This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0522
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on administrative cooperation through the Internal Market Information System(‘the IMI Regulation’)
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh('Rialachán IMI')
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh('Rialachán IMI')
/* COIM/2011/0522 leagan deireanach - 2011/0226 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh('Rialachán IMI') /* COIM/2011/0522 leagan deireanach - 2011/0226 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA ·
Forais agus cuspóirí an togra Is ag méadú atá na ceanglais a chuireann dlí an AE
ar na húdaráis phoiblí de chuid na mBallstát atá freagrach as an dlí sin a chur
i bhfeidhm comhoibriú lena gcontrapháirteanna i mBallstáit eile. Chun tacú leo
lena gcúraimí, cheap an Coimisiún Eorpach Córas Faisnéise an Mhargaidh
Inmheánaigh ('IMI') mar ardán comhair riaracháin a bheadh cineálach agus in‑saincheaptha
agus tá sé ar fáil do na Ballstáit mar sheirbhís saor in aisce ó 2008 i leith.
Cuireann sé bealach cumarsáide sciobtha agus slán ar fáil do bhreis is 6000
údarás cláraithe sna 27 Ballstát agus sna trí thír den LEE chun faisnéis a
mhalartú thar theorainneacha lena gcontrapháirteanna, agus constaicí na
héagsúlachta teanga agus éagsúlacht na struchtúr riaracháin a shárú go
héifeachtach. Baintear úsáid as IMI faoi láthair chun faisnéis a mhalartú de
bhun Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint[1]
('An Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla’) agus Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí
sa mhargadh inmheánach[2] (‘An Treoir um
Sheirbhísí'). In 2010, malartaíodh tuairim is 2000 iarraidh ar fhaisnéis trí
IMI. Is minic a bhíonn próiseáil agus malartú sonraí
pearsanta shaoránaigh an AE mar chuid de chomhar riaracháin trasteorann. Is
amhlaidh an cás faoin Treoir um Sheirbhísí agus faoin Treoir um Cháilíochtaí
Gairmiúla mar shampla. Ó thaobh an dlí de, feidhmíonn IMI ar bhonn cinnidh ón
gCoimisiún, ar bhonn cinnidh ‘coisteolaíochta’, agus ar bhonn molta ón
gCoimisiún[3]. Toisc nárbh ann
d'ionstraim aonair dlí arna glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an
gComhairle lena gcuirfí bonn faoi oibríochtaí IMI, measadh nach bhféadfaí é a
leathnú a thuilleadh. Sa chleachtas, áfach, áirithítear le IMI gurb ann
d'ardleibhéal cosanta sonraí ar bhonn teicniúil agus ar bhonn nós imeachta. A
bhuí leis an iliomad gnéithe nós imeachta agus teicniúla a sníodh isteach sa
chóras chun príobháideachas a fheabhsú de réir phrionsabal an phríobháideachais
d'aon ghnó (privacy by design), baineann leibhéal cosanta agus slándála
i bhfad níos airde le próiseáil sonraí pearsanta in IMI seachas faisnéis a
mhalartú ar mhodhanna eile amhail tríd an bpost, ar an teileafón, trí fhacs nó
trí ríomhphost. Ina theannta sin, tugtar aghaidh ar shaincheisteanna cosanta
sonraí i gcás úsáid laethúil an chórais agus áirítear san ábhar oiliúna le
haghaidh úsáideoirí IMI iad. De réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún ‘I dtreo
Gnímh um an Margadh Aonair’, is mór an tábhacht a bhaineann le IMI a leathnú
chuig earnálacha eile ‘chun líonra dílis leictreonach duine le duine a chruthú
le haghaidh údaráis na hEorpa’, d’fhonn rialachas níos fearr ar an margadh
aonair a chur chun cinn[4]. Sa Teachtaireacht ón
gCoimisiún[5] ‘Rialachas níos fearr ar
an Margadh Aonair trí chomhar riaracháin níos fearr: Straitéis chun Córas
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a leathnú agus a fhorbairt
('Teachtaireacht maidir le Straitéis IMI')' a glacadh an 21 Feabhra 2011,
leagadh amach pleananna chun IMI a leathnú chuig réimsí eile de dhlí an AE
amach anseo. Ina Theachtaireacht dar teideal 'Gníomh um an Margadh Aonair' leag
an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le IMI chun comhar a neartú i
measc na ngníomhairí atá rannpháirteach sa mhargadh aonair, lena n‑áirítear
ar an leibhéal áitiúil, agus sa dóigh sin cuirtear le rialachas níos fearr ar
an margadh aonair[6]. Is iad seo a leanas cuspóirí an togra seo: (1)
Creat fónta dlí a bhunú le haghaidh IMI, maille le
sraith comhrialacha chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtúil; (2)
Creat cuimsitheach um chosaint sonraí a sholáthar
trí na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta in IMI a leagan amach; (3)
Leathnú féideartha IMI chuig réimsí eile de dhlí an
AE amach anseo a éascú; agus (4)
Róil na ngníomhairí éagsúla a bhfuil baint acu le
IMI a shoiléiriú. ·
Comhthéacs ginearálta Sna cinntí ón gCoimisiún C/2006/3606 an 14 Lúnasa 2006,
C/2007/3514 an 25 Iúil 2007 agus C/2008/1881 an 14 Bealtaine 2008,
chinn sé Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a chur ar bun agus a mhaoiniú
mar thionscadal comhleasa faoi chlár IDABC (Ríomhsheirbhísí Rialtais
uile-Eorpacha a chur ar fáil go hidiroibritheach do chórais riaracháin phoiblí,
do ghnóthais agus do shaoránaigh). Soláthraíodh tuilleadh maoinithe le Cinneadh
C/2007/3514 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2007 maidir leis an gceathrú
athbhreithniú ar Chlár Oibre IDABC. I gCinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún leagadh síos
feidhmeanna, cearta agus oibleagáidí gníomhairí agus úsáideoirí IMI, ag cur
tuairim Mheitheal Airteagal 29[7] san áireamh. Tar éis don
Chinneadh a bheith glactha, d'eisigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
(MECS) tuairim[8] inar iarr sé ar
Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle ionstraim dlí a ghlacadh i
bhfianaise an leathnaithe a bhí beartaithe ar IMI chuig réimsí breise de
reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh. Go dtí go nglacfar ionstraim dlí den sórt sin,
comhaontaíodh cur chuige céim ar chéim a leanúint, ag tosú le treoirlínte a
ghlacadh maidir le rialacha cosanta sonraí a chur chun feidhme in IMI, ar
treoirlínte iad a tharraingeofaí suas i ndlúthchomhar leis an MECS[9].
Mheas an Coimisiún go raibh an cur chuige céim ar chéim sin éifeachtach maidir
lena áirithiú gurbh ann d'ardleibhéal cosanta sonraí in IMI ar bhonn teicniúil
agus ar bhonn nós imeachta[10]. ·
Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Tugtar aghaidh ar phróiseáil sonraí pearsanta in
IMI sna cinntí agus sna moltaí ón gCoimisiún atá liostaithe i bhfonóta 3. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR ·
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Le bliain anuas, bhí an Coimisiún ag cur
geallsealbhóirí IMI, lena n‑áirítear comhordaitheoirí náisiúnta IMI agus
údaráis a úsáideann an córas, ar an eolas trí fhóraim éagsúla i dtaobh a
phleananna chun IMI a leathnú amach anseo. Sna freagraí a fuarthas, léiríodh
tacaíocht ghinearálta do rún an Choimisiúin togra a dhéanamh le haghaidh
ionstraime cothrománaí dlí a chuirfeadh deireadh le haon amhras i ndáil lena
cheangailtí atá na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta sa chóras. Chuathas i mbun comhairle neamhfhoirmiúla leis an
MECS sna céimeanna luatha in ullmhú an togra, rinneadh comhairliúchán foirmiúil
leis le linn an chomhairliúcháin idirsheirbhíse freisin, agus bhí a chuidiú
ríthábhachtach. ·
Measúnú tionchair Mar a luadh cheana, leis an togra seo déantar na
rialacha lena rialaítear IMI faoi láthair a chomhdhlúthú laistigh d'ionstraim
chothrománach aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de. Dá thoradh sin, ní gá
aon roghanna beartais malartacha a mheas ag an bpointe seo. Thairis sin, ní
thuartar ná ní choisctear leis an togra seo aon chinntí amach anseo maidir le
leathnú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar IMI chuig réimsí eile de dhlí an Aontais. Ní
dhéantar leis ach leathnú den sórt sin a éascú trí chreat urrúnta dlí a
sholáthar i gcomhair fheidhmiú IMI agus trí nós imeachta solúbtha a sholáthar i
gcomhair cinntí a dhéanfar amach anseo maidir lena leathnú. Beidh an méid sin
bunaithe ar na critéir atá leagtha amach sa Teachtaireacht maidir le Straitéis
IMI a luadh thuas. Ar na cúiseanna sin, ní dhearnadh measúnú tionchair ar an
togra. Má chinntear amach anseo úsáid IMI a leathnú amach thar na réimsí de
dhlí an Aontais ina n‑úsáidtear faoi láthair é, beidh measúnú tionchair
comhréireach de dhíth. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA ·
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Is é is aidhm don togra seo feabhas a chur ar na
dálaí ina bhfeidhmíonn an margadh inmheánach trí uirlis a sholáthar a bheidh
éifeachtach agus cairdiúil don úsáideoir agus lena n‑éascófar cur chun
feidhme praiticiúil na bhforálacha sin i ndlí an Aontais lena sainordaítear
comhar riaracháin agus malartú faisnéise. Leis an Rialachán atá beartaithe, leagtar síos in
ionstraim aonair dlí príomhphrionsabail na cosanta sonraí trí IMI, lena n‑áirítear
cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, agus sa dóigh sin méadaítear
trédhearcacht agus feabhsaítear deimhneacht dhlíthiúil. Tá liosta na réimsí de
dhlí an Aontais ina bhfuil IMI in úsáid faoi láthair leagtha amach in
Iarscríbhinn I. Tá na réimsí a bhféadfaí é a leathnú amach chucu amach anseo
liostaithe in Iarscríbhinn II. Na gnéithe a bhaineann le nós imeachta agus
buiséad agus arb é is aidhm dóibh leathnú IMI a éascú amach anseo, tá siad i
gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le Straitéis IMI a luadh thuas. ·
Bunús dlí: Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. ·
Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta I bhfianaise an nádúir atá in IMI mar uirlis
láraithe cumarsáide arna forbairt agus arna hóstáil ag an gCoimisiún, ní mór
sraith comhrialacha a bhunú is infheidhme maidir leis an gcóras, agus iad a
chur chun feidhme ar bhealach láraithe. Chun cuspóirí IMI a bhaint amach, mar
atá bacainní ar chomhar trasteorann a dhíchur amhail constaicí teanga, cultúir
riaracháin agus oibre éagsúla agus easpa nósanna imeachta seanbhunaithe chun
faisnéis a mhalartú, ní leor gníomhaíocht na mBallstát agus tá gníomhaíocht ar
leibhéal an Aontais Eorpaigh de dhíth. Ní théann an togra seo thar a bhfuil
riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. ·
Rogha na n-ionstraimí An ionstraim atá beartaithe: rialachán I bhfianaise na gcuspóirí thuasluaite, tá sé sár‑riachtanch
sraith comhrialacha a bhunú i gcomhair fheidhmiú IMI. Ní fhéadfaí é sin a bhaint
amach trí bhíthin treorach, ós rud é nach bhfuil treoir ceangailteach ach ó
thaobh an toraidh atá le baint amach de agus go bhfágtar faoi na húdaráis
náisiúnta é an fhoirm agus na modhanna a roghnú. I gcás an togra seo, ámh, is
gá foirm agus modhanna an chomhair riaracháin trí IMI a shainiú go
cruinn. Maidir le fasaigh atá fónta, féadtar a thabhairt ar aird gur úsáideadh
rialacháin i gcomhair córas mór eile teicneolaíochta faisnéise ar leibhéal an
AE chun aghaidh a thabhairt ar chosaint sonraí agus ar shaincheisteanna eile[11].
