Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0451

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt ionstraimí dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

/* COM/2013/0451 final - 2013/0218 (COD) */

52013PC0451

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt ionstraimí dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COM/2013/0451 final - 2013/0218 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Le conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2009, rinneadh modhnú suntasach ar chreat na gcumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún ag an reachtóir. Déantar idirdhealú soiléir ann idir na cumhachtaí atá tarmligthe chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú (gníomhartha tarmligthe), ar láimh amháin, agus na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ar an láimh eile. Tá siad faoi réir creataí dlíthiúla iomlán éagsúil:

Ó thaobh na foclaíochta de, tá an sainmhíniú ar ghníomhartha tarmligthe in Airteagal 290(1) an‑chosúil leis an sainmhíniú ar ghníomhartha atá, faoin gCinneadh 1999/468/CE[1] ("an Cinneadh Coisteolaíochta"), faoi réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (NIRG) a bunaíodh in Airteagal 5a den Chinneadh sin. Sa dá chás, is gníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta leo atá i gceist agus tá sé mar aidhm leo eilimintí neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach a leasú nó a fhorlíonadh.

Ar an gcúis sin, fágadh Airteagal 5a den Chinneadh Coisteolaíochta lasmuigh de raon feidhme an athbhreithnithe ar an gCinneadh Coisteolaíochta faoi Rialachán 182/2011[2] ("an Rialachán Coisteolaíochta"). Dá bhrí sin, ba ghá Airteagal 5a lena mbunaítear an NIRG a choinneáil go sealadach chun críocha bunghníomhartha atá ann cheana féin dá dtagraítear san Airteagal sin. Sa chomhthéacs seo, thug an Coimisiún gealltanas na forálacha sin atá ann cheana lena ndéantar foráil maidir leis an NIRG a chur in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe.

D'eisigh an Coimisiún an ráiteas seo a leanas an tráth ar glacadh an Rialachán Coisteolaíochta[3]:

"Maidir le gníomhartha reachtacha atá i bhfeidhm agus a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forálacha atá i gceangal leis an nós imeachta sin i ngach ionstraim a bhfuil sé ar intinn aige a mhodhnú, d'fhonn iad a oiriúnú in am trátha i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Chonradh. Thairis sin, beidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i dteideal bunghníomhartha a shonrú a mheasann siad gur cheart tosaíocht a thabhairt dá n‑oiriúnú.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thorthaí an phróisis sin faoi dheireadh 2012 chun meastachán a dhéanamh i ndáil le cé mhéad gníomhartha reachtacha atá fós i bhfeidhm a bhfuil tagairtí iontu don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Ansin ullmhóidh an Coimisiún na tionscnaimh reachtacha is iomchuí chun an t oiriúnú a thabhairt chun críche. Is é cuspóir iomlán an Choimisiúin go mbeadh na forálacha uile lena dtagraítear don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú bainte de na hionstraimí reachtacha uile faoi dheireadh 7ú téarma na Parlaiminte."

2.           FORBHREATHNÚ AR NA BUNIONSTRAIMÍ ATÁ I gCEIST LEIS AN gCUR IN OIRIÚINT

Ag deireadh 2012, aithníodh 288 gníomh reachtach ina bhfuil tagairtí fós don NIRG. Tá thart ar 60 díobh sa phróiseas reachtach faoi láthair agus dá bhrí sin ní bhaineann an togra seo leo (tá liosta de na gníomhartha sin ann mar eolas i bpointe 4 thíos).

Thug an Coimisiún faoi scrúdú cúramach ar gach ionstraim reachtach ina bhfuil tagairt inti fós don NIRG d'fhonn anailís a dhéanamh ar cibé a chomhlíonann na bearta NIRG atá cumhdaithe ag an gCinneadh Coisteolaíochta critéir Airteagal 290 den CFAE nó nach gcomhlíonann.

Seo an chéad cheann den trí thogra lena gcuirtear roinnt ionstraimí reachtacha ina bhfuil tagairt don NIRG in oiriúint do na critéir atá leagtha síos sa Chonradh. Tá foráil ann maidir leis an NIRG a thiontú ina ghníomhartha tarmligthe i gcás na mbunghníomhartha reachtacha atá liostaithe san iarscríbhinn. Tá sé bunaithe ar bhunús dlí gach ceann de na bunghníomhartha lena mbaineann.

