This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0335
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL establishing a framework for managing financial responsibility linked to investor-state dispute settlement tribunals established by international agreements to which the European Union is party
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat chun freagracht airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí réitigh díospóidí idir infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat chun freagracht airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí réitigh díospóidí idir infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach
/* COM/2012/0335 final - 2012/0163 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat chun freagracht airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí réitigh díospóidí idir infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach /* COM/2012/0335 final - 2012/0163 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Réamhrá Le Conradh Liospóin, tá infheistíocht dhíreach
eachtrach tugtha laistigh de raon feidhme chomhbheartas tráchtála an Aontais
agus faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá réir sin. Is gné lárnach de na comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le
hinfheistíocht dhíreach eachtrach (ar a dtugtar comhaontuithe um chosaint
infheistíochta de ghnáth) í an fhéidearthacht atá ag infheisteoir éileamh a
dhéanamh i gcoinne stáit i gcás ina líomhnaítear gur ghníomhaigh an stát ar
bhealach nach raibh i gcomhréir leis an gcomhaontú um chosaint infheistíochta
(dá ngairfear "réiteach díospóide idir infheisteoir agus stát" anseo
feasta) Má tharlaíonn dlíthíocht den
sórt sin, beidh costais ar an stát lena mbaineann (táillí as riarachán na
díospóide agus as eadránaithe agus dlíodóirí a íoc) agus d'fhéadfadh sé go
mbeidh air cúiteamh a íoc, má chailleann sé. Is páirtí an tAontas cheana féin i gcomhaontú
amháin ina bhfuil an fhéidearthacht maidir le réiteach díospóide idir infheisteoir
agus stát (an Conradh um Chairt Fuinnimh[1])
agus déanfaidh an tAontas iarracht forálacha den sórt sin a chaibidliú i roinnt
comhaontuithe atá á gcaibidliú i láthair na huaire nó le caibidliú amach anseo. Dá bhrí sin, is gá an chaoi go ndéanfar bainistiú
ar iarmhairtí airgeadais na ndíospóidí sin a mheas. Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo an creat a bhunú chun na
hiarmhairtí sin a bhainistiú. Is é prionsabal eagrúcháin lárnach an
Rialacháin seo gur cheart go luafaí an fhreagracht airgeadais a eascraíonn as
cásanna réitigh díospóide idir infheisteoir agus stát leis an ngníomhaí a chuir
an chóir atá mar ábhar díospóide. Dá bhrí sin, sa chás go gcuireann institiúidí
an Aontais an chóireáil lena mbaineann, ba cheart go mbeadh an fhreagracht
airgeadais ar institiúidí an Aontais. Sa chás go gcuireann Ballstát an Aontais
Eorpaigh an chóir lena mbaineann, ba cheart go mbeadh an fhreagracht airgeadais
ar an mBallstát sin. Ní cheart go mbeadh an fhreagracht airgeadais ar an Aontas
ach amháin i gcásanna ina bhfuil gníomhaíochtaí an Bhallstáit faoi cheangal ag
dlí an Aontais. Chun an prionsabal lárnach seo a bhunú, is gá machnamh a
dhéanamh ar an tsaincheist maidir le cibé acu ar cheart nó nár cheart don
Aontas nó don Bhallstát a chuir an chóir atá i gceist gníomhú mar fhreagróir
agus cad iad na dálaí ina dtarlóidh sé sin, conas comhar a eagrú idir an
Coimisiún agus an Ballstát i gcásanna sonracha, conas déileáil leis an
bhféidearthacht maidir le réitigh agus ar deireadh, na meicníochtaí is gá lena
n‑áirithiú gur féidir aon chionroinnt a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór na trí phionsabal eile atá mar bhunús
leis an Rialachán seo a chur san áireamh sna gnéithe breise seo. Is é an chéad
cheann gur ghá go mbeadh feidhmiú foriomlán an leithdháilte neodrach ó thaobh
an bhuiséid de i ndáil leis an Aontas, agus é mar thoradh leis nach n‑íocfaidh
an tAontas ach na costais sin arna spreagadh ag gníomhartha institiúidí an
Aontais. Ar an dara dul síos, ní mór don mheicníocht feidhmiú ar chaoi a
fhágfaidh nach mbeidh infheisteoir i dtríú tír faoi mhíbhuntáiste ag an ngá
leis an bhfreagracht airgeadais a bhainistiú san Aontas. I dtéarmaí eile, sa
chás go mbeadh easaontú idir an tAontas agus an Ballstát, d'íocfaí aon
dámhachtain le hinfheisteoir i dtríú tír, ansin tabharfaí aghaidh ar an
leithdháileadh inmheánach laistigh den Aontas. Ar an tríú dul síos, ní mór na
bunphrionsabail a rialaíonn gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais arna mbunú ag
na Conarthaí agus ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a urramú
leis an meicníocht, go háirithe maidir le haontacht na hionadaíochta seachtraí
agus comhar dílis. Tugtar faoi deara go raibh sé tuartha ag an
gCoimisiún go mbeadh gá leis an Rialachán seo ina Theachtaireacht "I dtreo
beartais chuimsithigh Eorpaigh maidir le hinfheistíocht idirnáisiúnta"[2]. D'iarr Parlaimint na hEorpa an Rialachán atá
beartaithe go sainráite ina rún maidir le Beartas Infheistíochta Idirnáisiúnta
an AE amach anseo (mír 35 i Rún A7‑0070/2011 a glacadh an 22 Aibreán2011). Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle ar an
gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an ábhar sin ina Chonclúidí maidir le Beartas
Cuimsitheach Infheistíocha Idirnáisiúnta (an 25 Deireadh Fómhair 2010). Deimhníodh i bpléití ina dhiaidh sin sa
Chomhairle, go háirithe maidir leis na treoracha caibidlíochta ábhartha a
ghlacadh le haghaidh comhaontuithe áirithe atá faoi réir caibidlíochta faoi
láthair, go bhfuil suim mhór ag an gComhairle sa tionscnamh seo, 1.2. Inniúlacht
an Aontais comhaontuithe um chosaint infheistíochtaí a chur i gcrích agus freagracht
idirnáisiúnta an Aontais faoi na comhaontuithe sin Is é dearcadh an Choimisiúin go bhfuil
inniúlacht eisiach ag an Aontas chun comhaontuithe a chur i gcrích lena
gcumhdaítear gach ábhar a bhaineann le hinfheistíocht eachtrach, sé sin
infheistíocht dhíreach eachtrach agus infheistíocht punainne araon[3]. Déantar foráil in Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh ("CFAE") maidir le hinniúlacht eisiach maidir le
hinfheistíocht dhíreach eachtrach. Eascraíonn
inniúlacht an Aontais maidir le hinfheistíocht punainne ó Airteagal 63
CFAE, i ndearcadh an Choimisiúin. Déantar
foráil san airteagal sin go mbeidh gluaiseacht chaipitil idir Ballstáit an
Aontais agus tríú tíortha saor ó shrianta. Déantar foráil maidir le hinniúlacht eisiach an Aontais aon uair go
bhféadfadh sé go ndéanfaidh rialacha atá ar áireamh i gcomhaontú idirnáisiúnta
"tionchar a imirt ar rialacha comhchoiteanna nó a raon feidhme a
athrú" in Airteagal 3(2) CFAE. Is é dearcadh an Choimisiúin nach mór don Aontas inniúlacht eisiach a
bheith aige freisin i gcúrsaí a bhaineann le hinfheistíocht punainne ós rud é
go bhféadfadh na rialacha atá beartaithe, a mbeadh feidhm acu gan idirdhealú i
leith infheistíochta punainne, difear a dhéanamh do na rialacha maidir le
gluaiseacht chaipitil atá leagtha síos in Airteagal 63 den Chonradh. Ina theannta sin, is é tuairim an Choimisiúin
go gcumhdaítear gach caighdeán dá bhforáiltear sna téacsanna um chosaint
infheistíochta, lena n‑áirítear díshealbhú, le hinniúlacht an Aontais. Ar an gcéad dul síos, sheas Cúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh leis go comhsheasmhach go gcumhdaítear faoi inniúlacht an
Aontais maidir leis an gcomhbheartas tráchtála oibleagádí a chuirtear i
bhfeidhm tar éis teacht isteach (i.e. tar éis an t‑earra a allmhairiú nó
tar éis bunú soláthraí seirbhísí) fiú sna cásanna go gcoinníonn Ballstáit an
cumas rialacha inmheánacha a ghlacadh[4]. Dá bhrí sin, is rud seanbhunaithe é nach bhfuil
inniúlacht an Aontais i réimse na trádála in earraí teoranta do bhearta a
bhaineann leis an teorainn, amhail taraifí nó cuótaí allmhairithe, ach
cumhdaítear leis cúrsaí iar‑allmhairithe freisin, amhail cóir náisiúnta
agus cóir náisiún barrfhabhair a bhronnadh i leith cánacha agus dlíthe agus
rialacháin inmheánacha eile[5],
nó deireadh a chur leis na bacainní nach bhfuil gá leo roimh thrádáil a thig as
rialacháin agus caighdeáin theicniúla[6].
