Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0881

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais

    COM/2016/0881 final - 2016/0407 (COD)

    An Bhruiséil,21.12.2016

    COM(2016) 881 final

    2016/0407(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    Le dhá bhliain anuas, tá an tAontas Eorpach ag obair ar aghaidh a thabhairt, go comhuaineach, ar na dúshláin ar leithligh a ghabhann le bainistiú imirce, le bainistiú comhtháite teorann theorainneacha seachtracha an Aontais agus leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta trasteorann. Tá malartú éifeachtach faisnéise i measc na mBallstát, agus idir na Ballstáit agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, riachtanach chun freagairt dhaingean a sholáthar i ndáil leis na dúshláin sin agus chun fíor-Aontas Slándála éifeachtach a chur ar bun.

    Is é Córas Faisnéise Schengen (SIS) an uirlis is rathúla atá ann ar mhaithe le comhar éifeachtach idir na húdaráis inimirce, phóilíneachta, chustaim agus bhreithiúnacha san Aontas agus i dtíortha a mbaineann Schengen leo. Is gá rochtain a bheith ag údaráis inniúla sna Ballstáit, amhail póilíní, gardaí teorann agus oifigigh chustaim, ar fhaisnéis ardcháilíochta faoi na daoine nó faoi na hábhair atá á seiceáil acu, agus treoracha soiléire acu faoi cad is gá a dhéanamh i ngach cás ar leith. Tá an córas faisnéise ardscála seo i gcroílár chomhar Schengen agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen a éascú. Cuireann sé ar chumas na núdarás inniúil sonraí fúthu seo a leanas a iontráil agus a cheadú: daoine a bhfuiltear sa tóir orthu, daoine a bhféadfadh sé a bheith amhlaidh ina leith nach bhfuil an ceart acu teacht isteach san Aontas, nó fanacht ann, daoine ar iarraidh – go háirithe leanaí – agus aon ábhair a bhféadfadh sé a bheith amhlaidh ina leith gur goideadh iad, gur mídhílsíodh iad nó gur cailleadh iad. Ní hamháin go bhfuil faisnéis in SIS faoi dhuine áirithe nó faoi ábhar áirithe ach, freisin, tá treoracha soiléire ann do na húdaráis inniúla faoi cad atá le déanamh leis an duine nó leis an ábhar sin nuair a aimsítear é.

    In 2016, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach 1 ar SIS trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm dá dhara glúin. Léiríodh sa mheastóireacht sin go raibh fíor-rath oibríochtúil ar SIS. In 2015, sheiceáil na húdaráis inniúla náisiúnta daoine agus ábhair i gcoinne sonraí beagnach 2.9 billiún uair in SIS agus mhalartaigh siad os cionn 1.8 billiún píosa faisnéise forlíontaí. Dá ainneoin sin, mar a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin 2017, ag tógáil ar an taithí dhearfach sin, ba cheart éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chórais a neartú tuilleadh. Chun na críche sin, tá an Coimisiún chun tacar de thrí thogra a chur i láthair i dtús báire chun úsáid SIS a fheabhsú agus a leathnú mar thoradh ar an meastóireacht, fad agus a leanfaidh sé dá chuid oibre na córais forghníomhaithe dlí agus na córais bainistithe teorainneacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a dhéanamh níos idir-inoibrithí, mar fhorbairt ar obair leanúnach an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus Idirinoibritheacht.

    Cumhdaíonn na tograí seo úsáid an chórais le haghaidh: (a) bainistiú teorainneacha, (b) comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, agus (c) náisiúnaigh triú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais. Is iad an chéad dá thogra le chéile an bunús dlí i dtaca le SIS a bhunú, a oibriú agús a úsáid. An togra maidir le SIS a úsáid chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, déanann sé forlíonadh ar an togra maidir le bainistiú teorainneacha agus comhlánaíonn sé na forálacha atá ann. Bunaítear leis catagóir nua foláirimh agus cuidíonn sé chun Treoir 2008/115/CE 2 a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh uirthi.

    De bharr na néagsúlachtaí atá ann i leibhéal rannpháirteachais na mBallstát i mbeartais an Aontais Eorpaigh i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, is gá trí ionstraim dlí ar leithligh a ghlacadh a oibreoidh le chéile, mar sin féin, chun gur féidir an córas a oibriú agus a úsáid go cuimsitheach.

    Ag an am céanna, d'fhonn bainistiú faisnéise ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, in Aibreán 2016 chuir an Coimisiún tús le próiseas machnaimh ar Stronger and Smarter Information Systems for Borders and Security [Córais Faisnéise níos Cliste agus níos Láidre do Theorainneacha agus Slándáil] 3 . Is é cuspóir uileghabhálach an phróisis sin a áirithiú go bhfuil fáil ag na húdaráis inniúla, go córasach, ar an bhfaisnéis is gá ó chórais éagsúla faisnéise. Chun an cuspóir sin a bhaint amach tá an ailtireacht faisnéise reatha á hathbhreithniú ag an gCoimisiún chun bearnaí faisnéise agus laigí a aithint ar toradh iad ar easnaimh i bhfeidhmiúlachtaí na gcóras atá ar bun faoi láthair agus ar ilroinnt ailtireachta foriomláine an Aontais i dtaca le bainistiú sonraí. Bhunaigh an Coimisiún Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus Idir-inoibritheacht chun tacú leis an obair sin, agus bhí tionchar ag torthaí eatramhacha an ghrúpa sin ar an gcéad tacar de thograí i dtaca le saincheisteanna maidir le cáilíocht sonraí 4 . Rinneadh tagairt freisin in aitheasc an Uachtaráin Juncker ar Staid an Aontais i Meán Fómhair 2016 don tábhacht a bhaineann leis na heasnaimh atá ann faoi láthair i mbainistiú faisnéise a shárú agus le hidir-inoibritheacht agus idirnascthacht na gcóras faisnéise atá ann faoi láthair a fheabhsú.

    Tar éis torthaí an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus Idir-inoibritheacht, a chuirfear i láthair sa chéad leath de 2017, a fháil, breithneoidh an Coimisiún i lár 2017 dara tacar tograí chun idir-inoibritheacht SIS le córais TF eile a fheabhsú tuilleadh. Gné chomh tábhachtach céanna den obair sin is ea an tathbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh 1077/2011 5 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) agus is dócha go mbeidh sé mar ábhar do thograí ar leithligh ón gCoimisiún freisin in 2017. Bealaí tábhachtacha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála atá ann faoi láthair is ea infheistíocht i malartú faisnéise agus bainistiú faisnéise atá tapa cáilíochtúil agus éifeachtúil, agus idir-inoibritheacht bhunachair shonraí agus córais faisnéise an Aontais a áirithiú.

    Sa chomhthéacs seo is é cuspóir an togra seo úsáid SIS a fheabhsú agus a leathnú trí oibleagáid a chur ar údaráis na mBallstát na cinntí um fhilleadh go léir arna neisiúint i gcomhréir leis na forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a iontráil in SIS chun go mbeidh siad infheicthe ar fud anAontais agus gur fearr is féidir iad a fhorghníomhú dá bhrí sin. Cuireann an togra le raon feidhme an SIS atá i bhfeidhm faoi láthair trí chatagóir nua foláirimh a thabhairt isteach do chinntí um fhilleadh.

    Tá na forálacha maidir le foláirimh a iontráil agus a phróiseáil in SIS ar bhonn cosc ar dhul isteach arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE cheana féin sa togra maidir le bainistiú teorainneacha. Is forbairt iad na bearta sin ar acquis Schengen mar tacaíonn siad leis na seiceálacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn iontráil agus próiseáil foláireamh in SIS a bhaineann le cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE le beartas inimirce coitianta an Aontais agus dá bharr leagtar síos iad in ionstraim ar leithligh. Cuireann an togra maidir le filleadh leis na forálacha ginearálta maidir le SIS a bhunú, a oibriú agus a úsáid dá bhforáiltear sa togra maidir le bainistiú teorainneacha. De bharr na ndlúthnasc seo ba cheart é a ghlacadh, é a theacht i bhfeidhm agus é a chur i bhfeidhm ag an am céanna leis an ionstraim bainistithe teorann.

    An togra maidir le húsáid SIS a leathnú chun obair leantach a dhéanamh i dtaca le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, tacóidh sé le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh beartas imirce atá iomlánaíoch, inbhuanaithe agus comhtháite a shuí don Aontas agus neartóidh sé an beartas sin. Cuid riachtanach dár mbeartas imirce mar a leagtar béim air sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce is ea imircigh neamhrialta nach bhfuil an ceart acu fanacht san Aontas a chur ar ais chuig a dtíortha dúchais agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an non-refoulement 6 . Mar sin féin, níl feidhmiú córais um fhilleadh an Aontais foirfe agus níl sé éifeachtach go leor. Is léir ó na staitisticí atá ag Eurostat nár fhág i ndáiríre ach thart ar 40 % de na himircigh neamhrialta a raibh orthu an tAontas a fhágáil le cúpla bliain anuas; in 2015, ordaíodh do 553 395 náisiúnach tríú tír imeacht ach níor cuireadh ar ais, i ndáiríre, ach 226 800.

    Leis an méadú a tháinig ar ghéarchéim na himirce agus na dteifeach in 2015, tháinig méadú suntasach ar an ngá céimeanna éifeachtacha a thógáil chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus chun ráta fillte imircigh neamhrialta a mhéadú. Is chuige sin atá an Coimisiún ag cur na mbeart go léir a fógraíodh i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Filleadh i bhfeidhm 7 . Tá na bearta sin riachtanach chun iontaoib an phobail a dhaingniú i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais agus chun tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu. Cinnte bheadh córas Eorpach atá níos éifeachtaí i dtaobh imircigh neamhrialta a chur ar ais chuig a dtíortha dúchais ag teacht leis na hiarrachtaí athnuaite atá á ndéanamh iad sin a bhfuil cosaint de dhíth orthu a chosaint.

    Chun éifeachtacht beartas um fhilleadh an Aontais Eorpaigh a fheabhsú tá comhar leis na tíortha tionscnaimh riachtanach. Thuig an Chomhairle Eorpach sin i Meitheamh 2016 nuair a dúirt sí nach mór don Aontas creat comhpháirtíochta comhair le tíortha aonair tionscnaimh nó idirthurais a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go tapa, creat a bheadh bunaithe ar dhreasachtaí éifeachtacha agus coinníollacht leordhóthanach. Tá an Coimisiún ag obair go gníomhach chun na comhpháirtíochtaí sin a fhorbairt. Mar sin féin, is mó atá i gceist le cumas an Aontais imircigh neamhrialta a chur ar ais ná comhar le tíortha tionscnaimh nó idirthurais. Na dúshláin a bhaineann le himircigh neamhrialta a chur ar ais, tagann siad freisin ó chonstaicí inmheánacha sna córais náisiúnta um fhilleadh agus go háirithe ó na deacrachtaí atá ag na Ballstáit cinntí um fhilleadh a fhorghníomhú.

    I bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Filleadh agus sa Teachtaireacht maidir le “Córais Faisnéise níos Cliste agus níos Láidre do Theorainneacha agus Slándáil” 8 , d’aithin an Coimisiún an gá le húsáid níos fearr a bhaint as na córais mhórscála TF chun críche córas um fhilleadh níos éifeachtúla a thógáil. I gConclúidí na Comhairle Eorpaí an 2526 Meitheamh 2015 d'éiligh sí go náireofaí cinntí um fhilleadh in SIS chun éifeachtacht na gcinntí sin a fheabhsú 9 . Dheimhnigh an Chomhairle um Cheartais agus Gnóthaí Baile an téileamh sin ina conclúidí an 8-9 Deireadh Fómhair 2015 10

    Faoi láthair, níl aon chóras i bhfeidhm ar fud an Aontais chun faisnéis a roinnt faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE agus chun faireachán a dhéanamh an bhfuil na náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir na gcinntí sin tar éis críoch na mBallstát a fhágáil. Ar an ábhar sin, bíonn sé níos éasca d’imircigh neamhrialta teacht timpeall ar chinneadh atá i bhfeidhm cheana nó forghníomhnú an chinnidh a chosc trí bhogadh go dtí Ballstát eile. Sna cásanna sin, údaráis phoiblí na mBallstát a ghabhann an timirceach neamhrialta, ní bhíonn siad ar an eolas gur eisigh Ballstát eile cinneadh um fhilleadh cheana i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Bheadh sé riachtanach don Bhallstát a rinne an ghabháil nósanna imeachta um fhilleadh a athsheoladh ó bhun, dá bhrí sin, rud a chuirfeadh fad leis an bhfanacht neamhdhleathach agus a chuirfeadh moill ar fhilleadh an imircigh neamhrialta.

    D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin san fhaisnéis trí chinntí um fhilleadh a dhéanann Ballstáit eile a bheith infheicthe trí fholáireamh SIS, agus an fhéidearthacht a bheith ann faisnéis fhorlíontach a mhalartú trí bhíthin pointe teagmhála náisiúnta amháin amhail biúrónna SIRENE. Nuair a bhíonn níos mó eolais ar chúinsí an duine lena mbaineann bíonn sé de chumhacht ag údaráis Ballstát an beart is iomchuí a dhéanamh go tapa agus go tráthúil. Féadfaidh feasacht ar na cúinsí go léir a bhaineann leis an imirceach neamhrialta i gceist údar a thabhairt le gan tréimhse fágála deonaí a údarú, mar shampla, nó le bearta a úsáid chun an riosca éalaithe a chosc. Ina theannta sin, d’éascódh feasacht ar chinneadh um fhilleadh, arna eisiúint ag Ballstát eile i gcomhréir le forálacha maidir le Treoir 2008/115/CE, aitheantas frithpháirteach na gcinntí sin i measc údaráis imirce, i gcomhréir le acquis an Aontais 11 ; rogha is annamh a úsáidtear de bharr na heaspa eolais atá ann faoi láthair.

