Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1122

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1122 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2026 maidir le húdarú ullmhóide de Enterococcus lactis NCIMB 11181 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh atáirgthe agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S)

C/2026/3304

IO L, 2026/1122, 27.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1122/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1122/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1122

27.5.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1122 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Bealtaine 2026

maidir le húdarú ullmhóide de Enterococcus lactis NCIMB 11181 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó a thógtar le haghaidh atáirgthe agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 11181 a údarú (a sainaithníodh roimhe seo mar Enterococcus faecium NCIMB 11181). Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú na hullmhóide de Enterococcus lactis NCIMB 11181 mar bhreiseán beathaithe lena úsáid i mbeatha agus in uisce óil le haghaidh sicíní lena ramhrú nó sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga, speicis éanlaithe clóis eile lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga, agus éin ornáideacha, agus iarrtar ann go n-úsáidfí an ullmhóid sin go comhuaineach i mbeatha leis na coicideastait sóidiam moinéinsine agus dé-coicíonáit, agus go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 30 Eanáir 2024 (2) go bhfuil an ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 11181 sábháilte do shicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga, do speicis eile éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga, agus d’éin ornáideacha, agus do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go meastar nach greannaitheoir craicinn ná súl é foirmliú soladach uiscethuaslagtha an bhreiseáin. De bharr nádúr próiténieach an oibreáin ghníomhaigh, meastar gur íogróirí riospráide iad foirmlithe soladacha agus foirmlithe soladacha uiscethuaslagtha an bhreiseáin. Níorbh fhéidir leis an Údarás teacht ar chonclúid maidir le hacmhainneacht fhoirmliú soladach an bhreiseáin a bheith greannach don chraiceann agus do na súile nó maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh an dá fhoirmliú den bhreiseán ina gcúis le híogrú craicinn. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil úsáid Enterococcus lactis NCIMB 11181 comhoiriúnach leis na coicideastait sóidiam moinéinsine agus dé-coicíonáit. Tar éis measúnú a dhéanamh ar shonraí a chuir an t-iarratasóir isteach le déanaí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 16 Meán Fómhair 2025 (3) go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil le haghaidh sicíní lena ramhrú nuair a thugtar é ag 3×1010 ADC/kg d’ábhar beatha iomlán agus in uisce óil ag 1,5×1010 ADC/L. An chonclúid maidir le sicíní lena ramhrú, leathnaítear í chun sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga a chumhdach agus eachtarshuitear í maidir le gach éanlaith chlóis lena ramhrú, gach éanlaith chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga agus éin ornáideacha. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(5)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú an bhreiseáin chéanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 1 Feabhra 2012 (4), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), ní raibh gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin.

(6)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 11181 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe agus éin ornáideacha. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2024;22:e8623, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8623.

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9680. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9680.

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2012;10(2):2574, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2012.2574.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

ADC/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

ADC/l d’uisce óil

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige.

4b1708

Chr. Hansen A/S

Enterococcus lactis

NCIMB 11181

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid de Enterococcus

lactis NCIMB 11181 ina bhfuil íosmhéid: Foirm sholadach: 5 × 1010 ADC/g de bhreiseán;

Foirm sholadach uiscethuaslagtha: 2 × 1011 ADC/g de bhreiseán.

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Enterococcus lactis

NCIMB 11181

Modh anailíse  (1)

Áireamh na substainte gníomhaí sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, sa bheatha chumaisc agus in uisce óil: modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar Aisíde Eisciline Domlais - EN 15788

Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) - CEN/TS 17697 nó modhanna seicheamhaithe ADN

Éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

Éin ornáideacha

-

3 ×1010

-

1,5 ×1010

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

3.

Úsáidfear foirmliú uiscethuaslagtha an bhreiseáin trí uisce óil.

4.

Féadfar an breiseán a úsáid go comhuaineach leis na coicideastait seo a leanas, i gcomhréir lena gcoinníollacha féin maidir le húdarú mar bhreiseáin bheathaithe: sóidiam moinéinsine agus dé-coicíonáit.

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta do na súile (i gcás an fhoirmlithe sholadaigh amháin) don análú agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

16 Meitheamh 2036

(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1122/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top