Ar an gcaoi chéanna, aontaítear go ginearálta[7]
nach bhfuil inniúlacht an Aontais maidir le 'trádáil i seirbhísí' teoranta do
cheisteanna a bhaineann le rochtain ar an margadh, ach cumhdaítear leis cúrsaí
cosúil le cóir náisiúnta agus cóir náisiún barrfhabhair i leith dlíthe agus
rialacháin inmheánacha, chomh maith le hoibleagáidí áirithe i leith riaracháin
agus inneachair na rialála inmheánaí. De réir na loighce seo, ní mór go
gcumhdófaí na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm tar éis bunú, lena n‑áirítear
cóir náisiúnta agus cóir náisiún barrfhabhair, cóir chothrom chothromasach agus
cosaint i gcoinne díshealbhú gan chúiteamh, le hinniúlacht an Aontais as
infheistíocht dhíreach eachtrach agus as gluaiseachtaí caipitil.. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach
bhforáiltear in Airteagal 345 CFAE ach nach ndeánfaidh na Conarthaí difear
don chóras úinéireachta maoine atá i bhfeidhm sna Ballstáit. Ní dhéanann conarthaí lena bhforáiltear cosaint
ar infheistíochtaí difear don chóras úinéireachta maoine – ceanglaíonn siad go
mbeidh díshealbhú faoi réir coinníollacha áirithe, lena n‑áirítear, inter
alia, cúiteamh a íoc. Dá bhrí sin,
níl an riail ar leith in Airteagal 345 ann le tabhairt le tuiscint nach
bhfuil inniúlacht ag an Aontas i dtaca leis na rialacha maidir le díshealbhú
atá ar áireamh sna comhaontuithe lena bhforáiltear do chosaint na
hinfheistíochta. Ar deireadh, suítear
leis freisin go dtéann an inniúlacht maidir le forálacha réitigh díospóide a
bhunú agus a riaradh in éineacht leis an inniúlacht bhunúsach maidir le hábhar
na rialacha[8]. Leanann sé uaidh sin, mar sin, nach féidir le
hinfheisteoir an dlí a chur ach ar an Aontas amháin i gcás inar comhaontú é atá
curtha i gcrích ag an Aontas amháin. Is
amhlaidh a bheadh an cás fiú amháin más rud é gur Ballstát, seachas an tAontas,
a chuir an chóir a ndéantar agóid ina coinne i réiteach díospóide idir
infheisteoir agus stát. Dá dtarlóidh
sé go mbeadh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit araon ina bpáirtithe i
gcomhaontú agus gur ghá cinneadh a dhéanamh maidir le cé atá freagrach mar
ábhar dlí idirnáisiúnta as aon ghníomh ar leith, is é dearcadh an Choimisiúin
nach é údar an ghnímh an té nach mór dó an cinneadh a dhéanamh, ach go ndéanfar
é bunaithe ar inniúlacht i dtaca le hábhar na rialacha idirnáisiúnta atá i
gceist, mar atá leagtha síos sa Chonradh. Sa chomhthéacs seo, is rud
neamhábhartha é inniúlacht a bheith ag Ballstát faoi na rialacha maidir leis an
margadh aonair lena gceadaítear dó reachtaíocht a dhéanamh go hinmheánach. Dearbhaíodh an loighic seo i gcásdlí na Cúirte
Breithiúnais. Mar shampla, ina
Tuairim 1/91 sheas an Chúirt leis an méid seo a leanas (béim curtha leis): Tugtar sainmhíniú ar 'Páirtithe Conarthacha' in
Airteagal 2(c) den chomhaontú seo. mhéad agus go mbaineann sé leis an
gComhphobal agus lena mBallstáit, cumhdaítear an Comhphobal agus na Ballstáit
leis, nó an Comhphobal, nó na Ballstáit, ag brath ar an gcás. ngach cás,
bainfear de thátal as forálacha ábhartha an chomhaontaithe agus as
inniúlachtaí an Chomhphobail agus na mBallstát, de réir mar a thugtar iad
faoin gConradh CEE agus faoin gConradh CEGC, le cinneadh a dhéanamh maidir le
cén cheann den trí fhéidearthacht a roghnófar[9]. Sa chomhthéacs idirnáisiúnta, d’aithin an
Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta an fhéidearthacht go bhféadfadh rialacha speisialta
a bheith i bhfeidhm idir eagraíocht idirnáisiúnta agus a cuid baill. Agus dréachtairteagail maidir le Freagracht na
nEagraíochtaí Idirnáisiúnta á leagan amach aige, forálann an Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta go bhféadfadh sé nach mbeidh a cuid
rialacha infheidhme, nó go bhféadfaí athrú a dhéanamh orthu, i ndálaí ar leith[10]. Cé gurb ar an Aontas atá an fhreagracht
idirnáisiúnta as sárú ar aon fhoráil laistigh d’inniúlacht an Aontais, i
bprionsabal, ar na cúiseanna atá leagtha amach thuas, is féidir, mar ábhar dlí
an Aontais, a fhoráil go ndéanfar freagracht airgeadais a shannadh idir an
tAontas agus na Ballstáit. Mar a phléitear thíos i roinn 1.3, measann an Coimisiún
gurbh iomchuí go nglacfadh gach Ballstát freagracht airgeadais as a
ghníomhartha féin, ach amháin má cheanglaítear na gníomhartha sin a dhéanamh
faoi dhlí an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, cé gur cheart go
ngníomhódh an tAontas, i bprionsabal, mar fhreagróir in aon díospóid a
bhaineann le sárú líomhnaithe ar fhoráil i gcomhaontú idirnáisiúnta a thagann
faoi inniúlacht eisiach an Aontais, ar na cúiseanna a luaitear thuas, fiú má
thagann an sárú sin as gníomhaíocht Ballstát, d’fhéadfaí go dtabharfaí de
chumhacht do Bhallstát, mar a fhoráiltear go sainráite in Airteagal 2(1)
CFAE, gníomhú mar fhreagróir i ndálaí iomchuí i bhfianaise na féidearthachta go
mbeadh éileamh mór ar bhuiséad an Aontais agus ar acmhainní an Aontais (fiú go
sealadach) dá ngníomhódh an tAontas mar fhreagróir i ngach cás. Tugann sé sin
le tuiscint go bhfuil sé níos oiriúnaí, in ionad meicníochtaí a bhunú ar
bhealach a léiríonn cur i bhfeidhm dian na rialacha maidir le hinniúlacht,
réitigh phragmatacha a chur chun tosaigh lena n‑áirithítear deimhneacht
dhlíthiúil don infheisteoir agus lena gcuirfear gach meicníocht riachtanach ar
fáil lena mbeifear in ann eadráin a dhéanamh go réidh agus, ar deireadh,
freagracht airgeadais a shannadh ar bhealach oiriúnach. Mar a mhínítear i roinn 1.4
thíos, is é dearcadh an Choimisiún gur cheart go dtabharfaí cead do Bhallstáit
gníomhú mar fhreagróirí ar mhaithe lena ngníomhaíochtaí féin a chosaint, ach
amháin faoi dhálaí áirithe ina bhfuil sé chun leasa an Aontais gan é sin a
dhéanamh. Is gá é seo a dhéanamh agus a áirithiú, ag an am céanna, go ndéantar
prionsabal aontacht na hionadaíochta seachtraí a urramú. 1.3. Freagracht Airgeadais a
shannadh Mar a leagtar amach thuas, beidh costais ar na
páirtithe lena mbaineann de thoradh réitigh díospóide idir infheisteoir agus
Stát, i dtéarmaí táillí agus i dtéarmaí íocaíocht na dámhachtana deiridh araon. Tá sé tábhacht an cheist maidir le stiúradh agus
bainistíocht ar éileamh eadrána idir infheisteoir agus Stát a idirdhealú ón
gceist maidir le sannadh na freagrachta airgeadais. Tá sé seo riachtanach ar mhaithe le leithdháileadh chothrom na gcostas
a áirithiú, le nach mbeidh costais a bhaineann le cóir a chuir Ballstát amháin
mar ualach ar bhuiséad an AE – agus ar bhuiséid na mBallstát nach bhfuil baint
acu leis an éileamh atá i gceist dá réir sin. Dá bhrí sin, cibé acu an tAontas nó Ballstát a ghníomhaíonn mar
fhreagróir ar éileamh, ba cheart go leanfadh an fhreagracht airgeadais as aon
chostas áit tionscnaimh na córa a ndearna an t‑infheisteoir gearán ina
leith. Dá bhrí sin, dá mba rud é go
dtionscnófaí an chóir arna hionsaí ag infheisteoir go heisiach i mBallstát, ba
cheart go mbeadh an Ballstát lena mbaineann faoi dhliteanas as na costais a
eascródh as réiteach na díospóide. Ar
an gcaoi chéanna, i gcásanna ina dtionscnaítear an chóir a ndearna an t‑infheisteoir
gearán ina leith in institiúidí an Aontais (lena n‑áirítear an cás inar
ghlac Ballstát an beart atá i gceist de réir mar a cheanglaítear faoi dhlí an
Aontais), ba cheart go nglacfadh an tAontas freagracht airgeadais. Ar an mbealach céanna, ba cheart go leanfadh an
cinneadh maidir le cibé an ndéanfar éileamh ar réiteach díospóide a réiteach nó
nach ndéanfar agus an fhreagracht as dámhachtain réitigh a íoc áit tionscnaimh
na córa de ghnáth. Cé go bhféadfadh sé go mbeidh gá machnamh a
dhéanamh ar cheisteanna casta mar thoradh ar shannadh na freagrachta airgeadais
idir an tAontas agus Ballstát, níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag aon
easaontú idir an tAontas agus an Ballstát ar an infheisteoir a dhéanann an t‑éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh lena n‑áirithiú
go n‑íocfar aon dhámhachtain deiridh nó aon dhámhachtain réitigh leis an
infheisteoir go pras, beag beann ar na cinntí maidir le sannadh na freagrachta
airgeadais. Ina theannta sin, agus ar
mhaithe le tarraingtí nach bhfuil gá leo ar bhuiséad an Aontais a sheachaint,
ba cheart go mbeadh forálacha maidir le híocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh
isteach i mbuiséad an Aontais chun costais eadrána a chumhdach, agus le go
ndéanfadh an Ballstát lena mbaineann aisíocaíocht phras ar bhuiséad an Aontais
freisin. 1.4. Ról an
Aontais agus róil na mBallstát maidir le díospóidí a stiúradh Aithnítear trí chás dhifriúla sa togra seo,
maidir le dáileadh na ról idir an tAontas agus na Ballstáit i dtaca le stiúradh
na ndíospóidí faoi chomhaontuithe lena bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu. Sa chéad chás, ghníomhódh an tAontas mar
fhreagróir i gcás inar chóir a chuir institiúid amháin nó níos mó de chuid an
Aontais í an chóir a líomhnaítear gan a bheith i gcomhréir leis an gcomhaontú. Ghlacfadh an tAontas freagracht iomlán airgeadais
sna cásanna sin. Sa dara chás, ghníomhódh an Ballstát mar
fhreagróir sa chás gur chuir an Ballstát an chóir atá i gceist. Ghlacfadh an
Ballstát freagracht iomlán airgeadais sna cásanna sin. Sa chás seo, bheadh ar an mBallstát an Coimisiún a choinneáil ar an
eolas maidir le forbairtí sa chás, agus cead a thabhairt don Choimisiún treoir
a thabhairt maidir le ceisteanna ar leith[11]. Sa tríú cás, ghníomhódh an tAontas mar
fhreagróir i leith córa a chuir Ballstát. Tharlóidh sé seo freisin i gcás inar roghnaigh an Ballstát gan ghníomhú
mar fhreagróir. Tharlódh sé freisin i
gcásanna ina ndéanann an Coimisiún cinneadh go bhfuil ceisteanna a bhaineann le
dlí an Aontais i gceist, a fhágann go bhféadfaí go mbeadh freagracht airgeadais
ar an Aontas, san iomlán nó i bpáirt. Bheadh feidhm leis an gcás seo freisin má tá an Coimisiún den tuairim
go bhfuil seasamh an Aontais de dhíth ar mhaithe le haontacht na hionadaíochta
seachtraí a áirithiú, i ngeall ar gur dóchúil go n‑ardófar éilimh
chomhchosúla i ndíospóidí i gcoinne Ballstát eile nó i ngeall ar go n‑ardaítear
ceisteanna dlí gan réiteach sna díospóidí ar dócha go dtiocfaidís aníos i
ndíospóidí eile. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an
Aontais i gcomhréir lena ról maidir le hionadaíocht sheachtrach arna bhunú ag
Airteagal 17 den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá sé soiléir don Choimisiún go mbeidh sé
riachtanach, i gcásanna ina ngníomhaíonn an tAontas mar fhreagróir a bhaineann
le cóir a chuir Ballstát, leibhéal ard comhair a áirithiú leis an mBallstát
lena mbaineann. Beidh dlúthchomhar i
gceist anseo maidir leis an gcosaint a ullmhú, ó thús go deireadh an nós
imeachta. Dá bhrí sin, beidh gá le
doiciméid a chomhroinnt agus ba cheart ionadaithe ó na Ballstáit a bheith mar
chuid de thoscaireacht an Aontais. Tabharfaí isteach córas ró‑righin,
áfach, dá leagfaí síos reachtaíocht maidir le ról ar leith do na hionadaithe
sin sna héisteachtaí nó dá dtabharfaí cead sainchúraim aonair a chomhdú, agus
d’fhéadfaí go mbeadh deacrachtaí ann dá bharr aontacht ionadaíocht sheachtrach
an Aontais a áirithiú. Ar an gcúis
sin, cé go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún dlúthchomhar éifeachtach a
áirithiú, níor cheart go mbeadh sonraí maidir leis na gnéithe sin sa Rialachán
seo agus níor cheart ach prionsabal an dlúthchomhair idir an tAontas agus na
Ballstáit a shonrú ann. Scrúdaigh an Coimisiún roinnt roghanna
malartacha sna comhairliúcháin neamhfhoirmiúla agus an togra seo á ullmhú. Ba
rogha mhalartach amháin í meicníocht ina mbeadh an tAontas agus an Ballstát
lena mbaineann ag gníomhú mar chomhfhreagróirí. Is é dearcadh an Choimisiúin,
áfach, nach n‑oireann an mheicníocht sin go maith i gcás réiteach
díospóide idir infheisteoir agus stát. Ar an gcéad dul síos, ní dhéanann sé
foráil leordhóthanach maidir le meicníocht chun freagracht airgeadais a
shannadh idir an Ballstát lena mbaineann agus an tAontas. Ní bheadh sé
comhsheasmhach leis na nósanna imeachta buiséideacha, ná éifeachtach ach an
oiread, dá ndéanfadh Ballstát aon dámhachtain a bheadh ann ar deireadh a íoc
agus ansin dá ndéanfadh sé iarracht aisíocaíocht a fháil ón Aontas Eorpach trí
iarracht a dhéanamh é féin na gnéithe a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a
chinneadh, agus ní aithneofaí ról an Choimisiún maidir le cur chun feidhme dhlí
an Aontais dá ndéanfaí amhlaidh ach an oiread. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh
sé go mbeadh neamhréireachtaí ann dá bharr agus an t‑éileamh á chosaint,
le gach ceann de na comhfhreagróirí ag cur argóintí contrárthacha nó éagsúil
óna chéile i láthair. Ní bheadh sé sin ag luí le prionsabal aontacht na
hionadaíochta seachtraí arna bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh sé go bhfágfadh sé go mbeadh ar bhinse
fiosraithe dearbhú a dhéanamh maidir le comhroinnt inniúlachtaí idir an tAontas
agus na Ballstáit, i ndálaí ina ndéanfadh an dá chomhfhreagróir seasamh a
bheadh éagsúil óna chéile a chur i láthair maidir leis an gceist sin os comhair
an bhinse fhiosraithe; ba cheart cás ina dtabharfadh tríú páirtí a thuairim
maidir le hábhar inmheánach, nach mbaineann ach leis an AE amháin, a
sheachaint. Ar deireadh, sa chás go ndéanfaí cás a chosaint go rathúil, agus go
mbronnfaí costais ar an bhfreagróir, ní dócha go dtabharfadh binse fiosraithe
cead don Aontas agus don Bhallstát lena mbaineann araon costais a aisghabháil.