    Chomh maith leis sin, is minic nach mbíonn na Ballstáit feasach ar an líon imirceach neamhrialta a chomhlíonann na cinntí um fhilleadh. Is fíor sin go háirithe i gcás na nimirceach neamhrialta sin a fhágann an tAontas go deonach, mar shampla gan cúnamh don fhilleadh deonach a fháil nó gan a bheith faoi réir filleadh éigeantach. Má dhéantar cinntí um fhilleadh arna neisiúint de réir forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a áireamh go córasach in SIS is fearr is féidir comhlíonadh na gcinntí sin a fhíorú agus is fearr is féidir tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí na núdarás inniúil. Nuair a dhéanfar náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna éisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a sheiceáil ar imeacht dó ó chríoch na mBallstát, beidh na húdaráis inniúla náisiúnta in ann imeacht a thuairisciú agus comhlíonadh deonach nó éigeantach na hoibleagáide um fhilleadh a dheimhniú.

    Má dhéantar an filleadh a dheimhniú, laghdófar an gá le húdaráis phoiblí acmhainní a infheistiú in imircigh neamhrialta a aimsiú a bhfuil an tAontas fágtha acu cheana. I gcás náisiúnach tríú tír nach bhfuil a imeacht deimhnithe. agus tar éis fógra a fháil ó SIS go bhfuil an tréimhse don imeacht deonach imithe in éag, beidh na húdaráis phoiblí ar an eolas freisin nach mór bearta leantacha a dhéanamh chun na daoine aonair lena mbaineann a aimsiú lena áirithiú go bhfágann siad agus chun cosc ar dhul isteach a eisiúint i gcomhréir le Airteagal 11(1) de Threoir 2008/115/CE. Tabharfaidh an córas seo uirlis bhreise do na Ballstáit a noibleagáid a chomhlíonadh na bearta go léir is gá a dhéanamh chun forghníomhú cinntí um fhilleadh a áirithiú ar bhealach éifeachtach agus comhréireach i gcomhréir le Airteagal 8(1) de Threoir 2008/115/CE. Chabhródh faireachán níos éifeachtaí ar chomhlíonadh na gcinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE chun an líon cásanna neamhchomhlíonta a thabhairt chun solais, agus d’fhéadfaí bheith ag súil le líon méadaithe cásanna um fhilleadh agus cosc ar dhul isteach a bheith mar thoradh air sin.

    Beidh SIS ina chuidiú, dá bhrí sin, chun sonraí agus staitisticí níos iontaofa a sholáthar ar an líon cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE, agus ar an ráta comhlíonta.

    Is deacair córas rathúil um fhilleadh a chur i bhfeidhm i ngeall ar na constaicí móra atá ann de dheasca na ndeacrachtaí a bhaineann le himircigh neamhrialta a shainaithint agus in éagmais doiciméid taistil bhailí arna neisiúint ag tríú tír cinn scríbe na bhfillithe. Féadfaidh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach doiciméid taistil nó doiciméid aitheantais a bheith ina seilbh acu nuair a ghabhtar iad agus a bheith faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh i mBallstát, ach féadfaidh siad fáil réidh le doiciméid den sórt sin ag céim níos faide anonn d'fhonn bac a chur ar an bhfilleadh nó d'fhonn bogadh go neamhdhleathach go Ballstát eile. Sna cásanna sin, is féidir leis an bhfaisnéis atá ar an doiciméad taistil nó an doiciméad aitheantais atá ar fáil ag an mBallstát a ghabh an náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i dtús báire, a bheith ina cuidiú chun an duine a shainaithint agus don tríú tír cinn scríbe doiciméad taistil bailí a eisiúint d’imircigh a d’éalaigh go Ballstát eile. Chun na críche sin, tá sé riachtanach aistriú sonraí ábhartha atá ar fáil in SIS chuig údaráis inniúla tríú tíortha faoi dhianchoinníollacha a cheadú. Ní mór aistriú den sórt sin a bheith teoranta don fhaisnéis a bhfuil gá leis chun sainaithint an imircigh a áirithiú agus don athdhoiciméadú, agus comhlíonfaidh sé forálacha Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin 12 , go háirithe Caibidil V den Rialachán sin lena leagtar síos rialacha agus coinníollacha mionsonraithe maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta. Nuair a bhíonn aistriú den sórt sin á dhéanamh ag Ballstát nár chuir isteach an fhaisnéis maidir leis an doiciméad san fholáireamh SIS agus nach úinéir na sonraí sin é, ba cheart údarú a éileamh roimh ré don Bhallstát sin a chuir isteach an fhaisnéis in SIS.

    Feabhsóidh an togra seo freisin na rialacha maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin nach mór do Bhallstáit a leanúint nuair a thagann siad ar fholáirimh um fhilleadh nó nuair atá siad toilteanach na foláirimh sin a iontráil, ar foláirimh iad a thagann salach ar chinntí Ballstát eile, m.sh., cead cónaithe bailí. Ba cheart go gcuirfeadh na rialacha sin bac le treoracha contrártha a d'fhéadfaí a chruthú sna cásanna seo, nó go réiteodh siad iad, agus treoir shoiléir a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh maidir leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh sna cásanna sin agus d’údaráis na mBallstát i dtaobh ar cheart foláireamh a scriosadh.

    Chun go noibreoidh sé i gceart éileoidh an gcóras a dearadh seiceálacha córasacha ar imeacht ag na teorainneacha seachtracha chun a áirithiú go ndéanfar a thuairisciú go bhfuil an chríoch fágtha na náisiúnaigh tríú tír go léir lena mbaineann. Is é an aidhm atá ag an togra 13 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) 14 an oibleagáid a ailíniú chun náisiúnaigh tríú tír a sheiceáil go córasach sna bunachair shonraí agus iad ag dul isteach agus ag imeacht.

    I bhfianaise na ngnéithe tras-náisiúnta agus na ndúshlán a bhaineann le malartú éifeachtach faisnéise tras-teorann a áirithiú, tá leas ar leith ag baint leis na moltaí a rinneadh sa Chreat Idir-inoibritheacht Eorpach i dtaca leis na tograí sin agus ba cheart iad a urramú nuair atá seirbhísí poiblí digiteacha á seachadadh nó á ndearadh. Tá an Creat Idir-inoibritheacht Eorpach á leasú faoi láthair agus tá leagan nua á ghlacadh.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Comhlíonann an togra seo forálacha Treoir 2008/115/CE agus cuireann sé leis na forálacha sin lena leagtar síos caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais. Tá sé mar aidhm aige leibhéal níos fearr comhlíonta le cinntí um fhilleadh a bhaint amach agus infheictheacht cinntí um fhilleadh arna neisiúint ag an údarás inniúil i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a mhéadú. Trí iontráil cinntí den sórt sin in SIS a dhéanamh éigeantach, tacóidh an togra seo le forghníomhú na gcinntí sin.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá an togra seo nasctha go dlúth le beartais eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair agus le tograí reachtacha eile an Choimisiúin, eadhon:

    (a)Beartas éifeachtach um fhilleadh don Aontas Eorpach, chun cuidiú le córas an Aontais agus chun é a fheabhsú chun náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil an ceart acu fanacht ar chríoch na mBallstát a chur ar ais. Chuideodh an togra seo leis na dreasachtaí atá ann d'imirce neamhrialta chuig an Aontas a laghdú, rud atá ar cheann de phríomhchuspóirí an Chláir Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 15 ;

    (b)Eurodac agus córas Bhaile Átha Cliath, mar tacóidh iontráil cinntí um fhilleadh in SIS leis na Ballstáit a fhiosrú an bhfuil críoch na mBallstát fágtha ag iarrthóirí tearmainn ar diúltaíodh dá niarratas agus ar fhill siad ar thríú tír i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh. Comhlánóidh sé freisin an togra ón gCoimisiún 16 maidir le húsáid Eurodac a leathnú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach gan tearmann a iarraidh agus a fhéadfaidh gluaiseacht timpeall an Aontais gan bhrath, a shainaithint;

    (c)Córas Dul Isteach/Imeachta, mar comhlánóidh sé an togra ón gCoimisiún 17 maidir leis an gcóras Dul Isteach/Imeachta agus a úsáid chun rófhantóirí a shainaithint agus a bhrath (ar chríoch na mBallstát freisin);

    (d)ETIAS 18 , lena mbeartaítear measúnú slándála críochnúil, lena náirítear seiceáil in SIS, ar náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó víosa a bheith acu agus a bhfuil sé beartaithe acu taisteal san Aontas;

    (e)Cód Teorainneacha Schengen, mar comhlánóidh sé an leasú ar an gCód Teorainneacha Schengen a bhaineann leis an oibleagáid náisiúnaigh tríú tír a sheiceáil go córasach sna bunachair shonraí ar imeacht dóibh;

    (f)An togra ón gCoimisiún maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorainneacha agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1987/2006 de bhrí go gcomhlánóidh sé na forálacha maidir le cosc ar dhul isteach a iontráil in SIS tar éis don náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Le hAirteagal 79(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cumhachtaítear do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh i réimse na himirce neamhdhleathaí agus na cónaithe neamhúdaraithe lena náirítear daoine atá ina gcónaí gan údarú a chur ar ais agus a aisdúichiú. Dá bhrí sin, bunús dlí oiriúnach is ea an tAirteagal seo chun SIS a úsáid chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais.

    Geoiméadracht athraitheach

    Maidir le geoiméadracht athraitheach, tá an togra seo inchurtha le Treoir 2008/115/CE.

    De réir Airteagal 4 de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge a ghabhann leis na Conarthaí, cinnfidh an Danmhairg laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí an togra seo chun feidhme, ar togra é a chuireann le acquis Schengen, ina dlí náisiúnta.

    Maidir leis an Ríocht Aontaithe agus Éire, baineann gnéithe hibride leis an Treoir um Fhilleadh, mar atá le feiceáil ina aithris (26) agus aithris (27). Dá bharr, tá feidhm le Prótacal 19 maidir le acquis Schengen arna chomhtháthú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis na Conarthaí, agus Prótacal 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i ndáil leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis na Conarthaí, maidir leis an togrta seo. De bhun phrótacal 21 nach prótacal Schengen é, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm; féadfaidh siad fógra a thabhairt don Chomhairle, áfach, gur mian leo bheith rannpháirteach san ionstraim seo.

    Ar bhonn na gcomhaontuithe ábhartha maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, beidh an Íoslainn, an Iorua, an tSualainn agus Lichtinstéin faoi cheangal ag an Rialachán atá beartaithe.

    Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

    Is é aidhm an togra córas a bhunú chun faisnéis a roinnt faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE ag na Ballstáit d'fhonn forghníomhú na gcinntí a éascú agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach lena noibleagáid um fhilleadh. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina naonar. Níl aon chóras i bhfeidhm faoi láthair trínar féidir faisnéis maidir le cinntí um fhilleadh arna neisiúint ag Ballstáit i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a roinnt go córasach. Mar sin, níl bealach ar bith ag na húdaráis náisiúnta le bheith ar eolas faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint ag Ballstáit eile maidir le náisiúnaigh tríú tír, lena náirítear i gcás ina ngabhtar imircigh neamhrialta agus iad ag gluaiseacht go neamhdhleathach trasna an Aontais agus iad i mbun idirthurais ar a gcríocha. Mar sin is é an tAontas Eorpach is fearr a bhainfidh an aidhm sin amach.

    Comhréireacht

    Luaitear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh beart de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chonradh a bhaint amach. Maidir le foirm na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, ba ghá foirm a roghnú chuici a d'fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir.

    Tá an Rialachán atá beartaithe ceaptha forghníomhnú agus faireachán cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a éascú chun beartas um fhilleadh atá níos éifeachtaí agus níos rathúla a áirithiú. Dá bhrí sin, tugann sé uirlis bhreise do na Ballstáit a noibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis na bearta go léir is gá a dhéanamh chun forghníomhú cinntí um fhilleadh a áirithiú ar bhealach éifeachtach agus comhréireach i gcomhréir le Airteagal 8(1) den Treoir um Fhilleadh.

    Chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    An rogha ionstraime

    D’fhonn nósanna imeachta aonfhoirmeacha comhchuibhithe a bhunú atá infheidhmithe go díreach is iomchuí an gníomh seo a ghlacadh i bhfoirm rialacháin. Ina theannta sin, baineann an togra seo le húsáid córas faisnéise Eorpaigh lárnaigh. Dá bhrí sin, ní mór na rialacha maidir lena úsáid a shuí i rialachán.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    I gcomhréir le Rialachán SIS II 19 agus le Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle 20 , trí bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, rinne an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar lárchóras SIS II agus freisin ar an malartú iltaobhach agus déthaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Dhírigh an mheastóireacht go sonrach ar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm Airteagal 24 de Rialachán SIS II, lena mbunaítear na coinníollacha maidir le foláirimh a eisiúint chun críche cead isteach agus fanacht a dhiúltú i gcás náisiúnaigh tríú tír. Áirítear na moltaí a tháinig as an meastóireacht sa togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla.

    Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 19 den Treoir um Fhilleadh 2008/115/CE d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Beartas um Fhilleadh an Aontais Eorpaigh in 2014 21 , a thugann tuairisc ar chur i bhfeidhm Threoir 2008/115/CE. Ba é conclúid na Teachtaireachta go bhféadfaí poitéinseal SIS i réimse an bheartais um fhilleadh a fheabhsú tuilleadh. Luaitear inti gur deis é an tathbhreithniú ar SIS II an chomhsheasmhacht idir an beartas um fhilleadh agus SIS II a fheabhsú agus chun moladh a dhéanamh oibleagáid a chur ar na Ballstáit foláireamh maidir le diúltú cead isteach a iontráil in SIS II i gcás cosc ar dhul isteach arna eisiúint faoin Treoir um Fhilleadh.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Iarradh aiseolas agus moltaí maidir le húsáid phoitéinsiúil SIS i dtaobh filleadh ó pháirtithe leasmhara ábhartha lena náirítear toscairí do Choiste SISVIS agus an Grúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh. Bhí plé ar bun i roinnt cruinnithe de Choiste SISVIS (10 Bealtaine 2016 agus 30 Meitheamh 2016) agus den Ghrúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh (16 Samhain 2015, 18 Márta agus 20 Meitheamh 2016). Tionóladh ceardlann chomhpháirteach le toscairí do Choiste SISVIS agus don Ghrúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh an 5 Feabhra 2016. D'fhreastail ionadaithe ó ghníomhaireachtaí an Aontais amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha ar an gceardlann freisin.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    I nDeireadh Fómhair 2015, sheol an Coimisiún staidéar seachtrach 22 a raibh d'aidhm aige measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht agus ar impleachtaí teicniúla agus oibríochtúla córas a bhunú don Aontas ar fad i gcomhthéacs SIS chun sonraí a mhalartú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cinntí um fhilleadh arna neisiúint de réir forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Cuireadh críoch leis an staidéar in Aibreán 2016.

    Measúnú tionchair

    Ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair. Mar sin féin, tá an togra bunaithe ar thorthaí an staidéir féidearthachta dá dtagraítear thuas.

    Baineadh de thátal as an staidéar go mbeadh sé féideartha go teicniúil cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a iontráil mar fholáirimh in SIS agus go mbeadh buntáistí soiléire ag baint leis, go háirithe maidir le hinfheictheacht faisnéise sna Ballstát agus maidir le bearta leantacha a chuíchóiriú.

    Thabharfadh sé tacaíocht do na húdaráis an méid seo a leanas a dhéanamh:

    an cinneadh a fhorghníomhú i gcás neamhchomhlíonadh;

    faireachán a dhéanamh ar gach cinneadh le fáil amach ar comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh;

    a fhíorú an bhfuil náisiúnach tríú tír a fuarthas go neamhdhleathach ar an gcríoch faoi réir cinneadh arna eisiúint ag Ballstát eile;

    cinntí a fhorghníomhú ar son Ballstát eile;

    náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis faoi chinntí in-fhorghníomhaithe;

    staitisticí a bhailiú maidir le cinntí a comhlíonadh agus nár comhlíonadh.

    Ar an lámh eile, baineadh de thátal as an staidéar go mbeadh éifeacht ag líon áirithe athruithe riachtanacha teicniúla agus oibríochtúla ar na cleachtais, na heagraíochtaí agus na bonneagair atá ann faoi láthair. Ar na himpleachtaí a bheadh ag cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a iontráil in SIS bheadh nósanna imeachta oibríochtúla nua/leasaithe, catagóirí sonraí breise i bhfoláirimh um fhilleadh agus feidhmeanna nua SIS (amhail an fheidhm fógra a thabhairt don údarás eisiúna nuair atá an tréimhse don imeacht deonach imithe in éag). Bheadh bonneagar iomchuí sna Ballstáit agus acmhainn stórála bhreise in SIS Láir riachtanach chun na foláirimh um fhilleadh a iontráil agus a bhainistiú in SIS.

    Thaispeáin anailís ar an ualach oibre go mbeadh ualach oibre breise ar na gníomhaithe ar fad lena mbaineann (go háirithe na gardaí teorann, na hoifigigh phóilíneachta agus na húdaráis a eisíonn cinntí um fhilleadh i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE) mar thoradh ar bhainistiú na bhfoláireamh um fhilleadh agus ar an obair leantach ba ghá i ngeall ar líon méadaithe amas. Sa deireadh thiar léiríodh sa staidéar go bhfuil gá le híosleibhéal comhchuibhithe sna Ballstáit nuair a bhítear ag plé le daoine atá cheana faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE ag Ballstát eile.

    Cearta bunúsacha

    Is forbairt agus feabhas ar chóras atá ann cheana an togra seo. Leathnaíonn sé raon feidhme an SIS atá i bhfeidhm faoi láthair trí chatagóir foláirimh nua a thabhairt isteach do chinntí um fhilleadh. Tá a éifeacht ar chearta bunúsacha teoranta, dá bhrí sin, de bhrí go bhfuil feidhmiú seasmhach an chórais cruthaithe cheana agus go bhfuil cosaintí éifeachtacha agus tábhachtacha curtha in áit cheana. Mar sin féin, de bhrí go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis an togra, d'fhéadfadh éifeacht a bheith aige ar chearta bunúsacha an duine aonair. Tá machnamh déanta ar an méid sin agus cuireadh cosaintí in áit chun na prionsabail a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 8 de, a urramú.

    Is forlíonadh an togra seo ar an togra maidir le bainistiú teorainneacha atá mar bhunús dlí, i gcomhar leis an togra maidir le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le SIS a bhunú, a oibriú agus a úsáid. Dá bhrí sin beidh an feidhm chéanna ag na cosaintí atá sa togra maidir le bainistiú teorainneacha a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint, agus go háirithe cosaint sonraí agus cearta an duine is ábhar do sonraí, i gcás an togra seo.

    Ina theannta sin, tá forálacha curtha i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeidh mar thoradh ar fholáirimh um fhilleadh bearta a dhéanamh maidir le forghníomhú cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE má tá an tréimhse don imeacht deonach i bhfeidhm go fóill nó má cuireadh an cinneadh ar fionraí nó má cuireadh an filleadh ar athló (Airteagal 3(2) agus (3)).

    Tá gnéithe an chinnidh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE atá le hiontráil in SIS teoranta dóibh siúd is gá chun ligean do na húdaráis inniúla an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a shainaithint, an náisiúnach a chur ar ais más gá agus a fhíorú go gcomhlíontar an oibleagáid um fhilleadh (Airteagal 4).

    Ní choimeádfar sonraí in SIS ach amháin chomh fada is a bheidh siad ag teastáil chun cuspóir an fhillte a bhaint amach. Dá bhrí sin, ceanglófar ar an mBallstát eisiúna na sonraí a scriosadh láithreach tar éis deimhniú um fhilleadh a fháil (Airteagal 6) mura bhfuil an cinneadh bailí a thuilleadh, má fuair an duine saoránacht an Aontais nó saoránacht Stáit a dtairbhíonn a náisiúnaigh de chearta saorghluaiseachta laistigh den Aontas nó más féidir leis an duine atá ina ábhar foláirimh a thaispeáint go bhfuil críoch na mBallstát fágtha aige i gcomhréir leis an gcinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE (Airteagal 7).

    Leis na forálacha nua SIS is soiléire a bheidh na cásanna ina mbíonn údarú nó ceart fanachta ó Bhallstát amháin ag náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinnidh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE ag Ballstát eile ag an am céanna. I gcásanna den sórt sin beidh sé éigeantach do na húdaráis náisiúnta dul i mbun nós imeachta comhairliúcháin. Más gá, scriosfar an foláireamh um fhilleadh freisin (Airteagal 8).

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Cuireann an togra seo le raon feidhme an SIS atá ann faoi láthair trí chatagóir fholáirimh nua a thabhairt isteach maidir le cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE mar aon le feidhmeanna chun foláirimh um fhilleadh a chruthú, a nuashonrú agus a scriosadh. Ina theannta sin, tugann sé feidhmiúlacht nua isteach chun fógra a thabhairt go huathoibríoch do na Ballstáit eisiúna go bhfuil an tréimhse don imeacht deonach ar a gcuid foláireamh imithe in éag.

    De bharr na ngnéithe comhlántacha a bhaineann leis an togra seo, tugtar aghaidh ar na himpleachtaí buiséadacha ar leithligh i ráiteas airgeadais neamhspleách nach bpléann ach amháin le bunú na catagóire foláirimh ar leith seo.

    An ráiteas airgeadais atá i gceangal leis an togra seo, léiríonn sé na hathruithe atá de dhíth chun an chatagóir foláirimh nua seo a bhunú. Áirítear sa chostas measta EUR 3.6 milliún costais d’uasghrádú teicniúil SIS chun críche filleadh. Ní áirítear na costais mheasta a bhaineann le forbairt fhoriomlán SIS Láir, an bonneagar cumarsáide agus uasghrádú na gcóras náisiúnta SIS sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo ach leagtar amach iad go mionsonrach sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla .

    Tá sé beartaithe athchlárú a dhéanamh ar an gcuid atá fágtha d'imchlúdach na dteorainneacha cliste den Chiste Slándála Inmheánaí chun na huasghráduithe a dhéanamh agus chun na feidhmiúlachtaí dá bhforáiltear sa dá thogra a chur chun feidhme. Is é Rialachán Teorainneacha ISF 23 an ionstraim airgeadais a ndearnadh an buiséad i ndáil le cur chun feidhme phacáiste na dTeorainneacha Cliste a chur san áireamh inti. Le hAirteagal 5 den Rialachán, déantar foráil maidir le EUR 791 milliún a chur chun feidhme trí chlár chun córais TF a thacaíonn le bainistiú sreabh imirce thar an teorainn sheachtrach a chur ar bun faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15. Tá EUR 480 milliún den EUR 791 milliún thuasluaite á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta agus tá EUR 210 milliún de á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Déanfar an fuílleach a úsáid go páirteach chun costais na nathruithe dá bhforáiltear sa togra seo a chumhdach.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Tá feidhm leis na forálacha athbhreithnúcháin agus faireacháin a áirítear in Airteagal 53(7) agus (8) den togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córais Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha.

    Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

    Is é aidhm an togra na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh úsáid SIS chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais a bhfuil cinneadh um fhilleadh eisithe ag na húdaráis náisiúnta inniúla ina leith i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Éilítear sa togra sonraí a iontráil agus a phróiseáil in SIS, i bhfoirm foláireamh, maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh, agus faisnéis fhorlíontach ar na foláirimh sin a mhalartú. Tá úsáid SIS le haghaidh filleadh ceaptha tacú leis na húdaráis imirce obair leantach a dhéanamh agus filleadh náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil aon cheart acu fanacht sna Ballstáit a fhorghníomhú chun imirce neamhrialta a chosc agus a dhíspreagadh agus chun roinnt faisnéise agus comhar idir na húdaráis inimirce a fheabhsú.

    Raon feidhme (Airteagal 1)

    Chun feidhmiú éifeachtach an chórais a áirithiú tá sé ríthábhachtach go niontráiltear in SIS na cinntí um fhilleadh go léir arna neisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Ciallaíonn sé sin gur cheart do na Ballstáit foláirimh maidir le (a) cinntí um fhilleadh arna neisiúint i bhfeidhmiú Airteagal 6(1) de Threoir 2008/115 agus (b) cinntí ina luaitear an oibleagáid um fhilleadh arna neisiúint d'imircigh neamhrialta atá faoi réir diúltú cead isteach ag pointe trasnaithe teorann seachtraí nó imircigh a ghabhtar i taca le trasnú neamhrialta na teorann seachtraí nach bhfuair údarú fanachta (Airteagal 2(2)(a) de Threoir 2008/115/CE) chomh maith le (c) cinntí ina luaitear an oibleagáid um fhilleadh arna heisiúint mar smachtbhanna coiriúil (Airteagal 2(2)(b) de Threoir 2008/115/CE).

    Foláirimh um fhilleadh a iontráil (Airteagal 3).

    Leagtar amach in Airteagal 3 an cuspóir agus na rialacha chun foláirimh um fhilleadh a iontráil in SIS chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a fhíorú gur comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh agus chun tacú le forghníomhú cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Ba cheart an foláireamh a iontráil gan mhoill chomh luath agus atá an cinneadh eisithe don náisiúnach tríú tír lena mbaineann atá ag fanacht go neamhdhleathach, chun gur féidir an fíorú dá dtagraítear thuas a dhéanamh. Ba cheart go gcuirfeadh an foláireamh in iúl má tá an tréimhse don imeacht deonach i bhfeidhm go fóill nó má cuireadh cinneadh ar fionraí nó má cuireadh filleadh ar athló.

    I gcás nach mbíonn aon chúiseanna ann a chreidiúint go mbainfeadh sé ó chuspóir na nósanna imeachta um fhilleadh, ba cheart imeacht deonach seachas filleadh éigeantach a roghnú agus ba cheart tréimhse don imeacht deonach a thabhairt don fhillí i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2008/115/CE. Ba cheart fad na tréimhse don imeacht deonach agus aon síneadh ar an tréimhse sin a lua san fholáireamh chun go mbeidh na húdaráis phoiblí in ann a chinneadh an bhfuil sé iomchuí gníomhú sa chás áirithe sin.

    Catagóirí sonraí (Airteagal 4)

    Bunaítear le hAirteagal 4 na gnéithe sonraí is féidir a bheith san fholáireamh um fhilleadh atá cosúil leo siúd a áirítear in Airteagal 20 den togra maidir le bainistiú teorainneacha.

    Na sonraí maidir leis an tréimhse don imeacht deonach, i gcás inar cuireadh ar fionraí an cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE nó i gcás inar cuireadh ar athló forghníomhú an chinnidh sin, is sonraí iad a bhaineann go sonrach le foláirimh um fhilleadh.

    Malartú éifeachtach agus tráthúil faisnéise forlíontaí (Airteagal 5)

    Is gá pointe teagmhála amháin a bhunú ar mhaithe le comhar agus malartú éifeachtach agus tráthúil faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Déantar foráil in Airteagal 6 maidir le gach Ballstát údarás a ainmniú a bheidh freagrach as faisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le foláirimh a iontráiltear i dtaca le náisiúnaigh tríú tír i gcomhthéacs filleadh agus fanacht neamhdhleathach. Tá feidhm le forálacha Lámhleabhar SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 8 den togra le haghaidh Rialachán maidir le SIS a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann maidir leis an údarás ainmnithe.

