EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0197

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

/* COM/2013/0197 final - 2013/0106 (COD) */

52013PC0197

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh /* COM/2013/0197 final - 2013/0106 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.        Nós imeachta agus glacadh le Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle[1]

I nDeireadh Fómhair 2009, thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Choimisiún tograí a chur i láthair a bhunódh nósanna imeachta coitianta soiléire ina mbeadh rialacha soiléire páirtíochta do chomhoibríochtaí ar an bhfarraige, ag féachaint do chosaint a chinntiú dóibh siúd atá i ngátar agus a thaistealaíonn i sreabhadh measctha, de réir an dlí idirnáisiúnta.[2] Deimhníodh é seo arís i gClár Stócólm mí na Nollag 2009, nuair a d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh tráth nach déanaí ná 2010 chun ról na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ('an Ghníomhaireacht') a shoiléiriú agus a fheabhsú agus chun rialacha soiléire páirtíochta i gcomhair comhoibríochtaí ar an bhfarraige, ag féachaint do chosaint a chinntiú dóibh siúd atá i ngátar agus a thaistealaíonn i sreabhadh measctha, de réir an dlí idirnáisiúnta[3] a réiteach.

In 2010, ghlac an Chomhairle le Cinneadh 2010/252/AE ('an cinneadh') mar fhreagra ar na héilimh seo ón gComhairle Eorpach chun oibríochtaí faireachais ar na teorainneacha a láidriú arna chomhordú ag an nGníomhaireacht agus chun rialacha soiléire páirtíochta a bhunú i gcomhair comhphatrólú agus díbhordáil daoine tascartha nó tarrtháilte le sábháilteacht na ndaoine sin a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta a chinntiú agus chun básanna ar an bhfarraige a chosc. Roghnaigh an Coimisiún a dtogra a chur i láthair faoin nós imeachta coiste atá bunaithe ar Airteagal 12(5) de Chód Teorainneacha Schengen[4] á bhreithniú dó gur beart breise a rialaíonn faireachas teorann a bhí sa chinneadh.

Measadh go raibh an cinneadh riachtanach agus cuí chun cuspóir an fhaireachais teorann a fhorfheidhmiú, is é sin trasnú teorainneacha neamhúdaraithe a chosc. Chuige sin, measadh ní amháin go gcuimsíonn faireachas nóisean an bhraite ach go n-áirítear air, leis, bearta cosúil le soithí atá ag iarraidh dul isteach san Aontas go mídhleathach a thascradh. Bunaíodh an nasc idir cuardach agus tarrtháil agus faireachas teorann ar chleachtas – uaireanta bíonn imircigh a thaistealaíonn i soithí nach bhfuil muiracmhainneach in anacair nuair a bhraitear iad.

Chorpraigh an cinneadh, laistigh d'ionstraim dhleathach amháin, forálacha reatha de dhlí an AE agus den dlí idirnáisiúnta. Ba í an aidhm na mínithe éagsúla ar dhlí muirí idirnáisiúnta arna nglacadh ag Ballstáit agus a gcleachtais éagsúla a shárú chun éifeachtúlacht oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a chinntiú. Bhí baol ann go mbeadh rialacha éagsúla, agus uaireanta rialacha contrártha fiú, i bhfeidhm sa chás céanna in oibríocht farraige. Agus an éiginnteacht dhlíthiúil sin ann, bhí rannpháirtíocht na mBallstát in oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht íseal i dtéarmaí báid, soithí agus acmhainní daonna a thabhairt. Dá dheasca sin, cuireadh bac ar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí agus baineadh an bonn d'iarrachtaí dlúthpháirtíochta AE.

Bhí sé i gceist leis an gcinneadh go ndéanfaí atreisiú ar chosaint cearta bunúsacha agus go ndéanfaí meas a ráthú ar phrionsabal an non-refoulement in oibríochtaí farraige. Cheistigh roinnt Ballstát, Baill de Pharlaimint na hEorpa, eagraíochta um chearta an duine agus acadóirí an raibh meas á léiriú ar chearta bunúsacha agus ar chearta teifeach le linn oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, go háirithe ar an muirmhór. Rinneadh iarracht leis an gcinneadh dul i ngleic leis na buarthaí seo trí roinnt ráthaíochtaí a bhunú chun meas ar na cearta sin a chinntiú, cosúil leis an riachtanas go gcuirfí an áit díbhordála in iúl do na daoine tascartha nó tarrtháilte, go gcuirfí san áireamh riachtanais daoine leochaileacha agus an riachtanas go gcuirfí oiliúint ar ghardaí teorann sna forálacha cuí de chearta bunúsacha agus den dlí teifeach.

Glacadh leis an gcinneadh an 26 Aibreán 2010 mar chinneadh ón gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta rialála le hiniúchadh. Mheas Parlaimint na hEorpa gur chóir an cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach in ionad an nós imeachta coiste. Dá bhrí sin, thug siad cás chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ('an Chúirt') in aghaidh na Comhairle ag iarraidh go gcuirfí an cinneadh ar neamhní.

1.2.        C-355/10: Parlaimint na hEorpa v. An Chomhairle[5]

Mheas Parlaimint na hEorpa gur sháraigh an cinneadh na cumhachtaí forfheidhmithe a bhronntar faoi Airteagal 12(5) de Chód Teorainneacha Schengen ar na cúiseanna seo: (i) thug sé isteach gnéithe nua ríthábhachtacha i gCód Teorainneacha Schengen; (ii) mhionathraigh sé gnéithe ríthábhachtacha de Chód Teorainneacha Schengen; agus (iii) mhionathraigh sé ábhar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.[6] Phléadáil an Chomhairle neamh-inghlacthacht an bhirt, agus ar an lámh eile, mheas siad nach raibh fiúntas ar bith leis an mbeart. Thacaigh an Coimisiún, an t-aon pháirtí idirghabhála, leis an gComhairle.

Thug an Chúirt a breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2012. Chuir sí an cinneadh ar neamhní bunaithe ar an gcéad chúis sa mhéid is gur mheas sí gur gnéithe ríthábhachtacha den bhun-acht iad na forálacha a bhaineann le bearta tascartha, tarrtháil agus díbhordáil, is é sin Cód Teorainneacha Schengen. Níor scrúdaigh sí an mionathraíonn an cinneadh gnéithe ríthábhachtacha eile de Chód Teorainneacha Schengen ná an mionathraíonn sé ábhar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

Chinn an Chúirt éifeachtaí an chinnidh a choimeád ar bun go dtí go ngabhfaidh rialacha nua a n-ionad laistigh de thréimhse réasúnach.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Nuair a rinneadh measúnú ar an ngá le measúnú tionchair a dhéanamh, cuireadh na cúrsaí seo a leanas san áireamh.

Ar an gcéad dul síos, rinneadh méid suntasach réamhoibre sular glacadh le Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle. In 2005, d'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcreat dleathach is infheidhme maidir le hoibríochtaí faireachais teorann ar an bhfarraige agus rialacha a réiteach ar leibhéal Aontais dá éis. In 2007, chuir an Coimisiún staidéar i láthair ina ndearnadh anailís ar an gcreat dleathach idirnáisiúnta maidir le faireachas na dteorainneacha farraige seachtracha agus leis na baic lena fhorfheidhmiú éifeachtúil.[7] Sa bhliain chéanna, bhunaigh an Coimisiún grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe ó Bhallstáit, ón nGníomhaireacht, ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun treoirlínte d'oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a chur i dtoll a chéile. D'úsáid an Coimisiún torthaí an ghrúpa neamhfhoirmiúil seo mar bhunús dá dhréacht-togra, a cuireadh i láthair faoin nós imeachta coiste.

Ar an dara dul síos, agus an togra seo á réiteach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht trí Ghrúpa Saineolaithe ar Theorainneacha Seachtracha lena fháil amach cé mhéad d'ábhar an chinnidh seo ba cheart a bheith sa togra. Go ginearálta, mheas Ballstáit gur cheart go dtógfadh an togra seo ar an gcinneadh, agus a raon feidhme a choinneáil teoranta d'oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, na forálacha maidir le cosaint do chearta bunúsacha a láidriú, an difríocht idir bearta tascartha agus tarrtháil a shoiléiriú, dul i ngleic le saincheist na díbhordála agus comhsheasmhacht a chinntiú le hoibleagáidí idirnáisiúnta, agus forbairtí dlí agus breithiúnacha ar leibhéal AE agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Ar an tríú dul síos, nuair a cuireadh Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle ar neamhní, d'éiligh an Chúirt go gcuirfí cinneadh nua ina áit laistigh de thréimhse réasúnach. Cé nár sainmhíníodh 'tréimhse réasúnach' sa bhreithiúnas, tuigtear gur cheart don Choimisiún feidhmiú go gasta de bhrí go bhféadfadh pléití idir an dá reachtóir AE a bheith deacair agus fada.

Dá réir sin, measadh nár ghá measúnú tionchair a bheith leis an togra seo.

3.           EILIMINÍ DLÍ AN TOGRA

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 77(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. D'fhonn beartas teorann seachtrach a fhorbairt, lena n-áirítear a chinntiú go ndéantar faireachas éifeachtúil ar theorainneacha seachtracha mar atá leagtha amach in Airteagal 77(1), folaíonn Airteagal 77(2)(d) go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag feidhmiú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, "aon bheart riachtanach chun córas bainistíochta comhtháite do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile."

Is í aidhm bheartas an Aontais i réimse theorainneacha seachtracha an AE a chinntiú go ndéantar faireachán éifeachtúil ar thrasnú teorainneacha seachtracha lena n‑áirítear trí fhaireachas teorann. Is é cuspóir an fhaireachais teorann cosc a chur ar thrasnú teorann neamhúdaraithe, dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann agus na daoine sin a thrasnaigh an teorainn ar bhealach mírialta a ghabháil nó beart eile a dhéanamh ina gcoinne. Ba cheart go mbeadh faireachas teorann éifeachtach chun daoine a chosc agus a dhíspreagadh ó dhul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann. Chuige sin, níl faireachas teorann teoranta d'iarrachtaí ar thrasnú mírialta teorann a bhrath ach áirítear air chomh maith bearta cosúil le báid a mheastar atá ag iarraidh dul isteach san Aontas gan seiceálacha teorann a dhéanamh a ghabháil, mar aon le socruithe a bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic le cásanna cosúil le cuardach agus tarrtháil a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht farraige agus socruithe atá ceaptha chun deireadh rathúil a chur le hoibríocht den chineál sin.

De bhrí nach féidir le Ballstáit cuspóirí an bhirt atá le déanamh, is é sin rialacha sonracha a ghlacadh maidir le faireachas ar theorainneacha farraige ag gardaí teorann ag feidhmiú faoi chomhordú na Gníomhaireachta, a bhaint amach go leordhóthanach de bharr na ndifríochtaí ina ndlíthe agus ina gcleachtais, agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, trí cháilíocht ilnáisiúnta na n‑oibríochtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal Aontais, féadfaidh an tAontas glacadh le beartais de réir phrionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

De réir phrionsabal na comhréireachta, faoi mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

Is ar bhonn na bprionsabal sin, mar ab amhlaidh i gcás an chinnidh, nach bhfuil feidhm ag an togra seo ach amháin i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht, agus ní bhaineann sé le gníomhaíochtaí faireachais arna ndéanamh ag Ballstáit astu féin nó ag comhoibriú taobh amuigh den chreat sin.

4.           IMPLEACHT BUISÉADACH

Ní chuireann an togra seo aon ualach airgid ná riaracháin ar an Aontas. Dá bhrí sin, níl aon tionchar aige ar bhuiséad an Aontais.

5.           GNÉITHE ROGHNACHA

5.1.        Comparáid idir an togra seo agus Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle

Tá raon feidhme agus ábhar an togra seo cosúil le raon feidhme agus ábhar an chinnidh. Tá na hathruithe sa togra, nuair a chuirtear i gcomparáid leis an gcinneadh iad, bunaithe ar fhorbairtí dlí agus breithiúnacha, cosúil leis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004[8] agus breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Hirsi Jamaa agus Eile v. an Iodáil,[9] maidir leis an ngá atá le soiléire a áirithiú i ndáil le coincheapa an tascartha agus na tarrthála, agus ar thaithí phraiticiúil na mBallstát agus na Gníomhaireachta agus an cinneadh á fhorfheidhmiú.

5.1.1.     Foirm

Tá an rogha ionstraime dlí agus na nósanna imeachta cinnteoireachta éagsúil. Is togra é seo do Rialachán dírithe ar na Ballstáit ar fad de réir na gConarthaí agus tá sé le glacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachach. Léiríonn a fhoirm an rogha ionstraime dlí ina bhfuil brollach (luanna agus ocht réamhaithris déag) agus aon Airteagal déag arna roinnt ina gceithre chaibidil. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Ar an taobh eile, glacadh leis an gcinneadh mar bheart forfheidhmithe leis an nós imeachta rialaitheach le hiniúchadh. Tá brollach (luanna agus ocht réamhaithris déag), dhá airteagal agus Iarscríbhinn arna roinnt ina dhá chuid ann. Leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn na rialacha d'oibríochtaí teorann farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht agus leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn treoirlínte neamhcheangailteacha do chásanna cuardaigh agus tarrthála agus do dhíbhordáil i gcomhthéacs oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht.

5.1.2.     Ábhar

Is ionann raon feidhme an togra seo agus raon feidhme an chinnidh, is é sin oibríochtaí faireachais teorann ar an bhfarraige arna ndéanamh ag Ballstáit faoi chomhordú na Gníomhaireachta (Airteagal 1). Cé gur tuigeadh sa chinneadh go raibh bearta tascartha agus socruithe do tharrtháil le linn oibríochtaí faireachais teorann laistigh de choincheap an 'fhaireachais teorann', bhí amhras fós ann an raibh na bearta seo i gcoincheap an fhaireachais teorann arna sainmhíniú i gCód Teorainneacha Schengen. Clúdaíonn an togra seo go sainráite an coincheap níos leithne seo den fhaireachas teorann trína léiriú nach bhfuil faireachas teorann teoranta d'iarrachtaí ar thrasnú teorann mírialta a bhrath ach go n-áirítear air chomh maith bearta cosúil le bearta tascartha, agus socruithe le dul i ngleic le cásanna cosúil le cuardach agus tarrtháil a d'fhéadfaí teacht chun cinn le linn oibríochta farraige agus socruithe a thabharfadh oibríocht den chineál sin chun críche go rathúil (réamhaithris 1 agus Caibidil III).

