EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0779

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí

/* COIM/2011/0779 leagan deireanach - 2011/0359 (COD) */

52011PC0779

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí /* COIM/2011/0779 leagan deireanach - 2011/0359 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Dhírigh na bearta ar glacadh leo san Eoraip agus in áiteanna eile díreach i ndiaidh na géarchéime airgeadais go príomha ar an riachtanas práinneach an córas airgeadais a chobhsú. Cé gur ceistíodh agus go ndearnadh anailís dhomhain in a lán cásanna ar an ról a bhí ag bainc, cistí fálaithe, gníomhaireachtaí fálaithe, maoirseoirí nó bainc ceannais, is beag aird a tugadh ar ról na n‑iniúchóirí sa ghéarchéim – nó go deimhin ar an ról ar chóir dóibh a bheith acu. Ag cur san áireamh gur nocht a lán banc caillteanais ollmhóra ó 2007 go 2009 ón seasamh a bhí acu ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de, is deacair le go leor saoránach agus le hinfheisteoirí a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh iniúchóirí tuarascálacha iniúchóireachta glana a thabhairt dá gcliaint (do na bainc go háirithe) do na tréimhsí sin.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird i ngéarchéim inar tiomnaíodh €4 588.9 billiún d’airgead cáiníocóirí chun tacú le bainc idir Deireadh Fómhair 2008 agus Deireadh Fómhair 2009 agus inar bhfiú cúnamh dá leithéid 39 % de OTI 27 an AE i 2009[1], go gcaithfear feabhas a chur ar gach comhpháirt den chóras airgeadais.

Tá iniúchóireacht dhian ríthábhachtach chun iontaoibh agus muinín an mhargaidh a athbhunú. Cuireann sé le cosaint infheisteora trí eolas muiníneach, costas‑éifeachtach, ar féidir teacht air go héasca a sholáthar faoi ráitis airgeadais. D’fhéadfadh sé freisin costas caipitil do chuideachtaí a ndéantar iniúchadh orthu a laghdú trí níos mó trédhearcachta agus trí iontaofacht ráiteas airgeadais a chinntiú.

Tá sé tábhachtach freisin a chur i bhfios go láidir go gcuirtear ar iontaoibh iniúchóirí le dlí iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar ráitis airgeadais cuideachtaí a bhfuil dliteanas teoranta acu agus/nó atá údaraithe seirbhísí a sholáthar san earnáil airgeadais. Freagraíonn an cúram seo do chomhlíonadh ról sochaíoch trí thuairim a thabhairt ar fhírinne agus ar chothroime ráiteas airgeadais na gcuideachtaí sin.

Ó 1984, tá rialacháin AE tar éis iniúchóireacht reachtúil a rialú go páirteach ó rinne Treoir (Treoir 1984/253/CEE ) nósanna imeachta d’fhormheas iniúchóirí a chomhchuibhiú. Glacadh le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (Treoir 2006/43/CE ina dhiaidh seo) i 2006 agus leathnaigh sé raon feidhme na hiar-Treorach cuid mhór.

Tá an ghéarchéim airgeadais tar éis béim a chur ar laigeachtaí san iniúchóireacht reachtúil go háirithe maidir le hEintitis Leasa Phoiblí (ELPanna), eintitis ar díol suntasach spéise iad mar gheall ar a ngnó, a méid, líon a bhfostaithe nó go bhfuil a stádas corparáideach de chineál go bhfuil raon leathan páirtithe leasmhara acu. Mar sin leagann an togra seo coinníollacha amach do dhéanamh na hiniúchóireachta reachtúla ar ráitis airgeadais ELPanna.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán ó 13 Deireadh Fómhair go 8 Nollaig 2010[2].

Tríd is tríd fuarthas beagnach 700 freagairt ó pháirtithe leasmhara éagsúla; áiríodh orthu seo comhaltaí gairme, maoirseoirí, infheisteoirí, lucht acadúil, cuideachtaí, údaráis rialtais, comhlachtaí gairme agus daoine aonair.

Léirigh an comhairliúchán go bhfuil fonn ar dhaoine tabhairt faoi athrú maille le seasamh ina aghaidh; go háirithe, cuireann páirtithe leasmhara atá bunaithe go maith faoi láthair, in aghaidh athruithe. Ar an taobh eile, chinn cleachtóirí beaga agus meánmhéide go háirithe, mar aon le hinfheisteoirí gur chuir an ghéarchéim airgeadais le deireanaí béim ar easnaimh thromchúiseacha. Is féidir achoimre ar aighneachtaí poiblí a fuarthas a fháil ar:

http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2010/audit/summary_responses_en.pdf

Ina theannta sin, cheadaigh comhdháil ardleibhéal ar iniúchóireachtaí a d’eagraigh an Coimisiún ar 10 Feabhra 2011[3] malartú tuairimí eile.

Ghlac Parlaimint na hEorpa le tuarascáil féintionscnaimh ar an ábhar seo an 13 Meán Fómhair 2011 mar fhreagairt ar Pháipéar Uaine an Choimisiúin agus áitíonn ar an gCoimisiún níos mó trédhearcachta agus iomaíochta sa mhargadh iniúchóireachta[4] a áirithiú. Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CES) le tuarascáil dá samhail an 16 Meitheamh 2011.[5]

Tarraingíodh aird na mBallstát ar na saincheisteanna seo freisin ag cruinniú den Choiste um Sheirbhísí Airgeadais an 16 Bealtaine 2011 agus ag cruinniú den Choiste Rialála Iniúchóireachta an 24 Meitheamh 2011.

Ag teacht le prionsabail ‘Rialáil Níos Fearr’, aithníonn an Measúnú Tionchair na réimsí fadhbanna éagsúla a bhféadfadh go mbeadh gníomh rialála uathu:

· Tá bearna ionchais idir an rud a mbíonn páirtithe leasmhara ag súil leis ó iniúchóireacht agus an rud a dhéanann iniúchóirí iarbhír.

· Níl neamhspleáchas cinntithe nó inléirithe i bparaidím ina bhfuil iniúchóireacht anois le fírinne ar cheann de raidhse seirbhísí tráchtála. Tá easpa tairisceana rialta ar sheirbhísí iniúchóireachta agus sealaíocht thréimhsiúil gnólachtaí iniúchóireachta tar éis a phríomh‑éiteas a cheilt ar an iniúchadh: sceipteachas gairmiúil.

· Comhdhlúthacht an mhargaidh agus easpa rogha: Tá an margadh chomh polaraithe sin gur annamh an rud nuair nach gnólacht leis ‘Na Ceithre Cinn Mhóra’ iniúchóir ELP. I bhformhór na mBallstát, déanann na Ceithre Cinn Mhóra iniúchadh ar níos mó ná 85 % de chuideachtaí liostaithe móra.

Bhí na roghanna beartais seo a leanas mar thoradh ar an measúnú tionchair:

· Ba chóir raon feidhme na hiniúchóireachta reachtúla a shoiléiriú agus a shonrú agus an t‑eolas a chuireann an t‑iniúchóir ar fáil d’úsáideoirí, do na heintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu, do na coistí iniúchóireachta agus do na maoirseoirí a fheabhsú.

· Thabharfadh an cosc ar sholáthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta do na heintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu agus fiú an cosc ar sholáthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta go ginearálta, aghaidh i ndáiríre ar an riachtanas neamhspleáchas agus sceipteachas gairmiúil a athneartú. Ina theannta sin, chuirfeadh rialacha níos déine sa nós imeachta do cheapadh iniúchóirí agus do shealaíocht gnólacht iniúchóireachta shainordaitheach le hiniúchóireachtaí ar chaighdeán níos airde.

· Chun rogha oibiachtúil soláthraí iniúchóireachta a éascú, ba cheart cosc a chur ar chlásail chonarthacha a theorannaíonn rogha gnólachta iniúchóireachta, ba cheart an trédhearcacht ar cháilíocht iniúchóireachta agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a mhéadú agus ba chóir deimhniú cáilíochta iniúchóireachta a bhunú.

· Chun rogha soláthraithe iniúchóireachta a mhéadú, ba cheart deireadh a chur le srianta úinéireachta.

· Ba chóir údaráis mhaoirseachta iniúchóireachta náisiúnta a neartú agus comhoibriú ar fud an AE laistigh den Údarás Eorpach Urrús agus Margaí (ÚEUM) a bhunú.

Is féidir an measúnú tionchair ar an togra seo a fháil ag:

http://ec.europa.eu/internal_market/auditing/index_en.htm

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1         Bunús Dlí

Tá Treoir 2006/43/CE atá ann cheana bunaithe ar Airteagal 50 CFAE. Fanann na riachtanais atá bainteach le bunú (e.g. na ceanglais sin a dhéileálann le formheas/clárú iniúchóirí), agus na leasaithe a ghabhann leis laistigh de sholáthar na Treorach[6].

Leagtar amach ceanglais bhreise shonracha a dhéileálann le déanamh iniúchóireachta reachtúla ELM sa rialachán seo, bunaithe ar Airteagal 114 CFAE.

3.2.        Coimhdeacht agus comhréireacht

Go dtí seo, d’fhág rialacháin AE rogha mór faoi Bhallstáit, a bhí ag brath go príomha, ina seal, ar fhéinrialúchán na gairme. Léirigh an ghéarchéim nach leor féinrialúchán tráth a mbítear ag breathnú i dtreo an todhchaí. Ina theannta sin, ní féidir na fadhbanna ar leagadh béim orthu sa Mheasúnú Tionchair a réiteach ag leibhéal náisiúnta mar go dtiocfadh difríochtaí tábhachtacha chun cinn sa chreat reachtúil agus ar a sheal lagfadh sé seo an margadh aonair go mór.

Ag cur nádúr idirnasctha margaí urrús agus gníomhaithe airgeadais san áireamh, ba chóir iniúchóireacht a dhéanamh laistigh de chreat comhchuibhithe ar fud an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go gcaitear le ról, le neamhspleáchas iniúchóirí agus le struchtúr an mhargaidh ag leibhéal an Aontais toisc gur minic go mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann ag ELPanna san Eoraip. Is fiú a thabhairt ar aird go bhfuil reachtaíocht, a chlúdaíonn cosaint an infheisteora chomh maith le hinstitiúidí airgeadais, achtaithe cheana féin ag leibhéal an Aontais.

Ina theannta sin, d’ísleodh cur chuige comhordaithe ag leibhéal an Aontais, arna bhforlíonadh ag tacaíocht idirnáisiúnta, baol arbatráiste rialála.

Urramaíonn an togra prionsabal na comhréireachta agus ní sháraíonn a bhfuil riachtanach leis na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach.

3.3.        Míniú mionsonraithe ar an togra

Déileálann Airteagail 39 go 43 de Threoir 2006/43/CE cheana le ceanglais áirithe a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ELPanna. Ní chuimseofar na riachtanais seo níos mó sa Treoir, ach déanfar iad a chomhtháthú (agus a fhorbairt tuilleadh) sa Rialachán seo.

Is ionstraim dlí comhréireach agus oiriúnach é Rialachán chun ardcháilíocht iniúchóireachtaí ELPanna a áirithiú. Tugann infheidhmeacht dhíreach Rialacháin deimhneacht dhlíthiúil níos mó. Freisin thiocfadh an reachtaíocht chun a bheith infheidhmithe ar an dáta céanna ar fud an Aontais, rud a sheachnódh fadhbanna a bhaineann le trasuí mall reachtaíochta ag Ballstáit[7]. Ina theannta sin tugann rialachán comhchuibhiú den ghrád is airde: dhéanfaí iniúchóireachtaí reachtúla faoi rialacha a bheadh chomhionann cuid mhór i ngach Ballstát.

3.3.1.     Teideal I (ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe)

Baineann an Rialachán le hiniúchóirí a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar ELPanna agus leis na ELPanna a ndéantar iniúchóireacht orthu, e. g. rialacha maidir leis an gcoiste iniúchóireachta ar ghá do ELP a bheith aige.

Chun críocha an Rialacháin ba chóir na sainmhínithe a bhaineann le Treoir 2006/43/CE leasaithe a chur i bhfeidhm anseo freisin. De réir mar a éabhlaíonn an earnáil airgeadais cruthaítear catagóirí nua institiúidí airgeadais faoi dhlí an Aontais agus tá sé iomchuí mar sin go gcuimsíonn sainmhíniú ELPanna gnólachtaí infheistíochta, institiúidi íocaíochta, gnóthais do chomhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (UCITS), institiúidí airgid leictreonacha agus cistí infheistíochta malartacha freisin.

3.3.2.     Teideal II (Coinníollacha do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí)

Caibidil I (Neamhspleáchas agus coinbhleacht leasa a sheachaint)

Ba chóir d’iniúchóir beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú chun comhlíonadh na n‑oibleagáidí faoin Rialachán maidir le neamhspleáchas, córais rialú cáilíochta inmheánacha agus maoirseacht fostaithe a áirithiú.

Ní cheadaítear d’iar-iniúchóirí, do phríomh‑chomhpháirtithe nó dá bhfostaithe príomhphost bainistíochta a ghlacadh san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, a bheith ina gcomhaltaí de choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, a bheith ina gcomhaltaí neamh‑fheidhmiúcháin den chomhlacht riaracháin nó dul isteach i gcomhlacht maoirseoireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air laistigh de dhá bhliain ó chríochnú an ghnóthais iniúchóireachta.

Ba chóir do na táillí do sholáthar seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a bheith teoranta do 10 % de na táillí iniúchóireachta a íocann an t‑eintiteas sin. De bhreis air sin nuair a shroicheann na táillí iomlána, an iniúchóireacht agus na seirbhísí iniúchóireachta airgeadais a fhaigheann an t‑iniúchóir ó ELP, céatadán suntasach dá t(h)áillí bliantúla iomlána, ba chóir coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm.

Cuirfear cosc ar an iniúchóir reachtúil, ar an ngnólacht iniúchóireachta nó ar an mball de líonra an ghnólachta iniúchóireachta seirbhísí áirithe neamhiniúchóireachta a sholáthar atá lánchontrátha leis an bhfeidhm leasa phoiblí atá ag iniúchóireacht i leith an eintitis iniúchta i ngach cás; i gcás neamhsheirbhísí eile nach bhfuil lánchontrátha leis na seirbhísí iniúchóireachta, tabharfar de chumhacht don choiste iniúchóireachta nó don údarás inniúil, de réir an cháis atá i gceist, cinneadh a dhéanamh cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar iad a sholáthar don eintitieas iniúchta. Ach d’fhéadfaí seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara a sholáthar. Tá de chumhacht ag an gCoimisiún liostaí seirbhísí údaraithe agus seirbhísí coiscthe a oiriúnú de réir na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal VI. Ina theannta sin ba chóir do ghnólachtaí iniúchóireachta ar mhéid shuntasach a ngníomhaíochtaí gairmiúla a dhíriú ar dhéanamh iniúchóireachta reachtúla agus níor chóir go gceadófaí dóibh neamhsheirbhísí eile a dhéanamh.

Roimh dó ghlacadh nó leanúint le fostaíocht, ba chóir d’iniúchóir measúnú a dhéanamh ar na bagairtí ionchasacha go léir ar a neamhspleáchas agus a neamhspleáchas a dheimhniú don choiste iniúchóireachta.

Caibidil II (Rúndacht agus rún gairmiúil)

Níor chóir d’iniúchóirí rialacha rúndachta gairmiúla a agairt chun feidhmiú forálacha an togra seo a chosc.

Cinntíonn Airteagal 13 gur féidir an t‑eolas riachtanach a mhalartú le linn déanamh na hiniúchóireachta. Ach ní cheadódh rialacha dá leithéid d’iniúchóir comhoibriú le húdaráis tríú tíre lasmuigh de na bealaí comhoibrithe a bhfuil coinne leo i gCaibidil XI de Threoir 2006/43/CE.

Caibidil III (Feidhdmíocht na hiniúchóireachta reachtúla)

Leagan an Rialachán síos gur chóir don iniúchóir na bearta riachtanacha a dhéanamh d’fhonn teacht ar thuairim faoi cibé acu an dtugann na ráitis airgeadais léargas cothrom agus fíor agus ar ullmhaíodh iad de réir an chreat tuairiscithe airgeadais iomchuí. Ní áirítear ann dearbhú faoi inmharthanacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air amach anseo ná éifeacht agus éifeachtúlacht lenar reáchtáil nó lena reáchtálfaidh an bhainistíocht nó an comhlacht riaracháin gnóthaí an eintitis. Ach níor chóir don eisiamh seo baint ó na cúraimí ar ghá d’iniúchóir a dhéanamh chun an iniúchóireacht a dhéanamh i gceart, ná ó aon riachtanais tuairiscithe.

Athneartaítear sceipteachas gairmiúil. Ba chóir don iniúchóir a bheith ar an airdeall i gcónaí faoin bhféidearthacht go mbeadh míráiteas ábhartha ann ag éirí as earráid nó calaois, d’ainneoin taithí an iniúchóra leis an eintiteas san am atá caite.

Bunaítear ceanglais bhunaidh d’fheidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla. Ba cheart don ghnólacht iniúchóireachta príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta ar a laghad a ainmniú ar chóir dó a bheith bainteach go gníomhach le déanamh na hiniúchóireachta reachtúla. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a shannadh freisin. Ba cheart taifead cuntais chliaint a choinneáil agus ba cheart cód iniúchóireachta a chruthú. Ina theannta sin ba chóir don iniúchóir a chinntiú go bhfeidhmítear na ceanglais eagraíochtúla go léir i gceart.

Nuair a tharlaíonn teagmhas a bhfuil nó a bhféadfadh go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar shláine na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla, ba chóir don iniúchóir bearta cuí a ghlacadh d’fhonn iarmhairtí an teagmhais a bhainistiú agus aon atarlú a chosc.

I gcás iniúchóireachta ar ráitis airgeadais chomhdhlúite, nuair nach bhfuil an grúp-iniúchóir i riocht an obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) tríú tíre a dhoiciméadú, caithfidh sé bearta cuí a ghlacadh lena n‑áirítear obair iniúchóireachta bhreise agus an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas.

Ba chóir d’iniúchóir/gnólacht iniúchóireachta a athbhreithniú inmheánach féin ar rialú cáilíochta a dhéanamh sula gcuireann siad an tuarascáil iniúchóireachta isteach. Ba chóir go mbeadh freagracht an athbhreithnithe ar iniúchóir nach bhfuil bainteach le feidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla a mbaineann an t‑athbhreithniú cáilíochta inmheánach léi.

Caibidili IV (Tuairisciú inniúchóireachta)

Leathnaítear amach ábhar na tuarascála iniúchóireachta a nochtar don phobal sa chaoi go míníonn sí an mhodheolaíocht a úsáidtear, go háirithe cé mhéid den chlár comhardaithe a fíoraíodh go díreach agus cé mhéid a bunaíodh ar thástáil chomhlíonta agus chórais, leibhéil na hábharthachta a feidhmíodh leis an iniúchóireacht a dhéanamh, na príomhréimsí riosca de mhíráitis ábhartha na ráiteas airgeadais, cibé an raibh an iniúchóireacht reachtúil ceaptha calaois a nochtadh agus, i gcás go mbeadh tuairim dhiúltach nó cháilithe nó séanadh tuairime, na cúiseanna le cinneadh dá leithéid. Ba chóir di míniú a thabhairt freisin ar an éagsúlacht in ualú tástáil chomhlíontachta agus tástála substaintí i gcomparáid leis an mbliain roimhe.

Ina theannta sin, ba chóir don iniúchóir tuarascáil níos faide agus níos mionsonraithe a ullmhú don choiste iniúchóireachta. Chuirfeadh an tuarascáil eolas níos mionsonraithe ar fáil faoin iniúchóireacht a rinneadh, faoi staid an ghnóthais ann féin (e.g. gnóthas leantach) agus cinntí na hiniúchóireachta mar aon leis na mínithe riachtanacha. Chuirfeadh an tuarascáil bhreise seo an obair iniúchóireachta a rinneadh i láthair an choiste iniúchóireachta freisin (agus dhéanfadh í a fhíorú). Chuirfí an tuarascáil níos faide seo faoi bhráid an choiste iniúchóireachta agus bhainistíocht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, ach ní faoi bhráid an phobail (ag cur san áireamh go mbeadh rúin ghnó agus eolas a d’fhéadfadh a bheith goilliúnach ó thaobh praghais san áireamh inti). Ach, arna iarraidh, ba chóir don iniúchóir an tuarascáil seo a chur ar fáil don údarás inniúil.

I bhformhór na dtreoracha um sheirbhísí airgeadais, tá ceangal cheana féin ar an iniúchóir aon fhíric nó cinneadh maidir leis an ELP a chur in iúl do na húdaráis inniúla atá ag déanamh maoirseachta ar an ELP. Tá an oibleagáid seo leathnaithe amach anois go dtí gach ELP. Ina theannta sin, ba chóir d’údaráis inniúla atá ag déanamh maoirseachta ar instiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais idirphlé rialta a bhunú leis na hiniúchóirí.

Caibidil V (Tuairisciú trédhearcachta ó iniúchóirí reachtúla agus ó ghnólachtaí iniúchóireachta agus coinneáil taifead)

Ceanglófar ar iniúchóirí eolas airgeadais a nochtadh a léiríonn go háirithe a láimhdeachas iomlán roinnte i dtáilli iniúchóireachta íoctha ag ELPanna, táillí iniúchóireachta íoctha ag eintitis eile agus táillí do sheirbhísí eile. Ba chóir dóibh eolas airgeadais ag leibhéal an líonra lena mbaineann siad a nochtadh freisin.

Ba chóir tuarascálacha trédhearcachta iniúchóirí ELPanna a thabhairt chun críche le ráiteas ar rialachas corparáideach na ngnólachtaí féin. Ba chóir eolas forlíontach breise ar tháillí iniúchóireachta a chur ar fáil do na húdaráis inniúla d’fhonn a gcúraimí maoirseachta a éascú.

Ba chóir don iniúchóir doiciméid agus eolas áirithe a choinneáil ar feadh tréimhse chúig bliana.

3.3.3.     Teideal III (Ceapachán iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí)

Chun neamhspleáchas agus cumas an choiste iniúchóireachta a athneartú, ba chóir dó a bheith comhdhéanta de chomhaltaí neamh‑fheidhmiúcháin, agus ba chóir do chomhalta amháin ar a laghad taithí agus eolas a bheith aige ar iniúchóireacht agus duine eile ar chuntasaíocht agus/nó ar iniúchóireacht.

Ba cheart go mbeadh an togra leis an iniúchóir a cheapadh ar chruinniú scairshealbhóirí bunaithe ar mholadh ón gcoiste iniúchóireachta. Ba cheart don mholadh fírinniú an chinnidh a bheith ann i gcónaí. Ina theannta sin, mura mbaineann sé le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta, ba cheart dhá rogha ar a laghad a bheith sa mholadh (gan an t‑iniúchóir atá ann faoi láthair san áireamh) agus ba cheart don choiste iniúchóireachta fabhar fírinnithe go cuí a chur in iúl do cheann amháin acu. Ba cheart moladh an choiste iniúchóireachta a dhéanamh tar éis comhlíonadh próiseas tairisceana cuí. I gcás institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, ba cheart don choiste iniúchóireachta a mholadh a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta stuamachta, ar chóir go mbeadh an ceart aige an rogha molta a chrosadh.

Ba chóir cosc a chur ar chlásail chonarthacha le tríú páirtithe a chuireann teorainn le rogha iniúchóra an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhaol an róchaidrimh a éiríonn ón ngnóthas iniúchóireachta a cheapann agus a athcheapann an gnólacht iniúchóireachta céanna go minic ar feadh deich nó fiche bliain, tugann an rialachán sealaíocht shainordaitheach gnólachtaí iniúchóireachta isteach tar éis uasthréimhse sé bliana, tréimhse a fhéadfar a shíneadh, in imthosca eisceachtúla, go hocht mbliana. I gcás ina bhfuil péire iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, nó níos, ceaptha ag eintiteas leasa phoiblí, naoi mbliana an t‑uasfhad a bheidh sa tréimhse fostaíochta; i gcásanna eisceachtúla féadfar í a shíneadh go 12 bhliain. Foráiltear ann freisin maidir le tréimhse mharana sular féidir leis an ngnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar an eintiteas céanna aris. Chun aistriú réidh a chinntiú ceanglaítear ar an iar-iniúchóir comhad aistrithe a chur ar fáil le heolas iomchuí don iniúchóir nua.

Tá de chumhacht ag an gcoiste iniúchóireachta, ag scairshealbhóir amháin nó níos mó, ag na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla do mhaoirseacht ELPanna, éileamh a thabhairt os comhair cúirte náisiúnta do dhífhostú iniúchóra i gcás go bhfuil bonn maith leis.

3.3.4.     Teideal IV (Faireachas ar ghníomhaíochtaí iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta agus iad i mbun iniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí).

Caibidil I (Údaráis inniúla)

Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil a ainmniú le bheith freagrach as maoirseacht ar iniúchóirí agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a iniúchann ELPanna. Ba cheart go mbeadh foireann a ndóthain ag na húdaráis seo agus iad neamhspleách ar iniúchóirí. Baineann oibleagáidí rúndachta gairmiúla le fostaithe údarás inniúla.

Ba cheart go mbeadh gach cumhacht imscrúdaithe agus maoirseachta a theastaíonn ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhm a chleachtadh ach níor chóir dóibh cur isteach ar ábhar tuarascáil iniúchóireachta.

Ba chóir do na húdaráis inniúla comhoibriú ag an leibhéal náisiúnta leis an údarás atá freagrach as formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnolachtaí iniúchóireachta (Treoir 2006/43/CE) agus le maoirseoirí eile ELPanna e.g. an maoirseoir baincéireachta nó arachais.

Caibidil II (Dearbhú cáilíochta, imscrúdú, faireachán margaidh, pleanáil theagmhasach agus trédhearcacht údarás inniúla)

Áirítear ar chúraimí na n‑údarás inniúla:

· athbhreithnithe dearbhú cáilíochta a dhéanamh ar na hiniúchóireachtaí reachtúla a rinneadh. Ba cheart go mbeadh na hathbhreithnithe seo comhréireach le scála agus le diminsean gníomhaíochta an iniúchóra athbhreithnithe;

· imscrúdú a dhéanamh d’fhonn iniúchóireachtaí reachtúla neamhleor ELPanna a aimsiú, a cheartú agus a chosc;

· faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí an mhargaidh do sholáthar seirbhísi iniúchóireachta reachtúla do ELPanna;

· faireachán rialta a dhéanamh ar bhagairtí ionchasacha ar leanúnachas gníomhaíochtaí gnólachtaí iniúchóireachta móra, lena n‑áirítear na rioscaí a eascraíonn as comhchruinniú ard agus a cheanglódh ar ghnólachtaí iniúchóireachta móra pleananna teagmhais a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí dá leithéid;

· a bheith trédhearcach faoina ngníomhaíochtaí lena n‑áirítear foilsiú tuarascálacha athbhreithnithe aonair ar dhearbhú cáilíochta.

Caibidil III (Comhoibriú idir údaráis inniúla agus caidreamh leis na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha)

Ceanglaíonn an rialachán go mbeadh comhoibriú ar fud an AE idir údaráis áitiúla laistigh de ÚEUM, ag glacadh ceannais mar sin ar an sásra comhoibrithe reatha ar fud an AE faoi choimirce an Ghrúpa Eorpach Comhlachtaí Maoirseachta Iniúchóirí (GECMI), grúpa saineolaithe faoi chathaoirleacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá ÚEUM ag obair cheana féin i réimse na hiniúchóireachta (agus cuntasaíochta) maidir le ELPanna agus tá coinne ag an gcreat dlíthiúil le comhoibriú ó ÚEUM, ón Údarás Eorpach Baincéireachta (ÚEB) agus ón Údarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach (ÚÁPGE) laistigh dá gcomhchoiste i réimse na hiniúchóireachta. Éilítear ar ÚEUM coiste inmheánach buan a chruthú ar chóir ar a laghad go mbeadh sé comhdhéanta d’údaráis inniúla náisiúnta.

Ba chóir do ÚEUM Treoir a eisiúint ar roinnt saincheisteanna: e.g. ar ábhar agus ar chur i láthair na tuarascála iniúchóireachta agus na tuarascála breise don choiste iniúchóireachta, ar ghníomhaíocht maoirseachta an choiste iniúchóireachta nó ar sheoladh athbhreithnithe ar dhearbhú cáilíochta.

