Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
Measúnú tionchair ar an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le hearraí
|
A. An gá atá le beart
|
Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?
|
Baineadh de thátal as an Meastóireacht nach bhfuil aitheantas frithpháirteach ag feidhmiú mar ba cheart, de cheal feasachta, de bharr éiginnteacht dhlíthiúil agus de cheal cumarsáid agus comhar éifeachtach i measc páirtithe leasmhara. Ní bhaineann oibreoirí eacnamaíocha leas iomlán as na cearta atá acu faoi láthair. Cailleann údaráis náisiúnta am agus acmhainní. Bíonn praghsanna níos airde le híoc ag tomhaltóirí agus is lú an rogha a bhíonn acu. Mura ndéanfar beart ar leibhéal an Aontais, meastar go mbeidh an fhadhb gan réiteach go fóill.
|
Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?
|
Cé nach féidir na buntáistí a bhfuil coinne leo a mheas go cruinn, i staidéar a rinneadh le déanaí ar "Costais neamh-Eorpa sa Mhargadh Aonair", léirítear go bhféadfadh sé go dtiocfadh as laghdú ar bhacainní trádála méadú breis is EUR 100 billiún in aghaidh na bliana ar luach na trádála laistigh den Aontas. Is leithne coincheap na mbacainní trádála sa staidéar sin ná an t-aitheantas frithpháirteach amháin, ach tugtar meastachán ann ar na buntáistí a bhfuil coinne leo.
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais?
|
Ach sraith choiteann rialacha a bheith ann, ráthaítear cóir chomhionann agus féadtar an t-aitheantas frithpháirteach a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Dá ngníomhódh na Ballstáit astu féin agus 28 nós imeachta náisiúnta dhifriúla á gcur i bhfeidhm, a d'fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile, ní bheadh an prionsabal á chur i bhfeidhm a thuilleadh .
|
B. Réitigh
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Cén fáth?
|
Is iad seo a leanas na roghanna beartais a ndearnadh measúnú orthu:
·Rogha 2 – Reachtaíocht bhog
·Rogha 3 – Athruithe reachtacha íosta
·Rogha 4 – Reachtaíocht chuimsitheach
·Rogha 5 – Réamhúdarú deonach roimh chur ar an margadh
Is é rogha 4 rogha na tosaíochta, arna comhlánú ag rogha 2.
|
Na páirtithe leasmhara éagsúla agus na bearta is rogha leo
|
Thacaigh gach páirtí leasmhar le rogha 2, ach í a chomhlánú le huirlisí eile.
Mheas gach páirtí leasmhar go bhféadfadh rogha 3 a bheith éifeachtach, ach ar bhonn níos lú ná roghanna eile.
Mheas gach páirtí leasmhar gurb í rogha 4 an ceann is éifeachtaí.
Bhí comhdhearcadh ann i gcoinne rogha 5.
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
Cad iad buntáistí na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?
|
Maidir le rogha 4 agus rogha 2 le chéile, cuirfear leis an bhfeasacht agus an eolas ar aitheantas frithpháirteach, agus bunófar deimhneacht dhlíthiúil i ndáil le cur i bhfeidhm an phrionsabail agus feabhsófar an comhar riaracháin idir na Ballstáit.
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta (más ann di; murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
Is beag costas atá i gceist do chuideachtaí. Iompróidh na Ballstáit agus an Coimisiún costais riaracháin riachtanacha áirithe, arna meas mar seo a leanas: imeachtaí feasachta agus oiliúna a eagrú agus a chomhordú (EUR 500 000), scéim um malartú oifigeach (EUR 170 000 in aghaidh na bliana), an nós imeachta achomhairc mhear (3-4 FTE de chuid an Choimisiúin, EUR 225 000-300 000 in aghaidh na bliana), comhar riaracháin méadaithe (EUR 1 200 000 in aghaidh na bliana).
|
Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?
|
Imreoidh an tionscnamh tionchar dearfach ar mhicrifhiontair agus ar FBManna agus ní thabhóidh siad aon chostais bhreise.
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta ?
|
D'fhéadfadh sé go n-imreofaí tionchar ar Phointí Teagmhála do Tháirgí toisc go mbeidh acmhainní iomchuí ag teastáil i gcomhair na gcúraimí a leagfar orthu.
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
Beidh deiseanna margaidh níos mó le tapú ag cuideachtaí, go háirithe i gcás cuideachtaí nuálacha.
|
D. Iarobair
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
Thuairisceodh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an rialacháin nua agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.
|