EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0530

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíonta cumhraithe

/* COIM/2011/0530 leagan deireanach - 2011/0231 (COD) */

52011PC0530

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíonta cumhraithe /* COIM/2011/0530 leagan deireanach - 2011/0231 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá cur chuige maidir le táirgí fíonta cumhraithe ag an AE cheana agus tá údar maith leis an gcur chuige sin chun saorghluaiseacht earraí ar an margadh aonair a éascú agus chun tásca geografacha a chosaint, óir tugann siad an deis don tomhaltóir earraí sonracha a aithint a bhfuil saintréithe acu atá inchurtha i leith an tionscnaimh gheografaigh. Creat dlíthiúil le haghaidh táirgí fíonta cumhraithe, ina leagtar amach sainmhínithe táirgí agus rialacha maidir le lipéadú, tá éifeacht dhíreach ag a leithéid de chreat ar tháirgeoirí na dtáirgí sin agus, go pointe níos lú, ar na tomhaltóirí i ngeall ar na rialacha maidir le lipéadú.

Cuirtear an togra seo in ionad an togra ón gCoimisiún COIM(2007)848 ar chinn an Coimisiún é a tharraingt siar i gClár Oibre an Choimisiúin 2011, féach COIM(2010)623, 27/10/2010, Iarscríbhinn IV, a cuireadh in iúl do na hinstitiúidí eile.

Leis an togra seo, simplítear na rialacha atá ann cheana trí athruithe teoranta a thabhairt isteach chun inléiteacht agus soiléire na rialacha a fheabhsú. Go háirithe, oiriúnaítear na sainmhínithe a úsáidtear don éabhlóid theicniúil agus cuirtear na rialacha maidir le tásca geografacha ar chomhréim leis an gcomhaontú maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil (comhaontú TRIPs). Tá ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) mar chuspóir ann freisin. Ní athraíonn an togra raon feidhme na rialacha atá ann cheana don earnáil, agus níl aon tionchar suntasach aige mar go gcomhfhreagraíonn sé d'oiriúnú d'oibleagáidí a ghlac an t-aontas de láimh cheana. Chuathas i gcomhairle leis na príomhtháirgeoirí Eorpacha agus leis na príomheagraíochtaí náisiúnta ar bhonn neamhfhoirmiúil agus ní rabhthas ag súil le hiarmhairtí suntasacha. Tá comhthuiscint idir tháirgeoirí fíonta cumhraithe cloí leis an gcreat céanna agus le rialacha comhchosúla; is léir nach gá ach coigeartuithe teicniúla beaga. Chuir ionadaithe na hearnála na coigeartuithe sin i bhfios do sheirbhísí an Choimisiúin. Ar an gcúis sin, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair breise.

AILÍNIÚ LEIS AN g CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH

In Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar idirdhealú idir dhá chineál gnímh ón gCoimisiún:

Féadfaidh an reachtóir, trí bhíthin Airteagal 290 den CFAE, cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. Is mar 'gníomhartha tarmligthe' (Airteagal 290(3)) a thagraítear sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla a ghlacann an Coimisiún ar an gcaoi seo.

In Airteagal 291 den CFAE, ceadaítear do na Ballstáit bearta uile an dlí náisiúnta a ghlacadh is gá chun gníomhartha Aontais atá ina gceangal de réir dlí a chur chun feidhme. Is féidir cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún leis na gníomhartha sin i gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun iad a chur chun feidhme. Is mar 'gníomhartha cur chun feidhme' (Airteagal 291(4)) a thagraítear sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag an gCoimisiún ar an gcaoi seo.

Ceann de na príomhaidhmeanna atá leis an togra reatha Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna cumhraithe fíonbhunaithe agus manglam cumhraithe táirgí fíonta (IO L 149, 14.6.1991, lch. 1) a ailíniú leis na forálacha seo den CFAE.

Faoin togra reatha, is é an Reachtóir a chinneann na cuspóirí agus na prionsabail agus na heilimintí fíor-riachtanacha eile maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíonta cumhraithe.

Ba cheart don Choimisiún a bheith ábalta na próisis táirgthe, (Airteagal 3(2)), an modh anailíse (Airteagal 3(3)), na leasuithe is gá ar na sainmhínithe, na ceanglais, na srianta, na hainmníochtaí díolacháin agus na tuairiscí (Airteagal 9), na rialacha is gá maidir leis na tásca geografacha (Airteagal 29) agus na rialacha is gá chun faisnéis a mhalartú (Airteagal 33(2)), a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe.

Ina theannta sin, ba cheart don Reachtóir an chumhacht a bhronnadh ar an gCoimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh, go sonrach maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha maidir le táirgí fíonta cumhraithe a bhaineann le tásca geografacha (Airteagail 15(3), 17, 25, 26, 27 agus 30), agus le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha (Airteagal 32(2)) agus le malartú faisnéise (Airteagal 33).

LEASUITHE SUBSTAINTEACHA

Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí eile:

- Infheidhmeacht, inléiteacht agus soiléire reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí fíonta cumhraithe a fheabhsú.

- Beartas cáilíochta dea-shainithe a thabhairt isteach do tháirgí fíonta cumhraithe bunaithe ar na sainmhínithe reatha ar tháirgí.

- Ainmníochtaí áirithe díolacháin a thabhairt cothrom le dáta, i bhfianaise go bhféadfaí an leibhéal fíona a mhéadú sa táirge in ionad alcól a chur leis go díreach, agus ar an gcuma sin a áirithiú go gcuirtear an tomhaltóir ar an eolas go cuí.

- Solúbthacht a thabhairt isteach tríd an inniúlacht chun leasú a dhéanamh ar shainmhínithe agus ar thuairiscí ar tháirgí fíonta cumhraithe a bhogadh ón nós imeachta comhchinnteoireachta láithreach de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chuig an gCoimisiún a dhéanfadh sin trí ghníomh tarmligthe.

- Rialacha an Aontais a oiriúnú do cheanglais theicniúla nua.

- Rialacha an Aontais a oiriúnú do cheanglais an EDT (Eagraíocht Dhomhanda Trádála), lena n-áirítear Comhaontú TRIPs.

- Critéir maidir le haithint tásc geografach nua a shainmhíniú.

STRUCHTÚR AN DRÉACHT-RIALACHÁIN:

Is 4 Chaibidil agus 3 Iarscríbhinn 'manglam cumhraithe táirgí fíonta' atá sa dréacht-Rialachán maidir le táirgí fíonta cumhraithe:

I gCaibidil I, leagtar síos an sainmhíniú bunúsach agus an t-aicmiú bunúsach ar tháirgí fíonta cumhraithe.

I gCaibidil II, déileáiltear le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíonta cumhraithe.

Tagraítear ann do na ceanglais agus do na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus II, agus tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún tuilleadh próiseas táirgthe a bhunú. Tagraítear ann do mhodhanna anailíse idirnáisiúnta chun táirgí fíonta cumhraithe a anailísiú.

Leagtar síos ann freisin rialacha sonracha maidir le lipéadú na dtáirgí sin.

I gCaibidil II, trí thagairt a dhéanamh d'Iarscríbhinní I agus II, bunaítear córas comhtháite bunaithe ar chleachtais cháilíochta thraidisiúnta agus ar fhorbairtí nua maidir le cáilíocht táirgí. Dírítear inti ar fhaisnéis shoiléir a sholáthar don tomhaltóir faoi nádúr táirgí (ainmníochtaí díolacháin) agus ceanglaítear ar an táirgeoir an fhaisnéis uile is gá a sholáthar ionas nach gcuirfear an tomhaltóir amú.

I gCaibidil III, leagtar síos na rialacha maidir le tásca geografacha i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an AE.

Déantar na tásca geografacha a liostaítear faoi láthair i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 a aistriú go clár a bhunaítear de bhun Airteagal 22 den Rialachán láithreach. I gCaibidil III, foráiltear go bhfoilseofar comhaid theicniúla do na sonraí seo laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

I gCaibidil IV, leagtar amach Bearta Ginearálta, Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha.

In Iarscríbhinn I, áirítear na sainmhínithe teicniúla agus na ceanglais theicniúla chun táirgí fíonta cumhraithe a tháirgeadh.

In Iarscríbhinn II, áirítear na hainmníochtaí díolacháin agus an tuairisc ghaolmhar ar tháirgí fíonta cumhraithe.

In Iarscríbhinn III, bunaítear tábla comhghaoil.

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra do bhuiséad an Aontais.

