This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0330
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 302/2009 concerning a multiannual recovery plan for bluefin tuna in the eastern Atlantic and Mediterranean
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir
/* COM/2011/0330 final - COD 2011/0144 */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir /* COM/2011/0330 final - COD 2011/0144 */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN Le linn chruinniú cinn bhliana ICCAT in 2010,
glacadh Moladh lena leasófaí an plean téarnaimh do thuinnín gorm san Atlantach
Thoir agus sa Mheánmhuir. D'fhonn an stoc a athbhunú, rinneadh plean
téarnaimh ICCAT a leasú le go ndéanfaí an ghabháil iomlán is incheadaithe a
laghdú tuilleadh, le go neartófaí na bearta chun an cumas iascaireachta a
laghdú agus le go dtreiseofaí na bearta rialaithe, go háirithe maidir le
tuinnín gorm a aistriú agus a chur i gcaighean. Tá na bearta sin dírithe ar
éifeachtacht an phlean a áirithiú agus is é sprioc an phlean sin bithmhais a
ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe sin a bhfuil dóchúlacht
níos airde ná 60 % ag baint léi. Tá an Comhphobal ina Pháirtí de ICCAT ón
mbliain 1997 agus bíonn na Moltaí ina gceangal ar na Páirtithe Conarthacha sin
nach ndéanann agóid ina n‑aghaidh. Ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach
ina Pháirtí Conarthach san eagraíocht sin, tá dualgas air na Moltaí a ghlactar
a chur i bhfeidhm mura bhfuil agóid déanta aige in aghaidh na Moltaí sin. Is é is cuspóir don togra seo Moladh ICCAT
lena leasaítear an plean téarnaimh do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa
Mheánmhuir a thrasuí i ndlí an Aontais. Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an
Aontais. Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí leis an togra seo. Iarrtar leis seo ar Pharlaimint na hEorpa agus
ar an gComhairle an togra seo a ghlacadh a luaithe is féidir. 2011/0144 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE)
Uimh. 302/2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san
Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú
Tuinníní Atlantacha (ICCAT) Moladh 10‑04 lena leasaítear an plean
téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm. D'fhonn an stoc a athbhunú, foráiltear
sa mholadh go ndéanfaí an ghabháil iomlán is incheadaithe a laghdú tuilleadh,
go neartófaí na bearta chun an cumas iascaireachta a laghdú agus go dtreiseofaí
na bearta rialaithe, go háirithe maidir le tuinnín gorm a aistriú agus a chur i
gcaighean. (2)
Tá an Moladh sin ina cheangal ar an Aontas agus ba
cheart é a thrasuí dá bhrí sin. (3)
Tá forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009[2]
atá imithe i léig agus ba cheart iad a scriosadh. Ba cheart na forálacha
eile a thabhairt cothrom le dáta maidir le hathruithe sa reachtaíocht. (4)
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009
mar seo a leanas: (1) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 1(3): "Is é is cuspóir don phlean téarnaimh
bithmhais a ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe sin a bhfuil
dóchúlacht níos airde ná 60 % ag baint léi." (2) Leasaítear Airteagal 2 mar seo
a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (d): "(d) ciallaíonn 'soitheach coimhdeachta' aon
soitheach a úsáidtear chun tuinnín gorm marbh (gan phróiseáil) a iompar ó
chaighean nó ó ghaiste tuinnín chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach
próiseála;" (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (h): "(h) ciallaíonn 'aistriú': (i) tuinnín gorm beo a aistriú ó eangach an
tsoithigh ghabhála go dtí an caighean iompair; (ii) tuinnín gorm beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair
eile; (iii) an caighean ina bhfuil tuinnín gorm a aistriú ó shoitheach tarraingthe
amháin go dtí soiteach tarraingthe eile; (iv) tuinnín gorm marbh a aistriú ón gcaighean iompair go dtí soitheach
coimhdeachta; (v) tuinnín
gorm a aistriú ó fheirm tuinnín ghoirm nó ó ghaiste tuinnín go dtí soitheach
próiseála, soitheach iompair, nó caighean ina bhfuil tuinnín gorm a aistriú ó
fheirm amháin go feirm eile; (vi) tuinnín gorm beo a aistriú ón ngaiste go
dtí an caighean iompair." (c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (l): "(l) ciallaíonn 'feirmeoireacht' tuinnín gorm
a chur i gcaighean ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, nuair atá sé dírithe