Fairis sin, dá mbeartófaí gníomh a bheadh le glacadh ag an gCoimisiún gan
Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle, cinneadh ón gCoimisiún cuir i gcás, ní
dhéanfaí ach aithris ar an status quo agus ní thabharfaí aghaidh ar na
hábhair imní a chuir an MECS in iúl roimhe seo i ndáil le deimhneacht
dhlíthiúil maidir leis an saoránach. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ó tharla gurb éigeantach do Bhallstáit IMI a úsáid
faoin Treoir um Sheirbhísí agus de réir na dTreoracha a glacadh le deanaí maidir
le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm[12],
is gá a áirithiú gur féidir le IMI leanúint ar aghaidh ag feidhmiú ar bhonn
buan. Ar an ábhar sin, agus chun bainistiú níos éifeachtúla agus rialú níos
fearr ar an mbuiséad a áirithiú, tá sé beartaithe go n‑athaicmeofar an
caiteachas a bhaineann le IMI trí na costais ar fad a thabhairt faoi aon líne
buiséid arna bainistiú ag DG MARKT (12.02.01 Cur chun feidhme agus forbairt an
Mhargaidh Inmheánaigh), mar atá mínithe sa ráiteas airgeadais reachtach a
ghabhann leis seo. Níl tionchar ag an togra seo ar an mbuiséad
thar a bhfuil foráil déanta maidir leis cheana i gcomhair na mblianta atá le
teacht i gclárú oifigiúil an Choimisiúin agus tá an togra seo gan dochar do
chinntí chreat airgeadais ilbhliantúil na mblianta tar éis 2013. 5. EILIMINTÍ ROGHNACHA ·
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa ghníomh atá
beartaithe agus, dá bhrí sin, ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch. ·
Míniú mionsonraithe ar an togra An bunús dlí a roghnú Is é príomhchuspóir an togra feabhas a chur ar na
dálaí ina bhfeidhmíonn an margadh inmheánach trí uirlis a sholáthar a bheidh
éifeachtach agus cairdiúil don úsáideoir agus lena n‑éascófar cur chun
feidhme praiticiúil na bhforálacha sin i ngníomhartha an Aontais lena
gceanglaítear ar na Ballstáit comhoibriú le chéile agus leis an gCoimisiún agus
faisnéis a mhalartú (lena n‑áirítear, i go leor cásanna, sonraí
pearsanta). Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh IMI go héifeachtúil, is gá comhrialacha
áirithe a leagan síos a bhaineann lena rialú agus lena úsáid. Áirítear leis sin
an oibleagáid aon chomhordaitheoir IMI náisiúnta amháin a cheapadh in aghaidh
an Bhallstáit (Airteagal 7), an oibleagáid go bhfuil ar údaráis inniúla
freagairt shásúil a thabhairt go tráthúil (Airteagal 8(1)) agus an fhoráil go
bhféadfar faisnéis arna malartú trí IMI a úsáid chun fianaise a thabhairt ar an
mbonn céanna le faisnéis dá samhail a fuarthas laistigh den Bhallstát céanna
(Airteagal 8(2)). Ag an am céanna, ba cheart a áirithiú gurb ann
d'ardleibhéal cosanta sonraí agus IMI á chur chun feidhme. Caibidil I (Forálacha ginearálta) Tá roinnt forálacha ann i ngníomhartha an Aontais
lena gceanglaítear ar na Ballstáit comhoibriú le chéile agus leis an gCoimisiún
trí fhaisnéis a mhalartú. Mar shampla, sa Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla,
sainordaítear comhar riaracháin agus faisnéis áirithe, lena n‑áirítear
sonraí pearsanta, a mhalartú idir údaráis Ballstát. Ó 2008 i leith, tá
comhaontú ann idir na Ballstáit IMI a úsáid le haghaidh comhair agus
malartuithe den sórt sin i gcás líon gairmeacha, agus cuireadh leis an líon sin
de réir a chéile d'fhonn gach gairm atá á rialáil a chumhdach. Sanntar
oibleagáidí cúnaimh fhrithpháirtigh do na Ballstáit sa Treoir um Sheirbhísí,
lena n‑áirítear an oibleagáid faisnéis a sholáthar ar mhodh leictreonach
(Airteagal 28(6)). I gCinneadh 2009/739/CE an 2 Deireadh Fómhair 2009
leagtar amach na socruithe praiticiúla chun faisnéis a mhalartú idir Ballstáit
faoin Treoir um Sheirbhísí. Ón 16 Bealtaine 2011 i leith, tá údaráis
ar fud an AE a dhéileálann le hoibrithe atá ar phostú in ann faisnéis a
mhalartú trí IMI ar bhonn píolótach[13]. Thairis sin, de thoradh
na Treorach a glacadh le deanaí maidir le cearta othar i gcúram sláinte
trasteorann a chur i bhfeidhm, tá sé éigeantach IMI a úsáid chun faisnéis a
mhalartú maidir le ceart cleachtais gairmithe leighis[14].
Tá tuilleadh réimsí ina bhféadfaí leas a bhaint as IMI liostaithe sa doiciméad
a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir le Straitéis IMI. Ina theannta sin, ba
cheart sineirgíochtaí idir IMI agus uirlisí TF eile a úsáideann an Coimisiún a
iniúchadh, lena n‑áirítear i réimse réitithe fadhbanna. Is é is aidhm d'fhorálacha Airteagail 1, 2
agus 3 cuspóir agus raon feidhme IMI a bhunú. Is é is aidhm don sásra
atáthar a bheartú chun IMI a leathnú chuig gníomhartha nua de chuid an Aontais
(Airteagal 4) an tsolúbthacht is gá a sholáthar don am atá le teacht agus
ardleibhéal deimhneachta dlíthiúla agus trédhearcachta a áirithiú, go háirithe
i gcomhair na ndaoine sin is ábhar do na sonraí. Chun na críche sin, tá na
gníomhartha sin de chuid an Aontais ina n-úsáidtear IMI faoi láthair leagtha
amach in Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, tá réimsí a d'fhéadfaí IMI a
leathnú amach chucu amach anseo liostaithe in Iarscríbhinn II. Tar éis
measúnú a dhéanamh ar fhéidearthacht theicniúil, ar éifeachtúlacht costais, ar
chairdiúlacht don úsáideoir agus ar an tionchar foriomlán ar an gcóras, chomh
maith leis na torthaí ó chéim thástála a d'fhéadfaí a dhéanamh, más iomchuí,
tabharfar de chumhacht don Choimisiún an liosta de réimsí in
Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin, trí ghníomh
tarmligthe a ghlacadh. Caibidil II (Feidhmeanna agus freagrachtaí
maidir le IMI) Tá forálacha na caibidile seo sár-riachtanach
ionas go bhfeidhmeoidh an córas go héifeachtúil (e.g. na róil faoi seach atá ag
an gcomhordaitheoir IMI náisiúnta, in Airteagal 7, agus ag údaráis
inniúla, in Airteagal 8). Go háirithe, níor cheart cead a bheith ag
údaráis inniúla amhras a chur ar an luach mar fhianaise a bhaineann le
doiciméad a fuarthas ó Bhallstát eile ar an aon fhoras amháin go bhfuarthas é
trí IMI agus ba cheart dóibh caitheamh leis ar an tslí chéanna le doiciméid dá
samhail de thionscnamh a mBallstáit féin. Léirítear sna forálacha freisin an
tsolúbthacht a chuireann IMI ar fáil do na Ballstáit na róil éagsúla laistigh
den chóras a leithdháileadh i gcomhréir lena struchtúr riaracháin náisiúnta
féin. Soiléirítear ról an Choimisiúin in
Airteagal 9. I gcás na gcineálacha comhair riaracháin a chumhdaítear le
IMI faoi láthair, ní bheidh i gceist lena ról ach slándáil, infhaighteacht,
cothabháil agus forbairt na mbogearraí agus an bhonneagair TF le haghaidh IMI a
áirithiú. D'fhéadfadh an Coimisiún páirt ghníomhach a ghlacadh freisin, ámh, i
sreafaí oibre IMI, i gcás nósanna imeachta um fhógra mar shampla, ar bhonn
forálacha dlíthiúla nó socruithe eile atá mar bhunús le húsáid IMI i réimse
áirithe den mhargadh inmheánach. Tá Airteagal 10 maidir le cearta rochtana an‑tábhachtach
chun cosaint éifeachtach a áirithiú i gcomhair na sonraí pearsanta a
phróiseáiltear sa chóras. Go háirithe, sonraítear ann nach ceadmhach rochtain
ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI a bheith ag duine ar bith seachas
na húsáideoirí IMI atá ag glacadh páirte sa nós imeachta i gceist. Caibidil III (Proiseáil sonraí agus
slándáil) Beidh próiseáil sonraí pearsanta le IMI fós
bunaithe ar shreafaí oibre, sraitheanna ceisteanna agus nósanna imeachta eile
atá réamhshainithe (Airteagal 12). Tugann sé sin ráthaíocht bhreise do na
daoine is ábhar do na sonraí go mbeidh trédhearcacht ann. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáiltear le
IMI a bheith inrochtana ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Dá bhrí sin,
tá sé den tábhacht uastréimhsí coinneála a bhunú, ar cheart na sonraí a
bhlocáil nuair a bheidh deireadh leo, i.e. nach mbeidh rochtain ag úsáideoirí
IMI ar na sonraí tríd an ngnáth‑chomhéadan agus ansin iad a scriosadh ón
gcóras go huathoibríoch cúig bliana tar éis nós imeachta um chomhar riaracháin
a bheith dúnta (Airteagal 13). Is fearr an rogha sonraí a bhlocáil tar éis
18 mí (seachas iad a scriosadh láithreach) chun a áirithiú go mbeidh na daoine
is ábhar do na sonraí in ann a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach, mar shampla
trí fhianaise a fháil gur malartaíodh faisnéis trí IMI chun achomharc a
dhéanamh in aghaidh cinnidh a bunaíodh ar an malartú sin. Tá an cur chuige sin
i gcomhréir le rialú na Cúirte Breithiúnais i gCás C‑553/07 Rijkeboer
freisin. Ba cheart go bhféadfaí sonraí pearsanta úsáideoirí
IMI (e.g. fostaithe údarás náisiúnta a úsáideann IMI) a phróiseáil chun críoch
a bhaineann le feidhmiú IMI, amhail comhordaitheoirí IMI agus an Coimisiún ag
áirithiú go bhfeidhmíonn an córas i gceart nó chun faisnéis a bhaineann le
comhar riaracháin sa mhargadh inmheánach a bhailiú i suirbhéanna
(Airteagal 14). Léiriú is ea Airteagal 15 go n‑úsáidtear
IMI cheana féin, faoin Treoir um Sheirbhísí agus faoin Treoir um Cháilíochtaí
Gairmiúla, chun sonraí íogaire a mhalartú, lena n‑áirítear e.g. faisnéis
maidir le smachtbhannaí araíonachta nó coiriúla. Tá sé den tábhacht a shoiléiriú gurb iad na
rialacha atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 na rialacha
slándála sonraí is infheidhme – ós rud é go ndéantar IMI a fhorbairt, a
chothabháil agus a hóstáil go lárnach sa Choimisiún (Airteagal 16). Caibidil IV (Cearta daoine is ábhar do na
sonraí agus maoirseacht) I bhfianaise líon na n‑údarás inniúil a
bhaineann úsáid as IMI (breis is 6000 faoi mhí an Mhárta 2011), chomh maith le
líon na gcásanna agus na gcomhthéacsanna ar féidir IMI a úsáid iontu, ní féidir
aon réiteach amháin a leagan síos sa Rialachán atá beartaithe a fheilfidh do
gach cás ina mbeidh daoine is ábhar do na sonraí ag iarraidh a gcearta a
fheidhmiú. Tá oibleagáidí na n‑údarás inniúil cumhdaithe, i bprionsabal,
leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint sonraí, agus cumhdaítear in
Airteagal 15 agus Airteagal 16 saincheisteanna a bhaineann go sonrach le
IMI (e.g. sonraí blocáilte), chomh maith le hoibleagáidí an Choimisiúin.