Tugtar deimhniú cáilíochta iniúchóireachta pan‑Eorpach ‘deonach’ isteach chun infheictheacht, aitheantas agus cáil ghnólachtaí iniúchóireachta a mhéadú, a bhfuil cumas acu iniúchóireachtaí ardcháilíochta ELPanna a dhéanamh. Ba chóir do ÚEUM na riachtanais chun an deimhniú seo a bhaint amach a fhoilsiú mar aon le haon impleachtaí táille agus riaracháin. Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith bainteach le scrúdú ar an iarratas ar an deimhniú. Maidir le himscrúdú agus cigireacht ar an láthair, ba cheart d’údaráis inniúla fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit eile má chinneann siad go bhfuil nó go raibh gníomhaíochtaí contrártha d’fhorálacha an Rialacháin ar siúl. Ina theannta sin féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit a iarraidh go ndéanfadh údarás inniúil Bhallstáit eile fiosrúchan i gcríoch an Bhallstáit dheiridh sin.

Thairis sin, féadfaidh ÚEUM coláistí údarás inniúla a bhunú ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó d’údaráis inniúla chun cur i ngníomh cúraimí áirithe a éascú.

Caibidil IV (Comhoibriú le hiniúchóirí tríú tíre agus le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta)

Ní féidir le húdaráis inniúla agus ÚEUM comhaontuithe comhoibrithe a thabhairt chun críche ar mhalartú eolais le húdaráis inniúla tríú tíortha ach amháin má bhíonn an t‑eolas a nochtar faoi réir ag urraí rúndachta gairmiúla agus má urramaítear rialacha cosaint sonraí.

3.3.5.     Teideal V (Bearta maoirseachta agus pionóis)

Chun comhlíonadh riachtanais an Rialacháin seo a mhéadú agus tar éis Cumarsáid ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar teideal ‘Athneartú córas smachtbhanna san earnáil airgeadais’[8], tá cumhachtaí bearta maoirseachta a ghlacadh agus cumhachtaí smachtbhannaí údaráis inniúlathe feabhsaithe. Tá smachtbhannaí airgid riaracháin ar iniúchóirí agus ar ELPanna do shárú sainaitheanta faoi chaibidil. Ba chóir d’údaráis a bheith trédhearcach faoi na smachtbhannaí agus na bearta a chuireann siad i bhfeidhm.

3.3.6.     Teideal VI (Tuairisciú agus forálacha aistrithe agus deiridh)

Tugtar córas idirthréimhseach isteach maidir le teacht i bhfeidhm na hoibleagáide sealaíochta ar ghnólachtaí iniúchóireachta, oibleagáid chun nós imeachta a eagrú chun gnólacht iniúchóireachta a roghnú, agus bunú gnólachtaí iniúchóireachta nach gcuireann ach seirbhísí iniúchóireachta ar fáil.

3.3.7.     Caighdeáin theicniúla rialála agus comhlíontacht le hAirteagal 290 TFE

Chun féachaint do na forbairtí san iniúchóireacht agus sa mhargadh iniúchóireachta, iarrtar ar ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais theicniúla a shonrú maidir le hinneachar an chomhaid aistrithe ar cheart don iniúchóir nua a fháil agus bunú deimhniú cáilíochta Eorpaigh d’iniúchóirí a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar ELPanna. Ta de chumhacht ag an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla seo a ghlacadh chuige mar ionstraimí tarmligthe.

An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún le tograí do Rialacháin a bhunaíonn EBA, ÚÁPGE (Údarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach (ÚÁPGE), agus ÚEUM (an tÚdarás Eorpach um Urrús agus Margaí)[9]. Maidir leis seo is mian leis an gCoimisiún na Ráitis a mheabhrú i dtaca le hAirteagail 290 agus 291 CFAE a rinne sé ag glacadh na Rialachán a bhunaigh Údaráis Eorpacha Mhaoirseachta ar dá réir: “Maidir leis an bpróiseas do ghlacadh caighdeáin rialála, cuireann an Coimisiún béim ar charachtar uathúil na hearnála seirbhíse airgeadais, ag teacht chun cinn ó struchtúr Lamfalussy agus a aithníodh go sainráite i nDearbhú 39 don CFAE. Ach ina dhiaidh sin, tá amhras trom ar an gCoimisiún an bhfuil na srianta ar a ról agus ionstraimí tarmligthe á nglacadh agus bearta á bhfeidhmiú ag teacht le hAirteagail 290 agus 291 CFAE.”

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon tionchar díreach nó indíreach ag togra an Choimisiúin ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Go háirithe ní bheadh aon mhaoiniú breise AE i gceist i gcúraimí a thabharfaí ar lámh do chomhlachtaí maoirseachta AE.

2011/0359 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[10],

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[11],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Cuirtear cúram ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta de réir dlí iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí d’fhonn cur le méid muiníne an phobail i ráitis airgeadais chomhdhlúite agus bhliantúla eintiteas dá leithéid. Ciallaíonn feidhm leasa phoiblí iniúchóireachta reachtúla go mbraitheann pobal leathan daoine agus institiúidí ar cháilíocht oibre iniúchora reachtúil. Rannchuidíonn cáilíocht mhaith iniúchóireachta le feidhmiú ordúil margaí trí chur le sláine agus le héifeachtúlacht ráiteas airgeadais. Ar an mbealach seo comhlíonann iniúchóirí ról sochaíoch a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis.

(2) Ceanglaíonn reachtaíocht Aontais go ndéanfaí iniúchóireacht ar ráitis airgeadais, a chuimsíonn cuntais bhliantúla nó cuntais chomhdhlúite institiúidí creidmheasa, gnóthais árachais, eisitheoirí urrús a ligtear isteach sa trádáil ar mhargadh rialaithe, institiúidí íocaíochta, UCITS, institiúidí airgeadais leictreonacha agus cistí infheistíochta malartacha, ag duine amháin nó níos mó atá i dTeideal Iniúchóireachtaí dá leithéid a dhéanamh de réir dlí an Aontais, eadhon: Airteagal 1(1) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile[12], Airteagal 1(1) de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais[13], Airteagal 4(4) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglais trédhearcachta maidir le heolas faoi eisitheoirí ar ligeadh a n‑urrais isteach i dtrádáil ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear 2001/34/CE[14], Airteagal 15(2) de Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/CE[15], Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin i dtaca le gnóthais do chomh‑infheistíocht in urrúis inaistrithe (UCITS)[16], Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le glacadh, saothrú agus maoirseacht stuamachta ghnóthas institiúidí airgeadais leictreonacha lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE[17], agus Airteagal 22(3) de Threoir 2011/61/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Ciste Infheistíochta Malartaigh agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh 1060/2009 agus (AE) Uimh 1095/2010[18]. Thairis sin, ceanglaíonn Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoracha 85/611/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑aisghairtear Treoir 93/22/CEE[19] ón gComhairle go ndéanfaí iniúchóireacht ar ráitis airgeadais bhliantúla gnólachtaí infheistíochta nuair nach infheidhme an Ceathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir leis na cuntais bhliantúla de chineálacha áirithe cuideachtaí[20] nó an Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 maidir le cuntais chomhdhlúite[21].

(3) Leagtar síos na coinníollacha d’fhormheas na ndaoine atá freagrach as déanamh na hiniúchóireachta reachtúla mar aon leis na híoscheanglais do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla dá leithéid i dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla cuntas bliantúla agus cuntas comhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE agus lena n‑aisghairtear Treoir 84/253/CEE[22] ón gComhairle.

(4) Le linn na géarchéime airgeadais le deireanaí, nocht na bainc caillteanais mhóra ó 2007 go 2009 ar an seasamh a bhí acu ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de. Thóg sé seo an cheist ní hamháin faoin gcaoi a bhféadfadh iniúchóirí tuarascálacha iniúchóireachta neamhcháilithe a thabhairt dá gcliaint do na tréimhsí sin ach freisin faoi oiriúnacht agus faoi leordhóthanacht an chreata reachtúla reatha. An 13 Deireadh Fómhair 2010 d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Uaine ar Bheartas Iniúchóireachta: Ceachtanna ón nGéarchéim[23], a sheol comhairliúchán poiblí leathan, i gcomhthéacs ginearálta leasaithe reachtúil an mhargaidh airgeadais, ar ról agus ar raon feidhme iniúchóireachta agus an chaoi a bhféadfaí an fheidhm iniúchóireachta a fheabhsú chun rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais mhéadaithe. D’éirigh sé as an gcomhairliúchán poiblí go bhféadfaí rialacha Treoir 2006/43/CE maidir le déanamh iniúchóireachta reachtúla ar chuntais bhliantúla agus chomhdhlúite eintiteas leasa phoiblí a fheabhsú go substaintiúil. D’eisigh Parlaimint na hEorpa tuarascáil féintionscnaimh ar an bPáipéar Uaine an 13 Meán Fómhair 2011. Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le tuarascáil ar an bPáipéar Uaine sin freisin an 16 Meitheamh 2011.

(5) Tá sé tábhachtach rialacha mionsonraithe a leagan síos d’fhonn a áirithiú go bhfuil cáilíocht leordhóthanach ag iniúchóireachtaí reachtúla eintiteas leasa phoiblí agus gur iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iad faoi réir diancheanglais. Ba cheart go gcuirfeadh cur chuige reachtúil comhchoiteann le hionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, trédhearcacht agus iontaofacht iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí, ag rannchuidiú le cáilíocht iniúchóireachta reachtúla san Aontas, rud a rannchuidíonn le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal chosaint infheisteora agus tomhaltóra á bhaint amach. Ba cheart freisin go n‑áiritheodh forbairt achta ar leith d’eintitis leasa phoiblí comhchuibhiú comhsheasmhach agus feidhmiú aonfhoirmeach rud a rannchuideodh mar sin le feidhmiú níos éifeachtúla an mhargaidh inmheánaigh.

(6) Tá an earnáil airgeadais ag éabhlóidiú agus catagóirí nua institiúidí airgeadais á gcruthú ag dlí an Aontais. Tá tábhacht eintiteas agus gníomhaíochtaí nua lasmuigh den ghnáthchóras baincéireachta ag fás agus tá a dtionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais tar éis dul i méid. Mar sin is cuí go gcuimsíonn an sainmhíniú ar eintiteas leasa phoiblí institiúidí airgeadais agus eintitis eile freisin mar ghnólachtaí iniúchóireachta, institiúidí íocaíochta, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI), institiúidí airgid leictreonacha agus cistí infheistíochta malartacha.

(7) Tá iniúchóireacht ráiteas airgeadais comdhlúite agus bliantúla ceaptha mar choimirce reachtúil d’infheisteoirí, d’iasachtóirí agus do chontrapháirtithe gnó a bhfuil bun nó leas gnó acu in eintitis leasa phoiblí. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta neamhspleách go hiomlán agus iniúchóireachtaí reachtúla ar eintiteas dá leithéid á ndéanamh, agus ba cheart coinbhleachta leasa a sheachaint. Chun neamhspleáchas iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta a mheas, ní mór coincheap an líonra ina bhfeidhmíonn iniúchóirí agus gnólachtaí a chur san áireamh.

(8) Ba cheart go gcuideodh eagrú inmheánach leordhóthanach iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta chun aon bhagairtí ar a neamhspleáchas a chosc. Mar sin níor cheart d’úinéirí nó scairshealbhóirí gnólachta iniúchóireachta, mar aon leo siúd a dhéanann bainistiú air, idiragairt i ndéanamh iniúchóireachta reachtúla ar aon bhealach a chuirfeadh neamhspleáchas agus oibiachtúlacht an iniúchóra reachtúil a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta i mbaol. Ina theannta sin ba cheart d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bhunú i dtaca le fostaithe agus le daoine eile bainteach le gníomhaíocht iniúchóireachta reachtúla laistigh dá n‑eagraíochtaí chun comhlíonadh a n‑oibleagáidí reachtúla a áirithiú. Ba cheart do na beartais agus do na nósanna imeachta sin féachaint le haon bhagairtí ar neamhspleáchas a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu agus cáilíocht, sláine agus críochnúlacht na hiniúchóireachta reachtúla a áirithiú. Ba cheart go mbeadh na beartais agus na nósanna imeachta sin comhréireach, ag cur scála agus castacht gnó na hiniúchóireachta reachtúla nó na gnólachta iniúchóireachta san áireamh.

(9) Ba cheart d’iniúchóirí, do ghnólachtaí iniúchóireachta agus dá bhfostaithe staonadh go háirithe ó dhéanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintiteas má bhíonn leas gnó nó leas airgeadais acu ann, agus ó dhul i mbun trádála ar ionstraimí airgeadais a eisíodh, a ráthaíodh nó ar tacaíodh leis ar aon bhealach eile ag eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, seachas sealúchas i gcomhscéimeanna infheistíochta éagsúlaithe. Ba cheart don iniúchóir nó don ghnólacht iniúchóireachta staonadh ó phróisis chinnteoireachta inmhéanacha an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart cosc a chur ar iniúchóirí reachtúla nó a bhfostaithe ó dhul i mbun dualgas san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ag leibhéal boird nó bainistíochta go dtí go mbíonn tréimhse iomchuí caite ó dheireadh na fostaíochta iniúchóireachta.

(10) Féadfaidh leibhéal na dtáillí a fhaightear ó eintiteas amháin a ndéantar iniúchóireacht air, agus struchtúr na dtáillí, bagairt a dhéanamh freisin ar neamhspleáchas iniúchóra reachtúil nó gnólachta reachtúil. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil táillí iniúchóireachta bunaithe ar aon chineál teagmhais agus, nuair is táillí suntasacha iad na táillí iniúchóireachta ó chliant aonair, go mbunaítear nós imeachta ar leith chun cáilíocht na hiniúchóireachta a áirithiú. Má bhíonn an spleáchas ar chliant aonair iomarcach, ba chóir don iniúchóir nó don ghnólacht iniúchóireachta staonadh ó dhul i mbun na hiniúchóireachta reachtúla atá i gceist.

(11) Féadfaidh soláthar seirbhísí seachas iniúchóireacht reachtúil d’eintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu ó iniúchóirí reachtúla, ó ghnólachtaí iniúchóireachta nó ó chomhaltaí dá líonra, cur as dá neamhspleáchas. Tá sé iomchuí mar sin a cheangal ar an iniúchóir reachtúil, ar an ngnólacht iniúchóireachta agus ar chomhaltaí dá líonra gan seirbhísí neamh‑iniúchóireachta a sholáthar dá n‑eintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu. Chuirfeadh soláthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta do chuideachta ó ghnólacht iniúchóireachta bac ar an ngnólacht iniúchóireachta sin ó iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar an gcuideachta sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh laghdú ar na gnólachtaí iniúchóireachta atá ar fáil chun iniúchóireacht reachtúil a sholáthar, agus go háirithe maidir le hiniúchóireacht eintiteas leasa phoiblí móra áit a bhfuil comhdhlúthacht an mhargaidh. Dá thoradh seo, chun a áirithiú gur féidir le híosmhéid gnólachtaí iniúchóireachta seirbhísí iniúchóireachta a sholáthar d’eintitis leasa phoiblí, tá sé iomchuí a iarraidh go ndíríonn gnólachtaí iniúchóireachta, de dhiminsean suntasach, a ngníomhaíocht ghairmiúil ar dhéanamh iniúchóireachta reachtúla agus nach gceadaítear dóibh seirbhísí eile nach bhfuil ceangailte lena bhfeidhm iniúchóireachta reachtúla mar chomhairleacht nó seirbhísí comhairliúcháin.

(12) D’fhonn coinbhleachtaí leasa a sheachaint tá sé tábhachtach go ndéanfadh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, roimh ghlacadh nó leanúint le fostaíocht d’iniúchóireacht reachtúil eintitis leasa phoiblí, measúnú cibé ar freastalaíodh ar na ceanglais neamhspleáchais, agus go háirithe ar eascair aon bhagairtí ar an neamhspleáchas de thoradh an chaidrimh leis an eintiteas sin. Chun an neamhspleáchas seo a choinneáil, tá sé tábhachtach freisin go gcoinníonn siad taifid de na bagairtí go léir ar a neamhspleáchas agus ar neamhspleáchas a bhfostaithe agus daoine eile bainteach leis an bpróiseas iniúchóireachta reachtúla, chomh maith leis an gcoimirce is infheidhme chun na bagairtí sin a mhaolú. Thairis sin, i gcás go mbíonn na bagairtí ar a neamhspleáchas ró-shuntasach, fiú tar éis an choimirce a chur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón bhfostaíocht iniúchóireachta. Ba cheart don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a neamhspleáchas a dheimhniú go bliantúil don choiste iniúchóireachta den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, agus aon bhagairt ar a neamhspleáchas a phlé le coiste dá leithéid mar aon leis an gcoimirce a cuireadh i bhfeidhm leis na bagairtí sin a mhaolú.

(13) Rialaíonn Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí dá leithéid[24], próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údarás inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha phoiblí ainmnithe ag na Ballstáit. Rialaíonn Rialachán (AE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí AE agus i dtaca le saorghluaiseacht sonraí dá leithéid[25], próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ÚEUM laistigh de chreat an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur eolais ag údaráis inniúla de réir na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE agus ba cheart d’aon mhalartú nó tarchur eolais ag ÚEUM a bheith de réir na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh 45/2001.

(14) Tá sé tábhachtach go n‑urramódh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta cearta do shaol príobháideach agus cosaint sonraí a gcliant. Ba cheart dóibh mar sin a bheith faoi cheangal ag rialacha diana ar rúndacht agus ar rúndacht ghairmiúil rud nár cheart, mar sin féin, bac a chur ar fhorfheidhmiú ceart an Rialacháin seo nó ar an gcomhoibriú leis an ngrúp-iniúchóir le linn feidhmiú na hiniúchóireachta ar ráitis airgeadais chomhdhlúite nuair atá an mháthairghnóthas i dtríú tír ar chuntar go gcomhlíontar Treoir 95/46/CE. Ach ní cheadódh rialacha dá leithéid d’iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta comhoibrí le húdaráis tríú tíre lasmuigh de na bealaí comhoibrithe a bhfuil coinne leo i gCaibidil XI de Threoir 2006/43/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha rúndachta sin freisin le haon iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta nach bhfuil baint níos mó aige le cúram iniúchóireachta sonrach.

(15) Beidh tuairim ar fhírinne agus ar chothroime ráiteas airgeadais eintiteas a ndéantar iniúchóireacht orthu de thoradh ar iniúchóireacht reachtúil. Ach d’fhéadfadh mar sin féin, nach mbeadh scairshealabhóirí ar an eolas faoi theorannú iniúchóireachta (ábharthacht, teicnící samplála, ról an iniúchóra i mbrath calaoise and freagracht bainisteoirí), ar féidir bearna ionchais a bheith mar thoradh orthu. Chun bearna dá leithéid a laghdú tá sé tábhachtach níos mó soiléireachta a sholáthar ar cad is raon feidhme iniúchóireachta reachtúla ann.

(16) Cé gur chóir don phríomhfhreagracht as seachadadh eolais airgeadais a bheith ar bhainistíocht na n‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht orthu, bíonn ról ag iniúchóirí trí dhúshlán gníomhach na bainistíochta a thabhairt ó pheirspictíocht an úsáideora de. Chun cáilíocht iniúchóireachta a fheabhsú tá sé tábhachtach mar sin go ndéantar athneartú ar an sceipteachas gairmiúil a chleachtann iniúchóirí vis‑à-vis an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart d’iniúchóirí an féidearthacht a aithint go bhféadfadh míráiteas ábhartha de bharr calaoise nó earráide a bheith ann, d’ainneoin táithí an iniúchóra san am atá caite ar fhírinne agus ar shláine bhainistíocht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart gur áirithiú cáilíochta iniúchóireachta an príomhchritéar leis an obair iniúchóireachta a eagrú agus leis na hacmhainní riachtanais do na cúraimí a leithdháileadh. Tá sláine an iniúchóra reachtúil, an ghnólachta reachtúil agus a bhfoirne ríthábhachtach chun muinín an phobail in iniúchóireachtaí reachtúla agus margaí airgeadais a áirithiú. Mar sin ba chóir aon teagmhas a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar shláine gníomhaíochtaí na hiniúchóireachta reachtúla a bhainistiú go cuí. Ba cheart don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta an obair iniúchóireachta a dhoiciméadú go cuí.

(17) I gcás na ráiteas airgeadais comhdhlúite, tá sé tábhachtach go mbeadh sainmhíniú soiléir ar fhreagrachtaí na n‑iniúchóirí reachtúla a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis éagsúla an ghrúpa. Chun na críche seo ba cheart don ghrúp-iniúchóir lánfhreagracht as an tuarascáil iniúchóireachta a ghlacadh.

(18) Ba ceart go gcuideodh athbhreithniú rialaithe cáilíochta inmheánach fónta ar an obair a rinneadh i ngach fostaíocht iniúchóireachta reachtúla le hiniúchóireacht ardcháilíochta. Mar sin níor cheart don iniúchóir nó don ghnólacht iniúchóireachta a t(h)uarascáil iniúchóireachta a eisiúint go dtí go mbíonn athbhreithniú rialaithe cáilíochta dá leithéid tugtha chun críche.

(19) Ba cheart torthaí na hiniúchóireachta reachtúla a chur i láthair na scairshealbhóirí sa tuarascáil iniúchóireachta. Chun muinín scairshealbhóirí i ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a mhéadú, tá sé tábhachtach go háirithe go mbeadh búnús maith leis an tuarascáil iniúchóireachta agus é réasúnaithe go dlúth agus go mbeadh a hábhar leathnaithe amach chun eolas sonrach breise faoin iniúchóireacht a rinneadh a bheith san áireamh ann. Ba cheart don tuarascáil iniúchóireachta go háirithe go leor eolais a bheith san áireamh inti ar an modheolaíocht a úsáideadh san iniúchóireacht, go háirithe cé mhéid den chlár comhardaithe a fíoraíodh agus cé mhéid a bunaíodh ar thástáil comhlíontachta agus córais, ar na leibhéil ábharthachta a feidhmíodh chun an iniúchóireacht a dhéanamh, ar na príomhréimsí riosca de mhíráitis ábhartha na ráiteas airgeadais chomhdhlúite agus bliantúla, ar cibé ar ceapadh an iniúchóireacht reachtúil le calaois a bhrath agus, i gcás tuairime diúltaí nó cáilithe nó séanadh tuairime, ar na fáthanna a bhí le cinneadh dá leithéid.

(20) Chuirfí go mór le luach na hiniúchóireachta reachtúla don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air dá n‑athneartófaí an chumarsáid idir an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, ar thaobh amháin, agus an coiste iniúchóireachta, ar an taobh eile. Anuas ar an idirphlé rialta le linn déanamh iniúchóireachta reachtúla, tá sé tábhachtach go gcuireann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta tuarascáil bhreise níos mionsonraithe ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla faoi bhráid an choiste iniúchóireachta. Ba cheart go mbeadh sé indéanta tuarascálacha mionsonraithe breise dá leithéid a chur ar fáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí, ach ní don phobal.

(21) Cuireann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta faisnéis faoi fhíricí nó faoi chinntí ar fáil cheana féin do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí a bhféadfadh a bheith ina sárú ar na rialacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó i lagú ar fheidhmiú leantach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Dhéanfaí cúraimí maoirseachta a éascú freisin dá gceanglófaí ar mhaoirseoirí institiúidí airgeadais agus creidmheasa idirphlé rialta a bhunú lena n‑iniúchóirí reachtúla agus a ngnólachtaí iniúchóireachta.

(22) Chun muinín sna hiniúchóirí reachtúla agus sna gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí, agus a ndliteanas, a mhéadú, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh méadú ar thuairisciú trédhearcachta iniuchóirí reachtúla agus gnólachtai iniúchóireachta. Dá bhrí sin ba cheart a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta faisnéis airgeadais a ndearnadh iniúchóireacht uirthi a nochtadh, a léiríonn go háirithe a láimhdeachas iomlán roinnte i dtáillí iniúchóireachta a d’íoc eintitis leasa phoiblí, táillí iniúchóireachta a d’íoc eintitis eile agus táillí do sheirbhísí eile. Ní mór dóibh freisin faisnéis airgeadais ag leibhéal an líonra lena mbaineann a nochtadh. Ba cheart tuarascálacha trédhearcachta gnólachtaí iniúchóireachta a chríochnú le ráiteas ar rialachas corparáideach d’fhonn a léiriú cibé an gcoimeádann an gnólacht iniúchóireachta na socruithe do rialachas corparáideach fónta. Ba cheart faisnéis fhorlíontach bhreise ar tháillí iniúchóireachta a sholáthar d’údaráis inniúla d’fhonn a gcúraimí maoirseachta a éascú.

(23) Tá ról cinntitheach ag coistí iniúchóireachta, nó comhlachtaí a mbíonn feidhm choibhéiseach leo laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, i rannchuidiú le hiniúchóireacht reachtúil d’ardeibhéal. Tá sé tábhachtach go háirithe neamhspleáchas agus inniúlacht theicniúil an choiste iniúchóireachta a athneartú trína cheangal go mbeadh formhór a chomhaltaí neamhspleách agus go mbeadh inniúlacht san iniúchóireacht ag comhalta amháin den choiste ar a laghad agus ag comhalta eile san iniúchóireacht agus/nó sa chuntasaíocht. Tá an chaoi ar cheart coistí iniúchóireachta a bhunú agus a fheidhmiú leagtha amach i Moladh ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2005, maidir le ról stiúrthóirí maoirseachta nó neamh‑fheidhmiúcháin cuideachtaí liostaithe agus maidir le coistí an bhoird (maoirseachta)[26]. Ach ag cur san áireamh diminsean na mbord i gcuideachtaí le caipitliú margaidh laghdaithe agus in eintitis leasa phoiblí bheaga agus meánmhéide, bheadh sé iomchuí gur féidir leis an gcomhlacht maoirseachta nó riaracháin ina iomlán na feidhmeanna a sannadh don choiste iniúchóireachta do na heintitis sin, nó do chomhlacht a dhéanann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart go mbeadh eintitis leasa phoiblí ar UCITS iad, nó cistí infheistíochta malartacha díolmhaithe freisin ón oibleagáid coiste iniúchóireachta a bheith acu. Cuireann an díolúine seo san áireamh i gcás go bhfeidhmíonn na cistí sin d’fhonn sócmhainní a chomhthiomsú amháin, nach bhfuil úsáid coiste iniúchóireachta iomchuí. Oibríonn UCITS agus cistí infheistíochta malartacha, mar aon lena gcuideachtaí bainistíochta, i dtimpeallacht rialála sainmhínithe go docht agus tá faoi réir sásra rialála sonrach mar shrianta arna bhfeidhmiú ag a dtaisceánach.

(24) Tá sé tábhachtach freisin go n‑athneartófaí ról an choiste iniúchóireachta i roghnú iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta nua, chun tairbhe cinneadh níos eolasaí ó chruinniú ginearálta de scairshealbhóirí nó comhaltaí den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Mar sin, agus moladh á dhéanamh don chruinniú ginearálta, ba cheart don bhord a mhíniú cibé an leanann sé moladh an choiste iniúchóireachta agus mura ndéanann, cén fáth nach ndéanann. Ba cheart do mholadh an choiste iniúchóireachta dhá rogha indéanta ar a laghad a áireamh don fhostaíocht iniúchóireachta agus fabhar fírinithe go cuí do cheann amháin acu, sa chaoi gur féidir leis an gcruinniú ginearálta rogha ceart a dhéanamh. Chun fírinniú cóir agus ceart a sholáthar dá mholadh, ba cheart don choiste iniúchóireachta torthaí nós imeachta roghnúcháin sainordaitheach a úsáid, a d’eagraigh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, faoi fhreagracht an choiste iniúchóireachta. I nós imeachta roghnúcháin dá leithéid, ba cheart don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cuireadh a thabhairt d’iniúchóirí reachtúla nó do ghnólachtaí iniúchóireachta, lena n‑áirítear cinn níos lú, tograí a chur ar fáil don fhostaíocht iniúchóireachta. Ní mór do dhoiciméid tairisceana critéir roghnaithe neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheith iontu le húsáid do mheasúnú tograí. Ach ag cur san áireamh go bhféadfadh an nós imeachta roghnaithe seo costais dhíréireacha a bheith bainteach leis do chuideachtaí le caipitliú margaidh laghdaithe nó d’eintitis leasa phoiblí bheaga agus meánmhéide, ag féachaint dá ndiminsin, tá sé iomchuí eintitis dá leithéid a scaoileadh ón oibleagáid seo.

(25) Ní bhainfeadh luach ar bith le ceart an chruinnithe ghinearálta scairshealbhóirí nó comhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a roghnú dá ngabhfadh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air isteach i gconradh le tríú páirtí ag soláthair srianadh ar rogha dá leithéid. Dá bhrí sin ba cheart go mbreithneofaí aon chlásail chonarthach a ndeachaigh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air isteach ann le tríú páirtí, maidir le ceapachán nó le srianadh rogha iniúchóra ar leith nó gnólacht iniúchóireachta, mar chlásail ar neamhní.

