AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.4.2015
COM(2015) 180 final
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir lena n
aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Tá sé mar aidhm ag an togra bearta as an bplean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha (ICCAT)ag a chruinnithe bliantúla idir 2012 agus 2014 a thrasuí isteach i ndlí an Aontais Is é ICCAT an Eagraíocht Réigiúnach Bainistíochta Iascaigh a bhfuil sé de chúram uirthi an tuinnín nó speicis atá cosúil leis a bhainistiú san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird a bhfuil an tAontas ina Pháirtí Conarthach inti. Bunaíodh an plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm in 2006 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2007.
Tá an túdarás ag ICCAT cinntí ("moltaí") a ghlacadh ina réimse inniúlachta maidir le caomhnú agus bainistiú iascaigh; tá na gníomhartha seo ina gceangal agus den chuid is mó is ar Pháirtithe Conarthacha ICCAT atá siad dírithe ach tá oibleagáidí ar oibreoirí (máistir soithigh mar shampla) iontu chomh maith. Tagann moltaí ICCAT i bhfeidhm sé mhí tar éis a nglactha agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, ní mór iad a achtú i ndlí an Aontais sa mhéid nach dtagann siad faoi réir reachtaíocht an Aontais cheana féin.
Rinneadh bearta áirithe ICCAT maidir leis an tuinnín gorm a thrasuí le Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 an 15 Bealtaine 2014 lena leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009. Bhí sé mar aidhm ag an leasú sin na bearta a ghlac ICCAT in 2012 agus in 2013 maidir le séasúir iascaireachta a thrasuí. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach maidir leis na bearta go léir sa phlean Téarnaimh a glacadh idir 2012 agus 2014 a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh, leis an togra seo déanfar iad a ionchorprú i Rialachán maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle leis an Rialachán seo.
2.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR
Ní raibh gá le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe
Téann an tionscnamh reachtach i ngleic leis an imní chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach na mbeart is nuashonraithe i bplean téarnaimh ilbhliantúil ICCAT don tuinnín gorm a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh. Níl na bearta caomhnaithe agus bainistíochta ábhartha a bunaíodh le Moltaí ICCAT i bhfeidhm go díreach maidir le soithigh aonair ná náisiúnaigh an Aontais. Dá bhrí sin is gá bearta ICCAT maidir leis an tuinnín gorm a glacadh in 2012, 2013 agus in 2014 a thrasuí isteach i ndlí an Aontais. Tá bearta teicniúla sa togra amhail na bearta maidir leis an tuinnín gorm beo a aistriú agus a chur i gcaighean, lena náirítear bearta maidir le ceamaraí steiréascópacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí den tuinnín gorm agus na cainníochtaí a scaoileadh, ceanglais tuairiscithe gabhála agus cur i bhfeidhm Chlár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT.
Tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mbeidh feidhm aici maidir leis an tuinnín gorm ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh. I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, beidh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail oibleagáidí ar thoradh iad ar mholtaí ICCAT. Faoin bhforáil sin cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, chun críche oibleagáidí idirnáisiúnta den chineál sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais lena náirítear, go háirithe, maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá réir sin, tabharfar cead an tuinnín gorm a chaitheamh ar ais san fharraige i roinnt cásanna atá leagtha síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain agus nach dtagann faoi réir an togra seo.
Bunús dlí
Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Prionsabal na coimhdeachta
Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais (Airteagal 3 (1)(d) CFAE). Níl feidhm le prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.
Prionsabal na comhréireachta
Leis an togra déanfar trasuí bhearta ábhartha ICCAT isteach i ndlí an Aontais a áirithiú gan níos mó ná is gá a dhéanamh chun an cuspóir a bhaint amach.
Rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean téarnaimh dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
I bhfianaise líon na neilimintí nua agus na nathruithe, ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 leis an Rialachán seo.
4.IMPLEACHT BHUISÉADACH
Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áirithiú go ndéanfar acmhainní uisceacha beo a shaothrú ar bhealach a chruthóidh dálaí inbhuanaithe geilleagair, comhshaoil agus sóisialta.
(2)Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('an Coinbhinsiún').
(3)Ag a 15ú Cruinniú Speisialta in 2006, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('ICCAT'), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 0605 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bhunú, plean a mbeidh deireadh leis in 2022 (an 'Plean téarnaimh'). Tháinig an Moladh seo i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2007.
(4)Trasuíodh Moladh 0605 ICCAT isteach i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 ón gComhairle lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
(5)Ag a 16ú Cruinniú Speisialta in 2008, ghlac ICCAT Moladh 0805 lena leasaíodh Moladh 0605.
Chun an stoc a athbhunú, leis an bPlean téarnaimh a bunaíodh in 2006 agus a leasaíodh in 2008 cuireadh ar bun laghdú de réir a chéile ar an leibhéal gabhála iomláine is incheadaithe ó 2007 go 2011, srianta ar iascaireacht laistigh de limistéir agus tréimhsí ama áirithe, íosmhéid nua maidir leis an tuinnín gorm, bearta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar mar spórt nó mar chaitheamh aimsire, bearta maidir le hacmhainn feirmeoireachta éisc agus iascaireachta agus treisíodh Scéim ICCAT maidir le comhchigireacht idirnáisiúnta.
(6)Trasuíodh Moladh 0805 ICCAT isteach i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007.
(7)Ag a 17ú Cruinniú Speisialta in 2010, ghlac ICCAT Moladh 1004 lena leasaíodh Moladh 0805. Chun an stoc a athbhunú, leagadh síos le Moladh 1004 laghdú breise ar an ngabháil iomlán is incheadaithe, agus ar an acmhainn iascaireachta agus treisíodh na bearta rialaithe, go háirithe na bearta maidir le hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean. Rinneadh foráil freisin maidir le comhairle bhreise ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS) in 2012 i ndáil le láithreacha sceite a aithint agus tearmainn a chruthú.
(8)D'fhonn bearta idirnáisiúnta caomhnaithe leasaithe Mholadh 1004 a thrasuí isteách i ndlí an Aontais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 le Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)Ag a 18ú Cruinniú Speisialta in 2012, ghlac ICCAT Moladh 1203 lena leasaíodh Moladh 1004. D'fhonn éifeachtacht an phlean téarnaimh a neartú leag sé síos bearta teicniúla maidir leis an tuinnín gorm beo a aistriú agus a chur i gcaighean, ceanglais nua maidir le tuairisciú gabhála, cur i bhfeidhm Chlár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT agus athruithe ar na séasúir iascaireachta. Thairis sin, treisíodh ról SCRS maidir le measúnú a dhéanamh ar stoic an tuinnín ghoirm.
(10)Ag a 23ú Gnáthchruinniú in 2013, ghlac ICCAT Moladh 1307 lena leasaíodh Moladh 1203 trí mhionathruithe ar shéasúir iascaireachta a thabhairt isteach nach gcuireann isteach ar chabhlach an Aontais. Thairis sin, glacadh Moladh 1308 a chomhlánaíonn an plean téarnaimh. Leag sé síos nós imeachta comhchoiteann maidir le córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí den tuinnín gorm ag an bpointe ag a gcuirtear na héisc i gcaighean agus tugadh isteach dáta tosaigh solúbtha do shéasúr iascaireachta na mbád baoite agus na mbád trollála san Atlantach Thoir.
(11)D'fhonn bearta riachtanacha amhail na bearta maidir leis na séasúir iascaireachta i Moladh 1203 agus i Moladh 1308 a thrasuí isteach i ndlí an Aontais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 tuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(12)Ag a 19ú Cruinniú Speisialta in 2014, ghlac ICCAT Moladh 1404 lena leasaíodh Moladh 1307 agus lena naisghaireadh Moladh 1308. Cé go ndearnadh roinnt de na forálacha rialaithe a bhí ann an tráth sin a chuíchóiriú, rinneadh tuilleadh sonraithe ar na nósanna imeachta maidir le ceamara steiréascópach a úsáid ag an bpointe ag a gcuirtear na héisc i gcaighean agus tugadh bearta isteach sa phlean Téarnaimh atá dírithe ar oibríochtaí scaoilte agus ar conas dhéileáil le héisc atá marbh.
(13)Tá Moladh 1404 ina cheangal ar an Aontas.
(14)Ba cheart na leasuithe go léir ar an bplean Téarnaimh a ghlac ICCAT in 2012, 2013 agus 2014, agus nár trasuíodh go fóill, a chomhtháthú i ndlí an Aontais. Ós rud é go mbaineann an trasuí seo le plean arb é ICCAT a shainigh a chuspóirí agus bearta, ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an tábhar go léir atá i bpleananna ilbhliantúla mar atá leagtha amach in Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(15)Is gá leasuithe ceangailteacha ar an bplean téarnaimh a dhéanfar amach anseo a thrasuí isteach i ndlí an Aontais. D'fhonn leasuithe den chineál sin a thrasuí go pras isteach i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún Eorpach ('an Coimisiún'). Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á nullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
(16)D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha de chuid an Rialacháin seo i ndáil le hoibríochtaí aistrithe, oibríochtaí cur i gcaighean agus gníomhaíochtaí gaiste agus soithigh a thaifeadadh agus a thuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le sásraí rialaithe do na Ballstáit maidir le feidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin.
(17)Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach a ghlacadh i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe, oibríochtaí cur i gcaighean agus gníomhaíochtaí gaiste agus soithigh a thaifeadadh agus a thuairisciú, más rud é go bhfuil gá leo ar mhórfhorais práinne.
(18)Ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a aisghairm leis an Rialachán seo.
(19)Tá forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 imithe i léig, go háirithe ós rud é go bhfuil siad cumhdaithe anois faoi ghníomhartha eile an Aontais, agus ba cheart iad a scriosadh. Ba cheart forálacha eile a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad ag teacht le hathruithe sa reachtaíocht, go háirithe iad siúd a rinneadh mar thoradh ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh.
(20)Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 bunaítear córas Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú ag a bhfuil cur chuige domhanda agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha go léir an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá cuid de na hábhair ó Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 cumhdaithe faoi na gníomhartha sin anois, go háirithe Airteagal 33 maidir le bearta forfheidhmithe agus Iarscríbhinn VIII maidir le tarchur sonraí ó chórais faireacháin soithí (VMS). Ní gá, mar sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.
(21)I gcomhréir le hAirteagal 49(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, beidh feidhm ag na fachtóirí coinbhéartachta a ghlac SCRS maidir le meáchan slánaithe coibhéiseach an tuinnín ghoirm phróiseáilte a ríomh, críoch an Rialacháin seo san áireamh.
(22)Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle glacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/156/AE ón gCoimisiún. Chomh maith le nithe eile, leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin bunaítear sprioc-thagarmharcanna agus cuspóirí le haghaidh iascaireacht an tuinnín goirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a rialú.
(23)Faoi mhír 2c de Mholadh 0607 ICCAT bunaítear clár samplála chun meastúchán a dhéanamh ar an líon lánfhásta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí feirmeoireachta i réimse an tuinnín ghoirm. Trasuíodh an fhoráil sin le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 302/2009. Ní gá foráil sonrach a chur sa Rialachán sin maidir le clár samplála, ós rud é go bhfuil riachtanais an chláir samplála sin cumhdaithe go hiomlán faoi na cláir a bunaíodh faoi mhír 83 de Mholadh 1404, atá le trasuí leis an Rialachán seo. Foráiltear leis an mír sin go núsáidfear córais cheamaraí steiréascópacha nó teicnící eile atá chomh beacht leo le linn gach oibríocht cur i gcaighean chun líon agus meáchan na niasc a bhraith níos beaichte.
(24)Tugadh isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis an tuinnín gorm ón 1 Eanáir 2015 ar aghaidh. I gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin, áfach, beidh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír gan dochar d'oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail oibleagáidí ar thoradh iad ar Mholtaí ICCAT. Faoin bhforáil sin cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, chun críche oibleagáidí idirnáisiúnta den chineál sin a chur i bhfeidhm i ndlí an Aontais lena náirítear, go háirithe, maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá réir sin, tabharfar cead an tuinnín gorm a chaitheamh ar ais san fharraige i roinnt cásanna a leagadh síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014. Dá bhrí sin, ní gá oibleagáidí aischuir den chineál sin a bheith sa Rialachán seo.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme an phlean téarnaimh a shainmhínítear in Airteagal 3(1) ag an Aontas.
2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
Airteagal 2
Cuspóir
Is é is cuspóir don Rialachán seo, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh a shainmhínítear in Airteagal 3(1) bithmhais a ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe faoi 2022 agus go mbeidh dóchúlacht 60 % ar a laghad ann leis sin.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
Ciallaíonn 'plean téarnaimh' an plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm (Thunnus thynnus), a bhfuil feidhm aige ó 2007 go 2022 agus a mhol an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha ('ICCAT');
(2)
ciallaíonn 'soitheach iascaireachta' aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críocha acmhainní an tuinnín ghoirm a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena náirítear soithí gabhála, soithí próiseála éisc, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí a ghabhann don athlastáil agus soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;
(3)
ciallaíonn 'soitheach gabhála' soitheach a úsáidtear chun críocha acmhainní an tuinnín gorm a ghabháil ar bhonn tráchtála;
(4)
ciallaíonn 'soitheach próiseála' soitheach a ndéantar ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí seo a leanas ar thairgí iascaigh ar bord an tsoithigh sin, sula ndéantar iad a phacáil: filléadú nó slisniú, reo agus/nó próiseáil;
(5)
ciallaíonn 'soitheach coimhdeachta' aon soitheach a úsáidtear chun an tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair/feirmeoireachta, eangach peassaighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;
(6)
ciallaíonn 'soitheach tarraingthe' aon soitheach a úsáidtear chun caighin a tharraingt;
(7)
ciallaíonn 'soitheach tacaíochta' aon soitheach eile dá dtagraítear faoi (2);
(8)
ciallaíonn 'iascaireacht ghníomhach', i gcás aon soitheach gabhála nó gaiste, go ndíríonn sé ar an tuinnín gorm le linn séasúr iascaireachta ar leith;
(9)
ciallaíonn 'comhoibríocht iascaireachta' aon oibríocht ina bhfuil dhá soitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála cionroinnte;
10.
ciallaíonn 'oibríochtaí aistrithe' aon oibríocht ina ndéantar:
(i)an tuinnín gorm beo a aistriú ó eangach an tsoithigh gabhála go dtí an caighean iompair;
(ii)an tuinnín gorm beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair eile;
(iii)an caighean ina bhfuil an tuinnín gorm a aistriú ó shoitheach tarraingthe amháin go dtí soiteach tarraingthe eile;
(iv)an tuinnín gorm beo a aistriú ó fheirm iascaireachta amháin go dtí feirm iascaireachta eile;
(v)an tuinnín gorm beo a aistriú ón ngaiste go dtí an caighean iompair.
(11)
ciallaíonn 'aistriú rialaithe' aon aistriú breise a dhéantar ar iarratas ó na hoibreoirí iascaireachta/feirme nó ó na húdaráis rialaithe chun líon na niasc atá á naistriú a fhíoradh.
(12)
ciallaíonn 'gaiste' trealamh feistithe atá ar ancaire ar an ngrinneall a mbíonn treoireangach ina cuid de de ghnáth agus lena dtreoraítear an tuinnín gorm istigh in imhfhálú nó i sraith imfháluithe, áit a gcoinnítear é sula ndéantar é a shaothrú.
(13)
ciallaíonn 'cur i gcaighean' an tuinnín beo a aistriú ón gcaighean nó gaiste iompair go dtí na caighin feirmeoireachta;
(14)
ciallaíonn 'feirmeoireacht' an tuinnín gorm a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin arb é is aidhm dó iad a ramhrú agus a mbhithmhais iomlan a mhéadú;
(15)
ciallaíonn 'feirm' suiteáil a úsáidtear le haghaidh feirmeoireacht an tuinnín ghoirm a gabhadh le gaistí agus/nó le báid peassaighne;
(16)
ciallaíonn 'acmhainn feirmeoireachta' an acmhainn i dtonnaí atá ag feirm maidir le héisc a choinneáil chun críocha ramhraithe agus feirmeoireachta;
(17)
ciallaíonn 'saothrú' an tuinnín ghoirm a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;
(18)
ciallaíonn 'athlastáil' na héisc go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile. Ní mheasfar díluchtú tuinníní ghorma marbha ón eangach peas-saighne nó ón soitheach tarraingthe chuig soitheach coimhdeachta a bheith ina athlastáil.
(19)
ciallaíonn 'iascach spóirt' iascach neamhthráchtála a bhfuil baint ag a baill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó ar eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;
(20)
ciallaíonn 'iascach áineasa' iascach neamhthráchtála nach bhfuil baint ag a baill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó nár eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;
(21)
ciallaíonn 'ceamara steiréascópach' ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó níos mó, ina bhfuil braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa lenar féidir íomhánna tríthoiseacha a fháil;
(22)
ciallaíonn 'ceamaraí rialaithe' ceamaraí steiréascópacha agus/nó gnáthfhíscheamaraí chun críche an rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
(23)
Is doiciméad um ghabháil an tuinnín ghoirm maidir leis an tuinnín gorm iad 'BCD (Bluefin Catch Document)' nó 'ríomhBCD'. De réir mar is iomchuí, cuirfear tagairt don ríomhBCD in ionad an tagartha do BCD.
(24)
ciallaíonn 'an Ballstát freagrach' agus 'an Ballstát atá freagrach' an Ballstát brataí nó an Ballstát a bhfuil an gaiste nó an fheirm suite faoina dhlínse nó, má tá an fheirm nó an gaiste suite ar an mórmhuir, an Ballstát ina bhfuil oibreoir an ghaiste nó na feirme bunaithe;
(25)
Ciallaíonn 'Tasc II' Tasc II mar atá sainmhínithe ag ICAAT sa "Field manual for statistics and sampling Atlantic tunas and tuna-like fish" (An Lámhleabhar maidir le staitisticí agus sampláil tuinníní Atlantacha agus éisc atá cosúil leo);
(26)
Ciallaíonn 'CPC' Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún agus Páirtithe Comhoibritheacha Neamhchonarthacha, Eintitis Comhoibritheacha Neamhchonarthacha nó Eintitis Comhoibritheacha Neamhchonarthacha Iascaireachta;
(27)
Ciallaíonn 'SCRS' Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh ICCAT (the Standing Committee on Research and Statistics);
(28)
Ciallaíonn 'Limistéar an Choinbhinsiúin' an limistéar geografach atá cumhdaithe faoi bhearta ICCAT de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 1 den Choinbhinsiún.
Airteagal 4
Fad soithí
Tuigtear gur fad iomlán atá i gceist le gach fad soithigh dá dtagraítear sa Rialachán seo.
CAIBIDIL II
Bearta Bainistíochta
Airteagal 5
Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta
1.Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh an tuinnín ghoirm atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
2.I gcás nach bhfuil aon saothrú iomlán ann ní dhéanfar aon thabhairt anonn faoin bplean téarnaimh.
