AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.6.2018
COM(2018) 498 final
2018/0265(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é is cuspóir don togra seo an méid acmhainní atá ar fáil le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 91(1) agus Airteagal 92(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus an miondealú bliantúil ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (oibleagáidí) a léirítear in Iarscríbhinn VI, a chur in oiriúint d’fhonn athruithe sa chláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) a chur san áireamh. Go sonrach, i gcomhréir leis an mbuiséad a glacadh maidir le 2018, ba cheart EUR 116.7 milliún a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don leithdháileadh sonrach ar TFAO, rud a d’fhágfadh go mbeadh EUR 350 milliún ann ar an iomlán in 2018. Rinneadh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a choigeartú chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh.
Lena chois sin, is gá roinnt earráidí a cheartú maidir leis na méideanna agus na céatadáin a bhaineann leis na hacmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leagtar amach i bpointe (2)(a) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2017/2305, lena leasaítear Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Is de thoradh chinneadh buiséadach 2018 atá ann don togra seo.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile a ghlac an Coimisiún Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Cuireadh tús-ualú na nacmhainní don leithdháileadh sonrach ar an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) i mbuiséad 2018 san áireamh san athbhreithniú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Ní théann an togra thar na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an rialachán atá ann faoi láthair.
Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann faoin gcreat dlíthiúil agus tá sé den tuairim gur gá Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní dhearnadh aon mheastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní raibh aon chomhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha ann.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.
•Measúnú tionchair
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní tionscnamh faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) an clár seo.
•Cearta bunúsacha
Níl aon impleachtaí ag an togra seo do chosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Tá athrú ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas toisc tús-ualú a bheith déanta ar an leithdháileadh sonrach ar TFAO. Ba cheart EUR 116.7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2018 agus ba cheart an tsuim chéanna a dhealú de leithreasuithe 2020.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)
Neamhbhainteach.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is é is cuspóir don togra seo an méid acmhainní atá ar fáil le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 91(1) agus Airteagal 92(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus an miondealú bliantúil ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a léirítear in Iarscríbhinn VI, a chur in oiriúint d’fhonn athruithe sa chláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) a chur san áireamh. Go sonrach, i gcomhréir leis an mbuiséad a glacadh maidir le 2018, ba cheart EUR 116.7 milliún a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don leithdháileadh sonrach ar TFAO, rud a d’fhágfadh go mbeadh EUR 350 milliún ann ar an iomlán in 2018. Rinneadh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a choigeartú chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh.
Lena chois sin, is gá roinnt earráidí a cheartú maidir leis na méideanna agus na céatadáin a bhaineann leis na hacmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leagtar amach i bpointe (2)(a) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2017/2305, lena leasaítear Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
Seo a leanas atá in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2305:
“1. Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,09 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., EUR 317 103 114 309 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:
(a) 48,64 % (i.e., EUR 160 498 028 177 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;
(b) 10,19 % (i.e., EUR 33 621 675 154 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;
(c) 15,43 % (i.e., EUR 50 914 723 304 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;
(d) 20,01 % (i.e., EUR 66 029 882 135 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;
(e) 0,42 % (i.e., EUR 1 378 882 914 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”;
Is é seo a leanas ba cheart a bheith san fhoráil sin agus ba cheart í a cheartú, dá bhrí sin:
“1. Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96,09 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., EUR 317 073 545 392 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:
(a) 51,52 % (i.e., EUR 163 359 380 738 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;
(b) 10,82 % (i.e., EUR 34 319 221 039 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;
(c) 16,33 % (i.e., EUR 51 773 321 432 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;
(d) 20,89 % (i.e., EUR 66 236 030 665 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;
(e) 0,44 % (i.e., EUR 1 385 591 518 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”
2018/0265 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na rialacha coiteanna agus ginearálta is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.
(2)Le Rialachán (AE) 2017/2305 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, mar aon le rialacháin eile, a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní a leithdháiltear le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.
(3)Le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir leis an mbliain airgeadais 2018, leasaíodh an cláreagrú airgeadais maidir leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (‘TFAO’) trí EUR 116.7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (oibleagáidí) maidir leis an leithdháileadh sonrach do TFAO agus méid foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do TFAO don bhliain 2018 a ardú go EUR 350 milliún i bpraghsanna reatha.
(4)Is gá méid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don bhliain 2020 a ísliú dá réir chun an tús-ualú ar 2018 a chur san áireamh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú dá réir sin.
(5)Nuair a rinneadh Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leasú le Rialachán (AE) 2017/2305, bhí sonraí airgeadais áirithe a leagtar amach in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/2305 mícheart. Ba cheart na sonraí cearta a chur in ionad na sonraí airgeadais sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a cheartú dá réir sin.
(6)I bhfianaise cé chomh práinneach agus atá sé na cláir a thacaíonn le TFAO a leasú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:
(1)in Airteagal 91, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Is EUR 329 982 345 366, i bpraghsanna 2011, a bheidh sna hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2014 – 2020, i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, arb ionann EUR 325 938 694 233 de agus na hacmhainní foriomlána arna leithdháileadh ar CFRE, ar CSE agus ar an gCiste Comhtháthaithe agus arb ionann EUR 4 043 651 133 de agus leithdháileadh sonrach do TFAO. Ar mhaithe lena gcláreagrú agus lena gcuimsiú ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, déanfar méid na nacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a innéacsú de réir 2 % in aghaidh na bliana.”;
(2)in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Is é a bheidh sna hacmhainní do TFAO EUR 4 043 651 133 ón leithdháileadh sonrach i leith TFAO agus EUR 4 043 651 133 ar a laghad ó infheistíocht spriocdhírithe CSE.”;
(3)Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI.
