This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0615
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL laying down common provisions on the European Regional Development Fund, the European Social Fund, the Cohesion Fund, the European Agricultural Fund for Rural Development and the European Maritime and Fisheries Fund covered by the Common Strategic Framework and laying down general provisions on the European Regional Development Fund, the European Social Fund and the Cohesion Fund and repealing Regulation (EC) No 1083/2006
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
/* COIM/2011/0615 leagan deireanach - 2011/0276 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 /* COIM/2011/0615 leagan deireanach - 2011/0276 (COD) */
{SEC(2011)1141
final} {SEC(2011)1142
final} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
Ar an 29 Meitheamh 2011, ghlac an
Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don
tréimhse 2014-2020: Buiséad don Eoraip 2020[1].
Tá simpliú chur chun feidhme beartais, fócas ar thorthaí agus úsáid mhéadaithe
na coinníollachta i measc phríomh-shainmharcanna na chéad sraithe eile clár. Sainíodh simpliú mar eochair-chuspóir sa
Teachtaireacht maidir leis an Athbhreithniú ar Bhuiséad an AE[2],
i gClár Oibre na Rialála Cliste[3] agus sa teachtaireacht
thuasluaite maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. Dealraíonn sé ó thaithí sa tréimhse cláraithe reatha, gur minic a
mheastar go bhfuil éagsúlacht agus ilroinnt na rialacha a rialaíonn cláir
chaiteachais róchasta agus gur deacair iad a chur chun feidhme agus a rialú. Cuireann
sin ualach trom riaracháin ar thairbhithe agus ar an gCoimisiún agus ar
Bhallstáit, rud ar féidir an éifeacht a bheith leis, nach bhfuiltear ag súil
léi, rannpháirtíocht a dhíspreagadh, rud a mhéadaíonn rátaí earráide agus a
chuireann moill ar chur chun feidhme. Fágann sin nach mbaintear an tairbhe ar
fad is féidir a bhaint as cláir an AE. Déanann Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
(CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste Comhtháthaithe (CC), an Ciste
Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Muirí
agus Iascaigh a bheidh ann amach anseo (CEMI) (dá ngairtear anseo feasta 'Cistí
CSF - Chreat Tacaíochta an Chomhphobail') cuspóirí beartais comhlántacha a
shaothrú agus tá a mbainistíocht roinnte idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Is tábhachtach dá bhrí sin éifeachtacht gach ionstraime struchtúraí a
uasmhéadú i dtéarmaí cuspóirí agus spriocanna a bhaint amach ar cuspóirí agus
spriocanna iad arna leagan síos i gcláir agus sineirgíochtaí agus
éifeachtúlacht na n-ionstraimí éagsúla a bharrfheabhsú. Bainfear an méid sin
amach trí bheartas fónta, coinníollacha rialaithe agus coinníollacha maidir
leis an gcreat institiúideach do na cistí, fócas méadaithe ar thorthaí agus trí
fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí agus spriocanna arna
gcomhaontú i gcláir chomh maith le comhchuibhiú, a mhéid is féidir, rialacha
cur chun feidhme agus ceanglas rialaithe. Sa chomhthéacs sin, cuireann an Rialachán
comhthacar de rialacha bunúsacha ar fáil. Tá sé roinnte in
dhá chuid. Sa chéad chuid leagtar amach sraith forálacha
coiteanna a rialaíonn gach ionstraim struchtúrach atá cumhdaithe ag an
gComhchreat Straitéiseach. Baineann na forálacha sin le
prionsabail ghinearálta na tacaíochta amhail comhpháirtíocht, rialáil
il-leibhéil, comhionannas idir fir agus mná, inbhuanaitheacht agus comhlíonadh
an dlí náisiúnta agus dhlí an AE is infheidhme. Tá ar áireamh sa togra freisin
eilimintí coiteanna na pleanála straitéisí agus an chláraithe straitéisigh,
lena n-áirítear liosta cuspóirí comhpháirteacha téamacha a tógadh ó Straitéis
Eoraip 2020, forálacha maidir leis an gComhchreat Straitéiseach ar leibhéal an
Aontais agus maidir le Conarthaí Comhpháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le
gach Ballstát. Leagtar amach ann cur chuige coiteann chun baint amach torthaí
sna gníomhaíochtaí a dhéantar i réimsí an bheartais chomhtháthaithe, an
bheartais forbartha tuaithe agus an bheartais mhuirí agus iascaireachta a
atreisiú agus dá bhrí sin áirítear ann forálacha maidir le coinníollachtaí agus
athbhreithniú feidhmíochta, ach freisin na socruithe maidir le faireacháin,
tuairisciú agus meastóireacht. Déantar forálacha coiteanna maidir le cur chun
feidhme Chistí CSF a leagan amach freisin maidir le rialacha incháilitheachta,
agus déantar socruithe speisialta a shainiú i gcomhair ionstraimí airgeadais
agus forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail. Is coiteann freisin roinnt
socruithe bainistíochta agus rialaithe do Chistí CSF ar fad. Áirítear sa dara cuid forálacha sonracha arna
leagan amach do CFRE, CSE agus don CC. Áirítear iontu sin
forálacha a bhaineann le misean agus cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe,
leis an gcreat airgeadais, leis na socruithe sonracha maidir le clárú agus
tuairisciú, le mórthionscadail agus le pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha.
Sa dara cuid leagtar amach na ceanglais maidir le bainistíocht agus córais
rialaithe faoin mbeartas comhtháthaithe agus cuirtear síos ann ar na socruithe
sonracha maidir le rialú agus bainistíocht airgeadais. Ag an am céanna, áiritheoidh an Coimisiún go
gcaomhnófar sineirgíochtaí a baineadh amach cheana trí shimpliú agus trí
chomhchuibhiú an chéad cholúin (an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta –
CERT) agus an dara cholúin (CETFT) den Chomhbheartas Talmhaíochta. Déanfar an nasc láidir idir an CERT agus an CETFT a chothabháil, dá
bhrí sin, agus na struchtúir atá i bhfeidhm cheana sna Ballstáit a choinneáil.
2.
TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA
AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR
2.1.
Comhairliúcháin agus comhairle na
saineolaithe
Baintear leas sa Rialachán as comhairliúcháin
fhairsinge le geallsealbhóirí, lena n-áirítear Ballstáit, réigiúin,
comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, saineolaithe acadúla agus
institiúidí idirnáisiúnta i gcomhthéacs ullmhúchán an togra do gach ciste
struchtúrach do chreat airgeadais na tréimhse 2014-2020. Úsáideadh
torthaí na meastóireachtaí ex-post a rinneadh ar na cláir 2000-2006; agus
úsáideadh raon leathan staidéar agus comhairle saineolaithe mar ionchur. Don chéad chreat beartais chomhtháthaithe
eile, sholáthair comhairle saineolaithe an Grúpa Ardleibhéil ag machnamh ar
Bheartas Comhtháthaithe amach anseo comhairle saineolaithe, ardán
neamhfhoirmiúil a bunaíodh le tacú le hobair an Choimisiúin maidir le treoracha
an bheartais chomhtháthaithe amach anseo a fhorbairt, ar tionóladh 10 gcruinniú
dá chuid idir 2009 agus 2011 chomh maith le Tascfhórsa ar Choinníollacht, ar
tionóladh trí chruinniú dá chuid go luath in 2011. Rinneadh
comhairliúchán poiblí ar chonclúidí na Cúigiú Tuarascála faoi Chomhtháthú idir
an 12 Samhain 2010 agus 31 Eanáir 2011. Fuarthas 444
aighneacht ar an iomlán. Foilsíodh achoimre ar na torthaí an
13 Bealtaine 2011[4]. Rinneadh comhairliúchán poiblí faoi thodhchaí
na forbartha tuaithe idir an 23 Samhain 2010 agus an 25 Eanáir 2011 agus
eagraíodh coiste comhairliúcháin le geallsealbhóirí an 12 Eanáir 2011.[5] Ar an iomlán, fuair an Coimisiún 517 aighneachtaí. I measc na
n-aighneachtaí ó eagraíochtaí, fuarthas 44% díobh ó earnáil na feirmeoireachta
agus na próiseála agus 40% díobh ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla,
eagraíochtaí comhshaoil, meithleacha smaointe agus institiúidí taighde chomh
maith le heagraíochtaí forbartha, leis an earnáil trádála, agus le
heagraíochtaí tomhaltóirí. I measc eagraíochtaí eile (12%) a ghlac páirt sa
chomhairliúchán bhí eagraíochtaí cosanta sláinte, comhlachtaí bainistithe uisce
agus ionadaíochtaí na sochaí sibhialta. Maidir le hathchóiriú an chomhbheartais
iascaigh, glacadh Páipéar Uaine in Aibreán 2009[6], agus rinneadh
comhairliúchán poiblí ina dhiaidh sin. Sa bhreis ar an gcomhairliúchán poiblí,
eagraíodh tuairim is 200 cruinniú le Ballstáit, leis an gCoiste Comhairleach um
Iascach agus Dobharshaothrú (ACFA) agus leis na Comhairlí Comhairleacha
Réigiúnacha (RACanna), le tionscal na hiascaireachta, le hearnáil na próiseála
agus na margaíochta, le ceardchumainn, le ENRanna, agus leis an bpobal taighde.
Eagraíodh na cruinnithe seo a leanas go háirithe: (i) eagraíodh dhá chruinniú
leis na Ballstáit, ar pléadh cistiú amach anseo lena linn, in Gent (12-14 Meán
Fómhair 2010) agus Noordwijk (9-11 Márta 2011); (ii) eagraíodh seimineár an 13
Aibreán 2010, sa Bhruiséil, seimineár lenar díríodh ar an gCiste Eorpach
Iascaigh amach anseo agus inar ghlac geallsealbhóirí ón earnáil tionsclaíochta,
ó chearchumainn agus ó Bhallstáit páirt; (iii) tharla comhdháil faoi thodhchaí
na forbartha áitiúla i limistéir iascaigh sa Bhruiséil (12-13 Aibreán 2011). Is féidir teacht ar roinnt conclúidí coiteanna
ó thorthaí na gcomhairliúchán éagsúil, ar conclúidí iad a dhearbhaigh an méid
seo a leanas: –
D'iarr formhór na ngeallsealbhóirí go leanfaí de
thacaíocht airgeadais a thabhairt do na beartais sin; –
Ba cheart do thacaíocht an AE díriú ar roinnt
tosaíochtaí agus ba cheart na beartais éagsúla a ailíniú le Straitéis Eoraip
2020; –
I gcás an bheartais chomhtháthaithe go háirithe,
d'iarr geallsealbhóirí cur chuige dírithe níos mó ar thorthaí agus bhí
tacaíocht láidir ann do thacar simplithe níos trédhearcaí de nósanna imeachta
bainistíochta airgeadais; D'iarr formhór na ngeallsealbhóirí cur chuige
níos comhtháite nó straitéisí atá comhordaithe le beartais agus le hionstraimí
airgeadais eile de chuid an AE.
2.2.
Measúnú iarmharta
Baineann an togra seo úsáid as trí Mheasúnú
Tionchair: ceann amháin a rinneadh do CFRE, don CC agus do
CSE le chéile; agus ceann amháin don CETFT agus don CEMI faoi seach. Sna
measúnuithe tionchair sin rinneadh anailís ar shaincheisteanna lena n‑áirítear
breisluach an AE, feidhmíocht agus cur chun feidhme na mbeartas, chomh maith le
simpliú agus comhchuibhiú na rialacha. Bhain na roghanna a ndearnadh measúnú
orthu sa mheasúnú tionchair le (i) feabhas a chur ar chumas na mbeartas luach
breise Eorpach a sholáthar, (ii) feidhmíocht na mbeartas a mhéadú agus (iii)
simpliú – costais riaracháin a laghdú agus an earráid riosca a íosmhéadú.
2.2.1.
Luach breise Eorpach a sholáthar
Chun go mbeidh siad in ann breisluach Eorpach
níos mó a sholáthar, ní mór do na cláir struchtúracha an dá rud seo a leanas a
dhéanamh: a) a dtacaíocht a dhíriú ar thosaíochtaí an AE
agus b) comhordú le beartais agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an AE. Soláthraíonn
Straitéis Eoraip 2020 tacar soiléir de chuspóirí coiteanna, lena n-áirítear
príomhspriocanna agus tionscnaimh shuaitheanta, amhail creat soiléir chun
tosaíochtaí cistiúcháin a shainaithint. Tá comhaontú ginearálta i measc
geallsealbhóirí maidir le ról na mbeartas éagsúil (an beartas comhtháthaithe,
an beartas forbartha tuaithe agus an beartas muirí agus iascaigh) i rannchuidiú
le Straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach[7]. Maidir le tacaíocht a dhíriú ar thosaíochtaí
an AE, i measc na roghanna ar a ndearnadh measúnú bhí cur chuige solúbtha
maidir le tacaíocht a dhíriú trí sholáthairtí a shainmharcáil; nasc níos uilechuimsithí agus níos sofheicthe le príomhspriocanna
Eoraip 2020 agus leis na Treoracha Comhtháite, rud a áiritheodh mais
chriticiúil do CSE agus, ar an tríú dul síos, díriú ar thosaíochtaí an AE i
mBallstáit bheagfhorbartha amháin. Is í rogha na tosaíochta nasc láidir a bhunú
le spriocanna Eoraip 2020 is mó a rannchuideodh leis na príomhspriocanna a
bhaint amach. Maidir le comhordú le beartais agus ionstraimí
airgeadais eile de chuid an AE, áiríodh sna roghanna a scrúdaíodh ailíniú
scaoilte bunaithe ar Threoirlínte Straitéiseacha Comhphobail
neamhcheangailteacha, ailíniú níos uilechuimsithí le cuspóirí Eoraip 2020
tríd an gComhchreat Straitéiseach agus an gConradh Comhpháirtíochta, agus gan
ailíniú le beartais agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an AE thar
chomhlíonadh foirmiúil. Meastar go n-áirithíonn socruithe
straitéiseacha pleanála a n-áirítear an Comhchreat Straitéiseach ar leibhéal an
Aontais agus Conarthaí Comhpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta iontu comhordú
éifeachtach idir beartais agus ionstraimí de chuid an Aontais.
2.2.2.
Feidhmíocht an bheartais a mhéadú
Braitheann éifeachtacht na n-ionstraimí
struchtúracha éagsúla ar bheartas fónta, ar chreataí rialála agus
institiúideacha. In go leor earnálacha, tá gá le
comhcheangal de choinníollacha straitéiseacha agus rialála agus infheistíocht
phoiblí chun dul i ngleic go héifeachtach le baic ar fhás. Bhain na roghanna a
scrúdaíodh sa chomhthéacs seo leis an méid seo a leanas: a) an status quo
(coinníollacht mhacraifhioscach faoin CC, comhlíonadh nósanna imeachta agus
reachtaíocht earnálach agus creataí straitéiseacha an AE, cé nach gcuirtear i
bhfeidhm iad go córasach, gan forálacha a bhaineann le feidhmíocht a bheith
ann; b) coinníollachtaí ex ante atá le comhall sula nglactar na cláir; c)
coinníollachtaí ex post lena n-áirítear an creat feidhmíochta agus an
cúlchiste feidhmíochta; d) coinníollacht mhacraifhioscach neartaithe; agus e)
rogha chomhcheangailte. Ba í rogha na tosaíochta an rogha chomhcheangailte
toisc go bhféadfaí leis an rogha sin aghaidh a thabhairt ar na
réamhchoinníollacha is gá d'úsáid éifeachtach Chistí CSF agus go soláthrófaí
léi dreasachtaí chun cuspóirí agus spriocanna arna sainiú roimh ré a bhaint
amach agus cur chun feidhme na gclár a ailíniú le rialachas eacnamaíoch an
Aontais.
2.2.3.
Simpliú - costais riaracháin a laghdú agus an
earráid riosca a íosmhéadú
Éilíonn bainistíocht fhónta éifeachtach
éifeachtúil na n-ionstraimí struchtúracha córais iomchuí éifeachtacha
thrédhearcacha lena bhfuil baint ag na ranna éagsúla riaracháin ar fad lena
mbaineann. Ní mór do na córais sin a áirithiú go
roghnaítear oibríochtaí d'ardcháilíocht agus go gcuirtear na hoibríochtaí sin
chun feidhme go héifeachtach chun cuspóirí an bheartais a bhaint amach. Ní mór
do na coráis bhainistíochta agus rialála a áirithiú freisin go ndéantar
neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, lena n-áirítear calaois, agus sa chaoi
sin ráthú réasúnta a áirithiú maidir le rialtacht caiteachais. Ag an am céanna
ba cheart an córas seachadta a bheith chomh simplí agus chomh sruthlíneach agus
is féidir chun cur chun feidhme éifeachtúil agus laghdú an ualaigh riaracháin
do thairbhithe a áirithiú. I measc na roghanna a scrúdaíodh don bheartas
comhtháthaithe bhí roghanna éagsúla aisíocaíochta (bunaithe ar rogha costas
iarbhír agus rogha costas simplithe), ríomhrialachas agus urrús. Baineann na príomhdhifríochtaí idir na roghanna leis an méid is atá an
Coimisiún rannpháirteach i measúnú córas bainistíochta agus rialála, le
hinfhaighteacht roghanna aisíocaíochta atá nasctha le torthaí, agus leis na
meicníochtaí chun ríomhrialachas a chur chun cinn i mbainistíocht chistí an AE
ó lá go lá. Is í rogha na tosaíochta cur chuige comhréireach lena bhfuil
socruithe rialála atá bunaithe ar riosca, infhaighteacht raon leathan roghanna
aisíocaíochta, agus ard-ríomhrialachas ar leibhéal Ballstát agus réigiún i
gceist ós rud é go bhféadfadh laghdú ionchasach suntasach ar chostas rialuithe
agus ar an ualach oibre a bheith mar thoradh air agus gur fearr mar a
chomhlíonfadh sé prionsabal na coimhdeachta.
3.
EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
Tá bonn údair le gníomhaíocht an AE ar fhorais
na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh agus phrionsabal na coimhdeachta. Tá
an ceart gníomh a dhéanamh cumhdaithe in Airteagal 175 den CFAE, Airteagal ina
n‑iarrtar go sainráite ar an Aontas an beartas sin a chur chun feidhme
trí úsáid a bhaint as na Cistí Struchtúracha, in éineacht le hAirteagal 177, a
shainíonn ról an CC. Tá aidhmeanna CSE, CFRE agus an CC sainithe in Airteagail
162, 176 agus 177 den CFAE faoi seach. Tugann Airteagal 38 agus Airteagal 39
den CFAE bonn údair do na gníomhaíochtaí a bhaineann le talmhaíocht agus leis
an iascach. Sonraítear in Airteagal 174 den CFAE, go
dtabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an
trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra
buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu amhail na réigiúin is faide ó thuaidh a
bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus na réigiúin oileánacha, trasteorann
agus sléibhtiúla. Sonraítear in Airteagal 349 den CFAE go
nglacfar bearta sonracha chun staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na
réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, staid is measa fós mar gheall ar
ghnéithe sonracha áirithe a dhéanann mórdhochar dá bhforbairt.
4.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Déantar foráil i dtogra an Choimisiúin le
haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil maidir le EUR 376 billiún do
chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach le haghaidh na tréimhse
2014-2020. Buiséad beartaithe 2014-2020 || EUR billiún Réigiúin bheagfhorbartha Réigiúin trasdula Réigiúin mhórfhorbartha Comhar críche An Ciste Comhtháthaithe Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra || 162,6 38,9 53,1 11,7 68,7 0,926 An tSaoráid “Connecting Europe (an Eoraip a nascadh)” maidir le hiompar, fuinneamh agus TFC || 40 (le EUR 10 mbilliún breise imfhálaithe sa Chiste Comhtháthaithe) *Tá na figiúirí ar
fad i bpraghsanna tairiseacha 2011 Bunaíodh le togra an Choimisiúin íos-sciartha
le haghaidh CSE maidir le gach catagóir réigiún ar mhaithe le rannchuidiú na
Chistí CSF a fheabhsú maidir le príomhspriocanna Straitéis Eoraip 2020 a
bhaint amach. Is é an toradh ar na sciartha a chur i
bhfeidhm íos-sciar foriomlán don CSE de 25 % den bhuiséad a leithdháileadh ar
an mbeartas comhtháthaithe, i.e EUR 84 billiún. Is tábhachtach a thabhairt faoi
deara, áfach, go n-áirítear i leithdháileadh sonraithe íosta CSE an buiséad do
thogra ón gCoimisiún atá le teacht maidir le tacaíocht bhia do na daoine is díorthaí.
Áireofar togra an Choimisiúin le haghaidh
mhaoiniú an CETFT agus an CEMI sna rialacháin a bhaineann go sonrach leis an
gCiste maidir le gach Ciste.
5.
ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN
5.1.
Forálacha coiteanna a rialaíonn gach Ciste
CSF
5.1.1.
Prionsabail ghinearálta
Áireofar sna prionsabail ghinearálta a
rialaíonn tacaíocht gach Ciste CSF comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil,
comhlíonadh an dlí náisiúnta agus dhlí an AE is infheidhme, comhionannas idir
fir agus mná a chur chun cinn agus forbairt inbhuanaithe. Sa chomhthéacs sin, i gcás CSE, leanfaidh an
Coiste dá bhforáiltear in Airteagal 163 den Chonradh de chúnamh a thabhairt don
Choimisiún, ar Coiste é atá comhdhéanta d'ionadaí amháin rialtais, ionadaí
amháin thar ceann eagraíochtaí na n-oibrithe agus ionadaí amháin thar ceann
eagraíochtaí na bhfostóirí ó gach Ballstát.
5.1.2.
Cur chuige straitéiseach
Chun tionchar an bheartais a uasmhéadú maidir
le tosaíochtaí Eorpacha a bhaint amach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an
próiseas um chlárú straitéiseach a atreisiú. Is éard atá i
gceist leis sin liosta cuspóirí téamacha a shainiú sa Rialachán i gcomhréir le
Straitéis Eoraip 2020: (1) taighde, forbairt theicneolaíoch
agus nuálaíocht a neartú; (2) úsáid agus cáilíocht
theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a
fheabhsú; (3) iomaíochas fiontar beag agus
meánmhéide, earnáil na talmhaíochta (i gcás an CETFT) agus earnáil an iascaigh
agus an dobharshaothraithe (i gcás an CEMI) a fheabhsú; (4) tacú leis an aistriú i dtreo
geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile; (5) oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar
riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn; (6) an comhshaol a chosaint agus
éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn; (7) iompar inbhuanaithe a chur chun cinn
agus tranglaim i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint; (8) fostaíocht a chur chun cinn agus
tacú le soghluaisteacht lucht saothair; (9) cuimsiú sóisialta a chur chun cinn
agus bochtaineacht a chomhrac; (10) infheistiú in oideachas, i scileanna
agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil; (11) cumas institiúide a fheabhsú agus
riarachán poiblí éifeachtúil. Aistreoidh an Comhchreat Straitéiseach
cuspóirí agus spriocanna thosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach in eochairghníomhaíochtaí do CFRE, don CC,
do CSE, don CETFT agus don CEMI, rud a áiritheoidh úsáid chomhtháite Chistí CSF
chun cuspóirí coiteanna a bhaint amach. Leagfar ceangaltais na gcomhpháirtithe ar an
leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus ar leibhéal an Choimisiúin amach i gConarthaí
Comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus gach Ballstát. Beidh
siad nasctha le cuspóirí Straitéis Eoraip 2020 agus leis na Cláir
Athchóirithe Náisiúnta. Leagfar straitéis chomhtháite amach iontu maidir le
forbairt chríochach a gheobhaidh tacaíocht ó Chistí CSF uile agus áireofar
cuspóirí iontu a bheidh bunaithe ar tháscairí comhaontaithe, ar infheistíochtaí
straitéiseacha agus ar roinnt coinníollachtaí. Beidh ceangaltais iontu cuntas
bliantúil a thabhairt ar dhul chun cinn sna tuarascálacha bliantúla ar an
mbeartas comhtháthaithe, ar an mbeartas forbartha tuaithe agus i dtuairisciú
poiblí eile.
5.1.3.
Coinníollachtaí agus feidhmíocht
Chun feidhmíocht a atreisiú, tabharfar
forálacha úra maidir le coinníollacht isteach lena áirithiú go gcruthóidh
cistiú an AE dreasachtaí láidre do Bhallstáit chun cuspóirí agus spriocanna
Eoraip 2020 a bhaint amach. Coinníollacha ‘ex ante’
nach mór a bheith i bhfeidhm sula n-íocfar cistí amach agus coinníollacha ‘ex
post’ lena gcuirfear scaoileadh cistí breise faoi réir feidhmíochta a
bheidh sa choinníollacht. Is é an réasúnaíocht atá i neartú na
coinníollachta ‘ex-ante’ do na cistí sin a áirithiú go bhfuil na
coinníollacha a bhfuil gá leo dá dtacaíocht éifeachtach i bhfeidhm. Dealraíonn sé ó thaithí roimhe seo gur bhain baic i gcreataí beartais,
rialála agus insitiúideacha an bonn d’éifeachtacht infheistíochtaí a bhí
maoinithe ag na cistí i roinnt cásanna. Ní coincheap úr é coincheap na
coinníollachta faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe. Thar thréimhsí
cláraithe leantacha, tugadh roinnt meicníochtaí isteach chun éifeachtacht na
n-idirghabhálacha a uasmhéadú. Tá cuid acu nasctha le disciplíní bainistíochta
agus rialaithe agus tá cuid eile acu nasctha le creataí straitéiseacha agus
rialála chomh maith le cumas riaracháin. Is léir ón taithí ar chur i bhfeidhm
coinníollachtaí, áfach, go bhfuil éagsúlachtaí ann ar fud clár. Tá call le cur
i bhfeidhm níos trédhearcaí agus níos córasaí dá bhrí sin. Neartóidh coinníollacht ‘ex post’ an
bhéim ar fheidhmíocht agus ar chuspóirí Eoraip 2020 a bhaint amach. Beidh sí bunaithe ar na garspriocanna a bhaint amach a bhaineann le
spriocanna le haghaidh aschur agus torthaí atá nasctha le cuspóirí
Eoraip 2020 arna socrú le haghaidh clár sa chonradh comhpháirtíochta. Cuirfear
5 % de bhuiséad na gcistí ábhartha ar leataobh agus leithdháilfear é, le
linn athbhreithniú mheántéarma ar fheidhmíocht, ar na Ballstáit ar chomhlíon a
gcláir a ngarspriocanna. I dteannta an chúlchiste feidhmíochta, d’fhéadfaí
cistí a chur ar fionraí mura mbaintear na garspriocanna amach, agus d’fhéadfaí
cistí a chur ar ceal de bharr drochfheidhmíocht ó thaobh spriocanna cláir a
chomhlíonadh. Lena áirithiú nach mbaineann beartais
mhacraifhioscacha neamhfhónta an bonn d’éifeachtacht na gcistí, tá sé
beartaithe ag an gCoimisiún na rialacha a rialaíonn na Cistí maidir le
coinníollacht mhacraifhioscach a atreisiú agus iad a ailíniú le bearta
forfheidhmiúcháin úra an Chomhshocraithe Chobhsaíochta agus Fáis atá le glacadh
mar chuid den Séú Pacáiste um Rialachas Eacnamaíoch. Ag an am céanna, is féidir ráta cómhaoinithe
níos airde (méadú 10 bpointe céatadáin) a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil
cúnamh airgeadais á fháil ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 136 agus
Airteagal 143 den CFAE, agus sa chaoi sin, an iarracht a theastaíonn ó bhuiséid
náisiúnta tráth a bhfuil comhdhlúthú fioscach ann a laghdú, agus leibhéal
foriomlán céanna chistiú an AE á choinneáil.
5.1.4.
Socruithe coiteanna bainistíochta
Tá córas bainistíochta agus rialaithe
beartaithe sa togra atá cosúil trasna ionstraimí bainistíochta comhpháirtí agus
atá bunaithe ar phrionsabail choiteanna. Tá córas um
chreidiúnú náisiúnta curtha ar bun chun béim a chur ar thiomantas Ballstát do
bhainistíocht fhónta airgeadais. Rinneadh na socruithe ar cranntaca iad le
ráthú an Choimisiúin maidir le rialtacht caiteachais a chomhchuibhiú agus
tugadh isteach eilimintí coiteanna nua amhail dearbhú urrúis bhainistíochta
agus imréiteach bliantúil cuntas chun ráthú a atreisiú.
5.1.5.
Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
Beidh an deis ag Ballstáit próisis choiteanna
a úsáid d'ullmhúchán, do chaibidlíocht, do bhainistíocht agus do chur chun
feidhme, agus spreagfar iad chun é sin a dhéanamh go háirithe i gcás ina bhfuil
géarghá le comhordú feabhsaithe caipitil dhaonna agus infheistíochtaí
bonneagair. Ní mór do Chistí
CSF aghaidh a thabhairt ar riachtanas forbartha iolracha ar an leibhéal
foréigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Chun cur chun
feidhme idirghabhálacha iltoiseacha agus trasearnálacha a éascú, tá sé
beartaithe ag an gCoimisiún tionscnaimh faoi stiúir an phobail a neartú, cur
chun feidhme straitéisí comhtháite forbartha áitiúla agus cruthú grúpaí áitiúla
gníomhaíochta a éascú, bunaithe ar an taithí ar chur chuige LEADER.
5.1.6.
Ionstraimí airgeadais
I dteannta cistiú deontas, tá sé beartaithe go
ndéanfar tacaíocht d'fhiontair agus do thionscadail a bhfuiltear ag súil leis
go nginfidh siad torthaí airgeadais substaintiúla a sholáthar trí ionstraimí
airgeadais nuálacha den chuid is mó. Cé go mbeidh ionstraimí airgeadais fós cosúil
leis na hionstraimí a úsáideadh in 2007-2013, ba cheart béim a chur ar roinnt
gnéithe den simpliú. Ar an gcéad dul síos, tairgfidh an
Coimisiún réitigh réamhdhéanta trí rochtain ar ionstraimí airgeadais arna gcur
ar bun ar leibhéal an AE agus ar shamhlacha le haghaidh cistí náisiúnta agus
réigiúnacha bunaithe ar théarmaí agus ar choinníollacha caighdeánacha arna
leagan síos ag an gCoimisiún. Ar an dara dul síos, is creat soiléir é an togra
chun na hionstraimí sin a chur chun feidhme, agus tugtar aghaidh ann ar na
débhríonna a tháinig chun cinn i gcomhthéacs chreat reachtach 2007-2010, agus
méadaítear an deimhneacht dhlíthiúil do gach páirtí dá bharr. Ar an tríú dul
síos, féadfar ionstraimí airgeadais a úsáid amach anseo le haghaidh gach
cineáil infheistíochta agus tairbhí, rud a chuireann go mór leis na deiseanna
chun na hionstraimí nuálacha sin a úsáid.
5.1.7.
Faireachán agus meastóireacht
I bhforálacha coiteanna do gach Ciste CSF i
réimse an fhaireacháin agus na meastóireachta áirítear ról agus comhdhéanamh an
choiste faireacháin, tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme,
cruinnithe bliantúla athbhreithnithe, tuarascálacha maidir le dul chun cinn i
gcur chun feidhme an Chonartha Chomhpháirtíochta, meastóireachtaí ex ante
agus ex post.
5.1.8.
Rialacha incháilitheachta simplithe sruthlíneacha
Tá rialacha éagsúla incháilitheachta le
comhlíonadh ag a lán tairbhithe a úsáideann cistí ó ionstraimí éagsúla cistithe
de chuid an Aontais faoi láthair, rud a chuireann le castacht na bainistíochta
agus leis an mbaol go ndéanfar earráidí dá bhrí sin chomh maith. Cuireadh béim dá bhrí sin ar bhearta chun a áirithiú go bhfuil costais
riaracháin comhréireach agus go laghdaítear an t-ualach riaracháin a bhaineann
le bainistíocht tairbhithe ar chistí an AE. Is é an aidhm atá leis sin na
rialacha bunúsacha sin i gcomhair na n-ionstraimí arna gcur chun feidhme faoi
chomhbhainistíocht a chomhchuibhiú, a oiread is féidir, chun líon na rialacha
éagsúla a chuirtear i bhfeidhm ar an talamh a laghdú. De bharr na roghanna
simplithe costas amhail bunrátaí agus cnapshuimeanna is féidir le Ballstáit
bainistíocht atá dírithe ar fheidhmíocht a thabhairt isteach ar leibhéal
oibríochtaí aonair. I bhforálacha coiteanna maidir leis an gcur
chun feidhme áirítear rialacha coiteanna maidir le caiteachas incháilithe, na
foirmeacha éagsúla tacaíochta airgeadais, costais shimplithe, agus marthanacht. Déantar foráil sa togra freisin maidir le prionsabail choiteanna do na
córais bhainistíochta agus rialaithe. I gcomhthéacs an CBT, coimeádfar agus
cothabhálfar na rialacha reatha maidir le costais riaracháin agus na córais
rialaithe.
5.2.
Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le
CFRE, CSE agus leis an CC
I gCuid a Trí den
Rialachán sainítear misean agus spriocanna an bheartais chomhtháthaithe,
cumhdach geografach na tacaíochta, acmhainní airgeadais agus prionsabail
chúnaimh, clárú, mórthionscadail, pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha,
forbairt chríochach, faireachán agus meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid,
incháilitheacht caiteachais agus córais bhainistíochta agus rialaithe.
5.2.1.
Cumhdach geografach na tacaíochta
Áirítear ann sin idirdhealú i ndáil le réigiúin
bheagfhorbartha, trasdula agus mhórfhorbartha. Réigiúin bheagfhorbartha: I
gcomhréir leis an CFAE, beidh tacaíocht do na réigiúin bheagfhorbartha ina
tosaíocht thábhachtach i gcónaí don bheartas comhtháthaithe. Teastóidh
iarrachtaí marthanacha fadtéarmacha do phróiseas dlúthaithe réigiúin atá tite
ar chúl ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta de i saol ina bhfuil an
neamchinnteacht ag méadú. Baineann an chatagóir seo leis na réigiúin sin ag a
bhfuil OTI per capita níos lú ná 75 % de mheán-OTI an AE-27. Réigiúin trasdula: Tabharfar catagóir nua réigiúin – 'réigiúin trasdula' – isteach chun
ionad an chórais reatha chun réigiúin a chéimniú isteach agus a chéimniú amach
a ghabháil. Áireofar sa chatagóir seo gach réigiún ag a bhfuil OTI per capita
idir 75 % agus 90 % de mheán an AE-27. Réigiúin mhórfhorbartha: Cé go mbeidh na hidirghabhálacha sna réigiúin
bheagfhorbartha ina dtosaíocht i gcónaí don bheartas comhtháthaithe, tá dúshláin
thábhachtacha ann a bhaineann leis na Ballstáit ar fad, amhail an iomaíocht
dhomhanda sa gheilleagar eolasbhunaithe, an t-aistriú i dtreo an gheilleagair
ísealcharbóin agus an polarú sóisialta a chuireann cúinsí eacnamaíocha reatha
leis. Baineann an chatagóir seo leis na réigiúin sin ag a bhfuil OTI per capita
os cionn 90 % de mheán-OTI an AE-27. Gach réigiún a bhfuil a OTI per capita don
tréimhse 2007-2013 níos lú ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse thagartha ach
ar shroich a OTI per capita leibhéal os cionn 75 % de mheán-OTI an AE-27,
gheobhaidh sé dhá thrian dá leithdháileadh don tréimhse 2007-13. Bunófar sciartha íosta do CSE do gach catagóir
réigiún (25 % do réigiúin chóineasaithe; 40 % do
réigiúin trasdula; agus 52 % do réigiúin iomaíochais). Tacóidh an CC le Ballstáit ag a bhfuil OIN in
aghaidh an chónaitheora níos lú ná 90 % de mheán an AE-27 in
infheistíochtaí a dhéanamh i ngréasáin iompair TEN-T agus sa chomhshaol. Déanfar cuid de leithdháileadh an Chiste Chomhtháthaithe (EUR 10
mbilliún) a imfhálú chun príomhghréasáin iompair faoin tsaoráid Connecting
Europe (an Eoraip a nascadh) a mhaoiniú. Is léir ó thaithí ar an gcreat airgeadais reatha
go bhfuil deacrachtaí ag a lán Ballstát méideanna móra de chistí an AE a úsáid
thar thréimhse theoranta ama. Ina theannta sin, de bharr
an chaoi ina bhfuil cúrsaí buiséadacha i roinnt Ballstát tá sé níos deacra
cistí a scaoileadh chun cómhaoiniú náisiúnta a chur ar fáil. Chun aghaidh a
thabhairt ar shaincheist úsáid an chistithe tá roinnt céimeanna beartaithe ag
an gCoimisiún: –
na rátaí uasteorannaithe a shocrú ag 2,5 % de
OTI do leithdháiltí comhtháthaithe; –
uasteorainn a chur le rátaí cómhaoinithe ag
leibhéal gach aise tosaíochta laistigh de na cláir oibríochtúla ag 85% i
réigiúin bheagfhorbartha (nó i gcásanna áirithe, 80% agus 70%) agus sna
réigiúin is forimeallaí, ag 60% i réigiúin trasdula agus ag 50% i réigiúin
mhórfhorbartha; –
coinníollacha áirithe a chur sna conarthaí
comhpháirtíochta maidir le feabhas a chur ar chumas riaracháin.
5.2.2.
Clárú straitéiseach atreisithe atá dírithe ar
thorthaí
Molann an Coimisiún próiseas cláraithe a
dhíríonn níos mó ar thorthaí chun a áirithiú go bhfuil loighic shoiléir i
dtaobh idirghabhálacha ag cláir an bheartais chomhtháthaithe, go bhfuil siad
dírithe ar thorthaí, agus go n-áirítear iontu na forálacha iomchuí do chur
chuige comhtháite maidir le forbairt agus cur chun feidhme éifeachtach na
gCistí. Go háirithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na
Pleananna Gníomhaíochta Comhpháirteacha a thabhairt isteach, ar oibríochtaí iad
ina bhfuil grúpa tionscadal mar chuid de chlár oibríochtúil, agus cuspóirí
sonracha, táscairí maidir le torthaí agus aschuir acu arna gcomhaontú idir an
Ballstát agus an Coimisiún. Soláthraíonn siad córas simplithe bainistíochta
agus rialaithe atá dírithe ar fheidhmíocht.
5.2.3.
Bainistíocht agus rialú airgeadais a
shruthlíniú
Ní mór cothromaíocht a fháil sa chóras
bainistíochta agus rialaithe idir costais na bainistíochta agus an rialaithe
agus na rioscaí atá i gceist. Beidh ról an Choimisiúin san athbhreithniú
ex-ante ar chórais náisiúnta bhainistíochta agus rialaithe comhréireach, toisc
go gcuirtear cur chuige bunaithe ar riosca in ionad athbhreithnithe éigeantaigh
de chuid an Choimisiúin. Beidh cláir bheaga díolmhaithe ó
athbhreithniú de chuid an Choimisiúin. Déanann an cur chuige atá bunaithe ar
riosca na costais riaracháin a bhaineann le cláir bheaga agus le ranna
riaracháin iontaofa a laghdú. Déantar ráthú a atreisiú ann fosta, toisc gur
féidir úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní an Choimisiúin agus iad a
dhíriú ar réimsí ina bhfuil rioscaí níos airde. Is féidir le bainistíocht leictreonach sonraí
an t-ualach riaracháin a laghdú go mór agus ag an am céanna an méid is féidir
tionscadail agus caiteachas a rialú a mhéadú. Dá bhrí sin,
tá sé beartaithe a chur de cheangal ar gach Ballstát córais a chur ar bun faoi
dheireadh 2014 lena chur ar chumas tairbhithe an fhaisnéis uile a chur isteach
trí mhalartú leictreonach sonraí. Is é ceann de na cineálacha castachta a
bhaineann leis an gcóras bainistíochta airgeadais sa tréimhse cláraithe
2007-2013 an riail ghinearálta nach mór na doiciméid tacaíochta ar fad i
gcomhair oibríochtaí aonair a choinneáil go dtí trí bliana tar éis dhúnadh an
chláir. Dá bhrí sin, foráiltear leis an togra go ndéanfar
oibríochtaí nó caiteachas críochnaithe a dhúnadh go héigeantach gach bliain
faoi chuimsiú imréiteach bliantúil na gcuntas. Díríonn sé sin ar an ualach a
bhaineann le tréimhse choinneála fhada doiciméad le haghaidh tairbhithe aonair
a laghdú agus na rioscaí a bhaineann leis an rian iniúchóireachta a chailleadh
a laghdú. 2011/xxxx (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir
le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa,
maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus
Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos
forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir
le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus
lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[8], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[9], Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De
bharr an méid seo a leanas: (1)
D’fhonn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus
críochach an Aontais a neartú, foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh go
bhféachfaidh an tAontas leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na
réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n-oileán a
laghdú, go háirithe limistéir thuaithe, limistéir a bhfuil an trasdul
tionsclaíoch ag dul dóibh, agus réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana
nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Ceanglaítear le
hAirteagal 175 den Chonradh go dtacódh an tAontas leis na cuspóirí sin a
ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um
Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí
Chiste Sóisialta na hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí ionstraimí eile. (2)
I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí an
17 Meitheamh 2010, lenar glacadh Straitéis an Aontais maidir le,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go gcuirfeadh an tAontas agus na
Ballstáit seachadadh an fháis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh chun
feidhme, agus forbairt chomhchuí an Aontais á cur chun cinn agus
éagothromaíochtaí réigiúnacha á laghdú acu ag an am céanna. (3)
D’fhonn comhordú a fheabhsú agus cur chun feidhme a
chomhchuibhiú i gcás na gCistí a thugann tacaíocht faoin mbeartas comhtháthaithe,
eadhon, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na
hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe (CC), leis na Cistí le haghaidh
forbartha tuaithe, eadhon, Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
(CETFT), agus le haghaidh na hearnála muirí agus iascaigh, eadhon, an Ciste
Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), ba cheart forálacha coiteanna a bhunú
maidir leis na Cistí sin uile (‘Cistí CSF’). Ina theannta
sin, tá forálacha sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le CFRE, CSE agus
an CC, ach nach bhfuil feidhm acu maidir leis an CETFT ná an CEMI. I ngeall ar
na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste CSF ar leith, ba cheart rialacha
sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste CSF ar leith agus maidir le sprioc
an chomhair chríochaigh Eorpaigh faoin CFRE a shonrú i rialacháin ar leithligh. (4)
Maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), tá
sineirgí suntasacha bainte amach cheana féin trí na rialacha bainistíochta agus
rialaithe a bhaineann leis an gcéad cholún (CERT – an Ciste Eorpach um
Ráthaíocht Talmhaíochta) agus leis an dara colún (CETFT) den CBT. Ba cheart an
nasc láidir idir an CERT agus an CETFT a chothabháil, dá bhrí sin, agus na
struchtúir atá i bhfeidhm cheana sna Ballstáit a choinneáil. (5)
Ba cheart go mbainfeadh na réigiúin is forimeallaí
tairbhe as bearta sonracha agus as cistiú breise chun na baic a eascraíonn as
na tosca dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh a fhritháireamh. (6)
Chun léirmhíniú beacht agus comhleanúnach na
bhforálacha a áirithiú agus chun rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil i leith
na mBallstát agus i leith tairbhithe, is gá téarmaí áirithe a úsáidtear sa
Rialachán a shainmhíniú. (7)
Tá sé leagtha amach go bhfuil trí chuid sa
Rialachán seo; cuid a haon ina bhfaightear na haithrisí
agus na sainmhínithe, cuid a dó ina bhfuil na rialacha is infheidhme maidir
leis na Cistí CSF uile agus cuid a trí ina bhfuil na forálacha nach bhfuil
feidhm acu ach maidir le CFRE, CSE, agus an CC (na 'Cistí'). (8)
Faoi Airteagal 317 den Chonradh, agus i
gcomhthéacs na bainistíochta comhpháirtí, ba cheart na coinníollacha faoina
gceadaítear don Choimisiún a fhreagrachtaí maidir le buiséad ginearálta an
Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme a shainiú agus ba cheart freagrachtaí
comhair na mBallstát a shoiléiriú. Ba cheart go gcuirfeadh
na coinníollacha sin ar chumas an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go bhfuil
na Ballstáit ag úsáid na gCistí CSF ar mhodh dlíthiúil agus rialta agus
i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais de réir bhrí
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an
25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme
maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[11]. Ba cheart do na Ballstáit agus na
comhlachtaí arna n-ainmniú acu chun na críche sin a bheith freagrach as cláir a
chur chun feidhme ar an leibhéal críochach iomchuí i gcomhréir le creat
institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit. Áiritheoidh na forálacha sin
freisin go dtabharfar aird ar an ngá le comhlántacht agus comhshesmhacht
idirghabháil an Aontais, comhréireacht na socruithe riaracháin agus laghdú ar
ualach riaracháin thairbhithe na gCistí CSF a áirithiú. (9)
I gcás an Chonartha Comhpháirtíochta agus gach
cláir faoi seach, ba cheart don Bhallstát comhpháirtíocht a eagrú le
hionadaithe ó na húdaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus eile, le
comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus le comhlachtaí a dhéanann
ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe
comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtais agus comhlachtaí atá freagrach as
comhionannas agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Is é
is cuspóir do chomhpháirtíocht den sórt sin prionsabal an rialachais
il-leibhéil a urramú, úinéireacht ag geallsealbhóirí ar idirghabhálacha atá
beartaithe a áirithiú agus an taithí agus an saineolas atá ag gníomhaithe
ábhartha a fhorbairt. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena ndéanfaí foráil maidir le cód iompair
d’fhonn a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe rannpháirteach, ar shlí
chomhsheasmhach, in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gConarthaí
Comhpháirtíochta agus na gclár, agus i bhfaireachán agus i meastóireacht a
dhéanamh orthu. (10)
Ba cheart gníomhaíochtaí na gCistí CSF agus na
hoibríochtaí lena dtacaíonn siad dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is
infheidhme a bhfuil nasc díreach nó indíreach aige le cur chun feidhme na
hoibríochta a chomhlíonadh. (11)
I gcomhthéacs a iarrachta comhtháthú eacnamaíoch,
críochach agus sóisialta a mhéadú, ba cheart don Aontas, ag gach céim de chur
chun feidhme na gCistí CSF, díriú ar neamh-chomhionannais a dhíothú agus
comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, agus dul i ngleic le
hidirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar
reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach. (12)
Ba cheart cuspóirí na gCistí CSF a shaothrú faoi
chuimsiú forbartha inbhuanaithe agus de réir mar a chuireann an tAontas an
aidhm maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú mar atá leagtha
amach in Airteagal 11 agus Airteagal 19 den Chonradh ar aghaidh, agus
cuirfear an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ san áireamh ag an am céanna. Ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht arna glacadh ag an gCoimisiún
trí ghníomh cur chun feidhme a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoin tacaíocht
a thugtar do chuspóirí athraithe aeráide i gcomhréir leis an uaillmhian 20 % ar
a laghad de bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar an gcuspóir sin. (13)
D’fhonn spriocanna agus cuspóirí Straitéis an
Aontais maidir le, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a ghnóthú, ba cheart an
tacaíocht ó na Cistí CSF a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí téamacha coiteanna. Déanfar an raon feidhme díreach a bheidh le gach Ciste CSF ar leith a
leagan amach i rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus d’fhéadfaí an
raon feidhme sin a theorannú do roinnt de na cuspóirí téamacha arna sainiú sa
Rialachán seo. (14)
Déanfaidh an Coimisiún Comhchreat Straitéiseach a
ghlacadh trí ghníomh tarmligthe, agus déanfar cuspóirí an Aontais a athrú, sa
Chomhchreat Straitéiseach sin, go príomhghníomhaíochtaí le haghaidh na gCistí
CSF, le go mbeidh treo straitéiseach níos soiléire ag an bpróiseas cláraithe ar
leibhéal na mBallstát agus na réigiún. Ba cheart don
Chomhchreat Straitéiseach comhordú earnála agus críochach a éascú maidir le
hidirghabháil an Aontais faoi na Cistí CSF agus le beartais agus le hionstraimí
ábhartha eile de chuid an Aontais. (15)
Ba cheart go mbunófaí leis an gComhchreat
Straitéiseach, dá bhrí sin, na príomhréimsí tacaíochta, dúshláin chríochacha a
mbeidh aghaidh le tabhairt orthu, cuspóirí beartais, réimsí tosaíochta le
haghaidh gníomhaíochtaí comhair, meicníochtaí comhordaithe agus meicníochtaí um
chomhchuibhiú agus um chomhsheasmhacht le beartais eacnamaíocha na mBallstát
agus an Aontais. (16)
Ar bhonn an Chomhchreata Straitéisigh arna ghlacadh
ag an gCoimisiún, ba cheart do gach Ballstát, i gcomhar lena chomhpháirtithe
agus i gcomhphlé leis an gCoimisiún, Conradh Comhpháirtíochta a ullmhú. Ba cheart don Chonradh Comhpháirtíochta na heilimintí atá leagtha
amach sa Chomhchreat Straitéiseach a athrú de réir an chomhthéacs náisiúnta
agus ceangaltais dhaingne a leagan amach maidir le cuspóirí an Aontais a
ghnóthú trí chlárú Chistí CSF. (17)
Ba cheart do na Ballstáit a gcuid tacaíochta a
chomhchruinniú chun rannchuidiú suntasach le gnóthú chuspóirí an Aontais a
áirithiú, i gcomhréir lena riachtanais shonracha forbartha náisiúnta agus
réigiúnaí. Ba cheart coinníollachtaí ex ante a
shainiú lena áirithiú go bhfuil na coinníollacha creata a bhfuil gá leo chun
tacaíocht an Aontais a úsáid go héifeachtach i bhfeidhm. Ba cheart don
Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante
sin faoi chuimsiú a mheasúnaithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na
cláir. I gcásanna nach gcomhlíontar coinníollacht ex ante, ba cheart an
chumhacht a bheith ag an gCoimisiún íocaíochtaí leis an gclár a chur a
fhionraí. (18)
Ba cheart creat feidhmíochta a shainiú maidir le
gach clár d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta feadh na
tréimhse cláraithe maidir leis na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha síos
do gach clár a ghnóthú. Ba cheart don Choimisiún
athbhreithniú ar fheidhmíocht a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, in 2017
agus in 2019. Ba cheart cúlchiste feidhmíochta a fhoráil agus a leithdháileadh
in 2019 sna cásanna sin inar gnóthaíodh garspriocanna a bhí leagtha síos sa
chreat feidhmíochta. De bharr na héagsúlachta agus an ghné ilnáisiúnta a
bhaineann leo, níor cheart aon chúlchiste feidhmíochta a bheith ann le haghaidh
na gclár um ‘Chomhar Críochach Eorpach’. I gcásanna ina bhfuil sprioceasnamh
suntasach ann maidir le garspriocanna nó spriocanna a ghnóthú, ba cheart an
Coimisiún a bheith in ann íocaíochtaí leis an gclár a fhionraí nó, ag deireadh
na tréimhse cláraithe, ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, d’fhonn a
áirithiú nach n-úsáidfear buiséad an Aontais go diomailteach ná go
neamhéifeachtúil. (19)
Trí nasc níos dlúithe a chruthú idir an beartas
comhtháthaithe agus rialachas eacnamaíoch an Aontais áiritheofar go mbeidh
beartais eacnamaíocha fhónta ina gcranntaca le héifeachtacht an chaiteachais a
dhéantar faoi Chistí CSF agus gur féidir, más gá, Cistí CSF a atreorú ar
aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna eacnamaíocha atá ag tír. Ní mór go dtarlódh
an próiseas sin diaidh ar ndiaidh, agus go dtosódh sé le leasuithe ar an
gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir chun tacú le moltaí na Comhairle
chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus ar
dheacrachtaí sóisialta agus eacnamaíocha. I gcás, in ainneoin úsáid fheabhsaithe
Chistí CSF, nach ndéanann Ballstát beart éifeachtach i gcomhthéacs phróiseas an
rialachais eacnamaíoch, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún na
híocaíochtaí agus na ceangaltais uile nó cuid díobh a fhionraí. Ba cheart
cinntí maidir le fionraí a bheith comhréireach agus éifeachtach, agus tionchar
na gclár aonair chun aghaidh a thabhairt ar an staid eacnamaíoch agus
shóisialta sa Bhallstát ábhartha agus leasuithe roimhe sin ar an gConradh
Comhpháirtíochta á gcur san áireamh. Agus cinneadh faoi fhionruithe á dhéanamh
aige, ba cheart don Choimisiún cóir chomhionann idir Ballstáit a urramú
freisin, agus go háirithe tionchar na fionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena
mbaineann. Ba cheart na fionruithe a bhaint agus cistí a chur ar fáil don Bhallstát
lena mbaineann arís a luaithe is a dhéanann an Ballstát an beart is gá. (20)
Lena áirithiú go ndíreofar ar straitéis an Aontais
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, ba
cheart eilimintí coiteanna a shainiú do na cláir ar fad. Lena
áirithiú go mbeidh na socruithe cláraithe le haghaidh na gCistí CSF
comhsheasmhach, ba cheart na nósanna imeachta chun na cláir a ghlacadh agus a
leasú a ailíniú. Ba cheart go n-áiritheodh an clárú comhsheasmhacht leis an
gComhchreat Straitéiseach agus leis an gConradh Comhpháirtíochta, comhordú na
gCistí CSF eatarthu féin agus le hionstraimí airgeadais reatha eile agus leis
an mBanc Eorpach Infheistíochta. (21)
Leis an gConradh, cuireadh comhtháthú críochach le
spriocanna an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta, agus tá sé
fíor-riachtanach aghaidh a thabhairt ar an ról atá ag cathracha, ag
geografaíocht fheidhmiúil agus ag limistéir fhoréigiúnacha a bhfuil fadhbanna
geografacha agus déimeagrafacha ar leith le sárú acu. Chuige
sin, chun leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht ar an leibhéal áitiúil, tá
sé riachtanach forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a neartú agus a éascú
trí chomhrialacha agus dlúthchomhordú a cheangal ar na Cistí CSF uile. Mar
phrionsabal bunúsach, ba cheart an fhreagracht as straitéisí forbartha áitiúla
a chur chun feidhme a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann
ionadaíocht thar ceann leasanna an phobail. (22)
Tá ionstraimí airgeadais ag éirí níos
tábhachtaí i ngeall ar an éifeacht ghiarála a bhíonn acu ar na Cistí CSF, i
ngeall ar a gcumas cineálacha éagsúla acmhainní poiblí agus príobháideacha a
chomhcheangal d’fhonn tacú le cuspóirí beartais phoiblí, agus i ngeall go
ndéantar an tacaíocht sin níos inbhuanaithe go fadtéarmach de bharr cineálacha
imrothlacha maoinithe. (23)
Ba cheart ionstraimí airgeadais a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí CSF a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais
mhargaidh faoi leith ar mhodh costéifeachtach, i gcomhréir le cuspóirí na
gclár, agus níor cheart dóibh maoiniú príobháideach a bhrú amach. Ba cheart an cinneadh chun na bearta tacaíochta a mhaoiniú trí bhíthin
ionstraimí airgeadais a chinneadh, dá bhrí sin, ar bhonn anailíse ex ante.
