This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025D2019
Council Decision (CFSP) 2025/2019 of 3 October 2025 amending Decision (CFSP) 2024/2643 concerning restrictive measures in view of Russia’s destabilising activities
Cinneadh (CBES) 2025/2019 ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
Cinneadh (CBES) 2025/2019 ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
ST/12583/2025/INIT
IO L, 2025/2019, 6.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2019/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Extended validity | 32024D2643 | 07/10/2025 | 09/10/2026 | ||
| Modifies | 32024D2643 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 20 | 07/10/2025 | |
| Modifies | 32024D2643 | Athchur | airteagal 10 mír neamhuimhrithe 1 | 07/10/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2019 |
6.10.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2019 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2643 (1). |
|
(2) |
An 18 Iúil 2025, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin sí feachtais hibrideacha leanúnacha na Rúise i gcoinne an Aontais, a Bhallstát agus a chomhpháirtithe. Dúirt an tArdionadaí gur thug an tAontas faoi deara, le blianta beaga anuas, patrún córasach d’iompraíocht mhailíseach d’aon ghnó is féidir a chur i leith na Rúise, mar shampla cibirionsaithe, gníomhaíochtaí sabaitéireachta, cur isteach ar bhonneagar criticiúil, ionsaithe fisiciúla, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus gníomhaíochtaí ceilte nó comhéigneacha eile. Tháinig méadú ar na gníomhaíochtaí sin ó thús an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin, agus is rídhócha, dar leis an Ardionadaí, go leanfaidh siad ar aghaidh go ceann i bhfad. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2024/2643, chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2026. |
|
(4) |
Measann an Chomhairle gur cheart an ráiteas ar chúiseanna san iontráil a bhaineann le duine nádúrtha amháin i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/2643 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2026.’ ; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643, sa tábla dar teideal ‘A. Daoine nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 20:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘20. |
Hüseyin DOGRU |
Náisiúntacht: Turcach, Gearmánach Inscne: fireann |
Is é Hüseyin Doğru bunaitheoir agus ionadaí AFA Medya A.Ș., cuideachta meán atá lonnaithe in Iostanbúl. Oibríonn AFA Medya A.Ș. an t-eintiteas “RED”, atá comhdhéanta de roinnt ardáin meán agus a bhfuil dlúthnaisc airgeadais agus eagraíochtúla aige le heintitis bolscaireachta stáit na Rúise agus le gníomhaithe bolscaireachta stáit na Rúise agus roinneann sé naisc struchtúracha dhoimhne lena n-áirítear idirnaisc idir pearsanra aonair agus uainíocht pearsanra aonair le heagraíochtaí meán stáit na Rúise. Bhain RED úsáid as a ardáin meán – agus é ag foilsiú go minic faoi “redstreamnet” nó “thered.stream” – chun faisnéis bhréagach a scaipeadh go córasach maidir le hábhair atá conspóideach go polaitiúil d’fhonn easaontas eitneach, polaitiúil agus reiligiúnach a chruthú i measc a spriocphobail, ar Gearmánaigh iad den chuid is mó, lena n-áirítear trí insintí grúpaí sceimhlitheoireachta radacacha Ioslamacha, mar shampla Hamas, a scaipeadh. Le linn forghabháil fhoréigneach ar ollscoil sa Ghearmáin arna déanamh ag lucht círéibe frith-Iosrael, rinne pearsanra RED comhordú leis na háititheoirí chun íomhánna dá loitiméireacht a scaipeadh – inar baineadh úsáid as siombailí Hamas – trína gcainéil ar líne, rud a chuir ardán eisiach meán ar fáil dóibh agus a d’éascaigh cineál foréigin na hagóide. Leanann Hüseyin Doğru d’fhaisnéis bhréagach a scaipeadh trí AFA Medya A.Ș. agus trína chuntais meán sóisialta féin. Dá bhrí sin, trí AFA Medya A.Ș. agus trína chuntais meán sóisialta féin, tacaíonn Hüseyin Doğru le gníomhaíochtaí Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i gceann amháin nó roinnt dá Bhallstáit nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, lena n-áirítear trí thacú go hindíreach le léirsithe foréigneacha agus iad a éascú agus trí ionramháil chomhordaithe ar fhaisnéis a dhéanamh. |
20.5.2025’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2019/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)