EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0732

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle

/* COM/2013/0732 final - 2011/0194 (COD) */

52013PC0732

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle /* COM/2013/0732 final - 2011/0194 (COD) */


2011/0194 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an

seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle

1.           Cúlra

An dáta ar cuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (doiciméad COM(2011) 416 final – 2011/0194 COD): || 13 Iúil 2011

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || 28 Márta 2012

Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún: || 4 Bealtaine 2012

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 12 Meán Fómhair 2012

An dáta a seoladh an togra leasaithe: || .

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle || 17 Deireadh Fómhair 2013

2.           Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Is é aidhm an togra seo cur le cuspóirí an athchóirithe ar an gComhbheartas Iascaigh, agus go háirithe le bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh agus dobharshaothraithe. Tá sé beartaithe ag Comheagraíocht an Mhargaidh i dtáirgí Iascaigh agus Dobharshaothraithe an reachtaíocht atá ann faoi láthair a shimpliú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, loighic idirghabhála nua a chur chun feidhme, ról Eagraíochtaí Táirgeoirí a fheabhsú agus faisnéis níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí.

3.           Tráchtaí maidir leis an seasamh ón gComhairle

3.1.        Barúlacha ginearálta faoin seasamh ón gComhairle:

Aontaíonn an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle, mar coinnítear príomheilimintí an togra ón gCoimisiúin sa chomhaontú polaitiúil comhréitigh idir Parlaimint na hEopra agus an Chomhairle, eadhon, 1.) reachtaíocht, nósanna imeachta agus oibleagáidí maidir le tuairisciú a shimpliú, chomh maith leis an ualach riaracháin ar oibreoirí, ar na húdaráis náisiúnta agus ar an gCoimisiún a laghdú, 2.) sásraí aistarraingthe éisc a bhaint den mhargadh láithreach agus sásra a thabhairt isteach maidir le cúnamh stórála aonair i gcomhair táirgí iascaigh atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, 3.) cumhacht a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí le gur féidir leo ról níos mó a ghlacadh i gcomhphleanáil agus bainistiú gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe chun beartas inbhuanaithe maidir le hiascach agus dobharshaothrú a bhaint amach, lena n-áirítear deireadh a chur le hábhar muirí aischurtha.

3.2.        Leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh:

Thug Parlaimint na hEorpa 146 leasú isteach a bhain le gach cuid den togra ón gCoimisiún. Le linn comhráite tríthaobhacha rinneadh athbhreithniú agus caibidlíocht ar na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa. Rinneadh roinnt de na leasuithe sin a chomhtháthú ina n-iomlán leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh. Rinneadh amhlaidh i gcás leasuithe 1, 7, 30, 89, 104, 130, 131 agus 134, chomh maith leis an leasú a bhaineann le trealamh iascaireachta.

Maidir le formhór na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa, déantar an seasamh ón gComhairle a leagan amach ar bhealach a léiríonn brí an tseasaimh ón bParlaimint. Is amhlaidh a bhí i gcás leasuithe 2, 3, 23 27, 29, 32, 36, 38, 39, 74, 97, 111, 113, 128, 133, 135, 139. Leagfar oibleagáid ar an gCoimisiún le leasú 123 tuarascáil féidearthachta a thíolacadh maidir leis na roghanna le haghaidh scéime éicilipéadaithe.

Faoi leasú 43 agus leasú 44 cuireadh deireadh leis an mbeart maidir le táirgí arna gcur i dtír a dháileadh saor in aisce ag Eagraíochtaí Táirgeoirí chun críocha daonchairdiúla nó carthanúla.

3.3.        Forálacha nua a tugadh isteach leis an seasamh ón gComhairle agus ón gCoimisiúin:

Thug an Chomhairle forálacha nua isteach maidir le feidhmiú Eagraíochtaí Táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe (Airteagal 18a nua), an fhaisnéis shainordaitheach (Airteagal 42, pointí 2 go 5) agus an t-ainmniú tráchtála (Airteagal 43, pointe 2 agus pointe 3).

Fuair an Chomhairle réidh le hAirteagal 38 maidir leis an gcomhchiste.

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na hathruithe sin mar ní athraíonn siad príomhchuspóir an togra ón gCoimisiún. Mar sin féin, is oth leis an gCoimisiún gur scriosadh 4 Airteagal lena ndéantar foráil maidir le gníomhartha tairmligthe a chuirfeadh ar chumas an Choimisúin freagairt go solúbtha do na staideanna ar an margadh atá ag athrú go seasta agus níos mó sonraí teicniúla a chur sna rialacha atá le glacadh chun níos mó beachtais a thabhairt don earnáil maidir leis na hoibleagáidí atá le comhlíonadh acu (Airteagal 24 maidir leis na coinníollacha i dtaca le heagraíochtaí táirgeoirí a shainaithint agus rialacha maidir le seiceálacha atá le déanamh ag na Ballstáit, Airteagal 33 maidir le hábhar pleananna táirgthe agus margaíochta, Airteagal 41 maidir le comhchaighdeáin mhargaíochta a shainiú agus Airteagal 46 maidir le faisnéis shainordaitheach do thomhaltóirí agus na híoschritéir maidir le faisnéis dheonach a shainiú.