(24)
Ba cheart ionstraimí airgeadais a cheapadh agus
a chur chun feidhme d’fhonn rannpháirtíocht shuntasach infheisteoirí na
hearnála príobháidí agus institiúidí airgeadais a chur chun cinn ar bhonn cuí
roinnte rioscaí. Le bheith tarraingteach go leor don
earnáil phríobháideach, is gá ionstraimí airgeadais a cheapadh agus a chur chun
feidhme ar mhodh solúbtha. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis
bhainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir leis na foirmeacha is iomchuí chun na
hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar
riachtanais shonracha na spriocréigiún, i gcomhréir le cuspóirí an chláir
ábhartha. (25)
Ba cheart an deis a bheith ag údaráis
bhainistíochta acmhainní ó na cláir a chur leis na hionstraimí airgeadais a
bhunaítear ar leibhéal an Aontais, nó le hionstraimí a bhunaítear ar an
leibhéal réigiúnach. Ba cheart
an deis a bheith ag údaráis bhainistíochta freisin ionstraimí airgeadais a chur
chun feidhme go díreach, trí bhíthin cistí sonracha nó trí bhíthin cistí de
chuid cistí. (26)
Ba cheart go gcomhfhreagródh méid na n-acmhainní
arna n-íoc tráth ar bith ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais don mhéid is
gá chun infheistíochtaí atá beartaithe agus íocaíochtaí le faighteoirí deiridh
a chur chun feidhme, lena n-áirítear costais bhainistíochta agus táillí
bainistíochta, arna gcinneadh ar bhonn pleananna gnó agus réamh-mheastachán faoin
sreabhadh airgid le haghaidh tréimhse réamhshainithe nár cheart a bheith níos
faide ná dhá bhliain. (27)
Tá sé riachtanach rialacha sonracha a leagan síos
maidir leis na méideanna atá le glacadh mar chaiteachas incháilithe tráth an
dúnta, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na méideanna, lena n-áirítear na costais
bhainistíochta agus táillí bainistíochta, a íoctar ó na Cistí CSF le
hionstraimí airgeadais, a úsáid go héifeachtach le haghaidh infheistíochtaí
agus íocaíochtaí le faighteoirí deiridh. Tá sé riachtanach
freisin rialacha sonracha a leagan síos maidir le hathúsáid na n-acmhainní atá
inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF, lena n-áirítear úsáid na
n-acmhainní leagáide i ndiaidh na cláir a dhúnadh. (28)
Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar
chláir d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun
cinn maidir le cuspóirí na gclár a ghnóthú. Chuige sin, ba
cheart coistí faireacháin a bhunú agus a mballraíocht agus a bhfeidhmeanna a
shainiú maidir leis na Cistí CSF. D’fhéadfaí Comhchoistí Faireacháin a bhunú
chun comhordú idir na Cistí CSF a éascú. D'fhonn éifeachtacht a áirithiú, ba
cheart do na coistí faireacháin a bheith ábalta moltaí a eisiúint chuig údaráis
bhainistíochta maidir leis an gclár a chur chun feidhme agus ba cheart dóibh
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a rinneadh mar thoradh ar a gcuid
moltaí. (29)
Is gá na socruithe faireacháin agus tuairiscithe
maidir leis na Cistí CSF a ailíniú ar mhaithe le socruithe bainistíochta a
shimpliú ar gach uile leibhéal. Is tábhachtach ceanglais
chomhréireacha tuairiscithe a áirithiú ach freisin go mbeadh faisnéis
chuimsitheach ar dhul chun cinn ar fáil ag príomhthráthanna athbhreithnithe. Is
gá, dá bhrí sin, do na ceanglais tuairiscithe na riachtanais faisnéise a léiriú
sna blianta lena mbaineann agus go mbeadh siad athlínithe le huainiú na
n-athbhreithnithe ar fheidhmíocht. (30)
D’fhonn faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na
gclár, ba cheart cruinniú athbhreithnithe bliantúil a thionól idir an Ballstát
agus an Coimisiún. Ba cheart go mbeadh an deis ag an
Ballstát agus ag an Coimisiún teacht ar chomhaontú gan an cruinniú a thionól,
áfach, chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint. (31)
Le gur féidir leis an gCoimisiún faireachán a
dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an Aontais a
ghnóthú, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha ar dhul chun cinn a chur
isteach maidir le cur chun feidhme a gConarthaí Comhpháirtíochta. Ar bhonn tuarascálacha den sórt sin, ba cheart don Choimisiún
tuarascáil straitéise a ullmhú ar dhul chun cinn in 2017 agus in 2019. (32)
Is gá meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht, ar
éifeachtúlacht agus ar thionchar an chúnaimh ó na Cistí CSF d’fhonn feabhas a
chur ar cháilíocht chur chun feidhme agus cheapadh na gclár, agus chun tionchar
na gclár ar na spriocanna i straitéis an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus ar OTI agus ar fhostaíocht, nuair is
ábhartha, a chinneadh.. Ba cheart freagrachtaí na
mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis an méid sin a shonrú. (33)
D’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht agus ar
cheapadh gach cláir, agus d’fhonn a fhíorú gur féidir na cuspóirí agus na
spriocanna a ghnóthú, ba cheart meastóireacht ex ante a dhéanamh ar gach
clár. (34)
Ba cheart don údarás atá freagrach as ullmhú an chláir
plean meastóireachta a tharraingt suas. Le linn na
tréimhse cláraithe, ba cheart d'údaráis bhainistíochta meastóireachtaí a
dhéanamh chun éifeachtacht agus tionchar cláir a mheas. D’fhonn cinntí luchta
bainistíochta a éascú, ba cheart an coiste faireacháin agus an Coimisiún a chur
ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachtaí. (35)
Ba cheart meastóireachtaí ex-post a dhéanamh
d’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gCistí CSF agus a dtionchar ar
spriocanna foriomlána na gCistí CSF agus Straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mheas. (36)
Is úsáideach na cineálacha gníomhaíochta is féidir
a dhéanamh mar chúnamh teicniúil le tacaíocht ó na Cistí CSF ar thionscnamh an
Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú. (37)
D'fhonn úsáid éifeachtach acmhainní an Aontais a
áirithiú, agus d’fhonn rómhaoiniú oibríochtaí ginte ioncaim a sheachaint, is gá
rialacha a leagan amach chun an ranníocaíocht ó na Cistí CSF i leith oibríochta
ginte ioncaim a ríomh. (38)
Ba cheart na dátaí tosaigh agus na dátaí deiridh a
bhaineann le hincháilitheacht an chaiteachais a shainiú chun foráil a dhéanamh
maidir le riail aonfhoirmeach agus chothrom a bheadh infheidhme maidir le cur
chun feidhme na gCistí CSF ar fud an Aontais. D’fhonn
feidhmiú na gclár a éascú, is iomchuí a leagan síos go bhféadfaidh an dáta
tosaigh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais a bheith roimh an
1 Eanáir 2014 má chuireann an Ballstát lena mbaineann clár isteach
roimh an dáta sin. D’fhonn úsáid éifeachtach Chistí an AE a áirithiú agus an baol
a bheadh ann do bhuiséad an AE a laghdú, is gá srianta a chur i bhfeidhm ar an
tacaíocht a thugtar d'oibríochtaí lánchríochnaithe. (39)
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus faoi
réir na n-eisceachtaí dá bhforáiltear le Rialachán/Rialacháin (AE) Uimh. […]
[Rialacháin CFRE, CSE, CC, ETC, CETFT, CEMI], ba cheart do na Ballstáit
rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le hincháilitheacht an chaiteachais. (40)
D’fhonn úsáid na gCistí CSF a shimpliú agus riosca
earráidí a laghdú, is iomchuí, agus foráil á déanamh maidir le difreáil nuair
is gá chun sainiúlachtaí an bheartais a léiriú, sainiúmhíniú a thabhairt ar na
cineálacha tacaíochta, ar na coinníollacha comhchuibhithe maidir le deontais a
aisíoc agus ar mhaoiniú ar ráta comhréidh, ar na rialacha incháilitheachta
sonracha maidir le deontais agus ar choinníollacha sonracha i ndáil le
hincháilitheacht oibríochtaí ag brath ar a suíomh. (41)
Chun éifeachtacht, cothroime agus tionchar
inbhuanaithe na hidirghabhála arna déanamh ag na Cistí CSF a áirithiú, ba
cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn fadtréimhseach a
dhéantar na hinfheistíochtaí i ngnólachtaí agus i mbonneagar agus go gcuireann
siad cosc ar na Cistí CSF a úsáid chun buntáiste mhíchuí. Is
léir ó thaithí a fuarthas gur tréimhse íosta iomchuí le cur i bhfeidhm í
tréimhse cúig bliana, ach amháin i gcás ina bhforáiltear tréimhse dhifriúil sna
rialacha maidir le Státchabhair. Is iomchuí gníomhaíochtaí a fhaigheann
tacaíocht ón CSE agus gníomhaíochtaí a bhfuil infheistíocht tháirgiúil nó
infheistíocht bonneagair i gceist leo a eisiamh ó cheanglas ginearálta na
hinmharthanachta, ach amháin i gcás ina dtagann na ceanglais sin ó rialacha
maidir le Státchabhair is infheidhme, agus ranníocaíochtaí le hionstraimí
airgeadais nó uathu a eisiamh. (42)
Ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe a
ghlacadh d’fhonn bunú agus feidhmiú cuí a gcóras bainistíochta agus rialaithe a
áirithiú d’fhonn úsáid dhlíthiúil agus rialta na gCistí CSF a dhearbhú. Ba cheart oibleagáidí na mBallstát maidir le córais bhainistíochta agus
rialaithe na gclár, agus maidir le cosc, brath agus ceartú neamhrialtachtaí
agus sáruithe dhlí an Aontais a shonrú dá bhrí sin. (43)
I gcomhréir le prionsabail na bainistíochta
comhpháirtí, ba cheart go mbeadh príomhfhreagracht ar na Ballstáit, trína gcórais
bhainistíochta agus rialaithe, as cur chun feidhme agus rialú na n-oibríochtaí
i gcláir. D’fhonn éifeachtacht an rialaithe ar roghnú nó
ar chur chun feidhme na n-oibríochtaí agus feidhmiú an chórais bhainistíochta
agus rialaithe a neartú, ba cheart feidhmeanna an údaráis bainistíochta a
shonrú. (44)
D’fhonn urrús ex ante maidir le bunú agus
ceapadh na bpríomhchóras bainistíochta agus rialaithe a áirithiú, ba cheart do
Bhallstáit comhlacht creidiúnúcháin a ainmniú a bheidh freagrach as na
comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a chreidiúnú agus as a gcreidiúnú a
tharraingt siar. (45)
Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an
Choimisiúin a leagan síos maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras
bainistíochta agus rialaithe a fhíorú, agus maidir le gníomhaíocht Ballstáit a
cheangal. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún freisin iniúchtaí a dhéanamh dírithe ar na saincheisteanna a
bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais d’fhonn teacht ar chonclúidí faoi
fheidhmíocht na gCistí. (46)
Ba cheart ceangaltais bhuiséadacha an Aontais a
chur i bhfeidhm gach bliain. D’fhonn bainistíocht
éifeachtach clár a áirithiú, is gá comhrialacha a leagan síos maidir le
hiarrataí ar íocaíocht eatramhach agus maidir leis an iarmhéid bliantúil, agus
nuair is iomchuí, an t-iarmhéid deiridh, a íoc gan dochar do rialacha sonracha
a cheanglaítear ar gach Ciste CSF ar leith. (47)
Áirithíonn an íocaíocht réamh-mhaoinithe ag tús na
gclár go bhfuil an Ballstát in acmhainn tacaíocht a thabhairt do thairbhithe
maidir le cur chun feidhme an chláir ón tráth a nglactar leis an gclár. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na méideanna
réamh-mhaoinithe tosaigh ó na Cistí CSF. Ba cheart don réamh-mhaoiniú tosaigh a
bheith imréitithe go hiomlán tráth a ndúntar an clár. (48)
D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint,
ba cheart bearta a bheith ann a bhfuil teorainn ama leo agus a chuireann ar
chumas an oifigigh údaraithe, trí tharmligean, íocaíochtaí a stopadh i gcás
inarb ann d’fhianaise go bhfuil easnamh suntasach i bhfeidhmiú an chórais
bainistíochta agus rialaithe, d’fhianaise ar neamhrialtachtaí a bhaineann le
hiarratas ar íocaíocht nó d’fhianaise ar mhainneachtain doiciméid a chur
isteach chun críche imréitigh cuntas. (49)
D’fhonn a áirithiú go ndéantar caiteachas arna
chómhaoiniú ag buiséad an Aontais i mbliain airgeadais ar leith a úsáid i
gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart creat cuí a chruthú le
haghaidh imréiteach bliantúil na gcuntas. Faoin gcreat
sin, ba cheart do na comhlachtaí creidiúnaithe, i gcás gach cláir ar leith,
dearbhú urrúis bhainistíochta agus na cuntais bhliantúla dheimhnithe ag
gabhháil leis, tuarascáil achomair agus tuairim iniúchóra neamhspleáigh agus
tuarascáil ar rialuithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. (50)
D'fhonn buiséad an Aontais a chosaint, d’fhéadfadh
sé a bheith riachtanach don Choimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i leith na mBallstát, is
tábhachtach na dálaí faoina bhféadfadh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a
dhéanamh, de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí náisiúnta is
infheidhme, a shainiú. D’fhonn a áirithiú go bhfuil baint ag na ceartuithe
airgeadais a d’fhéadfadh an Coimisiún a fhorchur ar Bhallstáit le cosaint
leasanna airgeadais an AE, níor cheart iad a úsáid ach i gcásanna ina bhfuil
baint dhíreach nó indíreach ag an sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí
náisiúnta le hincháilitheacht, le rialtacht, le bainistíocht nó le rialú na
n-oibríochtaí agus an chaiteachais chomhfhreagraigh. D’fhonn comhréireacht a
áirithiú, is tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún nádúr agus tromaíocht an
tsáraithe a mheas le linn nó méid an cheartaithe airgeadais a chinneadh. (51)
D’fhonn smacht airgeadais a spreagadh, is iomchuí
sainiú a dhéanamh ar na socruithe maidir le cuid ar bith den cheangaltas buiséadach
a shaoradh i gclár, go háirithe i gcás ina n-eisiafaí méid ón saoradh sin, go
háirithe nuair a bhíonn moill ar chur chun feidhme mar thoradh ar dhálaí atá
neamhspleách ar an bpáirtí lena mbaineann, ar dhálaí neamhghnácha nó ar dhálaí
nach féidir a thuar agus nach féidir a n-iarmhairtí a sheachaint d’ainneoin na
dúthrachta a caitheadh. (52)
Tá gá le forálacha ginearálta breise maidir le
feidhmiú sonrach na gCistí. D’fhonn an luach breise atá orthu agus a
rannchuidiú le tosaíochtaí Straitéis an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a mhéadú, ba cheart, go háirithe, feidhmiú
na gCistí sin a shimpliú agus díriú ar na spriocanna a bhaineann le
‘Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post’ agus ‘Comhar críochach Eorpach’. (53)
Tá forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach an
CETFT agus an CEMI leagtha amach sa reachtaíocht ábhartha a bhaineann go
sonrach le hearnálacha. (54)
D’fhonn cuspóirí an Chonartha maidir le comhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh, ba cheart don sprioc
‘Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post’ tacú leis na réigiúin ar fad. D’fhonn tacaíocht chothromaithe agus chomhleanúnach a thabhairt i
gcomhréir le leibhéal na forbartha eacnamaíche agus sóisialta, ba cheart
acmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ón CFRE agus ón CSE ar na réigiúin
bheagfhorbartha, ar na réigiúin trasdula agus ar na réigiúin níos forbartha i
gcomhréir lena n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita maidir le meán an
Aontais. D’fhonn inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hinfheistíochta ó na Cistí
Struchtúracha a áirithiú, ba cheart do réigiúin a raibh a n-OTI per capita don
tréimhse 2007-2013 níos lú ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse thagartha,
ach a bhfuil a OTI per capita méadaithe go dtí níos mó ná 75 % de mheán an
AE-27, dhá thrian ar a laghad dá leithdháileadh don tréimhse 2007-2013 a fháil.
Ba cheart go rachadh an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ón CC
chun tairbhe na mBallstát a bhfuil a n-ollioncam náisiúnta (OIN) per capita
níos ísle ná 90 % de mheán an Aontais. (55)
Ba cheart critéir oibiachtúla a shocrú chun
réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó na Cistí a
shainiú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus
na limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na
réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú
coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú[12]. (56)
Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach, ba
cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an miondealú
bliantúil táscach ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí atá ar fáil a bhunú
trí mhodh oibiachtúil agus trédhearcach a úsáid, d’fhonn díriú ar na réigiúin a
bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl, lena n-áirítear na réigiúin sin a bhfuil
tacaíocht idirthréimhseach á fáil acu. (57)
Is gá teorainneacha na n-acmhainní sin a shocrú
maidir le hinfheistíocht le haghaidh fáis agus post agus critéir oibiachtúla a
ghlacadh chun iad a leithdháileadh ar réigiúin agus ar Bhallstáit. D’fhonn luathú riachtanach na forbartha bonneagair in iompar agus i
bhfuinneamh maille le teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide a
spreagadh ar fud an Aontais, ba cheart saoráid dar teideal 'Nascadh na hEorpa'
a chruthú. Ba cheart uasteorainn a chur ar iomlán na leithreasaí bliantúla is
féidir a leithdháileadh ó na Cistí agus ar na méideanna a aistrítear ón gCiste
Comhtháthaithe go dtí an tsaoráid ‘Nascadh na hEorpa’, uasteorainn a shocrófaí
trí chumas an Bhallstáit faoi leith sin na leithreasaí sin a iompar a chur san
áireamh. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an bpríomhsprioc maidir le laghdú
na bochtaineachta, is gá an scéim tacaíochta bia do na daoine is díothaí a
atreorú chun cuimsiú sóisialta agus forbairt chomhchuibhithe an Aontais a chur
chun cinn. Tá meicníocht beartaithe lena n-aistreofar acmhainní chuig an
ionstraim seo agus lena n-áiritheofar gur leithdháiltí ó CSE a bheidh sna
hacmhainní sin trí laghdú comhfhreagrach intuigthe ar chéatadán íosta na gCistí
Struchtúracha a bheidh le leithdháileadh ar an CSE i ngach tír. (58)
D’fhonn an bhéim ar thorthaí agus ar ghnóthú
chuspóirí agus spriocanna Eoraip 2020 a neartú, ba cheart cúig faoin gcéad
d’acmhainní sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chur i
leataobh mar chúlchiste feidhmíochta do gach Ciste agus catagóir réigiúin i
ngach Ballstát. (59)
Maidir leis na Cistí agus d’fhonn leithdháileadh
iomchuí ar gach catagóir réigiún a áirithiú, níor cheart acmhainní a aistriú
idir réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha
cé is moite de dhálaí a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cuspóir téamach
amháin nó níos mó a chur i gcrích agus le haghaidh 2 % ar a mhéad den
leithreasú iomlán don chatagóir réigiún sin. (60)
D’fhonn fíorthionchar eacnamaíoch a áirithiú, níor
cheart tacaíocht ó na Cistí a chur in ionad chaiteachas poiblí nó chaiteachas
structúrach coibhéiseach na mBallstát faoi théarmaí an Rialacháin seo. Ina theannta sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear comhthéacs eacnamaíoch
níos leithne san áireamh sa tacaíocht ó na Cistí, ba cheart leibhéal an
chaiteachais phoiblí a shocrú faoi threoir na gcoinníollacha maicreacnamaíocha
ginearálta faoina ndéantar an maoiniú bunaithe ar na táscairí sna Cláir
Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú a chuireann na Ballstáit isteach gach
bliain i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1466/1997 maidir leis an
bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais
eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[13].
Maidir leis an bhfíorú a dhéanann an Coimisiún ar phrionsabal na breisíochta,
ba cheart é a dhíriú ar na Ballstáit ina gcumhdaíonn na réigiúin
bheagfhorbartha agus na réigiúin trasdula 15% ar a laghad den daonra de bharr
scála na n-acmhainní airgeadais a leithdháiltear orthu. (61)
Is gá forálacha breise a leagan síos maidir le
clárú, bainistíocht, faireachán agus rialú na gclár oibríochtúla a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí. Ba cheart go leagfaí amach sna cláir
oibríochtúla aiseanna tosaíochta a fhreagraíonn do chuspóirí téamacha, loighic
chomhsheasmhach idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais
forbartha a aithníodh, agus an creat don mheasúnú feidhmíochta. Ba cheart go
mbeadh eilimintí riachtanacha eile iontu freisin lena gcuirtear buntaca le cur
chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gCistí sin. (62)
D’fhonn comhlántachtaí a fheabhsú agus cur chun
feidhme a shimpliú, ba cheart an tacaíocht ón CC agus ón CFRE a chomhcheangal
le tacaíocht ón CSE i gcomhchláir oibríochtúla faoi sprioc an fháis agus na
bpost. (63)
Tugann mórthionscadail cuntas ar chéatadán
suntasach de chaiteachas an Aontais agus is minic a mbíonn tábhacht
straitéiseach ag baint leo chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur i gcrích. Tá
údar maith ann, dá bhrí sin, go mbeidh oibríochtaí de mhéid shuntasach fós faoi
réir fhormheas an Choimisiúin faoin Rialachán seo. D’fhonn soiléireacht a
áirithiú, is iomchuí ábhar an mhórthionscadail a shainiú chun na críche sin. Ba
cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin diúltú do thacaíocht do
mhórthionscadal, i gcás nach bhfuil údar maith ann an tacaíocht sin a dheonú. (64)
D’fhonn rogha a thabhairt do na Ballstáit cuid de
chlár oibríochtúla a chur chun feidhme trí chur chuige bunaithe ar thorthaí, is
áisiúil foráil a dhéanamh maidir le comhphlean gníomhaíochta ina mbeadh sraith
gníomhartha a bheadh le déanamh ag tairbhí mar rannchuidiú le cuspóirí an
chláir oibríochtúla. D’fhonn an bhéim a chuireann na Cistí
ar thorthaí a shimpliú agus a threisiú, ba cheart do bhainistiú an chomhphlean
gníomhaíochta a bheith bunaithe go heisiach ar na garspriocanna, ar an aschur
agus ar na torthaí a comhaontaíodh agus atá sainithe sa chinneadh ón gCoimisiún
lena nglactar an comhphlean gníomhaíochta. Ba cheart go mbeadh rialú agus
iniúchadh comhphlean gníomhaíochta teoranta do na garspriocanna, an t-aschur
agus na torthaí sin a bhaint amach. Dá réir sin, is gá rialacha maidir le
hullmhú, ábhar, glacadh, bainistíocht agus rialú airgeadais comhphleananna
gníomhaíochta a leagan síos. (65)
I gcás ina bhfuil cur chuige comhtháite
de dhíth do straitéis forbartha críochaí nó uirbí, i ngeall go mbaineann sí le
hinfheistíochtaí faoi níos mó ná ais tosaíochta amháin de chlár oibríochtúil
amháin nó níos mó, ba cheart gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a
dhéanamh i bhfoirm infheistíochta comhtháite críochaí laistigh de chlár
oibríochtúil. (66)
Is gá forálacha sonracha a ghlacadh maidir le
feidhmeanna an choiste faireacháin agus leis na tuarascálacha bliantúla ar chur
chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí. Tá
forálacha breise maidir le feidhmiú sonrach an CETFT leagtha amach sa
reachtaíocht ábhartha a bhaineann go sonrach le hearnálacha. (67)
Lena áirithiú go bhfuil faisnéis fhíor-riachtanach
agus cothrom le dáta ar fáil faoi chur chun feidhme na gclár, is gá do na
Ballstáit na príomhshonraí a sholáthar don Choimisiún go rialta. Lena sheachaint nach mbeidh ualach breise ar na Ballstáit, ba cheart
go mbeadh na sonraí sin teoranta do shonraí a bhailítear go leanúnach, agus ba
cheart na sonraí a tharchur ar mhodh leictreonach malartaithe sonraí. (68)
I gcomhréir le hAirteagal 175 den Chonradh,
cuireann an Coimisiún Tuarascálacha faoin gComhtháthú faoi bhráid Pharlaimint
na hEorpa, na Comhairle, an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta agus Choiste na
Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a bhaint amach. Is gá ábhar na tuarascála sin a leagan síos. (69)
Meastar gurb iomchuí go ndéanfaidh an Coimisiún, i
gcomhar leis na Ballstáit, meastóireacht ex post le haghaidh na gCistí
chun faisnéis a fháil ar an leibhéal iomchuí faoi na torthaí a bhí ar na
hidirghabhálacha arna maoiniú agus faoin tionchar a bhí acu. Tá gá le forálacha sonracha freisin chun nós imeachta a bhunú maidir
le formheas na bpleananna meastóireachta le haghaidh na gCistí. (70)
Tá sé tábhachtach éachtaí Chistí an Aontais a chur
ar a shúile don phobal i gcoitinne. Tá sé de cheart ag
saoránaigh eolas a bheith acu faoin gcaoi a ndéantar acmhainní airgeadais an
Aontais a infheistiú. Ba cheart go mbeadh freagracht ar na húdaráis
bhainistíochta agus ar na tairbhithe araon as a áirithiú go gcuirtear an
fhaisnéis chuí in iúl don phobal. Lena áirithiú go ndéanfar cumarsáid níos
éifeachtúla leis an bpobal i gcoitinne agus go gcruthófar sineirgí níos láidre
idir na gníomhaíochtaí cumarsáide arna ndéanamh ar thionscnamh an Choimisiúin,
rannchuideoidh an buiséad atá dírithe ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin
Rialachán seo le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a phoibliú freisin
ar choinníoll go mbaineann siad sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo. (71)
D'fhonn scaipeadh forleathan faisnéise faoi éachtaí
na gCistí agus ról an Aontais iontu a áirithiú agus d’fhonn tairbhithe
féideartha a chur ar an eolas faoi dheiseanna maoinithe, ba cheart rialacha
mionsonraithe faoi bhearta cumarsáide agus faisnéise, mar aon le saintréithe
teicniúla áirithe sna bearta sin, a shainiú sa Rialachán seo. (72)
D’fhonn inrochtaineacht agus trédhearcacht
faisnéise faoi dheiseanna maoinithe agus tairbhithe tionscadail a neartú, ba
cheart suíomh Gréasáin aonair nó tairseach suímh Ghréasáin ina gcuirtear
faisnéis ar fáil faoi na cláir oibríochtúla uile, lena n-áirítear liostaí de na
hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi gach clár oibríochta, a chur ar fáil i
ngach Ballstát. (73)
Is gá na gnéithe chun modhnú a dhéanamh ar an ráta
cómhaoinithe ó na Cistí le cláir oibríochtúla a chinneadh, go háirithe, chun
éifeacht iolraitheora acmhainní an Aontais a mhéadú. Is gá
freisin na huasrátaí cómhaoinithe a bhunú de réir catagóire réigiún d’fhonn a
áirithiú go n-urramaítear prionsabal an chómhaoinithe trí leibhéal iomchuí
tacaíochta náisiúnta. (74)
Ní mór do na Ballstáit údarás bainistíochta, údarás
deimhniúcháin agus údarás iniúchóireachta atá neamhspleách ó thaobh feidhme a
ainmniú le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Chun
solúbthacht a sholáthar do Bhallstáit i gcur ar bun córas rialaithe, is iomchuí
an rogha a sholáthar feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a bheith curtha i
gcrích ag an údarás bainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag
an mBallstát comhlachtaí idirmheánacha a ainmniú chun cúraimí áirithe de chuid
an údaráis bainistíochta nó de chuid an údaráis deimhniúcháin a dhéanamh. Sa
chás sin, ba cheart don Bhallstát a bhfreagrachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi
seach a leagan síos go soiléir. (75)
Is ar an údarás bainistíochta a bheidh an
phríomhfhreagracht as na Cistí a chur chun feidhme go héifeachtach agus
héifeachtúil agus, ar an dóigh sin, comhlíonfaidh sé líon suntasach feidhmeanna
a bhaineann le bainistiú agus le faireachán ar na cláir, bainistíocht
airgeadais agus rialuithe, chomh maith le roghnú tionscadal. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach. (76)
Ba cheart don údarás deimhniúcháin iarratais ar
íocaíocht a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart dó na cuntais bhliantúla a tharraingt suas, ina ndeimhneofar
iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil agus go gcomhlíonann
an caiteachas a iontráladh sna cuntais na rialacha is infheidhme ar leibhéal an
Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a fhreagrachtaí agus a
fheidhmeanna a leagan amach. (77)
Ba cheart don údarás iniúchóireachta a áirithiú go
ndéanfar iniúchtaí ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla
iomchuí oibríochtaí agus ar na cuntais bhliantúla. Ba
cheart a fhreagrachtaí agus a fheidhmeanna a leagan amach. (78)
D’fhonn bainistíocht shainiúil na gcóras
bainistíochta agus rialaithe don CFRE, don CSE agus do na Cistí Comhtháthaithe
agus an gá le cur chuige comhréireach a áirithiú a chur san áireamh, is gá
forálacha sonracha a bheith ann maidir le húdarás bainistíochta agus údarás
deimhniúcháin a chreidiúnú agus maidir lena gcreidiúnú a tharraingt siar. (79)
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le
rialú airgeadais, ba cheart an comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún sa
réimse seo a mhéadú agus ba cheart critéir a bhunú a chuirfidh ar chumas an
Choimisiúin, i gcomhthéacs a straitéise chun córais náisiúnta a rialú, an
leibhéal urrúis ar cheart dó a fháil ó chomhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta a
chinneadh. (80)
Le cois na gcomhrialacha maidir le bainistíocht
airgeadais, is gá forálacha breise a bheith ann maidir leis an CFRE, leis an
CSE agus leis an gCiste Comhtháthaithe. Go sonrach,
d’fhonn cinnteacht réasúnta a áirithiú don Choimisiún sula ndéantar imréiteach
bliantúil ar na cuntais, ba cheart iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a
aisíoc ag ráta 90 % den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh gach
aise tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár oibríochta
a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh na haise
tosaíochta. Ba cheart na méideanna gan íoc atá dlite a íoc leis na Ballstáit
tráth a ndéantar imréiteach bliantúil ar na cuntais, ar an gcoinníoll gur fuarthas
cinnteacht réasúnta maidir le hincháilitheacht an chaiteachais don bhliain atá
cumhdaithe ag an nós imeachta imréitigh. (81)
Lena áirithiú go bhfaighidh tairbhithe an tacaíocht
a luaithe is féidir agus chun an chinnteacht don Choimisiún a threisiú, is iomchuí
a cheangal nach n-áireofar sna hiarratais ar íocaíocht ach an caiteachas sin ar
íocadh an tacaíocht leis na tairbhithe ina leith. Ba
cheart foráil a dhéanamh maidir le réamh-mhaoiniú gach bliain lena áirithiú go
bhfuil dóthain acmhainní ag an mBallstát feidhmiú faoi na socruithe sin. Ba
cheart an réamh-mhaoiniú sin a imréiteach gach bliain tráth imréiteach na
gcuntas. (82)
Lena áirithiú go gcuirfear na rialacha ginearálta
maidir le saoradh i bhfeidhm go cuí, ba cheart mionsonraí a thabhairt sna
rialacha a bhunaítear le haghaidh na gCistí faoin tslí ina leagtar síos na
spriocdhátaí don saoradh agus faoin tslí ina ríomhtar na méideanna faoi seach. (83)
Is gá an nós imeachta mionsonraithe maidir le
himréiteach bliantúil na gcuntas is infheidhme maidir leis na Cistí a shonrú
chun bunús soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na socruithe sin. Tá
sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le deis theoranta don Bhallstát foráil
a shainiú ina chuntais bhliantúla maidir le méid atá faoi réir nós imeachta
leanúnach leis an údarás iniúchóireachta. (84)
Ba cheart dúnadh bliantúil oibríochtaí
lánchríochnaithe (i gcás CFRE agus an CC) nó caiteachais (i gcás CSE) a bheith
ag gabháil leis an bpróiseas imréitigh bhliantúil ar na cuntais. D’fhonn na costais a bhaineann le dúnadh deiridh clár oibríochta a
laghdú, an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú agus deimhneacht
dhlíthiúil a thabhairt, ba cheart go mbeadh an dúnadh bliantúil éigeantach, rud
a chuirfeadh teorainn leis an tréimhse inar gá na doiciméid tacaíochta a choimeád
lena linn agus inar féidir oibríochtaí a iniúchadh agus ceartuithe airgeadais a
fhorchur. (85)
D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
agus na hacmhainní a sholáthar chun cur chun feidhme éifeachtach na gclár a
áirithiú, ba cheart bearta a bheith ann a chuireann ar chumas an Choimisiúin
íocaíochtaí ar leibhéal na haise tosaíochta nó an chlár oibríochtúil a
fhionraí. (86)
Is iomchuí na socruithe agus na nósanna imeachta
sonracha a bhaineann le ceartuithe airgeadais a dhéanann na Ballstáit nó an
Coimisiún maidir leis na Cistí a leagan síos chun deimhneacht dhlíthiúil a
thabhairt do na Ballstáit. (87)
Ba minicíocht iniúchtaí ar oibríochtaí a bheith
comhréireach le méid thacaíocht an Aontais ó na Cistí. Go
sonrach, ba cheart líon na n-iniúchtaí a dhéantar a laghdú i gcás nach mó ná
EUR 100 000 an caiteachas incháilithe iomlán le haghaidh oibríochta. Dá
ainneoin sin, ba cheart go mbeifí in ann iniúchtaí a dhéanamh tráth ar bith i
gcás ina bhfuil fianaise ann ar neamhrialtacht nó ar chalaois, mar chuid de
shampla iniúchta, i ndiaidh oibríocht lánchríochnaithe a dhúnadh. Chun go
mbeidh leibhéal na hiniúchóireachta a dhéanann an Coimisiún comhréireach leis
an riosca, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chuid oibre iniúchóireachta
a laghdú i ndáil le cláir oibríochtúla i gcás nach bhfuil aon easnaimh
shuntasacha ann nó i gcás inar féidir brath ar an údarás iniúchóireachta. (88)
D’fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den
Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean
chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh maidir leis an méid seo a leanas: cód iompair maidir leis na cuspóirí agus na critéir chun tacú le cur
chun feidhme na comhpháirtíochta, Comhchreat Straitéiseach a ghlacadh, rialacha
breise maidir le leithdháileadh an chúlchiste fáis agus iomaíochais, sainiú ar
an limistéar agus ar an daonra faoi na straitéisí forbartha áitiúla, rialacha
mionsonraithe maidir le hionstraimí airgeadais (measúnú ex ante,
incháilitheacht speansais, cineálacha gníomhaíochtaí nach bhfaigheann
tacaíocht, teaglaim tacaíochta, aistriú agus bainistíocht sócmhainní, iarrataí
ar íocaíochtaí, agus caipitliú tráthchodanna bliantúla) sainiú an ráta
chomhréidh i ndáil le hoibríochtaí ginte ioncaim, freagrachtaí na mBallstát
maidir leis an nós imeachta chun neamhrialtachtaí a thuairisciú agus chun
suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, samhail an dearbhaithe urrúis
bhainistíochta ar fheidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe,
coinníollacha maidir le hiniúchtaí náisiúnta, na critéir chreidiúnúcháin le
haghaidh údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin, aithint na n-iompróirí
sonraí a nglactar go coitianta leo, leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh
le cur i bhfeidhm, leasú iarscríbhinní agus na mbeart sonrach a theastaíonn
chun an t-aistriú ó Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a éascú. Ba cheart go
dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn
IV a leasú chun tabhairt faoi riachtanais oiriúnaithe amach anseo. Tá sé ríthábhachtach
go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair
ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. (89)
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus
gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na
doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (90)
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún,
trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí a ghlacadh maidir le Cistí CSF
uile, cinntí lena bhformheastar na Conarthaí Comhpháirtíochta, cinntí lena
leithdháiltear an chúlchiste feidhmíochta agus cinntí lena ndéantar íocaíochtaí
atá nasctha le beartais eacnamaíocha Ballstát a fhionraí, agus maidir leis na
Cistí, cinntí lena nglactar cláir oibríochtúla, cinntí lena bhformheastar
mórthionscadail, cinntí lena ndéantar íocaíochtaí a fhionraí agus cinntí maidir
le ceartuithe airgeadais. (91)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do
chur chun feidhme an Rialacháin seo, is i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh.
182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na
rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le
rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[14] ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a
bhaineann leis an méid seo a leanas a fheidhmiú: an
mhodheolaíocht a bhaineann le cuspóirí athraithe aeráide, téarmaí agus
coinníollacha caighdeánacha maidir le faireachán ar ionstraimí airgeadais, an
mhodheolaíocht chun glanioncam oibríochtaí ginte ioncaim a ríomh, sainaithint
na réigiún agus na mBallstát a chomhlíonann na critéir ‘Infheistíocht le
haghaidh fáis agus post’, samhail Chistí cláir oibríochtúil, formáid
d'fhaisnéis faoi mhórthionscadail agus an mhodheolaíocht atá le húsáid agus an
anailís chstais/sochair á déanamh, formáid chaighdeánach don phlean
gníomhaíochta comhpháirteach, samhail na tuarascála bliantúla agus na
tuarascála deiridh ar chur chun feidhme, saintréithe teicniúla na mbeart
faisnéise agus poiblíochta, malartú faisnéise ag na Ballstáit agus fíoruithe ar
an láthair, samhail an dearbhaithe bainistíochta, samhlacha le haghaidh na
straitéise iniúchta, tuairim agus tuarascáil bhliantúil rialaithe, úsáid sonraí
arna mbailiú le linn iniúchta, samhail le haghaidh iarratas ar íocaíocht. (92)
Tagann an Rialachán seo in ionad Rialachán (CE)
Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos na forálacha
ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste
Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena
n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999[15]. Ba cheart an Rialachán sin a aisghairm dá bhrí sin. (93)
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo a bhaint amach mar ba cheart, eadhon éagothromaíochtaí idir
leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is
mídheisiúla nó na n-oileán a laghdú, go háirithe limistéir thuaithe, limistéir
a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus réigiúin a bhfuil
míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu, agus toisc gur fearr is
féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a
ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach
in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san
Airteagal sin, ní théann an rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an
cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CUID A hAON
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1
Ábhar Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha
coiteanna is infheidhme maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
(CFRE), maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), maidir leis an gCiste
Comhtháthaithe (CC), maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI),
a fheidhmíonn faoin gComhchreat Straitéiseach (na ‘Cistí CSF’). Ina theannta sin, sainítear ann na forálacha atá riachtanach chun
éifeachtacht na gCistí CSF agus a gcomhordú le chéile agus le hionstraimí eile
an Aontais a áirithiú. Leagtar síos freisin sa Rialachán seo na
rialacha ginearálta faoina rialaítear an CFRE, an CSE (dá ngairtear ‘Cistí
Struchtúracha’ le chéile) agus an CC. Sainítear sa Rialachán seo cúraimí,
cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus an CC (na
‘Cistí’), na critéir chun na Ballstáit agus na réigiúin a cháiliú do thacaíocht
ó na Cistí CSF, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir chun iad a
leithdháileadh. Tá feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa
Rialachán seo gan dochar do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh.
[…]/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoiniú agus
bainistiú an chomhbheartais talmhaíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh
air[16] (dá ngairtear Rialachán
‘CBT’ anseo feasta) agus do na forálacha sonracha a leagtar síos sna Rialacháin
seo a leanas: (1)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006[17] (‘Rialachán ERDF’); (2)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena
n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006[18]
(‘Rialachán CSE’); (3)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Comhtháthaithe agus lena
n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006[19]
(‘Rialachán CC’); (4)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar críochach Eorpach[20]
(‘Rialachán ETC’); (5)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 11698/2005[21]
(‘Rialachán CETFT’); agus (6)
Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh
agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006[22]
(‘Rialachán CEMI’). Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
maidir le hionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF ag na
sainmhínithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais de réir mar atá leagtha síos
sa Rialachán Airgeadais, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa
Rialachán seo. Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na
sainmhínithe seo a lenas: (1)
ciallaíonn ‘Straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach’ na spriocanna agus an
comhchuspóirí atá mar threoraíocht ag bearta na mBallstát agus an Aontais atá
leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún: Eoraip
2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach, agus sna Conclúidí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach an
17 Meitheamh 2010 mar Iarscríbhinn I (Straitéis Nua Eorpach le haghaidh Post
agus Fáis, Ceannspriocanna an AE) agus sa Chinneadh ón gComhairle an 21
Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta
na mBallstát, agus in aon leasú ar na spriocanna agus na comhchuspóirí sin; (2)
ciallaíonn ‘Comhchreat Straitéiseach’ an doiciméad
lena n-athraítear cuspóirí agus spriocanna straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach ina bpríomhghníomhaíochtaí do na
Cistí CSF, lena mbunaítear, i gcás gach cuspóra théamaigh, na
príomhghníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht ó gach Ciste CSF ar leith agus na
meicníochtaí lena n-áiritheofar go mbeidh clárú na gCistí CSF comhchuibhithe
agus comhsheasmhach le beartais eacnamaíocha agus fostaíochta na mBallstát agus
an Aontais; (3)
ciallaíonn ‘rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí’ forálacha a leagtar síos i gCuid a Trí den Rialachán seo nó i rialachán
sonrach nó cineálach lena rialaítear ceann amháin nó níos mó de na Cistí CSF dá
dtagraítear nó atá liostaithe sa tríú fomhír d’Airteagal 1 nó forálacha atá
bunaithe ar na rialacháin sin; (4)
ciallaíonn ‘clárú’ próiseas eagrúcháin,
cinnteoireachta agus leithdháilte na n-acmhainní airgeadais, próiseas atá
roinnte i gcéimeanna éagsúla, lena bhfuil sé beartaithe an ghníomhaíocht a chur
chun feidhme go comhpháirteach, idir an tAontas agus na Ballstáit, ar bhonn
ilbhliantúil chun straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach a chur i gcrích; (5)
ciallaíonn ‘clár’ ‘clár oibríochtúil’ dá
dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo agus i Rialachán CEMI, agus an
‘clár forbartha tuaithe’ dá dtagraítear i Rialachán CETFT; (6)
ciallaíonn ‘tosaíocht’ an ‘ais tosaíochta’ dá
dtagraítear i gCuid a Trí den Rialachán seo agus ‘tosaíocht an Aontais’ dá
dtagraítear i Rialachán CEMI agus i Rialachán CETFT; (7)
ciallaíonn ‘oibríocht’ tionscadal, conradh,
gníomhaíocht nó grúpa tionscadal arna roghnú ag údarás bainistíochta an chláir
lena mbaineann, nó faoina chúram, a chuireann le cuspóir nó le cuspóirí na
tosaíochta lena mbaineann sé; i gcomhthéacs na
n-ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíochtaí ó chlár le
hionstraimí airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann
na hionstraimí airgeadais sin; (8)
ciallaíonn ‘tairbhí’ comhlacht poiblí nó
príobháideach, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó a thionscnamh agus
a chur chun feidhme; i gcomhthéacs na státchabhrach,
ciallaíonn an téarma 'tairbhí' an comhlacht a fhaigheann an chabhair; i
gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, ciallaíonn an téarma 'tairbhí' an comhlacht
a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme; (9)
ciallaíonn ‘faighteoir deiridh’ duine dlítheanach
nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó ionstraim airgeadais; (10)
ciallaíonn ‘Státchabhair’ cabhair a thig faoi
Airteagal 107(1) den Chonradh agus, chun críocha an Rialacháin seo, measfar go
gclúdaíonn sí cabhair de minimis de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 ón
gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 87 agus
Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis[23],
Rialachán (CE) Uimh. 1535/2007 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2007 maidir le cur i
bhfeidhm Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de
minimis in earnáil na táirgeachta talmhaíochta[24] agus Rialachán
(CE) Uimh. 875/2007 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2007 maidir le cur i bhfeidhm
Airteagal 87 agus Airteagal 88 de Chonradh CE maidir le cabhair de minimis in
earnáil an iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1860/2004[25]; (11)
ciallaíonn ‘oibríocht lánchríochnaithe' oibríocht
atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a
bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus an
ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach íoctha leis na tairbhithe; (12)
ciallaíonn ‘tacaíocht phoiblí’ aon tacaíocht
airgeadais chun oibríocht a mhaoiniú arb éard é a tionscnamh buiséad údarás
poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a bhaineann leis na
Cistí CSF, buiséad comhlachtaí dlí poiblí nó buiséad comhlachas d’údaráis
phoiblí nó de chomhlachtaí dlí poiblí; (13)
ciallaíonn ‘comhlacht dlí poiblí’ aon chomhlacht
arna rialú faoin dlí poiblí de réir bhrí Airteagal 1(9) de Threoir
2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26]
agus aon ghrúpáil Eorpach de chomhar críochach (EGTC) arna bunú i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón
gComhairle[27], is cuma an aithnítear
nó nach n-aithnítear an EGTC mar chomhlacht dlí poiblí nó mar chomhlacht dlí
príobháideach sna forálacha cur chun feidhme náisiúnta ábhartha; (14)
ciallaíonn 'doiciméad’ páipéar nó meán leictreonach
ina bhfuil faisnéis atá ábhartha de réir bhrí an Rialacháin seo; (15)
ciallaíonn ‘comhlacht idirmheánach’ comhlacht
poiblí nó príobháideach ar bith a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis
bainistíochta nó deimhniúcháin, nó a dhéanann dualgais a chomhall ar son
údaráis den sórt sin vis-à-vis oibríochtaí cur chun feidhme na dtairbhithe; (16)
ciallaíonn ‘straitéis um fhorbairt áitiúil’ tacar
comhleanúnach oibríochtaí chun cuspóirí agus riachtanais áitiúla a shásamh,
agus a chuidíonn le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe
agus uilechuimsitheach a chur i gcrích, agus a chuirtear chun feidhme i
gcomhpháirtíocht ar an leibhéal iomchuí; (17)
ciallaíonn ‘dúnadh rollach’ dúnadh oibríochtaí mar
thoradh ar imréiteach bliantúil an chleachtaidh cuntasaíochta agus roimh
dhúnadh ginearálta an chláir; (18)
ciallaíonn ‘Conradh Comhpháirtíochta’ an doiciméad
arna ullmhú ag an mBallstát, i bpáirt leis na comhpháirtithe i gcomhréir le cur
chuige an rialachais il-leibhéil a leagann amach straitéis, tosaíochtaí agus
socruithe an Bhallstáit maidir leis na Cistí CSF a úsáid ar shlí atá
éifeachtach agus éifeachtúil d’fhonn straitéis an Aontais maidir le fás cliste,
inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a shaothrú, agus atá faofa ag an gCoimisiún
i ndiaidh measúnaithe agus i ndiaidh comhphlé leis an mBallstát; (19)
ciallaíonn ‘catagóir réigiún’ catagóiriú na réigiún
mar ‘réigiúin bheagfhorbartha’, ‘réigiúin trasdula’ agus ‘réigiúin níos
forbartha’ i gcomhréir le hAirteagal 82(2); (20)
ciallaíonn ‘iarraidh ar íocaíocht’ iarratas ar
íocaíocht nó dearbhú caiteachais arna chur faoi bhráid an Choimisiúin ag an
mBallstát; (21)
ciallaíonn ‘BEI’ an Banc Eorpach Infheistíochta, an
Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachtaí arna mbunú ag an mBanc
Eorpach Infheistíochta; (22)
ciallaíonn ‘FBM’ micreathionscadal, fiontar beag nó
fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún, nó de réir
leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin; (23)
ciallaíonn ‘bliain chuntasaíochta’, chun críocha
Chuid a Trí, an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh, ach amháin sa
chéad bhliain chuntasaíochta, tráth a gciallaíonn sé an tréimhse ó dháta
tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2015. Beidh an bhliain chuntasaíochta dheiridh idir an 1 Iúil 2022 agus an 1
Meitheamh 2023; (24)
ciallaíonn ‘bliain airgeadais’, chun críocha Chuid
a Trí, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig; CUID A DÓ
FORÁLACHA COITEANNA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA CISTÍ CSF TEIDEAL I
Prionsabail maidir le tacaíocht an Aontais do na Cistí CSF Airteagal 3
Raon
feidhme Beidh feidhm maidir leis na forálacha a
leagtar síos i gCuid a Trí ag na rialacha a leagtar síos sa Chuid seo den
Rialachán. Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta 1. Déanfar tacaíocht a chur ar
fáil ó na Cistí CSF, trí chláir ilbhliantúla, agus comhlánóidh an tacaíocht sin
na hidirghabhálacha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhonn
straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
a chur i gcrích, agus cuirfear na Treoirlínte Comhtháite agus na moltaí a
bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus moltaí
ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh san
áireamh. 2. Áiritheoidh an Coimisiún agus
na Ballstáit go bhfuil an tacaíocht ó na Cistí CSF comhsheasmhach le beartais
agus le tosaíochtaí an Aontais agus go gcomhlánaíonn sí ionstraimí eile an
Aontais. 3. Cuirfear tacaíocht ó na Cistí
CSF chun feidhme i ndlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit. 4 Beidh na Ballstáit agus na
comhlachtaí arna n-ainmniú acu freagrach as cláir a chur chun feidhme agus as a
gcúraimí faoin Rialachán seo agus faoi na rialacha a bhaineann go sonrach leis
na Cistí a chur i gcrích ar an leibhéal críochach iomchuí de réir chreat
institiúideach, dlí agus airgeadais an Bhallstáit agus faoi réir an Rialacháin
seo agus faoi réir na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí a bheith
comhlíonta. 5. Agus aird á tabhairt ar an
leibhéal tacaíochta a leithdháiltear, cuirfear prionsabal na comhréireachta san
áireamh sna socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na gCistí CSF, agus
go háirithe sna hacmhainní airgeadais agus riaracháin is gá chun na Cistí CSF a
chur chun feidhme maidir le tuairisciú, meastóireacht, bainistíocht agus rialú. 6. I gcomhréir lena
bhfreagrachtaí faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú
idir na Cistí CSF, agus comhordú idir iad agus beartais agus ionstraimí eile de
chuid an Aontais, lena n-áirítear na beartais agus na hionstraimí sin faoi
chuimsiú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. 7. Déanfar an chuid de bhuiséad
an Aontais arna leithdháileadh ar na Cistí CSF a chur chun feidhme faoi
chuimsiú na bainistíochta comhpháirtí idir na Ballstáit agus an Coimisiún, de
réir Airteagal 53(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón
gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais
is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (dá ngairtear
an ‘Rialachán Airgeadais’ anseo feasta)[28], cé is moite de
mhéid an CC arna aistriú chuig an tSaoráid 'Connecting Europe' dá
dtagraítear in Airteagal 84(4) agus de ghníomhartha nuálacha ar thionscnamh an
Choimisiúin faoi Airteagal 9 den Rialachán CFRE, agus cúnamh teicniúil ar
thionscnamh an Choimisiúin. 8. Déanfaidh an Coimisiún agus
na Ballstáit prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur i bhfeidhm de
réir Airteagal 73 den Rialachán Airgeadais. 9. Déanfaidh an Coimisiún agus
na Ballstáit éifeachtacht na gCistí a áirithiú, go háirithe trí fhaireachán,
trí thuairisciú agus trí mheastóireacht. 10. Comhlíonfaidh an Coimisiún
agus na Ballstáit a róil ar leith faoi seach maidir leis na Cistí CSF d’fhonn
an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú. Airteagal 5
Comhpháirtíocht agus
rialachas il-leibhéil 1. I gcás an Chonartha
Comhpháirtíochta agus gach cláir oibríochtúla faoi seach, déanfaidh Ballstát
comhpháirtíocht a eagrú i bpáirt leis na comhpháirtithe seo a leanas: (a)
údaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha
agus údaráis phoiblí eile; (b)
comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta;agus (c)
comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na
sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí
neamhrialtais agus comhlachtaí atá freagrach as comhionannas agus
neamh-idirdhealú a chur chun cinn. 2. I gcomhréir le cur chuige an
rialachais il-leibhéil, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe a tharraingt
isteach in ullmhú na gConarthaí Comhpháirtíochta agus na dtuarascálacha ar dhul
chun cinn agus in ullmhú agus i gcur chun feidhme na gclár oibríochta agus i
bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh na comhpháirtithe
rannpháirteach sna coistí faireacháin ar chláir. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140
d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le cód Eorpach iompair ina leagfar síos na
cuspóirí agus na critéir d’fhonn tacú le cur chun feidhme na comhpháirtíochta
agus chun roinnt faisnéise, taithí, torthaí agus dea-chleachtas i measc na
mBallstát a éascú. 4. Uair amháin in aghaidh na
bliana ar a laghad, i gcás gach Ciste CSF, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle
leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na gcomhpháirtithe ar
leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na tacaíochta ó na Cistí CSF. Airteagal 6
Comhlíonadh an dlí náisiúnta
agus dhlí an Aontais Comhlíonfaidh na hoibríochtaí a mhaoineofar
tríd na Cistí CSF an dlí náisiúnta is infheidhme agus dlí an Aontais is infheidhme. Airteagal 7
Comhionannas idir fir agus
mná agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go
gcuirfear comhionannas idir fir agus mná agus comhtháthú na gné inscne chun
cinn agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na
céimeanna cuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh
ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar
thrasuíomh gnéasach a chosc le linn na cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme. Airteagal 8
Forbairt inbhuanaithe Saothrófar cuspóirí na gCistí CSF faoi
chuimsiú forbartha inbhuanaithe agus de réir mar a chuireann an tAontas an
aidhm maidir leis an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú mar atá leagtha
amach in Airteagal 11 agus Airteagal 19 den Chonradh ar aghaidh, agus
cuirfear an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ san áireamh ag an am céanna. Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go
gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an
athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus
cosc ar riosca agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Conarthaí
Comhphaírtíochta agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do
chuspóirí athraithe aeráide ag úsáid na modheolaíochta arna glacadh ag an
gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht sin a ghlacadh trí
ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3). TEIDEAL II
CUR CHUIGE STRAITÉISEACH CAIBIDIL I
Cuspóirí téamacha le haghaidh na gCistí CSF agus le haghaidh an Chomhchreata
Straitéisigh Airteagal 9
Cuspóirí téamacha Tacóidh gach Ciste CSF leis na cuspóirí
téamacha seo a leanas i gcomhréir lena misean d’fhonn rannchuidiú le straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach: (25)
taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a
neartú; (26)
úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise
agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú; (27)
iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide agus
earnáil na talmhaíochta (i gcás CETFT) agus earnáil an iascaigh agus an
dobharshaothraithe (i gcás CEMI) a fheabhsú; (28)
tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair
ísealcharbóin sna hearnálacha uile; (29)
oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí maidir
le hathrú aeráide agus bainistiú an athraithe aeráide a chur chun cinn; (30)
an comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní
a chur chun cinn; (31)
iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill
i bpríomhbhonneagair ghréasáin a bhaint; (32)
an fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta
saothair a chur chun cinn; (33)
cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus
bochtaineacht a chomhrac; (34)
infheistiú in oideachas, i scileanna agus i
bhfoghlaim ar feadh an tsaoil; (35)
acmhainní na n-institiúidí agus riarachán poiblí
éifeachtúil a fheabhsú. Déanfar na cuspóirí téamacha a athrú ina
dtosaíochtaí a bhaineann go sonrach le gach Ciste CSF ar leith agus a leagan
amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Airteagal 10
Comhchreat
Straitéiseach D’fhonn forbairt chomhchuí, chothromúil agus
inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn, déanfar cuspóirí agus spriocanna
straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach
a athrú, i gComhchreat Straitéiseach, ina bpríomhghníomhaíochtaí le haghaidh na
gCistí CSF. Airteagal 11
Ábhar Bunófar leis an gComhchreat Straitéiseach: (a)
maidir le gach cuspóir téamach, na príomhghníomhaíochtaí
a gheobhaidh tacaíocht ó gach Ciste CSF ar leith; (b)
na príomhdhúshláin chríochacha atá le sárú ag
limistéir uirbeacha, thuaithe, chósta agus iascaigh, mar aon le limistéir lena
mbaineann sainghnéithe críochacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 174
agus Airteagal 349 den Chonradh, a dtabharfaidh na Cistí CSF aghaidh orthu; (c)
prionsabail chothrománacha agus cuspóirí beartais
maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF; (d)
réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí
comhair maidir le gach ceann de na Cistí CSF, nuair is iomchuí, ag cur
straitéisí macairéigiúnacha agus straitéis um imchuacha farraige san áireamh; (e)
meicníochtaí comhordaithe idir na Cistí CSF, agus
idir iad agus beartais agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena
n-áirítear ionstraimí seachtracha comhair; (f)
meicníochtaí d’fhonn comhchuibheas agus
comhsheasmhacht chlárú na gCistí CSF leis na moltaí a bhaineann go sonrach le
tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na
Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh a áirithiú. Airteagal 12
Glacadh agus athbhreithniú Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 den Comhchreat
Straitéiseach laistigh de thrí mhí ó ghlacadh an Rialacháin seo. I gcás ina bhfuil mórathruithe i straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, déanfaidh an
Coimisiún athbhreithniú ar an gComhchreat Straitéiseach agus, nuair is iomchuí,
déanfaidh sé Comhchreat Straitéiseach athbhreithnithe a ghlacadh trí ghníomh
tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142. Laistigh de shé mhí de ghlacadh an
Chomhchreata Straitéisigh athbhreithnithe, molfaidh na Ballstáit leasuithe, más
gá, ar a gConradh Comhpháirtíochta agus ar a gcláir d’fhonn a gcomhsheasmhacht
leis an gComhchreat Straitéiseach athbhreithnithe a áirithiú.
CAIBIDIL II
Conradh Comhpháirtíochta Airteagal 13
An Conradh Comhpháirtíochta a
ullmhú 1.
Ullmhóidh gach Ballstát Conradh Comhpháirtíochta le
haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020. 2.
Déanfaidh na Ballstáit an Conradh Comhpháirtíochta
a tharraingt suas i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal
5.Déanfar an Conradh Comhpháirtíochta a ullmhú i gcomhphlé leis an gCoimisiún. 3.
Cumhdófar sa Chonradh Comhpháirtíochta gach
tacaíocht ó na Cistí CSF sa Bhallstát lena mbaineann. 4.
Tarchuirfidh gach Ballstát a Chonradh
Comhpháirtíochta chuig an gCoimisiún laistigh de 3 mhí tar éis an Comhchreat
Straitéiseach a ghlacadh. Airteagal 14
Ábhar an Chonartha
Comhpháirtíochta Leagfar amach sa Chonradh
Comhpháirtíochta: (a)
socruithe d’fhonn ailíniú a áirithiú le straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, lena
n-áirítear: (i) anailís ar
éagothromaíochtaí agus ar riachtanais forbartha faoi threoir na gcuspóirí
téamacha agus na bpríomhghníomhaíochtaí arna sainiú sa Chomhchreat
Straitéiseach agus na spriocanna arna leagan amach i moltaí a bhaineann go
sonrach leis an tír faoi Airteagal 121(2) agus moltaí ábhartha na
Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh; (ii) anailís achomair
ar mheastóireachtaí ex ante na gclár lena dtugtar údar cuí le roghnú na
gcuspóirí téamacha agus leithdháiltí táscacha na gCistí CSF; (iii) i gcás gach
cuspóra théamaigh, achoimre ar na príomhthorthaí a bhfuiltear ag súil leo le
haghaidh gach ceann de na Cistí CSF; (iv) leithdháileadh
táscach na tacaíochta ón Aontas de réir cuspóra théamaigh ar an leibhéal
náisiúnta le haghaidh gach ceann de na Cistí CSF, mar aon leis an méid iomlán
táscach de thacaíocht atá foráilte maidir le cuspóirí athraithe aeráide; (v) na príomhréimsí
tosaíochta comhair, ag cur straitéisí macairéigiúnacha agus straitéisí um
imchuacha farraige san áireamh nuair is iomchuí; (vi) prionsabail
chothrománacha agus cuspóirí beartais maidir le cur chun feidhme na gCistí CSF; (vii) liosta de na cláir
faoin CFRE, faoin CSE agus faoin CC, cé is moite de na cláir sin faoi sprioc an
chomhair chríche Eorpaigh, agus liosta de na cláir faoin CETFT agus faoin CEMI,
ina sonraítear na leithdháiltí táscacha faoi seach de réir Ciste CSF agus de
réir bliana; (b)
cur chuige comhtháite maidir le comhar críochach a
fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, ina leagtar amach: (i) na meicníochtaí ar
an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach lena n-áirithítear comhordú idir na Cistí
CSF agus ionstraimí cistiúcháin eile náisiúnta agus Aontais agus leis an BEI; (ii) na socruithe
d’fhonn cur chuige comhtháite a áirithiú i leith úsáid na gCistí CSF maidir le
forbairt chríochach na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta agus iascaigh agus na
limistéar ag a bhfuil sainghnéithe críochacha áirithe, go háirithe na socruithe
cur chun feidhme le haghaidh Airteagal 28, Airteagal 29 agus Airteagal 99
agus beidh liosta ag gabháil leo, nuair is iomchuí, de na cathracha a bheidh
rannpháirteach sa chlár um fhorbairt uirbeach dá dtagraítear in Airteagal 7 den
Rialachán CFRE; (c)
cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar
riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an
bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó
eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, nuair is
iomchuí, lena n-áirítear an leithdháileadh táscach airgeadais ar na Cistí CSF
ábhartha; (d)
socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach a
áirithiú, lena n-áirítear: (i) tábla comhtháite de
na garspriocanna agus na spriocanna arna mbunú i gcláir le haghaidh an chreata
feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(1), mar aon leis an mhodheolaíocht
agus an mheicníocht chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na cláir agus na Cistí
CSF; (ii) achoimre ar an
measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante agus na
ngníomhaíochtaí ar gá iad a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach,
agus an tráthchlár dá gcur chun feidhme, i gcás nach ndéantar coinníollachtaí ex
ante a chomhlíonadh; (iii) an fhaisnéis a
theastaíonn d’fhíorú ex ante ar chomhlíonadh na rialacha ar bhreisíocht
mar atá sainithe i gCuid a Trí den Rialachán seo; (iv) na gníomhaíochtaí
arna ndéanamh chun na comhpháirtithe a tharraingt isteach agus a ról in ullmhú an
Chonartha Comhpháirtíochta agus na tuarascála ar dhul chun cinn mar a
shainítear in Airteagal 46 den Rialachán seo; (e)
socruithe chun cur chun feidhme éifeachtúil na
gCistí CSF a áirithiú, lena n-áirítear: (i) measúnú i dtaobh an
bhfuil gá le hacmhainní riaracháin na n-údarás, agus na dtairbhithe, nuair is
iomchuí, a neartú agus gníomhaíochtaí atá le déanamh chun na críche sin; (ii) achoimre ar na
gníomhaíochtaí atá beartaithe agus ar na spriocanna comhfhreagracha sna cláir
chun laghdú a bhaint amach ar ualach riaracháin na dtairbhithe; (iii) measúnú ar na
córais atá ann cheana maidir le malartú leictreonach sonraí, agus ar na
gníomhaíochtaí atá beartaithe le gur féidir gach malartú faisnéise idir na
tairbhithe agus na húdaráis atá freagrach as bainistiú agus rialú na gclár a
dhéanamh trí mhalartú leictreonach sonraí agus sin amháin. Airteagal 15
An Conradh Comhpháirtíochta a
ghlacadh agus a leasú 1. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú ar chomhsheasmhacht an Chonartha Comhpháirtíochta leis an Rialachán
seo, leis an gComhchreat Straitéiseach, agus leis na moltaí a bhaineann go
sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí na
Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(2) den Chonradh, ag tabhairt airde
ar na meastóireachtaí ex ante ar na cláir, agus tabharfaidh an Coimisiún
barúlacha le fios laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an Conradh
Comhpháirtíochta isteach. Cuirfidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá ar
fáil agus, nuair is iomchuí, athbhreithneoidh sé an Conradh Comhpháirtíochta. 2. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme chun an Conradh
Comhpháirtíochta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát
é a chur isteach, ar an gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún
le fios san áireamh go cuí. Ní thiocfaidh an Conradh Comhpháirtíochta i
bhfeidhm roimh an 1 Eanáir 2014. 3. I gcás ina molann Ballstát
leasú ar an gConradh Comhpháirtíochta, déanfaidh an Coimisiún measúnú i
gcomhréir le mír 1 agus, nuair is iomchuí, glacfaidh sé cinneadh trí
ghníomhartha cur chun feidhme chun an leasú a fhormheas. CAIBIDIL III
Comhchruinniú téamach, coinníollachtaí ex ante agus athbhreithniú ar
fheidhmíocht Airteagal 16
Comhchruinniú téamach Díreoidh Ballstáit tacaíocht, i gcomhréir leis
na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, ar ghníomhaíochtaí lena
mbaineann an breisluach is mó i ndáil le straitéis an Aontais maidir le fás
cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, agus tabharfaidh siad aghaidh ar
na dúshláin arna sainaithint sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi
Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna
nglacadh faoi Airteagal 148(4) den Chonradh, agus cuirfidh siad riachtanais
náisiúnta agus réigiúnacha san áireamh ag an am céanna. Airteagal 17
Coinníollachtaí ex ante 1.
Déanfar coinníollachtaí ex ante a shainiú
maidir le gach Ciste CSF sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 2.
Déanfaidh na Ballstáit measúnú féachaint an bhfuil
na coinníollachtaí ex ante is infheidhme comhlíonta. 3.
I gcás nach bhfuil na coinníollachtaí ex ante
comhlíonta ar an dáta a tharchuirfear an Conradh Comhpháirtíochta, leagfaidh na
Ballstáit amach sa Chonradh Comhpháirtíochta achoimre ar na gníomhaíochtaí is
gá a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus an tráthchlár dá
gcur chun feidhme, lena áirithiú go gcomhlíonfar iad tráth nach déanaí ná dhá
bhliain tar éis an Conradh Comhpháirtíochta a ghlacadh nó faoin
31 Nollaig 2016, cibé acu is luaithe. 4.
Déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí
mionsonraithe a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante,
lena n-áirítear an tráthchlár dá gcur chun feidhme, a leagan amach sna cláir
ábhartha. 5.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis
arna cur ar fáil maidir le comhlíonadh na gcoinníollachtaí ex ante faoi
chuimsiú a mheasúnaithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir. Féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh, agus clár á ghlacadh aige, na
híocaíochtaí eatramhacha uile leis an gclár, nó roinnt díobh, a fhionraí go dtí
go ndéanfar na gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche go sásúil chun
coinníollacht ex ante a chomhlíonadh. Beidh mainneachtain gníomhaíochtaí
a thabhairt chun críche chun coinníollacht ex ante a chomhlíonadh faoin
spriocdháta arna leagan amach sa chlár ina cúis le híocaíochtaí ón gCoimisiún a
fhionraí. 6.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le
cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Airteagal 18
Cúlchiste feidhmíochta Beidh 5 % de na hacmhainní a
leithdháilfear ar gach Ciste CSF agus ar gach Ballstát, cé is moite de na
hacmhainní sin a leithdháilfear ar sprioc an chomhair chríche Eorpaigh agus ar
Theideal V de Rialachán CEMI, ina chúlchiste feidhmíochta a leithdháilfear i
gcomhréir le hAirteagal 20. Airteagal 19
Athbhreithniú ar fheidhmíocht 1. Déanfaidh an Coimisiún, i
gcomhar leis na Ballstáit, athbhreithniú ar fheidhmíocht na gclár i ngach
Ballstát in 2017 agus in 2019, faoi threoir an chreata feidhmíochta arna leagan
amach sa Chonradh Comhpháirtíochta agus sna cláir ábhartha. Tá an modh chun an
creat feidhmíochta a bhunú leagtha amach in Iarscríbhinn I. 2. Déanfar scrúdú san
athbhreithniú sin ar ghnóthú na ngarspriocanna sna cláir ar leibhéal na
dtosaíochtaí, ar bhonn na faisnéise agus na measúnuithe sna tuarascálacha ar
dhul chun cinn a chuirfidh na Ballstáit isteach in 2017 agus in 2019. Airteagal 20
Leithdháileadh an chúlchiste
feidhmíochta 1. I gcás ina nochtann an
t-athbhreithniú ar fheidhmíocht arna dhéanamh in 2017 nár bhain tosaíocht
laistigh de chlár a garspriocanna amach a socraíodh don bhliain 2016,
tabharfaidh an Coimisiún moltaí don Bhallstát lena mbaineann. 2. Ar bhonn an athbhreithniú
arna dhéanamh in 2019, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, chun na cláir agus na tosaíochtaí a bhain a ngarspriocanna
amach a chinneadh do gach Ciste CSF agus do gach Ballstát.
Molfaidh an Ballstát sannadh an chúlchiste feidhmíochta do na cláir agus na
tosaíochtaí arna leagan amach sa chinneadh sin ón gCoimisiún. Déanfaidh an
Coimisiún leasú na gclár lena mbaineann a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal
26. I gcás nach gcuireann Ballstát an fhaisnéis isteach i gcomhréir le
hAirteagal 26(2) agus (3), ní leithdháilfear an cúlchiste feidhmíochta do na
cláir nó do na tosaíochtaí lena mbaineann. 3. I gcás ina bhfuil fianaise
ann a thig as athbhreithniú ar fheidhmíocht nár bhain tosaíocht na
garspriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta amach, féadfaidh an
Coimisiún íocaíocht eatramhach ar fad nó cuid di le tosaíocht cláir a fhionraí
i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i rialacha a bhaineann go
sonrach le Ciste. 4. I gcás ina suíonn an
Coimisiún, bunaithe ar scrúdú ar an dtuarascáil deiridh maidir le cur chun
feidhme an chláir, mainneachtain thromchúiseach na spriocanna arna leagan amach
sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh sé ceartuithe airgeadais a
chur i bhfeidhm i ndáil leis na tosaíochtaí lena mbaineann i gcomhréir le
rialacha a bhaineann go sonrach le Ciste. Tabharfar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 142 chun critéir agus an mhodheolaíocht a bhunú chun leibhéal an
cheartaithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm a chinneadh. 5. Ní bheidh feidhm ag mír 2
maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh ná le Teideal V de
Rialachán CEMI. CAIBIDIL IV
Coinníollachtaí maicreacnamaíocha Airteagal 21
Coinníollacht atá nasctha le
comhordú bheartais eacnamaíocha Ballstát 1. Féadfaidh an Coimisiún a
iarraidh ar Bhallstát a Chonradh Comhpháirtíochta agus na cláir ábhartha a
athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, nuair is gá sin sna cásanna seo a
leanas: (a)
chun tacú le cur chun feidhme molta de chud na
Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus/nó le hAirteagal 148(4) den Chonradh,
nó chun tacú le cur chun feidhme beart atá dírithe ar na Ballstáit lena
mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) den Chonradh; (b)
chun tacú le cur chun feidhme molta de chuid na
Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 126(7) den Chonradh; (c)
chun tacú le cur chun feidhme molta de chud na
Comhairle, atá dírithe ar an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i
gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../2011 [maidir le
míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú], ar an gcoinníoll
go meastar go bhfuil gá leis na leasuithe sin chun éagothromaíochtaí
macraieacnamaíocha a cheartú; nó (d)
chun an tionchar atá ag Cistí CSF atá ar fáil de
bhun mhír 4 ar fhás agus ar iomaíochas a mhéadú, i gcás ina gcomhlíonann
Ballstát ceann de na coinníollacha seo a leanas: (i) cuirtear cúnamh
airgeadais de chuid an Aontais ar fáil dó faoi Rialachán (AE)
Uimh. 407/2010 ón gComhairle; (ii) cuirtear cúnamh
airgeadais meántéarmach de chuid an Aontais ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle[29]; (iii) cuirtear cúnamh
airgeadais i bhfoirm iasacht SEC ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena
mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht. 2. Laistigh de thréimhse míosa,
cuirfidh an Ballstát togra isteach le haghaidh leasú ar an gConradh
Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha. Féadfaidh an Coimisiún, más gá,
barúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse míosa ón tráth a cuireadh na
leasuithe isteach, agus déanfaidh an Ballstát, sa chás sin, a thogra a chur
isteach arís laistigh de mhí amháin. 3. I gcás nach bhfuil barúlacha
tugtha ag an gCoimisiún nó i gcás inar cuireadh a chuid barúlacha san áireamh
go sásúil, glacfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, cinneadh lena
bhformheasfar na leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir
ábhartha. 4. De mhaolú ar mhír 1, más rud
é go gcuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do Bhallstát i gcomhréir le mír 1(d)
agus go bhfuil sé nasctha le clár coigeartaithe, féadfaidh an Coimisiún an
Conradh Comhpháirtíochta agus na cláir a leasú gan aon togra a fháil ón
mBallstát d’fhonn an tionchar a imríonn Cistí CSF atá ar fáil ar fhás agus ar
iomaíochas a uasmhéadú. D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach an Chonartha
Comhpháirtíochta agus na gclár ábhartha a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún
páirt i mbainistíocht orthu mar atá mionsonraithe sa chlár coigeartaithe nó sa
Mheamram Comhthuisceana arna shíniú ag an mBallstát lena mbaineann. 5. I gcás nach dtugann Ballstát
freagra ar iarraidh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 nó nach dtugann sé
freagra sásúil laistigh de thréimhse míosa ar bharúlacha an Choimisiúin dá
dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thrí mhí i ndiaidh dó
na barúlacha a thabhairt, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun
feidhme, lena bhfionraítear na híocaíochtaí ar fad nó roinnt de na híocaíochtaí
le haghaidh na gclár lena mbaineann. 6. Féadfaidh an Coimisiún na
híocaíochtaí agus na ceangaltais ar fad nó roinnt díobh le haghaidh na gclár
lena mbaineann a fhionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme sna cásanna
seo a leanas: (a)
i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nár chomhlíon an
Ballstát na bearta sonracha arna leagan amach ag an gComhairle i gcomhréir le
hAirteagal 136(1) den Chonradh; (b)
i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle i gcomhréir le
hAirteagal 126(8) agus Airteagal 126(11) den Chonradh nach bhfuil beart
éifeachtach déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun a easnamh iomarcach a
cheartú; (c)
i gcás ina dtagann an Chomhairle ar an gconclúid i
gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. […]/2011 [maidir le
éagothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú] nach ndearna an
Ballstát, in dhá chás ar leith i ndiaidh a chéile, plean gníomhaíochta
ceartaitheach leormhaith a chur isteach nó i gcás ina nglacfaidh an Chomhairle
cinneadh lena ndearbhaítear neamhchomhlíonadh ag an mBallstát i gcomhréir le
hAirteagal 10(4) den Rialachán sin; (d)
i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid
nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá
dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle nó i Rialachán (CE)
Uimh. 332/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme agus ina gcinnfidh sé, dá
thoradh sin, gan an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc; nó (e)
i gcás ina dtagann Bord Stiúrthóirí an tSásra
Eorpaigh um Chobhsaíocht ar an gconclúid nár comhlíonadh an choinníollacht a
bhaineann le cúnamh airgeadais SEC i bhfoirm iasacht SEC leis an mBallstát lena
mbaineann agus, dá thoradh sin, ina gcinnfidh sé gan an tacaíocht cobhsaíochta
a deonaíodh dó a íoc. 7. Le linn dó cinneadh a
dhéanamh faoi na híocaíochtaí nó na ceangaltais ar fad nó roinnt díobh a
fhionraí i gcomhréir le mír 5 agus mír 6 faoi seach, áiritheoidh an Coimisiún
go mbeidh an fhionraí comhréireach agus éifeachtach, agus cuirfidh sé dálaí
eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh agus
déanfaidh sé cóir chomhionann idir Bhallstáit a urramú, go háirithe maidir le
tionchar na fionraí ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. 8. Déanfaidh an Coimisiún an
fhionraí ar íocaíochtaí agus ar cheangaltais a fhoirceannadh gan mhoill i gcás
ina bhfuil leasuithe ar an gConradh Comhpháirtíochta agus ar na cláir ábhartha
molta ag an mBallstát, de réir mar a d’iarr an Coimisiún air a dhéanamh, agus
ina bhfuil na leasuithe sin formheasta ag an gCoimisiún agus, i gcás inarb
infheidhme: (a)
go bhful sé cinnte ag an gComhairle gur chomhlíon
an Ballstát na bearta sonracha arna leagan amach ag an gComhairle i gcomhréir
le hAirteagal 136(1) den Chonradh; (b)
go bhfuil an nós imeachta um easnamh iomarcach ar
stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 nó go bhfuil
sé cinnte ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) den Chonradh an
cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm; (c)
go bhfuil an plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir
an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán
(AE) Uimh. [...] [Rialachán EIP (um míchothromaíochtaí iomarcacha)] daingnithe
ag an gComhairle nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha
ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil an nós
imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha dúnta ag an gComhairle i gcomhréir le
hAirteagal 11 den Rialachán sin; (d)
go bhfuil an Coimisiún tagtha ar an gconclúid go
bhfuil bearta déanta ag an mBallstát chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear
i Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle nó i Rialachán (CE) Uimh.
332/2002 ón gComhairle a chur chun feidhme agus go bhfuil sé údaraithe aige, dá
thoradh sin, an cúnamh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a íoc; nó (e)
go bhfuil Bord Stiúrthóirí an tSásra Eorpaigh um
Chobhsaíocht tagtha ar an gconclúid gur comhlíonadh an choinníollacht a
bhaineann le cúnamh airgeadais i bhfoirm iasacht SEC leis an mBallstát lena
mbaineann agus, dá thoradh sin, go bhfuil sé cinnte aige an tacaíocht
cobhsaíochta a deonaíodh dó a íoc. An tráth céanna, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra
ón gCoimisiún, na ceangaltais ar fionraí a athbhuiséadú i gcomhréir le
hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. [...] ón gComhairle lena leagtar síos an
creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020. Airteagal 22
Ardú ar íocaíochtaí le
haghaidh Ballstáit a bhfuil deacrachtaí sealadacha buiséadacha aige 1. Ar iarratas ó Bhallstát,
féadfar íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a ardú 10
bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach
tosaíocht i gcás an CFRE, an CSE agus an CC nó maidir le gach beart i gcás an
CETFT agus an CEMI. Beidh feidhm ag an ráta ardaithe, ráta nach bhféadfaidh a
bheith os cionn 100%, maidir le hiarrataí ar íocaíocht a bhaineann leis an
tréimhse chuntasaíochta inar chuir an Ballstát a iarraidh isteach, agus i
dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin ina gcomhlíonann an Ballstát ceann
amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a)
i gcás ina bhfuil glactha leis an euro ag an
mBallstát lena mbaineann, faigheann sé cúnamh macra-airgeadais ón Aontas faoi
Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle[30]; (b)
i gcás nach bhfuil glactha leis an euro ag an
mBallstát lena mbaineann, faigheann sé cúnamh airgeadais meántéarmach i
gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle[31]; (c)
tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir
leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht a síníodh an
11 Iúil 2011. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le
cláir faoin Rialachán ETC. 2. D'ainneoin mhír 1, ní bheidh
tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n-íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí
an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus uasmhéid na
tacaíochta ó na Cistí CSF maidir le gach tosaíocht i gcás an CFRE, an CSE agus
an CC, nó maidir le gach beart i gcás an CETFT agus CEMI, mar atá leagtha síos
sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár. TEIDEAL III
CLÁRÚ CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí CSF Airteagal 23
Cláir a ullmhú 1. Cuirfear na Cistí CSF chun
feidhme trí chláir i gcomhréir leis an gConradh Comhpháirtíochta. Déanfar an
tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020 a
chumhdach i ngach clár. 2. Déanfaidh na Ballstáit, nó
údarás ar bith eile arna ainmniú acu, cláir a tharraingt suas i gcomhar leis na
comhpháirtithe. 3. Cuirfidh na Ballstáit na
cláir isteach an tráth céanna is a chuirtear an Conradh Comhpháirtíochta
isteach, ach amháin i gcás na gclár um chomhar críche Eorpach a chuirfear
isteach laistigh de shé mhí ón tráth a fhormheastar an Comhchreat
Straitéiseach. Beidh meastóireacht ex ante mar a leagtar amach in
Airteagal 48 ag gabháil in éineacht le gach clár. Airteagal 24
Ábhar na gclár 1. Leagfar straitéis amach i
ngach clár maidir le rannchuidiú an chláir le straitéis an Aontais maidir le
fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus beidh an straitéis
comhsheasmhach leis an gComhchreat Straitéiseach agus leis an gConradh
Comhpháirtíochta. Beidh ar áireamh i ngach clár socruithe lena n-áiritheofar go
gcuirfear na Cistí CSF chun feidhme go héifeachtach, go héifeachtúil agus go
comhordaithe agus gníomhaíochtaí lena ndéanfar an t-ualach riaracháin ar
thairbhithe a laghdú. 2. I ngach clár, beidh
sainmhíniú ar thosaíochtaí lena leagtar amach cuspóirí sonracha, ar leithreasaí
airgeadais tacaíochta ó na Cistí CSF agus ar chómhaoiniú comhfhreagrach ar an
leibhéal náisiúnta. 3. Leagfar amach le gach
tosaíocht táscairí d’fhonn an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun
feidhme an chláir a mheasúnú agus beidh siad mar bhonn leis an bhfaireachán,
leis an meastóireacht agus leis an athbhreithniú ar fheidhmíocht. Beidh orthu
sin: (d)
táscairí airgeadais a bhaineann le caiteachas arna
leithdháileadh; (e)
táscairí ar aschur a bhaineann leis na hoibríochtaí
a fhaigheann tacaíocht; (f)
táscairí ar thorthaí a bhaineann leis an tosaíocht. I gcás gach Ciste CSF, leagfar táscairí coiteanna
amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus d’fhéadfaí foráil
a dhéanamh maidir le táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir. 4. Beidh ar áireamh i ngach
clár, ach amháin sna cláir sin lena gcumhdaítear cúnamh teicniúil amháin,
tuairisc ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na prionsababil atá leagtha amach
in Airteagal 7 agus Airteagal 8 san áireamh. 5. Leagfar amach i ngach clár,
ach amháin sna cláir sin ina dtugtar faoi chúnamh teicniúil faoi chlár sonrach,
an méid táscach tacaíochta a bheidh le húsáid le haghaidh cuspóirí athraithe
aeráide. 6. Déanfaidh na Ballstáit an
clár a dhréachtú i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí. Airteagal 25 An nós
imeachta chun cláir a ghlacadh 1. Déanfaidh an Coimisiún, agus
an mheastóireacht ex ante á cur san áireamh aige, measúnú ar
chomhsheasmhacht na gclár leis an Rialachán seo, leis na rialacha a bhaineann
go sonrach leis na Cistí, leis an rannchuidiú iarbhír a thugann siad leis na
cuspóirí téamacha agus le tosaíochtaí an Aontais a bhaineann go sonrach le gach
Ciste CSF ar leith, leis an gComhchreat Straitéiseach, leis an gConradh
Comhpháirtíochta, leis na moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi
Airteagal 121(2) den Chonradh agus le moltaí na Comhairle arna nglacadh
faoi 148(2) den Chonradh. Tabharfar aghaidh sa mheasúnú, go háirithe, ar
leordhóthanacht straitéis an chláir agus na gcuspóirí, na dtáscairí agus na
spriocanna comhfhreagracha agus ar leithdháileadh na n-acmhainní buiséadacha. 2. Tabharfaidh an Coimisiún
barúlacha laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirfear an clár isteach. Soláthróidh
an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, nuair is iomchuí,
leasóidh sé an clár atá beartaithe. 3. I gcomhréir leis na rialacha
a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfaidh an Coimisiún gach clár a
fhormheas tráth nach déanaí ná sé mhí i ndiaidh don Bhallstát/do na Ballstáit é
a chur isteach go foirmiúil, ar an gcoinníoll go bhfuil aon bharúlacha arna
tabhairt ag an gCoimisiún curtha san áireamh go cuí, ach ní roimh an 1 Eanáir 2014
nó roimh don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar an Conradh
Comhpháirtíochta a fhormheas. Airteagal 26
Cláir a leasú 1. Déanfar iarrataí ar leasú na
gclár arna gcur isteach ag Ballstát a réasúnú go cuí agus leagfar amach go
háirithe iontu an tionchar a mheastar a bheidh ag na hathruithe ar an gclár ar
chur i gcrích straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
uilechuimsitheach agus cuspóirí sonracha arna sainiú sa chlár, agus cuirfear an
Comhchreat Straitéiseach agus an Conradh Comhpháirtíochta san áireamh. Beidh an
clár leasaithe agus, nuair is iomchuí, Conradh Comhpháirtíochta leasaithe ag
gabháil leo. I gcás ina leasófar na cláir faoi sprioc an
Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, ní leasófar an Conradh Comhpháirtíochta ábhartha. 2. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú ar an bhfaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le mír 1, agus cuirfidh sé
an bonn cirt a thug an Ballstát san áireamh freisin. Féadfaidh an Coimisiún
barúlacha a thabhairt agus soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad
is gá don Choimisiún. I gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis
na Cistí, déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar leasú cláir a fhormheas tráth nach
déanaí ná cúig mhí tar éis don Bhallstát iad a chur isteach go foirmiúil, ar an
gcoinníoll gur cuireadh aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí. Leasóidh
an Coimisiún an tráth céanna, nuair is gá, an cinneadh lena bhformheastar an
Conradh Comhpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 15(3). Airteagal 27
Rannpháirtíocht an Bhainc
Eorpaigh Infheistíochta 1. Féadfaidh an BEI, ar iarratas
ó Bhallstáit, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chonartha Comhpháirtíochta, agus i
ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí a ullmhú, go háirithe
mórthionscadail, ionstraimí airgeadais agus comhpháirtíochtaí príobháideacha
poiblí. 2. Féadfaidh an Coimisiún dul i
gcomhairle leis an BEI sula nglacfar an Conradh Comhpháirtíochta nó na cláir. 3. Féadfaidh an Coimisiún a
iarraidh ar an BEI scrúdú a dhéanamh ar cháilíocht theicniúil agus
inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais mórthionscadal agus cabhrú leis i
dtaca leis na hionstraimí airgeadais atá le cur chun feidhme nó le forbairt. 4. Féadfaidh an Coimisiún, agus
forálacha an Rialacháin seo á gcur chun feidhme aige, deontais nó conarthaí
seirbhíse a bhronnadh ar an BEI lena gcuimseofar tionscnaimh a chuirfear chun
feidhme ar bhonn ilbhliantúil. Is ar bhonn bliantúil a dhéanfar an ceangaltas
de ranníocaíochtaí buiséid an Aontais maidir leis na deontais agus na conarthaí
seirbhíse sin. CAIBIDIL
II Forbairt
áitiúil faoi stiúir an phobail Airteagal 28
Forbairt áitiúil faoi stiúir
an phobail 1. Beidh an méid seo a leanas i
gceist le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, dá ngairtear forbairt
áitiúil LEADER maidir leis an CETFT: (a)
beidh sí dírithe ar shainchríocha foréigiúnacha; (b)
beidh sí faoi stiúir an phobail, trí ghrúpaí
áitiúla gníomhaíochta ina mbeidh ionadaithe ar son leasanna socheacnamaíocha
áitiúla poiblí agus príobháideacha, agus ní bheidh an earnáil phoiblí ná grúpa
leasa aonair ar bith ag déanamh ionadaíochta thar ceann níos mó ná 49 % de
na cearta vótála ar leibhéal na cinnteoireachta; (c)
déanfar í a chur i gcrích trí straitéisí forbartha
áitiúla comhtháite agus ilearnála ar bhonn ceantair; (d)
cuirfear acmhainneacht áitiúil agus riachtanais
áitiúla san áireamh agus í á ceapadh agus áireofar inti gnéithe nuálacha sa
chomhthéacs áitiúil, líonrú agus comhar, nuair is iomchuí. 2. Beidh comhsheasmhacht ag
baint leis an tacaíocht ó na Cistí CSF le forbairt áitiúil agus déanfar an
tacaíocht sin a chomhordú idir na Cistí CSF. Áiritheofar an méid sin inter alia
trí fhorbairt chomhordaithe acmhainní, roghnú, faomhadh agus cistiú straitéisí
forbartha áitiúla agus grúpaí forbartha áitiúla. 3. I gcás ina gcinnfidh coiste
roghnúcháin na straitéisí forbartha áitiúla arna mbunú faoi
Airteagal 29(3) go mbeidh gá le tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin chun
an straitéis forbartha áitiúla a chur chun feidhme, féadfar Príomhchiste a
ainmniú. 4. I gcás ina n-ainmnítear
Príomhchiste, ní dhéanfar costais reatha, bainistiú agus gníomhaíochtaí
líonraithe le haghaidh na straitéise forbartha áitiúla a mhaoiniú ach ón
bPríomhchiste sin amháin. 5. Forbairt áitiúil a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí CSF, cuirfear i gcrích í faoi thosaíocht amháin nó níos mó
den chlár. Airteagal 29
Straitéisí forbartha áitiúla 1. Beidh na gnéithe seo a leanas
ar a laghad ar áireamh i straitéis forbartha áitiúla: (a)
sainiú ar an gceantar agus ar an daonra a
chumhdófar faoin straitéis; (b)
anailís ar acmhainneacht agus riachtanais forbartha
an cheantair, lena n-áirítear anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus
bagairtí; (c)
tuairisc ar an straitéis agus ar na cuspóirí a
bhaineann léi, tuairisc ar shainghné chomhtháite agus nuálach na straitéise
agus ordlathas na gcuspóirí, lena n-áirítear spriocanna soiléire agus
intomhaiste maidir le haschur agus torthaí; beidh an
straitéis ag luí le cláir ábhartha na gCistí CSF uile lena mbaineann; (d)
tuairisc ar phróiseas na rannpháirtíochta pobail i
bhforbairt na straitéise; (e)
plean gníomhaíochta ina léirítear conas a
athraítear cuspóirí ina ngníomhaíochtaí; (f)
tuairisc ar shocruithe bainistíochta agus
monatóireachta na straitéise ina léirítear cumas an ghrúpa áitiúil
gníomhaíochta an straitéis a chur chun feidhme agus cur síos ar na socruithe
sonracha meastóireachta; (g)
plean airgeadais na straitéise, lena n-áirítear an
leithdháileadh atá beartaithe maidir le gach ceann de na Cistí CSF. 2. Saineoidh na Ballstáit
critéir maidir le straitéisí forbartha áitiúla a roghnú. Féadfar critéir
roghnúcháin a leagan amach sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 3. Is coiste arna bhunú chun na
críche sin ag údaráis bhainistíochta ábhartha na gclár a roghnóidh na
straitéisí forbartha áitiúla. 4. Cuirfear críoch le roghnú
agus le formheas na straitéisí forbartha áitiúla uile faoin 31 Nollaig 2015
ar a dhéanaí. 5. Leagfar amach na leithdháiltí
ó gach Ciste CSF ar leith i gcinneadh an údaráis bainistíochta maidir le
straitéis forbartha áitiúla a fhormheas. Leagfar amach ann freisin róil na
n-údarás a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gclár ábhartha maidir leis
na cúraimí cur chun feidhme go léir a bhaineann leis an straitéis. 6. Beidh sé de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142,
maidir leis an sainmhíniú ar an gceantar agus ar an daonra a bheidh clúdaithe
faoin straitéis dá dtagraítear i mír 1(a). Airteagal 30
Grúpaí áitiúla gníomhaíochta 1. Déanfaidh grúpaí áitiúla gníomhaíochta straitéisí forbartha áitiúla a
cheapadh agus a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit sainiú ar róil an ghrúpa
áitiúil gníomhaíochta agus na n-údarás faoi seach atá freagrach as cur chun
feidhme na gclár ábhartha, maidir leis na cúraimí cur chun feidhme go léir a
bhaineann leis an straitéis. 2. Áiritheoidh an t-údarás
bainistíochta go roghnóidh na grúpaí áitiúla gníomhaíochta comhpháirtí amháin
laistigh den ghrúpa mar pháirtí cinn i gcúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó
go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr atá bunaithe go dlíthiúil. 3. Beidh an méid seo a leanas
san áireamh i gcúraimí na ngrúpaí áitiúla gníomhaíochta: (a)
acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt
chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme; (b)
critéir agus nós imeachta roghnúcháin trédhearcach
agus neamh-idirdhealaitheach a tharraingt suas maidir le hoibríochtaí a roghnú,
lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa, agus lena n-áirithítear go dtagann
50 % ar a laghad de na vótaí i gcinntí roghnúcháin ó pháirtithe nach
bhfuil san earnáil phoiblí, lena ndéantar foráil go bhféadfaí achomharc a
dhéanamh i gcoinne cinntí roghnúcháin agus lena gcumasaítear roghnú trí nós
imeachta i scríbhinn; (c)
comhchuibheas a áirithiú leis an straitéis
forbartha áitiúla agus oibríochtaí á roghnú trí thosaíocht a thabhairt dóibh de
réir a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí agus spriocanna na straitéisí a
bhaint amach; (d)
gairmeacha ar thograí nó nós imeachta leanúnach
maidir le tionscadal a chur isteach a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear
sainiú na gcritéar roghnúcháin; (e)
iarratais ar thacaíocht a fháil agus a mheasúnú; (f)
oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a
shocrú nó, nuair is ábhartha, na tograí a chur faoi bhráid an údaráis atá
freagrach as fíorú deiridh a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a
fhormheas; (g)
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na
straitéise forbartha áitiúla agus ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht
agus gníomhaíochtaí meastóireachta sonracha a dhéanamh a bhfuil baint acu leis
an straitéis forbartha áitiúla. Airteagal 31
Tacaíocht ó na Cistí CSF le forbairt áitiúil Áireofar ar an tacaíocht le forbairt áitiúil: (a)
costais na tacaíochta ullmhúcháin; (b)
cur chun feidhme na n-oibríochtaí faoin straitéis
forbartha áitiúla; (c)
ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí
comhair an ghrúpa áitiúil gníomhaíochta; (d)
costais reatha agus bainistiú na straitéise
forbartha áitiúla suas go dtí teorainn 25 % den chaiteachas poiblí iomlán
arna thabhú laistigh den straitéis forbartha áitiúla. TEIDEAL IV IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS Airteagal 32
Ionstraimí airgeadais 1. Féadfar úsáid a bhaint as na
Cistí CSF chun tacú le hionstraimí airgeadais faoi chlár, lena n-áirítear nuair
a eagraítear iad trí bhíthin cistí de chuid cistí, d’fhonn rannchuidiú le
gnóthú cuspóirí sonracha atá leagtha amach faoi thosaíocht, bunaithe ar
mheasúnú ex ante inar aithníodh teipeanna sa mhargadh nó cásanna infheistíochta
fo-optamacha, agus riachtanais infheistíochta. Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhthiomsú le
deontais, le fóirdheontais ráta úis agus le fóirdheontais táillí ráthaíochta. Sa chás sin, ní mór taifid ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach
cineáil maoinithe. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
rialacha mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas: measúnú
ex ante ar ionstraimí airgeadais, an teaglaim tacaíochta arna soláthar
d’fhaighteoirí deiridh trí bhíthin deontas, fóirdheontas ráta úis, fóirdheontas
táillí ráthaíochta agus ionstraimí airgeadais, chomh maith le rialacha sonracha
breise maidir le hincháilitheacht caiteachais agus rialacha ina sonraítear na cineálacha
gníomhaíochtaí nach dtabharfar tacaíocht dóibh trí ionstraimí airgeadais. 2. Féadfaidh faighteoirí deiridh
a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí airgeadais deontais nó cúnamh eile a fháil
freisin ó chlár nó ó ionstraim eile lena dtacaíonn buiséad an Aontais. Sa chás
sin, ní mór taifid ar leithligh a choinneáil le haghaidh gach foinse maoinithe. 3. Níl ranníocaíochtaí
comhchineáil ina gcaiteachas incháilithe maidir le hionstraimí airgeadais, ach
amháin ranníocaíochtaí talún nó eastáit réadaigh maidir le hinfheistíochtaí a
bhfuil sé de chuspóir leo tacú le forbairt uirbeach nó le hathnuachan uirbeach,
i gcás ina bhfuil an talamh nó an t-eastát réadach ina chuid den infheistíocht.
Beidh ranníocaíochtaí talún nó eastáit réadaigh den sórt sin incháilithe ar
choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 59. Airteagal 33
Ionstraimí airgeadais a chur
chun feidhme 1. Le linn d’údaráis
bhainistíochta Airteagal 32 a chur chun feidhme, féadfaidh siad ranníocaíocht a
dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas: (a)
ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an
Aontais agus arna mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún; (b)
ionstraimí airgeadais arna mbunú ar an leibhéal
náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an
údarás bainistíochta nó faoina fhreagracht. 2. Beidh feidhm ag Teideal VIII
den Rialachán Airgeadais maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i
mír 1(a). Déanfar ranníocaíochtaí ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais faoi
mhír 1(a) a thaisceadh i gcuntais ar leithligh agus úsáidfear na
ranníocaíochtaí sin, i gcomhréir le cuspóirí na gCistí CSF faoi seach, chun
tacú le gníomhaíochtaí agus le faighteoirí deiridh atá comhsheasmhach leis an
gclár nó leis na cláir óna ndéantar na ranníocaíochtaí sin. 3. I gcás ionstraimí airgeadais
faoi mhír 1(b), féadfaidh an t-údarás bainistíochta ranníocaíocht airgeadais a
dhéanamh leis na hionstraimí airgeadais seo a leanas: (a)
ionstraimí airgeadais lena gcomhlíontar na téarmaí
agus coinníollacha caighdeánacha arna leagan síos ag an gCoimisiún, trí bhíthin
gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 143(3); (b)
ionstraimí airgeadais atá ann cheana féin nó atá
nuachruthaithe agus atá ceaptha go sonrach chun an cuspóir atá beartaithe a
bhaint amach agus lena ndéantar rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta
is infheidhme a urramú. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, ina leagfar síos na rialacha sonracha
maidir le cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe
(b), chomh maith leis na táirgí a fhéadfar a sheachadadh trí bhíthin ionstraimí
den sórt sin. 4. Agus é ag tacú leis na
hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1(b), féadfaidh an t-údarás
bainistíochta an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal na
n-eintiteas dlíthiúil atá ann cheana nó na n-eintiteas nuachruthaithe, lena
n-áirítear na heintitis sin a mhaoinítear trí Chistí eile CSF, atá tiomanta
d’ionstraimí airgeadais atá comhsheasmhach le cuspóirí na gCistí CSF faoi seach
a chur chun feidhme, agus a thabharfaidh faoi chúraimí cur chun feidhme; beidh an tacaíocht a thabharfar d’infheistíochtaí den sórt sin
teoranta do na méideanna sin is gá ionstraimí airgeadais nua a chur chun
feidhme atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo; nó (b)
cúraimí cur chun feidhme a chur ar a n-iontaoibh
seo a leanas: (i) an Banc Eorpach
Infheistíochta; (ii) institiúidí
idirnáisiúnta airgeadais ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó
institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstát atá ag iarraidh leas an phobail
a bhaint amach faoi rialú údaráis phoiblí, arna roghnú i gcomhréir le rialacha
an Aontais agus rialacha náisiúnta is infheidhme; (iii) comhlacht arna
rialú faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach arna roghnú i gcomhréir le
rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta is infheidhme. (c)
cúraimí cur chun feidhme a chur i gcrích go
díreach, i gcás ionstraimí airgeadais nach bhfuil ach iasachtaí nó ráthaíochtaí
i gceist iontu. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
rialacha maidir le comhaontuithe cistiúcháin, ról agus freagracht na
n-eintiteas ar cuireadh na cúraimí cur chun feidhme ar a n-iontaoibh, agus
táillí agus costais bhainistíochta. 5. Féadfaidh na heintitis dá
dtagraítear i mír 4(b)(i) agus (ii), agus ionstraimí airgeadais á gcur chun
feidhme acu trí bhíthin cistí de chuid cistí, cúram maidir le cuid bhreise den
chur chun feidhme a chur ar idirghabhálaithe airgeadais ar choinníoll go
n-áiritheoidh na heintitis sin faoina bhfreagracht go gcomhlíonfaidh na
hidirghabhálaithe airgeadais na critéir atá leagtha síos in Airteagal 57
agus Airteagal 131(1), (1a) agus (3) den Rialachán Airgeadais. Roghnófar
idirghabhálaithe airgeadais bunaithe ar nósanna imeachta oscailte,
trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha, trína seachnófar
coinbhleachtaí leasa. 6. Déanfaidh na heintitis dá
dtagraítear i mír 4(b), ar cuireadh cúraimí cur chun feidhme ar a n-iontaoibh,
cuntais mhuiníneacha a oscailt ina n-ainm nó thar ceann an údaráis
bainistíochta. Déanfar bainistíocht ar na sócmhainní atá á sealbhú sna cuntais
mhuiníneacha sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais,
de réir rialacha stuamachta iomchuí agus beidh leachtacht iomchuí acu. 7. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 142, lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le
ceanglais shonracha a bhaineann le sócmhainní arna mbainistiú ag na heintitis a
gcuirtear na cúraimí cur chun feidhme ar a n-iontaoibh a aistriú agus a
bhainistiú, chomh maith le sócmhainní a chomhshó idir an euro agus airgeadraí
náisiúnta. Airteagal 34
Ionstraimí airgeadais áirithe
a chur chun feidhme 1. Na comhlachtaí atá
creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 64, ní dhéanfaidh siad fíoruithe
ar an láthair ar oibríochtaí ina bhfuil ionstraimí airgeadais arna gcur chun
feidhme faoi Airteagal 33(1)(a). Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar
rialú ó na comhlachtaí ar cuireadh de chúram orthu na hionstraimí aigeadais sin
a chur chun feidhme. 2. Ní dhéanfaidh na comhlachtaí
a bhfuil freagracht orthu as cláir a iniúchadh iniúchtaí ar oibríochtaí ina
bhfuil ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi
Airteagal 33(1)(a) ná ar chórais bhainistíochta agus rialaithe a bhaineann
leis na hionstraimí sin. Gheobhaidh siad tuarascálacha rialta ar rialú ó na
hiniúchóirí atá ainmnithe sna comhaontuithe lenar bunaíodh na hionstraimí
aigeadais sin. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 142, maidir leis na socruithe bainistíochta agus rialaithe ar
ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 33(1)(a) agus
Airteagal 33(4)(b)(i), (ii) agus (iii). Airteagal 35
Iarrataí ar íocaíocht lena
n-áirítear caiteachas ar ionstraimí airgeadais 1. Maidir leis na hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a), áireofar agus nochtófar,
ar bhonn leithligh, méid iomlán na tacaíochta arna híoc leis an ionstraim
airgeadais san iarraidh ar íocaíocht. 2. Maidir leis na hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(b), arna gcur chun feidhme i
gcomhréir le hAirteagal 33(4)(a) agus (b), déanfar méid iomlán na
tacaíochta arna híoc nó a bhfuiltear ag súil a íoc leis an ionstraim airgeadais
le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a dhéanfar thar thréimhse
réamhshainithe dhá bhliain ar a mhéid, lena n-áirítear táillí nó costais
bhainistíochta, a áireamh agus a nochtadh, ar bhonn leithligh, sa chaiteachas
incháilithe iomlán arna chur i láthair san iarraidh ar íocaíocht. 3. Déanfar an méid arna
chinneadh i gcomhréir le mír 2 a choigeartú sna hiarrataí ar íocaíocht ina
dhiaidh sin, chun an difríocht idir mhéid na tacaíochta a íocadh roimhe sin
leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann agus na méideanna arna n-infheistiú
iarbhír i bhfaighteoirí deiridh, móide costais bhainistíochta agus táillí
bainistíochta atá íoctha, a chur san áireamh. Déanfar na méideanna sin a
nochtadh, ar bhonn leithligh, san iarraidh ar íocaíocht. 4. Maidir leis na hionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(b) arna gcur chun feidhme i
gcomhréir le hAirteagal 33(4)(c), déanfar méid iomlán na n-íocaíochtaí
arna ndéanamh ag an údarás bainistíochta le haghaidh infheistíochtaí i
bhfaighteoirí deiridh a áireamh san iarraidh ar íocaíocht. Déanfar na méideanna
sin a nochtadh, ar bhonn leithligh, san iarraidh ar íocaíocht. 5. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le
hAirteagal 142, rialacha sonracha a ghlacadh maidir le híocaíochtaí le
hionstraimí airgeadais agus íocaíochtaí a tharraingt siar uathu agus na
hiarmhairtí féideartha maidir le hiarrataí ar chaiteachas. Airteagal 36
Caiteachas incháilithe tráth
an dúnta 1. Tráth a dhúntar clár, is éard
a bheidh i gcaiteachas incháilithe na hionstraime airgeadais an méid iomlán atá
íoctha ag an ionstraim airgeadais iarbhír nó, i gcás cistí ráthaíochta atá
tiomanta, ag an ionstraim airgeadais laistigh den tréimhse incháilitheachta atá
sonraithe in Airteagal 55(2), a chomhfhreagraíonn dóibh seo a leanas: (a)
íocaíochtaí le faighteoirí deiridh; (b)
acmhainní atá tiomanta do chonarthaí ráthaíochta,
bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, d’fhonn glaonna ráthaíochta
féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh i gcomhréir le measúnú riosca ex
ante stuama, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí bunúsacha nua nó
ionstraimí rioscúla bunúsacha nua eile le haghaidh infheistíochtaí nua i
bhfaighteoirí deiridh; (c)
fóirdheontais ráta úis nó fóirdheontais táillí
ráthaíochta caipitlithe, atá dlite le híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 10
mbliana tar éis na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in
Airteagal 55(2), agus a úsáidtear in éineacht le hionstraimí airgeadais,
arna n-íoc isteach i gcuntas eascró a bunaíodh go sonrach don chuspóir sin, le
híoc iarbhír tar éis na tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in
Airteagal 55(2), ach i ndáil le hiasachtaí nó le hionstraimí rioscúla eile
arna n-íoc le haghaidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh laistigh den
tréimhse incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2); (d)
na costais bhainistíochta a tabhaíodh a aisíoc nó
táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc. 2. I gcás ionstraimí bunaithe ar
chothromas agus micreachreidmheasa, féadfar glacadh leis gur caiteachas
incháilithe atá i gcostais bhainistíochta chaipitlithe nó táillí atá dlite le
híoc ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis na tréimhse
incháilitheachta atá leagtha síos in Airteagal 55(2), maidir leis na
hinfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh a tharla laistigh den tréimhse
incháilitheachta sin agus nach féidir a chumhdach faoi fhorálacha
Airteagal 37 agus Airteagal 38, i gcás ina n-íoctar isteach i gcuntas
eascró arna bhunú go sonrach don chuspóir sin iad. 3. Ní bheidh an caiteachas
incháilithe a chinnfear i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 níos airde ná suim na
méideanna seo a leanas: (i) méid iomlán na
tacíochta ó na Cistí CSF arna íoc leis an ionstraim airgeadais; agus (ii) an cómhaoiniú
náisiúnta comhfhreagrach. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142
maidir le córas capitlithe na dtráthchodanna bliantúla le haghaidh fóirdheontas
ráta úis agus fóirdheontas táillí ráthaíochta. Airteagal 37
Ús agus gnóthachain eile arna
nginiúint ag tacaíocht ó na Cistí CSF le hionstraimí airgeadais 1. Cuirfear tacaíocht ó na Cistí
CSF a íoctar le hionstraimí airgeadais i dtaisce i gcuntais a shaothraíonn ús
agus a bhfuil sainchónaí orthu laistigh d’institiúidí airgeadais i mBallstáit
nó déanfar í a infheistiú ar bhonn sealadach de réir phrionsabal na
bainistíochta fónta airgeadais. 2. Úsáidfear ús agus gnóthachain
eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí CSF a íoctar le hionstraimí
airgeadais chun na gcríoch céanna agus a úsáidfear an tacaíocht tosaigh ó na
Cistí CSF laistigh den ionstraim airgeadais chéanna. 3. Áiritheoidh an t-údarás
bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid an úis agus na
ngnóthachan eile. Airteagal 38
Athúsáid acmhainní atá
inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF go dtí tráth dúnta an chláir 1. Acmhainní caipitil a
aisíoctar leis na hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí nó ó scaoileadh
acmhainní a bhí tiomanta do chonarthaí ráthaíochta, atá inchurtha i leith na
tacaíochta ó na Cistí CSF, athúsáidfear iad le haghaidh infheistíochtaí breise
trí na hionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir
le haidhmeanna an chláir nó na gclár. 2. Déanfar gnóthachain agus
ioncam nó fáltais eile, lena n-áirítear ús, táillí ráthaíochta, díbhinní,
gnóthachain chaipitiúla nó fáltais ioncaim ar bith eile arna nginiúint ag
infheistíochtaí, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí CSF leis an
ionstraim airgeadais, a úsáid chun na gcríoch seo a leanas, nuair is
infheidhme, suas go dtí na méideanna is gá: (a)
costais bhainistíochta arna dtabhú a aisíoc agus
táillí bainistíochta na hionstraime airgeadais a íoc; (b)
luach saothair fabhrach na n-infheisteoirí atá ag
oibriú faoi phrionsabal an infheisteora sa gheilleagar margaidh, a chuireann
acmhainní contrapháirte ar fáil don tacaíocht ó na Cistí CSF leis an ionstraim
airgeadais nó a dhéanann comhinfheistíocht ar leibhéal na bhfaighteoirí
deiridh; (c)
infheistíochtaí breise trí bhíthin na n-ionstraimí
airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais eile, i gcomhréir le haidhmeanna an
chláir nó na gclár. 3. Áiritheoidh an t-údarás
bainistíochta go gcoimeádfar taifid leormhaithe ar úsáid na n-acmhainní agus na
ngnóthachan dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Airteagal 39
Acmhainní leagáide a úsáid
tar éis dhúnadh an chláir Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá lena
áirithiú go ndéanfar na hacmhainní caipitil agus na gnóthachain chaipitiúla
agus an t-ioncam nó na fáltais eile atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na
Cistí CSF le hionstraimí airgeadais a úsáid i gcomhréir le haidhmeanna an
chláir ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis dhúnadh an chláir. Airteagal 40
Tuarascáil ar chur chun
feidhme ionstraimí airgeadais 1. Déanfaidh an t-údarás
bainistíochta tuarascáil shonrach ina gcumhdófar na hoibríochtaí sin a bhfuil
ionstraimí airgeadais iontu a chur chuig an gCoimisiún mar iarscríbhinn a
ghabhann leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme. 2. Beidh an fhaisnéis seo a
leanas, i gcás gach ionstraime airgeadais, ar áireamh sa tuarascáil dá
dtagraítear i mír 1: (a)
sainaithint an chláir agus na tosaíochta óna
dtugtar tacaíocht ó na Cistí CSF; (b)
tuairisc ar an ionstraim airgeadais agus ar na
socruithe cur chun feidhme; (c)
sainaithint na gcomhlachtaí ar cuireadh cúraimí cur
chun feidhme ar a n-iontaoibh; (d)
méid iomlán na tacaíochta, de réir cláir agus de
réir tosaíochta nó birt, leis an ionstraim airgeadais atá ar áireamh in
iarrataí ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin; (e)
méid iomlán na tacaíochta a d’íoc nó a thiomnaigh
an ionstraim airgeadais, i gconarthaí ráthaíochta, leis na faighteoirí deiridh,
de réir cláir agus de réir tosaíochta nó birt, atá ar áireamh in iarrataí ar
íocaíocht arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin; (f)
ioncam ón ionstraim airgeadais agus aisíocaíochtaí
léi; (g)
tionchar iolraitheach na n-infheistíochtaí a
dhéantar san ionstraim airgeadais agus luach na n-infheistíochtaí agus na
rannpháirtíochtaí; (h)
rannchuidiú na hionstraime airgeadais chun táscairí
an chláir agus na tosaíochta lena mbaineann a bhaint amach. 3. Déanfaidh an Coimisiún na
coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le faireachán agus maidir le faisnéis
faireacháin a sholáthar don Choimisiún, lena n-áirítear i gcás na n-ionstraimí
airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 33(1)(a), a ghlacadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3).
TEIDEAL V
FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT CAIBIDIL I
Faireachán Roinn I
Faireachán ar chláir Airteagal 41
Coiste faireacháin 1. Laistigh de thrí mhí ó dháta
an fhógra chuig an mBallstát maidir leis an gcinneadh chun clár a ghlacadh,
bunóidh an Ballstát coiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an
chláir, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta. Féadfaidh Ballstát coiste faireacháin amháin a
bhunú le haghaidh na gclár a chómhaoiníonn na Cistí CSF. 2. Déanfaidh gach coiste
faireacháin a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh. Airteagal 42
Comhdhéanamh an choiste
faireacháin 1. Ionadaithe ón údarás
bainistíochta, ó chomhlachtaí idirmheánacha agus ó ionadaithe thar ceann na
gcomhpháirtithe a bheidh ar an gcoiste faireacháin. Beidh ceart vótála ag gach
comhalta den choiste faireacháin. I gcás an choiste faireacháin maidir le clár faoi
sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, beidh ionadaithe thar ceann gach tríú
tír atá rannpháirteach sa chlár sin ar an gcoiste freisin. 2. Beidh Coimisiún
rannpháirteach i gcáil comhairleora in obair an choiste faireacháin. 3. I gcás ina rannchuidíonn an
BEI le clár, féadfaidh sé bheith rannpháirteach i gcáil comhairleora in obair
an choiste faireacháin. 4. Beidh ionadaí thar ceann an
Bhallstáit nó an údaráis bainistíochta ina chathaoirleach ar an gcoiste
faireacháin. Airteagal 43
Feidhmeanna an choiste faireacháin 1. Tiocfaidh an coiste
faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus
déanfaidh sé athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir agus ar an dul chun
cinn atá déanta maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú. Agus sin á dhéanamh aige,
tabharfaidh sé aird ar na sonraí airgeadais, ar tháscairí coiteanna agus ar
tháscairí a bhaineann go sonrach leis an gclár, lena n-áirítear athruithe ar
tháscairí ar thorthaí agus an dul chun cinn i dtreo spriocluachanna
cainníochtaithe, agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. 2. Déanfaidh an coiste
faireacháin scrúdú mionsonraithe ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear
d’fheidhmíocht an chláir. 3. Rachfar i gcomhairle leis an
gcoiste faireacháin agus eiseoidh sé tuairim uaidh maidir le haon leasú ar an
gclár atá beartaithe ag an údarás bainistíochta. 4. Féadfaidh an coiste
faireacháin moltaí a eisiúint chuig an údarás bainistíochta maidir le cur chun
feidhme an chláir agus maidir leis an meastóireacht a rinneadh air. Déanfaidh
sé faireachán ar ghníomhaíochtaí arna nglacadh de thoradh a chuid moltaí. Airteagal 44
Tuarascálacha cur chun
feidhme 1. Idir 2016 agus 2022, an
bhliain sin san áireamh, déanfaidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar chur
chun feidhme an chláir sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an
Choimisiúin. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur
chun feidhme an chláir a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2023
maidir leis an CFRE, an CSE agus an Ciste Comhtháthaithe agus tuarascáil
bhliantúil ar chur chun feidhme maidir leis an CETFT agus an CEMI. 2. Leagfar amach i
dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme faisnéis maidir leis an gclár
agus a thosaíochtaí a chur chun feidhme faoi threoir sonraí airgeadais,
táscairí coiteanna agus táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir agus
spriocluachanna cainníochtaithe, lena n-áirítear athruithe ar tháscairí ar
thorthaí agus na garspriocanna atá sainithe sa chreat feidhmíochta. Bainfidh na
sonraí a tharchuirfear le luachanna ar tháscairí i gcomhair oibríochtaí atá
curtha chun feidhme go hiomlán, agus i gcomhair oibríochtaí roghnaithe chomh
maith. Leagfar amach iontu freisin gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun
coinníollachataí ex ante a chomhlíonadh agus aon saincheisteanna a
dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir, agus na bearta ceartaitheacha a
rinneadh. 3. Sa tuarascáil bhliantúil ar
chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017, déanfar an fhaisnéis atá leagtha
amach i mír 2 a leagan amach agus a mheasúnú, maille leis an dul chun cinn atá déanta
maidir le cuspóirí an chláir a ghnóthú, lena n-áirítear rannchuidiú na gCistí
CSF le hathruithe ar tháscairí torthaí, i gcás ina bhfuil fianaise ar fáil ó
mheastóireachtaí. Déanfar measúnú inti freisin ar chur chun feidhm na
ngníomhaíochtaí ar mhaithe leis na prionsabail atá leagtha amach in in
Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur san áireamh agus tabharfar
tuairisc ar an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na gcuspóirí athraithe
aeráide. 4. Áireofar sa tuarascáil
bhliantúil ar chur chun feidhme a chuirfear isteach sa bhliain 2019 agus sa
tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a bhaineann leis na Cistí CSF, sa
bhreis ar an bhfaisnéis agus ar an measúnú atá leagtha amach i mír 2 agus mír
3, faisnéis agus measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an
chláir a ghnóthú agus ar a mhéid a rannchuidigh an clár le straitéis an Aontais
maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích. 5. Beidh na tuarascálacha
bliantúla ar chur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 inghlactha i
gcás ina bhfuil an fhaisnéis go léir arna hiarraidh sna míreanna sin ar áireamh
iontu. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát laistigh de 15 lá oibre ón
dáta a fhaigheann sé an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme más rud é nach
bhfuil sé inghlactha, agus mura ndéanfar a leithéid measfar é a bheith
inghlactha. 6. Scrúdóidh an Coimisiún an
tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a chuid barúlacha
ina leith in iúl don Bhallstát laistigh de dhá mhí ón dáta a fhaigheann sé an
tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus laistigh de 5 mhí ón dáta a
fhaigheann sé an tuarascáil deiridh. I gcás nach gcuireann an Coimisiún
barúlacha in iúl laistigh de na spriocdhátaí seo, measfar gur glacadh leis na
tuarascálacha. 7. Féadfaidh an Coimisiún moltaí
a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a dhéanann difear do
chur chun feidhme an chláir. I gcás ina ndéanfar moltaí den sórt sin, cuirfidh
an t-údarás bainistíochta na bearta ceartaitheacha arna nglacadh in iúl don
Choimisiún laistigh de thrí mhí. 8. Déanfar achoimre don
saoránach ar inneachar na dtuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun
feidhme a chur ar fáil go poiblí. Airteagal 45
Cruinniú athbhreithnithe
bliantúil 1. Eagrófar cruinniú athbhreithnithe
bliantúil gach bliain idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san áireamh, idir an
Coimisiún agus gach Ballstát ar leith chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú,
agus cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus moltaí agus
barúlacha an Choimisiúin san áireamh, nuair is infheidhme. 2. Féadfar níos mó ná clár
amháin a chumhdach le linn an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil. In 2017
agus in 2019, cumhdóidh an cruinniú athbhreithnithe bliantúil gach clár sa
Bhallstát, agus cuirfear na tuarascálacha ar dhul chun cinn arna gcur isteach
ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 46 sna blianta sin san áireamh
freisin. 3. Féadfaidh an Ballstát agus an
Coimisiún a chomhaontú nach n-eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil i
gcás cláir i mblianta eile seachas 2017 agus 2019. 4. Beidh an Coimisiún ina
chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil. 5. Áiritheoidh an Ballstát go
ndéanfar na bearta leantacha iomchuí i gcás aon bharúlacha a dhéanfaidh an
Coimisiún i ndiaidh an chruinnithe. Roinn II
Dul chun cinn straitéiseach Airteagal 46
Tuarascáil ar dhul chun cinn 1.
Faoin 30 Meitheamh 2017 agus faoin
30 Meitheamh 2019, cuirfidh an Ballstát tuarascáil ar dhul chun cinn
maidir le cur chun feidhme an Chonartha Comhpháirtíochta amhail an 31 Eanáir 2016
agus an 31 Nollaig 2018, faoi seach, faoi bhráid an Choimisiúin. 2.
Sa tuarascáil ar dhul chun cinn leagfar amach
faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas: (a)
athruithe ar riachtanais forbartha an Bhallstáit ón
tráth ar glacadh an Conradh Comhpháirtíochta; (b)
an dul chun cinn atá déanta chun straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích,
go háirithe maidir leis na garspriocanna atá leagtha amach le haghaidh gach
cláir sa chreat feidhmíochta agus an tacaíocht a úsáideadh le haghaidh na
gcuspóirí athraithe aeráide; (c)
cibé atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí arna
ndéanamh chun na coinníollachtaí ex ante nach raibh comhlíonta ar an
dáta a glacadh an Conradh Comhpháirtíochta a chomhlíonadh curtha chun feidhme i
gcomhréir leis an tráthchlár atá leagtha síos; (d)
cur chun feidhme meicníochtaí chun comhordú idir na
Cistí CSF agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin
eile de chuid an Aontais, agus idir iad agus an BEI, a áirithiú; (e)
an dul chun cinn maidir le réimsí tosaíochta arna
mbunú le haghaidh comhair a bhaint amach; (f)
gníomhaíochtaí arna nglacadh d’fhonn dlús a chur
faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit agus, nuair is iomchuí, tairbhithe chun
na Cistí CSF a riar agus a úsáid; (g)
na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus na spriocanna
comhfhreagracha sna cláir chun laghdú a bhaint amach ar ualach riaracháin na
dtairbhithe; (h)
ról na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal
5 i gcur chun feidhme an Chonartha Comhpháirtíochta. 3.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, laistigh de thrí
mhí ón dáta a gcuirtear an tuarascáil ar dhul chun cinn isteach, go bhfuil an
fhaisnéis arna cur isteach neamhiomlán nó míshoiléir, féadfaidh sé faisnéis
bhreise a iarraidh ón mBallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis arna hiarraidh
don Choimisiún laistigh de thrí mhí agus leasóidh sé an tuarascáil ar dhul chun
cinn dá réir sin, nuair is iomchuí. 4.
In 2017 agus in 2019, ullmhóidh an Coimisiún
tuarascáil straitéiseach, ina dtabharfar achoimre ar thuarascálacha ar dhul
chun cinn na mBallstát, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na
Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún
í. 5.
In 2018 agus in 2020, áireoidh an Coimisiún, ina
Thuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn chuig Comhairle Eorpach an Earraigh,
roinn ina dtabharfar achoimre ar an tuarascáil straitéiseach, go háirithe
maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh chun straitéis an Aontais maidir le
fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích.
CAIBIDIL II
Meastóireacht Airteagal 47
Forálacha ginearálta 1. Déanfar meastóireachtaí chun
cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú agus chun measúnú
a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, ar a n-éifeachtúlacht agus ar a dtionchar.
Déanfar meastóireacht ar thionchar na gclár i gcomhréir leis an misean a
bhaineann leis na Cistí CSF faoi seach maidir leis na spriocanna do straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach[32]
agus maidir le hOlltáirgeacht Intíre (OTI) agus dífhostaíocht, i gcás inarb
iomchuí. 2. Soláthróidh Ballstáit na
hacmhainní is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh, agus áiritheoidh siad go
bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na sonraí is gá le haghaidh
meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú, lena n-áirítear sonraí a bhaineann
le táscairí coiteanna agus le táscairí a bhaineann go sonrach leis na cláir. 3. Is saineolaithe atá
neamhspleách ó thaobh feidhme ar na húdaráis atá freagrach as cur chun feidhme
an chláir a dhéanfaidh na meastóireachtaí. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht
maidir leis an tslí ina ndéanfar na meastóireachtaí. 4. Cuirfear na meastóireachtaí
go léir ina n-iomláine ar fáil don phobal. Airteagal 48
Meastóireacht ex-ante 1.
Déanfaidh gach Ballstát meastóireachtaí ex ante
chun cáilíocht cheapadh gach cláir a fheabhsú. 2.
Cuirfear meastóireachtaí ex ante i gcrích
faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as na cláir a ullmhú. Cuirfear iad
faoi bhráid an Choimisiúin an tráth céanna agus a chuirfear an clár faoina
bhráid, mar aon le hachoimre feidhmiúcháin. Féadfar tairseacha a bhunú sna
rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, tairseacha faoina bhféadfar an
mheastóireacht ex ante a nascadh leis an meastóireacht ar chlár eile. 3.
Tabharfar breithmheas ar an méid seo a leanas sna
meastóireachtaí ex ante: (a)
an méid a rannchuidíonn siad le straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, ag féachaint do
chuspóirí téamacha roghnaithe agus do thosaíochtaí, ag cur riachtanas náisiúnta
agus réigiúnach san áireamh; (b)
comhchuibheas inmheánach an chláir nó na
gníomhaíochta atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile; (c)
a chomhsheasmhaí is atá leithdháileadh acmhainní
buiséadacha le cuspóirí an chláir; (d)
a chomhsheasmhaí is atá cuspóirí téamacha
roghnaithe, tosaíochtaí agus cuspóirí comhfhreagracha na gclár leis an
gComhchreat Straitéiseach, leis an gConradh Comhpháirtíochta agus leis na
moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi Airteagal 121(2) den
Chonradh agus le moltaí ábhartha na Comhairle arna nglacadh faoi Airteagal 148(4)
den Chonradh; (e)
ábharthacht agus soiléireacht na dtáscairí cláir
atá beartaithe; (f)
an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil
leo le torthaí; (g)
an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le
haghaidh táscairí réadúil, ag féachaint don tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí
CSF; (h)
an réasúnaíocht maidir leis an gcineál tacaíochta
atá beartaithe; (i)
leordhóthanacht na n-acmhainní daonna agus na
n-acmhainní riaracháin chun an clár a bhainistiú; (j)
oiriúnacht na nósanna imeachta chun faireachán a
dhéanamh ar an gclár agus chun na sonraí is gá chun meastóireachtaí a dhéanamh
a bhailiú; (k)
oiriúnacht na ngarspriocanna arna roghnú le
haghaidh an chreata feidhmíochta; (l)
leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun
comhdheiseanna idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc; (m)
leordhóthanacht na mbeart atá beartaithe chun
forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; 4. Cuimseofar sa mheastóireacht ex
ante, nuair is iomchuí, na ceanglais maidir leis an Measúnú Straitéiseach
Comhshaoil atá leagtha amach i gcur chun feidhme Threoir 2001/42/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le
héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú[33]. Airteagal 49
Meastóireacht le linn na
tréimhse cláraithe 1. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta
plean meastóireachta a tharraingt suas maidir le gach clár agus cuirfear
isteach an plean i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh acmhainní meastóireachta iomchuí ar fáil. 3. Le linn na tréimhse
cláraithe, déanfaidh údaráis bhainistíochta meastóireachtaí, lena n-áirítear
meastóireachtaí chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar a mheasúnú, le
haghaidh gach cláir ar bhonn an phlean meastóireachta. Uair amháin ar a laghad
le linn na tréimhse cláraithe, déanfar measúnú trí bhíthin meastóireachta ar an
gcaoi ar rannchuidigh tacaíocht ó na Cistí CSF leis na cuspóirí le haghaidh
gach tosaíochta. Scrúdóidh an coiste faireacháin na meastóireachtaí uile agus
seolfar chuig an gCoimisiún iad. 4. Féadfaidh an Coimisiún
meastóireachtaí a dhéanamh ar chláir ar a thionscnamh féin. Airteagal 50
Meastóireacht ex-post Is iad an Coimisiún agus na Ballstáit, i
ndlúthchomhar le chéile, a dhéanfaidh na meastóireachtaí ex post.
Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ex post ar éifeachtacht agus ar
éifeachtúlacht na gCistí CSF agus ar an méid a rannchuidíonn siad le straitéis
an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích
i gcomhréir leis na ceanglais shonracha atá leagtha síos sna rialacha a
bhaineann go sonrach leis na Cistí. Beidh meastóireachtaí ex-post
lánchríochnaithe faoin 31 Nollaig 2023.
TEIDEAL VI
CÚNAMH TEICNIÚIL Airteagal 51
Cúnamh teicniúil ar
thionscnamh ón gCoimisiún 1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, féadfaidh na Cistí CSF
tacú leis na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus cúnaimh
theicniúil, meastóireachta, inniúchóireachta agus rialaithe is gá chun an
Rialachán seo a chur chun feidhme. Áireofar an méid seo a leanas sna bearta sin, ach
ní bheidh siad teoranta dó sin amháin: (a)
cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a mheas, lena
n-áirítear leis an BEI; (b)
tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt
acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach na gCistí CSF; (c)
staidéir a bhaineann le tuairisciú an Choimisiúin
ar na Cistí CSF agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú; (d)
bearta maidir le hanailísiú, bainistiú, faireachán,
malartú faisnéise agus cur chun feidhme i dtaobh na gCistí CSF, mar aon le
bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh
teicniúil agus riaracháin; (e)
meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe,
staidreamh agus staidéir, lena n-áirítear cinn de chineál ginearálta, maidir le
feidhmiú reatha na gCistí CSF agus feidhmiú na gCistí amach anseo, a
bhféadfaidh an BEI tabhairt fúthu nuair is iomchuí; (f)
gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le
líonrú, gníomhaíochtaí chun cumarsáid a dhéanamh, feasacht a spreagadh agus
comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha. D'fhonn
an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus
d'fhonn treisiú leis na sinéirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar
thionscnamh an Choimisiúin, rannchuideoidh na hacmhainní a leithdháiltear ar
ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo le cumarsáid chorparáideach
thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a chumhdach, ar an choinníoll go
bhfuil siad sin bainteach le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo; (g)
córais ríomhairithe bainistíochta, faireacháin,
iniúchóireachta, rialaithe agus meastóireachta a shuiteáil, a fheidhmiú agus a
idirnascadh; (h)
gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna
meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta; (i)
gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht; (j)
acmhainní náisiúnta agus réigiúnacha a neartú
maidir le pleanáil infheistíochtaí, measúnú ar riachtanais, ullmhú, ceapadh
agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, comhphleananna gníomhaíochta agus
mórthionscadal, lena n-áirítear comhthionscnaimh leis an BEI. Airteagal 52
Cúnamh teicniúil na mBallstát 1. Ar thionscnamh ó Bhallstát,
féadfaidh na Cistí CSF tacú le gníomhaíochtaí maidir le hullmhúchán,
bainistíocht, faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid, líonrú,
réiteach gearán, agus rialú agus iniúchóireacht. Féadfaidh an Ballstát úsáid a
bhaint as na Cistí CSF le tacú le gníomhaíochtaí chun an t-ualach riaracháin ar
thairbhithe a laghdú, lena n-áirítear córais mhalartaithe leictreonaigh sonraí,
agus gníomhaíochtaí d’fhonn dlús a chur faoi inniúlacht údaráis an Bhallstáit
agus tairbhithe na Cistí CSF a riar agus a úsáid. D’fhéadfadh baint a bheith ag
na gníomhaíochtaí sin le tréimhsí cláraithe roimhe sin agus ina dhiaidh sin. 2. De réir na rialacha a
bhaineann go sonrach leis na Cistí, féadfar gníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú
ó chúnamh teicniúil gach Ciste CSF ar leith a chur leis nó a eisiamh.
TEIDEAL VII
TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ CSF CAIBIDIL I
Tacaíocht ó na Cistí CSF Airteagal 53
Rátaí cómhaoinithe a
chinneadh 1. I gcomhréir leis na rialacha
a bhaineann go sonrach leis na Cistí, déanfar an ráta nó na rátaí cómhaoinithe
agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí CSF a shocrú sa chinneadh ón gCoimisiún
maidir le clár a ghlacadh. 2 Féadfar bearta cúnaimh
theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a
cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %. Airteagal 54
Oibríochtaí ginte ioncaim 1. Déanfar an glanioncam a
ghintear tar éis oibríocht a chur i gcrích thar thréimhse thagartha shonrach a
chinneadh roimh ré ar cheann de na modhanna seo a leanas: (a) céatadán den ioncam ar ráta comhréidh a
chur i bhfeidhm maidir leis an gcineál oibríochta lena mbaineann; (b) luach reatha ghlanioncam na hoibríochta a
ríomh, agus cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’ á chur san
áireamh agus, más cuí, comaoineacha ar chothromas atá nasctha le rathúnas
coibhneasta an Bhallstáit lena mbaineann. Ní bheidh caiteachas incháilithe na hoibríochta
atá le cómhaoiniú níos mó ná luach reatha chostas infheistíochta na hoibríochta
lúide luach reatha an ghlanioncaim, arna chinneadh i gcomhréir le ceann de na
modhanna sin. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le sainiú an
ráta chomhréidh dá dtagraítear i bpointe (a) thuas. Déanfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht faoi
phointe (b) a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3). 2. I gcás nach féidir an
t-ioncam a chinneadh go hoibiachtúil roimh ré de réir na modhanna atá leagtha
amach i mír 1, déanfar an glanioncam arna ghiniúint laistigh de thrí bliana ón
dáta a gcuirtear oibríocht i gcrích nó faoin 30 Meán Fómhair 2023,
cibé acu is túisce, a asbhaint ón gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 ach amháin maidir le hoibríochtaí a bhfuil a gcostas iomlán níos mó
ná EUR 1 000 000. 4. Ní bheidh feidhm ag an
Airteagal seo maidir leis an CSE. 5. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 maidir le hoibríochtaí atá faoi réir na rialacha i leith
Státchabhrach, nó atá faoi réir tacaíochta ó ionstraimí airgeadais nó dóibh.
CAIBIDIL II
Incháilitheacht caiteachais agus inmharthanacht Airteagal 55
Incháilitheacht 1.
Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar
bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin chás ina bhfuil rialacha sonracha leagtha
síos sa Rialachán seo nó sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí nó
ar bhonn na rialachán nó na rialacha sin. 2.
Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta
ó na Cistí CSF má dhéanann tairbhí é a thabhú agus a íoc idir an dáta a
gcuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014,
cibé acu is túisce, agus an 31 Nollaig 2022. Ina theannta sin, ní
bheidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CETFT agus ón CEMI
ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha iarbhír ag an
ngníomhaireacht íocaíochta idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2022. 3.
I gcás costas arna aisíoc ar bhonn
Airteagal 57(1)(b) agus (c), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le
haisíocaíocht a chur i gcrích idir an 1 Eanáir 2014 agus an
31 Nollaig 2022. 4.
Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ó
na Cistí CSF i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur
chun feidhme go hiomlán sular chuir an tairbhí an t-iarratas ar chistiú faoin
gclár isteach chuig an údarás bainistíochta, is cuma má rinne an tairbhí na
híocaíochtaí gaolmhara go léir nó nach ndearna. 5.
Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha
maidir le hincháilitheacht cúnaimh theicniúil, ar thionscnamh an Choimisiúin,
atá leagtha amach in Airteagal 51. 6.
Déanfar glanioncam arna ghiniúint díreach ó
oibríocht le linn í a chur chun feidhme agus nár cuireadh san áireamh tráth
formheasta na híocaíochta, a asbhaint ó chaiteachas incháilithe na hoibríochta
san éileamh deireanach ar íocaíocht arna chur isteach ag an tairbhí. Ní bheidh
feidhm ag an riail sin maidir le hionstraimí airgeadais ná le duaiseanna. 7.
I gcás ina ndéantar leasú ar chlár, ní bheidh
caiteachas a thagann chun bheith incháilithe de thoradh leasú an chláir
incháilithe ach ón dáta ar cuireadh an iarraidh ar leasú faoi bhráid an
Choimisiúin. 8.
Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste CSF
amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, ar an gcoinníoll
nach bhfaightear tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an
Aontais i leith na hítime caiteachais arna áireamh in iarraidh ar íocaíocht
maidir le haisíocaíocht ó cheann de na Cistí CSF, ná nach bhfaightear tacaíocht
ón gCiste céanna faoi chlár eile ina leith. Airteagal 56
Cineálacha tacaíochta Bainfear úsáid as na Cistí CSF chun tacaíocht
a sholáthar i bhfoirm deontas, duaiseanna, cúnaimh inaisíoctha agus ionstraimí
airgeadais, nó teaglaim díobh sin. I gcás cúnaimh
inaisíoctha, déanfar an tacaíocht arna haisíoc leis an gcomhlacht a thug í, nó
le húdarás inniúil eile an Bhallstáit, a choinneáil i gcuntas ar leith agus
athúsáidfear í chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir. Airteagal 57
Foirmeacha deontas 1. Féadfaidh na deontais bheith
i gceann de na foirmeacha seo a leanas: (a)
aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú agus arna
n-íoc iarbhír, mar aon le ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas, nuair is
infheidhme; (b)
scálaí caighdeánacha costas aonaid; (c)
cnapshuimeanna nach mó ná EUR 100 000 den
ranníocaíocht phoiblí; (d)
maoiniú ar ráta comhréidh, arna chinneadh trí
chéatadán a chur i bhfeidhm maidir le catagóir sainithe costas amháin nó níos
mó. 2. Ní fhéadfar na roghanna dá
dtagraítear i mír 1 a chomhcheangal ach amháin i gcás ina gcumhdaíonn gach
ceann acu catagóir dhifriúil costas nó i gcás ina n-úsáidtear iad le haghaidh
tionscadal éagsúil atá ina gcuid d’oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha
oibríochta. 3. I gcás ina gcuirtear
oibríocht nó tionscadal atá ina chuid d’oibríocht chun feidhme go heisiach trí
oibreacha, earraí nó seirbhísí a sholáthar, ní bheidh feidhm ach le mír 1(a). I
gcás ina bhfuil an soláthar laistigh d’oibríocht nó laistigh de thionscadal atá
ina chuid d’oibríocht teoranta do chatagóirí áirithe costas, féadfar na
roghanna go léir dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm. 4. Bunófar na méideanna dá
dtagraítear i mír 1(b), (c) agus (d) ar an mbonn seo a leanas: (a)
modh ríofa cóir, cothrom agus infhíoraithe bunaithe
orthu seo a leanas: (i) sonraí staidrimh nó faisnéis oibiachtúil
eile; nó (ii) sonraí stairiúla fíoraithe faoi
thairbhithe aonair nó a ngnáthchleachtais chuntasaíochta costála a chur i
bhfeidhm; (b)
modhanna agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid,
cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh is infheidhme i mbeartais an Aontais le
haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna; (c)
modhanna agus scálaí comhfhreagracha costas aonaid,
cnapshuimeanna agus rátaí comhréidh arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna maidir
le deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríochta agus
tairbhí den chineál céanna; (d)
rátaí arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na
rialacha a bhaineann go sonracha leis na Cistí. 5. Leagfar amach an modh a
chuirfear i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus coinníollacha íocaíochta
an deontais a chinneadh sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha
tacaíochta maidir le gach oibríocht ar leith. Airteagal 58 Maoiniú
ar ráta comhréidh le haghaidh costas indíreach deontas I gcás ina n-eascraíonn costais indíreacha as
cur chun feidhme oibríochta, féadfar iad a ríomh mar ráta comhréidh ar cheann
de na modhanna seo a leanas: (a)
ráta comhréidh suas le 20 % de na costais
dhíreacha incháilithe, i gcás ina ndéantar an ráta a ríomh ar bhonn modha ríofa
atá cóir, cothrom agus infhíoraithe nó ar bhonn modha arna chur i bhfeidhm faoi
scéimeanna i gcomhair deontas arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le
haghaidh oibríochta agus tairbhí den chineál céanna; (b)
ráta comhréidh suas le 15 % de na costais
foirne dhíreacha incháilithe; (c)
ráta comhréidh a chuirtear i bhfeidhm maidir leis
na costais dhíreacha incháilithe bunaithe ar mhodhanna reatha agus ar rátaí
comhfhreagracha, agus is infheidhme i mbeartais de chuid an Aontais le haghaidh
oibríochta agus tairbhí den chineál céanna. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142 maidir le sainiú an
ráta chomhréidh agus na modhanna gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (c) thuas. Airteagal 59
Rialacha incháilitheachta
sonracha maidir le deontais 1.
Féadfar gur caiteachas incháilithe iad
ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm soláthair oibreacha, earraí, seirbhísí,
talún, agus eastáit réadaigh nach bhfuil aon íocaíocht airgid a bhfuil sonraisc
nó doiciméid le luach coibhéiseach cruthúnais acu ag dul léi ar fáil ina leith,
ar an gcoinníoll go gceadaítear é de réir rialacha incháilitheachta na gCistí
CSF agus an chláir agus go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas: (a)
ní bheidh an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an
oibríocht, lena n-áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an
caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil a áireamh, ag
deireadh na hoibríochta; (b)
níl sháraíonn an luach atá inchurtha i leith na
ranníocaíochtaí comhchineáil na costais a bhfuil glacadh leo go ginearálta ar
an margadh i dtrácht; (c)
féadfar luach agus seachadadh na ranníocaíochta a
mheas agus a fhíorú go neamhspleách; (d)
i gcás soláthair talún nó eastáit réadaigh, beidh
an luach deimhnithe ag saineolaí cáilithe neamhspleách nó ag comhlacht oifigiúil
cuí-údaraithe agus níl sé níos airde ná an teorainn atá leagtha síos i mír
3(b); (e)
i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibre
gan íocaíocht, déanfar luach na hoibre sin a chinneadh, ach an t-am fíoraithe
atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh oibre coibhéisí
a chur san áireamh. 2.
Féadfar a mheas go bhfuil costais dímheasa
incháilithe faoi na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá sé ceadaithe faoi na rialacha maidir le
hincháilitheacht atá luaite leis an gclár; (b)
tá méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí
dhoiciméid tacaíochta a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonrasc acu
i gcás ina ndéantar aisíocaíocht san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal
57(1)(a); (c)
baineann na costais go heisiach leis an tréimhse
tacaíochta a bhaineann leis an oibríocht; (d)
ní bhfuarthas ranníocaíocht ó dheontais phoiblí
chun na sócmhainní dímheasta a fháil mar éadáil. 3.
Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le
haghaidh ranníocaíochta ó na Cistí CSF: (e)
ús ar fhiacha; (f)
ceannach talún nár tógadh air, agus ceannach talún
a tógadh air, sa mhéid a sháraíonn 10% den chaiteachas incháilithe iomlán ar an
oibríocht lena mbaineann; I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna
cuí-réasúnaithe, féadfar céatadán níos airde a cheadú le haghaidh oibríochtaí a
bhaineann le caomhnú an chomhshaoil. (g)
cáin bhreisluacha. Mar sin féin, beidh méideanna
CBL incháilithe i gcás nach bhfuil siad inghnóthaithe faoin reachtaíocht
náisiúnta CBL agus gur tairbhí seachas duine neamh-inchánach mar a shainítear
sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE a íocfaidh iad, ar
choinníoll nach dtabhaítear na méideanna sin CBL i gcás bonneagar a sholáthar. Airteagal 60
Incháilitheacht oibríochtaí
atá ag brath ar shuíomh 1. Beidh oibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF, faoi réir na maoluithe dá dtagraítear i
mír 2 agus mír 3, agus sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí,
lonnaithe sa limistéar atá cumhdaithe sa chlár faoina bhfaigheann siad
tacaíocht (‘limistéar an chláir’). 2. Féadfaidh an t-údarás
bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht á cur chun feidhme lasmuigh de
limistéar an chláir ach laistigh den Aontas, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar
gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a)
is chun leasa limistéar an chláir atá an oibríocht; (b)
ní sháraíonn an méid iomlán arna leithdháileadh
faoin gclár le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de limistéar an
chláir 10 % den tacaíocht ón CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ón CEMI
ar leibhéal na tosaíochta, ná 3 % den tacaíocht ón CETFT ar leibhéal an chláir; (c)
tá a thacaíocht leis an oibríocht nó leis na
cineálacha oibríochtaí lena mbaineann léirithe ag an gcoiste faireacháin; (d)
tá oibleagáidí na n-údarás i dtaobh an chláir
maidir le obair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann leis
an oibríocht comhlíonta ag na húdaráis atá freagrach as an gclár faoina dtugtar
tacaíocht don oibríocht sin nó déanann siad comhaontuithe le húdaráis sa
limistéar ina bhfuil an oibríocht á cur chun feidhme ar an gcoinníoll go bhfuil
na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2(a) agus na hoibleagáidí maidir le
hobair bhainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a bhaineann leis an
oibríocht comhlíonta. 3. I gcás oibríochtaí a
bhaineann le gníomhaíochtaí tionscnaimh, féadfar caiteachas a thabhú lasmuigh
den Aontas ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach
i mír 2(a) agus na hoibleagáidí maidir le hobair bhainistíochta, rialaithe agus
iniúchóireachta a bhaineann leis an oibríocht. 4.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 3 maidir le
cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh ná maidir leis an CSE. Airteagal 61
Inmharthanacht oibríochtaí 1. Déanfaidh oibríocht ina
bhfuil infheistíocht bonneagair nó infheistíocht tháirgiúil an ranníocaíocht ó
na Cistí CSF a aisíoc, más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht deiridh
leis an tairbhí nó laistigh de thréimhse arna leagan amach sna rialacha maidir
le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil sí faoi réir na nithe seo a
leanas: (a)
scor nó athlonnú gníomhaíochta táirgiúla; (b)
athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thugann
buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí; nó (c)
athrú substaintiúil a dhéanann difear dá cineál, dá
cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme a mbainfí an bonn dá cuspóirí
bunaidh dá bharr. Déanfaidh an Ballstát méideanna a íocadh go míchuí
i leith na hoibríochta a ghnóthú. 2. Maidir le hoibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ón CSE agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chistí
eile CSF nach infheistíocht bonneagair ná infheistíochtaí táirgiúla iad, ní
aisíocfaidh siad an ranníocaíocht ón gCiste ach amháin i gcás ina bhfuil siad
faoi réir oibleagáide chun infheistíocht a chothabháil faoi na rialacha is
infheidhme maidir le Státchabhair agus i gcás ina ndéantar gníomhaíocht
tháirgiúil de chuid na hoibríochta a scor nó a athlonnú laistigh den tréimhse
atá leagtha síos sna rialacha sin. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1
agus mír 2 maidir le ranníocaíochtaí le hionstraimí airgeadais nó uathu ná
maidir le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr
féimheachta neamhchalaoisí. 4. Ní
bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le daoine nádúrtha ar tairbhithe de
thacaíocht infheistíochta iad agus, tar éis an oibríocht infheistíochta a
lánchríochnú, go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht agus go bhfaighidh siad
tacaíocht faoi (Rialachán EGF [/2012] lena mbunaítear an Ciste Eorpach um
Choigeartú don Domhandú) i gcás ina bhfuil an infheistíocht lena mbaineann
nasctha go díreach leis an gcineál gníomhaíochta a aithníodh mar ghníomhaíocht
atá incháilithe do thacaíocht EGF.
TEIDEAL VIII
BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ CAIBIDIL I
Córais bhainistíochta agus rialaithe Airteagal 62
Prionsabail ghinearálta
maidir le córais bhainistíochta agus rialaithe Déanfar foráil sna córais bhainistíochta agus rialaithe maidir leis an
méid seo a leanas: (a)
tuairisc ar fheidhmeanna gach comhlachta
bainistíochta agus rialaithe lena mbaineann, agus ar leithdháileadh feidhmeanna
i ngach comhlacht; (b)
comhlíonadh an phrionsabail deighilte feidhmeanna
idir chomhlachtaí den chineál sin nó laistigh díobh; (c)
nósanna imeachta d’fhonn ceartaiseacht agus
rialtacht an chaiteachais a dhearbhaítear a áirithiú; (d)
córais ríomhairithe maidir le cuntasaíocht, maidir
le stóráil agus tarchur sonraí airgeadais agus sonraí ar tháscairí, maidir le
faireachán agus maidir le tuairisciú; (e)
córais maidir le tuairisciú agus faireachán i gcás
ina gcuireann an comhlacht atá freagrach cúraimí ar iontaoibh comhlachta eile; (f)
socruithe maidir feidhmiú na gcóras bainistíochta
agus rialaithe a iniúchadh; (g)
córais agus nósanna imeachta d’fhonn raon
iniúchóireachta leormhaith a áirithiú; (h)
neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc,
a bhrath agus a cheartú agus méideanna a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar
bith, a ghnóthú. Airteagal 63
Freagrachtaí na mBallstát 1. Comhlíonfaidh na Ballstáit na
hoibleagáidí bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta agus glacfaidh siad
ar láimh na freagrachtaí atá leagtha síos sna rialacha maidir le bainistíocht
chomhpháirteach atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha a bhaineann
go sonrach leis na Cistí. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta
comhpháirtí, beidh na Ballstáit freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go
ndéanfar a gcórais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár a bhunú i
gcomhréir leis na forálacha atá sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí agus go bhfeidhmeoidh na córais go héifeachtach. 3. Bunóidh na Ballstáit nós
imeachta maidir le hiniúchadh agus réiteach neamhspleách gearán a bhaineann le
roghnú nó le cur chun feidhme oibríochtaí arna gcómhaoiniú ag na Cistí CSF agus
cuirfidh siad an nós imeachta sin chun feidhme. Arna iarraidh sin orthu,
cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar thorthaí na scrúduithe sin chuig an
gCoimisiún. 4. Cuirfear gach malartú oifigiúil
faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún i gcrích trí úsáid a bhaint as
córas malartaithe leictreonaigh sonraí arna bhunú ag an gCoimisiún.
CAIBIDIL II
Comhlachtaí bainistíochta agus rialaithe a chreidiúnú Airteagal 64
Creidiúnú
agus comhordú 1. I gcomhréir le hAirteagal
56(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar gach comhlacht atá freagrach as
caiteachas faoi na Cistí CSF a bhainistiú agus a rialú a chreidiúnú le cinneadh
foirmiúil ó údarás creidiúnúcháin ar leibhéal aireachta. 2. Bronnfar an creidiúnú ar
choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht na critéir chreidiúnúcháin maidir le
timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid,
agus faireacháin atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na
Cistí. 3. Beidh an creidiúnú bunaithe
ar thuairim comhlachta neamhspleáigh iniúchóireachta a rinne measúnú ar
chomhlíonadh na gcritéar creidiúnúcháin ag an gcomhlacht. Áiritheoidh an
comhlacht neamhspleách iniúchóireachta go ndéanfaidh sé a chuid oibre i
gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glactha leo go
hidirnáisiúnta. 4. Déanfaidh an t-údarás
creidiúnúcháin maoirseacht ar an gcomhlacht creidiúnaithe agus déanfaidh sé
creidiúnú an chomhlachta sin a tharraingt siar le cinneadh foirmiúil más rud é
nach gcomhlíontar a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir
chreidiúnúcháin, ach amháin má dhéanann an comhlacht na bearta leasúcháin is gá
laistigh de thréimhse phromhaidh a bheidh le cinneadh ag an údarás
creidiúnúcháin i gcomhréir le déine na faidhbe. Tabharfaidh an t-údarás
creidiúnúcháin fógra don Choimisiún láithreach maidir le tréimhse phromhaidh ar
bith a shocrú do chomhlacht creidiúnaithe nó maidir le cinneadh ar bith a
tharraingt siar. 5. Féadfaidh an Ballstát
comhlacht comhordúcháin a ainmniú ar a mbeadh an fhreagracht idirchaidreamh a
dhéanamh leis an gCoimisiún agus faisnéis a thabhairt dó, cur i bhfeidhm
comhchuibhithe rialacha an Aontais a chur chun cinn, tuarascáil achomhair a
bhunú ina dtugtar forléargas ar an leibhéal náisiúnta ar na dearbhuithe
bainistíochta uile agus ar na tuairimí iniúchóireachta uile agus cur chun
feidhme na mbeart leasúcháin a chomhordú maidir le haon easnaimh de nádúr
coiteann. . 6. Gan dochar do na rialacha atá
leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, is iad seo a
leanas na comhlachtaí a chreidiúnófar faoi mhír 1: (a)
i gcás an CFRE, an CSE agus an Chiste
Comhtháthaithe, na húdaráis bhainistíochta agus, nuair is iomchuí, na húdaráis
deimhniúcháin; (b)
i gcás an CETFT agus an CEMI, na gníomhaireachtaí
íocaíochta.
CAIBIDIL III
CAIBIDIL III
Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin Airteagal 65
Cumhachtaí agus freagrachtaí
an Choimisiúin 1. Deimhneoidh an Coimisiún dó féin, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil,
lena n-áirítear an nós imeachta creidiúnúcháin, an dearbhú bainistíochta
bliantúil, na tuarascálacha bliantúla ar rialú, an tuairim iniúchóra
bhliantúil, an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme agus iniúchtaí arna
ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta agus ag comhlachtaí an Aontais, go bhfuil
córais bhainistíochta agus rialaithe bunaithe ag na Ballstáit a chomhlíonann an
Rialachán seo agus na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí agus go
bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach le linn na cláir a chur chun
feidhme. 2. Gan dochar d’iniúchtaí arna
ndéanamh ag na Ballstáit, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe
údaraithe thar ceann an Choimisiúin iniúchtaí nó seiceálacha ar an láthair a
dhéanamh ach fógra leordhóthanach a bheith tugtha roimh ré. Féadfar, go
háirithe, fíorú ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistíochta agus rialaithe
i gclár nó i gcuid de chlár, in oibríochtaí agus measúnú ar bhainistíocht
fhónta airgeadais na n-oibríochtaí nó na gclár a bheith faoi raon feidhme na
n-iniúchtaí nó na seiceálacha sin. Féadfaidh ionadaithe thar ceann an
Bhallstáit nó oifigigh údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí
sin. Oifigigh an Choimisiúin nó ionadaithe údaraithe an
Choimisiún, ar tugadh an chumhacht chuí dóibh iniúchtaí ar an láthair a
dhéanamh, beidh rochtain acu ar na taifid, na doiciméid agus na meiteashonraí
uile, is cuma cén meán ina stóráiltear iad, a bhaineann le hoibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ó na Cistí CSF nó leis na córais bhainistíochta agus
rialaithe. Soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid, na doiciméid agus
na meiteashonraí sin don Choimisiún arna iarraidh sin dó. Ní dhéanfaidh na cumhachtaí atá leagtha amach sa
mhír seo difear do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena bhforchoimeádtar
gníomhartha áirithe do ghníomhaithe arna n-ainmniú go sonrach sa reachtaíocht
náisiúnta. Ní ghlacfaidh oifigigh an Choimisiúin ná ionadaithe údaraithe thar
ceann an Choimisiúin páirt, inter alia, i gcuairteanna baile ná i gceistiú
foirmiúil daoine faoi chuimsiú na reachtaíochta náisiúnta. Mar sin féin, beidh
rochtain acu ar an bhfaisnéis a gheofar ar an gcaoi sin. 3. Féadfaidh an Coimisiún a
cheangal ar Bhallstát na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn feidhmiú éifeachtach
na gcóras bainistíochta agus rialaithe nó ceartaiseacht an chaiteachais a
fhíorú i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 4. Féadfaidh an Coimisiún a
cheangal ar Bhallstát scrúdú a dhéanamh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an
Choimisiúin maidir le roghnú nó cur chun feidhme na n-oibríochtaí arna
gcómhaoiniú ag na Cistí CSF nó maidir le feidhmiú an chórais bhainistíochta
agus rialaithe.
TEIDEAL IX
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, IMRÉITEACH CUNTAS AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS, SAORADH CAIBIDIL I
Bainistíocht Airgeadais Airteagal 66
Ceangaltais bhuiséadacha Is i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach
Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an
31 Nollaig 2020 a dhéanfar ceangaltais bhuiséadacha an Aontais maidir
le gach clár. Is éard a bheidh sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar clár an
cinneadh maoinithe de réir bhrí Airteagal 75(2) den Rialachán Airgeadais
agus a luaithe a thabharfar fógra ina leith don Bhallstát lena mbaineann,
ceangaltas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. I gcás gach cláir ar leith, déanfar an
ceangaltas buiséadach don chéad tráthchuid tar éis an clár a bheith glactha ag
an gCoimisiún. I gcás na gceangaltas buiséadach do
thráthchodanna ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún iad roimh an 1 Bealtaine
de gach bliain, ar bhonn an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír, ach amháin
i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán Airgeadais. Maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta agus
leis an gcúlchiste fáis agus iomaíochais, déanfar an ceangaltas buiséadach tar
éis an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár. Airteagal 67
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí 1. Beidh na híocaíochtaí a
dhéanfaidh an Coimisiún leis an ranníocaíocht ó na Cistí CSF le gach clár i
gcomhréir le leithreasaí buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil.
Breacfar gach íocaíocht sa cheangaltas buiséadach is túisce a bheidh oscailte
den Chiste lena mbaineann. 2. Déanfar na híocaíochtaí i
bhfoirm íocaíochtaí réamh-mhaoinithe, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an
iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh. 3. I gcás na bhfoirmeacha
tacaíochta faoi Airteagal 57(1)(b), (c) agus (d), measfar gur caiteachas
incháilithe iad méideanna a íoctar leis an tairbhí. Airteagal 68
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil, nuair is iomchuí,
agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a ríomh Déanfar na rialacha maidir le ríomh an mhéid a
aisíoctar i bhfoirm íocaíochtaí eatramhacha, íocaíocht an iarmhéid bhliantúil,
nuair is infheidhme, agus íocaíocht an iarmhéid deiridh a leagan síos sna
rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Is feidhm den ráta cómhaoinithe
sonrach atá infheidhme maidir leis an gcaiteachas incháilithe a bheidh sa mhéid
sin. Airteagal 69
Iarrataí ar íocaíocht 1. Déanfar an nós imeachta
sonrach agus an fhaisnéis is gá a chur isteach maidir le hiarraidh ar íocaíocht
a leagan síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. 2. Soláthrófar san iarraidh ar
íocaíocht a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis uile is gá le go
bhféadfaidh an Coimisiún cuntais a tháirgeadh i gcomhréir le
hAirteagal [...] den Rialachán Airgeadais. Airteagal 70
Carnadh na n-íocaíochtaí
réamh-mhaoinithe agus na n-íocaíochtaí eatramhacha 1. Ní bheidh iomlán carnach na
n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus na n-íocaíochtaí eatramhacha agus an
iarmhéid bhliantúil, nuair is infheidhme, ag an gCoimisiún, níos mó ná
95 % den ranníocaíocht ó na Cistí CSF leis an gclár. 2. Nuair a a bhainfear an
uasteorainn 95 % amach, leanfaidh na Ballstáit d’iarrataí ar íocaíocht a tharchur
chuig an gCoimisiún. Airteagal 71
Úsáid an euro Is in euro a ainmneofar na méideanna atá
leagtha amach i gcláir arna gcur isteach ag Ballstáit, i réamh-mheastacháin ar
chaiteachas, i ráitis chaiteachais, in iarrataí ar íocaíocht, i gcuntais bhliantúla
agus an caiteachas atá luaite sna tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur
chun feidhme. Airteagal 72
Réamh-mhaoiniú tosaigh a íoc 1. I ndiaidh an chinnidh ón
gCoimisiún lena nglactar an clár, íocfaidh an Coimisiún méid réamh-mhaoinithe
tosaigh le haghaidh na tréimhse cláraithe ar fad. Déanfar an méid
réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna i gcomhréir le riachtanais
bhuiséadacha. Déanfar na tráthchodanna a shainiú sna rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí. 2. Ní úsáidfear réamh-mhaoiniú
ach chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe i gcur chun feidhme an chláir.