3.Cuirfear toirmeasc ar shoithí iascaireachta an Aontais a chairtfhostú le haghaidh an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
Airteagal 6
Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta, pleananna iascaireachta agus pleananna bainistíochta feirmeoireachta a chur isteach
1.Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún:
(a)plean iascaireachta le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí atá i mbun an tuinnín gorm a ghabháil san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;
(b)plean bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta lena náireofar go bhfuil acmhainn iascaireachta an Bhallstáit i gcomhréir leis an gcuóta a leithroinneadh ar an mBallstát sin;
2.Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhthathú i bplean bainistíochta an Aontais maidir le hiascaireacht agus acmhainn, plean a chuirfear ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun é a phlé agus a fhormheas.
3.
Faoin 15 Aibreán gach bliain, ní mór do gach Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige modhnú a dhéanamh ar phlean ICCAT maidir le hacmhainn feirmeoireachta atá i bfheidhm plean bainsitithe feirmeoireachta a sheoladh chuig an gCoimisiún, a chuirfidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT é.
Airteagal 7
Pleananna iascaireachta
1.Sa phlean iascaireachta bliantúil a thíolacfaidh gach Ballstát déanfar na cuótaí a leithroinneadh ar gach grúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 a shainaithint agus sonrófar na nithe seo a leanas go háirithe sa phlean:
(a) na soithí gabhála is faide ná 24 mhéadar ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(a), an cuóta arna leithroinneadh ar gach ceann acu agus na bearta a chuirfear ar bun chun a áirithiú go ndéanfar na cuótaí indibhidiúla agus na lamháltais seachghabhála a urramú;
(b) i gcás na soithí gabhála atá níos giorra ná 24 mhéadar ar fad agus i gcás gaistí, an cuóta a leithroinneadh ar eagraíochtaí táirgeoirí nó ar ghúpra de shoithí iascaireachta atá i mbun iascaireachta le trealamh den chineál céanna ar a laghad.
2.Déanfaidh an Ballstát ábhartha aon mhodhnú ina dhiaidh sin ar an bplean iascaireachta bliantúil nó ar na cuótaí indibhidiúla arna leithroinneadh ar shoithí gabhála is faide ná 24 mhéadar agus atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(a) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún trí lá ar a laghad sula ndéanfar an ghníomhaíocht is cúis leis an modhnú sin. Cuirfidh an Coimisiún aon mhodhnú den chineál sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 48 nuaire ar a laghad sula ndéanfar an ghníomhaíocht is cúis leis an modhnú sin.
Airteagal 8
Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta
1.Léis an bplean bainistíochta bliantúil maidir le hacmhainn iascaireachta a thíolacfaidh gach Ballstát comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2.Maidir leis an líon uasta gaistí is féidir a chlárú i mBallstát agus soithí iascaireachta a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain acu agus a fhéadfaidh an tuinnín gorm a iascach, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a iompar nó a thabhairt i dtír, déanfar é a shocrú i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
3.Líon na soithí iascaireachta a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain acu agus a bheidh i mbun an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, beidh sé teoranta go dtí an líon agus an olltonáiste comhfhreagrach de shoithí iascaireachta a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu a bhí ag iascach tuinnín gorm, a choinnigh ar bord é, a d'athlastáil é, a d'iompair é nó a thug i dtír é le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 1 Iúil 2008. Beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le soithí gabhála de réir cineál trealaimh.
4.I gcás soithí atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach faoin maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2), leagtar amach coinníollacha breise in Iarscríbhinn I maidir leis an líon uasta soithí iascaireachta a shocrú.
5.An líon uasta gaistí arna núdarú ag an mBallstát faoin 1 Iúil 2008 an teorainn a bheidh leis an líon uasta gaistí ag Ballstát i mbun an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
6.
De mhaolú ar na forálacha i mír 3 agus mír 5 i leith na mblianta 2015, 2016 agus 2017, i gcás inar féidir le Ballstát a thaispeáint go bhfuil an fhéidearthacht ann nach núsáidfear a chuóta iomlán de bharr a acmhainne iascaireachta, féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh líon níos airde gaistí agus soithí a áireamh ina phleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 7.
7
De mhaolú ar na forálacha i mír 3 agus mír 6 i leith na mblianta 2015, 2016 agus 2017, déanfaidh gach Ballstát líon na mbád peas-saighne nach bhfuil údaraithe an tuinnín gorm a iascach faoin maolú dá dtagraítear in Airteagal 13(2)b a theorannú go líon na mbád peas-saighne a d'údaraigh sé in 2013 nó 2014.
8.
Agus pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta á leagan síos, déanfar acmhainn iascaireachta gach Ballstáit a bhunú ar an meastachán a rinne SCRS in 2009 ar na rátaí gabhála is fearr in aghaidh an tsoithigh agus an trealaimh, meastachán lenar aontaigh ICCAT le linn cruinniú idirsheisiúnach Choiste um Chomhlíonadh ICCAT in 2010. I gcás ina ndéanfaidh SCRS aon leasú ar na rátaí gabhála sin, is iad na rátaí gabhála is déanaí lenar aontaigh ICCAT a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm.
Airteagal 9
Pleananna bainistíochta feirmeoireachta
1.Léis an bplean bainistíochta feirmeoireachta a thíolacfaidh gach Ballstát comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2.Maidir leis an uas-acmhainn a bheidh ag gach Ballstát i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú an tuinnín ghoirm agus an uas-ionchur tuinnín ghoirm fhiáin is féidir le gach Ballstát a leithroinnt, déanfar iad a shocrú i gcomhréir leis an gConradh agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
3.Acmhainn fheirmeacha an Bhallstáit sin i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú an tuinnín ghoirm a bhí cláraithe i dtaifead ICCAT maidir le saoráidí feirmeoireachta nó a bhí údaraithe agus dearbhaithe chuig ICCAT ar an 1 Iúil 2008 an teorainn a bheith le huas-acmhainn Ballstáit i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú an tuinnín ghoirm.
4.Leibhéil na gcainníochtaí incurtha a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008 a bheith mar uas-ionchur an tuinnín ghoirm fhiáin is féidir le feirmeacha an Bhallstáit sin a thabhairt isteach.
5.Déanfaidh gach Ballstát uas-ionchur bliantúil a leithroinnt ar a gcuid feirmeacha a bheidh ina chuid den uaschainníocht tuinníní gorma fiáine ionchurtha dá dtagraítear i mír 4.
CAIBIDIL III
BEARTA TEICNIÚLA
ROINN 1
SÉASÚIR IASCAIREACHTA
Airteagal 10
Báid spiléar, báid peas-saighne, trálaeir pheiligeacha, gaistí agus iascaigh spóirt agus áineasa
1.Ceadófar do shoithí mórscála peiligeacha gabhála spiléar is faide ná 24 mhéadar an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine, cé is moite den limistéar siar ó 10◦I agus ó thuaidh ó 42◦T agus de Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na hIorua, áiteanna ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Eanáir.
2.Ceadófar peas-saighneoireacht an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh cé is moite de Limistéar Eacnamaíocht Eisiach na hIorua, áit ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 25 Meitheamh go dtí an 31 Deireadh Fómhair.
3.Ceadófar do thrálaeir pheiligeacha an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir le linn na tréimhse ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.
4.Ceadófar an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar chaitheamh aimsire nó mar spórt ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.
5.Ceadófar an tuinnín gorm a iascach le trealaimh, seachas na trealaimh dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 agus in Airteagal 11, lena náirítear gaistí ó cheann ceann na bliana.
Airteagal 11
Báid bhaoite agus báid trollála
1.Ceadófar do bháid bhaoite agus do bháid trollála an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair.
2.Ar choinníoll nach ndéanfar aon difear do chosaint na láithreacha sceite agus nach mbeidh fad an tséasúir iascaireachta i gcás na niascach sin níos faide ná ceithre mhí, féadfaidh gach Ballstát dáta tosaigh difriúil a shocrú maidir le báid bhaoite agus báid trollála a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá i mbun oibríochta san Atlantach Thoir.
3.Sa phlean iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 7, sonróidh gach Ballstát cé acu a rinneadh dáta tosaigh na niascach sin a mhodhnú nó nach ndearnadh, agus luafaidh siad comhordanáidí na limistéar lena mbaineann.
ROINN 2
ÍOSMHÉID, GABHÁIL DE THAISME, SEACHGHABHÁIL
Airteagal 12
An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Tá forálacha na Roinne seo gan dochar d'Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena náirítear aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán sin.
Airteagal 13
Íosmhéid
1.30 kg nó 115 cm (fad go gabhal an eireabaill) a bheidh már íosmhéid tunnín ghoirm a ghabhfar san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
2.De mhaolú ar mhír 1, 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) a bheidh mar íosmhéid tuinnín ghoirm i gcás na niascach seo a leanas:
(a)Tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach Thoir ag báid bhaoite agus ag báid trollála;
(b)Tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta;
(c)Tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag an iascach cósta agus ceardaithe le haghaidh éisc úra, ag báid bhaoite, báid spiléar agus báid lámhdhorú.
3.Déantar na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach in Iarscríbhinn I.
4.Eiseoidh na Ballstáit lena mbaineann údaruithe sonracha chuig na soithí le dul i mbun iascaireachta faoin maolú dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na soithí lena mbaineann a léiriú ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 19(1)a. Chun na críche sin beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 19 agus in Airteagal 20.
Airteagal 14
Gabhálacha de thaisme
1.I gcás gach soitheach gabhála agus gaiste i mbun iascaireacht ghníomhach ar an tuinnín gorm ceadófar gabhálacha de thaisme d'uasmhéid 5% den tuinnín gorm idir 8 agus 30 kg meáchan nó a bhfuil an fad go gabhal a eireabaill idir 75 agus 115 cm
2.Déanfar an céatadán 5 % dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn na ngabhálacha go léir den tuinnín gorm de réir líon iasc arna gcoinneáil ar bord nó laistigh den ghaiste tráth ar bith i ndiaidh gach oibríocht iascaireachta.
