Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0894

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bianna núíosacha

    /* COM/2013/0894 final - 2013/0435 (COD) */

    52013PC0894

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bianna núíosacha /* COM/2013/0894 final - 2013/0435 (COD) */


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

    ·        Forais agus cuspóirí an togra

    Is éard is aidhm leis an togra seo sábháilteacht bia a áirithiú, sláinte phoiblí a chosaint agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh bia a áirithiú, agus tacú le nuálaíocht in earnáil an bhia ag an am céanna.

    Tá sé mar aidhm leis an nós imeachta údarúcháin a chuíchóiriú, chun cur lena éifeachtúlacht agus a thrédhearcacht. Soiléirítear ann an sainmhíniú ar bhia núíosach, lena n-áirítear teicneolaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar bhia.

    Tugann sé isteach measúnú sábháilteachta níos tapa agus níos comhréirí do bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a bhfuil stair úsáid an bhia shláin acu.

    Níl aon athrú ar na critéir ghinearálta maidir le sainmhíniú Bia Núíosaigh: is éard is bianna núíosacha ann bianna agus comhábhair bhia nár caitheadh ar leibhéal suntasach san AE roimh theacht i bhfeidhm (15 Bealtaine 1997) an Rialacháin reatha maidir le Bia Nuíosach.

    ·        Comhthéacs ginearálta

    An 14 Eanáir 2008, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bia Núíosach[1].

    Sna caibidllíochtaí reachtacha faoin nGnáthnós imeachta reachtach díríodh go príomha ar na forálacha is infheidhme maidir le nana-ábhair, clónáil ainmhithe do tháirgeadh bia, bianna traidisiúnta ó thríú tíortha, na critéir a úsáidtear do mheasúnú riosca agus bainistiú riosca agus an nós imeachta le haghaidh údarú bianna núíosacha i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Conradh Liospóin).

    Bhí na caibidlíochtaí i sáinn gan réiteach ar líon teoranta saincheisteanna (go háirithe na cinn maidir le clónáil ainmhithe). Níor tháinig an Coiste Idir-Réitigh ar chomhaontú críochnaitheach ag a chruinniú deiridh an 28 Márta 2011, agus níor ghlac an reachtóir an togra.

    Measann an Coimisiún gur ceart díriú ar cheisteanna a bhaineann le clónáil ainmhithe feirme i dtogra ar leithligh, bunaithe ar mheasúnú tionchair.

    Tá an togra seo teoranta do shábháilteacht bia núíosaigh agus bunaithe ar an gcomhaontú iomlán a baineadh amach san Idir-Réiteach.

    ·        Reachtaíocht reatha

    Tá comhchuibhiú déanta ar údarú agus ar úsáid bianna núíosacha agus comhábhar bia san Aontas Eorpach ó 1997 i leith nuair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 258/97 maidir le Bianna Núíosacha agus comhábhair núíosacha bia[2]. Cuimsíonn an reachtaíocht reatha an Rialachán maidir le Bia Núíosach agus Rialachán amháin ón gCoimisiún:

    – I Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia leagtar síos na prionsabail ghinearálta maidir le húdarú bianna núíosacha agus comhábhar bia san Aontas Eorpach

    – I Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1852/2001 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus maidir le cosaint faisnéis arna tíolacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[3].

    Faoi láthair, déanann comhlacht measúnaithe bia de chuid Ballstáit measúnú ar iarratas ar údarú réamh-mhargaidh ar dtús. Déanann an Coimisiún an tuarascáil measúnaithe tosaigh a scaipeadh chuig na Ballstáit uile le haghaidh barúlacha agus agóidí. Mura dtíolactar aon agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, féadfar an bia núíosach a chur ar an margadh. Má thíolactar agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, teastaíonn cinneadh údarúcháin ón gCoimisiún. I bhformhór na gcásanna áirítear leis seo measúnú breise a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA).

    Is don iarratasóir a thugtar an t-údarú faoi na rialacha reatha (údarú aonair). Sa bhreis air sin, féadfaidh iarratasóir eile fógra a thabhairt don Choimisiún i leith bia, atá comhionann go substaintiúil leis an mbia údaraithe, a chur ar an margadh. Ní mór bunús a thabhairt leis an bhfógra sin trí fhianaise eolaíoch lena léirítear an comhionannas substaintiúil idir an bia a dtugtar fógra ina leith agus an bia údaraithe. Leis na rialacha sin ceadaítear bianna éagsúla amhail laíon torthaí triomaithe baobab, síolta chia, táirge peiptíde éisc (Sardinops sagax) nó vitimín K2 sintéiseach a chur ar an margadh.

    ·       Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

    Sa togra tugtar le chéile agus nuashonraítear forálacha na dtéacsanna thuasluaite a aisghairfear tráth theacht i bhfeidhm na reachtaíochta nua.

    Saothraíonn an togra cuspóirí na Teachtaireachta ar Rialáil Chliste san Aontas Eorpach[4] agus Straitéis Eoraip 2020[5]. Leagtar béim ar shimpliú agus cuíchóiriú an phróisis rialúcháin, rud a laghdóidh an t‑ualach riaracháin agus a fheabhsóidh iomaíochas i dtionscal bia na hEorpa, le cois sábháilteacht bia a áirithiú, ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a choimeád agus aird a thabhairt ar ghnéithe domhanda.

    2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

    ·        Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

    Chuathas i gcomhairle le geallsealbhóirí ón tionscal bia, le tomhaltóirí, le tríú tíortha agus le húdaráis náisiúnta agus idirnáisiúnta roimh agus tar éis ghlacadh thogra an Choimisiúin 2008. Ghlac ionadaithe an Choimisiúin páirt i gcruinnithe nó i seimineáir a d’eagraigh páirtithe leasmhara agus a bhí dírithe ar shaincheisteanna ar leith (e.g. bia traidisiúnta ó thríú tíortha, nós imeachta measúnaithe agus údarúcháin, nanaitheicneolaíochtaí) agus cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara.

    Ag an chéad agus ag an dara léamh agus ag an nós imeachta Idir‑Réitigh maidir le togra reachtach 2008, chuir geallsealbhóirí a dtuairimí in iúl freisin.

    ·        Measúnú tionchair

    Rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair in 2007. I gcás gach birt ó thogra 2008, scrúdaíodh roinnt roghanna ó thaobh a dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ar gheallsealbhóirí agus ar Bhallstáit éagsúla. Tá sé ar fáil ag:      http://ec.europa.eu/food/food/biotechnology/novelfood/initiatives_en.htm. Maidir leis an togra reatha, tá measúnú tionchair 2008 bailí fós, ó rud é nach bhfuil aon athrú ar an réasúnaíocht le haghaidh grinn‑athbhreithniú ar an reachtaíocht reatha (fad agus costas an nós imeachta údarúcháin reatha, an gá le measúnú riosca láraithe agus le bainistiú riosca láraithe agus le nós imeachta coigeartaithe i dtaca le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar mhargadh an AE).

    Is iad na príomhathruithe i gcomparáid le togra 2008 na hathruithe sin a tugadh isteach le linn an Ghnáthnós imeachta reachtaigh, nach bhfuil aon athrú ar a dtionchar toisc nach soiléirítear leo ach cuspóir na mbeart.

    I dtaca leis an bhféidearthacht micrifhiontair a eisiaimh ón raon feidhme, feictear nach mbeadh an t‑eisiamh sin comhoiriúnach leis an gcuspóir foriomlán, eadhon, sábháilteacht bianna núíosacha a chuirtear ar mhargadh an AE a áirithiú.

    3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    ·        Bunús dlí

    Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.

    ·        Prionsabal na coimhdeachta

    Ní mór don togra prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh toisc nach dtagann sé faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

    Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas:

    – D’fhéadfadh leibhéil éagsúla sábháilteachta bia agus cosanta do shláinte an duine a theacht as gníomhaíocht aonair de chuid na mBallstát agus d’fhéadfaí mearbhall a chur ar thomhaltóirí. Dhéanfadh aisghairm an Rialacháin maidir le Bia Núíosach na rialacha comhchuibhithe a bhaineann le sábháilteacht bia a dhíchur agus chuirfí saorghluaiseacht bia san AE i mbaol.

    – Is trí ghníomhaíocht ar leibhéal an AE is fearr is féidir cuidiú le feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le bianna núíosacha, agus sláinte agus leasa na dtomhaltóirí Eorpacha a chosaint ag an am céanna.

    Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

    ·        Prionsabal na comhréireachta

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

    – Déanann an togra an creat rialúcháin a chomhchuibhiú maidir le húdarú bia núíosaigh, rud a chuireann le feidhmiú an mhargaidh bia san AE.

    – Tá na bearta molta leordhóthanach chun na cuspóirí maidir le sábháilteacht bia agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh bia a áirithiú agus an t‑ualachan riaracháin á laghdú ag an am céanna.

    4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Léirítear tionchar airgeadais agus buiséadach an togra sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo.

    5.           Rogha Ionstraimí

    Rialachán an ionstraim atá beartaithe.

    Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas:

    – Tá an réimse bianna núíosacha comhchuibhithe go hiomlán san AE. Ní fhéadfadh gníomh neamhreachtach atá bunaithe, mar shampla, ar chód dea‑chleachtais nó ar threoirlínte, cosaint leordhóthanach a thabhairt agus bheadh easpa cinnteachta dlíthiúla i gceist leis.

    – Braitheann úsáid shábháilte bianna núíosacha ar mheastóireachtaí sábháilteachta réamh‑mhargaidh agus go minic ar choinníollacha ceadaithe úsáide na substaintí seo, dá bhrí sin, ní dhéanfadh moltaí nó féinrialáil cosaint shláinte an tomhaltóra a ráthú.

    6.           SAINCHEISTEANNA EILE

    ·        Simpliú

    Foráiltear sa togra maidir le simpliú reachtaíochta agus nósanna imeachta riaracháin d'údaráis phoiblí agus do pháirtithe príobháideacha i gcomparáid leis an reachtaíocht atá ar bun:

    – Ní bheidh ach nós imeachta láraithe amháin chun bianna núíosacha a mheasúnú agus a údarú. Tá foclaíocht an togra nuashonraithe agus soiléirithe.