Tá togra ann le haghaidh rialacháin eile ar leithligh do na gníomhartha reachtacha i réimse an Cheartais ina bhfuil tagairt fós don NIRG (COM(2013)452), toisc gur glacadh na gníomhartha sin faoi bhunús dlí de bhun Theideal V Cuid III den CFAE agus dá bhrí sin níl siad ina gceangal ar gach Ballstát, agus iad ar neamhréir le bunúis dlí na mbunghníomhartha eile dá réir.

Ar deireadh, cumhdófar sa tríú togra na bunghníomhartha atá fágtha ina bhfuil tagairt don NIRG agus atá faoi réir anailíse leanúnaí.

3.           AN MODH A CHUIRFEAR NA hIONSTRAIMÍ REACHTACHA INA bhFUIL TAGAIRT FÓS DON NIRG IN OIRIÚINT

Is é an cur chuige a leanfar sa togra seo an modh a úsáidtear sa Rialachán Coisteolaíochta a chur i bhfeidhm agus na bunghníomhartha ina bhfuil an NIRG iontu fós a ailíniú trí bhíthin creat‑rialacháin.

Tá foráil sa Rialachán Coisteolaíochta maidir le hailíniú uathoibríoch ar an acquis atá ann cheana leis na nósanna imeachta nua. Ordaítear le hAirteagal 13 den Rialachán sin, más rud é go bhfuil tagairt sna bunghníomhartha do na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chinneadh Coisteolaíochta, go mbeidh feidhm leis an nós imeachta comhfhreagrach den Rialachán Coisteolaíochta.

Dá réir sin, tá foráil sa chreat‑rialachán seo go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh más rud é go bhfuil tagairt sna hionstraimí atá liostaithe san iarscríbhinn don nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5a den Chinneadh Coisteolaíochta.

I gcásanna ina bhfuil teorainneacha ama ciorraithe maidir le freasúra, i gcomhréir le hAirteagal 5a(5)(b) den Chinneadh Coisteolaíochta, tá foráil sa togra maidir le teorainn ama 1 mhí  le haghaidh freasúra (Airteagal 2(6) den togra).

Leis an togra, cuirtear an nós imeachta práinne i gcomhréir le hAirteagal 5a(6) den Chinneadh Coisteolaíochta in oiriúint don nós imeachta práinne le haghaidh gníomhartha tarmligthe (Airteagal 3 den togra).

Ní dhéanfaidh an cur in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe difear do nósanna imeachta ar feitheamh ina bhfuil tuairim tugtha ag coiste cheana féin i gcomhréir leis an gCinneadh Coisteolaíochta.

Tá liosta de na bunghníomhartha atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe san iarscríbhinn a ghabhann leis an togra. Tá an liosta eagraithe de réir réimsí beartais agus in ord croineolaíoch ghlacadh na n‑ionstraimí.

4.           LIOSTA NA mBUNGHNÍOMHARTHA INA bhFUIL TAGAIRT DON NIRG ATÁ Á nATHBHREITHNIÚ FAOI LÁTHAIR

Réimse || Ionstraim || Tagairt an togra

AGRI || Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc chaife agus shiocaire || COM(2012) 150

AGRI || Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide a ceapadh lena chaitheamh ag an duine || COM(2012) 150

CLIMA || Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú || COM (2012)393

CLIMA || Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le gáis cheaptha teasa fluairínithe áirithe || COM (2012)643

CNECT || Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha || COM (2012) 238

EMPL || Treoir 2004/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (an t‑ochtú Treoir déag ar leith laistigh de bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) || COM(2011)348

ENER || Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE || COM(2012) 595

ENER/CLIMA || Treoir 2009/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 98/70/CE maidir le peitreal, díosal agus ola gáis a shonrú agus lena dtugtar isteach sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus chun iad a laghdú agus lena leasaítear Treoir 1999/32/CE ón gComhairle maidir le breosla a úsáideann soithí uiscebhealaigh intíre a shonrú agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/12/CEE || COM(2012)595

ENTR || Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú || COM(2012)8

ENTR || Treoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus maidir le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta. || COM(2012)584