Níl sé inghlactha go laghdófaí na costais fhéideartha a d’aisíocfaí leis an
Aontas ar mhaithe le costais arna dtabhú ag Ballstát atá ina chomhfhreagróir
(nó a mhalairt de chás) a chumhdach. Is é an toradh a bheadh leis ná go
ndéanfaí suim níos lú ná na cistí iomlán arna leithdháileadh ag an Aontas a
aisíoc agus dá bhrí sin ní fhéadfaí neodracht na hoibríochta ó thaobh an
bhuiséid de a áirithiú. 1.5. Dámhachtainí i gcoinne an
Aontais a aithint agus a fhorfheidhmiú Is gá rialacha a leagan síos freisin chun
déileáil le cásanna ina seasfaí leis go bhfuil an AE faoi dhliteanas. I ngeall
go bhfuil nó go mbeidh an tAontas Eorpach ina pháirtí i gcomhaontuithe den sórt
sin, beidh an tAontas Eorpa faoi oibleagáid idirnáisiúnta glacadh le haon
dámhachtain a dhéantar ina choinne. Dhéanfadh an tAontas Eorpach aon oibleagáid
den sórt sin a urramú. Ós rud é go bhfuil réiteach díospóide idir
infheisteoir agus stát bunaithe ar eadráin, i bhformhór na dtíortha, lena n‑áirítear
Ballstáit an Aontais Eorpaigh, bunaítear aithint agus forghníomhú na
ndámhachtainí infheistíochta ar an reachtaíocht ábhartha a bhaineann le
headráin. Is minic an reachtaíocht
sin a bheith bunaithe ar Choinbhinsiún Nua‑Eabhrac an 10 Meitheamh 1958
maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú nó
ar Dhlí Eiseamláireach maidir le hEadráin Tráchtála Idirnáisiúnta de
chuid Choimisiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Dlí Trádála Idirnáisiúnta
(UNCITRAL) ón mbliain 1985 (arna leasú in 2006)[12]. Tá foráil maidir le
fóram ar leith i dtaca le díospóidí infheistíochta a shocrú sa Choinbhinsiún
maidir le Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh Stát eile a
Shocrú ("Coinbhinsiún DISNSE"). Tá foráil in Airteagal 54(1)
maidir leis an méid seo a leanas: Tabharfaidh gach Stát Conarthach aitheantas do
dhámhachtain a rinneadh de bhun an Choinbhinsiúin seo mar dhámhachtain
cheangailteach agus déanfaidh sé na hoibleagáidí airgid a fhorchuireann an
dámhachtain sin a fhorfheidhmiú laistigh dá chríocha ionann is dá mba
bhreithiúnas críochnaitheach í ó chúirt sa Stát sin. Féadfaidh Stát Conarthach a bhfuil bunreacht cónaidhme aige an
dámhachtain sin a fhorfheidhmiú ina chúirteanna cónaidhme nó tríothu agus
féadfaidh sé a fhoráil go ndéileálfaidh na cúirteanna sin leis an dámhachtain
ionann is dá mba bhreithiúnas críochnaitheach í ó chúirteanna stáit chónaidhme. Is iad na rialacha atá leagtha síos i
gCoinbhinsiún ICSID (Lárionad Idirnáisiunta chun díospóidí Idirnáisiúnta a
Shocrú) atá i bhfeidhm maidir le haithint agus forfheidhmiú na ndámhachtainí
infheistíochta más rud é gur eadráin de réir rialacha Choinbhinsiún ICSID atá i
gceist, agus i gcásanna eile, is iad na rialacha a leagtar amach i
gCoinbhinsiún Nua‑Eabhrac nó sna dlíthe náisiúnta maidir le headráin a
bheidh i bhfeidhm. Go bhfios don Choimisiún, ní dhéanann ach an Ríocht
Aontaithe agus Éire foráil, sa dlí náisiúnta, maidir le nósanna imeachta ar
leith i dtaca le bainistiú dámhachtainí a tugadh faoi Choinbhinsiún ICSID[13]. Bheadh feidhm leis na rialacha seo, de réir
mar is iomchuí, maidir le headráin a rinneadh de bhun chomhaontuithe an
Aontais. Cé nach bhfuil aon taifead ar chás inar dhiúltaigh an tAontas nó a
chuid Ballstát dámhachtain a urramú, dá measfadh infheisteoir go raibh sé
riachtanach aithint nó fhorfheidhmiú dámhachtana a lorg, bheadh air an t‑aitheantas
nó an forfheidhmiú sin á lorg i gcúirteanna na mBallstát. Má dhéantar
forfheidhmiú a lorg ar dhámhachtain a rinneadh i gcoinne an Aontais, bheadh
feidhm ag hAirteagal 1 de Phrótacal (Uimh. 7) maidir le Pribhléidí
agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh : Ní bheidh maoin agus sócmhainní an Aontais ina n‑ábhar
d'aon bheart comhéigin, riaracháin ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte
Breithiúnais. Fágann sé sin go bhféadfadh sé go mbeidh ar an
infheisteoir dul chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má dhéantar
iarraidh ar fhorfheidhmiú i gcoinne sócmhainní de chuid an Aontais. Measann an Coimisiún go gcuirfeadh an Chúirt Bhreithiúnais
an cur chuige caighdeánach maidir le díolúine cheannasach i bhfeidhm sna
cásanna sin, agus go mbeadh mar thoradh air go mbeadh an cás laistigh den
Aontas inchomparáide leis an gcás i dtíortha eile, lena n‑áirítear
Ballstáit an Aontais Eorpaigh, áit go mbeadh feidhm ansin le prionsabal
idirnáisiúnta na díolúine ceannasaí. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Ní raibh an togra seo faoi réir ag measúnú
tionchair. Is é is cúis leis seo nach bhfuil na forálacha maidir le réiteach
díospóide idir infheisteoir agus stát ar áireamh sa rialachán, ann féin, lena
bhféadfaí go mbeidh gá dul i mbun eadrána nó go mbeifí faoi dhliteanas cúiteamh
a íoc dá bharr. A mhéad agus is féidir anailís a dhéanamh ar na tionchair
fhéideartha a bheadh ag na forálacha sin, déanfar é sin sa mheasúnú tionchair
do na comhaontuithe atá i gceist. Dá hainneoin sin, tugtar míniú áirithe ar na
tionchair is dócha a bheidh ar an mbuiséad i Roinn 4 thíos. Reáchtáil an Coimisiún roinnt cruinnithe le
hionadaithe na mBallstát agus le Parlaimint na hEorpa agus an togra seo á
ullmhú. Tugadh na tuairimí a cuireadh in iúl sna cruinnithe sin ar áireamh go
cúramach sa togra a ghabhann leis seo. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA 3.1. Bunús
dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 207(2)
den CFAE lena mbunaítear inniúlacht eisiach an Aontais as comhbheartas
tráchtála, lena n‑áirítear as infheistíocht dhíreach eachtrach. 3.2. An togra
a chur i láthair Bunaítear creat leis an Rialachán atá
beartaithe lena ndéanfaí freagracht airgeadais a thig as réiteach díospóide
idir infheisteoir agus stát a rinneadh de bhun comhaontuithe ar páirtí an
tAontas iontu a shannadh. 3.2.1. Caibidil
I: Forálacha ginearálta Leagtar amach raon feidhme an Rialacháin atá
beartaithe sa Chaibidil seo agus tá sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear le
fáil ann. Tá an Rialachán seo infheidhme maidir le réiteach díospóide a
thionscain infheisteoir tríú tír agus a dhéantar de bhun comhaontaithe ar
páirtí ann an tAontas. Níl feidhm
aige i leith réitigh díospóide idir stát agus stát a bhaineann le forálacha
maidir le cosaint infheistíochta, mar gheall nach bhféadfadh cúiteamh
airgeadais a bheith i gceist ansin. Dá mbeadh stát ag iarraidh cúiteamh a lorg,
ba ghá dá chuid infheisteoirí na héilimh ábhartha a shannadh air. 3.2.2. Caibidil II: Cionroinnt freagrachta airgeadais Leagtar amach an bunús faoina ndéanfar
freagracht airgeadais a thig as éileamh ar réiteach díospóide a shannadh idir
an tAontas, Ballstát nó an péire acu sa Chaibidil seo. Is é a bheidh mar phríomhchritéar don
chionnroint ná foinse na córa a ndearna an t‑infheisteoir gearán ina
leith. Más rud é gur gníomh Aontais a
bhéas mar fhoinse na córa, ansin glacfaidh an tAontas an fhreagracht
airgeadais. Más rud é gur gníomh Ballstáit a bhéas mar fhoinse na córa, ansin
glacfaidh an Ballstát an fhreagracht airgeadais, ach amháin más rud é go raibh
an chóir á ceangal faoi dhlí an Aontais. Ba cheart go mbeadh freagracht
airgeadais ar an mBallstát, áfach, as cóir a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais
i gcásanna ina raibh an chóir sin á ceangal ar mhaithe le sárú ar dhlí an
Aontais a bhí ann cheana féin a chur ina cheart. I gcásanna ina ndearnadh an fhreagracht
airgeadais a shannadh ar Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh
ina leagtar amach an sannadh. D’ainneoin na gcritéar i leith cionroinnte, má
roghnaíonn Ballstát glacadh leis an bhfreagracht airgeadais a thig as éileamh
ina bhfuil an tAontas ina fhreagróir nó má ghníomhaíonn Ballstát mar fhreagróir
san éileamh nó má roghnaíonn sé an t‑éileamh a réiteach, is ar an
mBallstát a bheidh an fhreagracht airgeadais. Sa chás go nglacfadh Ballstát le freagracht
airgeadais a thig as éileamh, féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún teacht ar
chomhaontú faoin meicníocht faoina n‑íocfar na costais eadrána agus an
