This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0119
Commission Implementing Regulation (EU) 2025/119 of 24 January 2025 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the conditions of approval of the low-risk active substance aqueous extract from the germinated seeds of sweet Lupinus albus
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/119 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí ísealriosca eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/119 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí ísealriosca eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis
C/2025/393
IO L, 2025/119, 27.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/119/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32011R0540 | Athchur | iarscríbhinn cuid D pointe 28 colún tábla | 16/02/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/119 |
27.1.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/119 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Eanáir 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí ísealriosca eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(3) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/567 (2) ón gCoimisiún, formheasadh eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis mar shubstaint ghníomhach ísealriosca i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Rinneadh an formheas sin faoi réir coinníollacha áirithe, go háirithe faisnéis deimhniúcháin a bheith curtha isteach ag an iarratasóir a mhéid a bhaineann le sonraíocht theicniúil na substainte gníomhaí mar a mhonaraítear í (ar bhonn táirgeacht ar scála tráchtála) agus comhlíonadh na sonraíochta teicniúla deimhnithe ag na baisceanna tocsaineachta. Go háirithe, bhain an fhaisnéis deimhniúcháin sin le huaschion na n-alcalóideach cuineolisidín (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin). |
|
(2) |
I gcomhréir leis an gceanglas sin, chuir an t-iarratasóir sainchomhad nuashonraithe isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021, sainchomhad a ndearna an Ballstát is rapóirtéir meastóireacht air, arbh é sin an Ísiltír, i bhfoirm dréacht-tuarascáil measúnaithe athbhreithnithe. |
|
(3) |
An 9 Nollaig 2022 scaip an Ísiltír an dréacht-tuarascáil measúnaithe athbhreithnithe ar na Ballstáit eile, ar an iarratasóir agus ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun barúlacha a fháil. An 22 Meán Fómhair 2023 chuir an tÚdarás a thuairimí eolaíocha in iúl maidir leis na pointí sonracha a ardaíodh le linn na barúlacha a chur isteach. An 5 Nollaig 2023 d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil theicniúil (3) ina ndearnadh achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin le haghaidh eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis. |
|
(4) |
Sa tuarascáil athbhreithniúcháin uaidh le haghaidh eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis an 23 Bealtaine 2024 (4), mheas an Coimisiún an gá an tásc go bhfuil sonraíocht an ábhair theicniúil sealadach a bhaint, mar a bunaíodh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/567. |
|
(5) |
Thairis sin, ar bhonn na faisnéise deimhniúcháin a fuarthas, uaschion na n-alcalóideach cuineolisidín, (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin), ba cheart é a choinneáil ar bun ar leibhéal 0,05 g/kg. Ina theannta sin, ar bhonn thoradh an mheasúnaithe, measann an Coimisiún go bhfuil lúpainín le socrú mar mharcóir na n-alcalóideach cuineolisidín sin, agus meastar uaschion na comhdhúile sin a bheith socraithe ag leibhéal 0,035 g/kg. |
|
(6) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athbhreithniúcháin agus rinne an Coimisiún meastóireacht ar na barúlacha sin go cúramach. |
|
(7) |
Chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, is iomchuí uasleibhéal a bhunú le haghaidh na n-eisíontas ábhartha i sonraíocht theicniúil na substainte gníomhaí. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe a leasú nó a tharraingt siar le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, ar táirgí iad nach gcomhlíonann sonraíocht an ábhair theicniúil mar a mhonaraítear iad ar bhonn tráchtála. |
|
(9) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin a dhul in éag, ar a dhéanaí, 15 mí tar éis don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/567 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2021 lena bhformheastar eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, substaint ghníomhach a bhfuil riosca íseal ag baint léi, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 118, 7.4.2021, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/567/oj).
(3) Toradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit, leis an iarratasóir agus le EFSA maidir leis an measúnú riosca lotnaidicídí ar an eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis i bhfianaise sonraí deimhniúcháin (https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/pdf/10.2903/sp.efsa.2023.EN-8500).
(4) Tuarascáil athbhreithniúcháin le haghaidh na substainte gníomhaí eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis.
IARSCRÍBHINN
I gCuid D den Iarscríbhinn, ró 28, eastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, déantar na leasuithe seo a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin ‘Íonacht’: ‘Ní ábhartha an t-íosmhéid íonachta i gcás an eastóscáin. Cion próitéine BLAD: 195 – 210 g/kg. Sainaithníodh na heisíontais ábhartha seo a leanas (ar ábhar imní tocsaineolaíoch, éiceatocsaineolaíoch nó comhshaoil iad) sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í: Alcalóidigh chuineoilisidín iomlána (QA): (lúpainín, 13α-OH-lúpainín, 13α-aingealóiolocsalúpainín, lúipínín, ailbín, angastafóilín, 13α-tioglóiolocsalúpainín, α-isealúpainín, teitrihidreahoimdhéfhóilín, ilfhlóirín, spairtéin) Uaschion: socraithe ag 0,05 g/kg. Leibhéal lúpainín, mar chomhdhúil marcóra: socraithe ag 0,035g/kg.’; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin ‘Forálacha sonracha’: ‘Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, tabharfar aird ar chonclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le heastóscán uiscí ó shíolta péactha an lúipín bháin mhilis, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na treoracha lipéadaithe riachtanacha maidir le bearta i ndáil le cúradh agus cobhsaíocht chaolúcháin an fhoirmlithe.’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/119/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)