This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52012PC0167
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 223/2009 on European statistics
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach
/* COM/2012/0167 final - 2012/0084 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le Staidreamh Eorpach /* COM/2012/0167 final - 2012/0084 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA De réir a chéile, is mó an gá atá le
staidreamh iontaofa chun go mbeidh lucht ceaptha beartais, gnóthais agus
saoránaigh in ann cinntí leormhaithe atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh. Dá
bhrí sin, is é an rud is tábhachtaí do gach údarás staidrimh a áirithiú gur
sonraí ar ardchaighdeán iad na sonraí a tháirgtear. Aontaíodh Cód Cleachtais
don Staidreamh Eorpach[1]
in 2005, agus in 2009 tugadh cothrom le dáta an creat bunúsach dlí a rialaíonn
forbairt, táirgeadh agus scaipeadh Staidrimh Eorpaigh arna dhéanamh ag an
gCóras Staidrimh Eorpach (CSE) trí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le
Staidreamh Eorpach a ghlacadh[2].
Léiríonn forbairtí eacnamaíocha a tharla le
déanaí arís gur gá inchreidteacht staidrimh a neartú tuilleadh. Níos mó ná
riamh, tá meon na margaí domhanda airgeadais agus na straitéisí a d'úsáid na
daoine a raibh baint acu leis na margaí sin tar éis tionchar a imirt ar
ionstraimí beartais eacnamaíoch agus ar thorthaí. Tá inchreidteacht an
staidrimh ag brath ar dhearcadh an phobail, go háirithe na margaí airgeadais,
ina leith. Ní mór sonraí staidrimh a bheith iontaofa i dtéarmaí critéar
teicniúil maidir le measúnú cáilíochta chun a áirithiú go mbeidh muinín ag
úsáideoirí astu. Tá inchreidteacht na n‑institiúidí a tháirgeann
staidreamh gach pioc chomh tábhachtach freisin. Sa chomhthéacs sin, ní mór aird
ar leith a thabhairt ar neamhspleáchas gairmiúil údarás staidrimh agus ní mór
an neamhspleáchas sin a ráthú sa dlí. D'aithin an Coimisiún an méid sin agus ina
Theachtaireacht ‘I dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh
Eorpach’ (‘Towards robust quality management for European Statistics’)[3] chuir sé
in iúl gur gá rialachas an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) a neartú trí chur i
bhfeidhm gan choinníoll prionsabal neamhspleáchas gairmiúil Institiúidí
Náisiúnta Staidrimh (INSanna) a dhaingniú, trína ról comhordaithe sna córais
staidrimh náisiúnta a shoiléiriú agus trí úsáid sonraí riaracháin chun críoch
staidrimh a fheabhsú. Thairis sin, moladh go mbunófaí Gealltanais maidir le
Muinín as Staidreamh (CoC – Commitments of Confidence) chun go mbeadh
rialtais náisiúnta ar an eolas faoina ról in inchreidteacht staidrimh oifigiúil
a áirithiú trí neamhspleáchas INSanna a urramú, agus faoina gcomhfhreagracht as
an méid sin. De réir an Choimisiúin, ba cheart na bearta sin ar fad a thabhairt
isteach trí Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú. Thairis sin, ba cheart
an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach a athbhreithniú dá réir sin[4]. Thacaigh Comhairle ECOFIN (an 3100ú cruinniú
an 20 Meitheamh 2011) leis an anailís a rinneadh sa Teachtaireacht
thuasluaite agus leis na bearta feabhsaithe a moladh. Rinne Parlaimint na
hEorpa agus an Chomhairle ábharthacht lárnach prionsabal neamhspleáchas
gairmiúil INSanna a aithint go sainráite freisin sa phacáiste reachtach ina
raibh sé phíosa reachtaíochta maidir le rialachas airgeadais feabhsaithe,
pacáiste a tháinig i bhfeidhm i Nollaig 2011. Sonraíodh ann go n‑éilíonn
neamhspleáchas gairmiúil údarás náisiúnta staidrimh, inter alia,
earcaíocht thrédhearcach agus próisis scoir atá bunaithe ar chritéir ghairmiúla
amháin[5].