2011/0231 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíonta cumhraithe

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[3],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Maidir le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisc agus cur i láthair fíonta cumhraithe, deochanna cumhraithe fíonbhunaithe agus manglam cumhraithe táirgí fíonta[4] agus le Rialachán (CE) Uimh. 122/1994 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 1994 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 ón gComhairle[5] a chur i bhfeidhm, d'éirigh leo na fíonta cumhraithe, na deochanna cumhraithe fíonbhunaithe agus na manglaim chumhraithe táirgí fíonta, dá ngairtear 'táirgí fíonta cumhraithe' anseo feasta, a rialáil. Mar sin féin, i bhfianaise nuálaíochta teicneolaíochta, forbairtí sa mhargadh agus ionchais tomhaltóirí atá ag síorathrú is gá na rialacha is infheidhme maidir le sainmhíniú, le tuairisc, le cur i láthair, le lipéadú agus le cosaint tásc geografach ar tháirgí fíonta cumhraithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta, agus modhanna táirgíochta traidisiúnta a chur san áireamh ag an am céanna.

2. Tá gá le tuilleadh leasuithe mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, d'fhonn na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 a chur ar chomhréim le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh). I bhfianaise raon feidhme na leasuithe sin, is iomchuí Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 a aisghairm agus téacs nua a chur ina ionad. Le Rialachán (CE) Uimh. 122/1994, tugadh isteach rialacha maidir le blaistiú agus maidir le halcól a chur le táirge, rialacha is infheidhme maidir le roinnt táirgí fíonta cumhraithe. D'fhonn soiléire a áirithiú, ba cheart iad a chorprú sa téacs nua seo.

3. Tá táirgí fíonta cumhraithe tábhachtach do thomhaltóirí, do tháirgeoirí agus d'earnáil na talmhaíochta san Aontas. Ba cheart do na bearta is infheidhme maidir le táirgí fíonta cumhraithe cuidiú le leibhéal ard cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, cleachtais mheabhlacha a chosc agus trédhearcacht sa mhargadh agus iomaíocht chóir a bhaint amach. Tríd an méid sin a dhéanamh, déanfaidh na bearta an clú atá bainte amach ag táirgí fíonta cumhraithe an Aontais sa mhargadh inmheánach agus ar an margadh domhanda a chosaint trí leanúint de chleachtais thraidisiúnta arna n-úsáid i dtáirgeadh táirgí fíonta cumhraithe chomh maith leis an éileamh méadaithe ar chosaint tomhaltóirí agus ar fhaisnéis a chur san áireamh. Ba cheart nuálaíocht theicneolaíoch a chur san áireamh freisin i leith na dtáirgí sin a bhfeabhsaíonn an nuálaíocht sin a gcáilíocht, gan dochar a dhéanamh do charachtar traidisiúnta na dtáirgí fíonta cumhraithe lena mbaineann.

4. Is mór an t-asraon d'earnáil na talmhaíochta san Aontas táirgeadh na dtáirgí fíonta cumhraithe, agus ba cheart béim a chur air sin sa chreat rialúcháin.

5. Ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí fíonta cumhraithe go léir a mhargaítear san Aontas, cibé acu sna Ballstáit nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad. Chun an clú atá ar tháirgí fíonta cumhraithe an Aontais ar an margadh domhanda a chaomhnú agus a fheabhsú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na deochanna sin a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

6. Chun soiléire agus trédhearcacht a áirithiú sa reachtaíocht lena rialaítear táirgí fíonta cumhraithe, is gá na táirgí a chumhdaítear faoin reachtaíocht sin, na critéir maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíonta cumhraithe agus go háirithe, an ainmníocht díolacháin agus tásc maidir le foinse, a shainmhíniú go soiléir. Trí na rialacha sin a leagan síos, rialaítear gach céim den slabhra táirgeachta agus cosnaítear na tomhaltóirí agus cuirtear ar an eolas go cuí iad.

7. Ba cheart do na sainmhínithe ar tháirgí fíonta cumhraithe cleachtais cháilíochta thraidisiúnta a urramú i gcónaí ach iad a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta.

8. Ba cheart táirgí fíonta cumhraithe a tháirgeadh i gcomhréir le rialacha agus le srianta áirithe, lena ráthaítear go gcomhlíontar ionchais tomhaltóirí maidir le cáilíocht agus le modhanna táirgíochta. Chun na caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse seo a chomhlíonadh, ba cheart na modhanna táirgíochta a bhunú agus ba cheart do na caighdeáin a mholann agus a fhoilsíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV) a bheith mar bhonn ag an gCoimisiún.

9. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia[6] agus Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna[7], ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirgí fíonta cumhraithe.

10. Thairis sin, ba cheart gur de thionscnamh talmhaíochta go heisiach é an t-alcól eitile a úsáidfear chun táirgí fíonta cumhraithe a tháirgeadh, le go gcomhlíonfar ionchais tomhaltóirí agus le go ndéanfar de réir na gcleachtas cáilíochta traidisiúnta. Áiritheoidh sé sin go mbeidh asraon ann do bhuntáirgí na talmhaíochta.

11. Agus earnáil na dtáirgí fíonta cumhraithe chomh tábhachtach agus chomh casta agus atá, is iomchuí bearta sonracha a leagan síos maidir le tuairisc agus cur i láthair táirgí fíonta cumhraithe, le cois reachtaíocht an Aontais maidir le lipéadú. Ba cheart freisin go gcoiscfeadh na bearta sonracha sin aon mhí-úsáid a bhainfí as ainmníochtaí díolacháin táirgí fíonta cumhraithe i gcás táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

12. I gcomhréir leis an gConradh, nuair a bheidh beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm agus chun go mbeidh leibhéal ard cáilíochta ag táirgí fíonta cumhraithe a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rialacha níos déine a ghlacadh ná na rialacha atá sa Rialachán seo maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíonta cumhraithe a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo, agus a tháirgtear ina gcríocha féin.

13. Ó tharla nach bhfuil feidhm maidir le táirgí fíonta cumhraithe ag Rialachán Uimh. XXXX/20BB ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta [COIM(2010)733 leagan deireanach][8], ag Rialachán Uimh. XXXX/20BB ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [COIM(2010)799 leagan deireanach] lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (Rialachán maidir le CEM Aonair)[9] ná ag Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle[10], ba cheart rialacha sonracha maidir le cosaint tásc geografach a leagan síos do tháirgí fíonta cumhraithe. Ba cheart tásca geografacha a úsáid chun táirgí fíonta cumhraithe a aithint mar tháirgí de thionscnamh críche tíre, nó de thionscnamh réigiúin nó ceantair sa chríoch sin, i gcás ina bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith áirithe eile an táirge fíonta cumhraithe inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh agus ba cheart don Choimisiún é a chlárú.

14. Ba cheart nós imeachta a leagan síos sa Rialachán seo chun tásca geografacha tríú tír agus Aontais a chlárú, a chomhlíonadh, a athrú agus a chur ar ceal b'fhéidir.

15. Ba cheart údaráis na mBallstát a bheith freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus ba cheart socruithe a dhéanamh chun go mbeidh an Coimisiún ábalta faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin.

16. Chun ceanglais an Rialacháin seo a oiriúnú d'fhorbairtí teicniúla maidir le táirgí fíonta cumhraithe agus chun cosaint tásc geografach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na n-ábhar a shonraítear sa Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe.

17. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

18. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo agus chun saobhadh iomaíochta nó idirdhealú idir oibreoirí eacnamaíocha in earnáil na dtáirgí fíonta cumhraithe a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh. Ach amháin má fhoráiltear go sainráite a mhalairt, ba cheart don Choimisiún na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[11].

19. D'fhéadfadh sé go gcothódh an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo deacrachtaí nach ndéileáiltear leo sa Rialachán seo. Chun na críche sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh.

20. Chun trasdul rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm. Ba cheart margú na stoc atá ann cheana a cheadú tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I RAON FEIDHME, SAINMHÍNIÚ AGUS AICMIÚ TÁIRGÍ FÍONTA CUMHRAITHE

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le sainmhíniú, le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú táirgí fíonta cumhraithe agus maidir le tásca geografacha ar tháirgí fíonta cumhraithe a chosaint.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí fíonta cumhraithe go léir a chuirtear ar an margadh san Aontas Eorpach cibé acu sna Ballstáit nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad, maille leis na táirgí fíonta cumhraithe a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

Airteagal 2 Sainmhíniú

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'táirgí fíonta cumhraithe': táirgí a fhaightear ó tháirgí earnáil an fhíona dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/20XX. COIM(2010) 799 leagan deireanach CEM ailínithe ], agus atá blaistithe. Aicmítear iad mar seo a leanas:

(a) fíonta cumhraithe,

(b) deochanna cumhraithe fíonbhunaithe,

(c) manglaim chumhraithe táirgí fíonta.

(2) ciallaíonn 'fíon cumhraithe' deoch:

(a) a fuarthas ó tháirge fíona amháin nó níos mó de na táirgí fíona atá sainmhínithe i bpointe 5 de Chuid IV d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/20XX..COIM(2010) 799 leagan deireanach, CEM ailínithe ] agus i bpointí 1 agus 3 go 9 de Chuid II d'Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán céanna, cé is moite d'fhíon 'Retsina';

(b) ina mbeidh na táirgí fíona dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 75 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) a bhféadtar úrfhíon fíonchaor agus/nó úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh a bheith curtha léi;

(d) a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 14.5 % de réir toirte inti agus neart alcóil iarbhír uasta níos ísle ná 22 % de réir toirte inti agus neart alcóil iomlán nach lú ná 17.5 % de réir toirte inti.

(3) ciallaíonn 'deoch chumhraithe fíonbhunaithe' deoch:

(a) a fuarthas ó tháirge fíona amháin nó níos mó de na táirgí fíona atá sainmhínithe i bpointí 1, 2 agus 4 go 9 de Chuid II d'Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/20XX..COIM(2010) 799 leagan deireanach, CEM ailínithe ], cé is moite d'fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d'fhíon 'Retsina';

(b) ina mbeidh na táirgí fíona dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) a bhféadtar úrfhíon fíonchaor a bheith curtha léi;

(d) a bhfuil neart alcóil nach lú ná 4.5 % de réir toirte inti agus neart alcóil iarbhír uasta níos ísle ná 14.5 % inti;

(4) ciallaíonn 'manglam cumhraithe táirgí fíonta' deoch:

(a) a fuarthas ó tháirge finiúna amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna atá sainmhínithe i bpointí 1, 2 agus 4 go 11 de Chuid II d'Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/20XX..COIM(2010) 799 leagan deireanach, CEM ailínithe ], cé is moite d'fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d'fhíon 'Retsina'.

(b) ina mbeidh na táirgí finiúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(d) nach bhfuil aon alcól curtha léi;

(e) a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 1.2 % de réir toirte inti agus neart alcóil iarbhír uasta níos ísle ná 10 % de réir toirte inti.

CAIBIDIL II TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ TÁIRGÍ FÍONTA CUMHRAITHE

Airteagal 3 Próisis táirgthe agus modhanna anailíse le haghaidh táirgí fíonta cumhraithe

1. Táirgfear táirgí fíonta cumhraithe i gcomhréir leis na ceanglais, na srianta agus na tuairiscí a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

2. Chun ionchais tomhaltóirí a chur san áireamh agus chun go gcomhlíonfar caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an réimse atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe, na próisis a bhunú le haghaidh na dtáirgí atá á n-ullmhú chun táirgí fíonta cumhraithe a fháil.

Agus na próisis údaraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á mbunú, beidh na próisis atá molta agus atá foilsithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Finiúna agus Fíona (OIV) mar bhonn ag an gCoimisiún.

3. Is iad na modhanna sin agus na rialacha sin atá molta agus atá foilsithe ag an OIV a bheidh sna modhanna anailíse chun comhdhéanamh táirgí fíonta cumhraithe a chinneadh agus sna rialacha lena bhféadtar a shuíomh ar cuireadh na táirgí sin trí phróisis a sháraíonn na próisis táirgthe údaraithe.

I gcás nach bhfuil aon mhodhanna ná rialacha molta agus foilsithe ag an OIV, féadfaidh an Coimisiún na modhanna agus na rialacha comhfhreagracha a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe.

Go dtí go nglacfar na modhanna agus na rialacha sin is iad na modhanna agus na rialacha a cheadaíonn an Ballstát i dtrácht na cinn a úsáidfear.

Airteagal 4 Ainmníochtaí díolacháin

1. Is iad na hainmníochtaí díolacháin le haghaidh táirgí fíonta cumhraithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a bheidh in úsáid san Aontas. Ní fhéadfar na hainmníochtaí sin a úsáid ach amháin le haghaidh mhargú na dtáirgí fíonta cumhraithe sin a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin maidir leis an ainmníocht díolacháin chomhfhreagrach.

2. Ní fhéadfar ach ainmníocht díolacháin chomhfhreagrach amháin a úsáid i gcás táirgí fíonta cumhraithe a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le níos mó ná ainmníocht díolacháin amháin.

3. Deoch mheisciúil nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfar í a thuairisciú, a chur i láthair ná a lipéadú trí fhocail nó trí fhrásaí amhail 'cosúil', 'cineál', 'stíl', 'déanta', blas' ná aon téarma eile dá samhail a chur le haon cheann de na hainmníochtaí díolacháin a bhunaítear sa Rialachán seo.

4. Féadtar tásc geografach arna chosaint faoin Rialachán seo a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.

5. Ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a liostaítear in Iarscríbhinn II a fhorlíonadh le sonrúcháin tionscnaimh nó le tásca geografacha a cheadaítear do tháirgí fíona.

Airteagal 5 Sonraí breise a bhaineann leis na hainmníochtaí díolacháin

1. Is féidir na hainmníochtaí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhorlíonadh freisin leis na sonraí seo a leanas:

(a) 'ríthirim': i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle ná 30 gram in aghaidh an lítir agus, i gcás chatagóir na bhfíonta cumhraithe, neart alcóil iomlán nach lú ná 15 % de réir toirte;

(b) 'tirim': i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle ná 50 gram in aghaidh an lítir agus, i gcás chatagóir na bhfíonta cumhraithe, neart alcóil iomlán nach lú ná 16 % de réir toirte;

(c) 'leath-thirim': i gcás táirgí le cion siúcra idir 50 gram agus níos lú ná 90 gram in aghaidh an lítir;

(d) 'leath-mhilis': i gcás táirgí le cion siúcra idir 90 gram agus níos lú ná 130 gram in aghaidh an lítir;

(e) 'milis': i gcás táirgí le cion siúcra níos mó ná 130 gram in aghaidh an lítir.

Is mar shiúcra inbhéartaithe a shloinntear an cion siúcra atá luaite sa chéad fhomhír.

Féadfar sonra maidir leis an gcion siúcra, arna shloinneadh i ngraim de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir, a chur in ionad na dtéarmaí 'leath-mhilis' agus 'milis'.

2. I gcás ina gcuirtear an sonra 'súilíneach' mar fhorlíonadh le hainmníocht díolacháin deochanna cumhraithe fíonbhunaithe, ní foláir nach mbeidh an méid d'fhíon súilíneach a úsáidfear sa deoch níos lú ná 95 % de thoirt an fhíona arna úsáid.

3. Féadfar na hainmníochtaí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhorlíonadh freisin le tagairt don phríomhbhlastán a úsáidtear sa deoch.

Airteagal 6 Tásc maidir le foinse

I gcás ina dtugtar foinse na dtáirgí fíonta cumhraithe le fios, freagróidh an fhoinse don áit ina dtáirgtear an táirge fíonta cumhraithe. Tabharfar an fhoinse le fios leis na focail 'arna tháirgeadh in (...)' nó cuirfear in iúl i dtéarmaí coibhéiseacha í, agus beidh ainm an Bhallstáit chomhfhreagraigh nó an tríú tír chomhfhreagrach curtha léi.

Ní cheanglaítear go gcaithfear sonra a thabhairt maidir le foinse an phríomh-chomhábhair.

Airteagal 7 An teanga a úsáidtear i gcur i láthair agus i lipéadú táirgí fíonta cumhraithe

Beidh ainmníochtaí díolacháin agus sonraí breise dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcás ina gcuirtear i bhfocail iad, i dteanga amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.

Mar sin féin, taispeánfar ainm an tásc gheografaigh arna chosaint faoin Rialachán seo ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha ina gcláraítear é, fiú i gcás ina gcuirtear an tásc geografach in ionad na hainmníochta díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 4(4).

I gcás tásc geografach a úsáideann aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar an t-ainm a thaispeáint freisin i dteanga amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 8 Rialacha níos déine arna gcinneadh ag na Ballstáit

Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm maidir le táirgí fíonta cumhraithe a ngabhann tásca geografacha arna gcosaint faoin Rialachán seo leo agus a tháirgtear ina gcríoch féin nó chun tásca geografacha nua a bhunú, féadfaidh na Ballstáit rialacha maidir le táirgeadh agus tuairisc atá níos déine ná na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leagan síos a mhéid is atá siad comhoiriúnach do dhlí an Aontais.

Airteagal 9 Cumhachtaí tarmligthe

Chun sainiúlachtaí na hearnála a chur san áireamh agus chun díriú ar tháirgí nua atá ag teacht ar an margadh, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a thabhairt cothrom le dáta trí ghníomhartha tarmligthe,:

(a) na sainmhínithe, na ceanglais agus na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn I,

(b) na hainmníochtaí díolacháin agus na tuairiscí a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

CAIBIDIL IIITÁSCA GEOGRAFACHA

Airteagal 10 Sainmhíniú

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'tásc geografach' tásc a thagraíonn do réigiún, d'áit shonrach nó do thír, agus a úsáidtear chun táirge fíonta cumhraithe a thuairisciú i gcás ina bhfuil cáilíocht, clú nó saintréithe áirithe eile an táirge sin inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh.

Airteagal 11 Ábhar na n-iarratas ar chosaint

1. Sna hiarratais ar chosaint ainmneacha mar thásca geografacha áireofar comhad teicniúil ina mbeidh an méid a leanas:

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(b) ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c) sonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2; agus

(d) doiciméad aonair ina ndéantar coimriú ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2. Chun a bheith cáilithe do thásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh táirge an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach ina n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) an t-ainm atá le cosaint;

(b) tuairisc ar an táirge, go háirithe ar a phríomhthréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a thréithe orgánaileipteacha;

(c) i gcás inarbh infheidhme, na próisis agus na sonraíochtaí áirithe táirgthe chomh maith leis na srianta ábhartha ar an táirge a dhéanamh;

(d) teorainneacha an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(e) na mionsonraí a thacaíonn leis an nasc dá dtagraítear in Airteagal 10;

(f) na ceanglais is infheidhme atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta, nó nuair a dhéanann Ballstáit foráil amhlaidh, ag eagraíocht a bhainistíonn an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint di go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(g) ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn gur comhlíonadh forálacha na sonraíochta táirge agus a gcuid cúraimí sonracha.

Airteagal 12 Iarratas ar chosaint a bhaineann le limistéar geografach i dtríú tír

1. I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, i dteannta na nithe dá bhforáiltear in Airteagal 11, beidh cruthúnas ann go bhfuil an t-ainm atá i gceist faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

2. Seolfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas díreach chuig an gCoimisiún nó seolfaidh údaráis an tríú tír lena mbaineann chuig an gCoimisiún é.

3. Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó beidh aistriúchán deimhnithe go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis.

Airteagal 13 Iarratasóirí

1. Féadfaidh aon ghrúpa táirgeoirí, nó táirgeoir aonair i gcásanna eisceachtúla, ar suim leo nó leis déanamh amhlaidh, cur isteach ar thásc geografach a chosaint. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh san iarratas.

2. Féadfaidh táirgeoirí iarratas ar chosaint a thaisceadh i gcomhair na dtáirgí fíonta cumhraithe a tháirgeann siad féin agus ina gcomhair siúd amháin.

3. I gcás ainm lena n-ainmnítear limistéar geografach trasteorann, féadfar comhiarratas a thaisceadh.

Airteagal 14 Réamh-nós imeachta náisiúnta

1. Beidh iarratais i gcomhréir le hAirteagal 11 ar thásc geografach a chosaint i gcomhair táirgí fíonta cumhraithe de thionscnamh an Aontais faoi réir réamh-nós imeachta náisiúnta i gcomhréir le míreanna 2 go 7 den Airteagal seo.

2. Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú sa Bhallstát sin a dtionscnaíonn an tásc geografach ina chríocha.

3. Scrúdóidh an Ballstát an t-iarratas ar chosaint le fíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo.

Leanfaidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an t-iarratas go cuí agus lena ndéanfar foráil maidir le tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta foilsithe an iarratais ina bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige sa chás agus atá ina chónaí nó bunaithe ar chríocha an Bhallstáit agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe a thaisceadh leis an mBallstát.

4. Má mheasann an Ballstát nach gcomhlíonann an tásc geografach na ceanglais ábhartha nó nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais i gcoitinne, diúltóidh sé don iarratas.

5. Má mheasann an Ballstát go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha:

(a) foilseoidh sé an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge, ar an idirlíon ar a laghad; agus

(b) seolfaidh sé iarratas ar chosaint ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus an fhaisnéis seo a leanas ann:

(i) ainm agus seoladh an iarratasóra;

(ii) an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 11(2);

(iii) an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(d);

(iv) dearbhú arna dhéanamh ag an mBallstát go measann sé go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an iarratasóir na ceanglais is gá; agus

(v) an tagairt don fhoilseachán, dá dtagraítear i bpointe (a).

Seolfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar aghaidh i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó seolfar é sa bhunteanga agus aistriúchán deimhnithe go ceann de na teangacha sin ag gabháil leis.

6. Glacfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is gá chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh faoin 1 Nollaig 2012.

7. I gcás nach bhfuil aon reachtaíocht náisiúnta ag Ballstát maidir le tásca geografacha a chosaint féadfaidh sé, ar bhonn idirthréimhseach amháin, cosaint a dheonú don ainm i gcomhréir le téarmaí na Caibidle seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón lá a dtaisctear an t-iarratas leis an gCoimisiún. Beidh deireadh lena leithéid de chosaint idirthréimhseach náisiúnta ar an dáta sin a ndéantar cinneadh maidir le clárú nó diúltú faoin gCaibidil seo.

Airteagal 15 Grinnscrúdú ag an gCoimisiún

1. Fógróidh an Coimisiún don phobal an dáta faoina gcaithfear an t-iarratas a chur isteach ar thásc geografach a chosaint.

2. Scrúdóidh an Coimisiún na hiarratais ar chosaint dá dtagraítear in Airteagal 14(5) féachaint an gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo.

3. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo, cinnfidh sé, trí ghníomhartha cur chun feidhme agus gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 36, an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(d) agus an tagairt d'fhoilsiú na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 14(5) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo, cinnfidh sé, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an t-iarratas a dhiúltú.

Airteagal 16 Nós imeachta agóide

Laistigh de dhá mhí ó dháta an fhoilsithe dá ndéantar foráil sa chéad fhomhír d'Airteagal 15(3), féadfaidh Ballstát nó tríú tír ar bith, nó duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige, atá ina chónaí nó bunaithe i mBallstát eile seachas an ceann atá ag déanamh iarratais ar chosaint nó i dtríú tír, agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe a bhaineann leis na coinníollacha cáilitheachta mar atá siad leagtha síos sa Chaibidil seo a thaisceadh leis an gCoimisiún.

I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tír, taiscfear an ráiteas sin, go díreach nó trí bhíthin údarás an tríú tír lena mbaineann, laistigh den teorainn ama dhá mhí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 17 Cinneadh faoi chosaint

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil aige ag deireadh an nós imeachta agóide dá dtagraítear in Airteagal 16, cinnfidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an chosaint a thabhairt don tásc geografach a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo agus atá ag luí le dlí an Aontais, nó an t-iarratas a dhiúltú i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin.

Airteagal 18 Comhainmneacha

1. I gcás ainm a dtaisctear iarratas ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d’fhéadfadh a bheith ann.

2. Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí i gceist.

3. Beidh úsáid ainm chomhainmnigh chláraithe faoi réir dóthain difríochta a bheith ann sa chleachtas idir an t-ainm atá sa chlár cheana féin agus an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus don ghá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.

Airteagal 19 Forais maidir le diúltú cosanta

1. Ní dhéanfar ainmneacha a tháinig chun bheith cineálach a chosaint mar thásc geografach.

Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn 'ainm a tháinig chun bheith cineálach' ainm táirge fíonta cumhraithe, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit nó leis an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge sin ar dtús, is ainm coitianta anois é ar tháirge fíonta cumhraithe san Aontas.

Lena shuíomh cibé atá ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil cuirfear na tosca ábhartha go léir san áireamh, go háirithe:

(a) an staid mar atá sé san Aontas, go mór mór i réimsí tomhaltais;

(b) reachtaíocht ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2. Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, gur cosúil go gcuirfeadh an chosaint sin an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge fíonta cumhraithe.