    – Bainfear nósanna imeachta riaracháin náisiúnta agus dúbláil oibre.

    – Déanfar cuichóiriú ar an nós imeachta údarúcháin, rud a chuirfidh lena éifeachtúlacht agus a laghdóidh an t‑ualach riaracháin go háirithe do pháirtithe príobháideacha.

    – Tabharfar isteach nós imeachta simplithe chun bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh.

    ·        Costas le haghaidh gnólachtaí, go háirithe FBManna

    Leis na bearta molta laghdófar an t‑ualach riaracháin agus fad agus costas an nós imeachta údarúcháin don tionscal bia (18 mí in ionad 3 bliana ar an meán faoi láthair). Trí údarú cineálach seachnófar ath-thíolacadh iarratas nua ag cuideachtaí eile don bhia núíosach céanna agus táthar ag súil gur chun leasa FBManna go háirithe an méid sin. Mar sin féin, ionas go gcoimeádfar an dreasacht chun táirgí bia atá fíor-nuálaíoch a fhorbairt, tabharfar isteach córas "cosanta sonraí" agus údarú atá nasctha le hiarratasóir á dheonú, ar feadh uasmhéid 5 bliana. Déanfaidh na bearta éascaíocht do mhargaí an AE i gcás bianna traidisiúnta ó thríú tíortha trí nós imeachta simplithe agus níos comhréirí a bhunú.

    ·        An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

    Baineann an gníomh beartaithe le hábhar de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus dá bhrí sin cumhdaíonn sé an LEE.

    ·        Míniú mionsonraithe ar an togra

    Caibidil I – Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

    Beidh bianna núíosacha faoi réir meastóireachta sábháilteacha agus údarúcháin trí nós imeachta iomlán comhchuibhithe. Déanfar na sainmhínithe a shoiléiriú agus a nuashonrú. Leis an nós imeachta scrúdúcháin, féadfar a chinneadh cibé an dtagann bia faoi raon feidhme an Rialacháin nó nach dtagann.

    Nana-ábhair a bheartaítear a úsáid chun críocha bia agus atá cumhdaithe sa sainmhíniú " nana-ábhair mhonaraithe",atá leagtha síos i Rialachán Uimh. 1169/2011 maidir le Faisnéis faoi Bhia a Sholáthar do Thomhaltóirí, déanfar measúnú agus údarú orthu faoin Rialachán seo sula gcuirfear ar mhargadh an AE iad.

    Caibidil II Ceanglais maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    Ní mór do gach bia núíosach chomh maith lena úsáid i mbia na critéir seo a leanas a chomhlionadh: níor cheart go gcuirfidís sláinte an duine i mbaol agus níos cheart go gcuirfeadh a n-úsáid an tomhaltóir ar míthreoir.

    Féadfar sonraíochtaí, ceanglais lipéadaithe, coinníollacha úsáide agus, nuair is iomchuí, ceanglas monatóireachta iarmhargaidh a leagan síos maidir le gach bia núíosach atá údaraithe.

    Cuirfear údaruithe cineálacha in ionad an chórais reatha údaruithe aonair. Déanfar an "nós imeachta simplithe" mar a thugtar air, bunaithe ar choibhéiseacht shubstaintiúil, lena ndírítear ar údarú aonair á leathnú go cuideachta eile don bhia núíosach céanna a bhaint, ós rud é go mbeidh na húdaruithe cineálach go díreach.

    Leanfar de bhianna núíosacha atá údaraithe cheana a mhargú agus a chur ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

    Caibidil III – Nós imeachta údarúcháin do bhia núíosach.

    I gcomhréir leis an gcinneadh athrú go nós imeachta lánláraithe ar leibhéal an AE agus chun bainistiú riosca a dheighilt ó mheasúnú riosca, cuirfear gach iarratas ar údarú bianna núíosacha faoi bhráid an Choimisiúin. Ansin féadfaidh an Coimisiún tuairim eolaíoch a iarraidh faoi mheasúnú riosca ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA).

    Déanfaidh an Coimisiún iontráil bia núíosaigh ar liosta Aontais na mbianna núíosacha a chinneadh ar bhonn na tuairime ó EFSA. Déanfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (SCOFCAH) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

    I gcás bianna traidisiúnta ó thríú tíortha, tabharfar isteach measúnú sábháilteachta agus bainistiú riosca, bunaithe ar stair úsáid an bhia shláin. Más rud é go dtaispeánann iarratasóir go bhfuil stair úsáid an bhia shláin i dtríú tír ar feadh 25 bliain ar a laghad, agus mura ndéanann na Ballstáit nó EFSA agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta bunaithe ar fhianaise eolaíoch, féadfar an bia a áireamh ar liosta an Aontais.

    Mar sin féin, i gcás ina dtíolactar agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, teastaíonn measúnú ó EFSA agus nós imeachta údarúcháin de chuid an AE ina ndiaidh, cosúil leis an nós imeachta údarúcháin caighdeánach

    Leis an nós imeachta seo déantar foráil maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca atá níos comhréirí ar bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha agus is féidir dá bharr sin raon táirgí ón táirgeadh príomhúil a chur ar mhargadh an AE gan dochar do shábháilteacht bia.

    Caibidil IV – Rialacha nós imeachta breise agus ceanglais eile

    Ba cheart an fhaisnéis a thugann an t‑iarratasóir a choimeád faoi rún i gcás ina ndéanfaí dochar suntasach dá staid iomaíoch dá nochtfaí an fhaisnéis sin.

    Caibidil V – Cosaint sonraí

    De mhaolú ón údarú cineálach d'fhonn tacú le nuálaíocht i dtionscal bia an AE agus i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus sna cásanna sin amháin, féadfar údaruithe aonair a bhfuil cosaint sonraí ag gabháil leo a dheonú ar feadh uastréimhse cúig bliana.

    Caibidil VI – Pionóis agus nós imeachta coiste

    Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin atá beartaithe.

    Glacfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe sa Rialachán seo go príomha i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin atá leagtha síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Is éard atá sa mhéid seo coinníollacha úsáide agus lipéadaithe bia núíosaigh mar aon le sonraíochtaí agus, nuair is iomchuí, ceanglais monatóireachta iarmhargaidh a leagan síos.

    Caibidil VII – forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

    Tá gá le bearta idirthréimhseacha chun aistriú rianúil a áirithiú i gcás iarratas agus fógraí leanúnacha a áirithiú, ar feitheamh ar theacht i bhfeidhm na reachtaíochta seo. Ina theannta sin, a bhuí le soiléiriú ar an sainmhíniú ar bhia núíosach a leagtar síos sa Rialachán seo agus chun cinnteacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart a cheadú do bhia a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanúint de bheith á mhargú go dtí go mbeidh na nósanna imeachta maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca tugtha chun críche.

    2013/0435 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le bianna núíosacha

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[7],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)       Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach í saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sí go mór le sláinte agus le folláine na saoránach agus tá sí chun leasa a leasanna sóisialta agus eacnamaíocha chomh maith. D'fhéadfadh sé go gcuirfeadh difríochtaí idir dlíthe náisiúnta maidir le measúnú sábháilteachta agus údarú na mbianna núíosacha bac ar shaorghluaiseacht an bhia sin, agus go gcruthófaí coinníollacha éagóracha iomaíochta ar an gcaoi sin.

    (2)       Ba cheart ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus beartais bia an Aontais á saothrú, agus ba cheart trédhearcacht á áirithiú ag an am céanna.

    (3)       Bunaíodh rialacha an Aontais maidir le bianna núíosacha le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8] agus le Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún[9]. Ní mór na rialacha sin a nuashonrú chun na nósanna imeachta reatha údarúcháin a shimpliú agus chun roinnt forbairtí reatha i ndlí an Aontais a chur san áireamh. Ar mhaithe le soiléire reachtaíocht an Aontais, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún a aisghairm agus ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 258/97.

    (4)       Níor cheart go dtiocfadh bianna a cheaptar lena n‑úsáid chun críoch teicneolaíoch ná bia géinmhodhnaithe faoi raon feidhme an Rialacháin seo toisc go bhfuil siad cumhdaithe ag rialacha Aontais eile. Dá bhrí sin, maidir le bia géinmhodhnaithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10], einsímí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11], bia a úsáidtear mar bhreiseáin amháin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12], blastáin a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13] agus tuaslagóirí eastóscúcháin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14], ba cheart iad a eisiaimh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

    (5)       Ba cheart na catagóirí bia núíosaigh atá ann cheana atá leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a shoiléiriú agus a nuashonrú trí thagairt don sainmhíniú ginearálta ar bhia dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15] a chur in ionad na gcatagóirí atá ann cheana.

    (6)       Chun leanúnachas leis na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a áirithiú, ba cheart easpa úsáide ar leibhéal suntasach mar bhia don duine laistigh den Aontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin, eadhon an 15 Bealtaine 1997, a choimeád mar chritéar chun go measfaí gur bia núíosach é bia. Ba cheart go dtagródh úsáid laistigh den Aontas freisin d'úsáid sna Ballstáit beag beann ar dháta aontachais Bhallstát éagsúil leis an Aontas.

    (7)       D'fhéadfadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i bpróisis táirgthe bia tionchar a imirt ar bhia agus dá bharr sin ar shábháilteacht bia. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú gur cheart bia a mheas mar bhia núíosach i gcás ina n‑úsáidtear próiseas táirgthe nár úsáideadh cheana do tháirgeadh bia san Aontas ar an mbia áirithe sin nó nuair is nana-ábhair mhonaraithe iad bianna nó go bhfuil nana-ábhair mhonaraithe iontu, mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2)(t) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16].