ar an mbithmhais a mhéadú;". (d) Cuirtear pointe (q) isteach: "(q) ciallaíonn 'an Ballstát freagrach'
agus 'an Ballstát atá freagrach as' Ballstát na brataí nó an Ballstát a bhfuil
an gaiste nó an fheirm suite faoina dhlínse nó, má tá an fheirm nó an gaiste
suite ar an mórmhuir, an Ballstát ina bhfuil oibreoir an ghaiste nó na feirme
bunaithe". (3) Leasaítear Airteagal 4 mar seo
a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 4: "4. Tráth nach déanaí ná an 15 Meán
Fómhair gach bliain, déanfaidh na Ballstáit an leagan sealadach den phlean
bliantúil iascaireachta a bhaineann leis an mbliain dar gcionn a chur chuig an
gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún plean iascaireachta an Aontais a chur chuig
Rúnaíocht ICCAT d'fhonn formhuiniú ICCAT a fháil. Trách nach déanaí ná an 31 Eanáir gach
bliain, déanfaidh na Ballstáit an leagan críochnaitheach den phlean bliantúil
iascaireachta a chur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún plean iascaireachta
an Aontais a chur chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Márta gach bliain." (b) Scriostar mír 12 agus mír 14. (4) Leasaítear Airteagal 5 mar seo
a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 7: "7. Gan dochar do mhír 6, déanfar an cumas
iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 agus in Airteagal 9 a
laghdú, le go ndíchuirfear: (a) faoi thús 2010, i gcás gach Ballstáit, 25 %
ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas
iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta; (b) faoi thús 2011, i gcás gach Ballstáit, 75 %
ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas
iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta; (c) faoi thús 2012, i gcás gach Ballstáit, 95 %
ar a laghad den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas
iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta; (d) faoi thús 2013, i gcás gach Ballstáit,
100 % den neamhréiteach idir a chumas iascaireachta agus a chumas
iascaireachta atá ar comhréir lena chuóta. Beidh ríomh an laghdaithe sa chumas iascaireachta
bunaithe ar na rátaí gabhála le haghaidh catagóirí soithí a dhéanfaidh Coiste
Eolaíoch ICCAT a mheas. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas laghdaithe sin
maidir le Ballstát a léireoidh go bhfuil a chumas iascaireachta ar comhréir
lena chuóta." (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 9: "9. Bunóidh gach Ballstát plean bainistíochta
maidir le cumas iascaireachta don tréimhse 2010‑2013. Déanfar an plean
sin a chur chuig an gCoimisiún faoin 15 Lúnasa 2009, agus áireofar
ann an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2, 4, 6 agus 7. Áireofar ann
freisin faisnéis mhionsonraithe faoi na bealaí a d'úsáid an Ballstát chun
róchumas a dhíchur mar aon le faisnéis faoi bhriseadh soithí. Déanfar an plean
a athbhreithniú, más gá, agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é uair sa
bhliain faoin 15 Lúnasa. Cuirfidh an Coimisiún plean bainistíochta an
Aontais maidir le cumas iascaireachta chuig ICCAT ar mhaithe le plé a dhéanamh
air agus formheas a fháil." (5) Leasaítear Airteagal 7 mar seo
a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 2: "2. Cuirfear toirmeasc ar pheas‑saighneoireacht
tuinnín ghoirm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse idir
15 Meitheamh agus 15 Bealtaine". (b) Scriostar mír 6. (6) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le
hAirteagal 14(2): "Ní ghlacfar le haon soitheach iascaireachta
a áireamh go cúlghabhálach sna liostaí dá dtagraítear i mír 1." (7) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 18(1): "1. Chomh maith le comhlíonadh Airteagail 14,
15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009
lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an
Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú[3], déanfaidh máistir
soithigh ghabhála de chuid an Chomhphobail an fhaisnéis a liostaítear in
Iarscríbhinn II a iontráil sa logleabhar, más infheidhme." (8) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le
hAirteagal 19(1): "Ní cheadófar comhoibríochtaí iascaireachta a
dhéanfar i gcomhar le CPCanna eile." (9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Airteagal 22: "Airteagal 22 Aistriú 1. Sula ndéantar aon aistriú, déanfaidh
máistir soithigh ghabhála nó soithigh tarraingthe nó oibreoir na feirme nó an
ghaiste as a dtionscnaíonn an t‑aistriú i dtrácht, réamhfhógra um aistriú
a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh agus tabharfar an méid