Thug an Chomhairle Airteagal 53a nua isteach chomh maith maidir le leanúint leis na rialacha atá ann faoi láthair lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta. Murab ann do ghníomhartha tarmligthe maidir le sainmhíniú na gcaighdeán, tá an fhoráil seo oiriúnach chun a shonrú go mbeidh feidhm i gcónaí ag na hachtanna atá i bhfeidhm faoi láthair.

3.4.        Na fadhbanna a bhain le glacadh an tseasaimh ar an gcéad léamh agus seasamh an Choimisiúin ina leith sin:

Agus bailchríoch á cur ar an gcaibidlíocht, chuir na comhreachtóirí síneadh leis na cumhachtaí cur chun feidhme sa chaoi is go gcumhdófar, faoi seach, foirm na n-iarratas ar aitheantas d'Eagraíochtaí Táirgeoirí agus formáid agus struchtúr na bpleananna táirgthe agus margaíochta. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an síneadh sin ar an mbonn nach ndéanann sé forlíonadh ar aon fhoráil sa ghníomh comhchinnteoireachta, ach mar gheall air go ndéantar cur chun feidhme aoinfhoirmeach Chomheagraíocht an Mhargaidh a éascú leis.

Maidir le hathchóiriú Chomheagraíocht an Mhargaidh, measann an Coimisiún go bhfuil deis caillte chun an fhaisnéis a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí faoi tháirgí iascaigh agus dobharshaotharaithe a fheabhsú tuilleadh trí dheireadh a chur leis na forálacha maidir leis an "dáta na gabhála/buainte" agus na ceanglais lipéadaithe i dtaca le táirgí leasaithe agus ullmhaithe (ainmniú tráchtála agus tionscnamh).

4.           Conclúid

Is féidir leis an gCoimisiún aontú leis an seasamh ón gComhairle arb ionann é agus an toradh ar an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa. Mar sin féin, déanann an Coimisiún ráiteas maidir le forálacha áirithe i dtaca le lipéadú, mar a leanas:

Is oth leis an gCoimisún gur chuir an comhaontú idir na comhreachtóirí deireadh leis an oibleagáid "dáta na gabhála" agus "dáta na buainte" a léiriú i dtaca le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe faoi seach, oibleagáid a bhí mar chuid den togra ón gCoimisiún. Measann an Coimisiún go gcuireann na dátaí sin faisnéis riachtanach ar fáil do thomhaltóirí. Is léir go mbainfeadh iascairí agus feirmeoirí ar scála níos lú leas as dátaí na gabhála agus buainte a shonrú, agus go gcuirfí gearrbhealaí dáileacháin do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe chun cinn leo. Is oth leis an gCoimisiún freisin gur chuir na comhreachtóirí deireadh le cur i bhfeidhm ceanglas lipéadaithe áirithe maidir le táirgí leasaithe agus ullmhaithe, i.e. ainm tráchtála, modh táirgthe agus tionscnamh, a bhí mar chuid de thogra an Choimisiúin. Creideann an Coimisiún go ndéanann na ceanglais sin freastal ar an éileamh ón bpobal ar fhaisnéis maidir le hábhar táirgí leasaithe agus ullmhaithe, éileamh atá ag dul i méid. Is ábhar riachtanach é seo chomh maith maidir le creidiúnacht agus luach tháirgeadh an Aontais

Ba mhaith leis an gCoimisiún a athdhearbhú nach leagfadh na leasuithe ar lipéadú atá beartaithe ag an gCoimisiún ualach díréireach ar an tionscal iascaigh mar cuireann siad leis na ceanglais inrianaitheachta atá ann faoi láthair.

Ní aontaíonn an Coimisiún leis an athrú atá tugtha isteach ag na dlítheangeolaithe ar Airteagal 42(1)(e) de théacs an chomhaontaithe pholaitiúil ar thángthas air sa phlé neamhfhoirmiúil tríthaobhach an 8 Bealtaine 2013 maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (Airteagal 35(1)(e) nua de dhoiciméad 12005/13). Is é seasamh an Choimisiúin, mar a aontaíodh le linn an phlé tríthaobhaigh neamhfhoirmiúil an 8 Bealtaine 2013, gur cheart an dáta íosmharthanachta, gan aon cháilíocht bhreise, a shonrú ar mharcáil nó lipéadú iomchuí ar gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) (Airteagal 35(1) nua de dhoiciméad 12005/13) a thairgtear lena ndíol don tomhaltóir deiridh. Cruthófar éiginnteacht dhlíthiúil agus beidh an baol an nach mbainfear an cuspóir amach trédhearcacht a fheabhsú do thomhaltóirí dá dtabharfaí isteach na focail "más iomchuí" ag deireadh Airteagal 42(1)(e) (Airteagal 35(1)(e) nua de dhoiciméad 12005/13).

Top