Thairis sin, an 13 Márta 2012 ghlac Parlaimint na hEorpa rún inar
iarr sí ar an gCoimisiún bearta a chur chun feidhme go gasta chun bainistíocht
cáilíochta agus rialachas i ndáil le Staidreamh Eorpach a fheabhsú. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA Sa togra déantar forbairt den chuid is mó ar
chonclúidí deiridh agus ar mholtaí Thascfhórsa an CSE maidir le hathbhreithniú
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus maidir le Gealltanais maidir le Muinín
as Staidreamh, tascfhórsa a tháinig le chéile roinnt uaireanta idir Meitheamh
agus Deireadh Fómhair 2011. Sa Tascfhórsa bhí ionadaithe ó 14 tír agus
pléadh ceithre phríomh‑shaincheist a leagadh amach sa Teachtaireacht ‘I
dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh Eorpach’ i ndáil le
rialachas ar an gCóras Staidrimh Eorpaigh a neartú: neamhspleáchas INSanna, a
ról comhordaithe i gcórais staidrimh náisiúnta, úsáid agus bainistíocht sonraí
riaracháin agus Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh. Thairis sin, chuathas i gcomhairle leis an
gCoiste CSE i ndáil leis an dréacht‑togra. Is é misean an Choiste treoir
ghairmiúil a chur ar fáil don CSE maidir le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a
tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir le prionsabail staidrimh. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Sa togra moltar athbhreithniú ar an gcreat
bunúsach dlí atá ann faoi láthair don Staidreamh Eorpach, trína oiriúnú chun na
riachtanais bheartais a chomhlíonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na
dúshláin don Staidreamh Eorpach a d'éirigh as forbairtí a tharla le déanaí ar
an ngeilleagar domhanda. Is é an príomhchuspóir rialachas sa Chóras Staidrimh
Eorpach a neartú tuilleadh chun a inchreidteacht ard a chosaint agus chun
freastal go leordhóthanach ar riachtanais sonraí a thig as an gcomhordú
feabhsaithe i leith beartais eacnamaíoch san Aontas Eorpach. Go háirithe, tá neamhspleáchas gairmiúil
údarás náisiúnta staidrimh fíor‑ábhartha sa chomhthéacs seo. Sa togra
seo, déantar tagairt shainráite do Chinn INSanna mar dhaoine ar réamhchoinníoll
é a neamhspleáchas agus a ndualgais á gcur i gcrích acu chun neamhspleáchas na
n‑institiúidí lena mbaineann a áirithiú. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach
go mbeadh an tsaoirse ag Cinn INSanna cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le
modhanna staidrimh, le caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar
agus le huainiú eisiúintí agus foilseachán staidrimh don Staidreamh Eorpach ar
fad. Ní mór freisin cosc a chur orthu treoracha a lorg ó rialtais náisiúnta
agus ó institiúidí eile, agus iad a chosaint ó na treoracha sin a fháil.
Thairis sin, ba cheart cuid mhaith neamhspleáchais a thabhairt do Chinn INSanna
agus cinntí á ndéanamh acu faoi bhainistíocht inmheánach na hoifige staidrimh
agus ba cheart cead a thabhairt dóibh labhairt go poiblí ar an mbuiséad arna
leithdháileadh don INS i gcomhthéacs cúraimí staidrimh atá le cur i gcrích. Ina
theannta sin, ní mór rialacha trédhearcacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí
de a bheith ann maidir le ceapadh, le haistriú agus le scor Ceann INSanna, agus
iad bunaithe ar chritéir ghairmiúla amháin. Ní hamháin, áfach, gur cheart a lán
neamhspleáchais a bheith ag Cinn INSanna, ba cheart freisin iad a bheith
freagrach as na torthaí a sholáthraíonn na INSanna i dtéarmaí aschuir staidrimh
agus chur i bhfeidhm an bhuiséid araon. Dá réir sin, ba cheart dóibh tuarascáil
bhliantúil a thíolacadh faoi ghníomhaíochtaí staidrimh agus faoi staid airgeadais
an údaráis lena mbaineann. Mar a shonraigh an Coimisiún ina
Theachtaireacht ‘I dtreo bainistithe cáilíochta stóinsithe do Staidreamh
Eorpach’, áirítear bunú Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh freisin sa
togra maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Na dearbhuithe
urraime sin maidir leis an gCód Cleachtais don Staidreamh Eorpach, agus go
háirithe maidir le prionsabal neamhspleáchas INSanna, féachann siad le
rialachas staidrimh san AE a neartú agus le hinchreidteacht Staidrimh Eorpaigh a
chosaint. De réir an togra, ba cheart do rialtas gach Ballstáit iad a shíniú
agus ba cheart don Choimisiún iad a chomhshíniú, agus sin ag an leibhéal is
airde is gá sa dá chás. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh gach Ballstát féin na