Déanfar é a chur ar fáil gan mhoill don údarás atá freagrach chun na críche
sin. Airteagal 73
Réamh-mhaoiniú tosaigh a
imréiteach Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú
tosaigh a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth a ndúntar an
clár ar a dhéanaí. Airteagal 74
An spriocdháta le haghaidh
íocaíochta a bhriseadh 1. Féadfar go mbrisfidh an
t-oifigeach um údarú an spriocdháta chun éileamh ar íocaíocht eatramhach a
dhéanamh de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais le haghaidh tréimhse naoi mí ar
a mhéad más rud é: (a)
go bhfuil fianaise ann, i ndiaidh faisnéis a bheith
curtha ar fáil ag comhlacht iniúchóireachta náisiúnta nó comhlacht
iniúchóireachta an Aontais, a thugann le fios go bhfuil easnamh suntasach ann i
bhfeidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe; (b)
go bhfuil ar an oifigeach um údarú, trí
tharmligean, tabhairt faoi fhíoruithe breise i ndiaidh faisnéis a bheith tugtha
ar a aird á chur in iúl dó go mbaineann neamhrialtacht ba chúis le hiarmhairtí
airgeadais tromchúiseacha le hiarraidh ar íocaíocht; (c)
go mainnítear ceann de na doiciméid a cheanglaítear
faoi Airteagal 75(1) a chur isteach. 2. Féadfaidh an t-oifigeach um
údarú, trí tharmligean, an chuid sin den chaiteachas atá cumhdaithe ag an
éileamh ar íocaíocht a ndéanann na gnéithe dá dtagraítear i mír 1 difear dó a
bhriseadh agus an chuid sin amháin. Cuirfidh an t-oifigeach um údarú, trí
tharmligean, in iúl don Bhallstát agus don údarás bainistíochta láithreach
faoin gcúis leis an mbriseadh agus iarrfaidh sé orthu an cás a leigheas.
Cuirfidh an t-oifigeach um údarú, trí tharmligean, deireadh leis an mbriseadh a
luaithe a dhéanfar na bearta go léir is gá. CAIBIDIL II
Imréiteach cuntas agus ceartuithe airgeadais Airteagal 75
Faisnéis a chur isteach 1. Faoin 1 Feabhra den bhliain i
ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát na doiciméid
agus an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le
hAirteagal 56 den Rialachán Airgeadais: (a)
cuntais bhliantúla dheimhnithe na gcomhlachtaí
ábhartha atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 64; (b)
an dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le
hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil, dea-fheidhmiú na
gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart
bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais; (c)
tuarascáil achomair na n-iniúchtaí agus ar na
rialuithe uile a cuireadh i gcrích, lena n-áirítear anailís ar laigí
sistéamacha nó athfhillteacha, agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh nó
atá beartaithe; (d)
tuairim iniúchóra ón gcomhlacht neamhspleách
iniúchóireachta atá ainmnithe ar an dearbhú urrúis bhainistíochta ina
gcumhdaítear iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil,
dea-fheidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, dlíthiúlacht agus rialtacht na
n-idirbheart bunúsach, agus urramú phrionsabal na bainistíochta fónta
airgeadais, agus tuarascáil ar rialú ina leagtar amach na torthaí ar iniúchtaí
a rinneadh maidir leis an mbliain airgeadais atá cumhdaithe sa tuairim. 2. Ar iarratas ón gCoimisiún,
soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún. Mura
gcuireann Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil faoin spriocdháta a
bheidh socraithe ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ar
imréiteach na gcuntas a bhunú ar an bhfaisnéis atá ina sheilbh. 3. Faoin [15 Feabhra] den
bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Ballstát
tuarascáil achomhair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an bhfomhír
dheireanach dAirteagal 56(5) den Rialachán Airgeadais. Airteagal 76
Imréiteach cuntas 1. Faoin 30 Aibreán den bhliain
i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta, déanfaidh an Coimisiún, i
gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí, cinneadh ar
imréiteach chuntais na gcomhlachtaí ábhartha a creidiúnaíodh de bhun Airteagal
64 maidir le gach clár. Cumhdóidh an cinneadh ar imréiteach iomláine, cruinneas
agus fírinneacht na gcuntas bliantúil arna gcur isteach agus ní dhéanfaidh sé
dochar d’aon cheartuithe airgeadais ina dhiaidh sin. 2. Beidh na nósanna imeachta
maidir le himréiteach bliantúil leagtha síos sna rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí. Airteagal 77
Ceartuithe airgeadais ag an
gCoimisiún 1. Déanfaidh an Coimisiún
ceartuithe airgeadais trí ranníocaíocht iomlán an Aontais nó cuid di leis an
gclár a chur ar ceal agus an méid a ghnóthú ón mBallstát d’fhonn é a eisiamh ó
chaiteachas maoinithe an Aontais atá ag sárú an dlí náisiúnta agus dhlí an
Aontais is infheidhme, lena n-áirítear maidir le heasnaimh i gcórais
bhainistíochta agus rialaithe na mBallstát atá aimsithe ag an gCoimisiún nó ag
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. 2. De dheasca dlí náisiúnta nó
dlí an Aontais is infheidhme a bheith sáraithe, déanfar ceartú airgeadais i
gcás ina gcomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá tionchar, nó d’fhéadfadh tionchar a bheith, ag
an sárú ar roghnú oibríochta ag comhlacht atá freagrach as tacaíocht ó na Cistí
CSF; (b)
tá baol ann go bhfuil tionchar, nó go bhféadfadh
tionchar a bheith, ag an sárú ar mhéid an chaiteachais atá dearbhaithe le
haisíoc le buiséad an Aontais. 3. Cuirfidh an Coimisiún san
áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe airgeadais
faoi mhír 1, cineál agus tromaíocht an tsáraithe ar dhlí náisiúnta nó ar dhlí
an Aontais is infheidhme agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis do
bhuiséad an Aontais. 4. Beidh na critéir agus na
nósanna imeachta maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm leagtha síos
sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí.
Caibidil III
Saoradh Airteagal 78
Na prionsabail 1. Cuirfear gach clár faoi réir
nós imeachta um shaoradh arna bhunú ar an mbonn go ndéanfar na méideanna atá
nasctha le ceangaltas nach bhfuil cumhdaithe ag réamh-mhaoiniú ná ag iarraidh
ar íocaíocht laistigh de thréimhse shainithe a shaoradh. 2. Déanfar an ceangaltas a
bhaineann leis an mbliain dheireanach i dtréimhse a shaoradh i gcomhréir leis
na rialacha maidir le dúnadh na gclár. 3. Beidh cur i bhfeidhm beacht
riail an tsaortha maidir le gach Ciste CSF faoi leith sonraithe sna rialacha a
bhaineann go sonrach leis na Cistí. 4. Saorfar an chuid sin de na
ceangaltais a bheidh fós oscailte i gcás nach bhfuil ceann de na doiciméid a
cheanglaítear don dúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoi na spriocdhátaí
atá leagtha síos sna rialacha a bhaineann go sonrach leis na Cistí. Airteagal 79
Eisceacht ón saoradh 1. Déanfar an méid a mbaineann
an saoradh leis a laghdú de réir na méideanna nach raibh an comhlacht atá
freagrach in ann a dhearbhú don Choimisiún i ngeall ar na nithe seo a leanas: (a) oibríochtaí a cuireadh ar fionraí trí nós
imeachta dlíthiúil nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach
aige; nó (b) cúiseanna force majeure a dhéanann
difear tromchúiseach do chur chun feidhme an chláir nó cuid de. Léireoidh na
húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach
an force majeure ar chur chun feidhme an chláir go léir nó cuid de. Féadfar an laghdú a iarraidh uair amháin más rud é
gur mhair an fhionraíocht nó an force majeure suas le bliain amháin, nó
roinnt uaireanta ag comhfhreagairt d’fhad thréimhse an force majeure nó
do na blianta idir an dáta a rinneadh an cinneadh dlíthiúil nó riaracháin lenar
fionraíodh cur chun feidhme na hoibríochta agus an dáta a rinneadh an cinneadh
deireanach dlíthiúil nó riaracháin. 2. Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an
Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i mír
1 i dtaobh an mhéid atá le dearbhú faoi dheireadh na bliana roimhe sin. Airteagal 80
An Nós Imeachta 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl
don Bhallstát agus don údarás bainistíochta in am trátha gach uair a bhfuil
baol ann saoradh a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 78. 2. Ar bhonn na faisnéise atá
aige ar an 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát agus don
údarás bainistíochta méid an tsaortha a thig ón bhfaisnéis ina sheilbh. 3. Beidh dhá mhí ag an mBallstát
le haontú leis an méid a bheidh le saoradh nó lena bharúlacha a chur isteach. 4. Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh
an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina
léireofar don bhliain airgeadais lena mbaineann méid laghdaithe na tacaíochta
thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár. Mura gcuirtear isteach é,
athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó na
Cistí CSF a laghdú don bhliain airgeadais lena mbaineann. Déanfar an laghdú sin
a leithdháileadh ar gach tosaíocht go comhréireach. 5. Déanfaidh an Coimisiún an
cinneadh lena nglactar an clár a leasú, trí bhíthin gníomhartha cur chun
feidhme, tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair. CUID A TRÍ
FORÁLACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN CFRE, AN CSE AGUS AN CC TEIDEAL I
CUSPÓIRÍ AGUS AN CREAT AIRGEADAIS
CAIBIDIL I
Misean, spriocanna agus cuimsiú geografach na tacaíochta Airteagal 81
Misean agus spriocanna 1. Rannchuideoidh na Cistí le
forbairt agus saothrú ghníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú de réir Airteagal 174 den
Chonradh. Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a fhaigheann
tacaíocht ó na Cistí le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe
agus cuimsitheach. 2. Chuige sin, saothrófar na
spriocanna seo a leanas: (a) Beidh 'Infheistíocht le haghaidh fáis
agus post' i mBallstáit agus i réigiúin, i dteideal tacaíocht a fháil ó na
Cistí go léir; agus (b) Beidh ‘comhar críochach Eorpach’ i
dteideal tacaíocht a fháil ón CFRE. Airteagal 82
Infheistíocht le haghaidh
fáis agus post 1. Tacóidh na Cistí
Struchtúracha leis an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ i ngach
réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d’aonaid
chríochacha ar mhaithe le staidreamh (dá ngairtear ‘leibhéal NUTS 2’ anseo
feasta) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. 2. Déanfar acmhainní maidir leis
an sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ a leithdháileadh i measc
na dtrí chatagóir réigiún de leibhéal NUTS 2: (a)
réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per
capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI an AE-27; (b)
réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir
75 % agus 90 % de mheán-OTI an AE-27; (c)
réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita
os cionn 90 % de mheán-OTI an AE-27. Déantar na trí chatagóir réigiún a chinneadh de
réir mar a bhaineann a OTI per capita le meán-OTI an AE-27 le haghaidh na
tréimhse tagartha céanna, arna thomhas de réir paireachtaí cumhachta ceannaigh
agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2006 go
2008. 3. Na Ballstáit sin ar lú a n-ollioncam
náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán-OIN an AE-27 per capita le
haghaidh na tréimhse tagartha céanna, arna thomhas de réir paireachtaí
cumhachta ceannaigh agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh
na tréimhse 2007 go 2009, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo. Na Ballstáit atá incháilithe chun cistiú a fháil
ón gCiste Comhtháthaithe in 2013, ach ar mó a OIN ainmniúil per capita ná
90 % de mheán-OIN per capita an AE-27 arna ríomh faoin gcéad fhomhír,
gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus
sonrach. 4. Díreach i ndiaidh theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na réigiúin a chomhallann critéir na
dtrí chatagóir réigiún dá dtagraítear i mír 2 agus de na Ballstáit a
chomhallann critéir mhír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3). Beidh an liosta seo bailí ón 1 Eanáir 2014 go dtí
an 31 Nollaig 2020. 5. In 2017, déanfaidh an
Coimisiún athbhreithniú ar incháilitheacht na mBallstát i leith an Chiste
Comhtháthaithe ar bhonn figiúirí OIN an Aontais i leith an AE-27 sa tréimhse
idir 2013 agus 2015. Na Ballstáit sin ar mó a OIN ainmniúil per capita ná
90 % de mheán-OIN per capita an AE-27, gheobhaidh siad tacaíocht ón gCiste
Comhtháthaithe ar bhonn trasdula agus sonrach.
CAIBIDIL II
Creat airgeadais Airteagal 83
Acmhainní foriomlána 1. EUR 336 020 492 848 de
réir phraghsanna 2011 a bheidh sna hacmhainní foriomlána a bheidh ar fáil le
haghaidh ceangaltais bhuiséadaigh ó na Cistí i leith na tréimhse 2014 go 2020,
de réir an mhiondealaithe bhliantúil a thaispeántar in Iarscríbhinn I. Chun
críocha cláraithe agus áirimh ina dhiaidh sin i mbuiséad ginearálta an Aontais,
déanfar méid na n-acmhainní foriomlána a innéacsú de réir 2 % in aghaidh
na bliana. 2. Glacfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach miondealú
bliantúil na n-acmhainní foriomlána de réir Ballstáit, gan dochar do mhír 3 den
Airteagal seo agus d’Airteagal 84(7). 3. Déanfar 0,35 % de
na hacmhainní foriomlána a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh
ón gCoimisiún. Airteagal 84
Acmhainní maidir le hInfheistíocht
le haghaidh fáis agus post agus le haghaidh comhair chríochaigh Eorpaigh 1. Is éard a bheidh sna
hacmhainní maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
96,52 % de na hacmhainní foriomlána (i.e., iomlán
EUR 324 320 492 844) agus leithdháilfear iad mar a leanas: (a)
50,13 % (i.e., iomlán EUR 162 589 839
384) le haghaidh réigiún beagfhorbartha; (b)
12,01 % (i.e., iomlán EUR 38 951 564 661)
le haghaidh réigiún trasdula; (c)
16,39 % (i.e., iomlán EUR 53 142 922 017)
le haghaidh réigiún níos forbartha; (d)
21,19 % (i.e., iomlán EUR 68 710 486 782)
le haghaidh Ballstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe; (e)
0,29 % (i.e., iomlán EUR 925 680 000) mar
mhaoiniú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in
Airteagal 349 den Chonradh agus réigiúin NUTS leibhéal 2 a chomhallann na
critéir atá leagtha síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a
ghabhann le Conradh Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne. Gach réigiún a bhfuil a OTI per capita don
tréimhse 2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse tagartha
ach a bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán-OTI an AE-27, gheobhaidh
siad leithdháileadh faoi na Cistí Struchtúracha a bheidh cothrom le dhá thrian,
ar a laghad, dá leithdháileadh sa tréimhse 2007-2013. 2. Is iad seo a leanas na
critéir a úsáidfear sa mhiondealú de réir Ballstáit: (a)
daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, rathúnas
náisiúnta agus ráta dífhostaíochta i gcás réigiún beagfhorbartha agus réigiún
trasdula; (b)
daonra incháilithe, rathúnas réigiúnach, ráta
dífhostaíochta, ráta fostaíochta, leibhéal oideachais agus dlús daonra i gcás
réigiún níos forbartha; (c)
daonra, rathúnas náisiúnta agus achar dromchla i
gcás an Chiste Comhtháthaithe. 3. Déanfar 25 % ar a laghad
d’acmhainní na gCistí Struchtúracha le haghaidh réigiún beagfhorbartha,
40 % le haghaidh réigiún trasdula agus 52 % le haghaidh réigiún níos
forbartha i ngach Ballstát a leithdháileadh ar an CSE. Chun críocha na forála
seo, glacfar leis gur cuid den sciar de na Cistí Struchtúracha a leithdháiltear
ar an CSE atá sa tacaíocht a fhaigheann Ballstát tríd an [ionstraim maidir le
bia do na daoine is díothaí]. 4. EUR 10 000 000 000
a bheidh sa tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh bonneagair iompair
faoin tSaoráid ‘Nascadh na hEorpa’. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh
gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe i leith na tréimhse iomláine. Déanfar
leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin. Déanfar na leithreasaí bliantúla a
chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad
fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na saoráide ‘Nascadh na hEorpa’
amhail ó chleachtadh buiséid 2014. Déanfar an tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe
faoin tSaoráid ‘Nascadh na hEorpa' a chur chun feidhme i gcomhréir le
hAirteagal [13] de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 lena mbunaítear an tSaoráid
‘Nascadh na hEorpa’[34] maidir leis na
tionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán sin,
agus tabharfar an tosaíocht is mó is féidir do thionscadail a urramaíonn na
leithreasaí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe. 5. EUR 2 500 000 000 a bheidh sa
tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha le haghaidh [bia do na daoine is díothaí]
faoi Infheistíocht le haghaidh Fáis agus Post. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomh cur
chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh
gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha i leith na tréimhse iomláine i ngach
Ballstát. Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit de na Cistí Struchtúracha a
laghdú dá réir sin. Déanfar na leithreasaí bliantúla a
chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha atá luaite sa chéad
fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na hionstraime [maidir le bia do na
daoine is díothaí] amhail ó chleachtadh buiséid 2014. 6. Beidh 5 % de na
hacmhainní don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ina chúlchiste
feidhmíochta a leithdháilfear de réir Airteagal 19. 7. Leithdháilfear 0,2 %
d’acmhainní an CFRE don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ ar
ghníomhaíochtaí nuálacha, ar thionscnamh ón gCoimisiún, i réimse na forbartha
uirbí inbhuanaithe. 8. 3,48 % de na hacmhainní
foriomlána atá ar fáil le haghaidh an cheangaltais bhuiséadaigh ó na Cistí don
tréimhse 2014 go 2020 (i.e., iomlán EUR 11 700 000 004) a bheidh sna
hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Airteagal 85
Neamh-inaistritheacht
acmhainní 1.
Ní bheidh na leithreasaí iomlána arna
leithdháileadh ar gach Ballstát maidir le réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin
trasdula agus réigiúin níos forbartha inaistrithe idir gach ceann de na
catagóirí réigiún sin. 2.
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, in
imthosca a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cur chun feidhme cuspóra
théamaigh amháin nó níos mó, glacadh le togra ó Bhallstát agus an Conradh
Comhpháirtíochta á chur isteach den chéad uair aige chun suas le 2 % den
leithreasú iomlán le haghaidh catagóire réigiún a aistriú go dtí catagóirí
réigiún eile. Airteagal 86
Breisíocht 1. Chun críocha an
Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn ‘caiteachas struchtúrach poiblí nó
coibhéiseach’ Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta an Rialtais Ghinearálta arna
thuairisciú sna Cláir Chobhsaíochta agus sna Cláir um Chóineasú arna n-ullmhú
ag na Ballstáit de réir Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle[35] d’fhonn a straitéis bhuiséadach mheántéarmach a thíolacadh; (2)
ciallaíonn ‘sócmhainní seasta’ gach sócmhainn
inláimhsithe nó doláimhsithe arna táirgeadh mar aschur ó phróisis táirgthe agus
a úsáidtear arís agus arís eile, nó ar bhonn leanúnach, i bpróisis táirgthe ar
feadh tréimhse níos faide ná bliain amháin; (3)
ciallaíonn ‘Ollfhoirmiú Caipitil Sheasta’[36]
na sócmhainní seasta uile, lúide diúscairtí, arna bhfáil ag na táirgeoirí
cónaitheacha mar éadálacha le linn tréimhse áirithe móide breiseanna áirithe ar
luach sócmhainní neamhtháirgthe arna réadú trí ghníomhaíocht táirgthe táirgeora
nó trí ghníomhaíocht táirgthe aonad institiúideach; (4)
ciallaíonn ‘rialtas ginearálta’ iomlán na n-aonad
institiúideach a tháirgeann seirbhísí neamh-mhargaidh den chuid is mó
(b’fhéidir earraí) lena dtomhailt ar bhonn aonair nó comhchoiteann agus a
athdháileann ioncam agus rachmas anuas ar a bhfreagrachtaí polaitiúla agus a
ról maidir le rialú eacnamaíoch a chomhlíonadh[37]. 2. Ní ghabhfaidh tacaíocht ó na
Cistí a tugtar do Infheistíocht le haghaidh fáis agus post ionad an
chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh ag Ballstát. 3. Déanfaidh Ballstáit leibhéal
de chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chothabháil ar feadh na
tréimhse 2014-2020 a bheidh cothrom ar a laghad leis an leibhéal tagartha arna
shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta. Déanfar an leibhéal tagartha de chaiteachas
struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ar an meán in aghaidh na bliana i leith na
mblianta 2014-2020 a shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta, ar bhonn fhíorú ex
ante an Choimisiúin ar an bhfaisnéis arna cur isteach sa Chonradh
Comhpháirtíochta, ag féachaint do mheánleibhéal an chaiteachais struchtúraigh
phoiblí nó choibhéisigh in aghaidh na bliana sa tréimhse 2007-2013. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na dálaí
maicreacnamaíocha ginearálta mar aon le himthosca sonracha nó eisceachtúla a
chur san áireamh, amhail príobháidithe nó leibhéal eisceachtúil de chaiteachas
struchtúrach poiblí nó coibhéiseach ag Ballstát sa tréimhse 2007-2013. Ina
theannta sin, déanfaidh siad athruithe sna leithdháiltí náisiúnta ó na Cistí
Struchtúracha a chur san áireamh, i gcomparáid leis na blianta 2007-2013. 4. Ní dhéanfar fíorú i dtaobh an
ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil ar feadh na
tréimhse ach amháin sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha
agus réigiúin trasdula 15 % ar a laghad den daonra iomlán. Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta sna
Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula
70 % ar a laghad den daonra. Déanfar an fíorú ar an leibhéal náisiúnta agus
réigiúnach sna Ballstáit sin ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus
réigiúin trasdula níos mó ná 15 % agus níos lú ná 70 % den daonra.
Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit sin faisnéis a chur ar fáil don
Choimisiún maidir leis an gcaiteachas sna réigiúin bheagfhorbartha agus sna
réigiúin trasdula ag gach céim den phróiseas fíorúcháin. 5. Déanfar an fíorú i dtaobh an
ndearnadh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a chothabháil an tráth a
chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta isteach (fíorú ex ante), in 2018
(fíorú meántéarma), agus in 2022 (fíorú ex post). Tá na rialacha mionsonraithe a bhaineann le fíorú
na breisíochta leagtha amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III. 6. Má shuíonn an Coimisiún i
bhfíorú ex post nach ndearna Ballstát an leibhéal tagartha de
chaiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach faoi sprioc na hInfheistíochta
le haghaidh fáis agus post arna leagan amach sa Chonradh Comhpháirtíochta faoi
mar ata leagtha amach in Iarscríbhinn III a chothabháil, féadfaidh an Coimisiún
ceartú airgeadais a dhéanamh. Agus cinneadh á dhéanamh faoinar cheart nó nár
cheart ceartú airgeadais a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ar
athraigh staid eacnamaíoch an Bhallstáit go suntasach i ndiaidh an fhíoraithe
mheántéarma agus ar cuireadh an t-athrú san áireamh ag an am. Tá na rialacha
mionsonraithe a bhaineann le rátaí ceartaithe airgeadais leagtha amach i
bpointe 3 d’Iarscríbhinn III. 7. Ní bheidh feidhm ag
míreanna 1 go 6 maidir le cláir oibríochtúla faoi sprioc an chomhair
chríochaigh Eorpaigh. TEIDEAL II
CLÁRÚ CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí Airteagal 87
Inneachar agus glacadh clár
oibríochta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 1. Is aiseanna tosaíochta atá i
gclár oibríochta. Bainfidh ais tosaíochta le haon Chiste amháin maidir le
catagóir réigiún agus comhfhreagróidh sí, gan dochar d’Airteagal 52, do
chuspóir téamach agus beidh tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid
an chuspóra théamaigh sin inti, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí. I gcás an CSE, féadfar tosaíochtaí infheistíochta ó
chuspóirí téamacha éagsúla arna leagan amach in Airteagal 9(8), (9), (10)
agus (11) a chomhcheangal in ais tosaíochta ionas gur féidir leis na
tosaíochtaí sin rannchuidiú le haiseanna tosaíochta eile, in imthosca a bhfuil
údar cuí leo. 2. Leagfar an méid seo a leanas
amach i gclár oibríochta: (a)
straitéis maidir le rannchuidiú an chláir
oibríochtúil le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus
cuimsitheach, lena n-áirítear: (i) sainaithint riachtanas lena dtugtar
aghaidh ar na dúshláin a aithníodh sna moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha
agus treoirlínte ginearálta bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais
faoi Airteagal 121(2) agus moltaí na Comhairle a chuirfidh na Ballstáit
san áireamh ina mbeartais fostaíochta arna nglacadh faoi Airteagal 148(4) den
Chonradh, ag cur riachtanas náisiúnta agus réigiúnach san áireamh; (ii) cosaint na gcuspóirí téamacha agus na
dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha a roghnaíodh, ag féachaint don
Chonradh Comhpháirtíochta agus do thorthaí na meastóireachta ex ante; (b)
le haghaidh gach aise tosaíochta ar leith: (i) na tosaíochtaí infheistíochta agus na
cuspóirí sonracha comhfhreagracha; (ii) táscairí sonracha agus coiteanna ar
thorthaí agus ar aschur, mar aon le luach bonnlíne agus luach sprice
cainníochtaithe nuair is iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann go
sonrach leis na Cistí; (iii) tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil
tacaíocht le fáil acu, lena n-áirítear na spriocghrúpaí príomha, na críocha
sonracha ar díríodh orthu mar aon le cineálacha na dtairbhithe, nuair is
iomchuí, agus úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais a shainaithint; (iv) na catagóirí comhfhreagracha
idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún, trí
ghníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 143(3), agus miondealú táscach ar na hacmhainní
atá cláraithe; (c)
a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige
comhtháite maidir le forbairt chríochach arna leagan amach sa Chonradh
Comhpháirtíochta, lena n-áirítear: (i) na meicníochtaí lena n-áirithítear
comhordú idir na Cistí, an CETFT, an CEMI agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta
agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, agus leis an BEI; (ii) nuair is iomchuí, cur chuige comhtháite
pleanáilte i leith fhorbairt chríochach na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta
agus iascaigh agus na limistéar lena mbaineann sainghnéithe críochacha áirithe,
go háirithe na socruithe cur chun feidhme maidir le hAirteagal 28 agus
Airteagal 29; (iii) liosta na gcathracha ina gcuirfear
gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe chun
feidhme, an leithdháileadh bliantúil táscach de thacaíocht ón CFRE le haghaidh
na ngníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear na hacmhainní arna dtarmligean chuig
cathracha lena mbainistiú faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh.
[CFRE] agus an leithdháileadh bliantúil táscach de thacaíocht ón CSE le
haghaidh gníomhaíochtaí comhtháite; (iv) na limistéir ina gcuirfear forbairt
áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme a shainaithint; (v) na socruithe maidir le gníomhaíochtaí
idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta le tairbhithe atá lonnaithe i mBallstát
amháin eile ar a laghad; (vi) nuair is iomchuí, a mhéid a
rannchuidíonn na hidirghabhálacha atá beartaithe le straitéisí macrairéigiúnacha
agus le straitéisí um imchuacha farraige; (d)
a mhéid a rannchuidítear leis an gcur chuige
comhtháite atá leagtha amach sa Chonradh Comhpháirtíochta chun aghaidh a
thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar geografach is mó a mbaineann an
bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó atá i mbaol idirdhealaithe nó
eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar phobail imeallaithe, agus an
leithdháileadh táscach airgeadais; (e)
socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na
gCistí a áirithiú, lena n-áirítear: (i) creat feidhmíochta i gcomhréir le
hAirteagal 19(1); (ii) maidir le gach coinníollacht ex ante,
arna bunú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, nach mbeidh comhlíonta ar an dáta a
chuirfear an Conradh Comhpháirtíochta agus an clár oibríochta isteach, tuairisc
ar na gníomhaíochtaí chun an choinníollacht ex ante a chomhlíonadh agus
tráthchlár do na gníomhaíochtaí sin; (iii) na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na
comhpháirtithe a tharraingt isteach in ullmhú an chláir oibríochtúil, agus ról
na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil agus
faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air; (f)
socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach na
gCistí a áirithiú, lena n-áirítear: (i) úsáid bheartaithe an chúnaimh
theicniúil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun acmhainní riaracháin na
n-údarás agus na dtairbhithe a threisiú, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha dá
dtagraítear i mír 2(b) le haghaidh na haise tosaíochta lena mbaineann; (ii) measúnú ar an ualach riaracháin ar
thairbhithe agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun laghdú a bhaint amach
mar aon le spriocanna ag gabháil leo; (iii) liosta de na mórthionscadail arb é dáta
roimh an 1 Eanáir 2018 an dáta atá measta a thosóidh feidhmiú na
bpríomhoibreacha; (g)
plean maoinithe ina mbeidh dhá thábla: (i) tábla ina saineofar le haghaidh gach
bliana, i gcomhréir le hAirteagal 53, Airteagal 110 agus le hAirteagal
111, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó
gach Ciste ar leith; (ii) tábla ina saineofar méid an
leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó na Cistí agus ón gcómhaoiniú
náisiúnta le haghaidh na tréimhse cláraithe ar fad, maidir leis an gclár
oibríochta agus maidir le gach ais tosaíochta. Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú
náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú
táscach sa tábla idir na comhpháirteanna poiblí agus na comhpháirteanna
príobháideacha. Déanfar an
rannpháirtíocht atá beartaithe ón BEI a léiriú ann chun críocha faisnéise; (h)
na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir
oibríochtúil, ina sonrófar na nithe seo a leanas: (i) an comhlacht creidiúnúcháin, an t-údarás
bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin, nuair is iomchuí, agus an t-údarás
iniúchóireachta; (ii) an comhlacht a ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí leis a shainaithint; 3. Beidh an méid seo a leanas ar
áireamh i ngach clár oibríochta, ach amháin na cláir sin ina dtugtar faoi
chúnamh teicniúil faoi chlár oibríochtúil sonrach: (i) tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha
trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosaint an
chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an athraithe aeráide, oiriúnú don
athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú
aeráide agus bainistíocht an athraithe aeráide; (ii) tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha
chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú ar bith bunaithe ar
inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar
mhíchumas, ar aois nó ar thrasuíomh gnéasach a chosc agus an clár oibríochta á
ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain
ar chistiú, ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol
idirdhealaithe den chineál sin, go háirithe na ceanglais chun inrochtaineacht
do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú; (iii) tuairisc ar a mhéid a rannchuidíonn sé
le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, nuair is iomchuí, ar
na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir
oibríochtúil agus ar leibhéal na hoibríochta. Déanfaidh na Ballstáit tuairim ó na comhlachtaí
comhionannais náisiúnta maidir leis na bearta arna leagan amach i bpointe (ii)
agus i bpointe (iii) a chur isteach in éineacht leis an togra le haghaidh cláir
oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. 4. Déanfaidh na Ballstáit an
clár oibríochta a dhréachtú de réir na samhla arna glacadh ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail sin a ghlacadh
trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin
i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in
Airteagal 143(2). 5. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh lena bhformheastar an clár oibríochta a ghlacadh trí ghníomhartha cur
chun feidhme. Airteagal 88
Comhthacaíocht ó na Cistí 1. Féadfaidh na Cistí tacaíocht
a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, do chláir oibríochtúla faoi sprioc na
hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. 2. Maidir le cuid d’oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe le
haghaidh tacaíochta ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a
chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh an CFRE agus an CSE í
a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 5 % de mhaoiniú
ón Aontas maidir le gach ais tosaíochta de chlár oibríochtúil, ar an gcoinníoll
go bhfuil na costais sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme go
sásúil agus go bhfuil baint dhíreach acu léi. 3. Ní bheidh feidhm ag
mír 1 agus mír 2 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh
Eorpaigh. Airteagal 89
Raon feidhme
geografach na gclár oibríochta faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt idir
an Coimisiún agus an Ballstát, déanfar cláir oibríochtúla maidir leis an CFRE
agus an CSE a tharraingt suas ar an leibhéal geografach iomchuí agus ar NUTS
leibhéal 2 ar a laghad, i gcomhréir leis an gcóras institiúideach a bhaineann
go sonrach leis an mBallstát. Déanfar cláir oibríochtúla a bhfuil tacaíocht
acu ón gCiste Comhtháthaithe a tharraingt suas ar an leibhéal náisiúnta. CAIBIDIL II
Mórthionscadail Airteagal 90
Ábhar Mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir
oibríochtúla, féadfar tacaíocht a fháil ón CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe i
leith oibríochta a chuimsíonn sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí atá
beartaithe inti féin cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil
a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go
soiléir agus ar mó a chostas iomlán ná EUR 50 000 000 (‘mórthionscadal’).
Ní mheasfar gur mórthionscadail iad ionstraimí airgeadais. Airteagal 91
Faisnéis atá le cur faoi
bhráid an Choimisiúin 1.
Déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta
an fhaisnéis seo a leanas faoi mhórthionscadail a chur faoi bhráid an Choimisiúin
a luaithe a bheidh an obair ullmhúcháin curtha i gcrích: (a)
faisnéis faoin gcomhlacht a bheidh freagrach as cur
chun feidhme an mhórthionscadail, agus faisnéis faoina acmhainní; (b)
tuairisc ar an infheistíocht agus faisnéis fúithi
agus faoina suíomh; (c)
an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán,
ag féachaint do cheanglais Airteagal 54; (d)
faisnéis faoi na staidéir indéantachta a rinneadh,
lena n-áirítear anailís ar na roghanna, na torthaí agus athbhreithniú
neamhspleách ar cháilíocht; (e)
anailís chostais is tairbhe, lena n-áirítear
anailís eacnamaíoch agus airgeadais, agus measúnú riosca; (f)
anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus
riachtanais maidir le maolú um athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus
athléimneacht ó thubaistí, á gcur san áireamh; (g)
an chomhsheasmhacht le haiseanna tosaíochta
ábhartha an chláir oibríochtúla nó na gclár oibríochta lena mbaineann, agus a
mhéid a mheastar go rannchuideoidh sí le sainchuspóirí na n-aiseanna tosaíochta
sin a ghnóthú; (h)
an plean maoinithe ina léirítear na hacmhainní airgeadais
iomlána atá beartaithe agus an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí, ón BEI,
agus ó gach foinse maoinithe eile, mar aon le táscairí fisiciúla agus
airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus na rioscaí
sainaitheanta á gcur san áireamh; (i)
an tráthchlár do chur chun feidhme an
mhórthionscadail agus, i gcás ina meastar go mbeidh an tréimhse cur chun
feidhme níos faide ná an tréimhse chláraithe, na céimeanna a n-iarrtar
tacaíocht ó na Cistí ina leith i rith thréimhse chláraithe 2014 go 2020. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht tháscach
maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid chun an anailís chostais is tairbhe
dá dtagraítear i bpointe (e) thuas a dhéanamh, i gcomhréir leis an nós imeachta
comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Is trí ghníomhartha cur chun feidhme a bhunófar an
fhormáid le haghaidh na faisnéise faoi mhórthionscadail atá le cur isteach i
gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an gCoimisiún. Glacfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach
dá dtagraítear in Airteagal 143(2). 2. Beidh mórthionscadail arna
gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas ar áireamh sa liosta de na
mórthionscadail i gclár oibríochta. Déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás
bainistíochta an liosta a athbhreithniú dhá bhliain tar éis ghlacadh an chláir
oibríochtúil agus féadfar é a oiriúnú ar iarratas ón mBallstát i gcomhréir leis
an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 26(2), go háirithe chun
mórthionscadail a bhfuil a ndáta tosaithe measta roimh dheireadh 2022 a
áireamh. Airteagal 92
Cinneadh maidir le
mórthionscadal 1. Tabharfaidh an Coimisiún
breithmheas ar an mórthionscadal ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in
Airteagal 91 d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis an tacaíocht atá
beartaithe ó na Cistí. 2. Glacfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná trí mhí tar
éis an dáta a gcuirfear an fhaisnéis lena bhformheasfar mórthionscadal isteach
i gcomhréir le hAirteagal 91. Saineofar sa chinneadh sin an cuspóir
fisiciúil, an méid a mbeidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe don ais tosaíochta
maidir leis, táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar
dhul chun cinn, agus a mhéid a mheastar a rannchuideoidh an mórthionscadal le
cuspóirí na haise nó na n-aiseanna tosaíochta ábhartha sin a bhaint amach.
Beidh cinneadh formheasa coinníollach ar an gcéad chonradh oibreacha a bheith
tugtha i gcrích laistigh de dhá bhliain ó dháta an chinnidh. 3. I gcás ina ndiúltaíonn an
Coimisiún tacaíocht ó na Cistí a cheadú le haghaidh mórthionscadail, cuirfidh
sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse atá leagtha
síos i mír 2. 4. Ní chuirfear caiteachas a
bhaineann le mórthionscadail ar áireamh in iarratais ar íocaíocht sula
nglacfaidh an Coimisiún cinneadh formheasa.
CAIBIDIL III
Comhphlean gníomhaíochta Airteagal 93
Raon feidhme 1. Is éard is comhphlean
gníomhaíochta ann oibríocht arna sainiú agus arna bainistiú i ndáil leis an
aschur agus na torthaí a bhainfidh sí amach. Tá grúpa tionscadal ann, gan
bonneagar a sholáthar, agus cuirtear i gcrích iad faoi fhreagracht an tairbhí,
mar chuid de chlár oibríochtúil nó de chláir oibríochtúla. Déanfaidh an
Ballstát agus an Coimisiún aschur agus torthaí comhphlean gníomhaíochta a
chomhaontú agus rannchuideoidh siad chun sainchuspóirí na gclár oibríochta a
bhaint amach agus beidh siad mar bhonn leis an tacaíocht ó na Cistí. Déanfar
tagairt d’éifeachtaí díreacha an chomhphlean gníomhaíochta sna torthaí. Beidh
an tairbhí ina chomhlacht corpraithe. Ní mheasfar gur mórthionscadail iad
comhphleananna gníomhaíochta. 2. Beidh EUR 10 000 000 ar
a laghad sa tacaíocht phoiblí arna leithdháileadh ar chomhphlean gníomhaíochta
nó 20 % de thacaíocht phoiblí an chláir oibríochtúil nó na gclár oibríochta,
cibé acu is lú. Airteagal 94
Comhphleananna gníomhaíochta
a ullmhú 1. Féadfaidh an Ballstát, an
t-údarás bainistíochta nó comhlacht corpraithe ainmnithe ar bith togra le
haghaidh comhphlean gníomhaíochta a chur isteach an tráth céanna a chuirtear na
cláir oibríochtúla lena mbaineann isteach nó ina dhiaidh sin. Beidh na gnéithe
go léir dá dtagraítear in Airteagal 95 ar áireamh ann. 2. Cumhdóidh comhphlean
gníomhaíochta cuid den tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an
31 Nollaig 2022. Ní bhfaighfear aisíocaíocht de thoradh aschuir agus
torthaí comhphlean gníomhaíochta ach amháin má bhaintear amach iad tar éis
dháta an chinnidh formheasa maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta agus roimh
dheireadh na tréimhse cur chun feidhme atá sainithe. Airteagal 95
Ábhar na gcomhphleananna
gníomhaíochta Beidh an méid seo a leanas sa chomhphlean
gníomhaíochta: (1)
anailís ar riachtanais forbartha agus ar chuspóirí
lena dtugtar údar maith leis an gcomhphlean gníomhaíochta, agus cuirfear san
áireamh cuspóirí na gclár oibríochta agus, nuair is iomchuí, na moltaí a
bhaineann go sonrach le tíortha agus treoirlínte ginearálta bheartais
eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais faoi Airteagal 121(2) den
Chonradh agus moltaí na Comhairle a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina
mbeartais fostaíochta faoi Airteagal 148(4) den Chonradh; (2)
an creat ina ndéantar cur síos ar an gcaidreamh
idir cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an chomhphlean gníomhaíochta,
na garspriocanna agus na spriocanna maidir le haschur agus torthaí, agus na
tionscadail nó na cineálacha tionscadal atá beartaithe; (3)
na táscairí coiteanna agus na táscairí sonracha
arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar aschur agus ar thorthaí, nuair is
ábhartha, de réir aise tosaíochta; (4)
faisnéis faoi chuimsiú geografach agus faoi
spriocghrúpaí an chomhphlean gníomhaíochta; (5)
tréimhse cur chun feidhme measta an chomhphlean
gníomhaíochta; (6)
anailís ar éifeachtaí an chomhphlean gníomhaíochta
ar chur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus ar chosc ar
idirdhealú; (7)
anailís ar éifeachtaí an chomhphlean gníomhaíochta
ar chur chun cinn na forbartha inbhuanaithe, nuair is iomchuí; (8)
na forálacha cur chun feidhme i leith an
chomhphlean gníomhaíochta, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (a)
ainmniú an tairbhí a bheidh freagrach as cur chun
feidhme an chomhphlean gníomhaíochta, agus ráthaíochtaí á thabhairt ar a
inniúlacht sa réimse lena mbaineann chomh maith lena acmhainní riaracháin agus
bainistíochta airgeadais; (b)
na socruithe chun an comhphlean gníomhaíochta a
stiúradh, i gcomhréir le hAirteagal 97; (c)
na socruithe chun faireachán agus meastóireacht a
dhéanamh ar an gcomhphlean gníomhaíochta, lena n-áirítear socruithe lena
ndeimhnítear cáilíocht, bailiú agus stóráil sonraí maidir le garspriocanna,
aschur agus torthaí a bhaint amach; (d)
na socruithe lena n-áirithítear go scaipfear
faisnéis agus ábhar cumarsáide faoin gcomhphlean gníomhaíochta agus faoi na
Cistí; (9)
socruithe airgeadais an chomhphlean gníomhaíochta,
lena n-áirítear an méid seo a leanas: (a)
na costais a bheidh i gceist chun garspriocanna,
spriocanna aschuir agus torthaí a bhaint amach ag féachaint do phointe (2),
bunaithe ar na modhanna atá leagtha amach in Airteagal 57(4) agus in
Airteagal 14 de Rialachán CSE; (b)
sceideal táscach na n-íocaíochtaí leis an tairbhí
atá nasctha leis na garspriocanna agus na spriocanna; (c)
an plean maoinithe de réir cláir oibríochtúla, aise
tosaíochta, lena n-áirítear an méid iomlán incháilithe agus tacaíocht an
phobail. Bunófar an fhormáid le haghaidh an chomhphlean
gníomhaíochta i gcomhréir leis an tsamhail arna glacadh ag an gCoimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme
sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in
Airteagal 143(2). Airteagal 96
Cinneadh maidir leis an
gcomhphlean gníomhaíochta 1. Tabharfaidh an Coimisiún
breithmheas ar an gcomhphlean gníomhaíochta ar bhonn na faisnéise dá
dtagraítear in Airteagal 95 d’fhonn a chinneadh an bhfuil údar maith leis
an tacaíocht ó na Cistí. I gcás ina measann an Coimisiún, laistigh de thrí
mhí tar éis togra le haghaidh comhphlean gníomhaíochta a bheith curtha isteach,
nach gcomhlíonann sé riachtanais an bhreithmheasa, tabharfaidh sé barúlacha don
Bhallstát. Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá arna hiarraidh
ag an gCoimisiún agus, nuair is iomchuí, leasóidh sé an comhphlean
gníomhaíochta dá réir sin. 2. Ar an gcoinníoll gur cuireadh
aon bharúlacha a thug an Coimisiún san áireamh go cuí, glacfaidh sé cinneadh
maidir leis an gcomhphlean gníomhaíochta a fhormheas tráth nach déanaí ná sé
mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach, ach i ndiaidh na cláir oibríochtúla
lena mbaineann a bheith glactha. 3. Déanfar tairbhí agus cuspóirí
an chomhphlean gníomhaíochta, na garspriocanna agus na spriocanna aschuir agus
torthaí, na costais a bheidh i gceist leis na garspriocanna agus na spriocanna
aschuir agus torthaí sin a bhaint amach, agus an plean maoinithe de réir cláir
oibríochtúla agus aise tosaíochta, lena n-áirítear an méid iomlán incháilithe
agus ranníocaíocht an phobail, tréimhse cur chun feidhme an chomhphlean
gníomhaíochta agus, nuair is ábhartha, cuimsiú geografach agus spriocghrúpaí an
chomhphlean gníomhaíochta, a thabhairt le fios sa chinneadh dá dtagraítear i
mír 2. 4. I gcás ina ndiúltaíonn an
Coimisiún tacaíocht ó na Cistí a cheadú le haghaidh comhphlean gníomhaíochta,
cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Bhallstát laistigh den tréimhse
atá leagtha síos i mír 2. Airteagal 97
Coiste stiúrtha agus leasú ar
an gcomhphlean gníomhaíochta 1. Bunóidh an Ballstát nó an t-údarás
bainistíochta coiste stiúrtha le haghaidh an chomhphlean gníomhaíochta, a
bheidh ina choiste ar leithligh ó choiste faireacháin na gclár oibríochta.
Tiocfaidh an coiste stiúrtha le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Socróidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste sin i
gcomhaontú leis an údarás bainistíochta agus tabharfar aird ar phrionsabal na
comhpháirtíochta. Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh, i gcáil
comhairleora, in obair an choiste stiúrtha. 2. Déanfaidh an coiste stiúrtha
na gníomhaíochtaí seo a leanas: (d)
déanfaidh sé athbhreithniú ar an dul chun cinn atá
déanta maidir le garspriocanna, aschur agus torthaí an chomhphlean
gníomhaíochta a bhaint amach; (e)
togra ar bith chun leasú a dhéanamh ar an
gcomhphlean gníomhaíochta a mheas agus a fhormheas d’fhonn aon saincheisteanna
a dhéanfaidh difear dá fheidhmíocht a chur san áireamh. 3. Déanfar iarrataí ar
chomhphleananna gníomhaíochta a leasú, arna gcur isteach ag Ballstát, a
chuí-reasúnú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil údar maith
leis an iarraidh ar leasú, agus cuirfidh sé an fhaisnéis arna soláthar ag an
mBallstát san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt agus
soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún.
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarraidh ar leasú tráth nach déanaí
ná trí mhí i ndiaidh don Bhallstát í a chur faoina bhráid go foirmiúil, ar an
gcoinníoll go mbeidh aon bharúlacha a bheidh tugtha ag an gCoimisiún curtha san
áireamh go cuí. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm ar dháta an chinnidh, mura bhfuil
a mhalairt leagtha amach sa chinneadh. Airteagal 98 Bainistíocht
airgeadais agus rialú an chomhphlean gníomhaíochta 1. Déanfar íocaíochtaí le
tairbhí comhphlean gníomhaíochta a láimhseáil mar chnapshuimeanna nó mar scálaí
caighdeánacha de chostais aonaid. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn le
haghaidh cnapshuimeanna atá leagtha amach in Airteagal 57(1)(c). 2. Beidh bainistíocht
airgeadais, rialú agus iniúchadh an chomhphlean gníomhaíochta dírithe go
heisiach ar fhíorú a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí
atá sainithe sa chinneadh lena bhformheastar an comhphlean gníomhaíochta
comhlíonta. 3. Féadfaidh an tairbhí agus na
comhlachtaí atá faoina fhreagracht a gcleachtais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm
maidir le costais na n-oibríochtaí cur chun feidhme. Ní bheidh na cleachtais
chuntasaíochta sin ná na costais arna dtabhú iarbhír ag an tairbhí faoi réir a
n-inúchta ag an údarás iniúchóireachta ná ag an gCoimisiún.
CAIBIDIL IV Forbairt chríochach Airteagal 99
Infheistíocht chríochach
chomhtháite 1. I gcás ina gceanglaítear cur
chuige comhtháite lena ngabhann infheistíochtaí faoi ais tosaíochta amháin nó
níos mó de chlár oibríochtúil amháin nó níos mó le straitéis forbartha uirbí nó
le straitéis nó le comhshocrú críochach eile mar a shainítear in Airteagal
12(1) de Rialachán... [CSE], déanfar an ghníomhaíocht a chur i gcrích i bhfoirm
infheistíochta críochaí comhtháite (‘ICC’). 2. Sna cláir oibríochtúla
ábhartha, aithneofar na ICCanna atá beartaithe agus leagfar amach an
leithdháileadh táscach airgeadais ó gach ais tosaíochta le gach ICC. 3. Féadfaidh an Ballstát nó an
t-údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú, lena
n-áirítear údaráis áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí
neamhrialtasacha, chun ICC a bhainistiú agus a chur chun feidhme. 4. Áiritheoidh an Ballstát nó na
húdaráis bhainistíochta ábhartha go ndéantar foráil sa chóras faireacháin le
haghaidh an chláir oibríochtúil maidir le hoibríochtaí agus aschur de chuid
aise tosaíochta a rannchuidíonn le ICC a aithint.
TEIDEAL III
FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT, FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID CAIBIDIL I
Monatóireacht agus meastóireacht Airteagal 100
Feidhmeanna an choiste
faireacháin 1. Déanfaidh an coiste faireacháin
an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe: (a)
aon saincheisteanna a dhéanann difear
d’fheidhmíocht an chláir oibríochtúil; (b)
an dul chun cinn maidir leis an bplean
meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na
meastóireachtaí a chur chun feidhme; (c)
cur chun feidhme na straitéise cumarsáide; (d)
cur chun feidhme mórthionscadal; (e)
cur chun feidhme comhphleananna gníomhaíochta; (f)
gníomhaíochtaí chun comhionannas idir fir agus mná,
comhdheiseanna, agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, lena n-áirítear
inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas; (g)
gníomhaíochtaí chun forbairt inbhuanaithe a chur
chun cinn; (h)
gníomhaíochtaí sa chlár oibríochtúil a bhaineann le
comhlíonadh coinníollachtaí ex ante; (i)
ionstraimí airgeadais. 2. Déanfaidh an coiste faireacháin
an méid seo a leanas a scrúdú agus a fhormheas: (a)
an mhodheolaíocht agus na critéir chun oibríochtaí
a roghnú; (b)
na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha
deiridh ar chur chun feidhme; (c)
an plean meastóireachta le haghaidh an chláir
oibríochtúil agus leasú ar bith ar an bplean; (d)
an straitéis cumarsáide le haghaidh an chláir
oibríochtúil agus leasú ar bith ar an straitéis; (e)
togra ar bith ón údarás bainistíochta maidir le
leasú ar bith ar an gclár oibríochta. Airteagal 101
Tuarascálacha cur chun
feidhme maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 1. Faoin
30 Aibreán 2016 agus faoin 30 Aibreán de gach bliain ina dhiaidh
sin go dtí 2022, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Ballstát
tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal
44(1). Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an
tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an
31 Nollaig 2013, sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016. 2. Leagfar amach faisnéis maidir
leis na nithe seo a leanas sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme: (a)
cur chun feidhme an chláir oibríochtúil i gcomhréir
le hAirteagal 44(2); (b)
dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus
comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme. 3. Sna tuarascálacha bliantúla
ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus in 2019, leagfar amach an
fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 44(3) agus (4) faoi seach, an
fhaisnéis atá leagtha síos i mír 2, agus an méid seo a leanas: (a)
an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun
feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena
n-áirítear forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an
phobail faoin gclár oibríochta; (b)
an dul chun cinn atá déanta maidir le
gníomhaíochtaí a chur chun feidhme d’fhonn dlús a chur faoi chumas údaráis agus
thairbhithe na mBallstát na Cistí a riar agus a úsáid; (c)
an dul chun cinn atá déanta maidir le
gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta ar bith a chur chun feidhme; (d)
an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean
meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na
meastóireachtaí a chur chun feidhme; (e)
na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun
comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc,
lena n-áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe
arna gcur chun feidhme lena áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú
sa chlár oibríochtúil agus in oibríochtaí; (f)
gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun forbairt
inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 8; (g)
torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta maidir
leis na Cistí a dtugtar fúthu faoin straitéis cumarsáide; (h)
an dul chun cinn atá déanta maidir le
gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i réimse na nuálaíochta sóisialta, nuair is
iomchuí; (i)
an dul chun cinn maidir le bearta a chur chun
feidhme chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na limistéar
geografach is mó a mbaineann an bhochtaineacht leo nó na spriocghrúpaí is mó
atá i mbaol idirdhealaithe nó eisiaimh, agus aird faoi leith á tabhairt ar
phobail imeallaithe lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na hacmhainní airgeadais
arna n-úsáid; (j)
rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcur chun
feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht an chláir oibríochtúil. 4. Déanfar na tuarascálacha
bliantúla agus agus na tuarascálacha deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt
suas de réir samhlacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis
an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Airteagal 102
Sonraí airgeadais a tharchur 1.
Faoin 31 Eanáir, 30 Aibreán, 31 Iúil
agus 31 Deireadh Fómhair, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo
a leanas a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún chun críocha
faireacháin, le haghaidh gach cláir oibríochtúla agus de réir aise tosaíochta: (a)
costas iomlán agus costas incháilithe poiblí na
n-oibríochtaí agus líon na n-oibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíochta; (b)
costas iomlán agus costas incháilithe poiblí na
gconarthaí nó na gceangaltas dlíthiúil arna ndéanamh ag tairbhithe agus
oibríochtaí atá roghnaithe le haghaidh tacaíochta á gcur chun feidhme; (c)
an caiteachas iomlán incháilithe arna dhearbhú ag
tairbhithe don údarás bainistíochta. 2.
Ina theannta sin, beidh na sonraí thuasluaite, agus
iad miondealaithe de réir catagóire idirghabhála, ar áireamh sa tarchur ar an
31 Eanáir. Measfar go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le sonraí airgeadais
a tharchur, dá dtagraítear in Airteagal 44(2), leis an trasdul sin. 3.
Beidh ag gabháil leis na tarchuir a dhéanfar faoin
31 Eanáir agus faoin 31 Iúil réamh-mheastachán ar an méid a mbeidh sé
beartaithe ag Ballstáit iarratais ar íocaíocht a chur isteach ina leith, le
haghaidh na bliana airgeadais reatha agus na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. 4.
Is é deireadh na míosa roimh an mí ina gcuirtear
isteach na sonraí an spriocdháta le haghaidh na sonraí arna gcur isteach faoin
Airteagal seo. Airteagal 103
Tuarascáil
faoin gComhtháthú Áireofar an méid seo a leanas i dtuarascáil an
Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 175 den Chonradh: (a)
tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta maidir le
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, lena n-áirítear an cás socheacnamaíoch
agus forbairt na réigiún, chomh maith le comhtháthú thosaíochtaí an Aontais; (b)
taifead ar ról na gCistí, an BEI agus na
n-ionstraimí eile, chomh maith leis an tionchar a bhí ag beartais eile an
Aontais agus ag beartais náisiúnta eile, sa dul chun cinn atá déanta. Airteagal 104
Meastóireacht 1.
Déanfaidh an t-údarás bainistíochta plean
meastóireachta a tharraingt suas le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Cuirfear
an plean meastóireachta faoi bhráid an chéad chruinnithe den choiste
faireacháin. I gcás ina gcumhdaíonn coiste faireacháin amháin níos mó ná clár
oibríochta amháin, féadfar na cláir oibríochtúla go léir lena mbaineann a
chuimsiú i bplean meastóireachta. 2.
Faoin 31 Nollaig 2020, cuirfidh na
húdaráis bhainistíochta tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, le haghaidh gach
cláir, agus tabharfar achoimre sa tuarascáil sin ar thorthaí na meastóireachtaí
arna ndéanamh le linn na tréimhse cláraithe, lena n-áirítear meastóireacht ar
phríomhaschur agus ar phríomhthorthaí an chláir. 3.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí ex post
i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis bhainistíochta.
CAIBIDIL II
Faisnéis agus Cumarsáid Airteagal 105
Faisnéis agus poiblíocht 1. Beidh na Ballstáit agus na
húdaráis bhainistíochta freagrach as an méid seo a leanas: (a)
a áirithiú go mbunófar suíomh Gréasáin aonair nó
tairseach suímh Ghréasáin aonair ar a soláthrófar faisnéis agus rochtain ar
gach clár oibríochta sa Bhallstát sin; (b)
tairbhithe féideartha a chur ar an eolas faoi
dheiseanna cistiúcháin faoi chláir oibríochtúla; (c)
ról agus éachtaí an bheartais chomhtháthaithe agus
na gCistí a phoibliú do shaoránaigh an Aontais trí bhíthin gníomhaíochtaí
cumarsáide agus faisnéise maidir le torthaí agus tionchar na gConarthaí
Comhpháirtíochta, na gclár oibríochta agus na n-oibríochtaí. 2. D'fhonn trédhearcacht a
áirithiú sa tacaíocht ó na Cistí coinneoidh Ballstáit liosta oibríochtaí de
réir cláir oibríochtúla agus de réir Ciste, i bhformáid CSV nó XML, a bhféadfaí
rochtain a fháil air tríd an suíomh Gréasáin aonair nó tríd an tairseach suímh
Ghréasáin aonair ar a dtabharfar liosta agus achoimre ar na cláir oibríochtúla
go léir sa Bhallstát sin. Tabharfar an liosta oibríochtaí cothrom le dáta
gach trí mhí ar a laghad. Tá an fhaisnéis íosta atá le tabhairt sa liosta
oibríochtaí leagtha síos in Iarscríbhinn V. 3. Tá rialacha mionsonraithe
maidir leis na bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal agus maidir leis na
bearta faisnéise d’iarratasóirí agus do thairbhithe leagtha síos in
Iarscríbhinn V. 4. Déanfaidh an Coimisiún saintréithe
teicniúla na mbeart faisnéise agus poiblíochta le haghaidh na hoibríochta agus
treoracha maidir leis an bhfeathal a chruthú agus sainiú ar na dathanna
caighdeánacha a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3). Airteagal 106
Straitéis cumarsáide 1. Déanfaidh an t-údarás
bainistíochta straitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh gach cláir
oibríochtúla. Féadfar comhstraitéis cumarsáide a tharraingt suas le haghaidh
roinnt clár oibríochta. Áireofar sa straitéis cumarsáide na gnéithe atá
leagtha amach in Iarscríbhinn V agus nuashonruithe bliantúla ina mbeidh sonraí
na ngníomhaíochtaí faisnéise agus poiblíochta atá beartaithe. 2. Déanfaidh an chéad choiste
faireacháin an straitéis cumarsáide a phlé agus a fhormheas tar éis ghlacadh an
chláir oibríochtúil. Is é an coiste faireacháin freisin a
dhéanfaidh aon leasú ar an straitéis cumarsáide a phlé agus a fhormheas. 3. Cuirfidh an t-údarás
bainistíochta an coiste faireacháin le haghaidh gach cláir oibríochtúla ar an
eolas, uair sa bhliain ar a laghad, faoin dul chun cinn atá déanta maidir le
cur chun feidhme na straitéise cumarsáide agus faoina mheasúnú ar na torthaí. Airteagal 107
Oifigigh faisnéise agus
chumarsáide agus a líonraí 1.
Ainmneoidh gach Ballstát oifigeach faisnéise agus
cumarsáide chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faisnéise agus
cumarsáide maidir le Ciste amháin nó roinnt Cistí agus cuirfidh sé an Coimisiún
ar an eolas dá réir sin. 2.
Beidh an t-oifigeach faisnéise agus cumarsáide ina
chathaoirleach ar chruinnithe de líonra náisiúnta de chumarsáidithe Cistí agus
déanfaidh sé iad a chomhordú, lena n-áirítear cláir ábhartha de chomhar
críochach Eorpach, cruthú agus cothabháil an tsuímh Ghréasáin nó na tairsí
suímh Ghréasáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn V agus an oibleagáid
forbhreathnú a sholáthar ar na bearta cumarsáide arna ndéanamh ar an leibhéal
náisiúnta. 3.
Ainmneoidh gach údarás bainistíochta duine amháin a
bheidh freagrach as faisnéis agus cumarsáid ar leibhéal an chláir oibríochtúil
agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na daoine ainmnithe sin. 4.
Bunóidh an Coimisiún líonraí an Aontais ina mbeidh
na comhaltaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ag na húdaráis bhainistíochta
chun malartú maidir le torthaí chur chun feidhme na straitéisí cumarsáide a
áirithiú, mar aon le malartú taithí a fuarthas agus na bearta faisnéise agus
cumarsáide á gcur chun feidhme, agus malartú dea-chleachtas.
TEIDEAL IV
CÚNAMH TEICNIÚIL Airteagal 108
Cúnamh teicniúil ar
thionscnamh ón gCoimisiún Féadfaidh na Cistí tacú le cúnamh teicniúil go
dtí uasteorainn 0,35 % den leithdháileadh bliantúil a fhaigheann siad faoi
seach. Airteagal 109
Cúnamh teicniúil na mBallstát 1. Féadfaidh gach ceann de na
Cistí oibríochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na
Cistí eile a mhaoiniú. Beidh méid na gCistí arna leithdháileadh ar chúnamh
teicniúil teoranta do 4 % de mhéid iomlán na gCistí arna leithdháileadh ar
chláir oibríochtúla faoi gach catagóir réigiún faoi chuimsiú sprioc na
hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. 2. Is i bhfoirm aise tosaíochta
aonchiste laistigh de chlár oibríochtúil nó i bhfoirm cláir oibríochtúla
shonraigh a bheidh an cúnamh teicniúil. 3. Ní bheidh an leithdháileadh
le haghaidh cúnaimh theicniúil ó Chiste níos mó ná 10 % de leithdháileadh
iomlán an Chiste sin ar chláir oibríochtúla i mBallstát faoi gach catagóir
réigiún faoi chuimsiú sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
TEIDEAL V
TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ Airteagal 110
Rátaí cómhaoinithe a
chinneadh 1. Socrófar an ráta cómhaoinithe
agus uasmhéid na tacaíochta ó Chistí le haghaidh gach aise tosaíochta sa
chinneadh ón gCoimisiún maidir le clár oibríochta a ghlacadh. 2. I gcás gach aise tosaíochta,
leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le
haghaidh na haise tosaíochta i bhfeidhm maidir leo seo a leanas: (a) caiteachas iomlán incháilithe, lena
n-áirítear caiteachas poiblí agus príobháideach; nó (b) caiteachas poiblí incháilithe. 3. Ní bheidh an ráta
cómhaoinithe ar leibhéal gach aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi
sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post níos airde ná: (a)
85 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe; (b)
85 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na
mBallstát a raibh a meán-OTI per capita sa tréimhse 2007 go 2009 níos ísle ná
85 % de mheán an AE-27 le linn na tréimhse céanna agus maidir leis na réigiúin
is forimeallaí; (c)
80 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na
mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) atá incháilithe
le haghaidh chóras idirthréimhseach an Chiste Comhtháthaithe an 1 Eanáir 2014; (d)
75 % maidir le réigiúin bheagfhorbartha na
mBallstát seachas na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe
(c), agus maidir leis na réigiúin uile a raibh a OTI per capita don tréimhse
2007-2013 níos ísle ná 75 % de mheán an AE-25 don tréimhse tagartha ach a
bhfuil a OTI per capita os cionn 75 % de mheán-OTI an AE-27; (e)
60 % maidir le réigiúin trasdula seachas na
réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d); (f)
50 % maidir le réigiúin níos forbartha seachas
na réigiúin sin dá dtagraítear i bpointe (d). Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach
aise tosaíochta de chláir oibríochtúla faoi an chomhair chríochaigh Eorpaigh
níos airde ná 75 %. 4. Ní bheidh an ráta cómhaoinithe don
leithdháileadh breise i gcomhréir le hAirteagal 84(1)(e) níos airde ná 50 %. Beidh an ráta cómhaoinithe céanna i bhfeidhm
maidir leis an leithdháileadh breise faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (CE)
Uimh. [...]/2012 [Rialachán ETC]. 5. Déanfar an t-uasráta
cómhaoinithe faoi mhír 3 ar leibhéal na haise tosaíochta a mhéadú faoi dheich
bpointe céatadáin, i gcás ina ndéantar ais tosaíochta iomlán a sholáthar trí
ionstraimí airgeadais, nó trí fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail. 6. Ní bheidh an ranníocaíocht ó
na Cistí le haghaidh gach aise tosaíochta níos lú ná 20 % den chaiteachas
poiblí incháilithe. 7. Féadfar ais tosaíochta ar
leithligh lena mbaineann ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú faoi
chuimsiú cláir oibríochtúla chun tacú le hoibríochtaí arna gcur chun feidhme
trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar leibhéal an Aontais agus arna
mbainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún. I gcás ina mbunaítear
ais tosaíochta ar leithligh chun na críche sin, ní féidir an tacaíocht faoin
ais sin a chur chun feidhme ar aon bhealach eile. Airteagal 111
Modhnú na rátaí cómhaoinithe Féadfar an ráta
cómhaoinithe ó na Cistí chuig ais tosaíochta a mhodhnú chun an méid seo a
leanas a chur san áireamh: (1)
tábhacht na haise tosaíochta chun straitéis an
Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur i gcrích,
ag féachaint do na bearnaí sonracha is gá aghaidh a thabhairt orthu; (2)
cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, go háirithe
trí phrionsabal an réamhchúraim, trí phrionsabal na gníomhaíochta coiscthí agus
tríd an bprionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ a chur i bhfeidhm; (3)
ráta úsáidte an mhaoinithe phríobháidigh; (4)
cuimsiú limistéar ag a bhfuil míbhuntáistí móra
buana nádúrtha nó déimeagrafacha arna sainiú mar seo a leanas: (a)
Ballstáit oileánacha atá incháilithe faoin gCiste
Comhtháthaithe, agus oileáin eile seachas na cinn sin ar a bhfuil
príomhchathair an Bhallstáit suite nó a bhfuil nasc ceangailte acu leis an
mórthír; (b)
limistéir shléibhteacha de réir mar a shainítear i
reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit; (c)
limistéir faoi líon beag daoine (níos lú ná 50
cónaitheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh) agus limistéir faoi líon
fíorbheag daoine (níos lú ná 8 cónaitheoirí in aghaidh an chiliméadair
chearnaigh).
TEIDEAL VI
BAINISTÍOCHT AGUS RIALÚ CAIBIDIL I
Córais bhainistíochta agus rialaithe Airteagal 112
Freagrachtaí na mBallstát 1. Áiritheoidh na Ballstáit go
ndéanfar córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh na gclár oibríochta a
bhunú i gcomhréir le hAirteagal 62 agus Airteagal 63. 2. Déanfaidh na Ballstáit
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus gnóthóidh siad méideanna
a íocadh go míchuí, mar aon le hús ar bith ar íocaíochtaí déanacha. Tabharfaidh
siad fógra don Choimisiún faoi na neamhrialtachtaí sin agus coimeádfaidh siad
an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le himeachtaí
riaracháin agus dlíthiúla lena mbaineann. Nuair nach féidir méideanna a íocadh go míchuí le
tairbhí a ghnóthú mar thoradh ar locht nó faillí ar thaobh an Bhallstáit, beidh
an Ballstát freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad
ginearálta an Aontais. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos na
rialacha mionsonraithe maidir le hoibleagáidí na mBallstát atá sonraithe sa
mhír seo. 3. Áiritheoidh na Ballstáit gur
féidir gach malartú faisnéise idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta,
údaráis deimhniúcháin, údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha a
chur i gcrích trí chóras malartaithe leictreonaigh sonraí agus sin amháin tráth
nach déanaí ná 31 Nollaig 2014. Éascóidh na córais idir-inoibritheacht le creataí
náisiúnta agus creataí an Aontais agus fágfaidh siad nach mbeidh ar na
tairbhithe an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach
ach uair amháin. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha
cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir leis na malartuithe faisnéise
faoin mír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 143(3).
CAIBIDIL II
Údaráis bhainistíochta agus rialaithe Airteagal 113
Údaráis a ainmniú 1. Déanfaidh an Ballstát, údarás poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta,
réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar údarás bainistíochta le haghaidh gach cláir
oibríochtúla. Féadfar an t-údarás
poiblí nó comhlacht poiblí céanna a ainmniú mar údarás bainistíochta le
haghaidh níos mó ná clár oibríochta amháin. 2. Déanfaidh an Ballstát údarás
poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a ainmniú mar
údarás deimhniúcháin le haghaidh gach cláir oibríochtúla, gan dochar do mhír 3.
Féadfar an t-údarás deimhniúcháin céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár
oibríochta amháin. 3. Féadfaidh an Ballstát údarás
bainistíochta a chuireann feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin i gcrích freisin
a ainmniú le haghaidh cláir oibríochtúla. 4. Déanfaidh an Ballstát, údarás
poiblí nó comhlacht poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, atá neamhspleách ó
thaobh feidhme ar an údarás bainistíochta agus ar an údarás deimhniúcháin, a
ainmniú mar údarás iniúchóireachta le haghaidh gach cláir oibríochtúla. Féadfar
an t-údarás iniúchóireachta céanna a ainmniú le haghaidh níos mó ná clár
oibríochta amháin. 5. Maidir
le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, féadfaidh an t-údarás
bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin, nuair is infheidhme, agus an t-údarás
iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás nó den comhlacht poiblí céanna,
ar an gcoinníoll go n-urramaítear prionsabal na deighilte feidhmeanna. Mar sin
féin, i gcás na gclár oibríochta sin a bhfuil méid iomlán na tacaíochta ó na
Cistí ina leith níos airde ná EUR 250 000 000, ní fhéadfaidh an
t-údarás iniúchóireachta a bheith mar chuid den údarás poiblí nó den comhlacht
poiblí céanna leis an údarás bainistíochta. 6. Féadfaidh an Ballstát
comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a ainmniú chun cúraimí áirithe de
chuid an údaráis bainistíochta agus de chuid an údaráis deimhniúcháin a
dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis sin. Déanfar na socruithe ábhartha idir an
t-údarás bainistíochta nó an t-údarás deimhniúcháin agus na comhlachtaí
idirmheánacha a thaifeadadh go foirmiúil i scríbhinn. 7. Féadfaidh an Ballstát nó an
t-údarás bainistíochta an bhainistíocht ar chuid de chlár oibríochtúil a chur
ar iontaoibh comhlachta idirmheánaigh trí chomhaontú i scríbhinn idir an
comhlacht idirmheánach agus an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta (‘deontas
foriomlán’). Soláthróidh an comhlacht idirmheánach ráthaíochtaí maidir lena
shócmhainneacht agus lena inniúlacht sa réimse lena mbaineann, agus maidir lena
bhainistíocht riaracháin agus airgeadais. 8. Leagfaidh
an Ballstát amach i scríbhinn na rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an
Ballstát sin agus na húdaráis bhainistíochta, na húdaráis deimhniúcháin agus na
húdaráis iniúchóireachta, an caidreamh idir na húdaráis sin, agus caidreamh na
n-údarás sin leis an gCoimisiún. Airteagal 114
Feidhmeanna an údaráis bainistíochta
1. Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as an gclár oibríochta a
bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. 2. Maidir le bainistiú cláir an
chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas: (a)
tacóidh sé le hobair an choiste faireacháin agus
cuirfidh sé an fhaisnéis atá de dhíth air chun a chúraimí a chomhlíonadh ar
fáil dó, go háirithe sonraí a bhaineann le dul chun cinn an chláir oibríochtúil
maidir lena chuspóirí a ghnóthú, sonraí airgeadais agus sonraí a bhaineann le
táscairí agus garspriocanna; (b)
tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha deiridh
ar chur chun feidhme a tharraingt suas agus iad a chur faoi bhráid an
Choimisiúin i ndiaidh don choiste faireacháin iad a fhormheas, (c)
faisnéis a chur ar fáil do chomhlachtaí
idirmheánacha agus do thairbhithe, ar faisnéis í a bhaineann le comhlíonadh a
gcúraimí agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí faoi seach; (d)
córas a bhunú chun sonraí maidir le gach oibríocht
is gá chun faireachán, meastóireacht, bainistíocht airgeadais, fíorú agus
iniúchadh a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí maidir le rannpháirtithe aonair in
oibríochtaí, nuair is infheidhme, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm
ríomhairithe; (e)
a áirithiú go ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe
(d) a bhailiú, a iontráil agus a stóráil sa chóras, agus go ndéanfar sonraí
maidir le táscairí a mhiondealú de réir inscne i gcás ina gceanglaítear sin in
Iarscríbhinn I de Rialachán CSE. 3. Maidir le hoibríochtaí a
roghnú, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid seo a leanas: (a)
nósanna imeachta agus critéir iomchuí roghnúcháin a
tharraingt suas agus a chur i bhfeidhm a luaithe a fhormheasfar iad, agus beidh
na nósanna imeachta agus na critéir sin: (i) neamh-idirdhealaitheach agus
trédhearcach; (ii) cuirfidh siad na prionsabail
ghinearálta atá leagtha amach in Airteagal 7 agus Airteagal 8 san áireamh;
(b)
a áirithiú go dtiocfaidh oibríocht a roghnófar faoi
raon feidhme an Chiste nó na gCistí lena mbaineann agus go mbeidh sí laistigh
de chatagóir idirghabhála arna sainaithint in ais nó in aiseanna tosaíochta an
chláir oibríochtúil; (c)
doiciméad a sholáthar don tairbhí ina leagtar amach
na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta, lena n-áirítear na ceanglais
shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le soláthar faoin
oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama dá bhfeidhmiú; (d)
a dheimhniú dó féin go bhfuil na hacmhainní
riaracháin, airgeadais agus oibriúcháin ag an tairbhí d’fhonn na coinníollacha
atá sainithe i bpointe (c) a chomhlíonadh sula bhformheasfar an oibríocht; (e)
a dheimhniú dó féin, i gcás inar thosaigh an
oibríocht sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis
bainistíochta, gur comhlíonadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta a
bhaineann leis an oibríocht; (f)
a áirithiú nach bhfaigheann an t-iarratasóir
tacaíocht ó na Cistí i gás ina raibh sé, nó inar cheart é a bheith, faoi réir
nós imeachta um ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 61 i ndiaidh
gníomhaíocht táirgthe laistigh den Aontas a athlonnú; (g)
na catagóirí idirghabhála a bhfuil caiteachas
oibríochta le cur ina leith a chinneadh. 4. Maidir le bainistiú
airgeadais agus rialú an chláir oibríochtúil, déanfaidh an t-údarás
bainistíochta an méid seo a leanas: (a)
a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí
cómhaoinithe agus go bhfuil an caiteachas a dhearbhaigh na tairbhithe íoctha
acu agus go gcomhlíonann sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme,
an clár oibríochta agus coinníollacha tacaíochta na hoibríochta; (b)
a áirithiú go ndéanfaidh na tairbhithe a bhfuil
baint acu le cur chun feidhme na n-oibríochtaí a aisíoctar ar bhonn na gcostas
incháilithe arna dtabhú iarbhír córas cuntasaíochta ar leith nó cód
cuntasaíochta leormhaith a choimeád le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann le
hoibríocht; (c)
bearta frithchalaoise éifeachtacha agus
comhréireacha a chur i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh; (d)
nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú go ndéanfar
gach doiciméad a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis na hiniúchtaí a
theastaíonn chun rian iniúchóireachta leormhaith a áirithiú a shealbhú i
gcomhréir le ceanglais Airteagal 62(g); (e)
an dearbhú urrúis bhainistíochta maidir le feidhmiú
an chórais bhainistíochta agus rialaithe, le dlíthiúlacht agus rialtacht na
n-idirbheart bunúsach agus le hurramú phrionsabal na bainistíochta fónta
airgeadais a tharraingt suas, mar aon le tuarascáil ina leagtar amach torthaí
na rialuithe bainistíochta a cuireadh i gcrích, laigí ar bith a sainaithníodh
sa chóras bainistíochta agus rialaithe agus beart ceartaitheach ar bith a
rinneadh. 5. Déanfar na nósanna imeachta
seo a leanas a áireamh i bhfíoruithe de bhun mhír 4(a): (a)
fíoruithe riaracháin maidir le gach iarratas ar
aisíocaíocht ag tairbhithe; (b)
fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí. Beidh minicíocht agus cuimsiú na bhfíoruithe ar an
láthair comhréireach le méid na tacaíochta poiblí a thugtar d’oibríocht agus
leis an leibhéal riosca a aithneofar sna fíoruithe sin agus in iniúchtaí arna
ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta le haghaidh an chórais bhainistíochta
agus rialaithe ina iomláine. 6. Féadfar fíoruithe ar an
láthair ar oibríochtaí aonair de bhun mhír (5)(b) a dhéanamh ar bhonn samplach. 7. I gcás ina bhfuil an t-údarás
bainistíochta ina thairbhí faoin gclár oibriúcháin freisin, déanfar deighilt
leormhaith feidhmeanna a áirithiú sna socruithe le haghaidh na bhfíoruithe dá
dtagraítear i mír 4(a). 8. Glacfaidh an Coimisiún
gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
na rialacha mionsonraithe maidir le malartú faisnéise i mír 2(d). 9. Glacfaidh an Coimisiún
gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 142, lena leagfar síos
na rialacha maidir le socruithe don rian iniúchóireachta dá dtagraítear i mír
4(d). 10. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an tsamhail don dearbhú bainistíochta dá
dtagraítear i mír 4(e). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir
leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Airteagal 115
Feidhmeanna an údaráis
deimhniúcháin Beidh údarás deimhniúcháin an chláir
oibríochtúil freagrach go sonrach as: (a)
iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a
chur faoi bhráid an Choimisiúin agus a dheimhniú gur tháinig na torthaí sin as
córais chuntasaíochta iontaofa, go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid
tacaíochta infhíoraithe agus go raibh siad faoi réir fíoruithe ag an údarás
bainistíochta; (b)
na cuntais bhliantúla a tharraingt suas; (c)
iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas
bliantúil a dheimhniú agus a dheimhniú go gcomhlíonann an caiteachas a
iontráladh sna cuntais rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta is
infheidhme agus gur tabhaíodh é i leith na n-oibríochtaí a roghnaíodh lena
gcistiú i gcomhréir leis na critéir a bhfuil feidhm acu maidir leis an gclár
oibríochta agus a chomhlíonann rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta; (d)
a áirithiú go bhfuil córas ann a dhéanann taifid
chuntasaíochta le haghaidh gach oibríochta a thaifead agus a stóráil, i bhfoirm
ríomhairithe, agus a thacaíonn leis na sonraí uile a theastaíonn chun iarratais
ar íocaíocht agus cuntais bhliantúla a tharraingt suas, lena n-áirítear taifid
ar mhéideanna inghnóthaithe, ar mhéideanna a gnóthaíodh agus ar mhéideanna a
aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh oibríochta nó
cláir oibríochtúla nó cuid di a chealú; (e)
a áirithiú ar mhaithe le hiarratais ar íocaíocht a
tharraingt suas agus a chur isteach go bhfuil faisnéis leormhaith faighte aige
ón údarás bainistíochta maidir leis na nósanna imeachta agus na fíoruithe a
cuireadh i gcrích i dtaca leis an gcaiteachas; (f)
a chur san áireamh, agus iarratais ar íocaíocht á
dtarraingt suas agus á gcur isteach, torthaí na n-iniúchtaí uile a rinne an
t-údarás iniúchóireachta nó a rinneadh faoina fhreagracht; (g)
taifid chuntasaíochta a choimeád i bhfoirm
ríomhairithe maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis
an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe; (h)
cuntas a choimeád ar mhéideanna inghnóthaithe agus
ar mhéideanna a aistarraingíodh i ndiaidh na ranníocaíochta uile le haghaidh
oibríochta nó cuid di a chealú. Déanfar méideanna a gnóthaíodh a aisíoc le
buiséad ginearálta an Aontais sula ndúnfar an clár oibríochta trí iad a
asbhaint ón gcéad ráiteas caiteachais eile. Airteagal 116
Feidhmeanna an údaráis
iniúchóireachta 1. Áiritheoidh an t-údarás iniúchóireachta go ndéanfar iniúchtaí ar na
córais bhainistíochta agus rialaithe, ar shampla iomchuí oibríochtaí agus ar na
cuntais bhliantúla. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 142, chun na coinníollacha
a chomhlíonfaidh na hiniúchtaí sin a leagan amach. 2. I gcás ina ndéanfaidh
comhlacht seachas an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí, áiritheoidh an
t-údarás iniúchóireachta go mbeidh an neamhspleáchas ó thaobh feidhme is gá ag
an gcomhlacht sin. 3. Áiritheoidh
an t-údarás iniúchóireachta go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil
glacadh leo go hidirnáisiúnta san áireamh san obair iniúchóireachta. 4. Ullmhóidh an t-údarás iniúchóireachta, laistigh de shé mhí ón tráth a
nglacfar clár oibríochta, straitéis iniúchóireachta chun iniúchtaí a dhéanamh. Leagfar síos sa straitéis iniúchóireachta, an
mhodheolaíocht iniúchóireachta, an modh samplála maidir le hiniúchtaí ar
oibríochtaí agus pleanáil na n-iniúchtaí maidir leis an mbliain chuntasaíochta
reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déanfar an straitéis
iniúchóireachta a nuashonrú gach bliain idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san
áireamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras bainistíochta agus rialaithe
maidir le níos mó ná clár oibríochta amháin, féadfar straitéis iniúchóireachta
amháin a ullmhú le haghaidh na gclár oibríochta lena mbaineann. Cuirfidh an
t-údarás iniúchóireachta an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an
Choimisiúin arna iarraidh sin dó. 5. Tarraingeoidh
an t-údarás iniúchóireachta suas na nithe seo a leanas: (i) tuairim iniúchóra ar na cuntais bhliantúla don bhliain chuntasaíochta
roimhe sin, a mbeidh iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil,
feidhmiú an chórais bhainistíochta agus rialaithe agus dlíthiúlacht agus
rialtacht na n-idirbheart bunúsach faoina raon feidhme; (ii) tuarascáil bhliantúil ar rialú ina
leagtar amach torthaí na n-iniúchtaí a rinneadh le linn na bliana cuntasaíochta
roimhe sin. Leagfar amach faoi phointe (ii) sa tuarascáil
easnaimh ar bith sa chóras bainistíochta agus rialaithe agus bearta
ceartaitheacha ar bith a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh. I gcás ina bhfuil feidhm ag comhchóras
bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár oibríochta amháin, féadfar
an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (ii) a ghrúpáil i dtuarascáil amháin. 6. Déanfaidh an Coimisiún
samhlacha maidir leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóra
agus leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú, mar aon leis an modheolaíocht don
mhodh samplála dá dtagraítear i mír 4, a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur
chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 143(3). 7. Déanfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme maidir le húsáid
sonraí arna mbailiú ag oifigigh an Choimisiúin nó ag ionadaithe údaraithe thar
ceann an Choimisiúin le linn na n-iniúchtaí sin a ghlacadh i gcomhréir leis an
nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 143(3). CAIBIDIL III
Creidiúnú Airteagal 117
An t-údarás bainistíochta
agus an t-údarás deimhniúcháin a chreidiúnú agus a gcreidiúnú a tharraingt siar 1. Glacfaidh an comhlacht
creidiúnúcháin cinneadh foirmiúil maidir leis na húdaráis bhainistíochta agus
na húdaráis deimhniúcháin sin a chomhlíonann na critéir chreidiúnúcháin arna
mbunú ag an gCoimisiún trí gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le
hAirteagal 142 a chreidiúnú. 2. Beidh an cinneadh foirmiúil
dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar thuarascáil agus ar thuairim ó chomhlacht
neamhspleách iniúchóireachta a dhéanann measúnú ar an gcóras bainistíochta agus
rialaithe, lena n-áirítear ról na gcomhlachtaí idirmheánacha ann, agus ar an
gcaoi ina gcomhlíonann sé Airteagal 62, Airteagal 63, Airteagal 114 agus
Airteagal 115. Cuirfidh an comhlacht creidiúnúcháin san áireamh an bhfuil na
córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an chláir oibríochtúil cosúil
leis na cinn sin a bhí i bhfeidhm don tréimhse chláraithe roimhe sin, mar aon
le fianaise ar bith maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras sin. 3. Cuirfidh an Ballstát an
cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin laistigh
de shé mhí ón gcinneadh lena nglactar an clár oibríochta a ghlacadh. 4. I gcás ina bhfuil méid iomlán
na tacaíochta ó na Cistí do chlár oibríochtúil níos mó ná
EUR 250 000 000, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar
éis dó an cinneadh foirmiúil dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an tuarascáil agus
an tuairim ón gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta agus an tuairisc ar an
gcóras bainistíochta agus rialaithe a iarraidh. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt
laistigh de dhá mhí tar éis dó na doiciméid sin a fháil. Nuair a bheidh an Coimisiún ag cinneadh na
doiciméid sin a iarraidh, cuirfidh sé san áireamh an bhfuil nó nach bhfuil na
córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh an chláir oibríochtúil cosúil
leis na cinn sin a bhí i bhfeidhm don tréimhse chláraithe roimhe sin, an
gcuireann nó nach gcuireann an t-údarás bainistíochta feidhmeanna an údaráis
deimhniúcháin i gcrích freisin, mar aon le fianaise ar bith maidir le feidhmiú
éifeachtach na gcóras sin. Airteagal 118
Comhar le húdaráis
iniúchóireachta 1. Comhoibreoidh an Coimisiún le
húdaráis iniúchóireachta d’fhonn a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a
chomhordú agus déanfaidh sé torthaí na n-iniúchtaí arna ndéanamh ar chórais
bhainistíochta agus rialaithe a mhalartú láithreach. 2. D’fhonn an comhar seo a éascú i gcásanna ina n-ainmníonn Ballstát níos
mó ná údarás iniúchóireachta amháin, féadfaidh an Ballstát comhlacht
comhordúcháin a ainmniú. 3. Tiocfaidh an Coimisiún, na
húdaráis iniúchóireachta agus aon chomhlacht comhordúcháin atá ann le chéile ar
bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontaítear a
mhalairt, d’fhonn an tuarascáil bhliantúil ar rialú, an tuairim iniúchóra agus
an straitéis iniúchóireachta a scrúdú, agus d’fhonn tuairimí a mhalartú maidir
le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistíochta agus
rialaithe.
TEIDEAL VII
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, IMRÉITEACH CUNTAS AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS CAIBIDIL I
Bainistíocht airgeadais Airteagal 119
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí Áiritheoidh an Ballstát go mbeidh méid na
tacaíochta poiblí a íocfar le tairbhithe, tráth a ndúntar an clár oibríochta ar
a dhéanaí, cothrom leis an ranníocaíocht ó na Cistí, ar a laghad, a d’íoc an
Coimisiún leis an Ballstát. Airteagal 120
Comhrialacha maidir le
híocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid bhliantúil agus an
iarmhéid deiridh a ríomh 1. Aisíocfaidh an Coimisiún mar
íocaíochtaí eatramhacha 90% den mhéid a thig ón ráta cómhaoinithe le haghaidh
gach aise tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh lena nglactar an clár
oibríochta a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe le haghaidh
na haise tosaíochta atá ar áireamh san iarratas ar íocaíocht. Cinnfidh sé an
t-iarmhéid bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 130(1). 2. Ní bheidh an ranníocaíocht ó
na Cistí le hais tosaíochta, trí bhíthin na n-íocaíochtaí eatramhacha agus
íocaíocht an iarmhéid bhliantúil agus íocaíocht an iarmhéid deiridh, níos airde
ná: (a)
an tacaíocht phoiblí arna sonrú san iarratas ar
íocaíocht le haghaidh na haise tosaíochta;agus (b)
an ranníocaíocht ó na Cistí le haghaidh na haise
tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiúin lena bhformheastar an
clár oibríochta. 3. D'ainneoin Airteagal 22, ní
bheidh tacaíocht an Aontais trí bhíthin na n-íocaíochtaí eatramhacha agus
íocaíochtaí an iarmhéid deiridh níos airde ná an tacaíocht phoiblí agus
uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí maidir le gach ais tosaíochta mar atá leagtha
síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochta. Airteagal 121
Iarratais ar íocaíocht 1. Áireofar sna hiarratais ar
íocaíocht, maidir le gach ais tosaíochta: (a)
méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna íoc ag
tairbhithe agus iad ag cur oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i
gcuntais an údaráis deimhniúcháin; (b)
méid iomlán na tacaíochta poiblí a tabhaíodh ag cur
oibríochtaí chun feidhme, mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis
deimhniúcháin; (c)
méid iomlán na tacaíochta poiblí incháilithe
comhfhreagraí a íocadh leis an tairbhí, mar a iontráladh é i gcuntais an
údaráis deimhniúcháin. 2. An caiteachas a áireofar in
iarratais ar íocaíocht, cuirfear sonraisc admhaithe nó doiciméid chuntasaíochta
a bhfuil luach cruthúnais atá coibhéiseach leis na sonraisc acu leis mar
thacaíocht, cé is moite de chineálacha tacaíochta faoi Airteagal 57(1),
(b), (c) agus (d), Airteagal 58, Airteagal 59(1) agus Airteagal 93 agus faoi Airteagal 14
de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 ó Рharlaimint na hЕorpa
agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 [CSE]. I gcás cineálacha tacaíochta den
sórt sin, is ionann na méideanna a áireofar san iarratas ar íocaíocht agus na
costais arna n-aisíoc leis an tairbhí ag an údarás bainistíochta. 3. Déanfaidh an Coimisiún an
tsamhail maidir le hiarratais ar íocaíocht a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun
feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós
imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 143(2). Airteagal 122
Íocaíocht le tairbhithe Áiritheoidh údaráis bhainistíochta go
bhfaighidh na tairbhithe méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe is féidir
agus go hiomlán agus ar aon chuma roimh an gcaiteachas comhfhreagrach a áireamh
san iarratas ar íocaíocht. Ní dhéanfar méid ar bith a asbhaint ná a choinneáil
siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear ar bith comhéifeachta a
laghdódh na méideanna sin le haghaidh na dtairbhithe. Airteagal 123
Úsáid an euro 1. Déanfaidh Ballstáit nach
bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra ar dháta iarratais ar íocaíocht na
méideanna caiteachais a tabhaíodh san airgeadra náisiúnta a chomhshó in euro.
Déanfar an méid a chomhshó in euro de réir ráta malartaithe cuntasaíochta
míosúil an Choimisiúin an mhí inar cláraíodh an caiteachas i gcuntais údarás
bainistíochta an chláir oibríochtúil lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an
ráta sin a fhoilsiú go leictreonach gach mí. 2. Nuair a thiocfaidh an euro
chun bheith mar airgeadra an Bhallstáit, beidh feidhm fós ag an nós imeachta
comhshó atá leagtha amach i mír 1 maidir leis an gcaiteachas uile atá taifeadta
sna cuntais ag an údarás bainistíochta roimh dháta theacht i bhfeidhm an ráta
seasta comhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro. Airteagal 124
Réamh-mhaoiniú a íoc 1. Déanfar an méid
réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc i dtráthchodanna mar a leanas: (a) in 2014: 2 % de mhéid na tacaíochta ó na
Cistí feadh na tréimhse cláraithe iomláine leis an gclár oibríochta; (b) in 2015: 1 % de mhéid na tacaíochta
ó na Cistí feadh na tréimhse cláraithe iomláine leis an gclár oibríochta; (c) in 2016: 1 % de mhéid na tacaíochta
ó na Cistí feadh na tréimhse cláraithe iomláine leis an gclár oibríochta. I gcás ina nglactar clár oibríochta in 2015 nó
níos déanaí, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é. 2. Déanfar an méid
réamh-mhaoinithe bliantúil a íoc roimh an 1 Iúil sna blianta ó 2016 go 2022. In
2016, is 2 % de mhéid na tacaíochta ó na Cistí feadh na tréimhse cláraithe
iomláine leis an gclár oibríochta a íocfar. Sna blianta idir 2017 agus 2022,
2,5% de mhéid na tacaíochta ó na Cistí feadh na tréimhse cláraithe iomláine
leis an gclár oibríochta a íocfar. Airteagal 125
Réamh-mhaoiniú a imréiteach Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú
tosaigh a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin i gcomhréir le
hAirteagal 130. Airteagal 126
Spriocdhátaí chun iarratais
ar íocaíochtaí eatramhacha a chur isteach agus chun iad a íoc 1. Déanfaidh an t-údarás
deimhniúcháin iarratas ar íocaíocht eatramhach ina gcuimsítear méideanna arna
n-iontráil ina chuntais mar thacaíocht phoiblí arna híoc le tairbhithe sa
bhliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh a chur isteach ar bhonn
rialta. 2. Déanfaidh an t-údarás
deimhniúcháin an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chur isteach
faoin 31 Meitheamh i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta roimhe sin
agus, ar chuma ar bith, roimh an gcéad iarratas ar íocaíocht eatramhach don
bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin. 3. Ní dhéanfar an chéad iarratas
ar íocaíocht eatramhach sula mbeidh an gníomh foirmiúil lena gcreidiúnaítear an
t-údarás bainistíochta faighte ag an gCoimisiún. 4. Ní dhéanfar íocaíochtaí
eatramhacha le haghaidh cláir oibríochtúla i gcás nach mbeidh tuarascáil
bhliantúil ar chur chun feidhme curtha chuig an gCoimisiún i gcomhréir le
hAirteagal 101. 5. Faoi réir an chistithe a
bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht eatramhach tráth nach
déanaí ná 60 lá i ndiaidh an dáta ar a ndéanfar iarratas ar íocaíocht a chlárú
leis an gCoimisiún. Airteagal 127
Saoradh 1. Déanfaidh an Coimisiún aon
chuid den mhéid a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír i gclár oibríochta
agus nár úsáideadh chun an réamh-mhaoiniú tosaigh agus bliantúil a íoc nó chun
íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht an iarmhéid bhliantúil a dhéanamh faoin
31 Nollaig den dara bliain airgeadais tar éis bhliain an cheangaltais
bhuiséadaigh faoin gclár oibríochta nach ndearnadh iarratas ar íocaíocht ina
leith i gcomhréir le hAirteagal 126(1). Chun críocha an tsaortha, déanfaidh an Coimisiún
an méid a ríomh tríd an séú cuid den cheangaltas buiséadach bliantúil a
bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2014 a shuimiú le gach ceann de na
ceangaltais bhuiséadacha do na blianta 2015 go 2020. 2. De mhaolú ar an gcéad fhomhír
de mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocamanna maidir le saoradh i leith an
cheangaltais bhuiséadaigh bhliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht
bhliantúil iomlán don bhliain 2014. 3. I gcás ina bhfuil baint ag an
gcéad cheangaltas buiséadach bliantúil le ranníocaíocht bhliantúil iomlán 2015,
de mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag na spriocamanna maidir le saoradh i
leith an cheangaltais bhuiséadaigh bhliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht
bhliantúil iomlán don bhliain 2015. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún an
méid a ríomh faoin gcéad fhomhír de mhír 1 tríd an gcúigiú cuid de na
ceangaltais bhuiséadacha bhliantúla a bhaineann le ranníocaíocht bhliantúil
iomlán 2015 a shimiú le gach ceann de na ceangaltais bhuiséadacha do na blianta
2016 go 2020. 4. Saorfar an chuid sin de na
ceangaltais a bheidh fós oscailte ar an 31 Nollaig 2022 mura bhfuil
ceann ar bith de na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 107(1) curtha
faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2023. CAIBIDIL II
Imréiteach cuntas agus dúnadh Roinn I
Imréiteach cuntas Airteagal 128
Ábhar na gcuntas bliantúil 1. Cumhdófar an bhliain
chuntasaíochta sna cuntais bhliantúla dheimhnithe le haghaidh gach cláir
oibríochtúla agus beidh an méid seo a leanas ar áireamh iontu ar leibhéal gach
aise tosaíochta: (a)
méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna
iontráil i gcuntais an údaráis deimhniúcháin mar mhéid a d’íoc tairbhithe agus
na hoibríochtaí á gcur chun feidhme acu agus an tacaíocht phoiblí incháilithe
chomhfhreagrach a íocadh agus méid iomlán na tacaíochta poiblí a tabhaíodh ag
cur oibríochtaí chun feidhme; (b)
na méideanna atá aistarraingthe agus gnóthaithe le
linn na bliana cuntasaíochta, na méideanna atá le gnóthú amhail ag deireadh na
bliana cuntasaíochta, na méideanna a gnóthaíodh de bhun Airteagal 61, agus na
méideanna neamh-inghnóthaithe; (c)
le haghaidh gach aise tosaíochta, liosta de na
hoibríochtaí a tugadh chun críche le linn na bliana cuntasaíochta agus a fuair
tacaíocht ón CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe; (d)
le haghaidh gach aise tosaíochta, réiteach idir an
caiteachas atá sonraithe de bhun phointe (a) agus an caiteachas ata dearbhaithe
maidir leis an mbliain chéanna chuntasaíochta in iarratais ar íocaíocht, agus
beidh míniú faoi dhifríochtaí ar bith ag gabháil leis; 2. Féadfaidh an t-údarás
deimhniúcháin foráil a shonrú, de réir aise tosaíochta sna cuntais, nach
rachaidh thar 5 % den chaiteachas iomlán sna hiarratais ar íocaíocht arna
dtíolacadh do bhliain chuntasaíochta ar leith, i gcás ina bhfuil measúnú ar
dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoi réir nós imeachta leanúnaigh
leis an údarás iniúchóireachta. Ní chuirfear an méid atá cumhdaithe ar áireamh
i méid iomlán an chaiteachais incháilithe dá dtagraítear i mír 1(a). Cuirfear,
nó ní chuirfear, na méideanna sin san áireamh go cinntitheach i gcuntais
bhliantúla na bliana dar gcionn. Airteagal 129
Faisnéis a chur isteach Idir 2016 agus 2022, an bhliain sin san
áireamh, cuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 75(1)
isteach maidir le gach bliain ar leith. Airteagal 130
Imréiteach bliantúil cuntas 1. Ar mhaithe leis an méid is
inmhuirir i leith na gCistí do bhliain chuntasaíochta ar leith a ríomh,
cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh: (a) méid iomlán an chaiteachais arna iontráil
sna cuntais dá dtagraítear in Airteagal 128(1)(a), a gcuirfear an ráta
cómhaoinithe seo a leanas i bhfeidhm maidir leis le haghaidh gach aise
tosaíochta; (b) líon iomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh
ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta, agus arb é atá iontu: (i) méid na n-íocaíochtaí eatramhacha arna
n-íoc ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 120(1) agus Airteagal 22;
agus (ii) méid an réamh-mhaoinithe bhliantúil
arna íoc faoi Airteagal 124(2). 2. An t-iarmhéid bliantúil atá,
mar thoradh ar imréiteach na gcuntas, inghnóthaithe ó Bhallstát, beidh sé faoi
réir ordaithe ghnóthaithe ón gCoimisiún. An t-iarmhéid bliantúil atá iníoctha
leis an mBallstát, suimeofar é leis an gcéad íocaíocht eatramhach eile arna
déanamh ag an gCoimisiún i ndiaidh na cuntais a imréiteach. 3. Mura bhfuil sé ar chumas an
Choimisiúin, ar chúiseanna atá inchurtha i leith Ballstáit, na cuntais a
imréiteach faoin 30 Aibreán den bhliain i ndiaidh dheireadh na bliana
cuntasaíochta, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát faoi na
gníomhaíochtaí ar gá don údarás bainistíochta nó don údarás iniúchóireachta
tabhairt fúthu, nó faoi na fiosrúcháin bhreise a bhfuil sé beartaithe ag an
gCoimisiún tabhairt fúthu de bhun Airteagal 65(2) agus (3). 4. Íocfaidh an Coimisiún an
t-iarmhéid bliantúil bunaithe ar an gcaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais,
glan ar aon fhoráil a rinneadh maidir le caiteachas a dearbhaíodh don
Choimisiún atá faoi réir nós imeachta sáraíochta leis an údarás
iniúchóireachta. Airteagal 131
Dúnadh rollach 1. I gcás an CFRE agus an Chiste
Comhtháthaithe, déanfar liosta de na hoibríochtaí a lánchríochnaíodh le linn na
bliana cuntasaíochta a áireamh sna cuntais bhliantúla le haghaidh gach cláir
oibríochtúla ar leibhéal gach aise tosaíochta. Measfar gur caiteachas dúnta é
an caiteachas a bhaineann leis na hoibríochtaí sin atá ar áireamh sna cuntais
atá faoi réir an chinnidh maidir le himréiteach. 2. I gcás an CSE, measfar gur
caiteachas dúnta é an caiteachas atá ar áireamh sna cuntais atá faoi réir
cinnidh maidir le himréiteach. Airteagal 132
Infhaighteacht doiciméad 1. Gan dochar do na rialacha
lena rialaítear Státchabhair, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go mbeidh
gach doiciméad tacaíochta maidir le hoibríochtaí ar fáil don Choimisiún agus do
Chúirt Iniúchóirí na hEorpa arna iarraidh sin dóibh ar feadh tréimhse trí
bliana. Mairfidh an tréimhse trí bliana sin ón 31 Nollaig den bhliain ina
ndéanfar cinneadh maidir le himréiteach cuntas de bhun Airteagal 130 nó,
ar a dhéanaí, ón dáta a n-íocfar an t-iarmhéid deiridh. Brisfear an tréimhse trí bliana sin i gcás
imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó ar iarratas cuí-réasúnaithe ón gCoimisiún. 2. Coimeádfar na doiciméid i
bhfoirm na mbunchóipeanna, nó i bhfoirm cóipeanna dílse deimhnithe de na
bunchóipeanna, nó ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo, lena
n-áirítear leaganacha leictreonacha de na bundoiciméid nó de dhoiciméid nach
bhfuil le fáil acu i bhfoirm leictreonach. 3. Coimeádfar na doiciméid sin i
bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a aithint ach ar
feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dar bailíodh na
sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu. 4. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 142
chun na hiompróirí sonraí a mheasfar gur iompróirí sonraí iad a nglactar go
coitianta leo a leagan síos. 5. Déanfaidh na húdaráis
náisiúnta an nós imeachta a leagan síos lena ndeimhnítear go bhfuil doiciméid
atá á gcoimeád ar iompróirí sonraí a nglactar go coitianta leo i gcomhréir leis
an mbundoiciméad, agus áiritheoidh an nós imeachta sin go gcomhlíonann na
leaganacha atá á gcoimeád ceanglais náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath
orthu chun críocha iniúchóireachta. 6. I gcás doiciméad nach bhfuil
le fáil ach i bhfoirm leictreonach, ní mór do na córais ríomhaireachta a
mbaintear úsáid astu caighdeáin slándála a bhfuil glacadh leo chomhlíonadh,
lena n-áirithítear go gcomhlíonann na doiciméid atá á gcoimeád ceanglais
náisiúnta dhlíthiúla agus gur féidir brath orthu chun críocha iniúchóireachta.
Roinn II
Cláir oibríochtúlaí a dhúnadh Airteagal 133
Doiciméid i leith dúnta a
chur isteach agus an t-iarmhéid deiridh a íoc 1. Cuirfidh Ballstáit na
doiciméid seo a leanas isteach faoin 30 Meán Fómhair 2023: (a)
iarratas ar an iarmhéid deiridh a íoc; (b)
tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme maidir leis
an gclár oibríochta; agus (c)
na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 75(1)
don bhliain chuntasaíochta deiridh, ón 1 Iúil 2022 go dtí an
30 Meitheamh 2023. 2. Íocfar an t-iarmhéid deiridh
tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta imréitithe na gcuntas don bhliain
chuntasaíochta deiridh nó mí amháin i ndiaidh an dáta a glacadh leis an
tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí. Roinn III
Íocaíochtaí a fhionraí Airteagal 134
Íocaíochtaí a fhionraí 1. Féadfaidh an Coimisiún gach
íocaíocht eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí eatramhacha ar leibhéal na
n-aiseanna tosaíochta nó na gclár oibríochta a fhionraí sna cásanna seo a
leanas: (a)
i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i
gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, easnamh nár tugadh
faoi bhearta ceartaitheacha ina leith; (b)
i gcás ina bhfuil baint ag caiteachas i ráiteas
caiteachais le neamhrialtacht thromchúiseach nár ceartaíodh fós; (c)
i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoin
ngníomhaíocht is gá chun an cás a leigheas, rud a chuireann briseadh faoi deara
faoi Airteagal 74; (d)
i gcás ina bhfuil easnamh tromchúiseach ann i
gcáilíocht agus in iontaofacht an chórais faireacháin nó sna sonraí ar
tháscairí coitianta agus ar tháscairí sonracha; (e)
i gcás inar mhainnigh Ballstát tabhairt faoi
ghníomhaíochtaí arna leagan amach sa chlár oibríochtúil a bhaineann le coinníollachtaí
ex ante a chomhlíonadh; (f)
i gcás ina bhfuil fianaise ann a thig ó
athbhreithniú ar fheidhmíocht gur mhainnigh ais tosaíochta na garspriocanna atá
leagtha amach sa chreat feidhmíochta a ghnóthú; (g)
i gcás inar mhainnigh Ballstát freagra a thabhairt
nó freagra sásúil a thabhairt faoi Airteagal 20(5); (h)
i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann de na cásanna atá
leagtha amach in Airteagal 21(6)(a) go (b). 2. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a dhéanamh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, gach íocaíocht
eatramhach nó cuid de na híocaíochtaí sin a fhionraí, i ndiaidh dó deis a
thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thíolacadh. 3. Cuirfidh an Coimisiún
deireadh le fionraí na n-íocaíochtaí eatramhacha nó cuid de na híocaíochtaí sin
i gcás ina bhfuil na bearta is gá déanta ag an mBallstát chun an fhionraí a
fhoirceannadh.
