Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52010PC0733

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta

    /* COIM/2010/0733 leagan deireanach */

    52010PC0733




    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 10.12.2010

    COIM(2010) 733 leagan deireanach

    2010/0353 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta

    SEC(2010) 1524 final SEC(2010) 1525 final

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    COMHTHÉACS AN TOGRA

    Is é atá sa Phacáiste Cáilíochta sraith tograí atá ceaptha le beartas comhtháite cáilíochta do tháirgí talmhaíochta a bhunú a bheidh dírithe ar chúnamh a thabhairt d'fheirmeoirí cáilíochtaí, saintréithe agus airíonna táirgí talmhaíochta a chur in iúl ar bhealach níos fearr, agus faisnéis iomchuí a áirithiú don tomhaltóirí. Áirítear an méid seo a leanas sa Phacáiste Cáilíochta:

    - togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta [COIM(2010)XXXX];

    - togra chun go modhnófaí Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (Comheagraíocht aonair na Margaí) maidir le caighdeáin mhargaíochta do tháirgí talmhaíochta [COIM(2010)XXXX];

    - treoirlínte lena leagtar amach na cleachtais is fearr maidir le scéimeanna deimhniúcháin a fhorbairt agus a fheidhmiú, ar scéimeanna iad a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair [C(2010)XXX], agus

    - treoirlínte maidir le bia-ábhair a bhfuil Socrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint (STFC) agus Tásca Geografacha Faoi Chosaint (TGFC) mar chomhábhair iontu a lipéadú [C(2010)XXXX].

    Cuspóirí an togra agus na forais atá leis

    Tá ar fheirmeoirí agus ar tháirgeoirí táirgí talmhaíochta aghaidh a thabhairt ar bhrú iomaíoch a thagann as athchóiriú beartas, domhandú, comhchruinniú na cumhachta margála san earnáil mhiondíola agus staid an gheilleagair. Ag an am céanna, is minice anois tomhaltóirí ag lorg táirgí barántúla a tháirgtear ag baint úsáide as modhanna sonracha traidisiúnta. Agus freastal á dhéanamh ar an éileamh sin, is láidreacht thábhachtach agus cúis buntáiste iomaíoch d'fheirmeoirí an Aontais ba cheart a bheith in éagsúlacht agus cáilíocht na táirgeachta talmhaíochta san Aontas Eorpach.

    Mar sin féin, le go mbeidh tomhaltóirí agus ceannaitheoirí ar an eolas faoi shaintréithe agus airíonna feirmeoireachta a bhaineann le táirgí talmhaíochta, ní mór faisnéis chruinn agus iontaofa a bheith acu ar lipéid na dtáirgí. Mar chuid lárnach de bheartas cáilíochta an Aontais Eorpaigh do tháirgí talmhaíochta, tugtar na huirlisí is gá do tháirgeoirí chun saintréithe táirgí agus airíonna feirmeoireachta a chur in iúl do cheannaitheoirí agus tomhaltóirí, agus chun iad a chosaint ar chleachtais trádála mhíchothroma.

    Tá formhór na n-uirlisí sin ar fáil cheana ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Léiríonn anailís agus plé a rinneadh le geallsealbhóirí go bhféadfaí na huirlisí sin a fheabhsú, a shimpliú agus a dhéanamh níos comhtháite. Tá sé mar aidhm ag an bPacáiste Cáilíochta reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fheabhsú i réimse na cáilíochta agus i bhfeidhmiú scéimeanna náisiúnta agus príobháideacha deimhniúcháin, le go mbeidh siad níos simplí, níos trédhearcaí agus níos fusa a thuiscint, le gur féidir iad a chur in oiriúint do nuálaíocht, agus le nach mbeidh siad chomh dian sin ar tháirgeoirí agus riarthóirí.

    Comhthéacs ginearálta

    Ó na 1990idí i leith, aithnítear go bhfuil dlúthbhaint idir beartas cáilíochta an Aontais do tháirgí talmhaíochta agus trí scéim ar leith de chuid an Aontais, is iad sin an scéim um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, an scéim um fheirmeoireacht orgánach, agus an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht. Ina theannta sin, ó tionscnaíodh an comhbheartas talmhaíochta, tá creat reachtach curtha ar fáil trí chaighdeáin mhargaíochta an Aontais chun iomaíocht chóir agus dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Chomh maith leis na caighdeáin agus scéimeanna sin de chuid an Aontais, tá borradh le deich mbliana anuas i líon na scéimeanna deimhniúcháin san earnáil phríobháideach – scéimeanna atá ag iarraidh saintréithe agus airíonna breisluacha a ráthú do thomhaltóirí, chomh maith le meas a bhaint amach do chaighdeáin bhonnlíne trí dhearbhú cáilíochta a dheimhniú.

    Sa bhliain 2006, i gcomhthéacs na scéime um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint a athmhúnlú, chuir an Coimisiún de cheangal air féin athbhreithniú beartais a dhéanamh sa todhchaí ar fheidhmiú an Rialacháin agus ar fhobhairt an Rialacháin ina dhiaidh sin[1].

    In 2007 eagraíodh comhdháil mhór inar pléadh gach cineál scéime cáilíochta: 'Cáilíocht bia a dheimhniú – luach a chur le táirgí feirme'. Tháinig an Páipéar Uaine maidir le cáilíocht táirgí talmhaíochta, 2008[2] as an gComhdháil. Fuarthas breis agus 560 freagairt mhionsonraithe ó gheallsealbhóirí mar gheall ar an bPáipéar sin agus sholáthair sé an t-ionchur don Teachtaireacht maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta[3] in 2009. Leis sin, leagadh amach na treoshuímh straitéiseacha seo a leanas:

    - teagmháil idir feirmeoirí, ceannaitheoirí agus tomhaltóirí a fheabhasú maidir le cáilíochtaí táirgí talmhaíochta;

    - comhchuibheas a mhéadú maidir le hionstraimí beartais an Aontais Eorpaigh do cháilíocht táirgí talmhaíochta; agus

    - castacht a laghdú le go mbeidh sé níos éasca ar fheirmeoirí, ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí na scéimeanna agus na téarmaí lipéadaithe éagsúla a thuiscint.

    Forálacha atá ann cheana sa réimse seo

    Foráiltear le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh go ndéanfar córas na sonrúchán tionscnaimh agus na dtásc geografach a chosaint i leith táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar. Bunaíodh córas comhchuibhithe rialacháin san Aontas Eorpach in 1992 chun ainmneacha luachmhara táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar a chlárú, ar táirgí agus bia-ábhair iad a táirgeadh de réir sonraíochta i gceantar geografach ar leith ag táirgeoirí a raibh saineolas aitheanta acu[4].

    In 1992, tríd an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cuireadh clár ar bun ina gcláraítear ainmneacha sainearraí bia de chineál traidisiúnta a thig as a chomhdhéanamh traidisiúnta nó as na modhanna traidisiúnta táirgthe a úsáidtear agus iad á dtáirgeadh[5].

    Maidir le caighdeáin mhargaíochta, tá corpas forleathan reachtaíochta ann a forbraíodh go príomha ar bhonn earnála, i bhfoirm rialachán agus treoracha a glacadh ar leibhéal na Comhairle agus an Choimisiúin araon.

    Ina theannta sin, déantar a áirithiú le téarmaí roghnacha cáilíochta, atá rialaithe faoi scáth na gcaighdeán margaíochta, nach mbaintear mí-úsáid sa mhargadh as téarmaí a chuireann síos ar thréithe breisluacha nó ar airíonna feirmeoireachta nó próiseála agus féadfaidh tomhaltóirí muinín a bheith acu as na téarmaí sin agus cáilíochtaí éagsúla táirge á sainaithint acu.

    Comhsheasmhacht le beartais eile

    Is cuid den chomhbheartas talmhaíochta é an beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta. Sa Teachtaireacht dheireanach ón gCoimisiún[6] maidir le beartais i ndiaidh na bliana 2013, sonraítear roinnt dushlán ar leith lena n-áirítear nach mór éagsúlacht gníomhaíochtaí talmhaíochta i gceantair tuaithe a choimeád agus iomaíochas a threisiú, agus cuirfidh beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta leis an méid sin. Tá an beartas i gcomhréir leis na tosaíochtaí don Aontas Eorpach atá leagtha amach sa Teachtaireacht don bhliain 2020[7], agus go háirithe leis na haidhmeanna chun geilleagar níos iomaíche a chur chun cinn, toisc gurb ionann beartais cháilíochta agus cuid shuaitheanta d'iomaíochas an AE ó thaobh cúrsaí talmhaíochta de.

    Baineann an togra seo le beartais maidir le cosaint agus faisnéis do thomhaltóirí, an margadh aonair agus iomaíochas, agus beartas seachtrach trádála agus tá sé comhsheasmhach leo sin.

    TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Comhairliúchán

    Chuathas i gcomhairle le go leor geallsealbhóirí. Ar na príomhbhealaí comhairliúcháin bhí an Grúpa Comhairleach maidir le cáilíocht táirgí talmhaíochta agus comhairliúchán an Pháipéir Uaine[8], ar cuireadh críoch leis le comhdháil ardleibhéil a eagraíodh faoi Uachtaránacht Phoblacht na Seice i mí an Mhárta 2009. Ghlac Comhairle na nAirí conclúidí[9] maidir leis an Teachtaireacht sa chruinniú a bhí aici i mí an Mheithimh 2009. Ghlac Parlaimint na hEorpa an rún seo a leanas i mí an Mhárta 2010: Beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta: cén straitéis?[10]. Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairimí i mí Eanáir 2010[11] agus ghlac Coiste na Réigiún tuairimí i mí Feabhra na bliana sin[12].

    Príomhthoradh an chomhairliúcháin

    Tríd is tríd, bhí fáilte ag geallsealbhóirí roimh na treoshuímh a leagadh amach i dTeachtaireacht na bliana 2009. Is iad seo a leanas na príomhthuairimí a nochtadh:

    - Maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, cuireadh i gcoinne an scéim a shimpliú tríd an dá ionstraim ('sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint' agus 'tásc geografach faoi chosaint') a chumasc. Bhí dearcadh dearfach ag formhór na ngeallsealbhóirí maidir leis na córais atá ann cheana a chumasc (fíon, biotáillí, fíonta cumhraithe agus táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair) ach níorbh ionann an dearcadh a bhí ag na geallsealbhóirí sin in earnáil an fhíona agus in éarnáil na mbiotáillí. Gríosaíodh an Coimisiún chun na córais a shimpliú, a shoiléiriú agus a shruthlíniú tuilleadh agus chun aithint idirnáisiúnta do shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a fheabhsú.

    - Maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ba bheag nár thug gach geallsealbhóir tacaíocht do leanúint na scéime sin. Cuireadh béim ar phoitéinseal na scéime agus ar a thábhachtaí atá sí do tháirgeoirí táirgí traidisiúnta nach bhfuil cáilithe faoin scéim um thásca geografacha. D'iarr roinnt geallsealbhóirí an scéim a shimpliú, go háirithe trí dheireadh a chur leis an deis ainmneacha a chlárú gan forchoimeád a fháil roimh réidh, agus í a shruthlíniú freisin. Mhol geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht thar ceann táirgeoirí táirgí atá cumhdaithe faoi shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha go bhféadfadh an scéim margadh a sholáthar do tháirgí den sórt sin, go háirithe má bhíonn na táirgí in úsáid in oidis.

    - Maidir le caighdeáin mhargaíochta, tríd is tríd léirigh geallsealbhóirí go raibh siad sásta caighdeáin mhargaíochta a shimpliú, sásta le lipéadú faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus sásta téarmaí roghnacha cáilíochta a fhorbairt tuilleadh.

    - Léiríodh gur gá aghaidh a thabhairt ar riachtanais táirgeoirí mionscála ar a gcuireann na scéimeanna um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht barraíocht brú.

    Measúnú tionchair

    Tar éis Theachtaireacht na bliana 2009 agus na bpríomhfhreagairtí a fuarthas uirthi, ullmhaíodh dhá mheasúnú tionchair d'fhonn na roghanna a sonraíodh sa Teachtaireacht a fhiosrú. Ar na hábhair a cuimsíodh sna measúnuithe bhí sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

    Maidir le tásca geografacha , léiríodh leis an anailís a rinneadh go bhfuil údar mór le scéim um thásca geografacha ar leibhéal an Aontais agus cuireadh i leataobh roghanna malartacha ar scéim de chuid an Aontais Eorpaigh toisc nach raibh siad feidhmiúil ná éifeachtach (áiríodh i measc na roghanna sin comhrialúchán agus féinrialúchán de réir na hearnála, gan gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, cosaint trí Chomhaontú idirnáisiúnta Liospóin[13], córas fógartha le haghaidh tásc geografach náisiúnta a chur in ionad na scéime, agus cosaint tríd an gcomh-thrádmharc Comhphobail). Sonraíodh sa mheasúnú tionchair go bhfuil cúis mhaith le castacht a laghdú agus forfheidhmiú a éascú tríd an scéim um tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair a chumasc leis na scéimeanna in earnálacha na ndeochanna meisciúla fad agus atá sainiúlachtaí gach córais á gcosaint. Aithníodh sa mheasúnú tionchair, áfach, nach n-aontaíonn roinnt geallsealbhóirí leis an tuairim sin.

    Léirigh an anailís a rinneadh ar shonraí praghais go bhfuil an méid a thuilleann an táirgeoir as sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) níos airde ná mar a thuilltear as táirgí nach bhfuil ainmnithe amhlaidh agus go bhfaightear praghas níos airde ón lipéad STFC ná mar a fhaightear ón lipéad TGFC. Tá luach iomlán na dtáirgí talmhaíochta agus na mbia-ábhar a díoladh faoi STFCanna agus TGFCanna cothrom le EUR 14.2 billiún (1997) ag praghsanna mórdhíola, agus meastar go bhfuil an luach sin cothrom le EUR 21 billiún ag praghsanna tomhaltóirí. Maidir le trádáil ar an margadh inmheánach, déantar 18.4 % de tháirgí STFC agus TGFC a mhargú lasmuigh den Bhallstát inar táirgeadh iad.

    Sa mheasúnú tionchair fuarthas amach go dtiocfadh laghdú ar na sochair bhreisluacha a bhaineann le sainaithint sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint dá ndéanfaí na hionstraimí le haghaidh sonrúchán tionsnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a chumasc. Ó thaobh gnéithe comhshaoil de, léirigh na staidéir a rinneadh go dtagann roinnt táirgí STFC agus TGFC as córais feirmeoireachta lagdhianais a mbíonn baint acu le luach ard comhshaoil. Soláthraítear bonn taca do na hearraí poiblí comhshaoil leis na STFCanna agus na TGFCanna sin. Faoi na roghanna a choimeádtar le haghaidh anailíse, féadfaidh táirgeoirí dálaí comhshaoil a áireamh i ngach cás is iomchuí.

    Maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht , rinneadh anailís ar thrí rogha ar leith: an téarma 'traidisiúnta' a thabhairt isteach mar théarma roghnach cáilíochta agus deireadh a chur leis an scéim reatha; gan aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an AE; an scéim reatha a shimpliú (ní cheadófaí an t-ainm a chlárú ach amháin le forchoimeádas). Léiríodh sa mheasúnú tionchair gurb é a chiallódh sé dá gcuirfí deireadh leis an scéim STR i gcás ainmneacha faoi chosaint go gcaillfí na sochair eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann le hainm atá faoi chosaint ar fud an AE agus ní ghlacfadh na geallsealbhóirí ná reachtóir an AE le deireadh a chur leis an scéim. Ina theannta sin, sonraíodh nach bhféadfaí ainmneacha a chosaint go héifeachtach ar fud an mhargaidh aonair ach amháin ar leibhéal an Aontais. Is é an toradh a bhí ar an leibhéal reatha íseal rannpháirteachais sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) nach raibh mórán sonraí ar fáil. Tá sé léirithe i gcás-staidéir agus i suirbhéanna go raibh tionchar dearfach eacnamaíoch agus sóisialta ag an scéim, lena n-áirítear caomhnú modhanna traidisiúnta táirgthe, maoluithe ó rialacha sláinteachais do mhodhanna traidisiúnta, agus sochair eacnamaíocha bhreisluacha a bhaineann le clárú STR.

    A mhéid a bhaineann leis na hainmneacha sin nach bhfuil faoi chosaint, ní raibh ach fíorbheagán tionchair eacnamaíoch nó shóisialta i gceist dá gcuirfí deireadh leis an scéim, ós rud é go bhféadfadh feidhm sin na scéime teacht faoi scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha agus tá sé á chur i bhfeidhm go rathúil cheana faoi roinnt scéimeanna náisiúnta; ba dheacair údar a thabhairt le gníomhaíocht ón Aontas sa chás seo mar gheall ar phrionsabal na coimhdeachta.

    I dtéarmaí sóisialta, dá bhrí sin, chonacthas go gcuidíonn ainmniúcháin STFC, TGFC agus STR na modhanna traidisiúnta táirgthe a chaomhnú, rud a théann chun sochair na dtáirgeoirí agus na dtomhaltóirí araon.

    Mar sin féin, cuireadh béim sa mheasúnú tionchair ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ar theip fhorleathan na scéimeanna sin táirgeoirí mionscála a mhealladh le páirt a ghlacadh iontu, agus cé gur minic baint ag táirgeoirí mionscála le táirgí ó cheardaithe, le modhanna traidisiúnta agus le margaíocht áitiúil, tuigtear go bhfuil scéimeanna an Aontais Eorpaigh dian ó thaobh cur i bhfeidhm de, gur gá rialuithe costasacha dá mbarr agus go gceanglaítear leo go gcloítear le sonraíocht ar leith. Dá bhrí sin, déanfar staidéar breise agus anailís bhreise chun na fadhbanna a mbíonn ar tháirgeoirí mionscála dul i ngleic leo le páirt a ghlacadh i scéimeanna cáilíochta an Aontais a mheas. Ar bhonn thorthaí na hanailíse sin, féadfaidh an Coimisiún bearta leantacha iomchuí a mholadh.

    Maidir le caighdeáin mhargaíochta , chomh maith leis an obair faoi mheasúnú tionchair atá déanta cheana i gcomhthéacs Theachtaireacht 2009, de réir mar is iomchuí beidh baint ag tuilleadh oibre faoi mheasúnú tionchair leis na tograí maidir le caighdeáin shonracha i gcomhthéacs cumhachtaí tarmligthe a bhfuil foráil déanta dóibh maidir le creat dlí faoi scáth ailíniú Rialachán 1234/2007 le Conradh Liospóin.

    Is féidir teacht ar théacsanna na measúnuithe tionchair ar an suíomh gréasáin seo a leanas:

    http://ec.europa.eu/ agriculture/quality/policy/backdocuments-links/index_en.htm

    EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

    San aon rialachán amháin maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta cuirtear trí scéim chomhlántacha chun tosaigh (sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha; sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht; téarmaí roghnacha cáilíochta) in aon struchtúr rialála amháin faoi mhairseacht choiste amháin um beartas cáilíochta. Cumhdaítear Caighdeáin Mhargaíochta faoi Rialachán eile.

    Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, seachas fíonta, fíonta cumhraithe agus biotáillí.

    Tá sé beartaithe sa togra go leanfar leis an scéim um tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair agus neartaíonn an togra an scéim sin ach ní chuireann sé le chéile na scéimeanna um thásca geografacha d'fhíonta, do bhiotáillí nó d'fhíonta cumhraithe. I bhfianaise athchóirithe a rinneadh le déanaí ar reachtaíocht a bhaineann le fíon agus le biotáillí, ní mór go bhfanfaidh na scéimeanna ar leith óna chéile ag an bpointe seo. Féadfar an t-ábhar seo a mheas arís ar ball. Idir an dá linn, déanfar na rialacha don scéim um tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair a chomhchruinniú, nuair is iomchuí, leis na rialacha don scéim maidir le fíonta.

    Is iad seo a leanas na príomheilimintí atá ceaptha chun an scéim a neartú agus a shimpliú:

    - róil agus freagrachtaí na ngrúpaí[14] a chuireann isteach ar chlárú ainmneacha a aithint maidir le maoirseacht, cur chun cinn agus cumarsáid;

    - leibhéal cosanta na n-ainmneacha cláraithe agus shiombailí coiteanna an Aontais a threisiú agus a shoiléiriú;

    - déantar níos gasta an nós imeachta maidir le hainmneacha a chlárú;

    - soiléiríodh róil éagsúla na mBallstát agus na ngrúpaí a chuireann isteach ar chlárú maidir le cosaint na n-ainmneacha cláraithe a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais Eorpaigh, agus

    - tá na sainmhínithe ar shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha níos cosúla anois lena bhfuil in úsáid go hidirnáisiúnta.

    Déantar an próiseas reatha maidir le clárú sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach a shruthlíniú leis an togra trí mhoilleanna ama a ghiorrú. Chomh maith leis sin, déantar saincheisteanna dlíthiúla a shoiléiriú agus téarmaíocht a ailíniú leis an reachtaíocht a glacadh le déanaí maidir le tásca geografacha d'fhíon. Leagtar síos comhrialacha íosta maidir le rialuithe oifigiúla d'fhonn a áirithiú go leanfaidh táirgí an tsonraíocht agus d'fhonn a áirithiú go ndéantar an lipéadú i gceart sa mhargadh. Coimeádtar raon feidhme an Rialacháin (táirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus táirgí áirithe eile), agus cuirtear seacláid dhorcha leis.

    Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    Tá sé beartaithe sa togra go leanfar leis an scéim chun ainmneacha sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a fhorchoimeád ar fud an Aontais Eorpaigh, ach cuirtear deireadh leis an rogha maidir le hainmneacha a chlárú gan forchoimeádas. Maidir le sainearraí traidisiúnta a phoibliú ach gan iad a chosaint, is fearr é sin a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta (nó réigiúnach), agus ní féidir údar a thabhairt le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach sa chás sin. Tá scéim athnuaite an Aontais Eorpaigh um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht simplithe (próiseas cláraithe sruthlínithe trí mhoilleanna a ghiorrú, nósanna imeachta curtha in oiriúint do na nósanna imeachta STFC-TGFC) agus spriocdhírithe sna dóigheanna seo a leanas: maidir leis an gcritéar ó thaobh traidisiúin de tá síneadh go 50 bliain (ó 25 bliain) curtha leis chun creidiúnacht na scéime a athneartú; tá an scéim teoranta do bhéilí réamhullmhaithe agus do tháirgí próiseáilte; agus tá sainmhínithe agus ceanglais nós imeachta simplithe go mór le go dtuigfear an scéim níos fearr.

    Téarmaí roghnacha cáilíochta

    Maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta, atá roghnach mar atá na scéimeanna cáilíochta agus a thugann cúnamh d'fheirmeoirí chun saintréithe agus airíonna breisluacha táirgí sa mhargadh a shainaithint, beartaítear go gcumhdófar iad faoin rialachán reatha. Ní dhéantar na téarmaí roghnacha cáilíochta a leasú ó thaobh ábhair ach cuirtear in oiriúint iad do chreat reachtach an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Déanfar breis staidéir agus anailíse chun measúnú a dhéanamh ar na fadhbanna a bhíonn ag táirgeoirí táirgí sléibhe a dtáirgí a lipéadú ar an margadh. Ar bhonn thorthaí na hanailíse sin, féadfaidh an Coimisiún bearta leantacha iomchuí a mholadh.

    Caighdeáin mhargaíochta

    Tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus na ndíospóireachtaí ina dhiaidh sin, is léir go bhféadfaidh caighdeáin mhargaíochta cuidiú leis na coinníollacha eacnamaíocha a fheabhsú don táirgeadh agus don mhargaíocht, chomh maith le cáilíocht táirgí den sórt sin a fheabhsú. Ceanglaítear cheana, de réir beart bainistithe ar an margadh, nach mór táirgí a bheith ar a laghad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta. Dá gcuirfí leis na ceanglais íosta sin go n-áireofar na táirgí sin nach bhfuil cumhdaithe faoi chaighdeáin ar leith, d'fhéadfaí tomhaltóirí a chur ar a suaimhneas maidir le buncháilíocht na dtáirgí atá á gceannach acu.

    Sa togra seo cuirtear san áireamh freisin gur gá dul i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus sa dóigh sin déanfar na cumhachtaí chun caighdeáin a ghlacadh agus a fhorbairt amach anseo a tharmligean chuig an gCoimisiún.

    Faoin gcreat nua sin, tabharfar isteach bunús dlí maidir le lipéadú éigeantach faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht i ngach earnáil. Mar gheall air sin, tar éis measúnuithe tionchair iomchuí a dhéanamh agus ar bhonn gach cáis faoi leith, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le lipéadú éigeantach faoin áit ina ndéantar an fheirmeoireacht, agus iad a ghlacadh ar an leibhéal iomchuí geografach d'fhonn éilimh na dtomhaltóirí ar thrédhearcacht agus ar fhaisnéis a shásamh. Tá an earnáil déiríochta ar cheann de na chéad earnálacha a dhéanfar a imscrúdú. Ag an am céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go leanfar le tásc éigeantach a thabhairt ar thionscnamh maidir leis na hearnálacha sin ina dtugtar tásc ar thionscnamh cheana.

    Bunús dlí (tabhair údar leis an mbunús dlí a roghnaítear más gá)

    Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 43(2), agus i gcás Theideal II, Airteagal 118(1) freisin.

    Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

    Maidir le prionsabal na coimhdeachta , foráiltear leis an scéim um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha , an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus an scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta go gcosnófar nó go bhforchoimeádfar ainmneacha agus téarmaí breisluacha ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh. Is é an toradh a bheadh air sin go gcuirfí bac ar tháirgeoirí nach bhfuil cáilithe na téarmaí a úsáid. Dá mbeadh na téarmaí agus na hainmneacha faoi chosaint ag gach Ballstát ina aonar, bheadh leibhéil éagsúla cosanta acu i ngach Ballstát, rud a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar thomhaltóirí, bac a chur ar thrádáil laistigh den Aontas, agus a d'fhéadfadh iomaíocht éagothrom a chur chun cinn maidir le táirgí arna sainaithint le hainmneacha agus téarmaí cáilíochta a mhargú. Ní féidir cearta den sórt sin a chinneadh go héifeachtach agus go héifeachtúil ar fud an Aontais Eorpaigh ach amháin ar leibhéal an Aontais. Déantar 18 % de luach na dtáirgí a dhíoltar faoin scéim STFC agus TGFC a thrádáil lasmuigh den Bhallstát tionscnaimh agus braitheann sé sin ar an gcosaint maoine intleachtúla a thugann an scéim uile-AE. I gcás na n-ainmneacha faoi chosaint faoin scéim STR, tá tábhacht ar leith ag baint leis an díolachán ar an margadh inmheánach do na táirgeoirí lena mbaineann. Tá feidhm freisin ag téarmaí roghnacha cáilíochta maidir le sreafaí tábhachtacha trádála laistigh den Aontas agus chuirfeadh sainmhínithe agus mínithe éagsúla bac ar fheidhmiú an mhargaidh.

    Braitheann an scéim um shocrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha , agus an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht ar shiombailí de chuid an Aontais, siombailí a ceapadh chun faisnéis faoi chineál gach scéime cáilíochta a chur in iúl. D'fhonn a áirithiú go n-aithníonn tomhaltóirí ar fud an Aontais Eorpaigh na siombailí, agus sa dóigh sin go dtuigfear níos éasca an scéim agus trádáil táirgí cáilíochta thar theorainneacha, ní mór na siombailí a bhunú ar leibhéal an Aontais.

    Maidir le hiarratais ar shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a phróiseáil agus a anailísiú, ní cúram é is gá a chomhlíonadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ach amháin a mhéid a bhaineann eilimintí áirithe leis. Áirítear na heilimintí seo a leanas leis sin: cáilitheacht maidir le cosaint ainmneacha ar fud an Aontais Eorpaigh a mheas, cearta iar-úsáideoirí na n-ainmneacha a urramú (go háirithe dóibh siúd lasmuigh den Bhallstát ina ndéantar an t-iarratas), agus iarratais a sheiceáil le haghaidh earráidí follasacha. Is éifeachtúla agus is éifeachtaí, áfach, tabhairt faoi phríomh-mhionanailís ar iarratas ar leibhéal náisiúnta.

    Maidir le scéimeanna lipéadaithe atá ceaptha chun táirgí a bhfuil cáilíochtaí áirithe acu a shainaithint, ach nach bhfuil tionchar acu ar chosaint ná ar fhorchoimeád ainmneacha ar fud an Aontais Eorpaigh, is iad na húdaráis náisiúnta a fhéadfaidh na scéimeanna sin a fheidhmiú ar an mbealach is éifeachtaí. Dá bhrí sin, leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cuirtear deireadh leis an rogha maidir le hainmneacha nach bhfuil faoi chosaint a chlárú.

    Ar an gcéad ásc, is faoi fhreagracht na n-údarás náisiúnta inniúil a bheidh cúram rialaithe na scéimeanna uile, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla beatha agus bia. Ní mór maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe Ballstáit ar leibhéal an Aontais d'fhonn creidiúnacht i scéimeanna maidir le dlí an bhia ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa rialachán sin.

    Maidir le prionsabal na comhréireachta , cloíonn an scéim um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht le sonraíocht dhocht táirge agus le rialuithe éifeachtacha ar tháirgeadh a d'fhéadfadh a bheith trom ar tháirgeoirí. Is riachtanach agus is comhréireach sin, áfach, chun creidiúnacht na scéime a dhaingniú agus chun ráthaíocht éifeachtach ar chomhlíonadh a sholáthar don tomhaltóir. Gan an ráthaíocht sin, ní fhéadfaí a iarraidh ar an tomhaltóir praghas cothrom a íoc as na táirgí cáilíochta a ofráiltear. Os a choinne sin, braitheann an scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta go príomha ar dhearbhuithe comhréireachta ó na táirgeoirí féin, agus iad sin neartaithe le gnáthrialuithe talmhaíochta ag na Ballstáit, bunaithe ar mheasúnú riosca. Toisc nach bhfuil coinníollacha rannpháirtíochta na scéimeanna sin chomh dian agus atá i gcás sonrúchán tionscnaimh agus tásc geografach agus i gcás sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, tá sé comhréireach nach bhfuil an córas rannpháirtíochta agus na rialuithe chomh dian sin.