Ag féachaint siar ar an gcinneadh, b'éigean na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a chur san áireamh. Tá an Ghníomhaireacht freagrach anois, leis, as cuidiú le Ballstáit i gcúinsí ina dteastóidh breischúnamh teicniúil ag na teorainneacha seachtracha, agus ag tógáil san áireamh go bhféadfadh éigeandáil dhaonnúil agus tarrtháil ar an bhfarraige a bheith i gceist i roinnt cásanna. Is é atá i gceist anseo, cé nach mbeidh an Ghníomhaireacht ina chomhlacht cuardaigh agus tarrthála ná nach nglacann sí le feidhmeanna ionaid chomhordaithe tarrthála, go gcuideoidh sí le Ballstáit le linn oibríochta farraige lena n-oibleagáid a chomhlíonadh faoin dlí muirí idirnáisiúnta chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair agus leagtar amach sa togra seo, rialacha faoin tslí le déileáil leis na cásanna seo in oibríocht farraige arna comhordú ag an nGníomhaireacht (réamhaithris 2 agus Airteagal 9).

Leis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, rinneadh ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí den phlean oibríochtúil maidir le gach oibríocht arna comhordú ag an nGníomhaireacht agus ní amháin maidir le hidirghabhálacha gasta. Liostaítear ábhar an phlean oibríochtúil in Airteagail 3a agus 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a thagraíonn chomh maith d'oibríochtaí farraige. Tá sé i gceist go mbeidh na rialacha a leagtar síos sa togra seo mar chuid den phlean oibríochtúil a cuireadh le chéile de réir Rialacháin (CE) Uimh. 2007/2004, agus riachtanais d'oibríochtaí farraige á gcur san áireamh.

Cuireadh san áireamh sa togra seo, leis, na forbairtí dlí agus breithiúnacha a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach. Téitear i ngleic in Airteagal 4, a dhéileálann le cosaint na gceart bunúsach agus le prionsabal an non-refoulement in oibríochtaí farraige, le buarthaí a d'ardaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ina rialú in Hirsi Jamaa agus Eile v. an Iodáil maidir le díbhordáil daoine tascartha nó tarrtháilte i dtríú tíortha, i dtéarmaí an chaidrimh idir Ballstáit agus tríú tíortha, agus oibleagáidí na mBallstát i leith an duine aonair, araon. Baineann an t-airteagal seo le forfheidhmiú praiticiúil phrionsabal an non-refoulement arna chumhdach in Airteagal 19(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I gcás díbhordála i dtríú tír, caithfear na daoine tascartha nó tarrtháilte a shainaithint agus caithfear a gcúinsí pearsanta a mheas a mhéid agus is féidir roimh dhíbhordáil. Caithfear iad a chur ar an eolas chomh maith maidir le háit na díbhordála ar bhealach cuí agus caithfear deis a thabhairt dóibh chun aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit bheartaithe ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl. Rathaíonn sé seo go gcuirtear imircí ar an eolas maidir lena gcás agus an áit bheartaithe díbhordála agus dá bhrí sin go dtugtar seans dóibh agóid a dhéanamh.

Faoi Chaibidil III, déantar idirdhealú soiléir sa togra seo idir brath, tascradh agus tarrtháil. Maidir le tascradh, cé go gcoinnítear an tsraith chéanna beart sa togra seo is atá sa chinneadh, déantar idirdhealú idir na bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh san fharraige chríche (Airteagal 6), ar an mórmhuir (Airteagal 7) agus sa réigiún tadhlach[10] (Airteagal 8), ag soiléiriú mar sin na coinníollacha faoinar féidir na bearta seo a dhéanamh agus an bonn dlínsiúil ar ar féidir beart a dhéanamh, go háirithe maidir le longa gan stát. Bunaithe ar an bPrótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach ar an Talamh, ar an bhFarraige agus san Aer, tá nasc soiléir anois idir tascradh long ar an mórmhuir agus an riachtanas go mbeadh amhras réasúnach ann go bhfuil an long páirteach i smuigleáil imirceach. Mar atá sa chinneadh, caithfear feidhmiú na dlínse ar an mórmhuir a bhunú ar údarú an bhratstáit.

Maidir le cásanna cuardaigh agus tarrthála, tá an téacs sa togra seo cosúil leis an téacs sa chinneadh (Airteagal 9). Tá an fhoclaíocht ailínithe léi sin a úsáideadh sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil Idirnáisiúnta Muirí agus sa Lámhleabhar Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil Aerloingseoireachta agus Muirí 1979 (International Convention on Maritime Search and Rescue and the International Aeronautical and Maritime Search and Rescue Manual (IAMSAR)). Chomh maith leis sin, ar bhonn na n‑ionstraimí idirnáisiúnta seo, áirítear critéir sa togra maidir le cén uair a mheastar go bhfuil long i gcás neamhchinnteachta (Airteagal 9(3)), práinne (Airteagal 9(4)) agus guaise (Airteagal 9(5)) mar aon le sainmhíniú ar ionad comhordaithe tarrthála (Airteagal 2(12)).

Téitear i ngleic sa togra seo, rud nach ndéantar sa chinneadh, le saincheist na díbhordála i dtéarmaí tascartha agus tarrthála (Airteagal 10). Maidir le tascradh san fharraige chríche nó sa réigiún tadhlach, déantar díbhordáil sa Bhallstát cósta. Maidir le tascradh ar an muirmhór, faoi réir chosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an non-refoulement a rathú, d'fhéadfaí díbhordáil sa tríú tír ónar fhág an long. Murar féidir é seo a dhéanamh, déanfar díbhordáil sa Bhallstát aíochta.

Maidir le díbhordáil tar éis oibríocht tarrthála, tagraítear sa togra seo do choincheap na 'háite sábháilte' arna sainmhíniú sna Treoirlínte um Chaitheamh le Daoine arna dTarrtháil ar an bhFarraige arna n-eisiúint ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta,[11] ag cur gnéithe de na cearta bunúsacha san áireamh[12] (Airteagal 2(11) agus 10(4)), agus ceanglaíonn sé ar Bhallstáit comhoibriú leis an ionad comhordaithe tarrthála cuí chun caladh nó áit shábháilte oiriúnach a chur ar fáil agus chun díbhordáil ghasta agus éifeachtach a chinntiú. Cuirtear san áireamh sa togra seo go mbeadh na haonaid mhuirí agus aeir faoin am seo ag feidhmiú faoi chomhordú an ionaid chomhordaithe tarrthála, a chinneann an caladh nó an áit chuí díbhordála. Ach, aithníonn sé chomh maith go bhféadfadh aonaid mhuirí díbhordáil a dhéanamh sa Bhallstát aíochta mura scaoiltear iad óna n-oibleagáid le cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair a luaithe agus is féidir le réasún, ag cur san áireamh shábháilteacht na ndaoine tarrtháilte agus shábháilteacht an aonaid mhuirí féin.