CAIBIDIL III
Ceartuithe airgeadais Roinn I
Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit Airteagal 135
Ceartuithe airgeadais ag Ballstáit 1. Beidh na Ballstáit freagrach, sa chéad ásc, as neamhrialtachtaí a imscrúdú
agus as na ceartuithe airgeadais is gá a dhéanamh agus gnóthuithe a shaothrú. I gcás neamhrialtachta sistéamaí, leathnóidh an
Ballstát a imscrúdú chun na hoibríochtaí ar fad a bhféadfaí difear a dhéanamh
dóibh a chuimsiú ann. 2. Déanfaidh an Ballstát na ceartuithe airgeadais is gá maidir le
neamhrialtachtaí aonair nó sistéamacha arna mbrath in oibríochtaí nó i gcláir
oibríochtúlaí. Is éard a bheidh i
gceist le ceartuithe airgeadais an ranníocaíocht phoiblí iomlán le hoibríocht
nó le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht a chur ar ceal. Cuirfidh an
Ballstát san áireamh cineál agus tromaíocht na neamhrialtachtaí agus an
chaillteanais airgeadais i leith na gCistí agus cuirfidh sé ceartú comhréireach
i bhfeidhm. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta ceartuithe airgeadais a
thaifeadadh sna cuntais bhliantúla le haghaidh na bliana cuntasaíochta ina
gcinntear an cealú. 3. Féadfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí a cealaíodh i
gcomhréir le mír 2 a athúsáid laistigh den chlár oibríochtúil lena mbaineann,
faoi réir mhír 4. 4. Ní fhéadfar an ranníocaíocht
a cealaíodh i gcomhréir le mír 2 a athúsáid le haghaidh oibríochta ar bith a
bhí ina ábhar ceartaithe nó, i gcás ina ndéantar ceartú airgeadais i gcás
neamhrialtachta sistéamaí, le haghaidh oibríochta ar bith a ndearna an
neamhrialtacht shistéamach difear di. Roinn II
Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún Airteagal 136
Critéir le haghaidh ceartuithe airgeadais 1. Déanfaidh an Coimisiún
ceartuithe airgeadais, trí ghníomhartha cur chun feidhme, trí ranníocaíocht an
Aontais le clár oibríochta nó cuid de ranníocaíocht den sórt sin a chur ar ceal
i gcomhréir le hAirteagal 77 más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is
gá, go measann sé: (a) go bhfuil easnamh tromchúiseach ann i
gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir oibríochtúil, agus go bhfuil
ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár oibríochta cheana féin i mbaol
dá bharr. (b) nár chomhlíon an Ballstát a oibleagáidí
faoi Airteagal 135 sular osclaíodh an nós imeachta maidir le ceartuithe
faoin mír seo; (c) go bhfuil an caiteachas san iarratas ar
íocaíocht neamhrialta agus nár cheartaigh an Ballstát é sular osclaíodh an nós
imeachta maidir le ceartuithe faoin mír seo. Bunóidh an Coimisiún a cheartuithe airgeadais ar
chásanna ar leithligh den neamhrialtacht atá tugtha faoi deara agus cuirfidh sé
san áireamh más rud é gur neamhrialtacht shistéamach atá ann. I gcás nach
féidir méid an chaiteachais neamhrialta a muirearaíodh ar na Cistí a
chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartú
eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm. 2. Cuirfidh an Coimisiún san
áireamh, agus cinneadh á dhéanamh aige faoi mhéid an cheartaithe faoi mhír 1,
cineál agus tromaíocht na neamhrialtachta agus méid agus impleachtaí airgeadais
na n-easnamh sna córais bhainistíochta agus rialaithe a aimsíodh sa chlár
oibríochtúil. 3. I gcás in bhfuil seasamh an
Choimisiúin bunaithe ar thuarascálacha iniúchóirí nach iniúchóirí a chuid
seirbhísí féin iad, tiocfaidh sé ar a chonclúidí féin maidir leis na hiarmhairtí
airgeadais tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na bearta a rinne an Ballstát lena
mbaineann faoi Airteagal 135(2), na fógraí a seoladh faoi
Airteagal 112(3), agus freagraí ar bith ón mBallstát. 4. I gcás ina suíonn an
Coimisiún, bunaithe ar an iniúchadh ar thuarascáil deiridh ar chur chun feidhme
an chláir oibríochtúil, go bhfuil mainneachtain thromchúiseach ann na
spriocanna arna leagan amach sa chreat feidhmíochta a bhaint amach, féadfaidh
sé ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, trí ghníomhartha cur chun feidhme,
maidir leis na haiseanna tosaíochta lena mbaineann. 5. I gcás nach gcomhlíonann
Ballstát a chuid oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 86, féadfaidh an
Coimisiún, maidir lena mhéid nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, ceartú
airgeadais a dhéanamh trí ranníocaíocht na gCistí Struchtúracha leis an
mBallstát nó cuid den ranníocaíocht sin a chur ar ceal. 6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le
hAirteagal 142, lena mbunófar na critéir maidir le leibhéal an cheartaithe
airgeadais atá le cur i bhfeidhm a leagan síos. Airteagal 137
Nós
imeachta 1. Sula ndéanfar cinneadh maidir
le ceartú airgeadais, seolfaidh an Coimisiún an nós imeachta tríd an mBallstát
a chur ar an eolas faoi chonclúidí sealadacha a scrúdaithe agus trína iarraidh
ar an mBallstát a bharúlacha a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí. 2. I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún ceartú airgeadais a dhéanamh ar
bhonn eachtarshuímh nó ráta chomhréidh, tabharfar deis don Bhallstát a léiriú,
trí bhíthin scrúdaithe ar an doiciméadacht lena mbaineann, go bhfuil méid
iarbhír na neamhrialtachta níos lú ná mar a mheas an Coimisiún. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh
an Ballstát raon feidhme an scrúdaithe sin a theorannú go dtí cion nó sampla
iomchuí den doiciméadacht lena mbaineann. Ní
rachaidh an t-am a bheidh ceadaithe don scrúdú sin thar thréimhse dhá mhí eile
tar éis an dá mhí dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar
cuí leo. 3. Déanfaidh an Coimisiún aon fhianaise a sholáthraíonn an Ballstát
laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 a chur san
áireamh. 4. I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí sealadacha an
Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún,
d’fhonn a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha
ar fad ar fáil mar bhonn le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú
airgeadais a chur i bhfeidhm. 5. D’fhonn ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún
cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ó dháta na
héisteachta, nó ón dáta a fhaightear an fhaisnéis bhreise i gcás ina
n-aontaíonn an Ballstát faisnéis bhreise den sórt sin a chur isteach tar éis an
éisteachta. Déanfaidh an Coimisiún
gach faisnéis agus gach barúil a cuireadh isteach le linn an nós imeachta a
chur san áireamh. Mura mbeidh éisteacht ann, tosóidh an tréimhse sé mhí dhá mhí
tar éis dháta na litreach lenar tugadh cuireadh chuig an éisteacht agus a sheol
an Coimisiún. 6. I gcás ina mbraitheann an
Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa neamhrialtachtaí a dhéanann difear do
na cuntais bhliantúla, is é an toradh a bheidh ar an gceartú airgeadais dá
thoradh sin go laghdófar an tacaíocht ó na Cistí leis an gclár oibríochta. Airteagal 138
Oibleagáidí na mBallstát Ní dhéanfaidh ceartú airgeadais ag an
gCoimisiún dochar d’oibleagáid an Bhallstáit gnóthuithe a shaothrú faoi
Airteagal 135(2) den Rialachán seo agus Státchabhair a ghnóthú de réir
bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh agus faoi Airteagal 14 de
Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle[38]. Airteagal 139
Aisíoc 1. Déanfar aon aisíocaíocht a
bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an
dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir
le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais. Is ar an lá deiridh den dara mí
tar éis an t-ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite. 2. Má bhíonn aon mhoill ann a
bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach
i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta
iarbhír. Beidh ráta an úis sin céatadán go leith os cionn an ráta arna chur i
bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar
an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.
TEIDEAL VIII Rialú comhréireach ar chláir oibríochtúla Airteagal 140
Rialú comhréireach ar chláir
oibríochtúla 1. Oibríochtaí nach dtéann an
caiteachas incháilithe iomlán thar EUR 100 000 ina leith, ní bheidh siad
faoi réir níos mó ná iniúchta amháin ag an údarás iniúchóireachta ná ag an
gCoimisiún roimh dhúnadh an chaiteachais uile lena mbaineann faoi
Airteagal 131. Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchta
amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta agus ag
an gCoimisiún roimh dhúnadh an chaiteachais uile lena mbaineann faoi
Airteagal 131. Ní dhéanann na forálacha seo dochar do mhír 4. 2. I gcás clár oibríochta a
léiríonn an tuairim iniúchóra is déanaí ina leith nach bhfuil aon easnaimh
shuntasacha ann, féadfaidh an Coimisiún aontú leis an údarás iniúchóireachta sa
chruinniú ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 118(3) go bhféadfar
leibhéal na hoibre iniúchóireachta a cheanglaítear a laghdú ionas go mbeidh sé i
gcomhréir leis na rioscaí a shuítear. I
gcásanna den sórt sin, ní dhéanfaidh an Coimisiún féin a iniúchtaí ar an
láthair mura bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil easnaimh sa
chóras bainistíochta agus rialaithe a dhéanann difear do chaiteachas arna
dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta ina raibh na cuntais mar ábhar
do chinneadh maidir le himréiteach. 3. I gcás clár oibríochta dá
bhfuil an Coimisiún den tuairim gur féidir leis dul i muinín thuairim an
údaráis iniúchóireachta, féadfaidh sé aontú leis an údarás iniúchóireachta a
iniúchtaí féin ar an láthair a shrianadh chun obair an údaráis iniúchóireachta
a iniúchadh mura bhfuil fianaise ann go bhfuil easnaimh in obair an údaráis
iniúchóireachta i mbliain chuntasaíochta ina raibh na cuntais mar ábhar do
chinneadh maidir le himréiteach. 4. Gan dochar do mhír 1,
féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta agus an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh ar
oibríochtaí i gcás ina suítear i measúnú riosca go bhfuil riosca sonrach
neamhrialtachta nó calaoise ann, i gcás ina bhfuil fianaise ann d’easnaimh
thromchúiseacha sa chóras bainistíochta agus rialaithe den chlár oibríochtúil
lena mbaineann, agus, le linn na 3 bliana tar éis dhúnadh an chaiteachais uile
de chuid oibríochta faoi Airteagal 131, mar chuid de shampla
iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, iniúchtaí a dhéanamh ar
oibríochtaí ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar obair an údaráis
iniúchóireachta trína ghníomhaíocht iniúchóireachta a dhéanamh arís.
CUID A CEATHAIR TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN
FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH CAIBIDIL I Tarmligean cumhachta agus forálacha cur
chun feidhme Airteagal 141
Na hIarscíbhinní a leasú Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin
gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 142, leasuithe ar
Iarscríbhinn agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh,
faoi chuimsiú raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo. Airteagal 142
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Bronnfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo ar feadh tréimhse éiginnte ó dháta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
Airteagal 141 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh
deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin.
Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh
sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i
bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh
sé gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle ar an eolas faoin méid sin an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh na gníomhartha
tarmligthe i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul
in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear
2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón
gComhairle. Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an
tréimhse sin, nach bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an
gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe
ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh
dhul in éag don tréimhse sin, má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a
dhéanamh. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an
institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe na cúiseanna lena
hagóid. Airteagal 143
Nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh Coiste
Comhordúcháin na gCistí cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin
coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste faoi mhír 2
agus mhír 3 le fáil de réir nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta
sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste
amhlaidh, nó i gcás ina n-iarrfaidh comhaltaí an choiste amhlaidh, laistigh den
teorainn ama chun an tuairim a sholáthar. I gcás nach dtugann an coiste tuairim uaidh, ní
dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus
beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. CAIBIDIL
II Forálacha
idirthréimhseacha agus deiridh
Airteagal 144
Athbhreithniú Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an
Rialachán seo faoin 31 Nollaig 20XX i gcomhréir le
hAirteagal 177 den Chonradh.
Airteagal 145
Forálacha idirthréimhseacha 1. Ní dhéanfaidh an Rialachán
seo difear do bhuanú ná do mhodhnú, lena n-áirítear cealú iomlán nó páirteach,
na dtionscadal lena mbaineann, go dtí go ndúnfar iad, nó an chúnaimh arna
fhaomhadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin sin nó aon reachtaíochta eile
is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin amhail an 31 Nollaig 2013. 2. Beidh iarratais a rinneadh
faoi Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle fós bailí. Airteagal 146
Aisghairm 1. Aisghairtear leis seo
Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, le héifeacht ón
1 Eanáir 2014. 2. Déanfar tagairtí don
Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 147
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Modh
lena mbunaítear an creat feidhmíochta 1. Is éard a bheidh sa chreat
feidhmíochta garspriocanna atá bunaithe do gach tosaíocht, nuair is iomchuí,
maidir leis na blianta 2016 agus 2018 agus do spriocanna atá bunaithe le haghaidh
2022. Cuirfear na garspriocanna agus na spriocanna i láthair i gcomhréir leis
an bhformáid a leagtar amach i dtábla 1. Tábla 1: Formáid chaighdeánach don chreat
feidhmíochta Tosaíocht || Táscaire agus aonad tomhais, nuair is iomchuí || Garsprioc le haghaidh 2016 || Garsprioc le haghaidh 2018 || Sprioc le haghaidh 2022 || || || || || || || || || || || || || || || || 2. Spriocanna idirmheánacha iad
garspriocanna a bhaineann le gnóthú cuspóra sonraigh tosaíochta, nuair is
iomchuí, lena sloinntear an dul chun cinn atá beartaithe i dtreo na spriocanna
atá socraithe do dheireadh na tréimhse. Áireofar le garspriocanna atá bunaithe
le haghaidh 2016 táscairí airgeadais agus táscairí aschuir. Áireofar le
garspriocanna atá bunaithe le haghaidh 2018 táscairí airgeadais, táscairí
aschuir agus, nuair is iomchuí, táscairí toraidh. Féadfar garspriocanna a bhunú
freisin le haghaidh na bpríomhchéimeanna cur chun feidhme. 3. Beidh na nithe seo a leanas i
gceist le garspriocanna: –
beidh siad ábhartha, gabhfaidh siad faisnéis
fhíor-riachtanach faoi dhul chun cinn tosaíochta; –
beidh siad trédhearcach, agus beidh spriocanna atá
infhíoraithe go hoibiachtúil iontu mar aon leis na sonraí foinse atá
sainaitheanta agus ar fáil go poiblí; –
beidh siad infhíoraithe, gan ualach riaracháin
díréireach a cheangal; –
beidh siad comhsheasmhach thar chláir oibríochtúla,
nuair is iomchuí.
IARSCRÍBHINN II Miondealú
bliantúil ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí idir 2014 agus 2020 […] IARSCRÍBHINN III
Breisíocht
1.
Caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach
Déanfar an figiúr maidir le hOllfhoirmiú
Caipitil Sheasta i gcolún X-1, arna shloinneadh mar sciar d’Olltáirgeacht
Intíre (‘OTI’), de réir Thábla 2 d’Iarscríbhinn 2 de na “Treoirlínte maidir le
formáid agus inneachar na gClár Cobhsaíochta agus na gClár um Chóineasú”[39],
a úsáid chun caiteachas struchtúrach poiblí nó coibhéiseach a chinneadh.
2.
Fíorú
Tá fíoruithe breisíochta i gcomhréir le
hAirteagal 86(3) faoi réir na rialacha seo a leanas: 2.1 Fíorú ex-ante (a)
Nuair a chuirfidh Ballstát Conradh
Comhpháirtíochta isteach, soláthrófaidh sé faisnéis maidir le próifíl
bheartaithe an chaiteachais i bhformáid Thábla 1 thíos.Sna Ballstáit sin
ina gcuimsíonn réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin idirmheánacha níos mó ná
15 % agus níos lú ná 70 % den daonra, soláthrófar faisnéis faoin
gcaiteachas i [réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin idirmheánacha] san
fhormáid chéanna. Tábla 1 Caiteachas an Rialtais Ghinearálta mar sciar den OTI || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 P51 || X || X || X || X || X || X || X (b)
Cuirfidh an Ballstát ar fáil don Choimisiún faisnéis
maidir leis na príomhtháscairí agus réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha is
bun leis an leibhéal caiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh. (c)
A luaithe a bheidh comhaontú ann idir an Coimisiún
agus an Ballstát, áireofar Tábla 1 thuas i gConradh Comhpháirtíochta an
Bhallstáit lena mbaineann mar leibhéal tagartha an chaiteachais struchtúraigh
phoiblí nó choibhéisigh a bheidh le cothabháil sna blianta 2014-2020. 2.2 Fíorú meántéarma (a)
Tráth an fhíoraithe mheántéarma, measfar go mbeidh
leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á chothabháil ag
Ballstát má tá an méanchaiteachas bliantúil sna blianta 2014-2017 cothrom le,
nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna shocrú sa Chonradh
Comhpháirtíochta. (b)
Tar éis an fhíoraithe meántéarma, féadfaidh an
Coimisiún, i gcomhairle le Ballstát, leibhéal tagartha an chaiteachais
struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh sa Chonradh Comhpháirtíochta a
athbhreithniú más rud é go bhfuil athrú suntasach tagtha ar staid eacnamaíoch
an Bhallstáit ó glacadh an Conradh Comhpháirtíochta agus nár cuireadh an
t-athrú san áireamh nuair a bhí an leibhéal tagartha á shocrú sa Chonradh
Comhpháirtíochta. 2.3 Fíorú ex-post Tráth an fhíoraithe ex post, measfar go
mbeidh leibhéal an chaiteachais struchtúraigh phoiblí nó choibhéisigh á
chothabháil ag Ballstát má tá an méanchaiteachas bliantúil sna blianta
2014-2020 cothrom le, nó níos mó ná, leibhéal tagartha an chaiteachais arna
shocrú sa Chonradh Comhpháirtíochta.
3.
Rátaí ceartaithe airgeadais tar éis fíorú ex post
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur cheart
ceartú airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 86(4), gheofar ráta
an cheartaithe airgeadais trí bhíthin 3 % a dhealú ón difríocht idir an
leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta agus an leibhéal a baineadh
amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha, agus an toradh a
roinnt ar 10. Cinnfear an ceartú airgeadais, trí bhíthin ráta sin an
cheartaithe airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na gCistí leis
an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin
trasdula le haghaidh na tréimhse cláraithe ar fad. I gcás ina bhfuil an difríocht idir an
leibhéal tagartha sa Chonradh Comhpháirtíochta agus an leibhéal a bhainfear
amach, arna shloinneadh mar chéatadán den leibhéal tagartha sa Chonradh
Comhpháirtíochta, cothrom le 3 % nó níos lú, ní dhéanfar aon cheartú
airgeadais. Ní rachaidh an ceartú airgeadais thar 5 %
de leithdháileadh na gCistí ar an mBallstát lena mbaineann maidir le réigiúin
beagfhorbartha agus réigiúin trasdula le haghaidh na tréimhse cláraithe ar fad. IARSCRÍBHINN IV
Coinníollachtaí ex ante Coinníollachta
téamacha ex ante Cuspóirí téamacha || Coinníollacht ex ante || Critéir na comhlíontachta 1. Taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú (Sprioc T&F) (dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ) || 1.1. Taighde agus nuálaíocht: Straitéis taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus/nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste a bheith ann i gcomhréir leis an gClár Athchóirithe Náisiúnta, chun caiteachas príobháideach ar thaighde agus nuálaíocht a ghiaráil, a chomhlíonann gnéithe na gcóras taighde agus nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach sin a fheidhmíonn go maith[40]. || – Tá straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm maidir le speisialtóireacht chliste ar straitéis í: – atá bunaithe ar anailís láidreachtaí, laigí, deiseanna, agus bagairtí (SWOT) chun acmhainní a dhíriú ar líon teoranta tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta; – a leagann amach bearta chun infheistíocht phríobháideach i dTaighde agus Forbairt Theicneolaíoch a spreagadh; – a bhfuil córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di. – Tá creat glactha ag Ballstát ina leagtar amach na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil don taighde agus nuálaíocht; – Tá plean ilbhliantúil glactha ag Ballstát maidir le buiséadú agus beartú tosaíochta infheistíochtaí atá nasctha le tosaíochtaí an AE (Fóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagar Taighde - ESFRI). 2. Úsáid agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain orthu a fheabhsú (Sprioc Leathanbhanda) (dá dtagraítear in Airteagal 9(2) ) || 2.1. Fás digiteach: Caibidil shainráite maidir le Fás Digiteach a bheith cuimsithe sa straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste chun éileamh ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha atá ar phraghas réasúnta, ar ardchaighdeán agus atá idir-inoibritheach le TFC a spreagadh agus líon na saoránach, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, na ngnólachtaí agus na ranna riaracháin phoiblí, lena n-áirítear tionscnaimh trasteorann a úsáideann iad a mhéadú. || – Tá caibidil maidir le fás digiteach cuimsithe sa straitéis nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnach maidir le speisialtóireacht chliste ina bhfuil na nithe seo a leanas: – buiséadú agus beartú tosaíochta gníomhaíochtaí trí bhíthin anailís SWOT a dhéantar i gcomhréir le Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip[41]; – ba cheart anailís a bheith déanta ar thacaíocht a chothromú idir an t-éileamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus soláthar TFC; – spriocanna intomhaiste do thorthaí ar idirghabhálacha i réimse na litearthachta digití, na scileanna, an ríomhchuimsithe, na rochtana leictreonaí, na ríomhshláinte atá i gcomhréir leis na straitéisí ábhartha earnála náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana; – measúnú ar riachtanais chun forbairt acmhainní TFC a threisiú. 2.2. Bonneagar de Líonraí Rochtana don Chéad Ghlúin Eile (NGA): Pleananna Náisiúnta NGA a bheith ann a chuireann gníomhaíochtaí réigiúnacha san áireamh d’fhonn spriocanna an AE maidir le rochtain Idirlín ardluais a bhaint amach[42], a dhíríonn ar réimsí ina dteipeann ar an margadh bonneagar oscailte ar phraghas réasúnta agus ar cháilíocht leordhóthanach a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an AE maidir le hiomaíochas agus státchabhair, agus seirbhísí inrochtana a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. || – Tá Plean NGA náisiúnta i bhfeidhm ina bhfuil na nithe seo a leanas: – plean d'infheistíochtaí bonneagair trí éilimh a chomhiomlánú agus mapáil ar bhonneagar agus seirbhísí, a thugtar cothrom le dáta go rialta; – samhlacha infheistíochta inbhuanaithe a fheabhsaíonn iomaíocht agus a sholáthraíonn rochtain ar bhonneagar agus ar sheirbhísí atá oscailte, ar phraghas réasúnta, ar ardcháilíocht agus atá oiriúnaithe don todhchaí; – bearta chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. 3. Iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBM) a fheabhsú (dá dtagraítear in Airteagal 9(3) ) || 3.1. Tá gníomhaíochtaí sonracha déanta chun an Gníomh um Ghnólachtaí Beaga agus an tAthbhreithniú air an 23 Feabhra 2011[43] a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear an prionsabal “Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dtús”. || – Ar na gníomhaíochtaí sonracha sin tá: – meicníocht faireacháin lena áirithítear cur chun feidhme an Ghnímh um Ghnólachtaí Beaga, lena n-áirítear comhlacht atá i gceannas ar shaincheisteanna FBM a chomhordú thar leibhéil riaracháin éagsúla (“Toscaire FBM”); – bearta chun an t-am a thógtar chun gnó a chur ar bun a laghdú go 3 lá oibre agus an costas a laghdú go €100; – bearta chun an t-am a theastaíonn chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach de chuid fhiontair a dhéanamh agus a chomhlíonadh a laghdú go 3 mhí; – meicníocht chun measúnú córasach a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag an reachtaíocht FBM ina n-úsáidtear “Tástáil FBM" agus difríochtaí idir mhéid na bhfiontar á gcur san áireamh, nuair is ábhartha. 3.2. Treoir (2011/7/AE) ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála[44] a thrasuí sa dlí náisiúnta. || – An Treoir sin a thrasuí i gcomhréir le hAirteagal 12 den Treoir (faoin 16 Márta 2013). 4. Tacú leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile (dá dtagraítear in Airteagal 9(4) ) || 4.1. Éifeachtúlacht fuinnimh: Treoir (2010/31/AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 28 den Treoir[45] a thrasuí sa dlí náisiúnta. Comhlíonadh Airteagal 6(1) de Chinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú[46] . Treoir 2006/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2006 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na críochúsáide agus le seirbhísí fuinnimh[47] a thrasuí sa dlí náisiúnta. Treoir 2004/8/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhghiniúint a chur chun cinn bunaithe ar éileamh teasa úsáideach sa mhargadh inmheánach fuinnimh agus lena leasaítear Treoir 92/42/CEE[48]. || – Cur chun feidhme na n-íoscheanglas a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Threoir 2010/31/AE; – Bearta a ghlacadh atá riachtanach chun córas deimhniúcháin a bhunú maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2010/31/AE; – An ráta athchóirithe atá ceangailte maidir le foirgnimh phoiblí a bhaint amach; – Tugtar méadair aonair do na custaiméirí deiridh; – Cuirtear éifeachtúlacht i dtéamh agus i bhfuarú chun cinn i gcomhréir le Treoir 2004/8/CE. 4.2. Fuinneamh in-athnuaite: Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir (2001/77/CE) agus Treoir (2003/30/CE)[49] a thrasuí sa dlí náisiúnta. || – Tá scéimeanna tacaíochta trédhearcacha, tosaíocht maidir le rochtain ar an eangach agus maidir le seoladh, rialacha caighdeánacha a bhaineann le costas na n-oiriúnuithe teicniúla a iompar agus a chomhroinnt curtha i bhfeidhm ag Ballstát agus tá siad curtha ar fáil don phobal; – Ghlac Ballstát le plean gníomhaíochta náisiúnta um fhuinneamh in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2009/28/CE. 5. Oiriúnú don athrú aeráide agus cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide a chur chun cinn (Sprioc an Athraithe Aeráide) (dá dtagraítear in Airteagal 9(5) ) || 5.1. Cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí: Measúnuithe náisiúnta nó réigiúnacha riosca um bainistíocht tubaistí a bheith ann a chuireann oiriúnú don athrú aeráide san áireamh[50] || – Beidh measúnú riosca náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm agus beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ann: – Tuairisc ar an bpróiseas, ar an modheolaíocht, ar na modhanna agus ar shonraí neamhíogaire a úsáideadh do mheasúnú riosca náisiúnta; – Tuairisc ar chásanna aonriosca agus ilrioscaí; – Straitéisí náisiúnta maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide a chur san áireamh, nuair is iomchuí. 6. An comhshaol a chosaint agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn (dá dtagraítear in Airteagal 9(6) ) || 6.1. Earnáil an uisce: Go bhfuil ann a) beartas praghsála uisce, lena dtugtar dóthain dreasachtaí do na húsáideoirí acmhainní uisce a úsáid go héifeachtúil agus b) go n-áirithítear go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[51]. || – Tá sé áirithithe ag Ballstát go rannchuidíonn na húsáidí éagsúla uisce le costas na seirbhísí uisce de réir earnála a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2000/60/CE. – Glacadh plean um bainistiú abhantracha le haghaidh limistéar na habhantraí i gcás ina ndéantar infheistíocht i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[52]. · 6.2. Earnáil na dramhaíola: Cur chun feidhme Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe[53], go háirithe forbairt pleananna bainistithe dramhaíola i gcomhréir leis an Treoir agus le hord na réiteach dramhaíola. || – Tá tuairisc tugtha ag Ballstát don Choimisiún ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna Airteagal 11 de Threoir 2008/98/CE, ar chúiseanna mainneachtana, agus ar ghníomhaíochtaí atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach; – Tá sé áirithithe ag Ballstát go mbunaíonn a údaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagail 1, 4, 13 agus 16 de Threoir 2008/98/CE, plean bainistithe dramhaíola amháin nó níos mó mar a cheanglaítear le hAirteagal 28 den Treoir; – Tráth nach déanaí ná an 12 Nollaig 2013, beidh cláir maidir le dramhaíl a chosc bunaithe ag Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, mar a cheanglaítear le hAirteagal 29 den Treoir; – Tá na bearta is gá déanta ag Ballstát chun sprioc 2020 a bhaint amach maidir le hathúsáid agus athchúrsáil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2008/98/CE. 7. Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair líonraí a bhaint (dá dtagraítear in Airteagal 9(7) ) || 7.1. Bóithre: Plean cuimsitheach iompair náisiúnta a bheith ann ina bhfuil beartú tosaíochta iomchuí infheistíochtaí i gcroí-Ghréasán Tras-Eorpach de Bhonneagar Iompair (TEN-T), sa ghréasán cuimsitheach (infheistíochtaí seachas an croí-TEN-T) agus i lúdracht thánaisteach (lena n-áirítear iompar poiblí ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil). || – Tá plean cuimsitheach iompair i bhfeidhm ina bhfuil na nithe a leanas: – beartú tosaíochta infheistíochtaí i gcroíghréasán TEN-T, sa ghréasán cuimsitheach agus i lúdracht thánaisteach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa bheartú tosaíochta ranníocaíocht infheistíochtaí le soghluaisteacht, inbhuanaitheacht, laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus ranníocaíocht leis an limistéar iompair Eorpach Aonair; – plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n-áirítear tráthchlár, creat buiséadach); – measúnú straitéiseach comhshaoil lena gcomhlíontar na ceanglais dlí don phlean iompair; – bearta chun cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála a neartú chun plean an tionscadail a chur i gcrích. 7.2. Iarnród: Caibidil shainráite maidir le forbairt iarnróid a bheith sa phlean cuimsitheach iompair náisiúnta agus d’áireofaí sa Chaibidil sin beartú tosaíochta iomchuí infheistíochtaí i gcroí-Ghréasán Tras-Eorpach de Bhonneagar Iompair (TEN-T), sa ghréasán cuimsitheach (infheistíochtaí seachas sa chroíghréasán TEN-T) agus i lúdracht thánaisteach an chórais iarnróid lena ranníocaíochtaí le soghluaisteacht, éifeachtaí ar líonraí náisiúnta agus Eorpacha. Cuimsítear sócmhainní soghluaiste agus idir-inoibritheacht agus forbairt acmhainní sna hinfheistíochtaí. || – Tá caibidil ar fhorbairt iarnróid áirithe sa phlean cuimsitheach iompair ina bhfuil na nithe a leanas: · plean réalaíoch agus aibí don tionscadal (lena n-áirítear tráthchlár, creat buiséadach); · measúnú straitéiseach comhshaoil lena gcomhlíontar na ceanglais dlí don phlean iompair; · bearta chun cumas na gcomhlachtaí agus na dtairbhithe idirghabhála a neartú chun plean an tionscadail a chur i gcrích. 8. An fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn (Sprioc na fostaíochta) (dá dtagraítear in Airteagal 9(8) ) || 8.1. Rochtain ar fhostaíocht do chuardaitheoirí poist agus do dhaoine neamhghníomhacha, lena n-áirítear tionscnaimh fostaíochta áitiúla agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn: Tá beartais ghníomhacha um margadh an luchta saothair ullmhaithe agus seachadta i gcomhréir leis na treoirlínte fostaíochta agus leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais[54] maidir leis na dálaí fabhracha faoinar féidir poist a chruthú. || – Tá sé ar chumas na seirbhísí fostaíochta na nithe seo a leanas a dhéanamh agus a sheachadadh: – seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist; – réamh-mheas agus comhairliú ar dheiseanna fostaíochta fadtéarmaí arna gcruthú ag athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair amhail an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin; – faisnéis thrédhearcach agus chórasach ar fholúntais poist nua. – Tá líonraí le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais bunaithe ag seirbhísí fostaíochta. 8.2. Féinfhostaíocht, fiontraíocht agus cruthú gnó: straitéis chuimsitheach do thacaíocht uilechuimsitheach tionscnaimh i gcomhréir leis an nGníomh um Ghnólachtaí Beaga[55] agus i gcomhréir leis na treoirlínte fostaíochta agus leis na treoirlínte ginearálta do bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais[56], maidir leis na dálaí fabhracha faoinar féidir poist a chruthú; || – Tá straitéis chuimsitheach i bhfeidhm lena n-áirítear na nithe seo a leanas: – bearta chun an t-am a thógtar chun gnó a chur ar bun a laghdú go trí lá oibre agus an costas a laghdú go €100; – bearta chun an t-am a theastaíonn chun ceadúnais agus ceadanna a fháil chun gníomhaíocht shonrach gnólachta fiontair a dhéanamh agus a chomhlíonadh a laghdú go trí mhí; – gníomhaíochtaí lena nasctar seirbhísí oiriúnacha forbartha gnó agus seirbhísí airgeadais (rochtain ar chaipiteal), lena n-áirítear an fhor-rochtain ar ghrúpaí agus ar limistéir faoi mhíbhuntáiste. 8.3. Na hinstitiúidí sa mhargadh saothair a nuachóiriú agus a neartú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun soghluaisteacht an luchta saothair trasnáisiúnta a éascú[57]: - Tá institiúidí mhargadh an tsaothair nuachóirithe agus neartaithe i gcomhréir leis na Treoirlínte Fostaíochta; - Gabhfaidh straitéis shoiléir agus measúnú ex ante, lena n-áirítear gné na hinscne, roimh athchóiriú ar institiúidí mhargadh an tsaothair || – Gníomhaíochtaí chun seirbhísí fostaíochta a athchóiriú, a bhfuil d’aidhm leo a chur a chumas na seirbhísí na nithe seo a leanas a sheachadadh[58]: – seirbhísí pearsantaithe agus bearta gníomhacha agus coisctheacha sa mhargadh saothair ag céim luath, atá ar fáil do gach cuardaitheoir poist; – comhairliú ar dheiseanna fostaíochta fadtéarmaí arna gcruthú ag athruithe struchtúracha i margadh an tsaothair amhail an t-athrú go geilleagar ísealcharbóin; – faisnéis thrédhearcach agus chórasach ar fholúntais poist nua atá inrochtana ar leibhéal an Aontais. – Áireoidh athchóiriú na seirbhísí fostaíochta cruthú líonraí le fostóirí agus le hinstitiúidí oideachais. 8.4. Aosú gníomhach agus sláintiúil: Tá beartais aosaithe ghníomhaigh deartha agus seachadta i gcomhréir leis na Treoirlínte Fostaíochta[59] || – Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aosaithe ghníomhaigh agus shláintiúil[60]: – Tá geallsealbhóirí ábhartha bainteach le dearadh agus cur chun feidhme na mbeartas aosaithe ghníomhaigh; – Tá bearta i bhfeidhm ag Ballstát chun aosú gníomhach a chur chun cinn ar mhaithe le luathscor a laghdú. || 8.5. Inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athrú: Beartais a bheith ann atá dírithe ar chuidiú le réamh-mheas agus le dea-bhainistíocht athraithe agus le hathstruchtúrú ar gach leibhéal ábhartha (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus earnála)[61]. || – Tá ionstraimí éifeachtacha i bhfeidhm chun tacú le comhpháirtithe sóisialta agus le húdaráis phoiblí chun cineálacha cur chuige réamhghníomhaigh a fhorbairt maidir le hathrú agus le hathstruchtúrú. 9. Infheistíocht i scileanna, in oideachas, agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (Sprioc an oideachais) (dá dtagraítear in Airteagal 9(10) ) || 9.1. Luathfhágáil na scoile: Straitéis chuimsitheach a bheith ann chun luathfhágáil na scoile (LFS) a laghdú i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a mhaolú[62]. || – Tá córas i bhfeidhm chun sonraí agus faisnéis LFS a bhailiú agus a anailísiú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – cuirtear bonn leordhóthanach faisnéise ar fáil chun beartais spriocdhírithe a fhorbairt; – úsáidtear go córasach é chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an leibhéal ábhartha. – Tá straitéis maidir le LFS i bhfeidhm: – atá bunaithe ar fhianaise; – atá cuimsitheach (m.sh. clúdaítear gach earnáil oideachais, lena n-áirítear forbairt luath an pháiste) agus lena dtugtar aghaidh leormhaith ar bhearta coiscthe, idirghabhála agus cúitimh; – ina leagtar amach cuspóirí atá comhsheasmhach leis an Moladh ón gComhairle maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a mhaolú; – ina gcuimsítear gach earnáil, agus bíonn gach earnáil beartais agus gach geallsealbhóir atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar LFS bainteach léi agus déantar iad a chomhordú. 9.2. Ardoideachas: Straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a bheith ann chun gnóthachtáil, cáilíocht agus éifeachtúlacht oideachais threasaigh a mhéadú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2006 maidir leis an gclár nuachóirithe d’ollscoileanna a chur i gcrích: oideachas, taighde agus nuálaíocht[63]. || – Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach maidir le hoideachas treasach i bhfeidhm, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: – bearta chun rannpháirtíocht agus gnóthachtáil a mhéadú lena ndéantar na nithe seo a leanas: – an treoraíocht a thugtar do mhic léinn ionchasacha a fheabhsú; – rannpháirtíocht san ardoideachas a mhéadú i measc grúpaí ísealioncaim agus grúpaí eile faoi ghannionadaíocht; – rannpháirtíocht foghlaimeoirí fásta a mhéadú; – (más gá) rátaí luathfhágála scoile a mhaolú/rátaí comhlíonta a fheabhsú; – bearta chun cáilíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – dearadh cláir agus ábhar nuálaíoch a spreagadh; – ardchaighdeáin cháilíochta sa teagasc a chur chun cinn; – bearta chun infhostaitheacht agus fiontraíocht a mhéadú, lena ndéantar na nithe seo a leanas: – forbairt “scileanna idirdhisciplíneacha” a spreagadh, lena n-áirítear fiontraíocht i ngach clár ardoideachais; – difríochtaí inscne a laghdú i roghanna acadúla agus gairmoideachais agus mic léinn a spreagadh chun gairmeacha a roghnú in earnálacha mar a bhfuil siad faoi ghannionadaíocht d’fhonn an leithscaradh inscne i margadh an tsaothair a laghdú; – teagasc feasach a áirithiú trí eolas a úsáid ó thaighde agus ó fhorbairtí i gcleachtais ghnó. 9.3. Foghlaim ar feadh an tsaoil: Creat beartais náisiúnta agus/nó réigiúnaigh a bheith ann ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i gcomhréir le treoraíocht beartais ar leibhéal an Aontais[64]. || – Tá creat beartais náisiúnta nó réigiúnaigh ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil i bhfeidhm ina gcuimsítear na nithe seo a leanas: – bearta chun tacú le cur chun feidhme na foghlama ar feadh an tsaoil (FFS) agus uasghrádú scileanna agus le haghaidh rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus comhpháirtíocht le geallsealbhóirí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta agus comhlachais sochaí sibhialta; – bearta maidir le soláthar éifeachtach forbartha scileanna do dhaoine óga faoi ghairmoiliúint, do dhaoine fásta, do mhná ag filleadh ar mhargadh an tsaothair, d’oibrithe ar bheagán oiliúna agus níos sine, agus do ghrúpaí eile faoi mhíbhuntáiste; – bearta chun rochtain ar FFS a leathnú, lena n-áirítear trí chur chun feidhme éifeachtach uirlisí trédhearcachta (an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí, ECVET, an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus Gairmoiliúint) agus forbairt agus comhtháthú seirbhísí foghlama ar feadh an tsaoil (oideachas agus oiliúint, treoraíocht, bailíochtú, deimhniú); – bearta chun ábharthacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú agus chun iad a oiriúnú do riachtanais na spriocghrúpaí sainaitheanta. 10. Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac (sprioc na bochtaineachta) (dá dtagraítear in Airteagal 9(9) ) || 10.1. Cuimsiú gníomhach Lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh: Straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta a bheith ann agus í a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair[65] agus leis na Treoirlínte Fostaíochta Tá straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romaigh i bhfeidhm i gcomhréir le Creat an AE maidir le straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach[66] - Foráil tacaíochta do pháirtithe leasmhara ábhartha maidir le rochtain a fháil ar na Cistí. || – Tá straitéis náisiúnta um laghdú na bochtaineachta i bhfeidhm: – atá bunaithe ar fhianaise. Chuige sin, teastaíonn córas chun sonraí agus faisnéis a bhailiú agus a anailísiú lena gcuirtear faisnéis leordhóthanach ar fáil chun beartais a fhorbairt do laghdú na bochtaineachta. Úsáidtear an córas seo chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí; – atá i gcomhréir leis an sprioc um bochtaineacht náisiúnta agus eisiamh sóisialta (mar a shainítear sa Chlár Athchóirithe Náisiúnta), lena n-áirítear síneadh ar dheiseanna fostaíochta do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; – a chuimsíonn mapáil ar chomhchruinniú críochach thar an leibhéal réigiúnach/ar leibhéal NUTS 3 ar ghrúpaí imeallaithe agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste lena n-áirítear na Romaigh; – ina léirítear go bhfuil comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha bainteach le dearadh an chuimsithe ghníomhaigh; – ina n-áirítear bearta maidir leis an athrú ó chúram cónaithe go cúram pobail; – ina dtugar bearta soiléire maidir le leithscaradh a chosc agus a chomhrac i ngach réimse. – Tá straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romach i bhfeidhm: – ina leagtar síos spriocanna náisiúnta indéanta maidir le lánpháirtiú na Romach chun an bhearna idir na Romaigh agus an gnáthphobal a laghdú. Ba cheart do na spriocanna sin aghaidh a thabhairt, ar a laghad, ar na ceithre sprioc um lánpháirtiú na Romach san AE a bhaineann le rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thithíocht; – atá comhsheasmhach leis an gClár Athchóirithe Náisiúnta; – ina n-aithnítear, nuair is ábhartha, na micriréigiúin atá faoi mhíbhuntáiste nó na comharsanachtaí deighilte, ina bhfuil na pobail is díothaí, ach táscairí socheacnamaíocha agus críochacha atá ar fáil cheana a úsáid (i.e. leibhéal an-íseal oideachais, dífhostaíocht fhadtéarmach, etc.). – lena leithdháiltear a dhóthain maoinithe ó bhuiséid náisiúnta, a chomhlánófar, nuair is iomchuí, le maoiniú idirnáisiúnta agus maoiniú AE. – lena n-áirítear modhanna láidre faireacháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar a bheidh gníomhaíochtaí lánpháirtithe na Romach agus meicníocht athbhreithnithe chun an straitéis a oiriúnú. – atá deartha agus curtha chun feidhme i ndlúthchomhar agus i gcomhphlé leanúnach le sochaí shibhialta na Romach, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus a ndéantar faireachán uirthi i ndlúthchomhar leo freisin. – ina bhfuil pointe teagmhála náisiúnta don straitéis náisiúnta um lánpháirtiú na Romaigh san údarás ar mhaithe le forbairt agus cur chun feidhme na straitéise a chomhordú. – Cuirtear tacaíocht ar fáil do na geallsealbhóirí ábhartha chun iarratais ar thionscadail a chur isteach agus chun na tionscadail roghnaithe a chur chun feidhme agus a bhainistiú 10.2. Sláinte: Straitéis náisiúnta nó réigiúnach a bheith ann don tsláinte, lena n-áirithítear rochtain ar sheirbhísí cáilíochta sláinte agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch. || – - Tá straitéis náisiúnta nó réigiúnach sláinte i bhfeidhm: – ina bhfuil bearta comhordaithe chun an rochtain ar sheirbhísí sláinte cáilíochta a fheabhsú; – a bhfuil bearta inti chun éifeachtúlacht a spreagadh san earnáil sláinte, lena n-áirítear trí úsáid teicneolaíochtaí éifeachtacha nuálaíochta, samhlacha seachadta seirbhíse agus bonneagair; – a bhfuil córas faireacháin agus athbhreithnithe mar chuid di. – Tá creat glactha ag Ballstát nó ag réigiún a léiríonn acmhainní buiséadacha atá ar fáil do chúram sláinte. 11. Acmhainní na n-institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú (dá dtagraítear in Airteagal 9(11) ) || Éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát: - Straitéis a bheith ann chun éifeachtúlacht riaracháin an Bhallstáit a threisiú, lena n-áirítear athchóiriú ar riarachán poiblí[67] || – Tá straitéis chun éifeachtúlacht riaracháin na mBallstát a threisiú i bhfeidhm agus á cur chun feidhme[68] agus áirítear sa straitéis sin: – anailís agus pleanáil straitéiseach ar ghníomhaíochtaí dlíthiúla, eagraíochtúla agus/nó athchóirithe nós imeachta; – forbairt córais bainistithe cáilíochta; – gníomhaíochtaí comhtháite do shimpliú agus do chuíchóiriú nósanna imeachta riaracháin; – forbairt agus cur chun feidhme straitéisí agus beartais acmhainní daonna, lena gcumhdaítear pleananna earcaíochta agus gairmeacha foirne, forbairt inniúlachta agus acmhainní a chur ar fáil; – forbairt scileanna ar gach leibhéal; – forbairt nósanna imeachta agus uirlisí i gcomhair faireacháin agus meastóireachta. Coinníollachtaí ginearálta ex ante Limistéar || Coinníollacht ex-ante || Critéir na comhlíontachta 1. Frith-idirdhealú || Meicníocht a bheith ann lena n-áiritheofar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2000/78/CE an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[69] agus Threoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir dhaoine beag beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach[70] || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2000/78/CE agus Threoir 2000/43/CE ar neamh-idirdhealú a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht na dtreoracha ón AE ar neamh-idirdhealú; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise do bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm na dtreoracha ón AE ar neamh-idirdhealú. 2. Comhionannas inscne || Straitéis a bheith ann do chur chun cinn an chomhionannais inscne agus meicníocht lena n-áirithítear a chur chun feidhme éifeachtach. || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach straitéise sainráite ar chur chun cinn an chomhionannais inscne a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – córas chun sonraí agus táscairí, agus iad miondealaithe de réir inscne, a bhailiú agus a anailísiú agus chun beartais inscne bunaithe ar fhianaise a fhorbairt; – plean agus critéir ex ante do chomhtháthú cuspóirí comhionannais inscne trí threoirlínte agus trí chaighdeáin inscne; – meicníochtaí cur chun feidhme lena n-áirítear rannpháirtíocht comhlachta inscne agus an saineolas ábhartha chun na hidirghabhálacha a dhréachtú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. 3. Míchumas || Meicníocht a bheith ann lena n-áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na NA ar chearta daoine atá faoi mhíchumas. [71] || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na NA ar chearta daoine atá faoi mhíchumas a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – Cur chun feidhme beart i gcomhréir le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún na NA chun constaicí agus bacainní ar inrochtaineacht daoine atá faoi mhíchumas a chosc, a aithint agus a dhíchur; – socruithe institiúideacha do chur chun feidhme agus do mhaoirseacht Choinbhinsiún na NA i gcomhréir le hAirteagal 33 den Choinbhinsiún; – plean i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise do bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm Choinbhinsiún na NA, lena n-áirítear socruithe iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta. 4.. Soláthar poiblí || Meicníocht a bheith ann lena n-áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE agus maoirseacht faireachas leormhaith orthu. || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – trasuíomh iomlán Threoir 2004/18/CE agus Threoir 2004/17/CE; – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht dhlí soláthair phoiblí an AE; – bearta lena n-áirithítear maoirseacht agus faireachas leormhaith ar nósanna imeachta trédhearcacha maidir le dámhachtain conarthaí agus faisnéis leordhóthanach faoi; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm dhlí soláthair phoiblí an AE. 5. Státchabhair || Meicníocht a bheith ann lena n-áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an AE maidir le státchabhair || – Déantar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an AE maidir le státchabhair a áirithiú trí na nithe seo a leanas: – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht dhlí an AE maidir le státchabhair; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme na gcistí; – bearta chun acmhainní riaracháin a neartú do chur chun feidhme agus do chur i bhfeidhm dhlí an AE maidir le státchabhair. 6. Reachtaíocht chomhshaoil a bhaineann le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol (MTC) agus leis an measúnacht straitéiseach comhshaoil (MSC) || Meicníocht a bheith ann lena n-áiritheofar cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht chomhshaoil an Aontais maidir le MTC agus MSC i gcomhréir le Treoir (85/337/CEE) an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol[72] agus le Treoir (2001/42/CE) an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú[73]. || – Áirithítear cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach reachtaíocht chomhshaoil an Aontais trí na nithe seo a leanas: – - trasuíomh iomlán agus ceart dhlí Treoracha MTC agus MSC; – socruithe institiúideacha maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus maoirseacht Threoracha MTC agus MSC; – straitéis i gcomhair oiliúna agus scaipthe faisnéise ar bhaill foirne atá bainteach le cur chun feidhme Threoracha MTC agus MSC; – bearta chun acmhainní leordhóthanacha riaracháin a áirithiú. 7. Córais staidrimh agus táscairí ar thorthaí || Córas staidrimh a bheith ann atá riachtanach chun tabhairt faoi mheastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar thionchar na gclár. Córas éifeachtach a bheith ann de tháscairí ar thorthaí is gá chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo torthaí agus measúnú tionchair a dhéanamh. || – Tá plean ilbhliantúil i bhfeidhm do bhailiú tráthúil agus do chomhiomlánú sonraí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: – sainaithint na bhfoinsí agus na meicníochtaí chun bailíochtú staidrimh a áirithiú; – socruithe maidir le foilsiú agus le hinfhaighteacht phoiblí. – córas éifeachtach de táscairí ar thorthaí, lena n-áirítear: – roghnú táscairí ar thorthaí do gach clár, lena gcuirtear faisnéis ar fáil faoi na gnéithe sin a bhaineann le dea-bhail agus dul chun cinn daoine, lena spreagtar na gníomhaíochtaí beartais a mhaoinítear leis an gclár; – spriocanna a bhunú do na táscairí sin; – urramú gach táscaire, lena gceanglaítear an méid seo a leanas: stóinseacht agus bailíochtú staidrimh, soiléire an léirmhínithe normataigh, sofhreagracht don bheartas, bailiú tráthúil agus infhaighteacht phoiblí sonraí; – nósanna imeachta leordhóthanacha lena áirithiú go nglacfaidh na hoibríochtaí uile a mhaoinítear faoin gclár córas éifeachtach táscairí. IARSCRÍBHINN V Faisnéis
agus cumarsáid ar thacaíocht ó na Cistí
1.
Liosta oibríochtaí
Beidh na réimsí sonraí seo a leanas sa liosta
oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 105(2), i gceann amháin de
theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad: –
Ainm an tairbhí (eintitis dhlíthiúla amháin; ní
ainmneofar aon duine nádúrtha); –
Ainm na hoibríochta; –
Achoimre ar an oibríocht; –
Dáta tosaithe na hoibríochta; –
Dáta críochnaithe na hoibríochta (an dáta a
bhfuiltear ag súil go mbeidh an oibríocht críochnaithe go fisiciúil nó curtha
chun feidhme go hiomlán); –
An caiteachas iomlán incháilithe arna
leithdháileadh ar an oibríocht; –
Ráta cómhaoinithe an AE (in aghaidh na haise
tosaíochta); –
Postchód na hoibríochta; –
Tír; –
Ainm na catagóire idirghabhála don oibríocht; –
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar an liosta
oibríochtaí. Cuirfear ceannteidil na réimsí sonraí agus
ainmneacha na n-oibríochtaí ar fáil freisin i dteanga oifigiúil amháin eile ar
a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh.
2.
Bearta faisnéise agus poiblíochta don phobal
Glacfaidh an Ballstát, an t-údarás
bainistíochta agus na tairbhithe na céimeanna is gá chun faisnéis agus
poiblíocht a chur ar fáil don phobal faoi oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht
faoi chlár oibríochtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2.1.