    D’fhonn na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 den togra thuasluaite maidir le hinfhaighteacht leanúnach agus an tam is gá chun iarratais a fhreagairt (12 uair ar a mhéid) tá sé riachtanach go náirithíonn na Ballstáit go mbíonn na húdaráis is inniúil as cinntí a dhéanamh a bhaineann le fanacht náisiúnaigh tríú tír ar a gcríoch bainteach go dlúth le malartú na faisnéise forlíontaí.

    Deimhniú um fhilleadh (Airteagal 6)

    Tugtar isteach le hAirteagal 6 an oibleagáid ar na Ballstáit imeacht náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh ar an mBallstát (nó údarás) sin a d'iontráil an foláireamh, an imeacht sin a dheimhniú. Beidh feidhm ag an méid sin freisin nuair atá an Ballstát céanna freagrach as an bhfoláireamh a eisiúint agus a fhorghníomhú. Ceadaíonn an fhoráil seo do na húdaráis a eisíonn agus a fhorghníomhaíonn cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a fhíorú gur comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh.

    Ceanglaítear leis an bhforáil seo seiceálacha córasacha ag an bpointe imeachta chun a áirithiú go mbeidh tuairisc gur fhág na náisiúnaigh tríú tír go léir lena mbaineann an chríoch. Is é aidhm an togra lena leasaítear Rialachán Uimh. 562/2006 (Cód Teorainneacha Schengen) an oibleagáid náisiúnaigh tríú tír a sheiceáil go córasach i mbunachair shonraí agus iad ag dul isteach a ailíniú leis an imeacht freisin.

    Neamhchomhlíonadh le hoibleagáid um fhilleadh (Airteagal 7)

    Leagtar amach in Airteagal 7 na forálacha i gcásanna neamhchomhlíonadh na hoibleagáide um fhilleadh. Tacóidh an fógra dá dtagraítear i mír 1 leis na Ballstáit a noibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir 2008/115/CE maidir le náisiúnaigh tríú tír nár chomhlíon an oibleagáid um fhilleadh.

    Leagtar amach i mír 2 na nósanna imeachta chun déileáil le cásanna i gcás ina sainaithnítear náisiúnach tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh agus ina ndéantar é a ghabháil i mBallstát eile. Tá na nósanna imeachta leantacha le déanamh i gcomhréir le acquis um fhilleadh an Aontais agus le forálacha eile de chuid reachtaíocht an Aontais agus na reachtaíochta náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcás i dtrácht. Áirítear ar na forálacha sin:

    1) cinneadh um fhilleadh a eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE;

    2) an náisiúnach tríú tír a chur ar ais chuig an mBallstát eisiúna faoi chomhaontú déthaobhach atá i bhfeidhm cheana i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Treoir 2008/115/CE, nó

    3) an cinneadh um fhilleadh ón mBallstát eisiúna a aithint i bhfeidhmiú Threoir 2001/40/CE.

    Nós imeachta comhairliúcháin (Airteagal 8)

    Leagtar amach in Airteagal 8 den togra seo na nósanna imeachta is gá chun éagsúlachtaí nó cinntí contrártha idir na Ballstáit a chosc nó a réiteach. Is féidir le comhchomhairliúchán idir na húdaráis náisiúnta inniúla bheith ina chuidiú chun cásanna den sórt sin a chosc agus a réiteach agus leas na bpáirtithe lena mbaineann á chur san áireamh ag an am céanna. Le bheith éifeachtach ní mór comhairliúchán den sórt sin a dhéanamh gan mhoill.

    Foláirimh a choimeád agus a bhaint (Airteagal 6, Airteagal 8 agus Airteagal 9)

    Leagtar síos le mír 2 d'Airteagal 6 nach mór foláirimh um fhilleadh a scriosadh tar éis don náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh. Comhlánaíonn an mhír seo na forálacha maidir leis an uair is ceart d'fholáirimh a bhaineann le cosc ar dhul isteach teacht i bhfeidhm in SIS mar a bhunaítear in Airteagal 24(3) den togra le haghaidh Rialachán maidir le SIS a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann. Ba cheart do na Ballstáit na bearta ar fad is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach bhfuil aon bhearna ama idir nóiméad an imeachta agus gníomhachtú an fholáirimh maidir leis an gcosc ar dhul isteach in SIS.

    Áirítear in Airteagal 9 rialacha breise maidir le foláirimh a scriosadh. I dteannta na gcásanna arna gcumhdach faoi Airteagal 6 agus Airteagal 8 áit a ndéantar foláirimh a scriosadh tar éis don náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh nó tar éis nós imeachta comhairliúcháin, ba cheart foláireamh um fhilleadh a scriosadh freisin i gcás ina bhfuil an cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE tarraingthe siar nó curtha ar neamhní. Cumhdaíonn an dara cuid de mhír 1 an cás inar gá an foláireamh a scriosadh de bhrí nár cláraíodh imeacht an duine go cuí.

    I gcomhthéacs SIS a fheabhsú tuilleadh, fiosrófar an deis taifead a choimeád ar chinntí um fhilleadh in SIS tar éis an filleadh a fhorghníomhú. D’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith úsáideach dá rachadh náisiúnach tríú tír isteach athuair ar chríoch na mBallstát agus dá dtiocfaí air ag fanacht go neamhdhleathach i mBallstát seachas an Ballstát a d’eisigh an chéad chinneadh um fhilleadh.

    I gcás nár deimhníodh an filleadh deimhnithe nó i gcás nár scriosadh an foláireamh um fhilleadh ar chúiseanna eile beidh an uastréimhse choimeádta cúig bliana ag teacht leis an tréimhse choimeádta d’fholáirimh maidir le diúltuithe dul isteach (Airteagal 34 den togra le haghaidh Rialachán maidir le SIS a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann).

    Sonraí a aistriú chuig tríú tíortha (Airteagal 10)

    Tá rialacha sonracha in Airteagal 10 maidir le sonraí a aistriú chuig tríu tíortha faoi dhianchoinníollacha.

    Cearta rochtana (Airteagal 12)

    Sna Ballstáit féadfaidh údaráis éagsúla a bheith freagrach as cinntí um fhilleadh a eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Ag brath ar an gcúis atá leis an bhfanacht neamhdhleathach (mar shampla diúltú tearmainn, rófhanacht ar víosa, cead cónaithe imithe in éag) féadfaidh roinnt údarás a bheith freagrach as cinntí den sórt sin a eisiúint lena náirítear údaráis bhreithiúnacha i gcás ina nordaítear filleadh mar thoradh ar achomharc i gcoinne diúltú údaraithe nó ceart fanachta nó mar smachtbhanna coiriúil. Ba cheart do na húdaráis sin a bheith in ann SIS a rochtain chun sonraí a iontráil, a bhaint, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach. Chomh maith leis sin, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis atá i bhfeighil náisiúnaigh tríú tír a shainaithint le linn seiceálacha teorann, póilíneachta agus seiceálacha forghníomhaithe dlí eile na sonraí a rochtain in SIS.

    Dá réir sin, déantar foráil in Airteagal 12 maidir le rochtain iomchuí ar fholáirimh um fhilleadh a thabhairt daoibh seo a leanas :

    na húdaráis náisiúnta atá freagrach as náisiúnaigh tríú tír a shainaithint ar chríocha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 29(1) (a), (b), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann]. Ní mór do na húdaráis atá freagrach as seiceálacha teorann rochtain a bheith acu ar na sonraí chun críche náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh agus a fhágann críoch na mBallstát a shainaithint. Tá póilíní agus údaráis eile um forghníomhú an dlí freagrach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta as daoine atá ag fanacht ar an gcríoch náisiúnta a shainaithint agus a chur ar ais. Tá na húdaráis inimirce freagrach as cinntí a dhéanamh (lena náirítear cinntí um fhilleadh) ar dhul isteach agus ar imeacht náisiúnach tríú tír;

    ba cheart go mbeadh rochtain ag údaráis bhreithiúnacha náisiúnta (Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] ar na sonraí atá in SIS má tá siad inniúil i gcomhréir leis dlí náisiúnta as cinntí a dhéanamh maidir le dul isteach agus fanacht náisiúnach tríú tír;

    na húsáideoirí institiúideacha dá dtagraítear in Airteagal 30 go 31 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] (Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta) i gcomhthéacs a ninniúlachtaí sa Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach (Europol) agus i dtascanna a bhaineann le filleadh (An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta).

    Infheidhmeacht fhorálacha Rialachán SIS maidir le bainistiú teorainneacha (Airteagal 13)

    Ar deireadh, déantar foráil in Airteagal 13 maidir le feidhm a bheith ag forálacha ginearálta SIS mar a áirítear sa togra le haghaidh Rialachán maidir le SIS a bhunú, a úsáid agus a oibriú i réimse na seiceálacha teorann maidir le próiseáil sonraí arna niontráil chun críche an togra seo, go háirithe na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus na Gníomhaireachta, iontráil agus próiseáil foláireamh, na coinníollacha maidir le foláirimh a rochtain agus a choimeád, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán a dhéanamh agus staitisticí.

    2016/0407 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2)(c) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí cuimsitheacha chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus chun an ráta ag a bhfuil imircigh neamhrialta á gcur ar ais a mhéadú is ea náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le dul isteach, fanacht nó cónaí sna Ballstáit a chur ar ais agus agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha agus go háirithe do phrionsabal an non-refoulement i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (2)Tá sé riachtanach éifeachtacht an chórais Eorpaigh a mhéadú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais. Tá sé seo riachtanach chun iontaoibh an phobail a chothú i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

    (3)Ba cheart do na Ballstáit na bearta go léir is gá a dhéanamh chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais ar bhealach éifeachtach comhréireach, i gcomhréir le forálacha Threoir 2008/115/CE.

    (4)Ba cheart córas a bhunú don Aontas ar fad chun faisnéis a roinnt idir na Ballstáit faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE agus chun faireachán a dhéanamh ar cibé acu a fhágann náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir na gcinntí sin an chríoch nó nach bhfágann.

    (5)Leagtar síos le Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] 24 agus Rialachán (AE) 2018/xxx [comhar póilíneachta agus breithiúnach] 25 na coinníollacha maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid.

    (6)Ba cheart na foláirimh SIS um fhilleadh agus malartú faisnéise forlíontaí faoi na foláirimh sin a bheith ina gcuidiú do na húdaráis inniúla na bearta is gá a dhéanamh chun cinntí um fhilleadh den sórt sin, arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE, a fhorghníomhú. Ba cheart SIS a bheith ina chuidiú chun náisiúnaigh tríú tír is ábhar do chinneadh um fhilleadh den sórt sin a d'éalaigh agus a gabhadh i mBallstát eile a shainaithint, agus chun faisnéis a roinnt idir na Ballstáit maidir leis na náisiúnaigh tríú tír sin. Ba cheart go gcuideodh na bearta sin chun imirce neamhdhleathach a chosc agus a dhíspreagadh agus chun an comhar idir údaráis na mBallstát a fheabhsú.

    (7)Ba cheart do na Ballstáit foláirimh a iontráil in SIS maidir leis na cinntí um fhilleadh ar fad a eisíonn siad do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE, chun éifeachtacht an fhillte a áirithiú agus chun breisluach foláireamh um fhilleadh a mhéadú. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit foláireamh a iontráil in SIS freisin nuair a eisítear cinntí lena bhforchuirtear nó lena luaitear oibleagáid um fhilleadh sna cásanna a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 2(2) den Treoir sin, go háirithe i gcás náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir diúltú cead isteach i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen nó náisiúnaigh tríú tír arna ngabháil nó arna stopadh ag údaráis inniúla i dtaca le trasnú neamhrialta teorann seachtraí Ballstáit, ar tír, ar muir nó san aer, agus nach bhfuil údarú nó ceart fanachta sa Bhallstát sin faighte acu ina dhiaidh sin, agus i gcás náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir a gcur ar ais mar smachtbhanna dlí choiriúil nó mar thoradh ar smachtbhanna dlí choiriúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó atá faoi réir nósanna imeachta eiseachadta.

    (8)Ba cheart a leagan amach sa Rialachán seo rialacha coitianta chun foláirimh a bhaineann le filleadh a iontráil in SIS chomh luath agus a eisítear na cinntí bunúsacha um fhilleadh i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Ba cheart go gcuirfí in iúl leis an bhfoláireamh ar tugadh tréimhse um fhilleadh deonach don náisiúnach tríú tír lena mbaineann, lena náirítear ar cuireadh síneadh leis an tréimhse sin ag cur san áireamh cúinsí ar leith an cháis sin agus ar cuireadh an cinneadh ar fionraí nó ar cuireadh an filleadh ar athló.

    (9)Tá sé riachtanach na catagóirí sonraí a shonrú is féidir a iontráil in SIS maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE. Ba cheart nach mbeadh i bhfoláirimh um fhilleadh ach na sonraí sin is gá chun an duine is ábhar do na sonraí a shainaithint chun gur féidir leis na húdaráis inniúla cinntí eolasacha a dhéanamh gan am a chailleadh agus chun a áirithiú, nuair is gá, go gcosnaítear iad ar dhaoine atá armáilte, foréigneach, a d'éalaigh nó atá bainteach le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagail 1, 2, 3, nó 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac 26 . Ina theannta sin, ba cheart go náireofaí san fholáireamh freisin tagairt don doiciméad aitheantais phearsanta agus cóip den doiciméad sin, más féidir, chun sainaithint a éascú agus chun iliomad céannachtaí a bhrath.