seo a leanas le fios sa réamhfhógra sin: a) ainm an tsoithigh ghabhála, na feirme nó
an ghaiste agus taifeaduimhir ICCAT; b) an t‑am a mheastar a dhéanfar an t‑aistriú; c) meastachán ar an méid tuinnín ghoirm a
aistreofar; d) faisnéis faoin suíomh
(domhanleithead/domhanfhad) ag a dtarlóidh an t‑aistriú agus uimhreacha
so‑aitheanta na gcaighean; e) ainm an tsoithigh tarraingthe is
faighteoir, líon na gcaighean tarraingthe agus taifeaduimhir ICCAT nuair is iomchuí; f) an calafort, an fheirm nó an caighean a
bheidh ina cheann scríbe ag an tuinnín gorm. 2. I gcás gach aistriú, déanfaidh an
Ballstát freagrach uimhir údarúcháin a shannadh agus a chur in iúl do mháistir
an tsoithigh iascaireachta, d'oibreoir an ghaiste nó d'oibreoir na feirme, de
réir mar is iomchuí. Ní thosóidh an t‑aistriú gan réamhúdarú a bheith
faighte. Is iad údaráis an Bhallstáit fhreagraigh a
eiseoidh an t‑údarú i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí
litir de chód an CPC, ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí
litir a thabharfaidh an t‑údarú (AUT) le fios, agus leanfaidh uimhreacha
seicheamhacha an méid sin. I gcás ina ndiúltófar don údarú, cuirfear NEG
(neamhúdarú) in ionad AUT. Tabharfaidh an Ballstát freagrach an t‑údarú
nó an neamhúdarú le fios faoi cheann 48 uair an chloig ón tráth a gcuirfear an
réamhfhógra um aistriú isteach. Ní údaróidh sé an t‑aistriú má mheasann
sé go bhfuil an méid seo a leanas fíor tráth dó an réamhfhógra um aistriú a
fháil: a) nach bhfuil a dhóthain de chuóta ag an
soitheach gabhála nó ag an ngaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na
héisc; b) nach bhfuil an méid iasc tuairiscithe go
cuí ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste nó nár údaraíodh na héisc a chur i
gcaighean agus nár cuireadh san áireamh iad maidir le hídiú an chuóta a
d'fhéadfadh a bheith infheidhme; c) nach bhfuil an soitheach gabhála a bhfuil
sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe bheith ag iascaireacht
tuinnín gorm, nó d) nach bhfuil an soitheach tarraingthe a
bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a fuair an t‑aistriú cláraithe in
"taifead ICCAT ar na soithí iascaireachta eile ar fad" dá dtagraítear
in Airteagal 14 nó nach bhfuil sé cumasaithe le Córas um Fhaireachán
Soithí (VMS). I gcás nach n‑údaraítear an t‑aistriú: a) eiseoidh an Ballstát atá freagrach as an
soitheach gabhála ordú scaoilte agus cuirfidh sé máistir an tsoithigh ghabhála
ar an eolas nár údaraíodh an t‑aistriú agus go n‑ordaítear na héisc
a scaoileadh ar ais san fharraige; b) scaoilfidh
captaen an tsoithigh ghabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, de
réir mar is iomchuí, na héisc ar ais san fharraige; c) déanfar
tuinnín gorm a scaoiltear isteach san fharraige a thaifeadadh ar fhíscheamara
agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú
agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis
an taifeadadh físe chuig Rúnaíocht ICCAT. 3. Déanfaidh máistir an tsoithigh ghabhála
nó an tsoithigh tarraingthe, oibreoir an ghaiste nó oibreoir na feirme dearbhú
ICCAT um aistriú a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit
fhreagraigh nuair a bheidh an t‑aistriú curtha i gcrích, i gcomhréir leis
an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIIIa. Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as
an soitheach, as an bhfeirm nó as an ngaiste as a dtionscnaíonn an t‑aistriú
sin, foirmeacha an dearbhaithe um aistriú a uimhriú. Beidh sa chóras uimhrithe
sin 3 litir de chód an CPC, agus leanfar an méid sin le 4 uimhir a thabharfaidh
an bhliain le fios agus 3 uimhir sheicheamhacha, agus leanfaidh na 3 litir ITD
an méid sin (CPC‑20**/xxx/ITD). Beidh an dearbhú bunaidh um aistriú in éineacht
leis an aistriú éisc. Coimeádfaidh máistir an
tsoithigh ghabhála, oibreoir an ghaiste, máistir an tsoithigh tarraingthe nó
oibreoir na feirme cóip den dearbhú. 4. Déanfaidh máistrí na soithí atá i mbun
aistrithe (lena n‑áirítear soithigh tarraingthe) meáchan agus líon na n‑iasc
a aistríodh, mar aon le hainm an tsoithigh ghabhála, an bhratach agus uimhir
ICCAT, ainm an tsoithigh nó na soithí eile lena mbaineann agus a n‑uimhreacha
ICCAT, dáta agus suíomh an aistrithe agus an fheirm chinn scríbe a thuairisciú
ina logleabhar laethúil. Beidh mionsonraí na n‑aistrithe ar fad a
rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta tugtha sa logleabhar laethúil.
Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith
chun críoch rialaithe. 5. Ní
dhéanfaidh an t‑údarú aistrithe a thabharfaidh an Ballstát freagrach
réamhbhreith ar an údarú chun tuinnín gorm a chur i gcaingean. 6. Áiritheoidh máistir an tsoithigh
ghabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste a dhéanann tuinnín gorm a
aistriú go ndéanfar faireachán ar na gníomhaíochtaí aistrithe ag úsáid
físcheamara san uisce. Déanfar dhá chóip de gach taifead físe ar na
haistrithe. Tarchuirfear cóip amháin chuig an
mbreathnóir réigiúnach agus tarchuirfear cóip eile chuig breathnóir an CPC, nó
chuig an mbreathnóir náisiúnta nuair is infheidhme, atá ar bord an tsoithigh
tarraingthe. Beidh an chóip a tharchuirfear
chuig breathnóir(í) an CPC ag gabháil leis an dearbhú um aistriú agus leis na
gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí. Ní mór
uimhir ICCAT an dearbhaithe um aistriú a thaispeáint ag tús agus/nó ag deireadh
gach físeáin. Beidh am agus dáta an fhíseáin
ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe. Arna
iarraidh sin ag an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit cóipeanna de na taifid
físe do Choiste Eolaíoch ICCAT. 7. Déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT a
bheidh ar bord an tsoithigh ghabhála, mar a thagraítear dó i gClár Réigiúnach
Breathnóireachta ICCAT atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII, na gníomhaíochtaí
aistrithe a rinneadh a thaifeadadh agus a thuairisciú, suíomh an tsoithigh
ghabhála agus é i mbun aistrithe a fhíorú, na gabhálacha a aistríodh a
bhreathnú agus a mheas agus na hiontrálacha a rinneadh sa réamhfhógra um
aistriú dá dtagraítear i mír 2 agus i ndearbhú ICCAT um aistriú dá dtagraítear
i mír 3 a fhíorú. I gcásanna ina bhfuil meastachán an bhreathnóra
réigiúnaigh 10 % níos airde ar a laghad ná an líon agus/nó an meánmheáchan
a dhearbhaigh máistir an tsoithigh ghabhála, cuirfidh an Ballstát atá freagrach
as an soitheach gabhála tús le himscrúdú agus cuirfear an t‑imscrúdú sin
i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm. Ní údarófar na
héisc a chur i gcaighean go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin agus
ní dhéanfar an roinn a bhaineann le gabháil ar an doiciméad um ghabháil tuinnín
ghoirm a bhailíochtú. 8. Síneoidh breathnóir réigiúnach ICCAT a
ainm agus scríobhfaidh sé a uimhir ICCAT go soiléir ar an dearbhú ICCAT um
aistriú agus fíoróidh sé go bhfuil an dearbhú um aistriú comhlánaithe go cuí
agus seolta chuig máistir an tsoithigh tarraingthe. Déanfaidh oibreoir an ghaiste tuinnín dearbhú
ICCAT um aistriú a chomhlánú agus a sheoladh chuig údaráis inniúla a Bhallstáit
tráth a mbeidh deireadh leis an aistriú chuig an soitheach iascaireachta, i
gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV." (10) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 24: "Airteagal 24 Tuinnín gorm a chur i gcaighean 1. Faoi cheann seachtaine amháin ón tráth a
gcríochnófar an tuinnín gorm a chur i gcaighean, déanfaidh an Ballstát atá
freagrach as an bhfeirm tuarascáil ar an oibríocht a bhain leis an tuinnín gorm
a chur i gcaighean, agus a bheidh bailíochtaithe ag breathnóir, a chur chuig an
mBallstát nó chuig an CPC arb iad a shoithí brataí a ghabh na tuinníní, agus
chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras
chuig Rúnaíocht ICCAT. Áireofar sa tuarascáil sin an fhaisnéis a tugadh sa
dearbhú ar thuinnín gorm a chur i gcaighean mar atá leagtha amach i Moladh
ICCAT [06‑07] maidir le feirmeoireacht tuinnín ghoirm. 2. Sula dtosófar ar aon iasc a chur i
gcaighean, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm na
cainníochtaí a ghabh na soithí gabhála a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar
foluain acu agus a cuireadh i gcaighean in iúl don Bhallstát freagrach nó do
CPC brataí an tsoithigh ghabhála. 3. Iarrfaidh an Ballstát atá freagrach as an
soitheach gabhála ar an mBallstát, nó ar an CPC, atá freagrach as an bhfeirm na
gabhálacha a urghabháil agus na héisc a scaoileadh isteach san fharraige, i
gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 22(2), má
mheasann sé tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil: a) nach raibh a dhóthain de chuóta aonair
maidir leis an tuinnín gorm a cuireadh sa chaighean ag an soitheach gabhála ar
dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc sin; b) nach ndearna an soitheach gabhála an méid
iasc a gabhadh a thuairisciú go cuí agus nár cuireadh san áireamh an méid sin i
ríomh an chuóta is infheidhme; c) nach bhfuil an soitheach gabhála a bhfuil
sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc sin údaraithe bheith ag iascaireacht
tuinnín gorm. 4. Ní thosófar ar thuinnín gorm a chur i
gcaighean gan réamhúdarú a fháil ó CPC na brataí nó ón mBallstát atá freagrach
as an soitheach gabhála. Cuirfear tuinnín gorm i gcaighean roimh an 31 Iúil
ach amháin má thugann an Ballstát, nó an CPC, atá freagrach as an bhfeirm a
fhaigheann na héisc cúiseanna bailí gan é sin a dhéanamh, lena n‑áirítear
force majeure, agus beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil ar
thuinnín gorm a chur i gcaighean nuair a chuirfear isteach í. 5. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an
bhfeirm na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar thuinnín gorm a chur i
gcaighean chun críocha feirmeoireachta nó ramhraithe mura bhfuil doiciméid
bheachta, iomlána agus bhailíochtaithe a theastaíonn ó ICCAT ag dul leis, lena
n‑áirítear na doiciméid sin a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus le
Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín
ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003
ón gComhairle[4]. 6. Déanfaidh
an Ballstát freagrach, nó an CPC, de réir mar is iomchuí, an t‑údarú chun
tuinnín gorm a chur i gcaighean a dheonú nó a dhiúltú faoi cheann 48 uair an
chloig tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur isteach. I gcás nach n‑údarófar na héisc a chur i
gcaighean, déanfaidh an Ballstát, nó an CPC, atá freagrach as an soitheach
gabhála ordú scaoilte a eisiúint don Bhallstát, nó don CPC, atá freagrach as an
soitheach tarraingthe agus/nó don Bhallstát, nó don CPC, atá freagrach as an
bhfeirm, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá
leagtha síos in Airteagal 22(2). 7. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as
an bhfeirm go ndéanfar faireachán ar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na
héisc a chur i gcaighean ag úsáid físcheamara san uisce. Déanfar taifead físe amháin gach uair a chuirtear
éisc i gcaighean. Déanfar uimhir ICCAT an
dearbhaithe um aistriú a thaispeáint ag tús nó ag deireadh gach físeáin. Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i
gcónaí feadh gach taifid físe. 8. I gcásanna ina bhfuil difríocht níos mó
ná 10 % ann sa mheánmheáchan agus/nó sa líon idir an meastachán a rinne an
breathnóir réigiúnach agus oibreoir na feirme, cuirfidh an Ballstát atá
freagrach as an bhfeirm tús le himscrúdú i gcomhar le Stát brataí an tsoithigh
ghabhála. Déanfar an difríocht sin a ríomh de réir líon na n‑iasc agus/nó
de réir an mheánmheáchain. Ní dhéanfar aon bhuaint agus ní dhéanfar an roinn a
bhaineann le feirmeoireacht ar an doiciméad um ghabháil tuinnín ghoirm a
bhailíochtú go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin. Mura gcuirfear críoch leis an imscrúdú taobh
istigh de 10 lá oibre nó má léiríonn toradh an imscrúdaithe go bhfuil an líon
nó an meánmheáchan de thuinnín gorm níos airde ná 10 % den líon nó den
mheánmheáchan a dhearbhaigh oibreoir na feirme, déanfaidh CPC na brataí nó an
Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála ordú scaoilte a eisiúint maidir
leis na cainníochtaí sin atá iomarcach. Áiritheoidh an Ballstát atá freagrach as an
bhfeirm go gcomhlíonfaidh oibreoir na feirme an t‑ordú scaoilte taobh
istigh de 48 uair an chloig ón tráth a dtiocfaidh breathnóir réigiúnach ar
an láthair. Déanfar na héisc a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta
atá leagtha síos in Airteagal 22(2). I gcás ina bhfuil an meastachán deiridh a dhéantar
tráth na héisc a chur i gcaighean san fheirm níos airde ná an meastachán
deiridh tráth an chéad aistrithe ón soitheach gabhála, is é an Ballstát, nó an
CPC, atá freagrach as an soitheach gabhála a chinnfidh an méid deiridh den
chuóta a dhéanfaidh siad a bhailíochtú sna doiciméid i dtrácht a bhaineann leis
an ngabháil de thuinnín gorm. 9. Cuirfidh na Ballstáit tús le staidéir
phíolótacha ar an tslí is fearr le líon agus meáchan an tuinnín ghoirm a mheas
ag suíomh na gabhála agus ag an ionad ina gcuirtear na héisc i gcaighean, lena
n‑áirítear trí chórais steiréascópacha a úsáid agus déanfaidh siad na
torthaí a thuairisciú do Choiste Eolaíoch ICCAT. Bunófar clár samplála agus/nó
clár malartach tráth a gcuirtear na héisc i gcaighean d'fhonn na meastacháin ar
líon agus ar mheáchan na n‑iasc atá i gcaighean a fheabhsú." (11) Cuirtear na fomhíreanna seo a leanas
le hAirteagal 25(1): "Maidir le sonraí VMS a dhéanfaidh na soithí
iascaireachta atá cláraithe ar "taifead ICCAT ar shoithí gabhála atá
údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín gorm" a tharchur chuig ICCAT,
cuirfear tús leis an tarchur 15 lá ar a laghad roimh oscailt na séasúr
iascaireachta agus mairfidh sé go ceann 15 lá ar a laghad tar éis chríoch na
séasúr iascaireachta, ach amháin má chuirtear iarraidh roimh ré chuig an
gCoimisiún an soitheach a bhaint ó thaifead ICCAT ar shoithí. Chun críoch rialaithe, ní chuirfear isteach ar
tharchur sonraí VMS ó shoithí iascaireachta atá údaraithe bheith ag iascaireacht
tuinnín gorm fad agus atá na soithí sin ar ancaire i gcalafort ach amháin má tá
córas ann lena bhfógraítear na soithí atá ag teacht agus ag imeacht sa
chalafort. Maidir le soithí iascaireachta atá ar áireamh in
"taifead ICCAT ar shoithí eile atá údaraithe bheith ag iascaireacht tuinnín
gorm", déanfaidh siad na sonraí VMS a tharchur chuig ICCAT feadh thréimhse
iomlán an údaraithe". (12) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 26: "Airteagal 26 Gníomhaíochtaí gaiste a thaifeadadh
agus a thuairisciú “1. Déanfar na gabhálacha a thaifeadadh ag
deireadh gach oibríochta iascaireachta ina n‑úsáidtear gaistí tuinnín
agus déanfar na sonraí, lena n‑áirítear sonraí maidir leis na
cainníochtaí a mheastar atá fágtha sa ghaiste, a tharchur ar mheán leictreonach
nó ar mheán eile chuig údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an ngaiste
taobh istigh de 48 uair an chloig ó dheireadh gach oibríochta
iascaireachta. 2. Tar éis do na
Ballstáit na taifid ar ghabháil a fháil, déanfaidh siad iad a sheoladh, in
éineacht leis na sonraí maidir le cainníochtaí a mheastar atá fágtha sa
ghaiste, ar mheán leictreonach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an
fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT." (13) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 29(2): "Tráth ar bith a
bhfuil níos mó ná 15 soitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun
gníomhaíochtaí iascaireachta tuinnín ghoirm i limistéar Choinbhinsiún ICCAT,
beidh soitheach cigireachta ag an mBallstát sin i limistéar an Choinbhinsiúin
le linn an trátha sin, nó comhoibreoidh sé le Ballstát eile nó le CPC chun
soitheach cigireachta a oibriú go comhpháirteach." (14) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 30(1): "1. Áiritheoidh
gach Ballstát go mbeidh breathnóirí náisiúnta i láthair ar shoithí atá
gníomhach in iascach tuinnín ghoirm le haghaidh ar a laghad: a) 100 % dá shoithí gabhála peas‑saighneoireachta
gníomhacha atá cothrom le nó níos giorra ná 24 m in 2011; b) 100 % dá shoithí gabhála peas‑saighneoireachta
gníomhacha atá cothrom le nó níos giorra ná 20 m in 2012; c) 20 % dá thrálaeir pheiligeacha (níos
faide ná 15 m); d) 20 % dá shoithí gabhála
spiléireachta gníomhacha (níos faide ná 15 m); e) 20 % dá bháid bhaoite ghníomhacha
(níos faide ná 15 m); f) 100 % dá ghaistí tuinnín le linn
phróiseas na buainte; g) 100 % dá shoithí tarraingthe." (15) Leasaítear Airteagal 31 mar seo
a leanas: (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
mhír 1: “1. Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil breathnóir
réigiúnach de chuid ICCAT i láthair ar: a) gach soitheach peas‑saighneoireachta
níos faide ná 24 m le linn iomlán shéasúr iascaireachta 2011; b) gach soitheach peas‑saighneoireachta
níos faide ná 20 m le linn shéasúr iascaireachta 2012; c) gach soitheach peas‑saighneoireachta
is cuma cén fad atá iontu le linn an tséasúir iascaireachta iomlán ó 2013 ar
aghaidh. Ní údarófar do shoithí peas‑saighneoireachta
dá dtagraítear in (a), (b) agus (c) nach bhfuil breathnóir réigiúnach de chuid
ICCAT i láthair orthu bheith ag iascaireacht tuinnín gorm ná bheith ag oibriú
in iascach tuinnín ghoirm." (b) I mír 2 cuirtear an fhomhír seo a
leanas isteach: "I gcás ina mbuaintear tuinnín gorm ón
gcaighean agus ina dtrádáiltear é mar tháirge úr, féadfaidh an breathnóir
réigiúnach a bhreathnóidh an bhuaint a bheith ina náisiúnach den Bhallstát atá
freagrach as an bhfeirm." (16) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 32: "Airteagal 32 Rochtain ar thaifid físe 1. Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear na
taifid físe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) agus Airteagal 24(7) ar
fáil do chigirí agus do bhreathnóirí ICCAT. 2. Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach
as feirm go gcuirfear na taifid físe dá dtagraítear in Airteagal 22(6)
agus Airteagal 24(7) ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí an Aontais. 3. Déanfaidh gach Ballstát na bearta cuí le
go seachnófar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an taifead
físe bunaidh." (17) Cuirtear isteach Airteagal 33a
mar seo a leanas: "Airteagal 33a Plean cigireachta an Aontais a
tharchur chuig ICCAT Tráth nach déanaí ná an 15 Meán Fómhair gach
bliain, déanfaidh na Ballstáit a bplean cigireachta a bhaineann leis an mbliain
dar gcionn a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún plean
cigireachta an Aontais a tharchur chuig Rúnaíocht ICCAT d'fhonn formhuiniú
ICCAT a fháil. (18) Cuirtear an méid seo a leanas in
ionad Airteagal 34(1): "1. Cuirfear toirmeasc ar thuinnín gorm
ón Atlantach Thoir agus ón Meánmhuir a thrádáil ar an margadh baile, a
thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighin chun críocha
ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú mura bhfuil
doiciméid bheachta, iomlána agus bhailíochtaithe a cheanglaítear leis an
Rialachán seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir
le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle[5]
ag gabháil leo. (19) Cuirtear téacs Iarscríbhinn I a
ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III. (20) Leasaítear Iarscríbhinn VI mar
seo a leanas: (a) Cuirtear pointe q) mar a leanas isteach i
mír 1: “q) trasloingsiú ar muir”. (b) Cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. I
gcás ina dtéitear ar bord nó ina ndéantar cigireacht ar shoitheach
iascaireachta agus má dhéanann na cigirí údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a
bheadh ina s(h)árú tromchúiseach, mar a shainítear i mír 1, a bhreathnú lena
linn, tabharfaidh údaráis Stát brataí na soithí cigireachta fógra díreach láithreach
agus fógra trí Rúnaíocht ICCAT do Stát brataí an tsoithigh iascaireachta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an cigire, nuair
is féidir, údaráis inniúla Stát brataí an tsoithigh iascaireachta, a fógraíodh
do Rúnaíocht ICCAT, ar an eolas faoi, mar aon le haon long chigireachta ó Stát
brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol go bhfuil sí i gcomharsanacht. Cláróidh cigirí ICCAT na cigireachtaí a dhéantar
agus na sáruithe a thugtar faoi deara (más ann dóibh) i logleabhar an tsoithigh
iascaireachta." (c) sa chéad fhomhír de mhír 3 cuirtear na
focail "faoi cheann 72 uair an chloig" in ionad an fhocail
"láithreach"; (d) Cuirtear
an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi
mhír 12 den Iarscríbhinn seo, stopfaidh soitheach atá in úsáid den chéad uair
le bheith ag iascaireacht tuinnín nó iasc atá cosúil le tuinnín i limistéar an
Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí atá ina dhlínse náisiúnta, má thugann long
ar a bhfuil cigire an comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí ach
amháin má tá an soitheach i mbun iascaireachta, agus sa chás sin stopfaidh sé a
luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don chigire,
a bhféadfaidh finné a bheith ina theannta, teacht ar bord agus beidh air
dréimire bordála a sholáthar chuige sin. Cuirfidh
an máistir ar chumas an chigire scrúdú den sórt sin a dhéanamh ar an ngabháil
nó ar threalamh agus ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire go bhfuil
gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le Stát
brataí an tsoithigh lena mbaineann a fhíorú agus féadfaidh an cigire aon
mhíniúcháin a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh. Dhá chigire ICCAT ar a mhéad a bheidh sa bhuíon
cigireachta ach amháin má dhlíonn dálaí áirithe go mbeidh cigirí breise ag
teastáil. Féadfaidh cúntóir bheith i dteannta
na buíne cigireachta chun críoch oiliúna amháin." (21) In Iarscríbhinn VII, scriostar mír 1. (22) Déantar an téacs in Iarscríbhinn II a
ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn VIIIa. Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an
Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar
ceann na Comhairle, An tUachtarán An
tUachtarán
IARSCRÍBHINN I “Iarscríbhinn III Uimh. doiciméid Dearbhú
ICCAT ar Thrasloingsiú Soitheach iompair Ainm an tsoithigh agus glao‑chomhartha raidió: Bratach: Uimh. údarúcháin stát na brataí: Cláruimhir náisiúnta: Cláruimhir ICCAT: Uimh. IMO: || || Soitheach iascaireachta Ainm an tsoithigh agus glao‑chomhartha raidió Bratach: Uimh. údarúcháin stát na brataí: Cláruimhir náisiúnta: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: Uimh. bhileog an logleabhair: || Ceann scríbe: Calafort: Tír: Stát: || || || || || Lá Mí Uair
Bliain |2_|0_|__|__| Ainm
oibreora mháistir an tsoithigh iascaireachta: |__________| Ainm