Freagrachtaí an Bhallstáit agus an údaráis
bhainistíochta
1. Áiritheoidh an Ballstát agus
an t-údarás bainistíochta go gcuirtear na bearta faisnéise agus poiblíochta
chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide agus go bhféachtar leis
na bearta sin le cumarsáid a dhéanamh leis an líon is mó daoine is féidir sna
meáin uile trí leas á bhaint as cineálacha agus modhanna éagsúla cumarsáide ar
an leibhéal iomchuí. 2. Beidh an Ballstát nó an
t-údarás bainistíochta freagrach as na bearta faisnéise agus poiblíochta seo a
leanas ar a laghad a eagrú: (a)
mórghníomhaíocht faisnéise lena ndéantar poiblíocht
maidir le seoladh an chláir oibríochtúil; (b)
mórghníomhaíocht faisnéise amháin ar a laghad in
aghaidh na bliana ina gcuirtear chun cinn na deiseanna cistiúcháin, na straitéisí
arna saothrú agus ina gcuirtear i láthair mórghníomhartha an chláir
oibríochtúil, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, pleananna
gníomhaíochta comhpháirteacha agus samplaí eile tionscadail; (c)
taispeáint bhratach an Aontais Eorpaigh os comhair
áite nó ag áit inar féidir leis an bpobal í a fheiceáil, ag áitreabh gach
údaráis bhainistíochta; (d)
foilsiú leictreonach an liosta oibríochtaí i
gcomhréir le roinn 1; (e)
samplaí d'oibríochtaí a thabhairt, de réir cláir
oibríochtúla, ar an suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir
oibríochtúil ar féidir rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh
ghréasáin; ba cheart na samplaí a bheith i dteanga oifigiúil de chuid an
Aontais Eorpaigh a labhraítear go forleathan, teanga seachas teanga oifigiúil
nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann; (f)
nuashonrú faisnéise faoi chur chun feidhme an
chláir oibríochtúil, lena n‑áirítear a phríomh-mhórghníomhartha, ar an
suíomh gréasáin aonair nó ar shuíomh gréasáin an chláir oibríochtúil ar féidir
rochtain a fháil air tríd an dtairseach aonair suímh ghréasáin. 3. Socróidh an t-údarás
bainistíochta go mbeidh baint ag na comhlachtaí seo a leanas le bearta
faisnéise agus poiblíochta i gcomhréir le dlíthe agus le cleachtais náisiúnta: (a)
na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5; (b)
ionaid faisnéise faoin Eoraip, chomh maith le
hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin sna Ballstáit; (c)
institiúidí oideachais agus taighde. Déanfaidh na comhlachtaí sin an fhaisnéis a
ndéantar cur síos uirthi in Airteagal 105(1)(a) agus (b) a scaipeadh go
forleathan.
2.2.
Freagrachtaí na dtairbhithe
1. Déanfaidh gach beart
faisnéise agus cumarsáide a chuireann an tairbhí i bhfeidhm tacaíocht ó na
Cistí don oibríocht a aithint trína nithe seo a leanas a thaispeáint: (a)
feathal an AE, a thaispeáint i gcomhréir leis na
saintréithe teicniúla atá leagtha síos sa ghníomh cur chun feidhme arna
ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 105(4), chomh maith le tagairt
don Aontas Eorpach; (b)
tagairt don Chiste nó do na Cistí atá ag tacú leis
an oibríocht. 2. Le linn chur chun feidhme
oibríochta, cuirfidh an tairbhí an pobal ar an eolas faoin tacaíocht a fuarthas
ó na Cistí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (c)
cur síos gairid ar an oibríocht a chur ar fáil ar
shuíomh gréasáin an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid de shuíomh gréasáin,
lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim a chur ar an tacaíocht
airgeadais a fuarthas ón Aontas Eorpach; (d)
póstaeir amháin ar a laghad ar a bhfuil faisnéis
faoin tionscadal (A3 ar a laghad), lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais ón
Aontas Eorpach, a chur in áit is féidir leis an bpobal a fheiceáil go héasca,
amhail limistéar bhealach isteach foirgnimh. 3. I gcás oibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ó CSE, agus i gcásanna iomchuí i gcás oibríochtaí a
fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ón gCiste Comhtháthaithe, áiritheoidh an tairbhí
gur cuireadh iad siúd a ghlacann páirt in oibríocht ar an eolas faoin gcistiú
sin. Aon doiciméad, lena n-áirítear aon teastas tinrimh
nó teastas eile, a bhaineann leis an oibríocht sin, áireofar ann ráiteas go
bhfuair an clár oibríochtúil tacaíocht ón gCiste nó ó na Cistí. 4. Le linn chur chun feidhme
oibríocht CFRE nó oibríocht de chuid an Chiste Chomhtháthaithe, déanfaidh an
tairbhí clár fógraí sealadach a chur suas, in áit is féidir leis an bpobal a
fheiceáil go héasca, clár de mhéid shuntasach do gach oibríocht arb é maoiniú
bonneagair nó oibríochtaí tógála a bhfuil an tacaíocht iomlán phoiblí don
oibríocht os cionn EUR 500 000 atá inti. 5. Tráth nach déanaí ná trí mhí
tar éis chríochnú oibríochta, déanfaidh an tairbhí, in áit is féidir leis an
bpobal a fheiceáil go héasca, plaic bhuan nó clár fógraí buan de mhéid
shuntasach a chur suas do gach oibríocht a chomhlíonann na critéir seo a
leanas: (a)
tá an tacaíocht iomlán phoiblí don oibríocht os cionn
EUR 500 000; (b)
is é atá san oibríocht ceannach ruda fhisicigh nó
maoiniú oibríochtaí bonneagair nó tógála. Sonrófar ar an bplaic nó ar an gclár fógraí
cineál, ainm agus cuspóir na hoibríochta agus ullmhófar í/é i gcomhréir leis na
saintréithe teicniúla arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le
hAirteagal 105(4).
3.
Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha agus do thairbhithe
3.1.
Bearta faisnéise do thairbhithe féideartha
1. Áiritheoidh an t-údarás
bainistíochta, i gcomhréir leis an straitéis chumarsáide, go ndéantar
straitéisí, cuspóirí agus deiseanna cistiúcháin an chláir oibríochtúil, ar
deiseanna iad a chuireann tacaíocht chomhpháirteach ón Aontas Eorpach agus ón
mBallstát ar fáil, a scaipeadh go forleathan i measc tairbhithe féideartha agus
gach páirtí leasmhair, le sonraí faoin tacaíocht airgeadais ó na Cistí lena
mbaineann. 2. Áiritheoidh an t-údarás
bainistíochta go gcuirtear tairbhithe féideartha ar an eolas faoi na nithe seo
a leanas ar a laghad: (a)
coinníollacha incháilitheachta caiteachais atá le comhlíonadh
chun cáiliú do thacaíocht faoi chlár oibríochtúil; (b)
cur síos ar na nósanna imeachta chun iarratais ar
chistiú a scrúdú agus ar na tréimhsí ama i gceist; (c)
na critéir chun na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht
le tabhairt dóibh a roghnú; (d)
na teagmhálaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach
nó áitiúil atá in ann faisnéis a chur ar fáil faoi na cláir oibríochtúla; (e)
gur cheart d'iarratais gníomhaíochtaí cumarsáide
atá comhréireach le méid na hoibríochta a mholadh, chun an pobal a chur ar an
eolas faoi aidhmeanna na hoibríochta agus faoi thacaíocht an AE don oibríocht.
3.2.
Bearta faisnéise do thairbhithe
1. Cuirfidh an t-údarás
bainistíochta tairbhithe ar an eolas gurb ionann glacadh le cistiú agus glacadh
lena gcuimsiú ar an liosta oibríochtaí arna fhoilsiú i gcomhréir le
hAirteagal 105(2). 2. Cuirfidh an t-údarás
bainistíochta pacáistí faisnéise agus poiblíochta ar fáil, lena n‑áirítear
teimpléid i bhformáid leictreonach, chun cabhrú le tairbhithe a n‑oibleagáidí
atá leagtha amach i roinn 2.2 a chomhlíonadh.
4.
Gnéithe na straitéise cumarsáide
Áireofar
na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa straitéis chumarsáide a tharraingeoidh
an t-údarás bainistíochta suas: (a)
cur síos ar an gcur chuige a úsáideadh, lena
n-áirítear na príomhbhearta faisnéise agus poiblíochta atá le déanamh ag an
mBallstát nó ag an údarás bainistíochta, dírithe ar thairbhithe féideartha, ar
thairbhithe, ar iolraitheoirí agus ar an bpobal i gcoitinne, ag féachaint do na
haidhmeanna a gcuirtear síos orthu in Airteagal 105; (b)
cur síos ar ábhair a chuirfear ar fáil i bhformáid
inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas; (c)
cur síos ar an gcaoi a dtacófar le tairbhithe ina
ngníomhaíochtaí cumarsáide; (d)
an buiséad táscach do chur chun feidhme na
straitéise; (e)
cur síos ar na comhlachtaí riaracháin, lena
n-áirítear na hacmhainní foirne, atá freagrach as na bearta faisnéise agus
poiblíochta a chur chun feidhme; (f)
na socruithe do na bearta faisnéise agus
poiblíochta dá dtagraítear i roinn 2, lena n-áirítear an suíomh gréasáin nó an
tairseach suímh ghréasáin ar a bhfuil fáil ar shonraí den sórt sin; (g)
tásc ar an gcaoi a ndéanfar measúnú ar na bearta
faisnéise agus poiblíochta i dtéarmaí infheictheacht an bheartais agus feasacht
i leith an bheartais, na gclár oibríochtúil agus na n-oibríochtaí, agus ról na
gCistí agus an Aontais Eorpaigh; (h)
i gcás inarb iomchuí, cur síos ar úsáid
phríomhthorthaí an chláir oibríochtúil roimhe sin; (i)
nuashonrú bliantúil ina leagtar amach na
gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá le déanamh. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar
síos forálacha coiteanna áirithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste
Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat
Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste
Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus
maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[74]
13.
Beartas réigiúnach, gníomhaíochtaí ABB 13 03 (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa agus oibríochtaí réigiúnacha eile); 13 04 an Ciste Comhtháthaithe 4.
Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, gníomhaíocht ABB 04 02 (Ciste Sóisialta na
hEorpa)
1.3.
An cineál togra/tionscnaimh
■ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann
treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[75] ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Is
é cuspóir an Bheartais Chomhtháthaithe éagothromaíochtaí idir leibhéil
forbartha na réigiún éagsúil a laghdú, go háirithe maidir le limistéir
thuaithe, limistéir a bhfuil tionchar ag an trasdul tionsclaíoch orthu, agus
réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó deimeagrafacha acu agus
cabhrú chun na spriocanna atá leagtha amach sa Straitéis "Eoraip
2020" maidir le fás cliste inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach,
agus go háirithe i dtaobh na bpríomhspriocanna cainníochtúla atá sainaitheanta
sa straitéis sin a bhaint amach.
1.4.2.
Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB
lena mbaineann
Tá
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) dírithe ar chomhtháthú
eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach le
hinfheistíochtaí cómhaoinithe sna Ballstáit, agus cuireann Ciste Sóisialta na
hEorpa (CSE) fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta chun cinn. Tugann
an Ciste Comhtháthaithe cabhair do na Ballstáit infheistíochtaí a dhéanamh i
líonraí iompair agus sa chomhshaol. Is
iad seo a leanas cuspóirí sonracha idirghabhála na gCistí:
- taighde,
forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú - úsáid
agus cáilíocht theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus rochtain
orthu a fheabhsú - iomaíochas
na bhfiontar beag agus meánmhéide agus earnáil na talmhaíochta (i gcás an
Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)) agus earnáil an
iascaigh agus an dobharshaothraithe (i gcás an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus
Iascaigh (CEMI)) a fheabhsú - tacú
leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha uile - oiriúnú
don athrú aeráide, cosc ar rioscaí maidir le hathrú aeráide agus bainistíocht
an athraithe aeráide a chur chun cinn - an
comhshaol a chosaint agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn - iompar
inbhuanaithe a chur chun cinn agus scrogaill i bpríomhbhonneagair ghréasáin a
bhaint - an
fhostaíocht agus soghluaisteacht an luchta saothair a chur chun cinn - cuimsiú
sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac - infheistíocht
a dhéanamh in oideachas, i scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil - acmhainní
na n‑institiúidí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú Gníomhaíochtaí
ABM/ABB lena mbaineann: 13
03: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus idirghabhálacha réigiúnacha
eile 13
04: An Ciste Comhtháthaithe 04
02: Ciste Sóisialta na hEorpa
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Rannchuidíonn
an beartas comhtháthaithe ar bhealach suntasach le fás agus rathúnas a
scaipeadh ar fud an Aontais, ag tabhairt i gcrích tosaíochtaí beartais
Eorpacha, agus ag laghdú éagothromaíochta eacnamaíocha, sóisialta agus
críochacha san am céanna.
1.4.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Molann
an Coimisiún príomhshraith choiteann de tháscairí ar aschur is féidir a
chomhiomlánú ar leibhéal an AE. Tá na táscairí coiteanna
ar aschur sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na rialacháin a bhaineann go
sonrach leis na Cistí. Beidh táscairí ar thorthaí éigeantach do gach clár agus
do gach tosaíocht. Déanfar tionchar na gclár sin a mheas i gcomparáid le
cuspóirí agus spriocanna Straitéis "Eoraip 2020", agus le OTI agus
táscairí ar dhífhostaíocht nuair is iomchuí.
1.5.
Na forais leis an togra/tionscnamh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Cuirfidh
an tAontas chun cinn comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon
leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Leagtar amach
sa togra an creat don bheartas comhtháthaithe don chéad tréimhse cistiúcháin
eile 2014-2020.
1.5.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Tá
údar le gníomhaíocht an AE ar fhorais na gcuspóirí atá leagtha amach in
Airteagal 174 den Chonradh agus ar fhorais phrionsabal na coimhdeachta. Bunaítear an ceart beart a dhéanamh le hAirteagal 3 den Chonradh
ar an Aontas Eorpach, ina sonraítear go gcuirfidh an tAontas “chun cinn an
comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an
dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit”, agus le hAirteagal 175 den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh chomh maith ina n‑iarrtar go sainráite ar
an Aontas an beartas seo a chur chun feidhme trí bhíthin Cistí Struchtúracha,
agus le Airteagal 177 ina sainítear ról an Chiste Comhtháthaithe. Tá
aidhmeanna Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa (ERDF) agus an Chiste Chomhtháthaithe sainithe in Airteagal 162,
Airteagal 176 agus Airteagal 177. Is féidir tuilleadh sonraí faoin
luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE sa Mheasúnú Tionchair
gaolmhar. Faoi
mar a tugadh chun suntais in Athbhreithniú Buiséid an AE, ba cheart buiséad an
AE a úsáid chun earraí poiblí an AE a mhaoiniú, chomh maith le gníomhaíochtaí
nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin, nó i gcás
ina bhféadfaí torthaí níos fearr a fháil[76]. Urramófar sa togra dlí prionsabal na coimhdeachta toisc go bhfuil
cúraimí na gCistí leagtha amach sa Chonradh agus cuirtear an beartas chun feidhme
i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhpháirtí agus inniúlachtaí na n‑institiúidí
sna Ballstáit agus sna réigiúin á n‑urramú.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
Tá
achoimre le fáil sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra.
1.5.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Bunófar
Comhchreat Straitéiseach. Aistreoidh an comhchreat sin
cuspóirí agus tosaíochtaí "Eoraip 2020" isteach i dtosaíochtaí
infheistíochta do CFRE, don Chiste Comhtháthaithe, do CSE, don CETFT agus don
CEMI, agus áiritheofar úsáid lánpháirtithe na gcistí chun na cuspóirí coiteanna
a thabhairt i gcrích. Leagfar amach meicníochtaí comhordaithe agus beartais
agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais sa chomhchreat straitéiseach.
1.6.
Fad agus tionchar airgeadais
¨ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta –
¨ Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 1.1.2014 go 31.12.2020 –
¨ Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 ¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta · Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB · agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[77]
¨ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: · ¨ gníomhaireachtaí
feidhmiúcháin · ¨ comhlachtaí arna
mbunú ag na Comhphobail[78] · ¨ comhlachtaí
náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí
acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ■ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí . .
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Beidh
an córas faireacháin bunaithe ar chóras bainistíochta comhpháirtí. Beidh coistí faireacháin arna mbunú le haghaidh gach cláir
oibríochtúla agus tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme le haghaidh gach
cláir oibríochtúla mar chuid lárnach den chur chuige. Tiocfaidh na coistí
faireacháin le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh cruinnithe
athbhreithnithe bliantúla idir an Coimisiún agus na Ballstát leis an gcóras. I
dteannta na dtuarascálacha cur chun feidhme le haghaidh gach cláir
oibríochtúla, beidh tuarascálacha in 2017 agus in 2019 ar dhul chun cinn
dírithe ar shaincheisteanna straitéiseacha ar leibhéal na mBallstát. Bunaithe ar an méid sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascálacha
straitéiseacha in 2017 agus in 2019. Beidh
an córas faireacháin agus tuairiscithe bunaithe ar tháscairí ar aschur agus ar
thorthaí. Leagtar amach sna tograí sraith de tháscairí
coiteanna a úsáidfear chun faisnéis a chomhiomlánú ar leibhéal an AE. Ag pointí
tábhachtacha den tréimhse cur chun feidhme (2017 agus 2019), is cuid de na
tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme iad breischeanglais anailíse ar dhul
chun cinn na gclár. Baineann an córas faireacháin agus tuairiscithe úsáid
iomlán as cumas na n‑aistrithe leitreonacha sonraí. Cuirfear
socruithe meastóireachta i bhfeidhm chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus
tionchar an bheartais a mheas, go háirithe maidir le príomhspriocanna
"Eoraip 2020" agus táscairí ábhartha eile ar thionchar.
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
Na rioscaí a aithníodh
Ó
2007 i leith tá tuairisc tugtha ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ('an Chúirt') ina
tuarascáil bhliantúil ar ráta earráide measta maidir leis an mBeartas
Comhtháthaithe iomlán do gach bliain buiséid (2006-2009) bunaithe ar shampla
neamhspleách bliantúil randamach d'idirbhearta. Tá leibhéal measta earráide na Cúirte maidir leis an
mBeartas Comhtháthaithe ard i gcomparáid le grúpaí beartais eile de bhuiséad an
AE sna blianta sin, agus leibhéal thart ar 5 % – 10 % den chaiteachas
don tréimhse reatha cláraithe atá ann.Tá feidhm an ráta earráide arna soláthar
ag an gCúirt, áfach, maidir le híocaíochtaí eatramhacha arna gcur isteach ag na
Ballstáit a aisíocann an Coimisiún sula ndéantar na rialaithe ar fad dá
bhforáiltear i gcláir 2007-1013 ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an
Chomhphobail. Faoi
na rialacha reatha, deimhníonn údarás deimhniúcháin an Choimisiúin na
híocaíochtaí eatramhacha tar éis don lucht bainistíochta seiceálacha deisce a
dhéanamh ar an gcaiteachas ar fad a éilíonn tairbhithe agus go minic
deimhnítear iad sula ndéanann an lucht bainistíochta seiceálacha cuimsitheacha
ar an láthair, nó gníomhaíochtaí iniúchóireachta ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin,
ciallaíonn na socruithe ilbhliantúla maoinithe go ndéantar rialaithe sula
ndéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an obair iniúchóireachta, nó ina dhiaidh,
agus féadfaidh an earráid iarmharach tar éis na rialuithe sin ar fad a
thabhairt i gcrích bheith níos ísle ná an ráta earráide a bhraith an Chúirt. Bunaithe ar thaithí a fuarthas roimhe seo, meastar an earráid
iarmharach ag deireadh an chláraithe, tar éis na rialaithe ar fad a thabhairt i
gcrích, a bheith thart ar 2-5 %. Rinneadh
foráil do roinnt beart sna tograí chun an ráta earráide atá nasctha leis na
híocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún a laghdú (an ráta
earráide arna thuairisciú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa): 1) Cuirfear teorainn le híocaíocht eatramhacha an Choimisiúin ag
90 % den mhéid atá dlite do na Ballstáit, toisc nach bhfuil ach cuid de na
rialuithe náisiúnta curtha i gcrích ag an bpointe sin. Íocfar an t‑iarmhéid atá fágtha nuair a dhéanfar an t‑imréiteach
bliantúil ar an cuntais a luaithe agus a sholáthróidh an t‑údarás
bainistíochta agus an t‑údarás iniúchóireacht fianaise ar iniúchadh agus
urrús réasúnta. Déanfar glancheartúchán ar bhonn aon
neamhrialtachtaí a bhraitheann an Coimisiún nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tar
éis don údarás bainistíochta/deimhniúcháin na cuntais dheimhnithe bhliantúla a
tharchur. Beidh dreasachtaí níos mó ann, dá bhrí sin, do na Ballstáit rialtacht
an chaiteachais atá deimnithe don Choimisiún a áirithiú i gcomparáid leis an
gcur chuige atá ann faoi láthair a cheadaíonn athchúrsáil níos forleithne ar
chistí ghnóthaithe fad is a mhaireann na cláir. 2)
Imréiteach bliantúil cuntas a thabhairt isteach mar aon le dúnadh bliantúil
na n‑oibríochtaí lánchríochnaithe nó an chaiteachais, a chruthóidh
dreasachtaí breise d'údaráis náisiúnta agus réigiúnach tabhairt faoi rialuithe
cáilíochta ar bhealach tráthúil i bhfianaise dheimhniú bhliantúil cuntas don
Choimisiún. Is ionann sin agus socruithe reatha na
bainistíochta airgeadais a threisiú agus tugann sé dearbhú níos fearr go mbeidh
caiteachas mírialta á eisiamh ó na cuntais ar bhonn bliantúil seachas ag
deireadh na tréimhse clárúcháin. Táthar
ag súil go ndéanfaidh na bearta a luaitear thuas (an córas nua aisíocaíochta,
imréiteach agus dúnadh bliantúil agus glancheartúcháin cinntitheacha a
dhéanfaidh an Coimisiún) an ráta earráide a laghdú go dtí faoi bhun 5 %
agus go mbeidh an ráta deiridh iarmharach earráide tráth a dhúnfar na cláir
níos giorra don tairseach ábharthachta 2 % arna chur i bhfeidhm ag Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa. Mar
sin féin, beidh an meastachán faoi réir chumas an Choimisiúin agus na mBallstát
aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí a luaitear thíos. Léiríonn anailís a rinneadh ar earráidí arna dtuairisciú ag
an gCúirt agus ag an gCoimisiún le cúig bliana anuas, go bhfuil na príomhearráidí
le fáil i líon teoranta clár i roinnt Ballstát. Léiríonn na rátaí earráide atá bunaithe ar shampla staitistiúla arna
dtuairisciú ag na húdaráis iniúchóireachta freisin go bhfuil éagsúlacht
shuntasach idir cláir éagsúla agus tacaíonn siad leis an anailís sin dá bhrí
sin. I gcás an togra maidir le díriú ar ghníomhaíochtaí iniúchóireachta agus
acmhainní do cláir ardriosca, agus chun bearta comhréireacha rialaithe a cheadú
do chláir a bhfuil córais éifeachtacha rialaithe acu, thabharfadh sé aghaidh ar
na príomhrioscaí ar bhealach níos éifeachtaí agus bheadh úsáid níos éifeachtúla
na n‑acmhainní iniúchóireachta atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta
agus ar leibhéal an Choimisiúin mar thoradh air. Féadfaidh
an fhéidearthacht go mbeadh tairbhe le baint as socruithe comhréireacha i ndáil
le cás gach cláir ann féin dreasachtaí a chruthú maidir le bearta rialaithe
níos éifeachtaí. Léiríonn
an anailís a rinneadh ar earráidí nár bhraith na córais náisiúnta bainistíochta
agus rialaithe, agus ar sainaithníodh sa Chúirt sna hiniúchtaí 2006-2009, dá
bhrí sin, go bhfuil na rioscaí comhchruinnithe sna catagóirí seo a leanas: Maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste
Comhtháthaithe, chuir earráidí i soláthar poiblí le
thart ar 41 % de na hearráidí inchainníochtúla carnacha a aimsíodh. B'ionann le 39 % earráidí a bhain le hincháilitheacht agus
áiríodh leo cineálacha éagsúla earráidí amhail earráidí i dtionscadal a roghnú,
catagóirí neamh-incháilithe costas a mhaoiniú, costais lasmuigh den tréimhse
incháilitheachta nó lasmuigh den limistéar incháilithe, míríomh rátaí
cómhaoinithe, CBL neamh-incháilithe a mhaoiniú etc. B'ionann le 11 %
d'earráidí inchainníochtúla laigí sa raon iniúchóireachta (coibhneas a
dtagann laghdú air le himeacht ama de bharr rialuithe bainistíochta treisithe),
agus earráidí atá nasctha le saincheist chasta na dtionscadal ginte ioncaim (ionam
nach n‑asbhaintear nó nach ríomhtar i gceart agus ráta cómhaoinithe
ró-ard a bheith mar thoradh air sin) arb ionad iad agus 6 % de na hearráidí
cainníochtúla a tuairiscíodh le linn na tréimhse sin. Maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, chuir saincheisteanna
incháilitheachta le thart ar 58 % de na hearráidí
inchainníochtúla carnacha a aimsíodh agus a bhaineann go háirithe le
rannpháirtithe áirithe neamh-incháilithe, costais díreacha agus indíreacha
neamh-incháilithe, le híocaíochtaí tar éis na tréimshe incháilitheachta nó ina
diaidh, le caiteachas neamh-incháilithe arna dhearbhú ar bhonn ráta comhréidh,
le costais neamh-incháilithe scoláireachta agus liúntas poiblí, le hioncam nár
asbhaineadh agus caiteachas incháilithe á ríomh nó á ríomh go mícheart, nó le
seirbhísí a n‑íoctar astu ach nach seachadtar agus le CBL
neamh-incháilithe. Bhain na saincheisteanna maidir le
cruinneas, arb ionann iad agus 7 % de na hearráidí inchainníochtúla a
tuairiscíodh, le leithdháileadh mícheart costas díreach agus indíreach, le modh
leithdháilte ar na costais indíreacha nach raibh údar cuí leis, le botúin i
ríomh na gcostas, le neamhurramú phrionsabal an chostais iarbhír, le
ró-dhearbhú costas, le ríomh mícheart na rátaí cómhaoinithe agus le dearbhú
iolrach costas foirne. Chuir saincheisteanna maidir leis an raon
iniúchóireachta le 35 % de na hearráidí agus bhain siad leis an easpa
doiciméad riachtanach tacaíochta, go háirithe ar leibhéal na dtairbhithe. Cé
go bhfuil an Coimisiún ag tabhairt faoi roinnt gníomhaíochtaí leis na Ballstáit
chun na hearráidí sin a laghdú, meastar go bhféadfadh riosca a bheith leis na
hearráidí sin, go dtí go nglacfar an togra seo agus go gcuirfear na i bhfeidhm
go cuí sna Ballstáit é, sa chéad tréimhse cláraithe eile 2014-2020. Is
mórfhoinse earráidí iad earráidí a bhaineann le soláthar poiblí go háirithe
agus féadfar iad a mheas ag ráta earráide thart ar 2-4 % gach bliain ar an
meán don tréimhse reatha cláraithe. Áiritheofar le tograí
a chuirfear isteach faoin mBeartas Comhtháthaithe rialuithe níos éifeachtaí,
ach chun laghdú suntasach sa ráta earráide a bhaint amach faoin mBeartas
Comhtháthaithe, tá sé tábhachtach na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú trí na
rialacha maidir le soláthar poiblí a shoiléiriú agus a shimpliú. In éagmais
nósanna imeachta níos éifeachtaí um sholáthar poiblí, agus mura bhfuil
riaracháin phoiblí agus tairbhithe sna Ballstáit in ann cur chun feidhme na
rialacha sin a fheabhsú, bheadh an chuid sin den ráta earráide reatha ag cur
isteach go córasach ar an mBeartas Comhtháthaithe. Ba cheart go mbeadh deis ann
le hathbhreithniú reatha na Treorach maidir le soláthar poiblí, dá bhrí sin,
cabhrú chun na hearráidí sa Bheartas Comhtháthaithe a laghdú ar na bealaí a
luaitear thuas.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Is
forbairt ar atá i bhfeidhm 2007-2013 an struchtúr atá beartaithe do na córais
bainistíochta agus rialaithe agus caomhnaítear leis formhór na bhfeidhmeanna
arna ndéanamh sa tréimhse reatha lena n‑áirítear fíoruithe riaracháin
agus fíoruithe ar an láthair, iniúchtaí ar chórais bainistíochta agus rialaithe
agus iniúchtaí ar oibríochtaí. Caomhnaítear ann freisin
ról an Choimisiún mar aon leis an bhféidearthacht bristeacha, fionraithe agus
ceartúcháin airgeadais a bheith á ndéanamh ag an gCoimisiún. Chun
cuntasacht a threisiú, chreidiúnódh comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin údaráis
an chláir a bhfuil sé de chúram ar an gcomhlacht maoirseacht leanúnach a
dhéanamh orthu. Tugtar deis solúbthachta leis an togra
chun an struchtúr atá ann faoi láthair de thrí príomhúdarás faoi láthair do
gach clár a choinneáil i gcásanna inar léir go raibh an córas sin éifeachtach. Tugtar
leis freisin an deis chun an t‑údarás bainistíochta agus an t‑údarás
deimhniúcháin a chumasc ar mhaithe le líon na n‑údarás bainteach a laghdú
sna Ballstáit. Dá mbeadh líon níos lú comhlachtaí ann, laghdófaí ar an ualach
riaracháin agus ba mhó an deis a bheadh ann cumas níos láidre riaracháin a
fhorbairt, ach cheadófaí leithdháileadh níos soiléire freagrachtaí freisin. Meastar
costas na gcúraimí a bhaineann le rialú (ar an leibhéal náisiúnta agus
réigiúnach, gan costais an Choimisiún a áireamh) a bheith thart ar 2 % den
mhaoiniú iomlán arna riar sa tréimhse 2007-2013[79]. Baineann na costais sin leis na réimsí rialaithe seo a leanas: Díorthaítear
1 % ó chomhordú náisiúnta agus ó ullmhúchán clár, baineann 82 % le
bainistíocht clár, 4 % le deimhniúchán agus 13 % le hiniúchadh. Déanfaidh na tograí seo a leanas costais an rialaithe a mhéadú: -
comhlacht creidiúnúcháin a chruthú agus a fheidhmiú (féadfar costais an
chomhlachta a chúiteamh le cumasc na n‑údarás bainistíochta agus
deimhniúcháin, má roghnaíonn an Ballstát an rogha seo); -
cuntais dheimhnithe bhliantúla agus dearbhú bainistíochta bliantúil a chur
isteach, a thugann le fios go bhfuil na rialuithe ar fad is gá déanta sa
bhliain cuntasaíochta (féadfaidh iarracht bhreise riaracháin a bheith de dhith
chun an méid sin a dhéanamh); -
an gá le breisghníomhaíocht iniúchóireachta ó na húdaráis iniúchóireachta chun
iniúchadh a dhéanamh ar an dearbhú bainistíochta nó an gá leis na hiniúchtaí a
chríochnú agus tuairim iniúchóireachta a chur in iúl i dtréimhse níos giorra i
gcomparáid leis na hoibleagáidí reatha. Tá tograí ann freisin a dhéanfaidh costais an rialaithe a laghdú,
áfach: -
an rogha chun na húdaráis bainistíochta agus deimhniúcháin a chumasc, a
cheadódh don Bhallstát cuid shuntasach a shábháil den 4 % de na costais
reatha a bhaineann le deimhniúchán de thoradh éifeachtúlachta níos fearr
riaracháin, laghdú ar an ngá le comhordú, agus raon feidhme na n‑iniúchtaí
a laghdú; -
costais shimplithe agus Comhphleananna Gníomhaíochta a úsáid, a dhéanann laghdú
ar chostais agus ar ualaí riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus
tairbhithe araon. -
socruithe comhréireacha rialaithe le haghaidh fíoruithe bainistíochta agus
iniúchtaí; -
dúnadh bliantúil, a laghdóidh costas coinneála na ndoiciméad chun críoch
rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe. Táthar ag súil, dá bhrí sin, go mbeidh sé mar thoradh ar na tograí, ar
an iomlán, go ndéanfar na costais rialaithe a athdháileadh (costais a fhanfaidh
ag thart ar 2 % den mhaoiniú iomlán atá á bhainistiú), seachas iad a
mhéadú nó a laghdú. Meastar, áfach, go n‑éascóidh
an t‑athdháileadh sin ar chostais (do na feidhmeanna ar fad agus de bharr
na socruithe comhréireacha rialaithe, agus freisin do na Ballstáit agus na
cláir ar fad) maolú níos éifeachtaí ar rioscaí agus go mbeidh ráta earráide
níos lú ná 5 % mar thoradh air sin. I dteannta na n‑athruithe a rinneadh ar an mbainistíocht
airgeadais agus ar an socrú rialaithe a chuireann le braith éifeachtach agus
eisiamh luath earráidí ó na cuntais, déanann an togra foráil maidir le simpliú
i réimsí áirithe a chabhraíonn chun earráidí a chosc. Mar
atá luaite thuas, thabharfadh na bearta atá beartaithe do na réimsí sin aghaidh
ar 55 % de na rátaí earráide atá tuairiscithe don tréimhse reatha. Tá
orthu sin: -
Úsáid níos forleithne costas simplithe a dhéanann earráidí a bhaineann le
bainistíocht airgeadais, rialacha incháilitheachta agus an raon iniúchóireachta
a laghdú, agus a atreoraíonn an cur chun feidhme agus an rialú i dtreo
fheidhmíocht na n‑oibríochtaí. -
Comhchruinniú téamach níos mó i dtaobh maoinithe a bhféadfadh laghdú ar
earráidí de thoradh rogha leathan idirghabhálacha a bheith i gceist leis, agus
rogha rialacha incháilitheachta arna gcur i bhfeidhm dá bhrí sin. -
Rialacha soiléirithe chun tionscadail a roghnú. Cur
chuige níos simplí, bunaithe ar ráta comhréidh, i dtaobh oibríochtaí ginte
ioncam a laghdóidh riosca na n‑earráidí maidir leis an ioncam arna
ghineadh ag oibríochtaí a chinneadh agus a asbhaint. -
Comhchuibhiú, soiléiriú agus simpliú na rialacha incháilitheachta i dtaobh
ionstraimí eile um thacaíocht airgeadais, a dhéanfaidh na botúin a dhéanann
tairbhithe a bhaineann úsáid as cúnamh ó fhoinsí éagsúla a laghdú. -
Bainistiú agus malartú leictreonach sonraí la bhunú ar bhonn éigeantach idir an
riarachán agus na tairbhithe d'fhonnan ráta earráide a ghearradh atá de thoradh
ar mhodhanna neamh-leordhóthanacha coinneála doiciméad agus ar an ualach
riaracháin atá ar thairbhithe a shimpliú. -
Dúnadh bliantúil oibríochtaí nó caiteachais, a dhéanann earráidí sa raon
iniúchóireachta a laghdú tríd an tréimhse coinneála do dhoiciméid a laghdú agus
a sheachnaíonn méadú suntasach ar an ualach riaracháin atá nasctha leis an
dúnadh aonuaire ag deireadh na tréimhse cláraithe. Cuireann
formhór na simplithe atá liostaithe thuas leis an ualach riaracháin do
thairbhithe a laghdú freisin agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú
comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin.
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Tá
Comhstraitéis Frith-Chalaoise curtha i bhfeidhm ag seirbhísí na gCistí
Struchtúracha i gcomhar le OLAF a dhéanann forail do shraith gníomhaíochtaí a
bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstát chun calaois a chosc i
ngníomhaíochtaí struchtúracha faoi bhainistíocht chomhpháirteach. Faoi
láthair, tá an dá DG ag forbairt samhla a thabharfaidh scór don riosca calaoise
agus úsáidfidh na húdaráis bainistíochta lena mbaineann é ar 116 clár CSE agus
ar 60 clár CFRE. Fáiltíonn
an Teachtaireacht a d'eisigh an Coimisiún le déanaí maidir le straitéis
frithchalaoise (COIM(2011) 376 leagan críochnaitheach an 24.6.2011) roimh an
straitéis atá ann cheana mar thionscnamh dea-chleachtais agus beartaíonn sé
gníomhaíochtaí comhlántacha a chur leis, ar an gceann is tábhachtaí acu go n‑iarrfar
ar na Ballstáit sa togra ón gCoimisiún do rialacháin 2014-2020, bearta
frithchalaoise a chur i bhfeidhm ar bearta iad atá éifeachtach agus
comhréireach maidir leis na rioscaí calaoise atá sainaitheanta. Áirítear
i dtogra reatha an Choimisiúin saincheanglas maidir leis na bearta sin a chur i
bhfeidhm faoi Airteagal 86(4)(c). Ba cheart feasach
ar chalaois a threisiú sna Ballstáit dá bhrí sin, i measc na gcomhlachtaí ar
fad atá bainteach le cistí a bhainistiú agus a rialú, agus an riosca calaoise a
laghdú dá bhrí sin.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus
na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
· Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir || LD[80] || ó thíortha an CSTE[81] || ó thíortha is iarrthóirí[82] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1 Fás cliste agus cuimsitheach Ceannteidil nua do 2014-2020 || 04021700 CSE Cóineasú 04021900 CSE Iomaíochas Réigiúnach 13031600 CFRE Cóineasú 13031800 CFRE Iomaíochas Réigiúnach 13031900 CFRE Comhar críochach Eorpach 13040200 Cistí comhtháthaithe || LD || NO || NO || NO || NO · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: Níl In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais […] || [XX.YY.YY.YY] […] || […] || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL
3.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 1 || Fás cliste agus cuimsitheach DG: REGIO agus EMPL || || || Bliain N[83] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (praghsanna 2011) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Uimhir an líne buiséid Línte nua Buiséid CFRE agus CSE || Oibleagáidí || (1) || 36.942,785 || 37.375,939 || 37.758,354 || 38.153,836 || 38.562,407 || 38.948,791 || 39.333,716 || 267.075,828 Íocaíochtaí || (2) || Le ríomh ag DG BUDG[84] || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Uimhir an líne buiséid Líne nua Buiséid an Chiste Comhtháthaithe || Oibleagáidí || (1a) || 9.572,122 || 9.614,264 || 9.631,037 || 9.702,463 || 9.883,112 || 10.053,301 || 10.217,011 || 68.673,310 Íocaíochtaí || (2a) || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Le ríomh ag DG BUDG || Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach[85] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 13.01.04.01 – Foireann sheachtrach CFRE‑{}‑ || || (3) || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3,060 || 3060 || 21,420 13.01.04.03 – Foireann sheachtrach an Chiste Comhtháthaithe || || || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 1,340 || 9,380 04.01.04.01 – Foireann sheachtrach CSE || || || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 35,000 Iomlán na foirne seachtraí ar sheanlínte BA || || || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 9,400 || 65,800 LEITHREASAÍ EILE RIARACHÁIN Ó REGIO || || || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 93,555 LEITHREASAÍ EILE RIARACHÁIN Ó EMPL || || || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 112,000 IOMLÁN leithreasaí le haghaidh DG REGIO agus EMPL || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 46.553,672 || 47.028,968 || 47.428,155 || 47.895,064 || 48.484,284 || 49.040,857 || 49.589,492 || 336.020,493 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 46.514,907 || 46,990,203 || 47.389,390 || 47.856,299 || 48.445,519 || 49.002,092 || 49.550,727 || 335.749,138 Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 38,765 || 271,355 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 46.553,672 || 47.028,968 || 47.428,155 || 47.895,064 || 48.484,284 || 49.040,857 || 49.589,492 || 336.020,493 Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin:
Neamhbhainteach IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi Cheannteidil 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN DG: REGIO || Acmhainní daonna || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 561,309 Caiteachas riaracháin eile || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 26,600 IOMLÁN DG REGIO || Leithreasaí || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 83,987 || 587,909 739109 || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN DG: EMPL || Acmhainní daonna || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG EMPL || Leithreasaí || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 109,387 || 765,709 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N[86] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 46.663,059 || 47.138,355 || 47.537,542 || 48.004,451 || 48.593,671 || 49.150,244 || 49.698,879 || 336.786,202 Íocaíochtaí || || || || || || || ||
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
· ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí · ¨ Éilíonn an togra
go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear
thíos. Cuirtear an beartas comhtháthaithe i bhfeidhm tríd an mbainistíocht
chomhpháirteach. Cé go socraítear tosaíochtaí straitéiseacha ar leibhéal an AE,
tugtar an bhainistíocht laethúil de chúram d'údaráis bainistíochta ar an
leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Cé go molann an Coimisiún táscairí
coiteanna ar aschur, is iad na húdaráis bainistíocht sin a mholann na
spriocanna iarbhír maidir le haschur mar chuid dá gcláir oibríochtúla, arna
gcomhaontú ag an gCoimisiún. Tá sé deacair, dá bhrí sin, táscairí maidir le
haschur a lua go dtí go mbeidh na cláir dréachtaithe, caibidlithe agus
comhaontaithe in 2013/14. Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[87] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[88]... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || || .
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
· ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin · ¨ Éilíonn an togra
go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: DG REGIO EUR milliúin (go
dtí an 3ú deachúil) || Bliain N[89] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní Daonna REGIO || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 80,187 || 561.309 Caiteachas riaracháin eile || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 3,800 || 26,600 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 83,741 || 586,187 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[90] den chreat airgeadais ilbhliantúil[91] || || || || || || || || Acmhainní Daonna REGIO || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 4,4 || 30,8 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 13,365 || 93,555 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 17,765 || 124,355 IOMLÁN || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 101,506 || 710,542 DG EMPL EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || Bliain N[92] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 25,400 || 177,800 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[93] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 5,000 || 35,000 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 16,000 || 112,000 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 21,000 || 147,000 IOMLÁN || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 46,400 || 324,800 IOMLÁN || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 148,933 || 1.042,531
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh
riachtanach
· ¨ Ní éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna · ¨ Éilíonn an
togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Is
iad figiúirí 2011 a úsáidtear do bhliain n. DG REGIO: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Year N+4 || Year N+5 || Year N+6 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) REGIO || 13 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 || 606 13 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || 13 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[94] REGIO || 13 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "ciste iomlánaíoch") || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 || 48 13 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || 13 01 04 01 [95] || - sa Cheanncheathrú[96] || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 || 56 - i dtoscaireachtaí || || || || || || || 13 01 04 03 [97] || - sa Cheanncheathrú[98] || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 || 25 - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Eile || || || || || || || IOMLÁN || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 || 735 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den
DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i
mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Chun rannchuidiú le hanailís, idirbheartaíocht, modhnú agus/nó ullmhúchán le haghaidh tograí formheas do chláir agus/nó do thionscadail i mBallstát XXX. Chun rannchuidiú le bainistíocht, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár/na dtionscadal arna bhformheas. Chun comhlíonadh na rialacha a rialaíonn clár XXX a áirithiú. Pearsanra seachtrach || Idem agus/nó tacaíocht riaracháin DG EMPL Sloinnfear an
meastachán in aonaid i gcoibhéis lánaimseartha gan pointí deachúla || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || 04 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) (200 post, costas aonaid EUR 127.000) || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 || 200 (Toscaireachtaí) || || || || || || || (Taighde indíreach) || || || || || || || (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[99] || (CA, INT, SNE ón "ciste iomlánaíoch") || || || || || || || (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || 04 01 04 01 [100] || sa Cheanncheathrú[101] || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 || 93 i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || xx 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Eile xx 01 04 02) || || || || || || || IOMLÁN || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 || 293 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na
gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den
DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i
mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil
i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha
· ¨ Tá an
togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais
ilbhliantúil eile. · ¨ Beidh athchlárú
an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an
togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. […] · ¨ Éilíonn an
togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[102] Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. […]
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
· Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe · ¨ Déantar foráil sa
togra gur gá cistiú Eorpach a chómhaoiniú. Ní féidir an méid cruinn a
chainníochtú. Bunaítear leis an rialachán uasrátaí cómhaoinithe atá difreáilte
i gcomhréir le leibhéal na forbartha réigiúnaí (cf. Art. 73 den rialachán
atá beartaithe): Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || BS || BS || BS || BS || BS || BS || BS || IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh ||
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
· ¨ Níl tionchar
airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. · ¨ Tá an tionchar airgeadais
seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[103] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar
orthu. […] Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. […] [1] COIM(2011) 500 leagan
críochnaitheach. [2] COIM(2010)700 leagan
críochnaitheach. [3] COIM(2010) 543 leagan críochnaitheach. [4] "Results of the public consultation on the
conclusions of the fifth report on economic, social and territorial cohesion
Brussels" (Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar chonclúidí na cúigiú
tuarascála faoin chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach), an
Bhruiséil, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SEC(2011) 590
leagan críochnaitheach, 13.5.2011. [5] http://ec.europa.eu/agriculture/events/cap-towards-2020_en.htm [6] COIM(2009) 163 leagan críochnaitheach. [7] Conclúidí na Comhairle maidir leis an gCúigiú Tuarascáil
faoi chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, cruinniú de chuid na
Comhairle um Ghnóthaí Ginearálta, an Bhruiséil, an 21 Feabhra 2011. [8] IO C , , lch. . [9] IO C , , lch. . [10] IO C , , lch.
. [11] IO L 248, 16.09.2002, lch. 1. [12] IO L 154, 21.6.2003, lch. 1. [13] IO L 209, 2.8.1997, lch. 1. [14] IO L 55, 28.2.2011,
lch. 13. [15] IO L 210, 31.7.2006,
lch. 25. [16] [17] [18] [19] IO L , , lch. . [20] [21] [22] [23] IO L 379, 28.12.2006, lch. 5. [24] IO L 337, 21.12.2007, lch. 35. [25] IO L 193, 25.7.2007, lch. 6. [26] IO L 314, 30.4.2004, lch. 114. [27] IO L 210, 31.7.2006, lch. 19. [28] IO L 25, 30.1.2003, lch. 43. [29] IO L 53, 23.2.2002, lch. 1. [30] IO L 118, 12.5.2010,
lch. 1. [31] IO L 53, 23.2.2002, lch. 1. [32] Tag. ceannspriocanna 2020 an AE. [33] IO L 197, 21.7.2001, lch. 30 [34] IO ... [35] IO L 209, 2.8.1997, lch. 1. [36] Mar atá sainmhínithe i gCóras Eorpach
na gCuntas (CEC) agus atá tarchurtha ag an 27 Ballstát uile ina gCláir
Chobhsaíochta agus ina gCláir um Chóineasú. [37] Míniú: Is éard atá in earnáil an rialtais ghinearálta, den chuid is mó, aonaid
rialtais láir, stáit agus áitiúla mar aon le cistí slándála sóisialta arna
bhforchur agus arna rialú ag na haonaid sin. Ina theannta sin, áirítear ann institiúidí neamhbhrabúis a bhfuil
táirgeadh neamh-mhargaidh ar siúl acu agus atá rialaithe agus maoinithe, den
chuid is mó, ag aonaid rialtais nó ag cistí slándála sóisialta. [38] IO L 83, 27.3.1999, lch. 1. [39] Arna fhormhuiniú ag Comhairle ECOFIN
an 7 Meán Fómhair 2010. [40] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Aontas na Nuálaíochta - Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020
(COIM(2010) 546 críochnaitheach, 6.10.2010). Ceangaltais 24/25 agus Iarscríbhinn I “Uirlis féinmheasúnaithe: Gnéithe a bhaineann le córais taighde agus
nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a fheidhmíonn go maith”. Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Conclúidí maidir le hAontas na Nuálaíochta don
Eoraip (doic. 17165/10, 26.11.2010). [41] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre
Digiteach don Eoraip (COIM(2010) 245 críochnaitheach/2, 26.8.2010); Doiciméad
Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: Scórchlár an Chláir Oibre
Dhigitigh SEC(2011) 708, 31.5.2011). Conclúidí na Comhairle Iompair,
Teileachumarsáide agus Fuinnimh maidir leis an gClár Oibre Digiteach don Eoraip
(doic. 10130/10, 26 Bealtaine 2010) [42] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus
chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Digiteach don Eoraip (COIM(2010) 245
críochnaitheach/2, 26.8.2010); Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an
Choimisiúin: Scórchlár an Chláir Oibre Dhigitigh (SEC(2011) 708,
31.5.2011). [43] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus
chuig Coiste na Réigiún: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um
Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (COIM(2008) 394, 23.6.2008); Conclúidí na
Comhairle Iomaíochais: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um
Ghnólachtaí Beaga don Eoraip (doic. 16788/08, 1.12.2008); Teachtaireacht ón
gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an
“Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (COIM(2008) 78 críochnaitheach,
23.2.2011); Conclúidí na Comhairle Iomaíochais: Conclúidí maidir leis an
Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (doc. 10975/11,
30.5.2011). [44] IO L 48, 23.2.2011, lch. 1. [45] IO L 153, 18.6.2010, lch. 13 [46] IO L 140, 5.6.2009,
lch. 136. [47] IO L 114, 27.4.2006,
lch. 64. [48] IO L 52, 21.2.2004, lch. 50. [49] IO L 140, 5.6.2009,
lch. 16. [50] Conclúidí na Comhairle um Cheartas
agus um Ghnóthaí Baile; 11-12 Aibreán
2011, Conclúid maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca
i ndáil le bainistíocht tubaistí san Aontais Eorpach. [51] IO L 327, 22.12.2000,
lch. 1. [52] IO L 327, 22.12.2000,
lch. 1. [53] IO L 312, 22.11.2008,
lch. 3. [54] Moladh (2010/410/AE) ón gComhairle an
13 Iúil 2010, IO L 191, 23.7.2010, lch. 28. [55] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don
Eoraip (COIM(2008) 394, 23.6.2008); Conclúidí na Comhairle Iomaíochais:
Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús - Gníomh um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip
(doic. 16788/08, 1.12.2008); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na
hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus
chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú ar an “Gníomh um Ghnólachtaí Beaga” don
Eoraip (COIM(2008) 78 críochnaitheach, 23.2.2011); Conclúidí na Comhairle
Iomaíochais: Conclúidí maidir leis an Athbhreithniú ar an “Gníomh um
Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (doc. 10975/11, 30.5.2011). [56] Moladh (2010/410/AE) ón gComhairle an 13 Iúil 2010, IO L
191, 23.7.2010, lch. 28. [57] Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i
bhfeidhm, agus a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um
choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le
comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san
áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh. [58] Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá
anseo a bheith le linn thréimhse cur chun feidhme an chláir. [59] Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i
bhfeidhm, agus a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um
choinníollacht, déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le
comhlíonadh an Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san
áireamh sa mheasúnú ar chomhlíonadh. [60] Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá
anseo a bheith le linn thréimhse cur chun feidhme an chláir. [61] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus
chuig Coiste na Réigiún – Comhthiomantas maidir le fostaíocht – COIM(2009)257
críochnaitheach. [62] IO C 191, 1.7.2011, lch. 1. [63] COIM(2006) 208 críochnaitheach [(Cuirfear an
Teachtaireacht a thabharfar faoi dheireadh Mheán Fómhair 2011 ina ionad)] [64] Conclúidí na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le
creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le
hoiliúint ("ET 2020") (2009/C 119/02) [65] Moladh ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le
cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair (IO L 307,
18.11.2008, lch. 11). [66] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa,
chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus
chuig Coiste na Réigiún: Creat AE maidir le Straitéisí Náisiúnta um Lánpháirtiú
na Romach go dtí 2020. COIM(2011) 173. [67] Má tá Moladh ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír i
bhfeidhm, a bhfuil nasc díreach aici leis an bhforáil seo um choinníollacht,
déanfar an measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le comhlíonadh an
Mholta ón gComhairle a bhaineann go sonrach le tír a chur san áireamh sa
mheasúnú ar chomhlíonadh. [68] Féadfaidh spriocdhátaí do sheachadadh na ngnéithe uile atá
anseo dul in éag linn thréimhse cur chun feidhme an chláir. [69] IO L 303, 2.12.2000,
lch. 16. [70] IO L 180, 19.7.2000, lch. 22 [71] IO, L 23, 27.01.2010, lch. 35
foilsiú na Treorach ón gComhairle an 26 Samhain 2009 i
ndáil le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas
a bheith á thabhairt chun críche ag an gComhphobal Eorpach. [72] IO L 175, 5.7.1985,
lch. 40. [73] IO L 197, 21.7.2001,
lch. 30. [74] ABM: Bainistiú de réir
gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [75] Mar a thagraítear dó in
Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [76] COIM(2010) 700, 19.10.2010. [77] Is féidir mionsonraí ar na
modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar
shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [78] Mar a
thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [79] Staidéar "Regional governance in the context of
globalisation: reviewing governance mechanisms &
administrative costs. Administrative workload and costs
for Member State public authorities of the implementation of ERDF and Cohesion
Fund", 2010 (Rialachas réigiúnach i gcomhthéacs an domhandaithe: meicníochtaí rialachais agus costais riaracháin a
athbhreithniú. Ualach oibre
riaracháin agus costais d'údaráis phoiblí na mBallstát de bharr Chiste Forbraíochta
Réigiúnaí na hEorpa agus an Chiste Comhtháthaithe a chur chun feidhme",
2010) [80] LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí
neamhdhifreáilte [81] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na
hEorpa. [82] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [83] Is i mbliain N a chuirtear tús le cur chun feidhme an
togra/tionscnaimh. [84] Braithfidh sé seo ar chéatadán an réamhaoinithe, ar a
thapa a chuirtear chun feidhme beartais réigiúnaigh sna Ballstáit agus ar na
leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil [85] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde
indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [86] Is í bliain N an bhliain a
gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [87] Is ionann aschuir agus táirgí agus
seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann
maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [88] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí
sonracha...". [89] Is í bliain N an bhliain a
gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [90] Cúnamh agus
caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó
gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde
díreach a chur chun feidhme [91] .Foireann sheachtrach arna maoiniú ó sheanlínte BA,
bunaithe ar Leithdháileadh Críochnaitheach 2011 ar Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear
foireann sheachtrach ag an gCeanncheathrú agus i dToscaireachtaí [92] Is í bliain N an bhliain a
gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [93] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [94] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation"
(saineolaí óg i dToscaireacht); LA=
Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí
náisiúnta ar iasacht; [95] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [96] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [97] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [98] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [99] CA= Gníomhaire ar conradh; INT=
Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED
= "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA=
Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [100] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [101] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [102] Féach pointí 19 agus 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach. [103] A fhad a bhaineann le hacmhainní
dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na
méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus
25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.