    (10)Ba cheart do gach Ballstát údarás a ainmniú a bheidh freagrach as faisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le foláirimh um fhilleadh chun comhar éifeachtach agus tapa a áirithiú i measc na mBallstát.

    (11)Ba cheart nósanna imeachta a bhunú chun a chur ar cumas na mBallstát a fhíorú go bhfuil an oibleagáid um fhilleadh comhlíonta agus chun imeacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann chuig an mBallstát a d’eisigh an foláireamh um fhilleadh a dheimhniú. Ba cheart go gcuideodh an fhaisnéis sin chun obair leantach chuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh cinntí um fhilleadh i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE.

    (12)Ba cheart foláirimh um fhilleadh a scriosadh chomh luath agus a chuirtear an Ballstát nó an túdarás inniúil a d’eisigh an cinneadh um fhilleadh i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE ar an eolas gur tharla an filleadh. I gcás ina ndéantar cinneadh um fhilleadh i gcomhar le cosc ar dhul isteach ba cheart an cosc sin a iontráil in SIS i gcomhréir le Airteagal 24(3) de Rialachán 2018/xxx [seiceálacha teorann]. I gcásanna den sórt sin ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach mbíonn aon bhearna ama ann idir an nóiméad a fhágann an náisiúnach tríú tír limistéar Schengen agus gníomhachtú an fholáirimh in SIS maidir leis an gcosc ar dhul isteach.

    (13)Ba cheart go mbeadh sásra in SIS chun fógra a thabhairt do na Ballstáit faoi neamhchomhlíonadh náisiúnach tríú tír leis an oibleagáid um fhilleadh laistigh de thréimhse ar leith atá leagtha síos le haghaidh imeacht deonach. Ba cheart go dtacódh an sásra leis na Ballstáit a gcuid oibleagáidí i gcomhréir le Airteagal 8(1) de Threoir 2008/115/CE a chomhlíonadh maidir le náisiúnaigh tríú tír nár chomhlíon an oibleagáid um fhilleadh.

    (14)Ba cheart go gcuirfí ar bun leis an Rialachán seo rialacha éigeantacha maidir leis na húdaráis náisiúnta dul i gcomhairle le chéile chun treoracha a d'fhéadfadh a bheith ag teacht salach ar a chéile a réiteach. Ba cheart comhairliúcháin a dhéanamh i gcás ina bhfuil náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú nó ceart eile fanachta acu, nó a bhfuil Ballstát chun ceann acu sin a thabhairt dóibh, faoi réir foláireamh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát eile nó i gcásanna ina bhféadfaidh cásanna contrártha teacht chun cinn ar dhul isteach ar chríocha na mBallstát.

    (15)Níor cheart foláirimh a choinneáil in SIS ach amháin don am atá ag teastáil chun na críocha dár iontráladh iad a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] is é cúig bliana an tréimhse athbhreithniúcháin le haghaidh foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír.

    (16)Féadfaidh sonraí arna bpróiseáil in SIS nó arna naistriú trí mhalartú faisnéise forlíontaí faisnéis a sholáthar don Bhallstát forghníomhúcháin a bheidh úsáideach chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint go tapa agus chun athdhoiciméadú a dhéanamh, maidir lena gcur ar ais go tríú tír. I gcásanna ar leith, ba cheart gurbh fhéidir sonraí agus faisnéis den sórt sin a roinnt le tríú tír chun na críche sin. Aon sonraí pearsanta a roinntear, ba cheart sin a dhéanamh faoi réir coinníollacha soiléire, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/679 agus ba cheart é a dhéanamh le comhaontú an Bhallstáit a d’eisigh an foláireamh.

    (17)D'fhéadfadh sé nach iad na húdaráis náisiúnta chéanna atá freagrach as filleadh i mBallstáit éagsúla, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh siad éagsúil laistigh den Bhallstát féin, ag brath ar na cúiseanna leis an bhfanacht neamhdhleathach. Féadfaidh údaráis bhreithiúnacha cinntí um fhilleadh a eisiúint freisin i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE, mar shampla, mar thoradh ar achomhairc i gcoinne diúltú údarú nó ceart fanachta a thabhairt, nó mar smachtbhanna coiriúil. Ba cheart go mbeadh na húdaráis náisiúnta go léir atá i gceannas ar chinntí um fhilleadh a eisiúint agus a fhorghníomhú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE i dteideal rochtain ar SIS chun foláirimh um fhilleadh a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach.

    (18)Ba cheart rochtain ar fholáirimh um fhilleadh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) d'Airteagal 29(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/xxx [seicealacha teorann] chun críche náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a chur ar ais.

    (19)Déantar foráil le Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Rialachán Europol) maidir le Europol tacú le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát agus iad a neartú, agus maidir lena gcomhar i dtaca le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac agus anailís agus measúnuithe ar bhagairtí a dhéanamh. Chun cuidiú le Europol a thascanna a dhéanamh, go háirithe laistigh den Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, is iomchuí cead rochtana a thabhairt do Europol ar an gcatagóir foláirimh arna sainmhíniú sa Rialachán seo.

    (20)Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/1624 maidir leis an mBallstát óstach údarú a thabhairt do bhaill foirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, arna nimscaradh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, bunachair shonraí Eorpacha a cheadú, i gcás ina bhfuil an méid sin riachtanach chun aidhmeanna oibríochtúla arna sonrú sa phlean oibríochtúil maidir le seiceálacha teorann, faireachas teorann agus filleadh a bhaint amach. Is é an cuspóir atá le himscaradh foirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta, foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus foirne tacaíochta don bhainistiú imirce, foráil a dhéanamh maidir le hatreisiú oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha, go háirithe iad siúd a bhfuil dúshláin dhíréireacha os a gcomhair i dtaca leis an imirce. Ní mór rochtain ar fholáirimh um fhilleadh in SIS trí chomhéadan teicniúil na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a nascann le SIS Láir, chun na tascanna arna sannadh d'fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta, foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce a thabhairt i gcrích.

    (21)Na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus na Gníomhaireachta Eorpaí um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, le hiontráil agus próiseáil foláireamh, coinníollacha rochtana agus coimeád foláireamh, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán agus staitisticí mar a áirítear i Rialachán (AE) 2018/xxx [Seiceálacha teorann], ba cheart feidhm a bheith leo freisin maidir le sonraí arna niontráil agus arna bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    (22)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh coinníollacha iontrála de réir Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 , cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta í.

    (23)Sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 28 ; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (24)Sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CÉ ón gComhairle 29 ; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (25)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis 30 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe c d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 31 .

    (26)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na le acquis 32 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE 33 .

    (27)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo sa mhéid go bhfuil feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann a thuilleadh coinníollacha iontrála i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis 34 Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réim an réimse dá dtagraítear i bpointe C d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE 35 , ón gComhairle.

    (28)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an [...],

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1
    Ábhar agus raon

    Leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le foláirimh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna neisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir le nósanna imeachta i ndáil le Treoir 2008/115/CE a iontráil agus a phróiseáil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS), mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann], agus maidir le faisnéis fhorlíontach ar fholáirimh den sórt sin a mhalartú chomh maith.

    Airteagal 2
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)ciallaíonn "filleadh" filleadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Threoir 2008/115/CE;

    (b) ciallaíonn "náisiúnach tríú tír" náisiúnach tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/115/CE;

    (c) ciallaíonn "cinneadh um fhilleadh" cinneadh um fhilleadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Threoir 2008/115/CE;

    (d)ciallaíonn "cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE" cinneadh um fhilleadh laistigh de bhrí phointe (c) agus cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina luaitear nó ina ndearbhaítear fanacht náisiúnaigh tríú tír a bheith neamhdhleathach agus lena bhforchuirtear nó lena luaitear oibleagáid um fhilleadh arna heisiúint faoi choinníollacha Airteagal 2(2) de Threoir 2008/115/CE;

    (e)ciallaíonn "imeacht deonach" imeacht deonach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(8) de Threoir 2008/115/CE;

    (f)ciallaíonn "CS-SIS" feidhm tacaíochta teicniúla SIS Láir dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann].

    Airteagal 3
    Sonraí a iontráil in SIS

    1.Iontrálfar in SIS sonraí maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE chun comhlíonadh na hoibleagáide um fhilleadh a fhíorú agus chun tacú le forghníomhú an chinnidh. Iontrálfar foláireamh in SIS gan mhoill nuair a eiseofar an cinneadh um fhilleadh i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE.

    2.Déanfar an tréimhse don imeacht deonach a cheadaítear do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinnidh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a thaifeadadh láithreach san fholáireamh.

    3.Déanfar cur ar fionraí agus cur ar athló fhorghníomhiú an chinnidh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CÉ a thaifeadadh láithreach san fholáireamh.

    Airteagal 4
    Catagóirí sonraí

    Ní bheidh sna sonraí arna niontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ach an méid seo a leanas:

    (a)sloinne (sloinnte);

    (b)céadainm (céadainmneacha);

    (c)ainm (ainmneacha) tráth breithe;

    (d)ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe sin;

    (e)aon saintréithe sonracha, oibiachtúla, fisiceacha nach bhféadfá a athrú;

    (f)áit bhreithe;

    (g)dáta breithe;

    (h)inscne;

    (i)náisiúntacht / náisiúntachtaí

    (j)an bhfuil an duine lena mbaineann armáilte, foréigneach, tar éis éalú nó bainteach le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac;

    (k)an chúis leis an bhfoláireamh;

    (l)an túdarás a d'eisigh an foláireamh;

    (m)tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh;

    (n)an beart atá le déanamh;

    (o)nasc (naisc) le foláirimh eile in SIS;

    (p)catagóir dhoiciméad aitheantais an duine;

    (q)tír eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

    (r)uimhir (uimhreacha) dhoiciméad aitheantais an duine;

    (s)dáta eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

    (t)grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

    (u)sonraí dachtalagrafacha;

    (v)cóip dhaite den doiciméad aitheantais;

    (w)an tréimhse ina gceadaítear imeacht deonach;

    (x)ar cuireadh an cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE ar fionraí nó ar cuireadh forghníomhú an chinnidh ar athló.

    Ní fhéadfar foláireamh a iontráil gan na sonraí dá dtagraítear in (a),(g),(k),(m),(n) agus (w). Nuair a bheidh fáil orthu, iontrálfar na sonraí eile go léir atá ar an liosta thuas.

    Airteagal 5
    An t
    údarás atá freagrach as faisnéis fhorlíontach a mhalartú

    Ainmneoidh gach Ballstát údarás a bheidh freagrach as faisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ag filleadh i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann].

    Airteagal 6
    Deimhniú um fhilleadh

    1.I gcás ina sainaithnítear náisiúnach tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh ag imeacht dó thar theorainneacha seachtracha Ballstáit, cuirfidh an Ballstát a shainaithin an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú:

    (a)gur sainaithníodh an náisiúnach tríú tír;

    (b)áit agus am na seiceála;

    (c)cibé acu ar fhág an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát nó nár fhá;

    (d)cibé acu ar comhlíonadh go deonach an oibleagáid um fhilleadh nó ar forghníomhaíodh é;

    (e)an tríú tír cinn scríbe.

    I gcás ina nimíonn náisiúnach tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh thar theorainn sheachtrach an Bhallstáit eisiúna, cuirfear an deimhniú um fhilleadh in iúl don údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    2.Scriosfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh láithreach tar éis an deimhniú um fhilleadh a fháil.

    3.Soláthróidh na Ballstáit ar bhonn míosúil staitisticí do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 (“an Ghníomhaireacht”) maidir leis an líon fillteacha deimhnithe, cibé acu ar comhlíonadh an filleadh go deonach i gcomhréir leis an oibleagáid um fhilleadh nó ar forghníomhaíodh é agus maidir leis na tríú tíortha cinn scríbe. Ní bheidh sonraí pearsanta sna staitisticí seo.

    Airteagal 7
    Neamhchomhlíonadh cinntí um fhilleadh arna n
    eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE

    1.Tabharfaidh CS-SIS fógra do na Ballstáit faoi na foláirimh um fhilleadh sin a bhfuil an tréimhse don imeacht deonach a ghabhann leo imithe in éag.

    2.I gcás ina sainaithníonn údarás inniúil náisiúnach tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh agus ina bhfuil sé deimhnithe ag an údarás céanna nár comhlíonadh an oibleagáid um fhilleadh, rachaidh an túdarás sin i gcomhairle leis an mBallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú d’fhonn a dheimhniú gan mhoill an beart atá le déanamh.

    Airteagal 8
    Nós imeachta comhairliúcháin

    1.Má tá Ballstát ag smaoineamh ar chead cónaithe nó údarú eile a dheonú lena dtairgfear ceart fanachta do náisiúnach tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh arna iontráil ag Ballstát eile, rachaidh an chéad Bhallstát sin i gcomhairle leis an mBallstát a d'iontráil an foláireamh, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú. Tabharfaidh an Ballstát a d'iontráil an foláireamh freagra laistigh de sheacht lá. Má bheartaíonn an Ballstát atá ag smaoineamh ar chead cónaithe nó údarú eile a dheonú lena dtairgfear cead fanachta, an céad cónaithe nó an túdarú sin a dheonú, scriosfar an foláireamh um fhilleadh.

    2.I gcás ina bhfuil Ballstát ag smaoineamh ar fholáireamh a iontráil maidir le náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú eile aige, arna eisiúint ag Ballstát eile, lena dtairgtear cead fanachta, cuirfidh sé an Ballstát a d’eisigh an cead ar an eolas trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú ionas go beidh an Ballstát sin in ann a chinneadh an bhfuil cúiseanna ann a bheadh ina núdar maith lena tharraingt siar. Tabharfaidh an Ballstát a d’eisigh an cead freagra cinnte laistigh de sheacht lá.