Is gá trédhearcacht a áirithiú do na daoine is ábhar do na sonraí freisin aon
uair a chuirfear teorainn le feidhmiú a gceart i gcomhthéacs IMI de bharr
reachtaíochta náisiúnta (Airteagal 19). Sna forálacha maidir le maoirseacht chomhordaithe,
leantar an múnla a bunaíodh i Rialachán VIS agus i Rialachán SIS II[15]
(Airteagal 20). Caibidil V (Raon feidhme geografach IMI) Ba cheart dóthain solúbthachta a sholáthar leis an
ionstraim dlí le haghaidh IMI chun fónamh, ó thaobh úsáid an chórais de,
d'fhorbairtí a thiocfaidh chun cinn amach anseo, lena n‑áirítear go
bhféadfadh tríú tíortha a bheith páirteach i malartú faisnéise i réimsí áirithe
(Airteagal 22), nó go bhféadfadh tír an córas a úsáid i gcomhthéacs iomlán
inmheánach (Airteagal 21), rud ar léirigh roinnt Ballstát spéis ann cheana. I
ngach cás den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith i gcónaí ag na ráthaíochtaí
ar chosaint ar shonraí pearsanta. Caibidil VI (Forálacha críochnaitheacha) Le go bhféadfar IMI a leathnú go gníomhartha eile
de chuid an Aontais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún liosta na
bhforálacha a chumhdaítear le IMI cheana a thabhairt cothrom le dáta, de réir
mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, agus tá forálacha breise ar áireamh
in Iarscríbhinn II. Gabhann an Coimisiún de láimh tuarascálacha a
sholáthar go tráthrialta maidir le feidhmiú IMI, inter alia bunaithe ar
fhaisnéis staidrimh arna haisghabháil ón gcóras agus arna soláthar ag Ballstáit
arna iarraidh sin orthu, más iomchuí (Airteagal 26). 2011/0226 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le comhar riaracháin trí Chóras
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
('Rialachán IMI') (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[16], Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach
ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Chun gníomhartha áirithe de chuid an Aontais a chur
i bhfeidhm, ar gníomhartha iad lena rialaítear saorghluaiseacht earraí, daoine,
seirbhísí agus caipitil sa mhargadh inmheánach, ní mór do na Ballstáit
comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú le chéile agus leis an
gCoimisiún. Ó tharla gur minic nach sonraítear sna gníomhartha sin modhanna
praiticiúla chun malartú faisnéise den chineál sin a chur chun feidhme, is gá
socruithe praiticiúla iomchuí a dhéanamh. (2)
Is éard atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh
Inmheánaigh (dá ngairtear 'IMI' anseo feasta) bogearra feidhme a bhfuil fáil
air tríd an idirlíon agus a d'fhorbair an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na
Ballstáit, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit na ceanglais maidir le
malartú faisnéise atá leagtha síos i ngníomhartha an Aontais a chur chun
feidhme go praiticiúil trí shásra cumarsáide láraithe a sholáthar chun malartú
faisnéise thar theorainneacha agus cúnamh frithpháirteach a éascú. Go háirithe,
cuidíonn IMI le húdaráis inniúla a gcontrapháirteanna i mBallstát eile a
aithint, malartú na faisnéise, sonraí pearsanta san áireamh, a bhainistiú ar
bhonn nósanna imeachta simplí agus aontaithe agus constaicí teanga a shárú de
bharr sreafaí oibre atá réamhshainithe agus réamhaistrithe. (3)
Ba cheart a bheith ina chuspóir do IMI feidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí uirlis éifeachtach chairdiúil a sholáthar
chun comhar riaracháin idir na Ballstáit agus an Coimisiún a chur chun feidhme,
agus sa dóigh sin cur i bhfeidhm gníomhartha de chuid an Aontais atá leagtha
amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a éascú. (4)
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún[17]
‘Rialachas níos fearr ar an Margadh Aonair trí chomhar riaracháin níos fearr:
Straitéis chun Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a leathnú agus a
fhorbairt’ leagadh amach pleananna a d'fhéadfaí a úsáid dá mbeadh IMI le
leathnú go gníomhartha eile de chuid an Aontais. Ina Theachtaireacht dar
teideal 'Gníomh um an Margadh Aonair', leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a
bhaineann le IMI chun comhar a neartú i measc na ngníomhairí atá rannpháirteach
sa mhargadh aonair, lena n‑áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus sa dóigh
sin cuirtear le rialachas níos fearr ar an margadh aonair[18].
Dá bhrí sin, is gá creat fónta dlí a bhunú le haghaidh IMI, maille le sraith
comhrialacha chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas go héifeachtúil. (5)
I gcás ina gceanglófar le foráil i ngníomh de chuid
an Aontais go malartóidh Ballstáit sonraí pearsanta agus ina ndéanfar foráil
chun críche na próiseála sin, ba cheart a mheas gur leor í foráil den sórt sin
mar bhunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil, faoi réir coinníollacha atá
leagtha amach in Airteagal 8 agus in Airteagal 52 den Chairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart breathnú ar IMI mar uirlis a
úsáidtear go príomha chun faisnéis (lena n‑airítear sonraí pearsanta) a
mhalartú, ar faisnéis í a mhalartófaí ar mhodhanna eile i gcásanna eile, lena n‑áirítear
tríd an ngnáthphost, trí fhacs nó trí ríomhphost ar bhonn oibleagáide dlíthiúla
arna forchur ar údaráis agus ar chomhlachtaí na mBallstát i ngníomhartha an
Aontais. (6)
De réir phrionsabal an phríobháideachais d'aon ghnó
(privacy by design) a urramú, tugadh aird, agus IMI á fhorbairt, ar
cheanglais na reachtaíochta maidir le cosaint sonraí agus urramaíodh cosaint
sonraí ann ón gcéad lá riamh, go háirithe de bharr na srianta a chuirtear ar rochtain
ar shonraí pearsanta a mhalartaítear sa chóras. Dá bhrí sin, baineann leibhéal
cosanta agus slándála i bhfad níos airde le IMI i gcomparáid le modhanna eile
chun faisnéis a mhalartú amhail an post, teileafón, facs nó ríomhphost. (7)
Ba cheart comhar riaracháin ar mhodh leictreonach
idir Ballstáit agus idir Ballstáit agus an Coimisiún a bheith i gcomhréir leis
na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint atá leagtha síos i dTreoir
95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995
maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[19] agus i Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil
sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir
le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[20]. (8)
Chun trédhearcacht a áirithiú, go háirithe le
haghaidh na ndaoine is ábhar do na sonraí, ba cheart na gníomhartha de chuid an
Aontais a úsáidfear IMI ina leith a liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann
leis an Rialachán seo. Ba cheart réimsí a bhféadfaí leathnú amach chucu a
leagan amach in Iarscríbhinn II. Is iomchuí sraith gníomhartha de chuid an
Aontais a shainaithint in Iarscríbhinn II inar gá meastóireacht a dhéanamh
ar an bhféidearthacht theicniúil, ar an éifeachtúlacht costais, ar an
gcairdiúlacht don úsáideoir agus ar thionchar foriomlán an chórais sula
gcinnfear IMI a úsáid i gcomhair gníomhartha den sórt sin. (9)
Níor ceart do rud ar bith sa Rialachán seo cosc a
chur ar na Ballstáit ná ar an gCoimisiún a chinneadh IMI a úsáid chun faisnéis
a mhalartú nach mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis. (10)
Ba cheart na rialacha i dtaobh IMI a úsáid chun
críche comhair riaracháin a leagan amach sa Rialachán seo, agus d'fhéadfaí a
chumhdach faoin gcomhar riaracháin sin, inter alia, malartú faisnéise
duine le duine, nósanna imeachta um fhógra, sásraí foláirimh, socruithe cúnaimh
fhrithpháirtigh agus réiteach fadhbanna. (11)
Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann
feidhmeanna agus freagrachtaí i ndáil le IMI a chur in oiriúint dá struchtúir
riaracháin inmheánacha nó riachtanais ar leith atá ag sreabhadh oibre sonrach
IMI a chur san áireamh. Féadfaidh comhordaitheoir tarmligthe IMI amháin, nó
níos mó, cúraimí comhordaitheoirí IMI a chur i gcrích, ina n-aonair nó i bpáirt
le comhordaitheoirí eile, i gcomhair réimse ar leith den mhargadh inmheánach, i
gcomhair roinne ar leith den riarachán, i gcomhair réigiúin gheografaigh, nó de
réir critéir eile. (12)
Cé gur uirlis chumarsáide nach bhfuil ar fáil don
phobal i gcoitinne ach d'údaráis phoiblí amháin é IMI go bunúsach, d'fhéadfadh
sé gur ghá modhanna teicniúla a fhorbairt le go bhféadfadh gníomhairí
seachtracha amhail saoránaigh, gnóthais agus eagraíochtaí caidreamh a dhéanamh
leis na húdaráis phoiblí chun faisnéis a thabhairt agus chun sonraí a
aisghabháil, nó chun a gcearta a fheidhmiú mar dhaoine is ábhar do na sonraí.
Ba cheart coimircí iomchuí i gcomhair cosanta sonraí a bheith ar áireamh le
modhanna teicniúla den sórt sin. (13)
Eascraíonn malartú faisnéise trí IMI ón oibleagáid
dhlíthiúil atá ar údaráis na mBallstát cúnamh frithpháirteach a thabhairt. Chun
a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is iomchuí, níor cheart an
luach atá uirthi mar fhianaise in imeachtaí riaracháin a bhaint den fhaisnéis a
fhaigheann údarás inniúil ó Bhallstát eile trí IMI ar an aon fhoras amháin gur
de thionscnamh Ballstáit eile í nó go bhfuarthas ar mhodh leictreonach í, agus
ba cheart don údarás caitheamh léi sa tslí chéanna le doiciméid dá samhail de
thionscnamh a Ballstáit féin. (14)
Chun ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú, is gá
uastréimhsí coinneála a bhunú i gcomhair sonraí pearsanta in IMI. Is gá go
mbeadh na tréimhsí sin fada go leor, áfach, le go mbeidh na daoine is ábhar do
na sonraí in ann a gcearta a fheidhmiú ina n‑iomláine, trí fhianaise a
fháil gur malartaíodh sonraí chun achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh mar
shampla. (15)
Ba cheart go bhféadfaí ainm agus sonraí teagmhála
úsáideoirí IMI a phróiseáil chun críocha a luíonn le cuspóirí an Rialacháin
seo, lena n‑áirítear faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann
comhordaitheoirí IMI agus an Coimisiún as an gcóras, tionscnaimh chumarsáide,
oiliúna agus feasachta, agus faisnéis a bhailiú maidir le comhar riaracháin nó
cúnamh frithpháirteach sa mhargadh inmheánach. (16)
Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm agus
faireachán a dhéanamh air sin, lena n‑áirítear na forálacha ábhartha
maidir le slándáil sonraí. (17)
Ba cheart na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar
an eolas i dtaobh phróiseáil a sonraí pearsanta in IMI agus go bhfuil ceart
rochtana acu ar na sonraí a bhaineann leo, maille leis an gceart sonraí
míchruinne a cheartú agus sonraí a próiseáladh go mídhleathach a scriosadh, i
gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE
chun feidhme. (18)
Chun na nósanna imeachta um chomhar riaracháin a
sholáthraítear in IMI a éascú, ba cheart sreafaí oibre, sraitheanna ceisteanna
agus foirmeacha réamhshainithe arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún chun na
críche sin a bheith ann, agus más iomchuí comhaid cheangailte agus ionchur
téacs shaoir a bheith mar fhorlíonadh orthu. Chun a áirithiú go bhfuil dóthain
trédhearcachta ann do na daoine is ábhar do na sonraí, ba cheart na sreafaí
oibre agus foirmeacha réamhshainithe agus na socruithe eile a bhaineann le
nósanna imeachta um chomhar riaracháin in IMI a phoibliú. (19)
I gcás ina gcuirfidh Ballstáit, i gcomhréir le
hAirteagal 13 de Threoir 95/46/CE, aon teorainneacha nó eisceachtaí le
cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, ba cheart faisnéis i dtaobh na
dteorainneacha nó na n‑eisceachtaí sin a phoibliú chun trédhearcacht
iomlán a áirithiú do na daoine is ábhar do na sonraí. Ba cheart na heisceachtaí
nó teorainneacha sin a bheith riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir
atá beartaithe agus faoi réir coimircí leordhóthanacha. (20)
Ba cheart Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2007
maidir le cur chun feidhme Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) i
dtaca le cosaint sonraí pearsanta a aisghairm[21]. Cinneadh
2009/739/CE ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar
amach na socruithe praiticiúla chun faisnéis a mhalartú ar mhodhanna leictreonacha
idir na Ballstáit faoi Chaibidil VI de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach[22],
ba cheart go leanfadh sé d'fheidhm a bheith aige maidir le saincheisteanna a
bhaineann le faisnéis a mhalartú faoi Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí
sa mhargadh inmheánach[23]. (21)
Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh i ndáil le gníomhartha de chuid an Aontais, i measc na ngníomhartha
sin atá liostaithe in Iarscríbhinn II, inar féidir forálacha maidir le
comhar riaracháin agus malartú faisnéise a chur chun feidhme trí IMI, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Caibidil
I FORÁLACHA
GINEARÁLTA Airteagal 1 Ábhar Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha i
gcomhair úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh ('IMI' anseo feasta)
le haghaidh comhair riaracháin, lena n‑áirítear próiseáil sonraí
pearsanta, idir údaráis inniúla sna Ballstáit agus an Coimisiún. Airteagal 2 Córas
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a bhunú Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a
bhunaítear leis an Rialachán seo. Airteagal 3 Raon
feidhme Úsáidfear IMI chun faisnéis a mhalartú idir
údaráis inniúla sna Ballstáit agus an Coimisiún, ar faisnéis í a bhfuil gá léi
chun gníomhartha a bhaineann leis an margadh inmheánach a chur chun feidhme
agus lena ndéantar foráil maidir le comhar riaracháin, lena n‑áirítear
malartú sonraí pearsanta, idir Ballstáit nó idir Ballstáit agus an Coimisiún.
Tá na gníomhartha a bhaineann leis an margadh inmheánach leagtha amach in
Iarscríbhinn I. Airteagal 4 IMI a
fhorbairt 1.
I gcás na ngníomhartha atá liostaithe in
Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún a
chinneadh go n‑úsáidfear IMI, ag cur féidearthacht theicniúil,
éifeachtúlacht costais, cairdiúlacht don úsáideoir agus an tionchair
fhoriomláin ar an gcóras san áireamh. I gcásanna den sórt sin, tabharfar de
chumhacht don Choimisiún na gníomhartha sin a áireamh in Iarscríbhinn I de
réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23. 2.
Féadfaidh céim thástála (treoirthionscadal), a
mhairfidh ar feadh tréimhse teoranta agus a mbeidh roinnt Ballstát nó na
Ballstáit ar fad páirteach inti, a bheith ann sula nglactar an gníomh
tarmligthe. Airteagal 5 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE agus i
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na
sainmhínithe seo a leanas freisin: (a)
ciallóidh 'Córas Faisnéise an Mhargaidh
Inmheánaigh' ('IMI') an uirlis leictreonach arna soláthar ag an gCoimisiún
Eorpach chun comhar riaracháin idir údaráis náisiúnta agus an Coimisiún a
éascú; (b)
ciallóidh 'comhar riaracháin' údaráis inniúla na
mBallstát agus an Coimisiún ag obair i ndlúthchomhar le chéile, trí fhaisnéis a
mhalartú, lena n‑áirítear trí bhíthin fógraí, nó trí chúnamh
frithpháirteach a thabhairt, lena n‑áirítear cúnamh chun fadhbanna a
réiteach, chun na críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm níos fearr; (c)
ciallóidh 'réimse den mhargadh inmheánach' réimse
reachtach nó feidhme den mhargadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 26(2)
den Chonradh ina n‑úsáidtear IMI i gcomhréir le hAirteagal 3 thuas; (d)
ciallóidh 'nós imeachta um chomhar riaracháin'
sreabhadh oibre réamhshainithe a sholáthraítear in IMI lenar féidir le
gníomhairí IMI cumarsáid agus caidreamh a dhéanamh le chéile ar mhodh
struchtúrtha; (e)
ciallóidh 'údarás inniúil' aon chomhlacht atá
bunaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil a bhfuil freagrachtaí
sonracha aige a bhaineann le dlí náisiúnta nó dlí an Aontais a chur i bhfeidhm
i réimse amháin nó níos mó den mhargadh inmheánach agus a bhfuil a chlárúchán
in IMI bailíochtaithe ag comhordaitheoir IMI; (f)
ciallóidh 'comhordaitheoir IMI' comhlacht arna
cheapadh ag na Ballstáit chun cúraimí tacaíochta a dhéanamh a bhfuil gá leo
ionas go bhfeidhmeoidh IMI go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo; (g)
ciallóidh 'úsáideoir IMI' duine nádúrtha atá ag
obair faoi rialú údaráis inniúil, rialú comhordaitheora IMI nó rialú an Choimisiúin
agus atá cláraithe in IMI thar a gceann; (h)
ciallóidh 'gníomhairí IMI' na húdaráis inniúla, na
comhordaitheoirí IMI agus an Coimisiún; (i)
ciallóidh 'gníomhairí seachtracha' daoine nádúrtha
nó dlítheanacha cé is moite d'úsáideoirí IMI a fhéadfaidh IMI a úsáid ar mhodh
teicniúil agus i gcomhréir le sreabhadh oibre réamhshainithe arna sholáthar
chun na críche sin; (j)
ciallóidh 'blocáil' modh teicniúil a chur i
bhfeidhm lena n-áiritheofar nach mbeidh rochtain ag úsáideoirí IMI ar shonraí
pearsanta trí ghnáth-chomhéadan an fheidhmchláir. Caibidil II FEIDHMEANNA AGUS FREAGRACHTAÍ MAIDIR LE IMI Airteagal 6 Cuspóir ginearálta Ní dhéanfaidh gníomhairí IMI sonraí pearsanta
a aistriú ná a phróiseáil ach chun na gcríoch atá sainmhínithe sa bhunús dlí
ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Airteagal 7 Comhordaitheoirí IMI 1.
Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta
IMI amháin a mbeidh na cúraimí seo a leanas air: (a)
comhordaitheoirí IMI agus údaráis inniúla a chlárú
nó a gclárúcháin a bhailíochtú; (b)
gníomhú mar an príomhphointe teagmhála le haghaidh
saincheisteanna a bhaineann le IMI agus gníomhú mar idirghabhálaí an
Choimisiúin, i gcás gnéithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint freisin; (c)
eolas, oiliúint agus tacaíocht, lena n‑áirítear
tacaíocht theicniúil, a sholáthar d’údaráis inniúla agus úsáideoirí IMI; (d)
feidhmiú éifeachtúil an chórais a áirithiú, lena n‑áirítear
freagairtí tráthúla agus leordhóthanacha ó údaráis inniúla ar iarrataí ar
chomhar riaracháin. 2.
Sa bhreis air sin, féadfaidh gach Ballstát
comhordaitheoir IMI amháin nó níos mó a cheapadh chun ceann amháin nó níos mó
de na cúraimí thuas a dhéanamh, ag brath ar a struchtúr inmheánach riaracháin
féin. 3.
Cuirfidh na Ballstáit na comhordaitheoirí IMI arna
gceapadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 in iúl don Choimisiún,
maille leis na cúraimí a bheidh orthu. Roinnfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin leis na Ballstáit eile. 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní
leordhóthanacha ag comhordaitheoirí IMI chun a ndualgais a chomhlíonadh i
gcomhréir leis an Rialachán seo. 5.
Féadfaidh gach comhordaitheoir IMI feidhmiú mar
údarás inniúil. Más amhlaidh an cás,
beidh na cearta rochtana céanna ag comhordaitheoir IMI agus atá ag údarás
inniúil. Ina cháil mar ghníomhaire
IMI, déanfaidh gach comhordaitheoir IMI rialú ar a ghníomhaíochtaí próiseála
sonraí féin. Airteagal 8 Údaráis inniúla 1.
I gcás comhair trí IMI, áiritheoidh na húdaráis
inniúla go dtabharfar freagairt shásúil laistigh den tréimhse is giorra is
féidir nó faoin spriocdháta arna leagan síos leis an ngníomh is infheidhme de
chuid an Aontais, ag gníomhú dóibh trí úsáideoirí IMI i gcomhréir le nósanna
imeachta um chomhar riaracháin. 2.