    (8)       Tá vitimíní, mianraí agus substaintí eile atá ceaptha lena n‑úsáid i bhforbhianna nó le cur le bia lena n‑áirítear bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga, bia chun críoch speisialta míochaine, agus bia mar ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, tá siad faoi réir na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17], i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] agus i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19]. Ba cheart na substaintí sin a mheasúnú freisin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nuair a thagann siad faoin sainmhíniú ar bhia núíosach a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (9)       Nuair a thagann athrú suntasach ar phróiseas táirgthe substainte a úsáideadh i gcomhréir le Treoir 2002/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, nó athrú ar mhéid cáithníní na substainte sin, mar shampla trí nanaitheicneolaíocht, d'fheadfadh sé go mbeadh tionchar aige ar bhia agus dá bhrí sin ar shábháilteacht bia. Ba cheart dá bhrí sin an tsubstaint sin a mheas mar bhia núíosach faoin Rialachán seo agus ba cheart meastóireacht a dhéanamh uirthi in athuair ar dtús i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an reachtaíocht shonrach ábhartha.

    (10)     Má úsáideadh bia go heisiach mar fhorbhia nó i bhforbhia, faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/46/CE roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart a cheadú go gcuirfí ar mhargadh an Aontais é tar éis an dáta sin le haghaidh na húsáide céanna agus nach measfaí gur bia núíosach é chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, an úsáid sin mar fhorbhia nó i bhforbhia a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh bia ar leibhéal suntasach mar bhia don duine taobh istigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáidí an bhia lena mbaineann seachas i bhforbhia nó mar fhorbhia a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

    (11)     Ba cheart éascaíocht a dhéanamh do bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh laistigh den Aontas, i gcás inar léiríodh stair úsáid an bhia shláin i dtríú tír. Ba cheart gur úsáideadh na bianna sin i dtríú tír ar feadh 25 bliain ar a laghad mar chuid de ghnáthaiste bia laistigh de sciar mór de phobal na tíre. Níor cheart go n–áireodh stair úsáid an bhia shláin úsáidí neamhbhia ná úsáidí nach mbaineann le gnáthréimeanna bia.

    (12)     Ba cheart a shoiléiriú nár cheart bianna ó thríú tíortha, a mheastar mar bianna núíosacha san Aontas, a mheas mar bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha ach amháin nuair a dhíorthaítear iad ó tháirgeadh príomhúil mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, beag beann ar bhianna próiseáilte nó bianna neamhphróiseáilte a bheith i gceist. Dá bhrí sin, i gcás inar úsáideadh próiseas táirgthe nua don bhia seo nó i gcás gur "nana-ábhair mhonaraithe" iad an bia nó go bhfuil "nana-ábhair mhonaraithe" istigh ann mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2)(t) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, níor cheart an bia a mheas mar bhia traidisiúnta.

    (13)     Níor cheart a mheas gur bianna núíosacha iad táirgí bia a tháirgtear ó chomhábhair nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe trí athrú a dhéanamh ar chomhábhair an bhia, ar chomhdhéanamh nó ar méid na gcomhábhar sin. Ba cheart, áfach, go mbeadh modhnuithe ar chomhábhar bia, amhail eastóscáin roghnaíocha nó úsáid codanna eile de phlanda, nár úsáideadh fós go hiondúil mar bhia don duine laistigh den Aontas, ina gcúis le táirge bia a bheith ag teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (14)     Tá feidhm ag Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20] i gcás ina dtagann táirge, agus a airíonna uile á gcur san áireamh, faoin sainmhíniú "táirge míochaine" mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2) den Treoir sin agus laistigh de shainmhíniú táirge atá cumhdaithe ag an Rialachán seo. I dtaca leis sin, i gcás ina suíonn Ballstát i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE gur táirge íocshláinte é táirge, féadfaidh sé bheith in ann srian a chur, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar an táirge sin a bheith á chur ar an margadh. Thairis sin, eisiatar táirgí míochaine ón sainmhíniú ar bhia mar atá leagtha síos in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus níor cheart dá bhrí sin go dtiocfaidís faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    (15)     Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún lena chinneadh cé acu a thagann nó nach dtagann bia áirithe faoin sainmhíniú ar bhia núíosach agus an bhfuil sé faoi réir rialacha maidir le bia núíosach a leagtar síos sa Rialachán seo, dá bharr sin.

    (16)     An cinneadh maidir le cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh bia ar leibhéal suntasach laistigh den Aontas mar bhia lena chaitheamh ag an duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar fhaisnéis arna cur isteach ag oibreoirí gnó bia, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart faisnéis eile a mbeadh teacht uirthi sna Ballstáit a bheith ag gabháil léi chun tacú léi. Ba cheart d'oibreoirí gnólachtaí bia dul i gcomhairle le Ballstáit mura bhfuil siad deimhin de stádas an bhia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh. Nuair nach mbeidh aon fhaisnéis ann nó mura mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le bia a bheith á chaitheamh mar bhia don duine roimh an 15 Bealtaine 1997, ba cheart nós imeachta simplí trédhearcach a bhunú chun an fhaisnéis sin a bhailiú, ar nós imeachta é a mbeadh baint ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit, agus ag oibreoirí gnólachtaí bia leis. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na céimeanna nós imeachta a shonrú don phróiseas comhairliúcháin sin.

    (17)     Níor cheart bianna núíosacha a údarú agus a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart bianna núíosacha bheith sábháilte agus níor cheart go gcuirfeadh a n‑úsáid an tomhaltóir ar míthreoir. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeartófar bia núíosach a chur in ionad bia eile, níor cheart go mbeadh sé éagsúil ón mbia sin in aon slí nach mbeadh chomh mór sin chun leasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

    (18)     Níor cheart bianna núíosacha a chur ar an margadh nó a úsáid i mbia lena chaitheamh ag an duine mura n‑áirítear iad i liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe le cur ar an margadh laistigh den Aontas ('liosta an Aontais'). Dá bhrí sin, is iomchuí, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta Aontais de bhianna núíosacha a bhunú, trí bhianna núíosacha atá údaraithe cheana, nó a bhfuil fógra tugtha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 nó Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, a iontráil ar liosta an Aontais, lena n‑áirítear aon choinníollacha údarúcháin. Ós rud é go ndearnadh meastóireacht ar na bianna núíosacha seo i dtaca lena sábháilteacht, gur táirgeadh agus gur margaíodh iad go dlíthiúil san Aontas agus nár chúis imní iad do shláinte an duine san am atá thart, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun liosta an Aontais a bhunú i dtosach báire.

    (19)     Is iomchuí bia núíosach a údarú trí liosta an Aontais a nuashonrú faoi réir na gcritéar agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart nós imeachta atá éifeachtúil, a bhfuil teorainn ama leo agus atá trédhearcach a chur ar bun. Maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a bhfuil stair úsáid an bhia shláin acu is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta níos tapa agus simplithe chun liosta an Aontais a nuashonrú mura ndéantar aon agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta. Toisc go dtugtar le fios le nuashonrú liosta an Aontais go bhfuil na critéir atá leagtha síos sa Rialachán seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ina thaobh sin.

    (20)     Ba cheart critéir a leagan síos chun na rioscaí sábháilteachta a thagann as bianna núíosacha a mheas. D'fhonn a áirithiú go ndéanfar measúnú eolaíoch comhchuibhithe ar bhianna núíosacha, ba cheart gurbh é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ("EFSA") a dhéanfadh na measúnuithe sin.

    (21)     Maidir le húsáid fhéideartha nana-ábhair i mbia, mheas EFSA ina thuairim ón 6 Aibreán 2011[21] maidir le Treoraíocht don mheasúnú riosca ar nana-eolaíocht agus nanaitheicneolaíochtaí a chur i bfheidhm sa slabhra bia agus beatha, nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil i ndáil le gnéithe nanathocsainicinéiticí agus tocsaineolaíochta nana-ábhar monaraithe agus go mb'fhéidir go mbeadh gá le modhnuithe modheolaíocha a dhéanamh ar mhodhanna tástála tocsaineachta. D'fhonn measúnú sábháilteachta níos fearr a dhéanamh ar nana-ábhair lena n‑úsáid i mbia, tá modhanna tástála á bhforbairt ag an gCoimisiún a chuireann san áireamh airíonna sonracha nana-ábhar monaraithe.

    (22)     Nuair a dhéantar bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún ceanglais faireacháin iarmhargaidh a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar úsáid bia núiosaigh údaraithe chun a áirithiú go mbeidh an úsáid laistigh de theorainneacha sábháilteachta mar atá bunaithe sa mheasúnú sábháilteachta a rinne EFSA.

    (23)     Faoi imthosca sonracha, d'fhonn taighde agus forbairt a spreagadh laistigh de thionscal an agraibia, agus ar an dóigh sin nuálaíocht a spreagadh, is cuí cosaint a thabhairt don infheistíocht a rinne na nuálaithe agus iad ag bailiú na faisnéise agus na sonraí chun tacú le hiarratas do bhia núíosach arna dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. An fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus na sonraí dílseánaigh a tugadh chun tacú le hiarratas ar bhia núíosach a chur ar liosta an Aontais, ba cheart iad a chosaint. Níor cheart, ar feadh tréimhse teoranta ama, na sonraí agus an fhaisnéis sin a úsáid chun leasa iarratasóra ina dhiaidh sin, gan comhaontú an iarratasóra roimhe sin. Níor cheart go gcuirfeadh cosaint sonraí eolaíocha arna soláthar ag iarratasóir amháin cosc ar iarratasóirí eile cuimsiú ar liosta an Aontais a iarraidh ar bhonn a gcuid sonraí eolaíocha féin nó trí thagairt do na sonraí cosanta le comhaontú an iarratasóra roimhe sin. Mar sin féin, níor cheart an tréimhse iomlán cúig bliana de chosaint sonraí a tugadh don iarratasóir roimhe sin a shíneadh i ngeall ar chosaint sonraí a thabhairt d'iarratasóirí iardain.

    (24)     Tá bianna núíosacha faoi réir na ceanglais lipéadaithe ginearálta atá leagtha síos in Rialacháin (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí agus ceanglais lipéadaithe ábhartha eile i ndlí bia an Aontais. I gcásanna áirithe féadfar gur gá foráil a dhéanamh maidir le faisnéis bhreise faoi lipéadú, go háirithe maidir le tuairisc ar an mbia, a fhoinse nó a choinníollacha úsáide lena áirithiú go mbeidh dóthain faisnéise ag tomhaltóirí faoi chineál an bhia núíosaigh.