    3.I gcás amas ar fholáireamh um fhilleadh a bhaineann le náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú eile aige lena dtairgtear cead fanachta, rachaidh an Ballstát a shainaithin an náisiúnach tríú tír lena mbaineann i gcomhairle láithreach leis na Ballstáit lena mbaineann, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú chun an beart atá le déanamh a chinneadh.

    4.I gcás ina sainaithnítear náisiúnach tríú tír atá faoi réir foláireamh um fhilleadh ag dul isteach dó thar na teorainneacha seachtracha, cuirfidh an Ballstát a shainaithin an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an Ballstát eisiúna ar an eolas láithreach trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú chun an foláireamh a scriosadh.

    5.Soláthróidh na Ballstáit staitisticí don Ghníomhaireacht ar bhonn bliantúil faoi na comhairliúcháin a rinneadh i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4.

    Airteagal 9
    Foláireamh a scriosadh

    1.Gan dochar d’Airteagal 6 ná d'Airteagal 8, scriosfar foláirimh um fhilleadh nuair a tharraingeoidh an túdarás inniúil siar an cinneadh ar a raibh an foláireamh bunaithe nó nuair a dhéanfaidh sé é a neamhní. Scriosfar na foláirimh um fhilleadh freisin nuair is féidir leis an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a thaispeáint go bhfuil críoch na mBallstát fágtha aige i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE.

    2.Scriosfar foláirimh um fhilleadh a iontráladh i ndáil le duine a bhfuil saoránacht Ballstáit nó Stáit ar bith a bhfuil cead saorghluaiseachta laistigh den Aontas ag a náisiúnaigh aige chomh luath agus a bhíonn an Ballstát eisiúna ar an eolas, nó a chuirfear ar an eolas é de bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] go bhfuil an saoránacht sin faighte ag an duine lena mbaineann.

    Airteagal 10
    Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha chun críche filleadh

    Ní fhéadfar sonraí arna bpróiseáil in SIS agus an fhaisnéis fhorlíontach ghaolmhar de bhun an Rialacháin seo a aistriú nó a chur ar fáil do thríú tír i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679 le húdarú an Bhallstáit eisiúna, ach amháin chun críche doiciméad aitheantais nó doiciméad taistil a shainaithint nó a eisiúint don náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach, i dtaca le filleadh an náisiúnaigh sin.

    Airteagal 11
    Staitisticí

    Gan dochar do na forálacha maidir le staitisticí atá in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil staitisticí laethúla, míosúla agus bliantúla, idir staitisticí foriomlána agus staitisticí in aghaidh an Bhallstáit maidir leis an líon foláireamh um fhilleadh arna iontráil in SIS, lena náirítear staitisticí ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(x) den Rialachán seo, ar na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo agus ar an líon foláireamh um fhilleadh a scriosadh de bharr comhlíonadh oibleagáide um fhilleadh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil staitisticí míosúla agus bliantúla maidir leis na sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 8(5) den Rialachán seo. Ní bheidh sonraí pearsanta sna staitisticí sin.

    Airteagal 12
    Ceart rochtana ar shonraí in SIS

    1.Ba cheart rochtain ar shonraí arna niontráil in SIS agus an ceart sonraí den sórt sin a chuardach a fhorchoimeád do na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 29(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] chun críche náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a chur ar ais.

    2.Faoi shainordú Europol a bheidh sé an ceart sonraí arna niontráil in SIS a rochtain agus a chuardach chun críche gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát a neartú agus chun tacú léi agus lena gcomhar frithpháirteach maidir le smuigleáil imirceach agus éascu imirce neamhrialta a chosc agus a chomhrac i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann].

    3.Faoi shainordú bhaill foirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó fhoirne na mball foirne a bhfuil baint acu le tascanna a bhaineann le filleadh, chomh maith le baill de na foirne tacaíochta don bhainistiú inimirce a bheidh an ceart sonraí arna niontráil in SIS a rochtain agus a chuardach chun críche seiceálacha teorann, faireachas teorann agus oibríochtaí um fhilleadh a dhéanamh tríd an gcomhéadan teicniúil arna bhunú agus arna chothú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta dá dtagraítear sna coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31 agus Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2018/xxx [Seiceálacha teorann] agus i gcomhréir leis na coinníollacha sin.

    Airteagal 13
    Infheidhmeacht fhorálacha Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann]

    Sa mhéid agus nach suítear leis an Rialachán seo iad, beidh feidhm ag na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus na Gníomhaireachta, le hiontráil agus próiseáil foláireamh, na coinníollacha maidir le foláirimh a rochtain agus iad a choimeád, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán a dhéanamh agus staitisticí a leagtar síos le hAirteagail 6 go 19, Airteagal 20(3) agus (4) agus in Airteagail 21, 22, 28, 29(4) agus 33 go 54 de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann], beidh feidhm acu maidir le sonraí arna niontráil agus arna bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 14
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón dáta arna socrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann].

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

    1.4.Cuspóirí

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid Chóras Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais.

    1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 37

    Réimse beartais: Imirce agus Gnóthaí Baile (Teideal 18)

    1.3.An cineál togra/tionscnaimh

     Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

    Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 38

    Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

    Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua

    1.4.Cuspóirí

    1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Cuspóir - I dtreo beartas nua ar imirce

    Tá béim curtha ag an gCoimisiún roinnt uaireanta ar an ngá le bunús dlí SIS a athbhreithniú chun cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a chur san áireamh agus chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim leanúnach na himirce agus na dteifeach. Mar shampla, i bPlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Filleadh 39 agus sa Teachtaireacht maidir le Córais Faisnéise níos Cliste agus níos Láidre do Theorainneacha agus Slándáil 40 lena gcuirtear chun feidhme ceanglais an Chláir Oibre Eorpaigh maidir le hImirce 41 d’aithin an Coimisiún an gá na córais mhórscála TF a úsáid níos mó chun críche córas um fhilleadh níos fearr a thógáil.

    Ar ceann de na dreasachtaí atá ann d’imircigh neamhrialta tá an teolas nach noibríonn córas um fhilleadh an Aontais, a bhfuil mar aidhm aige imircigh neamhrialta nó iad siúd a ndiúltaítear a niarratais tearmainn a chur ar ais, i gceart. I dTeachtaireacht uaidh maidir le Beartas um Fhilleadh an Aontais Eorpaigh 42 ba é tátal an Choimisiúin go bhféadfaí poitéinseal SIS i réimse an fhillidh a fheabhsú tuilleadh. Tá sé i gceist leis an togra seo le haghaidh Rialacháin aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo agus an chomhsheasamhacht idir an beartas um fhilleadh agus SIS a fheabhsú. Is é aidhm an togra na coinníollacha agus nósanna imeachta a leagan amach maidir le húsáid SIS chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus a bhfuil cinneadh um fhilleadh eisithe ina leith ag na húdaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a chur ar ais.

    Ar bhonn staidéir a seoladh agus é mar chuspóir aige indéantacht agus impleachtaí teicniúla agus oibríochtúla cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a áireamh in SIS, agus i gcomhréir go hiomlán le cuspóirí an Choimisiúin arna lua sna teachtaireachtaí thuasluaite agus i bPlean Straitéiseach 2016-2020 na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile 43 , is é is aidhm don togra seo úsáid SIS a leathnú agus, ar an gcaoi sin, córas chun sonraí a mhalartú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cinntí um fhilleadh a bhunú don Aontas ar fad i gcomhthéacs SIS; athrú a neartóidh go suntasach malartú faisnéise faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint ag na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha Treoir 2008/115/CE 44 .

    1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach

    Plean Straitéiseach na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile 2016-2017 agus Plean Bainistíochta 2017

    Cuspóir sonrach Uimh 1.1: Dreasachtaí a laghdú i gcás neamhrialta (Beartais éifeachtacha um fhilleadh)

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Caibidil 18 02 - Slándáil inmheánach

    1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Beidh buntáistí soiléire mar thoradh ar chinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a iontráil in SIS mar fholáirimh, go háirithe maidir le hinfheictheacht faisnéise sna Ballstát agus maidir le bearta leantacha a chuíchóiriú.

    Tacóidh an togra leis na húdaráis náisiúnta inniúla leis an méid seo a leanas:

    1. faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide um fhilleadh maidir le gach cinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE;

    2. an cinneadh a fhorghníomhú i gcás neamhchomhlíonadh;

    3. a fhíorú an bhfuil náisiúnach tríú tír a fuarthas go neamhdhleathach ar an gcríoch faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát eile;

    4. cinntí a fhorghníomhú ar son Ballstát eile;

    5. náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis faoi chinntí in-fhorghníomhaithe;

    6. staitisticí a bhailiú maidir le cinntí a comhlíonadh agus nár comhlíonadh.

    Beidh éifeacht dhearfach ag an togra seo ar obair úsáideoirí deiridh. Beidh faisnéis níos fearr ar fáil d'oifigigh allamuigh agus d'údaráis eisiúna agus, ar an gcaoi sin, beidh siad in ann an beart is iomchuí a dhéanamh go tráthúil. Go bunúsach, uirlis bhreise is ea an togra le haghaidh Rialacháin d’údaráis na mBallstát chun a noibleagáid a chomhlíonadh na bearta go léir is gá a dhéanamh chun forghníomhú cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a áirithiú go héifeachtach.

    Beidh tionchar ag roinnt athruithe teicniúla agus oibríochtúla ar na cleachtais, an teagrúchán agus an bonneagar atá i bhfeidhm faoi láthair. Ar na príomhimpleachtaí a bheidh ag cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le forálacha i ndáil le Treoir 2008/115/CE a iontráil in SIS beidh nósanna imeachta oibríochtúla nua/leasaithe, catagóirí breise sonraí i bhfoláirimh maidir le filleadh agus feidhmeanna nua SIS (m.sh., feidhm chun fógra a thabhairt don údarás eisiúna nuair atá an tréimhse don imeacht deonach imithe in éag). Is gá bonneagair iomchuí a bhunú sna Ballstáit chun foláirimh um fhilleadh a iontráil agus a bhainistiú in SIS agus ar mhaithe le cumas stórála breise in SIS Láir.

    Léiríodh in anailís a rinneadh ar an ualach oibre go mbeidh ualach oibre breise ar na páirtithe leasmhara go léir lena mbaineann (go háirithe gardaí teorann, oifigigh phóilíneachta agus na húdaráis a eisíonn cinntí um fhilleadh) mar thoradh ar fholáirimh um fhilleadh a bhainistiú agus obair leantach a dhéanamh i dtaca leis an líon méadaithe amas.

    Tá gá freisin le híosleibhéal comhchuibhithe sna Ballstát nuair atáthar ag plé le daoine atá cheana féin faoi réir cinneadh um fhilleadh arna eisiúint ag Ballstát eile i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE.

    Sa deireadh thiar, de bhrí go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist sa togra, d'fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chearta bunúsacha an duine aonair. Cuireadh an tionchar sin san áireamh le linn an phróisis dréachtaithe, áfach, agus tá na cosaintí riachtanacha curtha in áit chun na prionsabail a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú, go háirithe Airteagal 8.

    1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    Fad agus atá an córas á uasghrádú

    Tar éis an dréacht-togra a fhaomhadh agus na sonrúcháin teicniúla agus na forálacha cur chun feidhme a ghlacadh, déanfar SIS a uasghrádú chun na hathruithe atá beartaithe a chur chun feidhme. Comhordóidh eu-LISA an bainistiú tionscadail chun an córas a uasghrádú. Bunóidh an Ghníomhaireacht struchtúr bainistithe tionscadal agus leagfaidh sí síos amlíne mionsonraithe ina mbeidh clocha míle chun na hathruithe atá beartaithe a chur chun feidhme, rud a thabharfaidh deis don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an togra.

    Cuspóir sonrach - Teacht i bhfeidhm feidhmiúlachtaí nuashonraithe SIS in 2020

    Táscaire - tastáil réamhlainseála an chórais athbhreithnithe a bheith curtha i gcrích go rathúil.

    An uair a bheidh an córas infheidhme

    Nuair a bheidh an córas infheidhme, áiritheoidh eu-LISA go bhfuil na nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiúlacht SIS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse. Dhá bhliain tar éis SIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach dá bhliain ina dhiaidh sin ceanglófar ar eu-LISA tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiúlacht theicniúil SIS Láir agus an bhonneagair cumarsáide, lena náirítear slándáil an bhonneagair sin, agus ar mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Ina theannta sin, cuireann eu-LISA ar fáil staitisticí laethúla, míosúla agus bliantúla a léiríonn an líon taifead in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon amas bliantúil in aghaidh gach catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta ar an iomlán a rinneadh an córas a rochtain chun críche foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, agus an líon uaireanta a rochtain gach Ballstát é.

    Trí bliana tar éis SIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún ar fáil measúnú foriomlán ar SIS Láir agus ar an malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Áirítear sa mheasúnú foriomlán sin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach i gcoinne na gcuspóirí, agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta, cur chun feidhme an Rialacháin seo i dtaca le SIS Láir, slándáil SIS Láir agus aon impleachtaí a bheidh ar oibríochtaí amach anseo. Cuireann an Coimisiún an mheastóireacht sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

    Cuspóir sonrach - úsáid éifeachtach SIS chun críocha náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais.

    Táscaire - cuirfidh na tuarascálacha staitisticiúla, arna neisiúint ag eu-LISA maidir leis an líon foláireamh agus an líon amas, arna sholáthar ag na Ballstáit, ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na torthaí agus ar thionchar an tionscnaimh agus ar an gcaoi a bhfuil na Ballstáit á chur chun feidhme.

