AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,18.7.2016
COM(2016) 460 final
2016/0218(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, * den pháirt eile, a fheidhmiú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
An 27 Deireadh Fómhair 2015, síníodh An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (“an Comhaontú”), agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016.
Is gá rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de chuid an Chomhaontaithe, chomh maith le nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacadh.
Ar mhaithe le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. Ós rud é gur cuid den chomhbheartas tráchtála iad na gníomhartha cur chun feidhme, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun iad a ghlacadh.
I gcás ina ndéanann an Comhaontú foráil maidir leis an bhféidearthacht, in imthosca eisceachtúla agus géibheannacha, na bearta práinne is gá chun dul i ngleic leis an staid a chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh láithreach. I gcás bearta maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, ba cheart don Choimisiún, i gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh láithreach.
Tá sé leagtha amach sa Chomhaontú go bhféadfar táirgí áirithe talmhaíochta agus iascaigh de thionscnamh na Cosaive a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialálfar bainistiú agus athbhreithniú na gcuótaí taraife sin chun gur féidir measúnú críochnúil a dhéanamh orthu.
Sa Rialachán seo, tá bearta cur chun feidhme don Chomhaontú, agus ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith aige ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cuótaí taraife arna ndeonú faoin gComhaontú a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú go héifeachtach, chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil agus an chóir chomhionann a áirithiú i ndáil le dleachtanna a thobhach.
2016/0218 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile, a fheidhmiú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)An 27 Deireadh Fómhair 2015, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016.
(2)
Is gá rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de chuid an Chomhaontaithe chomh maith le nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacadh.
(3)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ós rud é gur cuid den chomhbheartas tráchtála iad na gníomhartha cur chun feidhme, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun iad a ghlacadh. I gcás ina ndéanann an Comhaontú foráil maidir leis an bhféidearthacht, in imthosca eisceachtúla agus géibheannacha, na bearta práinne is gá chun dul i ngleic leis an staid a chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh láithreach. I gcás bearta maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, ba cheart don Choimisiún, i gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh láithreach.
(4)Tá sé leagtha amach sa Chomhaontú go bhféadfar táirgí áirithe talmhaíochta agus iascaigh de thionscnamh na Cosaive a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialálfar bainistiú agus athbhreithniú na gcuótaí taraife sin chun gur féidir measúnú críochnúil a dhéanamh orthu.
(5)I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle nó, de réir an cháis, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle.
(6)I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chás féideartha calaoise nó mainneachtana comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.
(7)Sa Rialachán seo, tá bearta cur chun feidhme don Chomhaontú, agus ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith aige ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.
(8)Chun cur chun feidhme agus bainistiú éifeachtach na gcuótaí taraife arna ndeonú faoin gComhaontú, agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus cóir chomhionann a áirithiú freisin maidir le dleachtanna a thobhach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Sa Rialachán seo, leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, ar an taobh amháin, agus an Chosaiv, ar an taobh eile ("an Comhaontú").
Airteagal 2
Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh
Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 31 den Chomhaontú, maidir le cuótaí taraife d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo.
Airteagal 3
Laghduithe taraife
1.Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.
2.Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:
(a)1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem;
(b)EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.
Airteagal 4
Oiriúnuithe teicniúla
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fho-rannta Taraif Chomhtháite an Chomhphobail Eorpaigh (TARIC) nó a thagann as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Chosaiv. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3).
Airteagal 5
Clásal cosanta ginearálta
I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 43 den Chomhaontú, glacfaidh an Coimisiún an beart sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 43 den Chomhaontú.
Airteagal 6
Clásal ganntanais
I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 44 den Chomhaontú, glacfaidh an Coimisiún an beart sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo.
Airteagal 7
Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha
I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 43(5)(b) agus Airteagal 44(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh láithreach mar a fhoráiltear in Airteagal 41 agus Airteagal 42 den Chomhaontú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Rialachán seo.
Airteagal 8
Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh
3.D'ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 34(2) nó Airteagal 43 den Chomhaontú, maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, i gcás inarb infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 den Chomhaontú. Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo.
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, lena náirítear an cás dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Rialachán seo.
4.Má fhaigheann an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:
(c)laistigh de thrí lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 43 den Chomhaontú; nó
(d)Laistigh de thrí lá ó dheireadh an tréimhse 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 43(5)(a) den Chomhaontú, i gcás go bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 43 den Chomhaontú.
Cuirfidh an Coimisiún na bearta a chinn sé in iúl don Chomhairle.
Airteagal 9
Faireachas
Chun Airteagal 34 den Chomhaontú a chur chun feidhme, bunófar faireachas Aontais ar allmhairí earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn V de Phrótacal 3 den Chomhaontú. Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 308(d) de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún.
Airteagal 10
Dumpáil agus fóirdheontas
I gcás cleachtas a d'fhéadfadh a bheith ina chúis don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 42(2) den Chomhaontú a ghlacadh, déanfar bearta frithdhumpála nó frithchúitimh, nó an dá chineál birt, a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.
Airteagal 11
Iomaíocht
5.I gcás cleachtas a mheasann an Coimisiún atá ar neamhréir le hAirteagal 75 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin dó ag Ballstát, an beart is iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 75 den Chomhaontú, a chinneadh.
Déanfar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 75(9) den Chomhaontú a ghlacadh i gcás cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009.
6.I gcás cleachtas a d'fhéadfadh a bheith ina chúis don Chosaiv bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 75 den Chomhaontú, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thagann as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 12
Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar
7.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéis arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 48 den Chomhaontú, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:
(e)Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas; agus
(f)fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil ar a bhfuil sé bunaithe, agus rachaidh sé i gcomhairle laistigh den Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.
8.Aon fhoilsiú faoi Airteagal 48(5) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
9.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 48(4) den Chomhaontú, a chur ar fionraí.
Airteagal 13
An nós imeachta coiste
10.Chun crocha Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 12 den Rialachán seo, beidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
11.Chun críocha Airteagal 5 go dtí Airteagal 8 den Rialachán seo, beidh an Coiste a bunaíodh faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
12.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
13.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag mír 1 go dtí mír 4 d'Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.
Airteagal 14
Fógra a thabhairt
Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, faoi seach, de réir mar atá leatha síos sa Chomhaontú.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2016.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán