This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0352
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on key information documents for investment products
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta
/* COM/2012/0352 final - 2012/0169 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta /* COM/2012/0352 final - 2012/0169 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Baineann an togra
seo le feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh infheistíochta le haghaidh
infheisteoirí miondíola. Tá táirgí
infheistíochta miondíola – lena n‑áirítear cistí infheistíochta, táirgí
struchtúrtha miondíola agus cineálacha áirithe conarthaí árachais a úsáidtear
chun críocha infheistíochta – bunriachtanach chun freastal ar an ngá atá ag
saoránaigh an AE le táirgí a chuideoidh leo coigilteas agus infheistíochtaí a
thiomsú, agus san am céanna cuireann siad le héifeachtúlacht na margaí caipitil
a chuidíonn chun fás eacnamaíoch an AE a chistiú. Ó thaobh faisnéise
faoi tháirgí infheistíochta de, tá éagothroime ann idir infheisteoirí miondíola
agus na daoine a cheapann na táirgí sin agus a dhíolann le hinfheisteoirí iad.
Dá bhrí sin, níl sé ar chumas na n‑infheisteoirí miondíola a leas féin a
chosaint. Is minic a chuirtear faisnéis atá mearbhlach agus róchasta os comhair
na n‑infheisteoirí sin i dtaobh na n‑infheistíochtaí a
d'fhéadfaidís a dhéanamh, agus is deacair na rioscaí agus na costais a
bhaineann leis na táirgí a mheasúnú agus comparáid a dhéanamh eatarthu.
Baineann sé sin an bonn d'éifeachtúlacht na margaí infheistíochta, agus bíonn
na praghsanna a íocann infheisteoirí níos mó dá dheasca. Ceannaíonn
infheisteoirí miondíola táirgí míchuí de dheasca an chleachtais sin chomh
mhaith, agus déantar aimhleas na n‑infheisteoirí sin de dheasca costas nó
caillteanas nach raibh aon choinne acu leo, de dheasca deiseanna a chailleann
siad nó, sa chás is measa, nuair a chailleann siad a gcoigilteas saoil, rud a
dhéanann dochar mór do leas an duine aonair agus an teaghlaigh. Tá éagsúlacht ann
i dtaobh na faisnéise a nochtar faoi láthair, ach braitheann sí ar fhoirm
dhlíthiúil an táirge, seachas ar a chineál eacnamaíoch nó ar na rioscaí
d'infheisteoirí miondíola a bhaineann leis. Bíonn éagsúlacht ag baint le
hinchomparáideacht, sothuigtheacht agus cur i láthair faisnéise, agus dá bhrí
sin is deacair don ghnáthinfheisteoir na comparáidí is gá a dhéanamh idir táirgí.
Go deimhin, is minic a bhíonn nochtadh faisnéise faoi tháirgí dírithe níos mó
ar rioscaí dlíthiúla a chumhdach le haghaidh an mhonaróra seachas ar fhaisnéis
atá éifeachtach, oscailte agus cothrom a sholáthar don chustaiméir ionchasach i
dtaobh táirge i bhfoirm ina bhféadfadh an custaiméir í a thuiscint agus a
úsáid. Bíonn an fhaisnéis – murab ionann leis an margaíocht – rófhada de ghnáth
agus ní leor mar a aibhsítear inti na príomhphointí eolais. Is léir i
bhfianaise na géarchéime airgeadais a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar
na saincheisteanna sin. Tá airgead caillte ag infheisteoirí miondíola le
hinfheistíochtaí lenar ghabh rioscaí nach raibh trédhearcach agus nár thuig na
hinfheisteoirí sin. Ina theannta sin, ba mhinic san am a chuaigh thart a
rinneadh táirgí infheistíochta miondíola, lena n‑áirítear táirgí
struchtúrtha miondíola nó conarthaí árachais chun críocha infheistíochta, a
mhargú le hinfheisteoirí miondíola in ionad táirgí simplí amhail cuntais
choigiltis, agus is minic a dhéantar é fós, cé nach dtuigeann infheisteoirí
miondíola na difríochtaí i gcónaí. Agus táthar á dhéanamh sin i gcomhthéacs
chliseadh muiníne na n‑infheisteoirí: thaispeáin suirbhé a rinneadh le
déanaí ar thomhaltóirí ar fud an AE gur lú an mhuinín a bhí acu as earnáil na
seirbhísí airgeadais ná a muinín as aon earnáil tionscail eile. Tá sé
ríthábhachtach an mhuinín sin a chur ar ais ar bhonn fónta. Dlúthchuid de sin
is ea feabhas a chur ar fhorálacha maidir le trédhearcacht sa dóigh go n‑oibreoidh
siad ar son infheisteoirí miondíola, trína gcuid riachtanas a chur san áireamh.
Tá céimeanna
nuálaíocha tugtha cheana féin ag an AE trí dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí
don infheisteoir a fhorbairt i gcás GCIUnna. Forbraíodh é sin ar bhealach nua,
ar bhonn tástála stóinsithe a rinneadh leis na hinfheisteoirí miondíola féin ar
chineálacha éagsúla cur chuige chun faisnéis a nochtadh, d'fhonn an fhaisnéis a
sholáthraítear a ghiorrú, a chuíchóiriú agus a fhócasú a oiread is féidir agus
d'fhonn a áirithiú gur féidir leis an ngnáthinfheisteoir miondíola an fhaisnéis
a thuiscint. Cé gur feabhsaíodh
nochtadh na faisnéise i gcás GCIUnna, ní amhlaidh an scéal i gcás fhormhór na
dtáirgí infheistíochta miondíola. Is é an cúram atá romhainn amach anois
aghaidh a thabhairt ar na táirgí sin: Ba cheart go bhfaigheadh infheisteoirí
miondíola san Eoraip faisnéis atá gearr, inchomparáide agus caighdeánach cibé
táirge infheistíochta atá siad a bhreithniú. Sa mheabhrán míniúcháin seo,
tugtar 'doiciméid faisnéise bunriachtanaí' ar na doiciméid ina nochtfar an
fhaisnéis sin dóibh. Spreagadh an togra
seo le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí uile-Eorpaigh nuair a d'iarr
Comhairle ECOFIN i mí na Bealtaine 2007 ar an gCoimisiún Eorpach scrúdú a
dhéanamh ar chomhsheasmhacht dhlí an AE maidir le cineálacha éagsúla táirgí
infheistíochta. Cuireadh
bailchríoch ar an gcéad chéim den obair nuair a ghlac an Coimisiún
Teachtaireacht in Aibreán 2009 maidir le Táirgí Infheistíochta Miondíola
Pacáistithe (PRIPanna). Bhain an Coimisiún de thátal sa Teachtaireacht sin nach
bhféadfaí timpeallacht rialála a bheadh inbhuanaithe agus sásúil a chur ar bun
i gcomhair díolacháin táirgí infheistíochta miondíola ná i gcomhair nochtadh
faisnéise fúthu ach amháin tríd an reachtaíocht a athrú ar an leibhéal Eorpach,
ós rud é go raibh an easpa rialacha éifeachtacha ar an leibhéal Eorpach mar
bhonn leis na neamhréireachtaí sna cleachtais i ngach earnáil. Thug an
Teachtaireacht dhá réimse ar aird ina raibh tuilleadh oibre ag teastáil: na
rialacha is infheidhme maidir le díolacháin, agus na rialacha maidir le
nochtadh faisnéise faoi tháirgí. Eascraíonn an togra seo ón dara sreabhadh
oibre sin, maidir le nochtadh faisnéise faoi tháirgí. Tá an togra i bhfoirm Rialacháin, agus beidh
bearta mionsonraithe tarmligthe/cur chun feidhme ag tacú leis. Sa Rialachán seo
leagtar síos na prionsabail ghinearálta i dtaobh an chur chuige agus an
inneachair. A bhuí leis na gníomhartha tarmligthe/cur chun feidhme atá
beartaithe chaighdeánófaí, a oiread ab fhéidir, cur i láthair na faisnéise arna
ceangal sa Rialachán seo. D'oiriúnófaí bearta de réir mar ba ghá, áfach, i
gcomhair sainghnéithe táirgí infheistíochta miondíola eile agus i gcomhair na
bpróifílí riosca éagsúla a bhaineann leo, chun a áirithiú go bhfaigheadh
custaiméirí miondíola an fhaisnéis bhunriachtanach a theastaíonn uathu i gcónaí
chun cinntí eolasacha a dhéanamh. Sa deireadh thiar, déanfar pacáiste de na
bearta mionsonraithe sin agus an Rialachán atá beartaithe. Beidh tionchar acu
ar na costais fhoriomlána a bhaineann leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí
a thabhairt isteach agus ar an ábhar sin déanfar measúnú tionchair
críochnaitheach ar na roghanna atá ann i gcomhair na mbeart sin. Is cuid é an togra seo de phacáiste reachtach
níos cuimsithí atá dírithe ar mhuinín tomhaltóirí sna margaí airgeadais a
atógáil. Tá dhá chuid eile sa phacáiste. Is éard atá sa chéad chuid ollchóiriú
ar Threoir 2002/92/CE maidir le hidirghabháil árachais chun a áirithiú go
mbainfidh custaiméirí tairbhe as leibhéal ard cosanta agus táirgí árachais á
gceannach acu. Tá an chuid dheireanach dírithe ar fheidhm an taiscí a neartú i
gcás GCIUnna – ar bunchloch é i gcomhair chosaint an infheisteora dá
bhforáiltear sa Treoir maidir le GCIUnna. Chun a áirithiú go leanfaidh an
bhunchloch sin de bheith éifeachtach, beartaítear leasuithe spriocdhírithe a
dhéanamh ar Threoir 2009/65/CE. Cuireann na bearta a mholtar sa Rialachán seo
maidir le nochtadh faisnéise faoi tháirgí, go háirithe, le bearta cosanta
d’infheisteoirí maidir le comhairle infheistíochta agus seirbhísí díolacháin.
Fad is a bhaineann le díolacháin taiscí struchtúrtha, tugadh aghaidh orthu sin
sa togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir
le margaí in ionstraimí airgeadais lena n‑aisghairtear Treoir 2004/39/CE[1]. Déileálfar go sonrach san
athbhreithniú ar an Treoir maidir le hidirghabháil árachais le feabhsú na
rialacha díolacháin i gcomhair táirgí árachais infheistíochta. 2. Torthaí an chomhairliúcháin leis na
páirtithe leasmhara agus measúnuithe tionchair Toradh é an
tionscamh ar chomhphlé cuimsitheach agus ar chomhairliúchán cuimsitheach leis
na páirtithe leasmhara ar fad. Rinneadh an
comhairliúchán sin in dhá chéim: bhí an chéad chéim ann tar éis na hiarrata ón
gComhairle agus roimh fhoilsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún in 2009. Ar
áireamh ann bhí éileamh scríofa ar fhianaise i nDeireadh Fómhair 2007,
Ráiteas Aiseolais i Márta 2008, ceardlann theicniúil a reáchtáladh le
hionadaithe ón tionscal i mBealtaine 2008, agus Éisteacht Oscailte ardleibhéil
in Iúil 2008. Bhí an dara céim den chomhairliúchán níos dírithe ar
eilimintí nithiúla den sreabhadh oibre a bhaineann le faisnéis a nochtadh, agus
tháinig an chéim sin tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún: reáchtáladh
ceardlann theicniúil eile i nDeireadh Fómhair 2009, agus foilsíodh
tuairisc chun dáta maidir leis an obair i Nollaig 2009. San am céanna leis
an saothar sin, d'oibrigh na trí choiste de mhaoirseoirí náisiúnta atá ar
leibhéal 3 (Coiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha, Coiste na
Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha agus Coiste na Rialtóirí um
Urrúis Eorpacha) as láimh a chéile chun a dtuairimí i dtaobh an ábhair a
fhorbairt. Ba é an chéad toradh ar a gcuid oibre trí thuarascáil earnála a
cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 18 Samhain 2009. Toisc gur
aithníodh go raibh sreabhadh oibre de chineál trasearnála i gceist, bunaíodh
Tascfhórsa comhpháirteach ar leibhéal 3 maidir le PRIPanna in 2009 agus chuir
an Tascfhórsa sin a Thuarascáil Deiridh faoi bhráid an Choimisiúin bliain ina
dhiaidh sin. Sheol an Coimisiún
comhairliúchán poiblí maidir le roghanna nithiúla i Samhain 2010. Fuair sé
thart ar 140 aighneacht agus foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin
iad. Sna freagraí ar an gcomhairliúchán sin léiríodh go bhfuil tacaíocht ann i
measc lucht tionscail, tomhaltóirí agus na mBallstát don tionscnamh agus don
chur chuige ginearálta atá beartaithe. Thar aon ní eile, bhain na héagsúlachtaí
idir na tuairimí le mionchoigeartú raon feidhme an chórais, agus leis an méid a
d’fhéadfaí an cur chuige a úsáidtear i ndáil le faisnéis bhunriachtanach don
infheisteoir i gcás GCIUnna, a chóipeáil i gcás infheistíochtaí miondíola eile. Comhlánaíodh na
comhairliúcháin sin le sraith pléití le hionadaithe tomhaltóirí (FIN‑USE,
Grúpa Tomhaltóirí na Seirbhísí Airgeadais, Grúpa Úsáideoirí na Seirbhísí
Airgeadais), le rialtóirí (an Coiste um Sheirbhísí Airgeadais, an Coiste
Eorpach um Urrúis, Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme
Eorpacha), agus le hionadaithe tionscail. Is forbairt an
togra seo ar an obair a rinne na trí choiste atá ar leibhéal 3 (Coiste na
Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha, Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin
Ghairme Eorpacha agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha[2]); ar thuairimí a cuireadh in
iúl le linn an chomhairliúcháin, lena n‑áirítear na ceardlanna agus na
cruinnithe le geallsealbhóirí, agus ar an taithí a fuarthas leis an gcóras
faisnéise bunriachtanaí d’infheisteoirí a forbraíodh i gcás GCIUnna. I gcomhréir lena
bheartas 'Rialáil Níos Fearr', d'ullmhaigh an Coimisiún measúnú tionchair ar na
roghanna beartais. Bhain na roghanna beartais le raon feidhme an chórais nua,
leis an méid caighdeánaithe a bheadh ann, le cé a bheadh freagrach as an
bhfaisnéis a nochtadh, agus le conas a áirithiú go gcuirfí an fhaisnéis ar fáil
d'infheisteoirí miondíola ar bhealach éifeachtach. Is ann do roinnt staidéar,
ceann nuálaíoch san áireamh inar díríodh ar léargas iompraíochta i dtaobh
infheisteoirí miondíola, a thacaigh leis an obair a rinneadh ar an measúnú
tionchair sin. Scrúdaigh an Bord
um Measúnú Tionchair an dréacht‑mheasúnú tionchair agus athbhreithníodh é
i gcomhréir leis an tuairim dhearfach an thug an Bord uaidh an 15 Aibreán 2011.
I measc feabhsuithe eile, rinneadh tuilleadh soiléirithe ar an gcaidreamh idir
an togra agus bearta eile maidir le cosaint tomhaltóirí, lena n‑áirítear
na bearta sin maidir le cleachtais díolacháin, rinneadh soiléiriú ar raon
nithiúil na dtáirgí agus na n‑eintiteas a mbeadh tionchar ag an togra
orthu, soiléiríodh tuilleadh an caidreamh a d'fhéadfadh a bheith ann idir an
togra agus réimsí eile de dhlí an Aontais, rinneadh an anailís ar roghanna a
fhorbairt agus a shíneadh, agus rinneadh coigeartú níos follasaí ar na
meastacháin ar chostais agus sochair chun a raibh déanta cheana i gcás GCIUnna
a chur san áireamh. Ina theannta sin, forbraíodh an anailís ar na tosca eile
atá ábhartha maidir le cinnteoireacht infheisteoirí chun a léiriú ar bhealach
níos follasaí nach bhfuil i nochtadh faisnéise d'infheisteoirí ach toisc
amháin, agus gur féidir leis an gcomhairleoir nó an díoltóir ról cinntitheach
nó ceannasach a imirt i dtaobh cinntí infheisteoirí in go leor cásanna
praiticiúla díolacháin. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Tá an togra seo
bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE. Leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha
ann maidir le nochtadh faisnéise faoi tháirgí d'infheisteoirí miondíola. Tá sé
mar aidhm aige a áirithiú go mbeidh infheisteoirí miondíola in ann
príomhghnéithe agus príomhrioscaí táirgí infheistíochta miondíola a thuiscint
agus comparáid a dhéanamh idir gnéithe táirgí éagsúla. San am céanna, tá sé mar
aidhm aige cothrom iomaíochta a áirithiú idir monaróirí táirgí infheistíochta
éagsúla agus lucht díolta na dtáirgí sin. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm aige
coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir leis an gcaoi a gcuirtear
infheisteoirí san Aontas ar an eolas faoi tháirgí infheistíochta trí mheán
doiciméid ghearr agus maidir leis an gcaoi a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil
dóibh. Dá bhrí sin, leis an togra seo déantar na coinníollacha oibriúcháin i
ndáil leis an bhfaisnéis faoi tháirgí infheistíochta a chomhchuibhiú le
haghaidh gach páirtí ábhartha sa mhargadh infheistíochta miondíola, monaróirí
táirgí infheistíochta, lucht díolta agus infheisteoirí. Níl cothrom
iomaíochta ann idir táirgí agus slite dáileacháin éagsúla toisc go bhfuil
rialacha éagsúla i bhfeidhm ag brath ar an tionscal a thairgeann na táirgí
infheistíochta agus ar an reachtaíocht náisiúnta agus cuireann sin tuilleadh
bacainní ar Mhargadh Aonair do sheirbhísí agus táirgí airgeadais. Tá bearta
éagsúla neamhchomhordaithe déanta cheana ag na Ballstáit ar an leibhéal
náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar laigí i mbearta cosanta d’infheisteoirí
agus is dealraitheach go leanfaí de sin. Tá méadú ag teacht ar an trádáil
trasteorann i dtáirgí infheistíochta miondíola, ach de dheasca cur chuige
éagsúil i ngach tír bheadh leibhéil éagsúla cosanta ag infheisteoirí, bheadh
costais ní b'airde agus bheadh éiginnteacht ann i measc soláthróirí agus
dáileoirí táirgí; agus bac a bheadh sa mhéid sin ar thuilleadh forbartha
trasteorann ar an margadh infheistíochta miondíola. Chun tuilleadh forbartha
den sórt sin a dhéanamh ba ghá a bheith in ann comparáid a dhéanamh go héasca
idir táirgí de chineálacha éagsúla ar fud an Aontais. De dheasca caighdeáin
éagsúla a bheith ann i ndáil le nochtadh faisnéise d'infheisteoirí bheadh sé an‑deacair
comparáid den sórt sin a dhéanamh. D'fhéadfadh caighdeáin éagsúla den sórt sin
bac a chur ar bhunsaoirsí agus tionchar díreach a imirt ar fheidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh mar gheall air sin. Léiríonn an taithí i réimse GCIUnna
go bhféadfaidh éagsúlacht idir na Ballstáit maidir lena gcur chuige i leith
faisnéis a nochtadh saobhadh mór a dhéanamh ar iomaíocht. Dá dhroim sin, is é
Airteagal 114 den CFAE an bunús dlí is iomchuí. Meastar gurb iomchuí agus gur
gá an togra seo a bheith i bhfoirm rialacháin, ionas gur féidir leis an
tionscnamh seo a chuspóir a bhaint amach. Ní bhaineann an beart seo ach le
nochtadh faisnéise d'infheisteoirí miondíola. Ní bhaineann sé le cearta ná le
hoibleagáidí eile de chuid monaróirí táirgí, daoine a dhíolann táirgí
infheistíochta ná infheisteoirí a mbeadh Treoir ní b'oiriúnaí mar ionstraim
dhlíthiúil dóibh. Is léir ón taithí atá faighte, má tá faisnéis chaighdeánach
le bheith i nochtadh faisnéise faoi tháirge d'fhonn a chur ar chumas
infheisteoirí comparáid a dhéanamh idir táirgí infheistíochta éagsúla, nach
féidir é sin a bhaint amach ach amháin trí fhorálacha atá infheidhme go díreach
gan gá do na Ballstáit aon bhearta breise cur chun feidhme a dhéanamh. Dá
dtiocfadh neamhréir ar ábhar agus ar fhoirm nochtadh na faisnéise ó Bhallstát
go Ballstát de thoradh trasuite Treorach, ní bheadh cothrom iomaíochta ann i
gcomhair rannpháirtithe sa mhargadh agus ní bheadh an leibhéal céanna cosanta ann
d’infheisteoirí. Tá sé den tábhacht go gcuireann an rialachán seo oibleagáidí
díreacha ar pháirtithe príobháideacha maidir le hullmhú nó le soláthar an
nochta faisnéise agus níor cheart raon feidhme na n‑oibleagáidí sin a
bheith ag brath ar bhearta náisiúnta cur chun feidhme. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht De réir
phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha síos in Airteagal 5(3) den CAE,
níor cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an AE ach amháin sa chás nach
bhféadfaidh na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go
leormhaith ina n‑aonar agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó
éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a bhaint
amach ar leibhéal an AE. Ní féidir
aidhmeanna an togra seo, mar atá cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud an AE i
measc monaróirí éagsúla táirgí agus daoine a dhíolann táirgí infheistíochta
agus leibhéal aonfhoirmeach cosanta a bhunú d’infheisteoirí trí rialacha
comhchuibhithe a leagan síos maidir le trédhearcacht, a bhaint amach trí ghníomhaíocht
ar leibhéal na mBallstát. Féadfaidh tionscnaimh náisiúnta tionchar dearfach a
imirt ar chosaint d’infheisteoirí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann. Ach
bíonn tionscnaimh náisiúnta srianta don chríoch náisiúnta ábhartha ó nádúr.
Thairis sin, tá riosca ann nach mbeadh an cur chuige céanna ann i gcónaí maidir
le nochtadh faisnéise d'infheisteoirí. Dá dheasca sin ní bheadh cothrom
iomaíochta ann ar fud an Aontais i gcomhair monaróirí táirgí infheistíochta
agus daoine a dhíolann táirgí infheistíochta agus ní bheadh leibhéal cothrom
cosanta d’infheisteoirí ann ar fud an AE i ndáil le nochtadh faisnéise
d'infheisteoirí. Dá bhrí sin, teastaíonn gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach. I gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) den CAE), is gá agus is
iomchuí chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach prionsabail a leagan
síos a bhaineann le hinneachar agus le foirm nochtadh na faisnéise faoi tháirgí
infheistíochta miondíola, chomh maith le rialacha maidir leis an bhfaisnéis sin
a tharraingt suas agus a sholáthar d'infheisteoirí miondíola. Ba cheart
ceanglais den sórt sin a fhorbairt tuilleadh ar leibhéal 2, ionas go
bhféadfar leibhéal riachtanach comhsheasmhachta a bhaint amach maidir le bearta
le go n‑éascófar comparáidí idir táirgí infheistíochta ar de thionscnamh
earnálacha éagsúla tionscail iad. 3.3. Comhlíonadh
Airteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE Ón 1 Eanáir 2011 tá feidhm ag na
Rialacháin lena mbunaítear na trí údarás maoirseachta Eorpacha, mar atá an
tÚdarás Eorpach Baincéireachta, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin
Ghairme agus an tÚdarás Eorpach Urrús agus Margaí[3]. Ina thaobh sin, is mian leis
an gCoimisiún na ráitis a rinne sé i ndáil le hAirteagal 290 agus le
hAirteagal 291 den CFAE a mheabhrú, ar ráitis iad a rinne sé tráth a
glacadh na Rialacháin an 23 Meán Fómhair 2009. De réir na ráiteas
sin: "Maidir leis an bpróiseas chun caighdeáin rialála a ghlacadh, tugann
an Coimisiún le fios go láidir go bhfuil carachtar uathúil ag earnáil na
seirbhísí airgeadais, atá ag eascairt as struchtúr Lamfalussy agus a dtugtar
aitheantas dó go sainráite i nDearbhú 39 a ghabhann leis an CFAE. Mar sin
féin, tá an‑amhras go deo ar an gCoimisiún an bhfuil na srianta atá ar a
ról, agus gníomhartha tarmligthe agus bearta cur chun feidhme á nglacadh aige,
ag teacht le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE." 3.4. Míniú mionsonraithe ar an
togra 3.4.1. Táirgí infheistíochta ar
cheart doiciméad faisnéise bunriachtanaí a bheith ag gabháil leo nuair a
dhíoltar iad le hinfheisteoirí miondíola Féadtar táirgí
infheistíochta a mhonarú chun foirmeacha dlíthiúla éagsúla a thógáil, sa chaoi
go ndéantar an tairscint infheistíochta chéanna thar earnálacha éagsúla. Mar
gheall ar an monarú sin, féadann an dealramh a bheith ar na táirgí go bhfuil siad
an‑difriúil, fiú nuair a bhíonn na bunchuspóirí eacnamaíocha a bhaineann
leo cosúil lena chéile (e.g. féadtar an dealramh a bheith ar chiste, ar thaisce
agus ar chonradh árachais aonad‑nasctha go bhfuil siad an‑difriúil
ó chéile, ach d'fhéadfaí iad a úsáid ar an mbealach céanna chun an tairscint
infheistíochta chéanna a sholáthar). Is é an aidhm bhunúsach chéanna atá ag na
táirgí sin ar fad: carnadh caipitil atá os cionn an ráta atá saor ó riosca. Cé
go bhfuil éagsúlacht i measc na dtáirgí sin maidir leis an méid a thairgeann
siad – le roinnt acu tairgtear ráthaíocht chaipitil chomh maith le carnadh
caipitil, rud nach bhfuil fíor faoi chinn eile; le roinnt eile acu cuirtear gné
eile le gné na hinfheistíochta (amhail sochair árachais saoil) - díoltar iad ar
fad le hinfheisteoirí miondíola nuair a théann siad i dteagmháil le
hidirghabhálaithe airgeadais nó go díreach le monaróirí táirgí le haghaidh
táirgí a thugann aghaidh ar a riachtanais carntha caipitil. Le táirgí
infheistíochta den sórt sin, bíonn an t‑infheisteoir gan chosaint ar
luaineachtaí i luach margaidh sócmhainní nó sna díbhinní a shaothrófar ó
shócmhainní. Ach níl an easpa cosanta sin de chineál díreach, ar nós nuair a
cheannaíonn infheisteoir sócmhainní sonracha iontu féin. Ina áit sin idirghabhann
na táirgí sin agus lucht a ndéanta idir an t‑infheisteoir agus na margaí,
trí bhíthin na sócmhainní sin "a chuachadh", nó trí mheicníochtaí
eile nach bhfuil mar an gcéanna le sealúchas díreach ("pacáistiú"). I
measc na meicníochtaí sin tá teicníochtaí amhail comhthiomsú caipitil ó roinnt
infheisteoirí ionas gur féidir comhinfheistíochtaí a dhéanamh, nó neamhchosaint
a dhearadh trí ionstraimí díorthacha a úsáid. Féadann na teicníochtaí sin cur
le castacht, costais agus doiléire an táirge. Ach féadann siad cur le scaipeadh
riosca agus le sochair eile nach mbeadh ar fáil don infheisteoir ina aonar;
cuireann siad ar chumas gnáthinfheisteoirí a bheith rannpháirteach i margaí
infheistíochta ar bhealach níos éifeachtúla, rud a fhágann go bhfuil na margaí
caipitil níos doimhne agus go bhfuil deiseanna níos fearr ann d'infheisteoirí
atá ag iarraidh a n‑infheistíochtaí a éagsúlú. Chun gach táirge den sórt
sin a chuimsiú, leis an sainmhíniú ar tháirgí infheistíochta atá sa Rialachán
seo tagraítear go díreach don fhoirm "pacáistithe" sin. Sa
Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Aibreán 2009 rinneadh tagairt shonrach do
tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe (PRIPanna); tar éis
comhairliúchán, sa Rialachán seo cuirtear an bhéim sin ar infheistíochtaí
pacáistithe chun feidhme trí thagairt a dhéanamh do chineál neamhdhíreach na
sealúchas sócmhainní. Chuimseofaí i
sainmhíniú den sórt sin táirgí a bhfuil ráthaíochtaí caipitil acu, agus na
táirgí sin a bhfuil ráthaíocht ar chuid den toradh acu freisin, sa bhreis ar
ráthaíocht ar an gcaipiteal; cistí infheistíochta, bídís ina GCUInna iata nó
neamhiata; gach táirge struchtúrtha, cibé foirm ina bhfuil siad (e.g.