Gealltanais maidir le Muinín as Staidreamh a dhréachtú agus go mbeidh ann
bearta feabhsaithe a bhaineann go sonrach leis an tír i gceist. Is é Eurostat a
dhéanfadh faireachán ar chur chun feidhme na mbeart sin mar chuid den mheasúnú
a dhéantar go rialta cheana féin ar a mhéid a chomhlíonann Ballstáit an Cód
Cleachtais don Staidreamh Eorpach. Déanann an togra maidir le hAirteagal 5(1)
de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a leasú ról comhordaithe INSanna sna
córais staidrimh náisiúnta a shoiléiriú. Táthar tar éis tagairtí sainráite d'institiúidí
agus d'fheidhmeanna atá le comhordú a chur isteach. Leasú eile lena soiléirítear ról na INSanna is
ea an tAirteagal 17a nua maidir le rochtain ar thaifid riaracháin, agus
úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin. Glacann an tAirteagal sin ionad Airteagal 24
a bhí ann roimhe. Is é a phríomhaidhm creat dlí a bhunú chun úsáid níos leithne
a bhaint as foinsí sonraí riaracháin chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh gan
an t‑ualach ar fhreagróirí, ar INSanna agus ar údaráis náisiúnta eile a
mhéadú. De réir an togra, ba cheart páirt a bheith ag INSanna, a mhéid is gá, i
gcinntí maidir le ceapadh, le forbairt agus le scor taifead riaracháin a
d'fhéadfaí a úsáid i dtáirgeadh sonraí staidrimh. Ba cheart dóibh freisin
gníomhaíochtaí ábhartha caighdeánaithe a chomhordú agus meiteashonraí a fháil
maidir le sonraí riaracháin a asbhaineadh chun críoch staidrimh. Ba cheart
rochtain thráthúil saor in aisce ar thaifid riaracháin a thabhairt do INSanna,
d'údaráis náisiúnta eile agus do Eurostat, laistigh dá gcóras riaracháin
phoiblí féin agus laistigh de sin amháin, agus a mhéid is gá chun Staidreamh
Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Leis an leasú ar Airteagal 6 de Rialachán
(CE) Uimh. 223/2009 corpraítear an gá le seasamh neamhspleách Eurostat a
dhaingniú go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais sa tslí chéanna is atá
beartaithe i gcás INSanna ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé fíorthábhachtach
amhlaidh a dhéanamh ar mhaithe le hinchreidteacht an Chórais Staidrimh Eorpaigh
iomláin, agus chuir tromlach mór na mBallstát béim mhór ar an méid sin sa
chomhairliúchán leis na geallsealbhóirí a tharla roimhe sin. Thairis sin, chun pleanáil bhuiséadach do
ghníomhaíochtaí staidrimh a shimpliú agus chun í a dhéanamh níos cobhsaí,
rinneadh tréimhse chláraithe an Chláir Staidrimh Eorpaigh a chur i gcomhréir le
Creat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais. Ar deireadh, leis an leasú atá beartaithe ar
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cuirtear san áireamh na coigeartuithe is gá
ar Chonradh Liospóin maidir le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a
thabhairt don Choimisiún. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níltear ag súil go mbeidh tionchar ag an togra
ar acmhainní laistigh den CSE. A mhalairt atá fíor: tá sé ceaptha chun comhordú
agus comhoibriú laistigh den chóras a shimpliú agus a fheabhsú, agus ar an
gcuma sin chun Staidreamh Eorpach a tháirgeadh ar bhealach níos éifeachtúla
agus chun an t‑ualach ar fhreagróirí a laghdú. Is é foireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a
bhfuil bainistíocht an ghnímh reachtaigh lena mbaineann sannta dóibh cheana
agus/nó a ath‑imlonnaíodh laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht a
chuirfidh na hacmhainní daonna is gá ar fáil. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA Tada. 2012/0084 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009
maidir le Staidreamh Eorpach (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus
maidir leis an Eilvéis) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)(1) Den chuid is mó, tá éirithe leis an gCóras Staidrimh Eorpach
(CSE), mar chomhpháirtíocht, a ghníomhaíochtaí a chomhdhlúthú chun forbairt,
táirgeadh agus scaipeadh staidrimh Eorpaigh ar ardchaighdeán a áirithiú, lena n‑áirítear
trí rialachas ar an gcóras a fheabhsú. (2)(2) Aithníodh roinnt laigí le déanaí, áfach, go háirithe maidir leis
an gcreat chun cáilíocht staidrimh a bhainistiú. (3)(3) Mhol an Coimisiún beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na
laigí sin ina Theachtaireacht an 15 Aibreán 2011 chuig Parlaimint na
hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal ‘I dtreo bainistithe cáilíochta
stóinsithe do Staidreamh Eorpach’[6].
Go háirithe, mhol sé leasú spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 223/2009
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le
Staidreamh Eorpach[7]. (4)(4) Ina conclúidí an 20 Meitheamh 2011, d'fháiltigh
Comhairle ECOFIN roimh thionscnamh an Choimisiúin agus chuir sí béim ar an
tábhacht a bhaineann le rialachas agus éifeachtúlacht an CSE a fheabhsú an t‑am
ar fad. (5)(5) Ina theannta sin, ba cheart tionchar forbairtí a tharla le
déanaí, i gcomhthéacs chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ar réimse an
staidrimh a chur san áireamh, go háirithe gnéithe a bhaineann le neamhspleáchas
staidrimh, amhail próisis thrédhearcacha earcaíochta agus scoir, leithdháiltí
buiséid agus féilirí réamheisiúna, mar atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas
ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a
gcomhordú, a neartú[8],
chomh maith leis na gnéithe sin a bhaineann leis an gceanglas maidir le
neamhspleáchas feidhmeach a bheith ag comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme rialacha náisiúnta fioscacha, mar
atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus
measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n‑áirithítear
easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú. (6)(6) Níor cheart go mbeadh na gnéithe sin teoranta don staidreamh a
tháirgtear chun críocha an chórais um fhaireachas fioscach agus an nós imeachta
maidir le heasnamh iomarcach ach ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an
staidreamh Eorpach uile arna fhorbairt, arna tháirgeadh agus arna scaipeadh ag
an CSE. (7)(7) Thairis sin, is coinníoll riachtanach é do neamhspleáchas
gairmiúil údarás staidrimh leordhóthanacht na n‑acmhainní a shanntar ar
bhonn bliantúil nó ilbhliantúil agus atá ar fáil chun riachtanais staidrimh a
chomhlíonadh. (8)(8) Chuige sin, ba cheart neamhspleáchas gairmiúil na n‑údarás
staidrimh a neartú agus ba cheart íoschaighdeáin a fhorghníomhú, go háirithe i
gcás Ceann Institiúidí Náisiúnta Staidrimh (INSanna), ar cheart ráthaíochtaí
sonracha a sholáthar dóibh i dtaobh cur i gcrích tascanna staidrimh,
bainstíochta eagraíochta agus leithdháileadh acmhainní. (9)(9) Thairis sin, ba cheart an ról comhordaithe atá sannta cheana do
na INSanna a shoiléiriú maidir lena raon feidhme, chun comhordú níos
éifeachtúla gníomhaíochtaí staidrimh ar leibhéal náisiúnta a bhaint amach, lena
n‑áirítear bainistíocht cáilíochta. (10)(10) Chun an t‑ualach ar údaráis staidrimh agus ar
fhreagróirí a laghdú, ba cheart go mbeadh na INSanna agus údaráis náisiúnta
eile in ann rochtain a fháil ar thaifid riaracháin agus iad a úsáid, lena n‑áirítear
na cinn a líontar isteach go leictreonach, an méid sin a dhéanamh go pras agus
saor in aisce, agus na taifid sin a chomhtháthú le staidreamh. (11)(11) Ba cheart freisin dul i gcomhairle leis na INSanna go
luath faoi dhearadh taifead nua riaracháin a d'fhéadfadh sonraí chun críoch
staidrimh a sholáthar agus faoi athruithe atá beartaithe ar acmhainní
riaracháin atá ann cheana nó faoi dheireadh a chur leis na hacmhainní sin. Ba
cheart go bhfaigheadh siad freisin meiteashonraí ábhartha ó úinéirí sonraí
riaracháin agus ba cheart dóibh gníomhaíochtaí caighdeánaithe a chomhordú
maidir le taifid riaracháin atá ábhartha do tháirgeadh sonraí staidrimh. (12)(12) Ba cheart rúndacht sonraí a fhaightear ó thaifid
riaracháin a chosaint faoi na prionsabail choiteanna agus na treoirlínte
coiteanna is infheidhme maidir leis na sonraí rúnda ar fad a úsáidtear chun
Staidreamh Eorpach a tháirgeadh. Ba cheart creataí measúnaithe cáilíochta a
mbeadh feidhm acu maidir leis na sonraí sin a bhunú freisin. (13)(13) D'fhéadfaí cáilíocht an Staidrimh Eorpaigh a neartú agus
muinín úsáideoirí a threisiú, trí fhreagracht a chur ar na rialtais náisiúnta
an Cód Cleachtais don Staidreamh Eorpach a chur i bhfeidhm. Chuige sin, ba
cheart ‘Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh’ a bhunú i ngach Ballstát
agus ba cheart go dtabharfadh an rialtas gealltanais shonracha go gcuirfidh sé
an Cód agus na creataí náisiúnta dearbhaithe cáilíochta chun feidhme, lena n‑áirítear