    (25)     I gcás na n‑iarratas a cuireadh isteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ba cheart measúnú riosca agus nósanna imeachta údarúcháin a thabhairt chun críche i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, a bhuí le soiléiriú ar an sainmhíniú ar bhia núíosach a leagtar síos sa Rialachán seo agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart a cheadú, de riail láimhe, do bhia a cuireadh ar an margadh go dlíthiúil ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na nósanna imeachta maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca tugtha chun críche. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha idirthréimhseacha a leagan síos le haistriú rianúil go rialacha an Rialacháin seo a áirithiú.

    (26)     Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireacht agus athchomhairleach.

    (27)     D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le liosta an Aontais a nuashonrú i dtaca le bia traidisiúnta ó thríú tír a chur leis, i gcás nach ndearnadh aon agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

    (28)     Maidir leis na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le sainmhíniú ar 'bhia núíosach', an próiseas comhairliúcháin le stádas bia núíosaigh a chinneadh, nuashonruithe eile ar liosta an Aontais, dréachtú agus tíolacadh iarratas nó fógraí le go gcuimseofaí bianna ar liosta an Aontais, na socruithe chun bailíocht iarratas nó fógraí a sheiceáil, láimhseáil rúndachta agus forálacha idirthréimhseacha, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[22].

    (29)     Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha a leagan síos maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh taobh istigh den Aontas, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát ach gur fearr, ina ionad sin is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

    Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

    1.           Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas chun feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do leasanna tomhaltóirí á sholáthar ag an am céanna.

    2.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

    (a)     bianna géinmhodhnaithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003;

    (b)     bianna nuair a úsáidtear agus a mhéid a úsáidtear iad:

    (i)      mar einsímí bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008;

    (ii)     mar bhreiseáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

    (iii)    mar bhlastáin bia a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

    (iv)    tuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear nó atá ceaptha lena n‑úsáid i dtáirgeadh earraí bia nó comhábhar bia a thagann faoi raon feidhme Threoir 2009/32/CE;

    (c)     bia a thagann faoi raon feidhme Threoir XXX/XX AE maidir le [bia ó chlóin ainmhithe a chur ar an margadh].

    Airteagal 2 Sainmhínithe

    1.           Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

    2.           Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)     ciallaíonn "bia núíosach" gach bia nár úsáideadh lena chaitheamh ag an duine ar leibhéal suntasach laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997 beag beann ar dháta aontachais na mBallstát éagsúil leis an Aontas agus áirítear go háirithe:

    (i)      bia ar cuireadh próiseas nua táirgeachta i bhfeidhm air, nár úsáideadh do tháirgeadh bia laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás ina n‑eascraíonn athruithe suntasacha ar chomhdhéanamh nó ar struchtúr an bhia as an bpróiseas táirgeachta sin, a mbeadh tionchar acu ar a bhfiúntas cothaitheach, ar a mheitibileacht nó ar chion na substaintí neamh–inmhianaithe atá ann;

    (ii)     bia ina bhfuil "nana-ábhair mhonaraithe" nó atá déanta as "nana-ábhair mhonaraithe" mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2)(t) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

    (iii)    vitimíní, mianraí nó substaintí eile a úsáidtear i gcomhréir le Treoir 2002/46/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 nó Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, sna cásanna seo a leanas:

    – úsáideadh próiseas táirgthe nua dá dtagraítear i bpointe (i) den mhír seo; nó

    – is "nana-ábhair mhonaraithe" na substaintí sin nó tá siad déanta as "nana-ábhair mhonaraithe" mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2)(t) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

    (iv)    bia a úsáideadh go heisiach i bhforbhianna laistigh den Aontas roimh an 15 Bealtaine 1997, i gcás ina bhfuil sé ceaptha lena úsáid i mbianna seachas na forbhianna atá sainmhínithe i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/46/CE.

    (b)     ciallaíonn "bia traidisiúnta ó thríú tír" bia núíosach, seachas an bia núíosach dá dtagraítear i bpointe (a)(i) go (iii), a dhíorthaítear ó tháirgeadh príomhúil, a bhfuil stair úsáid an bhia shláin i dtríú tír aige.

    (c)     ciallaíonn "stair úsáid an bhia shláin i dtríú tír" go ndearbhaíodh sábháilteacht an bhia sin le sonraí a chomhdhéanta agus le taithí a fuarthas óna úsáid leanúnach, ar feadh 25 bliana ar a laghad, mar chuid de ghnáthréim bia cuid mhór de dhaonra tríú tír, roimh an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 13.

    (d)     ciallaíonn "an t‑iarratasóir" an Ballstát, an tríú tír nó an páirtí leasmhar, a fhéadfaidh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann roinnt páirtithe leasmhara, a chuir iarratas i gcomhréir le hAirteagal 9 nó Airteagal 15 nó fógra i gcomhréir le hAirteagal 13 faoi bhráid an Choimisiúin.

    (e)     ciallaíonn "iarratas bailí" agus "fógra bailí" iarratas nó fógra a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ina bhfuil an fhaisnéis a theastaíonn do mheasúnú riosca agus do nós imeachta údarúcháin.

    Airteagal 3 Cumhacht chur chun feidhme maidir le sainmhíniú bia núíosacha in Airteagal 2(2)(a)

    D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cibé acu a thagann nó nach dtagann bia áirithe faoin sainmhíniú ar bhia núíosach, atá leagtha síos in Airteagal 2(2)(a).

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Airteagal 4 Nós imeachta chun stádas bia núíosaigh a chinneadh

    1.           Fíoróidh oibreoirí gnólachtaí bia cibé acu a thagann nó nach dtagann an bia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

    2.           Rachaidh oibreoirí gnólachtaí bia i gcomhairle le Ballstát i gcás nach bhfuil siad cinnte faoi cibé acu a thagann nó nach dtagann an bia a bheartaíonn siad a chur ar an margadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo . Sa chás sin, tabharfaidh na hoibreoirí gnólachtaí bia an fhaisnéis is gá don Bhallstát arna iarraidh sin dó le go mbeidh sé in ann a chinneadh go háirithe a mhéid a úsáideadh an bia i dtrácht lena chaitheamh ag an duine laistigh den Aontais roimh an 15 Bealtaine 1997.

    3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, céimeanna nós imeachta an phróisis comhairliúcháin dá bhforáiltear i mír 2 a shonrú.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Caibidil II Ceanglais maidir le bianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas

    Airteagal 5  Liosta an Aontais de bhianna núíosacha

    1.           Bunóidh agus nuashonróidh an Coimisiún liosta Aontais de bhianna núíosacha a údaraítear a chur ar an margadh laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagail 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 ("liosta an Aontais").

    2.           Ní fhéadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas amhlaidh agus a úsáid i mbianna nó or bhianna faoi na coinníollacha úsáide atá sonraithe ann.

    Airteagal 6 Coinníollacha ginearálta maidir le bianna núíosacha a chur ar liosta an Aontais

    Ní dhéanfaidh an Coimisiún bia núíosach a údarú agus a chur ar liosta an Aontais ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

    (a)          nach mbainfidh riosca leis, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, do shláinte an duine;

    (b)          nach gcuireann a úsáid an tomhaltóir ar míthreoir;

    (c)          má bheartaítear é a chur in ionad bia eile, nach bhfuil an oiread sin de dhifríocht idir é agus an bia sin agus go mbeadh a ghnáth-thomhaltas chun aimhleasa an tomhaltóra ó thaobh cothaitheachta de.

    Airteagal 7 Liosta an Aontais a bhunú ar dtús

    Tráth nach déanaí ná an ...[23], bunóidh an Coimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liosta an Aontais trí bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4, faoi Airteagal 5 agus faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 a chur ar liosta an Aontais, lena n‑áireofar aon choinníollacha údarúcháin atá ann cheana.

    Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    Airteagal 8 Ábhar liosta an Aontais

    1.           Údaróidh an Coimisiún bia núíosach agus nuashonróidh sé liosta an Aontais i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in:

    (a)     Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 agus, nuair is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 25 nó

    (b)     Airteagail 13 go 18.

    2.           Agus bia núíosach á údarú agus liosta an Aontais dá bhforáiltear i mír 1 á nuashonrú, déanfar ceann amháin den méid a leanas:

    (a)     bia núíosach a chur ar liosta an Aontais;

    (b)     bia núíosach a bhaint de liosta an Aontais;

    (c)     coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a bhaineann le bia núíosach a chur, a bhaint, nó a athrú ar liosta an Aontais.

    3.           San iontráil do bhia núíosach ar liosta an Aontais dá bhforáiltear i mír 2 áireofar nuair is ábhartha:

    (a)     sonraíocht an bhia núíosaigh;

    (b)     na coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid, d'fhonn a sheachaint, go háirithe, drochthorthaí a d'fhéadfadh a bheith ar ghrúpaí áirithe den phobal, sárú ar uasleibhéil iontógála agus rioscaí i gcás tomhailte iomarcaí.

    (c)     ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise leis an tomhaltóir deiridh a chur ar an eolas faoi aon tréith shonrach nó aon airí bia, amhail comhdhéanamh, faoi luach cothaitheach nó éifeachtaí cothaitheacha agus an úsáid atá ceaptha don bhia, rud a fhágann nach ionann is gnáthbhia a thuilleadh bia núíosach nó faoi impleachtaí do shláinte grúpaí sonracha den phobal;

    (d)     ceanglais faireacháin iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 23.

    Caibidil III Nós imeachta údarúcháin do bhia núíosach.

    Roinn I Rialacha ginearálta

    Airteagal 9 An nós imeachta lena n‑údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais

    1.           Is ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas chuig an gCoimisiún ó iarrthóir a thosóidh an nós imeachta lena n‑údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 8.

    Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

    (a)     ainm an bhia núíosaigh agus tuairisc air;

    (b)     comhdhéanamh an bhia núíosaigh;

    (c)     fianaise eolaíoch a léiríonn nach baol an bia núíosach do shláinte an duine;

    (d)     más infheidhme, moladh maidir leis na coinníollacha úsáide agus moladh maidir le ceanglais lipéadaithe shonracha nach gcuirfidh an tomhaltóir ar míthreoir.

    2.           Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an Údaras Eorpach um Shábháilteach Bia a thuairim a thabhairt más dóigh go ndéanfar difear do shláinte an duine de dhroim an nuashonraithe.

    3.           An nós imeachta lena n‑údaraítear bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus lena nuashonraítear liosta an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 8, is glacadh gnímh cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 11 a bheidh mar dheireadh air.

    4.           De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur leis an nós imeachta údarúcháin agus cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le nuashonrú, ag tráth ar bith den nós imeachta, más é a bhreith nach bhfuil bonn leis an nuashonrú sin.

    Más infheidhme, cuirfidh sé san áireamh barúlacha na mBallstát, tuairim EFSA agus aon chúinsí eile is ábhartha maidir leis an nuashonrú atá á bhreithniú.

    I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an t‑iarratasóir agus na Ballstáit uile ar an eolas go díreach, agus cuirfidh sé in iúl dóibh na fáthanna a measann sé nach bhfuil údar maith leis an nuashonrú.

    5.           Féadfaidh an t‑iarratasóir a iarratas dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar aon tráth sula nglacfar tuairim EFSA dá dtagraítear i mír 2, agus leis sin foirceannfar an nós imeachta lena n‑údaraítear bia núíosach agus lena nuashonraítear liosta an Aontais.

    Airteagal 10 Tuairim EFSA

    1.           I gcás ina n‑iarrfaidh an Coimisiún tuairim ar EFSA, cuirfidh sé an t‑iarratas bailí ar aghaidh chuig EFSA. Glacfaidh EFSA a thuairim laistigh de naoi mí ón dáta a fhaightear iarratas bailí.

    Agus sábháilteacht bianna núíosacha á meas aige, déanfaidh EFSA, más iomchuí, an méid seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)     an bhfuil an bia núíosach lena mbaineann chomh sábháilte le catagóir bia inchomórtais atá ar an margadh cheana laistigh den Aontas;

    (b)     an baol do shláinte an duine san Aontas comhdhéanamh an bhia núíosaigh agus coinníollacha a úsáide.

    2.           Cuirfidh EFSA a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus, más infheidhme, chuig an iarratasóir.

    3.           I gcásanna cuí-réasúnaithe ina n‑éileoidh EFSA faisnéis bhreise ón iarratasóir, féadfar an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1 a shíneadh.

    Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, sonróidh EFSA tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an tréimhse bhreise is gá.

    Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid laistigh d’ocht lá oibre tar éis do EFSA é a chur ar an eolas, cuirfear an tréimhse bhreise de shíneadh go huathoibríoch leis an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh ama sin.

    4.           I gcás nach gcuirtear an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 3 chuig EFSA laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, cuirfidh sé a thuairim in eagar ar bhonn na faisnéise arna soláthar dó cheana.

    5.           I gcás ina dtíolacfaidh iarratasóirí faisnéis bhreise ar a dtionscnamh féin, seolfaidh siad chuig an gCoimisiún agus chuig EFSA í.

    I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh EFSA a thuairim uaidh laistigh den tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1.

    6.           Cuirfidh EFSA an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.

    Airteagal 11 Bia núíosach a údarú agus liosta an Aontais a nuashonrú

    1.           Laistigh de naoi mí ó dháta foilsithe thuairim EFSA, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) dréachtghníomh cur chun feidhme lena nuashonrófar liosta an Aontais agus ina gcuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)     na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 más infheidhme;

    (b)     aon fhorálacha ábhartha i ndlí an Aontais;

    (c)     tuairim EFSA;

    (d)     aon chúinsí dlisteanacha eile atá ábhartha maidir leis an iarratas atá á bhreithniú.

    Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    2.           I gcás nár iarr an Coimisiún tuairim ar EFSA i gcomhréir le hAirteagal 9(2), tosóidh an tréimhse naoi mí dá bhforáiltear i mír 1 ón dáta a fuair an Coimisiún iarratas bailí i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

    Airteagal 12 Cumhacht cur chun feidhme maidir le ceanglais riaracháin agus ealaíochta ar iarratais

    Faoin...[24] ar a dhéanaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)          ábhar, dréachtú agus cur i láthair an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 9(1);

    (b)          na socruithe maidir le bailíocht na n‑iarratas sin a sheiceáil;

    (c)          an cineál faisnéise a cheanglaítear a bheith san áireamh i dtuairim EFSA dá dtagraítear in Airteagal 10.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Roinn II Rialacha sonracha maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

    Airteagal 13 Fógra a thabhairt faoi bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha

    Iarratasóir a bhfuil rún aige bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontas, tabharfaidh sé fógra faoin rún sin don Choimisiún.

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

    (a)          ainm an bhia thraidisiúnta agus tuairisc air;

    (b)          a chomhdhéanamh;

    (c)          a thír thionscnaimh;

    (d)          sonraí doiciméadaithe lena léirítear stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír;

    (e)          más infheidhme, na coinníollacha úsáide agus ceanglais lipéadaithe shonracha nach gcuirfidh an tomhaltóir ar míthreoir.

    Airteagal 14 An nós imeachta maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

    1.           Cuirfidh an Coimisiún an fógra bailí dá bhforáiltear in Airteagal 13 ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig EFSA gan mhoill.

    2.           Laistigh de cheithre mhí ón dáta a chuirfidh an Coimisiún an fógra bailí ar aghaidh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh Ballstát nó EFSA agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, i gcoinne an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    3.           Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit, EFSA agus an t‑iarratasóir ar an eolas maidir le toradh an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2.

    4.           Sa chás nach ndéantar aon agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta i gcomhréir le mír 2 laistigh den treorainn ama atá leagtha síos sa mhír sin, údaróidh an Coimisiún an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus nuashonróidh sé liosta an Aontais gan mhoill.

    5.           I gcás ina gcuirfear agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, bunaithe ar fhianaise eolaíoch, faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 2, ní údaróidh an Coimisiún an bia traidisiúnta lena mbaineann a chur ar an margadh ná ní nuashonróidh sé liosta an Aontais.

    Sa chás sin, féadfaidh an t‑iarratasóir iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 15.

    Airteagal 15 Iarratas maidir le bia traidisiúnta ó thríú tíortha

    Áireofar san iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 14(5) de bhreis ar an bhfaisnéis arna soláthar cheana i gcomhréir le hAirteagal 13, sonraí doiciméadaithe i ndáil leis na hagóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14(5).

    Cuirfidh an Coimisiún an t‑iarratas bailí ar aghaidh chuig EFSA gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit é.

    Airteagal 16 Tuairim EFSA maidir le bia traidisiúnta ó thríú tír

    1.           Glacfaidh EFSA a thuairim laistigh de shé mhí ón dáta a fhaightear iarratas bailí.

    2.           Agus sábháilteacht bia thraidisiúnta ó thríú tír á meas aige, déanfaidh EFSA an méid seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)     an bhfuil sonraí iontaofa arna gcur isteach ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 15 ag tacú le stair úsáid shábháilte an bhia i dtríú tír;

    (b)     an baol do shláinte an duine san Aontas comhdhéanamh an bhia agus coinníollacha a úsáide.

    3.           Cuirfidh EFSA a thuairim ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig an iarratasóir.

    4.           I gcásanna cuí-réasúnaithe ina n‑éileoidh EFSA faisnéis bhreise ón iarratasóir, féadfar an tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1 a shíneadh.

    Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir, sonróidh EFSA tréimhse inar féidir an fhaisnéis sin a sholáthar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis an tréimhse bhreise is gá.

    Mura ndéanfaidh an Coimisiún agóid laistigh d’ocht lá oibre tar éis do EFSA é a chur ar an eolas, cuirfear an tréimhse bhreise de shíneadh go huathoibríoch leis an tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh ama sin.

    5.           I gcás nach gcuirtear an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 4 chuig EFSA laistigh den tréimhse bhreise dá dtagraítear sa mhír sin, cuirfidh sé a thuairim in eagar ar bhonn na faisnéise arna soláthar dó cheana.

    6.           I gcás ina dtíolacfaidh iarratasóirí faisnéis bhreise ar a dtionscnamh féin, seolfaidh siad chuig an gCoimisiún agus chuig EFSA í.

    I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh EFSA a thuairim uaidh laistigh den tréimhse sé mhí dá bhforáiltear i mír 1.

    7.           Cuirfidh EFSA an fhaisnéis bhreise ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit.

    Airteagal 17 Bia traidisiúnta ó thríú tír a údarú agus liosta an Aontais a nuahsonrú

    1.           Laistigh de thrí mhí ó dhatá foilsithe thuairim EFSA, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) dréachtghníomh cur chun feidhme lena n‑údarófar an bia traidisiúnta ó thríú tír a chur ar an margadh laistigh den Aontais agus lena nuashonrófar liosta an Aontais, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a)     na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 más infheidhme;

    (b)     aon fhorálacha ábhartha i ndlí an Aontais;

    (c)     tuairim EFSA;

    (d)     aon chúinsí dlisteanacha eile atá ábhartha maidir leis an iarratas atá á bhreithniú.

    Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    2.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur leis an nós imeachta údarúcháin agus cinneadh a dhéanamh gan dul ar aghaidh le nuashonrú, ag tráth ar bith den nós imeachta, más é a bhreith nach bhfuil bonn leis an nuashonrú sin.

    Más infheidhme, cuirfidh sé barúlacha na mBallstát, tuairim EFSA agus aon chúinsí eile is ábhartha maidir leis an nuashonrú atá á bhreithniú.

    I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an t‑iarratasóir agus na Ballstáit uile ar an eolas go díreach, agus cuirfidh sé in iúl dóibh na fáthanna a measann sé nach bhfuil údar maith leis an nuashonrú.