(26) Dá ndéanfadh an t‑eintiteas leasa phoiblí níos mó ná aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht iniúchóireachta amháin a cheapadh d'athneartófaí sceipteachas gairmiúil agus chuirfí feabhas ar cháilíocht iniúchóireachtaí. Ina theannta sin, ach an beart sin a chur i bhfeidhm agus gnólachtaí iniúchóireachta níos lú bheith ann, b'fhusa acmhainn na ngnólachtaí sin a mhéadú agus, ar an dóigh sin, an rogha iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireactha atá ar fáil d'eintitis leasa phoiblí a leathnú. Ba cheart, dá bhrí sin, na gnólachtaí sin a spreagadh agus dreasachtaí a thabhairt dóibh níos mó ná aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht iniúchóireachta amháin a cheapadh chun an iniúchadh a dhéanamh.

(27) Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt an róchaidrimh agus neamhspleáchas iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta a athneartú dá réir, tá sé tábhachtach uasfhad fostaíocht iniúchóireachta d’iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireacha a bhunú in eintiteas ar leith a bhfuil iniúchóireacht déanta air. Ba cheart sásra sealaíochta céimseach cuí a bhunú freisin maidir leis an bpearsanra is sinsearaí a mbaineann an iniúchóireacht reachtúil leo, lena n‑áirítear na príomhpháirtithe iniúchóireachta a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á dhéanamh acu thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta. Tá sé tábhachtach freisin d’fhoráil do thréimhse chuí ar laistigh di nach féidir le hiniúchóir reachtúil dá leithéid nó gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil den eintiteas céanna a dhéanamh. Chun aistriú réidh a chinntiú, ba cheart don iar-iniúchóir comhad aistrithe a aistriú leis an bhfaisnéis iomchuí don iniúchóir nua.

(28) Chun neamhspleáchas an iniúchóra a chosaint, tá sé tábhachtach nach féidir dífhostú a bheith ann ach sa chás go mbíonn bonn ceart leis agus go gcuirtear an bonn seo in iúl don údarás nó dona húdaráis atá freagrach as maoirseacht. I gcás go mbíonn bonn ceart ann ach nach ngníomhaíonn an t‑eintiteas a bhfuil iniúchóireacht déanta air, ba cheart go mbeadh de chumhacht ag an gcoiste iniúchóireachta, na scairshealbhóiri, na húdaráis inniúla a bhfuil freagracht acu as maoirseacht iniúchóirí agus ghnólachtaí iniúchóireachta nó na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht an eintitis leasa phoiblí, cás a thógáil os comhair cúirte náisiúnta ar dhífhostú an iniúchóra.

(29) Chun ardleibhéal infheisteora agus muinín an tomhaltóra sa mhargadh inmheánach a chinntiú trí choinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart go mbeadh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta faoi réir ag maoirseacht chuí ó údaráis inniúla atá neamhspleách ar ghairm na hiniúchóireachta agus a bhfuil cumas, saineolas agus acmhainní leordhóthanach acu. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis inniúla náisiúnta chun tabhairt faoina gcúraimí maoirseachta, lena n‑áirítear an cumas doiciméid a rochtain, faisnéis a éileamh ó aon duine agus cigireachtaí a dhéanamh. Ba cheart dóibh sainfheidhmiú i maoirseacht mhargaí airgeadais, i gcomhlíonadh oibleagáidí tuairiscithe airgeadais nó i bhformhaoirseacht iniúchóireachta reachtúil. Ina dhiaidh sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta go mbeadh an mhaoirseacht ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá leagtha ar eintitis leasa phoiblí á déanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht na n‑eintiteas sin. Ba cheart go mbeadh maoiniú na n‑údarás inniúla saor ó aon tionchar míchuí ionchais ó iniúchóirí reachtúla nó ó ghnólachtaí iniúchóireachta.

(30) Ba cheart go bhfeabhsódh cáilíocht na maoirseachta má bhíonn comhoibriú éifeachtach idir na húdaráis a bhfuil cúraimí éagsúla curtha orthu ag an leibhéal náisiúnta. Mar sin, ní mór do na húdaráis atá inniúil maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí ar iniúchóireacht reachtúil eintitis leasa phoiblí, comhoibriú leis na húdaraís atá freagrach as formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta, leo siúd atá ag déanamh maoirseachta ar eintitis leasa phoiblí agus leis na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais dá dtagraítear i dTreoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2006 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais d’fhonn sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí[27].

(31) Is rud bunúsach é dearbhú cáilíochta seachtrach don iniúchóireacht reachtúil le haghaidh iniúchóireachta ardcháilíochta. Cuireann sé inchreidteacht le faisnéis airgeadais foilsithe agus soláthraíonn cosaint níos fearr scairshealbhóirí, infheisteoirí, creidiúnaithe agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart mar sin d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta a bheith faoi réir chóras dearbhú cáilíochta faoi fhreagracht na n‑údarás inniúla, oibiachtúlacht agus neamhspleáchas ó ghairm na hiniúchóireachta á áirithiú ar an mbealach seo. Ba cheart athbhreithnithe dearbhú cáilíochta a eagrú ar bhealach go mbeidh gach iniúchóir reachtúil nó gach gnólacht iniúchóireachta atá i mbun iniúchóireachtaí eintitis leasa phoiblí faoi réir ag athbhreithniú dearbhú cáilíochta gach trí bliana ar a laghad. Soláthraíonn Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2008 maidir le dearbhú cáilíochta seachtrach d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí[28] faisnéis ar an gcaoi ar chóir tabhairt faoi chigireachtaí. Ní mór d’athbhreithnithe dearbhú cáilíochta a bheith comhréireach i gcomhthéacs scála agus castachta gnó an ghnólachta iniúchóireachta nó an iniúchóra reachtúil a ndearnadh athbhreithniú orthu.

(32) Cuidíonn cigireachtaí chun déanamh neamhleor na hiniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a bhrath, a chosc agus a cheartú. Mar sin ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla cigireachtaí ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanamh.

(33) Tagann athrú ar an margadh le haghaidh soláthar seirbhísí iniúchóireachta d’entitis leasa phoiblí le himeacht ama. Tá sé riachtanach mar sin go ndéanann údaráis inniúla faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh, go háirithe maidir le rogha iniúchóra a d’fhéadfadh a bheith teoranta and na rioscaí a éiríonn ó chomhdhlúthacht ard margaidh.

(34) Féadfaidh forléasadh gnólachtaí iniúchóireachta tábhachtacha cur isteach ar sholáthar seirbhísí iniúchóireachta sa mhargadh agus d’fhéadfadh carnadh struchtúrtha breise riosca sa mhargadh a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla, mar ghníomh coisctheach, iarraidh ar na gnólachtaí iniúchóireachta is mó i ngach Ballstát pleananna teagmhais a chur ar bun ag tabhairt aghaidh ar imeacht a d’fhéadfadh bagairt ar leanúnachas oibríochtaí an ghnólachta lena mbaineann. Féadfaidh pleananna dá leithéid bearta a aithint chun teip ordúil an ghnólachta lena mbaineann a ullmhú.

(35) Ní mór do thrédhearcacht ghníomhaíochtaí údarás inniúla rannchuidiú chun muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach a mhéadú. Ba cheart mar sin go gceanglófaí ar údaráis inniúla tuairisc rialta a thabhairt ar a ngníomhaíochtaí agus tuarascálacha cigireachtaí aonair a fhoilsiú.

(36) Féadfaidh an comhoibriú idir údaráis inniúla na mBallstát rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh trí ardcháilíocht chomhsheasmhach a áirithiú in iniúchóireacht reachtúil an Aontais. Dá bhrí sin ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát comhoibriú lena chéile, nuair is cuí, d’fhonn a ndualgais mhaoirseachta maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh. Ba cheart dóibh urraim a thabhairt do phrionsabal rialáil tíre baile agus formhaoirseachta ag an mBallstáit ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta formheasta agus a bhfuil oifig chláraithe ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. D’fheabhsófaí an comhoibriú idir údaráis inniúla cuid mhór dá n‑eagrófaí é laistigh de chreat an Chomhchoiste d’Údaráis Eorpacha Mhaoirseachta (ESA), faoi cheannaireacht an Údaráis Eorpaigh Urrúis agus Margaí (ÚEUM) curtha ar bun ag Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (an tÚdarás Eorpach Urrúis agus Margaí)[29]. Ba cheart d’ÚEUM, le cúnamh ón Údarás Eorpach Baincéireachta (EBA) curtha ar bun ag Rialachán (AE) Uimh 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (Údarás Eorpach Baincéireachta)[30] agus don Údarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach (ÚÁPGE) curtha ar bun ag Rialachán (AE) Uimh 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (Údarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach)[31], rannchuidiú leis an gcomhoibriú sin trí chomhairle agus trí threoirlínte a sholáthar d’údaráis inniúla náisiúnta.

(37) Ba cheart do raon feidhme an chomhoibrithe idir údaráis inniúla na mBallstát na nithe seo a leanas a áireamh: malartú faisnéise, comhoibriú maidir le hathbhreithnithe dearbhú cáilíochta, cúnamh d’imscrúduithe bainteach le déanamh iniúchóireachtaí reachtúla eintiteas leasa phoiblí, lena n‑áirítear i gcásanna nach ionann an t‑iompar atá faoi imscrúdú agus sárú aon fhoráil reachtach nó rialála i bhfeidhm sna Ballstáit lena mbaineann agus pleanáil teagmhasach. D’fhéadfaí go n‑áireofaí ar rialacha mionsonraithe an chomhoibrithe idir údaráis inniúla na mBallstát cruthú coláistí údarás inniúla agus tarmligean cúraimí ina measc féin. Ba cheart coincheap an líonra ina n‑oibríonn iniúchóirí agus gnólachtaí a chur san áireamh i gcomhoibriú dá leithéid. Ba cheart d’údaráis inniúla agus Údaráis Eorpacha Mhaoirseachta meas a bheith acu ar rúndacht iomchuí agus ar rialacha rúndachta gairmiúla.

(38) Ba cheart go n‑éascódh aitheantas inniúlachta iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintiteas leasa phoiblí, rochtain iniúchóirí agus gnólachtaí ar chliaint eile. Dá bhrí sin ta sé tábhachtach soláthar do Theastas Cáilíochta de dhiminsean Eorpach ar chóir d’ÚEUM a fhorbairt. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla bainteach le scrúdú na n‑iarratas ar an teastas.

(39) Éilíonn idirghaol margaí caipitil go ndéanfaí údaráis inniúla náisiunta agus na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta a chumasú chun comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta agus comhlachtaí tríú tíre maidir le malartú faisnéise nó athbhreithnithe dearbhú cáilíochta. Ina dhiaidh sin, i gcás go mbaineann an comhoibriú le húdaráis tríú tíre le páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá á gcoinneáil ag iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, ba chóir go mbeadh feidhm le nósanna imeachta Treoir 2006/43/CE..

(40) D'fhonn feidhmiú rianúil na margaí caipitil a áirithiú tá gá le hacmhainn iniúchóireachta chobhsaí agus margadh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla atá iomaíoch agus ina bhfuil rogha leathan a dóthain de chomhlachtaí iniúchóireachta atá in ann iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí. Ba cheart don ÚEUM tuairisciú ar na hathruithe a thagann ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta de thoradh an Rialacháin seo. Ba cheart don ÚEUM a chur san áireamh sa tuairisciú sin an tionchar atá ag rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta iniúchóirí reachtúla ar an margadh iniúchóireachta. Ar bhonn an tuairiscithe sin agus ar bhonn fianaise eile iomchuí, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh ar an tionchar atá ag rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta iniúchóirí reachtúla ar struchtúr an mhargaidh, agus ba cheart dó na bearta a dhéanamh a mheasann sé a bheith iomchuí i bhfianaise chinntí na tuarascála sin.

(41) Chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a fheabhsú agus tar éis Cumarsáid ón gCoimisiun an 9 Nollaig 2010 dar teideal ‘Athneartú córas smachtbhanna san earnáil airgeadais'[32], ba cheart an chumhacht chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus cumhachtaí smachtbhannaí údaráis inniúla a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh coinne le smachtbhannaí airgid riaracháin ar iniúchóirí reachtúla, ar ghnólachtaí iniúchóireachta agus ar eintitis leasa phoiblí do shárú sainaitheanta. Ní mór do na húdaráis inniúla a bheith trédhearcach faoi na smachtbhannaí agus na beartais a fheidhmíonn siad. Ba cheart go n‑urramódh glacadh agus foilsiú smachtbhannaí cearta bunúsacha mar atá leagtha síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart um meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart um chosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8) agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime (Airteagal 47).

(42) Féadfaidh sceithirí faisnéis nua a chur faoi bhráid údarás inniúla a chuidíonn leo mírialtachtaí a bhrath agus smachtbhannaí a chur orthu, lena n‑áirítear calaois. Ach d’fhéadfadh go ndíspreagfaí sceithiri ó sin a dhéanamh ar fhaitíos an díoltais, nó d’fhéadfadh go mbeadh easpa dreasachta ann é sin a dhéanamh. Ba cheart do Bhallstáit mar sin a áirithiú go bhfuil socruithe leordhóthanacha ann le sceithirí a spreagadh chun iad a chur ar an airdeall faoi shárú ionchasach an Rialacháin seo agus chun iad a chosaint ar dhíoltas. Féadfaidh Ballstáit dreasachtaí a chur ar fáil dóibh freisin chun déanamh amhlaidh; ach níor cheart do sceithirí a bheith incháilithe do dhreasachtaí dá leithéid ach amháin nuair a thugann siad faisnéis nua chun solais nach bhfuil oibleagáid orthu cheana a chur in iúl agus sa chás go mbíonn smachtbhanna faoi shárú an Rialacháin seo mar thoradh ar an bhfaisnéis. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú freisin go n‑áirítear sna scéimeanna sceithireachta a fheidhmíonn siad, sásra a sholáthraíonn cosaint iomchuí do dhuine a ndearnadh tuairisciú faoi, go háirithe maidir le ceart um chosaint a shonraí pearsanta agus nósanna imeachta chun ceart um chosaint an duine a ndearnadh tuairisciú faoi a áirithiú, agus go dtabharfaí éisteacht dó roimh ghlacadh cinnidh atá bainteach leis mar aon leis an gceart chun leigheas éifeachtach a lorg os comhair binse fiosraithe maidir le cinneadh a bhaineann leis.

(43) Chun forbairtí san iniúchóireacht agus sa mhargadh iniúchóireachta a chur san áireamh ní mór don Choimisiún an chumhacht a bheith aige ceanglais theicniúla a shonrú ar inneachar an chomhaid aistrithe gur cheart don iniúchóir reachtúil nua nó gnólacht iniúchóireachta nua a fháil agus ar bhunú deimhniú cáilíochta Eorpach d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí.

(44) Chun féachaint d’fhorbairtí teicniúla sna margaí airgeadais, san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta agus chun ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a shonrú, ní mór don Choimisiún an chumhacht a bheith aige glacadh le gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Go háirithe tá úsáid gníomhartha tarmligthe riachtanach chun liosta na seirbhísí iniúchóireachta gaolmhara agus seirbhísí neamh‑iniúchóireachta chomh maith, a oiriúnú mar aon le leibhéal na dtáillí a leagan síos a bhféadfadh ÚEUM a ghearradh as seachadadh an Deimhniú Cáilíochta Eorpach d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(45) Chun cinnteacht dhlíthiúil agus an t‑aistriú réidh chuig an gcóras a tugadh isteach faoin Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go dtabharfaí córas aistrithe isteach maidir le teacht i bhfeidhm na hoibleagáide sealaíocht a dhéanamh ar ghnólachtaí iniúchóireachta, an oibleagáid nós imeachta a eagrú chun gnólacht iniúchóireachta a roghnú, agus tiontú gnólachtaí iniúchóireachta ina ngnólachtaí a chuirfeadh seirbhísí iniúchóireachta amháin ar fáil.

(46) Os rud é nach féidir le Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is iad sin ról na hiniúchóireachta reachtúla maidir le heintitis leasa phoiblí a shoiléiriú, an fhaisnéis a chuireann an t‑iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta ar fáil don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, infheisteoirí agus páirtithe leasmhara eile a fheabhsú, na bealaí cumarsáide idir iniúchóirí agus maoirseoirí eintitis leasa phoiblí a fheabhsú, aon choinbhleacht leasa ag éirí as soláthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta d’eintitis leasa phoiblí a chosc, baol aon choinbhleacht leasa ionchasach ag éirí as an gcóras láithreach “roghnaíonn agus íocann an t‑iniúchaí an t‑iniúchóir” nó as bagairt ó róchaidreamh a mhaolú, malartú iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta agus rogha soláthraí iniúchóireachta d’eintitis leasa phoiblí a éascú, rogha soláthraithe iniúchóireachta d’eintitis leasa phoiblí a mhéadú agus éifeachtúlacht, neamhspleáchas agus comhsheasmhacht rialachán agus maoirseacht iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a sholáthraíonn iniúchóireachtaí reachtúla d’eintitis leasa phoiblí a fheabhsú lena n‑áirítear maidir le comhoibrí ag leibhéal an Aontais, a bhaint amach go leordhóthanach agus ar féidir dá bhrí sin, mar gheall ar a scála, a bhaint amach níos fearr ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, de réir prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal in, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(47) Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus urramaíonn na prionsabail a shainaithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart um meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart um chosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8), an saoirse chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16), agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime (Airteagal 47), toimhde na neamhchiontachta agus an ceart um chosaint (Airteagal 48), prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis (Airteagal 49), an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail nó a phionósú faoi dhó i ngeall leis an gcion céanna (Airteagal 50), agus caithfear é a fheidhmiú de réir na gceart agus na bprionsabal sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Teideal I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagann an Rialachán seo síos ceanglais do dhéanamh iniúchóireachta reachtúil ar ráitis airgeadais chomhdlúite agus bhliantúla eintitis leasa phoiblí, rialacha ar eagrúchán agus roghnúchán iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí chun a neamhspleáchas agus seachaint coinbhleachta leasa a chur chun cinn agus rialacha ar mhaoirseacht chomhlíonadh na gceanglas sin ag iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.           Tá feidhm ag an Rialachán seo le seo a leanas:

(a)     iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí;

(b)     eintitis leasa phoiblí.

2.           Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2006/43/CE.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm leis na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, seachas na sainmhínithe ar ‘thuarascáil iniúchóireachta’ agus ‘údarás inniúil’.

Airteagal 4

Eintitis leasa phoibli mhóra

Chun críocha an Rialacháin seo, clúdóidh ‘eintitis leasa phoiblí mhóra’ seo a leanas

(a)          i ndáil le heintitis a shainmhínítear i bpointe 13(a) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, an 10 eisitheoir scaireanna is mó i ngach Ballstát arna dtomhas ag caipitliú an mhargaidh ar bhonn luachan dheireadh na bliana agus i gcás gach eisitheora scaireanna a raibh meánchaipitliú margaidh sa bhreis ar EUR 1 000 000 000 acu ar bhonn luachan dheireadh na bliana do na trí bliana féilire roimhe sin;

(b)          i ndáil le heintitis a shainmhínítear i bpointí 13(b) go (f) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, aon eintiteas a bhfuil ar dháta a chláir chomhardaithe iomlán cláir chomhardaithe sa bhreis ar EUR 1 000 000 000 acu;

(c)          i ndáil le heintitis a shainmhínítear i bpointí 13(g) agus (h) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, aon eintiteas a bhfuil ar dháta a chláir chomhardaithe sóchmhainní iomlána faoi bhainistíocht sa bhreis ar EUR 1 000 000 000 acu.

Teideal II

Coinníollacha do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí

CAIBIDIL I

NEAMHSPLEÁCHAS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA A SHEACHAINT

Airteagal 5

Neamhspleáchas agus oibiachtúlacht

Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta gach beart is gá chun a chinntiú nach gcuirtear as do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintiteas leasa phoiblí ag aon choinbhleacht leasa nó gnó, reatha nó ionchasach, nó caidreamh eile bainteach leis an iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta atá ag déanamh na hiniúchóireachta reachtúla agus, nuair is cuí, an líonra, na bainisteoirí, na hiniúchóirí, na fostaithe, agus aon daoine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí faoi réir ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta nó faoina rialú, nó aon duine atá nasctha le rialú go díreach nó go hindíreach leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta.

Airteagal 6

Eagrú inmheánach iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta

1. Comhlíonfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta na ceanglais eagraíochtúla seo a leanas:

(a)     bunóidh gnólacht iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú nach gcuireann a úinéirí nó scairshealbhóirí nó comhaltaí de chomhlachtaí maoirseachta, bainistíochta nó riaracháin na gnólachta, nó gnólachta comhcheangailte, isteach ar dhéanamh iniúchóireachta reachtúla ar aon bhealach a chuireann neamhspleáchas agus oibiachtúlacht an iniúchóra reachtúil a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann na gnólachta iniúchóireachta i mbaol;

(b)     beidh nósanna imeachta cuntasaíochta agus riaracháin fónta ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta, sásra faireacháin inmheánach, nósanna imeachta éifeachtúlacha do mheasúnú riosca, agus socruithe cosanta agus rialaithe éifeachtúla do chórais phróiseála faisnéise.

Ceapfar an sásra faireacháin inmheánach sin chun comhlíonadh cinntí agus nósanna imeachta a áirithiú ag gach leibhéal den ghnólacht iniúchóireachta nó de struchtúr oibre an iniúchóra reachtúil.

Feidhmeoidh agus coinneoidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta nósanna imeachta cinnteoireachta agus struchtúir eagraíochtúla a shonraíonn línte tuairiscithe agus a leithdháileann feidhmeanna agus freagraíochtaí go soiléir agus ar bhealach doiciméadaithe;

(c)     bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú go bhfuil faisnéis agus taithí chuí do na dualgais a shanntar dóibh ag a c(h)uid fostaithe nó ag aon daoine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí faoina réir nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí na hiniúchóireachta reachtúla;

(d)     bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú nach ndéantar seachfhoinsiú feidhmeanna iniúchóireachta tábhachtacha ar bhealach a dhéanfadh dochar do cháilíocht rialaithe inmheánaigh an iniúchóra reachtúil nó na gnólachta iniúchóireachta agus do chumas na n‑údarás inniúla maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an iniúchóra reachtúil nó na gnólachta iniúchóireachta maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo;

(e)     bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta socruithe riaracháin agus eagraíochtúla atá éifeachtach agus iomchuí chun aon bhagairtí ar neamhspleáchas dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a chosc, a shainaithint, a dhíchur nó a bhainistiú agus a nochtadh;

(f)      bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta nósanna imeachta agus caighdeáin iomchuí do dhéanamh iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí, d’oiriniú, do mhaoirseacht agus d’athbhreithniú gníomhaíochtaí fostaithe agus d’eagrú struchtúr an chomhaid iniuchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(5);

(g)     bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta córas rialaithe cáilíochta inmheánaigh chun cáilíocht na hiniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a áirithiú. Clúdóidh an córas rialaithe cáilíochta na nósanna imeachta agus na caighdeáin a ndéantar cur síos orthu i bpointe (f) ar a laghad. I gcás gnólachta iniúchóireachta, beidh freagracht an chórais rialaithe cáilíochta inmheánaigh ar dhuine a cháilíonn mar iniúchóir reachtúil;

(h)     úsáidfidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí chun leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtai iniúchóireachta reachtúla a áirithiú;

(i)      bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta beartas chun bac a chur ar a rannpháirtíocht agus rannpháirtíocht a fhostaithe in aon chion coiriúil nó i sárú dlí i ndéanamh a gcuid oibre. Bunóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta socruithe riaracháin agus eagraíochtúla freisin atá éifeachtach agus iomchuí chun deileáil le teagmhais a raibh nó a bhféadfadh go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha acu ar shláine a g(h)níomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla agus taifead a dhéanamh orthu;

(j)      beidh beartais luach saothair leordhóthanacha ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta lena bhforáiltear dreasacht feidhmíochta leordhóthanach chun cáilíocht iniúchóireachta a áirithiú. Go háirithe ní bheidh cúiteamh agus measúnú feidhmíochta fostaithe teagmhasach ar mhéid an ioncaim a fhaigheann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ón eititeas a ndéantar iniúchóireacht air;

(k)     déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta faireachán agus meastóireacht ar leordhóthanacht agus ar éifeachtúlacht a c(h)óras, a rialaithe inmheánaigh agus a shásra rialaithe cáilíochta inmheánaigh agus socruithe a bunaíodh de réir an Rialacháin seo agus glacfaidh bearta cuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh. Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta go háirithe, measúnú bliantúil ar an gcóras rialaithe cáilíochta inmheánach dá dtagraítear i bpointe (g). Coinneoidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta taifid de chinntí an mheasúnaithe sin agus aon bheart molta chun an córas rialaithe cáilíochta inmheánach a mhionathrú.

Déanfar na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhoiciméadú agus a chur in iúl d’fhostaithe an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta.

Ní chuirfidh aon seachfhoinsiú feidhmeanna iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) isteach ar dhliteanas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta i dtaca leis an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air.

2. Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta san áireamh a m(h)éid agus castacht a g(h)níomhaíochtaí agus ceanglais mír 1 den Airteagal eo á gcomhlíonadh.

Beidh an t‑iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta ábalta a léiriú don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) go bhfuil comhlíonadh dá leithéid comhréireach le méid agus le castacht ghníomhaíochtaí an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta.

Airteagal 7

Neamhspleáchas ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air

1.           Beidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta agus aon sealbhóir cearta vótála i ngnólacht iniúchóireachta, neamhspleách ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus ní bheidh siad bainteach le cinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

2.           Ní cheannóidh nó ní dhíolfaidh nó ní bheidh páirt ag iniúchóir reachtúil, ag gnólacht iniúchóireachta, a bpríomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta, a bhfostaithe mar aon le haon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí faoi réir nó faoi rialú iniúchóir nó gnólacht dá leithéid agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla, agus daoine atá bainteach go dlúth leo laistigh de bhrí Airteagail 1(2) ó Threoir 2004/72/CE ón gCoimisiún[33], in aon idirbheart in aon ionstraim airgeadais a eisítear, a urraítear nó a dtacaítear leis ag aon eintiteas a dhéantar iniúchóireacht air laistigh dá réimse gníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla seachas sealúchas i gcomhscéimeanna infheistíochta éagsúlaithe, lena n‑áirítear cistí bainistithe mar chistí pinsin nó árachas saoil.

3.           Ní bheidh daoine nó gnólachtaí dá dtagraítear i mír 2 rannpháirteach i gcinneadh nó ní ghabhfaidh siad i bhfeidhm ar aon bhealach eile ar chinneadh iniúchóireachta reachtúla ar aon eintiteas ar leith a ndéantar iniúchóireacht air:

(a)     más leo ionstraimí airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, seachas sealúchas i ngnóthas comhinfheistíochta éagsúlaithe;

(b)     más leo ionstraimí airgeadais aon eintitis atá bainteach le heintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, a bhféadfadh go mbeadh a n‑úinéireacht ina choinbhleacht leasa, nó a bhféadfadh go mbrathfaí go forleathan iad mar choinbhleacht leasa, seachas sealúchas eile i ngnóthas comhinfheistíochta éagsúlaithe;

(c)     má bhí fostaíocht, gnó nó caidreamh eile leis an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air le deireanaí a bhféadfadh bheith ina chúis nó go mbrathfaí go forleathan é a bheith ina chúis choinbhleachta leasa

4.           Ní dhéanfaidh daoine nó gnólachtaí dá dtagraítear i mír 2 airgead, bronntanais nó fabhair a shireadh ná a ghlacadh ó aon duine a bhfuil caidreamh conartha ag an iniúchóireacht reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta leis.

5.           Ní bheidh feidhm le bearta náisiúnta ar eiticí gairmiúla arna achtú de bhun Airteagal 21(1) de Threoir 2006/43/CE nach bhfuil ag luí le mír 2, 3 agus 4.

Airteagal 8

Fostú iar-iniúchóirí reachtúla nó fostaithe iniúchóirí nó gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí

1            Níor cheart d’iniúchóir reachtúil nó príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí thar ceann gnólachta iniúchóireachta, sula mbíonn tréimhse dhá bhliain ar a laghad caite ó d’éirigh sé nó sí as mar iniúchóir reachtúil nó príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta ón ngnóthas iniúchóireachta, dul i mbun aon cheann de na dualgais seo a leanas:

(a)     príomhphost bainistíochta a ghabháil san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(b)     teacht chun a bheith ina c(h)omhalta de choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, nó i gcás nach ann do choiste dá leithéid, den chomhlacht a dhéanann feidhmeanna is comhionann le coiste iniúchóireachta;

(c)     teacht chun a bheith ina c(h)omhalta neamh‑fheidhmiúcháin den chomhlacht riaracháin nó ina c(h)omhalta de chomhacht maoirseachta eintitis iniúchóireachta.

2.           Níor cheart d’fhostaithe iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí mar aon le duine nádúrtha ar bith eile a gcuirtear a seirbhísí faoi réir nó faoi rialú iniúchóir nó gnólacht dá leithéid, nuair atá fostaithe dá leithéid nó daoine nádúrtha eile formheasta go pearsanta mar iniúchóirí reachtúla, sula mbíonn tréimhse bliana ar a laghad caite ó bhí sé nó sí bainteach go díreach le gníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla, dul i mbun aon cheann de na dualgais dá dtagraítear i bpointí (a), b) agus (c) de mhír 1.

Airteagal 9

Táillí Iniúchóireachta

1.           Ní táillí teagmhasacha a bheidh i dtáillí d’fhoráil iniúchóireachtaí reachtúla d’eintitis leasa phoiblí.

Chun críocha an chéad fhomhír, ciallaíonn táillí teagmhasacha táillí do ghnóthais iniúchóireachta bunaithe ar bhonn réamhchinntithe bainteach lena thiocfadh as nó le toradh idirbhearta nó le toradh na hoibre a rinneadh. Ní mheasfar táillí a bheith teagmhasach más cúirt nó údarás inniúil a bhunaigh iad.

2.           I gcás go soláthraíonn iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(2), beidh na táillí do sheirbhísí dá leithéid teoranta do nach mó ná 10 % de na táillí íoctha ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air don iniúchóireacht reachtúil.

3.           Nuair is ionann na táillí iomlána a fhaightear ón eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir na hiniúchóireachta reachtúla agus níos má ná 20 % nó, do dhá bhliain as a chéile, níos mó ná 15 % de na táillí bliantúla iomlána a fhaigheann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil, nochtóidh an t‑iniúchóir sin nó an gnólacht sin do choiste iniúchóireachta an fíoras gurb ionann iomlán na dtáillí sin agus níos mó ná 20 % nó 15 %, mar is cuí, de na táillí iomlána a fuair an gnólacht agus rachfar i mbun na bpléití dá dtagraítear in Airteagal 11(4)(d). Breithneoidh an coiste iniúchóireachta cibé an mbeidh an fhostaíocht iniúchóireachta faoi réir ag athbhreithniú rialaithe cáilíochta ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile roimh eisiúint na tuarascála iniúchóireachta.

Nuair is ionann na táillí iomlána a fhaightear ó eintiteas leasa phoiblí faoi réir ag an iniúchóireacht reachtúil, do dhá bhliain as a chéile, agus 15 % nó níos mó de na táillí bliantúla iomlána a fhaigheann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil, déanfaidh an t‑iniúchóir nó an gnólacht an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a chur ar an eolas ina leith. Déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) cinneadh ar bhonn foras oibiachtúil arna soláthar ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint de bheith ag déanamh iniúchta go ceann tréimhse breise nach mbeidh níos faide, i ngach cás, ná dhá bhliain.

I gcás go mbíonn an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air díolmhaithe ón oibleagáid coiste iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht nó orgán an eintitis a ghabhfaidh i dteagmháil leis an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta chun críocha na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo.

Airteagal 10

Cosc ar sholáthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta

1.           Aon iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí, féadfaidh siad seirbhísí iniúchóireachta reachtúla agus seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialáilte.

I gcás go mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil le líonra, féadfaidh aon chomhalta den líonra sin seirbhísí iniúchóireachta reachtúla nó seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas.

2.           Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara:

(a)     iniúchóireacht nó athbhreithniú ar ráitis airgeadais eatramhacha;

(b)     dearbhú a sholáthar ar ráitis rialachais chorparáideacha;

(c)     dearbhú a sholáthar ar chúrsaí freagrachta sóisialta corparáideacha;

(d)     dearbhú nó rianú a sholáthar ar thuairisciú rialaithe chuig rialtóirí institiúidí airgeadais lasmuigh de raon feidhme na hiniúchóireachta reachtúla agus é ceaptha cuidiú le rialtóirí a ról a chomhlíonadh, mar shampla ar riachtanais chaipitiúla nó ar chiondáil sóchmhainneachta shonracha a chinneann cé chomh dóchúil is a bheidh go leanfaidh gnóthas ag freastal ar a oibleagáidí fiachais;

(e)     deimhniú maidir le comhlíonadh ceanglas cánach a sholáthar i gcás ina gceanglaítear sin faoin dlí náisiúnta;

(f)      aon dualgas reachtúil eile a bhaineann le hobair iniúchóireachta arna fhorchur ag reachtaíocht an Aontais ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta.

3.           Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil ná gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí aon seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad a sholáthar go díreach ná go hindíreach don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialáilte.

I gcás go mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil le líonra, ní fhéadfaidh aon chomhalta den líonra sin aon seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas.

Chun críocha an Airteagail seo ciallóidh seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad:

(a) seirbhísí faoi deara coinbhleacht leasa i ngach cás:

(i) seirbhísí saineolais nach mbaineann le hiniúchóireacht, sainchomhairliúchán cánach, bainistiú ginearálta ná le seirbhísí eile comhairleacha;

(ii) leabharchoimeád agus ullmhú taifid chuntasaíochta agus ráiteas airgeadais:

(iii) ceapadh agus feidhmiú nós imeachta rialaithe inmheánaigh nó bainistithe riosca bainteach le hullmhú agus/nó rialú faisnéise airgeadais a áirítear sna ráitis airgeadais;

(iv) seirbhísí luachála, agus tuairimí maidir le cothroime agus tuarascálacha ar ranníocaíochtaí comhchineáil a sholáthar;

(v) seirbhísí achtúireacha agus seirbhísí dlí, lena n‑áirítear réiteach dlíthíochta;

(vi) córais faisnéise teicneolaíochta d'eintitis leasa phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 2(13)(b) go (j) de Threoir 2006/43/CE a cheapadh agus a chur chun feidhme;

(vii)       rannpháirteacht in iniúchóireacht inmheánach chliaint na hiniúchóireachta agus i soláthar seirbhísí bainteach leis an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaigh:

(viii)      seirbhísí a bhaineann le bróicéirí nó déileálaithe, le comhairleoirí infheistíochta, nó le baincéireacht infheistíochta;

(b) seirbhísí faoi deara coinbhleacht leasa :

(i) human resources services, including recruiting senior management; seirbhísí acmhainní daonna, lena n‑áirítear baill foirne den bhainistíocht shinsearach a earcú;

(ii) litreacha suaimhnis a sholáthar d’infheisteoirí i gcomhthéacs eisiúint urrúis idirbhirt;

(iii) córais faisnéise teicneolaíochta d'eintitis leasa phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 2(13)(a)de Threoir 2006/43/CE a cheapadh agus a chur chun feidhme;

(iv) seirbhísí díchill chuí don díoltóir nó taobh an cheannaigh de chumaisc agus eadálacha ionchasacha agus dearbhú a sholáthar ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air do pháirtithe eile ag idirbheart corparáideach nó airgeadais;

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na seirbhísí atá luaite i bpointe (b)(iii) agus (iv) a sholáthar, faoi réir réamhcheadú an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na seirbhísí atá luaite i bpointe (b)(i) agus (ii) a sholáthar, faoi réir réamhcheadú an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán seo.

4.           Nuair a dhéanann comhalta den líonra lena mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta atá ag déanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintiteas leasa phoiblí seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad a sholáthar do ghnóthas incorpraithe i dtríú tír arna rialú ag an eintiteas leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht air, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta lena mbaineann measúnú an gcuirfeadh soláthar seirbhísí dá leithéid ag comhalta den líonra as dá neamhspleáchas.

Má chuirtear isteach ar a neamhspleáchas, cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm chun na bagairtí a d’éirigh ó sholáthar seirbhísí dá leithéid i dtríú tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint leis an iniúchóireacht reachtúil a bhí á déanamh ar an eintiteas leasa phoiblí ach amháin más féidir leis nó léi a fhírinniú, de réir Airteagal 11, nach gcuireann an soláthar seirbhísí sin isteach ar a b(h)reithiúnas gairmiúil agus ar an tuarascáil iniúchóireachta.

Breithneofar rannpháirteacht i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointí (ii) agus (iii) de mhír 3(a) mar chur isteach ar an neamhspleáchas i ngach cás.

Féadefar a mheas go gcuireann soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (iv) go (viii) de mhír 3(a), isteach ar an neamhspleáchas sin.

Féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta dul i gcomhairle leis an údarás inniúil le tuairim a fháil ar an saincheist seo.

5.           I gcás go ngineann gnólacht iniúchóireachta níos mó ná aon trian dá ioncam iniúchóireachta bliantúil ó eintitis leasa phoiblí mhóra agus go mbaineann sé le líonra a bhfuil comhioncam iniúchóireachta bliantúil ag a gcomhaltaí ar mó ná EUR 1 500 milliún laistigh den Aontas Eorpach, comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)     ní sholáthróidh sé go díreach nó go hindíreach seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad d’aon eintiteas leasa phoiblí;

(b)     ní bhainfidh sé le líonra a sholáthraíonn seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad laistigh den Aontas;

(c)     ní shealbhóidh aon eintiteas a sholáthraíonn na seirbhísí atá liostaithe i mír 3, go díreach nó go hindíreach, breis agus 5 % den chaipiteal nó de na cearta vótála sa ghnólacht iniúchóireachta;

(d)     na heintitis a sholáthraíonn na seirbhísí atá liostaithe i mír 3, ní shealbhóidh siad i dteannta a chéile go díreach ná go hindíreach níos mó ná 10 % de chaipiteal ná de chearta vótála an ghnólachta iniúchóireachta;

(e)     ní shealbhóidh an gnólacht iniúchóireachta sin go díreach nó go hindíreach breis agus 5 % den chaipiteal nó de na cearta vótála in aon eintiteas a sholáthraíonn na seirbhísí atá liostaithe i mír 3.

6.           Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 68 a ghlacadh d’fhonn an liosta seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara dá dtagraítear i mír 2 agus liosta na seirbhísí neamh‑iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal eo a oiriúnú. Agus cumhachtaí dá leithéid á n‑úsáid, cuirfidh an Coimisiún forbairtí san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta san áireamh.

Airteagal 11

Ullmhú don iniúchóireacht reachtúil agus measúnú ar bhagairtí ar an neamhspleáchas

1.           Roimh ghlacadh nó leanúint le fostaíocht d’iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an méid seo a leanas a mheasúnú agus a dhoiciméadú:

– an gcomhlíonannn sé nó sí ceanglais eagraíochtúla inmheánacha Airteagal 6;

– an gcomhlíonann sé nó sí ceanglais Airteagail 7, 9 agus 10;

– an bhfuil na fostaithe inniúla, an t‑am agus na hacmhainní aige nó aici an iniúchóireacht a dhéanamh ar bhealach iomchuí;

– i gcás gnólachta iniúchóireachta, an bhfuil an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta formheasta mar iniúchóir reachtúil sa Bhallstát a dteastaíonn an iniúchóireacht reachtúil uathu;

– an gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 33;

– gan dochar do Threoir 2005/60//CE, sláine an eintitis leasa phoiblí.

2.           Measúnóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an bhfuil bagairtí ann dá neamhspleáchas nó nach bhfuil.

Ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht reachtúil má tá aon chaidreamh airgeadais, gnó, fostaíochta nó eile, díreach nó indíreach, idir an t‑iniúchóir reachtúil, an gnólacht iniúchóireachta, nó líonra agus an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a bhféadfadh tríú páirtí eolasach, réasúnta agus oibiachtúil a bhaint de thátal as gur imríodh tionchar ar neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta.

Má chuireann bagairtí féin‑athbhreithnithe nó féinleasa isteach ar neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil.

Má chuireann bagairtí abhcóideachta, róchaidrimh nó iontaoibhe nó imeaglaithe as do neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm leis na bagairtí sin a mhaolú. Má tá brí na mbagairtí i gcomparáid leis na coimircí a chuirtear i bhfeidhm de chineál go n‑imrítear tionchar ar a neamhspleáchas, ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil.

3.           Coinneoidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta taifid ar na measúnaithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus déanfaidh doiciméadacht sna páipéirí oibre iniúchóireachta ar gach bagairt shuntasach ar a neamhspleáchas mar aon leis na coimircí a cuireadh i bhfeidhm leis na bagairtí sin a mhaolú.

4            Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta:

(a)     dearbhú bliantúil i scríbhinn a thabhairt don choiste iniúchóireachta ar a neamhspleáchas ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(b)     dearbhú bliantúil i scríbhinn a thabhairt don choiste iniúchóireachta ar ainmneacha na gcomhpháirtithe iniúchóireachta, bainisteoir sinsearach agus bainisteoir na croí-foirne a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil, ag deimhniú nach bhfuil aon choinbhleactaí leasa ann;

(c)     cead a iarraidh ón gcoiste iniúchóireachta an tseirbhís nach seirbhís iniúchóireachta í dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(i) agus (ii) a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(d)     cead a iarraidh ón údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 36(1) na seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(iiii) a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air

(e)     na bagairtí ar a neamhspleáchas agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú, mar atá doiciméadaithe acu de bhun mír 3, a phlé leis an gcoiste iniúchóireachta.

I gcás go bhfuil díolúine ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ón oibleagáid coiste iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht nó orgán den eintiteas a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a sannadh don choiste iniúchóireachta sa mhír seo.

CAIBIDIL II

RÚNDACHT AGUS RÚNDACHT GHAIRMIÚIL

Airteagal 12

Rúndacht agus rúndacht ghairmiúil

Ní dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, lena n‑áirítear iad siúd nach bhfuil ag gabháil a thuilleadh do shannadh iniúchóireachta áirithe agus iar-iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, na rialacha ar rúndacht agus ar rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2006/43/CE a agairt chun feidhmiú forálacha an Rialacháin seo a chosc.

Airteagal 13

Nochtadh d’iniúchóirí tríú tíre agus d’údaráis tríú tíre

1.           I gcás go ndéanann iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht ar eintiteas leasa phoiblí ar chuid de ghrúpa gnóthas é a bhfuil a mháthairghnóthas lonnaithe i dtríú tír, ní chuirfidh na rialacha rúndachta agus rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2006/43/CE bac ar aistriú ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta, de dhoiciméadú iomchuí den obair iniúchóireachta a rinneadh don ghrúp-iniúchóir lonnaithe i dtríú tír má tá an doiciméadacht sin riachtanach go heisiach d’ullmhú na hiniúchóireachta ar ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthairghnóthais.

Ní mór d’aistriú faisnéise don ghrúp-iniúchóir lonnaithe i dtríú tír Caibidil IV de Threoir 95/46/CE agus na rialacha náisiúnta is infheidhme ar chosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh.

2.           Ní fhéadfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí a d’eisigh urrúis i dtríú tír nó ar chuid de ghrúpa é a eisíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite reachtúla i dtríú tír, na páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile bainteach le hiniúchóireacht an eintitis sin a shealbhaíonn sé/sí, a aistriú chuig na húdaráis inniúla sna tríú tíortha iomchuí faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.

CAIBIDIL III

FEIDHMIÚ NA HINIÚCHÓIREACHTA REACHTÚLA

Airteagal 14

Raon feidhme na hiniúchóireachta reachtúla

1.           Agus iniúchóireacht reachtúil á déanamh ar eintiteas leasa phoiblí, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na bearta is gá d’fhonn tuairim a bheith acu faoi an dtugann ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bliantúla an eintitis leasa phoiblí dearcadh cothrom agus cóir de réir an chreat tuairiscithe airgeadais iomchuí agus, nuair is cuí, cibé an gcomhlíonann na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla na ceanglais reachtúla dá dtagraítear in Airteagal 22.

Áireofar ar na bearta sin ceann amháin ar a laghad de na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 15 go 20.

Léireofar tuairim an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta de réir Airteagail 21 go 25.

2.           Gan dochar do na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23, ní áireofar i raon feidhme na hiniúchóireachta reachtúla an dearbhú ar inmharthanacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, sa todhchaí, ná ar an éifeachtacht nó ar an éifeachtúlacht lenar sheol nó lena sheolfaidh an bhainistíocht nó an comhlacht riaracháin gnóthaí an eintitis.

Airteagal 15

Sceipteachas gairmiúil

Agus an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí á dhéanamh, cothóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta sceipteachas gairmiúil le linn na hiniúchóireachta, an féidearthacht á sainaithint go bhféadfadh míráiteas ábhartha a bheith ann, ag éirí as fíricí nó iompar a léiríonn mírialtachtaí, lena n‑áirítear calaois nó earráid, d’ainneoin taithí an iniúchóra nó an ghnólachta san am atá caite ar fhírinne agus ar ionracas bhainistíocht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus na ndaoine a bhfuil cúram a rialachais leagtha orthu.

Cothóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta sceipteachas gairmiúil go háirithe agus athbhreithniú á dhéanamh ar mheastacháin bhainistíochta a bhaineann le luachanna cothroime agus lagú cáilmheasa and le sreabhadh airgid todhchaí agus soláimhsithe eile bainteach le breithniú an ghnóthais leantaigh.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn ‘sceipteachas gairmiúil’ dearcadh lena n‑áirítear intinn a cheisteodh cúrsaí, a bheith san airdeall ar choinníollacha a d’fhéadfadh míráiteas ionchasach a léiriú ag éirí as caolaois nó earráid, agus measúnú criticiúil ar fhianaise iniúchóireachta.

Airteagal 16

Eagrúchán na hoibre

1.           I gcás gur gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, ainmneoidh an gnólacht iniúchóireachta sin príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta amháin ar a laghad. Cuirfidh an gnólacht iniúchóireachta acmhainní leordhóthanacha ar fáil don chomhpháirtí (do na comhpháirtithe) iniúchóireachta ainmnithe, lena (n)dualgais a dhéanamh go cuí.

Cáilíocht iniúchóireachta, neamhspleáchas agus inniúlacht a áirithiú a bheidh mar phríomhchritéir ag an ngnólacht iniúchóireachta chun an príomh‑chomhpháirtí/na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta atá le hainmniú a roghnú.

Beidh an comhpháirtí (na comhpháirtithe) ainmnithe bainteach go gníomhach le déanamh na hiniúchóireachta reachtúla.

2.           Sa chás go ndéanann iniúchóir reachtúil an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, caithfidh sé nó sí go leor ama leis an bhfostaíocht agus sannfaidh go leor acmhainní i measc a f(h)ostaithe chun a d(h)ualgais a chomhlíonadh go cuí,

3.           Coinneoidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifid de na cásanna nuair nach n‑urramaíonn a bhfostaithe an Rialachán seo. Coinneoidh siad taifid freisin ar aon iarmhairt de thoradh air sin lena n‑áirítear na bearta a rinneadh i leith na bhfostaithe sin agus na bearta a rinneadh chun an córas rialaithe cáilíochta inmheánach a mhodhnú. Ullmhóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an comhlacht iniúchóireachta tuarascáil bhliantúil le forléargas ar aon bhearta dá leithéid a rinneadh agus é sin a chur in iúl do na fostaithe.

Nuair a lorgaíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta comhairle ó shaineolaithe seachtracha, déanfaidh sé nó sí an t‑iarratas a rinneadh agus an chomhairle a fuarthas a dhoiciméadú.

4.           Coinneoidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta taifead de chuntas cliaint. Áireofar na sonraí seo a leanas do gach cliant iniúchóireachta sa taifead sin:

(a)     ainm, seoladh agus láthair an ghnó;

(b)     i gcás gnólachta iniúchóireachta, na príomh‑chomhpháirtithe (an príomh‑chomhpháirtí) iniúchóireachta;

(c)     na táillí a gearradh ar an iniúchóireacht reachtúil agus na táillí a gearradh ar sheirbhísí eile in aon bhliain airgeadais.

5.           Cruthóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta comhad iniúchóireachta do gach iniúchóireacht reachtúil a dhéantar. Beidh na sonraí agus na doiciméid seo a leanas ar a laghad sa chomhad iniúchóireachta, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach:

(a)     an conradh idir an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta agus an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, agus aon leasuithe a ghabhann leis;

(b)     an comhfhreagras leis an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil;

(c)     plean iniúchóireachta a leagan amach raon feidhme agus modh dóchúil na hiniúchóireachta reachtúla;

(d)     cur síos ar nádúr agus ar mhéid na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta a rinneadh;

(e)     dátaí tosaithe agus críochnaithe na gcéimeanna de nósanna imeachta na hiniúchóireachta a leagadh amach sa phlean iniúchóireachta;

(f)      príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a rinneadh;

(g)     na tátail a baineadh as na cinntí dá dtagraítear faoi phointe (f);

(h)     tuairim an iniúchóra reachtúil nó an phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta arna bhfianú trí na dréachtanna de na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23;

(i)      na sonraí a taifeadadh de bhun Airteagal 11(3), Airteagal 16(3), Airteagail 17 agus 18 agus 19(6);

(j)      sonraí agus doiciméid ábhartha eile a bhfuil tábhacht leo mar thaca leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23 agus d’fhaireachán comhlíontachta an Rialacháin seo agus ceanglais dlíthiúla infheidhmithe eile.

Dúnfar an comhad iniúchóireachta tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dáta na tuarascála iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 a shíniú.

6.           Coinneoidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifid d’aon ghearáin faoi fheidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla.

Airteagal 17

Sláine an mhargaidh

1.           I gcás ina dtarlaíonn teagmhais a raibh nó a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige do shláine ghníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla iniúchóra reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta, déanfaidh iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta seo a leanas:

(a)     taifead an teagmhais a choinneáil;

(b)     bearta iomchuí a dhéanamh d’fhonn iarmhairtí an teagmhais a bhainistiú agus aon atarlú a chosc;

(c)     an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a chur ar an eolas faoin teagmhas.

Áireofar sa taifead dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír fíorais agus tosca an teagmhais, eolas faoin duine nó na daoine a bhí bainteach leis agus mionsonraí na mbeart a rinneadh de bhun pointe (b) den fhomhír sin.

2.           Gan dochar do Threoir 2005/60/CE, i gcás go mbíonn amhras ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, nó go mbíonn forais réasúnacha aige a bheith in amhras faoi fhíorais nó iompar a léiríonn neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois maidir le ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, a bheith á ndéanamh nó gur féachadh lena ndéanamh, cuirfidh sé nó sí in iúl don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus iarrfar air an cás a fhiosrú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le neamhrialtachtaí dá leithéid agus chun atarlú neamhrialtachtaí dá leithéid a chosc sa todhchaí.

I gcás nach bhfiosraíonn an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air an cás nó nach ndéanann sé bearta ar bith, nó sa chás go gcreideann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nach leor na bearta a rinne an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air chun déileáil le neamhrialtachtaí dá leithéid, cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar eintitis leasa phoiblí ar an eolas faoi na neamhrialtachtaí sin.

Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do na húdaráis inniúla ag an iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta, d’aon fhíoras dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar shrianta dlíthúla nó conarthaigh ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar bith leis na daoine sin.

Airteagal 18

Iniúchóireacht ráiteas airgeadais comhdhlúite

1            I gcás iniúchóireachta reachtúla na ráiteas airgeadais comhdhlúite de ghrúpa gnóthas nuair is eintiteas leasa phoiblí an máthairghnóthas, déanfaidh an grúp-iniúchóir seo a leanas:

(a)     freagracht iomlán a ghlacadh don tuarascáil iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 agus don tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 23 maidir leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite;

(b)     pé obair iniúchóireachta a dhéanann iniúchóirí tríú tíre, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre a dhoiciméadú chun críocha na grúp-iniúchóireachta;

(c)     athbhreithniú a dhéanamh agus doiciméadacht a choinneáil ar a (h)athbhreithniú ar an obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) tríú tíre, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre chun críocha na grúp-iniúchóireachta. Cuirfidh an doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir ar chumas an údaráis inniúil iomchuí obair an ghrúp-iniúchóra a athbhreithniú mar is ceart.

Chun críocha pointe (c) den chéad fhomhír, áiritheoidh an grúp-iniúchóir comhaontú iniúchóir(í) tríú tíre, iniúchóra reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre d’aistriú doiciméadachta iomchuí le linn stiúradh na hiniúchóireachta ar ráitis airgeadais chomhdhlúite, mar choinníoll d’iontaoibh an ghrúpiniúchóra as obair iniúchóir(í) na tríú tíre sin, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre.

2.           I gcás nach bhfuil an grúp-iniúchóir in ann pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh, glacfaidh sé nó sí na bearta cuí agus cuirfidh sé sin in iúl don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) dá réir.

D’fhéadfadh go n‑áireofaí ar na bearta sin obair iniúchóireachta reachtúil bhreise a dhéanamh, go díreach nó trí sheachfhoinsiú cúraimí dá leithéid, sa bhfochuideachta iomchuí den eintiteas leasa phoiblí.

3.           I gcás go mbíonn an grúpiniúchóir faoi réir ag athbhreithniú dearbhú cáilíochta nó imscrúdaithe maidir le hiniúchóireacht reachtúil ráiteas airgeadais comhdhlúite de ghrúpa gnóthas nuair is eintiteas leasa phoiblí an máthairghnóthas, cuirfidh an grúpiniúchóir an doiciméadacht iomchuí ar fáil don údarás inniúil, nuair a iarrtar é, a choinníonn sé nó sí bainteach leis an obair iniúchóireachta a dhéanann iniúchóir(í) tríú tíre, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre chun críocha na grúpiniúchóireachta, lena n‑áiritear páipéir oibre is iomchuí don ghrúpiniúchóireacht.

Iarrfaidh an t‑údarás inniúil doiciméadacht bhreise ar an obair iniúchóireachta a rinne an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó gnólacht(aí) iniúchóireachta chun críocha na grúpiniúchóireachta do na húdaráis inniúla iomchuí de bhun Caibidil III de Theideal IV den Rialachán seo.

I gcás go ndéanann iniúchóir(í) nó eintiteas(is) iniúchóireachta ó thríú tír iniúchóireacht ar chomhpháirt de ghrúpghnóthais, iarrfaidh an t‑údarás inniúil doiciméadacht bhreise ar an obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) tríú tíre nó eintiteas(is) iniúchóireachta tríú tíre do na húdaráis inniúla iomchuí ó thríú tíortha trí na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.

De mhaolú ar an tríú fomhír, nuair a dhéanann iniúchóir(í) nó eintiteas(is) iniúchóireachta ó thríu tír nach bhfuil aon socruithe oibre acu dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE ar chomhpháirt de ghrúpa gnóthas, beidh an grúpiniúchóir, nuair a iarrfar air é, freagrach as a áirithiú go seachadtar i gceart an doiciméadacht bhreise den obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) nó eintiteas(is) tríú tíre, lena n‑áirítear na páipéir oibre is iomchuí don ghrúpiniúchóireacht. Chun an seachadadh sin a áirithiú, coinneoidh an grúpiniúchoir cóip den doiciméadacht sin, nó ina mhalairt de chás, tiocfaidh sé ar shocrú le hiniúchóir(í) nó eintiteas(is) iniúchóireachta tríú tíre, maidir le rochtain neamhshrianta ar é a iarraidh, nó aon ghníomh iomchuí eile a ghlacadh. I gcás nach féidir páipéir oibre iniúchóireachta a aistriú ó thríú tír go dtí an grúpiniúchóir, ar bhonn dlithiúil nó eile, áireofar sa doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir fianaise go bhfuil sé nó sí tar éis dul i mbun na nósanna imeachta cuí chun rochtain a fháil ar an doiciméadacht iniúchóireachta, agus i gcás bac seachas cinn dlíthiúla ag éirí as reachtaíocht na tríú tíre, fianaise a thacaíonn leis an mbac sin.

Airteagal 19

Athbhreithniú rialaithe cáilíochta inmheánach

1.           Sula n‑eisítear na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23, ba cheart athbhreithniú rialaithe cáilíochta inmheánach a dhéanamh chun a mheas cibé an bhféadfadh an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a bheith tagtha le réasún ar an tuairim agus na cinntí a áiríodh i ndréacht na dtuarascálacha seo.

2.           Déanfaidh athbhreithnitheoir rialaithe cáilíochta inmheánach an t‑athbhreithniú rialaithe cáilíochta inmheánach. Is iniúchóir reachtúil a bheidh san athbhreithnitheoir nach bhfuil bainteach le feidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla lena mbaineann an t‑athbhreithniú cáilíochta inmheánach.