féinmheasúnuithe agus gníomhaíochtaí feabhsaithe. (14)(14) Toisc nach mór táirgeadh Staidrimh Eorpaigh a bheith
bunaithe ar phleanáil fhadtéarmach oibríochtúil agus airgeadais chun leibhéal
ard neamhspleáchais a áirithiú, ba cheart don Chlár Staidrimh Eorpach an
tréimhse chéanna leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a chumhdach. (15)(15) Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ón gComhairle
tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d'fhorálacha an Rialacháin sin a
chur chun feidhme; mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá
na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoin Rialachán sin a ailíniú le hAirteagal 290
agus le hAirteagal 291 den Chonradh. (16)(16) Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009
a fhorlíonadh nó a leasú chun ceanglais cháilíochta a shonrú, amhail spriocluachanna
agus íoschaighdeáin don táirgeadh staidrimh, i gcás nach ndéantar foráil i
reachtaíocht staidrimh earnálach maidir leo sin. Ba cheart don Choimisiún a
áirithiú nach gcuireann na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach
riaracháin breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. (17)(17) Tá tábhacht ar leith ag baint leis go ndéanfaidh an
Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go
ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go
hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (18)(18) Tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha chun rochtain ar
shonraí rúnda chun críoch eolaíoch a chur chun feidhme. Ba cheart cumhachtaí
cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn na socruithe, rialacha agus
coinníollacha a rialaíonn an rochtain sin ar leibhéal an Aontais a bhunú, i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin atá leagtha síos in Airteagal 5
de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a
bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú
cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[9]. (19)(19) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar é a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir
le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar
atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. (20)(20) Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras
Staidrimh Eorpach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 223/2009
mar seo a leanas: (1)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (a) d'Airteagal 2(1): ‘(a) ‘neamhspleáchas gairmiúil’, arb é
atá i gceist leis nach foláir an staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a
scaipeadh ar shlí neamhspleách, go háirithe maidir le roghnú teicníochtaí,
sainmhínithe, modheolaíochtaí agus foinsí a bheidh le húsáid, agus uainiú agus
inneachar i leith na bhfoirmeacha uile maidir le scaipeadh a dhéanamh, atá saor
ó aon bhrú ó ghrúpaí polaitiúla, ó ghrúpaí sainleasa, ó údaráis náisiúnta nó ó
údaráis an Aontais;’ (2)
In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 1: ‘1. Gníomhóidh an t‑údarás náisiúnta
staidrimh a ainmneoidh gach Ballstát mar an comhlacht a bheidh freagrach as
comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí uile ar an leibhéal náisiúnta maidir
le Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh (an INS) mar
an t‑aon phointe teagmhála don Choimisiún (Eurostat) maidir le hábhair
staidrimh. Cumhdófar le freagracht chomhordúchain an INS
gach údarás náisiúnta eile atá freagrach as Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a
tháirgeadh agus a scaipeadh. Beidh an INS freagrach ar an leibhéal náisiúnta,
go háirithe, as clárú agus tuairisciú staidrimh, faireachán ar cháilíocht,
modheolaíocht, tarchur sonraí agus cumarsáid faoi bhearta staidrimh an CSE.’ (3)
Cuirtear an tAirteagal 5a a leanas isteach: ‘Airteagal 5a
Cinn INSanna 1. Laistigh dá gcóras staidrimh
náisiúnta féin, is ar Chinn INSanna, agus orthu sin amháin, a bheidh an
fhreagracht as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le
caighdeáin agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n‑eisiúintí
staidrimh agus na bhfoilseachán a bhaineann leis an Staidreamh Eorpach ar fad.