pacáistithe mar pholasaithe árachais, cistí, urrúis nó táirgí baincéireachta),
táirgí árachais a gcinntear a luachanna géilliúna go hindíreach trí thorthaí ó
infheistíochtaí dílse na cuideachta árachais nó fiú amháin trí bhrabúsacht na
cuideachta árachais féin chomh maith le hionstraimí díorthacha. Féadfar roinnt
de na táirgí sin a úsáid mar tháirgí pinsin míondíola aonair, i.e. mar mheáin
carntha caipitil chun críocha pleanála scoir. De dhroim
sainmhínithe den sórt sin, ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an
Rialachán seo: - táirgí a bhfuil
an ráta cruinn toraidh leagtha síos roimh ré dóibh i gcomhair shaolré iomlán an
táirge, ós rud é nach bhfuil an méid is iníoctha faoi réir luaineachtaí i
luachanna sócmhainní eile (ní ann d'aon riosca infheistíochta); - gnáthscaireanna
agus gnáthbhannaí, sa mhéid is nach bhfuil meicníocht ag baint leo seachas
sealúchas díreach ar na sócmhainní ábhartha; - taiscí nach
bhfuil 'struchtúrtha', i.e. taiscí a chinntear trí ráta úis amhail EURIBOR nó
LIBOR; - táirgí árachais
nach soláthraíonn ach sochair árachais, amhail táirgí árachais cosanta simplí
nó táirgí árachais neamhshaoil, nach soláthraíonn aon luach géilliúna atá
neamhchosanta ar luaineachtaí i bhfeidhmíocht bunsócmhainne amháin nó níos mó
nó i bhfeidhmíocht luachanna tagartha; - scéimeanna
pinsin ghairme atá cumhdaithe ag Treoir 2003/41/CE nó ag Treoir 2009/138/CE. - táirgí pinsin a
gcleanglaítear ranníocaíocht airgeadais ón bhfostóir ina leith sa dlí náisiúnta
agus nach bhfuil aon rogha ag an bhfostaí maidir le soláthraí an táirge pinsin. Níorbh ábhartha
chun raon feidhme a chinneadh na meicníochtaí lena ndéantar díbhinní a íoc:
bheadh na táirgí ar fad óna bhfaightear toradh, nó a sholáthraíonn díbhinn
aonair tráth a n‑aibíochta, nó a ghlacann socrú éigin eile, bheidís ar
fad faoin raon feidhme sa mhéid go dtagann siad faoin sainmhíniú ginearálta. Ní dhéantar aon
tagairt sa sainmhíniú do tháirge a bheith beartaithe d'úsáid mhiondíola, cé go
gceaptar go leor táirgí infheistíochta do chustaiméirí miondíola go sainiúil.
Is amhlaidh an scéal toisc go bhféadfaidh sé nach gcinntear an eilimint
mhiondíola ach ag an bpointe díolacháin, nuair a dhíolann an dáileoir táirge
infheistíochta áirithe le custaiméir miondíola, nó nuair a thugann sé comhairle
mar gheall air. Níor mhór an nochtadh faisnéise a chur i bhfeidhm áfach, pé
uair a dhíolfaí táirge atá laistigh den raon feidhme le hinfheisteoir
miondíola. 3.4.2. An fhreagracht as an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a ullmhú – Airteagal 5 Tá sé sainráite sa
togra gur ar mhonaróir an táirge infheistíochta, laistigh de bhrí an
Rialacháin, atá an fhreagracht an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú:
ciallaíonn sé sin duine a tháirgeann táirge infheistíochta ach ina theannta sin
duine a bhfuil athrú substainteach déanta aige ar struchtúr riosca nó costais
táirge infheistíochta a bhí ann cheana. (Bheadh eintiteas a chumascfadh táirgí
éagsúla ina mhonaróir táirge). Leis an sainmhíniú sin cumhdaítear an cás nach
mbeadh smacht ar an táirge deiridh ag bunmhonaróir táirge airgeadais ar leith.
Ní bhogtar an fhreagracht ar an dóigh sin de dhroim gach athrú a dhéantar ar an
mbuntáirge. Meastar mar athmhonarú an táirge iad, mar atá soiléirithe in
Airteagal 4, athruithe a dhéanann difear suntasach do phríomhghnéithe an táirge
infheistíochta amhail a phróifíl riosca agus luaíochta nó a chostais, áfach. De
dhroim cuid den nochtadh faisnéise nó an nochtadh faisnéise ina iomláine a
tharmligean chuig tríú páirtithe, mar a tharlódh mar shampla i gcás
comhoibrithe le dáileoirí, ní dhéanfar aon difear d'fhreagracht fhoriomlán
mhonaróir an táirge maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí. 3.4.3. Foirm agus ábhar an doiciméid
faisnéise bunriachtanaí – Airteagal 6 go hAirteagal 11 Leis an togra seo
déantar prionsabail chóras an doiciméid faisnéise bunriachtanaí don
infheisteoir i gcás GCUInna a thabhairt isteach i gcás gach táirge
infheistíochta miondíola eile – ba cheart an chuma chaighdeánaithe chéanna a
bheith ar gach doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus ba cheart a n‑inneachar
a bheith dírithe ar fhaisnéis bhunriachtanach a chuirtear i láthair ar bhealach
coiteann, chun inchomparáideacht faisnéise agus tuiscint infheisteoirí
miondíola ar an bhfaisnéis a chur chun cinn. Ba cheart an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fheiceáil mar dheis chun cumarsáid
éifeachtach a dhéanamh ar bhealach simplí le daoine a d'fhéadfadh a bheith ina n‑infheisteoirí.
Dá bhrí sin tá treoracha follasacha sa togra maidir le foirm agus friotal an
doiciméid: ní mór doiciméad gearr a bheith ann, atá scríofa ar bhealach comair
i bhfriotal neamhtheicniúil a sheachnaíonn béarlagair, sa chaoi gur féidir leis
an ngnáthinfheisteoir miondíola é a thuiscint; ní mór é a bheith tarraingthe
suas i bhformáid choiteann sa chaoi go bhféadfaidh infheisteoirí comparáid a
dhéanamh go héasca idir táirgí infheistíochta éagsúla. Ba cheart doiciméad
neamhspleách a bheith sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí sa mhéid is nár
cheart go mbeadh ar infheisteoirí miondíola doiciméid eile a léamh chun
príomhghnéithe an táirge infheistíochta a thuiscint agus cinneadh
infheistíochta eolasach a dhéanamh, agus ba cheart dealú soiléir a bheith ann
idir é agus ábhair mhargaíochta. Sonraítear sa
togra eilimintí bunúsacha an táirge infheistíochta ar cheart tuairisc a
thabhairt orthu sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí: ainm an táirge agus a
mhonaróra, cineál agus príomhghnéithe an táirge, lena n‑áirítear an seans
go gcaillfidh na hinfheisteoirí caipiteal, a phróifíl riosca agus luaíochta, a
chostais, agus a fheidhmíocht san am atá caite, de réir mar is iomchuí. Féadfar
faisnéis eile a chur isteach i gcás táirgí sonracha, agus ba cheart faisnéis
faoi thorthaí a d'fhéadfadh an bheith ann sa todhchaí a sholáthar i gcás táirgí
pinsin phríobháidigh. Tá formáid choiteann agus seicheamh coiteann ranna
leagtha amach sa togra chun inchomparáideacht a chur chun cinn. Tá sé
ríthábhachtach nach gcuirfear isteach sa doiciméad ach íosmhéid faisnéise, nó
beidh an doiciméad róchasta don infheisteoir miondíola. Chun a fhoirm ghearr a
chaomhnú, níor cheart aon fhaisnéis bhreise a chur sa doiciméad faisnéise
bunriachtanaí. Ba cheart na
ceanglais sin a bheith tacaithe le gníomhartha tarmligthe agus le
modheolaíochtaí tacaithe chun nochtadh faisnéise achomair maidir le rioscaí
agus costais atá sonraithe sna caighdeáin theicniúla a ríomh. A bhuí le cur
chuige den sórt sin bheifí in ann uasleibhéal comhsheasmhachta agus
inchomparáideachta a bhaint amach maidir le nochtadh faisnéise a bheadh i
gcomhréir le héagsúlacht na dtáirgí atá faoi raon feidhme an chórais. Meastar
go bhféadfadh tionscnaimh bhreise thacaíochta cur go mór le rath an tionscnaimh
seo, mar shampla, d'fhéadfaí gluaiseanna coiteanna téarmaí a fhorbairt nó dea‑chleachtais
a roinnt i dtaobh friotail shoiléir. Thairis sin, tá
bearta sa togra maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a choinneáil
cothrom le dáta agus maidir le tagairtí iomchuí a dhéanamh dó san fhaisnéis mhargaíochta
a ghabhann le táirgí. Soiléirítear sa
togra an dliteanas atá ar mhonaróir an táirge infheistíochta maidir leis an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus an dualgas cruthúnais ina leith sin: is
ar mhonaróir an táirge atá sé a léiriú gur chomhlíon sé an Rialachán i gcás ina
ndéanfaidh infheisteoir miondíola éileamh. 3.4.4. Oibleagáid an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a sholáthar – Airteagal 12 go hAirteagal 13 Tá sé ina cheangal
sa togra nach mór an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a thabhairt don
infheisteoir miondíola (seachas gan ach é a thairscint dó nó di). An té a
dhíolfaidh an táirge d'infheisteoirí miondíola (cibé acu dáileoir nó monaróir
an táirge i gcás díolachán díreach atá ann) ní mór dó an nochtadh faisnéise a
dhéanamh don infheisteoir ionchasach in am trátha sula gcuirfear díolachán i
gcrích. Tá sé ríthábhachtach go soláthrófar an doiciméad in am trátha; le go
mbeidh sé éifeachtach ní mór an doiciméad a sholáthar sula ndéanfar cinneadh
infheistíochta. Foráiltear sa Rialachán atá beartaithe, áfach, maidir le roinnt
solúbthachta i dtaobh cathain a dhéantar an doiciméad a thabhairt i gcás
cineálacha áirithe dáileacháin nach ndéantar 'duine le duine'. Thairis sin, tá
ceanglais sa togra maidir leis na meáin a úsáidfear chun an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí a sholáthar d'infheisteoirí miondíola, lena n‑áirítear
coinníollacha atá ceaptha chun meáin nach páipéar iad a cheadú. Tá na ceanglais
sin dírithe ar a áirithiú gurb iomchuí na meáin sin don díolachán agus ar
rochtain leanúnach an infheisteora mhiondíola ar an bhfaisnéis sa todhchaí a
áirithiú. Chun torthaí comhsheasmhacha a bhaint amach, déanfar mionsonraí
maidir le modh, am agus coinníollacha an nochta faisnéise d'infheisteoirí
miondíola a shoiléiriú trí ghníomhartha tarmligthe. 3.4.5. Gearáin, sásamh agus comhar –
Airteagal 14 go hAirteagal 17 Tá bearta sa togra
seo chun a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta um ghearráin atá éifeachtach ag
monaróirí táirgí infheistíochta agus ar leibhéal na mBallstát. Thairis sin, tá
bearta ann chun rochtain éifeachtach a áirithiú ar nósanna imeachta um réiteach
díospóide agus ar shásamh. Mar gheall ar
chineál trasearnála an togra seo, lena n‑áirítear baincéireacht, árachas,
urrúis agus táirgí ciste, is gá comhar feabhsaithe éifeachtúil idir údaráis
inniúla i ngach earnáil. 3.4.6. Smachtbhannaí agus bearta
riaracháin - Airteagal 18 go hAirteaga 22 Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le
smachtbhannaí[4]
dearbhaíodh gur faoi na húdaráis náisiúnta atá sé thar aon duine eile a
áirithiú go gcuirtear rialacha an AE i bhfeidhm go hiomchuí, mar is orthusan
atá an mhortabháil cosc a chur ar institiúidí airgeadais rialacha an AE a
shárú, agus smachtbhannaí a chur ar sháruithe a dhéantar ina ndlínse, ach
aibhsíodh inti san am céanna an bealach comhordaithe comhtháite ar ar cheart
d'údaráis náisiúnta gníomhú. I gcomhréir leis an Teachtaireacht sin agus ag
leanúint de thionscnaimh eile ar leibhéal an AE san earnáil airgeadais, tá
forálacha sa togra seo maidir le smachtbhannaí agus bearta a bhfuil sé mar
aidhm acu cur chuige comhchuibhithe a thabhairt isteach maidir le smachtbhannaí
chun comhsheasmhacht a áirithiú. Tá sé tábhachtach go gcuirfí smachtbhannaí
agus bearta riaracháin i bhfeidhm mura gcomhlíontar príomhfhorálacha an togra