3.           Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an rialú cáilíochta inmheánach, déanfaidh an t‑athbhreithnitheoir an méid seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:

(a)     an fhaisnéis scríofa agus ó bhéal a chuir an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta ar fáil chun tacú le príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin, cibé an ar iarratas ón athbhreithnitheoir rialaithe cáilíochta inmheánach nó nach ea;

(b)     na ráitis airgeadais a ndéantar iniúchóireacht orthu;

(c)     príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin;

(d)     tuairimí an iniúchóra reachtúil nó an phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta mar a léiríodh i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23;

4.           Déanfaidh an t‑athbhreithniú rialaithe cáilíochta inmheánach measúnú ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)     neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(b)     na rioscaí suntasacha a shainaithin an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta le linn déanamh na hiniúchóireachta reachtúla agus na bearta atá déanta aige nó aici chun na rioscaí sin a bhainistiú go leordhóthanach;

(c)     réasúnaíocht an iniúchóra reachtúil nó an phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta, go háirithe maidir leis an ábharthacht agus leis na rioscaí suntasacha dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)     aon iarratas ar chomhairle ó shaineolaithe seachtracha agus feidhmiú na comhairle sin;

(e)     nádúr agus raon feidhme na míráiteas ceartaithe agus gan a bheith ceartaithe sna ráitis airgeadais a sainaithníodh le linn déanamh an iniúchóireachta;

(f)      na hábhair a pléadh leis an gcoiste iniúchóireachta agus le bainistíocht agus/nó comhlachtaí maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(g)     na hábhair a pléadh le húdaráis inniúla agus, más infheidhme, le tríú páirtithe eile;

(h)     cibé an léiríonn na doiciméid agus an fhaisnéis a roghnaíodh ón gcomhad na seasaimh a thóg na fostaithe a bhí páirteach san iniúchóireacht go sásúil, agus cibé an dtacaíonn na doiciméid agus an fhaisnéis sin le tuairim an iniúchóra reachtúil nó príomh‑chomhpháirtí mar a léirítear é i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23.

5.           Pléifidh an t‑athbhreithnitheoir rialaithe cáilíochta inmheánach torthaí an athbhreithnithe rialaithe cáilíochta inmheánaigh leis an iniúchóir reachtúil nó leis an bpríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta. Cinnfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an nós imeachta a leanfar nuair nach n‑aontaíonn an t‑athbhreithnitheoir agus an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta faoi thorthaí an athbhreithnithe.

6.           Coinneoidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifead de thorthaí an athbhreithnithe rialaithe cáilíochta inmheánaigh, in éineacht le bunbhreithniú na dtorthaí sin.

Airteagal 20

Úsáid caighdeán idirnáisiúnta ar iniúchóireacht

Comhlíonfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE agus iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí á dhéanamh, chomh fada agus a thagann na caighdeáin sin le ceanglais an Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

TUAIRISCIÚ INIÚCHÓIREACHTA

Airteagal 21

Torthaí na hiniúchóireachta reachtúla

Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla i láthair sna tuarascálacha seo a leanas:

– tuarascáil iniúchóireachta de réir Airteagal 22;

– tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta de réir Airteagal 23.

Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla i láthair an choiste iniúchóireachta de réir Airteagal 24 agus maoirseoirí eintiteas leasa phoiblí de réir Airteagal 25.

Airteagal 22

Tuarascáil Iniúchóireachta

1.           Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla ar an eintiteas leasa phoiblí i láthair i dtuarascáil iniúchóireachta.

2.           Beidh an tuarascáil iniúchóireachta i scríbhinn. Ba chóir di ar a laghad:

(a)     an t‑eintiteas a bhfuil iniúchóireacht déanta ar a ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla a shainaithint;

(b)     na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla a shonrú mar aon leis an dáta agus an tréimhse a chlúdaíonn siad;

(c)     i gcás go bhfuil athbhreithniú déanta ar thuarascálacha breise, raon feidhme an athbhreithnithe sin a mhíniú;

(d)     an comhlacht laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a cheap an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta a shainaithint;

(e)     dáta an cheapacháin agus an tréimhse fostaíochta neamhbhriste iomlán lena n‑áirítear athnuachan agus athcheapacháin roimhe seo a shonrú;

(f)      tabhairt le fios go ndearnadh an iniúchóireacht reachtúil i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht dá dtagraítear in Airteagal 20;

(g)     an creat tuairiscithe airgeadais a feidhmíodh in ullmhú na ráiteas airgeadais a shainaithint;

(h)     cur síos a dhéanamh ar an modheolaíocht a úsáideadh, lena n‑áiritear cé mhéid den chlár comhardaithe a fíoraíodh go díreach agus cé mhéid atá bunaithe ar thástáil chomhlíontachta agus córais;

(i)      aon éagsúlacht in ualú tástála comhlíontachta agus substaintí agus é á chur i gcomparáid leis an mbliain roimhe a mhíniú, fiú má rinne iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla) nó gnólacht(aí) iniúchóireachta eile iniúchóireacht reachtúil na bliana roimhe;

(j)      mionsonraí an leibhéil ábharthachta a feidhmíodh leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh a leagan amach;

(k)     príomhréimsí riosca miráitis ábhartha na ráiteas airgeadais comhdhlúite nó bliantúla a shainaithint, lena n‑áirítear meastacháin chuntasaíochta chriticiúla nó réimsí neamhchinnteachta tomhais;

(l)      ráiteas a sholáthar ar staid an eintitis a bhfuil iniúchóireacht déanta air, nó i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis airgeadais chomhdhlúite, an mháthairghnóthais agus an ghrúpa, go háirithe measúnú ar chumas an eintitis nó an mháthairghnóthais agus an ghrúpa freastal ar a (n)oibleagáidí sa todhchaí is intuartha agus leanúint orthu mar sin mar ghnóthas leantach;

(m)    córas rialaithe an eintitis, nó i gcás ráiteas airgeadais comhdhlúite, an mháthairghnóthais a mheasúnú, lena n‑áirítear easnaimh rialaithe inmheánacha shuntasacha a aithníodh le linn na hiniúchóireachta reachtúla, mar aon leis an gcóras cuntasaíochta agus leabharchoimeádta;

(n)     míniú a thabhairt ar a mhéid ar ceapadh an iniúchóireacht reachtúil chun neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a bhrath;

(o)     aon sárú ar rialacha cuntasaíochta nó sárú dlíthe nó na n‑Airteagal ar chorprú, cinntí beartais cuntasaíochta agus nithe eile a bhfuil suntas ag baint leo do rialachas an eintitis a shonrú agus a mhíniú;

(p)     deimhniú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta i gcomhréir leis an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 23;

(q)     dearbhú nár soláthraíodh na seirbhísí neamh‑iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus go raibh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta neamhspleách go hiomlán i gcónaí agus an iniúchóireacht á déanamh. I gcás gur gnólacht iniúchóireachta a rinne an iniúchóireacht reachtúil, sainaithneoidh an tuarascáil gach comhalta den fhoireann fostaíochta iniúchóireachta agus deimhneoidh go raibh na comhaltaí go léir neamhspleách go hiomlán i gcónaí and nach raibh leas díreach nó indíreach acu san eintiteas a bhfuil iniúchóireacht déanta air;

(r)      na seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta í dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(i) agus (ii) agus a cheadaigh an coiste iniúchóireachta don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireachta air a lua;

(s)     na seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta í dá dtagraítear in Airteagal10(3)(b)(iii) agus a cheadaigh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireachta air a lua;

(t)      tuairim a thabhairt a dheimhneoidh go soiléir tuairim an iniúchóra reachtúil (na n‑iniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta cibé acu an dtugann na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla dearcadh fíor agus cothrom agus ar ullmhaíodh iad de réir an chreat tuairiscithe airgeadais iomchuí, agus, nuair is iomchuí, cibé an gcomhlíonann na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla na ceanglais reachtúla; is tuairim neamhcháilithe, cháilithe, tuairim chodarsnach nó mura féidir leis an iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta a thabhairt, séanadh tuairime a bheidh sa tuairim iniúchóireachta. I gcás tuairime cáilithe nó tuairime codarsnaí nó séanadh tuairime, míneoidh an tuarascáil na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin;

(u)     tagairt do chúrsaí ar bith a dtarraingíonn an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta aird orthu trí bhéim a chur orthu gan an tuairim iniúchóireachta a cháiliú;

(v)     tuairim a thabhairt maidir le comhsheasmhacht nó eile na tuarascála bliantúla leis na ráitis airgeadais bhliantúla don bhliain fhioscach chéanna;

(w)    an áit ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta bunaithe.

3.           I gcás go gceaptar níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin chun iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar an eintiteas leasa phoiblí, aontóidh siad ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla agus cuirfidh siad chomhthuarascáil agus comhthuairim ar fáil. I gcás easaontais, cuirfidh gach iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a t(h)uairim ar leith féin ar fáil. Má cháilíonn iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin a t(h)uairim, má chuireann sé nó sí tuairim chodarsnach nó séanadh tuairime ar fáil, breithneofar an tuairim fhoriomlán mar cháilithe, mar thuairim chodarsnach nó séanadh tuairime. I mír ar leith deimhneoidh gach iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta cúiseanna an easaontais.

4.           Ní bheidh an tuarascáil iniúchóireachta níos faide ná ceithre leathanach nó 10000 carachtar (gan spásanna). Ní bheidh aon trasthagairtí ann don tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 23.

5.           Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta ainm agus dáta leis an tuarascáil iniúchóireachta. I gcás gur gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil, beidh an tuarascáíl iniúchóireachta sínithe ar a laghad ag an iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta.

6.           Ní bheidh feidhm maidir le tuarascálacha iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí ag Airteagal 35 de Threoir [XXX] maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cinéalacha áirithe gnóthas.

7.           Ní bhainfidh an t‑iniúchóir reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta úsáid as ainm aon údaráis inniúil ar bhealach a léireodh nó a thugadh formhuiniú nó formheas don tuarascáil iniúchóireachta ón údarás sin le fios.

Airteagal 23

Tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta

1.           Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) a sheolann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhreise a thíolacadh do choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

Más rud é nach bhfuil coiste iniúchóireachta ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, tíolacfar an tuarascáil bhreise don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air.

Ceadófar don choiste iniúchóireachta nó don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha an tuarascáil bhreise a tharchur chuig comhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

Déanfar an tuarascáil bhreise a nochtadh do chruinniú ginearálta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air más rud é go gcinneann comhlacht bainistíochta nó riaracháin an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air déanamh amhlaidh.

2.           Is i scríbhinn a bheidh an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta. Tabharfar míniú mionsonraithe sainráite inti ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla a rinneadh agus, ar a laghad, déanfar an méid seo a leanas inti:

(a)     áireofar dearbhú neamhspleáchais inti de réir mar a fhoráiltear ina leith sin i bpointe (q) d’Airteagal 22(2);

(b)     sainaithneofar dátaí na gcruinnithe leis an gcoiste iniúchóireachta nó leis an gcomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(c)     sainaithneofar dátaí na gcruinnithe, más ann, le comhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(d)     tuairisceofar an nós imeachta maidir le ceapacháin;

(e)     tuairisceofar idirdhealú na gcúraimí i measc an iniúchóra reachtúil (na n‑iniúchóirí reachtúla) agus/nó an ghnólachta iniúchóireachta (na ngnólachtaí iniúchóireachta);

(f)      léireofar agus míneofar breithiúnais maidir le héiginnteacht ábharthach a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chumas an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach;

(g)     déanfar cinneadh mionsonraithe i dtaobh an dtaispeántar cuibheas sa leabharchoimeád, sa chuntasaíocht, sna doiciméid iniúchta go léir, sna ráitis bhliantúla airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite airgeadais agus sna tuarascálacha breise a d’fhéadfadh a bheith ann;

(h)     léireofar agus míneofar go mionsonraithe gach cás ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh, lena n‑áirítear cásanna neamhábharthacha a mhéid a mheastar go bhfuil tábhacht leis an méid sin don choiste iniúchóireachta chun a chúraimí a chomhall;

(i)      déanfar measúnú ar na modhanna luachála a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hítimí éagsúla sna ráitis bhliantúla airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite airgeadais, lena n‑áirítear aon tionchar a bhainfeadh le hathruithe ar na modhanna sin;

(j)      soláthrófar mionsonraí iomlána na ráthaíochtaí go léir, na litreacha sóláis go léir, na ngealltanas go léir maidir le hidirghabháil phoiblí agus na mbeart eile tacaíochta go léir a rabhthas ag brath orthu nuair a bhí measúnú á dhéanamh ar ghnóthas leantach;

(k)     daingneofar an tinreamh ar stocáireamh agus, chomh maith leis sin, ar gach ócáid eile inar tharla fíorúchán fisiciúil, i gcás inar tharla stocáireamh nó fíorúcháin den sórt sin iarbhír;

(l)      i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, léireofar agus míneofar prionsabail an chomhdhlúthúcháin ;

(m)    i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, léireofar cén obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) tríú tír, iniúchóir Reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas (eintitis) iniúchóireachta tríú tír nó gnólacht(aí) iniúchóireachta;

(n)     tabharfar léiriú i dtaobh an ndearna an t‑eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air na mínithe agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar.

3.           I gcás easaontais idir na iniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a cheaptar, ar easaontas é maidir le nósanna imeachta iniúchóireachta, le rialacha cuntasaíochta nó le haon saincheist eile a bhaineann le seoladh na hiniúchóireachta reachtúla, déanfar na cúiseanna leis an easaontas sin a mhíniú sa tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta.

4.           Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) an tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta a shíniú agus a dhátú. I gcás ina seolann gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil, is é nó í nó iad, ar a laghad, a shíneoidh an tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta ná an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) a sheolann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta.

5.           Arna iarraidh sin, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) an tuarascáil bhreise a chur ar fáil gan mhoill do na húdaráis inniúla.

Airteagal 24

Formhaoirseacht ag an gcoiste iniúchóireachta ar an iniúchóireacht reachtúil

Déanfaidh coiste iniúchóireachta an eintitis leasa phoiblí faireachán ar obair an iniúchóra reachtúil (na n‑iniúchóirí reachtúla) nó an ghnólachta iniúchóireachta (na ngnólachtaí iniúchóireachta) a sheolann an iniúchóireacht reachtúil.

Tabharfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) tuarascáil don choiste iniúchóireachta maidir le nithe tábhachtacha a éiríonn as an iniúchóireacht reachtúil, agus go háirithe maidir le laigí ábharthacha i rialú inmheánach i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe airgeadais. Arna iarraidh sin ag aon cheann de na páirtithe, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) na nithe sin a phlé leis an gcoiste iniúchóireachta.

Déanfaidh an coiste iniúchóireachta comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a chur ar an eolas faoi thoradh na hiniúchóireachta reachtúla. Tabharfaidh an coiste iniúchóireachta míniú i dtaobh conas a rannchuidigh an iniúchóireacht reachtúil le hiomláine an tuairiscithe airgeadais agus cén ról a bhí aige sa phróiseas sin.

I gcás ina ndéantar an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a dhíolmhú ón oibleagáid chun coiste iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht nó cén t‑orgán de chuid an eintitis a dhéanfaidh teagmháil leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta chun críocha na n‑oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal eo.

Airteagal 25

Tuarascáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí

1.           Gan dochar d’Airteagal 55 de Threoir 2004/39/CE, d’Airteagal 53 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34], d’Airteagal 15(4) de Threoir 2007/64/CE, d’Airteagal 106 de Threoir 2009/65/CE, don chéad mhír d’Airteagal 3 de Threoir 2009/110/CE agus d’Airteagal 72 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35], beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta a sheolann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí chun tuarascáil a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar eintitis leasa phoiblí faoi aon fhíoras nó faoi aon chinneadh a bhaineann leis an eintiteas leasa phoiblí sin agus a bhfuil sé nó sí tagtha ar an eolas faoi le linn an iniúchóireacht reachtúil sin a sheoladh agus ar fíoras nó cinneadh é is dóigh a bheith ina chúis le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)     sárú ábharthach ar na dlíthe, ar na rialacháin nó ar na forálacha riaracháin lena leagtar síos, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha lena rialaítear údarú ghníomhaíochtaí an eintitis leasa phoiblí sin nó lena ndéantar saothrú na ngníomhaíochtaí sin a rialú go sonrach;

(b)     lagú fheidhmiú leantach an eintitis leasa phoiblí;

(c)     diúltú ráitis airgeadais a dheimhniú, sin nó forchoimeádais a léiriú.

Beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta freisin chun tuarascáil a thabhairt faoi aon fhíorais nó faoi aon chinntí a dtagann sé nó sí ar an eolas fúthu le linn iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ghnóthas a bhfuil dlúthbhaint aige leis an eintiteas leasa phoiblí a bhfuil iniúchóireacht reachtúil á seoladh aige nó aici air freisin.

2.           Déanfaidh údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais idirphlé rialta a bhunú leis na hiniúchóirí reachtúla agus leis na gnólachtaí iniúchóireachta a sheolann iniúchóireacht reachtúil ar na hinstitiúidí agus ar na gnóthais sin.

Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, déanfaidh ÚBE agus ÚEÁPC treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 faoi seach.

3.           I gcás ina ndéanfadh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta aon fhíoras nó aon chinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó aon fhíoras a nochtadh de mheon macánta do na húdaráis inniúla le linn an idirphlé a shamhlaítear i mír 2, ní hionann an nochtadh sin agus sárú ar aon srian conarthach nó dlíthiúil agus ní bheidh aon dliteanas d’aon chineál ar na daoine sin dá bharr.

CAIBIDIL V

TUAIRISCIÚ AG INIÚCHÓIRÍ REACHTÚLA AGUS AG GNÓLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA AR MHAITHE LE TRÉDHEARCACHT AGUS COIMEÁD TAIFEAD

Airteagal 26

Faisnéis airgeadais a nochtadh

1.           Déanfaidh gnólacht iniúchóireachta a sheolann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a thuarascáil bhliantúil airgeadais, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2004/109/CE, a phoibliú ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais.

Déanfaidh iniúchóirí reachtúla a sheolann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a ráiteas bliantúil ioncaim a fhoilsiú.

2.           Sa tuarascáil bhliantúil airgeadais agus sa ráiteas bliantúil ioncaim, taispeánfar an láimhdeachas iomlán arna roinnt i dtáillí ó iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí agus ar eintitis a bhaineann le grúpa gnóthas ar eintiteas leasa phoiblí a máthairghnóthas, i dtáillí ó iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas eile agus i dtáillí arna muirearú i ndáil le seirbhísí gaolmhara iniúchóireachta airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 10(2).

Déanfar an tuarascáil bhliantúil airgeadais nó an ráiteas bliantúil ioncaim a iniúchadh i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

3.           I gcás inar cuid de ghréasán an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an fhaisnéis bhreise seo a leanas a sholáthar sa tuarascáil bhliantúil airgeadais nó mar iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas bliantúil ioncaim:

(a)     ainm gach iniúchóra reachtúil nó gach gnólachta iniúchóireachta ar cuid den ghréasán é nó í;

(b)     an tír (na tíortha) ina bhfuil gach iniúchóir reachtúil nó gach gnólacht iniúchóireachta ar cuid den ghréasán é nó í cáilithe mar iniúchóir reachtúil nó ina bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige nó aici;

(c)     an láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag na hiniúchóirí reachtúla agus ag na gnólachtaí iniúchóireachta ar cuid den ghréasán iad, arb é an láimhdeachas é a éiríonn as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais;

(d)     na ráitis chomhdhlúite airgeadais iniúchta don ghréasán agus, i gcás eintiteas dlíthiúil a rialaíonn an gréasán a bheith ann, ráitis iniúchta airgeadais an eintitis dhlíthiúil sin arna n‑ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2004/109/CE.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh sé de chead ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta gan an fhaisnéis bhreise a nochtadh i gcás ina nochtann an t‑eintiteas dlíthiúil a rialaíonn an gréasán nó ionadaí eile de chuid an ghréasáin í. Sa chás sin, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an áit ina bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis sin a léiriú san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas bliantúil ioncaim nó leis an tuarascáil bhliantúil airgeadais.

4.           Déanfar an tuarascáil bhliantúil airgeadais nó an ráiteas bliantúil ioncaim a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus beidh an tuarascáil nó an ráiteas sin ar fáil ar an láithreán gréasáin sin ar feadh cúig bliana ar a laghad.

              Cuirfidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in iúl do na húdaráis inniúla go ndearnadh an ráiteas bliantúil ioncaim nó an tuarascáil bhliantúil airgeadais a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó ar láithreán gréasáin an ghnólachta iniúchóireachta.

Airteagal 27

Tuarascáil Trédhearcachta

1.           Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a sheolann iniúchóireacht reachtúil (iniúchóireachtaí reachtúla) ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhliantúil trédhearcachta a phoibliú trí mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais. Déanfar an tuarascáil bhliantúil trédhearcachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus beidh an tuarascáil sin ar fáil ar an láithreán gréasáin sin ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Ceadófar d’iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta a thuarascáil bhliantúil trédhearcachta, mar a foilsíodh í, a uasdátú. I gcás den sórt sin, léireoidh an t‑iniúchóir nó an gnólacht gur leagan uasdátaithe den tuarascáil é agus leanfaidh an leagan bunaidh den tuarascáil de bheith ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Cuirfidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in iúl do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla go ndearnadh an tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta nó, de reir mar is iomchuí, go ndearnadh í a uasdátú.

2.           Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil trédhearcachta:

(a)     tuairisc ar struchtúr dlíthiúil agus ar úinéireacht dhlíthiúil an ghnólachta iniúchóireachta;

(b)     i gcás inar cuid de ghréasán an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, tuairisc ar an ngréasán agus ar na socruithe dlíthiúla agus ar na socruithe struchtúracha atá ann sa ghréasán;

(c)     tuairisc ar struchtúr rialachais an ghnólachta iniúchóireachta;

(d)     tuairisc ar chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an ghnólachta iniúchóireachta agus ráiteas ón gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta maidir le héifeachtacht fheidhmiú an chórais sin;

(e)     léiriú i dtaobh cén uair a seoladh an t‑athbhreithniú deimhnithe cáilíochta is déanaí den chineál dá dtagraítear in Airteagal 40;

(f)      liosta eintiteas leasa phoiblí ar ina leith atá iniúchóireachtaí reachtúla déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta le linn na bliana airgeadais roimhe sin agus liosta na n‑eintiteas ar uathu a fhaigheann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta níos mó ná 5 % dá ioncam bliantúil nó dá hioncam bliantúil;

(g)     ráiteas a bhaineann le cleachtais neamhspleáchais an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, ar ráiteas é lena ndaingnítear freisin gur seoladh athbhreithniú inmheánach ar chomhlíonadh maidir le neamhspleáchais;

(h)     ráiteas ar an mbeartas ar dá réir a d’fheidhmigh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta i ndáil le hoiliúint leantach iniúchóirí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;

(i)      faisnéis a bhaineann leis an mbonn le luach saothair comhpháirtithe i ngnólachtaí iniúchóireachta;

(j)      tuairisc ar a bheartas maidir le sealaíocht comhpháirtithe tábhachtacha iniúchóireachta agus daoine tábhachtacha den fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 33(5);

(k)     i gcás inarb iomchuí, ráiteas rialachais chorparáidigh.

Féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, in imthosca eisceachtúla, a chinneadh gan an fhaisnéis a éilítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a nochtadh a mhéid is gá sin chun maolú a dhéanamh ar gharbhagairt shuntasach ar shlándáil phearsanta aon duine áirithe. Ní mór don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil gurb ann do bhagairt den sórt sin.

3.           Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an tuarascáil trédhearcachta a shíniú.

Airteagal 28

Ráiteas rialachais chorparáidigh

1.           I gcás ina ngineann gnólacht iniúchóireachta níos mó ná an tríú cuid dá ioncam bliantúil iniúchóireachta ó eintitis mhóra leasa phoiblí, déanfaidh sé ráiteas rialachais chorparáidigh a phoibliú. Áireofar an ráiteas sin sa Tuarascáil Trédhearcachta mar roinn shonrach di.

2.           Déanfar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a áireamh sa ráiteas rialachais chorparáidigh:

(a)     tagairt do cheann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas:

(i)      an cód rialachais chorparáidigh a bhfuil an gnólacht iniúchóireachta faoina réir,

(ii)      an cód rialachais chorparáidigh a bhféadfadh sé gurb amhlaidh ina leith gur chinn an gnólacht iniúchóireachta go saorálach é a chur i bhfeidhm;

(iii)     an fhaisnéis ábhartha go léir faoi na cleachtais rialachais chorparáidigh a cuireadh i bhfeidhm de bhreis ar na ceanglais faoin dlí náisiúnta.

I gcás ina ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (ii) a áireamh, tabharfaidh an gnólacht iniúchóireachta léiriú freisin i dtaobh cén áit ina bhfuil na téacsanna ábhartha ar fáil go poiblí. I gcás ina ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (iii) a áireamh, déanfaidh an gnólacht iniúchóireachta a chleachtais rialachais chorparáidigh a chur ar fáil go poiblí.

Más rud é nach bhfuil an gnólacht iniúchóireachta faoi réir aon chóid rialachais chorparáidigh agus nach gcuireann sé cód rialachais chorparáidigh i bhfeidhm, luafaidh sé an méid sin.

(b)     i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an méid a imíonn an gnólacht iniúchóireachta ó chód rialachais chorparáidigh dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó i bpointe (a)(ii), míniú ón ngnólacht iniúchóireachta i dtaobh cé na codanna den chód rialachais chorparáidigh a n‑imíonn sé uathu agus na cúiseanna le déanamh amhlaidh. I gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an ngnólacht iniúchóireachta gan aon fhorálacha de chuid cóid rialachais chorparáidigh dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó i bpointe (a)(ii), míneoidh se na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh;

(c)     tuairisc ar phríomhghnéithe chórais rialaithe inmheánaigh agus bhainistithe rioscaí an ghnóthais i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe airgeadais;

(d)     an fhaisnéis seo a leanas:

(i)      sealúchais shuntasacha, idir dhíreach agus indíreach, i dtaca le cearta vótála, ar sealúchais iad atá comhionann le 5 % de na cearta vótála iomlána sa ghnólacht iniúchóireachta, nó atá níos mó ná an méid sin, lena n‑áirítear sealúchais indíreacha ceart vótála trí struchtúir phirimide agus trí thras‑sealúchais ceart vótála;

(ii)      céannacht shealbhóirí aon cheart speisialta rialaithe agus tuairisc ar na cearta sin, an éiríonn na cearta sin as sealbhú aon urrús, trí chonradh nó ar shlí eile;

(iii)     aon srianta ar chearta vótála, lena n‑áirítear teorannú ar chearta vótála sealbhóirí céatadáin áirithe nó líon áirithe vótaí, spriocamanna maidir le cearta vótála a fheidhmiú,

(iv)     na rialacha lena rialaítear ceapadh agus ionadú comhaltaí boird agus leasú na n‑Airteagal comhlachais;

(v)     cumhachtaí chomhaltaí an bhoird;

(e)     mura rud é go ndéantar foráil iomlán cheana féin maidir leis an bhfaisnéis i ndlíthe náisiúnta nó i rialacháin náisiúnta, oibriú an chruinnithe scairshealbhóirí nó sealbhóirí ceart vótála agus príomhchumhachtaí an chruinnithe sin, agus tuairisc ar chearta na scairshealbhóirí nó na sealbhóirí ceart vótála agus ar conas is féidir na cearta sin a fheidhmiú;

(f)      comhdhéanamh agus oibriú na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a gcuid coistí.

Airteagal 29

Faisnéis a thabhairt d’údaráis inniúla

Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta liosta de na heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht orthu a thabhairt gach bliain dá údarás inniúil nó dá húdarás inniúil de réir an ioncaim arna ghiniúint uathu.

Airteagal 30

Coinneáil taifead

Déanfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), in Airteagal 9(3), in Airteagal 11(3) agus (4), in Airteagal 16(2) go (6), in Airteagal 17(1) agus (2), in Airteagal 18(1) agus (3), in Airteagal 19(3) go (6), in Airteagail 22, 23 agus 24, in Airteagal 25(1) agus (2), in Airteagal 29, in Airteagal 32(2), (3), (5) agus (6), in Airteagal 33(6) agus in Airteagal 43(4) a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na doiciméid nó an fhaisnéis sin a ullmhú.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin i gcomhréir lena rialacha ar chosaint sonraí pearsanta agus ar imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.

Teideal III

Eintitis leasa phoiblí do cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta

Airteagal 31

An Coiste Iniúchóireachta

1.           Beidh coiste iniúchóireachta ag gach eintiteas leasa phoiblí. Beidh an coiste iniúchóireachta comhdhéanta de chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin chomhlacht riaracháin agus/nó de chomhaltaí chomhlacht maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus/nó de chomhaltaí arna gceapadh ag cruinniú ginearálta scairshealbhóirí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó, i gcás eintiteas nach bhfuil scairshealbhóirí aige, de chomhlacht coibhéiseach.

