Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1380

Rialachán (AE) 2026/1380 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2026 lena gceartaítear an leagan Eastóinise de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia

C/2026/4165

IO L, 2026/1380, 24.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1380/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1380/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1380

24.6.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1380 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2026

lena gceartaítear an leagan Eastóinise de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Eastóinise de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, a mhéid a bhaineann le méid na híonachta agus a athraíonn brí na forála.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Eastóinise de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difríocht do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) 2025/351 ón gCoimisiún (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2025/351 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1616 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta d’ábhair agus d’earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia a mhéid a bhaineann le plaisteach athchúrsáilte agus ábhair eile a bhaineann le rialú cáilíochta agus monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L, 2025/351, 24.2 2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/351/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1380/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top