3.Déanfar gabhálacha de thaisme a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as na soithí gabhála nó an gaiste.
4.Beidh gabhálacha de thaisme den tuinnín gorm faoi réir Airteagail 23, 28, 29 agus 30.
Airteagal 15
Seachghabháil
1.Déanfaidh gach Ballstát cuóta sonrach a leithroinnt chun críche sheachghabáil an tuinnín ghoirm agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin agus a phlean iascaireachta á chur ar aghaidh acu.
2.Déanfaidh soithí an Aontais nach bhfuil i mbun iascaireacht ghníomhach ar an tuinnín gorm seachghabhálacha den tuinnín gorm a sheachaint atá níos mó ná 5 % den ghabháil iomláin ar bord tar éis oibríocht iascaireachta, de réir meáchain nó an lín píosaí. Ní bheidh feidhm ag ríomh an chéatadáin sin de réir líon píosaí ach ar an tuinnín agus ar speicis cosúil leis an tuinnín atá bainistithe ag ICCAT.
3.Déanfaidh gach Ballstát gach iasc marbh atá laistigh de na seachghabhálacha dá chuóta dá dtagraítear i mír 2a asbhaint. I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta de thuinnín gorm acu, déanfar na seachghabhálacha ábhartha a bhaint de chuóta sonrach an Aontais maidir leis an tuinnín gorm seachghafa arna bhunú i gcomhréir leis an gConradh agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
4.Má tá an cuóta a leithroinneadh ar Bhallstát an tsoithí iascaireachta nó an ghaiste lena mbaineann ídithe cheana féin, déanfar aon ghabhálacha den tuinnín gorm a sheachaint. Ní mór an tuinnín gorm marbh a thabhairt i dtír agus beidh sé faoi réir coigistiú agus bearta leantacha is iomchuí. I gcomhréir le hAirteagal 27, tuairisceoidh gach Ballstát faisnéis ar bhonn bliantúil maidir le cainníochtaí den chineál sin chuig an gCoimisiún a chuirfidh an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
5.Beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 25, 28, 29, 30 agus 54 maidir le seachghabháil.
ROINN 3
AERÁRTHAÍ A ÚSÁID
Airteagal 16
Aermhodhanna a úsáid
Cuirfear toirmeasc ar aon aermhodhanna a úsáid chun an tuinnín gorm a chuardach, lena náirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerárthaí gan foireann.
CAIBIDIL IV
IASCAIGH ÁINEASA AGUS IASCAIGH SPÓIRT
Airteagal 17
Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh áineasa agus iascaigh spóirt
Déanfaidh gach Ballstát iascaigh áineasa agus iascaigh spóirt a rialáil trí chuóta sonrach a leithroinnt chun críche na niascach sin agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus a phlean iascaireachta á chur ar aghaidh chuige.
Airteagal 18
Iascaireacht áineasa agus spóirt
1.Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta den tuinnín gorm iascaigh áineasa agus spóirt a rialáil trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta áineasa agus spóirt.
2.I gcás iascaigh áineasa agus spóirt, ní cheadófar dóibh níos mó ná aon tuinnín gorm amháin a ghabháil in aghaidh an tsoithigh in aghaidh an lae.
3.Aon tuinnín gorm a thugtar i dtír, beidh sé iomlán nó geolbhaithe agus/nó glanta.
4.Cuirfear toirmeasc ar thuinnín gorm a gabhadh le linn iascaireacht áineasa agus spóirt a chur ar an margadh.
5.Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála, lena náirítear meáchan agus fad gach tuinnín ghoirm, ó iascaigh áineasa agus spóirt agus cuirfidh sé na sonraí a bhaineann leis an mbliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS.
6.Déanfaidh gach Ballstát gabhálacha marbha ó iascaigh áineasa agus spóirt a chomhaireamh in aghaidh an chuóta a leithroinn sé i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus Airteagal 17.
CAIBIDIL V
BEARTA RIALAITHE
ROINN 1
TAIFID AR SHOITHÍ AGUS GAISTÍ
Airteagal 19
Taifid ar shoithí
1.Gach bliain, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis a leanas go leictreonach faoi bhráid an Choimisiúin aon mhí amháin roimh thús an tséasúir iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 nuair is infheidhme nó aon mhí amháin roimh thús na tréimhse údaraithe i gcásanna eile.
(a)liosta de na soithí gabhála go léir a bhfuil a bhratach ar foluain acu atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar gur eisíodh údarú iascaireachta speisialta dóibh;
(b)liosta de gach soitheach iascaireachta eile, seachas soithí gabhála, a bhfuil a bhratach ar foluain acu atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
2.Déanfar an dá liosta a leagan amach i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte ó ICCAT maidir le sonraí a thíolacadh agus maidir leis an bhfaisnéis is gá.
3.Le linn bliain féilire, d'fhéadfadh soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta ag an am céanna.
4.Áireofar ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 ainm an tsoithigh agus uimhir Chlár Chabhlaigh an Aontais mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún.
5.Ní ghlacfar le haon iarratas cúlghabhálach. Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 le linn bliain féilire ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta ar tugadh fógra ina leith páirt a ghlacadh de bharr cúiseanna oibríochtúla nó de bharr force majeure. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:
(a)sonraí iomlána maidir leis an soitheach iascaireachta nó na soithí iascaireachta a bhfuil sé beartaithe é nó iad a chur in ionad soitheach atá ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1; agus
(b)cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna atá leis an ionadú agus aon fhianaise tacaíochta nó tagairtí iomchuí.
6.Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na soithí a thaifeadadh ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT maidir le gach soitheach iascaireachta eile (seachas soithí gabhála) atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach.
7.
Beidh feidhm ag Airteagal 8a(2), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle agus na modhnuithe riachtanacha déanta air.
Airteagal 20
Údaruithe iascaireachta do shoithigh
1.
Gan dochar d'Airteagal 15, ní bheidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil ar thaifid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 19(1) údaraithe an tuinnín gorm a iascach, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a iompar, a aistriú, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
2.
Má mheastar go bhfuil an cuóta indibhidiúil ídithe tarraingeoidh an Ballstát brataí an túdarú iascaireachta siar agus ceanglóidh sé ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort arna ainmniú aige.
Airteagal 21
Taifid ar ghaistí atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach
1.
Faoin 15 Feabhra gach bliain, tíolacfaidh gach Ballstát liosta go leictreonach don Choimisiún de na gaistí atá údaraithe aige, trí údarú iascaireachta speisialta a éisiúint, an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Beidh ainm na ngaistí agus an uimhir chláir ar an liosta agus déanfar é a leagan amach i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte ó ICCAT maidir le sonraí a thíolacadh agus maidir leis an bhfaisnéis is gá.
2.
Seolfaidh an Coimisiún an liosta chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a thaifeadadh ar thaifead ICCAT maidir le gaistí atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach.
3.
Ní bheidh gaistí an Aontais nár iontráladh ar thaifead ICCAT údaraithe an tuinnín gorm a iascach, a choinneáil, a aistriú, a chur i gcaighean nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir nó sa Mheánmhuir.
4.
Beidh feidhm ag Airteagal 8a(2), (4), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus na modhnuithe riachtanacha déanta air.
Airteagal 22
Comhoibríochtaí iascaireachta
1.
Ní dhéanfar aon chomhoibríocht iascaireachta le haghaidh an tuinnín ghoirm a údarú ach le toiliú ón mBallstát brataí nó ó na Ballstáit bhrataí lena mbaineann. Le húdarú a fháil, ní mór gach soitheach peas-saighne a bheith feistithe le haghaidh an tuinnín gorm a iascach agus cuóta indibhidiúil a bheith aige. Ní cheadófar comhoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar i gcomhar le CPCanna eile.
2.
Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis a leanas a fháil ón a soithí iascaireachta atá ag cur isteach ar údarú chun páirt a ghlacadh i gcomhoibríocht iascaireachta:
(a)an fad ama;
(b) aitheantas na noibreoirí a bheidh páirteach;
(c) an cuóta atá ag gach soitheach;
(d)an scála leithroinnte idir na soithí iascaireachta maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus
(e) faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.
3.
15 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta, seolfaidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 chuig an gCoimisiún san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Stát brataí na soithí iascaireachta eile atá ag glacadh páirt sa chomhoibríocht iascaireachta 10 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta.
4.
I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag an sprioc ama atá leagtha amach i mír 3 maidir leis an bhfaisnéis a iarrtar faoi mhí 2(e). Sa chás sin, féadfaidh Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis leis an force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
Roinn 2
gabhálacha
Airteagal 23
Ceanglais tuairiscithe
1.
Chomh maith le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, déanfaidh máistir ar shoitheach gabhála an Aontais, más infheidhme, an fhaisnéis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a iontráil sa logleabhar.
2.
Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála a ngníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i gCuid B, Cuid C agus Cuid D d'Iarscríbhinn II.
Airteagal 24
Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí
1.
Seolfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun iascaireacht ghníomhach le haghaidh an tuinnín ghoirm faisnéis laethúil ó logleabhair chuig údaráis an Bhallstáit brataí, a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ina cuid de: cláruimhir ICCAT, ainm an tsoithigh, tús agus deireadh na tréimhse údaraithe, dáta, am, suíomh (domhanfhad agus domhanleithead), meáchan agus an líon den tuinnín gorm a gabhadh i limistéar an Choinbhinsiúin. Seolfaidh siad an fhaisnéis sin go leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V le linn na tréimhse iomláin a núdaraítear don soitheach an tuinnín gorm a iascach lena linn.
2.
