Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025D0477

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/477 ón gCoimisiún an 6 Márta 2025 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain conarthaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais sa Bheilg, cé is moite de leictreachas a ghintear i ngléasraí cumhachta núicléiche Doel 4 agus Tihange 3 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1381)

C/2025/1381

IO L, 2025/477, 13.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/477/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 06/03/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/477/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/477

13.3.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/477 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Márta 2025

maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dámhachtain conarthaí le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais sa Bheilg, cé is moite de leictreachas a ghintear i ngléasraí cumhachta núicléiche Doel 4 agus Tihange 3

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 1381)

(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe Airteagal 35 (3) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   FÍORAIS AGUS NÓS IMEACHTA

(1)

An 24 Iúil 2024, chuir údaráis na Beilge iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 35(1) de Threoir 2014/25/AE (‘an iarraidh’) thar ceann Luminus, Norther agus Ørsted (‘na hiarratasóirí’) maidir le giniúint agus mórdhíol leictreachais sa Bheilg, cé is moite de leictreachas a ghintear i ngléasraí cumhachta núicléiche Doel 4 agus Tihange 3. Leis an iarraidh comhlíontar na ceanglais fhoirmiúla a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún (2) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(2)

Tá Luminus faoi úinéireacht 68,63 % Electricité de France (‘EDF’) Belgium SA, is é sin fochuideachta de chuid Ghrúpa EDF, agus tá sé gníomhach go príomha ar na margaí leictreachais agus ar na margaí seirbhísí gáis agus fuinnimh sa Fhrainc agus sa Bheilg.

(3)

Tá Norther faoi úinéireacht 50 % Elnu NV, is é sin fochuideachta de chuid Elicio SA-NV, atá faoi úinéireacht iomlán Nethys SA-NV, agus faoi úinéireacht 50 % Boreas Wind Offshore NV, is é sin fochuideachta faoi úinéireacht iomlán Eneco Wind Belgium NV. Is fochuideachta de chuid Eneco BV é Eneco Wind Belgium NV, is é sin táirgeoir agus soláthróir idirnáisiúnta leictreachais, gáis nádúrtha agus teasa, agus oibríonn Norther feirm ghaoithe amach ón gcósta sa Mhuir Thuaidh laistigh de Limistéar Eacnamaíoch Eisiach na Beilge.

(4)

Tá Ørsted mar chuid de Ørsted Group atá faoi úinéireacht 50,12 % stát na Danmhairge. Níl aon ghníomhaíocht giniúna ná trádála fuinnimh ar bun ag Ørsted sa Bheilg faoi láthair ach tá sé ag smaoineamh ar ghníomhaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a thionscnamh sa Bheilg.

(5)

Ní raibh seasamh réasúnaithe údarás iomaíochta na Beilge, is é sin seasamh a raibh bunús cuí ag dul leis, ag gabháil leis an iarraidh.

(6)

I gcomhréir le pointe 1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, ós rud é gur féidir saor-rochtain ar an margadh a thoimhdiú ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 34(3) den Treoir sin, mar a léirítear freisin in aithris (15) den Chinneadh seo, ní mór don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh laistigh de 105 lá oibre, ar gníomh é dá dtagraítear in Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE.

(7)

An 30 Iúil 2024, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na Beilge a dheimhniú laistigh de 10 lá oibre go raibh na sonraí a chuir na hiarratasóirí ar fáil maidir le sciartha den mhargadh bailí, fiú murab ionann iad agus na sonraí oifigiúla a d’fhoilsigh Coimisiún Cónaidhme na Beilge um Rialachán Leictreachais agus Gáis. Fuair an Coimisiún deimhniú ó Choimisiún Cónaidhme na Beilge um Rialachán Leictreachais agus Gáis an 2 Meán Fómhair 2024. D’iarr an Coimisiún soiléirithe breise ar údaráis na Beilge an 28 Samhain 2024, ar soiléirithe iad a soláthraíodh an 27 Eanáir 2025. De bhun phointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, is é an 6 Márta 2025 an spriocdháta a socraíodh chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh.

2.   CREAT DLÍTHIÚIL

(8)

Tá feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le conarthaí a dhámhachtain chun gníomhaíochtaí a shaothrú a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(b) den Treoir sin, seachas má tá an ghníomhaíocht sin díolmhaithe de bhun Airteagal 34 den Treoir sin.

(9)

Le Treoir 2014/25/AE, forchuirtear ar údaráis phoiblí agus ar ghnóthais atá faoi rialú poiblí in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist smacht an tsoláthair phoiblí chun saorghluaiseacht earraí, an tsaoirse bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a áirithiú chomh maith le hurraim do na prionsabail a eascraíonn as na saoirsí sin. Is iad na cúiseanna atá leis an rogha reachtach sin, de réir aithris (1) den Treoir, go leanann údaráis náisiúnta de bheith in ann tionchar a imirt ar iompraíocht na n-eintiteas sin agus ar chineál dúnta na margaí ina n-oibríonn na heintitis sna hearnálacha sin.

(10)

De bhun Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE, níl conarthaí atá beartaithe chun feidhmíocht gníomhaíochta a chumasú ar a bhfuil feidhm ag an Treoir sin, ar iarraidh ó Bhallstát nó eintiteas conarthach, le bheith faoi réir na Treorach sin má tá, sa Bhallstát ina ndéantar é, an ghníomhaíocht neamhchosanta ar iomaíocht go díreach ar mhargaí nach bhfuil rochtain orthu srianta.

(11)

Déantar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a mheasúnú ar bhonn critéir oibiachtúla, agus saintréithe sonracha na hearnála lena mbaineann á gcur san áireamh. Tá an measúnú sin teoranta, áfach, de bharr na sprioc-amanna gearra is infheidhme agus an ghá le bheith ag brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún. Eascraíonn an fhaisnéis sin as foinsí atá ar fáil cheana nó as an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhthéacs na hiarrata de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE agus ní féidir an fhaisnéis sin a fhorlíonadh le modhanna a ídíonn níos mó ama, lena n-áirítear, go háirithe, fiosrúcháin phoiblí atá dírithe ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann (3).

(12)

An neamhchosaint dhíreach ar an iomaíocht i margadh faoi leith, is rud í ar cheart meastóireacht a dhéanamh uirthi ar bhonn critéir éagsúla, nach bhfuil aon cheann acu ina chritéar cinntitheach as féin.

(13)

Chun a mheasúnú an bhfuil na gníomhaíochtaí ábhartha faoi réir iomaíocht dhíreach sna margaí a bhaineann leis an gCinneadh seo, cuirfear an sciar den mhargadh atá ag na príomhghníomhaithe agus an líon gníomhaithe margaidh san áireamh, chomh maith le tacaíocht a bheith ann agus méid na tacaíochta sin le haghaidh giniúint agus mórdhíol leictreachais in-athnuaite sa Bheilg trí scéimeanna poiblí.