Beidh comhalta amháin ar a laghad den choiste iniúchóireachta inniúil ar iniúchóireacht a dhéanamh agus beidh comhalta amháin eile inniúil ar chuntasaíocht agus/nó iniúchóireacht a dhéanamh. Maidir le comhaltaí an choiste ina iomláine, beidh inniúlacht acu atá ábhartha i dtaca leis an earnáil ina bhfuil an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ag oibriú.

Beidh tromlach chomhaltaí an choiste iniúchóireachta neamhspleách. Is iad comhaltaí an choiste iniúchóireachta a cheapfaidh cathaoirleach an choiste iniúchóireachta agus beidh an cathaoirleach neamhspleách.

2.           De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal eo, in eintitis leasa phoiblí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (f) agus i bpointe (t) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[36], féadfaidh an comhlacht riaracháin nó maoirseachta ina iomláine na feidhmeanna a shanntar don choiste iniúchóireachta a chomhlíonadh ar choinníoll, ar a laghad, i gcás inar comhalta feidhmiúcháin é nó í cathaoirleach comhlachta den sórt sin, nach é nó í cathaoirleach an choiste iniúchóireachta é nó í.

3.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na heintitis leasa phoiblí seo a leanas a chinneadh gan coiste iniúchóireachta a bheith acu:

(a)     aon eintiteas leasa phoiblí ar foghnóthas é de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE má chomhlíonann an t‑eintiteas na ceanglais i mír 1 go mír 4 den Airteagal in ar leibhéal grúpa;

(b)     aon eintiteas leasa phoiblí ar gnóthas é le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE nó i gciste malartach infheistíochta (AIF) de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE;

(c)     aon eintiteas leasa phoiblí arb é an gnó aonair atá aige ná gníomhú mar árachóir urrús sócmhainní de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún[37];

(d)     aon institiúid creidmheasa de réir bhrí Airteagal 1(1) de Threoir 2006/48/CE, ar institiúid creidmheasa í nach gceadaítear a scaireanna a bheith á dtrádáil ar mhargadh rialáilte de chuid aon Bhallstáit de réir bhrí phointe 4 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE agus nach bhfuil eisithe aici, ar mhodh leanúnach nó athfhillteach, ach urrúis fhiachais a cheadaítear a bheith á dtrádáil i margadh rialáilte, ar choinníoll go bhfanann méid iomlán ainmniúil na n‑urrús fiachais sin go léir faoi bhun EUR 100 000 000 agus nach bhfuil réamheolaire foilsithe aici faoi Threoir 2003/71/CE.

Tabharfaidh na heintitis leasa phoiblí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) míniú don phobal ar na cúiseanna ar dá réir a mheasann siad nach iomchuí go mbeadh sé de chúram ar choiste iniúchóireachta ná ar chomhlacht riaracháin nó maoirseachta feidhmeanna coiste iniúchóireachta a chur i gcrích.

4.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eintiteas leasa phoiblí ag a bhfuil comhlacht a chomhlíonann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna a chomhlíonann coiste iniúchóireachta, ar comhlacht é arna bhunú, agus a fheidhmíonn, de réir forálacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil an t‑eintiteas a bhfuil iniúchóireacht le déanamh air a chinneadh gan coiste iniúchóireachta a bheith aige. I gcás den sórt sin, nochtfaidh an t‑eintiteas cén comhlacht a sheolann na feidhmeanna sin agus conas atá an comhlacht sin comhdhéanta.

5.           Gan dochar don fhreagracht atá ar chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, nó atá ar chomhaltaí eile arna gceapadh ag cruinniú ginearálta scairshealbhóirí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, déanfaidh an coiste iniúchóireachta na nithe seo a leanas inter alia:

(a)     faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas tuairiscithe airgeadais agus moltaí nó tograí a thíolacadh chun iomláine an phróisis sin a áirithiú;

(b)     faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht chóras rialaithe inmheánaigh, ar chóras iniúchóireachta inmheánaí, i gcás inarb infheidhme, agus ar chóras bainistíochta rioscaí an ghnóthais;

(c)     faireachán a dhéanamh ar an iniúchóireacht reachtúil a dhéantar ar na ráitis bhliantúla airgeadais agus ar na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus maoirseacht a dhéanamh ar shláine agus ar iomláine na ndréacht‑tuarascálacha iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 22 go hAirteagal 23;

(d)     athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 5 go hAirteagal 11, agus go háirithe ar sholáthar seirbhísí breise don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air i gcomhréir le hAirteagal 10;

(e)     beidh sé freagrach as an nós imeachta a bhaineann le roghnú iniúchóra reachtúil (iniúchóirí reachtúla) nó gnólachta iniúchóireachta (gnólachtaí iniúchóireachta) agus moladh a dhéanamh maidir leis an iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúil) nó maidir leis an ngnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) atá le ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33.

(f)      cead a thabhairt, gach cás á mheas ar a fhiúntas féin, don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(i) agus (ii) den Rialachán seo a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchadh air.

Airteagal 32

Na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh

1.           Chun Airteagal 37 de Threoir 2006/43/CE a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal eo maidir le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta.

I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(2) de Threoir 2006/43/CE, cuirfidh an t‑eintiteas leasa phoiblí an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi úsáid córas malartach nó rialacha mionsonraithe malartacha dá dtagraítear san Airteagal in.

2.           Déanfaidh an coiste iniúchóireachta moladh faoi cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a thíolacadh do bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Déanfaidh an coiste iniúchóireachta údar maith a léiriú maidir leis an moladh a dhéantar.

Mura rud é go bhfuil baint ag an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 33(1), beidh dhá rogha ann sa mholadh maidir leis an bhfostaíocht iniúchóireachta agus léireoidh an coiste iniúchóireachta cén rogha is fearr leo mar aon le húdar maith a léiriú maidir leis an rogha a dhéanann siad.

Nuair a bhaineann an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 33(1), déanfaidh an coiste iniúchóireachta, chun a mholadh a ullmhú, aon chinntí agus aon chonclúidí maidir leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta atá molta agus dá dtagraítear in Airteagal 40(6) agus atá foilsithe ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 44(d) a chur san áireamh.

Luafaidh an coiste iniúchóireachta ina mholadh go bhfuil an moladh saor ó thionchar ar thaobh tríú páirtí agus nach ndearnadh aon chlásal conarthach dá dtagraítear i mír 7 a fhorchur air.

3.           Mura rud é go mbaineann an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 33(1), déanfar an moladh ón gcoiste iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal eo a ullmhú tar éis nós imeachta maidir le roghnóireacht ar nós imeachta é a eagróidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus urraim á tabhairt do na critéir seo a leanas:

(a)     beidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun cuireadh a thabhairt d’aon iniúchóirí reachtúla nó d’aon ghnólachtaí iniúchóireachta tograí a thíolacadh maidir leis an tseirbhís reachtúil iniúchóireachta a sholáthar ar choinníoll go n‑urramaítear Airteagal 34(2) agus nach amhlaidh, maidir le ceann amháin ar a laghad de na hiniúchóirí nó de na gnólachtaí dá dtugtar cuireadh, gurb iniúchóir é nó í, nó gur gnólacht é, a fuair níos mó ná 15 % de na táillí iomlána iniúchóireachta ó eintitis mhóra leasa phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann sa bhliain fhéilire roimhe sin;

(b)     beidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun an modh ina ndéanfar teagmháil leis an iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó leis an ngnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) dá dtugtar cuireadh a roghnú agus ní bheidh aon cheangal air iarraidh ar thairiscintí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus/nó in irisí oifigiúla náisiúnta nó i nuachtáin náisiúnta;

(c)     ullmhóidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air doiciméid tairisceana mar eolas don iniúchóir reachtúil (do na hiniúchóirí reachtúla) nó don ghnólacht iniúchóireachta (do na gnólachtaí iniúchóireachta) dá dtugtar cuireadh. Ligfidh na doiciméid tairisceana sin dóibh tuiscint a bheith acu ar ghnó an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus ar an gcineál iniúchóireachta reachtúla atá le seoladh. Beidh critéir thrédhearcacha neamh‑idirdhealaitheacha sna doiciméid tairisceana ar critéir iad a úsáidfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta;

(d)     beidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun an nós imeachta maidir le roghnóireacht a shainiú agus, le linn an nós imeachta sin, féadfaidh sé caibidlíochtaí díreacha a sheoladh le tairgeoirí ar spéis leo an t‑ábhar;

(e)     más rud é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, go gceanglóidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35 ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta caighdeáin áirithe cáilíochta a chomhlíonadh, cuirfear na caighdeáin sin san áireamh sna doiciméid tairisceana;

(f)      déanfaidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air meastóireacht ar na tograí a dhéanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis na critéir maidir le roghnóireacht arna réamhshainiú sna doiciméid tairisceana; Déanfaidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tuarascáil a ullmhú ar chonclúidí an nós imeachta roghnóireachta agus déanfaidh an coiste iniúchóireachta na conclúidí sin a bhailíochtú. Déanfaidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus an coiste iniúchóireachta aon tuarascáil chigireachta faoin iniúchóir reachtúil nó faoin ngnólacht is iarratasóir a chur san áireamh, ar tuarascáil í dá dtagraítear in Airteagal 40(6) agus atá foilsithe ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 44(d);

(g)     beidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air in ann a thaispeáint don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35 go ndearnadh an nós imeachta maidir le roghnóireacht a sheoladh ar mhodh cothrom.

Beidh an coiste iniúchóireachta freagrach as an nós imeachta roghnóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) liosta de na hiniúchóirí agus de na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann a phoibliú agus déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 28 a úsáid chun na ríomhaireachtaí ábhartha a dhéanamh.

4.           Ní bheidh aon cheangal ar eintitis leasa phoiblí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (f) agus i bpointe (t) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE an nós imeachta maidir le roghnóireacht dá dtagraítear i mír 4 a chur i bhfeidhm.

5.           Déanfar an moladh ón gcoiste iniúchóireachta a áireamh sa togra ón mbord riaracháin nó maoirseachta maidir le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta ar togra é a thabharfar do chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

Má imíonn togra an bhoird riaracháin nó maoirseachta ó mholadh an choiste iniúchóireachta, déanfar údar maith leis na cúiseanna gan déanamh de réir mholadh an choiste iniúchóireachta a thabhairt sa togra.

6.           I gcás institiúide creidmheasa nó gnóthais árachais, déanfaidh an bord riaracháin nó maoirseachta a dhréacht‑togra a thíolacadh don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(2). Beidh an ceart ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(2) chun crosadh a chur ar an rogha a thairgtear sa mholadh. Má chuirtear i gcoinne an rogha sin, tabharfar údar maith leis sin.

Mura dtugann an t‑údarás inniúil freagra laistigh den teorainn ama fhorordaithe tar éis moladh an choiste iniúchóireachta a thíolacadh measfar gurb ionann an méid sin agus toiliú intuigthe leis an moladh.

7.           Aon chlásal conarthach a dhéantar idir eintiteas leasa phoiblí agus tríú páirtí agus lena ndéantar rogha chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis sin de bhun Airteagal 37 de Threoir 2006/43/CE a shrianadh do chatagóirí áirithe nó liostaí iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanfaidh an iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas sin, beidh sé ar neamhní.

Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35 ar an eolas faoi aon iarracht ar thaobh tríú páirtí clásal conarthach den sórt sin a fhorchur nó tionchar a imirt ar slí eile ar chinneadh chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí maidir le roghnú iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta.

8.           I gcás ina ndéantar an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a dhíolmhú ón oibleagáid chun coiste iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht nó cén t‑orgán de chuid an eintitis a chomhlíonfaidh feidhmeanna an choiste iniúchóireachta chun críocha na n‑oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal eo.

9.           Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh eintitis leasa phoiblí líon íosta iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh in imthosca áirithe agus na coinníollacha a bhunú lena rialófar an caidreamh idir na hiniúchóirí nó na gnólachtaí a cheapfar.

Má bhunaíonn Ballstát ceanglas den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM.

10.         I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach, chun go n‑éascófar feidhmiú chúram an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air maidir le heagrú nós imeachta roghnóireachta i ndáil le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a cheapadh, eiseoidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM treoirlínte a bheidh dírithe ar na heintitis leasa phoiblí agus a bhainfidh leis na critéir lena rialófar an nós imeachta roghnóireachta dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 33

Fad na fostaíochta iniúchóireachta

1.           Déanfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a cheapadh le haghaidh fostaíochta tosaigh a mhairfidh tréimhse nach giorra ná dhá bhliain.

Ní fhéadfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí an fostaíocht sin a athnuachan ach aon uair amháin.

Ní bheidh uasfhad an dá fhostaíocht sin le chéile níos faide ná sé mbliana.

I gcás fostaíochta leanúnaí sé mbliana a gceaptar dhá iniúchóir reachtúla nó dhá ghnólacht iniúchóireachtaí lena linn, ní bheidh uasfhad fostaíocht gach iniúchóra reachtúil nó gach gnólachta iniúchóireachta níos faide ná naoi mbliana.

2.           Tar éis dul in éag uasfhad na fostaíochta dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta ná aon chomhalta dá líonra laistigh den Aontas, nuair is infheidhme, ní dhéanfaidh sé an t‑iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas leasa phoiblí lena mbaineann go dtí go mbeidh ar a laghad ceithre bliana caite.

3.           De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí, in imthosca eisceachtúla, iarraidh an an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) síneadh ama a dheonú sa chaoi is go bhféadfaidh sé an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a cheapadh arís. I gcás dhá iniúchóir reachtúla nó dhá ghnólacht iniúchóireachta a cheapadh, ní bheidh an tríú fostaíocht sin níos faide ná trí bliana. I gcás aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht iniúchóireachta amháin a cheapadh, ní bheidh an tríú fostaíocht sin níos faide ná dhá bhliain.

4.           Maidir leis an bpríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta (na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta) a bheidh freagrach as iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích, scoirfidh sé, sí nó siad dá rannpháirtíocht in iniúchóireacht ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tar éis tréimhse seacht mbliana a bheith imithe in éag ón dáta ceapacháin. Féadfaidh sé, sí nó siad páirt a ghlacadh arís in iniúchóireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air tar éis treimhse trí bliana ar a laghad.

Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta sásra iomchuí sealaíochta comhleanúnaí a bhunú maidir leis an bpearsanra is sinsearaí atá bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil, lena n‑áirítear, ar a laghad, na daoine atá cláraithe mar iniúchóirí reachtúla. Rachfar i mbun an tsásra sealaíochta comhleanúnaí ina chéimeanna ar bhonn pearsana aonair seachas ar bhonn foirne iomláine. Beidh sé comhréireach i bhfianaise scála agus méid na gníomhaíochta dá ngabhann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.

Beidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndéantar an sásra sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go n‑oiriúnaítear é do scála agus do mhéid na gníomhaíochta dá ngabhann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.

5.           I gcás ina ndéantar iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile a chur in ionad iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta is déanaí atá luaite comhad aistrithe a sholáthar don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua. Áireofar sa chomhad sin faisnéis ábhartha maidir leis an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air de réir mar is gá le réasún chun cineál ghnó an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus eagrúchán inmheánach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a thuiscint agus chun leanúnachas na hiniúchóireachta reachtúla agus inchomparáideacht leis na hiniúchóireachtaí a rinneadh sna blianta roimhe sin a áirithiú.

Déanfaidh an seaniniúchóir reachtúil nó an seanghnólacht iniúchóireachta rochtain a dheonú freisin don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua ar na tuarascálacha breise don choiste iniúchóireachta a bhaineann le blianta roimhe sin agus dá dtagraítear in Airteagal 23 agus ar aon fhaisnéis arna tarchur chuig údaráis inniúla de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 27.

Beidh an seaniniúchóir reachtúil nó an seanghnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndearnadh an fhaisnéis sin a sholáthar don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua.

6.           Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun ceanglais theicniúil a shonrú maidir le hinneachar an chomhaid aistrithe dá dtagraítear i mír 6.

I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6 a ghlacadh.

Airteagal 34

Cur as oifig agus éirí as oifig na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta

1.           Gan dochar d’Airteagal 38(1) de Threoir 2006/43/CE, déanfaidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an t‑údarás inniúil ar an eolas maidir leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta a chur as oifig nó d'éirí as oifig le linn théarma an cheapacháin agus tabharfaidh siad míniú leordhóthanach ar na cúiseanna leis sin.

I gcás ina mbeidh Ballstát tar éis údaráis inniúla eile a cheapadh chun críche Theideal III den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 35(2), cuirfidh an t‑údarás inniúil sin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1).

2.           Beidh an coiste iniúchóireachta, scairshealbhóir amháin nó níos mó, na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 35(2) in ann éileamh a thabhairt os comhair cúirte náisiúnta chun an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) a chur as oifig i gcás forais chuí a bheith ann chuige sin.

I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Threoir 2007/36/CE, beidh feidhm aige freisin maidir le scairshealbhóirí a fheidhmíonn an chumhacht a thuairiscítear sa chéad fhomhír.

I gcás ina ndéantar an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a dhíolmhú ón oibleagáid chun coiste iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht nó cén t‑orgán de chuid an eintitis a chomhlíonfaidh feidhmeanna an choiste iniúchóireachta chun críocha na míre seo.

Teideal IV

Faireachas ar ghníomhaíochtaí iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí i gcrích

CAIBIDIL I

ÚDARÁIS INNIÚLA

Airteagal 35

Údaráis inniúla a ainmniú

1.           Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil chun na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích agus chun a áirithiú go gcuirtear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm.

Is é a bheidh san údarás inniúil ná ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)     an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109.CE;

(b)     an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 24(4)(h) de Threoir 2004/109/CE;

(c)     an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE.

2.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as a áirithiú go gcuirtear forálacha uile nó cuid d’fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i bhfeidhm a leagan, de réir mar is iomchuí, ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas:

(a)     Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109/CE;

(b)     Airteagal 24(4)(h) de Threoir 2004/109/CE;

(c)     Airteagal 40 de Threoir 2006/48/CE;

(d)     Airteagal 30 de Threoir 2009/138/CE;

(e)     Airteagal 20 de Threoir 2007/64/CE;

(f)      Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE;

(g)     Airteagal 48 de Threoir 2004/39/CE;

(h)     Airteagal 97 de Threoir 2009/110/CE;

(h)     Airteagal 44 de Threoir 2011/61/CE.

3.           I gcás ina mbeifear tar éis níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú de bhun mhír 1 agus mhír 2, déanfar na húdaráis sin a eagrú ar shlí ina bhfuil a gcuid cúraimí cionroinnte go soiléir.

4.           Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh i gcomhair críoch Eorpach thar lear a bhfuil an Ballstát sin freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

5.           Beidh dóthain foirne ag na húdaráis inniúla a mhéid a bhaineann le cumas agus saineolas, agus beidh acmhainní dóthanacha acu chun bheith in ann a gcúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, a chomhall.

6.           Déanfaidh na Ballstáit ceapadh údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo a chur in iúl dá chéile, do ÚBE, do ÚEÁPC agus do ÚEUM i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de chuid Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún.

Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú agus poibleoidh sé í.

Airteagal 36

Coinníollacha maidir le neamhspleáchas

Beidh na húdaráis inniúla agus aon údarás a mbeidh cúraimí tarmligthe chuige ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) neamhspleách ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta.

Ní ghabhfaidh duine do rialachas na n‑údarás sin más rud é, le linn na dtrí bliana roimhe sin:

(a)          gur chuir sé nó sí iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a chur i gcrích;

(b)          go raibh cearta vótála aige nó aici i ngnólacht iniúchóireachta;

(c)          go raibh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnólachta iniúchóireachta;

(d)          go raibh sé nó sí ina fhostaí nó ina fostaí de chuid gnólachta iniúchóireachta nó go raibh sé nó sí comhlachaithe ar shlí eile le gnólacht iniúchóireachta.

Beidh maoiniú na n‑údarás sin daingean agus saor ó aon tionchar ionchasach míchuí ó iniúchóirí reachtúla agus ó ghnólachtaí iniúchóireachta.

Airteagal 37

Rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le gach duine atá nó a bhí ar fostú ag údaráis inniúla nó ag aon údarás ar chuige a rinne an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) cúraimí a tharmligean, lena n‑áirítear saineolaithe atá ar fostú faoi chonradh ag údaráis den sórt sin. Ní fhéadfar aon fhaisnéis atá clúdaithe faoi rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine eile ná d’aon údarás eile ach amháin de bhua oibleagáidí an Rialacháin seo nó de bhua dlíthe, rialachán nó nósanna imeachta riaracháin de chuid Ballstáit.

Airteagal 38

Cumhachtaí na n‑údarás inniúil

1.           Gan dochar d’Airteagal 40 ná d’Airteagal 41, le linn a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla nó aon údaráis inniúla eile de chuid Ballstáit cur isteach ar inneachar tuarascálacha iniúchóireachta.

2.           Ionas go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Feidhmeoidh siad a gcuid cumhachtaí ar aon cheann de na slite seo a leanas:

(a)     trí fheidhm dhíreach;

(b)     i gcomhar le húdaráis eile;

(c)     faoina bhfreagracht féin, trí tharmligean a dhéanamh chuig eintitis a bhfuil cúraimí tarmligthe chucu de réir Airteagal 35(1);

(d)     trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

3.           Chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh ina gcáil mhaoirseachta:

(a)     rochtain a fháil ar aon doiciméad in aon fhoirm atá ábhartha maidir le cur i gcrích a gcúraimí agus cóip d’aon doiciméad den sórt sin a fháil nó a thógáil;

(b)     faisnéis a éileamh ó dhuine ar bith agus, más gá, duine a thoghairm agus ceisteanna a chur air nó uirthi d'fhonn faisnéis a fháil;

(c)     tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra nó dá uireasa;

(d)     taifid ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí a phróiseálann iniúchóirí reachtúla agus gnólachta iniúchóireacht a éileamh;

(e)     nithe a tharchur i gcomhair ionchúisimh choiriúil;

(f)      a iarraidh ar shaineolaithe fíorúcháin nó imscrúdúcháin a dhéanamh;

(g)     na bearta riaracháin agus na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 61 a chur i bhfeidhm.

Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid ach amháin i ndáil le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, i ndáil le daoine a ghabhann do ghníomhaíochtaí iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, i ndáil le heintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu, lena gcomhlaigh agus le tríú páirtithe gaolmhara, i ndáil le tríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí áirithe eisfhoinsithe chucu ag na hiniúchóirí reachtúla agus ag na gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, agus i ndáil le daoine atá gaolmhar nó bainteach ar shlí eile le hiniúchóirí reachtúla agus le gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí.

3. Chun iarraidh a dhéanamh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí, ar iarraidh í dá dtagraítear i mír 3, beidh gá le húdarú ó údarás breithiúnach.

5.           I gcás ina bhfuil ceangal faoin dlí náisiúnta ar chomharchumann de réir bhrí Airteagal 2(14) de Threoir 2006/43/CE nó ar eintiteas comhchosúil dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir 86/635/CEE bheith ina bhall d'eintiteas iniúchóireachta neamhbhrabhúsmhar, féadfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag forálacha áirithe atá leagtha amach faoin Rialachán seo maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas sin ar chuntar go bhfuil na prionsabail maidir le neamhspleáchas atá leagtha síos i gCaibidil I den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an iniúchóir reachtúil atá ag déanamh na hiniúchóireachta reachtúla agus ag daoine a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an iniúchóireacht reachtúil. Chun críocha cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcás eisceachtúil gan forálacha áirithe an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, rachaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) i gcomhairle le húdarás maoirseachta an chomharchumainn nó le húdarás maoirseachta an eintitis chomhchosúil nuair is iomchuí.

              Déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) ÚEUM a chur ar an eolas maidir leis na cásanna eisceachtúla sin nach gcuirtear forálacha áirithe den Rialachán seo i bhfeidhm iontu. Cuirfidh an t‑údarás inniúil chuig ÚEUM liosta na bhforálacha den Rialachán seo nár cuireadh i bhfeidhm maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar na heintitis dá dtagraítear i mír 5 agus na cúiseanna a thug údar le gan iad a chur i bhfeidhm.

6.           Is i gcomhréir le Treoir 95/46/CE a dhéanfar próiseáil sonraí pearsanta a phróiseáiltear i bhfeidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 39

Comhar le húdaráis inniúla eile ar an leibhéal náisiúnta

Déanfaidh an t‑údarás inniúil a ainmneofar de bhun Airteagal 35(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon údarás a mbeidh cúraimí tarmligthe chuige ag an údarás inniúil sin, comhoibriú leo seo a leanas ar an leibhéal náisiúnta:

(a)          na húdaráis inniúla atá freagrach as formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta de bhun Threoir 2006/43/CE;

(b)          na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 35(2), cibé acu a bhí siad, nó nach raibh siad, ina n‑údaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo;

(c)          na haonaid um fhaisnéis airgeadais agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 21 agus 37 de Threoir 2005/60/CE.

CAIBIDIL II

DEIMHNIÚ CÁILÍOCHTA, IMSCRÚDÚCHÁN, FAIREACHÁN MARGAIDH, PLEANÁIL THEAGMHASACH AGUS TRÉDHEARCACHT CHÚRAIMÍ NA nÚDARÁS INNIÚIL

Airteagal 40

Deimhniú Cáilíochta

1.           Chun críocha an Airteagail seo:

(a)     ciallaíonn "cigireachtaí” athbhreithnithe, ó thaobh deimhnithe cáilíochta de, ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta, ar athbhreithnithe iad a dhéantar faoi cheannas cigire agus nach ionann iad agus imscrúdúchán de réir bhrí Airteagal 41;

(b)     ciallaíonn “cigire” athbhreithnitheoir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 3 den Airteagal eo agus atá ar fostú ag údarás inniúil;

(c)     ciallaíonn “saineolaí” duine nádúrtha ag a bhfuil saineolas sonrach maidir le margaí airgeadais, tuairisciú airgeadais, iniúchóireacht nó réimsí eile atá ábhartha i ndáil le cigireachtaí, lena n‑áirítear iniúchóirí reachtúla cleachtacha.

2.           Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) córas éifeachtach a bhunú maidir le deimhniú cáilíochta iniúchóireachta.

Uair amháin ar a laghad gach trí bliana, déanfaidh an t‑údarás inniúil athbhreithnithe, ó thaobh deimhnithe cáilíochta de, ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí ar eintitis leasa phoiblí

3.           Beidh an t‑údarás inniúil freagrach as an gcóras deimhnithe cáilíochta agus eagróidh sé é ar shlí atá neamhspleách ar na hiniúchóirí reachtúla agus ar na gnólachtaí iniúchóireachta a ndéantar athbhreithniú orthu.

Beidh na freagrachtaí seo a leanas ar an údarás inniúil agus ní fhéadfar na freagrachtaí sin a tharmligean chuig aon chomhlachas nó chuig aon chomhlacht atá cleamhnaithe leis an ngairm chuntasaíochta nó iniúchóireachta:

(a)     formheas agus leasú na modheolaíochtaí cigireachta, lena n‑áirítear lámhleabhair chigireachta agus gníomhartha a leanfaidh as cigireacht, na modheolaíochtaí tuairiscithe agus na cláir chigireachta tréimhsiúla;

(b)     formheas agus leasú tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha ar ghníomhartha a leanfaidh as cigireacht;

(c)     formheas agus sannadh cigirií le haghaidh gach cigireachta.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil dóthain acmhainní a chionroinnt don chóras deimhnithe cáilíochta.

4.           Áiritheoidh an t‑údarás inniúil go ndéanfar beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bhaineann le neamhspleáchas agus oibiachtúlacht na foirne, lena n‑áirítear cigirí, agus le bainistiú an chórais chigireachta a chur i bhfeidhm.

Comhlíonfaidh an t‑údarás inniúil na critéir seo a leanas nuair a bheidh cigirí á gceapadh:

(a)     beidh oideachas iomchuí gairmiúil agus taithí ábhartha ag cigirí i dtaca le hiniúchóireacht reachtúil agus le tuairisciú airgeadais, mar aon le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta;

(b)     ní cheadófar do dhuine ar iniúchóir reachtúil cleachtach é nó í nó atá ar fostú ag iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta, nó atá comhlachaithe ar shlí eile le hiniúchóir reachtúil nó le gnólacht iniúchóireachta, gníomhú mar chigire;

(c)     ní cheadófar do dhuine gníomhú mar chigire i gcigireacht ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta go dtí go mbeidh dhá bhliain ar a laghad inithe in éag ón tráth ar scoir an duine sin de bheith ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí nó ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an iniúchóra sin nó an ghnólachta iniúchóireachta sin nó sa ghnólacht iniúchóireachta sin nó de bheith comhlachaithe ar shlí eile leis an iniúchóir sin nó leis an ngnólacht iniúchóireachta sin;

(d)     dearbhóidh cigirí nach bhfuil aon coimhlintí leasa idir iad agus an t‑iniúchóir reachtúil agus an gnólacht iniúchóireachta a bhfuil cigireacht le déanamh air.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil saineolaithe a fháil ar chonradh chun cigireachtaí sonracha a chur i gcrích nuair nach leor an líon cigirí atá ann laistigh den údarás. Féadfaidh an t‑údarás inniúil cúnamh a fháil ó shaineolaithe freisin nuair tá sé sin riachtanach i ndáil le seoladh cuí cigireachta. In imthosca den sórt sin, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla agus na saineolaithe ceanglais na míre seo. Beidh saineolaithe neamhspleách ar chomhlachais ghairmiúla agus ar chomhlachtaí gairmiúla.