    3.           Féadfaidh an t‑iarratasóir a iarratas dá dtagraítear in Airteagal 15 a tharraingt siar aon tráth sula nglacfar tuairim EFSA dá dtagraítear in Airteagal 16, agus leis sin foirceannfar an nós imeachta lena n‑údaraítear bia traidisiúnta ó thríú tír agus lena nuashonraítear liosta an Aontais.

    Airteagal 18 Nuashonruithe ar liosta an Aontais maidir le bianna traidisiúnta údaraithe ó thríú tíortha

    Sula mbainfear bia traidisiúnta ó thríú tír de liosta an Aontais nó chun coinníollacha, sonraíochtaí nó srianta a chur, a bhaint nó a athrú a bhaineann le bia traidisiúnta ó thríú tír a áireamh ar liosta an Aontais, tá feidhm ag Airteagal 9 go hAirteagal 12.

    Airteagal 19 Cumhacht cur chun feidhme maidir le ceanglais riaracháin agus eolaíochta maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

    Faoin... [25] glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)          ábhar, dréachtú agus tíolacadh an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 13 den iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 14(5);

    (b)          na socruithe maidir le bailíocht na n‑iarratas sin a sheiceáil;

    (c)          na céimeanna nós imeachta chun faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit agus le EFSA d'fhonn agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 14(2), (4) agus (5);

    (d)          an cineál faisnéise a cheanglaítear a bheith san áireamh i dtuairim EFSA dá dtagraítear in Airteagal 16.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Caibidil IV Rialacha nós imeachta breise agus ceanglais eile

    Airteagal 20 Faisnéis bhreise maidir le bainistiú riosca

    1.           I gcás ina n‑iarrfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise ó iarratasóir maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú riosca, cinnfidh sé, i gcomhar leis an iarratasóir, an tréimhse nach mór an fhaisnéis sin a sholáthar inti.

    I gcásanna den sórt sin, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse ama dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) nó (2) nó in Airteagal 17(1) dá réir sin. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an síneadh sin agus cuirfidh sé an fhaisnéis bhreise ar fáil dóibh a luaithe a gheofar í.

    2.           I gcás nach bhfaighfear an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 laistigh den tréimhse arna síneadh dá dtagraítear sa mhír sin, gníomhóidh an Coimisiún ar bhonn na faisnéise arna soláthar dó cheana.

    Airteagal 21 Tréimhsí ama a shíneadh

    In imthosca éisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún na tréimhsí ama dá bhforáiltear in Airteagail 10(1), 11(1) nó (2), 16(1) agus 17(1) a shíneadh ar a thionscnamh féin nó, más infheidhme, arna iarraidh sin do EFSA, i gcás ina mbeidh údar máith leis de bharr chineál an ábhair.

    I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus an t‑iarratasóir ar an eolas maidir leis an síneadh agus maidir leis na cúiseanna leis.

    Airteagal 22 Rúndacht an iarratais ar nuashonrú ar liosta an Aontais

    1.           Féadfaidh iarratasóirí cóireáil rúnda a iarraidh maidir le faisnéis áirithe arna cur isteach faoin Rialachán seo i gcás ina bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin díobháil shuntasach a dhéanamh dá n‑iomaíochas.

    2.           Chun críocha mhír 1, cuirfidh iarratasóirí in iúl céard í an fhaisnéis arna soláthar acu ar mian leo go gcaithfear mar rún léi agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar le bunús a thabhairt lena n‑iarraidh ar rúndacht. Tabharfar cúiseanna infhíoraithe i gcásanna den sórt sin.

    3.           Tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas maidir le seasamh an Choimisiúin i dtaobh na hiarrata, féadfaidh iarratasóirí a n‑iarratas a tharraingt siar laistigh de thrí seachtaine chun rúndacht na faisnéise a soláthraíodh a chaomhnú.

    Caomhnófar an rúndacht go dtí go rachaidh an tréimhse sin in éag.

    4.           Nuair a bheidh an tréimhse ama dá dtagraítear i mír 3 in éag, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na hiarratasóirí, céard í an fhaisnéis is féidir a choinneáil rúnda agus, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta, cuirfidh sé na Ballstáit agus na hiarratasóirí ar an eolas faoi sin.

    Ní bheidh feidhm ag rúndacht maidir leis an bhfaisnéis seo a leanas:

    (a)     ainm agus seoladh an iarratasóra;

    (b)     ainm an bhia núíosaigh agus an tuairisc air;

    (c)     an úsáid atá beartaithe don bhia núíosach;

    (d)     achoimre ar na staidéir arna gcur isteach ag an iarratasóir;

    (e)     más infheidhme, an modh anailíse nó na modhanna anailíse.

    5.           Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus EFSA na bearta is gá chun rúndacht iomchuí a áirithiú maidir le faisnéis a fhaigheann siad faoin Rialachán seo i gcomhréir le mír 4, cé is moite d'fhaisnéis is gá a phoibliú chun sláinte an duine a chosaint.

    6.           I gcás ina dtarraingeoidh iarratasóir a iarratas siar, nó ina bhfuil sé tarraingthe siar aige, ní nochtfaidh an Coimisiún, na Ballstáit ná EFSA faisnéis rúnda, lena n‑áirítear faisnéis ar ábhar easaontachta é a rúndacht idir an Coimisiún agus an t‑iarratasóir.

    7.           Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm mhír 1 go mír 6 difear do scaipeadh faisnéise maidir leis an iarratas idir an Coimisiún, na Ballstáit agus EFSA.

    8.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le cur chun feidhme mhír 1 go mír 6.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Airteagal 23 Faireachán iarmhargaidh

    1.           Féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht bia agus ag cur thuairim EFSA san áireamh, ceanglas a fhorchur maidir le faireachán iarmhargaidh ar bhia núíosach chun a áirithiú gur laistigh de theorainneacha sábháilte atá úsáid an bhia núíosaigh údaraithe.

    2.           Déanfaidh oibreoirí na ngnólachtaí bia an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)     aon fhaisnéis eolaíoch nua nó aon fhaisnéis theicniúil nua a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an measúnú ar úsáid shábháilte an bhia núíosaigh;

    (b)     aon toirmeasc nó srian a fhorchuireann aon tríú tír ina gcuirtear an bia núíosach ar an margadh.

    Caibidil V Cosaint sonraí

    Airteagal 24 An nós imeachta um údarú i gcás cosanta sonraí

    1.           Arna iarraidh sin don iarratasóir, agus tacaíocht aige ó fhaisnéis iomchuí infhíoraithe a bheidh san iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 9(1), ní fhéadfar fianaise eolaíoch nuafhorbartha ná sonraí eolaíocha lena dtacaítear leis an iarratas a úsáid chun tairbhe iarratais ina dhiaidh sin go ceann tréimhse cúig bliana ón dáta a dhéanfar an bia núíosach a údarú agus a áireamh ar liosta an Aontais gan aontú an chéad iarratasóra.

    2.           Deonófar an chosaint sonraí sin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)     gur ainmnigh an chéad iarratasóir an fhianaise eolaíoch nuafhorbartha nó na sonraí eolaíocha mar shonraí dílseánaigh an tráth a rinneadh an chéad iarratas;

    (b)     go bhfuil ceart eisiach tagartha ag an gcéad iarratasóir ar an bhfianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar na sonraí eolaíocha dílseánaigh tráth a dhéantar an chéad iarratas agus

    (c)     nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan an chéad iarratasóir an fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná na sonraí eolaíocha dílseánaigh a chur isteach.

    Féadfaidh an chéad iarratasóir a chomhaontú le hiarratasóir ina dhiaidh sin gur féidir an fhianaise eolaíoch agus na sonraí eolaíocha sin a úsáid.

    3.           Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le fógraí ná iarratais a bhaineann le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    Airteagal 25 Bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint

    1.           I gcás ina ndéanfar bia núíosach a údarú agus a áireamh i liosta an Aontais bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó ar shonraí eolaíocha dílseánaigh a bhfuil cosaint sonraí deonaithe dóibh dá bhforáiltear in Airteagal 24(1), áireofar san iontráil do bhia núíosach i liosta an Aontais, de bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an méid seo a leanas:

    (a)     an dáta ar iontráladh an bia núíosach i liosta an Aontais;

    (b)     go bhfuil an iontráil bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha dílseánaigh atá cosanta i gcomhréir le hAirteagal 24;

    (c)     ainm agus seoladh an iarratasóra;

    (d)     go bhfuil an t‑iarratasóir atá sonraithe i bpointe (c), agus an t‑iarratasóir sin amháin, údaraithe leis an mbia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta dílseánaigh arna n‑ainmniú amhlaidh ag an iarratasóir roimhe sin nó le comhaontú ón gcéad iarratasóir;

    (e)     dáta deiridh na cosanta sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 24.

    2.           Fianaise eolaíoch ná sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 24 nó dá bhfuil an tréimhse chosanta faoin Airteagal sin in éag, ní dhéanfar iad a chosaint arís.

    Caibidil VI Pionóis agus nós imeachta coiste

    Airteagal 26 Pionóis

    Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin ...[26] ar a dhéanaí agus aon leasú ina dhiaidh sin a ndéanfadh difear dóibh, tabharfaidh siad fógra faoi don Choimisiún gan mhoill.

    Airteagal 27 Nós imeachta coiste

    1.           Déanfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

    3.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

    Caibidil VII Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 28 Aisghairm

    Déantar Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 a aisghairm leis seo.

    Airteagal 29 Bearta idirthréimhseacha

    1.           Maidir le haon iarraidh chun bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar iarraidh í a chuirfear faoi bhráid Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus nach mbeidh an cinneadh críochnaitheach déanta ina leith roimh an... [27], measfar gur iarratas faoin Rialachán seo í.