dámhachtain. Cuirfidh an Coimisiún an
binse fiosraithe eadrána agus an t‑infheisteoir ar an eolas gur ghlac an
Ballstát leis an bhfreagracht airgeadais. 3.2.3. Caibidil III: Díospóidí a stiúradh Sa Chaibidil seo leagtar amach na prionsabail
maidir le díospóidí a stiúradh a bhaineann le cóir arna cur ag an Aontas nó ag
Ballstáit, bíodh sin go hiomlán nó i bpáirt. Tá foráil i Roinn 1 den Chaibidil go mbeidh an
tAontas ina fhreagróir aon uair go mbaineann an díospóid le cóir a chuir an
tAontas. I Roinn 2, pléitear leis an gcás ina
mbaineann an díospóid, go hiomlán nó go páirteach, le cóir a chuir an Ballstát. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát lena
mbaineann chomh luath agus a bheidh sé ar eolas aige gur iarr infheisteoir comhairliúcháin,
i gcomhréir le forálacha chomhaontaithe um chosaint infheistíochta. Féadfaidh an Ballstát páirt a ghlacadh sna
comhairliúcháin agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don
Choimisiún. A luaithe a gheobhaidh an Coimisiún nó
Ballstát fógra eadrána ó infheisteoir i gcomhréir le forálacha comhaontaithe
cosanta infheistíochta, tabharfaidh siad fógra dá chéile. Féadfaidh an Ballstát gníomhú mar fhreagróir san éileamh, ach amháin má
dhéanann an Coimisiún cinneadh gur cheart don Aontas gníomhú mar fhreagróir nó
má tá an Ballstát ag iarraidh ar an Aontas gníomhú mar sin. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint go
ngníomhóidh an tAontas mar fhreagróir más rud é: (a) gur dócha go
mbeidh ar a laghad cuid den fhreagracht airgeadais as an éileamh ar an Aontas; (b) go mbaineann an díospóid le cóir a chuir an tAontas; (c) gur dócha go dtabharfar éilimh chomhchosúla i gcoinne córa a chuir
Ballstáit eile; nó (d) gur dócha go n‑ardófar ceisteanna dlí gan réiteach san éileamh. I gcás ina bhfuil an tAontas ag gníomhú mar
fhreagróir, ní mór don Bhallstát lena mbaineann gach cúnamh is gá a sholáthar
don Choimisiún agus d'fhéadfadh sé a bheith ina chuid de thoscaireacht an
Aontais sna himeachtaí eadrána. Coinneoidh
an Coimisiún an Ballstát ar an eolas go dlúth maidir le gach céim shuntasach sa
phróiseas, agus oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis an mBallstát agus rachaidh sé
i mbun comhairliúcháin leis an mBallstát go rialta. I gcás ina bhfuil Ballstát ag gníomhú mar
fhreagróir, is gá dó gach doiciméad a bhaineann leis na himeachtaí a sholáthar
don Choimisiún agus tabharfaidh sé cead don Choimisiún a bheith ina chuid de
thoscaireacht an Bhallstáit sna himeachtaí eadrána. Coinneoidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir le gach céim
shuntasach sa phróiseas agus d'fhéadfaí go gceanglófaí air seasamh ar leith a
ghlacadh sa chosaint a dhéanfaidh sé ar an éileamh má tá leas an Aontais i
gceist. 3.2.4. Caibidil IV: Réitigh Má mheasann an Coimisiún gurbh fhearr a
dhéanfaí freastal ar leasanna an Aontais trí éileamh a bhaineann le cóir a
chuir an tAontas go heisiach a réiteach, féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh chun
réiteach a fhormheas. Glacfar an
cinneadh seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a cruthaíodh faoi
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011[14]. Má mheasann an Coimisiún gurbh fhearr a
dhéanfaí freastal ar leasanna an Aontais trí éileamh a bhaineann le cóir a
chuir an Ballstát nó a chuir Ballstát agus an tAontas araon a réiteach,
rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann. Má chomhaontaíonn an Ballstát réiteach a
dhéanamh, déanfaidh sé a dhícheall comhaontú a dhéanamh leis an gCoimisiún
maidir leis na gnéithe is gá do chaibidlíocht agus do chur chun feidhme an
réitigh. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a dhéanamh an díospóid a réiteach fiú mura dtoilíonn an Ballstát lena
mbaineann, má mheasann an Coimisiún go bhfuil leas sáraitheach an Aontais i
gceist leis. Déanfar comhaontú maidir
le téarmaí an réitigh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin. I gcás ina mbaineann éileamh le cóir a chuir
Ballstát go heisiach, féadfaidh an Ballstát díospóid a réiteach sna cásanna seo
a leanas: (a) má ghlacann an Ballstát aon fhreagracht airgeadais a thig as an
réiteach; (b) más rud é nach bhfuil an comhaontú réitigh infhorfheidhmithe ach amháin
i gcoinne an Bhallstáit sin; (c) má tá téarmaí an réitigh ag luí le dlí an Aontais; agus (d) mura bhfuil leas sáraitheach an Aontais i gceist. Rachaidh an Ballstát i mbun comhairliúcháin
leis an gCoimisiún, a dhéanfaidh cinneadh cibé an ndéantar gach coinníoll atá
leagtha amach thuas a chomhlíonadh nó nach ndéantar laistigh de 90 lá. 3.2.5. Caibidil V: Na dámhachtainí deiridh agus na socraíochtaí a
íoc I gcás inar ghníomhaigh an Ballstát lena
mbaineann mar fhreagróir ar éileamh, beidh sé freagrach as na dámhachtainí
deiridh agus na socraíochtaí a bhaineann leis an éileamh sin a íoc. I gcás inar ghníomhaigh an tAontas mar
fhreagróir ar éileamh, íocfaidh sé aon dámhachtain deiridh leis an infheisteoir
i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa chomhaontú ábhartha, ach
amháin más rud é gur ghlac Ballstát freagracht airgeadais as an díospóid. I gcásanna inar comhaontaíodh réiteach, íocfaidh
an Coimisiún suim an réitigh i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos sa
chomhaontú réitigh. I gcás ina measann an Coimisiún gur cheart do
Bhallstát dámhachtain deiridh nó suim réitigh a íoc ina iomlán nó i bpáirt agus
nár ghlac an Ballstát sin freagracht airgeadais as, rachaidh sé i mbun
comhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann. Más rud é nach féidir leis an gCoimisiún agus leis an mBallstát teacht
ar chomhaontú faoin ábhar, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina leagfar amach an
tsuim a bheidh le n‑íoc ag an mBallstát sin. Déanfaidh an Ballstát buiséad an Aontais a chúiteamh, lena n‑áirítear
ús, laistigh de trí mhí ó dháta an chinnidh. Má easaontaíonn an Ballstát le sannadh freagrachta airgeadais an
Choimisiún, déanfaidh sé agóid faoi. Mura
n‑aontaíonn an Coimisiún le hagóid an Bhallstáit, glacfaidh sé cinneadh
ina n‑iarrfar ar an mBallstát buiséad an Aontais, lena n‑áirítear
ús, a chúiteamh. Féadfaidh an
Ballstát dul ar iontaoibh Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh ar mhaithe le neamhniú an chinnidh atá i gceist a iarraidh. Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
cinneadh faoin ábhar ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Níor cheart go mbeadh aon ghné sa nós imeachta
sin le go ndéanfaidh na Ballstát cinneadh an Choimisiúin a rialú. Is cinneadh é seo nach bhfuil feidhm aige ach
maidir le Ballstát amháin agus níor cheart go mbeadh cur i bhfeidhm na
gcaighdeán atá leagtha síos sa rialachán, arna dhéanamh ag an gCoimisiúin faoi
réir rialú polaitiúil na mBallstát. Tá
sé fíor‑riachtanach, ar mhaithe le feidhmiú ceart an rialacháin, go
gcuirfí na critéir i bhfeidhm go daingean ar bhealach oibiachtúil. Dá n‑iarrfadh an Ballstát lena mbaineann
cinneadh an Choimisiúin a neamhniú os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh, ansin bheadh Ballstáit eile a mbeadh suim acu sa léirmhíniú in ann
idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais. I gcás ina bhfuil an tAontas ag gníomhú mar
fhreagróir, íocfaidh an tAontas nó an Ballstát na costais eadrána i gcomhréir
leis an gcaoi ina ndéantar freagracht airgeadais as an díospóid a shannadh. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena
gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann an t‑éileamh ranníocaíochtaí
airgeadais a dhéanamh le buiséad an Aontais chun aon íocaíochtaí tréimhsiúla ar
chostais eadrána a chumhdach. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA I ngeall ar a bhfuil i gceist le réiteach
díospóide idir infheisteoir agus stát, ní féidir faisnéis bheacht a thabhairt
maidir leis na costais is dócha a bheidh i gceist leo. Bíonn siad seo ag brath ar raon leathan fachtóirí lena n‑áirítear
méid an tsreafa chaipitil, cobhsaíocht na timpeallachta infheistíochta srl.