2013/0106 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Is í aidhm bheartas an Aontais i réimse theorainneacha seachtracha an Aontais a chinntiú go ndéantar faireachán éifeachtúil ar thrasnú teorainneacha seachtracha lena n-áirítear trí fhaireachas teorann. Is é cuspóir an fhaireachais teorann cosc a chur le trasnú teorann neamhúdaraithe, dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann agus na daoine sin a thrasnaigh an teorainn ar bhealach mírialta a ghabháil nó bearta eile a dhéanamh ina gcoinne. Ba cheart go mbeadh faireachas teorann éifeachtach chun daoine a chosc agus a dhíspreagadh ó dhul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann. Chuige sin, níl faireachas teorann teoranta d'iarrachtaí ar thrasnú teorann mírialta a bhrath ach áirítear air chomh maith bearta cosúil le báid a mheastar atá ag iarraidh dul isteach san Aontas gan seiceálacha teorann a dhéanamh a ghabháil, mar aon le socruithe a bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic le cásanna cosúil le cuardach agus tarrtháil a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar an bhfarraige agus socruithe a bhfuil sé i gceist leo go dtabharfadh siad oibríocht den chineál sin chun críche go rathúil.

(2)       Tá an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ('an Ghníomhaireacht') arna bunú ag Rialachán ón gComhairle (CE) Uimh. 2007/2004 an 26 Deireadh Fómhair 2004[13] freagrach as comhordú an chomhoibrithe oibríochtúil idir Ballstáit i réimse bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear maidir le faireachas teorann. Tá an Ghníomhaireacht freagrach chomh maith as cuidiú le Ballstáit i gcúinsí ina dteastaíonn breischúnamh teicniúil ag na teorainneacha seachtracha, agus ag tógáil san áireamh go bhféadfadh éigeandáil dhaonnúil agus tarrtháil ar an bhfarraige a bheith i gceist i roinnt cásanna. Teastaíonn rialacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí faireachais teorann arna ndéanamh ag aonaid mhuirí agus aeir as Ballstát amháin ag teorainn farraige Ballstát eile nó ar an mórmhuir i gcomhthéacs an chomhoibrithe oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht chun an comhoibriú sin a láidriú tuilleadh.

(3)       Ba cheart go láidreodh bunú an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. […/…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] an malartú faisnéise agus an comhoibriú oibríochtúil idir Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht. Áirithíonn sé seo go dtiocfaidh feabhas suntasach ar fheasacht suímh agus ar chumas frithghníomhaithe na mBallstát, agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht, chun críocha imirce mírialta a bhrath agus a chosc, chun dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann agus chun beatha imirceach a chosaint agus a shábháil ag a dteorainneacha seachtracha. Agus comhordú á dhéanamh ar oibríochtaí um fhaireachais teorainneacha, ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis agus anailís maidir leis na hoibríochtaí seo a thabhairt do Bhallstáit.

(4)       Le linn oibríochtaí um fhaireachas ar theorainneacha, ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht a n-oibleagáidí a urramú faoi Choinbhinsiún Dhlí na Farraige na Náisiún Aontaithe, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil Idirnáisiúnta, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne coireacht eagraithe trasnáisiúnta agus a bPrótacal i gcoinne Smuigleáil Imirceach ar an Talamh, ar an bhFarraige agus san Aer, faoin gCoinbhinsiún a bhaineann le Stádas Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chosaint Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, faoin gCúnant Idirnáisiúnta um Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in Aghaidh Céastóireachta agus in Aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach agus faoi ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile.

(5)       I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 a bhunaigh Cód Comhphobail ar na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)[14] agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, ba cheart go mbeadh aon bheart a dhéantar le linn oibríochta faireachais i gcomhréir leis na cuspóirí a bhfuiltear sa tóir orthu, neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart go n‑urramódh sé ina n-iomlaine dínit an duine, cearta bunúsacha agus cearta dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement. Tá Ballstáit agus an Ghníomhaireacht faoi cheangal ag forálacha an acquis tearmainn, agus go háirithe ag Treoir 2005/85CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005 maidir le híoschaighdeáin ar nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí a bhronnadh agus a tharraingt siar[15] maidir le hiarratas ar thearmann a dhéantar sa chríoch, lena n‑áirítear ag an teorainn nó i gcriosanna trasdula na mBallstát.

(6)       Le comhaontú a d'fhéadfadh a bheith idir Ballstát agus tríú tír, ní féidir Ballstáit a scaoileadh ó na hoibleagáidí sin nuair atá siad ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas gurb ionann easnamh córasach sa nós imeachta tearmainn agus i gcoinníollacha fáiltithe iarrthóirí tearmainn sa tríú tír sin agus forais shuntasacha le creidiúint go mbeadh an t-iarrthóir tearmainn i mbaol ceart a bheith faoi réir íde mhídhaonna nó tháireach nó má tá siad ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas go bhfuil an tríú tír seo páirteach i gcleachtais a sháraíonn prionsabal an non-refoulement.

(7)       D'fhéadfadh cás teacht chun cinn le linn oibríocht um fhaireachas teorann ar an bhfarraige ina mbeadh sé riachtanach cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. De réir an dlí idirnáisiúnta, caithfidh gach Stát a éileamh go dtabharfaidh máistir gach loinge a bhfuil brat ar crochadh air, a mhéid agus is féidir leis gan dochar tromchúiseach don long, an criú nó na paisinéirí, cúnamh d'aon duine a aimsítear ar an bhfarraige agus atá i mbaol a chaillte, agus go ndéanfar daoine in anacair a tharrtháil chomh gasta agus is féidir. Ba cheart an cúnamh sin a thabhairt in ainneoin náisiúntacht nó stádas na ndaoine óna dteastaíonn an cúnamh nó na gcúinsí ina n‑aimsítear iad.

(8)       Ba cheart do Bhallstáit an oibleagáid sin a chomhlíonadh de réir fhorálacha infheidhmithe na n-ionstraimí idirnáisiúnta a rialaíonn cásanna cuardaigh agus tarrthála agus de réir na riachtanas a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach. Níor cheart go mbeadh tionchar ag an Rialachán seo ar fhreagrachtaí na n-údarás cuardaigh agus tarrthála, lena n-áirítear a áirithiú go ndéantar comhordú agus comhoibriú i gcaoi is gur féidir na daoine a tharrtháiltear a thabhairt chuig caladh nó áit shábháilte.

(9)       De bhun Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, déanann an Ghníomhaireacht oibríochtaí um fhaireachas teorann a chomhordú i gcomhréir le plean oibríochtúil. Dá réir sin, maidir le hoibríochtaí ar an bhfarraige, ba cheart a áireamh sa phlean oibríochtúil faisnéis shonrach ar fheidhmiú na dlínse agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar ina ndéantar an chomhoibríocht nó an tionscadal píolótach, lena n‑áirítear tagairtí don dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an Aontais, maidir le tascradh, tarrtháil ar an bhfarraige agus díbhordáil. Ansin, rialaíonn an Rialachán seo saincheisteanna tascartha, tarrtháil ar an bhfarraige agus díbhordáil i gcomhthéacs oibríochtaí um fhaireachas teorann ar an bhfarraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht.