    1.5.Foras an togra/tionscnaimh

    1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    1. Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, feidhmíocht an chórais um fhilleadh a fheabhsú, agus an comhar idir údaráis inniúla na mBallstát a fheabhsú;

    2. Iontaoibh an phobail i mbeartas imirce agus tearmainn an Aontais a dhaingniú agus go leor tacaíochta a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu;

    3. Aitheantas frithpháirteach agus forghníomhú a chumasú ar fud an Aontais maidir le cinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE i measc údaráis imirce i gcomhréir le acquis an Aontais Eorpaigh;

    4. Comhlíonadh cinntí um fhilleadh a fhíorú agus tionchar níos mó a imirt ar ghníomhaíochtaí na núdarás inniúla;

    5. Sonraí agus staitisticí níos iontaofa a chur ar fáil maidir leis an líon cinntí um fhilleadh arna neisiúint agus ar an ráta comhlíonta;

    6. Iontrálfar in SIS na cinntí um fhilleadh go léir arna neisiúint ag údaráis na mBallstát i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE;

    7. Cuidiú a thabhairt náisiúnaigh tríú tír is ábhar do chinneadh um fhilleadh arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE a shainaithint agus faisnéis a roinnt idir na Ballstáit;

    1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    Ní féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina naonar, aidhm an togra seo, eadhon córas a bhunú chun faisnéis a roinnt faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE agus chun faireachán a dhéanamh ar fhág náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí den sórt sin arna neisiúint i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE críoch na mBallstát, an aidhm sin a ghnóthú go leordhóthanach. Ní dhéantar faisnéis maidir le cinntí um fhilleadh atá á coinneáil i gcórais inimirce náisiúnta a roinnt go córasach le Ballstáit eile. Dá dheasca sin, ní bhíonn na Ballstáit eile ar an eolas faoi chinntí um fhilleadh arna neisiúint i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag gluaiseacht go neamhdhleathach timpeall an Aontais agus atá ar idirthuras trí Bhallstáit eile. Tá sé tábhachtach béim a chur ar an mbreisluach a bheadh ag córas a bheadh i bhfeidhm ar fud an Aontais a mbeadh an cumas ann aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na bearnaí faisnéise atá ann faoi láthair sa bheartas um fhilleadh, rud nach féidir a dhéanamh trí chórais náisiúnta ar leith a úsáid. Trí chórais náisiúnta a úsáid buanófar na saincheisteanna maidir leis an easpa comhchuibithe i mbainistiú cinntí um fhilleadh sna Ballstát. Ina theannta sin, trí na cinntí um fhilleadh a iontráil in SIS is féidir leis na Ballstáit eile a dheimhniú freisin an bhfuil cinneadh (nó roinnt cinntí) um fhilleadh bainteach leis ag an duine atá á sheiceáil. Dá bhrí sin, is é an breisluach a bheidh ann don Aontas méadú ar infheictheacht cinntí um fhilleadh a dhéanann Ballstáit eile.

    Má dhéantar foláirimh maidir le cinntí um fhilleadh agus cosc ar dhul isteach a chruthú in SIS, déanfar cáilíocht na faisnéise a fheabhsú freisin agus cuirfear ar chumas oifigeach allamuigh faisnéis leordhóthanach, thráthúil, chruinn, ábhartha agus formáidithe go húsáideach a fháil. Beidh faisnéis níos fearr ar fáil do na húsáideoirí deiridh agus, dá bhrí sin, neartófar gnéithe oibríochtúla a gcuid oibre a bhuí leis an Aontas a bheith rannpháirteach.

    1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

    1. Níor cheart go dtosódh an chéim forbartha go dtí go saineofear na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla ina niomláine. Ní dhéanfar SIS a nuashonrú mura nglacfar go cinntitheach na hionstraimí bunúsacha dlí lena leagtar amach a chuspóir, a raon feidhme, a fheidhmeanna agus na mionsonraí teicniúla;

    2. Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúchán (agus leanann sé de sin a dhéanamh) leis na páirtithe leasmhara ábhartha lena náirítear toscairí don Choiste SISVIS faoin nós imeachta coiste agus an Grúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh. Bhí plé ann le linn roinnt cruinnithe den Choiste SISVIS (10 Bealtaine 2016 agus 30 Meitheamh 2016) agus den Ghrúpa Teagmhála don Treoir um Fhilleadh (16 Samhain 2015, 18 Márta agus 20 Meitheamh 2016). Tionóladh ceardlann chomhpháirteach le toscairí don Choiste SISVIS agus don Ghrúpa Teagmhála den Treoir um Fhilleadh an 5 Feabhra 2016.

    3. Chuaigh an Coimisiún ar lorg saineolas seachtrach freisin; tá na torthaí ionchorpraithe i bhforbairtí an togra seo:

    - I nDeireadh Fómhair 2015, sheol an Coimisiún staidéar seachtrach 45 a raibh sé mar chuspóir leis measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus na himpleachtaí teicniúla agus oibrithe a bhain le córas a bhunú don Aontas ar fad, i gcomhthéacs SIS, chun sonraí ar chomhlíonadh le cinntí um fhilleadh a mhalartú agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin. Cuireadh críoch leis an staidéar sin in Aibreán 2016.

    1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Tá an togra seo comhoiriúnach le forálacha Threoir 2008/115/CE lena leagtar síos na caighdeáin choiteanna agus na nósanna imeachta coiteanna chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, agus tógann sé ar na forálacha sin. Déanann sé iarracht infheictheacht agus leibhéal níos mó comhlíonta a chruthú maidir le cinntí um fhilleadh arna neisiúint ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir 2008/115/CE. Tacóidh an togra seo le forghníomhú na gcinntí sin trína leagan síos go bhfuil sé éigeantach cinntí um fhilleadh a iontráil in SIS.

    Tá an togra seo comhsheasamhach le beartais eile de chuid an Aontais agus le tograí reachtacha eile de chuid an Choimisiúin, eadhon:

    1. Beartas éifeachtach um fhilleadh an Aontais Eorpaigh chun cuidiú a thabhairt córas an Aontais chun náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais nach bhfuil aon cheart acu fanacht ar críoch na mBallstát a fheabhsú. Chuideodh an méid sin chun na dreasachtaí a bhaineann le himirce neamhrialta a laghdú, rud atá ar cheann de príomhchuspóirí an Chlár Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce;

    2. EURODAC agus córas Bhaile Átha Cliath - tacóidh iontráil cinntí um fhilleadh in SIS leis na Ballstáit obair leantach a dhéanamh le fáil amach an bhfuil críoch na mBallstát fágtha ag iarrthóirí tearmainn ar diúltaíodh dá niarrata agus ar fhilleadh siad ar thríú tír, i gcomhréir le cinneadh um fhilleadh. Comhlánóidh sé freisin an togra ón gCoimisiún maidir le húsáid EURODAC a leathnú chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach gan tearmann a iarraidh agus a fhéadfaidh gluaiseacht timpeall an Aontais gan bhrath a shainaithint;

    3. Córas Dul Isteach/Imeachta - comhlánóidh an Rialachán nua an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcóras Dul Isteach/Imeachta agus úsáid an chórais chun rófhantóirí a bhrath agus a shainaithint (ar chríoch na mBallstát freisin);

    4. Cód Teorainneacha Schengen - comhlánóidh sé an leasú ar Chód Teorainneacha Schengen 46 a bhaineannn leis an oibleagáid náisiúnaigh tríú tír a sheiceáil go córasach sna bunachair shonraí ábhartha ar imeacht dóibh.

    5. An togra ón gCoimisiún maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorainneacha agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 de bhrí go gcomhlánóidh sé na forálacha maidir le cosc ar dhul isteach a iontráil in SIS tar éis don náisiúnach tríú tír lena mbaineann filleadh.

    1.6.Fad agus tionchar airgeadais

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

       Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

       Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

     Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2018 go 2020,

    agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

    1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 47

    Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

     ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

       trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

    Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

     tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

     eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

     BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

     comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

     comhlachtaí dlí poiblí;

     comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

     comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

     daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Beidh an Coimisiún freagrach as bainistiú foriomlán an bheartais agus beidh eu-LISA freagrach as an gcóras a fhorbairt, a oibriú agus a chothú.

    Beidh feidhm ag na costais a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide (leithreasú DG HOME) a luaitear sna ráitis airgeadais reachtacha a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann 48 agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla 49 leis an togra seo chomh maith. Tá na costais dá dtagraítear sa togra seo comhlántach do na tograí thuasluaite mar is aon chóras faisnéise amháin é SIS.

    2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

    Tá feidhm leis na forálacha athbhreithniúcháin agus faireacháin a áirítear in Airteagail 54(7) agus (8) den togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córais Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann.

    Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faireachán agus athbhreithniú rialta ar úsáid SIS lena áirithiú go leanann sé de bheith ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún na bearta oibríochtúla agus teicniúla dá dtagraítear sa togra seo a chur chun feidhme.

    Gach dhá bhliain, ceanglaítear ar eu-LISA tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú teicniúil – lena náiritear slándáil – SIS, an bonneagar cumarsáide a thacaíonn leis agus an malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit.

    Ina theannta sin, gach ceithre bliana, ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar SIS agus ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit, agus an mheastóireacht sin a roinnt leis an bParlaimint agus leis an gComhairle. Tá sé mar aidhm ag an meastóireacht sin:

    a) na torthaí a baineadh amach a chur i gcomparáid leis na cuspóirí;

    b) measúnú a dheanamh an bhfuil bunréasúnaíocht an chórais bailí fós;

    c) cur i bhfeidhm an Rialacháin i dtaca leis an lárchóras a scrúdú;

    d) meastóireacht a dhéanamh ar shlándáil an lárchórais;

    e) na himpleachtaí a bheidh ar fheidhmiú an chórais amach anseo a fhiosrú.

    2.2.Ina theannta sin, ceanglaítear ar eu-LISA anois staitisticí laethúla, míosúla agus bliantúla ar úsáid SIS a sholáthar, rud a áiritheoidh go bhfuil faireachán leanúnach á dhéanamh ar an gcóras agus ar fheidhmiú an chórais i gcomparáid leis na cuspóirí. Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

    Aithnítear na rioscaí seo a leanas:

    1. Deacrachtaí féideartha do eu-LISA na forbairtí atá leagtha amach sa togra seo a bhainistiú in éineacht le forbairtí eile atá ar siúl an tam céanna (e.g., cur chun feidhme AFIS in SIS) agus forbairtí amach anseo (e.g., an córas Dul Isteach/Imeachta, ETIAS agus uasghrádú Eurodac). D’fhéadfaí an riosca seo a mhaolú trína áirithiú go bhfuil a dhóthain foirne agus acmhainní ag eu-LISA chun na tascanna sin a dhéanamh agus chun an conraitheoir um Choinneáil in Ord Oibre (MWO) a bhainistiú go leanúnach.

    2. Deacrachtaí do na Ballstáit:

    2.1 Deacrachtaí de chineál airgeadais mar go néilíonn an cur chun feidhme infheistíochtaí ó na Ballstáit chomh maith. D’fhéadfaí an riosca seo a mhaolú trí mhaoiniú ón Aontas Eorpach a sholáthar do na Ballstáit e.g. ón gcuid den Chiste Slándála Inmheánaí a bhaineann le teorainneacha (an Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha).

    2.2 Ní mór na córais náisiúnta a ailíniú le riachtanais lárnacha agus d'fhéadfadh moill a bheith ar an bhforbairt de dheasca plé leis na Ballstáit ar an ábhar sin. D’fhéadfaí an riosca seo a mhaolú trí dhul i dteagmháil go luath leis na Ballstáit maidir leis an tsaincheist seo chun a áirithiú go mbeifear réidh le beart a dhéanamh ag an am is iomchuí.

    2.3 Rioscaí a bhaineann le nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta.

    2.3.1 Ní dhéantar cinntí um fhilleadh a chruthú, a thabhairt cothrom le dáta ná a scriosadh ar bhealach tráthúil:

    - an sásra lena bhfíorú go bhfilleann duine atá faoi réir cinneadh um fhilleadh laistigh den tréimhse le haghaidh imeacht deonach, ní fheidhmeoidh sé ach amháin má iontráiltear cinntí um fhilleadh láithreach mar fholáirimh in SIS a luaithe agus a eisítear iad.

    - d’fhéadfadh sé tarlú de bharr nach bhfuil fáil ar SIS ar feadh tréimhse ag na teorainneacha seachtracha nó de bharr earráid daonna nach cláraítear imeacht an duine, is é sin fanfaidh an foláireamh um fhilleadh in SIS agus ní iontrálfar an cosc ar dhul isteach sa chóras tar éis don duine imeacht. Is féidir an riosca seo a mhaolú trí rochtain a thabhairt ar fholáirimh do chinntí um fhilleadh do na gardaí teorann ag an bpointe iontrála ionas go bhfeicfidh siad an foláireamh le linn an phróisis iontrála agus go ndéanfaidh siad teagmháil leis na húdaráis inniúla chun bearta breise a dheimhniú i gcás amais.

    2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

    Is é eu-LISA a fheidhmíonn na freagrachtaí maidir le comhchodanna lárnacha SIS. Chun gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid SIS, d'fhonnn anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le brú imirceach, bainistiú teorainneacha agus cionta coiriúla, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann córas úrscothach a fhorbairt chun staitisticí a thuairisciú o na Ballstáit agus don Choimisiún.

    Cuirfear cuntais eu-LISA faoi bhráid Chúirt na nIniúchóirí lena bhformheas agus beidh siad faoi réir nós imeachta um urscaoileadh. Déanfaidh Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach iniúchtaí i gcomhar le hiniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta.