5.           Clúdóidh raon feidhme cigireachtaí an méid seo a leanas:

(a)     measúnú ar dhearadh córas inmheánach rialaithe cáilíochta an ghnólachta iniúchóireachta nó an iniúchóra reachtúil;

(b)     tástáil dhóthanach maidir le comhlíonadh ó thaobh nósanna imeachta agus athbhreithniú ar chomhaid iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí chun éifeachtacht an chórais inmheánaigh rialaithe cáilíochta a fhíorú;

(c)     i bhfianaise chinntí na cigireachta faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo, measúnú ar inneachar na tuarascála bliantúla trédhearcachta is déanaí arna foilsiú ag iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 27.

Ar a laghad, déanfar na beartais rialaithe inmheánaigh agus na nósanna imeachta seo a leanas de chuid an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a athbhreithniú:

(a)     comhlíonadh caighdeán infheidhme maidir le hiniúchóireacht agus rialú cáilíochta, agus comhlíonadh ceanglas maidir le heitic neamhspleáchas, ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta, lena n‑áirítear na caighdeáin agus na ceanglais sin a bhaineann le Caibidil IV de Threoir 2006/43/CE agus le hAirteagal 5 go hAirteagal 10 den Rialachán seo, chomh maith le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ábhartha de chuid na mBallstát lena mbaineann a chomhlíonadh;

(b)     cainníocht agus cáilíocht na n‑acmhainní a úsáidtear, lena n‑áirítear comhlíonadh ceanglas maidir le hoideachas de réir mar a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;

(c)     comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 9 i ndáil leis na táillí iniúchóireachta a mhuirearaítear.

Chun críocha na tástála ar chomhlíonadh, déanfar cuid shuntasach ar a laghad de na comhaid iniúchóireachta a roghnú ar bhonn anailíse ar an riosca go ndearnadh an iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích ar shlí neamhdhóthanach.

Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú tréimhsiúil freisin ar na modheolaíochtaí arna n‑úsáid ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích.

Beidh cigireachtaí iomchuí agus comhréireach i bhfianaise scála agus chastacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta iniúchóireachta nó an iniúchóra reachtúil a ndéantar athbhreithniú air nó uirthi.

6.           Sula ndéanfar bailchríoch a chur ar thuarascáil chigireachta, déanfar cinntí agus conclúidí cigireachtaí ar a mbunaítear moltaí, lena n‑áirítear cinntí agus conclúidí a bhaineann le tuarascáil trédhearcachta, a chur in iúl don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta agus pléifear na cinntí agus na conclúidí sin leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta.

Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a ndéantar cigireacht air nó uirthi gníomhartha a chur i gcrích laistigh de thréimhse arna socrú ag údarás inniúil ar gníomhartha iad a leanann as moltaí cigireachtaí. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí i gcás moltaí faoi chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an ghnólachta iniúchóireachta.

7.           Beidh an chigireacht ina hábhar le haghaidh tuarascála ina mbeidh príomhchonclúidí an athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta.

Airteagal 41

Imscrúdúchán

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) córais éifeachtacha imscrúdúcháin a bhunú d’fhonn cur i gcrích neamhdhóthanach na hiniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a bhrath, a cheartú agus a chosc.

I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil saineolaithe ar chonradh chun tascanna sonracha a chur i gcrích, áiritheoidh an t‑údarás nach bhfuil aon choimhlintí leasa ann idir na saineolaithe sin agus an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a ndéantar imscrúdúchán air nó uirthi.

Airteagal 42

Monatóireacht ar an margadh

1.           Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) faireachán go rialta ar na forbairtí sa mhargadh ina soláthraítear seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d’eintitis leasa phoiblí.

Go háirithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)     rioscaí a éiríonn as ard-chomhdhlúthacht, lena n‑áirítear scor gnólachtaí iniúchóireachta ag a bhfuil sciar shuntasach den mhargadh, as saobhadh maidir le soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla, cibé acu in earnáil shonrach nó thar earnálacha éagsúla, as carnadh eile rioscaí sa mhargadh agus as an tionchar ar chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais;

(b)     an gá le bearta a ghlacadh chun na rioscaí sin a mhaolú.

2.           Faoin X X 20XX [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], agus ar bhonn dhá bhliain ar a laghad dá éis sin, déanfaidh gach údarás inniúil tuarascáil a tharraingt suas maidir leis a tsaincheist seo agus an tuarascáil sin a thíolacadh do ÚEUM, do ÚBE agus do ÚEÁPC.

Déanfaidh ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC na tuarascálacha sin a úsáid chun tuarascáil chomhpháirteach a tharraingt suas maidir leis an staid ar leibhéal an Aontais. Tíolacfar an tuarascáil don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach.

Airteagal 43

Pleanáil theagmhasach

1.           Gan dochar d’Airteagal 52, déanfaidh údaráis inniúla arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 35(1) a cheangal ar na sé ghnólacht iniúchóireachta is mó ar a laghad, i dtéarmaí iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis mhóra leasa phoiblí, i ngach Ballstát ar leith, plean teagmhasach a bhunú trína dtugtar aghaidh ar imeacht ionchasach a d’fhéadfadh bagairt a dhéanamh ar leanúnachas oibríochtaí an ghnólachta lena mbaineann.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil liosta de na gnólachtaí a mbaineann an chéad fhomhír leo a phoibliú agus déanfaidh sé an liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 28 a úsáid chun a ríomh cad iad na sé ghnólacht iniúchóireachta is mó.

2.           Sna pleananna teagmhasacha, sainaithneofar bearta chun saobhadh ar sholáthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d’eintitis leasa phoiblí a sheachaint, chun éifeacht na tógálachta mar thoradh ar rioscaí i dtaobh dliteanas nó clú, i gcás gnólachtaí iniúchóireachta eile cibé is cuid den ghréasán céanna iad nó nach ea, a chosc, agus chun carnadh struchtúrach eile rioscaí sa mhargadh a chosc.

Léireofar an méid seo a leanas sa phlean teagmhasach:

(a)     an leibhéal dliteanais a bhfuil gach comhpháirtí faoina réir laistigh den ghnólacht iniúchóireachta;

(b)     A mhéid is féidir le dliteanas dlíthiúil leathadh chuig gnólachtaí iniúchóireachta eile ar cuid den ghréasán céanna iad, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

3.           Gan dochar do na dlíthe náisiúnta infheidhme maidir le dócmhainneacht, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go sonrach go ndéanfar bearta a shainaithint sna pleananna teagmhasacha chun teip ordúil an ghnólachta lena mbaineann a ullmhú.

4.           Déanfaidh na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann a bpleananna teagmhasacha faoi seach a thíolacadh do na húdaráis inniúla laistigh d'amscála arna shocrú ag na húdaráis inniúla. Déanfar na pleananna teagmhasacha a uasdátú de réir mar is iomchuí.

Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla na pleananna teagmhasacha a fhormheas go foirmiúil ná ní thacóidh siad leo go foirmiúil. Féadfaidh siad tuairim a sholáthar, áfach, faoi na pleananna teagmhasacha nó faoi dhréachtphleananna teagmhasacha i gcás ina rachaidh na gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhairle leo roimh ré.

Airteagal 44

Trédhearcacht Údarás Inniúil

Beidh údaráis inniúla trédhearcach agus foilseoidh siad na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)          tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b)          cláir bhliantúla oibre maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(c)          tuarascáil maidir le torthaí foriomlána an chórais deimhnithe cáilíochta, ar bhonn bliantúil. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoi mholtaí a eisítear, gníomhartha a leanann as na moltaí, bearta maoirseachta a dhéantar agus pionóis a fhorchuirtear. Áireofar inti freisin faisnéis chainníochtúil agus faisnéis thábhachtach feidhmíochta eile maidir le hacmhainní airgeadais agus faoin líon foirne, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais deimhnithe cáilíochta;

(d)          cinntí agus conclúidí na gcigireachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 40(6).

CAIBIDIL III

COMHOIBRIÚ IDIR ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS CAIDREAMH LEIS NA hÚDARÁIS EORPACHA MAOIRSEACHTA

Airteagal 45

Oibleagáid an chomhair

Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát lena chéile i gcás inar gá sin chun críocha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear cásanna nach amhlaidh ina leith gurb ionann an t‑iompraíocht atá faoi imscrúdú agus sárú ar aon fhoráil reachtach nó rialála atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 46

ÚEUM

1.           Déanfar an comhoibriú idir údaráis inniúla a eagrú faoi chuimsiú ÚEUM.

Chuige sin, cruthóidh ÚEUM coiste inmheánach buan de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Beidh an coiste inmheánach sin comhdhéanta ar a laghad de na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán seo. Iarrfar ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE freastal ar chruinnithe an choiste inmheánaigh sin a bhaineann le nithe i dtaca le formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta agus i dtaca le caidreamh le tríú tíortha a mhéid atá ábhartha i ndáil le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí.

Comhoibreoidh ÚEUM le ÚBE agus le ÚEÁPC faoi chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Déanfaidh ÚEUM gach cúram atá ann cheana agus gach cúram leanúnach a ghlacadh chuige féin ón nGrúpa Eorpach Comhlachtaí Formhaoirseachta Iniúchóireachta (GECFI) arna chruthú le Cinneadh 2005/909/CE.

2.           Cuirfidh ÚEUM comhairle ar fáil do na húdaráis inniúla, sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla an chomhairle sin a mheas sula nglactar cinneadh críochnaitheach ar bith faoin Rialachán seo.

3.           Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa Rialachán seo, déanfaidh ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, treoirlínte ar na nithe seo a leanas a eisiúint de réir mar is iomchuí:

(a)     caighdeáin chomhchoiteanna maidir le hinneachar agus tíolacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b)     caighdeáin chomhchoiteanna maidir le hinneachar agus tíolacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 23;

(c)     caighdeáin chomhchoiteanna maidir le gníomhaíocht fhormhaoirseachta an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 24;

(d)     caighdeáin chomhchoiteanna agus dea-chleachtais maidir le hinneachar agus tíolacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 27, lena n‑áirítear an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 28;

(e)     caighdeáin chomhchoiteanna agus dea-chleachtais maidir leis an sásra sealaíochta comhleanúnaí dá dtagraítear in Airteagal 33;

(f)      caighdeáin chomhchoiteanna agus dea-chleachtais maidir le cur as oifig iniúchóirí, go háirithe maidir le forais chuí a bheith ann ina leith sin, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 34;

(g)     cleachtais agus gníomhaíochtaí forghníomhaithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo;

(h)     caighdeáin chomhchoiteanna agus dea-chleachtais maidir le seoladh athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur san áireamh:

(i)      scála agus méid éagsúil na gníomhaíochta dá ngabhann iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí reachtúla agus scála agus méid éagsúil beartas;

(ii)      comhchoitiantacht na gcaighdeán cáilíochta, na mbeartas agus na nósanna imeachta lena gcloíonn comhaltaí de chuid gréasán iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta;

(i)      caighdeáin chomhchoiteanna agus dea-chleachtais maidir le himscrúdúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 a sheoladh;

(j)      nósanna imeachta maidir le malartú faisnéise dá bhforáiltear Airteagal 49;

(k)     nósanna imeachta agus modhanna oibre maidir le hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 49;

(l)      nósanna imeachta agus rialacha mionsonraithe maidir le himscrúdúcháin agus cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 51;

(m)    feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí dá bhforáiltear in Airteagal 53, lena n‑áirítear na rialacha mionsonraithe maidir le comhaltas na gcoláistí a chinneadh, roghnú éascaitheoirí, na socruithe i scríbhinn maidir le hoibriú na gcoláistí agus na socruithe comhordúcháin idir coláistí.

Sula n‑eiseoidh sé na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le ÚBE agus le ÚEÁPC.

4.           Faoin X X 20XX [ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], agus ar bhonn dhá bhliain ar a laghad dá éis sin, ullmhóidh ÚEUM tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Sula bpoibleoidh sé a thuarascáil, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le ÚBE agus le ÚEÁPC.

Sa chéad tuarascáil ó ÚEUM atá le hullmhú faoin X X 20XX 20XX [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta.

Chun críocha an athbhreithnithe sin scrúdóidh ÚEUM an tionchar atá ag córais shibhialta na mBallstát i leith iniúchóirí ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta.

I dtuarascáil atá le hullmhú faoin X X 20XX [ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], déanfar scrúdú i dtaobh an bhfuil dóthain cumhachtaí ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus an bhfuil acmhainní dóthanacha acu chun a gcúraimí a chur i gcrích.

I dtuarascáil atá le hullmhú faoin X X 20XX [sé bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse], déanfaidh sé scrúdú i dtaobh na saincheisteanna seo a leanas:

(a)     na hathruithe ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta;

(b)     na hathruithe ar na pátrúin gníomhaíochta trasteorann, lena n‑áirítear mar thoradh ar na hathruithe a thugtar isteach i gCaibidil II de Threoir 2006/43/CE le Treoir xxxx/xx/AE;

(c)     measúnú eatramhach ar fheabhsú na cáilíochta iniúchóireachta agus ar thionchar an Rialacháin seo ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar eintitis leasa phoiblí iad.

I dtuarascáil atá le hullmhú faoin X X 20XX [dhá bhliain déag tar éis dheireadh na hidirthréimhse], déanfaidh ÚEUM meastóireacht ar thionchar an Rialacháin seo.

5.           Roimh an X X 20XX [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn thuarascálacha ÚEUM agus ar bhonn fianaise eile iomchuí, ar an tionchar atá ag na rialacha náisiúnta maidir le dliteanas iniúchóirí reachtúla ar an margadh iniúchóireachta. I bhfianaise chinntí na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé bheith iomchuí.

Airteagal 47

An prionsabal a bhaineann leis an mBallstát Baile

1.           Urramóidh na Ballstáit an prionsabal a bhaineann le rialáil ag an mBallstát Baile agus le formhaoirseacht ag an mBallstát ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta arna fhormheas agus ina bhfuil oifig chláraithe an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air suite.

2.           I gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, ní fhéadfaidh an Ballstát a éilíonn an iniúchóireacht reachtúil ar na ráitis chomhdhlúite airgeadais ceanglais bhreise i ndáil leis an iniúchóireacht reachtúil, ar ceanglais iad a bhaineann le clárú, le hathbhreithniú deimhnithe cáilíochta, le caighdeáin iniúchóireachta, le heitic ghairmiúil agus le neamhspleáchas, a fhorchur ar iniúchóir reachtúil ná ar ghnólacht iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireacht reachtúil á cur i gcrích aige nó aici ar fhochuideachta arna bunú i mBallstát eile.

3.           I gcás gnóthais a ndéantar a n‑urrúis a thrádáil ar mhargadh rialáilte i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an ghnóthais sin suite, ní fhéadfaidh an Ballstát ina ndéantar na hurrúis a thrádáil aon cheanglais bhreise i ndáil leis an iniúchóireacht reachtúil, ar ceanglais iad a bhaineann le clárú, le hathbhreithniú deimhnithe cáilíochta, le caighdeáin iniúchóireachta, le heitic ghairmiúil agus le neamhspleáchas, a fhorchur ar iniúchóir reachtúil ná ar ghnólacht iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireacht reachtúil á cur i gcrích aige nó aici ar ráitis bhliantúla airgeadais nó ar ráitis chomhdhlúite airgeadais an ghnóthais sin.

Airteagal 48

Malartú faisnéise

1.           Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis a éilítear chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile agus do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha ábhartha.

2.           Nuair atá iarraidh ar fhaisnéis á glacadh ó údarás inniúil eile nó ó Údarás Maoirseachta Eorpach, déanfaidh an t‑údarás a mbeidh an iarraidh á glacadh aige, na bearta riachtanacha a dhéanamh, gan aon mhoill mhíchuí, chun an fhaisnéis a iarrtar a bhailiú. Más rud é nach bhfuil an t‑údarás inniúil iarrtha in ann an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl don údarás inniúil iarrthach.

3.           Féadfaidh na húdaráis inniúla diúltú gníomhú de réir iarrata ar fhaisnéis in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)     go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfaí difear dochrach do cheannasacht, do shlándáil nó d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha, nó go ndéanfaí rialacha náisiúnta um urrúis a shárú, dá soláthrófaí faisnéis;

(b)     go bhfuiltear tar éis imeachtaí breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta céanna a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha;

(c)     go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit iarrtha tar éis breithiúnas críochnaitheach a thabhairt cheana féin i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta céanna.

Gan dochar do na hoibleagáidí a bhfuil siad faoina réir in imeachtaí breithiúnacha, ní fhéadfaidh údaráis inniúla ná na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha a fhaigheann faisnéis de bhun mhír 1 an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun a gcúraimí a fheidhmiú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó imeachtaí breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na gcúraimí sin.

4.           Féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda atá beartaithe lena húsáid i ndáil le comhlíonadh a gcúraimí a tharchur chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí, chuig bainc cheannais, chuig Córas Eorpach na mBanc Ceannais agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, agus chuig an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach. Ní choiscfear ar na húdaráis sin faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun a ndualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo a chur in iúl do na húdaráis inniúla.

Airteagal 49

Comhoibriú maidir le hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta

1.           Déanfaidh údaráis inniúla bearta chun comhoibriú éifeachtach a áirithiú ag leibhéal an Aontais i leith athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta.

2.           Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile maidir leis na hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta a dhéantar ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta ar cuid de ghréasán a fheidhmíonn gníomhaíochtaí suntasacha sa Bhallstát sin iad.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil a mbeidh aon iarraidh den sórt sin á déanamh aige ÚEUM a chur ar an eolas ina leith sin. I gcás imscrúdúcháin nó cigireachta lena ngabhann éifeacht trasteorann, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ÚEUM comhordú a dhéanamh ar an imscrúdúchán nó ar an gcigireacht.

3.           I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile chun bheith páirteach in athbhreithniú deimhnithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta ar cuid de ghréasán a fheidhmíonn gníomhaíochtaí suntasacha sa Bhallstát sin é nó í, ceadóidh sé don údarás inniúil iarrthach a bheith páirteach san athbhreithniú deimhnithe cáilíochta sin.

Ní bheidh an ceart ag an údarás inniúil iarrthach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a d’fhéadfadh difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha nó a d’fhéadfadh rialacha náisiúnta um urrúis a shárú.

Airteagal 50

Deimhniú Cáilíochta Eorpach

1.           Bunóidh ÚEUM deimhniú cáilíochta Eorpach le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireachtaí reachtúla i gcrích ar eintitis leasa phoiblí.

Comhlíonfaidh an deimhniú cáilíochta Eorpach na coinníollacha seo a leanas:

(a)     is é ÚEUM a sholáthróidh an deimhniú cáilíochta Eorpach agus beidh an deimhniú sin bailí ar fud an Aontais;

(b)     beidh iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta de chuid an Aontais a chomhlíonann na ceanglais ábhartha i dTeideal Iarratas a dhéanamh ar an deimhniú cáilíochta Eorpach;

(c)     foilseoidh ÚEUM na ceanglais ar dá réir a gheofar an deimhniú cáilíochta Eorpach. Beidh na ceanglais sin bunaithe ar cháilíocht iniúchóireachta agus ar thaithí na gcóras deimhnithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2006/43/CE agus in Airteagal 40 den Rialachán seo;

(d)     muirearóidh ÚEUM táillí ar na hiniúchóirí reachtúla agus ar na gnólachtaí iniúchóireachta is iarratasóirí as an deimhniú cáilíochta Eorpach a sholáthar i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal eo. Clúdóidh na táillí sin go hiomlán caiteachas riachtanach ÚEUM i ndáil leis an deimhniú a sholáthar agus i ndáil le haisíoc aon chostas a thabhóidh na húdaráis inniúla le linn obair a chur i gcrích de bhun an Airteagail seo;

(e)     luafaidh ÚEUM na cúiseanna leis an deimhniú a sholáthar nó le diúltú don iarratas;

(f)      déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta na coinníollacha a ghabhann le deonú tosaigh an deimhnithe a chomhlíonadh gach tráth;

(g)     beidh ÚEUM i dteideal athscrúdú a dhéanamh ar aon deimhniú arna dheonú d’aon iniúchóir reachtúil nó d’aon ghnólacht iniúchóireachta, arna iarraidh sin ag údarás inniúil nó ar a thionscnamh féin. Déanfar torthaí na n‑athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta a chur san áireamh;

(h)     beidh ÚEUM i dteideal an deimhniú cáilíochta Eorpach a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíonann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a thuilleadh na coinníollacha a bhaineann leis an deimhniú a fháil;

(i)      coinneoidh ÚEUM clár d'iniúchóirí reachtúla agus de ghnólachtaí iniúchóireachta a bhfuil an deimhniú faighte acu;

(j)      beidh carachtar saorálach ag an deimhniú cáilíochta Eorpach agus ní hionann é agus coinníoll a bheidh ann chun go mbeidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in ann iniúchóireachtaí reachtúla a chur i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, chun go bhformheasfar iad i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2006/43/CE nó chun go n‑aithneofar iad i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 3a den Treoir sin.

2.           Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an nós imeachta a shonrú ar dá réir a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireachtaí reachtúla i gcrích ar eintitis leasa phoiblí deimhniú cáilíochta Eorpach a fháil. Comhlíonfar na prionsabail seo a leanas leis na caighdeáin theicniúla sin:

(a)     tíolacfar iarratais do ÚEUM i dteanga a nglactar léi sa Bhallstát ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta arna fhormheas nó arna formheas nó i dteanga atá coitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

I gcás ina ndéanann grúpa gnólachtaí iniúchóireachta iarratas ar an deimhniú cáilíochta Eorpach, féadfaidh comhaltaí an ghrúpa sainordú a thabhairt do cheann amháin dá gcomhaltaí na hiarratais go léir a thíolacadh thar ceann an ghrúpa;

(b)     tarchuirfidh ÚEUM cóip den iarratas chuig údaráis inniúla na mBallstát a mbaineann an t‑iarratas leo;

(c)     déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát a mbaineann an t‑iarratas leo scrúdú comhpháirteach ar an iarratas ar an deimhniú laistigh de choláiste údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 53. Clúdóidh an scrúdú sin nithe i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas iomlán agus an gcomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le soláthar an deimhnithe. Déanfar faisnéis a gheofar ó athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta ar iarratasóir áirithe a úsáid sa scrúdú sin;

(d)     déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát a mbaineann an t‑iarratas leo comhairle a sholáthar do ÚEUM i dtaobh an mbeidh an t‑iarratasóir i dteideal an deimhniú a fháil;

(e)     déanfaidh ÚEUM cinneadh maidir leis an iarratas;

(f)      déanfaidh ÚEUM na céimeanna mionsonraithe nós imeachta agus na teorainneacha ama a bhunú;

Chun críocha phointe (ii), is iad seo a leanas, ar a laghad, na Ballstáit sin:

– más iniúchóir reachtúil an t‑iarratasóir, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil arna fhormheas nó arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2006/43/CE agus, más infheidhme, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil arna fhormheas nó arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 den Treoir sin agus/nó an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil iniúchóir reachtúil i mbun tréimhse oiriúnúcháin de bhun Airteagal 14 de Threoir 2006/43/CE;

– más gnólacht iniúchóireachta an t‑iarratasóir, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an gnólacht iniúchóireachta arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2006/43/CE agus, más infheidhme, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an gnólacht iniúchóireachta aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 3a den Treoir sin agus/nó an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil gnólachtaí rialaithe, gnólachtaí comhlachaithe nó máthairghnólacht ag an ngnólacht iniúchóireachta.

3.           Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh don Choimisiún faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh.

4.           Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 chun na táillí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 a chinneadh.

Leis na gníomhartha tarmligthe, cinnfear go háirithe na cineálacha táillí agus na nithe a bhfuil táillí dlite ina leith, méid na dtáillí, an tslí ina bhfuil siad le híoc agus an tslí ina bhfuil ÚEUM chun aisíocaíocht a thabhairt d’údaráis inniúla i leith aon chostas a thabhóidh siad le linn obair a chur i gcrích de bhun an Airteagail seo.

Clúdóidh méid na táille a mhuirearófar ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta na costais riaracháin go léir.

Airteagal 51

Comhoibriú maidir le himscrúdúcháin nó maidir le cigireachtaí ar an láthair

1.           I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d’fhorálacha an Rialacháin seo á gcur i gcrích, nó go ndearnadh gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, ar chríoch Ballstáit eile, déanfaidh siad an chonclúid sin a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit sin ar shlí chomh sonrach agus is féidir. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile gníomhaíocht iomchuí a chur i gcrích. Cuirfidh sé an t‑údarás inniúil a chuir an chonclúid in iúl dó ar an eolas faoi thoradh na gníomhaíochta sin agus, a mhéid is féidir, faoi fhorbairtí suntasacha eatramhacha.

2.           Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin a iarraidh go ndéanfaidh údarás inniúil Ballstáit eile imscrúdúchán a chur i gcrích ar chríoch an Bhallstáit is déanaí atá luaite.

Féadfaidh sé a iarraidh freisin go gceadófar do roinnt daoine dá phearsanra féin a bheith in éineacht pearsanra údarás inniúil an Bhallstáit sin le linn an imscrúdúcháin, lena n‑áirítear maidir le cigireachtaí ar an láthair.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil a dhéanfaidh aon iarraidh den sórt sin ÚEUM a chur ar an eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír.

Beidh an t‑imscrúdúchán nó an chigireacht faoi réir a rialaithe go foriomlán ag an mBallstát ar a chríoch a chuirtear i gcrích é nó í. I gcás imscrúdúcháin nó cigireachta lena ngabhann éifeacht trasteorann, áfach, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ÚEUM comhordú a dhéanamh ar an imscrúdúchán nó ar an gcigireacht.

3.           Sna cásanna seo a leanas, féadfaidh an t‑údarás inniúil iarrtha diúltú gníomhú ar bhonn iarrata ar imscrúdúchán a chur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír de mhír 2 nó ar bhonn iarrata go mbeidh pearsanra de chuid údaráis inniúil Ballstáit eile in éineacht lena phearsanra féin de réir mar a fhoráiltear sa dara fomhír de mhír 2:

(a)     go bhféadfadh imscrúdúchán nó cigireacht ar an láthair den sórt sin difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha;

(b)     go bhfuiltear tar éis imeachtaí breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha;

(c)     go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit iarrtha tar éis breithiúnas críochnaitheach a thabhairt cheana féin i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna.

Airteagal 52

Comhoibriú maidir le pleanáil theagmhasach

Más rud é, maidir leis na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann an ceanglas in Airteagal 43, gur cuid de ghréasáin iad de mhéid Aontais ar a laghad, comhoibreoidh údaráis inniúla laistigh de ÚEUM d’fhonn a áirithiú go ndéanfar gné an ghréasáin a chur san áireamh sna ceanglais éagsúla náisiúnta.

Déanfaidh na húdaráis inniúla na pleananna teagmhasacha a bheidh faighte de bhun Airteagal 43(4) a chur ar fáil do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile.

Ní dhéanfaidh ÚEUM na pleananna teagmhasacha a fhormheas go foirmiúil ná ní thacóidh siad leo go foirmiúil ach féadfaidh sé tuairim a sholáthar maidir leo.

Airteagal 53

Coláistí na n‑údarás inniúil

1.           Féadfar coláistí údarás inniúil a bhunú chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 40, 41, 50, 51, 52, agus 61 maidir le hiniúchóirí reachtúla sonracha, maidir le gnólachtaí iniúchóireachta sonracha nó maidir lena ngréasáin a éascú.

2.           Maidir le hiniúchóirí reachtúla sonracha nó maidir le gnólachtaí iniúchóireachta sonracha, bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile coláistí údarás inniúil.

Beidh an coláiste comhdhéanta d’údarás inniúil an Bhallstáit baile agus d’aon údarás inniúil eile de chuid Ballstát eile, ar choinníoll:

(a)     go bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ag soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d’eintitis leasa phoiblí laistigh dá dhlínse; nó

(b)     go bhfuil brainse ar cuid den ghnólacht iniúchóireachta é bunaithe laistigh dá dhlínse.

Gníomhóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile mar éascaitheoir.

3.           Maidir le gréasáin shonracha, déanfaidh ÚEUM coláistí údarás inniúil a bhunú arna iarraidh sin ag údarás inniúil amháin nó níos mó.

Beidh an coláiste comhdhéanta d’údaráis inniúla na mBallstát ina bhfeidhmíonn an gréasán gníomhaíochtaí suntasacha.

4.           Laistigh de 15 lá ón tráth a bhunaítear an coláiste údarás inniúil maidir le gréasán sonrach, roghnóidh a chomhaltaí éascaitheoir. In éagmais comhaontaithe, ceapfaidh ÚEUM éascaitheoir.

Déanfaidh comhaltaí an choláiste athbhreithniú gach cúig bliana ar a laghad ar roghnú an éascaitheora chun a áirithiú gurb é an t‑éascaitheoir a roghnaíodh an t‑éascaitheoir is iomchuí i gcónaí.

5.           Is é an t‑éascaitheoir a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus áiritheoidh sé go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann idir comhaltaí an choláiste.

6.           Déanfaidh an t‑éascaitheoir, laistigh de 10 lá oibre ón tráth a roghnaítear é nó í, socruithe comhordúcháin i scríbhinn a bhunú faoi chuimsiú an choláiste maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)     faisnéis atá le malartú i measc údarás inniúil;

(b)     cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;

(c)     na cásanna ina ndéanann na húdaráis inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 54.

7.           In éagmais chomhaontaithe maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe faoi mhír 6, féadfaidh aon chomhalta den choláiste an cheist a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh an t‑éascaitheoir tuairim a thugann ÚEUM uaidh maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe scríofa comhordaithe a leagan amach i ndoiciméad ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón tuairim a thug ÚEUM maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe. Tarchuirfidh an t‑éascaitheoir an doiciméad seo chuig comhaltaí an choláiste agus chuig ÚEUM.

Airteagal 54

Cúraimí a tharmligean

Féadfaidh an t‑údarás inniúil sa Bhallstát baile ceann ar bith dá chúraimí a tharmligean ar údarás inniúil i mBallstát eile faoi réir comhaontaithe an údaráis sin. Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht an údaráis inniúil atá ag déanamh an tarmligin.

Airteagal 55

Rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil i ndáil le ÚEUM

1.           Beidh feidhm ag oibleagáid na sicréideachta gairmiúla maidir le gach duine a oibríonn, nó a d’oibrigh, do ÚEUM nó d’aon duine eile a bhfuil cúraimí tarmligthe chuige nó chuici ag ÚEUM, lena n‑áirítear saineolaithe atá fostaithe ar chonradh ag ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag an rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile ach amháin i gcás ina mbeidh an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.           Ní choiscfidh mír 1 den Airteagal eo agus Airteagal 37 ar ÚEUM agus ar na húdaráis inniúla ó fhaisnéis rúnda a mhalartú. Beidh faisnéis a mhalartaítear amhlaidh clúdaithe le hoibleagáid na sicréideachta gairmiúla a bhfuil daoine atá fostaithe, nó a bhí fostaithe tráth, ag údaráis inniúla faoina réir.

3.           Maidir leis an bhfaisnéis go léir a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir ÚEUM, na húdaráis inniúla agus údaráis agus comhlachtaí eile, measfar gur faisnéis rúnda í ach amháin más rud é, an tráth a thugtar an fhaisnéis, go luann ÚEUM nó an t‑údarás inniúil nó an t‑údarás nó an comhlacht eile lena mbaineann go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó más rud é gur gá an nochtadh sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 56

Cosaint sonraí pearsanta

1.           Déanfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo.

2.           Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

CAIBIDIL IV

COMHOIBRIÚ LE hÚDARÁIS TRÍÚ TÍR AGUS LE hEAGRAÍOCHTAÍ AGUS COMHLACHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 57

Comhaontú maidir le malartú faisnéise

1.           Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla agus ÚEUM comhaontuithe comhoibrithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise le húdaráis inniúla tríú tíortha ach amháin más rud é, sna tríú tíortha lena mbaineann, go bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí i ndáil le sicréideacht ghairmiúil ar ráthaíochtaí iad atá coibhéiseach, ar a laghad, leo sin a leagtar amach in Airteagal 37 agus in Airteagal 55.

Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe le húsáid chun cúraimí na n‑údarás inniúil sin a chur i gcrích.

Más rud é, maidir leis an malartú faisnéise sin, go ngabhann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír leis, comhlíonfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE agus comhlíonfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.           Comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis na húdaráis inniúla nó le comhlachtaí ábhartha eile de chuid tríú tíortha maidir le hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta agus imscrúdúcháin ar iniúchóirí agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Rannchuideoidh ÚEUM leis an gcomhoibriú sin.

Rannchuideoidh ÚEUM le bunú cóineasú maoirseachta le tríú tíortha.

3.           I gcás ina mbaineann an comhoibriú nó an malartú faisnéise le páipéir oibre iniúchóireachta nó le doiciméid eile a shealbhaíonn iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, beidh feidhm ag Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.

Airteagal 58

Faisnéis a fhaightear ó thríú tíortha a nochtadh

Féadfaidh an t‑údarás inniúil i mBallstát an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha a nochtadh más rud é go bhfuil comhaontú go sainráite faighte ag an údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann ón údarás inniúil a d’aistrigh an fhaisnéis amháin agus, nuair is infheidhmithe, gur chun na gcríoch dár thug an t‑údarás inniúil sin amháin a chomhaontú a nochtfar an fhaisnéis gan dochar don riachtanas an fhaisnéis a nochtadh i ndáil le himeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 59

Faisnéis a aistrítear chuig tríú tíortha a nochtadh

Ceanglóidh údarás inniúil Ballstáit nó ÚEUM, maidir le faisnéis a chuireann siad in iúl d’údarás inniúil de chuid tríú tír, nach bhféadfaidh an t‑údarás inniúil sin an fhaisnéis sin a nochtadh do thríú páirtithe nó d’údaráis ach amháin le comhaontú sainráite roimh ré ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus ar choinníoll nach ndéantar an fhaisnéis a nochtadh ach amháin chun na gcríoch ar ina leith a thug údarás inniúil sin an Bhallstáit nó ÚEUM a chomhaontú nó i gcás ina bhfuil gá leis an nochtadh sin i ndáil le himeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 60

Comhoibriú le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta

Comhoibreoidh ÚEUM le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta a ullmhaíonn caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta.

Teideal V

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

Airteagal 61

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

1.           Déanfaidh na Ballstáit na rialacha ar smachtbhannaí agus ar bhearta riaracháin a leagan síos is infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar sáruithe iad a shainaithnítear san Iarscríbhinn agus is infheidhme ar na daoine atá freagrach as na sáruithe sin agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirtear na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin sin chun feidhme. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.           Faoin [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM. Déanfaidh siad aon leasú iardain ar na rialacha sin a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEUM.

3.           Tá an tAirteagal eo agus Airteagal 62 go hAirteagal 66 gan dochar d’fhorálacha an dlí choiriúil náisiúnta.

Airteagal 62

Cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur

1.           Beidh feidhm ag an Airteagal eo maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar sáruithe iad a shainaithnítear san Iarscríbhinn.

2.           Gan dochar do na cumhachtaí maoirseachta atá ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 38, i gcás sáraithe dá dtagraítear i mír 1, beidh cumhacht ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin seo a leanas ar a laghad a fhorchur:

(a)     ordú á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompraíocht agus gan gabháil don iompraíocht athuair;

(b)     ráiteas poiblí trína léirítear an duine atá freagrach agus cineál an tsáraithe, agus é a fhoilsiú ar láithreán gréasáin údarás inniúil;

(c)     toirmeasc sealadach ar an iniúchóir reachtúil, ar an ngnólacht iniúchóireachta nó ar an bpríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí agus/nó tuarascálacha iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 22 a shíniú, ar toirmeasc é a mbeidh éifeacht aige ar fud an Aontais go dtí go mbeidh deireadh curtha leis an sárú;

(d)     dearbhú a dhéanamh á rá nach gcomhlíonann an tuarascáil iniúchóireachta ceanglais Airteagal 22, go dtí go mbeidh deireadh curtha leis an sárú;

(e)     urchosc sealadach i gcoinne comhalta de chuid gnólachta iniúchóireachta nó comhlachta riaracháin nó bainistíochta eintitis leasa phoiblí feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí iniúchóireachta nó in eintitis leasa phoiblí;

(f)      smachtbhannaí riaracháin airgid suas go dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh;

(g)     i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid suas go EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an Euro acu mar airgeadra oifigiúil, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(h)     i leith duine dhlítheanaigh, smachtbhannaí riaracháin airgid suas go 10 % dá láimhdeachas iomlán bliantúil sa bhliain ghnó roimhe sin; i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina fhochuideachta nó ina fochuideachta de chuid máthairghnóthais, arna shainmhíniú in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán a éiríonn as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin.

3.           Féadfaidh na Ballstáit cumhachtaí eile forchurtha smachtbhannaí a thabhairt d’údaráis inniúla de bhreis ar na cinn sin dá dtagraítear i mír 2 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le leibhéil níos airde smachtbhannaí riaracháin airgid ná mar atá bunaithe sa mhír sin.

Airteagal 63

Smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach

1.           Nuair a bheidh an cineál smachtbhannaí agus beart riaracháin á gcinneadh, déanfaidh údaráis inniúla na himthosca ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n‑áirítear:

(a)     tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)     an méid freagrachta atá ar an duine freagrach;

(c)     neart airgeadais an duine fhreagraigh, de réir mar a léirítear le láimhdeachas iomlán an ghnóthais fhreagraigh nó ioncam bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh;

(d)     tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na gcaillteanas a sheachain, an duine freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)     leibhéal an chomhoibrithe, ar thaobh an duine fhreagraigh, leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá lena áirithiú go ndéanfar brabúis a ghnóthaigh, nó caillteanais a sheachain, an duine sin a thabhairt suas;

(f)      sáruithe roimhe sin ag an duine freagrach.

Féadfaidh údaráis inniúla nithe eile a chur san aireamh má tá na nithe sin arna sonrú sa dlí náisiúnta.

2.           Déanfaidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach ar treoirlínte iad a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le cineálacha beart agus smachtbhannaí riaracháin agus le leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid atá le cur i bhfeidhm i gcásanna ar leithligh laistigh den chreat náisiúnta dlíthiúil.

Airteagal 64

Smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú

Déanfar gach beart nó smachtbhanna riaracháin i leith sáraithe ar an Rialachán seo a fhoilsiú gan aon mhoill mhíchuí, lena n‑áirítear, ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe agus céannacht na ndaoine atá freagrach as an sárú, mura rud é go ndéanfadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i mbaol go tromchúiseach. I gcás ina mbeadh foilsiú ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe atá i gceist, foilseoidh údaráis inniúla na bearta agus na smachtbhannaí ar bhonn anaithnid.

Déanfaidh údaráis inniúla aon smachtbhanna nó aon bheart arna ghlacadh i leith sáraithe ar an Rialacháin seo a chur in iúl do ÚEUM gan aon mhoill mhíchuí.

Urramóidh foilsiú smachtbhannaí cearta bunúsacha arna leagan síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an AE, go háirithe an ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart maidir le sonraí pearsanta a chosaint.

Airteagal 65

Achomharc

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir an chirt chun achomharc a dhéanamh.

Airteagal 66

Sáruithe a thuairisciú

1.           Déanfaidh na Ballstáit sásraí éifeachtúla a bhunú chun go spreagfar tuairisciú sáruithe ar an Rialachán seo do na húdaráis inniúla.

2.           Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)     nósanna imeachta sonracha chun tuairiscí ar sháruithe a fháil agus chun gníomhartha a leanann astu a chur i gcrích;

(b)     cosaint iomchuí do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ionchasacha nó sáruithe iarbhír;

(c)     cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairiscíonn sáruithe ionchasacha nó iarbhír agus leis an duine cúisithe araon i gcomhlíonadh na bprionsabal a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE;

(d)     nósanna imeachta iomchuí chun go n‑áiritheofar ceart an duine chúisithe chun cosaint agus éisteacht a fháil agus sula nglactar cinneadh a bhaineann leis agus an ceart chun leigheas éifeachtach a lorg os comhair binse i gcoinne aon chinnidh nó birt a bhaineann leis.

3.           Bunóidh gnólachtaí iniúchóireachta agus eintitis leasa phoiblí nósanna imeachta iomchuí dá bhfostaithe chun sáruithe ionchasacha nó iarbhír ar an Rialachán seo a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach sonrach.

Airteagal 67

Faisnéis a mhalartú le ÚEUM

1.           Déanfaidh údaráis inniúla agus údaráis bhreithiúnacha faisnéis chomhiomlánaithe a sholáthar ar bhonn bliantúil do ÚEUM maidir le gach beart, smachtbhanna agus fíneáil riaracháin a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagail 61, 62, 63, 64, 65 agus 66. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil.

2.           I gcás ina mbeidh an t‑údarás inniúil tar éis bearta, smachtbhannaí agus fíneálacha riaracháin a nochtadh don phobal, déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú go comhuaineach do ÚEUM.

Teideal VI

Gníomhartha tarmligthe, tuairisciú agus forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 68

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal eo.

2.           Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(6) agus in Airteagal 50(4) a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.           Maidir le tarmligean cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 10(6) agus 50(4), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun tarmligean a chúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 50(4) i bhfeidhm ach amháin más rud é nach bhfuil aon agóid léirithe ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] ón tráth a cuireadh an gníomh sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 69

Tuarascáil

Faoin X X 20XX [cúig bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse], ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin, tabharfar aird chuí ar an tuarascáil arna hullmhú ag ÚEUM agus dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 46(4).

Airteagal 70

Foráil idirthréimhseach

1.           De mhaolú ar Airteagal 32 agus ar Airteagal 33, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le conarthaí chun iniúchóireacht a sholáthar d’eintitis leasa phoiblí, ar conarthaí iad atá i bhfeidhm an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]:

(a)     leanfaidh aon chonradh iniúchóireachta arna dhéanamh roimh an XX/XX/XXXX [dáta glactha thogra an Choimisiúin] agus atá i bhfeidhm fós an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] de bheith infheidhme go ceann tréimhse uasta ceithre bliana cuntasaíochta tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(b)     leanfaidh aon chonradh iniúchóireachta arna dhéanamh tar éis an XX/XX/XXXX [dáta glactha thogra an Choimisiúin] ach roimh an XX/XX/XXXX [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus atá i bhfeidhm fós de bheith infheidhme go ceann tréimhse uasta cúig bliana cuntasaíochta tar éis an XX/XX/XXXX [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(c)     nuair a théann conradh iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) in éag nó nuair a fhoirceanntar é, féadfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí an conradh sin a athnuachan uair amháin leis an iniúchóir reachtúil céanna nó leis an ngnólacht iniúchóireachta céanna, gan forálacha Airteagal 31(3) a bheith infheidhme. Beidh conradh athnuaite den sórt sin faoi réir an uasfhaid seo a leanas:

(i)      1 bhliain: má tá an t‑iniúchóir tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí is faide ná 100 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(ii)      2 bhliain: má tá an t‑iniúchóir tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí idir 51 bhliain agus 100 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(iv)     3 bliana: má tá an t‑iniúchóir tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí idir 21 bhliain agus 50 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(v)     4 bliana: má tá an t‑iniúchóir tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí idir 11 bhliain agus 20 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(vi)     5 bliana: má tá an t‑iniúchóir tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí nach faide ná 10 mbliana, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

De mhaolú ar na critéir a leagtar amach i bpointe (c), féadfaidh an conradh iniúchóireachta leanúint de bheith infheidhme go dtí deireadh na chéad bhliana cuntasaíochta [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

De mhaolú ar phointe (a) go pointe (c), nuair a dhéantar uasfhad an chaidrimh conartha idir an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta agus an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a bhunú le rialacha náisiúnta, ar fad é nach faide ná 9 mbliana, agus nuair a cheanglaítear ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air iniúchóir reachtúil difriúil nó gnólacht iniúchóireachta difriúil a roghnú nuair a shroichtear an t‑uasfhad sin, féadfaidh an conradh iniúchóireachta leanúint de bheith infheidhme go dtí deireadh thréimhse an uasfhaid sin.

2.           Beidh feidhm ag Airteagal 33 maidir le haon chonradh iniúchóireachta arna dhéanamh tar éis an [...] [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ach roimh an [...] [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 32(3) maidir le conradh den sórt sin ach amháin tar éis dheireadh nó fhoirceannadh na chéad athnuachana a dhéantar ar an gconradh sin.

Airteagal 71

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 72

Teacht i bhfeidhm.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Ar a shon sin, beidh feidhm ag Airteagal 32(7) ón [...] [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus beidh feidhm ag Airteagal 10(5) ón [...] [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,             Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

I.          Sáruithe ag iniúchóirí reachtúla, ag gnólachtaí iniúchóireachta nó ag príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta

A. Sáruithe a bhaineann le coimhlintí leasa, ceanglais eagrúcháin nó ceanglais oibríochtúla

1.           Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 6(1) más rud é nach mbunaíonn sé nó sí beartais dhóthanacha agus nósanna imeachta dóthanacha chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais íosta eagrúcháin, de réir mar a leagtar amach i mír 1(a) go (k).

2.           Déanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích thar ceann gnólachta iniúchóireachta Airteagal 8(1)(a) a shárú má théann sé nó sí i mbun príomhphoist bainistíochta san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air sula mbeidh tréimhse dhá bhliain ar a laghad imithe in éag ón tráth a d’éirigh sé nó sí as oifig mar iniúchóir reachtúil nó mar phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta san fhostaíocht iniúchóireachta.

3.           Déanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích thar ceann gnólachta iniúchóireachta Airteagal 8(1)(b) a shárú má thagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó de chomhlacht coibhéiseach sula mbeidh tréimhse dhá bhliain ar a laghad imithe in éag ón tráth a d’éirigh sé nó sí as oifig mar iniúchóir reachtúil nó mar phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta san fhostaíocht iniúchóireachta.

4.           Déanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích thar ceann gnólachta iniúchóireachta Airteagal 8(1)(c) a shárú má thagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta neamhfheidhmiúcháin nó ina comhalta neamhfheidhmiúcháin de chomhlacht riaracháin, nó ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht maoirseachta, an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air sula mbeidh tréimhse dhá bhliain ar a laghad imithe in éag ón tráth a d’éirigh sé nó sí as oifig mar iniúchóir reachtúil nó mar phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta san fhostaíocht iniúchóireachta.

5.           Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 9(2) más rud é nach n‑áirithíonn sé nó sí nach dtéann seirbhísí gaolmhara iniúchóireachta airgeadais arna soláthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air thar 10 % de na táillí arna n‑íoc ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air as an iniúchóireacht reachtúil.

6.           Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 10 má dhéanann sé nó sí seirbhísí seachas seirbhísí iniúchóireachta reachtúla nó seirbhísí gaolmhara iniúchóireachta airgeadais a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air.

B. Sáruithe a bhaineann le déanamh na hiniúchóireachta reachtúla

7.           Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 16(3) más rud é nach gcoinníonn sé nó sí taifid ar na cásanna nuair nach n‑urramaíonn a fhostaithe nó a fostaithe na forálacha atá sa Rialachán seo nó más rud é nach n‑ullmhaíonn sé nó sí tuarascáil bhliantúil maidir leis na bearta a rinneadh chun comhlíonadh na bhforálacha sin a áirithiú.

8.           Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 16(4) más rud é nach gcothabhálann sé nó sí taifead ar chuntais chliaint ar taifead é ina n‑áirítear na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír chéanna.

9.           Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 16(5) más rud é nach gcruthaíonn sé nó sí comhad iniúchóireachta i ndáil le gach iniúchóireacht reachtúil ar leith a chuirtear i gcrích, ar comhad é ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) den mhír chéanna.

10.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 17(1)(c) más rud é nach gcuireann sé nó sí an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 36 ar an eolas faoi theagmhas lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha, nó a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag gabháil leis, i ndáil le sláine a ghníomhaíochta reachtúla nó a gníomhaíochta reachtúla.

11.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 17(2) más rud é nach ndéanann sé nó sí an t‑údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar eintitis leasa phoiblí a chur ar an eolas faoi aon chalaois a rinneadh, nó ar féachadh lena déanamh, maidir le ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

12.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 19 más rud é nach n‑áirithíonn sé nó sí go ndéantar athbhreithniú deimhnithe cáilíochta a chur i gcrích de réir na gceanglas a leagtar amach i mír 2 go mír 6 den Airteagal in.

C. Sáruithe a bhaineann le tuairisciú iniúchóireachta

13.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 22 más rud é nach soláthraíonn sé nó sí tuairim iniúchóireachta arna hullmhú i gcomhréir leis na ceanglais i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 7 den Airteagal in.

14.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 23 más rud é nach dtíolacann sé nó sí tuarascáil bhreise do choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, ar tuarascáil í a ullmhaítear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal in.

15.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 25 más rud é nach ndéanfaidh sé nó sí tuairisciú pras do na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar eintitis leasa phoiblí faoi aon fhíoras nó aon chinneadh a bhaineann leis an eintiteas leasa phoiblí sin agus ar tháinig sé nó sí ar an eolas faoi le linn an iniúchóireacht reachtúil sin a chur i gcrích agus a d’fhéadfadh baint a bheith aige le haon cheann de na sáruithe a luaitear i bpointe (a) go pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 25.

D. Sáruithe a bhaineann le forálacha maidir le nochtadh

16.         Sáraíonn an gnólacht iniúchóireachta an chéad fhomhír d’Airteagal 26(1), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 26(4), más rud é nach ndéanann sé a thuarascáil bhliantúil airgeadais, de réir bhrí mhír 2 d’Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE, a phoibliú ar a láithreán gréasáin ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis gach bliana airgeadais ar leith agus más rud é nach gcuireann sé ar fáil í ar feadh cúig bliana ar a laghad.

17.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil an dara fomhír d’Airteagal 28(2), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 27(1), más rud é nach ndéanann sé a ráiteas bliantúil ioncam a phoibliú ar a láithreán gréasáin agus más rud é nach gcuireann sé ar fáil é ar feadh cúig bliana ar a laghad.

18.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 26(2) más rud é nach ndéanann sé nó sí na táillí a fuarthas ó iniúchóireacht reachtúil a dhéantar ar ráitis bhliantúla airgeadais nó ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí agus eintiteas ar cuid de ghrúpa cuideachtaí iad a bhfuil a máthairghnóthas ina eintiteas leasa phoiblí a thaispeáint ina ráiteas bliantúil ioncaim nó ina thuarascáil bhliantúil airgeadais nó ina tuarascáil bhliantúil airgeadais ar leithligh ó na táillí a fuarthas ón iniúchóireacht reachtúil a dhéantar ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas eile agus ó tháillí a mhuirearaítear ar sheirbhísí gaolmhara iniúchóireachta airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 10.

19.         Déanann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar cuid de ghréasán é nó í Airteagal 26(3) a shárú más rud é nach ndéanann sé nó sí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 26(3) a sholáthar mar iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas ioncaim nó leis an tuarascáil bhliantúil airgeadais, mura rud é go bhfuil feidhm ag an maolú sa dara fomhír den mhír sin.

20.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 27 más rud é nach ndéanann sé nó sí tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú go tráthúil, lena n‑áirítear faisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal in agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 28.

21.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 29 más rud é nach ndéanann sé nó sí liosta de na heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht orthu a thabhairt gach bliain dá údarás inniúil nó dá húdarás inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 35(1), de réir an ioncaim arna ghiniúint uathu.

22.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 30(1) más rud é nach gcoinníonn sé nó sí na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1).

E. Sáruithe a bhaineann le heintitis leasa phoiblí do cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta

23.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 33(2) más rud é go dtéann sé nó sí i mbun iniúchóireachta reachtúla ar an eintiteas leasa phoiblí tar éis dhá fhostaíocht chomhleanúnacha dá dtagraítear in Airteagal 33(1) a bheith imithe in éag agus sula mbeidh an tréimhse ceithre bliana caite.

24.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 33(6) más rud é nach ndéanann sé nó sí comhad aistrithe iomlán ag deireadh na fostaíochta iniúchóireachta a thíolacadh don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua.

F. Sáruithe a bhaineann le deimhniú cáilíochta

25.         Sáraíonn an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 40(6) más rud é nach ndéanann sé nó sí gníomhartha a leanann as moltaí a éiríonn as cigireachtaí a chur i gcrích laistigh den tréimhse arna leagan amach ag an údarás inniúil.

II.        Sáruithe ag eintitis leasa phoiblí

A.        Sáruithe a bhaineann le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta

1.           Gan dochar d’Airteagal 31(2). (3) agus (4), sáraíonn eintiteas leasa phoiblí Airteagal 31(1) más rud é nach mbunaíonn sé coiste iniúchóireachta agus/nó más rud é nach gceapann sé an líon riachtanach comhaltaí neamhspleácha agus/nó más rud é nach gceapann sé an líon riachtanach comhaltaí ag a bhfuil inniúlacht shonrach maidir le cuntasaíocht agus/nó iniúchóireacht.

2.           Sáraíonn eintiteas leasa phoiblí Airteagal 32(1) más rud é nach ndéanann sé an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) a cheapadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 32(2) go (6).

3.           Sáraíonn eintiteas leasa phoiblí Airteagal 33 trí bhíthin an t‑iniúchóir reachtúil céanna nó an gnólacht iniúchóireachta céanna a fhostú ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 33.

4.           Sáraíonn eintiteas leasa phoiblí Airteagal 34 más rud é go ndéanann sé iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a chur as oifig gan aon fhorais chuí.

[1]               Féadtar míniú a thabhairt ar na méideanna móra tacaíochta a ceadaíodh faoi scéimeanna sa mhéid gur ghlac Ballstáit áirithe scéimeanna ilráthaíochta chucu a chlúdaigh fiachanna a mbanc uile. Bhí Ballstáit ag brath go príomha ar bhearta ráthaíochta. Ceadaíodh €546.08 billiún (4.5 % de OTI) mar bhearta athchaipitlithe, ar bhain Ballstáit úsáid iarbhír thart ar €141.5 billiún astu i 2009. Sa tréimhse idir Deireadh Fómhair 2008 agus Deireadh Fómhair 2010 d’údaraigh an Coimisiún bearta géarchéime airgeadais i réimse chúnamh Stáit i 22 Ballstát: i.e. i ngach Ballstát seachas an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Eastóin, Málta agus an Rómáin.

[2]               An Coimisiún Eorpach, Páipéar Uaine ar Bheartas Iniúchta: Ceachtanna ón nGéarchéim, COM (2010)561, 13.10.2010.

[3]               http://ec.europa.eu/internal_market/accounting/conferenc_20110209_en.htm

[4]               http://www.europarl.europa.eu/oeil/FindByProcnum.do?lang=en&procnum=INI/2011/2037

[5]               COM(2010)561 críochnaitheach, IO C 248, 25.8.2011, lch. 92.

[6]               Féach alt 4.3 den Meamra Míniúchán ar an togra do leasú Treoir 2006/43/CE le haghaidh eolas níos mionsonraithe ar scóip gach togra.

[7]               Faoi réir, nuair is iomchuí, socruithe idirthréimhseacha leordhóthanacha.

[8]               COM(2010) 716 críochnaitheach.

[9]               COM(2009) 501 críochnaitheach, COM(2009) 502 críochnaitheach, COM (2009) 503 críochnaitheach.

[10]             IO C , , lch. .

[11]             Dáta na tuairime ón MECS.

[12]             IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.

[13]             IO L 374, 31.12.1991, lch. 7.

[14]             IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.

[15]             IO L 319, 05.12.2007, lch. 1.

[16]             IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

[17]             IO L 267, 10.10.2009, lch. 7.

[18]             IO L 174, 1.7.2011, lch. 1.

[19]             IO L 145, 30.04.2004, lch. 1.

[20]             IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.

[21]             IO L 193, 18.07.1983, lch. 1.

[22]             IO L 157, 9.6.2006, lch. 87.

[23]             COM(2010) 561 críochnaitheach.

[24]             IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[25]             IO L 8, 12.01.2001, lch. 1.

[26]             IO L 52, 25.02.2005, lch. 51.

[27]             IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

[28]             IO L 120, 7.5.2008, lch. 20.

[29]             IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

[30]             IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

[31]             IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.

[32]             COM(2010)716 Críochnaitheach

[33]             IO L 162, 30.4.2004, lch. 70.

[34]             IO L 177, 30.6.2006, lch. 1.

[35]             IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

[36]             IO L 345, 31.12.2003, lch.64.

[37]             IO L 149, 30.4.2004, lch. 1.

Top