(10)     Is é an cleachtas faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 do gach oibríocht farraige, go mbunaítear struchtúr comhordaithe sa Bhallstát aíochta, ina mbeidh oifigigh ón mBallstát aíochta, aoi-oifigigh agus ionadaithe ón nGníomhaireacht, lena n-áirítear Oifigeach Comhordaithe na Gníomhaireachta. Ba cheart an struchtúr comhordaithe seo, ar a dtugtar Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta go hiondúil, a bheith ina chainéal cumarsáide idir na hoifigigh atá páirteach san oibríocht farraige agus na húdaráis lena mbaineann.

(11)     Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a shainaithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go príomha an ceart chun na beatha, dínit an duine, cosc ar chiapadh agus íde nó píonós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, non-refoulement, neamh-idirdhealú, an ceart chun leighis éifeachtaigh, an ceart chun dídine agus cearta an linbh. 

(12)     De bhrí nach féidir le Ballstáit cuspóirí an bhirt atá le déanamh, is é sin rialacha sonracha a ghlacadh maidir le faireachas ar theorainneacha farraige ag gardaí teorann ag feidhmiú faoi chomhordú na Gníomhaireachta, a bhaint amach de bharr na ndifríochtaí ina ndlíthe agus ina gcleachtais, agus is féidir dá bhrí sin, trí cháilíocht ilnáisiúnta na n-oibríochtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(13)     De réir Airteagal 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá in iarscríbhinn a ghabhann le Conradh an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg ag glacadh páirte i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a fhorfheidhmithe. De bharr go dtógann an Rialachán seo ar acquis Schengen faoi Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Danmhairg cinneadh, de réir Airteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse shé mhí tar éis dáta glactha an Rialacháin seo an bhforfheidhmeoidh sé ina dhlí náisiúnta é.

(14)     Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, tá forbairt ar fhorálacha acquis Schengen sa Rialachán seo laistigh de bhrí an Chomhaontaithe a thug Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua chun críche maidir le baint a bheith ag an dá Stát sin le forfheidhmiú, úsáid agus forbairt acquis[16] Schengen a thagann laistigh den réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh na Comhairle 1999/437CE[17] maidir le socruithe áirithe d'úsáid an Chomhaontaithe sin.

(15)     Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na forálacha in acquis Schengen laistigh de bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le forfheidhmiú, úsáid agus forbairt acquis Schengen,[18] a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 tar éis an Comhaontú a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh.[19]

(16)     Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo, forbairt ar na forálacha in acquis  Schengen laistigh de bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint a bheith ag Cónaidhm na hEilvéise le forfheidhmiú, úsáid agus forbairt  acquis Schengen, a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE[20] arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE ón gComhairle an 7 Márta 2011 tar éis an Comhaontú a thabhairt chun críche thar ceann an Aontais Eorpaigh.[21]

(17)     Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na forálacha in acquis Schengen nár ghlac an Ríocht Aontaithe páirt iontu, de réir Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le hiarratas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar pháirt a ghlacadh i gcuid d'fhorálacha acquis Schengen.[22] Níl an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, páirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a úsáide.

(18)     Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na forálacha in acquis Schengen nár ghlac Éire páirt iontu, de réir Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir le hiarratas Éireann ar pháirt a ghlacadh i gcuid d'fhorálacha acquis Schengen.[23] Níl Éire, dá bhrí sin, páirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a úsáide.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

Bainfidh an Rialachán seo le hoibríochtaí um fhaireachas teorann arna ndéanamh ag Ballstáit ina dteorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs an chomhoibrithe oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh na sainmhínithe seo a leanas i bhfeidhm:

1.           Ciallaíonn 'Gníomhaireacht' an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

2.           Ciallaíonn 'oibríocht farraige' comhoibríocht, tionscadal píolótach nó idirghabháil ghasta arna dhéanamh ag Ballstát le haghaidh faireachais ar a theorainneacha farraige seachtracha faoi chomhordú na Gníomhaireachta;

3.           Ciallaíonn 'Ballstát aíochta' Ballstát ina ndéantar oibríocht farraige nó óna seoltar í;

4.           Ciallaíonn 'Ballstát rannpháirteach' Ballstát atá rannpháirteach in oibríocht farraige trí shócmhainní nó acmhainní daonna a chur ar fáil, ach nach Ballstát aíochta é;

5.           Ciallaíonn ‘aonad rannpháirteach’ aonad muirí nó aeir den Bhallstát aíochta nó den Bhallstát rannpháirteach;

6.           Ciallaíonn 'Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta' an struchtúr comhordaithe a bunaíodh laistigh den Bhallstát aíochta chun oibríocht farraige a chomhordú;

7.           Ciallaíonn ‘Ionad Comhordaithe Náisiúnta’ an t-ionad comhordaithe náisiúnta a bunaíodh chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) de réir Rialacháin (AE) Uimh.[…/…];

8.           Ciallaíonn 'long' bád, soitheach nó aon árthach eile a úsáidtear ar an bhfarraige;

9.           Ciallaíonn 'long gan stát' long gan náisiúntacht nó long atá asamhlaithe le long gan náisiúntacht nuair nár thug aon Stát an ceart don long a bhrat a chur ar foluain nó nuair a sheolann sé faoi bhrat dhá Stát nó níos mó, á n-úsáid de réir áisiúlachta;

10.         Ciallaíonn 'Prótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach' an Prótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach ar an Talamh, ar an bhFarraige agus san Aer, ag forlíonadh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Coireacht Eagraithe Trasnáisiúnta arna shíniú in Palermo, an Iodáil i mí na Nollag 2000;

11.         Ciallaíonn 'áit shábháilte' áit ina meastar go dtagann deireadh le hoibríochtaí tarrthála agus áit nach bhfuil bagairt ar shábháilteacht bheatha na marthanóirí lena n-áirítear maidir le cosaint a gceart bunúsach, áit ar féidir a mbunriachtanais dhaonna a shásamh agus ónar féidir socruithe iompair a dhéanamh do mharthanóirí chuig a gcéad cheann scríbe eile nó a gceann scríbe deiridh;

12.         Ciallaíonn 'Ionad Comhordaithe Tarrthála' an t-aonad atá freagrach as eagrú éifeachtúil a chur chun cinn i dtaobh seirbhísí cuardaigh agus tarrthála agus as comhordú iompar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála laistigh de réigiún cuardaigh agus tarrthála arna sainmhíniú i gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil na bliana 1979.

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA

Airteagal 3

Sábháilteacht ar an bhfarraige

Bearta a dhéanfar chun críche oibríochta farraige, déanfar iad ar bhealach nach gcuireann sábháilteacht na ndaoine tascartha nó tarrtháilte ná sábháilteacht na n-aonad rannpháirteach i mbaol.

Airteagal 4

Cosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an non-refoulement

1.           Ní dhíbhordálfar aon duine, nó ní thabharfar ar láimh iad d'údaráis aon tíre ina bhfuil baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis, íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó óna bhfuil baol tromchúiseach díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tír eile i sárú phrionsabal an non-refoulement.

2.           Roimh chinneadh a dhéanamh maidir le díbhordáil i dtríú tír, cuirfidh na haonaid rannpháirteacha san áireamh an cás ginearálta sa tríú tír sin agus ní dhíbhordálfar daoine tascartha nó tarrtháilte sa tríú tír sin nuair atá Ballstát aíochta nó na Ballstáit rannpháirteacha ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas go bhfuil an tríú tír sin páirteach i gcleachtais a bhfuil tuairisc orthu i mír 1.

