Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0151

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

    /* COM/2014/0151 final - 2011/0310 (COD) */

    52014PC0151

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras /* COM/2014/0151 final - 2011/0310 (COD) */


    2011/0310 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an

    seasamh ón gComhairle i ndáil le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras

    An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2011) 704 final – 2011/0310 COD): || 7 Samhain 2011

    Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 23 Deireadh Fómhair 2012

    An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle: || 3 Márta 2014

    2.           Cuspóir an togra ón gCoimisiún

    Déantar foráil sa togra maidir le leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 i ndáil leis leis an nós imeachta chun liosta rialaithe an AE a nuashonrú.

    Is é is cuspóir leis an togra cumhacht a thabhairt don Choimisiún nuashonrú a dhéanamh ar liosta an AE de na hítimí rialaithe dé-úsáide atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, trí ghníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí slándála idirnáisiúnta ina n-iomláine, agus chun iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha an AE a chothú. Is é is aidhm, chomh maith, leis an togra ón gCoimisiún, cumhacht a thabhairt don Choimisiún 'cinn scríbe' (i.e. tíortha) a bhaint de liosta na dtíortha atá ag baint tairbhe as Údaruithe Ginearálta Onnmhairithe an AE in Iarscríbhinn II ionas go mbeidh an AE in ann freagairt go mear do dhálaí idirnáisiúnta.

    3.           Tráchtaí maidir leis an seasamh ón gComhairle

    Tacaíonn an seasamh ón gComhairle le príomheilimintí thogra an Choimisiúin ach beartaíonn sé roinnt leasuithe ar bhuntogra an Choimisiúin maidir le roinnt ceann scríbe (tíortha) a bhaint amach amhail cinn scríbe atá ag baint tairbhe as nósanna imeachta onnmhairithe éascaithe agus as raon feidhme gníomhartha tarmligthe.

    Moltar sa seasamh ón gComhairle grinnscrúdú na Parlaiminte i ndáil le cumhacht tarmligthe a ailíniú leis an gcomhaontú maidir le "Omnibus um Thrádáil II". Beidh "Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe" ag gabháil leis an Rialachán, ráiteas a dhéanfaidh meabhrú ar ghealltanas an Choimisiúin faoin gcreat-chomhaontú faisnéis faoi shainghrúpaí a chur ar fáil don Pharlaimint.

    Beartaítear freisin sa seasamh ón gComhairle roinnt leasuithe maidir le hathbhreithniú agus bailíocht tharmligean na gcumhachtaí, tarmligean a bheadh teoranta go cúig bliana agus gurbh fhéidir a fhadú to hintuigthe faoi réir tuarascála a chuirfear i láthair, ach amháin má chuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne sínidh den chineál sin tráth nach déanaí ná trí mí roimh dheireadh na tréimhse.

    Ar deireadh, tá "Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe onnmhairí dé-úsáide", mar aon le "Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán a nuashonrú" ag gabháil leis an seasamh ón gComhairle (féach thíos).

    4.           Conclúid

    Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

    _______________________

    RÁITIS

    Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras rialaithe onnmhairí dé-úsáide

    Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an tábhacht a bhaineann le héifeachtacht agus comhtháthú chóras rialaithe onnmhairithe straitéiseach an AE a fheabhsú ar bhonn leanúnach, lena n-áiritheofar ardleibhéal slándála agus trédhearcachta imleor gan cur isteach ar iomaíochas ná ar thrádáil dlisteanach in ítimí dé-úsáide.

    Measann na trí institiúid gur gáan córas a nua-chóiriú agus a choinbhéirsiú tuilleadh chun coimeád suas le bagairtí nua agus le hathruithe teicneolaíochta atá ag tarlú go mear, chun saobhadh a laghdú, chun fíor-chomhmhargadh le haghaidh ítimí dé-úsáide a chruthú (cothromaíocht choimhionann d'onnmhaireoirí) agus chun leanúint a bheith ina eiseamláir maidir le rialú onnmhairithe do thriú tíortha.

    Chuige sin, is den riachtanas é athchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas chun na liostaí rialaithe a nuashonrú (Iarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán); measúnú riosca agus malartú faisnéise a neartú, caighdeáin tionsclaíochta feabhsaithe a fhorbairt, agus difríochtaí maidir le cur chun feidhmea laghdú.

    Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na saincheisteanna a bhaineann le teicneolaíochtaí áirithe faisnéise agus cumarsáide (TFC) a onnmhairiú, ar teicneolaíochtaí iad ar féidir a úsáid i dtaca le sáruithe ar chearta an duine agus chun an bonn a bhaint de shlándáil an AE, go háirithei dtaca le teicneolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh oll-fhaireachais, faireacháin, rianú, rianúcháin, cinsireachta, chomh maith le leochaileachtataí bogearraí.

    Cuireadh tús le comhairliúcháin theicniúla i ndáil leis sin, lena n-áirítear comhairliúcháin faoi chuimsiú Chuairt Piaraí AE maidir le Dé-Úsáid; an Grúpa Chomhordaithe Dé-Úsáide, agus na gcóras rialuithe onnmhairiúcháin, agus tá gníomhaíochtaí á ndéanamh i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna práinneacha trí smachtbhannaí (de bhun Airteagal 215 CFAE), nó trí bhearta náisiúnta. Neartófar na hiarrachtaí a dhéantar le comhaontuithe iltaobhacha a chur chun cinn i gcomhthéacs na gcóras rialuithe onnmhairiúcháin, agus scrúdófar roghanna chunaghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le rialú onnmhairí dé-úsáide, agus maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún a ullmhú. Sa chomhthéacs sin thug na trí institiúid dá n-aire an comhaontú ar tháinig na Stáit atá rannpháirteach i gComhshochrú Wassennar air an 4 Nollaig 2013 chun rialuithe a ghlacadh maidir le huirlisí ilchasta faireachais lena bhféadfaí rochtain neamhúdaraithe a fháil ar chórais ríomhaireachta agus ar chórais faireachais ar líonraí Prótacail Idirlín.

    Geallann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go ndéanfaidh siad breis forbartha ar an sásra "uileghabhálach" atá ann cheana féin maidir le hítimí dé-úsáide nach gcumhdaítear faoi Iarscríbhinn I den Rialachán, chun an córas rialaithe onnmhairí a fheabhsú agus é á chur i bhfeidhm laistigh den mhargadh aonair Eorpach .

    Ráiteas ón gCoimisiún maidir le gníomhartha tarmligthe

    I gcomhthéacs an Rialacháin seo, déanann an Coimisiún meabhrú ar an ngealltanas uaidh i mír 15 den Chomhaontú Réime maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach faisnéis iomlán agus doiciméid a chur ar fáil don Pharlaimint i ndáil leis na cruinnithe a bhí aige le saineolaithe náisiúnta faoi chuimsiú a chuid oibre maidir le gníomhartha tarmligthe a ullmhú.

    Ráiteas ón gCoimisiún maidir le pleananna chun an Rialachán a nuashonrú

    Chun cur chuige Eorpach níos comhtháite, níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí maidir le gluaiseacht (onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras) ítimí straitéiseacha a áirithiú, cuirfidh an Coimisiún togra nua ar aghaidh chun an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta a luaithe agus is féidir.

    _______________________

    Top