seo agus go mbeadh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach,
comhréireach agus athchomhairleach. 3.4.7. Foráil idirthréimhseach maidir
le GCUInna agus clásal athbhreithnithe – Airteagal 23 go
hAirteagal 25 Ós rud é gur tugadh isteach an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí i gcomhair infheisteoirí i gcás GCUInna le déanaí, ní
bheadh sé comhréireach ceanglais an Rialacháin seo maidir le doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a chur i bhfeidhm maidir le GCUInna ag an gcéim seo. Ar
an gcúis sin, tá foráil idirthréimhseach tugtha isteach ionas go mbeidh GCUInna
in ann leanúint de bheith ag úsáid an doiciméid faisnéise bunriachtanaí don
infheisteoir i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ar feadh cúig bliana ó
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ag an gcéim sin, bheadh an Coimisiún in ann a
mheasúnú cén chaoi ar cheart GCUInna a láimhseáil agus más amhlaidh gur cheart
leasú a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir i
gcás GCUInna, cén chaoi ar cheart é sin a dhéanamh d'fhonn a oiread
inchomparáideachta agus is féidir a bhaint amach idir GCUInna agus táirgí
infheistíochta eile atá faoi réir an doiciméid faisnéise bunriachtanaí faoin
Rialachán seo. Seachas coigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar inneachar an
doiciméid faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir i gcás GCUInna a
shainaithint, is féidir roinnt roghanna a shamhlú chun na coigeartuithe sin a
sholáthar ar shlí iomchuí. Ceann amháin de na roghanna a bheadh ann socruithe
idirthréimhseacha an Rialacháin seo a shíneadh, ionas go leanfadh GCUInna de
bheith faoi réir cheanglais Threoir 2009/65/CE amháin - cé go bhféadfaí na
ceanglais sin a choigeartú chun inchomparáideacht faisnéise a áirithiú. Rogha
eile í Treoir 2009/65/CE a leasú trí na forálacha maidir leis an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir i gcás GCUInna a aisghairm, agus na
rialacha substainteacha maidir le faisnéis a nochtadh i gcás GCUInna a aistriú
go dtí an Rialachán seo. Rogha dheireanach eile í na rialacha substainteacha
maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir i gcás
GCUInna a fhágáil faoin gcreat atá ann do GCUInna, ach a bhunú go bhfuil an
doiciméad sin coibhéiseach leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcás
PRIPanna atá faoin Rialachán seo. D'fhéadfaí a áireamh i measúnú na roghanna,
más gá, sainaithint aon athruithe is gá a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí faoin Rialachán seo. Foráiltear sa Rialachán seo go ndéanfar
athbhreithniú ar éifeachtacht a chuid beart tar éis ceithre bliana. Mar sin de
beidh an t‑athbhreithniú sin ann roimh dheireadh na hidirthréimhse
thuasluaite ionas go bhféadfar tátail a bhaint cheana féin maidir leis an
gcóireáil is iomchuí do GCUInna. Ba cheart a mheas freisin le linn an
athbhreithnithe ar cheart raon feidhme an Rialacháin a leathnú tuilleadh chun
táirgí infheistíochta nua nó nuálaíocha atáthar á dtairiscint san Aontas a
chumhdach. 3.4.8. Caidreamh le dlíthe eile an
Aontais maidir le faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí I ndáil le ceanglais eile i ndlí an Aontais
maidir le nochtadh faisnéise, ba cheart a thabhairt faoi deara gur doiciméad
nochta nua is ea an doiciméad faisnéise bunriachtanaí atá ceangailte de réir an
Rialacháin seo agus go mbeidh sé deartha ar bhealach a bheidh curtha in
oiriúint go sainiúil, ó thaobh a inneachair agus a dheartha de, do riachtanais
na ngnáthinfheisteoirí miondíola agus scrúdú agus comparáid á ndéanamh acu ar
tháirgí infheistíochta éagsúla sula n‑infheistíonn siad. Dá bhrí sin, níl
dearadh ná cuspóir an doiciméid go hiomlán mar an gcéanna le ceanglais eile
maidir le nochtadh faisnéise amhail an achoimre faoin Treoir Réamheolaire nó na
ceanglais maidir le nochtadh faisnéise faoi Shócmhainneacht II. Tá sé
d'aidhm ag an nochtadh faisnéise sna cásanna sin cuspóirí eile a bhaint amach,
sa bhreis ar fhaisnéis bhunriachtanach a thabhairt d'infheisteoirí miondíola,
amhail trédhearcacht a áirithiú i dtaobh margaí airgeadais nó léargas iomlán a
áirithiú ar na mionsonraí ar fad a bhaineann le conradh atá beartaithe. Ar an
ábhar sin, ní fhéadfaí an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur in ionad na
gceanglas eile sin go héasca, agus úsáidfear é sa bhreis orthu dá bhrí sin.
Léireoidh an taithí a gheofar le ceanglais an Rialacháin seo, áfach, ar cheart
ceanglais an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a fhorbairt tuilleadh, lena gcur
in ionad an nochta faisnéise atá ceangailte faoi dhlíthe eile an Aontais mar
shampla. Thairis sin, beidh ceanglais an doiciméid
faisnéise bunriachtanaí in úsáid san am céanna le ceanglais na Treorach maidir
le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus na Treorach maidir le
ríomhthráchtáil. Baineann ceanglais na Treorach maidir le cianmhargú le
seirbhísí agus comhlánann ceanglais na Treorach maidir le ríomhthráchtáil
ceanglais faisnéise eile faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ní imreoidh an
Rialachán seo aon tionchar ar na Treoracha sin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon impleachtaí ann do bhuiséad an AE sa
mhéid is nach dteastóidh aon chistiú breise ná aon phoist bhreise chun na
cúraimí atá i gceist a chur i gcrích. Tá na cúraimí atá beartaithe i gcomhair
na nÚdarás Maoirseachta Eorpach laistigh de raon na bhfreagrachtaí atá ar na
hÚdaráis sin cheana, agus, dá bhrí sin, is leor an leithdháileadh acmhainní
agus foirne dá bhforáiltear sna ráitis airgeadais reachtacha atá formheasta i
gcomhair na nÚdarás sin chun na cúraimí sin a chur i gcrích. 2012/0169 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i
gcomhair táirgí infheistíochta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[5], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[6],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[7],
Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá méadú ag teacht i gcónaí
ar raon leathan na gcineálacha táirgí infheistíochta atá ar fáil
d'infheisteoirí miondíola atá ag smaoineamh faoi infheistíocht a dhéanamh. Is
minic a sholáthraíonn na táirgí sin réitigh infheistíochta sonracha atá
saincheaptha do riachtanais infheisteoirí miondíola, ach bíonn siad casta agus
deacair a thuiscint go minic. I láthair na huaire tá an dóigh a ndéantar
faisnéis faoi tháirgí infheistíochta den sórt sin a nochtadh neamhchomhordaithe
agus is minic nach cuidiú ar bith í an fhaisnéis d’infheisteoirí miondíola chun
comparáid a dhéanamh idir na táirgí éagsúla, agus chun gnéithe na dtáirgí a
thuiscint. Dá dhroim sin, tá roinnt mhaith infheistíochtaí déanta ag
infheisteoirí miondíola a raibh rioscaí agus costais ag baint leo nár thuig na
hinfheisteoirí sin ina n‑iomláine, agus dá bhrí sin bhain roinnt
caillteanas dóibh nach raibh coinne leo. (2) Beart tábhachtach cosanta
d’infheisteoirí is ea feabhsú na bhforálacha maidir le trédhearcacht na dtáirgí
infheistíochta a thairgtear d'infheisteoirí miondíola agus tá gá leis chun
muinín na n‑infheisteoirí miondíola a chur ar ais sa mhargadh airgeadais.
Cuireadh tús leis an obair sin ar leibhéal an Aontais le forbairt an chórais
faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir a bunaíodh le Treoir 2009/65/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir
le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais
i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna)[8]. (3) Níl cothrom iomaíochta ann
idir táirgí agus slite dáileacháin éagsúla toisc go bhfuil rialacha éagsúla i
bhfeidhm ag brath ar an tionscal a thairgeann na táirgí infheistíochta agus ar
an reachtaíocht náisiúnta agus cuireann sin tuilleadh bacainní ar Mhargadh
Aonair do sheirbhísí agus táirgí airgeadais. Tá gníomhartha éagsúla
neamhchomhordaithe déanta cheana ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar
laigí i mbearta cosanta d’infheisteoirí agus is dócha go leanfaí leis an
bhforbairt sin. Tá na cineálacha éagsúla cur chuige a úsáidtear chun faisnéis
faoi tháirgí infheistíochta a nochtadh ina mbac ar chothrom iomaíochta a
fhorbairt idir monaróirí táirgí infheistíochta éagsúla agus lucht díolta na
dtáirgí sin agus mar sin de déantar iomaíocht a shaobhadh. Sa dóigh chéanna,
d'fhágfaí nach dtabharfaí an leibhéal céanna cosanta d'infheisteoirí ar fud an
Aontais. Bacainn atá sna héagsúlachtaí sin ar bhunú agus ar fheidhmiú rianúil
an Mhargaidh Aonair. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den CFAE an bunús dlí
iomchuí, arna léiriú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh. (4) Chun éagsúlachtaí a
sheachaint is gá rialacha aonfhoirmeacha maidir le trédhearcacht a bhunú ar
leibhéal an Aontais a mbeidh feidhm acu maidir le gach rannpháirtí i margadh na
dtáirgí infheistíochta. Tá gá le Rialachán lena áirithiú go mbunófar caighdeán
coiteann do dhoiciméid faisnéise bunriachtanaí ar bhealach aonfhoirmeach a
fhágfaidh go bhféadfar formáid agus ábhar na ndoiciméad sin a chomhchuibhiú. Ba
cheart go n‑áiritheofaí le rialacha atá infheidhme go díreach de chuid
Rialacháin go bhfuil gach rannpháirtí i margadh na dtáirgí infheistíochta faoi
réir na gceanglas céanna. Ba cheart go n‑áiritheodh sé sin freisin go
nochtfaí faisnéis go haonfhoirmeach trí cheanglais éagsúla náisiúnta a chosc a
bhíonn ann de thoradh Threoir a thrasuí. Is iomchuí Rialachán a úsáid freisin
lena áirithiú go bhfuil lucht díolta táirgí infheistíochta uile faoi réir
ceanglas aonfhoirmeach i ndáil leis an doiciméad faisnéise bunriachanaí a
sholáthar d’infheisteoirí miondíola. (5) Cé go bhfuil sé
ríthábhachtach nochtadh na faisnéise faoi tháirgí infheistíochta a fheabhsú
chun muinín infheisteoirí miondíola a chur ar ais sna margaí airgeadais, tá sé
chomh tábhachtach céanna córais díolacháin a rialáiltear go héifeachtach a
bheith ann i gcás na dtáirgí sin. Comhlánaíonn an Rialachán seo na bearta
maidir le dáileachán atá i dTreoir 2004/39/CE ó Pharliamint na hEorpa agus
ón gComhairle[9].
Comhlánaíonn sé freisin bearta a glacadh maidir le dáileadh táirgí árachais i dTreoir 2002/92/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10]. (6) Ba cheart feidhm a bheith ag
an Rialachán seo maidir leis na táirgí ar fad, beag beann ar a bhfoirm nó a
ndéantús, a mhonaraíonn tionscal na seirbhísí airgeadais chun deiseanna
infheistíochta a thabhairt d’infheisteoirí miondíola, i gcás ina bhfuil an
toradh a thairgtear don infheisteoir gan chosaint ar luaineachtaí i
bhfeidhmíocht sócmhainne nó sócmhainní nó i luachanna tagartha seachas ráta úis.