ENTR || Treoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le huirlisí tomhais || COM(2011)769

ENTR || Treoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir le hearraí piriteicniúla a chur ar an margadh ||  COM(2011)771

ENTR || Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa || COM(2011)456

ENTR || Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí || COM(2012)548

ENTR || Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh || COM(2011)814

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le staidreamh i ndáil le barra agus lena n‑aisghairtear Rialachán Uimh. 837/90 (CEE) agus Rialachán Uimh. 959/93 (CEE) ón gComhairle || COM (2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach || COM(2012)167

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (athmhúnlú) || COM(2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (athmhúnlú) || COM(2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (athmhúnlú) || COM(2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE ón gComhairle || COM 2012 724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le tíolacadh staidrimh i ndáil le dobharshaothrú ag Ballstáit agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) 788/96 ón gComhairle. || COM(2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le tíolacadh sonraí staidrimh i ndáil le táirgí iascaigh a chuirtear i dtír i mBallstáit || COM(2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal || COM (2012)724

ESTAT || Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le suirbhé samplach ar an bhfórsa saothair a eagrú sa Chomhphobal || COM(2013) 155

ESTAT || Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996 maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus táirgí bainne || COM(2012)724

HOME || Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar dhídean a scrúdú a thaisc náisiúnach tríú tír i gceann de na Ballstáit || COM(2008) 820

HOME || Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008-2013 faoi chuimsiú an Chláir Ghinearálta "Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabhadh Imirce" || COM(2011) 751

HOME || Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007-2013 faoi chuimsiú an Chláir Ghinearálta "Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabhadh Imirce" || COM(2011) 750

HOME || Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhilleadh don tréimhse 2008-2013 faoi chuimsiú an Chláir Ghinearálta "Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabhadh Imirce" || COM(2011) 751

HOME || Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) || COM (2011) 118

MARKT || Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) || COM(2011)8

MARKT || Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite || COM(2011)778

MARKT || Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le haitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla || COM(2011)883

MARKT || Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú || COM(2011)895

MARKT || Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist || COM(2011)895

MARKT || Treoir 2004/39/CE an 21 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (MiFID) || COM(2011) 656 COM(2011) 652

MARKT || Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) || COM(2011)651

MOVE || Treoir 2009/40/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le tástálacha ródacmhainneachta le haghaidh mótarfheithiclí agus a gcuid leantóirí || COM(2012)380

MOVE || Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú ag Stát ar chalafoirt || COM(2012)129

MOVE || Treoir 96/98/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le trealamh muirí || COM (2012)772

MOVE || Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2003 maidir le tuairisciú ar tharluithe in eitlíocht shibhialta || COM (2012)776

MOVE || Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir‑inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (athmhúnlú) || COM(2013) 30

MOVE || Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le ceadúnú gnóthas iarnróid agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a leithroinnt agus muirir ar úsáid bonneagair agus ar deimhniúchán sábháilteachta a ghearradh (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) || COM(2013)31

MOVE || Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar || COM (2011)451

MOVE || Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta || COM(2013)410

MOVE || Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair. || COM(2013)410

MOVE || Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair || COM(2013)410

MOVE || Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos creat chun aerspás Eorpach aonair a bhunú (an creat‑Rialachán) || COM(2013)410

MOVE || Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n‑aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE || COM(2013) 409

MOVE || Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal || COM(2013)195

SANCO || Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le dea-chleachtas cliniciúil a chur chun feidhme i stiúradh trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine || COM(2012)369

SANCO || Cinneadh Uimh. 2119/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear gréasán d'fhaireachas eipidéimeolaíoch agus chun rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal || COM(2011)866

SANCO || Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí míochaine diagnóiseacha in vitro || COM(2012)541

SANCO || Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí míochaine || COM(2012)542

SANCO || Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le feistí inphlandaithe míochaine gníomhacha || COM(2012)542

SANCO || Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí tobac a mhonarú, a chur i láthair agus a dhíol || COM(2012)788

SANCO || Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí || COM(2013)78

SANCO || Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n‑iarmhair in ainmhithe beo agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/358/CEE, Treoir 86/469/CEE, Cinneadh 89/187/CEE agus Cinneadh 91/664/CEE || COM(2013)265

SANCO || Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú || COM(2013)265

TAXUD || Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) || COM(2012)64

2013/0218 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt ionstraimí dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 43(2), 53(1), 62, 64(2), 91, 100(2), 114, 153(2)(b), 168(4)(b), 172, 192(1), 207 agus 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Thug Conradh Liospóin deis don reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú.

