This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1327
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1327 of 7 July 2025 amending the Annex to Implementing Regulation (EU) 2023/2059 as regards the inclusion of fresh roses in the list of rest-of-the-world commodities
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1327 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 a mhéid a bhaineann le rósanna úra a áireamh ar liosta tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1327 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 a mhéid a bhaineann le rósanna úra a áireamh ar liosta tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan
C/2025/4451
IO L, 2025/1327, 8.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1327/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32023R2059 | Cur le | iarscríbhinn Téacs | 26/04/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1327 |
8.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1327 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Iúil 2025
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 a mhéid a bhaineann le rósanna úra a áireamh ar liosta tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (1), agus go háirithe Airteagal 9(4), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le, inter alia, teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann don tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan. |
|
(2) |
Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 9(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2023/1231 maidir le hearraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan arb é atá iontu tráchtearraí de bhunadh ainmhíoch nó plandaí nó táirgí ilchodacha atá faoi réir na rialacha sláinte ainmhithe nó plandaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (d), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan’), nach bhféadfaidh na hearraí miondíola sin teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1231 ach amháin má dhéanann an Ríocht Aontaithe fianaise i scríbhinn a sholáthar maidir leis na coinníollacha allmhairiúcháin agus na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 (3), (AE) 2016/429 (4) agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i Rialachán (AE) 2017/625, agus sna gníomhartha ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, go bhfuil feidhm ag na coinníollacha agus na ceanglais sin maidir leis na tráchtearraí sin faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil na coinníollacha allmhairiúcháin agus na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla sin á gcur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 ón gCoimisiún (6), san Iarscríbhinn a ghabhann leis, bunaítear liosta na dtráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, agus faoi láthair liostaítear ann earraí de bhunadh ainmhíoch agus earraí nach de bhunadh ainmhíoch iad. |
|
(4) |
Le litreacha dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2024 agus an 28 Aibreán 2025, sholáthair an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn go bhfuil feidhm faoina dlí náisiúnta ag coinníollacha allmhairiúcháin agus ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/2031 agus (AE) 2017/625, agus sna gníomhartha ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun na Rialachán sin agus a bhaineann le rósanna úra ó na tríú tíortha uile, agus go bhfuil na coinníollacha allmhairiúcháin sin agus na ceanglais sin maidir le rialuithe oifigiúla a bhaineann le rósanna úra á gcur chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe ón 26 Aibreán 2025 ar aghaidh. Dá bhrí sin, is iomchuí an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 a leasú chun na hearraí sin a chur leis an liosta tráchtearraí de thionscnamh na coda eile den domhan. |
|
(5) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(6) |
Ós rud é gur sholáthair an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn go bhfuil na rialacha sláinte plandaí dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1231 á gcur chun feidhme go héifeachtach maidir le rósanna úra ón 26 Aibreán 2025 ar aghaidh, agus chun aon chur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo dá bhrí sin ón dáta sin. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 26 Aibreán 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 165, 29.6.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1231/oj.
(2) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).
(5) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tráchtearraí áirithe de thionscnamh na coda eile den domhan a liostú, ar tráchtearraí iad a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann (IO L 238, 27.9.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2059/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2059 cuirtear an tráchtearra seo a leanas leis an gcuid ‘Bláthanna gearrtha agus Bachlóga bláthanna’ den chatagóir ‘Earraí nach de bhunadh ainmhíoch iad’:
|
‘10 |
Rósanna úra |
0603 11 00 |
Deimhniú fíteashláintíochta atá i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí |
Na tríú tíortha uile’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1327/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)