Tabharfar de chumhacht dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar a
bhaineann le bainistíocht inmheánach an INS. Comhordóidh siad gníomhaíochtaí
staidrimh gach údaráis náisiúnta a rannchuidíonn le forbairt, le táirgeadh agus
le scaipeadh Staidrimh Eorpaigh. Agus na cúraimí sin á gcur i gcrích acu,
gníomhóidh Cinn INSanna ar shlí neamhspleách; ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh siad
le treoracha ó aon rialtas nó institiúid, comhlacht, oifig nó eintiteas eile;
staonfaidh siad ó aon bheart nach luíonn le cur i gcrích na gcúraimí sin. 2. Beidh na nósanna imeachta chun cinn
INSanna a earcú, a aistriú agus a scor trédhearcach agus is ar chritéir
ghairmiúla amháin a bheidh siad bunaithe. 3. Beidh Cinn INSanna freagrach as
gníomhaíochtaí staidrimh agus as cur i bhfeidhm bhuiséad an INS; foilseoidh
siad tuarascáil bhliantúil agus féadfaidh siad barúlacha a chur in iúl maidir
le saincheisteanna a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid i ndáil le
gníomhaíochtaí staidrimh an INS. 4. Déanfaidh Cinn INSanna ionadaíocht
thar ceann a gcóras staidrimh náisiúnta laistigh den CSE.’ (4)
In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2: ‘2. Ag gníomhú dó go neamhspleách,
áiritheoidh an Coimisiún (Eurostat), ar leibhéal an Aontais, go dtáirgfear
Staidreamh Eorpach de réir na rialacha agus na bprionsabal staidrimh atá
socraithe. Chuige sin, is ar an gCoimisiún (Eurostat) amháin a bheidh an fhreagracht
as cinneadh a dhéanamh maidir le próisis, le modhanna staidrimh, le caighdeáin
agus le nósanna imeachta, agus le hinneachar agus le huainiú na n‑eisiúintí
staidrimh.’ (5)
In Airteagal 11, cuirtear mír 3 seo a
leanas isteach: ‘3. Déanfaidh Ballstáit na bearta uile
is gá chun an Cód Cleachtais a chur chun feidhme chun muinín as a gcuid
staidrimh a chothabháil. Chuige sin, déanfaidh gach Ballstát, agus a rialtas ag
feidhmiú ar a shon, Gealltanas maidir le Muinín as Staidreamh a shíniú agus a
chur chun feidhme, ina ndéantar gealltanais shonracha beartais an Cód a chur
chun feidhme agus creat náisiúnta dearbhaithe cáilíochta a bhunú, lena n‑áirítear
féinmheasúnuithe agus bearta feabhsaithe. Comhshíneoidh an Coimisiún an
Gealltanas. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar na
gealltanais sin ar bhonn tuarascálacha bliantúla a chuirfidh na Ballstáit
faoina bhráid. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle faoi chur chun feidhme na ngealltanas sin laistigh de 3 bliana ó
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.’ (6)
In Airteagal 12(2), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad an dara fomhír: ‘Féadfar ceanglais shonracha cáilíochta,
amhail spriocluachanna agus íoschaighdeáin do tháirgeadh staidrimh a leagan
síos sa reachtaíocht earnálach. I gcás nach bhforáiltear amhlaidh leis an
reachtaíocht earnálach, féadfaidh an Coimisiún na ceanglais shonracha
cáilíochta sin a ghlacadh, trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 26a.’
