This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026D1156
Commission Implementing Decision (EU) 2026/1156 of 28 May 2026 determining the date from which the common identity repository is to start operations pursuant to Regulations (EU) 2019/817 and (EU) 2019/818 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1156 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 lena gcinntear an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí an stórais choitinn sonraí céannachta de bhun Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1156 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 lena gcinntear an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí an stórais choitinn sonraí céannachta de bhun Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/3308
IO L, 2026/1156, 29.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1156/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1156 |
29.5.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1156 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2026
lena gcinntear an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí an stórais choitinn sonraí céannachta de bhun Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 72(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (2), agus go háirithe Airteagal 68(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear creat le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce. |
|
(2) |
Tá roinnt comhpháirteanna idir-inoibritheachta sa chreat sin lena n-áirítear an stóras coiteann sonraí céannachta (CIR). Le CIR cruthaítear comhad aonair le haghaidh gach duine a chláraítear sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), an Córas Eorpach chun comparáid a dhéanamh idir taifid dhachtalascópacha iarrthóirí tearmainn (Eurodac) nó an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla le haghaidh Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRIS-TCN). Bunaítear an chomhpháirt sin chun sainaithint cheart daoine atá cláraithe sna córais sin a éascú agus chun cuidiú leis an tsainaithint sin, chun tacú leis an mbreathadóir ilchéannachtaí (MID), agus chun rochtain na n-údarás ainmnithe a shonraítear sna forálacha gaolmhara sna Rialacháin a chuíchóiriú. |
|
(3) |
De bhun Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818, cinnfidh an Coimisiún an dáta óna gcuirfear tús le hoibríochtaí an stórais choitinn sonraí céannachta, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2019/818. Tá an dáta sin le socrú laistigh de 30 lá tar éis ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme. |
|
(4) |
Tá sé fíoraithe ag an gCoimisiún gur glacadh na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun an stóras coiteann sonraí céannachta a oibriú (3); go bhfuil sé dearbhaithe ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoire, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) go bhfuil tástáil chuimsitheach curtha i gcrích go rathúil aici ar CIR, ar tástáil í a rinne sí i gcomhar le húdaráis na mBallstát; go bhfuil na socruithe teicniúla agus dlíthiúla chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 a bhailiú agus a tharchur bailíochtaithe ag eu-LISA, agus go bhfuil fógra tugtha ag eu-LISA don Choimisiún fúthu; go bhfuil sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach curtha i gcrích go rathúil aige ar na sásraí agus nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí, ar na táscairí coiteanna cáilíochta sonraí agus ar na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis na mBallstát. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí an stóras choitinn sonraí céannachta a chinneadh. |
|
(6) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Danmhairg faoi cheangal ag an gCinneadh seo. |
|
(7) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus, faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(8) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis (4) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (5). |
|
(9) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (7). |
|
(10) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (9). |
|
(11) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear tús le hoibríochtaí an stórais choitinn sonraí céannachta an 12 Meitheamh 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 135, 22.5.2019, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/817/oj.
(2) IO L 135, 22.5.2019, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/818/oj.
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí an nós imeachta comhair maidir le teagmhais slándála a bhfuil tionchar acu, nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar oibriú na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, de bhun Airteagal 43(5) de Rialachán (AE) 2019/817 (C(2021) 6663); Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí an nós imeachta comhair maidir le teagmhais slándála a bhfuil tionchar acu, nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar oibriú na gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, de bhun Airteagal 43(5) de Rialachán (AE) 2019/818 (C(2021) 6664); Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí maidir le réitigh theicniúla chun iarrataí rochtana ó úsáideoirí a bhainistiú chun críoch Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817 agus chun éascaíocht a dhéanamh maidir le bailiú na faisnéise chun tuarascálacha agus staidreamh a ghiniúint chun críoch Airteagal 78(7) agus Airteagal (9) de Rialachán (AE) 2019/817 (C(2022) 46 final); Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí maidir le réitigh theicniúla chun iarrataí rochtana ó úsáideoirí a bhainistiú chun críoch Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/818 agus chun éascaíocht a dhéanamh maidir le bailiú na faisnéise chun tuarascálacha agus staidreamh a ghiniúint chun críoch Airteagal 74(7) agus Airteagal (9) de Rialachán (AE) 2019/818 (C(2022) 51 final).
(4) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(5) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(6) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(7) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(8) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(9) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1156/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)