Ba cheart a áireamh i measc na dtáirgí sin táirgí infheistíochta amhail cistí
infheistíochta, polasaithe árachais saoil chun críocha infheistíochta, agus
táirgí struchtúrtha miondíola. Murab ionann agus infheistíochtaí ina
gceannaítear nó ina sealbhaítear na sócmhainní féin, ní infheistíochtaí de
chineál díreach iad infheistíochtaí sna táirgí sin. Ina áit sin idirghabhann
siad idir an t‑infheisteoir agus na margaí trí shócmhainní “a
phacáistiú”, nó a chuachadh le chéile chun neamhchosaintí éagsúla a chruthú,
chun gnéithe éagsúla de tháirgí a sholáthar, nó chun struchtúir éagsúla costais
a bhaint amach i gcomparáid le sealúchas díreach. A bhuí le “pacáistiú” den
chineál sin is féidir le hinfheisteoirí miondíola dul i mbun straitéisí
infheistíochta nach mbeadh inrochtana ná praiticiúil murach é, ach is féidir a
bheith riachtanach freisin go gcuirfear faisnéis bhreise ar fáil mar gheall
air, go háirithe le gur féidir comparáidí a dhéanamh idir bealaí éagsúla chun
infheistíochtaí a phacáistiú. (7) Lena áirithiú nach bhfuil
feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le táirgí infheistíochta
pacáistithe den sórt sin, ba cheart táirgí árachais nach dtairgeann deiseanna
infheistíochta agus táirgí atá neamhchosanta ar rátaí úis amháin a eisiamh ó
raon feidhme an Rialacháin. Ní táirgí infheistíochta pacáistithe iad sócmhainní
a mbíonn seilbh dhíreach orthu, amhail scaireanna corparáideacha nó bannaí
flaithiúnais, agus dá bhrí sin ba cheart iad a eisiamh. Toisc gurb é cuspóir an
Rialacháin seo inchomparáideacht agus sothuigtheacht faisnéise faoi tháirgí
infheistíochta atáthar a mhargú d’infheisteoirí miondíola a fheabhsú, níor
cheart a bheith faoi réir an Rialacháin seo scéimeanna pinsin ghairme a thagann
faoi raon feidhme Threoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí
institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme agus le maoirseacht ar na
hinstitiúidí sin[11]
nó faoi raon feidhme Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an
Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II)[12]. Ar an dóigh chéanna, ba
cheart roinnt táirgí pinsin ghairme nach dtagann faoi raon feidhme
Threoir 2003/41/CE a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, ar
choinníoll go mbeidh sé de cheangal ar an bhfostóir ranníocaíocht airgeadais a
dhéanamh faoin dlí náisiúnta agus ar choinníoll nach mbeidh rogha ag an
bhfostaí maidir le soláthraí an táirge pinsin. Ní thagann cistí infheistíochta
atá tiománta d’infheisteoirí institiúideacha faoi raon feidhme an Rialacháin
seo ach oiread toisc nach bhfuil siad ar díol le hinfheisteoirí miondíola. Ba
cheart táirgí infheistíochta chun coigiltis a charnadh ar mhaithe le pinsin
aonair a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin go fóill, áfach, toisc gur
minic iad in iomaíocht le táirgí eile faoin Rialachán seo agus toisc go
ndéantar iad a dháileadh ar an infheisteoir miondíola ar bhealach comhchosúil. (8) Ar mhaithe le soiléireacht i
dtaobh an chaidrimh idir na hoibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo
agus na hoibleagáidí a bhunaítear le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an
réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair
a ligtear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE[13] agus le Treoir 2009/138/CE,
is gá a leagan síos go bhfuil feidhm i gcónaí ag na Treoracha sin i dteannta an
Rialacháin seo. (9) Is iad monaróirí táirgí
infheistíochta – amhail bainisteoirí cistí, gnóthais árachais, eisitheoirí
urrús, institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta – is ceart an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhair na dtáirgí
infheistíochta a mhonaraíonn siad, toisc gurb iad is fearr a bhfuil aithne acu
ar an táirge agus toisc gurb iad atá freagrach as. Ba cheart don mhonaróir
táirgí infheistíochta an doiciméad a tharraingt suas sular féidir na táirgí a
dhíol le hinfheisteoirí miondíola. I gcás nach ndíoltar an táirge le
hinfheisteoirí miondíola, áfach, ní gá doiciméad faisnéise bunriachtanaí a
tharraingt suas, agus i gcás nach mbeadh sé praiticiúil don mhonaróir táirgí
infheistíochta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas,
féadfaidh sé an cúram sin a tharmligean chuig daoine eile. Chun scaipeadh
forleathan doiciméad faisnéise bunriachtanaí a áirithiú agus chun a áirithiú go
bhfuil rochtain forleathan orthu, ba cheart a cheadú leis an Rialachán seo go
bhfoilseodh an monaróir táirgí infheistíochta an doiciméad ar shuíomh gréasáin
dá rogha féin. (10) Chun riachtanais infheisteoirí
miondíola a shásamh, is gá a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis faoi tháirgí
infheistíochta cruinn, cothrom, soiléir agus nach mbainfeadh na hinfheisteoirí
sin míthuiscint aisti. Dá bhrí sin, ba cheart caighdeáin choiteanna maidir le
dréachtú an doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagan síos leis an Rialachán
seo, lena áirithiú gur féidir le hinfheisteoirí miondíola é a thuiscint. I
bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn ag cuid mhór infheisteoirí miondíola saintéarmaíocht
airgeadais a thuiscint, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhfoclóir
agus ar an stíl scríbhneoireachta a úsáidtear sa doiciméad. Ba cheart rialacha
a leagan síos freisin maidir leis an teanga inar cheart an doiciméad a
tharraingt suas. Ina theannta sin, ba cheart infheisteoirí miondíola a bheith
in ann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a thuiscint mar atá sé, gan dul i
muinín aon fhaisnéise eile. (11) Ba cheart an fhaisnéis is gá a
sholáthar d’infheisteoirí miondíola le go bhféadfaidh siad cinneadh
infheistíochta eolasach a dhéanamh agus táirgí infheistíochta éagsúla a chur i
gcomparáid le chéile, ach mura bhfuil an fhaisnéis sin gearr agus achomair tá
baol ann nach mbainfidh siad úsáid aisti. Dá bhrí sin, níor cheart a bheith sa
doiciméad faisnéise bunriachtanaí ach faisnéis bhunriachtanach, go háirithe
maidir le cineál an táirge agus gnéithe an táirge, lena n‑áirítear má tá
seans ann go gcaillfí caipiteal, na costais a bhaineann leis an táirge agus a
phróifíl riosca, mar aon le faisnéis ábhartha faoina fheidhmíocht, agus
faisnéis shonrach áirithe eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na
gnéithe a bhaineann le cineálacha áirithe táirgí a thuiscint, lena n‑áirítear
táirgí a bheartaítear a úsáid i gcomhair pleanála scoir. (12) Ba cheart an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i bhformáid a fhágfaidh go
bhféadfaidh infheisteoirí miondíola comparáid a dhéanamh idir táirgí
infheistíochta éagsúla, ós rud é go bhfágann iompar agus acmhainní tomhaltóirí
nach mór formáid, cur i láthair agus ábhar na faisnéise a shocrú go cúramach
chun an tuiscint agus an úsáid is fearr a bhaint as an bhfaisnéis. Ba cheart na
míreanna agus teidil na míreanna a bheith san ord céanna i ngach doiciméad. Ina
theannta sin, ba cheart mionsonraí na faisnéise atá le háireamh sa doiciméad
faisnéise bunriachtanaí i gcás táirgí éagsúla agus cur i láthair na faisnéise
sin a chomhchuibhiú níos mó trí ghníomhartha tarmligthe lena dtugtar aird ar
thaighde atá déanta cheana agus ar thaighde atá ar siúl go fóill ar iompar
tomhaltóirí, lena n‑áirítear torthaí ó thástálacha ar éifeachtacht bealaí
éagsúla chun faisnéis a chur i láthair tomhaltóirí. Chomh maith leis sin, i
gcás roinnt táirgí infheistíochta, tá rogha ag an infheisteoir miondíola idir
infheistíochtaí bunúsacha éagsúla. Ba cheart na táirgí sin a chur san áireamh
agus an fhormáid á tarraingt suas. (13) Agus iad ag déanamh cinntí
infheistíochta, tá níos mó ná torthaí airgeadais amháin ó chuid mhór
infheisteoirí miondíola anois. Is minic cuspóirí eile acu freisin amhail
spriocanna sóisialta nó comhshaoil. Ina theannta sin, féadfaidh faisnéis faoi
ghnéithe neamhairgeadais d'infheistíochtaí a bheith tábhachtach dóibh siúd ar
mhaith leo infheistíochtaí inbhuanaithe fadtéarmacha a dhéanamh. Mar sin féin,
i gcás faisnéise ar na torthaí sóisialta, torthaí comhshaoil nó torthaí
rialachais atá an monaróir táirgí infheistíochta a shaothrú, is féidir leis a
bheith deacair comparáid a dhéanamh nó d'fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ar
iarraidh. Dá bhrí sin, is inmhianaithe mionsonraí na faisnéise a chomhchuibhiú
tuilleadh maidir le cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh saincheisteanna
comhshaoil, sóisialta nó rialachais san áireamh, agus má cuireadh, an dóigh ar
cuireadh. (14) Ba cheart a bheith ábalta an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a aithint go héasca ó aon chumarsáid
margaíochta. Níor cheart go mbainfeadh doiciméid eile den sórt sin de thábhacht
an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. (15) Lena áirithiú gur faisnéis
iontaofa í an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ba cheart a chur
de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta, leis an Rialachán seo, an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a choinneáil cothrom le dáta. Chuige sin, ní
mór rialacha mionsonraithe a bhaineann le coinníollacha agus minicíocht an
athbhreithnithe ar an bhfaisnéis agus rialacha mionsonraithe maidir leis an
leasú ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a leagan síos i ngníomh
tarmligthe a ghlacfaidh an Coimisiún. (16) Tá doiciméid faisnéise
bunriachtanaí ina mbunús leis na cinntí infheistíochta a dhéanann infheisteoirí
miondíola. Ar an ábhar sin, tá freagracht thábhachtach ar mhonaróirí táirgí
infheistíochta i leith infheisteoirí miondíola maidir lena áirithiú go
gcomhlíonann siad rialacha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, is tábhachtach a
áirithiú go bhfuil ceart éifeachtach chun sásaimh ag infheisteoirí miondíola a
bhfuil muinín curtha acu i ndoiciméad faisnéise bunriachtanaí chun cinneadh
infheistíochta a dhéanamh. Ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil an ceart
céanna ag gach infheisteoir miondíola ar fud an Aontais cúiteamh a iarraidh i
leith damáistí a d’fhéadfadh baint dóibh toisc gur theip ar mhonaróirí táirgí
infheistíochta ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba
cheart na rialacha maidir leis an dliteanas atá ar mhonaróirí táirgí
infheistíochta a chomhchuibhiú. Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo go
bhféadfadh an t‑infheisteoir miondíola monaróir an táirge a chur faoi
dhliteanas i leith sáraithe ar an Rialachán seo i gcás ina mbaineann
caillteanas dó mar gheall ar úsáid doiciméid faisnéise bunriachtanaí. (17) Ó tharla nach mbíonn
grinnléargas de ghnáth ag infheisteoirí miondíola ar nósanna imeachta
inmheánacha monaróirí táirgí infheistíochta, ba cheart an dualgas cruthúnais a
mhalartú. Faoin monaróir táirgí a bheadh sé a chruthú gur tarraingíodh suas an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Faoin
infheisteoir miondíola a bheadh sé, áfach, a léiriú gur bhain caillteanas dó
mar gheall ar úsáid faisnéise sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ar an ábhar
go dtagann sé sin go díreach faoi réimse pearsanta an infheisteora miondíola. (18) Maidir le hábhair a bhaineann
le dliteanas sibhialta monaróra táirgí infheistíochta agus nach bhfuil
cumhdaithe faoin Rialachán seo, ba cheart na hábhair sin a bheith faoi réir an
dlí náisiúnta is infheidhme, arna chinneadh le rialacha ábhartha an Dlí
Idirnáisiúnta Phríobháidigh. Is trí na rialacha ábhartha maidir le Dlínse
Idirnáisiúnta ba cheart a chinneadh cé an chúirt atá inniúil cinneadh a dhéanamh
maidir le héileamh i leith dliteanais shibhialta arna dhéanamh ag infheisteoir
miondíola. (19) Le go bhféadfaidh an t‑infheisteoir
miondíola cinneadh infheistíochta eolasach a dhéanamh, ba cheart a chur de
cheangal ar lucht díolta táirgí infheistíochta an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí a sholáthar in am trátha agus sula dtugtar aon idirbheart chun
críche. Ba cheart feidhm ghinearálta a bheith ag an gceanglas sin beag beann ar
an áit ina ndéantar an t‑idirbheart nó ar chonas a dhéantar é. Ar na
daoine a dhíolann táirgí infheistíochta áirítear idir dháileoirí agus an
monaróir táirgí infheistíochta féin i gcás ina gcinneann sé an táirge a dhíol
go díreach le hinfheisteoirí miondíola. Chun an tsolúbthacht agus an
chomhréireacht is gá a áirithiú, ba cheart infheisteoirí miondíola ar mian leo
idirbheart a thabhairt chun críche trí mhodh cianchumarsáide a bheith in ann an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a fháil tar éis an t‑idirbheart a
thabhairt chun críche. Bheadh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí fós
úsáideach don infheisteoir i gcás mar sin, chun an táirge atá ceannaithe aige a
chur i gcomparáid leis an tuairisc a thugtar air sa doiciméad faisnéise
bunriachtanaí. Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2002/65/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14]. (20) Ba cheart rialacha
aonfhoirmeacha a leagan síos le go mbeidh rogha ag an duine atá ag díol an
táirge infheistíochta maidir leis an meán ina soláthraítear an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí d'infheisteoirí miondíola chun go bhféadfar meán cumarsáide
