EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009PC0315

Tuairim ón gCoimisiún de bhun phointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

/* COIM/2009/0315 leagan deireanach */

52009PC0315

Tuairim ón gCoimisiún de bhun phointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 /* COIM/2009/0315 leagan deireanach */


[pic] | COMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 22.6.2009

COIM(2009) 315 leagan deireanach2007/0195/COD

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

de bhun phointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

de bhun phointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE, i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005

1. CÚLRA

Nós Imeachta

An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2007) 528 - 2007/0195/COD): | 19.9.2007 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 22.4.08 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste na Réigiún: | 10.4.08 |

An dáta ar tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (an chéad léamh): | 9.7.2008 |

An dáta ar glacadh an comhsheasamh d'aon toil: | 9.1.2009 |

Dáta sheasamh Pharlaimint na hEorpa (an dara léamh): | 22.4.2009 |

2. Cuspóir an Togra ón g COIMISIÚN

Is cuid den tríú pacáiste reachtaíochta le haghaidh mhargadh inmheánach AE sa ghás agus sa leictreachas ("An Tríú Pacáiste") é an togra seo. Áirítear dhá Threoir agus trí Rialachán ann.

Is é is príomhchuspóir don phacáiste an creat rialúcháin is gá a bhunú chun lánéifeacht a thabhairt d'oscailt an mhargaidh agus chun margadh aonair AE sa ghás agus sa leictreachas a chruthú ar mhaithe le saoránaigh agus le lucht tionscail an Aontais Eorpaigh. Cuideoidh an méid seo le praghsanna a choimeád chomh híseal agus is féidir agus le caighdeáin seirbhíse agus cinnteacht soláthair a ardú.

Is trí na príomhbhearta seo a leanas a dhéanfar amhlaidh:

- maoirseacht níos éifeachtúla ar rialáil ag rialtóirí náisiúnta neamhspleácha;

- Gníomhaireacht a bhunú chun comhar éifeachtúil a áirithiú idir rialtóirí náisiúnta agus chun cinntí a dhéanamh faoi na saincheisteanna trasteorann go léir is ábhartha;

- comhar éigeantach idir na hoibreoirí líonraí chun na rialacha go léir a bhaineann le hiompar fuinnimh feadh na hEorpa a chomhchuibhiú agus chun pleanáil infheistíochta a chomhordú;

- díchuachadh éifeachtúil ar ghiniúint agus ar tharchur fuinnimh ionas go ndíchuirfear aon choinbhleacht leasa, go gcuirfear infheistíocht sna líonraí chun cinn agus go seachnófar aon iompraíocht idirdhealaitheach;

- méadú ar thrédhearcacht an mhargaidh mhiondíola agus feabhas ar a fheidhmiú;

- méadú ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit chun breis cinnteachta soláthair a áirithiú.

3. BARÚLACHA ÓN g COIMISIÚN

3.1 Ginearálta

Le linn an tSeisiúin Iomlánaigh an 22 Aibreán 2009, ghlac Parlaimint na hEorpa pacáiste comhréitigh a comhaontaíodh leis an gComhairle d’fhonn comhaontú dara léamh a aimsiú.

Baineann na leasuithe sin leis na nithe seo a leanas go bunúsach :

- ról na gníomhaireachta a neartú ar bhealach teoranta maidir le próiseas i ndáil le cóid agus treoirlínte a chruthú agus maidir le maoirseacht a dhéanamh ar obair Líonra Eorpach na nOibreoirí Tarchurtha le haghaidh Gáis (ENTSO-G).

- forálacha chun ról na gníomhaireachta a neartú maidir le próiseas i ndáil le plean forbartha líonra deich mbliana a bhunú, agus

- ról ENTSO-G maidir le tríú tíortha.

Glacann an Coimisiún leis an bpacáiste comhréitigh toisc go bhfuil sé i gcomhréir le cuspóir foriomlán agus le saintréithe ginearálta an togra.

3.2 Togra Leasaithe

De bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún an Togra a leasú mar atá leagtha amach thuas.

Top