Cuirfidh máistrí báid peas-saighne na tuarascálacha laethúla dá dtagraítear i mír 1 le chéile le haghaidh gach oibríocht iascaireachta, fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil.
3.
Cuirfidh an toibritheoir na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ar aghaidh chuig údaráis a Bhallstáit brataí ar bhonn laethúil i gcás báid peas-saighne agus soithí is faide ná 24 mhéadar faoi 9.00 GMT ar a dhéanaí don lá roimhe sin agus i gcás soithí gabhála eile faoi mheán oíche ar an Luan an tseachtain roimhe sin dar críoch meán oíche GMT ar an Domhnach.
4.
Seolfaidh oibreoirí gaistí atá i mbun iascaireacht ghníomach le haghaidh an tuinnín ghoirm tuarascáil laethúil maidir le gabhálacha a mbeidh an fhaisnéis a leanas ina cuid de: cláruimhir ICCAT, dáta, am, gabhálacha (meáchan agus líon na niasc), fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil. Seolfaidh siad an fhaisnéis sin go leictreonach laistigh de 48 nuaire san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V chuig údaráis a mBallstáit le linn na tréimhse ar fad a bhfuil siad údaraithe dóibh an tuinnín gorm a iascach lena linn.
5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le gníomhaíochtaí soithí agus gaistí a thaifeadadh agus a thuairisciú de bhun mhíreanna 1 go dtí 4. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).
I gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59(3).
Airteagal 25
Tuarascálacha seachtainiúla agus míosúla maidir le gabhálacha le seoladh ag na Ballstáit
1.
Tar éis do gach Ballstát na tuarascálacha maidir le gabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 a fháil déanfaidh siad iad a chur ar aghaidh go leictreonach agus go pras chuig an gCoimisiún agus soláthróidh siad tuarascálacha seachtainiúla maidir le gabhálacha go pras don Choimisiún maidir le gach soitheach gabhála agus gach gaiste i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte maidir le sonraí agus faisnéis a éilíonn ICCAT a thíolacadh.
2.
Roimh an 15ú lá gach mí cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na cainníochtaí den tuinnín gorm a gabhadh san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a d'athlastáil soithí iascaireachta nó gaistí a raibh bratach an Bhallstáit lena mbaineann ar foluain acu nó a bhí cláraithe sa Bhallstát sin, nó a thug siad i dtír, a ghabh siad i ngaistí nó a chuir siad i gcaighean le linn na míosa roimhe sin. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a leagan amach de réir an chineáil trealaimh lena náirítear faisnéis a bhaineann le seachghabháil, gabhálacha in iascaigh spóirt agus áineasa agus cásanna nárbh ann d'aon ghabháil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 26
Faisnéis maidir le hídiú cuótaí
1.De bhreis ar na forálacha d'Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheastar gur baineadh amach 80 % den cuóta a leithroinneadh ar ghrúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.
2.De bhreis ar na forálacha in Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithroinneadh ar ghrúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo nó ar chomhoibríocht iascaireachta nó ar bhád peas-saighne ídithe.
3.Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, doiciméadacht lena gcruthaítear an cosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d'eisigh an Ballstát don chabhlach, grúpa trealaimh, comhoibríocht iascaireachta nó do na soithí ag a bhfuil cuóta indibhidiúil agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir.
Airteagal 27
Tuairisciú bliantiúil ar ghabhálacha ag na Ballstáit
1.Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe chuig an gCoimisiún maidir le gabhálacha den tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le haghaidh na blaina iascaireachta roimhe sin. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:
(a)ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;
(b)tréimhse nó tréimhsí udaraithe gach soithigh gabhála;
(c)gabhálacha iomlána gach soithigh gabhála fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil le linn na tréimhse/na dtréimhsí údaraithe;
(d)an líon iomlán laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse/na dtréimhsí údaraithe; agus
(e)an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (seachghabháil) fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil
2.I gcás soithí nach bhfuil údaraithe dul i mbun iascaireacht ghníomhach le haghaidh an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ach a ghabh an tuinnín gorm mar sheachghabháil, áireofar an fhaisnéis a leanas mar chuid den fhaisnéis a bheidh le cur chuig an gCoimisiún ar an dáta céanna agus atá luaite i mír 1:
(a)ainm agus uimhir ICCAT nó cláruimhir náisiúnta an tsoithigh, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT; agus
(b)na gabhálacha iomlána den tuinnín gorm.
3.Cuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún aon fhaisnéis faoi shoithí nach bhfuil cumhdaithe faoi mhír 1 agus mír 2 is eol nó a mheastar a bheith i mbun iascaireachta le haghaidh an tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
4.Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
Roinn 3
tabhairt i dtír agus athlastálacha
Airteagal 28
Calafoirt ainmnithe
1.Ainmneoidh gach Ballstát calafoirt nó ionaid gar don chósta (calafoirt ainmnithe) ina gceadófar an tuinnín gorm a thabhairt i dtír nó a athlastáil.
2.Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, sonróidh Ballstát an chalafoirt amanna agus ionaid ina gceadófar gabhálacha a thabhairt i dtír nó a athlastáil.
3.Faoin 15 Feabhra gach bliain, seolfaidh gach Ballstát liosta de na calafoirt ainmnithe chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
4.Beidh toirmeasc ar aon chainníocht den thuinnín gorm a gabhadh san Atlantach Thoir nó sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a athlastáil ó aon soithí iascaireachta in aon ionad seachas calafoirt nó ionaid gar don chósta arna nainmniú ag CPCanna agus ag Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.
Airteagal 29
Tabhairt i dtír
1.Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí shoithí iascaireachta an Aontais is faide ná 12 mhéadar ar fad a áirítear i liosta ICCAT de shoithí dá dtagraítear in Airteagal 19. Seolfar an fógra réamhtheachta faoi Airteagal 17 den Rialachán sin chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena náirítear an Bhallstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír.
2.De bhreis air sin, máistrí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais is lú ná 12 mhéadar ar fad san iomlán atá ar liosta ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 19, tabharfaidh siad fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit (lena náirítear an Ballstát brataí) nó don CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí tabhairt i dtír 4 huaire ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra ina sonrófar ar a laghad an méid seo a leanas:
(a) an tam a mheastar a bhainfear an calafort amach;
(b) meastachán ar an gcainníocht den thuinnín gorm atá ar bord; agus
(c)faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha.
3.I gcás ina gcuireann Ballstáit Airteagal 80(3) de Rialachán (AE) Uimh. 404/2011 i bhfeidhm maidir leis an bhfógra faoi mhír 1 agus mír 2, féadfar na meastúcháin ar na cainníochtaí den tuinnín gorm a choinnítear ar bord a chur in iúl ag an am atá aontaithe maidir leis an bhfógra a thabhairt sula mbainfear an calafort amach.
4.Coinneoidh údaráis Bhallstáit an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a tugadh sa bhliain reatha.
5.Déanfaidh údaráis rialaithe iomchuí an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír a rialú agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuóta, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Beidh na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe arna nglacadh ag gach Ballstát sonraithe sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 51. Beidh feidhm ag an gcóras rialaithe seo maidir le hoibríochtaí saothraithe chomh maith.
6.Seolfaidh údaráis Bhallstát an chalafoirt taifead ar an ngabháil arna tabhairt i dtír chuig údaráis Bhallstát bhrataí an tsoithigh iascaireachta, laistigh de 48 nuaire ó cuireadh críoch leis an ngabháil a thabhairt i dtír.
7.De bhreis ar Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tar éis gach turais, déanfaidh maistrí de shoitheach gabhála an Aontais dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír a thíolacadh, beag beann ar fhad an tsoithigh sin:
(a)chuig údaráis inniúla an Bhallstáit brataí
(b)agus, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt nó an CPC lena mbaineann, i gcás ina ndearnadh an tabhairt i dtír i gcalafort de chuid Ballstáit nó CPC eile
8.Déanfar na gabhálacha go léir a thugtar i dtír a mheá.
Airteagal 30
Athlastáil
1.De mhaolú ar Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh toirmeasc ar an tuinnín gorm san Athlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a athlastáil ar muir i gcás ar bith.
2.Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta gabhálacha den tuinnín gorm a athlastáil ach sna calafoirt ainmnithe faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 28.
3.
Áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go mbeidh cigireacht iomlán ar siúl gach uair agus i ngach ionad ina mbíonn gabhálacha á nathlastáil.
4.Sula dtiocfaidh siad isteach in aon chalafort, agus 48 nuaire ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, cuirfidh máistrí nó ionadaithe na soithí iascaireachta glactha an méid seo a leanas ar fáil d'údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafort:
(a)dáta, am agus an calafort a mheastar a bhainfear amach;
(b)meastachán ar an gcainníocht den thuinnín gorm atá ar bord, agus faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh é;
(c)ainm an tsoithigh iascaireachta athlastála agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT ar gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;
(d)ainm an tsoithigh iascaireachta glactha agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT ar gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir; agus
(e)tonnáiste agus an limistéar geografach inar gabhadh an tuinnín gorm atá le hathlastáil.
5.Ní cheadófar do shoithí iascaireachta athlastáil a dhéanamh mura mbíonn údarú faighte acu roimh ré ón a mBallstát brataí.
6.Sula gcuirfear tús leis an athlastáil, cuirfidh máistrí soithí iascaireachta athlastála a mBallstát brataí ar an eolas maidir leis an méid a leanas:
(a)na cainníochtaí den thuinnín gorm atá le hathlastáil
(b)dáta agus calafort an athlastála
(c)ainm, cláruimhir agus bratach an tsoithigh iascaireachta glactha agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT maidir le gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach agus
(d) an limistéar geografach inar gabhadh an tuinnín gorm.