    Cuid bhunriachtanach den straitéis chun an comhbheartas talmhaíochta a fhorbairt is iad na scéimeanna cáilíochta chun feirmeoirí an Aontais Eorpaigh a chumasú agus a spreagadh lena saineolas maidir le margú táirgí d'ardcháilíocht a bhfuil saintréithe breisluacha agus airíonna táirgthe acu a fhorbairt. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain ag gach feirmeoir ar na scéimeanna. Dá bhrí sin, cé go bhfuil ar fheirmeoirí rogha a dhéanamh maidir leis na dualgais agus an gealltanas a ghlacadh chucu féin táirgí cáilíochta a chur ar an margadh faoi na scéimeanna, ní féidir na sochair beartais d'earnáil na talmhaíochta agus do thomhaltóirí a bhaint amach ach amháin má tá rochtain ar na scéimeanna ag gach feirmeoir ar mhaith leis páirt a ghlacadh iontu. Ar an ábhar sin, tá sé i gcomhréir leis an gcuspóir gur mór do gach Ballstát na scéimeanna a chur i bhfeidhm ar fud a gcríche.

    Rogha ionstraimí

    Cuirtear an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta in ionad na Rialachán atá ann cheana ón gComhairle - Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 - agus tá forálacha atá ann cheana ar áireamh ann, ar forálacha iad a bhaineann le téarmaí roghnacha cáilíochta atá i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe[15] agus i dTreoir 2001/110/CE maidir le mil[16].

    Gabhann togra reachtach comhthreomhar le haghaidh caighdeán margaíochta leis an rialachán agus cuimsítear ann Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena modhnaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle atá ailínithe le rialacha an CFAE.

    4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

    Níl impleachtaí buiséadacha ag aon cheann de scéimeanna an Aontais Eorpaigh.

    Mar sin féin, is léir nach mór don Choimisiún bheith níos gníomhaí agus ainmneacha na scéimeanna cáilíochta agus shiombailí an Aontais a chosaint, go háirithe i dtríú tíortha. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní buiséadacha breise. Tá na hacmhainní sin tugtha le fios sa ráiteas airgeadais.

    5. EILIMINTÍ ROGHNACHA: SIMPLIÚ

    Déantar riarú na scéimeanna a shimpliú sa rialachán atá beartaithe trí scéimeanna éagsúla cáilíochta táirgí talmhaíochta agus na téarmaí roghnacha cáilíochta a chomhchruinniú in aon ionstraim reachtach amháin. Áirithítear comhchuibheas idir na hionstraimí agus tá sé níos éasca na scéimeanna a thuiscint dá bharr. Soiléirítear agus simplítear forálacha do Bhallstáit sa togra, ar forálacha iad atá freagrach go príomha as cur chun feidhme agus rialú na scéimeanna.

    Is iad seo a leanas príomheilimintí an tsimplithe:

    - déantar rialacha maidir le próisis iarratais agus rialuithe a theaglamú nuair is féidir, rud a bhfuil sochair ag baint leis ó thaobh chomhchuibheas na rialacha thar scéimeanna agus a chuirfeadh críoch le difríochtaí atá ann faoi láthair maidir le nósanna imeachta;

    - déantar nósanna imeachta a ghiorrú agus a shruthlíniú nuair is féidir;

    - tugtar soiléirithe isteach, go háirithe maidir le cearta maoine intleachtúla;

    - tugtar isteach coincheapa níos simplí atá níos éasca a thuiscint ag tomhaltóirí, go sonrach sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht;

    - bunaítear coiste amháin (an coiste um beartas cáilíochta) do na scéimeanna uile. Cuirtear sin in ionad dhá choiste atá ann faoi láthair thar ceann na scéime um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

    Maidir le caighdeáin mhargaíochta, is é a bheidh sa mhodhnú atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 simpliú ó thaobh nósanna imeachta de agus cuirfidh sé le trédhearcacht fad a bhaineann le forálacha maidir le caighdeáin mhargaíochta.

    2010/0353 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 118(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[17],

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[18],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. Is buntáiste tábhachtach agus iomaíoch atá ag táirgeoirí an Aontais Eorpaigh an cháilíocht agus an éagsúlacht a bhaineann le táirgeadh talmhaíochta san Aontas Eorpach agus is cuid d'oidhreacht chultúrtha agus ghastranómach an Aontais é atá fós ar marthain. Is de bharr scileanna agus dhiongbháilteacht fheirmeoirí agus tháirgeoirí an Aontais Eorpaigh atá an buntáiste sin acu óir choimeád siad na traidisiúin beo le linn dóibh forbairtí ar mhodhanna nua táirgthe agus ar ábhair nua a chur san áireamh.

    2. Is minice ná riamh anois a éilíonn saoránaigh agus tomhaltóirí san Aontas Eorpach táirge cáilíochta, mar aon le táirgí traidisiúnta. Is cúram dóibh freisin an éagsúlacht atá ann i dtáirgeadh talmhaíochta an Aontais Eorpaigh a choimeád. Cruthaíonn an méid sin éileamh ar tháirgí talmhaíochta agus ar bhia-ábhair a mbaineann sainiúlacht inaitheanta leo, go háirithe maidir le tionscnamh geografach.

    3. Ní fhéadfaidh na táirgeoirí leanúint de tháirgí éagsúla cáilíochta a tháirgeadh mura bhfaigheann siad cúiteamh cóir as an iarracht sin. Éilíonn sé sin go bhfuil an deis acu na saintréithe a bhaineann lena dtáirge a thabhairt le fios do na ceannaitheoirí agus na tomhaltóirí faoi dhálaí córa iomaíochta. Éilíonn sé freisin go ndéantar a dtáirgí a shainaithint go beacht ar an margadh.

    4. Má thugtar cúnamh do tháirgeoirí trí bhíthin scéimeanna cáilíochta a fheidhmiú, le go bhfaighidh siad cúiteamh as a n-iarrachtaí éagsúlacht táirgí cáilíochta a chur ar fáil, is féidir dul chun sochair an gheilleagair tuaithe. Is ionann sin agus an cás, go háirithe, i limistéir mhídheisiúla, áit a dtugann earnáil na feirmeoireachta cuntas ar chuid shuntasach den gheilleagar. Sa tslí sin, rannchuidíonn agus comhlánaíonn na scéimeanna cáilíochta an beartas forbartha tuaithe agus an beartas margaidh agus an beartas tacaíochta ioncaim atá sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT).

    5. Ar na tosaíochtaí beartais a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún, Eoraip 2020: straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach[19], tá geilleagar iomaíoch bunaithe ar eolas agus ar nuálaíocht a bhaint amach agus geilleagar ardfhostaíochta a chothú trína dtarlaíonn comhtháthú sóisialta agus críochach. Ba cheart don bheartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta na huirlisí iomchuí a chur ar fáil do na táirgeoirí le go bhféadfaidh siad saintréithe sonracha a dtáirgí a shainaithint agus a chur chun cinn níos fearr agus iad féin a chosaint ó chleachtais mhíchothroma.

    6. Ba cheart do na bearta comhlántacha difriúla atá beartaithe prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a urramú.

    7. Tá bearta a bhaineann le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta leagtha síos sna Rialacháin seo a leanas:

    8. Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le fíonta cumhraithe, deochanna de bhunadh fíonta cumhraithe agus manglaim táirgí fíonta cumhraithe a shainiú, a thuairisciú agus a chur i láthair[20];

    9. Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil[21] agus go háirithe Airteagal 2 di;

    10. Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas[22] agus go háirithe Airteagal 14 de Theideal IV 'Siombail ghrafach' de;

    11. Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht[23];

    12. Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint[24];

    13. Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht mhargaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM aonair)[25] agus go háirithe Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn I 'Rialacha margaíochta' agus Roinn Ia, Foroinn I 'Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha' de;

    14. Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91[26];

    15. Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle[27].

    16. Ba cheart do lipéadú táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar bheith faoi réir na rialacha ginearálta atá leagtha síos i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, cur i láthair agus fógairt bia-ábhar[28].

    17. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le beartas cáilíochta táirgí talmhaíochta[29], aithníodh gur tosaíocht atá ann comhchuibheas agus comhsheasmhacht iomlán níos fearr a bhaint amach i mbeartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta.

    18. Tá roinnt cuspóirí agus forálacha coiteanna ann sa scéim um thásca geografacha táirgí talmhaíochta agus bia-ábhar, sa scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus sna rialacha deonacha a bhaineann le lipéadú.

    19. Le tamall de bhlianta anois, tá an tAontas Eorpach ag saothrú an chuspóra timpeallacht rialaitheach an CBT a shimpliú. Ba cheart an cur chuige sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le Rialacháin a bhaineann le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta.

    20. Rinneadh athbhreithniú le deireanas ar roinnt Rialachán atá mar chuid den bheartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus níl siad curtha chun feidhme go hiomlán fós. I bhfianaise an méid sin, níor cheart na bearta sin a áireamh sa Rialachán seo. Mar sin féin, féadfar é a bheartú iad a ionchorprú tráth níos déanaí nuair a bheidh an reachtaíocht curtha chun feidhme ina hiomláine.

    21. I bhfianaise na gcomaoineacha thuasluaite, ba cheart na forálacha seo a leanas a chomhthiomsú i gcreat dlíthiúil amháin:

    22. Forálacha nua nó nuashonraithe Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 509/2006;

    23. Forálacha coimeádta Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 509/2006;

    24. Forálacha maidir le rialacha éigeantacha a bhaineann le lipéadú i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus Treoir 2001/110/CE

    25. Ar mhaithe le soiléire agus trédhearcacht, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a aisghairm, dá bhrí sin, agus an Rialachán seo a chur ina n-ionad.

    26. Ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú do tháirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus do liosta táirgí nach dtagann faoi raon feidhme na hIarscríbhinne sin ach atá nasctha go dlúth le táirgeadh talmhaíochta nó leis an ngeilleagar tuaithe.

    27. Ba cheart na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith infheidhme gan dochar do reachtaíocht atá ann cheana san Aontas maidir le fíonta, fíonta cumhraithe, deochanna biotáilleacha, táirgí ó fheirmeoireacht orgánach, nó ó na réigiúin is forimeallaí.

    28. Ba cheart an raon feidhme do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha a theorannú do tháirgí a bhfuil nasc intreach ann idir saintréithe an táirge nó an bhia-ábhair agus a thionscnamh geografach. Is aimhrialtacht é nár áiríodh mar tháirgí milseogra sa scéim roimhe seo ach cineálacha áirithe seacláide agus ba cheart an aimhrialtacht sin a cheartú.

    29. I gcás feirmeoirí agus táirgeoirí, is iad na cuspóirí sonracha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint, go mbeidh luach cothrom le fáil acu as cáilíochtaí an táirge agus gur féidir leo faisnéis shoiléir a sholáthar faoi tháirgí a mbaineann saintréithe ar leith leo atá nasctha le tionscnamh geografach, agus ar an tslí sin, féadfaidh na tomhaltóirí roghanna níos eolasaí a dhéanamh i dtaobh ceannaigh.

    30. Cuspóir eile is féidir a ghnóthú ar shlí níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais is ea cearta maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha atá faoi chosaint san Aontas a urramú go haonfhoirmeach ar fud an Aontais.

    31. Trí chreat Aontais lena gcosnaítear sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, agus trína n-áireamh ar chlár, féadtar iad a fhorbairt, óir is trí chur chuige níos aonfhoirmí a sholáthar a áirithítear le creat den sórt sin go bhfuil iomaíocht chóir ann idir táirgeoirí táirgí a ngabhann tásca den sórt sin leo agus tagann méadú ar chreidiúnacht na dtáirgí i súile an tomhaltóra. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a fhorbairt ar leibhéal an Aontais.

    32. Bunaithe ar an taithí a fuarthas trí Rialachán (CEE) Uimh. 2081/1992 ón gComhairle an 14 Iúil 1992 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint[30] agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a chur chun feidhme, is gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe, rialacha áirithe a shoiléiriú agus a shimpliú agus nósanna imeachta na scéime seo a athchóiriú chun éifeachta.

    33. I bhfianaise an chleachtais atá ann cheana, ba cheart dhá ionstraim éagsúla lena sainaithnítear an nasc idir an táirge agus a thionscnamh geografach a shainiú agus a chothabháil, eadhon an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus an tásc geografach faoi chosaint. Mar sin féin, gan an coincheap atá orthu a athrú, ba cheart roinnt athruithe ar na sainmhínithe a ghlacadh chun an sainmhíniú ar thásca geografacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil a chur san áireamh níos fearr agus an tuiscint atá ag oibreoirí ar na sainmhínithe sin a shoiléiriú agus a shimpliú.

    34. Ba cheart do tháirge talmhaíochta nó bia-ábhar a ngabhann tuairisc gheografach den sórt sin leis coinníollacha áirithe a leagtar amach sa tsonraíocht a chomhlíonadh.

    35. Níor cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chlárú ar leibhéal an Aontais, ach amháin le go gcáileofar iad do chosaint i gcríocha na mBallstát. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cosaint shealadach a dheonú ar an leibhéal náisiúnta gan dochar a dhéanamh do thrádáil idirnáisiúnta nó do thrádáil laistigh den Aontas, le héifeacht ón dáta a ndéantar iarratas ar chlárú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don chosaint a thugtar faoin Rialachán seo, faoi réir cláraithe, a bheith ar fáil gan idirdhealú do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha tríú tíortha a chomhlíonann na critéir chomhfhreagracha agus atá faoi chosaint ina dtír thionscnaimh.

    36. Ba cheart go dtabharfadh an nós imeachta cláraithe ar leibhéal an Aontais an deis d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige i mBallstát, seachas Ballstát an iarratais, nó i dtríú tír, a chearta a fheidhmiú trína chur in iúl go bhfuil sé ag cur i gcoinne an iarratais.

    37. I gcás ina ndéantar iontráil i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint ba cheart go dtabharfaí faisnéis freisin do na daoine sin a bhfuil baint acu le trádáil agus do thomhaltóirí.

    38. Tá an tAontas i mbun caibidlíochta lena chomhpháirtithe trádála faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta lena n-áirítear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint. D'fhonn faisnéis phoiblí faoi ainmneacha atá faoi chosaint ar an dóigh sin a éascú, agus go háirithe le cosaint agus rialú úsáid na n-ainmneacha sin a áirithiú, féadfar iad a iontráil i gclár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint. Mura n-aithnítear iad go sonrach mar shonrúcháin tionscnaimh sna comhaontuithe sin, ba cheart na hainmneacha a iontráil sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint.

    39. I ngeall ar an nádúr sonrach a bhaineann leo, ba cheart forálacha speisialta lipéadaithe a ghlacadh do shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus do thásca geografacha faoi chosaint, lena gceanglófaí ar na táirgeoirí siombailí iomchuí an Aontais nó na tásca iomchuí a úsáid ar phacáistíocht. Ba cheart úsáid siombailí nó tásc den sórt sin a dhéanamh éigeantach i gcás ainmneacha an Aontais, ar an taobh amháin, le go mbeidh na tomhaltóirí níos eolasaí ar an gcatagóir sin táirgí agus na ráthaíochtaí a bhaineann leo agus, ar an taobh eile, sainaithint níos éasca ar na táirgí sin ar an margadh a cheadú le go n-éascófar seiceálacha. Le linn cheanglais na hEagraíochta Domhanda Trádála a chur san áireamh, ba cheart úsáid siombailí agus tásc den sórt sin a dhéanamh deonach i gcás tásc geografach agus sonrúchán tionscnaimh de thionscnamh tríú tír.

    40. Ba cheart cosaint a dheonú d'ainmneacha a áirítear sa chlár, agus díriú ar úsáid chóir a áirithiú agus cleachtais a d'fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú a chosc. Ina theannta sin, ba cheart na meáin trína n-áirithítear go gcosnaítear tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a shoiléiriú go háirithe maidir le ról na ngrúpaí táirgeoirí agus údaráis inniúla na mBallstát.

    41. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoluithe sonracha lena gceadaítear ainm cláraithe a úsáid taobh le hainmneacha eile ar feadh tréimhse teoranta, ach ar dhóigh shimplithe agus shoiléirithe. I gcásanna ar leith, chun deacrachtaí sealadacha a bhaineann leis an gcuspóir fadtéarmach a shárú, is é sin go mbeadh na táirgeoirí uile ag comhlíonadh na sonraíochtaí, féadfar maoluithe sonracha a dheonú go ceann tréimhse deich mbliana.

    42. Ba cheart raon feidhme na cosanta a dheonaítear faoin Rialachán seo a shoiléiriú, go háirithe maidir leis na srianta ar thrádmharcanna nua a chlárú faoi Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna[31], srianta nach bhfuil ag luí le clárú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint mar atá cheana i gcás trádmharcanna nua a chlárú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart soiléiriú den sórt sin a thabhairt isteach maidir le sealbhóirí réamhcheart maoine intleachtúla, go háirithe maidir le trádmharcanna agus comhainmneacha a chláraítear mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó mar thásca geografacha faoi chosaint.

    43. Ba cheart aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne a bhaineann le hainmneacha atá cláraithe ar earraí agus ar sheirbhísí a chuimsiú faoin gcosaint do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha chun leibhéal ard cosanta a áirithiú agus an chosaint sin a chur i gcomhréir leis an gcosaint is infheidhme maidir le hearnáil an fhíona.

    44. Ba cheart leanúint de na hainmneacha atá cláraithe cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ar an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm a chosaint faoin Rialachán seo agus a áireamh go huathoibríoch sa chlár.

    45. Is é cuspóir sonrach na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí táirgí traidisiúnta airíonna breisluacha a dtáirge a thabhairt le fios do thomhaltóirí. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil mórán ainmneacha cláraithe go fóill, tá teipthe ar an scéim reatha um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht leas a bhaint as acmhainn na scéime. Ba cheart na forálacha atá ann faoi láthair a fheabhsú, a shoiléiriú agus a spriocdhíriú, dá bhrí sin, le go mbeidh an scéim níos sothuigthe, níos feidhmiúla agus níos mealltaí d'iarratasóirí eile.

    46. Faoin tseanscéim bhí an rogha ann ainm a chlárú chun críoch aitheantais gan an t-ainm a fhorchoimeád san Aontas. Ós rud é nach raibh tuiscint mhaith ag na páirtithe leasmhara ar an rogha sin agus gur fearr is féidir táirge traidisiúnta a aithint ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal réigiúnach i bhfeidhmiú phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart deireadh a chur leis an rogha sin. I bhfianaise na taithí a fuarthas, níor cheart baint a bheith ag an scéim ach le forchoimeád ainmneacha ar fud an Aontais.

    47. Lena áirithiú go gclárófar ainmneacha fíortháirgí traidisiúnta faoin scéim, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir agus ar choinníollacha eile cláraithe ainmneacha, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar 'traidisiúnta' ar cheart a athrú le go gcumhdófar táirgí atá á dtáirgeadh le tréimhse an-suntasach ama. Leis an gcosaint atá ag oidhreacht chócaireachta an Aontais a fheabhsú, ba cheart raon feidhme na scéime um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith dírithe níos soiléire ar bhéilí réamhullmhaithe agus ar tháirgí próiseáilte.

    48. Lena áirithiú go gcomhlíontar na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus go bhfuiltear comhsheasmhach leo, ba cheart do tháirgeoirí atá eagraithe i ngrúpaí sainmhíniú ar an táirge a thabhairt iad féin i sonraíocht. Ba cheart an rogha ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a bheith ar fáil do tháirgeoirí ó thríú tíortha.

    49. Le go gcáileofar táirge d'fhorchoimeád, ba cheart sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chlárú ar leibhéal an Aontais. I gcás ina ndéantar iontráil i gclár, ba cheart go dtabharfaí faisnéis freisin do na daoine sin a bhfuil baint acu le trádáil agus do thomhaltóirí.

    50. D'fhonn a sheachaint go gcruthaítear coinníollacha míchothroma iomaíochta, ba cheart d'aon táirgeoir, lena n-áirítear táirgeoirí ó thríú tíortha, bheith in ann ainm cláraithe a úsáid agus, nuair is iomchuí, siombail an Aontais a bhaineann leis an tásc ‘Sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge na ceanglais a bhaineann leis an tsonraíocht iomchuí agus go bhfuil an táirgeoir clúdaithe ag córas rialaithe.

    51. D'fhonn ainmneacha cláraithe a chosaint ar mhí-úsáid nó ar chleachtais a d'fhéadfadh tomhaltóirí a chur amú, ba cheart úsáid na n-ainmneacha sin a fhorchoimeád.

    52. I gcás na n-ainmneacha sin atá cláraithe cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ach nach mbeadh cumhdaithe faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an dáta a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart feidhm fós a bheith ag na téarmaí úsáide a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ar feadh idirthréimhse.

    53. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le bearta idirthréimhseacha a bheidh infheidhme maidir le hiarratais ar chlárú a bhfaighidh an Coimisiún sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

    54. Ba cheart na caighdeáin mhargaíochta a bheith roinnte go soiléir idir rialacha éigeantacha a choimeádtar i reachtaíocht chomheagraíocht na margaí agus na téarmaí roghnacha cáilíochta, ar cheart a áireamh i leagan amach na scéimeanna cáilíochta. Ba cheart do na téarmaí roghnacha cáilíochta tacú fós le haidhmeanna na gcaighdeán margaíochta agus, ar an dóigh sin, a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de do na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

    55. I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo agus ar mhaithe le soiléire, ba cheart téarmaí roghnacha cáilíochta atá ann cheana a bheith faoi rialú an Rialacháin seo.

    56. Maidir le forbairt chomhtháite na dtéarmaí roghnacha cáilíochta lena ndéantar cur síos ar shaintréithe agus ar airíonna sonracha an táirge, ba cheart foráil a dhéanamh go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún téarma breise a fhorchoimeád, cuimsiú an táirge nó coinníollacha úsáide an táirge a leasú, nó téarma roghnach cáilíochta a chealú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

    57. Tá an breisluach a bhaineann le tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht bunaithe ar mhuinín an tomhaltóra, nach mbíonn inchreidte ach amháin má ghabhann fíorú éifeachtach agus rialuithe leis. Ba cheart na scéimeanna cáilíochta sin a bheith faoi réir córais faireacháin de rialuithe oifigiúla, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a chuirtear i gcrích chun fíorú ar chomhlíonadh an dlí maidir le beathú agus bia, sláinte ainmhithe agus rialacha maidir le leas ainmhithe a áirithiú[32], lena n-áirítear córas seiceálacha ag céimeanna uile an táirgthe, na próiseála agus an dáilte. Chun cuidiú le Ballstáit forálacha Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a chur i bhfeidhm níos fearr i gcás rialuithe ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, tá tagairtí do na hairteagail is ábhartha tugtha sa Rialachán seo.

    58. Chun saintréithe sonracha na dtásc geografach agus na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a ráthú don tomhaltóir, ba cheart d'oibreoirí a bheith faoi réir córais fíoraithe maidir le comhlíonadh na sonraíochta táirge.

    59. Ba cheart do na húdaráis inniúla critéir oibriúcháin áirithe a chomhlíonadh lena neamhchlaontacht agus a n-éifeachtacht a áirithiú. Ba cheart forálacha a bheartú maidir le hinniúlachtaí áirithe um fheidhmiú cúraimí sonracha rialaithe a tharmligean chuig comhlachtaí rialaithe.

    60. Ba cheart caighdeáin Eorpacha (caighdeáin EN) arna bhforbairt ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus caighdeáin idirnáisiúnta arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) a úsáid chun comhlachtaí rialaithe a oibriú agus a chreidiúnú. Ba cheart na comhlachtaí sin a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú[33].

    61. Ba cheart faisnéis faoi ghníomhaíochtaí rialaithe ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a áireamh sna pleananna náisiúnta rialaithe ilbhliantúla agus sa tuarascáil bhliantúil a ullmhaíonn na Ballstáit de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

    62. Ba cheart Ballstáit a údarú táille a ghearradh chun na costais a thabhaítear a chlúdach.

    63. Ba cheart na rialacha atá ann maidir le húsáid leanúnach ainmneacha atá cineálach a shoiléiriú sa chaoi is go ndéanfadh téarmaí cineálacha atá cosúil le hainm nó téarma atá faoi chosaint nó forchoimeádta nó atá ina gcuid d'ainm nó téarma den sórt sin stádas cineálach den sórt sin a choimeád.

    64. Is é an dáta a cuireadh iarratas chuig an gCoimisiún ar thrádmharc a chlárú san Aontas nó sna Ballstáit agus an dáta a cuireadh iarratas chuig an gCoimisiún ar shonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach a chosaint is ceart a bheith mar dhátaí ar a mbunaítear an tsinsearacht a bhíonn ag trádmharc agus ag sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach.

    65. Ba cheart leanúint de na forálacha maidir le diúltú do shonrúchán tionscnaimh nó do thásc geografach nó maidir le go bhfuil an dá cheann ceadaithe i ngeall ar easaontas le trádmharc a bhí ann cheana.

    66. Ba cheart do na critéir faoinar cheart trádmharcanna eile a dhiúltú, nó a dhéanamh neamhbhailí má tá siad cláraithe cheana, i gcás easaontais idir iad agus sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach eile, freagairt do raon feidhme na cosanta atá leagtha síos maidir le sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach.

    67. Ba cheart tosaíocht ar fhorchoimeád ainmneacha agus ar bhunú tásc agus siombailí faoi bhun na scéimeanna cáilíochta um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, agus um théarmaí roghnacha cáilíochta a thabhairt d'fhorálacha na gcóras lena mbunaítear cearta maoine intleachtúla, agus go háirithe na cearta sin a bhunaítear leis an scéim cáilíochta um shonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus na cearta sin a bhunaítear faoi dhlí na dtrádmharcanna.

    68. Ba cheart ról na ngrúpaí a shoiléiriú agus a shainaithint. Tá ról bunriachtanach ag grúpaí sa phróiseas iarratais ar chlárú ainmneacha sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear leasuithe ar shonraíochtaí agus iarratais ar chealú. Féadfaidh an grúpa gníomhaíochtaí a fhorbairt a bhaineann le faireachas ar fhorfheidhmiú na cosanta d'ainmneacha cláraithe, ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge ag an bpróiseas táirgthe, ar fhaisnéis faoin ainm cláraithe agus cur chun cinn an ainm sin, agus ar aon ghníomhaíocht ghinearálta atá dírithe ar an luach a bhaineann leis na hainmneacha cláraithe agus éifeachtacht na scéimeanna cáilíochta a fheabhsú. Mar sin féin, níor cheart do na gníomhaíochtaí sin iompar frithiomaíoch nach bhfuil ag luí le hAirteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh a éascú nó a bheith mar chúis le hiompar den sórt sin.

    69. Lena áirithiú go gcomhlíonann ainmneacha atá cláraithe ar shonrúcháin tionscnaimh, ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart d'údaráis náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann iarratais a scrúdú, faoi réir forálacha coiteanna íosta a chomhlíonadh, lena n-áirítear nós imeachta náisiúnta cur i gcoinne. Ba cheart don Choimisiún, ina dhiaidh sin, iniúchadh a dhéanamh ar na hiarratais lena áirithiú nach bhfuil aon earráidí follasacha ann agus go bhfuil dlí an Aontais agus leasanna páirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais curtha san áireamh.

    70. Ba cheart an deis a bheith ann ainmneacha a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tíortha a chlárú mar ainmneacha ar shonrúcháin tionscnaimh, ar thásca geografacha agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, má chomhlíonann na hainmneacha sin na coinníollacha a leagtar síos leis an Rialachán seo.

    71. Ba cheart na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena n-aithnítear go bhfuil páirt á glacadh i scéim cáilíochta agus na cearta sin di a bhaineann leis an Aontas a chosaint san Aontas agus i dtríú tíortha d'fhonn a áirithiú go n-úsáidtear na siombailí sin, na tásca sin agus na giorrúcháin sin ar fhíortháirgí agus nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir le cáilíochtaí an táirge. Thairis sin, le go mbeidh éifeacht leis an gcosaint sin, ba cheart don Choimisiún fáil a bheith aige ar acmhainní réasúnacha buiséadacha ar bhonn láraithe faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFD)[34] agus i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Iúil 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta[35].

    72. Ba cheart an nós imeachta cláraithe do shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, do thásc geografach faoi chosaint agus do shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, lena n-áirítear tréimhse do ghrinnscrúdú agus cur i gcoinne, a ghiorrú agus a fheabhsú, go háirithe maidir le cinnteoireacht. Ba cheart an fhreagracht as cinntí a dhéanamh ar chlárú a bheith ar an gCoimisiún, agus faoi dhálaí áirithe gheofaí cúnamh ó na Ballstáit. Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos lena gceadófaí na sonraíochtaí táirge a leasú tar éis iad a bheith cláraithe, agus na hainmneacha atá cláraithe a chealú, go háirithe murar féidir an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a chomhlíonadh a thuilleadh nó mura bhfuil ainm in úsáid a thuilleadh ar an margadh.

    73. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú. Ba cheart na heilimintí a bhféadfar an chumhacht sin a fheidhmiú ina leith a shainiú, chomh maith leis na coinníollacha a mbeidh an tarmligean sin faoina réir.

    74. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a ráthú i ngach Ballstát, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh. Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le ... [36],

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Teideal I

    FORÁLACHA TOSAIGH

    Airteagal 1 Ábhar

    75. Ceapadh an Rialachán seo sa chaoi is go gcuideoidh sé le táirgeoirí táirgí talmhaíochta ceannaitheoirí agus tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi shaintréithe agus airíonna feirmeoireachta na dtáirgí sin agus go n-áiritheofar an méid seo a leanas:

    76. go mbeidh iomaíocht chóir ann d'fheirmeoirí agus do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe agus airíonna breisluacha ag baint leo,

    77. go mbeidh faisnéis iontaofa a bhaineann le táirgí den sórt sin ar fáil do na tomhaltóirí,

    78. go n-urramófar cearta maoine intleachtúla, agus

    79. sláine an mhargaidh inmheánaigh.

    Is é atá beartaithe leis na bearta a chuimsítear sa Rialachán seo go gcothófar gníomhaíochtaí talmhaíochta agus próiseála agus córais feirmeoireachta a bhaineann le táirgí ardcháilíochta, agus ar an dóigh sin rannchuidiú le beartas forbartha tuaithe a bhaint amach.

    2. Bunaítear leis an Rialachán seo ‘scéimeanna cáilíochta’ a chuireann bonn faoi shainaithint agus, nuair is iomchuí, faoi chosaint ainmneacha agus téarmaí a thugann táirgí talmhaíochta le fios nó a thugann tuairisc orthu nuair atá:

    (a) saintréithe breisluacha, nó

    (b) airíonna breisluacha sna táirgí sin de bharr na modhanna feirmeoireachta nó próiseála a úsáideadh lena dtáirgeadh, nó de bharr ionad a dtáirgthe nó a margaíochta.

    Airteagal 2 Raon feidhme

    1. Cumhdaíonn an Rialachán seo táirgí talmhaíochta a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh agus táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a thugtar le fios ann.

    Ní bheidh feidhm maidir le táirgí talmhaíochta neamhphróiseáilte, áfach, ag an scéim cáilíochta a leagtar amach i dTeideal III den Rialachán seo.

    D'fhonn a áirithiú go bhfuil na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo nasctha go dlúth le táirgí talmhaíochta nó leis an ngeilleagar tuaithe, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a leasú.

    2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí fíniúna ach amháin fínéagair fíona, ná le deochanna biotáilleacha ná le fíonta cumhraithe.

    3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirge a chur ar an margadh, go háirithe ar chomheagraíocht aonair na margaí, ná le lipéadú bia.

    4. Ní bheidh feidhm maidir leis na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo ag Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[37].

    Airteagal 3 Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    (1) ciallaíonn ‘scéimeanna cáilíochta’ na scéimeanna a bhunaítear faoi Theidil II, III agus IV;

    (2) ciallaíonn ‘grúpa’ aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil den chuid is mó táirgeoirí nó próisealaithe atá ag obair ar an táirge céanna;

    (3) ciallaíonn ‘traidisiúnta’ go bhfuil cruthúnas ann gur úsáideadh an táirge ar an margadh baile ar feadh tréimhse inarbh fhéidir an táirge a sheachadadh ó ghlúin amháin go glúin eile; is é an tréimhse a chuirtear i leith dhá ghlúin, 50 bliain ar a laghad, de ghnáth is ceart a bheith sa tréimhse sin;

    (4) beidh an bhrí chéanna le ‘lipéadú’ agus atá leis i bpointe (a) d'Airteagal 1(3) de Threoir 2000/13/CE;

    (5) ciallaíonn ‘sainiúlacht’ maidir le táirge na saintréithe agus na hairíonna táirgthe a idirdhealaíonn táirge go soiléir ó tháirgí cosúla eile den chatagóir chéanna;

    (6) ciallaíonn ‘téarmaí cineálacha’ na téarmaí lena n-áirítear na hainmneacha sin ar an táirge, agus cé go mbaineann siad le hionad, réigiún nó tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad.

    Teideal II

    SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT AGUS TÁSCA GEOGRAFACHA FAOI CHOSAINT

    Airteagal 4 Cuspóir

    Bunaítear scéim um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint d'fhonn cúnamh a thabhairt do tháirgeoirí táirgí atá nasctha le limistéar geografach tríd an méid seo a leanas:

    (a) luach cothrom a ghnóthú do cháilíochtaí a dtáirgí;

    (b) cosaint aonfhoirmeach na n-ainmneacha a áirithiú mar cheart maoine intleachtúla ar chríoch an Aontais Eorpaigh;

    (c) faisnéis shoiléir a thabhairt ar airíonna breisluacha an táirge do thomhaltóirí.

    Airteagal 5 Sainmhíniú ar shonrúchán tionscnaimh agus ar thásc geografach

    1. Chun críocha an Teidil seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) ‘sonrúchán tionscnaimh’: is é sin ainm lena sainaithnítear táirge:

    (i) de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin ar leith nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre ar leith,

    (ii) ar de bharr timpeallachta geografaí áirithe maille leis na fachtóirí nádúrtha agus daonna dúchasacha atá inti iad cáilíocht nó saintréithe an táirge go bunúsach nó go heisiach, agus

    (iii) ar tharla a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe céanna;

    (b) ‘tásc geografach’: is é sin ainm lena sainaithnítear táirge:

    (i) de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin ar leith nó tíre ar leith,

    (ii) a bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus

    (iii) ar tharla ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

    2. Ainneoin phointe (a) de mhír 1, déanfar ainmneacha áirithe a láimhseáil mar shonrúcháin tionscnaimh i gcás ina dtagann amhábhair na dtáirgí lena mbaineann ó limistéar geografach atá níos leithne ná an limistéar geografach sainithe, nó atá difriúil ón limistéar sin, ar choinníoll:

    (a) gur sainíodh limistéar táirgthe na n-amhábhar;

    (b) go bhfuil coinníollacha speisialta ann a bhaineann le táirgeadh na n-amhábhar; agus

    (c) go bhfuil socruithe rialaithe ann lena n-áirithítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b).

    Ní mór na sonrúcháin tionscnaimh i dtrácht a bheith sainaitheanta mar shonrúcháin tionscnaimh sa tír thionscnaimh roimh an 1 Bealtaine 2004.

    3. D'fhonn na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnálacha áirithe nó le limistéir áirithe a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, srianta agus maoluithe a ghlacadh maidir leis na céimeanna táirgthe a tharlóidh sa limistéar geografach sainithe nó maidir le foinsiú na n-amhábhar.

    Airteagal 6 Nádúr cineálach, easaontais le hainmneacha cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe, le comhainmneacha agus le trádmharcanna

    1. D'fhéadfadh sé nach bhfuil ainmneacha atá ina n-ainmneacha cineálacha anois cláraithe mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná mar thásca geografacha faoi chosaint.

    2. Ní fhéadfar ainm a chlárú mar shonrúchán tionscnaimh ná mar thásc geografach i gcás ina bhfuil easaontas ann idir é agus ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí agus ar dócha é go gcuirfear an tomhaltóir amú maidir le tionscnamh ceart an táirge.

    3. I gcás ainm a mholtar a chlárú agus atá comhainmneach, go hiomlán nó i bpáirt, le hainm a cláraíodh cheana sa chlár a bunaíodh faoi Airteagal 11, féadfar é a chlárú ar choinníoll go bhfuil dóthain idirdhealaithe ann sa chleachtas idir coinníollacha úsáide agus cur i láthair an chomhainm is deireanaí a cláraíodh agus an t-ainm a bhí sa chlár cheana féin, ionas nach gcuirfear an tomhaltóir amú.

    4. Ní chlárófar ainm a mholtar a chlárú mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach i gcás ina bhféadfadh clárú an ainm sin mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach, i bhfianaise clú agus cáile trádmhairc agus an méid ama atá sé in úsáid, an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

    Airteagal 7 Sonraíocht táirge

    1. Le bheith cáilithe do shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó do thásc geografach faoi chosaint, comhlíonfaidh an táirge sonraíocht ina n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a) an t-ainm atá le cosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach;

    (b) tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear na hamhábhair, más iomchuí, agus príomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha agus orgánaileipteacha an táirge;

    (c) sainmhíniú ar an limistéar geografach agus, nuair is iomchuí, sonraí lena dtugtar le fios comhlíonadh cheanglais Airteagal 5(2);

    (d) fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 5(1) é an táirge;

    (e) tuairisc ar an modh trína bhfaightear an táirge agus ar na fíormhodhanna áitiúla nach n-athraíonn agus, nuair is iomchuí, ar fhaisnéis faoi phacáistiú, má chinneann an grúpa iarratasóirí amhlaidh agus má thugann siad cúiseanna leis an bhfáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun cáilíocht a chosaint nó an tionscnamh a áirithiú nó rialú a áirithiú;

    (f) sonraí lena bhfíoraítear an méid seo a leanas:

    (i) an nasc idir cáilíocht nó saintréithe an táirge agus an timpeallacht gheografach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 5(1) nó, de réir mar a bheidh;

    (ii) an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge talmhaíochta nó an bhia-ábhair agus an tásc geografach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(1);

    (g) ainm agus seoladh na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 34 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

    (h) aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i dtrácht;

    3. D'fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha breise a leagan síos maidir le hinneachar sonraíochta táirge.

    Airteagal 8 Inneachar an iarratais ar chlárú

    1. Beidh na sonraí seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chlárú sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh dá dtagraítear in Airteagal 46(2) nó Airteagal 46(5):

    (a) ainm agus seoladh an ghrúpa iarratasóirí;

    (b) an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 7;

    (c) doiciméad amháin ina leagtar amach an méid seo a leanas:

    (i) na príomhshonraí atá sa tsonraíocht táirge: an t-ainm, tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú, agus sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;

    (ii) tuairisc ar an nasc idir an táirge agus an timpeallacht gheografach nó an tionscnamh geografach dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 5(1), de réir mar a bheidh, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe atá ina mbonn cuí leis an nasc sin.

    Sa bhreis ar an méid sin, beidh cruthúnas go bhfuil ainm an táirge cosanta sa tír ar dá tionscnamh é ar áireamh in iarratas dá dtagraítear in Airteagal 46(5).

    2. Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 46(4):

    (a) ainm agus seoladh an ghrúpa iarratasóirí;

    (b) an doiciméad amháin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1;

    (c) dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa iarratasóirí agus arna cháiliú do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

    (d) tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

    Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, de bhun Airteagal 46(4), agus cuirfidh sé rochtain leictreonach ar an tsonraíocht táirge ar fáil.

    Airteagal 9 Cosaint náisiúnta idirthréimhseach

    Féadfaidh Ballstát, ar bhonn idirthréimhseach amháin, cosaint a bhronnadh ar ainm faoin Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a dtaisctear iarratas leis an gCoimisiún.

    Tiocfaidh deireadh le cosaint náisiúnta den sórt sin ar an dáta a ndéantar cinneadh faoi chlárú faoin Rialachán seo nó a dtarraingítear siar an t-iarratas.

    I gcás nach bhfuil ainm cláraithe faoin Rialachán seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí a thig as cosaint náisiúnta den sórt sin.

    Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh iarmhairtí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoin gcéad mhír agus ní bheidh aon tionchar acu ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

    Airteagal 10 Forais mar bhonn le cur i gcoinne

    1. Ní bheidh an ráiteas cur i gcoinne dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 48(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama agus:

    (a) más léir nár comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (b) más léir go mbeadh clárú an ainm a mholtar contrártha do mhír 2 nó mír 3 d'Airteagal 6;

    (c) más léir go ndéanfadh clárú an ainm a mholtar dochar d'ainm nó trádmharc atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó do tháirgí atá ar an margadh go dleathach le cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 47(2); nó

    (d) má thugtar mionsonraí ónar féidir a mhaíomh gur ainm cineálach é an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith.

    2. Déanfar na forais atá mar bhonn le cur i gcoinne a mheas maidir le críoch an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 11 Clár de na sonrúcháin tionscaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint

    1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, clár de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint atá sainaitheanta faoin scéim seo a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta agus a chur ar fáil don phobal.

    2. Féadfar sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár. Clárófar ainmneacha den sórt sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.

    3. Féadfaidh an Coimisiún, gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, leagan amach agus inneachar an chláir a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    Airteagal 12 Ainmneacha, siombailí agus tásca

    1. Féadfaidh aon oibreoir atá ag déanamh margú ar tháirge i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a úsáid.

    2. Bunófar siombailí de chuid an Aontais a cheapfar chun sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a phoibliú.

    3. I gcás táirgí de thionscnamh an Aontais, a mhargófar faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoi thásc geografach faoi chosaint a bheidh cláraithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh na tásca ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’ nó ‘tásc geografach faoi chosaint’ nó siombailí an Aontais a bhaineann leo le feiceáil ar an lipéad. Sa bhreis ar an méid sin, féadfaidh na giorrúcháin chomhfhreagracha "STFC" nó "TGFC" a bheith le feiceáil ar an lipéad.

    4. I gcás táirgí de thionscnamh tríú tíortha a mhargófar faoi ainm a cláraíodh sa chlár, féadfaidh na tásca dá dtagraítear i mír 3 nó siombailí an Aontais a bhaineann leo a bheith le feiceáil ar an lipéad.

    5. Lena áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, sainmhíneoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, saintréithe teicniúla shiombailí an Aontais mar aon leis na rialacha a bhaineann le táirgí a mhargaítear faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a lipéadú, lena n-áirítear rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid.

    Airteagal 13 Cosaint

    1. Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar an méid seo a leanas:

    (a) aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála d'ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú a mhéid agus atá na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin nó a mhéid agus a thagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint;

    (b) aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar le fios fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós “stíl”, “cineál”, “modh”, “faoi mar a tháirgtear i”, “aithris” nó rud éigin dá samhail leis;

    (c) aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunús, tionscnamh, cineál nó cáilíochtaí bunriachtanacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe, chomh maith le pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d’fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

    (d) aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

    I gcás ina bhfuil ainm táirge a mheastar a bheith cineálach cuimsithe i sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó i dtásc geografach faoi chosaint, measfar nach mbeidh úsáid an ainm chineálaigh sin contrártha do phointe (a) nó pointe (b) den chéad fhomhír.

    2. Ní fhéadfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint a bheith cineálach.

    3. Déanfaidh na Ballstáit na bearta riaracháin agus dlíthiúla iomchuí ar mhaithe le húsáid neamhdhleathach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint dá dtagraítear i mír 1 a chosc nó a stopadh, go háirithe ar iarratas ó ghrúpa táirgeoirí mar a fhoráiltear dó i bpointe (a) d'Airteagal 42.

    Airteagal 14 An gaol idir trádmharcanna, sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

    1. Más rud é go bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach cláraithe faoin Rialachán seo, diúltófar do chlárú trádmhairc a mbeadh aon úsáid a bhainfí as contrártha d'Airteagal 13 agus a bhaineann leis an gcineál céanna táirge más rud é go gcuirtear isteach an t-iarratas tar éis an dáta faoinar cheart an t-iarratas ar chlárú a chur isteach chuig an gCoimisiún.

    Déanfar trádmharcanna a chláraítear de shárú ar an gcéad fhomhír neamhbhailí.

    2. Gan dochar d'Airteagal 6(4), agus ainneoin gur cláraíodh sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach i leith táirge áirithe, féadfar trádmharc don táirge sin a úsáid agus a athnuachan fós, fiú má tá aon úsáid a bhainfí as contrártha d'Airteagal 13, ar trádmharc é ar cuireadh iarratas isteach air, a cláraíodh nó a bunaíodh trí úsáid, má dhéantar foráil maidir leis an deis sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, roimh an dáta a gcuirtear isteach an t-iarratas ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún, ar choinníoll nach bhfuil foras ar bith lena neamhbhailiú nó lena chúlghairm faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail[38] ná faoi Threoir 2008/95/CE. I gcásanna den sórt sin, féadfar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint a úsáid chomh maith leis na trádmharcanna ábhartha.

    3. Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 ainneoin fhorálacha Threoir 2008/95/CE.

    Airteagal 15 Maoluithe sealadacha maidir le sonrúcháin tionscaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint a úsáid

    1. Gan dochar d'Airteagal 14, féadfar an t-ainm faoi chosaint a úsáid fós go ceann idirthréimhse cúig bliana ar a mhéid, i gcás táirgí de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír seachas Ballstát nó tír an iarratasóra a bhfuil ainm atá contrártha d'Airteagal 13(1) cuimsithe sa sonrúchán i leith na dtáirgí sin, más rud é go dtugtar an méid seo a leanas le fios i ráiteas cur i gcoinne atá inghlactha faoi Airteagal 48:

    (a) chuirfeadh clárú an ainm ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt i gcontúirt, nó;

    (b) rinneadh táirgí den sórt sin a mhargú go dleathach faoin ainm sin ar an gcríoch lena mbaineann ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilseacháin dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d'Airteagal 47(2).

    2. Gan dochar d'Airteagal 14, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh 15 bhliain a chur leis an idirthréimhse a luaitear i mír 1 i gcásanna a bhfuil call cuí leo más léir nárbh ionann an cuspóir a bhí le húsáid an tsonrúcháin nach bhfuil ag teacht leis an tsonraíocht, tráth ar bith, agus tairbhe a bhaint as clú an ainm chláraithe agus más léir nár cuireadh an tomhaltóir amú nó nárbh fhéidir é a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

    3. Nuair a bheidh sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 in úsáid, tabharfar tásc ar an tír thionscnaimh le fios go soiléir sofheicthe ar an lipéad.

    4. I gcásanna sonracha, ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus go mbeidh sé ina chuspóir fadtéarmach go mbeidh na táirgeoirí uile ag cloí leis an tsonraíocht, féadfaidh an Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana a bhronnadh, le héifeacht ón dáta a taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún, ar an gcoinníoll go bhfuil na táirgí i dtrácht margaithe go dleathach ag na táirgeoirí lena mbaineann, ag úsáid na n-ainmneacha lena mbaineann go leanúnach le cúig bliana anuas ar a laghad sular taisceadh an t-iarratas leis an gCoimisiún.

    Beidh feidhm mutatis mutandis leis an gcéad fhomhír maidir le tásc geografach faoi chosaint nó sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ina dtagraítear do limistéar geografach atá suite i dtríú tír.

    Tabharfar idirthéimhsí den sórt sin le fios sa saincomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

    Airteagal 16 Forálacha idirthréimhseacha

    1. Déanfar na hainmneacha a chláraítear sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 7(6) de Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 a chlárú go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7. Leanfaidh aon fhorálacha idirthréimhseacha sonracha a bhaineann le cláruithe den sórt sin d'fheidhm a bheith acu.

    2. D'fhonn cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí nó na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann a chosaint, féadfaidh an Coimisiún rialacha idirthréimhseacha breise a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

    3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d'aon cheart cómhaireachtála idir sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha ar an taobh amháin, agus trádmharcanna ar an taobh eile, a bhí infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

    Teideal III

    SAINEARRAÍ TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

    Airteagal 17 Cuspóir

    Bunaítear scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht d'fhonn cuidiú le táirgeoirí táirgí traidisiúnta airíonna breisluacha na dtáirgí a mhargú agus a thabhairt le fios do na tomhaltóirí.

    Airteagal 18 Critéir

    1. Cáileofar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht i gcás ina ndéanann sé cur síos ar tháirge próiseáilte sonrach:

    (a) a thig as modh táirgthe agus comhdhéanta a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin, agus

    (b) a tháirgtear ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

    2. Chun go bhféadfar ainm a chlárú:

    (a) beidh sé in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach; nó

    (b) sainaithneoidh sé foirm thraidisiúnta an táirge.

    3. Ní fhéadfar ainm a chlárú más rud é nach dtagraíonn sé ach do mhaímh de chineál ginearálta amháin atá in úsáid do shraith táirgí, nó dóibh siúd dá bhforáiltear le reachtaíocht áirithe de chuid an Aontais.

    4. D'fhonn feidhmiú rianúil na scéime a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na critéir cháilitheachta a theastaíonn a shainiú tuilleadh.

    Airteagal 19 Sonraíocht táirge

    1. Le bheith cáilithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht cloífidh an táirge le sonraíocht ina mbeidh an méid seo a leanas:

    (a) an t-ainm a mholtar a chlárú, sna leaganacha teanga iomchuí;

    (b) tuairisc ar an táirge lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha, agus tabharfar sainiúlacht an táirge le fios;

    (c) tuairisc ar an modh táirgthe atá ar na táirgeoirí a úsáid, lena n-áirítear cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar arna n-úsáid, agus modh ullmhúcháin an táirge; agus

    (d) na príomheilimintí a bhaineann le nádúr traidisiúnta an táirge.

    2. D'fhonn a áirithiú go dtugtar faisnéis ábhartha agus achomair i sonraíochtaí táirge, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le sonraíocht táirge a ullmhú.

    Airteagal 20 Inneachar an iarratais ar chlárú

    1. Tabharfar na sonraí seo a leanas le fios in iarratas ar ainm a chlárú mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 46(2) nó Airteagal 46(5):

    (a) ainm agus seoladh an ghrúpa iarratasóirí;

    (b) an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 19.

    2. Beidh na sonraí seo a leanas sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 46(4):

    (a) na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus

    (b) dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim go gcomhlíonann an t-iarratas arna thaisceadh ag an ngrúpa agus arna cháiliú do chinneadh fabhrach coinníollacha an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun.

    Airteagal 21 Forais mar bhonn le cur i gcoinne

    1. Ní bheidh an ráiteas cur i gcoinne dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 48(1) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama agus:

    (a) má thugtar cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an bhfáth nach dtagann an clárú a mholtar le téarmaí an Rialacháin seo, nó

    (b) má thugtar mionsonraí go bhféadfadh an clárú a mholtar úsáid a baineadh as ainm roimhe sin a chur i gcontúirt.

    2. Déanfar na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a mheas maidir le críoch an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 22 Clár de na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, clár de shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht atá sainaitheanta faoin scéim seo a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta agus a chur ar fáil don phobal.

    2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, leagan amach agus inneachar an chláir a leagan síos.

    Airteagal 23 Ainmneacha, siombail agus tásc

    1. Féadfaidh aon oibreoir atá ag déanamh margú ar tháirge i gcomhréir leis an tsonraíocht chomhfhreagrach ainm atá cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a úsáid.

    2. Bunófar siombail de chuid an Aontais chun an scéim um shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a phoibliú.

    3. I gcás na dtáirgí ar de thionscnamh an Aontais iad a mhargaítear mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh an tsiombail dá dtagraítear i mír 2 le feiceáil ar an lipéad, gan dochar do mhír 4.

    Beidh sé roghnach an tsiombail a chur ar lipéid sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a tháirgtear lasmuigh den Aontas.

    Féadfar an tsiombail dá dtagraítear i mír 2 a fhorlíonadh nó an tásc ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’ a chur ina hionad.

    4. Lena áirithiú go dtabharfar an fhaisnéis iomchuí don tomhaltóir, sainmhíneoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, saintréithe teicniúla shiombail an Aontais mar aon leis na rialacha a bhaineann le táirgí a bhfuil ainm sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht orthu a lipéadú, lena n-áirítear rialacha a bhaineann leis na leaganacha teanga iomchuí a bheidh le húsáid.

    Airteagal 24 Srian ar ainmneacha cláraithe a úsáid

    1. Déanfar ainmneacha cláraithe a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, nó ar aon chleachtas eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú.

    2. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthóidh tuairiscí díolacháin a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta mearbhall ó thaobh ainmneacha cláraithe de.

    3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chosaint.

    Airteagal 25 Forálacha idirthréimhseacha

    1. Déanfar ainmneacha a chláraítear i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 lena ndéantar cur síos ar tháirgí a chuimsítear faoi raon feidhme an Teidil seo, a iontráil go huathoibríoch sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo. Measfar gurb iad na sonraíochtaí comhfhreagracha na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19. Leanfaidh aon fhorálacha idirthréimhseacha sonracha a bhaineann le cláruithe den sórt sin d'fheidhm a bheith acu. Féadfar, go dtí an 31 Nollaig 2017, ainmneacha den sórt sin a dhéanann cur síos ar tháirgí nach gcuimsítear faoi raon feidhme an Teidil seo a úsáid fós faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006.

    2. Féadfar, go dtí an 31 Nollaig 2017, ainmneacha a chláraítear i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1), agus in Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, lena n-áirítear ainmneacha a chláraítear de bhun iarratas dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 55(1) den Rialachán seo, a úsáid fós faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006.

    3. D'fhonn cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí nó na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann a chosaint, féadfaidh an Coimisiún rialacha idirthréimhseacha breise a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

    Teideal IV

    TÉARMAÍ ROGHNACHA CÁILÍOCHTA

    Airteagal 26 Cuspóir

    Bunaítear scéim um théarmaí roghnacha cáilíochta le go n-éascófar do tháirgeoirí táirge talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó airíonna breisluacha ag baint leis na saintréithe nó airíonna sin a thabhairt le fios laistigh den mhargadh inmheánach, agus go háirithe tacú le caighdeáin shonracha mhargaíochta agus na caighdeáin sin a chomhlánú.

    Airteagal 27 Téarmaí roghnacha cáilíochta atá ann cheana

    1. Tá na téarmaí roghnacha cáilíochta atá cumhdaithe faoin scéim seo tráth don Rialachán seo teacht i bhfeidhm liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo mar aon leis na gníomhartha lena leagtar síos na téarmaí i dtrácht agus coinníollacha úsáide na dtéarmaí sin.

    2. Fanfaidh na téarmaí roghnacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go dtí tráth a leasófar nó a gcealófar iad de bhun Airteagal 28.

    Airteagal 28 Forchoimeád, leasú agus cealú

    D'fhonn aird a thabhairt ar ionchais na dtomhaltóirí, ar fhorbairtí in eolas eolaíoch agus teicniúil, ar riocht an mhargaidh, agus ar fhorbairtí i gcaighdeáin mhargaíochta agus i gcaighdeáin idirnáisiúnta, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmlighte:

    (a) téarma roghnach cáilíochta breise a fhorchoimeád, lena leagtar síos a choinníollacha úsáide,

    (b) coinníollacha úsáide téarma roghnaigh cháilíochta a leasú, nó

    (c) téarma roghnach cáilíochta a chealú.

    Airteagal 29 Téarmaí roghnacha cáilíochta breise

    1. Comhlíonfaidh téarmaí roghnacha cáilíochta breise na critéir seo a leanas:

    (a) bainfidh an téarma le saintréith táirge, nó le hairí feirmeoireachta nó próiseála,

    (b) má úsáidtear an téarma cuirfear luach leis an táirge i gcomparáid le táirge de chineál cosúil, agus

    (c) beidh an táirge curtha ar an margadh agus an tsaintréith nó an t-airí dá dtagraítear i bpointe (a) sainaitheanta do thomhaltóirí i roinnt Ballstát.

    Cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeán idirnáisiúnta atá ábhartha san áireamh.

    2. Ní dhéanfar téarmaí roghnacha a thugann tuairisc ar cháilíochtaí táirgí teicniúla ar mhaithe le caighdeáin mhargaíochta éigeantacha a chur chun feidhme agus nach bhfuil beartaithe leo tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi cháilíochtaí na dtáirgí sin a fhorchoimeád faoin scéim seo.

    3. D'fhonn sainiúlachtaí earnálacha áirithe agus ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na critéir dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 30 Srianta ar úsáid

    1. Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.

    2. Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí lena áirithiú nach gcruthóidh lipéadú an táirge mearbhall maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta.

    3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le téarmaí roghnacha cáilíochta a úsáid.

    Airteagal 31 Faireachán

    Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Teidil seo agus, i gcás sáruithe, cuirfidh siad na pionóis riaracháin iomchuí i bhfeidhm.

    Teideal V

    FORÁLACHA COITEANNA Caibidil I Rialuithe oifigiúla ar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ar thásca geografacha faoi chosaint agus ar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    Airteagal 32 Raon feidhme

    Tá feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus Teideal III.

    Airteagal 33 Údarás inniúil a ainmniú

    1. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a mbeidh freagracht orthu as na rialuithe oifigiúla a chuirfear i gcrích lena fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear leis an Rialachán seo.

    Beidh feidhm mutatis mutandis maidir leis na rialuithe oifigiúla a chuirfear i gcrích lena fhíorú go gcomhlíontar an ceanglas dlíthiúil a bhaineann leis na scéimeanna cáilíochta i gcás na dtáirgí uile a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ag nósanna imeachta agus ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

    2. Cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 ráthaíochtaí leordhóthanacha oibiachtúlachta agus neamhchlaontachta ar fáil, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú ar fáil dóibh.

    3. Cumhdófar an méid seo a leanas leis na rialuithe oifigiúla:

    (a) comhréireacht an táirge leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a fhíorú, agus

    (b) faireachas ar úsáid na n-ainmneacha cláraithe chun tuairisc a dhéanamh ar tháirge a chuirtear ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagal 13 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal II agus i gcomhréir le hAirteagal 24 i gcás ainmneacha a chláraítear faoi Theideal III.

    Airteagal 34 Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

    1. Maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bhaineann le táirge de thionscnamh an Aontais, déanfar fíorú chomhlíonadh na sonraíochta táirge, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, a áirithiú mar a leanas:

    (a) trí údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo agus/nó

    (b) trí chomhlacht rialaithe amháin nó níos mó de réir bhrí phointe (5) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh ag feidhmiú mar chomhlacht deimhnithe táirgí.

    Féadfaidh na hoibreoirí a bheidh faoi réir na rialuithe sin íoc as na costais a bhaineann le fíorú den sórt sin ar chomhlíonadh sonraíochtaí.

    2. Maidir le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a bhaineann le táirge de thionscnamh tríú tír, déanfar fíorú chomhlíonadh na sonraíochtaí, sula gcuirtear an táirge ar an margadh, a áirithiú mar a leanas:

    (a) trí údarás poiblí amháin nó níos mó a ainmneoidh an tríú tír, agus/nó

    (b) trí chomhlacht deimhnithe táirgí amháin nó níos mó.

    3. Poibleoidh na Ballstáit ainm agus seoladh na n-údarás agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad go tráthrialta.

    Poibleoidh an Coimisiún ainm agus seoladh na n-údarás agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad go tráthrialta.

    4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, meáin a shainiú trína bpoibleofar ainm agus seoladh na gcomhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

    Airteagal 35 Faireachas ar úsáid an ainm sa mhargadh

    Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 33 in iúl don Choimisiún. Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás sin.

    Airteagal 36 Tarmligean chuig comhlachtaí rialaithe

    1. Féadfaidh na húdaráis inniúla cúraimí sonracha a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar na scéimeanna cáilíochta a tharmligean chuig comhlacht rialaithe amháin nó níos mó i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

    2. Beidh comhlachtaí rialaithe den sórt sin creidiúnaithe i gcomhréir le caighdeán Eorpach EN 45011 nó ISO/IEC Treoir 65 (Ceanglais ghinearálta do chomhlachtaí a fheidhmíonn córais deimhnithe táirgí).

    3. Is iad na comhlachtaí seo a leanas amháin ar féidir leo an creidiúnú dá dtagraítear i mír 2 a fheidhmiú:

    (a) comhlacht náisiúnta creidiúnaithe san Aontas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó

    (b) comhlacht creidiúnaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil socrú aitheantais iltaobhach sínithe aige faoi choimirce an Fhóraim Idirnáisiúnta Creidiúnúcháin.

    Airteagal 37 Gníomhaíochtaí rialaithe a phleanáil agus a thuairisciú

    1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialú oibleagáidí faoin gCaibidil seo ar áireamh go sonrach i roinn ar leith de na pleananna náisiúnta rialaithe ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagail 41, 42 agus 43 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

    2. Áireofar roinn ar leith ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar síos in Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 sna tuarascálacha bliantúla a bhaineann le rialú oibleagáidí a bhunaítear leis an Rialachán seo.

    Caibidil IIForchoimeádais i gcás úsáidí áirithe roimhe seo

    Airteagal 38 Téarmaí cineálacha

    1. Gan dochar d'Airteagal 13, ní dhéanfaidh an Rialachán seo aon difear d'úsáid na dtéarmaí sin atá cineálach san Aontas, fiú más cuid d'ainm atá faoi chosaint faoi scéim cáilíochta é an téarma cineálach.

    3. Le cruthú go bhfuil ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil ní mór na tosca bainteacha go léir a chur san áireamh, go háirithe:

    (a) an staid mar atá sé sna Ballstáit agus i limistéir tomhaltais;

    (b) na gníomhartha dlí náisiúnta nó Aontais ábhartha.

    4. D'fhonn cearta páirtithe leasmhara a chosaint go hiomlán, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha breise a leagan síos maidir le stádas cineálach ainmneacha nó téarmaí dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh.

    Airteagal 39 Cineálacha plandaí agus pórtha ainmhithe

    1. I gcás ina bhfuil ainm cineáil phlanda nó póir ainmhí ar áireamh in ainm nó i dtéarma atá faoi chosaint nó forchoimeádta faoi scéim cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, Teideal III, nó Teideal IV, ní choiscfidh an Rialachán seo táirge a bhfuil ainm sin an chineáil phlanda nó an phóir ainmhí ar áireamh ar a lipéad a chur ar an margadh, ar choinníoll:

    (a) go bhfuil an cineál nó an pór a thugtar le fios cuimsithe sa táirge sin nó gur díorthaíodh é aisti nó as,

    (b) nach gcuirtear tomhaltóirí amú,

    (c) go n-áirithítear iomaíocht chóir trí ainm an chineáil nó an phóir a úsáid,

    (d) nach dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an téarma atá faoi chosaint, agus

    (e) i gcás na scéime cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal II, gur imigh táirgeadh agus margú táirge den chineál nó den phór faoin ainm i dtrácht ón limistéar tionscnaimh roimh dháta an iarratais ar chlárú an táisc gheografaigh.

    2. D'fhonn tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar raon na gceart agus na saoirsí atá ag oibreoirí gnóthaí bia ainm cineáil phlanda nó ainm póir ainmhí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos chun úsáid ainmneacha den sórt sin a chinneadh.

    Airteagal 40 Gaol le maoin intleachtúil

    Beidh feidhm ag na scéimeanna cáilíochta a thuairiscítear i dTeideal III agus Teideal IV gan dochar do rialacha an Aontais nó do rialacha na mBallstát lena rialaítear maoin intleachtúil agus go háirithe na rialacha sin a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha agus trádmharcanna.

    Caibidil IIITásca agus siombailí na scéimeanna cáilíochta agus ról na dtáirgeoirí

    Airteagal 41 Tásca agus siombailí a chosaint

    1. Ní fhéadfar tásca, giorrúcháin agus siombailí a thagraíonn do scéimeanna cáilíochta a úsáid ach amháin chun táirgí a tháirgtear i gcomhréir le rialacha na scéime cáilíochta a bhfuil feidhm acu maidir léi a lipéadú. Baineann an riail sin go háirithe leis na tásca, na giorrúcháin agus na siombailí seo a leanas:

    (a) ‘sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint’, ‘tásc geografach faoi chosaint’, ‘tásc geografach’, ‘STFC’, ‘TGFC’, agus na siombailí a bhaineann leo, mar a fhoráiltear dóibh i dTeideal II;

    (b) ‘sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht’, ‘STR’; agus an tsiombail a bhaineann leis, mar a fhoráiltear di i dTeideal III.

    2. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005, féadfaidh an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFD) maoiniú a thabhairt ar bhonn láraithe, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó thar a cheann, do thacaíocht riaracháin maidir le forbairt, réamhobair, faireachán, tacaíocht riaracháin agus dhlíthiúil, cosaint dlí, táillí clárúcháin, táillí athnuachana, táillí faireacháin ar chlárú marcanna, táillí dlíthíochta agus aon bheart gaolmhar eile is gá chun úsáid na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí dá dtagraítear sna scéimeanna cáilíochta a chosaint ar aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, nó ar aon chleachtas eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú, laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha.

    3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh maidir le cosaint aonfhoirmeach na dtásc, na ngiorrúchán agus na siombailí dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 42 Ról na ngrúpaí

    Gan dochar d'fhorálacha sonracha maidir le heagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, féadfaidh grúpa:

    (a) rannchuidiú a thabhairt lena áirithiú go mbeidh cáilíocht a dtáirgí ráthaithe ar an margadh trí fhaireachán a dhéanamh ar úsáid an ainm le linn trádála agus, más gá, údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 33 a chur ar an eolas faoi chuimsiú Airteagal 13(3);

    (b) gníomhaíochtaí faisnéise agus tionscnaimh a fhorbairt a bheidh dírithe ar airíonna breisluacha an táirge a chur in iúl do thomhaltóirí;

    (c) gníomhaíochtaí gaolmhara a fhorbairt lena áirithiú go gcomhlíonann táirge an tsonraíocht a ghabhann leis;

    (d) beart a dhéanamh chun feidhmíocht na scéime a fheabhsú, lena n-áirítear saineolas eacnamaíoch a fhorbairt, anailísí eacnamaíocha a dhéanamh, faisnéis eacnamaíoch faoin scéim a scaipeadh agus comhairle a chur ar fáil do tháirgeoirí.

    Airteagal 43 Ceart chun na scéimeanna a úsáid

    1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon oibreoir a chomhlíonann rialacha Theideal II agus Theideal III cáilithe le bheith cumhdaithe faoi chóras rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 34.

    2. Beidh oibreoirí atá ag ullmhú agus ag stóráil sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint nó a chuirfidh sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint ar an margadh faoi réir an chórais rialaithe dá dtagraítear i gCaibidil I den Teideal seo.

    3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag oibreoirí atá toilteanach cloí le rialacha scéime cáilíochta a leagtar amach i dTeideal III agus Teideal IV an méid sin a dhéanamh gan bacainní ar rannpháirteachas a bheadh idirdhealaitheach nó nach mbeadh bunús oibiachtúil leo.

    Airteagal 44 Táillí

    Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus go háirithe d'fhorálacha Chaibidil VI de Theideal II de, féadfaidh Ballstáit táille a ghearradh leis na costais a bhaineann le bainistiú na scéimeanna cáilíochta a chúiteamh, lena n-áirítear na costais sin a tabhaíodh le linn iarratais, ráitis cur i gcoinne, iarratais ar leasuithe agus iarrataí ar chealú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a phróiseáil.

    Caibidil IV

    Próiseas iarratais agus próiseas cláraithe maidir le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    Airteagal 45 Raon na bpróiseas iarratais

    Tá feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na scéimeanna cáilíochta a leagtar amach i dTeideal II agus Teideal III.

    Airteagal 46 Iarratas ar chlárú ainmneacha

    1. Is grúpaí amháin ar féidir leo iarratas a dhéanamh ar ainmneacha a chlárú faoi na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 45.

    Faoi dhálaí eisceachtúla, is féidir déileáil le duine nádúrtha nó dlítheanach mar ghrúpa.

    D'fhonn aon cheanglais neamhréireacha a bheadh ann a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún na dálaí eisceachtúla dá dtagraítear sa dara fomhír a shainiú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

    2. I gcás ina mbaineann an t-iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II le limistéar geografach i mBallstát, nó i gcás ina n-ullmhaíonn grúpa atá bunaithe i mBallstát iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit sin.

    Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú ar an iarratas sa mhodh iomchuí lena áirithiú go bhfuil call cuí leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi.

    3. Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear sa dara fomhír, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta cur i gcoinne lena n-áiritheofar poibliú leormhaith an iarratais agus lena ndéanfar a fhoráil go bhfuil tréimhse réasúnach ann faoina bhféadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá bunaithe nó ina chónaí ar a chríoch ráiteas a thaisceadh lena gcuirtear i gcoinne an iarratais.

    4. Más rud é, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar aon chur i gcoinne a fhaightear, go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus sainchomhad iarratais a thaisceadh leis an gCoimisiún.

    Áiritheoidh an Ballstát go bpoibleofar a chinneadh fabhrach agus go mbeidh slí achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.

    5. I gcás ina mbaineann iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II le limistéar geografach i dtríú tír, nó i gcás ina n-ullmhaíonn grúpa atá bunaithe i dtríú tír iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, déanfar an t-iarratas a thaisceadh díreach leis an gCoimisiún nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

    6. Beidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo agus a chuirfear chuig an gCoimisiún i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

    7. D'fhonn an próiseas iarratais a éascú agus foirm agus inneachar na n-iarratas, lena n-áirítear iarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin, a shoiléiriú níos fearr féadfaidh an Coimisiún na rialacha is gá a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

    Airteagal 47 Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh cur i gcoinne

    1. Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú sa mhodh iomchuí ar aon iarratas a fhaightear de bhun Airteagal 46 lena áirithiú go bhfuil call cuí leis agus go gcomhlíonann sé coinníollacha na scéime a mbaineann sé léi. Ní mhairfidh an grinnscrúdú sin níos faide ná sé mhí.

    Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, liosta na n-ainmneacha ar cuireadh iarratais ar chlárú faoina bhráid ina leith agus na dátaí ar cuireadh chuig an gCoimisiún iad a phoibliú.

    2. Más rud é, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1, go measann an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, an méid seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

    (a) i gcás iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal II, an doiciméad aonair agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge;

    (b) i gcás iarratas faoin scéim a leagtar amach i dTeideal III, an tsonraíocht.

    Airteagal 48 Nós imeachta cur i gcoinne

    1. Faoi cheann dhá mhí ón méid sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh , féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe i dtríú tír ráiteas cur i gcoinne a thaisceadh leis an gCoimisiún.

    Féadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó cónaitheach i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar tíolacadh an t-iarratas, ráiteas cur i gcoinne a thaisceadh leis an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe laistigh de theorainn ama lena gceadaítear cur ina choinne i gcomhréir le mír 1.

    2. Déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht na ráiteas cur i gcoinne a sheiceáil.

    3. I gcás ina bhfuil ráiteas cur i gcoinne inghlactha, tabharfaidh an Coimisiún cuireadh don údarás nó don duine a thaisc an cur i gcoinne agus don údarás nó don chomhlacht a thaisc an t-iarratas dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse réasúnaí nach faide ná trí mhí.

    4. Más rud é, tar éis an chomhairliúcháin iomchuí dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil na mionsonraí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 47(2) leasaithe go suntasach, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 47(1) an athuair.

    5. Beidh an ráiteas cur i gcoinne agus na doiciméid ghaolmhara a chuirtear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1 go mír 4 i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

    6. Ar mhaithe le nósanna imeachta soiléire agus spriocanna a bhunú don chur i gcoinne, déanfaidh an Coimisiún rialacha maidir leis an bpróiseas cur i gcoinne a leagan síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

    Airteagal 49 Cinneadh faoi chlárú

    1. Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, tar éis an ghrinnscrúdaithe a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagal 47(1), go measann an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha clárúcháin, cinnfidh sé diúltú don iarratas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54.

    2. Mura bhfaigheann an Coimisiún aon chur i gcoinne atá inghlactha faoi Airteagal 48, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54.

    3. Tar éis an chomhairliúcháin iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 48(3), agus torthaí an chomhairliúcháin sin a bheith curtha san áireamh, más rud é go bhfaigheann an Coimisiún cur i gcoinne atá inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

    (a) i gcás inar thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 47(2) ar choinníoll nach leasuithe suntasacha iad leasuithe den sórt sin nó,

    (b) i gcás nár thángthas ar chomhaontú fós, cinneadh a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

    4. Déanfar gníomhartha cláraithe agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Airteagal 50 Leasú ar shonraíocht táirge

    1. Féadfaidh grúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

    Tabharfar tuairisc ar na leasuithe sin agus na cúiseanna leo le fios san iarratas.

    2. I gcás ina mbaineann an leasú le leasú amháin nó níos mó ar an tsonraíocht nach mionleasuithe iad, leanfaidh an t-iarratas ar leasú an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 46, 47, 48 agus 49.

    Mar sin féin, más mionleasuithe iad na leasuithe atá beartaithe, féadfaidh an Coimisiún an t-iarratas a fhormheas nó diúltú dó trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan cúnamh an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 54. I gcás formheasa, déanfaidh sé na heilimintí sin dá dtagraítear in Airteagal 46(2) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Ní fhéadfar a mheas gur mionleasú atá i leasú má bhaineann sé le hathrú ar an ainm cláraithe nó má chuireann sé leis na srianta ar fheidhmiú an mhargaidh aonair.

    3. Chun próiseas riaracháin a bhaineann le hiarratas ar leasú a éascú, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, sainmhíniú agus raon feidhme mionleasuithe, mar aon le leagan amach agus inneachar an iarratais ar leasú a leagan síos.

    Airteagal 51 Cealú

    1. Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, an clárú maidir le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint nó sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht a chealú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sna cásanna seo a leanas:

    (a) mura n-áirithítear go bhfuil coinníollacha na sonraíochta á gcomhlíonadh,

    (b) murar cuireadh táirge ar an margadh le cúig bliana anuas ar a laghad faoin sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht, faoin sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó faoin tásc geografach faoi chosaint.

    Ar iarratas ó tháirgeoirí an táirge atá á mhargadh faoin ainm cláraithe, féadfaidh an Coimisiún an clárú a fhreagraíonn don táirge sin a chealú.

    2. D'fhonn nósanna imeachta soiléire a shainiú agus lena áirithiú go bhfuil an deis ag na páirtithe uile a gcearta agus a leasanna dlisteanacha a chosaint, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir leis an bpróiseas cealaithe.

    Teideal VI

    NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Caibidil I Rialacha nós imeachta

    Airteagal 52 Cumhachtaí an Choimisiúin

    I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, gníomhóidh sé, i gcás gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 53 agus, i gcás gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 54, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt go sainráite sa Rialachán seo.

    Airteagal 53 Gníomhartha tarmligthe

    1. Is ar feadh tréimhse neamhchinntithe a thabharfar na cumhachtaí don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo a ghlacadh.

    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

    2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 a chúlghairm tráth ar bith.

    Déanfaidh an institiúid a bhfuil tús curtha aici le nós imeachta inmheánach d'fhonn a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean na gcumhachtaí an reachtóir eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas mí amháin ar a laghad roimh an gcinneadh críochnaitheach a dhéanamh, agus luafaidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a bheadh leis an gcúlghairm sin.

    Má dhéantar cinneadh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh ar an toirt nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

    3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí ón bhfógra a fháil ina leith. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin.

    Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta arna shonrú inti.

    Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

    Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh tarmligthe sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh agóid i gcoinne gnímh tharmligthe na cúiseanna atá aici an agóid sin a dhéanamh.

    Airteagal 54 Gníomhartha cur chun feidhme

    [I gcás ina nglactar gníomhartha cur chun feidhme de bhun an Rialacháin seo, beidh cúnamh ag an gCoimisiún ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta agus beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal [5] de Rialachán (CE) Uimh. [xxxx/yyyy] (le comhlánú tar éis an rialachán um shásraí maidir le rialú, dá dtagraítear in Airteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, atá ina ábhar caibidlíochta i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle faoi láthair, a ghlacadh) .]

    Caibidil IIAisghairm agus rialacha críochnaitheacha

    Airteagal 55 Aisghairm

    1. Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

    Beidh feidhm fós le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, áfach, maidir le hiarratais a bhaineann le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme Theideal III, agus a fuair an Coimisiún tráth sular tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm.

    2. Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 56 Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

    An tUachtarán An tUachtarán […] […]

    IARSCRÍBHINN I

    Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)

    I. SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH AGUS TÁSCA GEOGRAFACHA

    - beoir,

    - seacláid agus táirgí díorthaithe,

    - arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,

    - deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

    - pasta,

    - salann,

    - gumaí agus roisíní nádúrtha,

    - leafaos mustaird,

    - féar tirim,

    - blátholaí,

    - corc,

    - carnaid,

    - bláthanna agus plandaí ornáideacha,

    - cadás,

    - olann,

    - caolach,

    - líon scobailte.

    II. Sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

    - béilí réamhullmhaithe,

    - beoir,

    - seacláid agus táirgí díorthaithe,

    - arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,

    - deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

    - pasta.

    IARSCRÍBHINN II

    Téarmaí roghnacha cáilíochta

    Catagóir táirge (tagairt don Ainmníocht Chomhcheangailte) | Téarma roghnach cáilíochta | Gníomh ina sainítear an téarma agus na coinníollacha úsáide |

    feoil éanlaithe (AC 0207, AC 0210) | a beathaíodh le | Rialachán (CE) Uimh. 543/2008, Airteagal 11 |

    saothrú fairsing faoi dhíon |

    saor-raon |

    saor-raon traidisiúnta |

    saor-raon - saoirse iomlán |

    aois mharaithe |

    tréimhse ramhraithe |

    uibheacha (AC 0407) | úr | Rialachán (CE) Uimh. 589/2008, Airteagal 12 |

    rí-úr | Rialachán (CE) Uimh. 589/2008, Airteagal 14 |

    tásc faoi bheathú na mbéaróg | Rialachán (CE) Uimh. 589/2008, Airteagal 15 |

    mil (AC 0409) | de bhunadh bláthach nó plandúil | Airteagal 2 de Threoir 2001/110/CE |

    de thionscnamh réigiúnach |

    de thionscnamh críochach |

    de thionscnamh topagrafach |

    sainchritéir cháilíochta |

    ola olóige (AC 1509) | céadfháscadh fuar | Rialachán (CE) Uimh. 1019/2002, Airteagal 5 |

    eastóscadh fuar |

    aigéadacht |

    géar |

    torthaíoch: aibí nó glas |

    searbh |

    tréan |

    measartha |

    éadrom |

    cothromaithe |

    séimh |

    bainne agus táirgí bainne (AC 04) | im traidisiúnta | Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, Airteagal 115 & Iarscríbhinn XV |

    saillte inleata (AC 0405 agus ex 2106, AC ex 1517, AC ex 1517 agus ex 2106) | méathraslaghdaithe |

    IARSCRÍBHINN III

    Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 55(3)

    RIALACHÁN (CE) UIMH. 509/2006

    Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 | An Rialachán seo |

    Airteagal 1(1) | Airteagal 2(1) |

    Airteagal 1(2) | Airteagal 2(3) |

    Airteagal 1(3) | Airteagal 2(4) |

    Airteagal 2(1), pointe (a) | Airteagal 3(6) |

    Airteagal 2(1), pointe (b) | Airteagal 3(4) |

    Airteagal 2(1), pointe (c) | - |

    Airteagal 2(1), pointe (d) | Airteagal 3(3) |

    Airteagal 2(2), an chéad fhomhír go dtí an tríú fomhír | - |

    Airteagal 2(2), an ceathrú fomhír | Airteagal 46(1) |

    Airteagal 3 | Airteagal 22(1), an chéad fhomhír |

    Airteagal 4(1), an chéad fhomhír | Airteagal 18(1) |

    Airteagal 4(2) | Airteagal 18(2) |

    Airteagal 4(3), an chéad fhomhír | - |

    Airteagal 4(3), an dara fomhír | Airteagal 18(3) |

    Airteagal 5(1) | Airteagal 40(1) |

    Airteagal 5(2) | Airteagal 39(1) agus Airteagal 40(2) |

    Airteagal 6(1) | Airteagal 19(1) |

    Airteagal 6(1), pointe (a) | Airteagal 19(2), pointe (a) |

    Airteagal 6(1), pointe (b) | Airteagal 19(2), pointe (b) |

    Airteagal 6(1), pointe (c) | Airteagal 19(2), pointe (c) |

    Airteagal 6(1), pointe (d) | - |

    Airteagal 6(1), pointe (e) | Airteagal 19(2), pointe (d) |

    Airteagal 6(1), pointe (f) | - |

    Airteagal 7(1) agus (2) | Airteagal 46(1) |

    Airteagal 7(3), pointe (a) agus pointe (b) | Airteagal 20(1), pointe (a) agus pointe (b) |

    Airteagal 7(3), pointe (c) | - |

    Airteagal 7(3), pointe (d) | - |

    Airteagal 7(4) | Airteagal 46(2) |

    Airteagal 7(5) | Airteagal 46(3) |

    Airteagal 7(6), pointe (a) go pointe (c) | Airteagal 46(4) |

    Airteagal 7(6), pointe (d) | Airteagal 20(2) |

    Airteagal 7(7) | Airteagal 46(5) |

    Airteagal 7(8) | Airteagal 46(6) |

    Airteagal 8(1) | Airteagal 47(1) |

    Airteagal 8(2), an chéad fhomhír | Airteagal 47(2), an dara fleasc |

    Airteagal 8(2), an dara fomhír | Airteagal 49(1) |

    Airteagal 9(1) agus (2) | Airteagal 48(1) |

    Airteagal 9(3) | Airteagal 21(1) agus (2) |

    Airteagal 9(4) | Airteagal 49(2) |

    Airteagal 9(5) | Airteagal 49(3) agus (4) |

    Airteagal 9(6) | Airteagal 48(5) |

    Airteagal 10 | Airteagal 51 |

    Airteagal 11 | Airteagal 50 |

    Airteagal 12 | Airteagal 23 |

    Airteagal 13(1) | - |

    Airteagal 13(2) | Airteagal 23(1) |

    Airteagal 13(3) | - |

    Airteagal 14(1) | Airteagal 33(1) |

    Airteagal 14(2) | Airteagal 43(1) |

    Airteagal 14(3) | Airteagal 34(3), an dara fomhír |

    Airteagal 15(1), an chéad fhleasc | Airteagal 33(3), pointe (a), agus Airteagal 34(1) |

    Airteagal 15(1), an dara fleasc | Airteagal 36(1) |

    Airteagal 15(2) | Airteagal 34(2) |

    Airteagal 15(3) | Airteagal 36(2) |

    Airteagal 15(4) | Airteagal 33(2) |

    Airteagal 16 | - |

    Airteagal 17(1) agus (2) | Airteagal 24(1) |

    Airteagal 17(3) | Airteagal 24(2) |

    Airteagal 18 | Airteagal 54 |

    Airteagal 19(1), pointe (a) | Airteagal 19(3) |

    Airteagal 19(1), pointe (b) | Airteagal 46(8) |

    Airteagal 19(1), pointe (c) | Airteagal 46(8) |

    Airteagal 19(1), pointe (d) | Airteagal 22(2) |

    Airteagal 19(1), pointe (e) Airteagal 19(1), pointe (f) | Airteagal 21(3) Airteagal 51(2) |

    Airteagal 19(1), pointe (g) | Airteagal 23(5) |

    Airteagal 19(1), pointe (h) | Airteagal 50(3) |

    Airteagal 19(1), pointe (i) | - |

    Airteagal 19(2) | Airteagal 25(1) |

    Airteagal 19(3), pointe (a) | - |

    Airteagal 19(3), pointe (b) | Airteagal 25(2) |

    Airteagal 20 | Airteagal 44 |

    Airteagal 21 | Airteagal 55 |

    Airteagal 22 | Airteagal 56 |

    Iarscríbhinn I | Iarscríbhinn I |

    RIALACHÁN (CE) UIMH. 510/2006

    Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 | An Rialachán seo |

    Airteagal 1(1) | Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2) |

    Airteagal 1(2) | Airteagal 2(3) |

    Airteagal 1(3) | Airteagal 2(4) |

    Airteagal 2 | Airteagal 5 |

    Airteagal 3(1), an chéad fhomhír | Airteagal 6(1) |

    Airteagal 3(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír | Airteagal 38(1), (2) agus (3) |

    Airteagal 3(2), (3) agus (4) | Airteagal 6(2), (3) agus (4) |

    Airteagal 4 | Airteagal 7 |

    Airteagal 5(1) | Airteagal 3(3) agus Airteagal 46(1) |

    Airteagal 5(2) | Airteagal 46(1) |

    Airteagal 5(3) | Airteagal 8(1) |

    Airteagal 5(4) | Airteagal 46(2) |

    Airteagal 5(5) | Airteagal 46(3) |

    Airteagal 5(6) | Airteagal 9 agus Airteagal 15(3) |

    Airteagal 5(7) | Airteagal 8(2) |

    Airteagal 5(8) | - |

    Airteagal 5(9) | Airteagal 8(1), an dara fomhír |

    Airteagal 5(10) | Airteagal 46(6) |

    Airteagal 6(1), an chéad fhomhír | Airteagal 47(1) |

    Airteagal 6(2), an chéad fhomhír | Airteagal 47(2), an chéad fhleasc |

    Airteagal 6(2), an dara fomhír | Airteagal 49(1) |

    Airteagal 7(1) | Airteagal 48(1), an chéad fhomhír |

    Airteagal 7(2) | Airteagal 48(1), an dara fomhír |

    Airteagal 7(3) | Airteagal 10 |

    Airteagal 7(4) | Airteagal 49(2) agus Airteagal 49(4) |

    Airteagal 7(5) | Airteagal 49(3) agus (4) agus Airteagal 48(4) |

    Airteagal 7(6) | Airteagal 11 |

    Airteagal 7(7) | Airteagal 48(5) |

    Airteagal 8 | Airteagal 12 |

    Airteagal 9 | Airteagal 50 |

    Airteagal 10(1) | Airteagal 33(1) |

    Airteagal 10(2) | Airteagal 43(1) |

    Airteagal 10(3) | Airteagal 34(3), an dara fomhír |

    Airteagal 11(1), an chéad fhleasc | Airteagal 33(3), pointe (a) agus Airteagal 34(1) |

    Airteagal 11(1), an dara fleasc | Airteagal 36(1) |

    Airteagal 11(2) | Airteagal 34(2) |

    Airteagal 11(3) | Airteagal 36(2) |

    Airteagal 11(4) | Airteagal 33(2) |

    Airteagal 12 | Airteagal 51 |

    Airteagal 13(1) | Airteagal 13(1) |

    Airteagal 13(2) | Airteagal 13(2) |

    Airteagal 13(3) | Airteagal 15(1) |

    Airteagal 13(4) | Airteagal 15(2) |

    Airteagal 14 | Airteagal 14 |

    Airteagal 15 | Airteagal 54 |

    Airteagal 16, pointe (a) | Airteagal 5(3) |

    Airteagal 16, pointe (b) | Airteagal 7(3) |

    Airteagal 16, pointe (c) | Airteagal 46(7) |

    Airteagal 16, pointe (d) | Airteagal 46(8) |

    Airteagal 16, pointe (e) | - |

    Airteagal 16, pointe (f) | Airteagal 48(6) |

    Airteagal 16, pointe (g) | Airteagal 12(5) |

    Airteagal 16, pointe (h) | Airteagal 50(3) |

    Airteagal 16, pointe (i) | Airteagal 11(4) |

    Airteagal 16, pointe (j) | - |

    Airteagal 16, pointe (k) | Airteagal 51(2) |

    Airteagal 17 | Airteagal 16 |

    Airteagal 18 | Airteagal 44 |

    Airteagal 19 | Airteagal 55 |

    Airteagal 20 | Airteagal 56 |

    Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II | Iarscríbhinn I |

    RÁITEAS AIRGEADAIS | CM/JGS/tm/10/717666 Rev1 6.0.2010.1 |

    DÁTA: 24/11/2010 |

    1. | CEANNTEIDEAL BUISÉID: 05 04 05 02 | LEITHREASAÍ: LO 22.5 mill. euro LÍ 9 mill. euro |

    2. | TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta táirgí talmhaíochta |

    3. | BUNÚS DLÍ: Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |

    4. | AIDHMEANNA: Beartas comhtháite cáilíochta do tháirgí talmhaíochta a chur ar bun a bheidh dírithe ar thacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí cáilíochtaí, saintréithe agus airíonna na dtáirgí talmhaíochta a chur in iúl do thomhaltóirí. |

    5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2010 (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2011 (EUR milliún) |

    5.0 | CAITEACHAS - ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN CE (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE | LO 0.150 LÍ 0.150 | - | - |

    5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ DÍLSE AN CE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA | - | - |

    2012 | 2013 | 2014 | 2015 |

    5.0.1 | CAITEACHAS MEASTA | LO 0.110 LÍ 0.110 | LO 0.150 LÍ 0.150 | LO 0.150 LÍ 0.150 | LO 0.150 LÍ 0.150 |

    5.1.1 | IONCAM MEASTA |

    5.2 | MODH RÍOMHA |

    6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ ARNA nIONTRÁIL ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

    6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CHAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

    6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | BEIDH NÍ BHEIDH |

    6.3 | AN GÁ LEITHREASAÍ A IONTRÁIL I mBUISÉID AMACH ANSEO? | IS GÁ NÍ GÁ |

    BARÚLACHA: Tá an chéad mheastachán ar na leithreasaí is gá do na bearta in Airteagal 46(3), go háirithe maidir le lógónna, tásca agus giorrúcháin a chlárú agus a chosaint i dtríú tíortha, cothrom le EUR 110 000 in 2010 agus EUR 150 000 gach bliain ó 2013 i leith. Tá an maoiniú a bhfuil foráil déanta dó in 2014 agus 2015 faoi réir infhaighteacht leithreasaí sna blianta sin. |

    [1] Aguisín a ghabhann leis na dréacht-mhiontuairiscí; 2720ú cruinniú de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Talmhaíocht agus Iascach), 20.3.2006 (7702/06 ADD1).

    [2] COIM (2008) 641, 15.10.2008

    [3] COIM (2009) 234, 28.5.2009

    [4] Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 93, 31.3.2006, lch.12) ag aisghairm agus ag ionadú Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92. Bunaíodh scéimeanna um thásca geografacha in earnáil an fhíona freisin, agus maidir le deochanna biotáilleacha agus fíonta cumhraithe.

    [5] Rialachán (CE) Uimh. 509/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair mar shainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (IO L 93 31.3.2009 lch.1)

    [6] COIM(2010) 672 leagan deireanach, 18.11.2010

    [7] COIM (2010) 2020, 3.3.2010

    [8] Ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2008

    [9] http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/09/st10/st10722.en09.pdf

    [10] http://www.europarl.europa.eu/sides/getDoc.do?type=TA&reference=P7-TA-2010-0088&language=EN&ring=A7-2010-0029

    [11] http://eescopinions.eesc.europa.eu/EESCopinionDocument.aspx?identifier=ces\nat\nat448\ces105-2010_ac.doc&language=EN

    [12] http://coropinions.cor.europa.eu/CORopinionDocument.aspx?identifier=cdr\deve-iv\dossiers\deve-iv-048\cdr315-2009_fin_ac.doc&language=EN

    [13] Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta (1958)

    [14] aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil nó cén comhdhéanamh atá aige, ina bhfuil a tháirgeoirí nó a phróiseálaithe ag obair ar an táirge céanna

    [15] IO L 299, 16.11.2007, lch. 45.

    [16] IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.

    [17] IO C , , lch. .

    [18] IO C , , lch. .

    [19] Teachtaireacht ón gCoimisiún 'EORAIP 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach', COIM(2010) 2020

    [20] IO L 149, 14.6.1991, lch. 1.

    [21] IO L 10, 12.1.2002, lch. 47.

    [22] IO L 42, 14.2.2006, lch. 1.

    [23] IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.

    [24] IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.

    [25] IO L 299, 16.11.2007, lch. 45.

    [26] IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

    [27] IO L 39, 13.2.2008, lch. 16.

    [28] IO L 109, 6.5.2000, lch. 29.

    [29] COIM(234)2009 leagan deireanach

    [30] IO L 208, 24.7.1992, lch. 1. Rialachán arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán (CE) Uimh. 510/2006.

    [31] IO L 299, 8.11.2008, lch. 25.

    [32] IO L 191, 28.5.2004, lch. 1.

    [33] IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.

    [34] IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

    [35] IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

    [36]

    [37] IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.

    [38] IO L 78, 24.3.2009, lch. 1.

    Top