leictreonaí a úsáid nuair is iomchuí ag féachaint d’imthosca an idirbhirt. Mar
sin féin, ba cheart an rogha a bheith ag an infheisteoir miondíola an doiciméad
a fháil ar pháipéar. Ar mhaithe le rochtain an tomhaltóra ar fhaisnéis, ba
cheart an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar saor in aisce i gcónaí. (21) Lena áirithiú go bhfuil muinín
ag infheisteoirí miondíola i dtáirgí infheistíochta, ba cheart ceanglais a
bhunú maidir le nósanna imeachta inmheánacha lena n‑áiritheofar go
bhfaighidh infheisteoirí miondíola freagra substainteach ón monaróir táirgí
infheistíochta ar ghearán a dhéanamh. (22) I ngeall ar nósanna imeachta
um réiteach malartach díospóide is féidir díospóidí a réiteach ar bhealach níos
tapúla agus níos saoire ná mar a dhéantar trí na cúirteanna agus laghdaítear an
t‑ualach ar chóras na gcúirteanna sa dóigh sin. Chun na críche sin ba
cheart a chur d’oibleagáid ar mhonaróirí táirgí infheistíochta agus ar na
daoine a dhíolann táirgí infheistíochta a bheith rannpháirteach sna nósanna
imeachta sin arna dtionscnamh ag infheisteoirí miondíola maidir leis na cearta
agus oibleagáidí a bhunaítear faoin Rialachán seo, faoi réir roinnt cosaintí i
gcomhréir le prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí. Níor cheart, go
háirithe, go sáródh na nósanna imeachta maidir le réiteach malartach díospóide
na cearta atá ag páirtithe i nósanna imeachta den sórt sin imeachtaí dlí a
thabhairt os comhair na Cúirte. (23) Ós rud é gur cheart d'eintitis
atá ag feidhmiú sna hearnálacha baincéireachta, árachais, urrús agus cistí an
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh do tháirgí infheistíochta, tá sé
ríthábhachtach comhar rianúil a áirithiú idir na húdaráis éagsúla a dhéanann
maoirseacht ar mhonaróirí táirgí infheistíochta ionas go dtabharfaidh siad faoi
chur chun feidhme an Rialacháin sa dóigh chéanna. (24) I gcomhréir leis an
Teachtaireacht ón gCoimisiún, Nollaig 2010, maidir le córais smachtbhannaí a
dhaingniú san earnáil airgeadais[15]
agus chun comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach sa Rialachán seo a
áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a
áirithiú go gcuirfear sáruithe ar an Rialachán seo faoi réir smachtbhannaí agus
bearta riaracháin iomchuí. Lena áirithiú go bhfuil éifeacht athchomhairleach ag
smachtbhannaí agus chun cosaint d’infheisteoirí a neartú trí rabhadh a
thabhairt dóibh faoi tháirgí infheistíochta a dhéantar a mhargú de shárú ar an
Rialachán seo, ba cheart smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú de ghnáth,
seachas i gcúinsí áirithe atá sainithe go maith. (25) Chun cuspóirí an Rialacháin
seo a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir
le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a
tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le mionsonraí a shonrú maidir le cur i
láthair agus formáid an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, ábhar na faisnéise
atá le háireamh sa doiciméad, ceanglais mhionsonraithe a bhaineann leis an uair
is ceart an doiciméad a sholáthar agus maidir le hathbhreithniú agus leasú an
doiciméid. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun
comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin. Ba cheart don
Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á
dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go
comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle. (26) Ba cheart don Choimisiún
dréachtchaighdeáin rialála theicniúla a ghlacadh arna bhforbairt ag an ÚEUM, an
ÚEB agus an ÚEÁPG de réir Airteagal 8 maidir leis an modheolaíocht atá mar
bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus le ríomh na gcostas,
trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 290 den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14
de na Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, 1094/2010 agus 1095/2010. (27) Le Treoir 95/46/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh
Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí
pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[16], rialaítear próiseáil sonraí
pearsanta arna déanamh sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi
mhaoirseacht na n‑údarás inniúil. Le Rialachán (CE)
Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18
Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil
sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an AE agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[17],
rialaítear próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na hÚdaráis Maoirseachta
Eorpacha de bhun an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora
Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta
faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta
arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart é a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 95/46/CE
agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise ag na hÚdaráis Maoirseachta
Eorpacha a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. (28) Cé gur táirgí infheistíochta
iad GCUInna de réir bhrí an Rialacháin seo, toisc gur bunaíodh ceanglais maidir
le faisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí le déanaí faoi
Threoir 2009/65/CE ba chomhréireach tréimhse eatramhach 5 bliana a
chur ar fáil i gcás na GCUInna sin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo, ar tréimhse í nach mbeidís faoi réir an Rialacháin seo lena linn. Tar éis
na tréimhse sin chuirfí faoi réir an Rialacháin seo iad fad is nach gcuirtear
leis an tréimhse eatramhach. (29) Ba cheart an Rialachán seo a
athbhreithniú gach ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin chun
forbairtí sa mhargadh a chur san áireamh, amhail teacht amach cineálacha nua
táirgí infheistíochta, chomh maith le forbairtí i réimsí eile de dhlí an
Aontais agus taithí na mBallstát. Ba cheart measúnú a dhéanamh san
athbhreithniú féachaint ar chuir na bearta a tugadh isteach leis an tuiscint
atá ag na gnáthinfheisteoirí miondíola ar tháirgí infheistíochta agus ar chuir
siad le hinchomparáideacht na dtáirgí. Ba cheart a scrúdú freisin ar cheart an
tréimhse eatramhach do GCUInna a fhadú, nó ar cheart roghanna eile a chur san
áireamh chun déiléail le GCUInna. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart
don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle agus, más iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an
tuarascáil sin. (30) Chun dóthain ama a thabhairt
do mhonaróirí táirgí infheistíochta agus daoine a dhíolann táirgí
infheistíochta ullmhú do chur i bhfeidhm praiticiúil cheanglais an Rialacháin
seo, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin go dtí dhá bhliain
tar éis a theacht i bhfeidhm. (31) Leis an Rialachán seo
urramaítear cearta bunúsacha agus na prionsabail a chumhdaítear go háirithe i
gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. (32) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit, agus iad ag feidhmiú go neamhspleách ar a chéile, cuspóir an ghnímh
atá le déanamh, eadhon cosaint d’infheisteoirí miondíola agus a muinín i
dtáirgí infheistíochta a fheabhsú, lena n‑áirítear i gcás ina ndíoltar na
táirgí sin thar theorainneacha, agus nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na
laigí atá sainaitheanta ach ar an leibhéal Eorpach, agus dá bhrí sin, mar
gheall ar an tionchar a théann leis sin, is fearr is féidir an cuspóir sin a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5
den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta,
mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a
bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1 Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha
aonfhoirmeacha maidir le formáid agus ábhar an doiciméid faisnéise
bunriachtanaí a tharraingeoidh monaróirí táirgí infheistíochta suas agus
rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an doiciméad sin a sholáthar
d'infheisteoirí miondíola. Airteagal 2 Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
monarú agus díol táirgí infheistíochta. Ní bheidh feidhm aige, áfach, maidir leis na
táirgí seo a leanas: (a)
táirgí árachais nach dtairgeann luach géilliúna nó
a thairgeann luach géilliúna ach nach bhfuil an luach sin neamhchosanta, go
hiomlán nó go páirteach, go díreach nó go hindíreach, ar luaineachtaí sa
mhargadh; (b)
taiscí a bhfuil ráta toraidh acu a chinntear i
ndáil le ráta úis; (c)
urrúis dá dtagraítear i bpointí (b) go (g),
(i) agus (j) d’Airteagal 1(2) de Threoir 2003/71/CE; (d)
urrúis eile nach bhfuil díorthach leabaithe iontu; (e)
scéimeanna pinsin ghairme a thagann faoi raon
feidhme Threoir 2003/41/CE nó Threoir 2009/138/CE; agus (f)
táirgí pinsin lena bhfuil sé de cheangal ar an
bhfostóir ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh faoin dlí náisiúnta agus le nach
bhfuil rogha ag an bhfostaí maidir le soláthraí an táirge pinsin. Airteagal 3 1. I gcás ina bhfuil monaróirí
táirgí infheistíochta atá faoi réir an Rialacháin seo faoi réir
Threoir 2003/71/CE freisin, beidh feidhm ag an Rialachán seo agus ag Treoir 2003/71/CE
araon. 2. I gcás ina bhfuil monaróirí
táirgí infheistíochta atá faoi réir an Rialacháin seo faoi réir
Threoir 2009/138/CE freisin, beidh feidhm ag an Rialachán seo agus ag Treoir 2009/138/CE
araon. Airteagal 4 Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (g)
ciallaíonn ‘táirge infheistíochta’ infheistíocht i
gcás ina bhfuil an tsuim is inaisíoctha leis an infheisteoir, beag beann ar
fhoirm dhlíthiúil na hinfheistíochta sin, neamhchosanta ar luaineachtaí i
luachanna tagartha nó i bhfeidhmíocht sócmhainne nó sócmhainní nár cheannaigh
an t‑infheisteoir féin go díreach; (h)
ciallaíonn ‘monaróir táirgí infheistíochta’: i) aon duine nádúrtha nó dlítheanach a
mhonaraíonn táirge infheistíochta; ii) aon duine nádúrtha nó dlítheanach a
dhéanann athruithe ar tháirge infheistíochta atá ann cheana trína phróifíl
riosca agus luaíochta a athrú nó trí na costais a bhaineann le hinfheistíocht a
dhéanamh sa táirge infheistíochta a athrú; (i)
ciallaíonn ‘infheisteoirí miondíola’: i) cliaint mhiondíola mar atá sainithe i
bpointe (12) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE; ii) custaiméirí laistigh de bhrí
Threoir 2002/92/CE; (j)
ciallaíonn ‘táirgí pinsin’ táirgí a aithnítear
faoin dlí náisiúnta mar tháirgí a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu ioncam a
sholáthar don infheisteoir agus é ar scor, agus a thugann sochair áirithe don
infheisteoir; (k)
ciallaíonn ‘meán buanfasach’ meán buanfasach mar
atá sainithe in Airteagal 2(m) de Threoir 2009/65/CE; (l)
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis náisiúnta na
mBallstát, a bhfuil cumhacht dhlíthiúil acu maoirseacht a dhéanamh ar an
monaróir táirgí infheistíochta nó ar dhuine a dhíolann an táirge infheistíochta
le hinfheisteoir miondíola. CAIBIDIL II
DOICIMÉAD FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ Roinn 1
An doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas Airteagal 5 Déanfaidh an monaróir táirgí infheistíochta
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas i gcomhréir leis na
ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo i gcás gach táirge infheistíochta a
tháirgeann sé agus foilseoidh sé an doiciméad ar shuíomh gréasáin dá rogha féin
sular féidir an táirge infheistíochta a dhíol le hinfheisteoirí miondíola. Roinn II
Foirm agus ábhar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí Airteagal 6 1. Beidh an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí cruinn, cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. 2. Doiciméad neamhspleách a
bheidh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar léir nach bhfuil baint aige le
hábhair mhargaíochta. 3. Doiciméad gearr a bheidh sa
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingeofar suas mar seo a leanas: (a)
cuirfear é i láthair agus beidh sé leagtha amach sa
dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtar atá inléite ó thaobh
méide de; (b)
beidh an fhaisnéis léirithe go soiléir agus scríofa
i bhfriotal de chineál a chuideoidh leis an infheisteoir miondíola an fhaisnéis
atá á cur in iúl a thuiscint, go háirithe mar seo a leanas: (i) beidh an friotal atáthar a úsáid soiléir,
gonta agus sothuigthe; (ii) seachnófar úsáid béarlagair; (iii) seachnófar úsáid téarmaí teicniúla nuair is
féidir gnáthfhocail a úsáid ina n‑ionad. 4. I gcás ina bhfuil dathanna sa
doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ní chuirfidh siad isteach ar shothuigtheacht
na faisnéise sa chás go gcuirtear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i gcló
nó go ndéantar é a fhótachóipeáil i ndubh agus bán. 5. I gcás ina n‑úsáidtear
brandáil chorparáideach nó lógó an mhonaróra táirgí infheistíochta nó an ghrúpa
lena mbaineann sé sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, ní bhainfidh sé aire an
infheisteora miondíola ón bhfaisnéis atá sa doiciméad ná ní chuirfidh sé aon
chuid den téacs i bhfolach. Airteagal 7 Beidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí i
dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina ndíoltar an táirge infheistíochta, nó i
gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit sin, nó i dteanga a nglacann
údaráis inniúla an Bhallstáit sin léi, nó i gcás ina scríobhtar i dteanga éigin
eile é, déanfar é a aistriú go ceann de na teangacha réamhluaite sin. Airteagal 8 1. Beidh an teideal ‘Doiciméad
Faisnéise Bunriachtanaí’ le feiceáil go soiléir ag barr an chéad leathanaigh
den doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Beidh ráiteas míniúcháin go díreach
faoin teideal. Is é a bheidh ann: ‘Sa doiciméad seo tá faisnéis bhunriachtanach
faoin táirge infheistíochta seo. Ní ábhar margaíochta é seo. De réir ceanglais
dlí, ní mór an fhaisnéis seo a chur ar fáil duit chun cuidiú leat cineál an
táirge infheistíochta seo agus na rioscaí a bhaineann le hinfheistiú ann a
thuiscint. Moltar duit é a léamh sa dóigh is gur féidir leat cinneadh eolasach
a dhéanamh faoi infheistíocht a dhéanamh.’ 2. Beidh an fhaisnéis seo a
leanas sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí: (a)
faoi roinn ag tús an doiciméid, ainm an táirge
infheistíochta agus ainm mhonaróir an táirge infheistíochta; (b)
faoi roinn dár teideal “Cad é an infheistíocht
seo?”, cineál an táirge infheistíochta agus a phríomhghnéithe, lena n‑áirítear
i) an cineál táirge infheistíochta atá ann; ii) a chuspóirí agus na modhanna chun iad a
bhaint amach; iii) faisnéis lena léirítear má tá an monaróir
táirgí infheistíochta ag díriú ar thorthaí sonracha comhshaoil, sóisialta nó
rialachais, ó thaobh sheoladh a ghnó de nó ó thaobh an táirge infheistíochta
de, agus más amhlaidh go bhfuil, faisnéis faoi na torthaí atá á lorg agus conas
a bhainfear amach iad; iv) i gcás ina dtairgtear sochair árachais leis
an táirge infheistíochta, mionsonraí na sochar árachais sin; v) téarma an táirge infheistíochta, más eol sin; vi) cásanna bunaithe ar fheidhmíocht, más
ábhartha ag féachaint do chineál an táirge; (c)
faoi roinn dár teideal "An bhfuil baol ann go
gcaillfinn airgead?", faisnéis achomair lena léirítear má tá seans ann go
gcaillfí caipiteal, agus áireofar san fhaisnéis sin i) aon ráthaíochtaí nó aon chosaint chaipitil a
sholáthraítear, agus aon srianta atá orthu sin; ii) cé acu atá nó nach bhfuil an táirge
infheistíochta cumhdaithe ag scéim cúitimh nó ag scéim ráthaíochta; (d)
faoi roinn dar teideal “Cad chuige é?” faisnéis
lena léirítear an íostréimhse shealbhaíochta a mholtar agus próifíl ionchasach
leachtachta an táirge lena n‑áirítear an fhéidearthacht go ndéanfaí dí‑infheistiú
sula dtiocfadh an infheistíocht in aibíocht agus na coinníollacha a bhainfeadh
le dí‑infheistiú den sórt sin, ag féachaint do phróifíl riosca agus
luaíochta an táirge infheistíochta agus don fhorbairt sa mhargadh ar a bhfuil
sé dírithe; (e)
faoi roinn dár teideal “Cad iad na rioscaí agus cad
a d’fhéadfainn a ghnóthú?”, próifíl riosca agus luaíochta an táirge
infheistíochta, lena n‑áirítear táscaire achomair den phróifíl sin agus
rabhaidh i ndáil le haon rioscaí sonracha nach bhfuil léirithe go soiléir sa
táscaire achomair; (f)
faoi roinn dár teideal “Cé na costais a bhaineann
leis?”, na costais a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa táirge
infheistíochta, lena gcuimsítear idir chostais dhíreacha agus chostais
indíreacha atá le híoc ag an infheisteoir, lena n‑áirítear táscairí
achoimre na gcostas sin; (g)
faoi roinn dár teideal “Cad iad na torthaí a bhí ag
an táirge roimhe seo?”, feidhmíocht an táirge infheistíochta san am atá thart,
más ábhartha ag féachaint do chineál an táirge agus don mhéid faisnéise atá ar
fáil; (h)
i gcás táirgí pinsin, faoi roinn dár teideal “Cad a
d'fhéadfainn a fháil nuair a rachaidh mé ar scor?”, réamh‑mheastacháin ar
thorthaí féideartha éagsúla. 3. Ní fhéadfaidh an monaróir
táirgí infheistíochta aon fhaisnéis eile a áireamh ach amháin má tá gá ag an
infheisteoir miondíola léi chun cinneadh eolasach a dhéanamh faoi tháirge
infheistíochta sonrach. 4. Cuirfear an fhaisnéis dá
dtagraítear i mír 2 i láthair i bhformáid choiteann lena n‑áirítear
na teidil choiteanna agus leanfar an t‑ord caighdeánaithe atá leagtha
amach i mír 2, sa dóigh is go bhféadfar comparáid a dhéanamh le doiciméad
faisnéise bunriachtanaí aon táirge infheistíochta eile. Beidh siombail
choiteann le feiceáil go soiléir ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí chun
idirdhealú a dhéanamh idir é agus doiciméid eile. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23
lena sonrófar na mionsonraí a bhaineann le cur i láthair agus ábhar na n‑eilimintí
faisnéise go léir dá dtagraítear i mír 2, mionsonraí na faisnéise eile, dá
dtagraítear i mír 3, a d’fhéadfaidh an monaróir táirgí a áireamh sa
doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus mar a chuirfí an fhaisnéis sin i
láthair, agus na mionsonraí a bhaineann leis an bhformáid choiteann agus leis
an tsiombail choiteann dá dtagraítear i mír 4. Cuirfidh an Coimisiún na
difríochtaí idir táirgí infheistíochta agus na hacmhainní atá ag infheisteoirí
miondíola san áireamh, chomh maith leis na gnéithe de tháirgí infheistíochta a
chuireann ar chumas an infheisteora miondíola rogha a dhéanamh idir
infheistíochtaí bunúsacha éagsúla nó idir roghanna eile dá bhforáiltear leis an
táirge, lena n‑áirítear cásanna inar féidir an rogha sin a dhéanamh ag
pointí éagsúla ama, nó inar féidir an rogha a athrú amach anseo. 6. Forbróidh an tÚdarás
Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme
(ÚEÁPG) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) dréachtchaighdeáin
rialála chun na nithe seo a leanas a chinneadh: (a)
an mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an
riosca agus na luaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 2 den
Airteagal seo agus (b)
ríomh na gcostas dá dtagraítear i bpointe (f)
de mhír 2 den Airteagal seo. Cuirfear na saghsanna éagsúla táirgí
infheistíochta san áireamh agus na dréachtchaighdeáin rialála theicniúla á
bhforbairt. Cuirfidh na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha na dréachtchaighdeáin
rialála theicniúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin
rialála theicniúla a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha
amach in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010,
Airteagail 10 go 14 de Rialachán Uimh. 1094/2010 agus in
Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 9 Aon chumarsáid margaíochta ina bhfuil faisnéis
shonrach a bhaineann leis an táirge infheistíochta, ní áireofar inti aon
ráiteas a thagann salach ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí
nó a bhaineann de thábhacht an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Cuirfear in
iúl in aon chumarsáid margaíochta go bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí
ar fáil agus tabharfar faisnéis faoi mar is féidir teacht air. Airteagal 10 1. Déanfaidh an monaróir táirgí
infheistíochta an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí a
athbhreithniú go rialta agus leasóidh sé an doiciméad má léiríonn an t‑athbhreithniú
gur gá athruithe a dhéanamh. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23
chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hathbhreithniú na faisnéise
sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir le leasú an doiciméid
faisnéise bunriachtanaí, maidir leis na nithe seo a leanas: (a)
coinníollacha agus minicíocht an athbhreithnithe ar
an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí; (b)
na dálaí nach mór an fhaisnéis sa doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu, agus faoina bhfuil sé éigeantach
nó roghnach an doiciméad leasaithe faisnéise bunriachtanaí a athfhoilsiú; (c)
na dálaí sonracha nach mór faisnéis sa doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a athbhreithniú fúthu nó nach mór an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a leasú fúthu i gcás ina gcuirtear an táirge
infheistíochta ar fáil d’infheisteoirí miondíola go neamhleanúnach; (d)
na cúinsí faoinar cheart infheisteoirí miondíola a
chur ar an eolas faoi dhoiciméad leasaithe faisnéise bunriachtanaí a bheith ann
do tháirge infheistíochta atá ceannaithe acu. Airteagal 11 1. I gcás inar tháirg monaróir
táirgí infheistíochta doiciméad faisnéise bunriachtanaí nach gcomhlíonann
cheanglais Airteagail 6, 7 agus 8 agus go ndeachaigh infheisteoir
miondíola i muinín an doiciméid sin agus é ag déanamh cinnidh faoi
infheistíocht a dhéanamh, féadfaidh an t‑infheisteoir miondíola éileamh a
dhéanamh ar dhamáiste ón monaróir táirgí infheistíochta i leith aon
chaillteanais a bhain don infheisteoir miondíola sin tríd an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a úsáid. 2. Nuair a léiríonn infheisteoir
miondíola gur bhain caillteanas dó mar gheall ar úsáid na faisnéise i
ndoiciméad faisnéise bunriachtanaí, is ar an monaróir táirgí infheistíochta atá
an dualgas a chruthú gur tarraingíodh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí suas
i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo. 3. Ní dhéanfar dáileadh an
dualgais chruthúnais dá dtagraítear i mír 2 a athrú roimh ré trí
chomhaontú. Ní bheidh aon chlásal i gcomhaontuithe den sórt sin arna ndéanamh
roimh ré ina cheangal ar an infheisteoir miondíola. Roinn III
An doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar Airteagal 12 1. Aon duine a dhíolann táirge
infheistíochta le hinfheisteoirí miondíola, soláthróidh sé an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí dóibh in am trátha sula dtugtar idirbheart a bhaineann
leis an táirge infheistíochta chun críche. 2. De mhaolú ar mhír 1,
féadfaidh duine atá ag díol táirge infheistíochta an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí a thabhairt don infheisteoir miondíola díreach tar éis an t‑idirbheart
a thabhairt chun críche sa chás seo a leanas: (a)
cinneann an t‑infheisteoir miondíola an t‑idirbheart
a thabhairt chun críche trí mhodh cianchumarsáide más rud é: (b)
nach féidir an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a
sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 1, agus (c)
gur chuir an duine atá ag díol an táirge
infheistíochta an t‑infheisteoir miondíola ar an eolas faoi sin. 3. I gcás ina ndéantar
idirbhearta comhleanúnacha a bhaineann leis an táirge infheistíochta céanna
thar ceann infheisteora miondíola i gcomhréir le treoracha a thug an t‑infheisteoir
sin don duine atá ag díol an táirge infheistíochta roimh an gcéad idirbheart,
is maidir leis an gcéad idirbheart amháin a bheidh feidhm ag an oibleagáid
doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar faoi mhír 1. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23
agus sonrófar iontu: (a)
na coinníollacha atá le sásamh chun an ceanglas a
chomhlíonadh maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar in am
trátha mar atá leagtha síos i mír 1; (b)
an modh lena soláthrófar an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí i gcomhréir le mír 2 agus an teorainn ama chun é sin a
dhéanamh. Airteagal 13 1. Soláthróidh an duine atá ag
díol táirge infheistíochta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí d’infheisteoirí
miondíola saor in aisce. 2. Soláthróidh an duine atá ag
díol táirge infheistíochta an doiciméad faisnéise bunriachtanaí don
infheisteoir miondíola ar cheann de na meáin seo a leanas: (a)
ar pháipéar; (b)
ar mheán buanfasach eile nach páipéar é, i gcás ina
gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i mír 4; nó (c)
ar shuíomh gréasáin, i gcás ina gcomhlíontar na
coinníollacha atá leagtha síos i mír 5. 3. Mar sin féin, i gcás ina
soláthraítear doiciméad faisnéise bunriachtanaí ar mheán buanfasach nach
páipéar é nó ina soláthraítear ar shuíomh gréasáin é, soláthrófar cóip ar
pháipéar d'infheisteoirí miondíola arna iarraidh sin agus déanfar sin saor in
aisce. 4. Féadfar an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a sholáthar ar mheán buanfasach eile seachas páipéar má
chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
is iomchuí an meán buanfasach a úsáid i gcomhthéacs
an ghnó arna sheoladh idir an duine atá ag díol an táirge infheistíochta agus
an t‑infheisteoir miondíola; agus (b)
tugadh rogha don infheisteoir miondíola faisnéis a
fháil ar pháipéar nó ar an meán buanfasach, agus roghnaigh sé an meán buanfasach. 5. Féadfar an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin má tá an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí dírithe chuig an infheisteoir miondíola féin go
pearsanta nó má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
is iomchuí an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a
chur ar fáil ar shuíomh gréasáin i gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an
duine atá ag díol an táirge infheistíochta agus an t‑infheisteoir
miondíola; (b)
thoiligh an t‑infheisteoir miondíola le
soláthar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí trína chur ar fáil ar líne; (c)
cuireadh seoladh an tsuímh ghréasáin, agus an áit
ar an suíomh gréasáin inar féidir rochtain a fháil ar an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí, in iúl go leictreonach don infheisteoir miondíola; (d)
i gcás ina bhfuil leasuithe déanta ar an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí i gcomhréir le hAirteagal 10, cuirfear gach leagan
leasaithe ar fáil don infheisteoir miondíola freisin; (e)
áirítear go bhfuil an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí ar fáil go leanúnach ar an suíomh gréasáin sin go ceann cibé
tréimhse a bheidh gá réasúnta ag an infheisteoir miondíola léi chun an
fhaisnéis a cheadú. 6. Chun críocha mhír 4 agus
mhír 5, measfar gurb iomchuí faisnéis a sholáthar trí mheán buanfasach
seachas ar pháipéar nó gurb iomchuí í a sholáthar ar shuíomh gréasáin i
gcomhthéacs an ghnó arna sheoladh idir an duine atá ag díol an táirge
infheistíochta agus an t‑infheisteoir miondíola, má tá fianaise ann go
bhfuil rochtain rialta ag an infheisteoir miondíola ar an idirlíon. Má
sholáthraíonn an t‑infheisteoir miondíola seoladh ríomhphoist chun
críocha an ghnó sin áireofar é sin mar chruthúnas den sórt sin. CAIBIDIL III
GEARÁIN, SÁSAMH, COMHAR Airteagal 14 Bunóidh an monaróir táirgí infheistíochta
nósanna imeachta agus socruithe iomchuí lena n‑áiritheofar go bhfaighidh
infheisteoirí miondíola a bhfuil gearán déanta acu i ndáil leis an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí freagra substainteach ar mhodh cuí tráthúil. Airteagal 15 1. I gcás ina dtionscnaíonn
infheisteoir miondíola nós imeachta atá leagtha síos i ndlí náisiúnta maidir le
réiteach malartach díospóide i gcoinne monaróra táirgí infheistíochta nó i
gcoinne duine atá ag díol táirgí infheistíochta i ndáil le díospóid a bhaineann
le cearta agus oibleagáidí a bhunaítear faoin Rialachán seo, beidh an monaróir
táirgí infheistíochta nó an duine atá ag díol táirgí infheistíochta
rannpháirteach sa nós imeachta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na
ceanglais seo a leanas: (a)
torthaí an nós imeachta i gcás cinntí nach bhfuil
ceangailteach; (b)
cuirtear an tréimhse teorann chun an díospóid a
thabhairt os comhair cúirte ar fionraí ar feadh ré an nós imeachta maidir le
réiteach malartach díospóide; (c)
cuirtear tréimhse rúraidh an éilimh ar fionraí ar
feadh ré an nós imeachta; (d)
tá an nós imeachta saor in aisce nó ar fáil ar
phraghas measartha, mar atá sonraithe i reachtaíocht náisiúnta; (e)
is féidir le páirtithe rochtain a fháil ar an nós
imeachta trí mheáin eile seachas meáin leictreonacha amháin; (f)
is féidir bearta eatramhacha a úsáid i gcásanna
eisceachtúla más gá sin toisc phráinn an cháis. 2. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra don Choimisiún maidir leis na heintitis atá inniúil déileáil leis na
nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 faoin [cuir isteach dáta cruinn,
sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm/chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir le haon athrú ina
dhiaidh sin i dtaobh na n‑eintiteas sin. 3. Rachaidh na heintitis atá
inniúil déileáil leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar
le chéile maidir le réiteach díospóidí trasteorann a thagann faoi raon feidhme
an Rialacháin seo. Airteagal 16 Chun críocha chur i bhfeidhm an Rialacháin
seo, rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile agus leis na heintitis
atá freagrach as na nósanna imeachta um ghearáin agus um shásamh lasmuigh de
chúirt dá dtagraítear in Airteagal 15. Go háirithe, tabharfaidh na húdaráis inniúla
dá chéile, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis atá ábhartha chun a ndualgais
faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Airteagal 17 1. Déanfaidh Ballstáit Treoir 94/46/CE
a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh sa
Bhallstát sin de bhun an Rialacháin seo. 2. Beidh feidhm ag Rialachán CE
Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le próiseáil
sonraí pearsanta arna déanamh ag an ÚEB, ag an ÚEÁPG agus ag an ÚEUM. CAIBIDIL IV
SMACHTBHANNAÍ AGUS BEARTA RIARACHÁIN Airteagal 18 1. Leagfaidh na Ballstáit síos
rialacha lena mbunófar smachtbhannaí agus bearta iomchuí riaracháin a chuirfear
i bhfeidhm i gcásanna ina sáraítear forálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh
siad na bearta uile is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.
Beidh na smachtbhannaí agus na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach. Faoin [24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialachain seo] tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do
Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach maidir leis na rialacha dá
dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do
Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, gan mhoill, maidir le haon athrú
ina dhiaidh sin ar na rialacha sin. 2. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí
faoi Airteagal 19, comhoibreoidh na húdaráis inniúla go dlúth le chéile
chun a áirithiú go bhfaighfear na torthaí a bhfuiltear ag súil leo sa Rialachán
seo ó na bearta riaracháin agus ó na smachtbhannaí riaracháin agus déanfaidh
siad a ngníomhaíocht a chomhordú chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a
bheith ann a sheachaint agus bearta riaracháin agus smachtbhannaí riaracháin á
gcur i bhfeidhm i gcásanna trasteorann. Airteagal 19 1. Tá feidhm ag an Airteagal seo
maidir leis na sáruithe seo a leanas: (a)
ní chomhlíonann an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí Airteagal 6(1) go (3) ná Airteagal 7; (b)
níl an fhaisnéis atá leagtha amach in
Airteagal 8(1) agus (2) sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí nó níl sí
curtha i láthair i gcomhréir le hAirteagal 8(4); (c)
tá faisnéis a bhaineann leis an táirge
infheistíochta i gcumarsáid margaíochta a thagann salach ar an bhfaisnéis sa
doiciméad faisnéise bunriachtanaí, de shárú ar Airteagal 9; (d)
níl an doiciméad faisnéise bunriachtanaí
athbhreithnithe ná leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 10; (e)
níor soláthraíodh an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí in am trátha i gcomhréir le hAirteagal 12(1); (f)
níor soláthraíodh an doiciméad faisnéise
bunriachtanaí saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 13(1). 2. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfuil sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla na bearta agus na smachtbhannaí
seo a leanas ar a laghad a fhorchur: (a)
ordú lena dtoirmeasctar margú táirge
infheistíochta; (b)
ordú lena gcuirtear margú táirge infheistíochta ar
fionraí; (c)
rabhadh, a phoiblítear agus lena sainaithnítear an
duine atá freagrach as an sárú agus cineál an tsáraithe féin; (d)
ordú chun leagan nua de dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí
a fhoilsiú. 3. Áiritheoidh na Ballstáit, i
gcás ina bhforchuireann na húdaráis inniúla beart riaracháin nó smachtbhanna
riaracháin nó roinnt beart nó smachtbhannaí den chineál sin i gcomhréir le
mír 2, go bhfuil de chumhacht ag na húdaráis inniúla teachtaireacht
dhíreach a eisiúint don infheisteoir miondíola lena mbaineann, nó go bhfuil sé
de chumhacht acu a cheangal ar an monaróir táirgí infheistíochta nó ar an duine
a dhíolann an táirge infheistíochta teachtaireacht dhíreach a eisiúint don infheisteoir
miondíola, lena dtugtar faisnéis dó faoin mbeart riaracháin nó smachtbhanna
riaracháin, agus lena gcuirtear ar an eolas é i dtaobh cá háit is féidir gearán
a dhéanamh nó éilimh ar shásamh a dhéanamh. Airteagal 20 Cuirfidh na húdaráis inniúla na bearta
riaracháin agus na smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear in
Airteagal 19(2) i bhfeidhm agus na himthosca ábhartha go léir á gcur san
áireamh acu, lena n‑áirítear: (a)
tromchúis agus fad an tsáraithe; (b)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach; (c)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna an
infheisteora miondíola; (d)
iompar comhoibritheach an duine atá freagrach as an
sárú; (e)
aon sáruithe eile a rinne an duine atá freagrach
roimhe sin. Airteagal 21 1. I gcás ina poibleoidh an t‑údarás
inniúil bearta riaracháin agus smachtbhannaí riaracháin, déanfaidh sé na bearta
riaracháin agus na smachtbhannaí riaracháin sin a thuairisciú don ÚBE, don
ÚEÁPG agus don ÚEUM an tráth céanna. 2. Soláthróidh na Ballstáit
faisnéis chomhiomlán don ÚBE, don ÚEÁPG agus don ÚEUM uair sa bhliain maidir
leis na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin go léir atá forchurtha acu i
gcomhréir le hAirteagal 18 agus Airteagal 19(2). 3. Foilseoidh an ÚBE, an ÚEUM
agus an ÚEÁPG an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil. Airteagal 22 Déanfar smachtbhannaí
agus bearta a fhorchuirtear i ngeall ar na sáruithe dá dtagraítear in
Airteagal 19(1) a phoibliú gan aon mhoill mhíchuí, lena n‑áirítear
ar a laghad faisnéis faoin gcineál sáraithe ar an Rialachán seo agus faoi cé
atá freagrach as, ach amháin dá bhféadfadh poibliú den sórt sin dochar
tromchúiseach a dhéanamh do na margaí airgeadais. I gcás ina
ndéanfadh foilsiú smachtbhannaí nó beart damáiste díréireach do na páirtithe
lena mbaineann, foilseoidh na húdaráis inniúla iad gan ainm. CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 23 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha
atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhacht chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5),
Airteagal 10(2) agus Airteagal 12(4) a thabhairt don Choimisiún ar
feadh tréimhse [ceithre bliana] ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar
tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid,
mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh
an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in
Airteagal 8(5), Airteagal 10(2) agus Airteagal 12(4) a
chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh
le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige
ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
nó ag dáta ina dhiaidh sin a shonrófar inti. Ní dhéanfaidh sé difear do
bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 8(5), Airteagal 10(2) agus
Airteagal 12(4) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó
an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh
fógra do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, sula
dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa
agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina
choinne. Cuirfear [2 mhí] leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 24 Maidir le cuideachtaí bainistíochta agus
cuideachtaí infheistíochta dá dtagraítear faoi Airteagal 2(1) agus
Airteagal 27 de Threoir 2009/65/CE agus maidir le daoine a dhíolann
GCUInna (gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe) mar atá
sainithe in Airteagal 1(2) den Treoir sin, tá díolúine acu ó na
hoibleagáidí faoin Rialachán seo go dtí [IO: cuir isteach an dáta 5 bliana tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Airteagal 25 1. Ceithre bliana tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar
an Rialachán seo. San athbhreithniú sin áireofar suirbhé ginearálta ar chur i
bhfeidhm praiticiúil na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo agus aird
chuí á tabhairt ar fhobairtí sa mhargadh do tháirgí infheistíochta miondíola.
Maidir le GCUInna mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de
Threoir 2009/65/CE, déanfar a mheasúnú san athbhreithniú an bhfuil síneadh
le cur leis na socruithe eatramhacha faoi Airteagal 24 den Rialachán seo
nó, tar éis aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh, an féidir na forálacha
maidir le faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir i dTreoir 2009/65/CE a
athrú nó an féidir a mheas go bhfuil siad coibhéiseach leis an doiciméad
faisnéise bunriachtanaí faoin Rialachán seo. San athbhreithniú déanfar machnamh
freisin ar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun tháirgí infheistíochta
eile a áireamh. 2. Tar éis don Choimisiún dul i
gcomhairle le Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, cuirfidh sé
tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más gá,
beidh togra reachtach ag gabháil léi. Airteagal 26 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó [dhá bhliain tar éis a
theacht i bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] COM (2011) 656 final. [2] Is iad Coiste na Maoirseoirí
Baincéireachta Eorpacha, Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme
Eorpacha agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha na coistí a bhí ann roimh
an Údarás Eorpach Baincéireachta, roimh an Údarás Eorpach um Árachas agus
Pinsin Ghairme agus roimh an Údarás Eorpach Urrús agus Margaí faoi seach. [3] Rialachán (AE)
Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE)
Uimh. 1095/2010; IO 15.12.2010,
L 331, 12. [4] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le córais smachtbhannaí
a dhaingniú san earnáil airgeadais, an 8 Nollaig 2010 (COM(2010) 716 final). [5] IO , , lch. . [6] IO , , lch. . [7] IO C , , lch. . [8] IO L 302, 17.11.2009,
lch. 32. [9] IO L 145, 30.04.2004,
lch. 1. [10] IO L 9, 15.01.2003, lch. 3. [11] IO L 235, 23.9.2003,
lch. 10. [12] IO L 335, 17.12.2009,
lch. 1. [13] IO L 345, 21.12.2003, lch. 64. [14] IO L 271, 9.10.2002,
lch. 16. [15] COM(2010)716. [16] IO L 281, 23.11.1995,
lch. 31. [17] IO L 8, 12.01.2001, lch. 1.