    2.           Bianna a chuirfear ar an margadh go dleathúil ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus atá cuimsithe ag an sainmhíniú ar bhianna núíosacha atá leagtha síos sa Rialachán seo, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)     Iarratas ar údarú bia núíosaigh i gcomhréir le hAirteagal 9(1) nó fógra nó iarratas ar údarú bia thraidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 15, cuirfear isteach faoin [dáta chur i bhfeidhm na rialacha cur chun feidhme de réir Airteagal 12(a) nó Airteagal 19(a) + 24 mhí] ar a dhéanaí é. Cuirfidh an Coimisiún an t‑iarratas nó an fógra sin ar aghaidh chuig na Ballstáit agus EFSA.

    (b)     Mura ndéanann Ballstát nó EFSA aon agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta laistigh de cheithre mhí ón dáta a fhaightear an t‑iarratas nó an fógra dá dtagraítear i bpointe (a), féadfar leanúint den bhia a chur ar an margadh go ndéanfar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas nó maidir leis an bhfógra i gcomhréir le hAirteagail 11, 14 nó 17.

    (c)     Má dhéanann Ballstát nó EFSA agóidí réasúnaithe i dtaobh sábháilteachta, déanfaidh an Coimisiún cinneadh eatramhach maidir leis an mbia a chur ar an margadh laistigh den Aontas laistigh de cheithre mhí ón dáta a fhaightear na hagóidí sin.

    3.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta idirthréimhseacha a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).

    Airteagal 30 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón ...[28].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán                                               An tUachtarán

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

                  1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

                  1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

                  1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

                  1.4.    Cuspóirí

                  1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

                  1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

                  1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

                  2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

                  2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

                  2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

                  3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

                  3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

                  3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

                  3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

                  3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

                  3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

                  3.2.5. Rannpháirtíocht tríú páirtithe sa mhaoiniú

                  3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

    1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha

    1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[29]

    Bia Núíosach agus Sábháilteacht Bia

    1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[30]

    ¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

    X Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua[31]

    1.4.        Cuspóirí

    1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    I réimse na mbianna núíosacha, is iad aidhmeanna an togra

    (1) ardleibhéal sláinte phoiblí agus dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú,

    (2) rochtain ar an margadh a éascú do bhianna traidisiúnta ó thríú tíortha a bhfuil stair fhada d'úsáid shábháilte acu,

    (3) nuálaíocht a chur chun cinn in earnáil an bhia.

    1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh. 1: Simpliú reachtaíochta agus nósanna imeachta riaracháin i gcomhair údarás poiblí agus oibreoirí gnólachtaí bia trí nós imeachta cuíchóirithe lánláraithe.

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Sláinte faoi cheannteideal 3 Slándáil agus Saoránacht

    1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Maidir le hoibreoirí gnólachtaí bia: déantar an nós imeachta údarúcháin a chuíchóiriú agus a lárú ina iomláine maille le spriocdhátaí i gcomhair gach céime den nós imeachta. Déantar an t‑ualach riaracháin a laghdú (baintear an measúnú riosca dúbailte atá ann faoi láthair). Laghdaítear an t‑am agus na costais ghaolmhara a bhaineann le húdarú a fháil do bhia núíosach.

    Déantar údaruithe cineálacha d'údaruithe aonair, rud a éascaíonn rochtain ar an margadh go háirithe do FBManna. Tríd an gcóras "cosanta sonraí" a thabhairt isteach, spreagtar nuálaíocht in earnáil an bhia.

    Maidir le hoibreoirí ó thríú tíortha: Rochtain níos fearr ar mhargadh an AE i gcomhair bianna traidisiúnta ó thríú tíortha trí nós imeachta simplithe (fógra).

    Maidir le tomhaltóirí an AE: áirithítear ardleibhéal sláinte poiblí trí mheasúnú riosca láraithe córasach ag EFSA agus cinneadh údarúcháin ón AE ina dhiaidh sin.

    Maidir le húdaráis na mBallstát: Baintear an t‑ualach oibre a ghabhann leis an measúnú náisiúnta a áirithiú.

    1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    - An meánmhéid ama a thógann sé ar iarratasóirí cinneadh údarúcháin a fháil.

    - Líon na bhfógraí arna gcomhaontú in aghaidh na bliana i gcomhair bianna traidisiúnta ó thríú tíortha.

    - Líon agus cóimheas na n‑údaruithe le córas cosanta sonraí arna ndeonú i leith bianna núíosacha in aghaidh na bliana.

    1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

    1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Cáintear an creat rialála atá ann faoi láthair as é a bheith trom, fada agus costasach údarú bia núíosaigh a fháil tríd. Dá dhroim sin, ní mian le formhór ghnólachtaí bia an AE, go háirithe FBManna, bianna núíosacha ná bia ina bhfuil comhábhair a thiocfadh faoi chuimsiú bia núíosaigh a fhorbairt agus a chur ar an margadh.

    Ar an leibhéal idirnáisiúnta, déanann tríú tíortha go leor cáineadh ar an AE ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála siocair go measann siad gur bacainn ar thrádáil an t‑údarú do bhianna núíosacha agus go gceileann sé rochtain ar mhargadh an AE ar bhianna a bhfuil stair fhada d'úsáid shábháilte acu ina dtír thionscnaimh.

    Is é aidhm an athbhreithnithe seo aghaidh a thabhairt ar na laigí sin atá i reachtaíocht an AE faoi láthair agus creat rialála cuíchóirithe oiriúnaithe a chur i bhfeidhm, agus ardleibhéal sláinte poiblí a áirithiú ar an dóigh sin.

    1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    An t‑athbhreithniú atá beartaithe ar an Rialachán atá ann maidir le bianna núíosacha, is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir é a bhaint amach. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

    Cuireadh deireadh leis an measúnú náisiúnta cheana i gcás comhábhar eile bia (breiseáin, blastáin agus einsímí) faoi Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe. Tá an nós imeachta um údarú bia núíosaigh cosúil leis sin.

    1.5.4.     Comhsheasmhacht le hionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

    Is ar an nós imeachta údarúcháin is mó atá an Rialachán maidir le Bia Núíosach dírithe lena n‑áirithiú go bhfuil bianna núíosacha sábháilte. Baineann ceanglais an dlí um bia le bianna núíosacha freisin.

    1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

    ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

    – Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    – Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

    X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

    – Cur chun feidhme le tréimhse tosaithe idir deireadh 2014 agus deireadh 2016, agus feidhmiú iomlán ina dhiaidh sin.

    1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[32]

    X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    X Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    – ¨         gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    – X          comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[33]

    – ¨         comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    – ¨         daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

    ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    ¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na seirbhísí lena mbaineann a áirithiú trí bhainistíocht dhíreach láraithe agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia i bhfeighil an mheasúnaithe riosca eolaíoch.

    2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

    Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

    Cuireann an grúpa oibre saineolach um bia núíosach ina bhfuil saineolaithe ó na Ballstáit agus an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (údaráis na mBallstát) ardáin ar fáil go tráthrialta le saincheisteanna a phlé a bhaineann le cur chun feidhme an chreata rialála nua.

    Cúig bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chur chun feidhme an Rialacháin nua agus faoi tháscairí agus torthaí leis. Sa tuarascáil sin ba cheart aghaidh a thabhairt ar thionchar na rialacha nua go háirithe ar an nós imeachta simplithe maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha.

    2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

    2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

    Tá sé de chúram ar oibreoirí gnólachtaí bia a sheiceáil an gá údarú bia núíosaigh a fháil dá dtáirgí lena gcur ar mhargadh an AE.

    Is é an príomhriosca maidir le sábháilteacht bia go bhféadfadh bianna atá núíosach a bheith ar mhargadh an AE gan údarú bia núíosaigh agus bheith mídhleathach dá bhrí sin.

    2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

    Bunóidh na Ballstáit pleananna rialaithe oifigiúla bliantúla i gcomhair gach cineál bia a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena údarú.

    Eagrófar cruinnithe tráthrialta le geallsealbhóirí agus leis na Ballstáit lena n‑áirithiú go n‑úrramaítear Rialachán an AE.

    2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Chomh maith leis na sásraí rialaithe rialála uile a chur i bhfeidhm, ceapfaidh Ard‑Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí straitéis frithchalaoise i gcomhréir le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin (SFCC) arna glacadh an 24 Meitheamh 2011 chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe frithchalaoise inmheánacha go hiomlán i gcomhréir le SFCC agus go bhfuil an cur chuige maidir le bainistiú riosca calaoise in oiriúint chun go sainaithneofar leis réimsí riosca calaoise agus freagraí leormhaithe. Más gá, cuirfear grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leordhóthanacha ar bun atá tiomnaithe d'anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann le maoiniú gníomhaíochtaí cur chun feidhme an Rialacháin maidir le bia núíosach; go háirithe cuirfear sraith beart den sórt seo a leanas i bhfeidhm:

    - de thoradh cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thig ó ghníomhaíochtaí cur chun feidhme airgeadais an Rialacháin maidir le bia núíosach, tabharfar cead go sainráite don Choimisiún, lena n‑áirítear OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a reáchtáil;

    - agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó ar thairiscintí, déanfar na togróirí agus na tairgeoirí a sheiceáil i gcoinne na gcritéar maidir le heisiamh atá foilsithe ar bhonn dearbhuithe agus an Chórais Réamhrabhaidh;

    - déanfar na rialacha lena rialaítear incháilitheacht costas a shimpliú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais;

    - tabharfar oiliúint rialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí don fhoireann go léir atá bainteach le bainistíocht conarthaí agus d'iniúchóirí agus do rialaitheoirí a fhíoróidh dearbhuithe tairbhithe ar an láthair.

    3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

    – Na línte buiséid caiteachais atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ní theastóidh aon acmhainní nua. Acmhainní oibríochtúla a bhfuil gá leo chun an tionscnamh seo a chur chun feidhme, déanfar iad a chumhdach le hath-imlonnú laistigh den ranníocaíocht arna ndeonú do EFSA le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, i gcomhréir leis an gclárú airgeadais arna shocrú ag an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (tagairt COM (2013) 519 final).