3.           I gcás díbhordála i dtríú tír, sainaithneoidh na haonaid rannpháirteacha na daoine tascartha nó tarrtháilte agus déanfaidh siad measúnú ar a gcúinsí pearsanta a mhéid agus is féidir roimh dhíbhordáil. Cuirfidh siad na daoine tascartha nó tarrtháilte ar an eolas maidir le háit na díbhordála ar bhealach cuí agus tabharfaidh siad deis dóibh chun aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit atá beartaithe ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl.

4.           Rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngleic le riachtanais speisialta leanaí, íospartaigh gháinneála, daoine óna dteastaíonn cúnamh leighis práinneach, daoine óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta agus daoine eile i gcás leochaileach le linn na hoibríochta farraige.

5.           Cuirfear oiliúint ar ghardaí teorann atá rannpháirteach in oibríocht farraige maidir le forálacha ábhartha na gceart bunúsach, dlí dídeanaithe agus réim dlí idirnáisiúnta cuardaigh agus tarrthála.

CAIBIDIL III

RIALACHA SONRACHA

Airteagal 5

Brath

1.           Ar a bhrath, rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngar do long a mheastar atá ag trasnú teorann nó a bhfuil sé i gceist aige teorainn a thrasnú ar bhealach mírialta chun a aitheantas agus a náisiúntacht a fheiceáil agus, ag feitheamh le bearta breise, breathnófar uirthi ó fhad stuama. Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an long in iúl láithreach don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta.

2.           Sa chás go bhfuil an long ar tí nó tar éis dul isteach i bhfarraige chríche nó réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige, cuirfidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an long in iúl don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, a chuirfidh an fhaisnéis seo ar aghaidh chuig Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

3.           Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir le haon long a mheastar a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí mídhleathacha ar an bhfarraige lasmuigh de raon feidhme na hoibríochta farraige in iúl don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, a chuirfidh an fhaisnéis seo ar aghaidh chuig Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann

Airteagal 6

Tascradh san fharraige chríche

1.           I bhfarraige chríche an Bhallstáit aíochta nó Ballstáit rannpháirtigh, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas nuair atá forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long ag iompar daoine a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige:

(a)     eolas agus doiciméadacht a iarradh maidir le húinéireacht, clárú agus gnéithe a bhaineann leis an turas, agus maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord;

(b)     an long a stopadh, a bhordáil agus a chuardach, agus a lastas agus na daoine ar bord a chuardach agus na daoine ar bord a cheistiú;

(c)     na daoine ar bord a chur ar an eolas go mb'fhéidir nach bhfuil siad údaraithe chun an teorainn a thrasnú agus go bhféadfaí pionóis a chur ar na daoine atá ag seoladh na loinge as an turas a éascú;

(d)     an long a urghabháil agus na daoine ar bord a ghabháil;

(e)     a ordú go n-athrófaí cúrsa na loinge taobh amuigh den fharraige chríche nó den réigiún tadhlach nó i dtreo cheann scríbe eile seachas san fharraige chríche nó sa réigiún tadhlach, lena n-áirítear an soitheach a thionlacan nó fanacht in aice láimhe go dtí go dtéann an long ar chúrsa eile;

(f)      an long nó na daoine ar bord a thabhairt chuig Ballstát aíochta nó Ballstát eile atá rannpháirteach san oibríocht, nó chuig Ballstát cósta.

2.           Údaróidh an Ballstát aíochta nó an Ballstát rannpháirteach a ndéantar an tascradh ar a fharraige chríche na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus stiúrfaidh sé an t‑aonad rannpháirteach go cuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta. Cuirfidh an t‑aonad rannpháirteach an Ballstát ar an eolas, tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, aon uair a iarrann máistir an bháid go gcuirfí gníomhaire taidhleoireachta nó oifigeach consalach an bhratstáit ar an eolas.

3.           I gcás go bhfuil forais réasúnacha ann le hamhras a bheith ann go bhfuil long gan náisiúntacht nó long a d'fhéadfadh a bheith asamhlaithe le long gan náisiúntacht ag iompar daoine a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, údaróidh agus ordóidh  an Ballstát aíochta nó an Ballstát rannpháirteach a bhfuil an long gan stát tascartha ina fharraige chríche don aonad rannpháirteach an long a stopadh agus aon bheart a leagtar amach i mír 1 a dhéanamh.

4.           Déanfar aon ghníomhaíocht oibríochtúla i bhfarraige chríche Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige i gcomhréir le húdarú an Bhallstáit sin. Cuirfear an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le haon chumarsáid leis an mBallstát sin agus aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin a údaraíonn an Ballstát sin.

Airteagal 7

Tascradh ar an mórmhuir

1.           Ar an mórmhuir, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas nuair atá forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige le húdarú an bhratstáit i gcomhréir leis an bPrótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach:

(a)     eolas agus doiciméadacht a iarraidh maidir le húinéireacht, clárú agus gnéithe a bhaineann leis an turas, agus maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord;

(b)     an long a stopadh, a bhordáil agus a chuardach, agus a lastas agus na daoine ar bord a chuardach agus na daoine ar bord a cheistiú;

(c)     na daoine ar bord a chur ar an eolas go mb'fhéidir nach bhfuil siad údaraithe chun an teorainn a thrasnú agus go bhféadfaí pionóis a chur ar na daoine atá ag seoladh na loinge as an turas a éascú;

(d)     an long a urghabháil agus na daoine ar bord a ghabháil;

(e)     a ordú go n-athrófaí cúrsa na loinge taobh amuigh den fharraige chríche nó den réigiún tadhlach nó i dtreo cheann scríbe eile seachas san fharraige chríche nó sa réigiún tadhlach, lena n-áirítear an soitheach a thionlacan nó fanacht in aice láimhe go dtí go dtéann an long ar chúrsa eile;

(f)      an long nó na daoine ar bord a thabhairt chuig tríú tír nó an long a thabhairt ar láimh ar bhealach eile chuig údaráis an tríú tír sin;

(g)     an long nó na daoine ar bord a thabhairt chuig Ballstát aíochta nó Ballstát eile atá rannpháirteach san oibríocht.

2.           I gcás go bhfuil brat ar an long nó go bhfuil marc cláraithe air den Bhallstát aíochta nó den Bhallstát rannpháirteach uirthi, údaróidh an Ballstát sin, tar éis náisiúntacht na loinge a dheimhniú, na bearta a leagtar síos i mír 1.

3.           I gcás go bhfuil brat ar an long nó go bhfuil marc cláraithe uirthi de Bhallstát  nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige nó marc tríú tír, cuirfidh an Ballstát aíochta nó an Ballstát rannpháirteach, ag brath ar cén t-aonad rannpháirteach a rinne an long a thrascradh, an bratstát ar an eolas, iarrfaidh sé deimhniú cláraithe agus, má dheimhnítear an náisiúntacht, iarrfaidh sé údarú ón mbratstát chun aon bheart atá leagtha síos i mír 1 a dhéanamh.