7.Déanfaidh údaráis an Bhallstáit cigireacht ar gach athlastáil ag an gcalafort ainmnithe. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit an méid seo a leanas:
(a)cigireacht ar an soitheach iascaireachta glactha ar theacht isteach dó agus seiceáil ar an lasta agus na doiciméid a bhaineann leis an oibríocht athlastála;
(b)seolfaidh sé taifead ar an athlastáil chuig údarás Ballstáit brataí an tsoithigh iascaireachta athlastála, laistigh de 5 lá tar éis deireadh a chur leis an athlastáil.
8.De mhaolú ar Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an Aontais, beag beann ar fhad an tsoithigh, dearbhú athlastála ICCAT a líonadh agus seolfaidh siad é chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ar an soitheach iascaireachta. Cuirfear an dearbhú ar aghaidh tráth nach déanaí ná 48 nuaire tar éis dháta an athlastála sa chalafort i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.
Roinn 4
Oibríochtaí aistrithe
Airteagal 31
Údarú aistrithe
1.Sula ndéanfar aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir soithigh gabhála nó oibreoir na feirme nó an ghaiste as a dtionscnaíonn an taistriú i dtrácht, réamhfhógra um aistriú a sheoladh chuig údaráis inniúla a mBallstáit agus tabharfar an méid seo a leanas le fios sa réamhfhógra sin:
(a)ainm an tsoithigh gabhála, an tsoithigh tarraingthe, na feirme nó an ghaiste agus cláruimhir ICCAT;
(b)an tam a mheastar a dhéanfar an taistriú;
(c)meastachán ar an méid den tuinnín gorm atá le haistriú;
(d)faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ina ndéanfar an taistriú mar aon le huimhreacha so-aitheanta na gcaighean;
(e)ainm an tsoithigh tarraingthe glactha, líon na gcaighean a tarraingíodh agus an chláruimhir ICCAT más iomchuí;
(f)an calafort, an fheirm nó an caighean a bheidh ina cheann scríbe ag an tuinnín gorm.
2.Chun na críche sin, déanfar uimhir aitheantais uathúil a shainiú le haghaidh gach caighin. Déanfar uimhreacha a eisiúint i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint na 3 litir alfa-chóid a fhreagraíonn do bhratach na soithí tarraingthe.
3.Ní cheadófar do shoithí iascaireachta, feirmeacha nó gaistí aistriú a dhéanamh mura mbeidh údarú faighte acu roimh ré óna mBallstát. I gcás gach oibríocht aistrithe, is iad údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a chinnfidh cibé an ndeonóidh siad údarú nó nach ndeonóidh. Chun na críche sin, déanfar uimhir aitheantais uathúil a shainiú i gcomhair gach oibríocht aistrithe agus déanfar an uimhir sin a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta, don oibreoir gaiste nó don oibreoir feirme, de réir mar is iomchuí. I gcás ina ndeonófar údarú, beidh san uimhir sin cód trí litir an Bhallstáit, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir 'AUT', (údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina ndiaidh. I gcás ina ndiúltófar údarú, beidh san uimhir sin na trí litir de chód an Bhallstáit, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir 'NEG', (gan údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina ndiaidh.
4.
I gcás ina bhfaighidh éisc bás le linn na hoibríochta aistrithe, leanfaidh na Ballstáit freagracha agus na hoibreoirí a bhí páirteach san aistriú ar aghaidh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XII.
5.Faoi cheann 48 uair an chloig tar éis an réamhfhógra maidir leis an aistriú a bheith curtha isteach, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an soitheach tarraingthe, an fheirm nó an gaiste, an túdarú aistrithe a dheonú nó a dhiúltú, de réir mar is iomchuí.
6.Ní dhéanfaidh an túdarú aistrithe a thabharfaidh an Ballstát freagrach réamhbhreith ar an údarú an tuinnín gorm a chur i gcaighean.
Airteagal 32
Oibríocht aistrithe a dhiúltú
1.An Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm, ní údaróidh sé an taistriú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra aistrithe a fháil:
(a)nach bhfuil a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc;
(b)nach bhfuil an méid iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag oibreoir an ghaiste nó nár údaraíodh an méid sin iasc a chur i gcaighean, nó nár cuireadh an méid sin iasc san áireamh maidir le hídiú an chuóta a fhéadfaidh a bheith infheidhme;
(c)nach bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe an tuinnín gorm a iascach; nó
(d)nach bhfuil an soitheach tarraingthe a dearbhaíodh gurbh é atá chun an taistriú iasc a ghlacadh cláraithe i dtaifead ICCAT ar na soithí iascaireachta eile ar fad (seachas soithí gabhála) atá údaraithe an tuinnín gorm a iascach agus dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(b), nó nach bhfuil Córas um Fhaireachán Soithí (VMS) feistithe air.
2.I gcás nach núdaraítear an taistriú:
(a)déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste ordú scaoilte a eisiúint chuig máistir an tsoithigh gabhála nó oibreoir an ghaiste nó oibreoir na feirme de réir mar is iomchuí agus cuirfidh an Ballstát ar an eolas iad nach bhfuil an taistriú údaraithe agus nach mór na héisc a scaoileadh ar ais san fharraige;
(b)scaoilfidh máistir an tsoithigh gabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, de réir mar is iomchuí, na héisc ar ais san fharraige;
(c)scaoilfear an tuinnín gorm i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.
Airteagal 33
Faireachán le físcheamara
1.I gcás oibríochtaí aistrithe, áiritheoidh máistir an tsoithigh gabhála, an tsoithigh tarraingthe, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste a aistríonn an tuinnín gorm, go ndéanfar faireachán ar na hoibríochtaí aistrithe le físcheamara san uisce, d'fhonn líon na niasc atá á naistriú a fhíorú. Beidh íoschaighdeáin agus nósanna imeachta an fhístaifeadta i gcomhréir le hIarscríbhinn IX.
2.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí agus breathnóirí ICCAT.
3.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as feirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí an Aontais agus breathnóirí náisiúnta.
4.Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm na bearta is iomchuí le go ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an bhfístaifead bunaidh a sheachaint.
Airteagal 34
An fíorú a a dhéanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus imscrúdú a thionscnamh agus a dhéanamh
1.
Breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh gabhála nó i láthair ag gaiste, dá dtagraítear i gClár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT atá leagtha amach in Airteagal 49 agus in Iarscríbhinn VII, déanfaidh siad na hoibríochtaí aistrithe a rinneadh a thaifeadadh agus a thuairisciú, breathnóidh siad ar na gabhálacha a aistríodh agus déanfaidh siad meastúchán orthu agus déanfaidh siad iontrálacha a fhíorú sa réamhúdarú aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 31 agus i ndearbhú aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 36.
2.I gcás ina bhfuil an difríocht níos mó ná 10 % idir na meastúcháin gabhála ar líon na niasc atá déanta ag breathnóir réigiúnach ICCAT, na húdaráis rialaithe iomchuí agus/nó maistrí an tsoithigh gabhála nó ionadaí an ghaiste, nó i gcás nach leor caighdeán nó soiléireacht an taifeadta físe chun na meastacháin sin a dhéanamh, tionscnóidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an fheirm nó an gaiste imscrúdú a chuirfear i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm nó i gcás ar bith laistigh de 96 huaire tar éis an timscrúdú a thionscnamh. Ní údarófar an cur i gcaighean go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le gabháil ar an BCD a bhailíochtú.
3.I gcás nach bhfuil caighdeán nó soiléireacht an fhístaifid ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar an líon, áfach, féadfaidh an toibreoir iarraidh ar udaráis stát brataí an tsoithigh, gaiste nó na feirme oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar do bhreathnóir réigiúnach ICCAT.
4.Gan dochar do na fíoruithe a dhéanann cigire, ní shíneoidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT dearbhú aistrithe ICCAT ach i gcás ina bhfuil a thuairimí i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus ina bhfuil an fhaisnéis ar an dearbhú aistrithe i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne sé agus fístaifead comhlíontach ann freisin de réir mar atá ceangailte in Airteagal 33(1). Síneoidh siad an dearbhú sin le hainm agus uimhir ICCAT a bheidh scríofa amach go soiléir.
5.Fíoróidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT chomh maith go ndéanfar dearbhú aistrithe ICCAT a chur ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tarraingthe nó ionadaí na feirme nó an ghaiste.
Airteagal 35
Bearta chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan an tuinnín ghoirm atá le cur i gcaighean
Déanfaidh Ballstáit na bearta agus gníomhaíochtaí is gá chun níos mó staidéir a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí lenar féidir meastachán níos fearr a dhéanamh ar líon agus meáchan an tuinnín ghoirm ag an bpointe gabhála agus ag an bpointe ag a gcuirtear i gcaighean é. Faoin 22 Lúnasa gach bliain, déanfaidh gach Ballstát na bearta sin a rinneadh a thuairisciú don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig SCRS.
Airteagal 36
Dearbhú aistrithe
1.Faoi dheireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh máistrí soithí gabhála nó soithí tarraingthe, oibreoirí gaiste nó oibreoirí feirme dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla a mBallstáit, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.
2.Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as na soithí, na feirmeacha nó na gaistí as a dtionscnaíonn na haistrithe sin, foirmeacha maidir le dearbhú aistrithe a uimhriú. Áireofar sa chóras uimhrithe sin cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir 'ITD' ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).
3.Beidh an dearbhú aistrithe bunaidh ag gabháil leis an aistriú éisc. Coimeádfaidh máistir an tsoithigh gabhála, oibreoir an ghaiste, máistir an tsoithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme cóip den dearbhú.