(14)

Mar a mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta (4), is ar an iarratasóir atá an dualgas cruthúnais chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 34 de Threoir 2014/25 agus, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as díolúine ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/25/AE. Tugann sé sin le tuiscint gur cheart don iarratasóir fianaise chuimsitheach a chur in éineacht lena iarraidh chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an díolúine.

3.   MEASÚNÚ

(15)

Chun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE a chur chun feidhme, ní mór don Chinneadh seo a shuí cé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí lena mbaineann an iarraidh, i margaí nach bhfuil rochtain orthu srianta de réir bhrí na forála sin, neamhchosanta ar leibhéal iomaíochta lena n-áirithítear, in éagmais an smachta soláthair atá mar thoradh ar na rialacha soláthair mionsonraithe a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE, go ndéanfar soláthar le haghaidh shaothrú na gníomhaíochta lena mbaineann ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach bunaithe ar chritéir lena bhfágtar gur féidir le ceannaitheoirí an réiteach a shainaithint atá ar an gceann is buntáistí go heacnamaíoch ar an bhforiomlán.

(16)

Tá an Cinneadh seo bunaithe ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach ó mhí Iúil 2024 ar aghaidh agus ar an bhfaisnéis a chuir na hiarratasóirí isteach agus ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. Is féidir go ndéanfar athbhreithniú air má fhágann athruithe suntasacha ar an staid dhlíthiúil nó fhíorasach nach mbeidh coinníollacha infheidhmeachta Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE á gcomhlíonadh a thuilleadh.

3.1.   Rochtain neamhshrianta ar an margadh

(17)

Meastar go bhfuil rochtain ar mhargadh neamhshrianta má rinne an Ballstát lena mbaineann na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2014/25 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais, Treoir 2019/944/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(18)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiúin, rinne an Bheilg Treoir (AE) 2019/944 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm (6). Dá bhrí sin, meastar go bhfuil rochtain ar an margadh ábhartha neamhshrianta de réir bhrí Airteagal 34(3) de Threoir 2014/25/AE.

3.2.   Measúnú iomaíochta

3.2.1.    Sainmhíniú ar mhargadh táirgí ábhartha

(19)

De réir na n-iarratasóirí, is é an margadh táirgí ábhartha an margadh le haghaidh giniúint agus mórdhíol leictreachais ghnásúil agus in-athnuaite. Tá sé sin i gcomhréir le cleachtas cinnteoireachta an Choimisiúin maidir le hiarrataí ar dhíolúine a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais. Tá an sainmhíniú ar an margadh táirgí a choinnítear sa chinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais.

(20)

I gcinntí roimhe seo, chinn an Coimisiún nár chuir roinnt scéimeanna fóirdheontais bac ar an gconclúid go bhféadfadh giniúint leictreachais a bhaineann tairbhe astu a bheith mar chuid den mhargadh táirgí ábhartha. I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/71 (7) ón gCoimisiún a dhírítear chuig an Ísiltír, thug an Coimisiún faoi deara in aithrisí 19 agus 21 gur díoladh an leictreachas a gineadh ó fhoinsí in-athnuaite go díreach ar an margadh, agus gur spreag córas Stimulering Duurzame Energieproductie (SDE+) na hÍsiltíre tairiscintí iomaíocha, ach go ndéanfadh na hiomaitheoirí iarracht a gcostas a ísliú (ar an mbealach sin an taraif ar sholáthar a bhfaigheadh siad). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur leis an margadh céanna le giniúint leictreachais ghnásúil an leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite. I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1499 ón gCoimisiún a dhírítear chuig an Iodáil (8), dúirt an Coimisiún in aithrisí 37 agus 38 maidir leis na scéimeanna leictreachais in-athnuaite, go raibh siad faoi réir próiseas tairisceana a raibh líon ard iarratasóirí ann. Dá bhrí sin, fuarthas amach go raibh giniúint leictreachais a bhaineann tairbhe as na scéimeanna sin mar chuid den mhargadh céanna le giniúint leictreachais ghnásúil. I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1500 ón gCoimisiún a dhírítear chuig an Liotuáin (9), luaigh an Coimisiún in aithris 30 go bhfuair leictreachas a táirgeadh faoin tríú scéim thacaíochta tacaíocht phréimh-bhunaithe a bunaíodh trí nós imeachta tairisceana iomaíoch agus chinn siad go raibh sé mar chuid den mhargadh céanna le giniúint leictreachais ghnásúil. I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1376 ón gCoimisiún a dhírítear chuig an Danmhairg (10), chinn an Coimisiún in aithris 29 go raibh leithdháileadh an chistithe phoiblí neamhchosanta ar iomaíocht trí phróiseas tairisceana, lenar cuireadh smacht ar iompraíocht táirgeoirí leictreachais in-athnuaite maidir lena mbeartas soláthair. Dá thoradh sin, chinn sé gur leis an margadh céanna le giniúint leictreachais ghnásúil iad na háiseanna giniúna leictreachais in-athnuaite faoi réir na hiarrata. I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1978 ón gCoimisiún a dhírítear chuig an nGearmáin (11), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris 47 nach raibh giniúint agus mórdhíol leictreachais in-athnuaite nach bhfaigheann aon fhóirdheontas nó a fhaigheann fóirdheontais atá nasctha go díreach le praghas an mhargaidh neamhchosanta ar iomaíocht go díreach.

(21)

Go ginearálta, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí a chinneadh go raibh giniúint leictreachais in-athnuaite in iomaíocht le giniúint leictreachais ghnásúil mura bhfaigheadh sé fóirdheontais nó dá ndeonófaí na fóirdheontais a fuair sé trí shásra lena ráthaítear go raibh leibhéal na bhfóirdheontas nasctha go díreach le praghas margaidh. I roinnt cásanna, chinn an Coimisiún gur le próiseas tairisceana a áirithíodh go raibh na fóirdheontais nasctha le praghas margaidh.

(22)

Tugann an Coimisiún faoi deara go dtugtar tacaíocht do ghiniúint leictreachais sa Bheilg ó thrí scéim a bhfuil saintréithe éagsúla acu. Is iad sin an sásra um íocaíocht ar acmhainneacht, an scéim fóirdheontais do ghléasraí cumhachta núicléiche Doel 4 agus Tihange 3 arna leathnú tar éis 2025 (12) agus na scéimeanna fóirdheontais le haghaidh leictreachas in-athnuaite.