Airteagal 20 An gaol idir trádmharcanna agus tásca geografacha

1. I gcás ina bhfuil tásc geografach faoi chosaint faoin Rialachán seo, diúltófar trádmharc a chlárú ar trádmharc é a chomhfhreagraíonn do cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2) agus a bhaineann le táirge fíonta cumhraithe má dhéantar an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc a chur isteach tar éis an dáta ar ar cuireadh isteach an t-iarratas ar thásc geografach a chosaint chuig an gCoimisiún agus go bhfuil an tásc geografach cosanta ina dhiaidh sin.

Déanfar neamhbhailí na trádmharcanna sin a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír.

2. Gan dochar d’Airteagal 18(2), maidir le trádmharc a bhfreagraíonn a úsáid do cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), agus a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid, agus má dhéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann i gcríocha an Aontais roimh an dáta a gcuirtear isteach an t-iarratas ar thásc geografach a chosaint chuig an gCoimisiún, féadfar leanúint ar aghaidh á úsáid agus á athnuachan d’ainneoin cosaint a bheith tugtha do thásc geografach, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é mar a shonraítear i dTreoir 2008/1995/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[12] nó i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle[13].

Sna cásanna sin, féadfar an tásc geografach a úsáid taobh leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 21 Cosaint

1. Féadfaidh aon oibreoir eacnamaíoch atá ag margú táirge fíonta cumhraithe na tásca geografacha faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an táirge i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2. Déanfar tásca geografacha faoi chosaint agus na táirgí fíonta cumhraithe a úsáideann na hainmneacha cosanta sin i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge a chosaint in aghaidh:

(a) aon úsáide tráchtála dírí nó indírí a bhaintear as ainm faoi chosaint:

(i) ag táirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint; nó

(ii) a mhéid is a bhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag tásc geografach;

(b) aon mhí-úsáide, aithrise nó tabhartha chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má dhéantar an t-ainm faoi chosaint a aistriú, a thras-scríobh nó a thraslitriú nó má chuirtear nath mar “stíl”, “cineál”, “modh”, “mar a tháirgtear in”, “aithris”, “blas”, “cosúil” nó nath éigin dá samhail leis;

(c) aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistíocht laistigh nó ar an bpacáistíocht lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus an táirge a bheith pacáistithe i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d) aon chleachtais eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3. Ní thiocfaidh tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 19(1).

4. Déanfaidh na Ballstáit na bearta riaracháin agus dlíthiúla iomchuí chun úsáid neamhdhleathach tásc geografach faoi chosaint dá dtagraítear i mír 2 a chosc nó a stopadh.

Airteagal 22 An Clár

Bunóidh agus coimeádfaidh an Coimisiún clár leictreonach de thásca geografacha faoi chosaint i gcomhair táirgí fíonta cumhraithe agus beidh rochtain ag an bpobal air.

Féadfar tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas de bhun comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár dá dtagraítear sa chéad mhír mar thásca geografacha faoi chosaint.

Airteagal 23 Údarás inniúil a ainmniú

1. Ainmneoidh Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí atá leagtha síos sa Chaibidil seo i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14].

2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir eacnamaíoch a chomhlíonann an Chaibidil seo i dteideal bheith cumhdaithe faoi chóras rialuithe.

3. Cuirfidh na Ballstáit ainm an údaráis inniúil nó ainmneacha na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Poibleoidh an Coimisiún a n-ainmneacha agus a seoltaí agus déanfaidh sé iad a thabhairt cothrom le dáta ó am go chéile.

Airteagal 24 Comhlíonadh na sonraíochtaí a fhíorú

1. Maidir le tásca geografacha faoi chosaint a bhaineann le limistéar geografach laistigh den Aontas, is iad seo a leanas a áiritheoidh go ndéanfar fíorú bliantúil ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, le linn tháirgeadh an táirge fíonta cumhraithe agus le linn nó tar éis a oiriúnaithe:

(a) an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 23; nó

(b) ceann amháin nó níos mó de na comhlachtaí atá freagrach as an bhfíorú de réir bhrí phointe 5 den dara fomhír d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus ar comhlacht é a oibríonn mar chomhlacht deimhniúcháin táirgí nó ar comhlachtaí iad a oibríonn mar chomhlachtaí deimhniúcháin táirgí i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 5 den Rialachán sin.

Is iad na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir an fhíoraithe sin a íocfaidh as na costais a bhaineann leis.

2. Maidir le tásca geografacha faoi chosaint a bhaineann le limistéar geografach i dtríú tír, is iad seo a leanas a áiritheoidh go ndéanfar fíorú bliantúil ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge, le linn tháirgeadh an táirge fíonta cumhraithe agus le linn nó tar éis a oiriúnaithe:

(a) údarás poiblí amháin nó níos mó arna ainmniú nó arna n-ainmniú ag an tríú tír; nó

(b) comhlacht deimhniúcháin amháin nó níos mó.

3. Comhlíonfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i míreanna 1(b) agus 2(b) caighdeán Eorpach EN 45011 agus creidiúnófar iad i gcomhréir leis an gcaighdeán sin nó comhlíonfaidh siad Treoir ISO/IEC 65 (Ceanglais ghinearálta do chomhlachtaí a oibríonn córais deimhniúcháin táirgí).

4. I gcás ina bhfíoraíonn an t-údarás nó na húdaráis dá dtagraítear i míreanna 1(a) agus 2(a) gur comhlíonadh an tsonraíocht táirge, tabharfaidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le hoibiachtúlacht agus le neamhchlaontacht, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 25 Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

1. Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 13 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge a bhaineann le tásc geografach faoi chosaint, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 11(2) a athshainiú. Tabharfar tuairisc ar na leasuithe sin agus na cúiseanna leo le fios san iarratas.

2. I gcás ina bhfuil sé i gceist sa leasú atá beartaithe go ndéanfaí leasú amháin nó níos mó ar an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 11(1)(d), beidh feidhm ag Airteagail 14 go 17 mutatis mutandis maidir leis an iarratas ar leasú. I gcás, áfach, nach bhfuil beartaithe ach mionleasú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an bhformheasfaidh sé an t-iarratas gan an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 15(2) agus in Airteagal 16 a leanúint agus i gcás ina bhformheasfaidh sé an t-iarratas, foilseoidh an Coimisiún na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

3. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas i gcás nach mbeidh aon athrú ar an doiciméad aonair i gceist leis an leasú atá beartaithe:

(a) i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i mBallstát faoi leith, léireoidh an Ballstát sin a sheasamh i leith an leasaithe agus, má tá sé ina fhabhar, foilseoidh sé an tsonraíocht táirge leasaithe agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na leasuithe arna bhformheas agus na fáthanna a bhí leo;

(b) i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí ghníomhartha cur chun feidhme, an ndéanfaidh sé an leasú atá beartaithe a fhormheas nó nach ndéanfaidh.

Airteagal 26 Cealú

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh trí ghníomhartha cur chun feidhme, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó ó dhuine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, cosaint táisc gheografaigh a chealú mura n-áirithítear go bhfuil an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach á chomhlíonadh a thuilleadh.

Beidh feidhm ag Airteagail 14 go 17 mutatis mutandis.

Airteagal 27 Sonrúcháin gheografacha faoi chosaint atá ann cheana

1. Maidir le sonrúcháin gheografacha táirgí fíonta cumhraithe a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991, cosnófar iad go huathoibríoch mar thásca geografacha faoin Rialachán seo. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá ndéantar foráil in Airteagal 22 den Rialachán seo.

2. Cuirfidh Ballstáit an méid seo a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún maidir le sonrúcháin gheografacha faoi chosaint atá ann cheana féin dá dtagraítear i mír 1:

(a) na comhaid theicniúla dá ndéantar foráil in Airteagal 11(1);

(b) na cinntí náisiúnta formheasa.

3. Maidir le sonrúcháin gheografacha dá dtagraítear i mír 1, nach gcuirfear isteach an fhaisnéis ina leith dá dtagraítear i mír 2 faoi [ dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm ], caillfidh siad cosaint faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún an beart foirmiúil comhfhreagrach, is é sin le rá bainfidh sé na hainmneacha sin den chlár dá bhforáiltear in Airteagal 22 trí ghníomhartha cur chun feidhme agus gan cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 36.

4. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 26 maidir le sonrúcháin gheografacha faoi chosaint atá ann cheana agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Go dtí [trí bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm] féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, agus ar a thionscnamh féin, a chinneadh an chosaint atá ar shonrúcháin gheografacha faoi chosaint atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 a chealú mura gcomhlíonann siad Airteagal 10.

Airteagal 28 Táillí

Féadfaidh Ballstáit táille a ghearradh chun a gcostais a chlúdach, lena n-áirítear na costais a thabhaíonn siad ag scrúdú iarratais ar chosaint, ráitis agóide, iarratais ar leasuithe agus iarrataí ar chealuithe faoin gCaibidil seo.

Airteagal 29 Cumhachtaí tarmligthe

1. Chun sainiúlachtaí an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe:

(a) prionsabail maidir le críochnú an limistéir gheografaigh a ghlacadh, agus

(b) sainmhínithe, srianta agus maoluithe maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe a ghlacadh.

2. Chun cáilíocht agus inrianaitheacht na dtáirgí a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh, trí ghníomhartha tarmligthe, go mbeidh coinníollacha ann faoina bhféadfaidh ceanglais bhreise, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 11(2)(f), a bheith ar áireamh i sonraíochtaí táirgí.

3. Chun cearta nó leasanna dlisteanacha táirgeoirí nó oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe:

(a) na cásanna a shainiú ina bhféadfaidh táirgeoir aonair cur isteach ar thásc geografach a chosaint;

(b) srianta a ghlacadh maidir leis an gcineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar thásc geografach a chosaint;

(c) bearta sonracha a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann;

(d) an dáta faoina gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh a shonrú;

(e) an dáta óna mbeidh feidhm ag an gcosaint a shonrú;

(f) na coinníollacha a leagan síos faoina measfar gur mionleasú de réir bhrí Airteagal 25(2) atá i gceist le leasú;

(g) an dáta a dtiocfaidh leasú i bhfeidhm a shonrú.

4. Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún srianta a ghlacadh, trí ghníomhartha tarmligthe, maidir leis an ainm cosanta.

5. Chun úsáid neamhdhleathach táisc gheografaigh faoi chosaint a chosc, féadfaidh an Coimisiún na bearta a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit ina leith sin a shainiú trí ghníomhartha tarmligthe.

6. Chun éifeachtúlacht na seiceálacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe maidir le fógra a thabhairt faoi oibreoirí eacnamaíocha do na húdaráis inniúla.

Airteagal 30 Cumhachtaí cur chun feidhme

1. Féadfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá a bhaineann leis an gCaibidil seo a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a) an fhaisnéis atá le tabhairt sa tsonraíocht táirge maidir leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh;

(b) cinntí maidir le cosaint nó diúltú a chur ar fáil don phobal;

(c) an clár dá dtagraítear in Airteagal 22 a bhunú agus a choimeád;

(e) iarratais trasteorann a chur isteach;

(f) seiceálacha agus fíorú atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil.

2. Féadfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá i dtaca leis an gCaibidil seo a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme maidir leis an nós imeachta, lena n-áirítear inghlacthacht, le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar thásc geografach a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta, lena n-áirítear inghlacthacht, le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a chur isteach a bhaineann le sonrúcháin gheografacha faoi chosaint atá ann cheana, go háirithe maidir le:

(a) teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b) teorainneacha ama;

(c) mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú leis an iarratas nó an iarraidh.

Airteagal 31 Gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh gan cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 36

I gcás ina measfar nach bhfuil iarratas nó iarraidh inghlactha faoin gCaibidil seo, cinnfidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme agus gan cúnamh ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 36, an t-iarratas nó an iarraidh a dhiúltú toisc gan é nó í a bheith inghlactha.

CAIBIDIL IVFORÁLACHA GINEARÁLTA, IDIRTHRÉIMHSEACHAAGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32 Seiceálacha agus fíorú táirgí fíonta cumhraithe

1. Beidh na Ballstáit freagrach as seiceálacha ar tháirgí fíonta cumhraithe. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo agus go háirithe ainmneoidh siad an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as seiceálacha i leith na n-oibleagáidí arna mbunú ag an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

2. I gcomhairle leis na Ballstáit áiritheoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo agus nuair is gá, glacfaidh siad, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na rialacha maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag na Ballstáit maidir le hurramú oibleagáidí a thig as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 33 Malartú faisnéise

1. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún fógra dá chéile faoi aon fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le táirgí fíonta cumhraithe a chomhlíonadh. Féadfar, i gcás inarb iomchuí sin, an fhaisnéis sin a thabhairt nó a chur ar fáil do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus don phobal.

2. Chun go mbeidh fógraí dá dtagraítear i mír 1 tapa, éifeachtúil, cruinn, agus cost-éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a leagan síos trí ghníomhartha tarmligthe:

(a) nádúr agus cineál na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh;

(b) na modhanna fógartha;

(c) na rialacha a bhaineann leis na cearta rochtana chun na faisnéise nó a bhaineann leis na córais faisnéise a chuirfear ar fáil;

(d) coinníollacha agus modhanna foilsithe na faisnéise.

3. Féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme:

(a) rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a chur ar fáil;

(b) socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh, chomh maith le rialacha maidir le hábhar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le spriocdhátaí na bhfógraí;

(c) socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar aghaidh nó a chur ar fáil do na Ballstáit, do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, nó don phobal.

Airteagal 34 Cumhachtaí an Choimisiúin

Nuair a thabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, beidh feidhm ag Airteagal 35.

Nuair a thabharfar cumhachtaí don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 36(2), ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo.

Airteagal 35 An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Is ar feadh tréimhse neamhchinntithe a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo don Choimisiún.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse [dhá mhí] ón dáta a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin nó, más rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear [dhá mhí] leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Parlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 36 Gníomhartha cur chun feidhme – Coiste

1. Beidh Coiste um tháirgí fíonta cumhraithe de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 37 Aisghairm

Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 a aisghairm leis seo amhail ón [ dáta cur i bhfeidhm = 1 bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm ]

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus leifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 38 Bearta idirthréimhseacha

1. Chun an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 go dtí na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo a éascú, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe chun an Rialachán seo a leasú nó chun maolú uaidh, faoin [ 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm ].

2. Féadtar táirgí fíonta cumhraithe nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 roimh [ dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ] a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 39 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige [ 1 bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm, ba cheart dáta beacht a líonadh isteach nuair a fhoilseofar an Rialachán ].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE TEICNIÚLA, CEANGLAIS THEICNIÚLA AGUS SRIANTA

(1) Blaistiú

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun fíonta cumhraithe a bhlaistiú:

(a) substaintí aiceanta blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(b) substaintí blaistithe:

- arb ionann iad agus fanailin,

- a bhfuil boladh agus/nó blas almóinní orthu,

- a bhfuil boladh agus/nó blas aibreog orthu,

- a bhfuil boladh agus/nó blas uibheacha orthu, agus/nó

(c) luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó bia-ábhair bhlaistithe,

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun deochanna cumhraithe fíonbhunaithe agus manglaim chumhraithe táirgí fíonta a bhlaistiú:

(a) substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, agus/nó;

(b) luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó bia-ábhair bhlaistithe.

(2) Milsiú

Féadfar táirgí fíonta cumhraithe a mhilsiú trí cheann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas a úsáid:

(a) siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra bán mínghlanta, deastrós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe, síoróip siúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine[15];

(b) úrfhíon fíonchaor coigeartaithe tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor;

(c) siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear go heisiach ó théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, aigéid mhianracha ná breiseáin cheimiceacha eile;

(d) mil mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil[16];

(e) síoróip charúib;

(f) substaintí nádúrtha carbaihiodráite ar bith eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí sin.

(3) Alcól a chur le deoch

Féadfar ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas a úsáid in ullmhú fíonta cumhraithe áirithe agus, in ullmhú deochanna cumhraithe fíonbhunaithe áirithe:

(a) alcól eitile de thionscnamh fíonsaothraithe,

(b) alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe,

(c) alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta,

(d) driogáit fíona nó driogáit fíonchaor triomaithe,

(e) driogáit de thionscnamh talmhaíochta,

(f) biotáille fíona nó biotáille marc fíonchaor,

(g) biotáille fíonchaor triomaithe,

Ní foláir go gcomhlíonfaidh na táirgí a liostaítear sa chéad fhomhír na saintréithe a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais. Go háirithe, ní foláir go mbeidh na saintréithe seo a leanas ag alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta:

(a) saintréithe orgánaileipteacha: ní bhíonn blas inbhraite air seachas an blas atá ar an amhábhar;

(b) íosneart alcóil de réir toirte: 96 %;

(c) uasleibhéal iarmhar:

(i) aigéadacht iomlán, arna sloinneadh i ngraim d'áigéad aicéiteach in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 1.5,

(ii) eistir arna sloinneadh i ngraim d'aicéatáit eitile in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 1.3,

(iii) aildéid arna sloinneadh i ngraim d'aicéataildéad in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 0.5,

(iv) ardardalcóil arna sloinneadh i ngraim de mheitil 2 própánól 1 in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 0.5,

(v) meatánól arna shloinneadh i ngraim in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 30,

(vi) éastóscán tirim arna shloinneadh i ngraim in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 1.5,

(vii) bunanna so-ghalaithe ina bhfuil nítrigin arna sloinneadh i ngraim nítrigine in aghaidh an heictilítir d'alcól 100 % toirte: 0.1,

(viii) fúrfúral: nach bhfuil inbhraite.

An t-alcól eitile a úsáidfear chun datháin, blastáin nó aon bhreiseáin údaráithe eile arna n-úsáid in ullmhú táirgí fíonta cumhraithe a chaolú nó a thuaslagadh, ní úsáidfear é ach i ndáileog a bhfuil fíorghá léi agus ní mheasfar go bhfuil alcól á chur leis an deoch chun táirge fíonta cumhraithe a tháirgeadh.

(4) Breiseáin agus dathúchán

Beidh feidhm maidir le táirgí fíonta cumhraithe ag na rialacha maidir le breiseáin bia, lena n-áirítear dathúcháin, atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(5) Uisce a chur le deoch

Ceadófar uisce a chur le táirgí fíonta cumhraithe agus iad á n-ullmhú ar an gcoinníoll nach n-úsáidfear é ach i ndáileog a bhfuil fíorghá léi chun úscra blaistithe a ullmhú, chun dathúcháin agus milseoirí a thuaslagadh agus/nó chun comhdhéanamh críochnaitheach an táirge a choigeartú.

Ní foláir go mbeidh cáilíocht an uisce a chuirtear leis an deoch i gcomhréir le Treoir 80/777/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1980 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le saothrú agus margú uiscí mianraí nádúrtha[17] agus Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine[18], agus níor cheart dó nádúr an táirge a athrú.

Féadfar an t-uisce seo a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha.

(6) Ceadófar dé-ocsaíd charbóin a chur le táirgí fíonta cumhraithe agus iad á n-ullmhú.

(7) Neart alcóil de réir toirte:

Ciallaíonn 'neart alcóil de réir toirte' an cóimheas idir toirt an alcóil íon atá i láthair sa táirge atá i gceist ag teocht 20oC agus toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn 'neart alcóil iarbhír de réir toirte' an líon toirteanna d'alcól íon, ag teocht 20°C, in 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn 'neart alcóil féideartha de réir toirte' an líon toirteanna d'alcól íon ag teocht 20°C arbh fhéidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn 'neart alcóil iomlán de réir toirte', suim an nirt alcóil iarbhír de réir toirte agus an nirt alcóil fhéideartha de réir toirte.

IARSCRÍBHINN II

AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ TÁIRGÍ FÍONTA CUMHRAITHE

A. AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ FÍONTA CUMHRAITHE

(1) Fíon cumhraithe :

Fíon cumhraithe nach bhfuil aon alcól curtha leis.

(2) Fíon treisithe cumhraithe :

Fíon cumhraithe a bhfuil alcól curtha leis.

(3) Greadóg fíonbhunaithe :

Fíon cumhraithe a bhféadfadh alcól a bheith curtha leis.

Tá úsáid an téarma 'greadóg' sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(4) Fíon bormónta :

Fíon cumhraithe:

- a bhfuil alcól curtha leis,

- a bhfuarthas an blas sainiúil atá air trí shubstaintí iomchuí ón speiceas Artemisia a úsáid agus,

- a d'fhéadfadh a bheith milsithe le siúcra caramalaithe, le siúcrós, le húrfhíon fíonchaor, le húrfhíon fíonchaor coigeartaithe tiubhaithe agus le húrfhíon fíonchaor tiubhaithe.

(5) Fíonta cumhraithe searbha :

Fíon cumhraithe a bhfuil alcól curtha leis agus a bhfuil blas searbh sainiúil air.

Leanfaidh ainm na príomhshubstainte searbh-bhlaistithe an tuairisc 'fíon cumhraithe searbh'. Féadfar na nathanna seo a leanas, nó nathanna coibhéiseacha i dteangacha oifigiúla eile an Aontais, a úsáid chun an tuairisc seo a fhorlíonadh nó a ionadú:

- ' Quinquina Wine' , arb é cuinín aiceanta an príomhbhlastán atá ann,

- 'Bitter vino' , arb é blastán de cheadharlach aiceanta an príomhbhlastán atá ann agus atá daite le hábhar dathúcháin údaraithe buí agus/nó dearg. Beidh úsáid an téarma 'bitter' sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú,

- 'Americano' atá blaistithe toisc gurb ann do shubstaintí blaisithe aiceanta atá díorthaithe as mormónta agus as ceadharlach agus atá daite le hábhar dathúcháin údaraithe buí agus/nó dearg.

(6) Fíon cumhraithe ubh-bhunach :

Fíon cumhraithe:

- a bhfuil alcól curtha leis,

- a bhfuil buíocáin uibhe d'ardcháilíocht nó substaintí díorthaithe díobh curtha leis agus,

- a bhfuil cion siúcra ann atá sloinnte i dtéarmaí siúcra inbhéartaithe de bhreis is 200 gram agus a bhfuil íosmhéid buíocáin uibhe 10 ngram in aghaidh an lítir den táirge críochnaithe ann.

Féadfar an téarma 'cremovo' a bheith ag gabháil leis an téarma 'fíon cumhraithe ubh-bhunach' i gcás ina bhfuil fíon Marsala san fhíon sin i gcion nach lú ná 80 %.

Féadfar an téarma 'cremovo zabaione' a bheith ag gabháil leis an téarma 'fíon cumhraithe ubh-bhunach' i gcás ina bhfuil fíon Marsala san fhíon sin i gcion nach lú ná 80 % agus ina bhfuil cion buíocáin uibhe nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir ann.

(7) Väkevä viiniglögi Starkvinsglögg

Fíon cumhraithe :

- a bhfuil alcól curtha leis agus,

- a bhfuarthas an blas sainiúil atá air trí chlóibh agus/nó trí chainéal a úsáid.

B. AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ DEOCHANNA CUMHRAITHE FÍONBHUNAITHE

(1) Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe nach bhfuil aon alcól curtha léi.

(2) Deoch chumhraithe threisithe fíonbhunaithe

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a bhfuil alcól curtha léi,

- atá milsithe,

- a fhaightear ó fhíon bán,

- a bhfuil driogáit fíonchaor triomaithe curtha léi agus,

- atá blaistithe le heastóscán cardamaim amháin;

- nó

- a bhfuil alcól curtha léi,

- atá milsithe,

- a fhaightear ó fhíon dearg agus,

- a bhfuil ullmhóidí blaistithe nach bhfaightear ach ó spíosraí, gingsing, cnónna, úscraí torthaí citris agus luibheanna aramatacha amháin, curtha léi.

(3) Sangria :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó fhíon,

- atá cumhraithe trí eastóscáin nó úscraí aiceanta torthaí citris a chur léi, le sú nó gan sú na dtorthaí sin,

- a bhféadfadh spíosraí a bheith curtha léi,

- a bhféadfadh CO2 a bheith curtha léi,

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- nach bhfuil daite,

- ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 4.5 % de réir toirte agus níos ísle ná 12 % de réir toirte agus,

- a bhféadfadh cáithníní soladacha de laíon nó de scamhadh torthaí citris a bheith inti agus a dtagann dath na dí as na hamhábhair a úsáidtear inti amháin.

Ní foláir na focail 'arna tháirgeadh in …' a bheith ag gabháil leis an tuairisc 'Sangria' móide ainm an Bhallstáit inar táirgeadh é nó ainm réigiúin níos srianta i gcás ina dtáirgtear an táirge sa Spáinn nó sa Phortaingéil.

Ní fhéadfar an tuairisc 'Sangria' a chur in ionad na tuairisce 'deoch chumhraithe fíonbhunaithe' ach amháin i gcás ina monaraítear an deoch sa Spáinn nó sa Phortaingéil.

(4) Clarea :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe, a fhaightear ó fhíon bán de réir na gcoinníollacha céanna atá ann do Sangria.

Ní foláir na focail 'arna tháirgeadh in …' a bheith ag gabháil leis an tuairisc 'Clarea' móide ainm an Bhallstáit inar táirgeadh é nó ainm réigiúin níos srianta i gcás ina dtáirgtear an táirge sa Spáinn.

Ní fhéadfar an tuairisc 'Clarea' a chur in ionad na tuairisce 'deoch chumhraithe fíonbhunaithe' ach amháin i gcás ina monaraítear an deoch sin sa Spáinn.

(5) Zurra :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe a fhaightear trí bhranda nó trí bhiotáille fíona, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a chur le Sangria nó le Clarea , agus b'fhéidir go mbeadh píosaí torthaí curtha léi. Ní foláir nach mbeidh an neart alcóil iarbhír faoi bhun 9 % de réir toirte agus go mbeidh sé níos ísle ná 14 % de réir toirte.

(6) Bitter soda :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó 'bitter vino' a bhfuil cion nach lú ná 50 % de réir toirte de sa táirge críochnaithe,

- a bhfuil CO2 nó uisce carbónáitithe curtha léi agus,

- ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 8 % de réir toirte agus ar lú ná 10.5 % de réir toirte.

- Beidh úsáid an fhocail 'bitter' sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(7) Kalte Ente :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear trí fhíon, fíon leathshúilíneach nó fíon leathshúilíneach a bhfuil CO2 curtha leis a mheascadh le fíon súilíneach nó le fíon súilíneach a bhfuil CO2 curtha leis,

- a bhfuil substaintí líomóide aiceanta nó eastóscáin díobh curtha léi,

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte inti.

- Ní foláir nach lú ná 25 % de réir toirte den fhíon súilíneach nó den fhíon súilíneach a bhfuil CO2 curtha leis a bheidh sa táirge críochnaithe.

(8) Glühwein :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin,

- atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó,

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte inti.

Gan dochar do na cainníochtaí uisce a thig as dul ar iontaoibh Iarscríbhinn I(5), tá cosc ar uisce a chur léi.

I gcás ina n-ullmhaítear le fíon bán í, ní foláir na focail 'fíon bán' a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin ' Glühwein';

(9) ViiniglögiVinglögg

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin,

- atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó,

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte inti.

I gcás ina n-ullmhaítear le fíon bán í, ní foláir na focail 'fíon bán' a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin 'ViiniglögiVinglögg'.

(10) Maiwein :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó fhíon a bhfuil plandaí Asperula odorata L. nó eastóscáin díobh curtha leis chun a áirithiú gurb é blas Asperula odorata L . an blas is láidre ann.

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte inti.

(11) Maitrank :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó fhíon bán inar maothaíodh plandaí Asperula odorata L. nó ar cuireadh eastóscáin Asperula odorata L. leis chomh maith le horáistí agus/nó torthaí eile, a d'fhéadfadh a bheith i bhfoirm sú, sú tiubhaithe nó eastóscáin, agus a bhfuil uasmhéid 5 % de mhilsiú siúcra ann,

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte inti.

(12) Pelin :

Deoch chumhraithe fíonbhunaithe

- a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán, tiúchán úrfhíona fíonchaor, sú fíonchaor (nó siúcra biatais) agus meascán sonrach luibheanna,

- nach bhfuil aon alcól curtha léi,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 8.5 % de réir toirte inti agus,

- a bhfuil cion siúcra arna shloinneadh mar 45-50 gram de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir inti, agus a bhfuil aigéadacht iomlán nach lú ná 3 ghram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach inti.

C. AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ TÁIRGÍ FÍONTA CUMHRAITHE

(1) Manglaim cumhraithe táirgí fíonta

Táirge a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2(4).

Tá úsáid an téarma 'manglam' sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(2) Greadóg fíonbhunaithe :

Manglam cumhraithe táirgí fíonta

- nach bhfuil an cion d'úrfhíon fíonchaor tiubhaithe níos mó ná 10 % de thoirt iomlán an táirge chríochnaithe,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte inti agus,

- ina bhfuil cion siúcra, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, atá níos ísle ná 80 gram in aghaidh an lítir.

(3) Manglam cumhraithe leathshúilíneach de bhunadh fíonchaor :

Manglam cumhraithe táirgí fíonta

- a fhaightear ó úrfhíon fíonchaor amháin,

- a bhfuil neart alcóil iarbhír faoi bhun 4 % de réir toirte inti agus,

- ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go heisiach ó choipeadh na dtáirgí arna n-úsáid.

(4) Manglam fíona :

Manglam cumhraithe táirgí fíonta, atá measctha le fíon súilíneach.

IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 1601/1991 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2(1) go (4) | Airteagal 2 agus Iarscríbhinn II |

Airteagal 2(5) | Airteagal 5(1) |

Airteagal 2(6) | Airteagal 5(2) |

Airteagal 2(7) | Airteagal 9 agus Airteagal 35 |

Airteagal 3 | Airteagal 3(1) agus Iarscríbhinn I |

Airteagal 4 | Airteagal 3(1) agus Iarscríbhinn I |

Airteagal 4(4) | Airteagal 3(3) |

Airteagal 5 | Airteagal 3(2) |

Airteagal 6(1) | Airteagal 4(1) agus (2) |

Airteagal 6(2)(a) | Airteagal 4(4) |

Airteagal 6(2)(b) | Airteagal 21 |

Airteagal 6(3) | Airteagal 4(5) |

Airteagal 6(4) | Airteagal 8 |

Airteagal 7(1) agus (3) | _ |

Airteagal 7(2) | Airteagal 4(3) |

Airteagal 8(1) | _ |

Airteagal 8(2) | Airteagal 4(1) agus (2) |

Airteagal 8(3) | Airteagal 5(3) |

_ | Airteagal 6 |

Airteagal 8(4), an chéad mhír agus an dara mír | _ |

Airteagal 8(4), an tríú mír | Iarscríbhinn I (3), an tríú mír |

Airteagal 8(4a) | _ |

Airteagail 8(5) go (8) | Airteagal 7 |

Airteagal 8(9) | _ |

Airteagal 9 | Airteagal 32 |

Airteagal 10 | Airteagal 12 |

Airteagal 10a | Airteagail 10 go 31 |

Airteagal 11 | _ |

Airteagail 12 go 15 | Airteagail 33 go 35 |

_ | Airteagal 36 |

Airteagal 16 | Airteagal 37 |

Airteagal 17 | Airteagal 38 |

Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn I (3), an dara mír |

Iarscríbhinn II | / |

RÁITEAS AIRGEADAIS | Fiche Fin /11/465131 RVDE/cc 6.10.2011.1 |

DÁTA: 14/04/2011 |

1. | CEANNTEIDEAL BUISÉID 05 02 09 | LEITHREASAÍ: EUR 1143.7 milliún |

2. | TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XXX maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíonta cumhraithe. |

3. | BUNÚS DLÍ: Airt. 43(2) agus Airt. 114 den Chonradh |

4. | AIDHMEANNA: Creat dlíthiúil a bhunú chun táirgí fíonta cumhraithe a shainmhíniú agus a chur i láthair. |

5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2011 (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS DÁR gCIONN 2012 (EUR milliún) |

5.0 | CAITEACHAS - ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN CE (AISÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE | - | - | - |

5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ DÍLSE AN CE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA | - | - | - |

2013 | 2014 | 2015 | 2016 |

5.0.1 | CAITEACHAS MEASTA | - | - | - | - |

5.1.1 | IONCAM MEASTA | - | - | - | - |

5.2 | MODHANNA RÍOMHA: - |

6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ IDIR CHAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | BEIDH BHEIDH |

6.3 | AN GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID SA TODHCHAÍ? | IS GÁ NÍ GÁ |

BARÚLACHA: Níl aon impleachtaí buiséadacha ag an rialachán seo. |

[1] IO C[…], […], lch. […]

[2] IO C[…], […], lch. […]

[3] IO C[…], […], lch. […]

[4] IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

[5] IO L 21, 26.1.1994, lch. 7.

[6] IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.

[7] IO L 354, 31.12.2008, lch. 34

[8] IO L […], […], lch. […].

[9] IO L […], […], lch. […].

[10] IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

[11] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[12] IO L 229, 8.11.2009, lch. 25.

[13] IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.

[14] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

[15] IO L 10, 12.1.2002, lch. 53.

[16] IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.

[17] IO L 229, 30.8.1980, lch. 1.

[18] IO L 330, 5.12.1998, lch. 32.

Top