Féadfaidh údaráis inniúla aon fhaisnéis, doiciméid,
torthaí, ráitis, fíorchóipeanna deimhnithe nó eolas a cuireadh in iúl trí IMI a
úsáid mar fhianaise ar an mbonn céanna le doiciméid dá samhail a fuarthas ina
dtír féin, chun críocha atá ag luí leis na críocha lenar bailíodh na sonraí an
chéad uair riamh. 3.
Déanfaidh gach údarás inniúil rialú ar a
ghníomhaíochtaí próiseála sonraí féin a fheidhmeoidh úsáideoir IMI atá faoina
údarás, agus áiritheoidh sé gur féidir leis na daoine is ábhar do na sonraí a
gcearta a fheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III agus Caibidil IV,
nuair is iomchuí. 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní
leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla chun a ndualgais a chomhlíonadh i
gcomhréir leis an Rialachán seo. Airteagal 9 An Coimisiún 1.
Áiritheoidh an Coimisiún slándáil, infhaighteacht,
cothabháil agus forbairt na mbogearraí agus an bhonneagair TF le haghaidh IMI. Soláthróidh sé córas ilteangach, oiliúint i
gcomhar leis na Ballstáit agus deasc chabhrach chun cúnamh a thabhairt do na
Ballstáit IMI a úsáid. 2.
Féadfaidh an Coimisiún bheith rannpháirteach i
nósanna imeachta um chomhar riaracháin ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil,
nuair a cheanglaítear amhlaidh leis an ngníomh de chuid an Aontais atá
liostaithe in Iarscríbhinn I. 3.
Cláróidh an Coimisiún na comhordaitheoirí náisiúnta
IMI agus tabharfaidh sé rochtain ar IMI dóibh. 4.
Cuirfidh an Coimisiún oibríochtaí próiseála i bhfeidhm
ar shonraí pearsanta in IMI, i gcás ina bhfuil foráil déanta dó sin sa
Rialachán seo. 5.
Chun a chúraimí a fheidhmiú faoin Airteagal seo
agus chun tuarascálacha agus staidreamh a sholáthar, beidh rochtain ag an
gCoimisiún ar an bhfaisnéis riachtanach a bhaineann leis na hoibríochtaí
próiseála arna bhfeidhmiú in IMI. Airteagal 10 Cearta rochtana ag gníomhairí agus ag
úsáideoirí IMI 1.
Ní bheidh rochtain ar IMI ach ag úsáideoirí IMI atá
ag gníomhú ar son ghníomhaire IMI agus arna gcuí-údarú ag gníomhaire IMI. 2.
Ainmneoidh na Ballstáit, i gcomhar leis an
gCoimisiún, comhordaitheoirí IMI agus údaráis inniúla agus na réimsí den
mhargadh inmheánach ina bhfuil inniúlacht acu. 3.
Déanfaidh gach gníomhaire IMI na cearta rochtana
iomchuí a dheonú agus a chúlghairm, de réir mar is gá, i leith úsáideoirí IMI
sa réimse den mhargadh inmheánach ina bhfuil inniúlacht aige. 4.
Cuirfear modhanna teicniúla iomchuí i bhfeidhm chun
a áirithiú gur féidir le húsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta
arna bpróiseáil san IMI ar bhonn riachtanais amháin, agus laistigh den réimse
nó de na réimsí den mhargadh inmheánach inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i
gcomhréir le mír 3. 5.
Cuirfear cosc le húsáid sonraí pearsanta a ndéantar
próiseáil orthu trí IMI ar mhaithe le cuspóir sonrach agus ar bhealach nach
bhfuil ag luí leis an gcuspóir bunaidh sin, ach amháin má dhéantar foráil
shainráite maidir leis sin sa dlí. 6.
I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta mar
chuid de nós imeachta um chomhar riaracháin, ní bheidh rochtain ach ag na húsáideoirí
IMI atá rannpháirteach sa nós imeachta sin ar na sonraí pearsanta sin. 7.
Féadfaidh gníomhairí seachtracha IMI a úsáid leis
na modhanna teicniúla dá bhforáiltear chun na críche sin chun comhar riaracháin
idir údaráis inniúla sna Ballstáit a éascú nuair is gá, nó chun a gcearta mar
dhaoine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú, nó nuair a fhoráiltear a mhalairt le
gníomh de chuid an Aontais. Airteagal 11 Rúndacht 1.
Cuirfidh gach Ballstát a rialacha maidir le
rúndacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha rúndachta eile i bhfeidhm maidir
lena ngníomhairí IMI agus lena n‑úsáideoirí IMI, i gcomhréir leis an
reachtaíocht náisiúnta. 2.
Áiritheoidh gníomhairí IMI go gcomhlíonfaidh
úsáideoirí IMI atá ag obair faoina n‑údarás iarrataí ó ghníomhairí IMI
eile go ndéileálfar leis an bhfaisnéis a aistrítear trí IMI ar bhealach rúnda. Airteagal 12 Nósanna imeachta um chomhar riaracháin Beidh IMI
bunaithe ar nósanna imeachta um chomhar riaracháin arna bhforbairt agus arna
dtabhairt chun dáta chun na críche sin ag an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis
na Ballstáit. Caibidil III PRÓISEÁIL SONRAÍ AGUS SLÁNDÁIL Airteagal 13 Sonraí pearsanta a choinneáil 1.
Déanfar sonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI a
bhlocáil ocht mí dhéag ar a dhéanaí tar éis nós imeachta um chomhar riaracháin
a dhúnadh go foirmiúil, ach amháin má iarrann údarás inniúil go sonrach an
bhlocáil a dhéanamh roimh an tréimhse sin, de réir an cháis. 2.
I gcás ina mbunaítear stór faisnéise le nós
imeachta um chomhar riaracháin in IMI, ar stór é a mbeidh gníomhairí IMI in ann
tarraingt air amach anseo, féadfar próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta
atá sa stór sin a fhad agus is gá chun na críche sin, le toiliú an duine is
ábhar do na sonraí nó, nuair is gá, chun gníomh de chuid an Aontais a
chomhlíonadh. 3.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta arna mblocáil de bhun
an Airteagail seo, gan stóráil na sonraí a áireamh, a phróiseáil ach chun
críocha cruthúnais i dtaobh malartú faisnéise trí IMI, nó le toiliú an duine is
ábhar do na sonraí. 4.
Déanfar na sonraí blocáilte a scriosadh go huathoibríoch,
cúig bliana tar éis an nós imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh. 5.
Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, trí mhodhanna
teicniúla, go mblocálfar agus go scriosfar na sonraí pearsanta agus go n‑aisghabhfar
iad i gcomhréir le mír 3. Airteagal 14 Sonraí pearsanta úsáideoirí IMI a choinneáil 1.
De mhaolú ar Airteagal 13, beidh feidhm ag
mír 2 agus mír 3 maidir le sonraí pearsanta úsáideoirí IMI a
choinneáil. 2.
Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoirí
IMI a stóráil in IMI chomh fada agus a leanann siad de bheith ina n‑úsáideoirí
IMI, agus féadfar na sonraí a phróiseáil chun críocha atá ag teacht le cuspóirí
an Rialacháin seo. Áireofar sna sonraí pearsanta sin ainm iomlán an
úsáideora agus na sonraí teagmhála leictreonacha agus eile is gá chun críocha
an Rialacháin seo. 3.
Nuair a scoireann duine nádúrtha de bheith ina
úsáideoir IMI, déanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis a bhlocáil ar
mhodhanna teicniúla ar feadh tréimhse cúig bliana. Ní phróiseálfar iad, gan stóráil na sonraí a áireamh, ach chun críocha
cruthúnais i dtaobh malartú faisnéise trí IMI, agus scriosfar iad ag deireadh
na tréimhse cúig bliana. Airteagal 15 Catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil 1.
Ní cheadófar próiseáil le IMI ar chatagóirí
speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de
Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh.
45/2001 ach ar bhonn forais speisialta atá luaite in Airteagal 8(2) den
Treoir agus in Airteagal 10(2) den Rialachán agus le coimircí iomchuí chun
cearta daoine aonair a ndéantar próiseáil ar a sonraí pearsanta a áirithiú. 2.
Féadfar IMI a úsáid chun sonraí a bhaineann leis na
cionta, na ciontuithe coiriúla nó na bearta slándála dá dtagraítear in
Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(5) de
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a phróiseáil, lena n‑áirítear faisnéis
maidir le smachtbhannaí araíonachta, riaracháin nó coiriúla nó faisnéis eile is
gá le dea-cháil duine aonair nó duine dhlítheanaigh a bhunú, i gcás ina
ndéantar foráil maidir le próiseáil na sonraí sin i ngníomh de chuid an Aontais
arb é is bunús leis an bpróiseáil, nó le toiliú sainráite an duine is ábhar do
na sonraí, faoi réir na gcoimircí sonracha iomchuí. Airteagal 16 Slándáil 1.
Comhlíonfaidh próiseáil sonraí pearsanta faoin
Rialachán seo na rialacha maidir le slándáil sonraí arna nglacadh ag an
gCoimisiún faoi bhun Airteagal 22 de Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001. 2.
Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na bearta is gá
chun slándáil na sonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI a áirithiú, lena n‑áirítear
rialú iomchuí ar rochtain ar shonraí agus plean slándála a choinneofar chun
dáta. 3.
I gcás teagmhais slándála, áiritheoidh an Coimisiún
gur féidir na sonraí pearsanta sin a próiseáladh in IMI a fhíorú, maille le
cathain a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil agus cad chuige a ndearnadh
an phróiseáil sin. Caibidil IV CEARTA DAOINE IS ÁBHAR DO NA SONRAÍ AGUS MAOIRSEACHT Airteagal 17 Faisnéis le haghaidh na ndaoine is ábhar do na sonraí agus
trédhearcacht 1.
Áiritheoidh gníomhairí IMI go gcuirfear daoine is
ábhar do na sonraí ar an eolas faoin bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí
pearsanta in IMI agus go mbeidh rochtain acu ar fhógra príobháideachais ina
mínítear a gcearta agus cén chaoi na cearta sin a fheidhmiú, i gcomhréir le
hAirteagal 10 nó le hAirteagal 11 de Threoir 1995/46/CE agus leis an
reachtaíocht náisiúnta atá i gcomhréir leis an Treoir sin.
2.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chur
ar fáil go poiblí: (a)
fógra cuimsitheach príobháideachais a bhaineann le
IMI i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11 de Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001, agus atá leagtha amach ar bhealach soiléir agus intuigthe; (b)
faisnéis faoi ghnéithe cosanta sonraí na nósanna
imeachta um chomhar riaracháin in IMI dá dtagraítear in Airteagal 12; (c)
faisnéis faoi eisceachtaí ó chearta nó faoi
theorainneacha le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, dá dtagraítear in
Airteagal 19. Airteagal 18 Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scrios 1.
Áiritheoidh gníomhairí IMI gur féidir leis an duine
is ábhar do na sonraí an ceart rochtana ar shonraí a bhaineann leis a fheidhmiú
go héifeachtúil, mar aon leis an gceart sonraí atá míchruinn nó neamhiomlán a
cheartú agus an ceart sonraí a phróiseáiltear go mídhleathach a scriosadh, i
gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Déanfaidh an gníomhaire IMI a mbeidh
an fhreagracht sin air an ceartú agus an scrios laistigh de 60 lá. 2.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta arna mblocáil de bhun
Airteagal 13(1) a réiteach ná a scriosadh ach amháin más féidir a léiriú
go soiléir go bhfuil gá leis an réiteach nó leis an scrios sin chun cearta an
duine is ábhar do na sonraí a chosaint agus nach mbaintear dá luach mar
chruthúnas i dtaobh malartú faisnéise trí IMI. 3.
I gcás ina gceistíonn an duine is ábhar do na
sonraí cruinneas nó dleathacht na sonraí arna mblocáil de bhun
Airteagal 13(1), déanfar an méid sin a thaifeadadh mar aon leis an
bhfaisnéis chruinn atá ceartaithe. Airteagal 19 Eisceachtaí agus teorainneacha I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir
le heisceachtaí ó chearta nó teorainneacha le cearta daoine is ábhar do na
sonraí arna leagan amach sa Chaibidil seo sa reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir
le hAirteagal 13 de Threoir 95/46/CE, cuirfidh siad an Coimisiún ar
an eolas faoin méid sin. Airteagal 20 Maoirseacht 1.
Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta maoirseachta
nó údaráis arna n‑ainmniú i ngach Ballstát agus dá dtugtar na cumhachtaí
dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE (‘an tÚdarás Náisiúnta
Maoirseachta’) faireachán ar a dhleathaí atá sé na húdaráis inniúla a bheith ag
próiseáil sonraí pearsanta laistigh dá gcríoch, agus áiritheoidh sé nó siad, go
háirithe, go n‑urramaítear cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí mar
atá leagtha amach sa Chaibidil seo. 2.
Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí go ndéanfar gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta an Choimisiúin,
ina cháil mar ghníomhaire IMI, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag na dualgais agus ag na cumhachtaí
dá dtagraítear in Airteagal 46 agus in Airteagal 47 de
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 dá réir. 3.
Áiritheoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta
agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú
laistigh de raon feidhme a n‑inniúlachtaí féin, go ndéanfar maoirseacht
chomhordaithe ar an gcóras IMI agus ar an úsáid a bhaineann údaráis inniúla sna
Ballstáit as an gcóras sin. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
cuireadh a thabhairt do na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta teacht le chéile
chun na críche sin nuair is gá. Is ar chuntas an Mhaoirseora Eorpaigh ar
Chosaint Sonraí a bheidh costais na gcruinnithe sin. Féadfar tuilleadh modhanna
oibre, lena n‑áirítear rialacha nós imeachta, a fhorbairt i gcomhpháirt
chun na críche sin de réir mar is gá. Seolfar comhthuarascáil ar
ghníomhaíochtaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an
gCoimisiún gach trí bliana ar a laghad. Caibidil V RAON FEIDHME GEOGRAFACH IMI Airteagal 21 Úsáid náisiúnta IMI 1.
Féadfaidh Ballstát IMI a úsáid chun críche comhair
riaracháin idir údaráis inniúla laistigh dá chríoch féin i gcomhréir leis an
dlí náisiúnta, ar choinníoll: (a)
nach n‑éilítear athruithe substaintiúla ar na
nósanna imeachta um chomhar riaracháin atá ann cheana; agus (b)
go bhfuil fógra faoin úsáid atá beartaithe a bhaint
as IMI curtha faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Mhaoirseachta; agus (c)
nach bhfuil tionchar suntasach aige ar fheidhmiú
éifeachtúil IMI. 2.
Nuair is dócha go mbeidh tionchar suntasach ag
úsáid náisiúnta IMI ar fheidhmiú éifeachúil IMI, tabharfaidh an Ballstát fógra
faoin úsáid sin don Choimisiún agus déanfaidh sé formheas a lorg uaidh roimh
ré. Nuair is gá, cuirfear comhaontú
ina leagtar amach inter alia na socruithe teicniúla, airgeadais agus
eagrúcháin, lena n‑áirítear freagrachtaí ghníomhairí IMI, i gcrích idir
na Ballstáit agus an Coimisiún. Airteagal 22 Malartú faisnéise le tríú tíortha 1.
Ní féidir sonraí pearsanta a mhalartú in IMI de
bhun an Rialacháin seo idir gníomhairí IMI laistigh den Aontas agus i dtríú
tíortha ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
go bpróiseáiltear na sonraí de bhun forála atá
liostaithe in Iarscríbhinn I agus de bhun forála coibhéisí i ndlí an tríú
tír; (b)
go ndéantar na sonraí a mhalartú nó a chur ar fáil
i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir le cur i
bhfeidhm forála atá liostaithe ag an tríú tír in Iarscríbhinn I; agus (c)
go bhfuil glactha ag an gCoimisiún le cinneadh ina
gcinntear go n‑áirithíonn an tríú tír i dtrácht cosaint leordhóthanach
sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE,
nó go bhfuil feidhm ag foráil Airteagal 26 de Threoir 95/46/CE, lena
n‑áirítear coimircí leordhóthanacha nach n‑úsáidfear na sonraí arna
bpróiseáil in IMI ach chun na críche sin lenar malartaíodh iad ar an gcéad dul
síos. 2.
Nuair is gníomhaire IMI é an Coimisiún, beidh
feidhm ag Airteagal 9(1) agus Airteagal 9(7) de Rialachán
Uimh. 45/2001 maidir le malartú aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil in
IMI le gníomhairí IMI atá i dtríú tír. 3.
Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh liosta chun dáta de na tríú tíortha a mbaineann na
malartuithe faisnéise a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo leo. Caibidil VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 23 An tarmligean a fheidhmiú 1.
Tabharfar don Choimisiún, ar feadh tréimhse
éiginnte ama, na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in
Airteagal 4 a ghlacadh. 2.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle. 3.
Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in
Airteagal 24 agus Airteagal 25 a thugtar na cumhachtaí don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Airteagal 24 An tarmligean a chúlghairm 1.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3 a chúlghairm. 2.
An institiúid a chuir tús le nós imeachta
inmheánach chun a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean na gcumhachtaí,
cuirfidh sí an reachtóir eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi, aon mhí
amháin ar a dhéanaí sula nglacfar an cinneadh deireanach, agus sonróidh sí na
cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na
cúiseanna leis an gcúlghairm sin. 3.
Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear
deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis láithreach nó ag dáta níos
déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh é. Airteagal 25 Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe 1.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle
agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí tar éis an
dáta a fhaightear fógra. Ar
thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear síneadh mí amháin
leis an tréimhse sin. 2.
Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin, nach
ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh
tharmligthe nó, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in
iúl don Choimisiún roimh an dáta sin go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a
dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá leagtha síos
i bhforálacha an ghnímh. 3.
Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na
cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe. Airteagal 26 Faireachán agus tuairisciú 1.
Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar
fheidhmiú IMI do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2.
Gach trí bliana, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil
ar ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta in IMI, lena n‑áirítear
slándáil sonraí, a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. 3.
Chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1
agus mír 2 a sholáthar, cuirfidh an Ballstát aon fhaisnéis is ábhartha
maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don Choimisiún, ar iarraidh
a fháil uaidh, lena n‑áirítear faisnéis ar an gcaoi a gcuirtear na
ceanglais um chosaint sonraí atá leagtha síos sa Rialachán seo i bhfeidhm sa
chleachtas. Airteagal 27 Costais 1.
Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a
bheidh na costais arna dtabhú i dtaobh fhorbairt, fheidhmiú agus chothabháil
IMI, gan dochar do na socruithe faoi Airteagal 21(2). 2.
Ach amháin má luaitear a mhalairt i ngníomh de
chuid an Aontais, is ar na Ballstáit a bheidh na costais a bhaineann le
hoibríochtaí IMI ar leibhéal na mBallstát, lena n‑áirítear na hacmhainní
daonna atá de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna, cur chun cinn agus
cúnaimh theicniúil (deasc chabhrach), mar aon leis na costais a bhaineann leis
an gcóras a riar ar leibhéal na mBallstát. Airteagal 28 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […]
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina
cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh [...], Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán Iarscríbhinn I dá dtagraítear in
Airteagal 3 ina liostaítear na forálacha maidir le comhar riaracháin a chuirtear
chun feidhme trí IMI 1. Treoir 2006/123/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le
seirbhísí sa mhargadh inmheánach: Caibidil
VI 2. Treoir 2005/36/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005
maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint:
Airteagail 8, 50, 51 agus 56 3. Treoir 2011/24/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le
cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm: Airteagal 10[24] Iarscríbhinn II dá dtagraítear in
Airteagal 4 maidir le réimsí ina bhféadfaí forálacha maidir le comhar
riaracháin a chur chun feidhme trí IMI I. Margadh inmheánach agus
saorghluaiseacht earraí (1)
Moladh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2001
maidir le prionsabail chun ‘SOLVIT' – Líonra um Réiteach Fadhbanna sa Mhargadh
Inmheánach – a úsáid : Caibidil I agus
Caibidil II[25] II. Saoirse chun seirbhísí a bhunú
agus a sholáthar (1)
Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh
inmheánach: Airteagal 15(7) agus
Airteagal 39(5) (2)
Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi
chuimsiú seirbhísí a sholáthar: Airteagal 4[26] (3)
Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de
sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa
Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir um thrádáil leictreonach’): Airteagal 3[27] [4. Togra
le haghaidh TREORACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear
Treoracha 89/666/CEE, 2005/56/CE agus 2009/101/CE maidir le hidirnasc idir
cláir lárnacha, cláir thráchtála agus cláir chuideachtaí (COD/2011/0038)] III. Saorghluaiseacht daoine (1)
Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte
trasteorann a chur i bhfeidhm: Airteagal 6 IV. Saoirse i dtaobh caipitil agus
íocaíochtaí [1. Togra
le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de
bhóthar idir na Ballstáit i limistéar an euro (COD/2010/0204)] RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
LE hAGHAIDH TOGRAÍ [gabhann
an fhoirm seo le gach aon togra nó tionscnamh a thíolactar don údarás reachtach (Airteagal 28
den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 22 de na rialacha cur chun
feidhme)] 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán
(CE) Uimh. xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar
riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’)
1.2.
Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[28]
An
Margadh Inmheánach – Seirbhísí
1.3.
An cineál togra/tionscnaimh
þBaineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann
cheana
1.4.
Cuspóirí
1.4.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Ina
Theachtaireacht ‘Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás
cliste, inmharthana agus uileghabhálach' (COIM(2010) 2020), mhol an Coimisiún
dul i ngleic le bacainní sa mhargadh aonair trí, inter alia ‘struchtúir
a neartú chun bearta an mhargaidh aonair a chur chun feidhme go tráthúil agus
go cuí, lena n‑áirítear [...] an Treoir um Sheirbhísí [...], na bearta
sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus aon fhadhb a thagann chun cinn a
réiteach go tapa’. Is
uirlis cumarsáide ar líne é Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a
d’fhorbair an Coimisiún Eorpach, agus tá sé á chur ar fáil mar sheirbhís saor
in aisce ó 2008 i leith. Baintear
úsáid as faoi láthair chun faisnéis a mhalartú de bhun Threoir 2005/36/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005
maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint[29] ('an Treoir um
Cháilíochtaí Gairmiúla’) agus Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh
inmheánach[30] (‘an Treoir um
Sheirbhísí'). Tugann
IMI deis d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla cumarsáid a dhéanamh go
tapa agus go héasca lena macasamhlacha thar theorainneacha, agus modhanna oibre
aonfhoirmeacha arna gcomhaontú ag na Ballstáit ar fad á leanúint acu. Tugann IMI cúnamh dá úsáideoirí (i) an t‑údarás
ar ceart dul i dteagmháil leis a aimsiú, (ii) cumarsáid a dhéanamh leis an
údarás sin le ceisteanna agus freagraí a ndearnadh aistriúchán orthu roimh ré
agus (iii) dul chun cinn na hiarrata faisnéise a leanúint trí mheicníocht
rianaithe. Mar shampla, féadfaidh
údarás atá in Éirinn a bhfuil faisnéis ag teastáil uaidh ó chomhlacht san
Ungáir ceist a roghnú i mBéarla. Feiceann
an t‑údarás Ungárach an cheist agus na freagraí is féidir a roghnú in
Ungáiris; gheofar an freagra i
mBéarla. De
réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún ‘I dtreo Gnímh um an Margadh Aonair’, is
mór an tábhacht a bhaineann le IMI a leathnú chuig earnálacha eile ‘chun líonra
dílis leictreonach duine le duine a chruthú le haghaidh údaráis na hEorpa’,
d’fhonn rialachas níos fearr ar an margadh aonair a chur chun cinn[31]. Ina Theachtaireacht dar teideal 'Gníomh um an
Margadh Aonair', leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le IMI chun
comhar a neartú i measc na ngníomhairí atá rannpháirteach sa mhargadh aonair,
lena n‑áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus sa dóigh sin cuirtear le
rialachas níos fearr ar an margadh aonair[32].
1.4.2.
Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB
lena mbaineann
Cuspóir sonrach Uimh. 12: Cumas iomlán Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) a
fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme feabhsaithe reachtaíocht an mhargaidh
aonair. Tá
úsáid IMI éigeantach faoin Treoir um Sheirbhísí. Leagann
an Coimisiún amach pleananna chun IMI a leathnú chuig réimsí eile de dhlí an
Aontais amach anseo ina Theachtaireacht “Rialachas níos fearr ar an Margadh
Aonair trí chomhar riaracháin níos fearr: Straitéis chun Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a leathnú agus
a fhorbairt” (COIM(2011) 75 críochnaitheach) (‘Teachtaireacht maidir le
Straitéis IMI’). Is
iad seo a leanas cuspóirí an togra seo: - creat fónta dlí a bhunú le haghaidh IMI, maille le sraith comhrialacha
chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé go héifeachtúil; - creat cuimsitheach um chosaint sonraí a sholáthar trí na rialacha
maidir le cosaint sonraí pearsanta a bhfuil feidhm acu maidir le IMI a leagan
amach in aon ionstraim chothrománach dlí amháin; - leathnú féideartha IMI chuig réimsí nua de dhlí an Aontais amach anseo
a éascú; - róil na ngníomhairí éagsúla a bhfuil baint acu leis an gcóras IMI a
shoiléiriú. Chun
na cuspóirí sin a bhaint amach, leanfaimid leis na gníomhaíochtaí seo a leanas: 1. Cothabháil, i.e. cliseadh a chosc agus a réiteach, mionfheabhsuithe ar
fheidhmiúlachtaí atá ann cheana, leanúnachas a áirithiú in oibríocht an
chórais; 2. Bonneagar an chórais a óstáil; 3. Forbairt, i.e. ceanglais nua córais a chur chun feidhme; agus 4. Gníomhaíochtaí cumarsáide agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta, lena
n‑áirítear comhdhálacha, seisiúin oiliúna agus ábhar fógraíochta agus
oiliúna a ullmhú. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 12/03
4: Margadh Inmheánach le haghaidh Seirbhísí De
réir mar a leathnóidh an córas chuig réimsí eile de dhlí an Aontais, féadfaidh
gníomhaíochtaí ABM/ABB eile a bheith bainteach leis.
1.4.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe 1. Leibhéal ard deimhneachta dlíthiúla i ndáil le sonraí pearsanta
shaoránaigh an AE a phróiseáil trí IMI, agus ar an mbealach sin constaicí
dlíthiúla le leathnú IMI chuig réimsí eile de dhlí an Aontais a bhaint; 2. Creat solúbtha chun leathnú féideartha IMI chuig réimsí nua de dhlí an
Aontais amach anseo a éascú; 3. Róil agus oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát, na n‑údarás
náisiúnta agus an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí a shoiléiriú i ndáil
le malartuithe faisnéise trí IMI; 4. Sábháil chostais trí uirlis TF atá ann cheana a athúsáid i réimsí nua
seachas uirlisí nua aonchuspóra a fhorbairt; 5. Inmharthanacht mhaoiniú IMI amach anseo a áirithiú, i bhfianaise a
stádas éigeantach faoin Treoir um Sheirbhísí agus an leathnaithe a d’fhéadfadh
teacht air amach anseo, i gcomhréir le Teachtaireacht maidir le Straitéis IMI.
1.4.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh Beidh
an togra seo ina chúnamh chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos
éifeachtaí i réimsí ina n‑úsáidtear IMI agus beidh sé ina chúnamh chun na
costais a bhaineann le forbairt agus cothabháil TF a shábháil. D’fhéadfaí
tionchar díreach an togra a thomhas leis na táscairí seo a leanas: - líon na réimsí reachtacha arna gcumhdach le IMI (méadú i gcomparáid
leis an dá réimse a bhí ann in 2011); - líon na malartuithe faisnéise a tharlaíonn trí IMI ar bhonn bliantúil; - líon na n‑údarás inniúil a bhaineann úsáid ghníomhach as an
gcóras (i.e. ní amháin gur úsáideoirí cláraithe iad); - an tsábháil chostais a mheastar de réir gach réimse beartais a
chuirtear leis.
1.5.
Na forais leis an togra/tionscnamh
1.5.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Soláthróidh
an togra seo leibhéal ard deimhneachta dlíthiúla i ndáil le sonraí pearsanta a
phróiseáil in IMI, i gcomhréir le moltaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint
Sonraí. San fhadtéarma, éascóidh sé
leathnú féideartha IMI chuig réimsí nua de dhlí an Aontais amach anseo trí
chreat solúbtha a sholáthar don leathnú sin.
1.5.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
I
bhfianaise an nádúir atá in IMI mar uirlis láraithe cumarsáide arna forbairt
agus arna hóstáil ag an gCoimisiún, ní mór sraith comhrialacha a bhunú is
infheidhme maidir leis an gcóras, agus iad a chur chun feidhme ar bhealach
láraithe. Cuireann an Coimisiún IMI
ar fáil mar sheirbhís saor in aisce do na Ballstáit; cuirtear seirbhísí
cothabhála agus forbartha ar fáil mar aon le deasc chabhrach, agus déantar an
bonneagar ríomhaireachta a óstáil. Ní
fhéadfaí na cúraimí sin a dhéanamh ar bhealach díláraithe. Éiríonn
le IMI bacainní ar chomhar trasteorann, amhail constaicí teanga, a shárú mar
aon le fadhbanna a eascraíonn as cultúir éagsúla riaracháin agus oibre agus as
an easpa nósanna imeachta atá seanbhunaithe le haghaidh malartú faisnéise. Toisc baint a bheith ag na Ballstáit le dearadh
an chórais, is ionann na modhanna oibre atá i ngach Ballstát faoi IMI,
coinníoll arna chomhaontú ag na Ballstáit ar fad.
1.5.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
Seoladh
IMI in 2008. Faoi láthair, tá os cionn 5 700 údarás
inniúil agus 11 000 úsáideoir cláraithe sa chóras. Rinneadh isteach is amach le 2 000 malartú faisnéise in 2010. Ó
thaobh an dlí de, feidhmíonn IMI ar bhonn cinnidh ón gCoimisiún, ar bhonn
cinnidh “coisteolaíochta”, agus ar bhonn molta ón gCoimisiún[33]. Toisc nárbh ann d'ionstraim aonair dlí arna
glacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, measadh nach bhféadfaí é
a leathnú a thuilleadh. Ba
faoi chlár IDABC (Ríomhsheirbhísí Rialtais uile-Eorpacha a chur ar fáil go
hidiroibritheach do chórais riaracháin phoiblí, do ghnóthais agus do
shaoránaigh) a maoiníodh costas forbartha IMI ag an tús, go dtí gur cuireadh
deireadh leis an gclár sin in 2009. Go
dtí mí Iúil 2010, is ar DG MARKT a bhí na costais maidir le cothabháil,
tacaíocht dara líne, riarachán an chórais, óstáil, oiliúint, cumarsáid agus
ardú feasachta. I mí Iúil 2010,
thoiligh clár an ISA (Réitigh Idiroibritheachta do Lucht Riaracháin Phoiblí)
(2010-2015)[34] IMI a mhaoiniú, agus
mhaoinigh siad oibriú agus feabhsú a fheidhmithe in 2010. Táthar ag súil go leanfaidh clár an ISA ag tabhairt maoiniú do IMI go
dtí 2012 ar a laghad. Ar DGT MARKT
atá costas na hóstála, na hoiliúna, na cumarsáide agus an ardaithe feasachta i
gcónaí. Ós
rud é go bhfuil úsáid an chórais éigeantach faoin Treoir um Sheirbhísí agus i
bhfianaise na bpleananna chun IMI a leathnú chuig réimsí nua de dhlí an Aontais
amach anseo, beidh gá gnéithe maoinithe a shoiléiriú agus le maoiniú seasmhach
agus inbhuanaithe tar éis 2012 a áirithiú.
1.5.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Leagadh
amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Rialachas níos fearr ar an Margadh
Aonair trí chomhar riaracháin níos fearr: Straitéis chun Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a leathnú agus
a fhorbairt (IMI)’ (COIM(2011) 75 críochnaitheach) pleananna chun IMI a leathnú
chuig réimsí eile de dhlí an AE amach anseo. Ina
Theachtaireacht dar teideal 'Gníomh um an Margadh Aonair' leag an Coimisiún
béim ar an tábhacht a bhaineann le IMI chun comhar a neartú i measc na
ngníomhairí atá rannpháirteach sa mhargadh aonair, lena n‑áirítear ar an
leibhéal áitiúil, agus sa dóigh sin cuirtear le rialachas níos fearr ar an
margadh aonair[35].
1.6.
Fad agus tionchar airgeadais
þ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta Táthar ag súil go dtiocfaidh an togra seo i
bhfeidhm in 2013.
1.7.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[36]
þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Soláthróidh
an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fhorbairt agus ar fheidhmíocht IMI. Ina theannta sin, cuirfear tuarascáil
thréimhsiúil ar shaincheisteanna cosanta sonraí IMI, lena n‑áirítear
slándáil, faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
Na rioscaí a aithníodh
Is
é an Choimisiúin “úinéir córais” IMI, agus tá sé freagrach as oibriú laethúil
an chórais, as a chothabháil agus a fhorbairt. Soláthróir inmheánach, eadhon DG de chuid an Choimisiúin (DIGIT), a
dhéanann forbairt agus óstáil ar an gcóras agus áirithíonn siad ardleibhéal
leanúnachais ó thaobh an ghnó de. D’fhéadfadh
cúrsaí rialachais éirí níos casta má leathnaítear IMI chuig réimsí nua
reachtacha toisc go dtiocfaidh fás ar líon na ngeallsealbhóirí agus b'fhéidir
go mbeidh gá na héilimh éagsúla a thabhairt chun réitigh.
Ní mór an próiseas sin a bhainistiú go cúramach.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Meabhrán
comhthuisceana a dhéantar idir MARKT agus DIGIT ina leagtar amach rialacha agus
nósanna imeachta agus freagrachtaí agus oibleagáidí úinéir an chórais (MARKT)
agus soláthróir an chórais (DIGIT) a rialaíonn cothabháil agus forbairt TF i
dtaobh IMI. Éascaíonn cruinnithe
rialta agus uirlisí tuairiscithe dlúthfhaireachán ar an obair chothabhála agus
forbartha a dhéantar ar TF. Tá
coiste stiúrtha IMI, lena n‑áirítear ionadaithe na ngeallsealbhóirí ar
fad atá i dtionscadal IMI (úinéir an chórais, soláthróir an chórais, Coiste
Comhairleach an Mhargaidh Inmheánaigh agus úsáideoirí IMI), freagrach as, inter
alia, ardleibhéal faireacháin agus rialaithe. Tugann Meitheal IMAC IMI (foghrúpa de Choiste Comhairleach an Mhargaidh
Inmheánaigh) comhairle don Choimisiún i dtaobh saincheisteanna cothrománacha a
bhaineann le forbairt IMI. Ina
theannta sin, áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, de bhun
Airteagal 19 den togra, gur i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme a
dhéanfaidh an Coimisiún an phróiseáil ar shonraí pearsanta in IMI. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um chosaint
sonraí faireachán ar an bpróiseáil ar na sonraí pearsanta a dhéanann údaráis
inniúla ar leibhéal na mBallstát.
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Chun
calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a chomhrac, beidh
feidhm gan srian i gcomhthéacs IMI ag na forálacha is infheidhme de ghnáth
maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin, lena n‑áirítear
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur
i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus
na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
· Línte buiséid atá ann cheana Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([37]) || ó thíortha an CSTE[38] || ó thíortha is iarrthóirí[39] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1A || 12.02.01 Cur chun feidhme agus forbairt an Mhargaidh Inmheánaigh || LD || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL 1A || 12.01.04 Cur chun feidhme agus forbairt an Mhargaidh Inmheánaigh – Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL 1A || 26.03.01.01 Réitigh Idiroibritheachta do Lucht Riaracháin Phoiblí (ISA) || LD || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL
3.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1B || Cur chun feidhme agus forbairt an Mhargaidh Inmheánaigh DG: MARKT || || || Bliain 2013 || || || || || || || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 12.02.01 || Oibleagáidí || (1) || 1.440 || || || || || || || 1.440 Íocaíochtaí || (2) || 1.440 || || || || || || || 1.440 || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG MARKT || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 1.440 || || || || || || || 1.440 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 1.440 || || || || || || || 1.440 Táthar ag súil go dtiocfaidh an togra seo i
bhfeidhm in 2013 agus ní bheidh tionchar aige ar an mbuiséad de bhreis ar a
bhfuil foráilte do na blianta amach romhainn i gclárú oifigiúil an Choimisiúin. Ina theannta sin, tá an togra gan dochar do na
cinntí ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2013. In 2010, is iad na foinsí seo a leanas a
mhaoinigh IMI: Clár an ISA
(EUR 500 000 – líne buiséid 26.03.01.01) agus línte buiséid an
mhargaidh inmheánaigh (EUR 925 000). Do na blianta 2011-2012, beidh an maoiniú atá beartaithe ón ISA ionann
le ca. EUR 1 150 000 in aghaidh na bliana. Tá an maoiniú ó chlár an ISA faoi réir athbhreithniú bliantúil ar
thosaíochtaí foriomlána an chláir agus ar an mbuiséad atá ar fáil, áfach. Táthar ag súil go leanfaidh clár an ISA ag
soláthar maoiniú do IMI go dtí 2012 ar a laghad. Chun a áirithiú gur féidir leanúint de IMI a
thairiscint do na Ballstáit ar bhonn buan, agus chun bainistíocht níos
éifeachtaí agus rialú níos fearr ar an mbuiséad a éascú, fiosróidh an Coimisiún
an fhéidearthacht na costais ar fad a thabhairt faoi líne buiséid amháin arna
bainistiú ag DG MARKT (12.02.01 Cur chun feidhme agus forbairt an Mhargaidh
Inmheánaigh). Bheadh méadú glan sa
líne buiséid seo in 2013 i gceist de bharr ath-imlonnú ó línte buiséid eile. Pé ar bith, táthar ag súil go dtiocfaidh
laghdú ar chostas iomlán IMI ó 2012 amach, de bharr laghdú réamh-mheasta ar
riachtanais i dtaobh feidhmiúlachtaí nua a fhorbairt, ar cheart iad a bheith i
bhfeidhm faoin am sin. IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 1.440 || || || || || || || 1.440 Íocaíochtaí || (5) || 1.440 || || || || || || || 1.440 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó bhuiséad clár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1A den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 1.440 || || || || || || || 1.440 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 1.440 || || || || || || || 1.440 Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || ‘Caiteachas riaracháin’ EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2013 || || || || || || || IOMLÁN DG: MARKT || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN DG MARKT || Leithreasaí || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || || || || || || || || EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2013[40] || || || || || || || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || || || || || || || || 1.440 Íocaíochtaí || || || || || || || ||
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
–
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2013 || || || || || || || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || || || || || || || || || || || || || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[41]... || || || || || || || || || || || || || || || || Cothabháil A || 0.4 || || 0.4 || || || || || || || || || || || || || || 0.4 - Óstáil B || 0.24 || || 0.24 || || || || || || || || || || || || || || 0.24 Forbairt C || 0.3 || || 0.6 || || || || || || || || || || || || || || 0.6 - Cumarsáid agus feasacht D || 0.2 || || 0.2 || || || || || || || || || || || || || || 0.2 Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 1.440 || || || || || || || || || || || || || || 1.440 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || 1.440 || || || || || || || || || || || || || || 1.440
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
–
þ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh
riachtanach
–
þ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear breis acmhainní
daonna –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar
a mhínítear thíos: Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha –
þ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha.
3.2.4.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–
þ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe
3.3.
An tionchar a
mheastar a bheidh ar ioncam
–
þ Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. [1] IO L 255, 30.9.2005, lch.22. [2] IO L 376, 27.12.2006, lch.36. [3] Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún
an 12 Nollaig 2007 maidir le cur chun feidhme Chóras Faisnéise an
Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) i dtaca le cosaint sonraí pearsanta (IO L 13,
16.1.2008, lch. 18), Cinneadh 2009/739/CE ón gCoimisiún an 2 Deireadh
Fómhair 2009 lena leagtar amach na socruithe praiticiúla chun faisnéis a
mhalartú ar mhodhanna leictreonacha idir na Ballstáit faoi Chaibidil VI de
Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
seirbhísí sa mharghadh inmheánach (IO L 263, 7.10.2009, lch. 32),
Moladh ón gCoimisiún an 26 Márta 2009 maidir le treoirlínte le
haghaidh cosanta sonraí do Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) (IO
L 100, 18.4.2009, lch. 12). [4] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus
chuig Coiste na Réigiún ‘I dTreo Gnímh um an Margadh Aonair. Le haghaidh geilleagair shóisialta margaidh ina
bhfuil iomaíocht ghéar. 50 togra chun
ár gcuid oibre, ár ngnó agus ár gcaidreamh lena chéile a fheabhsú’,
COIM(2010) 608 críochnaitheach, togra Uimh. 45 ar lch. 31. [5] COIM(2011) 75. [6] COIM(2011) 206. [7] Tuairim 01911/07/EN, WP 140. [8] Tuairim an
22 Feabhra 2008 ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ('MECS') ar
an gCinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2007 maidir le cur chun
feidhme Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) i dtaca le cosaint
sonraí pearsanta, IO C 270, 25.10.2008, lch. 1. [9] Moladh ón gCoimisiún an
26 Márta 2009 maidir le treoirlínte cosanta sonraí le haghaidh Chóras
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), IO L 100, 18.4.2009, lch. 12. [10] Tuarascáil ón gCoimisiún an
22 Aibreán 2010 ar staid na cosanta sonraí i gCóras Faisnéise an
Mhargaidh Inmheánaigh, COIM(2010) 170 críochnaitheach. [11] Féach e.g. Rialachán (CE) Uimh.
1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006
maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a
oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4) agus Rialachán
(CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil
2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar
víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218,
13.8.2008, lch. 60). [12] Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i
gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88/45, 4.4.2011, lch. 45). [13] Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a
phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1). Féach Conclúidí na Comhairle an
7 Márta 2001 freisin: http://www.consilium.europa.eu/uedocs/cms_data/docs/pressdata/en/lsa/119621.pdf [14] Féach fonóta 12 thuas,
Airteagal 10(4). [15] Conclúidí ón gComhairle an
10 Nollaig 2010. [16] IO C , , lch. . [17] COIM(2011) 75. [18] COIM(2011) 206 [19] IO L 281, 23.11.1995,
lch. 31. [20] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [21] IO L 13, 16.1.2008,
lch. 18. [22] IO L 263, 7.10.209, lch.32 [23] IO L 376, 27.12.2006,
lch. 36. [24] IO L 88, 4.4.2011, lch. 45 [25] IO L 331, 15.12.2001,
lch. 79. [26] IO L 18, 21.1.1997, lch. 1. [27] IO L 178, 17.7.2000,
lch. 1. [28] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí [29] IO L 255, 30.9.2005,
lch. 22. [30] IO L 376, 27.12.2006,
lch. 36. [31] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus
chuig Coiste na Réigiún ‘I dTreo Gnímh um an Margadh Aonair. Le haghaidh geilleagair shóisialta margaidh ina
bhfuil iomaíocht ghéar. 50 togra chun
ár gcuid oibre, ár ngnó agus ár gcaidreamh lena chéile a fheabhsú’, COIM(2010) 608
críochnaitheach, togra Uimh. 45 ar lch. 31. [32] Féach fonóta 6 thuas. [33] Cinneadh 2008/49/CE ón
gCoimisiún an 12 Nollaig 2007 maidir le cur chun feidhme Chóras
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) i dtaca le cosaint sonraí pearsanta
(IO L 13, 16.1.2008, lch. 18), Cinneadh 2009/739/CE ón
gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar amach na socruithe
praiticiúla chun faisnéis a mhalartú ar mhodhanna leictreonacha idir na
Ballstáit faoi Chaibidil VI de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mharghadh inmheánach (IO L 263,
7.10.2009, lch. 32), Moladh ón gCoimisiún an 26 Márta 2009
maidir le treoirlínte le haghaidh cosanta sonraí do Chóras Faisnéise an
Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) (IO L 100, 18.4.2009, lch.12). [34] Cinneadh Uimh. 922/2009/CE,
IO L 260, 3.10.2009,
lch. 20. [35] Féach fonóta 6 thuas. [36] Is féidir mionsonraí ar na modhanna
bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh
gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [37] LD = Leithreasaí difreáilte / LN =
Leithreasaí neamhdhifreáilte [38] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [39] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair
is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin
Thiar. [40] Is í bliain N an bhliain a
gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [41] Mar a thuairiscítear i Roinn
1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”.