Airteagal 2
Ceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:
in Airteagal 92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1. Is é a bheidh sna hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 96.09 % de na hacmhainní foriomlána (is é sin le rá, EUR 317 073 545 392 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:
(a) 51.52 % (is é sin le rá, EUR 163 359 380 738 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;
(b) 10.82 % (is é sin le rá, EUR 34 319 221 039 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;
(c) 16.33 % (is é sin le rá, EUR 51 773 321 432 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;
(d) 20.89 % (is é sin le rá, EUR 66 236 030 665 ar an iomlán) le haghaidh Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;
(e) 0.44 % (is é sin le rá, EUR 1 385 591 518 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.”.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
1.4.Cuspóirí
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní le haghaidh sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB
4 Fostaíocht, gnóthaí sóisialta agus cuimsiú
04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)
13 Beartas réigiúnach agus uirbeach
13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 63 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus is lú daonra – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 64 01 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh
13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
1.3.An cineál togra/tionscnaimh
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
⌧ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Cuspóir sonrach Uimh.
Neamhbhainteach
Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
Neamhbhainteach
1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
1.4.4.Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma
1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann
1.6.Fad agus tionchar airgeadais
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta
–⌧
Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 01/01/2017 go dtí an 31/12/2023
–⌧
Tionchar airgeadais ó 2017 go 2020
◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
⌧ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí phoiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.
Nótaí
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.Na rioscaí a aithníodh
2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm
2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
[Ceannteideal………………………...……………]
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
1 Fás cliste agus cuimsitheach
|
04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)
13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 63 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus is lú daonra – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 64 01 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh
13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á niarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
[Ceannteideal………………………...……………]
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
Ba cheart EUR 116.7 milliún i bpraghsanna reatha a chur leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas maidir leis an leithdháileadh sonrach ar TFAO don bhliain 2018 agus ba cheart an tsuim chéanna a dhealú de leithreasuithe 2020. Rinneadh na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a choigeartú dá réir.
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR i bpraghsanna reatha
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
1
|
Fás Cliste agus Cuimsitheach
|
Ard-Stiúrthóireacht: EMPL, REGIO
|
|
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
IOMLÁN
|
•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
1b: Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe
|
Gealltanais
04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)
13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
|
(1)
|
|
|
|
237 320 881
251 466 089
87 329 881
500 000 000
237 320 880
251 466 089
87 329 881
-26 071 285
|
242 067 299
256 495 412
89 076 479
350 000 000
242 067 299
256 495 411
89 076 479
-26 592 711
|
246 908 645
261 625 320
90 858 008
233 333 333
246 908 645
261 625 320
90 858 009
-27 124 565
|
251 846 817
266 857 826
92 675 169
116 666 667
251 846 645
266 857 826
92 675 168
-27 667 056
|
978 143 642
1 036 444 647
359 939 537
1 200 000 000
978 143 469
1 036 444 646
359 939 537
-107 455 617
|
|
Íocaíochtaí
04 02 60 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 61 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 62 – Ciste Sóisialta na hEorpa – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
04 02 64 – An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO)
13 03 60 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin bheagfhorbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 61 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin trasdula – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 62 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Réigiúin níos forbartha – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 63 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí agus is lú daonra – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
13 03 64 01 – Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh
13 04 60 – An Ciste Comhtháthaithe – Sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post
|
(2)
|
|
|
|
85 000.000
|
25 285 013
26 792 094
9 304 437
329 000 000
25 285 013
26 792 094
9 304 437
-2 777 728
|
50 887 923
53 921 033
18 725 854
231 000 000
50 887 923
53 921 033
18 725 854
-5 590 378
|
108 495 693
114 962 440
39 924 494
175 000 000
108 495 693
114 962 440
39 924 493
-11 918 977
|
184 668 629
195 675 567
67 954 785
820 000 000
184 668 629
195 675 567
67 954 785
-20 287 083
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Neamhbhainteach
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair Ard-StiúrthóireachtEMPL, REGIO
|
Gealltanais
|
=1+1a +3
|
|
|
|
1 626 162 416
|
1 498 685 668
|
1 404 992 715
|
1 311 759 062
|
5 841 599 861
|
|
Íocaíochtaí
|
=2+2a
+3
|
|
|
|
85 000 000
|
448 985 360
|
472 479 242
|
689 846 276
|
1 696 310 879
|
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0
|
|
|
|
|
|
|
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
(6)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0
|
|
|
|
|
|
|
0
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0
|
|
|
|
|
|
|
0
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
5
|
“Caiteachas riaracháin”
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
Ard-Stiúrthóireacht: <…….>
|
•Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
•Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Leithreasuithe gealltanais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
ASCHUIR
|
|
Saghas
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 ...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
COSTAS IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
3.2.3.1.Achoimre
–⌧
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
CEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–⌧
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
|
XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 01 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
|
XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 04 yy
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
XX 01 05 02 (CA, SNE, INT - taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
10 01 05 02 (CA, INT, SNE - taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
|
Pearsanra seachtrach
|
|
3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
–⌧
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
–◻
Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
–◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.
–Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–⌧
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
ar acmhainní dílse
ar ioncam ilghnéitheach
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam ilghnéitheach atá “sannta”, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.