Beidh nochtadh an Aontais ar an bhfreagracht sin ag brath freisin, dár ndóigh,
ar líon na gcomhaontuithe sin ar páirtí iontu é ar deireadh freisin. Agus an togra seo á dhéanamh, ní páirtí an
tAontas ach i gcomhaontú amháin maidir le réiteach díospóide idir infheisteoir
agus stát, fiú má tá roinnt comhaontuithe eile á gcaibidliú i láthair na
huaire. Dá bhrí sin, tá sé dodhéanta
na hiarmhairtí buiséadacha is dócha a bheidh ann a thabhairt go sonrach agus
Rialachán den chineál seo á ullmhú, lena bhfuil sé i gceist leis tionchar
cothrománach a bheith aige. Cé nár
cheart beag a dhéanamh de na deacrachtaí maidir le meastacháin chruinne a
dhéanamh, is féidir anailís níos beaichte a dhéanamh ar bhonn cás ar chás sna measúnuithe
tionchair a ullmhófar do chomhaontuithe ar leith agus ba cheart na
comhaontuithe a bheith faoi réir meastóireachta ex‑post freisin. Déanfar Ráitis Airgeadais a ullmhú le haghaidh
gach comhaontú amach anseo atá le cur i gcrích de bhun Airteagal 218 den
Chonradh a thiocfadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is gá a áirithiú go mbeidh na gnéithe
riachtanacha i bhfeidhm i mbuiséad ginearálta an Aontais le haon chostais
fhéideartha a thig as comhaontuithe le tríú tíortha atá ar áireamh i réiteach díospóide
idir infheisteoir agus stát, mar a chuirtear chun feidhme iad sa Rialachán seo,
a chumhdach. Tá trí ghné i gceist anseo. Ar an gcéad dul síos, ní mór foráil a
dhéanamh maidir le speansais ar bith a bheidh ar an mbinse fiosraithe eadrána
agus aon chostais ghaolmhara eile a íoc. Ar an dara dul síos, ní mór foráil a
dhéanamh maidir le cásanna ina gceanglófar ar an Aontas cúiteamh a íoc ar
dhámhachtainí deiridh nó socraíocht i leith gníomhartha a chuid institiúidí. Ar
an tríú dul síos, i gcásanna ina ngníomhaíonn an tAontas mar fhreagróir, ach
ina meastar ar deireadh freagracht airgeadais a bheith ar an mBallstát lena
mbaineann, is gá don Aontas aon íocaíocht riachtanach a dhéanamh agus ansin
aisíocaíocht ar na híocaíochtaí sin a fháil ón mBallstát lena mbaineann. Is gá
freisin foráil a dhéanamh maidir le meicníocht ina ndéanfaidh Ballstát, a ghlac
freagracht airgeadais i gcás air féin, íocaíochtaí tréimhsiúla le Buiséad an AE
ar mhaithe le costas na headrána a chúiteamh. Dhéanfaí na híocaíochtaí sin agus
na haisíocaíochtaí sin go léir faoin gceannteideal buiséid 20 02 01 – Caidreamh
trádála eachtrach, lena n‑áirítear rochtain ar mhargaí tríú tíortha.
Glacadh leis na forálacha riachtanacha chuige seo sa togra ón gCoimisiún maidir
le buiséad 2013[15]
tríd an gceannteideal buiséid a luaitear thuas a chur leis na nótaí tráchta
buiséadacha a thagraíonn do: "Réiteach
díospóide idir infheisteoir agus stát mar a bunaíodh faoi chomhaontuithe
idirnáisiúnta Tá an caiteachas seo a leanas ann ar mhaithe le tacú le: –
Costais eadrána, saineolas teicniúil agus táillí
arna dtabhú ag an Aontas agus é ina pháirtí i ndíospóidí a thig as
comhaontuithe idirnáisiúnta a cuireadh i gcrích faoi Airteagal 207 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme. –
Dámhachtain deiridh nó dámhachtainí réitigh a
íoctar le hinfheisteoir i gcomhthéacs na gcomhaontuithe idirnáisiúnta sin a
íoc." 2012/0163 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear creat chun freagracht
airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí réitigh díospóidí idir
infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí
iontu an tAontas Eorpach TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) De bharr theacht i bhfeidhm
Chonradh Liospóin, tá inniúlacht eisiach faighte ag an Aontas chun
comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le cosaint na hinfheistíochta a thabhairt
chun críche. Is páirtí é an tAontas cheana sa Chonradh um Chairt Fuinnimh[16] ina bhforáiltear do chosaint
na hinfheistíochta. (2) Áirítear meicníocht réitigh
díospóidí idir infheisteoir agus stát de ghnáth i gcomhaontuithe ina
bhforáiltear do chosaint na hinfheistíochta, meicníocht lena bhféadfaidh
infheisteoir ó thríú tír éileamh a dhéanamh in aghaidh stáit ina ndearna sé
infheistíocht. Is féidir dámhachtainí cúitimh airgid a theacht as réiteach
díospóide idir infheisteoir agus stát. Lena chois sin, tabhófar go cinnte
costais maidir le riar na headrána in aon chás dá leithéid, chomh maith le
costais a bhaineann le cás a chosaint. (3) I
gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[17], ba cheart freagracht
idirnáisiúnta maidir le cóir faoi réir réitigh díospóidí a bheith de réir
roinnt na hinniúlachta idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit. Dá bharr sin,
beidh an tAontas freagrach i bprionsabal as aon éilimh a chosaint ina
líomhnaítear gur sáraíodh na rialacha atá ina gcuid de chomhaontú a thagann
faoi inniúlacht eisiach an Aontais, cuireadh an tAontas féin nó an Ballstát an
chóir sin. (4) I gcás ina bhfuil freagracht
idirnáisiúnta ar an Aontas as an gcóir a cuireadh, beifear ag súil, mar a
éilítear sa dlí idirnáisiúnta, go n‑íocfaidh an tAontas an dámhachtain
neamhfhabhrach agus gurb airsean a bheidh costais aon díospóide. Os a choinne
sin, d’fhéadfaí gur de thoradh na córach a chuir an tAontas féin nó na córach a
chuir Ballstát a thabharfaí dámhachtain neamhfhabhrach. Ba mhíchothrom an
beart, dá bhrí sin, na dámhachtainí agus na costais eadrána a íoc as buiséad an
Aontais i gcás inar chuir Ballstát an chóir. Is gá, mar sin, go leithdháiltear
an fhreagracht airgeadais, mar a éilítear i ndlí an Aontais, gan dochar do
fhreagracht idirnáisiúnta an Aontais, idir an tAontas agus an Ballstát atá
freagrach as an gcóir a cuireadh ar bhonn na gcritéar atá curtha ar bun sa
Rialachán seo. (5) Ina rún maidir le Beartas
Idirnáisiúnta Infheistíochta an AE amach anseo[18],
d’éiligh Parlaimint na hEorpa go sainráite go gcruthófaí an mheicníocht dá
bhforáiltear sa Rialachán seo. Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle ar an
gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an ábhar sin ina Chonclúidí maidir le Beartas
Cuimsitheach Infheistíochta Idirnáisiúnta an 25 Deireadh Fómhair 2010. (6) Ba cheart freagracht
airgeadais a shannadh ar an eintiteas atá freagrach as an gcóir a fuarthas nach
raibh sí i gcomhréir le forálacha ábhartha an chomhaontaithe. Is ionann sin
agus a rá gur cheart an fhreagracht airgeadais a bheith ar an Aontas i gcás ina
gcuireann institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais an chóir
lena mbaineann. Ba cheart an fhreagracht airgeadais a bheith ar an mBallstát
lena mbaineann i gcás ina gcuireann institiúid, Ballstát an chóir lena
mbaineann. Os a choinne sin, má ghníomhaíonn Ballstát ar dhóigh a cheanglaítear
le dlí an Aontais, má aistríonn sé treoir arna glacadh ag an Aontas, mar
shampla, ba cheart an fhreagracht airgeadais a bheith ar an Aontas a mhéid is a
cheanglaítear an chóir lena mbaineann le dlí an Aontais. Ní mór don rialachán
foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go mbainfeadh cás aonair le
cóir a chuireann Ballstát agus le cóir a cheanglaítear le dlí an Aontais araon.
Cumhdófar ann na gníomhaíochtaí uile a dhéanfaidh na Ballstáit agus an tAontas
Eorpach. (7) Ba cheart don Aontas, a
bhfuil an Coimisiún ina ionadaí dó, gníomhú i gcónaí mar fhreagróir i gcás ina
mbaineann díospóid maidir le cóir a chuir institiúidí, comhaltaí nó gníomhairí
an Aontais amháin, sa dóigh is gur ar an Aontas a bheidh aon fhreagracht
airgeadais is féidir a bheith ann i gcomhréir leis na critéir thuasluaite. (8) Ar an taobh eile, i gcás ina
mbeadh an fhreagracht airgeadais ionchasach a thagann as díospóid, ar
Bhallstát, is iomchuí, mar gheall ar an bprionsabal, ligean don Bhallstát sin
gníomhú mar fhreagróir chun an chóir a chuir sé ar an infheisteoir a chosaint.
Foráiltear dó sin leis na socruithe atá leagtha síos sa Rialachán seo.
Buntáiste mór atá leis seo, nach gcuirfí ualach ar bhuiséad an Aontais ná ar
acmhainní an Aontais, go sealadach féin, de dheasca chostais na dlíthíochta nó
aon dámhachtainí ab fhéidir a thabharfaí in aghaidh an Ballstáit lena
mbaineann. (9) Ina ainneoin sin, is féidir
gurbh fhearr le Ballstát go ngníomhódh an tAontas, agus an Coimisiún ina
ionadaí aige, mar fhreagróir sna díospóidí seo, ar chúiseanna a bhaineann le
saineolas teicniúil, mar shampla. Ba cheart, mar sin, an rogha a bheith ag na
Ballstáit diúltú gníomhú mar fhreagróir, gan dochar dá bhfreagracht airgeadais.