(2)       Na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean na gcumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhfhreagraíonn siad i bprionsabal dóibh sin atá cumhdaithe ag an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh faoi Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[6].

(3)       Is gá roinnt gníomhartha dlíthiúla atá i bhfeidhm cheana féin lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint d'Airteagal 290 den CFAE.

(4)       Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug an coiste tuairim cheana i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(5)       Ó tharla gur le nósanna imeachta amháin a bhaineann an cur in oiriúint a dhéanfar leis an Rialachán seo,  ní gá, i gcás treoracha, do na Ballstáit iad a thrasuíomh.

(6)       Agus an Coimisiún ag ullmhú gníomhartha tarmligthe bunaithe ar na gníomhartha dlíthiúla arna gcur in oiriúint leis an Rialachán seo, tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfadh sé faoi chomhairliúcháin oiriúnacha, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. I gcás ina bhfuil foráil sna gníomhartha dlíthiúla atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a(1) go (5) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.

2. I gcás ina bhfuil foráil sna gníomhartha dlíthiúla atá liostaithe san Iarscríbhinn maidir le húsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 5a(6) den Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

Airteagal 2

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6. I gcás ina bhforáiltear sna gníomhartha dlíthiúla atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo go ndéanfar an teorainn ama atá leagtha síos in Airteagal 5a(3)(c) de Chinneadh 1999/468/CE a chiorrú de bhun Airteagal 5a(5)(b) den Chinneadh sin, socrófar gur mí amháin a bheidh sna tréimhsí atá leagtha síos i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 3

1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 4

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug coiste tuairim cheana i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe[7].

A. Líonraí Cumarsáide, Inneachair agus Teicneolaíochta

1.           Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach)

2.           Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana)

B. Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

3.           Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre **

4.           Treoir 2009/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d’úsáid trealaimh oibre ag oibrithe ar an láthair oibre (an dara Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)

5.           Treoir 2006/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga) (an naoú Treoir déag ar leith laistigh de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

6.           Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé carcanaiginí nó só-ghiniginí ar an láthair oibre (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

7.           Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (an seachtú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

8.           Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

9.           Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé oibreán bitheolaíoch ar an láthair oibre (an seachtú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

10.         Treoir 1999/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le híoscheanglais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte oibrithe a d'fhéadfadh a bheith i mbaol ó atmaisféir phléascacha a fheabhsú (an cúigiú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

11.         Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (ceathrú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

12.         Treoir 93/103/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1993 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d'obair ar bord long iascaireachta (an tríú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

13.         Treoir 92/104/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1992 maidir le híoscheanglais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte sna tionscail asbhainte mianraí ar an dromchla agus faoi thalamh a fheabhsú (an dara Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

14.         Treoir 92/91/CEE ón gComhairle an 3 Samhain 1992 maidir le híoscheanglais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte sna tionscail asbhainte mianraí trí dhruileáil a fheabhsú (an t‑aonú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

15.         Treoir 92/58/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir leis na híoscheanglais chun comharthaí sábháilteachta agus/nó sláinte a sholáthar ar an láthair oibre (an naoú Treoir leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

16.         Treoir 92/57/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte ag láithreáin tógála shealadacha nó soghluaiste (an t‑ochtú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

17.         Treoir 92/29/CEE ón gComhairle an 31 Márta 1992 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte chun cóir leighis níos fearr ar bord long a chur chun cinn **

18.         Treoir 90/270/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte d'obair le trealamh scáileán taispeána  (an cúigiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

19.         Treoir 90/269/CEE ón gComhairle an 29 Bealtaine 1990 maidir leis na híoscheanglais chun ualaí a láimhseáil de láimh má tá riosca ann go háirithe de ghortú droma d'oibrithe (an ceathrú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

20.         Treoir 89/656/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta d'úsáid trealamh cosanta pearsanta ag oibrithe ar an láthair oibre (an tríú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

21.         Treoir 89/654/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte don láthair oibre (an chéad Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE)**