3.2.1.1.   An Sásra um Íocaíocht ar Acmhainneacht

(23)

Déanann na hiarratasóirí cur síos ar an gcás mar seo a leanas. Tá sé beartaithe ag an mBeilg na himoibreoirí núicléacha go léir a dhúnadh ar a críoch faoi 2025, cé is moite den dá imoibreoir is déanaí, imoibreoir amháin ag Doel agus imoibreoir eile ag Tihange. De réir Oibreoirí Córais Tarchurtha na Beilge dá ngairtear Elia (13), éileofar leis an dúnadh sin idir 2 agus 4 GW d’acmhainneacht bhreise a shuiteáil idir seo agus 2030. Mar sin féin, ní sholáthraítear le hoibriú na margaí mórdhíola dreasachtaí leordhóthanacha le haghaidh infheistíocht den sórt sin. Tá sé ríthábhachtach don chóras fuinnimh, áfach, go mbeadh acmhainneacht sholúbtha ar fáil. Ó thaobh an éilimh de, ní mór fuinneamh in-athnuaite, atá eadrannach agus randamach, a chomhlánú le modhanna táirgthe atá solúbtha go leor.

(24)

Deir na hiarratasóirí freisin go bhfuil an Sásra um Íocaíocht ar Acmhainneacht tugtha isteach ag an mBeilg ar an gcúis sin. A fhad agus is féidir le táirgeoir infhaighteacht a ráthú, tá sé incháilithe don sásra, rud atá neodrach maidir le teicneolaíocht nó foinse tionscnaimh an fhuinnimh. Leis an Sásra um Íocaíocht ar Acmhainneacht a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta 2021, spreagtar infheistíocht trí bhrabúsacht leordhóthanach a ráthú le haghaidh tionscadail lena soláthraítear sásraí buaictháirgthe agus cothromúcháin. Oibrítear é trí cheant iomaíoch. Formheasadh an sásra sin le Cinneadh (AE) 2022/639 ón gCoimisiún (14) in 2021.

(25)

De réir na n-iarratasóirí, na gníomhaíochtaí a bhaineann tairbhe as an Sásra um Íocaíocht ar Acmhainneacht, baineann siad leis an margadh mórdhíola agus giniúna foriomlán toisc (i) go ndíoltar leictreachas go díreach ar an margadh mórdhíola, (ii) nach mbaineann sé tairbhe as tosaíocht insteallta, (iii) ná nach mbaineann sé tairbhe as díolúine ó fhreagracht chothromúcháin; (iv) nach dtugann an fóirdheontas aon fhálú ó riosca margaidh; (v) nach gcumhdaíonn méid an fhóirdheontais níos mó ná na glanchostais bhreise a bhaineann leis na costais ar ghléasra cumhachta teirmí a thógáil, a chothabháil agus a oibriú, ar gléasra é a oibrítear chun slándáil an tsoláthair a ráthú lúide ioncaim mhargaidh ábhartha an ghléasra cumhachta sin. Tá an Coimisiún den tuairim chéanna.

3.2.1.2.   Na scéimeanna fóirdheontais le haghaidh leictreachas in-athnuaite

(26)

Mhol na hiarratasóirí na scéimeanna fóirdheontais is infheidhme maidir le giniúint leictreachais in-athnuaite sa Bheilg a ghrúpáil sna catagóirí seo a leanas.

3.2.1.2.1.   Préimheanna seasta atá sainithe go dlíthiúil

(27)

Áirítear sa chatagóir seo: na páirceanna gaoithe amach ón gcósta C-Power, Belwind, Northwind agus Nobelwind, an chéad scéim deimhnithe ghlais i réigiún na Bruiséile (saoráidí a suiteáladh idir 2004 agus mí an Mheithimh 2011), an chéad agus an dara scéim deimhnithe ghlais i réigiún na Vallúine (saoráidí a suiteáladh idir 2002 agus mí Iúil 2014), ‘an chéad scéim deimhnithe ghlais sa réigiún Pléimeannach (saoráidí a suiteáladh idir 2009 agus 2012).

(28)

Maíonn na hiarratasóirí gur cheart na páirceanna gaoithe amach ón gcósta sin a mheas mar pháirceanna a bhaineann leis an margadh ginearálta giniúna agus mórdhíola, ós rud é nach gcumhdaíonn na fóirdheontais a fhaightear níos mó ná glanchostais bhreise na dtionscadal. Mar sin féin, sna cinntí dá dtagraítear in aithris 18, tá an Coimisiún den tuairim arís agus arís eile nach raibh suiteálacha a fhaigheann fóirdheontais shocraithe mar chuid den mhargadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais. I gcás an Choimisiúin, tugann fóirdheontais den sórt sin cosaint do thairbhithe ar iomaíocht trí leibhéil ráthaithe ioncaim a sholáthar. Ní fheiceann an Coimisiún aon chúis le himeacht ón gcur chuige sin.

3.2.1.2.2.   Préimh atá spleách ar phraghas an mhargaidh leictreachais agus atá sainithe go dlíthiúil

(29)

Áirítear sa chatagóir seo: an dara scéim deimhnithe ghlais i réigiún na Bruiséile (saoráidí a suiteáladh ó mhí Iúil 2011), an tríú scéim deimhnithe ghlais i réigiún na Vallúine (saoráidí a suiteáladh ó mhí Iúil 2014), an chéad scéim deimhnithe ghlais sa réigiún Pléimeannach (saoráidí a suiteáladh ó 2013), páirceanna gaoithe amach ón gcósta Norther, Rentel, Seamade, Northwester II.

(30)

I gcás na scéimeanna réigiúnacha, déantar athmheasúnú ar chostais tionscadail go bliantúil, agus déantar costas measta tionscadail na dtionscadal suiteáilte a innéacsú chun éagsúlachtaí sa chaiteachas oibriúcháin a chur san áireamh. I gcás na bpáirceanna gaoithe amach ón gcósta, tá an fóirdheontas faoi réir innéacsú míosúil tionscadalsonrach ar innéacs praghsanna do thomhaltóirí.

(31)

Maíonn na hiarratasóirí gur cuid den mhargadh foriomlán giniúna leictreachais agus mórdhíola leictreachais iad na saoráidí a fhaigheann fóirdheontais atá ag brath ar phraghas an mhargaidh leictreachais a bhfuil préimh acu atá sainithe go dlíthiúil. Tá an Coimisiún den tuairim chéanna, ós rud é go bhfuil na fóirdheontais sin nasctha le praghas margaidh.

3.2.1.2.3.   Préimh atá spleách ar phraghas an mhargaidh leictreachais arna sainiú trí phróiseas iomaíoch ceant

(32)

Áirítear sa chatagóir seo tionscadail chrios Banphrionsa Elisabeth. Maíonn na hiarratasóirí, ós rud é go mbeidh fóirdheontais ag na saoráidí sa bheidh ann amach anseo faoin scéim sin, ar fóirdheontais iad a shainítear trí phróiseas ceant iomaíoch, gur cheart iad a bheith mar chuid den mhargadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais. Tá an Coimisiún den tuairim chéanna, ós rud é go bhfuil na fóirdheontais sin nasctha le praghas margaidh.

3.2.1.2.4.   Fóirdheontas bunaithe ar acmhainneacht - leibhéal an fhóirdheontais arna shainiú trí phróiseas ceant iomaíoch

(33)

Áirítear sa chatagóir seo na tionscadail ghréine agus na tionscadail ghaoithe ar talamh, idir tionscadail a bhfuil acmhainneacht bheag agus mheánmhéide acu, a suiteáladh i bhFlóndras idir 2021 agus 2023. Maíonn na hiarratasóirí, ós rud é go bhfaigheann na saoráidí sin fóirdheontais a shainítear trí phróiseas ceant iomaíoch, gur cheart iad a bheith mar chuid den mhargadh foriomlán giniúna leictreachais agus mórdhíola leictreachais. Tá an Coimisiún den tuairim chéanna, ós rud é go bhfuil na fóirdheontais sin nasctha le praghas margaidh.

3.2.1.2.5.   Saoráidí nach bhfaigheann fóirdheontais a thuilleadh

(34)

Maíonn na hiarratasóirí gur cheart saoráidí nach bhfaigheann fóirdheontais a thuilleadh a bheith mar chuid den mhargadh foriomlán giniúna agus mórdhíola. Tá an Coimisiún den tuairim chéanna, ós rud é nach bhfaigheann na saoráidí sin aon fhóirdheontas agus go ndíolann siad a dtáirgeadh ar phraghas an mhargaidh leictreachais amháin. Tá sé sin i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i gcinntí díolúine roimhe seo, amhail Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1978 a bhaineann leis an nGearmáin.

(35)

Suíonn an Coimisiún go bhfuil an margadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais comhdhéanta de ghiniúint agus mórdhíol leictreachais gnásúil, giniúint agus mórdhíol leictreachais a fhaigheann tacaíocht ón sásra um íocaíocht ar acmhainneacht agus giniúint agus mórdhíol leictreachais in-athnuaite a fhaigheann fóirdheontais bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh. Maidir le giniúint leictreachais agus mórdhíol ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann préimheanna seasta atá sainithe go dlíthiúil, is margadh ar leith iad.

3.2.2.    Sainmhíniú ar Mhargadh ábhartha geografach

(36)

De réir na n-iarratasóirí, bunaithe ar chleachtas cinnidh an Choimisiúin, ba cheart an margadh geografach ábhartha a shainiú mar mhargadh náisiúnta, lena gcuimsítear críoch na Beilge (15). Cuireann na hiarratasóirí i dtábhacht go láidir go bhfuil naisc láidre ag an mBeilg le tíortha eile i réigiún láir agus iarthar na hEorpa (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, Lucsamburg agus an Ostair).

(37)

Sa chleachtas a bhí ag an gCoimisiún roimhe seo (16), mheas sé go raibh raon feidhme náisiúnta ag an margadh le haghaidh na giniúna leictreachais agus an mhórdhíola leictreachais. Tá seasamh na n-iarratasóirí i gcomhréir le cleachtas an Choimisiúin.

(38)

In éagmais aon chosúlacht go bhfuil raon feidhme éagsúil ag an margadh geografach, chun críocha an mheasúnaithe faoin gCinneadh seo agus gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais, is féidir a mheas go bhfuil raon feidhme geografach na giniúna agus an mhórdhíola leictreachais ó fhoinsí gnásúla agus in-athnuaite ar siúl i gcríoch na Beilge.

3.2.3.    Anailís mhargaidh

(39)

Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ag an gcéim seo ar cé acu atá nó nach bhfuil na gníomhaíochtaí lena mbaineann an iarraidh neamhchosanta ar leibhéal leordhóthanach iomaíochta chun a áirithiú nach bhfuil gá le smacht soláthair Threoir 2014/25/AE. Sa chás seo, is iad na tosca atá le cur san áireamh chun an measúnú sin a dhéanamh na sciartha den mhargadh, na leibhéil chomhchruinnithe agus tionchar na n-allmhairí leictreachais ar iomaíocht ar mhargadh giniúna agus mórdhíola leictreachais na Beilge.

3.2.3.1.   Saoráidí giniúna leictreachais in-athnuaite a fhaigheann préimheanna seasta atá sainithe go dlíthiúil.

(40)

I gcomhréir lena chinntí roimhe seo dá dtagraítear in aithris(18), cinneann an Coimisiún sa chás seo nach n-áirithítear le fóirdheontais sheasta atá sainithe go dlíthiúil le haghaidh giniúint leictreachais in-athnuaite go bhfuil na saoráidí a bhaineann tairbhe as fóirdheontais den sórt sin neamhchosanta go díreach ar iomaíocht.

(41)

Dá bhrí sin, ós rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2014/25/AE i gcónaí maidir le conarthaí lena mbeartaítear go mbainfear amach giniúint leictreachais in-athnuaite a fhaigheann préimheanna seasta atá sainithe go dlíthiúil sa Bheilg.

3.2.3.2.   Sciartha den mhargadh sa mhargadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Bheilg

(42)

Soláthraíonn na hiarratasóirí an forléargas seo a leanas ar sciartha den mhargadh le linn na tréimhse 2019-2023 ar an margadh giniúna leictreachais agus mórdhíola.

Sciartha den mhargadh atá ag na cúig tháirgeoir is mó sa Bheilg (fuinneamh a tháirgtear, in MWh)

2019

2020

2021

2022

2023

Engie

64  %

64  %

62,4  %

53,5  %

52,2  %

Luminus

13,7  %

13,7  %

11,9  %

13,7  %

14,1  %

RWE

2,6  %

2,6  %

3  %

2,8  %

2,7  %

Eneco

3,1  %

3,1  %

3,2  %

4,4  %

4,2  %

Iomlán na bhFuinneamh

2,5  %

2,5  %

3,5  %

3,5  %

3,3  %

Sciartha den mhargadh atá ag na cúig tháirgeoir is mó sa Bheilg (acmhainneacht suiteáilte, in MW)

2019

2020

2021

2022

2023

Engie

43,7  %

43,7  %

41,9  %

37,8  %

33,5  %

Luminus

11,4  %

11,4  %

11,1  %

10,5  %

10,2  %

RWE

2,6  %

2,6  %

2,4  %

2,4  %

2,5  %

Eneco

4,2  %

4,2  %

4,1  %

4,3  %

4,5  %

Iomlán na bhFuinneamh

3,7  %

3,7  %

3,5  %

3,8  %

3,9  %

(43)

Maidir leis an laghdú ar sciar Engie den mhargadh in 2022 agus 2023, d’fhéadfaí é a chur i leith dhúnadh imoibreoirí núicléacha Doel 3 (mí Mheán Fómhair 2022) agus Tihange 2 (mí an Mhárta 2023) den chuid is mó.

(44)

Meastar go dtiocfaidh laghdú breise ar an sciar den mhargadh atá ag Engie ó 2025 ar aghaidh, agus go ndúnfar trí imoibreoir eile, is iad sin Doel 1, Doel 2 agus Tihange 1. Oibreofar na himoibreoirí núicléacha atá fágtha, is iad sin Doel 4 agus Tihange 3, go dtí 2035 tar éis comhaontú idir rialtas na Beilge agus Engie.

(45)

Dar leis na hiarratasóirí gurb é 52 % in 2023, 44 % in 2024 agus 32 % in 2025 an sciar den mhargadh a bheadh ag Engie maidir le giniúint agus mórdhíol leictreachais sa Bheilg. Is é is cúis leis sin go meastar, ó 2025 ar aghaidh, go bhfuil táirgeadh an dá imoibreoir núicléacha atá fágtha roinnte idir Engie agus Stát na Beilge, ós rud é go mbeidh na himoibreoirí á n-oibriú ag BE-NUC, is é sin comhfhiontar idir Engie agus stát na Beilge, agus tá sciar 50 % ag Engie agus sciar 50 % ag stát na Beilge.

(46)

Tá Treoiruimhir Herfindahl-Hirschman (THH), lena dtomhaistear comhchruinniú margaidh, ag na leibhéil seo a leanas (an-ard go hard) i gcás an mhargaidh le haghaidh na giniúna agus an mhórdhíola leictreachais sa Bheilg:

HHI

2019

2020

2021

2022

2023

 

4 108

3 996

4 343

4 115

3 150

Meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach air (2 253) in 2025 agus ina dhiaidh sin, toisc go bhfanfaidh an ghiniúint ó imoibreoirí núicléacha cobhsaí agus go dtiocfaidh méadú ar ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite.

(47)

Tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh atá ag na trí ghnóthas is mó ar an margadh le haghaidh táirgeadh agus mórdhíol leictreachais ó 79 % go 72 % idir 2019 agus 2023.

(48)

Tugann an Coimisiún faoi deara go raibh margadh na Beilge le haghaidh táirgeadh agus mórdhíol leictreachais fíor-chomhchruinnithe go dtí seo. Ba cheart an comhchruinniú a laghdú tar éis 2025 agus é beartaithe trí imoibreoir núicléacha eile a dhúnadh.

3.2.3.3.   Anailís ar an mbrú iomaíoch a chuireann allmhairí leictreachais i bhfeidhm

(49)

Míníonn na hiarratasóirí, cé go bhfuil comhchruinniú an mhargaidh ard, go gcuireann allmhairí leictreachais brú iomaíoch tábhachtach i bhfeidhm.

(50)

Aithníonn an Coimisiún go bhfuil roinnt brú iomaíoch ann mar gheall ar allmhairí leictreachais. Tugann an Coimisiún dá aire freisin, áfach, go bhfuil an Bheilg, le 10 mbliana anuas, ag onnmhairiú leictreachais chuig tíortha comharsanacha den chuid is mó. De réir na bhfigiúirí a chuir na hiarratasóirí ar fáil (17), bhí an Bheilg ina glan-allmhaireoir leictreachais in 2023, ach bhí sí ina glan-onnmhaireoir idir 2018 agus 2022. Sna blianta amach romhainn, is dócha go n-allmhaireoidh an Bheilg níos mó leictreachais mar gheall ar dhúnadh imoibreoirí núicléacha.

(51)

Cuireann na hiarratasóirí an staid sa Bheilg i gcomparáid le staid na Liotuáine, is é sin áit ar aithin an Coimisiún tábhacht na n-allmhairí leictreachais (18). Mar sin féin, tá an dá chás difriúil, ós rud é gurbh é a bhí in allmhairí sa Liotuáin 80 % den éileamh ar leictreachas in 2018, agus gurbh é a bhí in allmhairí sa Bheilg suas le 20 % go 40 % den éileamh ar leictreachas sna 10 mbliana amach romhainn de réir staidéar a rinne Coimisiún Cónaidhme na Beilge um Rialachán Leictreachais agus Gáis dá dtagraítear san iarraidh (19).

(52)

Dá bhrí sin, ní aontaíonn an Coimisiún le tuairim na n-iarratasóirí go bhfuil tábhacht na n-allmhairí inchomparáide i gcásanna na Beilge agus na Liotuáine. I bhfianaise na ndifríochtaí a nochtadh in aithrisí (46) agus (47), tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach féidir allmhairí leictreachais a ghlacadh mar thoisc chinntitheach chun neamhchosaint ar iomaíocht a thomhas le haghaidh mhargadh giniúna agus mórdhíola leictreachais na Beilge.

(53)

Aithníonn an Coimisiún, áfach, go bhféadfadh allmhairí leictreachais brú iomaíoch a chur ar ghiniúint leictreachais amach anseo toisc go laghdófar acmhainneacht na Beilge le dúnadh beartaithe trí imoibreoir núicléacha in 2025. Níor tháinig an treocht sin chun cinn go fóill, ós rud é gur glanonnmhaireoir í an Bheilg den chuid is mó le 5 bliana anuas.

3.2.3.4.   Eintitis chonarthacha atá gníomhach sa mhargadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Bheilg

(54)

Míníonn na hiarratasóirí gur eintiteas conarthach é Luminus, ós rud é go bhfuil sé faoi úinéireacht 68,63 % EDF Belgium SA, ar fochuideachta 100 % é de EDF Group, is é sin cuideachta phoiblí theoranta faoi dhlí na Fraince, atá faoi úinéireacht stát na Fraince.

(55)

Measann na hiarratasóirí gur eintiteas conarthach é Norther, ós rud é go bhfuil sé faoi úinéireacht 50 % Nethys, ar fochuideachta faoi úinéireacht 100 % de Enodia é, is é sin‘idirphobal’ atá faoi úinéireacht chúige Liège, 74 bhardas de limistéar Liège agus réigiún na Vallúine. Aontaíonn an Coimisiún go measfar Norther a bheith ina eintiteas conarthach. I dteannta Norther, rialaíonn Nethys, trína fhochuideachta Elicio, roinnt fochuideachtaí sa Bheilg (20) atá gníomhach i nginiúint leictreachais in-athnuaite agus i ngníomhaíocht mhórdhíola (dá ngairtear ‘fochuideachtaí eile Nethys’ anseo feasta), a mheasann an Coimisiún a bheith ina n-eintitis chonarthacha.

(56)

De réir na n-iarratasóirí, tá sciartha comhcheangailte den mhargadh ag eintitis chonarthacha (grúpa ina n-áirítear ar na hiarratasóirí Luminus agus Norther ach nach n-áirítear Ørsted go fóill, ós rud é nach bhfuil Ørsted gníomhach sa Bheilg go fóill) ar an margadh le haghaidh giniúint agus mórdhíol leictreachais foriomlán sa Bheilg idir acmhainneacht 20 % agus 30 % agus acmhainneacht 15 % agus 20 % le linn na tréimhse 2019-2023 (21).

(57)

In ainneoin go léiríonn na hiarratasóirí go bhfuil Engie faoi úinéireacht 23,64 % stát na Fraince, a rialaíonn 33,97 % de na cearta vótála, deir siad nach n-oibríonn Engie ar na hardáin soláthair phoiblí Eorpacha toisc go bhfuil sé i dtuairim na n-iarratasóirí nach bhfuil sé faoi réir na Treorach. (22)

(58)

Tá 3,63 % de na sciartha agus 3,53 % de na cearta vótála ag Caisse des Dépôts et Consignations (‘CDC’), is é sin institiúid phoiblí de chuid na Fraince (23). Tá mionlach blocála ag scairshealbhóirí poiblí na Fraince, a bhfuil 27,27 % de sciartha agus 38,03 % de chearta vótála acu.

(59)

Is iad The Capital Group Companies (6,37 % de sciartha, 5,05 % de chearta vótála), Blackrock (4,51 % de sciartha agus 3,44 % de chearta vótála) agus fostaithe Engie (3,49 % de sciartha agus 4,18 % de chearta vótála) na scairshealbhóirí suntasacha eile de chuid Engie. Dá bhrí sin, is iad údaráis chonarthacha na Fraince an scairshealbhóir is mó atá ag Engie.

(60)

Ag na cúig chruinniú ghinearálta bhliantúla dheireanacha de scairshealbhóirí Engie, bhí níos mó ná leath de na vótaí a chaith na scairshealbhóirí ag stát na Fraince agus CDC. Ar bhonn na mbileog vótála ón gCruinniú Ginearálta Bliantúil atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Engie (24), déanann an Coimisiún an ríomh seo a leanas ar fheidhmiú na gceart vótála:

 

2020

2021

2022

2023

2024

Sciar na n-eintiteas poiblí Francach (Stát + CDC) (mar % de na cearta vótála iomlána)

36,9

36,91

37,3

37,3

38,03

Céatadán de na vótaí a caitheadh (mar % de na cearta vótála iomlána)

71,682

68,472

70,6

74,17

72,1

Céatadán de na cearta vótála atá ag údaráis chonarthacha na Fraince (mar % de na vótaí a caitheadh)

51,48

53,9

52,83

50,29

52,75

(61)

Faoi dhlí na Fraince (25), tá an deis ag stát na Fraince freisin gnáthsciar de Engie a thiontú ina sciar órga trí fhoraithne má tá na leasanna bunúsacha náisiúnta, go háirithe maidir le leanúnachas agus slándáil an tsoláthair, i mbaol. Tugann an sciar órga sin cearta sonracha don stát, amhail cur i gcoinne sócmhainní straitéiseacha a dhíol le tríú páirtí nó coinníoll a chur ar theacht isteach scairshealbhóirí nua i gcaipiteal na cuideachta os cionn tairseach ar leith do chomhaontú an aire geilleagair.

(62)

Thug an Coimisiún an deis do Engie barúlacha a thabhairt maidir leis an bpointe sonrach sin, rud a rinne sé an 24 Nollaig 2024. Áitíonn Engie nár cheart an Stát agus CDC a mheas mar údarás conarthach aonair agus, fiú dá mbeidís, nach féidir a thoimhdiú go bhfuil tionchar ceannasach acu ar Engie. Deir Engie freisin nach gceapann stát na Fraince ach triúr comhaltaí de na 14 chomhalta atá ar bhord Engie.

(63)

Áitíonn Engie, faoi Airteagal 4(2)(b) den Treoir, nach bhfuil ach tromlach na vótaí a ghabhann le sciartha arna n-eisiúint ag an ngnóthas ábhartha, seachas an céatadán de na vótaí arna gcaitheamh ag cruinnithe ginearálta na scairshealbhóirí. Mar sin féin, áirítear sa sainmhíniú ar ghnóthas poiblí sa chéad abairt d’Airteagal 4(2) den Treoir an tionchar ceannasach a fheidhmíonn údaráis chonarthacha trí thromlach na vótaí a chaitear ag cruinnithe ginearálta na scairshealbhóirí. Tá tionchar ceannasach trí rialú thromlach na vótaí a ghabhann le sciartha arna n-eisiúint ag an ngnóthas, dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(b), ar cheann de na cásanna ina dtoimhdítear go bhfuil tionchar ceannasach den sórt sin ann; ní choisceann sé tionchar ceannasach i gcásanna eile.

(64)

Tá tuairim ag an gCoimisiún, i bhfianaise na n-eilimintí a dtugtar tuairisc orthu sna haithrisí (57) go (63), go bhfuil tionchar ceannasach ag eintitis chonarthacha ar Engie de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/25/AE. Dá bhrí sin, ba cheart Engie a mheas mar eintiteas conarthach de bhun an Airteagail sin.

(65)

Measann an Coimisiún go bhfuil staid iomaíoch Engie agus Luminus, ar thaobh amháin, agus Norther, fochuideachtaí eile Nethys chomh maith le Ørsted, ar an taobh eile, an-difriúil. Tá láithreacht láidir sheanbhunaithe ag Engie agus Luminus araon i margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais na Beilge. In 2019, 64 % agus 13,7 % faoi seach a bhí ina sciartha den mhargadh, agus in 2023 52,2 % agus 14,1 % a bhí ina sciartha den mhargadh. (26). Fiú tar éis 2025, bunaithe ar réamhaisnéisí na n-iarratasóirí, choinneodh Engie agus Luminus seasamh an-láidir ar mhargadh giniúna agus mórdhíola leictreachais na Beilge, toisc go meastar go bhfanfaidh siad i bhfad ar na gníomhaithe margaidh is mó go dtí 2034 ar a laghad (27).

(66)

Treisítear seasaimh láidre charntha Engie agus Luminus i margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais na Beilge lena bpunanna giniúna éagsúlaithe. Áirítear orthu sin táirgeadh ó ghléasraí cumhachta núicléiche atá lonnaithe sa Bheilg (28), rud a thugann rochtain dóibh ar fhoinse giniúna leictreachais bonnualaigh atá cobhsaí, iomaíoch agus solúbtha (a bhuí lena costas imeallach íseal). Oibríonn siad gléasra cumhachta hidrileictrigh agus gléasraí cumhachta gásadhainte araon sa Bheilg a sholáthraíonn buaicghiniúint sholúbtha leictreachais.

(67)

Ina theannta sin, léiríonn innéacs HHI, dá dtagraítear in aithris (46), leibhéil arda chomhchruinnithe margaidh agus, i ndáil le sciartha den mhargadh, léiríonn sé go bhfuil iomaitheoirí ag glacadh tréimhse fhada chun dúshlán a thabhairt do cheannasacht na ngníomhaithe seanbhunaithe. I ndáiríre, ní mheastar go dtiocfaidh laghdú suntasach ar chomhchruinniú an mhargaidh ach amháin maidir le dúnadh imoibreoirí núicléacha atá beartaithe sa Bheilg, agus ní mar gheall ar iontráil sa mhargadh ná leathnú an mhargaidh.

(68)

Tá staid na n-eintiteas conarthach Norther, fochuideachtaí eile Nethys agus Ørsted difriúil, áfach. Ní oibríonn Norther ach feirm ghaoithe faoi láthair. Níl giniúint leictreachais ón ngaoth solúbtha agus braitheann sí ar dhálaí aimsire. Níl Ørsted i láthair ar mhargadh giniúna agus mórdhíola leictreachais na Beilge go fóill. Fiú amháin sna 10 mbliana amach romhainn, ní mheastar go mbeidh an dá chuideachta seo ina mórghníomhaithe sa Bheilg (29). Tá an dá cheann acu ag tabhairt aghaidh ar an gcomórtas ó na mórghníomhaithe Engie agus Luminus. Fágann sé sin gur cheart a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí Norther agus Ørsted ar an margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Bheilg neamhchosanta go díreach ar iomaíocht.

(69)

Cé gur deonaíodh nó gur diúltaíodh go dtí seo an díolúine dá bhforáiltear le hAirteagail 34 agus 35 de Threoir 2014/25, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha, i ndáil leis an ngníomhaíocht ar an margadh ábhartha ina iomláine, tá gnéithe sa chás seo a d’fhágfadh nach mbeadh cur chuige den sórt sin comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú leis an Treoir seo, i.e. a áirithiú go n-urramófar saoirsí an mhargaidh inmheánaigh i soláthar eintiteas oibríochta líonra atá faoi cheannas an rialtais gan ualach nach bhfuil gá leis a chur ar ghníomhaíochtaí atá neamhchosanta go díreach ar iomaíocht.

(70)

Saintréith de na hearnálacha eacnamaíocha a chumhdaítear le Treoir 2014/25 is ea láithreacht iar-mhonaplachtaí Stáit atá fós faoi rialú nó faoi thionchar na n-údarás poiblí, a bhféadfadh leibhéil éagsúla iomaíochta a bheith rompu agus a mbíonn a sciartha den mhargadh fós ard, cé go bhfuil na sciartha sin á laghdú. Cruthaíonn tionchar na n-údarás poiblí ar eintitis chonarthacha an riosca, in éagmais infheidhmeacht na treorach maidir le soláthar poiblí, go dtabharfar tús áite do sholáthróirí náisiúnta i soláthar an eintitis chonarthaigh lena mbaineann. Tá an cás seo difriúil, áfach, toisc gur eintitis chonarthacha iad cuid de na hiarratasóirí a bhfuil sciar beag den mhargadh acu, agus uaireanta ní bhíonn iontu ach iomaitheoir ionchasach nó iontrálaí nua ar an margadh ábhartha. Is léir, cé gur féidir a mheas ar an gcúis sin go bhfuil gníomhaíocht roinnt de na hiarratasóirí neamhchosanta go díreach ar iomaíocht, go háirithe ó na heintitis chonarthacha bhunaithe a bhfuil sciartha móra den mhargadh acu, nach féidir díolúine a dheonú do na hiarratasóirí uile, ná don ghníomhaíocht a dhéantar ina hiomláine ar an margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Bheilg agus a dhéanann na heintitis uile atá gníomhach sa mhargadh sin. Mar sin féin, dá ndiúltófaí an díolúine a dheonú do na hiarratasóirí sin a bhfuil a ngníomhaíochtaí neamhchosanta go díreach ar iomaíocht toisc nach bhfuil gníomhaíochtaí mórghníomhaithe margaidh eile neamhchosanta go díreach ar iomaíocht, rachadh sé sin i gcoinne chuspóir Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí, i bhfianaise shaintréithe an mhargaidh sa chás seo, gan an díolúine a dheonú ach do roinnt iarratasóirí.

4.   CONCLÚID

(71)

Ós rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh díolúine a leagtar amach in Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2014/25/AE i gcónaí maidir le conarthaí lena mbeartaítear go mbainfear amach giniúint leictreachais in-athnuaite a fhaigheann préimheanna seasta atá sainithe go dlíthiúil sa Bheilg.

(72)

I bhfianaise na dtosca a scrúdaítear in aithrisí (40) go (70), ba cheart a mheas nach ndéantar an coinníoll maidir le neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE a chomhlíonadh sa Bheilg i leith ghníomhaíochtaí Engie agus Luminus a bhaineann leis an margadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Bheilg.

(73)

Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2014/25/AE i gcónaí dá bhrí sin nuair a dhéanann Engie agus Luminus conarthaí a dhámhachtain lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, nó nuair a eagraítear comórtais dheartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 17, de Threoir 2014/25/AE chun gníomhaíochtaí den sórt sin a shaothrú sa limistéar geografach sin.

(74)

I bhfianaise na dtosca a scrúdaítear in aithrisí (40) go (70), ba cheart a mheas go ndéantar an coinníoll maidir le neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE a chomhlíonadh sa Bheilg i leith ghníomhaíochtaí Norther, fhochuideachtaí eile Nethys agus Ørsted a bhaineann leis an margadh foriomlán giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Bheilg.

(75)

Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag Treoir 2014/25/AE nuair a dhéanann Norther agus fochuideachtaí eile Nethys agus Ørsted conarthaí a dhámhachtain lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, ná nuair a eagraítear comórtais dheartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 17, de Threoir 2014/25/AE chun gníomhaíochtaí den sórt sin a shaothrú sa limistéar geografach sin.

(76)

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais agus do chur i bhfeidhm na bhforálacha i réimsí eile de dhlí an Aontais. Go sonrach, na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint dhíreach ar iomaíocht faoi Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, ní gá gurb ionann iad agus na critéir agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh faoi Airteagail 101 nó 102 den Chonradh nó de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (30) mar a dheimhnigh Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (31),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag Treoir 2014/25/AE i gcónaí maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha, ar conarthaí iad lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir giniúint leictreachais agus gníomhaíochtaí mórdhíola ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a fhaigheann préimheanna seasta atá sainithe go dlíthiúil atá a dhéanamh Bheilg.

Airteagal 2

Gan dochar d’Airteagal 1, ní bheidh feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag Norther, fochuideachtaí eile Nethys agus Ørsted, ar conarthaí iad lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir giniúint leictreachais agus gníomhaíochtaí mórdhíola a dhéanamh sa Bheilg. Beidh feidhm ag Treoir 2014/25/AE i gcónaí maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha eile, ar conarthaí iad lena mbeartaítear a fhágáil gur féidir giniúint leictreachais agus gníomhaíochtaí mórdhíola a dhéanamh sa Bheilg.

Airteagal 3

Is chuig Ríocht na Beilge a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Stéphane SÉJOURNÉ

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 243, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/25/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 34 agus 35 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 275, 12.10.2016, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/1804/oj).

(3)  Féach Cás t-575/20 SŽ – Tovorni promet v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2022:551, mír 34.

(4)  Féach Cás t-463/14 Österreichische Post AG v an Coimisiún, ECLI:~EU:T:2016:243, mír 41 agus Cás t-575/20 SŽ – Tovorni promet v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2022:551, mír 29.

(5)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).

(6)  Cuireadh Treoir (AE) 2019/944 in ionad Threoir 2009/72/CE, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/25/AE.

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/71 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena ndíolmhaítear táirgeadh agus mórdhíol leictreachais san Ísiltír ó chur chun feidhme Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE, IO L 12, 17.1.2018, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/71/oj).

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1499 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar tháirgeadh agus mórdhíol leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite san Iodáil, (IO L 342, 16.10.2020, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1499/oj).

(9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1500 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2020 maidir le hinfheidhmeacht Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le conarthaí arna ndámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh agus mórdhíol leictreachais sa Liotuáin, IO L 342, 16.10.2020, lch. 15, ELI:. http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1500/oj).

(10)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1376 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2022 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le giniúint agus mórdhíol leictreachais sa Danmhairg, IO L 206, 8.8.2022, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1376/oj).

(11)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1978 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2023 maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le conarthaí a dhámhachtain le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite sa Ghearmáin, cé is moite de leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite i suiteálacha a cuireadh i mbun oibríochta roimh an 1 Lúnasa 2014 agus a fhaigheann cistiú poiblí i gcónaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le giniúint agus mórdhíol leictreachais ó fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta a coimisiúnaíodh tar éis an 1 Eanáir 2012 agus atá faoi réir an Achta um Fhoinsí In-athnuaite Fuinnimh 2012 (Erneuerbare-Energien-Gesetz) sa Ghearmáin, IO L 235, 25.9.2023, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1978/oj).

(12)  Ós rud é nach gcumhdaítear giniúint agus mórdhíol leictreachais ó Doel 4 agus ó Tihange 3 leis an iarraidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún anailís ar an scéim sin.

(13)  Féach Elia, Adequacy & flexibility study for Belgium (2024-2034) [Staidéar leormhaitheasa agus solúbthachta don Bheilg (2024-2034)], 29 Meitheamh 2023, lgh. 15, 191, 205, 223, 269, ar fáil ag https://issuu.com/eliagroup/docs/adequacy_flexibility_study_for_belgium_2024-203?fr=sOTBhNDYxOTUwMTY.

(14)  Cinneadh (AE) 2022/639 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2021 maidir leis an scéim cabhrach SA.54915 - 2020/C (ex 2019/N) An Bheilg — Sásra acmhainneachta (IO L 117, 19.4.2022, p. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/639/oj).

(15)  Iarraidh, pointe 3.2.

(16)  Féach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/71, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1500, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1978, op. cit.

(17)  Mír 121 den iarraidh.

(18)  Féach aithrisí 51 agus 52 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1500, op. cit.

(19)  Tábla 9 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an iarraidh.

(20)  Elicio plateau de Bassenge, Elicio Wind for Water NV, Elicio WP NV, Elicio Bastogne NV, Elicio Maldegem NV, Elicio Berlare NV, Elicio SLH NV agus Elicio Plus NV mar a luaitear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an bhfreagra ó údaráis na Beilge an 27 Eanáir 2025.

(21)  Mír 116 den iarraidh.

(22)  Mír 164 den iarraidh.

(23)  Féach https://www.engie.com/en/shareholders/engie-share/shareholder-structure.

(24)  Féach https://www.engie.com/sites/default/files/assets/documents/2024-05/R%C3%A9sultat%20Des%20Votes%20VF%20AGM%2030.04.2024.pdf

https://www.engie.com/sites/default/files/assets/documents/2023-04/R%C3%A9sultat%20Des%20Votes.pdf

https://www.engie.com/sites/default/files/assets/documents/2022-04/ENGIE%20-%20Re%CC%81sultat%20du%20scrutin%20en%20franc%CC%A7ais.pdf

https://www.engie.com/sites/default/files/assets/documents/2021-05/ENGIE%20-%20R%C3%A9sultat%20du%20scrutin%20en%20fran%C3%A7ais.pdf

https://www.engie.com/sites/default/files/assets/documents/2020-05/ENGIE%20-%20R%C3%A9sultat%20du%20scrutin%20AG%20du%2014-05-2020.pdf.

(25)  Airteagal L111-69 de code de l’énergie arna leasú le Loi 2019-486 relative à la croissance et à la transformation des entreprises, ar a dtugtar ‘Loi Pacte’.

(26)  Féach tábla 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an iarraidh.

(27)  Féach tábla 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an iarraidh.

(28)  Tá cearta tarraingthe ag Engie agus Luminus araon ar roinnt gléasraí cumhachta núicléiche sa Fhrainc. Oibríonn scairshealbhóir rialaithe Luminus (EDF) cabhlach de 56 imoibreoir núicléacha sa Fhrainc. Is féidir táirgeadh leictreachais núicléach na Fraince a allmhairiú sa Bheilg trí na hidirnaisc idir an dá thír.

(29)  Féach tábla 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an iarraidh.

(30)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj).

(31)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2016, Österreichische Post AG v. An Coimisiún, t-463/14, ECLI:EU:T:2016:243, mír 28. Féach freisin Treoir 2014/25/AE, aithris 44.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/477/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top