(10) I gcúinsí áirithe, tá sé fíor‑riachtanach
chun a áirithiú gur féidir leasa an Aontais a chosaint go hiomchuí, go
ngníomhódh an tAontas féin ina fhreagróir i ndíospóidí a bhaineann le cóir a
chuir Ballstát. Is féidir gurb amhlaidh a bheidh, go háirithe i gcás ina
mbaineann díospóid le cóir a chuir an tAontas fosta, más cosúil go
gceanglaítear le dlí an Aontais an chóir a chuir Ballstát, agus más dócha gurbh
fhéidir éilimh dá leithéidí a dhéanamh in aghaidh Ballstát eile nó má bhaineann
an cás le saincheisteanna dlí gan réiteach arbh fhéidir go mbeadh tionchar ag a
réiteach ar chásanna is féidir a bheith ann amach anseo in aghaidh Ballstát
eile nó in aghaidh an Aontais. I gcás ina mbaineann cuid de dhíospóid le cóir a
chuir an tAontas, nó a cheanglaítear le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas
gníomhú mar fhreagróir, mura beag an tábhacht atá leis na héilimh a bhaineann
leis an gcóir sin, agus an fhreagracht airgeadais ionchasach san áireamh chomh
maith leis na saincheisteanna dlí a thagann chun tosaigh, i dtaca leis na
héilimh a bhaineann leis an gcóir a chuir an Ballstát. (11) Is gá foráil a dhéanamh maidir
le rogha a bheith ag an Aontas gníomhú mar fhreagróir sna cúinsí sin chun a
áirithiú gur féidir leasa an Aontais, agus, dá bhrí sin, leasa comhchoiteanna
na mBallstát a chur san áireamh. Cuirtear an gá sin in iúl i bprionsabal
aontacht na hionadaíochta seachtraí agus i bprionsabal dhualgas an
chomhoibrithe, atá curtha ar bun in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an
Aontas Eorpach agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[19] atá infheidhme is cuma cad í
an bhuninniúlacht. (12) Is iomchuí go gcinnfidh an
Coimisiún, laistigh den chreat atá leagtha amach sa rialachán seo, cé acu ar
cheart don Aontas gníomhú mar fhreagróir nó ar cheart do Ballstát gníomhú mar
fhreagróir. (13) Is gá foráil a dhéanamh maidir
le roinnt socruithe praiticiúla i dtaca le nósanna imeachta eadrána a leanúint
i ndíospóidí a bhaineann le cóir a chuir Ballstát. Is cuma cé acu an
ngníomhaíonn an tAontas nó Ballstát mar fhreagróir sna díospóidí sin, ba cheart
na socruithe sin a dhíriú ar an ndíospóid a bhainistiú chomh maith agus is
féidir agus ar phrionsabal aontacht na hionadaíochta seachtraí agus prionsabal
dhualgas an chomhoibrithe, arna mbunú in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an
Aontas Eorpach agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh[20], a chomhlíonadh ag an am
chéanna. I gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar fhreagróir, ba cheart foráil a
dhéanamh sna socruithe sin maidir le comhar an‑dlúth lena n‑áirítear
fógra pras maidir le haon chéimeanna nós imeachta, doiciméid a chur ar fáil,
comhairliúcháin rialta agus rannpháirteachas sa toscaireacht chuig an gcúirt. (14) Mar an gcéanna, nuair a
ghníomhaíonn Ballstát mar fhreagróir, is iomchuí go gcoinneodh sé an Coimisiún
ar an eolas maidir le dul chun cinn an cháis agus go bhféadfadh an Coimisiún,
más iomchuí, a cheangal go nglacfadh Ballstát a ghníomhaíonn mar fhreagróir
seasamh sonrach maidir le hábhar a bhaineann le leas an Aontais. (15) Féadfaidh Ballstát glacadh
leis tráth ar bith go mbeadh an fhreagracht airgeadais air más rud é go bhfuil
cúiteamh le híoc. Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát agus an Coimisiún
socruithe a dhéanamh le chéile maidir leis na costais a íoc go tréimhsiúil agus
aon chúiteamh a íoc. Má ghlacann Ballstát na socruithe sin, ní hionann sin agus
a rá go nglacann sé leis go bhfuil bunús maith ag an éileamh atá faoi
dhíospóid. Ba cheart é bheith de chumhacht ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh
a cheanglódh go ndéanfaidh an Ballstát foráil maidir leis na costais sin. Más
rud é go ndámhann an bhinse costais don Aontas, ba cheart don Choimisiún a
áirithiú go n‑aisíocfar aon réamhíocaíocht costas láithreach don
Bhallstát lena mbaineann. (16) I gcásanna áirithe, is féidir
gur iomchuí teacht ar réiteach chun eadráin chostasach agus nach gá a
sheachaint. Is gá nós imeachta a leagan síos maidir leis na socraíochtaí sin a
dhéanamh. Ba cheart ligean don Choimisiún sa nós imeachta sin, agus é ag
gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin, cás a shocrú más le leas
an Aontais é. Má bhaineann an cás le cóir a chuir Ballstát, is iomchuí go
mbeadh dlúthchomhar agus comhairliúcháin idir an Coimisiún agus an Ballstát
lena mbaineann. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát i gcónaí an cás a
shocrú, ar choinníoll go nglacann sé freagracht airgeadais iomlán agus go bhfuil
an tsocraíocht sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus ní le haimhleas an
Aontais. (17) Má tugadh dámhachtain in
aghaidh an Aontais Eorpaigh, ba cheart an dámhachtain sin a íoc gan mhoill. Ba
cheart don Choimisiún socruithe a dhéanamh maidir leis na dámhachtainí sin a
íoc, murar ghlac Ballstát freagracht airgeadais cheana. (18) Ba cheart don Choimisiún
dlúthcomhairliúchán a dhéanamh leis an mBallstát lena mbaineann chun comhaontú
a dhéanamh maidir le cionroinnt freagrachta airgeadais. I gcás ina gcinneann an
Coimisiún go bhfuil Ballstát freagrach, agus mura nglacann an Ballstát leis an
gcinneadh sin, ba cheart don Choimisiún an dámhachtain a íoc, ach ba cheart dó
cinneadh a dhíriú ar an mBallstát, ag iarraidh air an tsuim lena mbaineann a
chur ar fáil do bhuiséad an Aontais Eorpaigh, maille leis an ús is infheidhme.
Ba cheart gurbh ionann an t‑ús atá le híoc agus an t‑ús atá leagtha
síos de bhun [Airteagal 71(4) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002
ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán
Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach
mar atá leasaithe[21]][22]. Tá Airteagal 263 den
Chonradh le fáil i gcás ina measann Ballstát nach mbaintear amach na critéir
atá leagtha amach sa Rialachán seo leis an gcinneadh. (19) Ba cheart do Bhuiséad an
Aontais cumhdach a chur ar fáil maidir leis an gcaiteachas a leanfaidh
comhaontuithe a cuireadh i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh lena
bhforáiltear do shocrú díospóide idir infheisteoir agus stát. I gcás ina bhfuil
freagracht airgeadais ar Bhallstáit de bhun an Rialacháin seo, ba cheart é
bheith de chumhacht ag an gCoimisiún, ceachtar acu, ranníocaíochtaí an
Bhallstáit lena mbaineann a charnadh sula gcuirfidh sé i bhfeidhm an caiteachas
ábhartha, nó an caiteachas ábhartha a chur chun feidhme ar dtús agus
aisíocaíocht a fháil ón mBallstát dá éis sin. Ba cheart gurbh fhéidir an dá
mheicníocht córach buiséid sin a úsáid, de réir indéantachta, i dtaca leis an
uainiú go háirithe . I gcás an dá mheicníocht, ba cheart glacadh leis na
ranníocaíochtaí nó na haisíocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit mar chuid
d’ioncam inmheánach atá curtha in áirithe i mbuiséad an Aontais. Na leithreasaí
a thagann as an ioncam inmheánach curtha in áirithe sin, ní hamháin gur cheart
dóibh cumhdach a dhéanamh ar an gcaiteachas ábhartha, ach ba cheart iad a
bheith le fáil chun athshlánú a dhéanamh ar chodanna eile de bhuiséad an
Aontais as ar tugadh na leithreasaí tosaigh chun an caiteachas ábhartha faoin
dara meicníocht a chur chun feidhme. (20) Chun coinníollacha comhionanna
a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. (21) Ba cheart na cumhachtaí cur
chun feidhme a bhaineann le hAirteagail 12(1), (13)(4) agus le hAirteagal 14(3)
a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
meicníochtaí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun
feidhme ag an gCoimisiún[23]. (22) Ba cheart an nós imeachta
comhairleach a úsáid chun cinntí a ghlacadh maidir le réiteach díospóidí de
bhun 14(3) ós rud é nach mbeidh ag na cinntí sin ar a mhéad ach tionchar
sealadach ar bhuiséad an Aontais, ó bheidh sé de cheangal ar an mBallstát lena
mbaineann aon fhreagracht airgeadais a ghlacadh a thiocfaidh as an díospóid,
agus mar gheall ar na critéir mhionsonraithe atá leagtha síos sa rialachán
maidir le hinghlacacht na réiteach sin. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I Forálacha
ginearálta Airteagal 1 Raon
feidhme 1. Tá an Rialachán seo
infheidhme maidir le réiteach díospóide idir infheisteoir agus stát a dhéantar
de bhun comhaontaithe ar páirtí ann an tAontas agus a thionscain éilitheoir
tríú tír. 2. Chun críocha faisnéise,
foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus
coinneoidh sé cothrom le dáta liosta de na comhaontuithe a thagann faoi raon
feidhme an Rialacháin seo. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (a) ciallaíonn “comhaontú” aon
chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an tAontas agus ina bhforáiltear do
réiteach díospóide idir infheisteoir agus stát; (b) ciallaíonn "costais a thagann
as eadráin" táillí agus costais bhinse na headrána agus costais
ionadaíochta agus cúiteamh costais a thug binse na headrána don éilitheoir; (c) ciallaíonn "díospóid"
éileamh a rinne éilitheoir in aghaidh an Aontais de bhun comhaontú agus ar a
ndéanfaidh binse eadrána rialú; (d) ciallaíonn "réiteach díospóide
idir infheisteoir agus stát" meicníocht dá bhforáiltear i gcomhaontú lena
bhféadann éilitheoir éilimh a thionscnamh in aghaidh an Aontais; (e) ciallaíonn “Ballstát” aon Bhallstát
amháin den Aontas Eorpach nó níos mó; (f) ciallaíonn "an Ballstát lena
mbaineann" an Ballstát a chuir an chóir a líomhnaítear nach raibh i
gcomhréir leis an gcomhaontú; (g) ciallaíonn "freagracht
airgeadais" oibleagáid suim airgid a íoc a thug binse eadrána nó a
comhaontaíodh mar chuid de shocraíocht agus lena n‑áirítear na costais a
thagann as an eadráin sin; (h) ciallaíonn "réiteach" aon
chomhaontú idir an tAontas nó Ballstát, nó iad araon, de pháirt, agus an t‑éilitheoir,
de pháirt eile, ina dtoilíonn an t‑éilitheoir gan leanúint dá éilimh mar
mhalairt ar íoc suime airgid, lena n–áirithítear an cás ina dtaifeadtar an
réiteach i ndámhachtain binse eadrána; (i) ciallaíonn "binse
eadrána" aon duine nó aon chomhlacht arna ainmniú faoi chomhaontú chun
rialú a thabhairt ar dhíospóid idir infheisteoir agus stát; (j) ciallaíonn "éilitheoir"
aon duine, bíodh sé nádúrtha nó dlíthiúil, a fhéadann éileamh a thabhairt chuig
réiteach díospóide idir infheisteoir agus stát de bhun comhaontú nó aon duine,