(7)
In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 1: ‘1. Leis an gClár Staidrimh Eorpach soláthrófar an creat chun
Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, agus leagfar
amach ann príomhréimsí agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe ar feadh
tréimhse a chomhfhreagraíonn do thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.
Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chinnfidh an Clár. Déanfar a
thionchar agus a éifeachtacht costais a mheasúnú agus leas á bhaint as ionchur
saineolaithe neamhspleácha.’ (8)
Cuirtear an tAirteagal 17a a leanas isteach: ‘Airteagal 17a Rochtain ar thaifid riaracháin, úsáid agus comhtháthú na dtaifead sin ‘1. Chun an t‑ualach ar
fhreagróirí a laghdú, beidh sé de cheart ag INSanna, ag údaráis náisiúnta eile
dá dtagraítear in Airteagal 4 agus ag an gCoimisiún (Eurostat) rochtain a
fháil ar gach taifead riaracháin agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce,
agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun
Staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. 2. Rachfar i gcomhairle leis na
INSanna agus leis an gCoimisiún (Eurostat) faoi cheapadh tosaigh taifead
riaracháin, faoina bhforbairt ina dhiaidh sin agus faoi scor na dtaifead, ar
taifid iad a d'fhorbair agus a chothabháil comhlachtaí eile, agus a éascóidh
tuilleadh úsáide na dtaifead sin chun críoch staidrimh agus beidh na INSanna
agus an Coimisiún páirteach sa mhéid sin. Beidh sé de cheart acu gníomhaíochtaí
caighdeánaithe a chomhordú i ndáil le taifid riaracháin atá ábhartha do
tháirgeadh sonraí staidrimh. 3. Beidh rochtain de chuid na INSanna,
údarás náisiúnta eile agus an Choimisiúin (Eurostat) agus a rannpháirtíocht de
bhun mhír 1 agus mhír 2 teoranta do rochtain ar thaifid riaracháin
laistigh dá gcóras riaracháin phoiblí féin. 4. Gheobhaidh na INSanna meiteashonraí
ábhartha ó úinéirí taifead riaracháin a úsáidtear chun críoch staidrimh. 5. Déanfaidh na INSanna agus úinéirí
taifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú.’ (9)
In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad an dara fomhír: ‘Déanfar na socruithe, na rialacha agus na
coinníollacha maidir le rochtain ar leibhéal an Aontais a bhunú i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).’ (10)
Scriostar Airteagal 24. (11)
Cuirtear an tAirteagal 26a a leanas isteach: ‘Airteagal 26a
Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú 1. Tabharfar an chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar tarmligean na cumhachta
dá dtagraítear in Airteagal 12(2) don Choimisiún ar feadh tréimhse 5
bliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an
Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig
bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar
tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid,
mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an
fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a
chúlghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh
deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá
i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlacfar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon
agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de
thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go
mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don
Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’ (12)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: ‘Airteagal 27
Coiste 1. Beidh an Coiste um an gCóras
Staidrimh Eorpach de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin. 2. I gcás ina ndéantar tagairt don
mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus
na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na
Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.’ Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17.4.2012 Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Moladh ón gCoimisiún maidir le neamhspleáchas, sláine agus cuntasacht
na n‑údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail (Recommendation of
the Commission on the independence, integrity and accountability of the
national and Community statistical authorities), COM(2005) 217
críochnaitheach, 25.5.2005. [2] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164. [3] COM(2011) 211 críochnaitheach, 15.4.2011. [4] D'fhormheas an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach athbhreithniú ar
an gCód Cleachtais don Staidreamh Eorpach an 28 Meán Fómhair 2011. [5] Airteagal 1(14) de Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an
bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais
eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú; IO L 306, 23.11.2011, lch. 12. [6] COM(2011) 211 críochnaitheach. [7] IO L 87, 31.3.2009, lch. 164. [8] IO L 306, 23.11.2011, lch. 12. [9] IO L 55, 28. 2.2011, lch. 13.