i bhfeidhm ar an dáta a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh atá beartaithe maidir le CED a úsáid.

    Togra le haghaidh

    CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a úsáid
    ar iarratas a bheith déanta ag an bPortaingéil – EFG/2018/002 PT/Norte – Centro – Lisboa corpbheart
       

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 17 , agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

    Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais 18 , agus go háirithe pointe 13 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d'oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-lánpháirtiú na noibrithe sin sa mhargadh saothair.

    (2)Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011) mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle 19 .

    (3)An 24 Aibreán 2018, rinne an Phortaingéil iarratas a thíolacadh ar CED a úsáid i ndáil le hiomarcaíochtaí san earnáil eacnamaíoch arna haicmiú faoi aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (‘NACE’) athbhreithniú 2 Rannán 14 (monarú corpbhirt) in ainmníocht chomhchoiteann na naonad críche maidir le staidreamh réigiúin (‘NUTS’) 20 leibhéal 2 Norte (PT11), Centro (PT16) agus Lisboa (PT17) na Portaingéile. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

    (4)I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, chinn an Phortaingéil seirbhísí pearsanaithe a sholáthar do 730 duine óg nach bhfuil fostaithe, in oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna), seirbhísí a bheidh cómhaoinithe ag CED.

    (5)Dá bhrí sin, ba cheart úsáid a bhaint as CED chun ranníocaíocht airgeadais EUR 4 655 883 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Phortaingéil isteach.

    (6)Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun EUR 4 655 883 a sholáthar mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus mar leithreasuithe íocaíochta.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [the date of its adoption]*.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    IO L 347, 20.12.2013, Lch. 855.
    (2)    De réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán maidir le CED.
    (3)    Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na naonad críche le haghaidh staidreamh (NUTS) a bhunú i dtaca le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
    (4)    IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.
    (5)    I gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
    (6)    Tháinig an Comhaontú Ilsnáithíneach i bhfeidhm in 1974 agus chuaigh sé in éag in 2004.     https://www.odi.org/sites/odi.org.uk/files/odi-assets/publications-opinion-files/6604.pdf https://www.wto.org/english/tratop_e/texti_e/texintro_e.htm#MFA
    (7)    Idir 2008 agus 2016, tháinig méadú 314 % agus 119% ar allmhairí ón mBanglaidéis agus ón Tuirc faoi seach. http://epp.eurostat.ec.europa.eu/newxtweb/
    (8)    Bunaithe ar dhomhandú a bhaineann le trádáil: EGF/2018/002 PT (cás ábhartha an togra seo le haghaidh cinnidh), chomh maith le, EGF/2007/008 MT/Teicstílí, COM(2008) 94, EGF/2010/003 ES/an Ghailís teicstílí, COM(2010) 437 agus EGF/2017/006 ES/an Ghailís corpbheart, COM(2017) 686. Bunaithe ar an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta: EGF/2009/018 LT/Corpbheart, COM(2010) 56 agus EGF/2010/014 SI/Mura, COM(2010) 582.
    (9)    Foinse: Cointega, cnuasach teicstílí na Gailíse (www.cointega.com)
    (10)     http://epp.eurostat.ec.europa.eu/newxtweb/-EUROSTAT : staidreamh struchtúrach faoi ghnólachtaí (SBS) Staidreamh mionsonraithe bliantúil faoi fhiontair
    (11)     https://www.ine.pt/xportal/xmain?xpid=INE&xpgid=ine_indicadores&indOcorrCod=0006186&contexto=bd&selTab=tab2
    (12)    IEFP, IP - Direção de Serviços de Estudos, Planeamento e Controlo de Gestão     https://www.iefp.pt/documents/10181/6814977/SIE+-+Desemprego+registado+por+concelhos+dezembro+2017.pdf/ab672c06-ce47-42c4-af0a-8d4c1ac62003 https://www.ine.pt/xportal/xmain?xpid=INE&xpgid=ine_indicadores&indOcorrCod=0008273&contexto=bd&selTab=tab2
    (13)     https://www.iefp.pt/documents/10181/7971477/Informa%C3%A7%C3%A3o+Mensal+janeiro+2018.pdf/bea9ab6a-899c-4e92-a63b-5f2d12b5d259     https://www.iefp.pt/documents/10181/6817457/Informa%C3%A7%C3%A3o+Mensal+dezembro+2017.pdf/31a5727c-fd90-47f0-8e7c-8fc087d5e18b https://www.iefp.pt/documents/10181/5565497/Informa%C3%A7%C3%A3o+Mensal+dezembro+2016.pdf/663d49b3-2cbe-4869-9f7c-4856af399891 https://www.iefp.pt/documents/10181/3943898/Informa%C3%A7%C3%A3o+Mensal+dezembro+2015.pdf/ff648dba-07db-4853-aced-ae4a44ceed61
    (14)     https://www.pordata.pt/Portugal/Taxa+de+desemprego+total+e+por+n%C3%ADvel+de+escolaridade+completo+(percentagem)-1009
    (15)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
    (16)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
    (17)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
    (18)    IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
    (19)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
    (20)    Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann na naonad críche le haghaidh staidreamh (NUTS) a bhunú i dtaca le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
    Top