Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0776

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal i ndáil le cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. - Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

    /* COIM/2007/0776 leagan deireanach - COD 2007/0272 */

    52007PC0776

    Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal i ndáil le cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. - Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COIM/2007/0776 leagan deireanach - COD 2007/0272 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil6.12.2007

    COIM(2007) 776 leagan deireanach

    2007/0272 (COD)

    Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal i ndáil le cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún.

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1 Athchóiriú ar na nósanna imeachta coiste

    Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[1] le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle an 17 Iúil 2006[2].

    Tugtar isteach le hAirteagal 5a den Chinneadh 1999/468/CE leasaithe nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta le raon feidhme ginearálta agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear cuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

    1.2. Comhfhogasú tosaíochta agus comhfhogasú ginearálta

    I nDearbhú Comhpháirteach[3], ghlac an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún liosta d'ionstraimí bunúsacha a raibh sé práinneach iad a oiriúnú don Chinneadh atá leasaithe d'fhonn an nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú a ionchorprú ann (comhfhogasú tosaíochta). Ionas go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir leis na hionstraimí eile arna nglacadh faoin gcomhchinnteoireacht a bhí tagtha chun feidhme cheana ag an am ar cuireadh Cinneadh 2006/512/CE i bhfeidhm, éilíonn an Dearbhú Comhpháirteach chomh maith oiriúnú na n-ionstraimí sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta infheidhme (comhfhogasú ginearálta).

    Tá an Coimisiún tiomanta d'iniúchadh a dhéanamh ar na hionstraimí sin go léir, chun na forálacha reachtacha atá le hoiriúnú, a chur faoi réir an nós imeachta rialúcháin nua lena ngabhann grinnscrúdú[4], más gá, roimh dheireadh na bliana 2007.

    1.3. An Modh a úsáideadh

    Mar a luadh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an (...), rinne an Coimisiún iniúchadh ar na hionstraimí go léir a glacadh faoin gcomhchinnteoireacht, chun go n-aithneofar na hionstraimí a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin bearta le raon feidhme ginearálta a ghlacadh a bhfuil sé d'aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha na hionstraime bunúsaí atá i gceist a leasú. Ar an gcuma sin d'aithin an Coimisiún níos mó ná 200 ionstraim ar gá iad a oiriúnú.

    I measc na n-ionstraimí sin tá ionstraimí áirithe i gClár Códaithe an Choimisiúin. Is amhlaidh atá i gcás Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gcóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal[5]. Ba chóir an t-oiriúnú don nós imeachta nua a chur i gcrích, ag brath ar an méid dul chun cinn atá déanta i bpróiseas an chódaithe, cibé de bharr athmhúnlú a dhéanamh ar an togra códaithe, nó le leasú reachtach mar a tharlaíonn sa chás i dtrácht.

    2. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    Is é is aidhm don oiriúnú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thionscnamh, de réir mar atá sé eagraithe ag Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá leasaithe.

    Sa chás seo, forálann Rialachán (CE) Uimh. 2223/96, go dtabharfar dse chumhacht don Choimisiún modheolaíocht chóras Eorpach na gcuntas 1995 a leasú agus an fhaisnéis (táblaí nua, tíortha agus/nó réigiúin lena mbaineann) a iarrtar ar na Ballstáit a oiriúnú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú a ceapadh iad nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a leagtar síos in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    Ar an ábhar gur rialachán an ionstraim bhunúsach ba chóir an t-oiriúnú a dhéanamh le doiciméad comhionann.

    2007/0272 (COD)

    Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 ón gComhairle maidir leis an gCóras Eorpach um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal i ndáil le cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún.

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[6],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[7],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Forálann Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 an 25 Meitheamh 1996 maidir leis an gCóras um chuntais náisiúnta agus réigiúnacha sa Chomhphobal[8] go nglacfar bearta áirithe i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeacha le haghaidh fheidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[9].

    (2) Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú maidir le bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunúsach a leasú, ar ionstraim í a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, lena n-áirítear trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur léi.

    (3) I gcomhréir leis an gcomhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[10] maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta nua seo infheidhme maidir le hionstraimí a ghlacfar de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana féin, ní mór na hionstraimí sin a choigeartú de réir na nósanna imeachta is infheidhme.

    (4) Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2223/96, ba chóir, go háirithe, cumhachtaí a bhronnadh ar an gCoimisiún chun leasuithe a ghlacadh ar mhodheolaíocht Chóras Eorpach na gcuntas 1995 agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na hathruithe ar shonraí a iarrtar ar na Ballstáit. Toisc gur bearta le raon feidhme ginearálta iad agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 a leasú, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (5) Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 2223/2002 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 mar a leanas:

    (1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(2):

    "2. Glacfaidh an Coimisiún leasuithe ar mhodheolaíocht chóras Eorpach na gCuntas (ESA 95) lena mbeartaítear a hinneachar a shoiléiriú agus a fheabhsú ar an gcoinníoll nach n-athraíonn siad a coincheapanna bunúsacha, nach n-éilítear acmhainní breise chun iad a chur chun feidhme agus nach gcuireann siad faoi deara méadú ar a hacmhainní féin. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

    (2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 3(2):

    "Laistigh de na srianta arna leagan síos in Airteagal 2(2), glacfaidh an Coimisiún aon athruithe - táblaí nua, tíortha agus/nó réigiúin lena mbaineann - sna sonraí a iarrtar ar na Ballstáit. Déanfar aon bheart arna cheapadh d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 4(2)."

    (3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    “Airteagal 4

    1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coiste um an gClár Staidrimh (dá ngairtear 'an Coiste' anseo feasta).

    2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4), agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    […] […]

    [1] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    [2] IO L 200, 22.7.2006, lch. 11.

    [3] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

    [4] PE 376.314v01-00 – A6-0236/2006 (Dearbhú ón gCoimisiún atá curtha i gceangal le tuarascáil ón bParlaimint)

    [5] IO L 310, 30.11.1996, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1267/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 180, 18.7.2003, lch. 1).

    [6] IO C […], […], lch. […].

    [7] IO C […], […], lch. […].

    [8] IO L 310, 30.11.1996, lch.1, Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1267/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 180, 18.7.2003, lch. 1).

    [9] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

    [10] IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.

    Top