    2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

    N/A

    2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 1077/2011 na bearta atá beartaithe chun calaois a chomhrac leagtha síos. Déanann siad foráil maidir leis an méid seo a leanas:

    1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 1073/1999 chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac.

    2. Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

    3. Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe cur chun feidhme agus na hionstraimí cur chun feidhme a thagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar fhaighteoirí maoinithe ón nGníomhaireacht agus ar na gníomhairí atá freagrach as an maoiniú sin a leithdháileadh.

    I gcomhréir leis an bhforáil seo, an 28 Meitheamh 2012 glacadh Cinneadh Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc a dhéanfadh dochar do leasanna an Aontais.

    Beidh feidhm ag straitéis AS um Imirce agus Gnóthaí Baile chun calaois a chosc agus a bhrath.

    3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

    Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

    Líne buiséid

    Saghas
    caiteachais

    Ranníocaíocht

    Ceannteideal 3 - Slándáil agus Saorántacht

    LD/LN 50 .

    ó thíortha de chuid CSTE 51

    ó thíortha is iarrthóirí 52

    ó thríú tíortha

    de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

    18.0207 An Ghníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF i limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA)

    Dif

    Níl

    Níl

    Níl

    3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    3

    Slándáíl agus Saorantacht

    eu-LISA

    Bliain2018

    Bliain
    2019

    Bliain
    2020

    IOMLÁN

    Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Teideal 1 Caiteachas Foirne

    Gealltanais

    (1)

    0,070

    0,070

    0,070

    0,210

    Íocaíochtaí

    (2)

    0,070

    0,070

    0,070

    0,210

    Teideal 2 Caiteachas bonneagair agus oibríochtúil

    Gealltanais

    (1a)

    0

    0

    0

    0

    Íocaíochtaí

    (2 a)

    0

    0

    0

    0

    Teideal 3 Caiteachas oibríochtúil

    Gealltanais

    (1a)

    2,520

    0,447

    0,447

    3,414

    Íocaíochtaí

    (2 a)

    1,008

    1,959

    0,447

    3,414

    IOMLÁN leithreasuithe
    do eu-LISA

    Gealltanais

    =1+1a +3

    2,590

    0,517

    0,517

    3,624

    Íocaíochtaí

    =2+2a

    +3

    1,078

    2,029

    0,517

    3,624




     IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

     IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    do CHEANNTEIDEAL <….>
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    =4+ 6

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

     IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    Gealltanais

    (4)

    Íocaíochtaí

    (5)

     IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

    (6)

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Méid tagartha)

    Gealltanais

    =4+ 6

    2,590

    0,517

    0,517

    3,624

    Íocaíochtaí

    =5+ 6

    1,078

    2,029

    0,517

    3,624



    Ceannteideal an chreata airgeadais
    ilbhliantúil:

    5

    "Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

     Acmhainní daonna

     Caiteachas riaracháin eile

    IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

    Leithreasuithe

    IOMLÁN leithreasuithe
    do CHEANNTEIDEAL 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    N 53

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe
    faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
    den chreat airgeadais ilbhliantúil

    Gealltanais

    Íocaíochtaí

    3.2.2.Éifeacht mheasta ar leithreasuithe eu-LISA

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir

    Bliain
    2018

    Bliain
    2019

    Bliain
    2020

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas 54

    Meánchostas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon

    Costas

    Líon iomlán

    Costas iomlán

    CUSPÓIR AR LEITH Uimh 1 55 Lárchóras Forbartha

    Conraitheoir

    1

    0,770

    0,770

    Bogearraí

    1

    1,500

    1,500

    Crua-earraí

    1

    0,250

    0,250

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

    2,520

    2,520

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2
    Lárchóras Cothabhála

    Conraitheoir

    1

    0

    1

    0,078

    1

    0,078

    0,156

    Bogearraí

    1

    0

    1

    0,225

    1

    0,225

    0,450

    Crua-earraí

    1

    0

    1

    0,075

    1

    0,075

    0,150

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

    0

    0,378

    0,378

    0,756

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3
    Cruinnithe/Oiliúint

    Gníomhaíochtaí oiliúna

    1

    0,069

    1

    0,069

    0,138

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

    0,069

    0,069

    0,138

    COSTAS IOMLÁN

    2,520

    0,447

    0,447

    3,414

    3.2.3.Éifeacht mheasta ar acmhainní daonna eu-LISA

    3.2.3.1.Achoimre

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Bliain
    2018

    Bliain
    2019

    Bliain
    2020

    IOMLÁN

    Oifigigh (Gráid AD)

    Oifigigh (Gráid AST)

    Foireann conartha

    0,070

    0,070

    0,070

    0,210

    Foireann sealadach

    Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

    IOMLÁN

    0,070

    0,070

    0,070

    0,210

    Tá sé beartaithe foireann a earcú in Eanáir 2018. Ní mór fáil a bheith ar gach ball foirne go luath in 2018 le gur féidir tús a chur in am is i dtráth leis an tréimhse forbartha d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in 2020.. Tá gníomhaire ar conradh (CA) de dhíth chun riachtanais a chumhdach do chur chun feidhme an tionscadail agus le haghaidh chothabháil agus thacaíocht oibríochtúil an tionscadail tar éis a chur chun feidhme. Beidh na hacmhainní seo á núsáid chun:

    Tacú le cur chun feidhme an tionscadail mar bhaill foirne tionscadail, lena náirítear gníomhaíochtaí amhail na riachtanais agus na sonraíochtaí teicniúla a shainiú, comhar agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit le linn an chur chun feidhme, an Doiciméad Rialaithe Comhéadain a nuashonrú, obair leantach a dhéanamh ar sheachadtaí conarthacha, doiciméid a sheachadadh agus nuashonruithe etc.

    Tacú le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha a chuireann an córas i bhfeidhm i gcomhar leis an gconraitheoir (eolas faoi obair leantach, nuashonraithe ar an bpróiseas oibríochtúil, cúrsaí oiliúna (lena náirítear gníomhaíochtaí oiliúna na mBallstát) etc. a scaipeadh)

    Tacú leis na gníomhaíochtaí atá níos fadtéarmaí, sonraíochtaí a shainiú, conarthaí a ullmhú i gcás ina bhfuil an córas á athstruchtúrú nó i gcás ina mbeidh gá leis an gconradh nua SISII um Choinneáil in Ord Oibre (MWO) a leasú chun athruithe breise a chumhdach (ón taobh teicniúil agus buiséadach de).

    Tacaíocht an dara leibhéal a fhorghníomhú tar éis an teachta i bhfeidhm fad is atá cothabháil leanúnach agus oibríochtaí ar siúl.

    Ba cheart a thabhairt faoi deara go ngníomhóidh an acmhainn nua (FTE CA) sa bhreis ar na hacmhainní foirne inmheánacha a bheidh in úsáid chomh maith do na tionscadail agus na gníomhaíochtaí eile agus do ghníomhaíochtaí oibríochtúla/leantacha airgeadais agus tionscadal/conarthacha. A bhuí le CA a úsáid, beidh na conarthaí fada agus leanúnach a ndóthain chun leanúnachas sa ghnó a áirithiú agus chun gur féidir na saineolaithe céanna a úsáid do ghníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe. Anuas air sin, is gá rochtain ar an timpeallacht táirgthe chun na gníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla a thabhairt i gcrích agus ní féidir an rochtain sin a thabhairt do chonraitheoirí ná d'fhoireann sheachtrach.

    3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain N+2

    Bliain N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

     Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

    10 01 05 01 (Taighde díreach)

     Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 56

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

    XX 01 04 yy  57

    - sa cheanncheathrú

    - toscaireachtaí

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

    Línte buiséid eile (sonraigh)

    IOMLÁN

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus pearsanra sealadach

    Pearsanra seachtrach

    3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

       Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Tá athchlárú an méid atá fágtha de chlúdach litreach na dTeorainneacha Cliste den Chiste Slándála Inmheánaí beartaithe chun na hathruithe dá bhforáiltear sa togra seo a chur chun feidhme. Is é Rialachán Teorainneacha ISF an ionstraim airgeadais a ndearnadh an buiséad i ndáil le cur chun feidhme phacáiste na dTeorainneacha Cliste a chur san áireamh inti. Le hAirteagal 5 den Rialachán, déantar foráil maidir le EUR 791 milliún a chur chun feidhme trí chlár chun córais TF a thacaíonn le bainistiú sreabh imirce thar an teorainn sheachtrach a chur ar bun faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15. Tá EUR 480 milliún den EUR 791 milliún thuasluaite á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta agus tá EUR 210 milliún de á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Déanfar an fuílleach, EUR 100 828 milliún, a úsáid go páirteach chun costais na nathruithe a bhaineann le feidhmiúlachtaí SIS II, dá bhforáiltear sa dá thogra, a chumhdach.

       Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain
    N

    Bliain
    N+1

    Bliain
    N+2

    Bliain
    N+3

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



    3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

       Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

       ar acmhainní dílse

       ar ioncam ilghnéitheach

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim:

    Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

    Tionchar an togra/tionscnaimh 58

    Bliain
    2018

    Bliain

    2019

    Bliain

    2020

    Bliain

    2021

    Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

    Airteagal 6313

    p.m

    p.m

    p.m

    p.m

    I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

    18.02.08 (Córas Faisnéise Schengen), 18.02.07 (eu-LISA)

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    Áireofar sa bhuiséad ranníocaíochtaí ó thíortha a bhfuil comhlachas acu le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

    (1) Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le meastóireacht ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) i gcomhréir le hAirteagal 24(5), Airteagal 43(3) agus Airteagal 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus hAirteagal 59(3) agus Airteagal 66(5) de Chinneadh 2007/533/JHA agus Doiciméad Inmheánach Oibre Foirne a ghabhann leis. (IO...)
    (2) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
    (3) COM(2016) 205 final an 6.4.2016.
    (4) Cinneadh 2016/C 257/03 ón gCoimisiún an 17.6.2016.
    (5) Rialachán (AE) Uimh 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF i limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch.1).
    (6) COM(2015) 240 final.
    (7) COM(2015) 453 final.
    (8) COM(2016) 205 final.
    (9) Conclúidí na Comhairle Eorpaí an 25 agus 26 Meitheamh 2015 (ST 22 2015 INIT).
    (10) Conclúidí na Comhairle maidir le todhchaí an beartais um fhilleadh, ar fáil anseo:  http://www.consilium.europa.eu/press-releases-pdf/2015/10/40802203341_en.pdf  
    (11) Treoir 2001/40/AE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt, IOL 149, 2.6.2001 lch 34; agus Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle an 23 Feabhra 2004 lena leagtar amach na critéir agus na socruithe praiticiúla chun na míchothromaíochtaí airgeadais a chúiteamh ar toradh iad de chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/AE maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt, IO L 60, 27.2.2004 lch. 55.
    (12) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 ar chosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán um Chosaint Sonraí Ginearálta)(OJ L 119, 4.5.2016 lch.1).
    (13) COM(2015) 670 final.
    (14) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle anMárta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) IO L 77 23.3.2016 lch.1.
    (15) COM(2015) 240 final.
    (16) COM(2016) 272 final.
    (17) COM(2016) 194 final.
    (18) COM(2016) 731 final.
    (19) Rialachán (AE) 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a fheidhmiú agus a úsáid (SIS II) (IO L 381 28.12.2006 ) lch.4.
    (20) Rialachán (AE) 2007/533 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar bhunú, feidhmiú agus úsáid Córas Faisnéise Schengen dara glúin (SIS II) (OJ L 205 7.8.2007 ) lch.63.
    (21) COM(2014) 199 final.
    (22) Staidéar ar an bhféidearthacht agus na himpleachtaí córas a bhunú ar fud an AE laistigh de chomhthéacs an Chórais Faisnéise Schengen chun sonraí a mhalartú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh le cinntí um fhilleadh ( https://bookshop.europa.eu/en/study-on-the-feasibility-and-implications-of-setting-up-within-the-framework-of-the-schengen-information-system-an-eu-wide-system-for-exchanging-data-on-and-monitoring-compliance-with-return-decisions-pbDR0116353/ )
    (23) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
    (24) Rialachán (AE) 2018/...maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a úsáid agus a oibriú chun críocha seiceálacha teorann (IO L ....).
    (25) Rialachán (AE) 2018/...maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a úsáid agus a oibriú chun críocha comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla (IO L ....).
    (26) Cinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164 22.6.2002 lch.3).
    (27) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch.1).
    (28) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
    (29) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
    (30) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
    (31) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
    (32) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
    (33) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
    (34) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
    (35) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Aontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
    (36) Rialachán (AE) Uimh 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IOJ L 286, 1.11.2011, lch.1).
    (37) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
    (38) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
    (39) COM(2015) 453 final.
    (40) COM(2016) 205 final.
    (41) COM(2015) 240 final.
    (42) COM(2014) 199 final.
    (43) Ares(2016)2231546 – 12/05/2016.
    (44) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348,24.12.2008, lch. 98).
    (45) Staidéar ar an bhféidearthacht agus na himpleachtaí a bhaineann le córas a bhunú don Aontas Eorpach, faoi chuimsiú chreat Chórais Faisnéise Schengen, chun sonraí a mhalartú maidir le comhlíonadh cinntí um fhilleadh agus chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin  https://bookshop.europa.eu/en/study-on-the-feasibility-and-implications-of-setting-up-within-the-framework-of-the-schengen-information-system-an-eu-wide-system-for-exchanging-data-on-and-monitoring-compliance-with-return-decisions-pbDR0116353/ )
    (46) COM(2015) 670 final.
    (47) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid:  http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
    (48) IO L…
    (49) IO L…
    (50) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
    (51) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
    (52) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
    (53) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
    (54) Táirgí agus seirbhísí le soláthar is ea aschuir (m.sh. líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
    (55) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'.
    (56) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
    (57) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
    (58) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
    Top