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

    Costas [Tuairisc: An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia] || LD/LN ([34]) || ó thíortha CSTE[35] || ó thíortha is iarrthóirí[36] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

    3 || 17.03.11. || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

    3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

    3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas (i bpraghsanna reatha)

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus Saoránacht

    DG SANCO || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || 2019 agus na blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

    Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

    Uimhir na líne buiséid: 17.03.11 || Gealltanais || (1) || 0 || 0 || 0 || 0 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Íocaíochtaí || (2) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    || || || || || || || || || ||

    || || || || || || || || ||

    Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chlúdach clár sonrach[37] || || || || || || || ||

    Uimhir na líne buiséid: || || (3) || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe i gcomhair DG SANCO || Gealltanais || =1+1a +3 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Íocaíochtaí || (5) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || 0

    Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || 0

    Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin"

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || 2019 agus na blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

    DG SANCO ||

    Ÿ Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    IOMLÁN DG SANCO || Leithreasuithe || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || ||

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || 2019 agus na blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

    IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Íocaíochtaí || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    – ¨      Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    – X       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || 2019 agus na blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

    ASCHUIR

    Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Costas na n-aschur || Costas || Costas na n-aschur || Costas || Costas na n-aschur || Costas || Costas na n-aschur || Costas || Costas na n-aschur || Costas || Costas na n-aschur || Costas || Costas na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Iomlán costas

    CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 || Simpliú reachtaíochta agus nósanna imeachta riaracháin i gcomhair údarás poiblí agus oibreoirí gnólachtaí bia trí nós imeachta cuíchóirithe lánláraithe.

    - Aschur || Barúlacha teicniúla agus eolaíocha agus comhairle agus treoirlínte eolaíocha || || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0

    Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0

    Costas iomlán || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0

    3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

    3.2.3.1.  Achoimre

    – X       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

    – ¨      Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || 2019 agus na blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

    CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    Acmhainní daonna || || || || || || || ||

    Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

    Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[38] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    Acmhainní daonna || || || || || || || ||

    Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

    Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

    IOMLÁN || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    Cumhdófar costais riaracháin bhreise trí ath-leithdháileadh laistigh de sheirbhísí an Choimisiúin (DG SANCO).

    3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    – X       Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

    – ¨      Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Tá an meastachán le sloinneadh i méideanna iomlána (nó aon deichiúil ar a mhéad)

    || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain >2019

    Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

    17 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0 || 0 || 1 || 1 || 1 || 0 || 0

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

    10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

    Ÿ Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[39]

    XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

    XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

    XX 01 04 yy [40] || - sa cheanncheathrú[41] || || || || || || ||

    - i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

    XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || ||

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

    Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

    IOMLÁN || || || || || || ||

    Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ó Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus a bheidh ath-imlonnaithe taobh istigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Chun liosta comhdhlúite de chuid an Aontais, gona shonraíochtaí agus coinníollacha úsáide comhchuibhithe (2016-2017), a dhéanamh de chinntí agus fógraí aonair údarúcháin atá ann cheana (thart ar 100 acu). Chun bainistiú a dhéanamh san am céanna ar iarratais atá ar feitheamh faoi na forálacha atá ann faoi láthair agus iarratais faoi na forálacha nua (idirthréimhse).

    Pearsanra seachtrach ||

    3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    – X Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020.

    – ¨      Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    – ¨      Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[42].

    Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    – X       Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

    – Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

                                                                                                                               Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

    Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

    IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

    3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    – X       Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

    – ¨      Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

    – 1.       ar acmhainní dílse

    – 2.       ar ioncam ilghnéitheach

                                                                                                                                                           EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain bhuiséid reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[43]

    2014 || 2015 || 2016 || 2017 || Blianta ina dhiaidh sin

    Airteagal …………. || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    I gcás ioncaim ilghnéithigh atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    IARSCRÍBHINN a ghabhann leis RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH a ghabhann leis an RIALACHÁN MAIDIR LE BIA NÚÍOSACH

    (Faisnéis a fuarthas ó EFSA)

    1.         Líon agus costas na n‑acmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    ¨      Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

    ü      Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán (Suim 2014-2020)

    FTE) Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe || FTE) || Leithreasuithe

    Foireann || AD || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

    AST || || || || || || || || || || || || || || || ||

    2.         Costas caiteachais eile de chineál riaracháin

    ¨      Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

    ü      Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

    EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

    An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN (Suim 2014-2020)

    Gníomhairí ar conradh || 0,052 || 0,052 || 0,260 || 0,260 || 0,260 || 0,260 || 0,260 || 1,404

    Cruinnithe eolaíochta || || || || 0.169 || 0.169 || 0.169 || 0.169 || 0.676

    Comhar eolaíochta || || || || 0.150 || 0.150 || 0.150 || 0.150 || 0.600

    Misin foirne || 0.010 || 0.010 || 0.010 || 0.010 || 0.010 || 0.010 || 0.010 || 0.070

    Iomlán[44] || 0,062 || 0,062 || 0,270 || 0,589 || 0,589 || 0,589 || 0,589 || 2,750

    3.           Modhanna ríofa arna n‑úsáid chun costais a mheas

    Pointí machnaimh ginearálta

    I Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia. Tá measúnú sábháilteachta tosaigh atá le déanamh ag Ballstát ar áireamh sna rialacha sin. Má chuireann Ballstáit eile imní in iúl i dtaobh an mheasúnaithe sin, iarrtar ar EFSA measúnú riosca breise a dhéanamh. Faoi láthair, déanann EFSA measúnú breise ar thuairim is dhá thrian de na hiarratais a dhéantar i leith bia núíosaigh san Eoraip.

    Foráiltear sa reachtaíocht athbhreithnithe maidir le bia núíosach go ndéanfaidh EFSA measúnú riosca láraithe ar gach iarratas i leith bia núíosaigh agus go mbunófar nós imeachta simplithe chun fógra a thabhairt maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha le rannpháirtíocht EFSA chun rochtain ar an margadh a éascú do tháirgí den chineál sin.

    Tuartar go bhfaighidh EFSA tuairim is 15 iarratas i leith bia núíosaigh in aghaidh na bliana. Thairis sin, méadófar ualach oibre EFSA de thoradh an athraithe ó nós imeachta atá páirt-láraithe go ceann atá iomlán láraithe.

    Tuartar freisin go bhfaighidh EFSA tuairim is 10 bhfógra in aghaidh na bliana maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha agus go mbeidh an bhuaic ann díreach i ndiaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin. Meastar gurb é is mó a bheidh i gceist leis sin luibheanna a úsáidtear i leigheas traidisiúnta Síneach agus Ayurveideach agus nach féidir teacht isteach sa mhargadh faoi láthair de dheasca a stádais mar bhia núíosach.  

    Iarrfar ar EFSA freisin na treoirlínte eolaíocha a athbhreithniú a bhaineann leis an measúnú riosca ar bhia núíosach agus treoir theicniúil agus uirlisí a fhorbairt chun cuidiú le hoibreoirí gnólachtaí bia (oibreoirí AE agus tríú tíortha) iarratas nó fógra a chur isteach.

    Faoi láthair, is 2 FTE (1.5 eolaí agus 0.5 cúntóir riaracháin) a chumhdaíonn an t‑ualach oibre faoin Rialachán atá ann faoi láthair maidir le bia núíosach (tuairim is 8 n‑iarratas in aghaidh na bliana) agus féadann measúnú riosca EFSA brath ar réamh‑obair a dhéanann na Ballstáit.

    Sna sonraí a thugtar faoi phointe 1 agus faoi phointe 2 den Iarscríbhinn seo léirítear riachtanais EFSA ar bhonn an ualaigh mhéadaithe oibre a bheidh ann i gcomparáid leis an ualach faoin gcreat dlí atá ann faoi láthair.

    Beidh ar EFSA cúraimí riaracháin a dhéanamh chun tacú leis an ualach oibre méadaithe, lena n‑áirítear cruinnithe a eagrú, doiciméid a bhainistiú agus soláthar, chomh maith le heagrú misean agus idirbhearta airgeadais breise. Comhlíonfaidh EFSA na riachtanais sin trí ath-imlonnú inmheánach acmhainní agus trí tuilleadh gnóthachain éifeachtúlachta maidir le soláthar seirbhísí riaracháin agus tacaíochta.

    [1]               COM(2007) 872 final.

    [2]               Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia, IO L 43, 14.2.1997, lch. 1–6.

    [3]               IO L 253, 21.9.2001, lch. 17.

    [4]               COM(2010) 543 final.

    [5]               COM(2010) 2020 final.

    [6]               IO C , […], Lch. […].

    [7]               IO C , […], lch. […].

    [8]               Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

    [9]               I Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 1852/2001 an 20 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis áirithe a chur ar fáil don phobal agus maidir le cosaint faisnéise arna tíolacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 253, 21.9.2001, lch. 17).

    [10]             Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).

    [11]             Rialachán (CE) Uimh 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).

    [12]             Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

    [13]             Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

    [14]             Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2009 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú (athmhúnlú) (IO L 141, 6.6.2009, lch. 3).

    [15]             Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO L 31, 01.02.2002, lch. 1)

    [16]             Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

    [17]             Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183. 12.7.2002, lch.51).

    [18]             Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia; (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26).

    [19]             Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO J 181, 29.6.2013, lch.35).

    [20]             Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine lena gcaitheamh ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

    [21]             Iris EFSA 2011;9(5):2140.

    [22]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    [23]             IO: cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    [24]             Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    [25]             Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    [26]             Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    [27]             Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    [28]             Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    [29]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

    [30]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

    [31]             Is chuig an gCoimisiún a chuirfear na hiarratais a chuirtear chuig na Ballstáit faoi láthair agus is é an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a dhéanfaidh an measúnú riosca a bhainistíonn na Ballstáit faoi láthair (nós imeachta lánláraithe).

    [32]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [33]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

    [34]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

    [35]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [36]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí .

    [37]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [38]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [39]             CA = Ball foirne ar conradh; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht.

    [40]             Faoin uasteorainn ar fhoireann sheachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (seanlínte "BA").

    [41]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

    [42]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach

    [43]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

    [44]             Soláthrófar na hacmhainní airgeadais is gá leis an mbuiséad atá leithdháilte cheana ar EFSA agus déanfar é a ath-imlonnú taobh istigh de EFSA, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt do EFSA faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Top