mháistir an tsoithigh iompair: SUÍOMH AN TRASLOINGSITHE Imeacht |__|__| |__|__| |__|__| ó |__________| Ar ais |__|__| |__|__| |__|__| go dtí |__________| Síniú:| __________| Síniú: |__________| Trasloingsiú. |__|__| |__|__| |__|__| |__________| I gcás trasloingsiú, tabhair le fios meáchan i
gcileagraim nó an t‑aonad a úsáideadh (e.g. bosca, ciseán) agus an
meáchan a gabhadh i gcileagraim den aonad sin: |___| cileagram. Calafort || Ar muir Leith. Fad. || Speiceas || Líon aonad d'éisc || Saghas Táirge Beo || Saghas Táirge Iomlán || Saghas Táirge Glanta || Saghas Táirge Gan cheann || Saghas Táirge Filléadaithe || Saghas Táirge || Trasloingsiú breise Dáta: |__________| Áit/Suíomh: |__________| Uimh. údaraithe PC: Síniú mháistir shoitheach an aistrithe: Ainm an tsoithigh is faighteoir: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Uimh. IMO: Síniú an mháistir: Dáta: |__________|Áit/Suíomh: |__________| Uimh. údaraithe PC: Síniú mháistir shoitheach an aistrithe: Ainm an tsoithigh is faighteoir: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Uimh. IMO: Síniú an mháistir: || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Síniú bhreathnóir ICCAT (más infheidhme). Oibleagáidí i gcás trasloingsiú: 1. Ní mór leagan bunaidh an dearbhaithe ar
thrasloingsiú a sholáthar don soitheach is faighteoir (soitheach
próiseála/iompair). 2. Ní mór don soitheach gabhála nó an
gaiste comhfhreagrach cóip den dearbhú ar thrasloingsiú a choimeád. 3. Déanfaidh an Páirtí Conarthach (PC) cuí
a thug údarú don soitheach aon oibríochtaí breise trasloingsithe a údarú. 4. Ní mór don soitheach is faighteoir a
bhfuil na héisc ina sheilbh aige leagan bunaidh an dearbhaithe ar thrasloingsiú
a choimeád go dtí an áit ina dtugtar an ghabháil éisc i dtír. 5. Coimeádfar taifead ar an trasloingsiú i
logleabhar gach soithigh a bhfuil baint aige leis an trasloingsiú." Iarscríbhinn II "Iarscríbhinn VIIIa Uimh. doiciméid || Dearbhú ICCAT um Aistriú || Iarscríbhinn 4 || 1 ‑ AISTRIÚ DE THUINNÍN GORM CHUN CRÍOCHA FEIRMEOIREACHTA || || Ainm an tsoithigh iascaireachta: Glao‑chomhartha: Bratach: Uimh. údarúcháin aistrithe stát na brataí: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: Uimh. an logleabhair iascaireachta: Uimh. comhoib. iascaireachta: || Ainm an ghaiste: Cláruimhir ICCAT: || Ainm an tsoithigh tarraingthe: Glao‑chomhartha: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: || Ainm na feirme cinn scríbe: Cláruimhir ICCAT: 2 ‑ AISTRIÚ TAR ÉIS BUAINTE Ainm na feirme: Cláruimhir ICCAT: || Ainm an ghaiste: Cláruimhir ICCAT: || Ainm an tsoithigh iompair: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: || Ainm an tsoithigh iompair phróiseála: Glao‑chomhartha: Bratach: Cláruimhir ICCAT: Sainaithint sheachtrach: 3 ‑ FAISNÉIS FAOI AISTRIÚ Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh: Calafort: Domhanleithead: Domhanfhad: Líon iasc: || Meáchan iomlán in Kg: || Speiceas: Cineál táirge: Beo Iomlán Glanta Eile (Tabhair sonraí): Ainm mháistir an tsoithigh iascaireachta / oibreoir an ghaiste / oibreoir na feirme agus síniú: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir (tarraingthe, próiseála, iompair) agus síniú: 4 ‑ AISTRIÚ IASC MARBH CHUIG SOITHEACH COMIHDEACHTA Ainm an tsoithigh choimhdeachta: || Bratach: || Meáchan in Kg: || Líon iasc: Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Suíomh: Domhanleithead: Domhanfhad: || Calafort ina dtugtar na héisc i dtír: 5 ‑ AISTRITHE EILE Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh: Calafort: Domhanleithead: Domhanfhad: Ainm an tsoithigh tarraingthe: || Glao‑chomhartha: || Bratach: || Cláruimhir ICCAT: Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme: || Sainaithint sheachtrach: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir agus síniú: Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh: Calafort: Domhanleithead: Domhanfhad: Ainm an tsoithigh tarraingthe: || Glao‑chomhartha: || Bratach: || Cláruimhir ICCAT: Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme: || Sainaithint sheachtrach: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir agus síniú: Dáta:_ _ / _ _ / _ _ _ _ || Áit nó suíomh: Calafort: Domhanleithead: Domhanfhad: Ainm an tsoithigh tarraingthe: || Glao‑chomhartha: || Bratach: || Cláruimhir ICCAT: Uimh. údarúcháin aistrithe stát na feirme: || Sainaithint sheachtrach: || Ainm mháistir an tsoithigh is faighteoir agus síniú: " [1] IO C , , lch. . [2] IO L 96, 15.4.2009, lch. 1 [3] IO L 343, 22.12.2009, lch. 1. [4] IO L 194, 24.7.2010, lch. 1 [5] IO L 194, 24.7.2010, lch. 1