bíodh sé nádúrtha nó dlíthiúil, dár sannadh éilimh an éilitheora go dleathach. CAIBIDIL
II Freagracht
airgeadais a chionroinnt Airteagal 3 Critéir
chionroinnte 1. Déanfar an fhreagracht
airgeadais a thagann as díospóid faoi chomhaontú a chionroinnt de réir na
gcritéar seo a leanas: (a) is ar an Aontas a bheidh an fhreagracht
airgeadais a thagann as cóir a chuir institiúidí, comhlachtaí nó
gníomhaireachtaí an Aontais; (b) is ar an mBallstát lena mbaineann a
bheidh an fhreagracht airgeadais a thagann as cóir a chuir an Ballstát sin, ach
amháin i gcás inar ceanglaíodh an chóir sin le dlí an Aontais. D’ainneoin pointe (b) den chéad fhomhír, i
gcás ina bhfuil sé ceangailte ar an mBallstát lena mbaineann gníomhú de bhun
dhlí an Aontais chun neamhréireacht réamhghnímh le dlí an Aontais a leigheas,
is ar an mBallstát sin a bheidh an fhreagracht airgeadais murar cheangail dlí
an Aontais an réamhghníomh sin. 2. I gcás ina bhforáiltear dó
sin sa Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena gcinntear freagracht
airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir atá leagtha
síos i mír 1. 3. D’ainneoin mhír 1, is ar
an mBallstát lena mbaineann a bheidh an fhreagracht airgeadais sna cásanna seo
a leanas: (a) má ghlac an Ballstát lena mbaineann
freagracht airgeadais ionchasach de bhun Airteagal 11; (b) má ghníomhaíonn an Ballstát lena
mbaineann mar fhreagróir de bhun Airteagal 8 nó, (c) má thoilíonn an Ballstát lena mbaineann
le réiteach de bhun Airteagal 12. CAIBIDIL III Díospóidí
a stiúradh Roinn
1 Díospóidí
a stiúradh a bhaineann le cóir a chuir an tAontas Airteagal 4 Cóir
a chuir an tAontas Gníomhóidh an tAontas mar fhreagróir i gcás
ina mbaineann an díospóid le cóir a chuir institiúidí, comhlachtaí nó
gníomhaireachtaí an Aontais. Roinn
2 Stiúradh díospóidí a bhaineann le cóir a chuir an tAontas Airteagal 5 Cóir
a chuir Ballstát Beidh forálacha na Ranna seo infheidhme maidir le
díospóidí a bhaineann, go hiomlán nó go páirteach, le cóir a chuir an Ballstát. Airteagal 6 Comhairliúcháin 1. A luaithe a gheobhaidh an
Coimisiún iarraidh ar chomhairliúcháin ó éilitheoir i gcomhréir le forálacha
comhaontaithe, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát lena mbaineann. Ballstát a
cuireadh ar an eolas faoi iarraidh nó a fuair iarraidh ar chomhairliúcháin,
cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún. 2. Beidh ionadaithe ón mBallstát
lena mbaineann ina gcuid de thoscaireacht an Aontais chuig na comhairliúcháin. 3. Déanfaidh an Ballstát lena
mbaineann an fhaisnéis go léir is féidir atá ábhartha maidir leis an gcás a
chur ar fáil don Choimisiún láithreach. Airteagal 7 Imeachtaí
eadrána a thionscnamh A luaithe a gheobhaidh an Coimisiún fógra
lena sonraíonn éilitheoir go bhfuil rún aige imeachtaí eadrána a thionscnamh, i
gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe, cuirfidh an Coimisiún an méid sin in
iúl don Bhallstát lena mbaineann. Ballstát a fhaigheann fógra lena sonraíonn
éilitheoir go bhfuil rún aige imeachtaí eadrána a thionscnamh, cuirfidh sé an
méid sin in iúl láithreach don Choimisiún. Airteagal 8 Stádas
freagróra 1. Fad is a fhoráiltear don
rogha sin sa chomhaontú, gníomhóidh an Ballstát lena mbaineann mar fhreagróir
ach amháin sna cásanna seo a leanas: (a) má rinne an Coimisiún cinneadh de bhun
mhír 2; nó, (b) murar dhearbhaigh an Ballstát lena
mbaineann don Choimisiún i scríbhinn go raibh rún aige gníomhú mar fhreagróir
faoi cheann 30 lá ó fuair sé an fógra dá dtagraítear in Airteagal 7. Más ann do cheachtar den dá chás dá dtagraítear in
(a) nó (b), gníomhóidh an tAontas mar fhreagróir. 2. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a dhéanamh, faoi cheann 30 lá ó fuair sé an fógra dá dtagraítear
in Airteagal 7, go ngníomhóidh an tAontas mar fhreagróir sna cásanna seo a
leanas: (a) más dócha gur ar an Aontas a bheadh cuid,
ar a laghad, den fhreagracht airgeadais ionchasach a thagann as an díospóid i
gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3; (b) má bhaineann an díospóid le cóir a chuir
institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais; (c) más dócha go ndéanfar éilimh dá leithéidí
faoin gcomhaontú céanna maidir le cóir a chuir Ballstáit eile agus más é an
Coimisiún is fearr a d’áiritheodh cosaint éifeachtach agus comhsheasmhach; nó, (d) má chuireann an díospóid chun cinn
saincheisteanna dlí gan réiteach a d’fhéadfaí a thiocfadh chun cinn i
ndíospóidí eile faoin gcomhaontú céanna nó faoi chomhaontuithe eile a bhaineann
le cóir a chuir an tAontas nó Ballstáit eile. 3. Rachaidh an Coimisiún agus an
Ballstát lena mbaineann i gcomhairle le chéile maidir le bainistiú an cháis de
bhun an Airteagail seo go díreach i ndiaidh dóibh an fógra a fháil dá
dtagraítear in Airteagal 7. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ballstát lena
mbaineann go mbainfear amach aon sprioc‑amanna atá leagtha síos sa
chomhaontú. 4. Cuirfidh an Coimisiún in iúl
do na Ballstáit eile agus do Pharlaimint na hEorpa má tá aon díospóid ann ina
gcuirtear an tAirteagal seo i bhfeidhm agus an dóigh ar cuireadh i bhfeidhm é. Airteagal 9 Ballstát
imeachtaí eadrána a stiúradh 1. I gcás ina ngníomhaíonn
Ballstát mar fhreagróir, déanfaidh an Ballstát sin (a) na doiciméid go léir a bhaineann leis na
himeachtaí a chur ar fáil don Choimisiún; (b) na céimeanna nós imeachta móra go léir a
chur in iúl don Choimisiún, agus dul i gcomhairle go minic agus, ar aon chor,
nuair a iarrfaidh an Coimisiún a leithéid air; agus, (c) ligean d'ionadaithe an Choimisiúin, arna
iarraidh sin dó, bheith mar chuid den toscaireacht a bheidh ag ionadaíocht don
Bhallstát. 2. Féadfaidh an Coimisiún, tráth
ar bith, a éileamh ar an mBallstát lena mbaineann seasamh áirithe a ghlacadh
maidir le haon phointe dlí a thagann chun tosaigh sa díospóid nó aon eilimint
eile a bhaineann le leas an Aontais. 3. I gcás ina bhforáiltear i
gcomhaontú, nó sna rialacha dá dtagraítear ann, don deis pointe dlí atá mar
chuid den dámhachtain eadrána a neamhniú, a achomharc nó a athbhreithniú,
féadfaidh an Coimisiún, i gcás ina measann sé go bhfuil bunús leis i
gcomhsheasmhacht agus beaichte an léirmhínithe, a cheangal ar an mBallstát go
gcuirfidh sé iarratas isteach go ndéanfaí an neamhniú sin, an t‑achomharc
sin nó an t‑athbhreithniú sin. Sna cásanna sin, beidh ionadaithe an
Choimisiúin ina gcuid den toscaireacht agus féadfaidh siad tuairimí an Aontais
a chuir in iúl maidir leis an bpointe dlí lena mbaineann. Airteagal 10 An
tAontas imeachtaí eadrána a stiúradh Beidh na forálacha seo a leanas infheidhme i
rith na n‑imeachtaí eadrána i gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar
fhreagróir de bhun Airteagal 8: (a) déanfaidh an Coimisiún na bearta go léir
is gá chun an chóir lena mbaineann a chosaint; (b) tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an
cúnamh go léir is gá don Choimisiún; (c) cuirfidh an Coimisiún na doiciméid go
léir a bhaineann leis na himeachtaí ar fáil don Bhallstát, chun a áirithiú go
mbeidh an chosaint chomh héifeachtach agus is féidir; agus, (d) ullmhóidh an Coimisiún agus an Ballstát
lena mbaineann an chosaint i ndlúthchomhar le hionadaithe an Bhallstáit lena
mbaineann, agus beidh an Ballstát sin i dteideal bheith ina chuid de
thoscaireacht an Aontais sna himeachtaí. Airteagal 11 An
Ballstát ann fhreagracht airgeadais ionchasach a ghlacadh i gcás ina
ngníomhaíonn an tAontas mar fhreagróir I gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar
fhreagróir de bhun Airteagal 8, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann,
tráth ar bith, aon fhreagracht airgeadais ionchasach a ghlacadh a thagann as an
eadráin. Chun na críche sin féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an
Coimisiún socruithe a dhéanamh maidir le, inter alia; (a) meicníochtaí le haghaidh íocaíocht
thréimhsiúil costas a thagann as an eadráin; (b) meicníochtaí le haghaidh íocaíocht aon
dámhachtainí a tugadh in aghaidh an Aontais. CAIBIDIL IV Réitigh Airteagal 12 Díospóidí
a bhaineann le cóir a chuir an tAontas a réiteach 1. Má mheasann an Coimisiún gur
le leas an Aontais díospóid a réiteach a bhaineann le cóir a chuir an tAontas
go heisiach, féadann sé cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis
an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(3) chun an
réiteach a fhormheas. 2. Más féidir go mbeadh
gníomhaíocht ag baint le réiteach seachas íocaíocht suime airgid, beidh na
nósanna imeachta ábhartha infheidhme maidir leis an ngníomhaíocht sin. Airteagal 13 Díospóidí
a bhaineann le cóir a chuir Ballstát a réiteach 1. I gcás ina bhfuil an tAontas
ina fhreagróir i ndíospóid a bhaineann le cóir a chuir, Ballstát, go hiomlán nó
go páirteach, agus ina measann an Coimisiún gur le leas an Aontais an díospóid
a réiteach, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát lena mbaineann.
Féadfaidh an Ballstát fosta na comhairliúcháin sin a thionscnamh leis an
gCoimisiún. 2. Má thoilíonn an Ballstát lena
mbaineann an díospóid a réiteach, déanfaidh sé a dhícheall socrú a dhéanamh
leis an gCoimisiún ina leagfar amach na heilimintí is gá don idirbheartaíocht
agus do chur chun feidhme na socraíochta. 3. I gcás
nach dtoilíonn an Ballstát an díospóid a réiteach, féadfaidh an Coimisiún an
díospóid a réiteach má éilíonn leasa sáraitheacha an Aontais é. 4. Formheasfar téarmaí an
réitigh a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear
in Airteagal 20(3). Airteagal 14 Ballstát
réiteach a dhéanamh 1. I gcás ina bhfuil an tAontas
ina fhreagróir i ndíospóid a bhaineann go heisiach le cóir a chuir Ballstát,
féadfaidh an Ballstát díospóid a réiteach sna cásanna seo a leanas: (a) má ghlacann an Ballstát lena mbaineann
aon fhreagracht airgeadais a thagann as an réiteach; (b) más ar an mBallstát lena mbaineann amháin
atá aon socrú réitigh infhorfheidhmithe; (c) má tá téarmaí an réitigh ag luí le dlí an
Aontais; agus, (d) mura bhfuil aon leas sáraitheach de chuid
an Aontais in aghaidh an réitigh. 2. Féadfaidh an Coimisiún agus
an Ballstát dul i gcomhairle le chéile chun an rún atá ag Ballstát díospóid a
réiteach a mheas. 3. Tabharfaidh an Ballstát lena
mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an dréacht‑shocrú réitigh.