4.           I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long den náisiúntacht chéanna leis an aonad rannpháirteach, cé go bhfuil brat eachtrannach uirthi nó go ndiúltaíonn sí brat a thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart na loinge chun a bhrat a úsáid. Chuige sin, féadfaidh leis druidim leis an long atá faoi amhras. Má mhaireann an t-amhras tar éis na doiciméid a sheiceáil, déanfaidh sé tuilleadh scrúdaithe ar bord na loinge, a chaithfear a dhéanamh ar an tslí is tuisceanaí is féidir. Déanfar teagmháil ar na bealaí cuí leis an mBallstát rannpháirteach a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long.

5.           I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long de náisiúntacht an Bhallstáit aíochta nó Ballstát rannpháirteach eile, cé go bhfuil brat eachtrannach uirthi nó go ndiúltaíonn sí brat a thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart na loinge chun a bhrat a úsáid.

6.           I gcás, i gcásanna dá dtagraítear i mír 4 nó i mír 5, ina mbíonn bunús leis an amhras maidir le náisiúntacht na loinge, údaróidh an Ballstát aíochta nó an Ballstát rannpháirteach na bearta a leagtar síos i mír 1.

7.           Ag feitheamh le húdarú an bhratstáit nó ina éagmais, déanfar faire ar an long ó fhad stuama. Ní ghlacfar aon bheart eile gan údarú sainráite an bhratstáit, seachas iad siúd atá riachtanach chun garchontúirt do bheatha daoine a mhaolú nó na bearta sin a eascraíonn ó chomhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha.

8.           I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil long gan náisiúntacht nó long a d'fhéadfadh a bheith asamhlaithe le long gan náisiúntacht páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, féadfaidh an t-aonad rannpháirteach an long a bhordáil agus a stopadh chun a staid gan stát a fhíorú. Má aimsítear go mbíonn bunús leis an amhras, is féidir tuilleadh beart arna leagan amach i mír 1 a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta.

9.           Ballstát a rinne aon bheart i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an bratstát ar an eolas láithreach maidir le torthaí an bhirt sin.

10.         An t-oifigeach náisiúnta a ionadaíonn don Bhallstát aíochta nó do Bhallstát rannpháirteach ag an Ionad Comhordaithe Náisiúnta, ainmneofar é faoin dlí náisiúnta mar údarás le haghaidh an údaraithe chun fíorú a dhéanamh ar cheart loinge chun brat an Bhallstáit lena mbaineann a úsáid nó chun aon cheann de na bearta i mír 1 a dhéanamh.

11.         I gcás nach mbíonn bunús leis an amhras go bhfuil long páirteach i smuigleáil imirceach ar an mórmhuir nó nach bhfuil dlínse ag an aonad rannpháirteach chun feidhmiú, ach go bhfuil amhras réasúnach ann fós go bhfuil daoine ar an long agus go bhfuil sé i gceist acu dul chomh fada le teorainn Bhallstáit agus chun dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, leanfar d'fhaireachán a dhéanamh ar an long. Cuirfidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta eolas faoin long in iúl d'Ionad Comhordaithe Náisiúnta na mBallstát ar a bhfuil sé dírithe.

Airteagal 8

Tascradh sa réigiún tadhlach

1.           Sa réigiún atá tadhlach le farraige chríche Ballstáit, atá ina Bhallstát aíochta nó ina Bhallstát rannpháirteach, déanfar na bearta arna leagan síos in Airteagal 6(1) i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

2.           Ní dhéanfar na bearta arna leagan síos in Airteagal 6(1) i réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach in oibríocht farraige gan údarú ón mBallstát sin. Cuirfear an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le haon chumarsáid leis an mBallstát sin agus aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin a údaraíonn an Ballstát sin.

3.           I gcás go bhfuil long gan stát ar idirthuras sa réigiún tadhlach, beidh feidhm ag Airteagal 7(8).

Airteagal 9

Cásanna cuardaigh agus tarrthála

1.           Le linn oibríochta farraige, tabharfaidh aonaid rannpháirteacha cúnamh d'aon long nó duine in anacair ar an bhfarraige. Déanfaidh siad amhlaidh gan aird ar náisiúntacht ná ar stádas an duine sin ná ar na cúinsí ina n-aimsítear an duine sin.

2.           Nuair a thagann aonad rannpháirteach, i gcúrsa oibríochta farraige, chuig cás neamhchinnteachta, práinne nó anacra maidir le long nó aon duine ar bord, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach ar aghaidh a luaithe agus is féidir gach eolas atá ar fáil chuig an Ionad Comhordaithe Tarrthála atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála ina dtarlaíonn an cás.

3.           Measfar long nó na daoine ar bord a bheith i gcás neamhchinnteachta go háirithe nuair:

(a)     atá amhras ann maidir le sábháilteacht loinge nó na daoine ar bord; nó

(b)     atá easpa eolais maidir le dul chun cinn nó suíomh loinge.

4.           Measfar long nó na daoine ar bord a bheith i gcás práinne go háirithe nuair:

(a)     atá amhras ann maidir le sábháilteacht loinge nó daoine ar bord mar gheall ar eolas go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ann, ach nach bhfuil siad chomh dona go bhfuil cás anacra dóchúil; nó

(b)     atá easpa eolais leanúnach maidir le dul chun cinn nó suíomh loinge.

5.           Measfar long nó na daoine ar bord a bheith i gcás anacra go háirithe nuair:

(a)     a fhaightear eolas dearfach go bhfuil long nó duine ar bord i gcontúirt agus go dteastaíonn cúnamh láithreach uathu; nó

(b)     a theipeann ar iarrachtaí le teagmháil a bhunú le long agus mar thoradh air sin gur dóchúil go bhfuil an long in anacair; nó

(c)     a fhaightear eolas a léiríonn go bhfuil éifeachtúlacht oibríochtúil na loinge lagaithe sa mhéid is go bhfuil cás anacra dóchúil.

6.           Agus measúnú á dhéanamh ar an gcás chun críocha mhír 3 go mír 5, cuirfidh aonaid rannpháirteacha gach gné ábhartha san áireamh, lena n-áirítear:

(a)     iarratas ar chúnamh a bheith ann;

(b)     muiracmhainneacht na loinge agus an dóchúlacht nach sroichfidh an long a ceann scríbe;

(c)     an líon paisinéirí i ndáil le cineál agus bail na loinge;

(d)     infhaighteacht na soláthairtí riachtanacha cosúil le breosla, uisce, bia chun an cladach a bhaint amach;

(e)     criú agus ceannasaí cáilithe a bheith ar an long;

(f)      infhaighteacht agus cumas trealamh sábháilteachta, loingseoireachta agus cumarsáide;

(g)     práinn a bheith le cúnamh leighis do phaisinéirí;

(h)     paisinéirí básaithe a bheith ann;

(i)      mná ag iompar clainne nó leanaí a bheith ann;

(j)      na coinníollacha aimsire agus farraige, lena n-áirítear réamhaisnéisí aimsire agus mara.

7.           Cuirfidh aonaid rannpháirteacha a measúnú ar an gcás in iúl láithreach don Ionad Comhordaithe Tarrthála freagrach. Agus iad ag fanacht le treoracha ón Ionad Comhordaithe Tarrthála, déanfaidh aonaid rannpháirteacha gach beart cuí chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a chinntiú.

8.           Ní bheidh cás anacra i gcónaí ag brath go hiomlán ar iarratas ar chúnamh, nó ní chinnfear é i gcónaí dá réir. I gcás go ndiúltaíonn na daoine ar bord cúnamh a ghlacadh, in ainneoin go meastar go bhfuil an long i gcás anacra, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach an tIonad Comhordaithe Tarrthála ar an eolas agus leanfaidh siad ag comhlíonadh dualgais cúraim trí fhéachaint ar an long ó fhad stuama agus tríd aon bheart a theastaíonn chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a chinntiú a dhéanamh, agus ag an am céanna ag seachaint aon ghníomh a chuirfeadh an cás chun donais nó a mhéadódh an seans go ngortófaí nó go gcaillfí duine.

9.           I gcás nach bhfreagraíonn Ionad Comhordaithe Tarrthála an tríú tír atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála an fógra a thugann an t-aonad rannpháirteach dóibh, déanfaidh an t-aonad teagmháil le hIonad Comhordaithe Tarrthála an Bhallstáit aíochta mura bhfuil Ionad Comhordaithe Tarrthála i suíomh níos fearr chun comhordú an cháis chuardaigh agus tarrthála a ghlacadh.

10.         Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas a luaithe agus is féidir maidir le haon teagmháil leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála agus na bearta a dhéanfaidh siad.

11.         I gcás nach féidir a mheas go bhfuil an long i gcás anacra níos mó nó má chríochnaítear an oibríocht chuardaigh agus tarrthála, rachaidh an t-aonad rannpháirteach, i gcomhairle leis an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, ar ais i mbun na hoibríochta farraige.

Airteagal 10

Díbhordáil

1.           Leagfar amach sa phlean oibríochtúil na rialacha mionsonraithe do dhíbhordáil na ndaoine tascartha nó tarrtháilte in oibríocht farraige. Ní bheidh feidhm ag na módúlachtaí sin chun oibleagáidí a chur ar Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach in oibríocht farraige mura dtugann siad údarú sainráite do bhearta atá le déanamh ina bhfarraige chríche nó ina réigiún tadhlach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) nó le hAirteagal 8(2).

2.           I gcás ina ndéantar tascradh i bhfarraige chríche nó i réigiún tadhlach arna leagan amach in Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(1), déanfar díbhordáil sa Bhallstát aíochta nó sa Bhallstát rannpháirteach a dtarlaíonn an tascradh ina uiscí críche nó ina réigiún tadhlach.

I gcás ina ndéantar tascradh i bhfarraige chríche nó i réigiún tadhlach arna leagan amach in Airteagal 6(4) nó Airteagal 8(2), déanfar díbhordáil sa Bhallstát a dtarlaíonn an tascradh ina uiscí críche nó ina réigiún tadhlach.

3.           Faoi réir fheidhmiú Airteagal 4, i gcás go ndéanfar tascradh ar an mórmhuir arna leagan amach in Airteagal 7, d'fhéadfaí díbhordáil a dhéanamh sa tríú tír ónar fhág an long. Murar féidir é sin a dhéanamh, déanfar díbhordáil sa Bhallstát aíochta.

4.           I gcásanna cuardaigh agus tarrthála a leagtar amach in Airteagal 9, comhoibreoidh na haonaid rannpháirteacha leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála freagrach chun caladh nó áit shábháilte chuí a chur ar fáil do dhaoine tarrtháilte agus chun a ndíbhordáil ghasta agus éifeachtach a chinntiú.

Gan dochar d'fhreagracht an Ionaid Chomhordaithe Tarrthála, áiritheoidh an Ballstát aíochta agus na Ballstáit rannpháirteacha a luaithe agus is féidir go sainaithnítear caladh nó áit shábháilte agus tosca ábhartha á gcur san áireamh, cosúil leis an bhfad chuig an gcaladh nó an áit shábháilte is cóngaraí, rioscaí agus cúinsí an cháis.

I gcás nach scaoiltear an t-aonad rannpháirteach óna oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a luaithe agus is féidir go praiticiúil, beidh sé údaraithe na daoine tarrtháilte a dhíbhordáil sa Bhallstát aíochta, agus sábháilteacht na ndaoine tarrtháilte agus sábháilteacht an aonaid rannpháirtigh féin á chur san áireamh.

5.           Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le láithreacht aon duine laistigh de bhrí Airteagal 4(1), agus cuirfidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta an t-eolas sin ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla. Ar bhonn an eolais seo, ba cheart go gcinnfeadh an plean oibríochtúil cé na bearta leantacha is féidir a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Cinneadh na Comhairle an 26 Aibreán 2010 ag forlíonadh Cód Teorainneacha Schengen maidir le faireachas ar theorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO L 111, 4.5.2010 lch. 20.

[2]               An Chomhairle Eorpach, Conclúidí Uachtaránachta 29-30 Deireadh Fómhair 2009.

[3]               Féach pointe 5.1 de Chlár Stócólm , “Bainistiú comhtháite ar theorainneacha seachtracha”, IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

[4]               Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 a bhunaíonn Cód Pobail ar na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine trasna teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

[5]               C-355/10: Parlaimint na hEorpa v. Comhairle an Aontais Eorpaigh ag http://curia.europa.eu/juris/liste.jsf?language=en&jur=C,T,F&num=C-355/10&td=ALL# (níl sé foilsithe i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí go fóill).

[6]               Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 a bhunaigh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

[7]               Doiciméad Inmheanach Oibre an Choimisiúin: Staidéar ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta i ndáil le himirce mhídhleathach ar an bhfarraige, SEC(2007) 691.

[8]               Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle a bhunaigh Gníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO L 304, 22.11.2011, lch. 1.

[9]               Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (Dlísheomra Mór) an 23 Feabhra 2012 (Uimh. Iarratais 27765/09); ag http://hudoc.echr.coe.int/sites/eng/pages/search.aspx?i=001-109231#{"itemid":["001-109231"]}

[10]             Rialaítear an réigiún tadhlach in Airteagal 33 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Is réigiún atá ann atá buailte leis an bhfarraige chríche agus ní féidir leis a bheith níos faide ná 24 muirmhíle ó na bonnlínte óna dtomhaistear leithead na farraige críche. Tá sé mar chuid de chrios geilleagrach eisiach nó den mhórmhuir, ag brath ar cibé acu ar fhógair an Stát cósta crios geilleagrach eisiach nó nár fhógair, agus is crios é ina bhfuil saoirse loingseoireachta i bhfeidhm. Cé nach bhfuil sé ina chuid d'fharraige chríche, is féidir leis an Stát cósta an smacht riachtanach a fheidhmiú chun aon sárú ar a chustaim, dlíthe agus rialacháin fioscacha, imirce nó sláintíochta laistigh dá chríocha nó farraige chríche a chosc nó pionós a ghearradh astu.

[11]             Rún MSC.167(78), arna ghlacadh an 20 Bealtaine 2004.

[12]             Rún 1821(2011) de Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa.

[13]             IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

[14]             IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

[15]             IO L 326, 13.12.2005, lch. 13.

[16]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[17]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[18]             IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[19]             IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

[20]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[21]             IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

[22]             IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[23]             IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

Top