4.Déanfaidh máistrí soithigh i mbun oibríochtaí aistrithe (lena náirítear soithí tarraingthe) a ngníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 37
Gníomhartha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibríochtaí aistrithe faoi Airteagail 31 go dtí 36. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).
I gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59(3).
Roinn 5
Oibríochtaí cur i gcaighean
Airteagal 38
Údarú maidir le cur i gcaighean
1.
Sula gcuirfear tús le haon oibríocht cur i gcaighean beidh toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire laistigh de 0.5 míle farraige de shaoráidí feirmeoireachta.
2.Sula gcuirfear tús le haon oibríocht cur i gcaighean, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a chur in iúl don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste cé na cainníochtaí a ghabh an soitheach nó an gaiste sin agus iarrfaidh sé údárú maidir le cur i gcaighean.
3.Ní chuirfear tús leis an oibríocht cur i gcaighean gan údarú a fháil roimh ré
(a) ón CPC nó ón mBallstát atá freagrach as an soitheach gabála nó an gaiste, nó
(b)ón CPC nó ón mBallstát atá freagrach as an bhfeirm má tá comhaontú déanta maidir leis sin idir na Ballstáit nó leis an CPC brataí lena mbaineann.
4.Déanfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála, an gaiste nó an fheirm, más infheidhme, an túdarú maidir le cur i gcaighean a dheonú nó a dhiúltiú laistigh d'aon lá oibre tar éis na hiarrata agus thíolacadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 2. I gcás nach dtagann aon fhreagairt laistigh d'aon lá oibre, féadfaidh an CPC nó an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm an cur i gcaighean a údarú.
5.Cuirfear an tuinnín gorm i gcaighean roimh an 15 Lúnasa ach amháin má thugann an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm a fhaigheann na héisc cúiseanna a bhfuil údar cuí leo. Beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean.
Airteagal 39
Oibríocht aistrithe a dhiúltú
1.Diúltóidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an gaiste nó an fheirm más infheidhme an túdarú maidir le cur i gcaighean, má mheasann sé, tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) a fháil:
(a)nach raibh a dhóthain de chuóta i gcomhair an líon den tuinnín gorm a cuireadh i gcaighean ag an soitheach gabhála nó an gaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc sin;
(b)nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an méid iasc a gabhadh a thuairisciú go hiomchuí nó nár cuireadh an méid sin san áireamh agus an cuóta is infheidhme á ríomh;
(c)nach bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe an tuinnín gorm a iascach;
2.Mura bhfuil an cur i gcaighean údaraithe, iarrfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála ar an mBallstát nó ar an CPC atá freagrach as an bhfeirm na gabhálacha a urghabháil agus na héisc a scaoileadh trí ordú scaoilte a eisiúint.
3.
Tar éis dó an tordú scaoilte a fháil, rachaidh an toibreoir feirme ar aghaidh leis an scaoileadh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.
Airteagal 40
Doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm
Cuirfidh Ballstáit atá freagrach as feirmeacha toirmeasc ar aon tuinnín gorm a chur i gcaighean chun críocha feirmeoireachta mura mbeidh an doiciméadacht a éilíonn ICCAT ag dul leis i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ní mór na doiciméid sin a bheith beacht, comhlánaithe agus dearbhaithe agus bailíochtaithe ag an CPC nó údaráis Bhallstáit na soithí gabhála nó na ngaistí.
Airteagal 41
Cigireachtaí
Déanfaidh Ballstáit atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá maidir le cigireacht a dhéanamh ar gach oibríocht cur i gcaighean ar na feirmeacha.
Airteagal 42
Faireachán le físcheamara
1.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as na feirmeacha go ndéanfar faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean le físcheamara san uisce. Déanfar fístaifead i gcomhair gach oibríocht cur i gcaighean i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IX.
2.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí agus breathnóirí réigiúnacha ICCAT.
3.Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí an Aontais agus do bhreathnóirí náisiúnta.
4. Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm na bearta is iomchuí le go ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an bhfístaifead bunaidh a sheachaint.
Airteagal 43
Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh
1.I gcás ina bhfuil an difríocht níos mó ná 10 % idir meastúcháin bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar líon an tuinnín ghoirm, meastúcháin údaráis rialaithe iomchuí an Bhallstáit agus meastacháin an oibritheora feirme, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhair leis an mBallstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste, imscrúdú a thionscnamh.
2.Ní dhéanfar aon shaothrú agus ní dhéanfar an chuid a bhaineann le feirmeoireacht ar an BCD a bhailíochtú go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin.
3.Féadfaidh na Ballstáit atá freagrach as an bhfeirm agus as an soitheach gabhála nó an gaiste a théann i mbun na nimscrúduithe úsáid a bhaint as faisnéis eile atá ar fáil acu lena náirítear torthaí na gclár dá dtagraítear in Airteagal 44 chun an timscrúdú a thabhairt chun críche.
Airteagal 44
Bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan an tuinnín ghoirm le cur i gcaighean
1.Déanfaidh Ballstáit na bearta agus na gníomhaíochtaí is gá, dá dtagraítear in Airteagal 35, a ghlacadh .
2.Cuirfear clár a bhaineann úsáid as córais cheamaraí steiréascópacha nó teicnící eile atá chomh beacht leo i bhfeidhm ar 100 % de na hoibríochtaí cur i gcaighean d'fhonn líon agus meáchan na niasc atá á gcur i gcaighean le linn gach oibríocht cur i gcaighean a bhraith níos beaichte.
3.Cuirfear an clár sin i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.
4.Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí an chláir sin in iúl don Bhallstát atá freagrach as an soitheach nó as an ngaiste agus don Choimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn X.B. Seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT iad, chun go seolfaidh an rúnaíocht ar aghaidh iad chuig breathnóir réigiúnach ICCAT.
5.I gcás ina léiríonn torthaí an chláir nach ionann líon an tuinnín ghoirm atá á chur i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhair leis an mBallstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste, imscrúdú a thionscnamh. Mura gcuirfear críoch leis an imscrúdú faoi cheann 10 lá oibre ó cuireadh na torthaí dá dtagraítear i mír 4 in iúl nó má léiríonn toradh an imscrúdaithe go bhfuil líon nó meánmheáchan an tuinnín ghoirm níos airde ná an líon nó an meánmheáchan gafa agus aistrithe a tuairiscíodh, déanfaidh an CPC brataí nó údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste ordú scaoilte a eisiúint maidir leis an líon agus/nó an meáchan atá iomarcach nach mór a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.
6.I gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.B.3 agus tar éis an scaoilte, más infheidhme, déanfar na cainníochtaí a tuairiscíodh faoin gclár a úsáid chun:
a) na figiúirí gabhála deireanacha a bheidh le baint as an gcuóta náisiúnta a chinneadh
b) na figiúirí sin a chur sna dearbhuithe maidir le cur i gcaighean agus sna rannáin ábhartha den BCD.
7.Faoin 30 Lúnasa gach bliain, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí na gclár sin a thuairisciú don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig SCRS.
8.
Ní dhéanfar tuinnín gorm beo a aistriú ó chaighean feirmeoireachta amháin go dtí caighean feirmeoireachta eile mura mbeidh sé údaraithe agus mura mbeidh údaráis rialaithe Bhallstát na feirme i láthair.
9.
I gcás difríocht 10% nó níos mó idir na cainníochtaí den tuinnín gorm a tuairiscíodh a ghabh an soitheach/gaiste agus na cainníochtaí de réir na gceamaraí rialaithe, dá dtagraítear i mír 5 agus in Airteagal 43, beidh neamhchomhlíonadh féideartha an tsoithigh/gaiste lena mbaineann i gceist, agus déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun an ghníomhaíocht leantach is iomchuí a áirithiú.
Airteagal 45
Tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean
1.
Laistigh de sheachtain amháin ó dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean, seolfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil maidir leis an gcur i gcaighean chuig an mBallstát nó an CPC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí an tuinnín gorm agus beidh na heilimintí atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.B. sa tuarascáil sin, agus seolfaidh sé an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún freisin. Áireofar sa tuarascáil sin chomh maith an fhaisnéis a tugadh sa dearbhú cur i gcaighean mar atá leagtha amach in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
2.
Chun chríoch mhír 1 ní mheasfar deireadh a bheith le haon oibríocht cur i gcaighean go dtí go mbeidh deireadh le haon imscrúdú agus, más infheidhme, le haon ordú scaoilte.
Airteagal 46
Gníomhartha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibríochtaí cur i gcaighean de bhun Airteagail 38 go dtí 45. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).
I gcás mórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 59(3).
Roinn 6
Faireachán agus faireachas
Airteagal 47
Córas um Fhaireachán Soithí
1.Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a bhaineann leis an ngaireas faireacháin soithí maidir leis na tugaí agus na soithí tarraingthe go léir a áirítear ar thaifead ICCAT ar na soithí dá dtagraítear in Airteagal 19(6), beag beann ar a bhfad.
2.Soithí iascaireachta is mó ná 15 m ar fad atá ar thaifead ICCAT de shoithí gabhála dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(a) nó i dtaifead ICCAT de shoithí eile dá dtagraítear in Airteagal 19(1)(b) den Rialachán seo, tosóidh siad ar shonraí VMS a tharchur chuig ICCAT 15 lá ar a laghad roimh oscailt an tséasúir iascaireachta agus leanfaidh siad leis na sonraí sin a tharchur go ceann 15 lá ar a laghad tar éis chríoch an tséasúir iascaireachta, mura gcuirfear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint de thaifead soithí ICCAT.
3.Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur sonraí VMS ó shoithí gabhála atá údaraithe an tuinnín ghoirm a iascach go gníomhach fad agus atá na soithí sin i gcalafort ach amháin má tá córas i bhfeidhm lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa chalafort.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a nIonad Faireacháin Iascaigh na teachtaireachtaí VMS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé i bhfíoram agus ag úsáid na formáide 'fotha sonraí https'. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.