Measfar gur ghlac an Coimisiún leis an socrú réitigh mura gcinnfidh sé ar a
mhalairt, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in
Airteagal 20(2) agus faoi cheann 90 lá tar éis an Ballstát fógra a
thabhairt maidir leis an dréacht‑shocrú réitigh, ar bhonn nach
gcomhlíonann an socrú na coinníollacha go léir atá leagtha amach i mír 1. CAIBIDIL V Na
dámhachtainí deiridh agus na socraíochtaí a íoc Airteagal 15 Raon
feidhme Beidh forálacha na caibidle seo infheidhme i
gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar fhreagróir i ndíospóid. Airteagal 16 Nós
imeachta maidir leis na dámhachtainí deiridh agus na socraíochtaí a íoc 1. Tar éis dó dámhachtain
deiridh a fháil de bhun comhaontú, féadfaidh éilitheoir iarraidh a chur faoi
bhráid an Choimisiún ar íocaíocht na dámhachtana sin. Íocfaidh an Coimisiún aon
dámhachtain den chineál sin laistigh de na tréimhsí ama ábhartha atá leagtha
síos sa chomhaontú, ach amháin i gcás inar ghlac an Ballstát lena mbaineann
freagracht airgeadais de bhun Airteagal 11, agus sa chás sin íocfaidh an
Ballstát an dámhachtain. 2. I gcás nach bhfuil taifead ar
shocraíocht a d’fhormheas an tAontas de bhun Airteagal 12 agus
Airteagal 13 i ndámhachtain, féadfaidh éilitheoir iarraidh a chur faoi
bhráid an Choimisiúin ar íocaíocht na socraíochta. Íocfaidh an Coimisiún aon
tsocraíochtdá leithéid laistigh d’aon tréimhsí ama ábhartha atá leagtha síos sa
chomhaontú. Airteagal 17 Nós
imeachta i gcás nach bhfuil aon chomhaontú ann maidir le freagracht airgeadais 1. I gcás ina ngníomhaíonn an
tAontas mar fhreagróir de bhun Airteagal 8, agus ina measann an Coimisiún
gur cheart don Bhallstát an dámhachtain nó an tsocraíocht a íoc, go páirteach
nó go hiomlán, ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 3(1),
beidh an nós imeachta atá leagtha amach i míreanna 2 go 5 infheidhme. 2. Rachaidh an Coimisiún agus an
Ballstát lena mbaineann i gcomhairle láithreach chun comhaontú a lorg maidir le
freagracht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann, agus freagracht airgeadais
an Aontais, más infheidhme. 3. Faoi cheann trí mhí ó
fuarthas an iarraidh ar íocaíocht na dámhachtana deiridh nó na socraíochta,
glacfaidh an Coimisiún cinneadh a bheidh dírithe ar an mBallstát lena
mbaineann, lena gcinnfear an tsuim a bheidh le híoc ag an mBallstát sin. 4. Mura ndéanfaidh an Ballstát
lena mbaineann agóid in aghaidh chinneadh an Choimisiúin faoi cheann aon mhíosa
amháin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann buiséad an Aontais a chúiteamh as
íocaíocht na dámhachtana nó na socraíochta tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis
chinneadh an Choimisiúin. Beidh an Ballstát lena mbaineann faoi dhliteanas
maidir le haon ús a bheidh dlite ag an ráta is infheidhme ar aon airgead eile a
dhlitear do bhuiséad an Aontais. 5. Má dhéanann an Ballstát lena
mbaineann agóid, mura n‑aontóidh an Coimisiún le hagóid an Bhallstáit,
glacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cheann trí mhí ó fuair sé agóid an
Bhallstáit, lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann go n‑aisíocfaidh
sé an tsuim a d’íoc an Coimisiún, maille leis an ús ar an ráta is infheidhme ar
airgead eile a dhlitear do bhuiséad an Aontais. Airteagal 18 Réamhíocaíocht
na gcostas eadrána 1. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann
ranníocaíochtaí airgid a chur isteach i mbuiséad an Aontais maidir le haon
chostais a thagann as an eadráin i gcás ina measann sé go mbeidh an Ballstát
faoi dhliteanas aon dámhachtain a íoc de bhun na gcritéar atá leagtha síos in
Airteagal 3. 2. Sa mhéid go dtugann an bhinse
eadrána na costais a thagann as an eadráin don Aontas, agus go ndearna an
Ballstát lena mbaineann na costais a tháinig as an eadráin a íoc go
tréimhsiúil, áiritheoidh an Coimisiún go n‑aistreofar iad chuig an
mBallstát a d’íoc iad roimh ré. Airteagal 19 Ballstát
íocaíocht a dhéanamh Aisíocaíocht Ballstáit nó a íocaíocht le
buiséad an Aontais, maidir le híocaíocht dámhachtana nó socraíochta nó aon
chostais, glacfar leis mar ioncam inmheánach curtha in áirithe de réir bhrí
[Airteagal 18 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002
maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta
na gComhphobal Eorpach[24]].
Féadfar é a úsáid chun caiteachas a chumhdach a thagann as comhaontuithe a
cuireadh i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh lena bhforáiltear do
réiteach díospóide idir infheisteoir agus stát nó chun na leithreasaí a
athshlánú a cuireadh ar fáil ar dtús chun íocaíocht dámhachtana nó socraíochta
nó aon chostas a chumhdach. CAIBIDIL VI Forálacha
críochnaitheacha Airteagal 20 1. Beidh [an Coiste maidir le
Comhaontuithe Infheistíochta arna bhunú le Rialachán [2010/197 COD]] de
chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéantar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. Airteagal 21 Tuairisc agus Athbhreithniú 1. Cuirfidh an Coimisiún
tuarascáil ar oibriú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus
na Comhairle go tráthrialta. Cuirfear an chéad tuarascáil faoina mbráid tráth
nach déanaí ná trí bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. Cuirfear
tuarascálacha eile isteach gach trí bliana dá éis sin. 2. Féadfaidh an Coimisiún fosta
togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an
Rialachán seo a leasú maille leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1
agus atá bunaithe ar thorthaí taighde an Choimisiúin. Airteagal 22 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO
L 380, 31.12.1994, lch 1. [2] COM(2010) 343 leagan
críochnaitheach, leathanach 10. [3] Ibid, leathanach
8. [4] Tuairim 1/94 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh [1994] ECR
I‑5267 go háirithe mír 29 , mír 32 agus mír 33
"32) Dar le Rialtas na hÍsiltíre, tá údar le comh‑rannpháirtíocht
an Chomhphobail agus na mBallstát sa Chomhaontú Comhaontú EDT, os rud é go
bhfuil a n‑inniúlacht féin ag na Ballstáit maidir le bacainní teicniúla
ar an trádáil de thoradh ghné roghnach de chuid treoracha áirithe an
Chomhphobail sa réimse sin, agus i ngeall is nár baineadh amach comhchuibhiú
iomlán agus nach bhfuil súil leis go ndéanfar amhlaidh sa réimse sin.
33) Ní féidir glacadh leis an argóint sin. Tagann an Comhaontú maidir le Bacainní Teicniúla
ar an Trádáil, ar dearadh na forálacha atá ann lena n‑áirithiú nach
gcruthóidh na rialacháin agus caighdeáin theicniúla agus na nósanna imeachta
maidir le measúnú ar chomhréireacht leis na rialacháin agus caighdeáin theicniúla
constaicí nach bhfuil gá leo roimh thrádáil idirnáisiúnta (féach an brollach,
Airteagal 2.2 agus Airteagal 5.1.2 den Chomhaontú), tagann sé faoi scáth an
chomhbheartais tráchtála."
[5] Féach freisin Airteagal I:1 agus
Airteagal II den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (CGTT
1994) agus Tuairim 1/94, mír 34. [6] Féach freisin Airteagal 2.2 den
Chomhaontú EDT maidir le Bacainní Teicniúla ar an Trádáil (BTT) agus Tuairim
1/94, míreanna 31‑33. [7] Ina Tuairim 1/2008, dhiúltaigh CBE
d'áitiú na Spáinne go raibh inniúlacht an Chomhphobail i dtaca le trádáil i
seirbhísí de bhun Airteagal 133 CE teoranta do sheirbhísí a dhéantar a
sholáthar ar mhodh 2 amháin (i.e. seirbhísí trasteorann). Dar leis an CBE, ag leanúint ó Chonradh Nice, cumhdaítear in Airteagal
133 CE an trí mhodh soláthair eile dá bhforáiltear in GATS, lena n‑áirítear
seirbhísí a sholáthar trí 'láithreacht thráchtálach' (modh 3). Féach Tuairim 1/2008, míreanna 120‑123. Lena chois sin, níor tugadh le
fios in aon chor in Tuairim 1/2008, i ndáil leis na hearnálacha ina bhfuil
inniúlacht eisiach ag an CE, nach raibh oibleagáidí córa náisiúnta ar áireamh
san inniúlacht sin. [8] Tuairim 1/91 ó Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh [1991] ECR I‑060709 [9] Tuairim
1/91, mír 33 [10] Féach Airteagal 64 Doiciméad
A/CN.4/L.778 an 30 Bealtaine 2011 agus an Tuarascáil ón gCoimisiúin Dlí
Idirnáisiúnta, an tAonú Seisiún is Seasca (A/64/10) lgh 173‑175. [11] Mar a fhoráiltear in Airteagal 13 den
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear socruithe
idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir
Ballstáit agus tríú tíortha [2010/197 COD]. [12] Tá go leor cosúlachtaí idir na
hionstraimí seo. [13] Féach, i gás na RA, an Arbitration
(International Investment Disputes) Act 1966 agus i gcás na hÉireann, An
tAcht Eadrána 1980, (Cuid IV). [14] Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos
na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir
le rialú ag na Ballstát ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an
gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch 13), [15] Arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 25
Bealtaine 2012 (COM(2012)300). [16] IO L 69, 09.03.1998, lch. 1. [17] Tuairim 1/91 ó Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh [1991] ECR‑60709 [18] Mír 35 de
Rún A7 0070/2011 an 22 Aibreán 2011. [19] Tuairim 1/94 ó Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh [1994] ECR‑5267 an Coimisiún v. an Chomhairle (FAO) [1996] ECR I‑1469 [20] Tuairim 1/94 ó Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh [1994] ECR‑5267 an Coimisiún v. an Chomhairle (FAO) [1996] ECR I‑1469 [21] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. [22] Tagairtí don Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha
airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh
(2010/395(COD)) le cur in ionad na dtagairtí seo ar ghlacadh an Rialacháin sin. [23] IO
L 55, 28.2.2011, lch. 13. [24] Tagairtí don Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha
airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh
(2010/395(COD)) le cur in ionad na dtagairtí seo ar ghlacadh an Rialacháin sin.