22.         Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ar an láthair oibre a spreagadh **

C. Gníomhú Aeráide

23.         Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin

24.         Rialachán 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (EC) Uimh. 1013/2006

D. Fuinneamh

25.         Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile

26.         Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

27.         Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003

28.         Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

29.         Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/54/CE

30.         Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/55/CE

E. Fiontar agus Tionscal

31.         Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n‑aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh

32.         Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE

33.         Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2009 lena gcruthaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta i ndáil le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú

34.         Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí faoi thiomáint hidrigine, agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE

35.         Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán

36.         Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal

37.         Treoir 2009/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le forálacha coiteanna i leith uirlisí tomhais agus modhanna rialaithe méadreolaíoch araon (athmhúnlú)

38.         Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin, a fhormheas (Creat‑Treoir)

39.         Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiúin chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún.

40.         Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus a n iarratais ar thástálacha ar shubstaintí ceimiceacha a fhíorú

41.         Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú Dea-Chleachtais Saotharlainne (DCS)

42.         Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 maidir le leasacháin

43.         Treoir 2000/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíocht torainn sa chomhshaol ó threalamh le húsáid lasmuigh

44.         Treoir 97/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil in innealra soghluaiste neamhbhóthair

45.         Treoir 75/324/CEE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1975 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le dáileoirí aerasóil

F. Comhshaol

46.         Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin

47.         Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú

48.         Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le gal pheitril Céim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril

49.         Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006**

50.         Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (Creat‑Treoir Dramhaíola)

51.         Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat‑Treoir um Straitéis Mhuirí)

52.         Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip

53.         Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte

54.         Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE)

55.         Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola

56.         Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle

57.         Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath

58.         Treoir 2006/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le dramhaíl ó na tionscail eastóscacha a bhainistiú agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE

59.         Treoir 2006/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cáilíocht uisce snámha a bhainistiú agus lena n‑aisghairtear Treoir 76/160/CEE

60.         Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE

61.         Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach

62.         Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le hastaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha a theorannú, ar astaíochtaí iad a éiríonn as úsáid tuaslagóirí orgánacha i bpéinteanna agus i vearnaisí áirithe agus i dtáirgí ath-bhailchríochnaithe feithiclí agus lena leasaítear Treoir 1999/13/CE

63.         Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú

64.         Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le huasteorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin áirithe san aer

65.         Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce;

66.         Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite

67.         Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl

68.         Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a ceapadh lena ól ag an duine

69.         Treoir 96/59/CE ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 1996 maidir le diúscairt défheinilí polaclóirínithe agus trífheinilí polaclóirínithe (PCB/PCT)

70.         Treoir 94/63/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thig ó stóráil peitril agus óna dáileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse

71.         Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú

72.         Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta

73.         Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh

74.         Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht

G. Staidreamh

75.         Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidicídí

76.         Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ar an láthair oibre

77.         Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle

78.         Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh fuinnimh

79.         Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta

80.         Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt

81.         Rialachán (CE) Uimh. 451/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena mbunaítear aicmiú nua staidrimh ar tháirgí de réir gníomhaíochta (CPA) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3696/93 ón gComhairle

82.         Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (athmhúnlú)

83.         Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú

84.         Rialachán (CE) Uimh. 458/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Aibreán 2007 maidir leis an gcóras Eorpach staidrimh iomlánaithe i ndáil le cosaint shóisialta (CESICS)

85.         Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh

86.         Rialachán (CE) Uimh. 1161/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 maidir le tiomsú cuntas ráithiúil neamhairgeadais de réir na hearnála institiúidí.

87.         Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis staidreamh an Chomhphobail i ndáil le sochaí na faisnéise

88.         Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d'aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú.

89.         Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle an 9 Márta 1999 maidir le staidreamh struchtúrach ar thuilleamh agus ar chostais saothair.

90.         Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach.

91.         Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna tomhaltóirí.

92.         Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air.

