This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1323
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/1323 of 30 June 2025 amending Annexes V and XIV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for Canada, the United Kingdom and the United States in the lists of third countries, territories or zones thereof authorised for the entry into the Union of consignments of poultry and germinal products of poultry and of fresh meat of poultry
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1323 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1323 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas
C/2025/4477
IO L, 2025/1323, 1.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1323/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn V cuid 1 roinn B Téacs | 02/07/2025 | |
| Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn V cuid 1 roinn B Téacs | 02/07/2025 | |
| Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn V cuid 2 Téacs | 02/07/2025 | |
| Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn XIV cuid 1 roinn B Téacs | 02/07/2025 | |
| Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn XIV cuid 1 roinn B Téacs | 02/07/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1323 |
1.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1323 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Meitheamh 2025
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
An 20 Meitheamh 2025 thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i gcontaetha Durham, North Yorkshire agus West Yorkshire, Sasana, ráigeanna a deimhníodh idir an 11 Meitheamh 2025 agus an 20 Meitheamh 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(6) |
Ina theannta sin, an 11 Meitheamh 2025 thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin de HPAI in éanlaith chlóis i Stát Arizona, ráig a deimhníodh an 5 Meitheamh 2025 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(7) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin. |
|
(8) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha féin agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise de HPAI a chosc tar éis na ráigeanna sin de HPAI a tharla le déanaí. |
|
(9) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, agus leis na Stáit Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i gCuid 1, Roinn B agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i gCuid 1, Roinn B d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe soláthraithe ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch a mhéid a bhaineann leis an staid eipidéimeolaíoch ina gcríocha féin maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus feola úire ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(11) |
An 20 Bealtaine 2025 chuir Ceanada isteach faisnéis cothrom le dáta maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le trí ráig de HPAI in éanlaith chlóis i gcúigí Manitoba, Nova Scotia agus Saskatchewan, ráigeanna a deimhníodh an 2 Bealtaine 2025, an 21 Márta 2025 agus an 24 Aibreán 2025, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(12) |
An 12 Meitheamh 2025 chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta acu i ndáil le 37 ráig de HPAI in éanlaith chlóis i stáit California (11), Florida (1), Illinois (1), Indiana (3), Kansas (1), Maryland (1), Missouri (3), New York (1), Ohio (8), Oregon (1), Pennsylvania (2), South Dakota (3) agus Wisconsin (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 18 Meán Fómhair 2024 agus an 8 Bealtaine 2025, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(13) |
Tar éis na ráigeanna sin de HPAI, chuir Ceanada agus na Stáit Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme acu chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus go bhfuil na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríoch. |
|
(14) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus na Stáit Aontaithe faoina bhráid agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí ó na criosanna atá buailte, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna atá buailte sa i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe sin sa tábla a leagtar amach i gCuid 1, Roinn B d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i gCuid 1, Roinn B d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Agus na ráigeanna de HPAI a tharla le déanaí sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1323/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)