EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52017PC0424

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

COM/2017/0424 final - 2017/0190 (COD)

An Bhruiséil,11.8.2017

COM(2017) 424 final

2017/0190(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 1 tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, mar a thugtar uirthi, i.e. an oibleagáid fhorásach gach gabháil de stoic éisc atá faoi bhun na dteorainneacha gabhála nó faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a thabhairt i dtír. I bprionsabal, déanfar mionsonraí chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a shainmhíniú mar chuid de phleananna bainistíochta ilbhliantúla réigiúnacha a ghlacfar trí bhíthin na comhchinnteoireachta. Mar sin féin, ós rud é gur measadh go dtógfadh sé roinnt ama pleananna ilbhliantúla a ghlacadh, foráladh le Rialachán Uimh. 1380/2013, mar réiteach sealadach, maidir le gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacadh lena mbunaítear pleananna aischuir arna múnlú trí mholadh comhpháirteach ó na Ballstáit i gceist ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana. D'fhéadfadh forálacha maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear cheana leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a bheith sna pleananna aischuir, nó uaireanta leis an oibleagáid sin a thabhairt isteach roimh an sprioc-am a bheartaítear le Rialachán Uimh. 1380/2013, lena bhforáiltear i measc nithe eile maidir le díolúintí de minimis agus ardmharthanais, forálacha maidir le gabhálacha a dhoiciméadú agus i gcás inarb iomchuí, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú.

Tháinig na chéad rialacháin tharmligthe ón gCoimisiún lena mbunaítear pleananna aischuir i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015 agus rachaidh siad in éag ag deireadh 2017. Nuair a bheidh an tréimhse thosaigh trí bliana istigh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún le Rialachán Uimh. 1380/2013 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh nach mbeidh iontu ach díolúintí de minimis toisc gur cheart, i bprionsabal, na pleananna ilbhliantúla a úsáid chun an cuspóir saothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí a bhaint amach lena léirítear sainiúlachtaí na niascach éagsúil agus ba cheart a bheith iontu an cumhachtú a theastaíonn chun gníomhartha tarmligthe lena náirítear na solúbthachtaí eile is gá chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go rianúil.

Níl i bhfeidhm go dtí seo ach an plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt 2 , ach tá dhá thogra ón gCoimisiún le haghaidh plean ilbhliantúil maidir le stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus maidir le stoic pheiligeacha beaga i Muir Aidriad á gcaibidliú faoi láthair ag na comhreachtóirí 3 . Ina fhianaise sin, is gá cumhachtú an Choimisiúin chun pleananna aischuir a ghlacadh a shocrú go ceann tréimhse iomlán eile nach faide ná trí bliana chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá nasc idir an togra seo agus foráil bhunúsach de chuid an Chomhbheartais Iascaigh athchóirithe, mar atá an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Tá sé beartaithe a cur chun feidhme rianúil a éascú, trína chumhachtú don Choimisiún na solúbthachtaí is gá a ghlacadh le gníomh tarmligthe, fad agus nach mbeidh pleananna ilbhliantúla réigiúnacha arna nglacadh trí bhíthin comhchinnteoireachta i bhfeidhm.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Trí rannchuidiú le cur chun feidhme rianúil na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, rud atá beartaithe an roghnaíocht a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, rannchuideoidh an togra leis an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil, ar príomhchuspóirí iad de roinnt mhaith beartas de chuid an Aontais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí leis an togra Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá réir a fhéadann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha a ghlacadh is gá chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.

Coimhdeacht (do inniúlacht neamheisiatach)

Neamhbhainteach, toisc go dtagann an togra seo faoi chuimsiú inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Comhréireacht

Níl d'aidhm ag an togra seo ach síneadh breise trí bliana a chur le cumhachtú an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunaítear pleananna aischuir, i ngeall ar an moill a bhaineann le pleananna ilbhliantúla a ghlacadh. Is gá agus is iomchuí an síneadh ama sin chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go rianúil. I bhfianaise an fhráma ama dhocht, ní mhúsclaítear aon saincheisteanna faoi chomhréireacht.

An rogha ionstraime

Is le Rialachán arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, agus leis sin amháin, is féidir rialachán a leasú arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle tríd an ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhréir le hAirteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Níl sa mhéid seo ach síneadh sealadach le cumhachtú an Choimisiúin pleananna aischuir a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe go dtí go gcuirfear i bhfeidhm pleananna ilbhliantúla lena gcumhdófar ina theannta sin cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír ar leibhéal an imchuach farraige agus de réir speiceas i gcomhréir le hAirteagal 10(1)a de Rialachán Uimh. 1380/2013. Dá bharr sin ní gá meastóireacht a dhéanamh ar an gComhbheartas Iascaigh athchóirithe ina iomláine.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Cé nach ndearnadh aon chomhairliúchán foirmiúil toisc a phráinní atá an cheist, tá roinnt litreacha faighte ag an gCoimisiún ó údaráis náisiúnta agus ó pháirtithe leasmhara ina léirítear a nábhar imní nach ann faoi láthair don chumhachtú athnuachan a dhéanamh ar na pleananna aischuir a rachaidh in éag ag deireadh na bliana seo.

Is aistriú paraidíme tábhachtach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus, dá réir sin, is dúshlán mór don earnáil í a cur chun feidhme. I bhfianaise an méid sin, ní mór a áirithiú go bhféadfar na solúbthachtaí is gá a chur i bhfeidhm chun céimniú isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú.

Rinneadh comhairliúchán forleathan leis an bpobal agus le saineolaithe sular glacadh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh athchóirithe, lena náirítear na forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

Bailiú agus úsáid saineolais

N/B

Níl sa mhéid seo ach síneadh sealadach le cumhachtú an Choimisiúin pleananna aischuir a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe go dtí go gcuirfear i bhfeidhm pleananna ilbhliantúla lena gcumhdaítear cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír ar leibhéal an imchuach farraige. Rinneadh comhairliúchán forleathan leis an bpobal agus le saineolaithe sular glacadh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh athchóirithe, lena náirítear na forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

Measúnú tionchair

N/B

Níl sa mhéid seo ach síneadh sealadach le cumhachtú an Choimisiúin pleananna aischuir a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe go dtí go gcuirfear i bhfeidhm pleananna ilbhliantúla lena gcumhdaítear cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír ar leibhéal an imchuach farraige. Ós rud é nach bhfuil tábhacht ag baint le tionchar sóisialta, comhshaoil ná eacnamaíoch an togra, ní gá measúnú tionchair nua a dhéanamh.

Rinneadh measúnú tionchair iomlán sular glacadh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh athchóirithe, lena náirítear na forálacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

N/B

Cearta bunúsacha

N/B

Níl sa mhéid seo ach síneadh sealadach le cumhachtú an Choimisiúin pleananna aischuir a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Níl aon iarmhairtí aige maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

N/B

Níl sa mhéid seo ach síneadh sealadach le cumhachtú an Choimisiúin pleananna aischuir a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Níl aon impleacht don bhuiséad ann.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán Uimh. 1380/2013, ní mór don Choimisiún tuairisciú a thabhairt go rialta maidir le feidhmiú a chumhachtaí tarmligthe. Ina theannta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cumhachtú a chúlghairm aon tráth.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

N/B

Is togra le haghaidh rialachán atá anseo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Níl sa togra seo ach aon fhoráil shubstainteach amháin, lena leasaítear Airteagal 15(6) de Rialachán Uimh. 1380/2013 d'fhonn an cumhachtú atá ag an gCoimisiún pleananna aischuir a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe a shíneadh go ceann tréimhse breise trí bliana, ar choinníoll nach bhfuil aon phleananna ilbhliantúla i bhfeidhm do na himchuacha farraige i gceist.

2017/0190 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Bunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 an oibleagáid gach gabháil de speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála a thabhairt i dtír agus, sa Mheánmhuir, gabhálacha de speicis atá faoi réir íosmhéideanna ("an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír").

(2)Is leis na pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus na pleananna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 6 a leagfar síos forálacha mionsonraithe atá beartaithe cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír ("pleananna aischuir") a éascú.

(3)Foráiltear le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhféadfaidh an Coimisiún, murab ann do phleananna ilbhliantúla nó pleananna bainistíochta, pleananna aischuir a ghlacadh ar bhonn sealadach agus ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana.

(4)Is léir ón taithí a fuarthas go dtógann sé níos mó ama pleananna ilbhliantúla agus bainistíochta ina bhfuil pleananna aischuir a ullmhú agus a ghlacadh ná mar a beartaíodh tráth glactha Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(5)Is iomchuí dá bharr sin an tréimhse a leagan síos ar laistigh di a fhéadfaidh an Coimisiún pleananna aischuir a ghlacadh murab ann do phleananna ilbhliantúla nó pleananna bainistíochta.

(6)Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

"6. I gcás nach nglacfar aon phlean ilbhliantúil ná aon phlean bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 don iascach atá i dtrácht, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo, a ghlacadh lena leagtar síos ar bhonn sealadach pleananna aischuir sonracha ina bhfuil na sonraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí bliana a fhéadfar a fhadú go ceann tréimhse trí bliana breise ina hiomláine. Féadfaidh na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, agus pleananna den sórt sin á dtarraingt suas chun go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin nó chun togra a thíolacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach".

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle, IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61.
(2) Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) 2187/2005 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle IO L 191, 15.7.2016, lch. 1.
(3) COM/2016/0493 final – 2016/0238 (COD) agus COM/2017/097 final – 2017/043 (COD).
(4) IO C , , lch. .
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle. (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
Top