93.         Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú

H. An Margadh Inmheánach agus Seirbhísí

94.         Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach

95.         Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm

96.         Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le rialacha coiteanna chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú

I. Soghluaisteacht agus Iompar

97.         Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha coiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

98.         Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha coiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle

99.         Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí

100.       Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha coiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar

101.       Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair bóthair atá glan agus tíosach ar fhuinneamh  a chur chun cinn

102.       Treoir 2009/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena mbunaítear na bunphrionsabail a rialaíonn imscrúdú ar thionóiscí in earnáil an mhuiriompair agus lena leasaítear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle agus Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

103.       Treoir 2009/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha coiteanna agus caighdeáin choiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge agus do ghníomhaíochtaí ábhartha riarachán muirí

104.       Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha coiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 **

105.       Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú

106.       Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha *

107.       Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid

108.       Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n‑oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail **

109.       Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (athmhúnlú)

110.       Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta agus Fuinnimh sa Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) 3051/95

111.       Treoir 2006/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leagtar síos ceanglais theicniúla do shoithí uiscebhealaí intíre ***

112.       Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d'aeriompróirí a tharraingt suas a bheidh faoi réir coisc oibríochta laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra oibríochta

113.       Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú**

114.       Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal

115.       Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad

116.       Rialachán (CE) Uimh. 789/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le longa lasta agus paisinéirí a aistriú idir cláir laistigh den Chomhphobal agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 613/91 ón gComhairle

117.       Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibritheoirí aerárthaí

118.       Treoir 2004/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le híoscheanglais sábháilteachta le haghaidh tollán sa Ghréasán Bóithre Tras‑Eorpach

119.       Treoir 2004/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comh-inoibritheacht na gcóras leictreonach dola bóthair sa Chomhphobal

120.       Rialachán (CE) Uimh. 782/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena dtoirmisctear comhdhúile organaitín ar longa

121.       Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar d'iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle

122.       Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais shonracha cobhsaíochta le haghaidh long paisinéirí róró

123.       Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht ar muir agus truailliú ó longa a chosc

124.       Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí agus lena n‑aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle

125.       Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibríochta atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail

126.       Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte builciompróirí

127.       Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le córas suirbhéanna sainordaitheacha maidir le hoibríocht shábháilte seirbhísí rialta farantóireachta róró agus árthaí paisinéirí mórluais

128.       Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú pearsana ag taisteal ar longa paisinéirí ag oibriú isteach agus amach as calafoirt Bhallstáit an Chomhphobail

129.       Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Nollaig 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha chun deimhniúcháin náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a fháil

130.       Treoir 95/50/CE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1995 maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha i dtaca le seiceálacha ar iompar earraí contúirteacha de bhóthar

131.       Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta

132.       Treoir 91/672/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le teastais náisiúnta Máistrí Báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d'uiscebhealach intíre a aithint go cómhalartach

J. Sláinte agus Tomhaltóirí

133.       Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach

134.       Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a chur ar an margadh. **

135.       Treoir 2009/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le húsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe (athmhúnlú)

136.       Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2009 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastóscúcháin a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú

137.       Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle

138.       Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004

139.       Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáide péidiatraicí agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004

140.       Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe

141.       Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n‑aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 98/109/CEE ***

142.       Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch a ceapadh le caitheamh ag an duine

143.       Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch

144.       Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia

145.       Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht ar tháirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach

146.       Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus le hoibreáin zónóiseacha bhia-iompartha eile a rialú

147.       Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna

148.       Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n‑úsáid i gcothú ainmhithe

149.       Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht bia agus táirgí beathaithe a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe

150.       Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle **

151.       Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia

152.       Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos na rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha inaithriste áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú

153.       Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine

154.       Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aonghnó sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle

155.       Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta

156.       Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch ***

157.       Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia

158.       Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le hábhar salaithe i mbia **

159.       Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia mear-reoite mar bhia don duine

K. Cánachas agus Aontas Custaim

160.       Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus le trádáil

[1]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[2]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, p. 13.

[3]               Foilsíodh an ráiteas seo san Iris Oifigiúil in éineacht le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (IO L 55 an 28.2.2011, lch 19).

[4]               IO C , , lch.

[5]               IO C , , lch.

[6]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[7]               Mar eolas, cuirtear gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil tagairt don teorainn ama chiorraithe de bhun Airteagal 2(6) in iúl san Iarscríbhinn seo le *, cuirtear gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil tagairt don nós imeachta práinne de bhun Airteagal 3 in iúl le ** agus cuirtear gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil tagairt don nós imeachta práinne de bhun Airteagal 3 agus don teorainn ama chiorraithe de bhun Airteagal 2(6) in iúl san Iarscríbhinn seo le ***.

Top