5.Áiritheoidh na Ballstáit:
(a) go ndéanfar teachtaireachtaí VMS ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair ar a laghad agus siad ag oibriú san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;
(b) i gcás mífheidhm theicniúil ar an VMS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a fuarthas faoi Airteagal 24(1) de (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 huaire i ndiaidh dá nIonaid Faireacháin Iascaigh iad a fháil;
(c) go mbeidh uimhriú seicheamhach (le haitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;
(d) go mbeidh teachtaireachtaí a chuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachan (AE) Uimh. 404/2011.
6.Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d'oibríochtaí cigireachta ar muir.
Airteagal 48
Clár Breathnóirí Náisiúnta
1.Maidir le soithí atá gníomhach in iascach an tuinnín ghoirm, déanfaidh na Ballstáit na céatadáin seo a leanas ar a laghad de chlúdach breathnóirí náisiúnta a áirithiú:
(a)20 % dá thrálaeir pheiligeacha (is faide ná 15 m),
(b)20 % dá shoithí spiléar (is faide ná 15 m);
(c)20 % dá bháid baoite (níos faide ná 15 m),
(d)100 % dá shoithí tarraingthe.
(e)100 % dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.
2.Déanfaidh Ballstáit doiciméad aitheantais oifigiúil a eisiúint dá mbreathnóirí náisiúnta.
3.Déanfaidh breathnóirí náisiúnta na tascanna a leanas go háirithe:
(a)faireachán ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag soithí iascaireachta agus gaistí;
(b)taifead agus tuairisciú ar an ngníomhaíocht iascaireacht, lena náireofar an méid a leanas:
(i)an méid a gabhadh (seachghabháil san áireamh), lena náirítear diúscairt speicis, amhail an méid a coinníodh ar bord nó a caitheadh amach marbh nó beo;
(ii)an limistéar gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;
(iii)tomhas iarrachta (amhail an líon tacar, an líon duán), mar atá sainithe i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;
(iv)dáta na gabhála.
(c)breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálach agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;
(d)soithí a d'fhéadfadh bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bearta caomhnaithe ICCAT a aimsiú agus taifead a choinneáil orthu.
4.De bhreis air sin, déanfaidh breathnóirí náisiúnta obair eolaíochta, amhail sonraí Thasc II mar atá sainithe ag ICCAT a bhailiú, nuair a éilíonn ICCAT sin, bunaithe ar threoracha ó SCRS.
5.Maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1 go dtí 4 déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas:
(a)a áirithiú go mbeidh breathnóirí náisiúnta ar a shoithí agus a ghaistí a dhéanfaidh ionadaíocht ama agus spásúil d'fhonn a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht, agus maidir le gnéithe eolaíochta agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis an gcabhlach agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;
(b)a áirithiú go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;
(c)a áirithiú go mbeidh breathnóirí náisiúnta oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;
(d)a áirithiú, a mhéid is féidir, go ndéanfar an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí iascaireachta agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i limistéar an Choinbhinsiúin.
6.Soláthrófar sonraí agus faisnéis arna mbailiú faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit don Choimisiún faoin 15 Iúil gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí agus an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS agus Rúnaíocht ICCAT, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 49
Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT
1.Beidh feidhm ag Clár Breathnóirí Réigiúnacha ICCAT san Aontas mar atá leagtha amach i míreanna 2 go dtí 6 den Airteagal seo agus mar atá sonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn VII.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:
(a)ar gach bád peas-saighne atá údairithe an tuinnín gorm a iascach;
(b)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a aistriú ó bhád peas-saighne;
(c)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;
(d)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a chur i gcaighean ar fheirmeacha;
(e)gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a shaothrú ar fheirmeacha;
3.Ní údarófar do shoithí peas-saighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu bheith ag iascaireacht ná a bheith ag oibriú in iascach an tuinnín ghoirm.
4.Ballstáit atá freagrach as feirmeacha, áiritheoidh siad go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a chur i gcaighean chomh maith le gach uair a dhéanfar an tuinnín gorm a shaothrú ar na feirmeacha sin.
5.Déanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT na tascanna seo a leanas go háirithe:
(a)breathnóireacht agus faireachán ar chomhlíonadh oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta le hAirteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus le forálacha an Rialacháin seo;
(b)dearbhuithe aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, tuarascálacha ar an oibríocht cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán seo agus BCDanna a shíniú i gcás ina naontaíonn siad go bhfuil an fhaisnéis sna doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne siad,
(c)obair eolaíochta, amhail samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn ICCAT, bunaithe ar threoracha ó SCRS.
6.Áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, úinéirí feirmeahca, úinéirí gaistí ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT atá i mbun a ndualgas ná nach gcuirfidh siad isteach orthu agus áiritheoidh an Ballstát brataí freisin nach nimreoidh siad tionchar orthu, nach dtabharfaidh siad breab dóibh ná nach ndéanfaidh siad iarracht breab a thabhairt dóibh.
Roinn 7
Cigireachtaí agus cros-seiceálacha
Airteagal 50
Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta
1.Beidh feidhm laistigh den Aontas ag Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.
2.Déanfaidh Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a iascach cigirí a cheapadh agus cuirfear cigireachtaí ar muir ar bun faoi scéim ICCAT.
3.I gcás go bhfuil níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an tuinnín gorm i limistéar an Choinbhinsiúin ag aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát sin soitheach cigireachta a chur amach chun críocha cigireachta agus rialú ar muir i limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin sa limistéar sin lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibríonn Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéantar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i limistéar an Choinbhinsiúin.
4.Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.
5.Déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh sé, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascaireachta an tuinnín ghoirm na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na gclár sin a éascú go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina núsáidfear iad.
6.Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, plean a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.
Airteagal 51
Pleananna cigireachta a tharchur
1.Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát a phleananna cigireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Leagfar na pleananna cigireachta amach i gcomhréir leis:
(a)na cuspóirí, tosaíochtaí, agus nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta atá leagtha amach sa Chlár um Rialú Sonrach agus Cigireacht maidir leis an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
(b)an gclár gníomhaíochta náisiúnta um an tuinnín gorm a rialú san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2.Cuirfidh an Coimisiún na pleananna cigireachta náisiúnta le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhthathú i bplean cigireachta an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún an plean cigireachta ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, le go bhformhuineoidh ICCAT é, maille leis na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 6(1).
Airteagal 52
Oibleagáidí i gcás sáruithe
1.Déanfaidh an Ballstát brataí an beart atá leagtha amach i mír 2 i gcás a bhfuil na ráitis seo a leanas faoi shoitheach a bhfuil a bhratach ar foluain aige fíor:
(a)níor chomhlíon sé a cheanglas tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 24 nó
(b)rinne sé sárú ar na forálacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, in Airteagail 89 go dtí 93 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, i gCaibidil IX de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle.
2.Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil faoina údarás ina gcalafoirt nó go ndéanfaidh duine eile a bheidh ainmnithe aige é i gcás nach bhfuil an soitheach i gceann dá chalafoirt.
Airteagal 53
Cros-seiceáil
1.Fíoróidh gach Ballstát tuarascálacha breathnóirí agus sonraí VMS, tarchur logleabhar agus faisnéise ábhartha atá taifeadta i logleabhair a shoithí iascaireachta sna doiciméid maidir le haistriú nó athlastáil agus sna doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus bainfidh siad úsáid as tuarascálacha cigireachta chomh maith le rudaí eile chuige sin.
2.
Déanfaidh gach Ballstát cros-seiceálacha ar gach tabhairt i dtír, athlastáil nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú aistrithe nó athlastála agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír nó ar an dearbhú maidir le cur i gcaighean, agus aon doiciméid ábhartha eile, amhail sonrasc agus/nó nótaí díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009
Roinn 8
Cur ar an margadh
Airteagal 54
Bearta margaidh
1.Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfear toirmeasc ar an tuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil san Aontas, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú nó a athlastáil mura mbeidh na doiciméid bheachta iomlána bhailíochtaithe a cuireadh ar bun leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 agus le hAirteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle ag gabháil leis.
2. Beidh toirmeasc ar an tuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil san Aontas, a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean le haghaidh ramhraithe nó feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a athonnmhairiú agus a athlástáil sna cásanna a leanas:
(a)is soithí iascaireachta nó gaistí de chuid tíre nach bhfuil cuóta, teorainn ghabhála ná cionroinn iarrachta iascaireachta aici do thuinnín gorm an Atlantaigh Thoir agus na Meánmhara, faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a ghabh an tuinnín gorm, nó
(b)ba é soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta indibhidiúil nó a raibh deiseanna iascaireachta de chuid a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a ghabh an tuinnín gorm.
3.Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, beidh toirmeasc ar thrádáil Aontais, allmhairí, tabhairt i dtír, próiseáil agus onnmhairí ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 55
Meastóireacht
Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheobhfar ó na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiúin tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Moladh 14-04 ICCAT faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT.
Airteagal 56
Maoiniú
Meastar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bheidh sa phlean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.
Airteagal 57
An nós imeachta le haghaidh leasuithe
1.
Sa mhéid is gá, d'fhonn leasuithe ar fhorálacha reatha an phlean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm a bheidh ina gceangal ar an Aontas a ionchorprú i ndlí an Aontais féadfaidh an Coimisiún forálacha neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 58
Airteagal 58
An tarmligean maidir le leasuithe a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 57 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 57 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 57 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 59
Cur chun feidhme
1.Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.
Airteagal 60
Aisghairm
1.Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 302/2009.
2.Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
Airteagal 61
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán