This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R3110
Regulation (EU) 2024/3110 of the European Parliament and of the Council of 27 November 2024 laying down harmonised rules for the marketing of construction products and repealing Regulation (EU) No 305/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2024/3110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/12/2024/REV/1
IO L, 2024/3110, 18.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3110/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repeal | 32011R0305 | 08/01/2040 | |||
| Repeal | 32011R0305 | Aisghairm pháirteach | 08/01/2026 | ||
| Implicit repeal | 32014R0568 | 08/01/2026 | |||
| Implicit repeal | 32014R0574 | 08/01/2026 | |||
| Implicit repeal | 32019R1020 | Aisghairm pháirteach | airteagal 40 | 08/01/2026 | |
| Implicit repeal | 32024R2748 | Aisghairm pháirteach | airteagal 1 | 08/01/2026 | |
| Implicit repeal | 32024R2769 | Aisghairm pháirteach | airteagal 2 | 08/01/2026 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32024R3110R(01) | (NL) |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3110 |
18.12.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/3110 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gcomhthéacs an mhargaidh inmheánaigh, chun na coinníollacha maidir le margú táirgí foirgníochta a chomhchuibhiú agus chun constaicí ar thrádáil i dtáirgí foirgníochta idir na Ballstáit a bhaint. |
|
(2) |
Faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, chun gur féidir táirge foirgníochta a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe a chur ar an margadh, tá sé d’oibleagáid ar an monaróir dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas do tháirge den sórt sin. Glacann an monaróir an fhreagracht air féin as comhréireacht an táirge le feidhmíocht dhearbhaithe den sórt sin agus leis na ceanglais is infheidhme. Díolmhaítear monaróirí ón oibleagáid sin i gcás táirgí áirithe. |
|
(3) |
Tá taithí ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ar an meastóireacht a rinne an Coimisiún in 2019 agus ar an tuarascáil ar an Eagraíocht Eorpach um Measúnú Teicniúil tar éis tearcfheidhmíocht an chreata maidir le táirgí foirgníochta a léiriú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear maidir le caighdeáin a fhorbairt agus faireachas margaidh. Ina theannta sin, leis an aiseolas a fuarthas le linn na meastóireachta, léiríodh gur gá an forluí a laghdú, deireadh a chur leis na contrárthachtaí agus na ceanglais atriallacha, lena n-áirítear i ndáil le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, chun tuilleadh soiléireachta dlíthiúla a chur ar fáil agus an t-ualach riaracháin ar na hoibreoirí eacnamaíocha a theorannú. Is gá, dá bhrí sin, oibleagáidí dlíthiúla na n-oibreoirí eacnamaíocha a nuashonrú agus a ailíniú leis na cinn dá bhforáiltear i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, chomh maith le forálacha nua a chur leo lena n-áirítear maidir le faireachas margaidh, ionas go méadófar an deimhneacht dhlíthiúil agus go seachnófar léirmhínithe éagsúla. |
|
(4) |
Is gá sreafaí faisnéise a fheidhmíonn go maith a bhunú, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha agus trí fhormáid mheaisín-inléite a úsáid, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chomhleanúnach agus thrédhearcach ar fáil faoi fheidhmíocht táirgí foirgníochta feadh an tslabhra soláthair. Meastar go méadóidh sé sin an trédhearcacht agus go bhfeabhsófar an éifeachtúlacht ó thaobh an aistrithe faisnéise de. Dá n-áiritheofaí rochtain dhigiteach ar fhaisnéis chuimsitheach faoi tháirgí foirgníochta, rannchuideofaí le digitiú na hearnála foirgníochta ar fad, rud a d’fhágfadh go mbeadh an creat oiriúnach don ré dhigiteach. Thairis sin, dá soláthrófaí rochtain ar fhaisnéis iontaofa agus bhuan, chiallódh sé sin freisin nach rannchuideodh oibreoirí eacnamaíocha ná gníomhaithe eile le neamhchomhlíonadh ceanglas a chéile. |
|
(5) |
I rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta) (4), cuireadh in iúl gur geal léi cuspóir an Choimisiúin an earnáil foirgníochta a dhéanamh níos inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí foirgníochta san athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, mar a fógraíodh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal A new Circular Economy Action Plan. For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach. I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche]. I gConclúidí ón gComhairle maidir leis an nGeilleagar Ciorclach san Earnáil Foirgníochta an 28 Samhain 2019, tathantaíodh ar an gCoimisiún ciorclaíocht táirgí foirgníochta a éascú agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Sa teachtaireacht uaidh an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis nua Tionsclaíochta don Eoraip] chuir an Coimisiún béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta agus thug sé chun suntais timpeallacht thógtha níos inbhuanaithe a bheith riachtanach d’aistriú na hEorpa i dtreo aeráidneodrachta. Sa teachtaireacht uaidh an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa], shainaithin an Coimisiún gurb í an fhoirgníocht ceann de na héiceachórais tosaíochta a bhfuil na dúshláin is tábhachtaí rompu maidir le comhlíonadh spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta agus glacadh leis an gclaochlú digiteach, agus a bhfuil iomaíochas na hearnála foirgníochta ag brath air. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun feidhmíocht inbhuanaitheachta comhshaoil táirgí foirgníochta a dhearbhú, lena n-áirítear an fhéidearthacht leibhéil tairsí agus aicmí ábhartha a bhunú. Sna haicmí feidhmíochta d’fheidhmíocht chomhshaoil táirgí, ba cheart a léiriú go cruinn éagsúlacht na dtáirgí agus a n-úrscothacht agus ba cheart a bheith in ann na táirgí is neamhdhíobhálaí don chomhshaol a shainaithint go cruinn. Thairis sin, agus tagairt á déanamh do thionchair chomhshaoil, ba cheart na haicmí feidhmíochta sin a bheith sothuigthe, níor cheart dóibh a bheith míthreorach, ná níor cheart dóibh ligean d’aistriú ualaigh a bheith ann. |
|
(6) |
Ar an gcaoi chéanna, i Straitéis an Aontais um Chaighdeánú ó 2022 a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022, dar teideal Straitéis AE um Chaighdeánú – Caighdeáin dhomhanda a leagan síos chun tacú le margadh aonair AE atá athléimneach, glas agus digiteach, sainaithníodh an fhoirgníocht mar cheann de na réimsí is ábhartha ina bhféadfaí feabhas a chur ar iomaíochas agus bacainní margaidh a laghdú le caighdeáin chomhchuibhithe. |
|
(7) |
Mar gheall ar na spriocanna comhshaoil a shaothrú, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus an t-aistriú i dtreo geilleagar ciorclach, is gá oibleagáidí nua comhshaoil a bhunú, gan méadú díréireach a dhéanamh ar mhaorlathas ná ar chostais d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’), agus an bealach a réiteach d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm modha measúnúcháin chun inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí foirgníochta a ríomh. Ba cheart a chumhdach leis na ríomhanna sin saolré an táirge trí na modhanna arna mbunú trí chaighdeánú a úsáid. I gcás táirgí nua, ba cheart a áireamh sna saolréanna ríofa gach céim de shaol táirge, ó amhábhar a fháil nó ó ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt deiridh, lena n-áirítear na tairbhí a d’fheádfadh a bheith ann agus ualaí taobh amuigh de na teorainneacha. I gcás táirgí úsáidte agus athmhonaraithe, ba cheart don tsaolré ríofa tosú leis an díshuiteáil ó obair foirgníochta agus ba cheart a áireamh léi na céimeanna go léir ina dhiaidh sin go dtí an diúscairt deiridh. Ba cheart don Choimisiún bogearraí a chur ar fáil chun an ríomh a dhéanamh, go háirithe na tosca saintréithrithe is infheidhme i gcomhréir le caighdeán Eorpach EN 15804 nó caighdeáin amach anseo is infheidhme. Ba cheart aon nuashonrú ar na bogearraí sin a chur in iúl agus ba cheart a spreagadh leis sin nuashonrú ar na ríomhanna ábhartha laistigh de bhliain amháin. |
|
(8) |
Chun sábháilteacht agus feidhmiúlacht táirgí foirgníochta agus, ag leanúint as sin, sábháilteacht agus feidhmiúlacht oibreacha foirgníochta, chomh maith le sábháilteacht oibrithe agus úsáideoirí, a áirithiú, is gá a áirithiú nach bhfuil soláthraithe seirbhíse áirithe amhail soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe, margaí ar líne ná gníomhaithe a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhálacha, ag rannchuidiú le neamhchomhlíonadh gníomhaithe eile. Is gá, dá bhrí sin, forálacha ábhartha a dhéanamh infheidhme freisin maidir leis na seirbhísí sin agus maidir lena soláthraithe. |
|
(9) |
Chun an nasc is gá a dhéanamh idir táirgí foirgníochta agus oibreacha foirgníochta, lena n-áirítear foirgnimh, a bhféadfaidís a bheith ionchorpraithe iontu, ba cheart an coincheap d’oibreacha foirgníochta a shainmhíniú chun críocha an Rialacháin seo agus chun na gcríoch sin amháin agus gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát oibreacha foirgníochta agus foirgnimh a shainmhíniú agus a rialáil. |
|
(10) |
Chun go seachnófar úsáid samhlacha nuálacha dáileacháin chun dul timpeall ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, ba cheart a shoiléiriú, i gcás ina soláthrófaí táirge le linn gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear nuair a aistrítear úinéireacht nó seilbh na dtáirgí mar chuid den soláthar seirbhísí, go measfaí go raibh an táirge curtha ar fáil ar an margadh. |
|
(11) |
Trí shaorghluaiseacht pacáistí feistiúcháin le haghaidh táirgí foirgníochta ar an margadh inmheánach a áirithiú, thacófaí le hiomaíochas tionsclaíoch. Leis an gcur chuige sin, leathnófaí raon an mhargaidh, dhéanfaí próisis táirgthe a chuíchóiriú do chuideachtaí, agus d’fheabhsófaí an áisiúlacht do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon. |
|
(12) |
Braitheann an méid a chomhlíonann táirgí foirgníochta reachtaíocht an Aontais go minic ar an méid a chomhlíonann a bpríomhchodanna an reachtaíocht sin. Mar sin féin, toisc gur minic a chomhtháthaítear príomhchodanna i dtáirgí foirgníochta éagsúla, is fearr a d’áiritheofaí sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an aeráid, dá mba rud é go ndéanfaí measúnú ar na príomhchodanna sin go réamhtheachtach, is é sin go ndéanfaí measúnú ar a bhfeidhmíocht agus a gcomhréireacht roimh ré agus go neamhspleách ar an measúnú a dhéantar ar an táirge foirgníochta deiridh ina gcomhtháthaítear iad. Ar an gcaoi chéanna, bheadh faireachas margaidh níos éifeachtúla dá bhféadfaí príomhchodanna neamhchomhlíontacha a shainaithint agus spriocdhíriú orthu. Dá bhrí sin, is gá rialacha éigeantacha a leagan síos a bheadh infheidhme maidir le príomhchodanna táirgí foirgníochta. Ba cheart an cur chuige céanna a úsáid i gcás codanna nó ábhair a bheartaítear a úsáid le haghaidh táirgí foirgníochta a bhainfeadh tairbhe as cur i bhfeidhm deonach an Rialacháin. |
|
(13) |
Is féidir ítimí, amhail táirgí foirgníochta, a bpríomhchodanna nó codanna nó ábhair eile, a chur ar an margadh mar sin nó mar thacar de chomhpháirteanna leithleacha a bheartaítear a úsáid le chéile agus ba cheart iad a bheith faoi réir sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe tiomnaithe. Chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shimpliú, ba cheart na hítimí agus na comhpháirteanna a thagann faoina raon feidhme a shainaithint go soiléir. Mar sin féin, le sainaithint den sórt sin, níor cheart a chur as an áireamh go bhféadfaí na comhpháirteanna a mhargú mar tháirgí foirgníochta nuair a chuirtear na táirgí sin ar an margadh ar leithligh, bíodh siad ina bpríomhchodanna nó eile. |
|
(14) |
Agus raon feidhme leathan á choimeád do chur i bhfeidhm féideartha an Rialacháin seo, ba cheart a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe atá comhchuibhithe cheana féin le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a eisiamh chun forluí rialála a sheachaint. Chun na críche céanna, tá sé tábhachtach freisin idirdhealú a dhéanamh idir na gnéithe sin de na táirgí céanna a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus na gnéithe sin a rialáiltear le reachtaíocht earnálach eile. B’amhlaidh an cás, mar shampla, i gcás táirgí soilsithe agus táirgí leictreacha agus leictreonacha, atá faoi réir Threoracha 2014/35/AE (5), 2014/30/AE (6), 2014/53/AE (7) agus 2001/95/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Níor cheart raon feidhme leathan an Rialacháin seo a léirmhíniú, áfach, mar rún chun na táirgí go léir is féidir a chur ar an margadh lena n-ionchorprú in oibreacha foirgníochta a chomhchuibhiú. Maidir le táirgí nach bhfuil oiriúnach le haghaidh comhchuibhiú, mar shampla mar gheall ar a ngaol le hoidhreacht chultúrtha, an úsáid a bhaineann siad as ábhair shonracha nach féidir a fhoinsiú ach i gceantair áirithe nó le dálaí ilchineálacha idir na Ballstáit, níor cheart dóibh a bheith faoi réir éifeacht comhchuibhithe an Rialacháin seo. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí rogha ghníomhach gan a gcumhdach a shaothrú trí shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. |
|
(15) |
Ba cheart táirgí úsáidte atá faoi réir an Rialacháin seo agus a allmhairítear ó thríú tíortha, in éagmais rialacha tiomnaithe do tháirgí úsáidte, a bheith faoi réir na rialacha céanna le táirgí foirgníochta nua. |
|
(16) |
Is minic a allmhairítear ó thíortha comharsanachta táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus dá bhrí sin ní bhíonn siad faoi réir ceanglais a leagtar síos i ndlí an Aontais. Bheadh costas díréireach ag baint leis na táirgí foirgníochta sin a chur faoi réir na gceanglas sin. An tráth céanna, is ar éigean a scaiptear táirgí foirgníochta a mhonaraítear sna réigiúin is forimeallaí i mBallstáit eile. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a dhíolmhú ó na ceanglais sin. |
|
(17) |
Chun a áirithiú go gcoinneofar nasc láidir idir caighdeáin agus riachtanais rialála na mBallstát, ba cheart do shainghrúpa tacú leis an gCoimisiún iarrataí ar chaighdeánú agus sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe eile a ullmhú. Ba cheart obair an tsainghrúpa a bheith de réir plean oibre arna bhunú ar bhonn ionchur ó na Ballstáit sa bhreis ar thosaíochtaí foriomlána an Aontais amhail spriocanna aeráide agus geilleagair chiorclaigh an Aontais. Agus tosaíochtaí an phlean oibre á mbunú aige, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar ionadú a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Ba cheart don Choimisiún na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoin dul chun cinn atá déanta i leith chur chun feidhme an phlean oibre, lena n-áirítear faisnéis faoi na hiarrataí um chaighdeánú arna n-eisiúint, líon na gcaighdeán arna moladh ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, an meán-am is gá ionas gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin, agus an cóimheas idir caighdeáin ar ghlac an Coimisiún leo agus ar dhiúltaigh sé dóibh. |
|
(18) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, chun an bunchuspóir a bhaint amach, is é sin an margadh inmheánach do tháirgí foirgníochta a chomhchuibhiú, aghaidh a thabhairt ar riachtanais rialála na mBallstát trí na saintréithe bunriachtanacha amháin a shainiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an táirge. Leis an sainiú ar na saintréithe bunriachtanacha sin agus ar na modhanna measúnúcháin is infheidhme maidir leo, ba cheart an cur chuige nach mbaineann ualach chomh trom leis a sholáthar ar bhealach atá iontaofa go leor agus ba cheart dúbláil agus neamhréireachtaí a sheachaint leis an gcur chuige sin. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). |
|
(19) |
Chun iarracht a dhéanamh an oiread comhleanúnachais rialála agus is féidir a bhaint amach, ba cheart don Rialachán seo cur, a mhéid is féidir, leis an gcreat cothrománach dlí, sa chás seo Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Leanann sé an treocht le déanaí i reachtaíocht maidir le táirgí réiteach cúltaca a fhorbairt i gcás nach soláthraíonn na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe bhailí. Nuair a dhéanann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a sheachadadh de réir na hiarrata ar chaighdeánú lena gcuimsítear gnéithe nach gcomhlíonann riachtanais rialála na mBallstát, nó nach bhfuil ailínithe le cuspóirí sábháilteachta, comhshaoil, ciorclaíochta agus aeráide an Aontais, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an iarraidh ar chaighdeánú nó an caighdeán comhchuibhithe a dhéanamh éigeantach maille le srianta. Ba cheart a bheith in ann réiteach cúltaca a chur i bhfeidhm maidir le caighdeáin chomhchuibhithe nach gcomhlíonann an iarraidh ar chaighdeánú agus díriú ar fhine táirgí nó ar chatagóir táirgí nach bhfuil cumhdaithe cheana le caighdeán comhchuibhithe, nó atá cumhdaithe cheana le caighdeán comhchuibhithe is infheidhme ar feadh níos mó ná 5 bliana, nó atá cumhdaithe le caighdeán comhchuibhithe is infheidhme maille le srianta. |
|
(20) |
I gcás ina leagtar síos le caighdeáin chomhchuibhithe na rialacha maidir le measúnú feidhmíochta i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha is ábhartha do chóid foirgníochta na mBallstát, ba cheart na caighdeáin sin a dhéanamh éigeantach mar chaighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, toisc gurb iad na caighdeáin éigeantacha sin amháin a shroicheann an sprioc maidir le saorchúrsaíocht táirgí a cheadú, agus a áirithiú an tráth céanna go mbeidh sé ar chumas na mBallstát saintréithe táirgí a bhaineann leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta a iarraidh i bhfianaise a staide náisiúnta ar leith, amhail difríochtaí aeráide, geolaíochta agus tíreolaíochta agus dálaí eile. Nuair a shaothraítear le chéile iad, éilíonn an dá sprioc sin go ndéanfar measúnú ar tháirgí trí aon mhodh measúnúcháin aonair, agus dá bhrí sin ní mór an modh a bheith éigeantach. Mar sin féin, is féidir caighdeáin dheonacha a úsáid chun ceanglais táirge, arna sonrú don fhine táirgí ábhartha nó don chatagóir táirgí ábhartha le gníomhartha tarmligthe, a dhéanamh níos nithiúla fós, ag leanúint chonair Chinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, ba cheart a bheith in ann leis na caighdeáin dheonacha sin toimhde chomhréireachta leis na ceanglais a chumhdaítear leo a sholáthar. |
|
(21) |
D’fhéadfadh sé gur ghá leibhéil tairsí a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha. Ní mór leibhéil tairsí dheonacha a chomhlíonadh maidir le feidhmeanna áirithe. Ní mór leibhéil tairsí éigeantacha a chomhlíonadh mar choinníoll chun an táirge a chur ar an margadh inmheánach gan beann ar a chur i bhfeidhm. |
|
(22) |
Chun rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All: EU Action Plan:‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách: Plean Gníomhaíochta an Aontais: ‘I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’], agus chun a áirithiú go bhfuil táirgí foirgníochta sábháilte, ós rud é go bhfuil an tsábháilteacht ar cheann de na spriocanna atá le saothrú sa reachtaíocht bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá gá le ceanglais táirge a bhaineann le feidhmiúlacht, sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an aeráid. Agus na ceanglais sin á socrú aige, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sábháilteachta agus aird a thabhairt ar a mhéid a d’fhéadfadh an táirge rannchuidiú le cuspóirí aeráide, comhshaoil agus éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach le linn a shaolré. Ní bhaineann na ceanglais sin le feidhmíocht táirgí foirgníochta. Murab ionann agus Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (11) a tháinig roimhe, ní dhéantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 don fhéidearthacht ceanglais táirge den sórt sin a bhunú. Mar sin féin, tá ceanglais táirge den sórt sin i gcaighdeáin chomhchuibhithe áirithe le haghaidh táirgí foirgníochta. Léirítear leis na caighdeáin sin go bhfuil gá praiticiúil le ceanglais den sórt sin maidir le feidhmiúlacht, sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil. Le hAirteagal 114 CFAE, mar bhunús dlí an Rialacháin seo, forchuirtear freisin ardleibhéal sláinte, sábháilteachta agus cosanta don chomhshaol a shaothrú. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais táirge a thabhairt isteach arís nó a bhailíochtú leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na ceanglais sin a shonrú don fhine táirgí lena mbaineann nó don chatagóir táirgí lena mbaineann. |
|
(23) |
Éiríonn monarú agus dáileadh táirgí foirgníochta níos casta i gcónaí, rud a fhágann go dtagann oibreoirí speisialaithe nua chun cinn, amhail soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart oibleagáidí cineálacha áirithe, lena n-áirítear maidir le comhar le húdaráis, a bheith infheidhme maidir leo siúd uile a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair. |
|
(24) |
Chun cleachtais chomhchuibhithe a chothú i measc na mBallstát fiú i gcás nach bhféadfaí teacht ar chomhthoil maidir leis na cleachtais sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, maidir le raon teoranta saincheisteanna, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtuithe lena mbaineann a bheith bainteach le hoibleagáidí agus cearta na n-oibreoirí eacnamaíocha agus oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra. |
|
(25) |
Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus ilroinnt mhargadh an Aontais do tháirgí foirgníochta a mhaolú, is gá an limistéar a rialáiltear ar leibhéal an Aontais, an ‘crios comhchuibhithe’ mar a ghairtear de, a shainiú go soiléir, seachas na gnéithe atá fós faoi inniúlacht na mBallstát. Tá na Ballstáit inniúil i gcónaí chun forálacha a leagan síos maidir le hoibreacha foirgníochta, lena n-áirítear forálacha maidir le dearadh agus toisiú na n-oibreacha sin. Le bunú an chreasa chomhchuibhithe, níor cheart difear a dhéanamh do cheart na mBallstát ceanglais náisiúnta maidir le hoibreacha foirgníochta a shonrú agus níor cheart an leibhéal cosanta atá ann cheana agus a bhfuil údar leis sna Ballstáit a laghdú. Níor cheart beartais náisiúnta chomhshaoil is infheidhme maidir le hoibreacha foirgníochta a mheas mar thoirmisc nó bacainní ar tháirgí a chur ar fáil ar an margadh fad a urramaíonn siad an crios comhchuibhithe. |
|
(26) |
Is iad na Ballstáit a shocraíonn an leibhéal sábháilteachta le haghaidh oibreacha foirgníochta ar bhonn na bhfreagrachtaí atá orthu i leith a gcuid saoránach agus is é an tAontas a chinneann na coinníollacha creata le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh. Is ag na Ballstáit atá an inniúlacht i gcónaí forálacha maidir le hoibreacha foirgníochta a ghlacadh. Leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart na naisc a bhunú leis na táirgí foirgníochta a bhfuil gá leo go teicniúil, agus ba cheart na buncheanglais sin a bheith mar bhonn chun iarrataí ar chaighdeánú a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh táirgí foirgníochta, le haghaidh gníomhartha tarmligthe comhfhreagracha agus chomh maith leis sin le haghaidh doiciméid um measúnú Eorpach a fhorbairt. |
|
(27) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gcrios comhchuibhithe freisin maidir le conarthaí poiblí, deontais nó dreasachtaí dearfacha eile cé is moite de dhreasachtaí fioscacha. |
|
(28) |
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir ilroinnt an mhargaidh a mhaolú agus leasanna dlisteanacha na mBallstát oibreacha foirgníochta a rialáil, is gá foráil a dhéanamh do shásra chun riachtanais na mBallstát a chur san áireamh ar bhealach níos fearr i bhforbairt sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Ar an gcúis chéanna, ba cheart sásra breise réamhúdarúcháin a bhunú, lena gceadófaí do na Ballstáit ceanglais a shocrú, bunaithe ar mhórfhorais sláinte agus sábháilteachta daoine nó ar mhórfhorais chosaint an chomhshaoil, seachas na ceanglais a leagtar síos sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe do tháirgí a chumhdaítear leis an gcrios comhchuibhithe. Leis an sásra sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit, fad atá siad ag fanacht le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nuashonraithe lena dtugtar aghaidh ar a riachtanais rialála, fógra a thabhairt faoi bhearta náisiúnta a dhéanann difear d’fheidhmíocht saintréithe bunriachtanaí nach dtugtar aghaidh uirthi sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe agus údarú a lorg ina leith. Ba cheart an sásra sin a bheith comhlántach leis an bhféidearthacht atá ag Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE, nuair a mheasann sé gur gá forálacha náisiúnta a thabhairt isteach bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre mar gheall ar fhadhb a bhaineann go sonrach leis an mBallstát sin i gcontrárthacht le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Chun a áirithiú nach mbeidh bearta náisiúnta údaraithe ach ina n-imeacht sealadach ón gcrios comhchuibhithe, tá sé tábhachtach comhairliúcháin ghasta a chumasú maidir leis an ngá atá le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na riachtanas rialála sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí iarrataí ar chaighdeánú lena ngabhann sprioc-amanna atá socraithe go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar an bpráinn atá idir lámha. |
|
(29) |
Is féidir geilleagar ciorclach, príomhghné an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, a chur chun cinn trí chórais éigeantacha aisíoca éarlaise agus trí oibleagáid a bheith ar mhonaróirí úinéireacht a fháil ar tháirgí neamh-shaincheaptha nua, táirgí neamh-shaincheaptha barrachais nó táirgí neamh-shaincheaptha neamhdhíolta a thógáil ar ais. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit bearta den sórt sin a dhéanamh agus oibleagáidí a bhunú maidir le táirgí a bhailiú agus a chóireáil le haghaidh dramhaíola. Ba cheart úinéir an táirge a bheith i gceannas ar an iompar ar ais chuig an dáileoir, chuig an allmhaireoir nó chuig an monaróir. |
|
(30) |
Chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin ar na hoibreoirí eacnamaíocha a laghdú, is gá a sheachaint go gcuirfí táirgí foirgníochta faoi réir measúnuithe iolracha a mhéid a bhaineann leis an ngné chéanna de shláinte agus sábháilteacht daoine nó de chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an aeráid, faoi ghníomhartha dlí éagsúla de chuid an Aontais. Deimhníodh an méid sin trí ardán REFIT, a bunaíodh le Cinneadh C(2015) 3261 ón gCoimisiún, inar moladh go dtabharfadh an Coimisiún tús áite d’aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le ceanglais fhorluiteacha agus atriallacha. Fad nach ndéanfaí an leibhéal cosanta atá ann cheana agus a bhfuil údar leis sna Ballstáit ar leibhéal foirgníochta a laghdú ná a chúngú, ba cheart, dá bhrí sin, don Choimisiún a bheith in ann na coinníollacha a chinneadh faoina gcomhlíonann comhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais oibleagáidí áirithe den Rialachán seo freisin, i gcás ina ndéanfaí measúnú ar an ngné chéanna de shláinte agus sábháilteacht daoine nó de chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an aeráid, i gcomhthráth faoin Rialachán seo agus faoi dhlí eile de chuid an Aontais. |
|
(31) |
Thairis sin, chun cleachtais éagsúla na mBallstát agus na n-oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE a dheonú don Choimisiún chun a chinneadh an dtagann ítimí áirithe faoin sainmhíniú ar tháirge. |
|
(32) |
Ós rud é go bhforbraítear an Rialachán seo i gcomhréir le creat Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ach go bhfuil a fhorálacha curtha in oiriúint do shainiúlachtaí earnála táirgí foirgníochta, is é a bheidh ann, le heisceachtaí teoranta, an gníomh dlí a úsáidfear chun gach gné ábhartha de tháirgí foirgníochta a chomhchuibhiú, lena n-áirítear gnéithe inbhuanaitheachta cé go bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu sin freisin trí bhíthin Rialachán (AE) 2024/1781. Má shainaithnítear riachtanas beartais go cothrománach faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2024/1781, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a úsáid go príomha chun aghaidh a thabhairt ar an riachtanas sin maidir le táirgí foirgníochta. I gcásanna eisceachtúla, agus sna cásanna sin amháin, nuair nach leor na ceanglais faoin Rialachán seo agus nach féidir iad a leasú nó a chomhlánú laistigh de thréimhse réasúnta, ba cheart a bheith in ann Rialachán (AE) 2024/1781 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhlántach ar tháirgí foirgníochta, ar choinníoll go léirítear go bhfuil an costas riaracháin atá i gceist, lena n-áirítear mar thoradh ar oibreoirí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir dhá nós imeachta um measúnú comhréireachta, réasúnta. Mar eisceacht, i gcás táirgí a bhaineann le fuinneamh a áirítear i bpleananna oibre éicidhearthóireachta ar táirgí foirgníochta iad freisin agus i gcás táirgí idirmheánacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1781, cé is moite de stroighin, tabharfar tosaíocht don Rialachán sin maidir le ceanglais inbhuanaitheachta a leagan síos. Is amhlaidh a bheidh an cás, mar shampla, i gcás téitheoirí, coirí, teaschaidéal, fearais téimh uisce agus spáis, gaothrán, córais fuaraithe agus aerála agus táirgí fótavoltacha, gan painéil fhótavoltacha atá comhtháite san fhoirgneamh a áireamh. Bheadh feidhm ag an Rialachán seo fós ar bhealach comhlántach nuair is gá, go príomha i ndáil le gnéithe sábháilteachta, agus reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le táirgí amhail fearais gháis, voltas íseal, agus innealra á cur san áireamh freisin. I gcás ina bhfuil coimhlint ann le Rialachán (AE) 2024/1781, ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo. I gcás táirgí eile, chun ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, d’fhéadfadh sé go n-eascródh an gá na coinníollacha a chinneadh faoina gcomhlíonann comhlíonadh oibleagáidí faoi dhlí eile de chuid an Aontais oibleagáidí áirithe faoin Rialachán seo freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun na coinníollacha sin a chinneadh. |
|
(33) |
Chun dreasacht comhlíonta a chruthú, ba cheart monaróir na dtáirgí foirgníochta a bheith faoi dhliteanas i leith dearbhuithe míchearta feidhmíochta agus comhréireachta. |
|
(34) |
Is cuid d’athrú i dtreo geilleagar níos ciorclaí agus laghdú ar lorg comhshaoil agus carbóin táirgí foirgníochta an athúsáid mhéadaithe a bhaintear as táirgí foirgníochta. Níl an margadh athláimhe do tháirgí foirgníochta an-fhorbartha faoi láthair agus tá éagsúlacht mhór idir na ceanglais maidir le táirgí foirgníochta a úsáideadh roimhe sin i measc na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart táirgí foirgníochta úsáidte, lena n-áirítear ítimí úsáidte eile atá faoi réir an Rialacháin seo, a bheith faoi réir comhchuibhiú fadtéarmach tríd an bhféidearthacht a bhunú sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe tiomnaithe a fhorbairt faoin Rialachán seo. Ba cheart na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin a bheith infheidhme maidir le táirgí úsáidte agus fad nach dramhaíl é an táirge úsáidte nó nach dramhaíl é a thuilleadh. Le glacadh sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe tiomnaithe le haghaidh táirgí úsáidte, níor cheart dochar a dhéanamh do raon feidhme dramhaíola ná do shainmhíniú dramhaíola faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Mar sin féin, níor cheart táirgí a athúsáidtear go díreach in obair foirgníochta a mheas mar tháirgí a cuireadh ar an margadh arís agus, dá bhrí sin, níor cheart iad a bheith faoi réir aon bhearta faoin Rialachán seo. |
|
(35) |
Chun soiléireacht a sholáthar maidir le fairsinge an chreasa chomhchuibhithe, tá sé tábhachtach go mbeadh na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe go léir sainráite maidir le cibé acu a chumhdaítear táirgí úsáidte faoina raon feidhme leo nó a eisiatar táirgí úsáidte óna raon feidhme leo. Mar sin féin, má eisiatar táirgí úsáidte ó raon feidhme sonraíochta teicniúla comhchuibhithe, níor cheart cosc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a roghnú amhail is dá mba tháirge nua é an táirge úsáidte. |
|
(36) |
De réir an tsainmhínithe ar tháirgí úsáidte, maidir le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe lena n-áirítear go sainráite táirgí úsáidte a thagann faoina raon feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag na sonraíochtaí sin freisin maidir le táirgí úsáidte a ndearnadh próiseas claochlaitheach orthu a théann thar oibríochtaí seiceála, glantacháin nó deisiúcháin arna sainiú leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe mar phróisis chlaochlaitheacha neamhriachtanacha d’fheidhmíocht an táirge. Ba cheart do tháirgí athmhonaraithe tairbhe a bhaint as gan gá a bheith ann teagmhais a áireamh roimh an díshuiteáil is deireanaí a rinneadh ar an táirge agus a dtionchar ar an gcomhshaol le linn a saolré á ríomh, gan beann ar an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe. Ba cheart do tháirgí athmhonaraithe tairbhe a bhaint freisin as ceanglais nó dreasachtaí lena gcuirtear ábhar ard athchúrsáilte chun cinn. |
|
(37) |
Chun rochtain ar fhaisnéis chuimsitheach atá ar fáil go héasca maidir le táirgí foirgníochta a fheabhsú, rud a rannchuidíonn lena sábháilteacht, lena bhfeidhmiúlacht agus lena n-inbhuanaitheacht, ba cheart a áirithiú go soláthrófar leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta gach faisnéis is gá d’úsáideoirí agus do na húdaráis. I bhfianaise a fhónta atá sí d’úsáideoirí, ba cheart do mhonaróirí a bheith in ann faisnéis bhreise a áireamh sa dearbhú sin, ar choinníoll go leanfaidh na dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta de bheith aonfhoirmeach agus inléite go héasca agus nach mbainfear mí-úsáid astu mar fhógraíocht. |
|
(38) |
Chun an t-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha, agus go háirithe ar mhonaróirí, a laghdú, ba cheart cead a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha a eisíonn dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta cóipeanna de na dearbhuithe sin a sholáthar trí mheán leictreonach, agus ba cheart cead a bheith acu iad a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin ar an gcoinníoll go mbeidh siad doleasaithe, inléite ag an duine, meaisín-inléite, ar fáil, inrochtana agus nasctha go haonchiallach leis an táirge. Chun cumarsáid maidir leis an slabhra soláthair a shimpliú, le dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta, ba cheart a chur ar chumas an úsáideora – trí bhíthin fheidhmchlár TF – comhréireacht le rialacha cur i bhfeidhm an Bhallstáit ina n-úsáidtear an táirge a sheiceáil. Réamhriachtanas tábhachtach le haghaidh dearbhuithe meaisín-inléite is ea formáid chaighdeánaithe TF, a bhfuil gá léi le haghaidh gach sonraíochta teicniúla comhchuibhithe. |
|
(39) |
Chun gur féidir leis na monaróirí a léiriú go gcomhlíonann na táirgí foirgníochta a thairbhíonn de shaorghluaiseacht earraí ceanglais ábhartha an Aontais, is gá dearbhú comhréireachta a éileamh lena gcomhlánaítear an dearbhú feidhmíochta, agus ar an gcaoi sin an córas rialála le haghaidh táirgí foirgníochta a thabhairt níos gaire do Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Mar sin féin, chun an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann a íoslaghdú, ba cheart an dearbhú comhréireachta agus an dearbhú feidhmíochta a thabhairt le chéile. Ba cheart an t-ualach riaracháin ar FBManna a íoslaghdú tuilleadh trí fhorálacha simplithe spriocdhírithe, lena n-áirítear torthaí tástála a chomhroinnt, aitheantas a thabhairt do dheimhnithe, doiciméadacht theicniúil agus dearbhú a chascáidiú gan mheasúnú, cead a thabhairt do mhicrifhiontair an córas measúnúcháin agus fíorúcháin níos boige a úsáid agus na ceanglais maidir le táirgí neamhshraithe saincheaptha a laghdú. Nuair a dhéantar táirgí den sórt sin a shuiteáil in obair foirgníochta aonair shainaitheanta, ba cheart é a bheith indéanta díolúintí a bheith ann ón oibleagáid dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas. I gcásanna ina gcomhlíonann monaróir na critéir le haghaidh nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm agus le haghaidh díolúine ón oibleagáid dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas, ba cheart an deis a thabhairt dó ceann acu a roghnú, nó dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a sholáthar gan an nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm, chun a thairiscint a oiriúnú níos fearr do riachtanais na gcustaiméirí ionchasacha. |
|
(40) |
Chun teacht ar ailíniú le reachtaíocht eile maidir le táirgí agus faoi réir phrionsabail ghinearálta Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, níor cheart an mharcáil CE a ghreamú ach de tháirgí foirgníochta a bhfuil dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta tarraingthe suas ag an monaróir ina leith. Glacann an monaróir an fhreagracht air féin dá bhrí sin as comhréireacht an táirge leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus leis na ceanglais táirge is infheidhme. |
|
(41) |
Cearta nós imeachta na n-oibreoirí eacnamaíocha ar fad agus na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ag gníomhú thar a gceann i dtaca le bearta, cinntí nó orduithe arna ndéanamh ag údaráis faireachais margaidh agus údaráis náisiúnta inniúla eile, ní mór iad a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Is gá do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta achomhairc leormhaithe i bhfeidhm i gcoinne bearta, cinntí nó orduithe den sórt sin. |
|
(42) |
Chun feidhmiúlacht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta agus, ag leanúint as sin, feidhmiúlacht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht oibreacha foirgníochta a áirithiú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha uile a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáileacháin bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh siad ar an margadh, nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh nó nach dtacóidh siad le cur ar fáil ar an margadh ach táirgí foirgníochta a chomhlíonann ceanglais cheangailteacha an Aontais. Chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, is gá oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha a leagan síos go sainráite. |
|
(43) |
Is gá do mhonaróirí táirgí foirgníochta an cineál táirge a chinneadh ar bhealach beacht agus aonchiallach chun a áirithiú go mbeidh bonn beacht ann chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an táirge sin le ceanglais an Aontais. An tráth céanna, chun nach rachfar timpeall ar na ceanglais is infheidhme, ba cheart toirmeasc a chur ar mhonaróirí cineálacha táirgí nua a chruthú i gcás inarb ionann na táirgí atá i gceist, i bhfianaise na saintréithe ríthábhachtacha. |
|
(44) |
Ar an margadh inmheánach, ba cheart an mharcáil CE a bheith ar an aon mharcáil amháin a léiríonn go gcomhlíontar modhanna measúnúcháin i ndáil le saintréithe bunriachtanacha a chumhdaítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Chun ilroinnt an mhargaidh agus maímh mhíthreoracha a eascraíonn as cur i bhfeidhm modhanna measúnúcháin éagsúla a sheachaint, ba cheart an mharcáil CE a bheith ar an aon mharcáil amháin a cheadaítear ar tháirgí a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe a léiríonn go ndearnadh measúnú ar an táirge atá i gceist i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha a chumhdaítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe agus go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais táirge is infheidhme. Tá iomadú marcálacha os comhair mhargadh na dtáirgí foirgníochta, rud a chruthaíonn mearbhall agus mímhuinín go minic i measc gníomhaithe margaidh agus a chuireann tomhaltóirí amú freisin. Bíonn tionchar diúltach ag úsáid marcálacha breise ar luach cruthaithe na marcála CE nuair atá sé bunaithe ar mhodhanna measúnúcháin atá éagsúil leis na modhanna a shainítear sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha. Anuas air sin, ní féidir le FBManna tairbhe a bhaint as marcálacha den sórt sin i gcónaí, rud a chruthaíonn saobhadh i measc gníomhaithe margaidh agus a d’fhéadfadh bac a chur ar rochtain ar an margadh. Níor cheart, dá bhrí sin, na marcálacha breise sin a ghreamú de na táirgí in éineacht leis an marcáil CE. Mar sin féin, ní chuireann an toirmeasc sin cosc ar tháirgí a bhfuil marcálacha eile orthu a bheith á gcur ar an margadh aonair, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir amú le marcálacha den sórt sin ná nach gcruthófar mearbhall leis an marcáil CE. Ina theannta sin, níor cheart do na marcálacha dochar a dhéanamh d’infheictheacht, inléiteacht ná brí na marcála CE. Mar sin, níor cheart aon fhaisnéis, téacs ná maíomh maidir le feidhmíocht an táirge a bheith ar taispeáint sna marcálacha sin. |
|
(45) |
Chun maímh mhíthreoracha a sheachaint, ba cheart aon mhaíomh a dhéanann monaróirí táirgí foirgníochta a bheith bunaithe ar mhodh measúnúcháin atá i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe i gcás ina bhfuil sé ar fáil. |
|
(46) |
Le doiciméadacht theicniúil maidir le táirgí foirgníochta, arna dtarraingt suas ag an monaróir, éascaítear fíorú na dtáirgí sin ag údaráis náisiúnta inniúla agus ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcoinne cheanglais an Aontais. Chun rochtain ar fhaisnéis chuimsitheach a fheabhsú, ba cheart a áireamh sa doiciméadacht theicniúil sin an fhaisnéis is gá chun an ríomh lena dtugtar bunús leis an measúnú ar inbhuanaitheacht chomhshaoil an táirge foirgníochta a bhailíochtú. |
|
(47) |
Chun trédhearcacht a chruthú d’úsáideoirí táirgí foirgníochta agus chun úsáid mhíchuí na dtáirgí sin a sheachaint, ba cheart don mhonaróir táirgí foirgníochta agus an úsáid atá beartaithe dóibh a shainaithint go beacht. Ar an gcúis chéanna, ba cheart don mhonaróir a chur in iúl go soiléir cé acu is d’úsáid ghairmiúil atá na táirgí foirgníochta beartaithe nó nach ea. Chun a áirithiú gur féidir táirgí foirgníochta a rianú siar, ba cheart do mhonaróirí cód aitheantais uathúil den chineál táirge a bhaineann go sonrach leis an monaróir a léiriú ar an táirge nó, i gcás nach féidir sin a dhéanamh, e.g. de bharr mhéid nó dhromchla an táirge, ar lipéad greamaithe, ar an bpacáistíocht nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh ach oiread, i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. |
|
(48) |
Chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Rialacháin seo, ba cheart do mhonaróirí faisnéis a chuardach agus a stóráil agus meastóireacht a dhéanamh uirthi agus bearta iomchuí a dhéanamh i gcás ina ndeimhnítear neamhchomhréireacht nó tearcfheidhmíocht nó i gcás ina bhfuil riosca ann. |
|
(49) |
Chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a bhaint amach, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún íosleibhéil tairsí a shonrú maidir le feidhmíocht chomhshaoil táirgí foirgníochta agus maidir le ceanglais chomhshaoil táirgí lena ndéantar an tionchar a bhíonn ag táirgí foirgníochta ar an gcomhshaol a chosc agus a laghdú. Mar sin féin, maidir le prionsabal ‘na sábháilteachta i dtosach’, atá infheidhme maidir leis an táirge foirgníochta agus maidir leis na hoibreacha foirgníochta araon, ba cheart é a urramú i ngach cás, agus ba cheart cosaint na sláinte a chuimsiú leis. |
|
(50) |
Agus é mar sprioc inbhuanaitheacht agus marthanacht táirgí foirgníochta a áirithiú, ba cheart do mhonaróirí a áirithiú gur féidir táirgí a úsáid chomh fada agus is féidir. Éilíonn úsáid fhada den sórt sin dearadh leormhaith, úsáid comhpháirteanna iontaofa, in-athdheisitheacht táirgí, infhaighteacht faisnéise maidir le páirteanna spártha a dheisiú agus rochtain orthu. I gcás nach mbíonn na páirteanna spártha ar fáil go coitianta ar an margadh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún a cheangal ar an monaróir a áirithiú go mbeidh na páirteanna spártha sin ar fáil ar phraghas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach ar feadh tréimhse 10 mbliana a fhéadfar a fhadú má táthar ag dréim go méadófar tréimhse saoil an táirge leis an infhaighteacht ar feadh tréimhse níos faide. |
|
(51) |
D’fhonn ciorclaíocht táirgí foirgníochta a fheabhsú, i gcomhréir le spriocanna an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus ord na réiteach dramhaíola, ba cheart do cheanglais táirge a bheith in ann éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, giniúint dramhaíola a chosc, tosaíocht a thabhairt do dheisiú, d’athúsáid agus d’athmhonarú, tús áite a thabhairt d’úsáid ábhar tánaisteach agus aghaidh a thabhairt ar in-athchúrsáilteacht an táirge agus ar tháirgeadh seachtháirgí. Éilítear dearadh ar leith chun ullmhú d’athúsáid agus chun athúsáid, athmhonarú agus athchúrsáil a dhéanamh, eadhon trí dheighilt táirgí, comhpháirteanna agus ábhar a éascú tráth na díshuiteála, na dífhoirgníochta agus na scartála agus ag céim níos déanaí den athchúrsáil agus, nuair is féidir, ábhair agus substaintí arb údar imní iad atá measctha, cumaiscthe nó casta a sheachaint. Ós rud é nach gá go sroichfidh na gnáth-threoracha úsáide agus an ghnáthfhaisnéis sábháilteachta na hoibreoirí eacnamaíocha atá i gceannas ar ullmhú d’athúsáid agus ar athúsáid, athmhonarú agus athchúrsáil a dhéanamh, ba cheart an fhaisnéis is gá ina leith sin a chur ar fáil i bpasanna táirge digiteacha a bheidh inrochtana trí iompróirí sonraí agus ar shuíomhanna gréasáin an mhonaróra. |
|
(52) |
Is uirlis ríthábhachtach iad faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta chun faisnéis a sholáthar atá leordhóthanach chun cinntí eolacha a dhéanamh maidir le ceannach, suiteáil, úsáid, cothabháil, díchóimeáil, athúsáid agus athchúrsáil an táirge do ghrúpa leathan a bhféadfadh gá a bheith aige leis an bhfaisnéis. Dá bhrí sin, ba cheart gnéithe atá le cumhdach leis an bhfaisnéis ghinearálta táirge, leis na treoracha úsáide agus leis an bhfaisnéis sábháilteachta a shonrú sa Rialachán seo agus ba cheart a bheith in ann a áireamh i gcaighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta treoir maidir le conas na gnéithe sin a chumhdach go hiondúil i ndáil le táirge áirithe. Le treoir den sórt sin, áfach, níor cheart leathnú ná srianadh a dhéanamh ar an bhfreagracht atá ar an monaróir faisnéis a sholáthar mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun a áirithiú, maidir leis an oibleagáid an fhaisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta a sholáthar d’fhinte sonracha táirgí nó do chatagóirí sonracha táirgí, go gcuirfear chun feidhme í go leormhaith agus go haonchineálach nuair nach féidir é sin a dhéanamh le caighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta. |
|
(53) |
Tagann roinnt táirgí foirgníochta chun bheith ina ndramhaíl cé nár úsáideadh riamh iad. Chun an cur amú acmhainní sin a sheachaint, níor cheart don Rialachán difear a dhéanamh don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit oibleagáid a chur ar mhonaróirí glacadh le húinéireacht táirgí nár úsáideadh tar éis a seachadta ar láithreán foirgníochta nó chuig an úsáideoir agus atá i riocht atá coibhéiseach leis an gceann inar cuireadh ar an margadh iad a fháil ar ais go díreach nó trína n-allmhaireoirí agus a ndáileoirí. |
|
(54) |
Chun bheith in ann roghanna eolasacha a dhéanamh, ba cheart úsáideoirí táirgí foirgníochta a bheith ar an eolas a ndóthain maidir le feidhmíocht chomhshaoil táirgí, maidir lena gcomhréireacht le ceanglais chomhshaoil agus maidir leis an méid atá oibleagáidí comhshaoil an mhonaróra á gcomhlíonadh ina leith sin. Dá bhrí sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun ceanglais shonracha maidir le lipéadú a bhunú. |
|
(55) |
Go minic, ní bhíonn teacht ach ar na hionadaithe údaraithe i gcás táirgí allmhairithe agus is minic a shannann monaróirí cúraimí an-teoranta dóibh agus nach dtugann siad an fhaisnéis uile is gá dóibh chun ionadaíocht éifeachtach a dhéanamh ar na monaróirí. Dá bhrí sin, ba cheart ról agus freagrachtaí na n-ionadaithe údaraithe a neartú agus a leagan amach go soiléir sa Rialachán seo, amhail na cúraimí atá le háireamh i sainordú an mhonaróra. Níor cheart tarraingt suas doiciméadachta teicniúla a bheith san áireamh i sainordú an ionadaí údaraithe. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag monaróirí conradh ar leithligh a bhunú lena n-ionadaí údaraithe chun na críche sin, lasmuigh de raon feidhme an tsainordaithe. |
|
(56) |
Ba cheart monaróir a bheith ann i gcónaí nuair atá oibleagáidí maidir le táirge a chur ar an margadh á mbunú leis an Rialachán. I gcás nach bhfuil aon mhonaróir ann de réir bhrí an Rialacháin seo ar shlí eile, ba cheart don dáileoir nó don allmhaireoir gníomhú mar mhonaróir agus a fhreagrachtaí a ghlacadh chuige féin. |
|
(57) |
Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a mhodhnaíonn táirge nó a stórálann é ar bhealach lena bhféadfaí difear a dhéanamh dá fheidhmíocht nó dá shábháilteacht, ba cheart dó a bheith faoi réir oibleagáidí na monaróirí chun a áirithiú go bhfíorófar cibé an bhfuil feidhmíocht nó sábháilteacht an táirge fós mar an gcéanna. Níor cheart, áfach, an oibleagáid sin a fhorchur ar oibreoir eacnamaíoch a dhéanann táirgí a athphacáistiú, mar mura ndéanfaí amhlaidh chuirfí bac ar thrádáil thánaisteach agus, ar an tslí sin, ar shaorchúrsaíocht táirgí, agus níor cheart, i bprionsabal, d’athphacáistiú difear a dhéanamh d’fheidhmíocht ná sábháilteacht an táirge foirgníochta. Mar sin féin, agus é mar aidhm feidhmíocht agus sábháilteacht táirgí a chaomhnú, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch atá i mbun an athphacáistithe a bheith freagrach as na hoibríochtaí sin a chur i gcrích i gceart chun a áirithiú nach ndéanfar damáiste don táirge agus go gcuirfear na húsáideoirí ar an eolas i gceart sa teanga a leagann amach an Ballstát ina gcuirtear na táirgí ar fáil. |
|
(58) |
I bhfianaise a éifeachtaí comhshaoil, ba cheart a chumhdach freisin le ríomh inbhuanaitheachta comhshaoil táirge foirgníochta an phacáistíocht a úsáidtear nó is dóchúla a úsáidfear. Is féidir le pacáistíocht an táirge a bheith ríthábhachtach freisin chun feidhmíocht an táirge a chaomhnú tríd an slabhra dáileacháin go dtí an t-úsáideoir. Cé nach n-áirítear an phacáistíocht féin i measúnuithe eile ar fheidhmíocht táirge, ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch, mar chuid dá n-oibleagáid bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh táirgí de bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo, a bheith freagrach as pacáistíocht a úsáid atá oiriúnach chun feidhmíocht agus comhlíonadh cheanglais na dtáirgí a chaomhnú. D’fhéadfadh an phacáistíocht féin a bheith ina riosca d’úsáideoirí agus ba cheart an méid sin a chur san áireamh san oibleagáid maidir le faisnéis a sholáthar faoi rioscaí a bhaineann le húsáid an táirge. |
|
(59) |
Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a mhéadú i measc monaróirí agus chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh agus chun an faireachas margaidh a fheabhsú, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse próiseála orduithe, do mhargaí ar líne agus do ghníomhaithe margaidh eile rannchuidiú go gníomhach lena áirithiú nach sroichfidh ach táirgí comhlíontacha na húsáideoirí. |
|
(60) |
Chun nach rachfar timpeall ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo i gcás ina mbaineann roinnt gníomhaithe éagsúla a rannchuidíonn le dearadh agus monarú táirge foirgníochta leis an teicneolaíocht táirgthe, is gá ról dea-shainithe monaróra a shuí i gcás ina nglacann an duine nádúrtha nó dlítheanach a tháirgeann an táirge foirgníochta go hiarbhír na freagrachtaí faoin Rialachán seo i ndáil leis an táirge ina iomláine, ach amháin i gcás ina bhfuil duine eile ann a chuireann an táirge ar an margadh faoina ainm nó hainm nó a thrádmharc nó trádmharc, nó a ghlacann freagracht as an táirge trí dhearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i ndáil le priontáil 3T, trína bpriontálann duine nádúrtha nó dlítheanach táirgí foirgníochta in 3T agus trína gcuireann an duine sin ar an margadh iad. Ba cheart don duine sin na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí a chomhlíonadh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le húsáid a bhaint as tacair sonraí 3T iomchuí agus as ábhair atá tar éis dul faoi na nósanna imeachta is infheidhme maidir le táirgí, agus maidir le comhfhreagairt na faisnéise atá le soláthar ag monaróir an tacair sonraí 3T leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag monaróir an ábhair priontála. |
|
(61) |
I gcásanna nach bhfuil sé beartaithe an táirge a úsáid don fhoirgníocht ach gur dócha go n-úsáidfidh tomhaltóirí an táirge san fhoirgníocht de bharr na cuma atá air, bíonn treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an táirge de bhun Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nó de bhun rialachán eile is infheidhme lena léirítear nár dearadh é mar tháirge foirgníochta in ainneoin na cuma atá air. Tá na húdaráis faireachais margaidh leis na bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an fhéidearthacht an táirge a tharraingt siar ón margadh, más rud é go bhféadfaí mearbhall a bheith ar an tomhaltóir nó go bhféadfadh an tomhaltóir mí-úsáid a bhaint as an táirge mar gheall ar an gcuma atá air. |
|
(62) |
Chun infheidhmeacht an Rialacháin seo maidir le díolacháin ar líne agus ciandíolacháin eile a shoiléiriú, ba cheart a shainiú cad iad na coinníollacha faoina meastar táirge áirithe a bheith á thairiscint do chliaint san Aontas. Ós rud é gur mó an dóchúlacht go mbeidh neamhchomhlíonadh i gceist le trádáil ar líne, ba cheart do na Ballstáit iarracht speisialta a dhéanamh údarás aonair faireachais margaidh a ainmniú chun tairiscintí ciandíolacháin atá dírithe ar chliaint ar a gcríoch a bhrath, ionas gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh atá freagrach bearta iomchuí a dhéanamh. Maidir le tairiscintí ina n-úsáidtear airgeadra na mBallstát, atá ar fáil trí ainm fearainn idirlín atá cláraithe i gceann de na Ballstáit nó a thagraíonn don Aontas nó do cheann de na Ballstáit, agus a sheoltar chuig aon Bhallstát, ba cheart a mheas go bhfuil siad dírithe ar chustaiméirí san Aontas. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh gnéithe eile amhail úsáid teanga oifigiúla Ballstáit a mheas freisin mar léiriú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil an tairiscint dírithe ar chustaiméirí san Aontas. |
|
(63) |
Tá teicneolaíochtaí digiteacha, lena gcuirtear acmhainneacht shuntasach ar fáil chun ualach riaracháin agus costais a laghdú d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis, ag forbairt go tapa, agus deiseanna agus samhlacha gnó nuálacha agus nua á gcothú an tráth céanna. Trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, rannchuideofar go mór freisin le baint amach chuspóirí an Rabharta Athchóiriúcháin, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, measúnuithe saolré agus faireachán agus stoc na bhfoirgneamh. |
|
(64) |
Chun a áirithiú go nglacfar caighdeáin chomhchuibhithe agus doiciméid um measúnú Eorpach go tráthúil, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún iad a dhéanamh éigeantach maille le srianta ar a n-éifeachtaí dlíthiúla faoin Rialachán seo. Ba cheart é a bheith indéanta a chumhdach le srianta den sórt sin, mar shampla, tagairtí atá as dáta do chaighdeáin nó do dhoiciméid eile, forálacha atá contrártha leis an Rialachán seo nó le dlí eile de chuid an Aontais, forálacha atá contrártha le caighdeáin chomhchuibhithe eile, nó forálacha nach bhfuil i gcomhréir leis na héilimh atá le comhlíonadh i ndáil leis na bunphrionsabail agus na pointí tagartha a leagtar amach in iarraidh ar chaighdeánú. |
|
(65) |
Chun comhleanúnachas an chórais a áirithiú, ba cheart don Rialachán seo tógáil ar an gcreat cothrománach dlí le haghaidh caighdeánú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid is féidir maidir le caighdeáin arna ndéanamh éigeantach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, tá Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 le foráil a dhéanamh, i measc nithe eile, maidir le nós imeachta le haghaidh agóidí i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach bhfuil na caighdeáin sin go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme ná nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach san iarraidh ábhartha ar chaighdeánú nó ceanglais eile an Rialacháin seo. |
|
(66) |
Ba cheart don Choimisiún tacú le heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú treoirlínte a fhorbairt lena leagtar síos sraith rialacha soiléire agus cobhsaí don phróiseas um chaighdeánú ina iomláine, lena n-áirítear róil, freagrachtaí, inniúlachtaí agus na spriocdhátaí ginearálta nós imeachta do na geallsealbhóirí uile lena mbaineann, chomh maith le teimpléid atá le húsáid. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht a sholáthar freisin chun comhleanúnachas agus comhlíonadh caighdeán le ceanglais dhlíthiúla a áirithiú agus ba cheart dó a bheith rannpháirteach i bplé neamhfhoirmiúil agus foirmiúil na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a fhorbraíonn na foilseacháin Eorpacha maidir le caighdeánú arna n-iarraidh, go háirithe maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo agus le dlí eile de chuid an Aontais a bheith á gcomhlíonadh ag na foilseacháin maidir le caighdeánú. Leis na gníomhaíochtaí sin, ba cheart tairbhe a bhaint as an obair chothrománach a forbraíodh i gcomhthéacs chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. |
|
(67) |
Nuair a dhéanann an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tograí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a fhormhuiniú maidir le leibhéil tairsí dheonacha nó éigeantacha agus aicmí feidhmíochta i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha agus na saintréithe bunriachtanacha sin nach mór do mhonaróirí a dhearbhú i gcónaí, ba cheart measúnú tionchair a bheith ag gabháil leo i gcás inar gá sin i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). |
|
(68) |
Ós rud é nach gníomhartha infheidhmeachta ginearálta iad ach gurb iad an chéad chéim den nós imeachta riaracháin dhá chéim a bhfuil an mharcáil CE mar thoradh air, níor cheart do dhoiciméid um measúnú Eorpach cáiliú mar shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Mar sin féin, is féidir le bunphrionsabail maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt, amhail trédhearcacht d’iomaitheoirí, feidhm a bheith acu maidir le doiciméid um measúnú Eorpach agus ba cheart feidhm a bheith acu maidir leo. Ina theannta sin, ba cheart tagairt a dhéanamh do na doiciméid um measúnú Eorpach i bpróiseas an mheasúnaithe agus an fhíoraithe ar an mbealach céanna agus a thagraítear do chaighdeáin chomhchuibhithe. Chun trédhearcacht a chruthú d’iomaitheoirí, ba cheart doiciméid um measúnú Eorpach a chur ar fáil go poiblí agus ba cheart na tagairtí do na doiciméid uile um measúnú Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(69) |
Faoi láthair, tá an riosca ann go gcuirfear moill ar a bhfoilsiú toisc go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndoiciméad um measúnú Eorpach arb ar éigean a fhéadfar iad a dhealú ó chinn eile nó caighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana agus nach mbíonn ach mórán breisluacha ag baint leo go minic i gcomparáid leo. Chun déileáil leis an riosca sin ar bhealach costéifeachtach, ba cheart prionsabail áirithe a bhunú chun doiciméid um measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh nó ba cheart iad a dhéanamh níos nithiúla. Thairis sin, ba cheart rialú an Choimisiúin a fheabhsú. |
|
(70) |
I gcás ina measann eagraíocht na gcomhlachtaí um measúnú teicniúil (CMTanna) go bhfuil forbairt doiciméid um measúnú Eorpach úsáideach fiú gan aon éileamh ó mhonaróir, ba cheart d’eagraíocht CMTanna aird an Choimisiúin a tharraingt ar an tsaincheist agus ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le forbairt an doiciméid um measúnú Eorpach a iarraidh, agus an t-údar a thug eagraíocht CMTanna agus riachtanais an mhargaidh á gcur san áireamh. |
|
(71) |
Níor cheart na ceanglais is infheidhme maidir le húdaráis ainmniúcháin CMTanna a bheith chun deiridh ar na ceanglais is infheidhme maidir le húdaráis a thugann fógra i bhfianaise na gcosúlachtaí idir a róil faoi seach. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an leibhéal céanna neamhspleáchais agus rialaithe ar chinnteoireacht a bheith ag CMTanna agus atá ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra. |
|
(72) |
Chun freagairt do chéatadán suntasach d’fhógraí a bhí bunaithe ar mheasúnuithe neamhiomlána nó earráideacha, go háirithe i gcás inar tugadh fógra faoi chomhlachtaí dlíthiúla nach raibh a n-inniúlacht theicniúil inmheánach féin acu, is gá ceanglais ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanamh níos beaichte, eadhon maidir lena neamhspleáchas, maidir lena dtarmligean chuig eintitis dhlíthiúla eile agus maidir lena gcumas féin feidhmiú; a cheangal go mbeidh foireann leordhóthanach leormhaith cháilithe ann do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus leormhaitheas an tsoláthair foirne a fhíorú, ar féidir maitrís cháilíochta a bheith ina huirlis éifeachtúil ina leith; a áirithiú agus a fhíorú go bhfuil foireann, sannadh saineolaithe seachtracha, nósanna imeachta, critéir agus cinnteoireacht á rialú go héifeachtach ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, agus nach bhfuil sé ina fhochonraitheoir, ina fhochuideachta ná ina chuideachta eile ar leis an bhfine chéanna cuideachtaí é; agus an doiciméadacht atá le soláthar ag comhlachtaí a mhéadú agus iarratas á dhéanamh acu ar ainmniú mar chomhlacht faoina dtugtar fógra chun bonn níos doimhne agus níos cothroime a chur ar fáil do na húdaráis a thugann fógra. |
|
(73) |
Chun cur chun feidhme ceart an Rialacháin seo a áirithiú, is gá a áirithiú go nglacann comhlachtaí creidiúnaithe an Rialachán seo mar bhonn le creidiúnú seachas caighdeáin a imíonn ar chlaonadh. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanann na comhlachtaí creidiúnaithe measúnú ar chumas an chomhlachta iarrthaigh seachas ar chumas grúpa cuideachtaí, toisc gurb é an comhlacht iarrthach é féin a chaithfidh a bheith i gceannas ar dheimhniúchán amach anseo. |
|
(74) |
Chun cothrom iomaíochta a bhaint amach agus chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint, ba cheart oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a shainiú agus a dhéanamh níos sainráite, agus an méid sin a dhéanamh dá ngníomhaíochtaí measúnúcháin agus fíorúcháin agus do na gnéithe gaolmhara araon. |
|
(75) |
Chun rannpháirtíocht idir foireann na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus na monaróirí a sheachaint, ba cheart do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a bheith in ann uainíocht a cheadú idir an pearsanra a dhéanann cúraimí éagsúla maidir le measúnú comhréireachta. |
|
(76) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh ceisteanna ag údaráis de chuid na mBallstát nach féidir ach le comhlacht áirithe faoina dtugtar fógra a fhreagairt. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra freagra a thabhairt freisin ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ag údaráis Ballstát eile. |
|
(77) |
Chun gur fusa do na húdaráis cásanna neamhchomhlíonta ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ag monaróirí agus ag táirgí a shainaithint, agus chun cothrom iomaíochta a áirithiú, ba cheart cumhacht a thabhairt do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis maidir le cásanna neamhchomhlíonta a chur ar aghaidh go réamhghníomhach chuig údaráis náisiúnta inniúla ábhartha nó chuig údaráis a thugann fógra agus, i gcás inar féidir an neamhchomhlíonadh a léiriú go soiléir fiú, ba cheart é a bheith d’oibleagáid orthu déanamh amhlaidh. Níor cheart do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, áfach, dul thar an oibleagáid faisnéise trí imscrúdú a dhéanamh ar oibreoirí eile seachas a gcliaint nó a bpiaraí féin. |
|
(78) |
D’fhonn cothrom iomaíochta a chruthú do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus do mhonaróirí, ba cheart an comhordú i measc comhlachtaí faoina dtugtar fógra a fheabhsú. Ós rud é nach mbíonn ach leath de na comhlachtaí reatha faoina dtugtar fógra rannpháirteach ar a dtionscnamh féin i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra atá ann faoi láthair, ba cheart rannpháirtíocht dhíreach nó rannpháirtíocht trí bhíthin ionadaithe ainmnithe ina leith a bheith éigeantach dá bhrí sin. |
|
(79) |
Na hiarrachtaí nósanna imeachta simplithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bhunú i Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus, dá bhrí sin, an t-ualach agus na costais ar FBManna agus ar mhicrifhiontair a laghdú, ní raibh na hiarrachtaí sin go hiomlán éifeachtach agus is minic a baineadh míthuiscint astu nó nár úsáideadh iad mar gheall ar an easpa feasachta nó ar an easpa soiléireachta maidir lena gcur i bhfeidhm. Trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh, agus na rialacha a bunaíodh roimhe á bhforbairt, is gá a gcur i bhfeidhm a shoiléiriú agus a éascú agus, dá bhrí sin, an cuspóir maidir le tacaíocht a thabhairt do FBManna a bhaint amach, agus feidhmíocht, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí foirgníochta á n-áirithiú an tráth céanna. |
|
(80) |
Ba cheart aitheantas na dtorthaí tástála a fuair monaróir eile, dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, a ghinearálú, chun ualach na n-oibreoirí eacnamaíocha, eadhon monaróirí, a laghdú go ginearálta. Tá gá ar leith le sásra aitheantais den sórt sin ionas nach ndéanfar measúnú iolrach ar inbhuanaitheacht chomhshaoil na n-amhábhar, na dtáirgí eatramhacha agus na dtáirgí deiridh. |
|
(81) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i gcás fadhbanna sábháilteachta nó feidhmíochta, níor cheart aitheantas den sórt sin a cheadú ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh measúnú orthu agus atá fíoraithe comhoibriú eatarthu féin agus leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra lena mbaineann, lena n-áirítear comhroinnt riachtanach na sonraí. |
|
(82) |
Léiríodh sa mheastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 go bhfuil éagsúlacht mhór idir na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, ó thaobh cáilíochta agus éifeachtachta de. Sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus faoi dhlíthe ábhartha an Aontais ar mhaithe le faireachas margaidh níos fearr, ba cheart comhlíonadh an Rialacháin seo ag oibreoirí eacnamaíocha, comhlachtaí agus táirgí a éascú trí rannpháirt a thabhairt do thríú páirtithe freisin, amhail an deis a bheith ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach faisnéis a thíolacadh maidir le cásanna neamhchomhlíonta trí thairseach um ghearáin arna bunú agus arna cothabháil ag an gCoimisiún. Leanann an láimhseáil gearán an ceart chun dea-riaracháin, mar a chumhdaítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Agus na gearáin á láimhseáil aige, ba cheart don Choimisiún ábharthacht agus bunús an ghearáin a chur san áireamh trí thosaíocht a thabhairt do na gearáin sin a ardaíonn saincheisteanna a bhfuil tionchair dhiúltacha fhorleathana acu ar shaoránaigh nó ar an margadh inmheánach. Chun a mheas go bhfuil bunús le gearán, ba cheart don Choimisiún a sheiceáil go háirithe an éiríonn leis an ngearán casaoid a leagan amach nó an leagtar amach sa chasaoid saincheist inar ghlac an Coimisiún seasamh soiléir, poiblí agus comhsheasmhach a cuireadh in iúl don ghearánach. Ba cheart don Choimisiún freagra a thabhairt don ghearánach gan moill mhíchuí agus na gearáin a tharchur go héifeachtúil chuig na Ballstáit ábhartha ar cheart dóibh na gearáin sin a láimhseáil go pras agus go héifeachtach i gcomhréir lena gcreataí dlíthiúla agus lena n-oibleagáidí. |
|
(83) |
Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh maidir leis an bhfaireachas margaidh faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ba cheart tuilleadh cumhachtuithe a bhfuil údar leo a thabhairt d’údaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún leis an Rialachán seo, rud ba cheart a chur ar chumas na n-údarás gníomhú i ngach imthoisc fhadhbach a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(84) |
Tá sé cruthaithe ag cleachtas faireachais margaidh go bhfuil riosca neamhchomhlíonta ann agus meastóireacht á déanamh ar tháirgí, ag tráth áirithe ama, ach nach bhfuil aon teagmhas ann maidir le neamhchomhlíonadh, ach, ag tráth níos déanaí, go bhfuil a mhalairt le lua. Ina theannta sin, tá cásanna ann ina bhfuil neamhchomhlíonadh seachas neamhchomhlíonadh foirmiúil nach spreagann riosca. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na Ballstáit gníomhú i ngach cás ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh nó riosca, agus ní mór an sainmhíniú ar ‘táirge lena mbaineann riosca’ a leathnú chun riosca don chomhshaol a chur san áireamh. Is gá dóthain solúbthacht nós imeachta a chur ar fáil do na Ballstáit chun idirdhealú a dhéanamh idir cásanna neamhchomhlíonta ardtosaíochta agus ísealtosaíochta, agus ba cheart na Ballstáit uile a chur ar an eolas faoi chásanna ar lú a dtábhacht. |
|
(85) |
Chun forfheidhmiú éifeachtach na gceanglas a áirithiú agus chun faireachas margaidh a neartú sna Ballstáit, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le cleachtais choiteanna agus modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh faireachas margaidh éifeachtach, lena n-áirítear, mar shampla, gnéithe amhail líon molta agus cineál molta seiceálacha atá le déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh ar chatagóir shonrach táirgí nó ar fhine shonrach táirgí nó i ndáil le ceanglais shonracha. Is iomchuí na moltaí sin a bheith bunaithe ar dhea-chleachtais a forbraíodh faoi chuimsiú an fhaireachais margaidh. |
|
(86) |
Ina theannta sin, chun acmhainneachtaí na n-údarás faireachais margaidh atá lag ar an meán a neartú ó thaobh faireachas margaidh de agus chun tuilleadh ailínithe a dhéanamh le Rialachán (AE) 2024/1781, is gá tacaíocht chomhordaithe riaracháin níos mionsonraithe a sholáthar agus an ceart a thabhairt dóibh costais na gcigireachtaí agus na tástála a aisghabháil ó oibreoirí eacnamaíocha i ndáil le táirgí neamhchomhlíontacha. |
|
(87) |
Chun dreasacht a chruthú chun acmhainneachtaí na n-údarás faireachais margaidh a mhéadú ó thaobh faireachas margaidh de agus chun teacht ar ailíniú le Rialachán (AE) 2024/1781, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis na pionóis a fhorchuirtear. |
|
(88) |
Chun freastal níos fearr ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart do na pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht éirí chun bheith níos éifeachtaí agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh tuilleadh acmhainní a fháil. Chun obair oibreoirí eacnamaíocha a éascú, ba cheart cúraimí na bpointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht a mhionchoigeartú agus síneadh a chur leo ionas go n-áireofaí faisnéis faoi fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann le táirgí agus faoi ghníomhartha a ghlactar i gcomhréir leis. Ba cheart do na Ballstáit feasacht oibreoirí eacnamaíocha ar na pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht laistigh dá gcríoch a ardú freisin. |
|
(89) |
Is gá sásra comhordaithe iomchuí, éifeachtúil agus costéifeachtach a bhunú chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na n-oibleagáidí agus na gceanglas a leagtar síos a áirithiú agus chun an córas foriomlán a neartú, agus é á chur san áireamh freisin go bhféadfadh ceisteanna léirmhínithe nua teacht chun cinn maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht táirgí agus oibreacha foirgníochta. Ós rud é go gcruthaíonn cinntí atá éagsúil lena chéile éagothroime, go rannchuidíonn siad leis an gcreat dlíthiúil a dhéanamh níos casta, go gcruthaíonn siad bacainní ar shaorghluaiseacht an mhargaidh inmheánaigh agus ualach breise riaracháin agus costais bhreise ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart na cásanna sin a chosc a mhéid is féidir. |
|
(90) |
Go háirithe, ba cheart córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú chun ceisteanna a bhaineann le léirmhíniú a bhailiú, chun teacht ar réitigh choiteanna iomchuí agus chun feabhas a chur ar chomhroinnt na faisnéise i ndáil leis sin. Chun comhroinnt faisnéise a éascú, ba cheart córas den sórt sin a bheith ag brath ar chórais náisiúnta. Ba cheart do na córais náisiúnta sin cásanna ina bhfuil an Rialachán seo á chur i bhfeidhm go míchothrom a shainaithint freisin, chun a áirithiú nach cleachtas coiteann ná buan iad cleachtais éagsúla. Ba cheart don chóras faisnéise agus cumarsáide déileáil freisin le saincheisteanna a ardaítear a bhaineann le teacht chun cinn táirgí nua nó samhlacha nua gnó, cásanna gan choinne agus cásanna ina bhfuil feidhm ag forálacha eile de dhlí an Aontais freisin. |
|
(91) |
A bhuí le digitiú agus infhaighteacht faisnéise faoi tháirgí, cuirtear leis an trédhearcacht ar mhaithe le sábháilteacht táirgí agus chun an comhshaol agus sláinte daoine a chosaint agus, an tráth céanna, laghdaítear an t-ualach riaracháin agus na costais d’oibreoirí eacnamaíocha. Dá réir sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun córas pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta a bhunú a bheidh ailínithe a mhéid is féidir leis an bpas táirge digiteach faoi Rialachán (AE) 2024/1781. |
|
(92) |
Chun meaisín-inléiteacht a fheabhsú, is gá foclóir coiteann sonraí a bhunú bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha, mar aon le huirlis chun an struchtúr sonraí a rialú agus a fhoilsiú mar aon lena sainmhínithe agus tuairiscí fiúntacha le haghaidh gach táirge foirgníochta ábhartha. I gcás gach fine táirgí nó catagóire táirgí, ba cheart a áireamh san fhoclóir sonraí na saintréithe bunriachtanacha agus na hairíonna eile go léir a leagtar amach sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe chomh maith le faisnéis eile a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Le foclóir sonraí a chomhchuibhítear ar leibhéal an Aontais, is féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla sainmhínithe struchtúrtha a aicmiú agus a úsáid agus is féidir déanamh amhlaidh i gcomhthéacs an earnáil foirgníochta a dhigitiú tuilleadh, go háirithe maidir le Samhaltú Faisnéise Foirgníochta, logleabhair thógála, pasanna digiteacha agus clárlanna. |
|
(93) |
Chun a leibhéal inniúlachta a fheabhsú, a gcinnteoireacht a chomhchuibhiú agus cothrom iomaíochta a chruthú d’oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart oiliúint a eagrú d’údaráis faireachais margaidh, do phointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, d’údaráis ainmniúcháin, do na húdaráis a thugann fógra, agus d’ionadaithe comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus do CMTanna. Ba cheart na spriocanna céanna a shaothrú freisin trí bhaill foirne a mhalartú idir na húdaráis faireachais margaidh, na húdaráis a thugann fógra agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra de chuid dhá Bhallstát nó níos mó. |
|
(94) |
Níl an inniúlacht theicniúil ag Ballstáit áirithe i gcónaí chun na hoibleagáidí uile atá orthu a chomhlíonadh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais go carnach do gach earnáil táirgí. Dá bhrí sin, faigheann siad tacaíocht neamhfhoirmeálta ó Bhallstáit eile. Ós rud é nach féidir tacaíocht den sórt sin a sheachaint i gcásanna áirithe, ba cheart a leagan amach sa Rialachán seo na rialacha bunúsacha maidir le tacaíocht den sórt sin, eadhon freagrachtaí a shoiléiriú. |
|
(95) |
Is de réir a chéile a éiríonn gnó ar tháirgí foirgníochta níos idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tagann cásanna chun cinn inar gá cur i gcoinne neamhchomhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe lasmuigh den Aontas freisin. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo i ndáil le forálacha maidir le comhar idirnáisiúnta. |
|
(96) |
Cuireann líon áirithe tríú tíortha reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm maidir le táirgí nó ar a laghad aithníonn siad deimhnithe a eisítear i gcomhréir léi, bíodh sin ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta nó go haontaobhach, ar chun leasa an Aontais iad araon. Chun dreasacht a thabhairt do na tríú tíortha sin leanúint den chleachtas sin agus do thríú tíortha eile an rud céanna a dhéanamh, ba cheart féidearthachtaí áirithe breise a sholáthar, ar bhonn cás ar chás, do thríú tíortha a bhfuil reachtaíocht an Aontais maidir le táirgí á cur i bhfeidhm acu nó a aithníonn deimhnithe a eisítear i gcomhréir leis an reachtaíocht sin. Ar an gcúis sin, ba cheart é a bheith indéanta, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tacú leis na tríú tíortha sin atá an-chomhoibríoch trí chead a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach i gcúrsaí áirithe oiliúna agus a bheith rannpháirteach sa chóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta, sa chóras faisnéise le haghaidh cinnteoireacht chomhchuibhithe agus sa mhalartú faisnéise i measc na n-údarás. Ina theannta sin, ar an gcúis chéanna, ba cheart é a bheith indéanta na tríú tíortha sin atá an-chomhoibríoch a chur ar an eolas faoi tháirgí neamhchomhlíontacha nó rioscúla. |
|
(97) |
Chun úsáid táirgí foirgníochta inbhuanaithe a dhreasú, agus saobhadh margaidh á sheachaint an tráth céanna, agus chun fanacht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1781, ba cheart a dhíriú ar na táirgí is inbhuanaithe leis na dreasachtaí i leith úsáid táirgí foirgníochta inbhuanaithe a sholáthraíonn na Ballstáit. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún dreasachtaí na mBallstát a chomhordú chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí áirithe atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. D’fhéadfadh na Ballstáit dreasachtaí a sholáthar freisin chun táirgí foirgníochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus inbhuanaithe a chur chun cinn, ar táirgí iad nach gcumhdaítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair. |
|
(98) |
Is ionann soláthar poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Chun feabhas a chur ar úsáid táirgí foirgníochta inbhuanaithe, a rannchuideodh leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a fheabhsú agus aistriú chuig geilleagar ciorclach a chosnaíonn an tsláinte phoiblí agus an bhithéagsúlacht, agus chun teacht ar ailíniú le Rialachán (AE) 2024/1781, ba cheart do chleachtais soláthair phoiblí na mBallstát íoscheanglais feidhmíochta éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí foirgníochta a leagtar amach le gníomhartha tarmligthe a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún na saintréithe bunriachtanacha a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus a gcur chun feidhme a chinneadh i bhfoirm ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: sonraíochtaí teicniúla, critéir roghnúcháin, clásail feidhmíochta conartha nó critéir dámhachtana conartha. Ní bhaineann na híoscheanglais feidhmíochta éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil ach le saintréithe bunriachtanacha amháin agus ní thagann siad roimh an bhféidearthacht go mbeadh na Ballstáit níos uaillmhianaí ina gconarthaí trí fheidhmíocht níos fearr a iarraidh le haghaidh na saintréithe bunriachtanacha ábhartha, agus an crios comhchuibhithe á urramú an tráth céanna. |
|
(99) |
Ba cheart a cheangal ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha, i gcás inarb iomchuí, a soláthar a ailíniú le critéir shonracha soláthair phoiblí ghlais, atá le leagan amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart na critéir d’fhinte sonracha táirgí nó do chatagóirí sonracha táirgí a chomhlíonadh i gcás ina n-éilítear le conarthaí íosfheidhmíocht éigeantach inbhuanaitheachta comhshaoil le haghaidh táirgí foirgníochta maidir lena saintréithe bunriachtanacha a chumhdaítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Ba cheart na híoscheanglais sin a bhunú i gcomhréir le critéir thrédhearcacha, oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Agus gníomhartha tarmligthe a bhaineann le soláthar poiblí glas á bhforbairt aige, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar imthosca geografacha, sóisialta agus eacnamaíocha éagsúla na mBallstát. Agus an éifeacht ar staid an mhargaidh á breithniú aige, ba cheart don Choimisiún, i measc nithe eile, éifeachtaí na gceanglas ar an iomaíocht, ar FBManna agus ar na táirgí agus na réitigh chomhshaoil is fearr atá ar fáil ar an margadh a chur san áireamh. Agus féidearthacht eacnamaíoch na n-údarás conarthach á meas aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh go bhféadfadh acmhainneachtaí buiséadacha éagsúla a bheith ag údaráis chonarthacha éagsúla i mBallstáit éagsúla. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a bheith in ann maolú ó na ceanglais amhail i gcás nach bhfuil ach soláthróir amháin ann, i gcás nach bhfuil aon tairiscintí oiriúnacha ann nó i gcás ina mbeadh costas díréireach ann dá gcuirfí i bhfeidhm iad. |
|
(100) |
Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i gcás éigeandáil sa mhargadh inmheánach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/2748 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ar na cúiseanna a leagtar amach sa Rialachán sin, is gá foráil a dhéanamh i ndáil le rialacha maidir le táirgí foirgníochta a ainmnítear mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tosaíocht a thabhairt don mheasúnú agus don fhíorú a dhéantar ar na táirgí sin, measúnú agus dearbhú feidhmíochta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna agus maidir le tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc údarás, i gcás modh gníomhach éigeandála an mhargaidh inmheánaigh faoin Rialachán sin. |
|
(101) |
Chun dul chun cinn teicniúil agus eolas ar fhianaise eolaíoch nua a chur i gcuntas, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, chun rochtain ar an bhfaisnéis a éascú agus chun cur chun feidhme aonchineálach na rialacha a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní II, III, IV, V, VI, VII, IX agus X a leasú agus leis an Rialachán seo a leasú chun feidhmiúlachtaí áirithe a shonrú, a chur leis agus a bhaint agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe d’fhonn comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht le Rialachán (AE) 2024/1781 a áirithiú. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: leibhéil tairsí dheonacha nó éigeantacha a chinneadh i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha, aicmí feidhmíochta a chinneadh i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha, agus na saintréithe bunriachtanacha a chinneadh nach mór do mhonaróirí a dhearbhú i gcónaí; gnéithe d’iarrataí ar chaighdeánú a chinneadh mar aon le coinníollacha faoina measfar go gcomhlíonann táirge leibhéal áirithe nó leibhéal tairsí áirithe nó go gcáilíonn sé d’aicme feidhmíochta gan tástáil, nó gan a thuilleadh tástála; ceanglais táirge a bhunú i gcomhréir le hIarscríbhinn III; rialacha a bhunú maidir le faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta a sholáthar don fhine táirgí lena mbaineann nó don chatagóir táirgí lena mbaineann; an córas measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme as measc na gcóras a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a chinneadh i gcás gach fine táirgí nó catagóire táirgí; coinníollacha a leagan síos faoinar féidir oibleagáidí a bhaineann le measúnú ar fheidhmíocht táirge nó le comhlíonadh ceanglas táirge áirithe a chomhlíonadh trí na hoibleagáidí faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh; oibleagáid a fhorchur ar mhonaróirí, i leith finte táirgí áirithe agus catagóirí táirgí áirithe, páirteanna spártha sonracha nach bhfuil ar fáil go coitianta do na táirgí a chuireann siad ar an margadh a chur ar fáil ar an margadh; ceanglais shonracha maidir le lipéadú inbhuanaitheachta comhshaoil a bhunú le haghaidh finte táirgí áirithe agus catagóirí táirgí áirithe; córas pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta a bhunú; agus íoscheanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a shonrú le haghaidh táirgí foirgníochta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Agus na gníomhartha sin á bhforbairt aige, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gCoimisiún an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí a laghdú agus riachtanais FBManna a chur san áireamh. |
|
(102) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). |
|
(103) |
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine nó le cosaint an chomhshaoil, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne. |
|
(104) |
Le Rialachán (AE) 2019/1020, leagtar síos rialacha maidir le creat cothrománach maidir le faireachas margaidh agus maidir le rialú táirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgí faoin Rialachán seo, a thairbhíonn de shaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas, ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint agus an comhshaol a chosaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin freisin maidir le táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a mhéid nach bhfuil aon fhorálacha sonracha a bhfuil an cuspóir céanna, an cineál céanna nó an éifeacht chéanna acu sa Rialachán seo. |
|
(105) |
Chun úsáid an Rialacháin seo a dhéanamh níos éifeachtúla agus chun an t-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart é a bheith indéanta iarratais agus cinntí a dhéanamh ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta. Chun deimhneacht dhlíthiúil a fháil, níor cheart iarratais ná cinntí a bheith bailí ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an ríomhshíniú ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus i gcás ina gcuirtear de chúram ar an sínitheoir ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chomhlachta nó an oibreora eacnamaíoch, i gcomhréir le dlí na mBallstát nó dlí an Aontais faoi seach. |
|
(106) |
Chun an t-ualach atá ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú tuilleadh, ba cheart é a bheith indéanta doiciméadacht a sholáthar i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta, agus ceanglais faisnéise a chomhlíonadh go leictreonach mar réamhshocrú. |
|
(107) |
Chun ardleibhéal comhlíontachta leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le cásanna neamhchomhlíonta agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhforfheidhmeofar na rialacha sin. Ba cheart do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
|
(108) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú, ba cheart a shonrú an bhfuil éifeachtaí dlíthiúla faoin Rialachán seo ag ainmniú pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, ainmniú CMTanna, nó ainmniú comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus ag caighdeáin chomhchuibhithe, doiciméid um measúnú Eorpach, measúnuithe teicniúla Eorpacha agus deimhnithe nó tuarascálacha tástála ó chomhlachtaí faoina dtugtar fógra arna nglacadh nó arna n-eisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, agus ba cheart a shonrú cá fhad a choimeádann siad na héifeachtaí sin. Ba cheart do na hidirthréimhsí lena mbaineann a bheith fada go leor chun go seachnófaí scrogaill maidir le hainmniú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus na CMTanna agus maidir le glacadh nó eisiúint doiciméad um measúnú Eorpach, measúnuithe teicniúla Eorpacha, agus deimhnithe nó tuarascálacha tástála ó chomhlachtaí faoina dtugtar fógra. |
|
(109) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú, ba cheart a shoiléiriú cá fhad a fhéadfar táirgí a chuirtear ar an margadh ar bhonn measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint i gcomhréir le doiciméid um measúnú Eorpach arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 a chur ar an margadh. |
|
(110) |
Ní féidir saintréithe bunriachtanacha táirgí foirgníochta agus a modhanna measúnúcháin araon a chinneadh ach amháin le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe atá le forbairt do na finte táirgí éagsúla agus catagóirí táirgí éagsúla, nó le doiciméid um measúnú Eorpach. Dá réir sin, níor cheart feidhm éigeantach a bheith ag na ceanglais agus na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha maidir le fine táirgí áirithe nó catagóir táirgí áirithe ach amháin ó 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe lena gcumhdaítear an fhine táirgí lena mbaineann nó an chatagóir táirgí lena mbaineann mura rud é go bhfuil dáta cur i bhfeidhm níos déanaí sonraithe san fhoilseachán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(111) |
Chun céimniú isteach rianúil sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sa todhchaí a éascú, agus an t-am is gá chun an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a dhréachtú á chur san áireamh, ba cheart cead a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha cur i bhfeidhm deonach an Rialacháin seo a roghnú amhail ó theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin. |
|
(112) |
Is gá a sheachaint gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha teacht timpeall go buan ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 a chur i bhfeidhm. Ar an gcúis sin, ba cheart don Choimisiún na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe agus do dhoiciméid um measúnú Eorpach a foilsíodh chun tacú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus lena gcumhdaítear fine táirgí áirithe nó catagóir táirgí áirithe a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi theacht i bhfeidhm na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe arna glacadh faoin Rialachán seo lena gcumhdaítear an fhine táirgí lena mbaineann nó an chatagóir táirgí lena mbaineann. |
|
(113) |
Cé go gcoinnítear coincheap na mbuncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta mar an nasc atá riachtanach go teicniúil idir oibreacha foirgníochta agus táirgí foirgníochta, ba cheart a chur in iúl go soiléir nach ionann iad agus oibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha nó ar Bhallstáit ós rud é gur inniúlacht de chuid na mBallstát é an ceart chun oibreacha foirgníochta a rialáil. Chun measúnú comhshaoil táirgí foirgníochta a chumhdach chomh maith le ceanglais táirge a chumhdach, ar ceanglais iad atá ann fiú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe reatha, ba cheart Iarscríbhinn I níos cuimsithí a fhorbairt, lena n-áirítear freisin liosta mionsonraithe de shaintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a bhaineann le measúnú saolré agus creat do na ceanglais táirge. An tráth sin, ba cheart deireadh a chur le forluí idir buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta agus ba cheart soiléirithe a thabhairt chun cinn. |
|
(114) |
Chun íosdéine rialaithe a bhaint amach maidir leis an measúnú agus fíorú a dhéanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar mhonaróirí agus chun cothrom iomaíochta a chruthú do mhonaróirí agus do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra araon, ba cheart, in Iarscríbhinn IX maidir le córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin, cúraimí na monaróirí agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a chinneadh ar bhealach níos cruinne agus níos cuimsithí faoi chórais éagsúla mheasúnúcháin agus fíorúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann. Thairis sin, ba cheart a chinneadh san Iarscríbhinn sin na measúnuithe agus na fíoruithe atá le déanamh chun inbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí a fhíorú, ó thaobh fheidhmíocht an táirge agus ceanglais táirge de. Nuair a shainíonn an Coimisiún an córas measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme d’fhine táirgí nó do chatagóir táirgí, ba cheart leanúnachas le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus comhleanúnachas ar fud finte táirgí a bheith ina dtreoirphrionsabail. |
|
(115) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon saorchúrsaíocht táirgí foirgníochta sábháilte agus inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach a áirithiú, rannchuidiú leis an aistriú glas agus digiteach agus sláinte agus sábháilteacht daoine agus an comhshaol a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach, toisc go mbunaíonn na Ballstáit ceanglais an-éagsúil do tháirgí foirgníochta de ghnáth, agus leibhéal neamhchothrom cosanta ann do shláinte agus sábháilteacht daoine agus don chomhshaol, agus gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí chreat measúnúcháin comhchuibhithe a bhunú d’fheidhmíocht táirgí foirgníochta agus do cheanglais táirge áirithe chun sláinte agus sábháilteacht daoine agus an comhshaol a chosaint, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóirí
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh agus a chur ar fáil ar an margadh, is cuma cé acu a dhéantar iad faoi chuimsiú seirbhíse nó nach ndéantar, trí na nithe seo a leanas a bhunú:
|
(a) |
rialacha comhchuibhithe maidir le conas feidhmíocht chomhshaoil agus sábháilteachta táirgí foirgníochta a chur in iúl i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha, lena n-áirítear maidir le measúnú saolré; |
|
(b) |
ceanglais táirge a bhaineann leis an gcomhshaol, le feidhmiúlacht agus le sábháilteacht do tháirgí foirgníochta. |
2. Leis an Rialachán seo, bunaítear an méid seo a leanas freisin:
|
(a) |
cearta d’oibreoirí eacnamaíocha a dhéileálann le táirgí foirgníochta nó lena gcomhpháirteanna agus oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin; agus |
|
(b) |
oibleagáidí ar ghníomhaithe eile a sholáthraíonn seirbhísí atá nasctha le monarú agus tráchtálú táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
3. Is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht táirgí foirgníochta sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú san Aontas. Is é is aidhm dó freisin rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaineann le haistriú glas agus digiteach tríd an tionchar a bhíonn ag táirgí foirgníochta ar an gcomhshaol agus ar shláinte agus sábháilteacht daoine a chosc agus a laghdú.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí foirgníochta, lena n-áirítear táirgí úsáidte, agus maidir leis na hítimí seo a leanas:
|
(a) |
príomhchodanna táirgí; agus |
|
(b) |
codanna nó ábhair atá beartaithe lena n-úsáid do tháirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, má iarrann monaróir na gcodanna nó na n-ábhar sin amhlaidh. |
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
ardaitheoirí atá faoi réir Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), staighrí beo nó a gcomhpháirteanna; |
|
(b) |
ceanglais nó measúnú feidhmíochta atá faoi réir Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus a chumhdaítear leis na gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 11(8) den Treoir sin. |
3. Féadfaidh na Ballstáit táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuirtear ar an margadh sna réigiúin is forimeallaí den Aontas de réir bhrí Airteagal 349 CFAE a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta lena bhforáiltear do dhíolúintí den sórt sin. Áiritheoidh siad nach mbeidh an mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 17 ar tháirgí díolmhaithe. Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh ar bhonn na díolúine sin, ní mheasfar iad a bheith curtha ar an margadh san Aontas de réir bhrí an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘táirge foirgníochta’ aon ítim fhisiceach atá foirmithe nó gan foirm, lena n-áirítear táirgí 3T-phriontáilte, nó pacáiste feistiúcháin a chuirtear ar an margadh, lena n-áirítear trí sholáthar don láithreán foirgníochta, lena ionchorprú ar bhealach buan in oibreacha foirgníochta nó i gcodanna díobh cé is moite d’ítimí ar gá iad a chomhtháthú ar dtús i bpacáiste feistiúcháin nó i dtáirge foirgníochta eile sula n-ionchorpraítear in oibreacha foirgníochta ar bhealach buan iad; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘táirge’ táirge foirgníochta nó ítim eile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo mar a leagtar amach in Airteagal 2; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘buan’ go bhfuil sé beartaithe go bhfanfadh sé san obair foirgníochta, nó i gcodanna den obair sin, tar éis an próiseas foirgníochta nó athchóirithe a thabhairt chun críche; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ táirge a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce, bíodh sin faoi chuimsiú seirbhís a sholáthar nó ná bíodh; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair, nó táirge úsáidte a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair tar éis táirge den sórt sin a dhíshuiteáil; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘feidhmíocht’ an méid atá saintréithe bunriachtanacha inscálaithe áirithe ag táirge; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘saintréithe bunriachtanacha’ na saintréithe sin den táirge a bhaineann leis na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus na saintréithe sin a liostaítear mar shaintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe in Iarscríbhinn II; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘ceanglas táirge’ saintréith, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, nach mór a bheith ag táirge sular féidir é a chur ar an margadh; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir, an soláthraí seirbhíse próiseála orduithe nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá faoi réir an Rialacháin seo i ndáil le táirgí, lena n-áirítear táirgí atá le hathúsáid, a mhonarú nó a athmhonarú, nó i ndáil leis na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘monaróir’‘monaróir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘tacar sonraí 3T’ tacar sonraí uimhriúla lena dtugtar tuairisc ar chruth réada de réir a thoisí seachtracha agus a chuas; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘oibreacha foirgníochta’ foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta bíodh sin os cionn na talún nó an uisce nó sa talamh nó san uisce, lena n-áirítear bóithre, droichid, tolláin, piolóin agus saoráidí eile chun leictreachas a iompar, cáblaí cumarsáide, píblínte, uiscerianta, dambaí, aerfoirt, calafoirt, uiscebhealaí, agus suiteálacha atá mar bhoinn do ráillí iarnróid, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘leibhéal’ toradh an mheasúnaithe ar fheidhmíocht táirge i ndáil lena shaintréithe bunriachtanacha, arna shloinneadh mar luach uimhriúil; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘aicme’ raon leibhéal de chuid feidhmíochta táirge, ar raon leibhéal é a bhfuil a theorainneacha socraithe ag íosluach agus uasluach; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘leibhéal tairsí’ íosleibhéal nó uasleibhéal feidhmíochta táirge i dtaca le saintréith bhunriachtanach áirithe; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘príomhchuid’ cuid a úsáidtear mar chomhpháirt nó mar pháirt spártha le haghaidh táirge agus a sonraíodh le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe mar chuid bhunriachtanach de thréithriú, sábháilteacht nó feidhmíocht táirge; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘pacáiste feistiúcháin’ táirge arna chur ar an margadh ag oibreoir eacnamaíoch aonair mar thacar de dhá ítim ar leithligh ar a laghad, nach gá aon cheann acu a bheith ina tháirge é féin, a bheartaítear a ionchorprú le chéile in oibreacha foirgníochta; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘doiciméad um measúnú Eorpach’ doiciméad arna ghlacadh ag eagraíocht comhlachtaí um measúnú teicniúil chun measúnuithe teicniúla Eorpacha a eisiúint; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘measúnú teicniúil Eorpach’ an measúnú doiciméadaithe ar fheidhmíocht táirge, i ndáil lena shaintréithe bunriachtanacha, i gcomhréir leis an doiciméad lena mbaineann um measúnú Eorpach; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘táirge úsáidte’ táirge nach dramhaíl é nó nach dramhaíl é a thuilleadh i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE, agus atá suiteáilte uair amháin ar a laghad in obair foirgníochta, agus:
|
|
(21) |
ciallaíonn ‘úsáid atá beartaithe’ cuspóir táirge mar a leagtar amach sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme nó sna doiciméid um measúnú Eorpach is infheidhme; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘úsáid dhearbhaithe’ an úsáid atá beartaithe ag an monaróir, lena n-áirítear na coinníollacha úsáide, mar a leagtar amach i ndoiciméadacht theicniúil, ar lipéid, i bhfaisnéis ghinearálta táirge, i dtreoracha úsáide, i bhfaisnéis sábháilteachta, nó in ábhar poiblíochta; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘deisiú’ an próiseas lena ndéantar táirge lochtach a dheisiú nó comhpháirteanna lochtacha táirge lochtaigh a athsholáthar, chun an táirge a chur i riocht inar féidir leis a úsáid dhearbhaithe a chomhlíonadh; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘cothabháil’ gníomhaíocht a dhéantar chun táirge a choinneáil i riocht ina bhfuil sé in ann feidhmiú mar a shonraítear; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘táirge athmhonaraithe’ táirge nach dramhaíl é, nó nach dramhaíl é a thuilleadh i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE, a suiteáladh uair amháin ar a laghad in obair foirgníochta, agus a bhí faoi réir próiseas claochlaitheach a théann thar oibríochtaí aisghabhála a sheiceáil, a ghlanadh agus a dheisiú, arb oibríochtaí iad atá cáilithe, de réir na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe is infheidhme, mar oibríochtaí bunriachtanacha d’fheidhmíocht an táirge; |
|
(26) |
ciallaíonn ‘riosca’‘riosca’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘cineál táirge’ samhail theibí táirgí aonair, arna cinneadh leis an úsáid atá beartaithe agus le tacar saintréithe lena n-eisiatar aon éagsúlacht maidir le feidhmíocht nó comhlíonadh ceanglas táirge a leagtar amach sa Rialachán seo nó i gcomhréir leis, cé go mbaineann táirgí comhionanna ó mhonaróirí éagsúla le cineálacha éagsúla táirgí; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘úrscothacht’ bealach chun sprioc áirithe a bhaint amach atá ar an gceann is éifeachtaí agus is forbartha nó atá gar dó sin, nó bealach atá indéanta faoi láthair trí theicneolaíochtaí coiteanna a chur i bhfeidhm, bíodh sin ar an réiteach is forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de nó ná bíodh; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘athchúrsáil’‘athchúrsáil’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17), de Threoir 2008/98/CE; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse próiseála orduithe’‘soláthraí seirbhíse comhlíonta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(31) |
ciallaíonn ‘fine táirgí’ gach cineál táirge ar le ceann de na finte a liostaítear in Iarscríbhinn VII é; |
|
(32) |
ciallaíonn ‘catagóir táirgí’ fothacar de na cineálacha táirgí d’fhine táirgí áirithe a chuimsíonn na cineálacha táirgí sin a bhfuil úsáid áirithe atá beartaithe i gcoitinne acu mar a shonraítear i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó i ndoiciméid um measúnú Eorpach; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘rialú ar tháirgeadh monarchan’ an rialú doiciméadaithe, leanúnach agus inmheánach ar tháirgeadh i monarcha mhonaraíochta i ndáil le paraiméadair áirithe nó le gnéithe cáilíochta áirithe, a léiríonn sainiúlachtaí fine táirgí nó catagóir táirgí lena mbaineann agus próiseas monaraíochta, agus a bhfuil sé mar aidhm leis seasmhacht feidhmíochta nó comhlíonadh leanúnach ceanglas táirge a bhaint amach, arna dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn IX; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’‘allmhaireoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh, lena n-áirítear trí tháirgí a thairiscint lena ndíol, lena bhfruiliú nó lena bhfruilcheannach, nó táirgí a chur ar taispeáint do chustaiméirí nó do shuiteálaithe le linn gníomhaíocht tráchtála, lena n-áirítear trí chiandíol, bíodh siad ar íocaíocht nó ná bíodh; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin i ndáil le cúraimí sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin Rialachán seo; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘monarú ar leithligh’ go bhfuil gá, de bharr shonraíochtaí an chliaint, leis an bpróiseas táirgthe don mhonarú a athchoigeartú i gcomparáid le gach táirge eile arna tháirgeadh do chliaint eile ag an oibreoir eacnamaíoch atá i gceist; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘micrifhiontar’‘micrifhiontar’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (23); |
|
(39) |
ciallaíonn ‘saincheaptha’, de bharr shonraíochtaí an chliaint, go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh méide nó ábhair de i gcomparáid le gach táirge eile arna tháirgeadh do chliaint eile ag an oibreoir eacnamaíoch atá i gceist; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘buan-nasc’ nasc idirlín le suíomh gréasáin atá cobhsaí dá inneachar agus don seoladh (‘URL’) araon; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ siombail barrachóid línigh, siombail dhéthoiseach, nó meán gabhála sonraí eile um shainaithint uathoibríoch is féidir a léamh le feiste; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe’ na caighdeáin feidhmíochta chomhchuibhithe a rinneadh éigeantach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 5(8), na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), Airteagal 9(3) agus Airteagal 10(2); |
|
(43) |
ciallaíonn ‘eagraíocht Eorpach um chaighdeánú’‘eagraíocht Eorpach um chaighdeánú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘próiseas neamhshraithe’ próiseas nach bhfuil uathoibrithe den chuid is mó ná nach ndéantar den chuid is mó trí úsáid a bhaint as teicnící líne cóimeála, agus nach ndéantar arís is arís eile go han-mhinic i ndáil le méid na táirgeachta ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann nó ag na hoibreoirí eacnamaíocha ar leis an ngrúpa céanna cuideachtaí iad, arna chinneadh ag duine coiteann nádúrtha nó dlítheanach atá i mbun rialú, nó an struchtúr eagraíochtúil céanna; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘tarraingt siar’‘tarraingt siar’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘aisghairm’‘aisghairm’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘margadh ar líne’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a úsáideann comhéadan ar líne lenar féidir le custaiméirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le hoibreoirí eacnamaíocha chun táirgí a dhíol; |
|
(48) |
ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’‘comhéadan ar líne’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(49) |
ciallaíonn ‘soláthróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn amhábhair, táirgí idirmheánacha, nó táirgí úsáidte do mhonaróirí nó do dhaoine eile a sholáthraíonn amhábhair, táirgí idirmheánacha, nó táirgí úsáidte do mhonaróirí; |
|
(50) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís do mhonaróir nó do sholáthróir príomhchoda, ar choinníoll go bhfuil an tseirbhís ábhartha chun táirgí a mhonarú, lena n-áirítear dearadh na dtáirgí sin, nó a ndíshuiteáil i gcás táirgí úsáidte; |
|
(51) |
ciallaíonn ‘creidiúnú’‘creidiúnú’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008; |
|
(52) |
ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’‘údarás faireachais margaidh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(53) |
ciallaíonn ‘saolré’ na céimeanna leantacha agus idirnasctha de shaol táirge, ó amhábhar a fháil nó a ghiniúint ó acmhainní nádúrtha, nó i gcás táirgí a ionchorpraíodh roimhe sin in oibreacha foirgníochta, ón díshuiteáil is déanaí ón oibreacha foirgníochta, go dtí an diúscairt deiridh; |
|
(54) |
ciallaíonn ‘pointe idirchaidrimh aonair’ an t-údarás a ainmnítear mar an pointe fócasach do theagmhálacha leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile maidir le saincheisteanna a bhaineann le táirgí foirgníochta; |
|
(55) |
ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta atá údaraithe chun cúraimí maidir le measúnú agus fíorú tríú páirtí a dhéanamh faoin Rialachán seo agus faoinar tugadh fógra cuí; |
|
(56) |
ciallaíonn ‘údarás a thugann fógra’ an comhlacht aonair riaracháin phoiblí, arna ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, atá i gceannas ar fhógra a thabhairt faoi chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus ar fhaireachán a dhéanamh orthu; |
|
(57) |
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú teicniúil’ nó ‘CMT’ comhlacht, arna ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, a eisíonn measúnuithe teicniúla Eorpacha ar bhonn doiciméad um measúnú Eorpach; |
|
(58) |
ciallaíonn ‘údarás ainmniúcháin’ an comhlacht aonair riaracháin phoiblí, arna ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, atá i gceannas ar CMTanna i mBallstát a ainmniú agus ar fhaireachán a dhéanamh orthu; |
|
(59) |
ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca’ táirge a bhfuil sé d’acmhainn bhunúsach ann, aon uair le linn a shaolré ar fad, dochar a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht daoine, don chomhshaol nó do chomhlíonadh buncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta nuair a ionchorpraítear sna hoibreacha sin é, a mhéid a théann, agus an úrscothacht á cur san áireamh, thar an méid a mheastar a bheith réasúnach agus inghlactha i ndáil leis an úsáid atá beartaithe dó agus faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó coinníollacha úsáide atá intuartha le réasún; |
|
(60) |
ciallaíonn ‘táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach’‘táirge lena mbaineann riosca tromchúiseach’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(61) |
ciallaíonn ‘seachtháirge’‘seachtháirge’ de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE; |
|
(62) |
ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ cumas ábhair nó táirge atá le deighilt, le bailiú, le sórtáil agus le comhiomlánú go héifeachtach agus go héifeachtúil i sruthanna dramhaíola sonracha chun iad a athchúrsáil ina n-amhábhair thánaisteacha agus caillteanas cáilíochta nó feidhmiúlachta á íoslaghdú i gcomparáid leis an amhábhar príomhúil ábhartha; |
|
(63) |
ciallaíonn ‘earraí atá ábhartha i gcás géarchéime’‘earraí atá ábhartha i gcás géarchéime’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24); |
|
(64) |
ciallaíonn ‘modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh’‘modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747. |
Airteagal 4
Plean oibre agus céim ullmhúcháin chun sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a fhorbairt
1. Gheobhaidh an Coimisiún tacaíocht ó shainghrúpa (‘an Sainghrúpa maidir le Acquis an Rialacháin maidir le Táirgí Foirgníochta’ nó ‘Sainghrúpa Acquis RTF’). Beidh Sainghrúpa Acquis RTF comhdhéanta ar a laghad de shaineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit, d’ionadaithe eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus d’ionadaithe eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha ábhartha a fhaigheann maoiniú ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Tacóidh Sainghrúpa Acquis RTF leis an gCoimisiún iarrataí na mBallstát ar chomhchuibhiú an Aontais a phróiseáil trí shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Go háirithe, cuideoidh Sainghrúpa Acquis RTF leis an gCoimisiún plean oibre a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta chun sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a fhorbairt, an t-ábhar teicniúil a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a ullmhú, cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá leis na nósanna imeachta a sheoladh i ndáil le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a léiríonn easnaimh, nach bhfuil ar fáil, nó nach bhfuil in ann riachtanais rialála láithreacha a chumhdach, agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh táirgí úsáidte a áireamh i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.
2. Tar éis dó dul i gcomhairle le Sainghrúpa Acquis RTF, bunóidh an Coimisiún plean oibre chun sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a fhorbairt d’fhinte táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII, lena n-áirítear ceanglais táirge chomh maith le faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta, lena gcumhdaítear an tréimhse 3 bliana ina dhiaidh sin ar a laghad. Socróidh an Coimisiún tosaíochtaí an phlean oibre trí úsáid a bhaint as modheolaíocht thrédhearcach agus chothrom, a fhoilseofar in éineacht leis an bplean oibre. Leis an modheolaíocht sin, léireofar ar a laghad riachtanais rialála na mBallstát, na saincheisteanna sábháilteachta a bhaineann le hoibreacha foirgníochta agus táirgí foirgníochta agus spriocanna an Aontais maidir leis an aeráid agus leis an ngeilleagar ciorclach.
Foilseoidh an Coimisiún an chéad phlean oibre tráth nach déanaí ná an 8 Eanáir 2026.
Déanfaidh an Coimisiún an plean oibre a athnuachan agus a thabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana ar a laghad. Bliain amháin roimh dhul in éag an phlean oibre atá i bhfeidhm, foilseoidh sé an plean oibre don tréimhse 3 bliana ina dhiaidh sin.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin dul chun cinn a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an phlean oibre.
Má mheasann an Coimisiún nach féidir leis na spriocanna a leagtar amach sa phlean oibre a bhaint amach, leasóidh sé dá réir sin é gan moill mhíchuí, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin.
3. Tar éis an phlean oibre a bhunaítear faoi mhír 2, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do Shainghrúpa Acquis RTF na saintréithe bunriachtanacha a theastaíonn uathu le haghaidh fine táirgí nó catagóir táirgí, agus na modhanna measúnúcháin, leibhéil tairsí nó aicmí feidhmíochta, chomh maith leis na ceanglais táirge, a mheasann siad a bheith riachtanach.
Nuair a chuireann na Ballstáit a riachtanais rialála in iúl don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh an Coimisiún iad a chomhtháthú nó déanfaidh sé ráiteas ar na cúiseanna nach féidir déanamh amhlaidh a sholáthar.
4. Ar bhonn na mbuncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus na riachtanais rialála a chuireann na Ballstáit in iúl i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo á gcur i gcuntas, chomh maith le cuspóirí sábháilteachta, comhshaoil, ciorclaíochta agus aeráide an Aontais, sainaithneoidh an Coimisiún, le tacaíocht ó Shainghrúpa Acquis RTF, na gnéithe teicniúla is gá chun iarrataí ar chaighdeánú a ullmhú, lena n-áirítear na saintréithe bunriachtanacha ábhartha. Beidh na saintréithe bunriachtanacha sin agus an liosta de shaintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II ina mbunús le hullmhú na n-iarrataí ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus le hullmhú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1).
5. Áiritheoidh an Coimisiún go gcumhdófar saintréithe bunriachtanacha le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a mhéid atá forbairt sonraíochtaí den sórt sin comhréireach go teicniúil agus go heacnamaíoch.
6. Sainaithneoidh an Coimisiún, le tacaíocht ó Shainghrúpa Acquis RTF, na ceanglais táirge dá dtagraítear in Airteagal 7, chomh maith le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe eile, agus cinnfidh sé an bhfuil táirgí úsáidte le cumhdach le hiarraidh ar chaighdeánú nó le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó an bhfuil siad le heisiamh uathu. Rachfar i gcomhairle, mar ábhar práinne, le Sainghrúpa Acquis RTF maidir le fógraí ó na Ballstáit arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 11(5).
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an méid seo a leanas a leasú:
|
(a) |
an liosta de shaintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun é a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus do rioscaí nua comhshaoil agus chun na tosaíochtaí a bhunaítear de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh bunaithe ar riachtanais rialála na mBallstát; |
|
(b) |
na finte táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII, chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus do riachtanais rialála na mBallstát. |
Airteagal 5
Caighdeáin chomhchuibhithe lena leagtar síos saintréithe bunriachtanacha lena ndéileáiltear le feidhmíocht
1. Déanfar na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirge i ndáil lena shaintréithe bunriachtanacha a leagan síos i gcaighdeáin chomhchuibhithe arna ndéanamh éigeantach trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 (‘caighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta’). Le caighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta, i gcás inarb iomchuí agus gan cruinneas, iontaofacht ná cobhsaíocht na dtorthaí a chur i mbaol, soláthrófar modhanna chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha, ar modhanna iad nach bhfuil chomh trom céanna le tástáil.
2. Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena leagtar síos saintréithe bunriachtanacha agus a modhanna measúnúcháin le haghaidh fine táirgí amháin nó níos mó, nó le haghaidh catagóir táirgí amháin nó níos mó laistigh d’fhine. Leagfar amach san iarraidh ar chaighdeánú na bunphrionsabail agus na pointí tagartha chun na saintréithe bunriachtanacha sin agus a modhanna measúnúcháin a bhunú. Luafar go sainráite san iarraidh ar chaighdeánú an gcumhdaítear táirgí úsáidte le raon feidhme na hiarrata nó an eisiatar uaidh iad.
3. Mar chuid de na hiarrataí ar chaighdeánú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú na mionsonraí teicniúla is gá a sholáthar chun an córas measúnúcháin agus fíorúcháin atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a chur chun feidhme.
4. Féadfar a áireamh sna hiarrataí ar chaighdeánú dá dtagraítear i mír 2 iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a mholadh:
|
(a) |
leibhéil tairsí dheonacha nó éigeantacha i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha; |
|
(b) |
aicmí feidhmíochta i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha; |
|
(c) |
na saintréithe bunriachtanacha sin nach mór do mhonaróirí a dhearbhú i gcónaí. |
Leagfar amach in iarrataí den sórt sin ar chaighdeánú na bunphrionsabail agus na pointí tagartha chun na gnéithe iarrtha a bhunú.
5. I gcás inar chuir sé iarraidh ar thogra isteach ina iarraidh ar chaighdeánú i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na gnéithe dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a chinneadh, i gcás na bhfinte táirgí nó na gcatagóirí táirgí agus i gcás na ngnéithe a chumhdaítear leis an iarraidh sin.
Tar éis dó dul i gcomhairle le Sainghrúpa Acquis RTF, féadfaidh an Coimisiún imeacht ó thograí na heagraíochta Eorpaí um chaighdeánú.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, gan beann ar aon iarraidh ar chaighdeánú roimh ré ach ar chomhairle ó Shainghrúpa Acquis RTF, i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na gnéithe a leagtar amach i mír 4, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a chinneadh i ndáil le haon cheann de na grúpálacha de shaintréithe bunriachtanacha de chineál cothrománach a liostaítear in Iarscríbhinn X.
6. I gcásanna inar léir, ar bhonn cineál nó saintréithe teicniúla táirge, go mbeadh tástáil neamhriachtanach nó iomarcach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí choinníollacha a leagan síos faoina measfar go gcomhlíonann táirge leibhéal áirithe nó leibhéal tairsí áirithe nó go gcáilíonn sé d’aicme feidhmíochta gan tástáil, nó gan a thuilleadh tástála.
7. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe na hiarrataí ábhartha ar chaighdeánú, an Rialachán seo agus dlí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear prionsabail ghinearálta an dlí. Féadfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann caighdeáin chomhchuibhithe caighdeáin chomhchuibhithe eile faoin Rialachán seo nó caighdeáin chomhchuibhithe eile ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Déanfaidh an Coimisiún an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus cuirfidh sé na cúiseanna atá aige faoi bhráid na heagraíochta Eorpaí ábhartha um chaighdeánú agus faoi bhráid Shainghrúpa Acquis RTF i scríbhinn laistigh de 6 mhí tar éis an caighdeán comhchuibhithe ábhartha a bheith tarchurtha chuige. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil caighdeán, nó cuid de, sásúil, sonróidh sé na heasnaimh. Ionas gur féidir leis an gCoimisiún an oibleagáid sin a chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama sin, cuirfidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta maidir le dul chun cinn agus ábhar an chaighdeánaithe Eorpaigh is insoláthartha i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
8. I gcás ina bhfuil caighdeán comhchuibhithe i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme agus ina gcomhlíonann sé na ceanglais atá le comhlíonadh i ndáil leis na bunphrionsabail agus na pointí tagartha a leagtar amach san iarraidh ar chaighdeánú, agus i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha atá le cumhdach i bhfianaise na mbuncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta, glacfaidh an Coimisiún gan mhoill gníomh cur chun feidhme lena ndéantar an caighdeán sin éigeantach. Bliain amháin tar éis glacadh den sórt sin, beidh an caighdeán comhchuibhithe feidhmíochta éigeantach chun críocha an Rialacháin seo ach amháin má shonraítear dáta cur i bhfeidhm níos déanaí sa ghníomh cur chun feidhme. Ní shonrófar dáta cur i bhfeidhm níos déanaí ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus beidh údar cuí lena úsáid. Féadfar caighdeán feidhmíochta comhchuibhithe a chur i bhfeidhm go deonach ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme.
I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil caighdeán comhchuibhithe, nó cuid de, sásúil, féadfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun an caighdeán comhchuibhithe sin a dhéanamh éigeantach maille le srianta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).
I gcás nach féidir caighdeán comhchuibhithe a dhéanamh éigeantach maille le srianta, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6.
9. I gcás ina measann Ballstát, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún, bíodh sin, i gcás an Choimisiúin, le tacaíocht ó Shainghrúpa Acquis RTF, nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe feidhmíochta na ceanglais dlí is infheidhme ina n-iomláine nó nach sásaíonn sé na héilimh atá le comhlíonadh i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha atá le cumhdach i bhfianaise na mbuncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta, beidh feidhm ag an nós imeachta maidir le hagóidí foirmiúla i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
10. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun Iarscríbhinn X a leasú trí ghrúpálacha breise de shaintréithe bunriachtanacha de chineál cothrománach a chur léi.
Airteagal 6
Sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe eile lena leagtar síos saintréithe bunriachtanacha
1. Cé go dtabharfar tosaíocht do chaighdeáin a fhorbairt, de mhaolú ar Airteagal 5(1) go (4) den Rialachán seo, chun riachtanais rialála na mBallstát a chumhdach agus chun spriocanna Airteagal 114 CFAE a shaothrú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos saintréithe bunriachtanacha, a modhanna measúnúcháin agus mionsonraí teicniúla de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo i gcás fine táirgí amháin nó níos mó nó i gcás catagóir táirgí amháin nó níos mó laistigh d’fhine.
Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 5(2), ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú agus:
|
|
(b) |
níor glacadh aon ghníomh cur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5(8), an chéad fhomhír, lena ndéantar caighdeán comhchuibhithe éigeantach lena gcumhdaítear na saintréithe bunriachtanacha, a modhanna measúnúcháin agus mionsonraí teicniúla de bhun Airteagal 5 le 5 bliana anuas, nó glacadh gníomh cur chun feidhme den sórt sin laistigh de na 5 bliana a chuaigh thart, ach maille le srianta, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(8). |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
2. Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta.
3. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha agus Shainghrúpa Acquis RTF i gcuntas agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí le gach eagraíocht geallsealbhóirí ábhartha a fhaigheann maoiniú ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
4. I gcás ina gcumhdaítear le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na saintréithe bunriachtanacha céanna nó na modhanna measúnúcháin céanna i ndáil le fine táirgí shonrach nó catagóir táirgí shonrach le caighdeán comhchuibhithe ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar glacadh gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(8) ina leith, tarraingeoidh an Coimisiún siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin nó aisghairfidh sé an gníomh cur chun feidhme sin. I gcás nach gcumhdaítear leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ach an caighdeán comhchuibhithe i bpáirt, coinneoidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos caighdeán comhchuibhithe atá faoi réir srianta.
5. Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 na ceanglais ina n-iomláine atá le comhlíonadh i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha atá le cumhdach i bhfianaise na mbuncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin, trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme atá i gceist a leasú.
6. Leanfaidh an Coimisiún an nós imeachta in Airteagal 5 chun a iarraidh go ndéanfar aon athbhreithniú nó nuashonrú ar na saintréithe bunriachtanacha nó ar na modhanna measúnúcháin i ndáil leis na finte táirgí céanna nó na catagóirí táirgí céanna a chumhdaítear leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina bhfuil an caighdeán comhchuibhithe arna sheachadadh ag an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú oiriúnach lena ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(8), aisghairfidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, nó na codanna de lena gcumhdaítear na saintréithe bunriachtanacha céanna nó na modhanna measúnúcháin céanna i ndáil leis na finte táirgí céanna nó na catagóirí táirgí céanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe.
Airteagal 7
Ceanglais táirge agus caighdeáin chomhchuibhithe lena mbronntar toimhde chomhréireachta
1. I gcás ina gcumhdaítear fine táirgí, nó catagóir táirgí amháin nó níos mó laistigh d’fhine táirgí, le caighdeán comhchuibhithe feidhmíochta nó le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí cheanglais táirge a bhunú i gcomhréir le hIarscríbhinn III don fhine táirgí sin nó don chatagóir táirgí sin, nó do chodanna di.
2. Sula gcuirfear ar an margadh iad, comhlíonfaidh na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo na ceanglais táirge is infheidhme.
3. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena mbronntar toimhde chomhréireachta (‘caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha’) le haghaidh na gceanglas táirge a bhunaítear le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4. I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe deonach arna iarraidh i gcomhréir le mír 3 agus ina molann sí é don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe deonach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
5. I gcás ina bhfuil caighdeán comhchuibhithe deonach i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme agus ina gcomhlíonann sé na ceanglais atá le comhlíonadh i ndáil leis na ceanglais táirge a leagtar amach san iarraidh ar chaighdeánú, foilseoidh an Coimisiún gan mhoill tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
6. I gcás nach féidir an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe deonach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún tagairt den sórt sin a fhoilsiú maille le srianta. I gcás nach féidir tagairt do chaighdeán comhchuibhithe deonach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus nach féidir í a fhoilsiú mar thagairt maille le srianta, tarraingeoidh an Coimisiún aird an choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus aird Shainghrúpa Acquis RTF ar an tsaincheist.
7. Táirge atá faoi réir ceanglais táirge agus atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais táirge a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun Iarscríbhinn III a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus chun rioscaí nua agus gnéithe nua comhshaoil a chumhdach agus chun na tosaíochtaí a bhunaítear in Airteagal 4 a chomhlíonadh, bunaithe ar riachtanais rialála na mBallstát.
Airteagal 8
Sonraíochtaí coiteanna lena mbronntar toimhde chomhréireachta
1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna lena soláthraítear modh malartach chun na ceanglais táirge arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 7(1) a chomhlíonadh.
Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 7(3), ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe deonach a dhréachtú le haghaidh na gceanglas táirge agus:
|
|
(b) |
níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe dheonacha lena gcumhdaítear na ceanglais táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus níltear ag súil go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
2. Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta.
3. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha agus Shainghrúpa Acquis RTF i gcuntas agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí le gach eagraíocht geallsealbhóirí ábhartha a fhaigheann maoiniú ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
4. Toimhdeofar go bhfuil táirge atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, i gcomhréir leis na ceanglais táirge a bunaíodh le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.
5. Aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais táirge chéanna agus a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe deonach a bhfoilsítear an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 7(5) nó (6).
6. Nuair a mheasann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais táirge a bhunaítear le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1) ina n-iomláine, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin, trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.
Airteagal 9
Faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta
1. Soláthrófar faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta i ndáil le táirgí foirgníochta a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó le measúnú teicniúil Eorpach. Leagtar amach inneachar na faisnéise ginearálta táirge, na dtreoracha úsáide agus na faisnéise sábháilteachta in Iarscríbhinn IV.
2. Mar chuid den iarraidh ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 5(2), féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú treoirlínte a eisiúint, lena n-áirítear mionsonraí teicniúla, is gá chun faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
3. Má mheasann an Coimisiún nach n-áirithítear cur chun feidhme leormhaith agus aonchineálach mhír 1 den Airteagal seo leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcás fine táirgí shonrach nó catagóir táirgí shonrach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú maidir le faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta a sholáthar don fhine táirgí lena mbaineann nó don chatagóir táirgí lena mbaineann.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun í a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus do riachtanais nua faisnéise.
Airteagal 10
Córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin
1. An measúnú agus fíorú a dhéantar ar fheidhmíocht táirge i ndáil lena shaintréithe bunriachtanacha, mar a leagtar amach i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 nó i ndoiciméid um measúnú Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 31, nó ar chomhréireacht an táirge leis na ceanglais táirge arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7, déanfar an measúnú agus an fíorú sin i gcomhréir le ceann amháin nó níos mó de na córais a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an gcóras measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme as measc na gcóras dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX a chinneadh, i gcás gach fine táirgí nó gach catagóire táirgí. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, féadfar córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin éagsúla a chinneadh laistigh den fhine táirgí chéanna nó den chatagóir táirgí chéanna, agus idirdhealú á dhéanamh le saintréith bhunriachtanach nó le ceanglas táirge. Cinnfear na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin sula dtiocfaidh na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó na doiciméid um measúnú Eorpach chun bheith infheidhme.
3. Leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le mír 2, cuirfear i gcuntas na húsáidí atá beartaithe, an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar easnaimh táirgí, íogaireacht an táirge i leith éagsúlachtaí feidhmíochta faoi choinníollacha táirgthe, an dóchúlacht go ndéanfar earráidí le linn a mhonaraithe agus an fhéidearthacht earráidí monaraíochta a bhrath go héasca. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a chur in oiriúint do na finte táirgí lena mbaineann nó do na catagóirí táirgí lena mbaineann agus déanfar an t-ualach ar mhonaróirí a íoslaghdú leo, agus ardleibhéal cosanta do shláinte agus sábháilteacht daoine agus don chomhshaol á áirithiú.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun Iarscríbhinn IX a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
córais bhreise mheasúnúcháin agus fíorúcháin a thabhairt isteach nuair is gá chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil; nó |
|
(b) |
na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin atá ann cheana a leasú chun cur i gcoinne neamhchomhlíonadh córasach ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nó ag monaróirí agus chun cur i bhfeidhm na gceanglas nó na n-oibleagáidí atá iontu a chomhchuibhiú, gan aon chúram a shainítear i gcóras a chur leo nó a bhaint díobh mar gheall ar leasuithe den sórt sin. |
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh faoi phointe (a), ní fhéadfaidh an Coimisiún córais bhreise a thabhairt isteach lena leagtar síos oibleagáidí níos déine d’oibreoirí eacnamaíocha ná na cinn dá bhforáiltear i gCóras 1+. Ina theannta sin, ní fhéadfaidh an Coimisiún córais bhreise den sórt sin a thabhairt isteach ach amháin nuair is léir nach leor an treoir maidir le cur i bhfeidhm na gcóras atá ann cheana.
Airteagal 11
Crios comhchuibhithe agus bearta náisiúnta
1. Leis an Rialachán seo, agus leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir leis, bunaítear ‘crios comhchuibhithe’.
Leis an gcrios comhchuibhithe, cumhdaítear gach táirge atá faoi réir sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.
Toimhdeofar gur cuimsitheach iad na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na saintréithe bunriachtanacha go léir agus a modhanna measúnúcháin a leagan síos; |
|
(b) |
na ceanglais táirge uile a shonrú seachas na ceanglais sin a chumhdaítear faoi dhlí eile de chuid an Aontais; agus |
|
(c) |
na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme a chinneadh. |
Beidh feidhm ag sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe le haghaidh táirgí nua maidir le táirgí úsáidte ó thríú tíortha mura bhforáiltear rialacha maidir le táirgí úsáidte go sainráite sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe.
2. Urramóidh na Ballstáit an crios comhchuibhithe ina ndlíthe, rialacháin agus bearta riaracháin náisiúnta, agus ní chuirfidh siad toirmeasc ná bac ar tháirgí atá cumhdaithe leis a chur ar fáil ar an margadh nuair atá na táirgí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní leagfaidh na Ballstáit síos saintréithe bunriachtanacha agus a modhanna measúnúcháin ná a gceanglais táirge seachas iad siúd a leagtar amach sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.
Ní dhéanann an crios comhchuibhithe difear do cheart na mBallstát ceanglais náisiúnta a shonrú maidir le húsáid táirgí atá faoi réir sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Aon mhodhanna measúnúcháin agus aon chórais le haghaidh measúnú agus fíorú a leagtar amach i gceanglais náisiúnta den sórt sin, beidh siad i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme.
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear bac ar tháirgí a chur ar fáil ar an margadh laistigh den chrios comhchuibhithe, ar táirgí iad atá i gcomhréir leis an Rialachán seo, le rialacha ná le coinníollacha arna bhforchur ag comhlachtaí poiblí nó ag comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh mar ghnóthas poiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh mar chomhlacht poiblí ar bhonn staid mhonaplachta nó faoi shainordú poiblí.
3. Agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear i mír 2 á gcomhlíonadh acu, cuirfidh na Ballstáit na rialacha seo a leanas go háirithe i bhfeidhm:
|
(a) |
ní bhunófar aon cheanglais maidir le faisnéis nó clárú a bhaineann leis an táirge a chur ar an margadh seachas na ceanglais sin a leagtar síos sa chrios comhchuibhithe; |
|
(b) |
ní dhéanfar éigeantach aon mheasúnú ar an táirge, seachas na measúnuithe sin a leagtar amach sa chrios comhchuibhithe; |
|
(c) |
seachas an mharcáil CE, ní cheanglófar aon mharcáil lena bhfianaítear comhréireacht leis na ceanglais nó feidhmíocht dhearbhaithe maidir le saintréithe bunriachtanacha a chumhdaítear leis an gcrios comhchuibhithe, agus tarraingeofar siar aon fhorálacha atá ann cheana i mbearta náisiúnta lena gceanglaítear marcálacha den sórt sin; |
|
(d) |
urramófar le dlíthe, rialacháin agus bearta riaracháin náisiúnta na leibhéil tairsí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 5(5); |
|
(e) |
ní bheidh dlíthe, rialacháin agus bearta riaracháin náisiúnta bunaithe ar aicmí, ar fho-aicmí nó ar aicmí breise seachas na haicmí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 5; |
|
(f) |
le dlíthe, rialacháin agus bearta riaracháin náisiúnta, ní éileofar níos mó measúnuithe nó fíoruithe ná na measúnuithe agus na fíoruithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1). |
4. Cláróidh na Ballstáit sa Tairseach Aonair Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) a ndlíthe, a rialacháin agus a mbearta riaracháin náisiúnta uile a bhaineann le táirgí foirgníochta ar a gcríoch a chumhdaítear leis an gcrios comhchuibhithe.
5. I gcás ina measann Ballstát gur gá, ar mhórfhorais sláinte agus sábháilteachta daoine nó cosanta comhshaoil agus chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais rialála láithreacha, bearta a dhéanamh is infheidhme maidir le táirgí laistigh den chrios comhchuibhithe i ndáil le saintréithe nach bhfuil leagtha síos i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi, agus údar á thabhairt aige leis an ngá atá leis na bearta a rinneadh agus míniú á thabhairt aige maidir leis an riachtanas rialála a bhfuil sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt air.
Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit an nós imeachta a cuireadh ar bun le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26). Agus an méid sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit tagairt don mhír seo agus sonróidh siad cé na gnéithe atá mar chuid den bheart.
Tabharfaidh an Coimisiún freagra ar an bhfógra laistigh de na teorainneacha ama a bhunaítear leis an nós imeachta a cuireadh ar bun le Treoir (AE) 2015/1535. Laistigh de 6 mhí tar éis an fhógra, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh údarú a chur ar aghaidh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo nó cuirfidh sé in iúl na forais atá aige leis an mbeart náisiúnta a dhiúltú.
Ar fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh an Coimisiún, gan beann ar cé acu atá sé beartaithe aige an beart a údarú nó nach bhfuil, an t-ábhar a chur faoi bhráid Shainghrúpa Acquis RTF gan mhoill le haghaidh comhairliúcháin i dtaobh an gá nuashonruithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta atá ann cheana a iarraidh mar thosaíocht.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, lena n-údaraítear an beart náisiúnta faoina dtugtar fógra faoi mhír 5 sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
dealraítear go bhfuil údar cuí leis an mbeart faoina dtugtar fógra ar mhórfhorais sláinte agus sábháilteachta daoine nó cosanta comhshaoil, lena n-áirítear an aeráid; |
|
(b) |
níl an riachtanas rialála cumhdaithe ag na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ná ag dlí eile de chuid an Aontais; |
|
(c) |
ní dhéanann an beart faoina dtugtar fógra idirdhealú i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha de chuid Ballstát eile; |
|
(d) |
is féidir an riachtanas rialála lena mbaineann a chumhdach leis an mbeart faoina dtugtar fógra; |
|
(e) |
ní ionann an beart faoina dtugtar fógra agus constaic thromchúiseach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; agus |
|
(f) |
níltear ag súil go gcumhdófar an beart faoina dtugtar fógra le caighdeán comhchuibhithe atá le seachadadh laistigh de bhliain amháin ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, tar éis iarraidh ar chaighdeánú arna heisiúint de bhun Airteagal 5(2), nó, tráth an fhógra sin, níor tíolacadh aon ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1) don choiste dá dtagraítear in Airteagal 90(1). |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3). Tarraingeofar siar iad a luaithe a chumhdófar an riachtanas rialála le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó le dlí eile de chuid an Aontais.
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine nó le cosaint an chomhshaoil, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(4).
7. Ní dhéanann an Rialachán seo difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit córais aisíoca éarlaise éigeantacha a thabhairt isteach nó oibleagáid a chur ar mhonaróirí glacadh le húinéireacht a fháil ar ais, go díreach nó trína n-allmhaireoirí agus trína ndáileoirí, ar a gcuid táirgí nua, táirgí barrachais nó táirgí neamh-shaincheaptha neamhdhíolta atá i riocht atá coibhéiseach leis an riocht inar cuireadh ar an margadh iad, ar choinníoll nach ndéanann an beart idirdhealú, go díreach nó go hindíreach, i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha i mBallstáit eile.
8. Ní dhéanann an Rialachán seo difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cosc a chur ar scriosadh táirgí barrachais nó táirgí neamhdhíolta, nó a scriosadh a dhéanamh coinníollach ar iad a bheith curtha ar fáil roimhe sin ar ardán náisiúnta bróicéireachta le haghaidh úsáid neamhthráchtála táirgí.
Airteagal 12
Gaol le dlí eile de chuid an Aontais
1. Chun measúnú dúbailte ar na gnéithe céanna de shláinte agus sábháilteacht daoine nó de chosaint an chomhshaoil maidir le táirgí a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan síos faoinar féidir oibleagáidí a bhaineann le measúnú ar fheidhmíocht táirge nó le comhlíonadh ceanglas táirge áirithe, lena n-áirítear coibhéis na gcóras measúnúcháin agus fíorúcháin a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus oibleagáidí maidir le faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus ceanglais maidir le faisnéis sábháilteachta, a chomhlíonadh trí na hoibleagáidí dá bhforáiltear faoi dhlí eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh.
Leis na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní cheadófar leibhéil sábháilteachta táirge nach bhfuil chomh dian leis na leibhéil a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. I gcás ina dtagann coinbhleachtaí chun cinn idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2024/1781 chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, beidh forlámhas ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo.
CAIBIDIL II
NÓS IMEACHTA, DEARBHUITHE AGUS MARCÁLACHA
Airteagal 13
Dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta
1. I gcás ina bhfuil táirge cumhdaithe ag sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 nó 6, cuirfear an monaróir faoi réir an chórais measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn IX agus déanfaidh sé dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas sula gcuirfear táirge den sórt sin ar an margadh. I gcás ina bhfuil táirge cumhdaithe ag sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7, fíoróidh an monaróir freisin go gcomhlíonann an táirge na ceanglais táirge is infheidhme a shonraítear i ngníomhartha tarmligthe. Féadfaidh monaróir táirge nach bhfuil cumhdaithe ag aon sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a eisiúint i gcomhréir leis an doiciméad ábhartha um measúnú Eorpach agus leis an measúnú teicniúil Eorpach.
2. Tríd an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas, glacfaidh an monaróir freagracht air féin as comhréireacht an táirge lena fheidhmíocht dhearbhaithe agus le haon cheanglais táirge is infheidhme, agus beidh sé faoi dhliteanas i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus le dlíthe náisiúnta maidir le dliteanas conarthach agus seach-chonarthach. In éagmais comharthaí oibiachtúla dá mhalairt, toimhdeoidh na Ballstáit go bhfuil an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta arna tharraingt suas ag an monaróir cruinn agus iontaofa.
I gcás neamhchomhlíonadh, nó in éagmais dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta nuair a cheanglaítear dearbhú den sórt sin, ní fhéadfar an táirge a chur ar fáil ar an margadh.
Airteagal 14
Díolúintí ó dhearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas
De mhaolú ar Airteagal 13(1), féadfaidh monaróir a chinneadh gan dul ar aghaidh leis an measúnú agus an fíorú is infheidhme ar chomhlíonadh na gceanglas táirge is infheidhme ag an táirge agus gan dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas nuair atá feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
déantar an táirge a mhonarú ar leithligh nó a shaincheapadh agus comhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(b) |
déantar an táirge a mhonarú ar shlí is iomchuí go heisiach do chaomhnú oidhreachta agus i bpróiseas neamhshraithe lena ndéantar athchóiriú leordhóthanach ar oibreacha foirgníochta atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas ailtireachta nó staire ar leith, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme. |
Airteagal 15
Inneachar an dearbhaithe feidhmíochta agus comhréireachta
1. Tarraingeofar suas an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta agus úsáid á baint as an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta, cuirfear feidhmíocht táirgí in iúl i ndáil le saintréithe bunriachtanacha na dtáirgí sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha nó leis an doiciméad um measúnú Eorpach.
I gcás ina bhfuil ceanglais táirge a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 7 infheidhme, luafar sa dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais sin.
2. Áireofar sa dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta feidhmíocht inbhuanaitheachta comhshaoil an táirge le linn a shaolré i leith na saintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a liostaítear in Iarscríbhinn II le haghaidh na saintréithe sin a dhearbhaítear. Áireofar leis an bhfeidhmíocht an phacáistíocht a úsáidtear nó is dóchúla a úsáidfear agus déanfar í a ríomh trí úsáid a bhaint as an leagan is déanaí de bhogearraí a chuirtear ar fáil saor in aisce ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Beidh nuashonruithe ar na bogearraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír éigeantach chun críocha an Rialacháin seo bliain amháin tar éis a bhfoilsithe. Féadfar nuashonruithe bogearraí den sórt sin a chur i bhfeidhm go deonach ó dháta a bhfoilsithe.
3. Cumhdófar leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta feidhmíocht táirge ar a laghad le linn a shaolré maidir leis na saintréithe bunriachtanacha seo a leanas:
|
(a) |
saintréithe bunriachtanacha a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Iarscríbhinn II, ón 8 Eanáir 2026; |
|
(b) |
saintréithe bunriachtanacha a liostaítear i bpointí (e) go (m), d’Iarscríbhinn II, ón 9 Eanáir 2030; |
|
(c) |
saintréithe bunriachtanacha a liostaítear i bpointí (n) go (s) d’Iarscríbhinn II, ón 9 Eanáir 2032. |
Cumhdófar leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta freisin na saintréithe bunriachtanacha sin nach mór a dhearbhú i gcónaí, mar a chinntear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(5).
4. Ní fhéadfar aon mharcáil eile seachas an mharcáil CE a chur ar an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn V a leasú chun í a oiriúnú chun an dul chun cinn teicniúil a léiriú maidir le riachtanais nua faisnéise, chun comhlíonadh na gceanglas maidir le pasanna táirge digiteacha a leagtar amach in Airteagail 76 agus 77 a éascú, agus chun idir-inoibritheacht agus comhtháthú ceart le córas pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 75.
6. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31 nó, de réir mar a bheidh, in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) a sholáthar in éineacht leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta.
Airteagal 16
Soláthar an dearbhaithe feidhmíochta agus comhréireachta
1. Soláthróidh an monaróir, trí mheán leictreonach, cóip den dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta maidir le gach táirge a chuirtear ar fáil ar an margadh, mura rud é go n-áirítear an dearbhú i bpas táirge digiteach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 76 agus go bhfuil sé ar fáil tríd an gcóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 75.
I gcás ina soláthraítear baisc den táirge céanna d’úsáideoir aonair, áfach, féadfaidh cóip aonair den dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a bheith ag gabháil léi.
2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh monaróir an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, ar choinníoll go gcomhlíonann an monaróir na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
áirithíonn sé go gcuirfear inneachar an dearbhaithe feidhmíochta agus comhréireachta ar fáil i bhformáid leictreonach dholeasaithe ar an suíomh gréasáin; |
|
(b) |
soláthraíonn sé an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta i bhformáid atá inléite ag an duine agus atá meaisín-inléite agus tugann sé an deis cóip a íoslódáil i bhformáid atá inléite go coiteann; |
|
(c) |
áirithíonn sé go ndéanfar faireachán agus cothabháil ar an suíomh gréasáin ar ar cuireadh an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ar fáil ionas go mbeidh an suíomh gréasáin agus na dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta ar fáil go leanúnach d’fhaighteoirí an táirge foirgníochta; |
|
(d) |
áirithíonn sé go mbeidh faighteoirí táirgí foirgníochta in ann rochtain a fháil saor in aisce ar an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta; |
|
(e) |
soláthraíonn sé treoracha d’fhaighteoirí táirgí foirgníochta maidir le conas rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin agus maidir leis na dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta arna dtarraingt suas le haghaidh táirgí den sórt sin atá ar fáil ar an suíomh gréasáin sin; |
|
(f) |
soláthraíonn sé nasc idir an táirge agus an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a bhaineann leis trí bhíthin chód uathúil aitheantais an chineáil táirge; féadfaidh monaróirí iompróir sonraí a úsáid, lena n-áirítear buan-nasc, chun an nasc a sholáthar, ar choinníoll go gcomhlíontar pointe (a). |
3. Mar chuid den iarraidh ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 5(2), féadfaidh an Coimisiún freisin a iarraidh ar an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú treoirlínte a eisiúint chun idir-inoibritheacht na bhformáidí atá inléite ag an duine agus atá meaisín-inléite dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a áirithiú.
4. Déanfaidh an monaróir an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a sholáthar nó a chur ar fáil i bpas táirge digiteach i gcomhréir le mír 1, nó ar shuíomh gréasáin i gcomhréir le mír 2, sa teanga nó sna teangacha a éilíonn gach ceann de na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an monaróir an táirge a chur ar fáil. Oibreoir eacnamaíoch eile a chuireann táirge an mhonaróra sin ar fáil in aon Bhallstát breise, cuirfidh sé aistriúchán nó aistriúcháin ar an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ar fáil sna teangacha a éilíonn an Ballstát breise, mar aon leis an mbunleagan faoi seach.
Airteagal 17
Prionsabail ghinearálta agus úsáid na marcála CE
1. Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
2. Ní ghreamófar an mharcáil CE ach de na táirgí sin a bhfuil dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta tarraingthe suas ag an monaróir ina leith i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 15. Greamófar an mharcáil CE de phríomhchodanna.
3. Tríd an marcáil CE a ghreamú den táirge, nó tríd an marcáil CE a chur á ghreamú de, tugann an t-oibreoir eacnamaíoch le fios gur ghlac sé freagracht air féin as comhréireacht an táirge leis an bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus leis na ceanglais táirge is infheidhme a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tríd an marcáil CE a ghreamú, beidh an t-oibreoir eacnamaíoch faoi dhliteanas as an bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus as comhlíonadh na gceanglas sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le dliteanas conarthach agus seach-chonarthach.
4. Is í an mharcáil CE an t-aon mharcáil lena bhfianaítear feidhmíocht an táirge maidir le saintréithe bunriachtanacha measúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, mar aon le comhréireacht an táirge leis an Rialachán seo.
Airteagal 18
Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú
1. Greamófar an mharcáil CE go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta den táirge. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh nó nach bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an táirge, greamófar an mharcáil CE de lipéad atá ceangailte den táirge nó den phacáistíocht nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, de na doiciméid a ghabhann leis.
2. I ndiaidh na marcála CE, beidh an méid seo a leanas:
|
(a) |
an dá dhigit dheireanacha den bhliain inar greamaíodh an mharcáil CE den chéad uair, nó, i gcás táirgí úsáidte, an dá dhigit dheireanacha den bhliain ina ndearnadh an táirge a dhíshuiteáil agus, ina dhiaidh sin, an dá dhigit dheireanacha den bhliain inar greamaíodh an mharcáil CE den táirge úsáidte; |
|
(b) |
ainm agus seoladh cláraithe an mhonaróra, nó an marc aitheantais lenar féidir ainm agus seoladh an mhonaróra a shainaithint go héasca agus gan débhrí; |
|
(c) |
ainm agus seoladh cláraithe an ionadaí údaraithe, nó an marc aitheantais lenar féidir ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe a shainaithint go héasca agus gan débhrí i gcás nach bhfuil áit ghnó ag an monaróir san Aontas nó i gcás ina roghnaíonn an monaróir ionadaí údaraithe a bheith aige, |
|
(d) |
cód uathúil aitheantais an chineáil táirge; |
|
(e) |
cód dearbhaithe an dearbhaithe feidhmíochta agus comhréireachta; |
|
(f) |
uimhir aitheantais an chomhlachta nó na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a fhíoraíonn an cineál táirge agus a dhéanann measúnú ar an rialú ar tháirgeadh monarchan, más infheidhme; agus |
|
(g) |
iompróir sonraí atá nasctha leis an bpas táirge digiteach dá dtagraítear in Airteagal 76 má tá pas táirge digiteach den sórt sin ar fáil tríd an gcóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta arna bhunú de bhun Airteagal 75. |
Féadfar iompróir sonraí a chur in ionad na faisnéise a liostaítear i bpointí (d) agus (e) den chéad fhomhír den mhír seo, lena n-áirítear buan-nasc atá nasctha leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta de bhun Airteagal 16(2), pointe (e), má tá an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ar fáil ar shuíomh gréasáin. Féadfar an fhaisnéis a liostaítear i bpointí (d) agus (e) den chéad fhomhír den mhír seo a fhágáil ar lár má sholáthraítear iompróir sonraí dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír den mhír seo.
3. Greamófar an mharcáil CE sula gcuirfear an táirge ar an margadh. Féadfar picteagram nó aon mharc eile lena dtaispeántar riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh na marcála CE.
Airteagal 19
Marcálacha eile agus maímh feidhmíochta
1. Ní fhéadfar marcálacha seachas an mharcáil CE, lena n-áirítear marcálacha príobháideacha, a ghreamú de tháirge ach amháin mura léiríonn siad gur ghá measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an táirge i ndáil le saintréithe bunriachtanacha a chumhdaítear leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach a leagtar síos leis an Rialachán seo.
Féadfar éicilipéid EN ISO 14024 de chineál I atá aitheanta go hoifigiúil a ghreamú de tháirge má chomhlíonann siad an ceanglas sa chéad fhomhír.
2. Féadfar marcálacha a cheadaítear i gcomhréir le mír 1 agus marcálacha eile a leagtar amach le reachtaíocht de chuid an Aontais a ghreamú de tháirge ar choinníoll nach ndéanfaidh siad dochar d’infheictheacht, d’inléiteacht ná do bhrí na marcála CE.
3. I gcás ina gcumhdaítear táirge le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, beidh maíomh arna dhéanamh ag oibreoir eacnamaíoch maidir le feidhmíocht an táirge, a bhaineann le saintréith bhunriachtanach a chumhdaítear leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe sin, i gcomhréir leis an modh measúnúcháin don tsaintréith bhunriachtanach áirithe sin mar a leagtar síos sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.
4. I gcás ina gcumhdaítear táirge le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, ní fhéadfar maímh maidir lena fheidhmíocht i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha a leagtar síos sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin a sholáthar sa bhreis air sin in áit eile seachas sa dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ach amháin má sholáthraítear iad cheana féin sa dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta freisin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cásanna nár tarraingíodh suas aon dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 14.
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AGUS CEARTA NA NOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA
Airteagal 20
Oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha uile
1. Níl oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha faoin gCaibidil seo infheidhme ach amháin i ndáil le táirgí a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe, nó le táirgí a bhfuil an mharcáil CE orthu ar bhonn measúnú teicniúil Eorpach.
2. Déanfaidh oibreoir eacnamaíoch na bearta uile is gá chun a áirithiú go leanfar den Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás inar luadh neamhchomhlíonadh an oibreora eacnamaíoch nó neamhchomhlíonadh táirge agus inar iarr údarás faireachais margaidh gníomhaíocht cheartaitheach i gcomhréir le hAirteagal 65(1), cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi bhráid an údaráis sin go dtí go gcinnfidh an t-údarás sin gur féidir an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhúnadh.
3. Déanfaidh oibreoir eacnamaíoch, arna iarraidh sin d’údarás náisiúnta inniúil, aon oibreoir eacnamaíoch nó aon ghníomhaí eile a chur in iúl don údarás sin:
|
(a) |
arb oibreoir eacnamaíoch nó gníomhaí é a sholáthair táirge, lena n-áirítear comhpháirteanna nó páirteanna spártha de tháirgí, agus cainníocht an tsoláthair sin, don oibreoir eacnamaíoch sin, nó a sholáthair seirbhís a chumhdaítear leis an Rialachán seo dó; |
|
(b) |
arb oibreoir eacnamaíoch nó gníomhaí é ar sholáthair an t-oibreoir eacnamaíoch sin táirge, lena n-áirítear comhpháirteanna nó páirteanna spártha de tháirgí, agus cainníocht an tsoláthair sin, dó, nó ar sholáthair sé seirbhís a chumhdaítear leis an Rialachán seo dó. |
Agus na hoibreoirí eacnamaíocha nó gníomhaithe eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sainaithint aige, cuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch an t-údarás náisiúnta inniúil ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
sonraí teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na ngníomhaithe sin, lena n-áirítear seoltaí agus seoltaí ríomhphoist; |
|
(b) |
uimhir chánach agus uimhir chláraithe cuideachta na n-oibreoirí eacnamaíocha nó na ngníomhaithe sin. |
4. Coinneoidh oibreoir eacnamaíoch na doiciméid uile agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa Chaibidil seo ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis don oibreoir eacnamaíoch an táirge nó an tseirbhís i gceist a sholáthar nó tar éis an táirge sin nó an tseirbhís sin a bheith soláthartha dó, mura rud é gur cuireadh na doiciméid nó an fhaisnéis ar fáil tríd an bpas táirge digiteach dá dtagraítear in Airteagal 76. Tíolacfaidh oibreoir eacnamaíoch an doiciméadacht agus an fhaisnéis laistigh de 10 lá tar éis dó iarraidh a fháil ó údarás náisiúnta inniúil.
5. Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch é féin a chlárú ina chóras náisiúnta féin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 71(5).
Cuirfidh oibreoir eacnamaíoch bealaí cumarsáide, lena n-áirítear uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist nó codanna tiomnaithe dá shuíomh gréasáin, ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí, rud a chuirfidh ar a gcumas aon tionóisc, aon teagmhas eile nó aon saincheist sábháilteachta a bhí acu leis an táirge a chur in iúl.
6. I gcás ina measann oibreoir eacnamaíoch go mbaineann riosca do shláinte agus sábháilteacht daoine nó don chomhshaol le táirge neamhchomhréireach, cuirfidh sé údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir sé an táirge ar fáil ar an eolas láithreach faoi sin, agus tabharfaidh sé mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh. Féadfaidh oibreoir eacnamaíoch na húdaráis náisiúnta inniúla a chur ar an eolas faoi aon sárú eile is dócha a dhéanfar ar an Rialachán seo a dtagann sé ar an eolas faoi, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
7. Beidh oibreoir eacnamaíoch faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Airteagal seo nó ar na hAirteagail sa Chaibidil seo a bhaineann lena ghníomhaíochtaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le dliteanas conarthach agus seach-chonarthach.
Airteagal 21
Cearta na monaróirí
1. Beidh sé de cheart ag monaróir an fhaisnéis is gá a iarraidh ar a sholáthróirí agus ar a sholáthraithe seirbhíse i ndáil lena dtáirgí chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
2. Má tá an monaróir faoi réir cúraimí tríú páirtí arna ndéanamh ag comhlacht faoina dtugtar fógra, beidh sé de cheart ag an monaróir a iarraidh ar a sholáthróirí agus ar a sholáthraithe seirbhíse go dtabharfaidh siad cead don chomhlacht sin faoina dtugtar fógra rochtain a bheith aige ar a ndoiciméadacht agus ar a n-áitreabh a mhéid a éilíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra rochtain den sórt sin chun a chúraimí a dhéanamh.
3. Tá feidhm ag na cearta arna mbunú i mír 1 freisin maidir le monaróir a chuireann táirge úsáidte nó táirge athmhonaraithe ar an margadh i ndáil le soláthróir an táirge úsáidte, lena n-áirítear an díshuiteálaí i gcás inarb infheidhme. Maidir leis an bhfaisnéis atá ag teastáil, féadfaidh faisnéis faoi úsáid an táirge roimhe sin agus faoin bpróiseas chun é a dhíshuiteáil a bheith san áireamh inti, ach gan a bheith teoranta di.
4. Beidh sé de cheart ag monaróir na sonraí agus na ríomhanna a cheanglaítear faoi Airteagal 15(2) a iarraidh ar a sholáthróirí agus ar a sholáthraithe seirbhíse i ndáil leis na soláthairtí nó na seirbhísí arna soláthar, lena n-áirítear na tuarascálacha bailíochtaithe is gá arna n-eisiúint ag comhlacht faoina dtugtar fógra.
Airteagal 22
Oibleagáidí na monaróirí
1. Agus táirge á chur ar an margadh aige, cinnfidh an monaróir an cineál táirge, agus na teorainneacha a leagtar síos chuige sin leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 3, pointe (27), á n-urramú aige. Áiritheoidh an monaróir go ndéanfar measúnú ar fheidhmíocht an táirge i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha éigeantacha agus leis na saintréithe bunriachtanacha sin a bheartaítear a dhearbhú. Má chumhdaítear an táirge le ceanglais táirge arna mbunú le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), áiritheoidh an monaróir gur dearadh agus gur tógadh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin freisin.
Duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge trí úsáid a bhaint as priontáil 3T, comhlíonfaidh an duine sin na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí agus an táirge á chur ar an margadh. Áireofar ar na hoibleagáidí tacair sonraí 3T iomchuí a úsáid, ábhair a chomhlíonann na nósanna imeachta is infheidhme faoin Rialachán seo a úsáid, agus comhoiriúnacht tacar sonraí 3T, ábhair priontála agus na teicneolaíochta priontála a úsáidtear a fhíorú, ach níl siad teoranta don mhéid sin.
2. I gcás inar léiríodh comhlíontacht an táirge leis na ceanglais is infheidhme agus a fheidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an gcóras measúnúcháin agus fíorúcháin nó na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, déanfaidh an monaróir dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 13 go 15, greamóidh sé an mharcáil CE de i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18 agus, nuair is infheidhme, áiritheoidh sé infhaighteacht páirteanna spártha nach bhfuil ar fáil go coitianta ar an margadh, dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, agus greamóidh sé an lipéadú de de bhun mhír 9 den Airteagal seo.
3. Déanfaidh an monaróir, mar bhonn don dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta, doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ina léireoidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
an úsáid dhearbhaithe, a thiocfaidh faoi raon feidhme na húsáide atá beartaithe is infheidhme; |
|
(b) |
na gnéithe ábhartha uile is gá chun feidhmíocht agus comhréireacht a léiriú; |
|
(c) |
faisnéis faoi na nósanna imeachta atá i bhfeidhm dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo; |
|
(d) |
faisnéis faoin gcóras is infheidhme nó faoi na córais is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn IX; |
|
(e) |
i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi chur i bhfeidhm nósanna imeachta simplithe a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 59 go 61; agus |
|
(f) |
feidhmíocht na hinbhuanaitheachta comhshaoil a ríomh i ndáil le buntréithe dá dtagraítear in Airteagal 15(2). |
4. Áiritheoidh an monaróir go mbeidh nósanna imeachta ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgí a bhfeidhmíocht dhearbhaithe agus go leanfaidh siad de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iomchuí a bheidh dearadh an táirge, lena n-áirítear tacair sonraí 3T, na próisis táirgthe agus an t-ábhar a úsáidtear. I gcás ina monaraítear an táirge i dtáirgeadh sraithe, áiritheoidh an monaróir go mbeidh nósanna imeachta ar bun chun a áirithiú go gcoinneoidh sé a fheidhmíocht dhearbhaithe agus go leanfaidh sé de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is iomchuí a bheidh na hathruithe ar dhearadh an táirge, lena n-áirítear tacair sonraí 3T, ar an bpróiseas táirgthe agus ar an ábhar a úsáidtear. Cuirfear athruithe ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme i gcuntas go leormhaith agus, i gcás ina ndéantar difear d’fheidhmíocht an táirge nó do chomhréireacht an táirge, spreagfar athmheasúnú leo i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha um measúnú.
Déanfaidh an monaróir, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin maidir le beachtas, iontaofacht agus cobhsaíocht an táirge ó thaobh feidhmíocht dhearbhaithe agus comhréireachta de a áirithiú, tástáil shamplach ar tháirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, déanfaidh sé imscrúdú ar ghearáin, agus, más gá, coinneoidh sé clár de ghearáin, de tháirgí neamhchomhréireacha agus de tháirgí a aisghaireadh, agus coinneoidh sé allmhaireoirí agus dáileoirí ar an eolas faoi sin.
5. Áiritheoidh an monaróir go mbeidh ar a tháirgí cód aitheantais uathúil den chineál táirge a bhaineann go sonrach leis an monaróir agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, baiscuimhir nó sraithuimhir atá sofheicthe agus soléite d’úsáideoirí. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar chineál an táirge, cuirfear an fhaisnéis is gá ar fáil ar lipéad greamaithe, ar an bpacáistíocht nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh ach oiread, i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.
Déanfaidh an monaróir lipéad ‘Le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin’ a chur ar tháirge, ar an mbealach céanna agus a leagtar amach sa chéad fhomhír, má tá saineolas de dhíth chun é a úsáid agus cuirfidh sé an lipéad ar taispeáint do chustaiméirí sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, lena n-áirítear i gcás ciandíola. Táirgí nach bhfuil lipéad ‘Le haghaidh úsáid ghairmiúil amháin’ orthu, measfar iad a bheith beartaithe freisin d’úsáideoirí neamhghairmiúla agus do thomhaltóirí de réir bhrí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2023/988.
Déanfaidh an monaróir an fhaisnéis nach mór a sholáthar de bhun an Rialacháin seo a chur ar taispeáint do chustaiméirí ar bhealach soiléir sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, lena n-áirítear i gcás ciandíola.
6. Agus táirge á chur ar fáil ar an margadh aige, áiritheoidh an monaróir go mbeidh faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, ag gabháil leis i dteanga atá le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann nó, in éagmais an chinnidh sin, i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca.
7. Faoi 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 75(1), déanfaidh an monaróir pas táirge digiteach dá dtagraítear in Airteagal 76 a chur ar fáil, tríd an gcóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta dá dtagraítear in Airteagal 75, atá nasctha le hiompróir sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (g).
8. Chun infhaighteacht páirteanna spártha nach bhfuil ar fáil go coitianta ar an margadh a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí oibleagáid a fhorchur ar mhonaróirí, i leith finte táirgí áirithe agus catagóirí táirgí áirithe, páirteanna spártha sonracha nach bhfuil ar fáil go coitianta do na táirgí a chuireann siad ar an margadh a chur ar fáil ar an margadh.
Beidh feidhm ag an oibleagáid arna bunú leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an táirge deiridh den chineál lena mbaineann a chur ar an margadh, mura rud é go ndéantar tréimhse éagsúil a shocrú leis an ngníomh tarmligthe.
Déanfaidh monaróirí atá faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos sa chéad fhomhír na páirteanna spártha a thairiscint laistigh de thréimhse sheachadta réasúnta gearr agus ar phraghas réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach, agus cuirfidh siad an pobal ar an eolas faoi sin.
9. Chun trédhearcacht a áirithiú d’úsáideoirí agus chun táirgí inbhuanaithe a chur chun cinn, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí cheanglais shonracha maidir le lipéadú inbhuanaitheachta comhshaoil a bhunú le haghaidh finte táirgí áirithe agus catagóirí táirgí áirithe nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is tomhaltóirí a roghnaíonn nó a cheannaíonn an táirge de ghnáth; agus |
|
(b) |
níl éagsúlacht shuntasach ag baint le feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán an táirge le linn a shaolré, ag brath ar a shuiteáil. |
Beidh an lipéadú bunaithe ar fheidhmíocht an táirge, arna measúnú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) nó le hAirteagal 6(1), agus soláthrófar air faisnéis shothuigthe is féidir le daoine nach saineolaithe iad a thuiscint.
10. Cinnfear leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 9 an bealach ina bhfuil an monaróir leis an lipéad a ghreamú, tríd an méid seo a leanas a shonrú:
|
(a) |
inneachar an lipéid; |
|
(b) |
leagan amach an lipéid, agus infheictheacht agus inléiteacht an lipéid á gcur i gcuntas; |
|
(c) |
an bealach ina bhfuil an lipéad le cur ar taispeáint do chustaiméirí, lena n-áirítear i gcás ciandíola; |
|
(d) |
i gcás inarb iomchuí, na modhanna leictreonacha atá le húsáid chun lipéid a ghiniúint. |
11. Maidir le monaróir a mheasann nó a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint nach bhfuil táirge atá curtha ar an margadh aige i gcomhréir lena fheidhmíocht dhearbhaithe nó nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo, déanfaidh sé na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta nó comhlíontachta, nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar nó a aisghairm. Má tá an tsaincheist nasctha le comhpháirt arna soláthar nó le seirbhís arna soláthar go seachtrach, cuirfidh an monaróir an soláthróir nó an soláthraí seirbhíse agus údarás náisiúnta inniúil an mhonaróra ar an eolas.
12. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge, déanfaidh an monaróir, gan moill mhíchuí agus laistigh de 3 lá oibre ar a dhéanaí, na hionadaithe údaraithe, na hallmhaireoirí, na dáileoirí, na soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe, agus na margaí ar líne uile a bhfuil baint acu lena dháileadh a chur ar an eolas, mar aon le húdaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir an monaróir nó, go bhfios dó, oibreoirí eacnamaíocha eile an táirge ar fáil. Chuige sin, soláthróidh an monaróir na mionsonraí úsáideacha uile agus, go háirithe, sonróidh sé an cineál neamhchomhlíonta, minicíocht na dtionóiscí nó na dteagmhas, agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh nó a moladh. I gcás rioscaí arb iad táirgí a shroich úsáideoir deiridh nó tomhaltóir cheana is cúis leo, arb úsáideoir deiridh nó tomhaltóir é nó í nach féidir a shainaithint ná dul i dteagmháil go díreach leis nó léi, déanfaidh an monaróir faisnéis a scaipeadh, trí na meáin agus ar bhealaí iomchuí eile, chun an rochtain is leithne is féidir a áirithiú, faoi bhearta iomchuí chun deireadh a chur leis na rioscaí nó, mura féidir an méid sin a dhéanamh, chun iad a laghdú. I gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann, déanfaidh an monaróir an táirge a tharraingt siar agus a aisghairm ar a chostas féin.
Airteagal 23
Oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe
1. Féadfaidh monaróir atá bunaithe san Aontas aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a cheapadh, trí shainordú i scríbhinn, mar ionadaí údaraithe aonair. Ceapfaidh monaróir nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí údaraithe aonair.
Ní bheidh tarraingt suas na doiciméadachta teicniúla mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
2. Comhlíonfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a fhaightear ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
|
(a) |
an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla; |
|
(b) |
de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar don údarás sin chun comhréireacht táirge lena fheidhmíocht dhearbhaithe agus comhlíontacht táirge le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a léiriú; |
|
(c) |
an conradh a fhoirceannadh más rud é gur ghníomhaigh an monaróir ar bhealach atá contrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo agus an monaróir, údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát ina gcuirtear an táirge ar an margadh agus údarás náisiúnta inniúil a áite gnó féin a chur ar an eolas faoi sin; |
|
(d) |
i gcás ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil táirge neamhchomhlíontach nó go bhfuil riosca ag baint leis, an monaróir agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát ina gcuirtear an táirge ar an margadh agus údarás náisiúnta inniúil an ionadaí údaraithe a chur ar an eolas faoi sin; agus |
|
(e) |
comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe agus chun neamhchomhréireachtaí na dtáirgí sin a leigheas. |
3. Fíoróidh an t-ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar leibhéal doiciméadach:
|
(a) |
go bhfuil an mharcáil CE agus an lipéadú ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 22(9); |
|
(b) |
go bhfuil dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ag gabháil leis an táirge, nó go bhfuil an dearbhú sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 16(1) nó (2); agus |
|
(c) |
gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22(5), (6) agus (7). |
4. I gcás ina sainaithníonn ionadaí údaraithe cás neamhchomhlíonta a luaitear i mír 3 den Airteagal seo, iarrfaidh sé ar an monaróir gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 22(11) agus (12).
Airteagal 24
Oibleagáidí na n-allmhaireoirí
1. Ní chuirfidh allmhaireoirí ar an margadh ach táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Sula gcuirfidh sé táirge ar an margadh, áiritheoidh an t-allmhaireoir go ndearna an monaróir comhlíontacht an táirge leis na ceanglais is infheidhme agus a fheidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha ábhartha a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus (2).
Áiritheoidh an t-allmhaireoir an méid seo a leanas:
|
(a) |
tá an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 22(3) tarraingthe suas ag an monaróir; |
|
(b) |
tá an mharcáil CE agus an lipéadú ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 22(9); |
|
(c) |
tá an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ag gabháil leis an táirge, nó tá an dearbhú sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 16(1) nó (2); agus |
|
(d) |
chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22(5), (6) agus (7). |
3. Fíoróidh an t-allmhaireoir go ndearna an monaróir úsáid an táirge a dhearbhú, agus áiritheoidh sé go mbeidh faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV ag gabháil leis an táirge i dteanga a chinneann an Ballstát lena mbaineann nó, in éagmais an chinnidh sin, i dteanga is féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca. Déanfaidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis nach mór a sholáthar de bhun an Rialacháin seo nó de bhun sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a chur ar taispeáint do chustaiméirí ar bhealach soiléir sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, lena n-áirítear i gcás ciandíola.
4. Áiritheoidh an t-allmhaireoir, fad a bheidh sé freagrach as táirge, nach ndéanfaidh dálaí a stórála ná a iompair comhréireacht an táirge sin leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ná a chomhlíontacht le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a chur i mbaol.
5. I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta, nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtí go mbeidh sé i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a ghabhann leis agus go dtí go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais eile is infheidhme den Rialachán seo, nó go dtí go gceartófar an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus an t-údarás náisiúnta inniúil atá freagrach ar an eolas faoi sin.
6. Déanfaidh an t-allmhaireoir a ainm, a thrádainm cláraithe nó a thrádmharc cláraithe, a áit ghnó, a sheoladh teagmhála agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, modhanna leictreonacha cumarsáide, a chur in iúl ar an táirge nó, mura bhfuil sé sin indéanta, ar a phacáistíocht, nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.
7. Déanfaidh an t-allmhaireoir imscrúdú ar ghearáin maidir le táirgí neamhchomhréireacha agus táirgí a tarraingíodh siar nó a aisghaireadh, agus, más gá, coinneoidh sé clár de ghearáin den sórt sin, agus coinneoidh sé monaróirí agus dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.
8. Maidir le hallmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu chun a chreidiúint nach bhfuil táirge atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir lena fheidhmíocht dhearbhaithe nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar nó a aisghairm. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge, cuirfidh allmhaireoirí údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach faoi sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
9. Comhlíonfaidh allmhaireoirí a dhíolann le húsáideoirí deiridh na hoibleagáidí atá ar dháileoirí freisin.
Airteagal 25
Oibleagáidí na ndáileoirí
1. Agus táirgí á gcur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na hoibleagáidí sa Rialachán seo.
2. Sula gcuirfidh an dáileoir táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh sé an méid seo a leanas:
|
(a) |
tá an mharcáil CE agus an lipéadú ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 22(9), i gcás inar gá; |
|
(b) |
tá dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ag gabháil leis an táirge, i gcás inar gá, nó tá an dearbhú ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 16(2); |
|
(c) |
tá faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an táirge i gcomhréir le hAirteagal 22(6), i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh a thuiscint go héasca; |
|
(d) |
chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22(5) agus (7) agus in Airteagal 24(6) faoi seach. |
3. Déanfaidh an dáileoir an fhaisnéis nach mór a sholáthar de bhun an Rialacháin seo a chur ar taispeáint do chustaiméirí ar bhealach soiléir sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh díolacháin, lena n-áirítear i gcás ciandíola.
4. I gcás ina measann dáileoir nó ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir lena fheidhmíocht dhearbhaithe nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh sé i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta a ghabhann leis agus go dtí go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge, cuirfidh an dáileoir an monaróir agus na húdaráis náisiúnta inniúla atá freagrach ar an eolas faoi sin.
5. Áiritheoidh an dáileoir, fad a bheidh sé freagrach as táirge, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhréireacht an táirge sin lena fheidhmíocht dhearbhaithe ná a chomhlíontacht le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a chur i mbaol.
6. Maidir le dáileoir a mheasann nó a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh aige i gcomhréir lena fheidhmíocht dhearbhaithe nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, áiritheoidh sé go ndéanfar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó, más iomchuí, chun é a tharraingt siar nó a aisghairm. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge, cuirfidh an dáileoir údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir sé an táirge ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach faoi sin, agus tabharfaidh sé mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
Airteagal 26
Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir leis na hallmhaireoirí agus na dáileoirí
1. Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críoch an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí monaróra de bhun Airteagal 22, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
cuireann sé táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc; |
|
(b) |
modhnaíonn sé táirge d’aon ghnó nó modhnaítear an táirge go neamhbheartaithe ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh an dearbhaithe feidhmíochta agus comhréireachta nó do chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo nó arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
cuireann sé táirge ar fáil ar an margadh agus úsáid dhearbhaithe aige atá éagsúil leis an úsáid dhearbhaithe a shann an monaróir i bpróiseas an mheasúnaithe agus an fhíoraithe; |
|
(d) |
maíonn sé go bhfuil saintréithe an táirge ag imeacht ó na saintréithe a dhearbhaigh an monaróir; nó |
|
(e) |
roghnaíonn sé ról an mhonaróra a ghlacadh air féin. |
2. Beidh feidhm ag mír 1 freisin maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann an méid seo a leanas ar an margadh:
|
(a) |
táirge úsáidte a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe lena leagtar síos forálacha maidir le táirgí úsáidte; |
|
(b) |
táirge úsáidte nach gcumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe lena ngabhann forálacha maidir le táirgí úsáidte agus nár cuireadh ar mhargadh an Aontais roimhe sin; |
|
(c) |
táirge athmhonaraithe. |
3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 nuair nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ach an méid seo a leanas:
|
(a) |
aistriúcháin ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an monaróir a chur leis; |
|
(b) |
pacáistíocht eile a chur in ionad forphacáistíocht táirge a cuireadh ar an margadh cheana, lena n-áirítear nuair a bheidh méid na pacáistíochta á hathrú, má dhéantar an t-athphacáistiú sa chaoi nach bhféadfaidh sé difear a dhéanamh do bhail bhunaidh an táirge agus go gcuirfear aon fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar fáil i gceart i gcónaí. |
4. Oibreoir eacnamaíoch a sholáthraíonn na gníomhaíochtaí a liostaítear i mír 3, cuirfidh sé an monaróir nó a ionadaí údaraithe ar an eolas faoi sin, gan beann ar an leis an oibreoir eacnamaíoch sin na táirgí nó an soláthraíonn sé seirbhísí. Déanfaidh sé an t-athphacáistiú ar bhealach nach ndéanfaidh sé difear do bhail bhunaidh an táirge ná dá chomhlíontacht leis an Rialachán seo, agus go gcuirfear aon fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar fáil i gceart i gcónaí. Gníomhóidh an t-oibreoir eacnamaíoch le cúram cuí i ndáil le hoibleagáidí an Rialacháin seo.
Airteagal 27
Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe
1. Agus iad ag rannchuidiú le táirge a chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe le cúram cuí i ndáil le hoibleagáidí an Rialacháin seo.
2. Áiritheoidh soláthraí seirbhíse próiseála orduithe go bhfuil an lipéadú agus na doiciméid arna soláthar ag an monaróir nó ag an allmhaireoir ar fáil nó ag gabháil leis an táirge, mar aon leis an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
an mharcáil CE agus an lipéadú dá dtagraítear in Airteagal 22(9); |
|
(b) |
an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta; |
|
(c) |
an fhaisnéis ghinearálta táirge, na treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 22(6). |
3. Áiritheoidh soláthraí seirbhíse próiseála orduithe nach ndéanfaidh na dálaí le linn trádstóráil, pacáistiú, nó seoladh táirge, nó le linn seoladh a chur air, comhréireacht táirge lena fheidhmíocht dhearbhaithe ná a chomhlíontacht le ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo a chur i mbaol. Soláthróidh monaróirí nó allmhaireoirí táirgí foirgníochta an fhaisnéis mhionsonraithe is gá dá soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe chun a áirithiú go ndéanfar an táirge a stóráil, a phacáistiú, seoladh a chur air nó é a sheoladh ar bhealach sábháilte agus chun feidhmiú breise an táirge a áirithiú.
4. Tacóidh soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe le táirgí a tharraingt siar nó a aisghairm, gan beann ar cé acu údaráis faireachais margaidh, monaróirí, ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí a thionscain iad.
5. I gcás ina measann soláthraí seirbhíse próiseála orduithe nó ina bhfuil cúis aige chun a chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta nó nach gcomhlíonann sé ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, ní thacóidh sé leis an táirge a chur ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an táirge i gcomhréir leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta ábhartha, agus go dtí go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais eile is infheidhme sa Rialachán seo, nó go dtí go gceartófar an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an táirge, cuirfidh an soláthraí seirbhíse próiseála orduithe an monaróir agus an t-údarás náisiúnta inniúil atá freagrach ar an eolas faoi sin.
Airteagal 28
Oibleagáidí na margaí ar líne
1. Déanfaidh margadh ar líne an méid seo a leanas:
|
(a) |
chun Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) a chomhlíonadh, a chomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú sa chaoi go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann a n-oibleagáidí faoi Airteagal 29(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh; |
|
(b) |
pointe teagmhála aonair a bhunú le haghaidh cumarsáid dhíreach le húdaráis náisiúnta inniúla na mBallstát i ndáil le comhlíonadh an Rialacháin seo, ar féidir gurb ionann é agus an pointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/988 nó in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2022/2065; |
|
(c) |
freagra iomchuí a thabhairt ar fhógraí a bhaineann le fógra a thabhairt faoi thionóiscí agus faoi theagmhais eile lena mbaineann táirgí a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/2065; |
|
(d) |
comhoibriú chun bearta éifeachtacha um fhaireachas margaidh a áirithiú, lena n-áirítear trí staonadh ó chonstaicí a chur i bhfeidhm maidir le bearta den sórt sin; |
|
(e) |
na húdaráis náisiúnta inniúla a chur ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht arna déanamh maidir le neamhchomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh amhrasta táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo; |
|
(f) |
malartú tráthrialta agus struchtúrtha faisnéise a bhunú maidir le hinneachar a bhain margaí ar líne anuas arna iarraidh sin d’údaráis náisiúnta inniúla; |
2. A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht dá n-údaráis faireachais margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a ordú do mhargadh ar líne inneachar neamhdhleathach sonrach a thagraíonn do tháirge neamhchomhlíontach a bhaint dá chomhéadan ar líne, rochtain air a dhíchumasú, nó rabhadh sainráite a thaispeáint d’úsáideoirí deiridh nuair a fhaigheann siad rochtain air. Comhlíonfaidh orduithe den sórt sin Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065.
3. Déanfaidh margadh ar líne na bearta is gá chun na horduithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fháil agus a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065.
4. Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le monaróirí, allmhaireoirí nó dáileoirí a thairgeann táirgí ar líne gan margadh ar líne a bheith rannpháirteach.
Airteagal 29
Díolacháin ar líne agus ciandíolacháin eile
1. Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolachán, measfar go bhfuil siad curtha ar fáil ar an margadh má tá an tairiscint dírithe ar chustaiméirí san Aontas. Measfar go bhfuil tairiscint díolacháin dírithe ar chustaiméirí san Aontas má dhíríonn an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a chuid gníomhaíochtaí, trí aon mhodh, ar Bhallstát. Measfar go bhfuil tairiscint, inter alia, dírithe ar chustaiméirí san Aontas sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
úsáideann an t-oibreoir eacnamaíoch airgeadra Ballstáit; |
|
(b) |
bhain an t-oibreoir eacnamaíoch úsáid as ainm fearainn idirlín atá cláraithe i gceann de na Ballstáit, nó baineann sé úsáid as fearann idirlín a thagraíonn don Aontas nó do cheann de na Ballstáit; nó |
|
(c) |
áirítear Ballstát ar na limistéir gheografacha a bhfuil seoladh chucu ar fáil. |
Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha a liostaítear sa chéad fhomhír má dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch margadh an Aontais a eisiamh go sainráite agus go héifeachtach.
2. I gcás ina gcuireann oibreoir eacnamaíoch táirge ar fáil ar an margadh ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíola, cuirfear in iúl go soiléir agus go feiceálach i dtairiscint an táirge sin, i gcás inar gá, an mharcáil CE, an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 18(2), an lipéad de bhun Airteagal 22(9) agus iompróir sonraí atá nasctha le pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagal 22(7).
3. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís idirghabhálach chun táirgí a chur ar an margadh, comhlíonfaidh an duine sin na hoibleagáidí atá ar oibreoir eacnamaíoch de bhun mhír 2 i ndáil leis na seirbhísí arna soláthar.
Airteagal 30
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoibleagáidí agus cearta na n-oibreoirí eacnamaíocha
I gcás inar gá, chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú, agus sa mhéid is gá chun cosc a chur ar chleachtais éagsúla a dhéanann an margadh inmheánach a ilroinnt d’oibreoirí eacnamaíocha, agus sa mhéid sin amháin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtugtar mionsonraí maidir leis an gcaoi a bhfuil oibreoirí eacnamaíocha leis na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chaibidil seo a chomhlíonadh agus leis na cearta a leagtar amach sa Chaibidil seo a fheidhmiú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
CAIBIDIL IV
DOICIMÉID UM MEASÚNÚ EORPACH
Airteagal 31
Doiciméid um measúnú Eorpach
1. Féadfar na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí, lena n-áirítear táirgí úsáidte, i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha a leagan síos i ndoiciméid um measúnú Eorpach ar choinníoll nach gcumhdaítear na táirgí leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
caighdeán comhchuibhithe arna dhéanamh éigeantach le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(8); |
|
(b) |
gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1); nó |
|
(c) |
caighdeán comhchuibhithe atá le soláthar i dtréimhse is giorra ná bliain amháin, i gcomhréir le hiarraidh ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 5(2). |
2. Ní mheasfar go gcumhdaítear táirge le caighdeáin chomhchuibhithe nó le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
ní thagann úsáid dhearbhaithe an táirge faoi raon feidhme na húsáide atá beartaithe a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe nó sa ghníomh cur chun feidhme; |
|
(b) |
níl na hábhair a úsáidtear comhionann leis na hábhair atá le húsáid i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe nó leis an ngníomh cur chun feidhme; nó |
|
(c) |
níl an modh measúnúcháin a leagtar amach sa chaighdeán comhchuibhithe nó sa ghníomh cur chun feidhme iomchuí don táirge sin. |
3. Ar iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach ó mhonaróir, ó ghrúpa monaróirí nó ó chomhlachas monaróirí, nó ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh eagraíocht CMTanna, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt suas agus a ghlacadh.
Beidh na buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus an liosta de shaintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II ina mbonn d’ullmhú na ndoiciméad um measúnú Eorpach. Déanfar doiciméad um measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh de réir na bprionsabal agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32.
4. Ní tharraingeofar suas doiciméid um measúnú Eorpach i ndáil le saintréith bhunriachtanach táirge ná le modh measúnúcháin do tháirge nuair is ann do dhoiciméad eile um measúnú Eorpach lena gcumhdaítear an tsaintréith bhunriachtanach chéanna nó an modh measúnúcháin céanna i ndáil leis an táirge sonrach sin, ar foilsíodh tagairt dó cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar cuireadh é faoi bhráid an Choimisiúin lena mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 34(1).
5. Maidir le hiarrataí ar dhoiciméad um measúnú Eorpach a fhorbairt, féadfaidh eagraíocht CMTanna agus an Coimisiún iarrataí den sórt sin a chumasc nó a dhiúltú i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn VI.
6. Ó dháta cur i bhfeidhm sainordaitheach sonraíochta teicniúla comhchuibhithe arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(8) nó le hAirteagal 6(1), lena gcumhdaítear an táirge céanna agus an úsáid chéanna atá beartaithe le doiciméad um measúnú Eorpach, ní úsáidfear an doiciméad um measúnú Eorpach a thuilleadh chun críocha an Rialacháin seo. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an tagairt don doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
7. Beidh doiciméid um measúnú Eorpach ina mbonn do mheasúnuithe teicniúla Eorpacha a leagtar amach in Airteagal 37.
Airteagal 32
Prionsabail agus nós imeachta a bhaineann le doiciméid um measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh
1. Agus doiciméid um measúnú Eorpach á bhforbairt agus á nglacadh, leanfaidh CMTanna aonair agus eagraíocht CMTanna an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
2. Agus doiciméid um measúnú Eorpach á bhforbairt agus á nglacadh, déanfaidh CMTanna aonair agus eagraíocht CMTanna an méid seo a leanas:
|
(a) |
beidh siad trédhearcach maidir leis na Ballstáit, leis an monaróir lena mbaineann agus le monaróirí nó geallsealbhóirí eile a iarrann go gcuirfí ar an eolas iad; |
|
(b) |
ní nochtfaidh siad faisnéis rúnda don Choimisiún ach amháin nuair is gá sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha rialála ag doiciméad um measúnú Eorpach agus déanfaidh siad sicréideacht tráchtála agus rúndacht tráchtála a chosaint; |
|
(c) |
sonróidh siad teorainneacha ama éigeantacha iomchuí chun moill gan údar maith a sheachaint; |
|
(d) |
ceadóidh siad rannpháirtíocht leormhaith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún; |
|
(e) |
beidh siad costéifeachtach don mhonaróir; agus |
|
(f) |
áiritheoidh siad go mbeidh coláisteacht agus comhordú leordhóthanach i measc CMTanna arna n-ainmniú don táirge atá i gceist. |
Le cothromú na gceanglas a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ceadófar, ar a laghad, nochtadh ainm an táirge ag an gcéim a dhéantar an clár oibre a fhormheas agus a chur in iúl, mar a leagtar amach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI, agus nochtadh inneachar mionsonraithe an dréachtdoiciméid um measúnú Eorpach a leagtar amach i bpointe 8 d’Iarscríbhinn VI.
3. Is iad CMTanna, in éineacht le heagraíocht CMTanna, a sheasfaidh na costais iomlána a bhaineann le doiciméid um measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh, ach amháin más é an Coimisiún a chuireann tús le forbairt den sórt sin.
4. Seachnóidh CMTanna agus eagraíocht CMTanna iomadú doiciméad um measúnú Eorpach i gcás nach bhfuil aon údar teicniúil ann chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí. Tabharfaidh siad tús áite, go háirithe, do raon feidhme na ndoiciméad um measúnú Eorpach atá ann cheana a leathnú seachas do dhoiciméid nua um measúnú Eorpach a chruthú.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, tar éis dul i gcomhairle le heagraíocht CMTanna, i gcomhréir le hAirteagal 89 chun Iarscríbhinn VI a leasú chun rialacha breise nós imeachta a chur léi maidir le doiciméid um measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh, i gcás inar gá sin chun dea-fheidhmiú chóras na ndoiciméad um measúnú Eorpach a áirithiú.
Airteagal 33
Oibleagáidí CMT a fhaigheann iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach
1. Nuair a fhaigheann sé iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach ó mhonaróir, ó ghrúpa monaróirí nó ó chomhlachas monaróirí, comhlíonfaidh CMT na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina gcumhdaítear an táirge le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó i gcás nach féidir doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 31, cuirfidh CMT in iúl don iarratasóir nach féidir measúnú teicniúil Eorpach a eisiúint; |
|
(b) |
i gcás ina gcumhdaítear an táirge go hiomlán le doiciméad um measúnú Eorpach ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuirfidh CMT in iúl don iarratasóir go n-úsáidfear an doiciméad um measúnú Eorpach dá dtagraítear mar bhonn don mheasúnú teicniúil Eorpach atá le heisiúint; |
|
(c) |
i gcás ina bhfuil an táirge incháilithe do dhoiciméad um measúnú Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 31, agus nach bhfuil aon doiciméad den sórt sin á fhorbairt, cuirfidh CMT in iúl don iarratasóir go dtionscnófar na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. |
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den Airteagal seo, ach i gcás ina bhfuiltear ag súil go soláthrófar caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear an táirge céanna i dtréimhse is faide ná bliain amháin arna bunú in iarraidh ar chaighdeánú dá dtagraítear in Airteagal 5(2), cuirfidh CMT in iúl don iarratasóir go bhfuil féidearthacht ann nach n-úsáidfí doiciméad um measúnú Eorpach a thuilleadh de bhun Airteagal 31(6).
2. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), den Airteagal seo, cuirfidh CMT eagraíocht CMTanna agus an Coimisiún ar an eolas faoi inneachar na hiarrata agus faoin tagairt do ghníomh tarmligthe ábhartha lena gcinntear an córas measúnúcháin agus fíorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2), a bhfuil sé beartaithe ag CMT é a chur i bhfeidhm maidir leis an táirge sin, nó nach ann do ghníomh tarmligthe den sórt sin.
3. Má mheasann an Coimisiún nach ann do ghníomh tarmligthe iomchuí lena gcinntear an córas measúnúcháin agus fíorúcháin don táirge, féadfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10(2).
Airteagal 34
Tagairtí a fhoilsiú
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le pointe 9 d’Iarscríbhinn VI, measúnú ar chomhlíontacht na ndoiciméad um measúnú Eorpach le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, leis an Rialachán seo agus le dlí eile de chuid an Aontais. I gcás ina bhfuil doiciméad um measúnú Eorpach i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme, foilseoidh an Coimisiún tagairt don doiciméad sin gan mhoill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach féidir tagairt do dhoiciméad um measúnú Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún tagairt den sórt sin a fhoilsiú maille le srianta.
2. Tar éis a fhoilsithe i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfar doiciméad um measúnú Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 37, a úsáid mar bhonn do mheasúnú teicniúil Eorpach ar feadh tréimhse 10 mbliana, ach amháin má tarraingíodh siar an tagairt don doiciméad um measúnú Eorpach ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó mura n-úsáidtear an doiciméad um measúnú Eorpach sin a thuilleadh de bhun Airteagal 31(6). Sa bhliain dheireanach den tréimhse sin, féadfaidh eagraíocht CMTanna cinneadh a dhéanamh an doiciméad um measúnú Eorpach a thíolacadh lena athnuachan. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar an doiciméad um measúnú Eorpach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 35
Inneachar an doiciméid um measúnú Eorpach
1. Beidh na gnéithe seo a leanas i ndoiciméad um measúnú Eorpach:
|
(a) |
tuairisc ar an táirge nó ar an gcatagóir táirgí a chumhdaítear agus an úsáid atá beartaithe dó nó di; agus |
|
(b) |
an liosta de shaintréithe bunriachtanacha, atá ábhartha maidir leis an úsáid atá beartaithe don táirge nó don chatagóir táirgí arna gcomhaontú idir an monaróir agus eagraíocht CMTanna, chomh maith le saintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an táirge nó na catagóire táirgí i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha a liostaítear. |
2. Leagfar amach an méid seo a leanas sa doiciméad um measúnú Eorpach:
|
(a) |
na mionsonraí teicniúla is gá chun na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagal 10(2) a chur chun feidhme; |
|
(b) |
na treoirlínte, lena n-áirítear na mionsonraí teicniúla is gá chun faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a tharraingt suas; |
|
(c) |
na treoirlínte chun idir-inoibritheacht na bhformáidí atá inléite ag an duine agus atá meaisín-inléite le haghaidh an dearbhaithe feidhmíochta agus comhréireachta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 16(2), pointe (b). |
3. I gcás inar féidir measúnú iomchuí a dhéanamh ar fheidhmíocht an táirge trí thagairt a dhéanamh dá shaintréithe bunriachtanacha, lena n-áirítear modhanna measúnúcháin agus critéir mheasúnúcháin, atá bunaithe cheana dóibh i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó i ndoiciméid eile um measúnú Eorpach, déanfar na saintréithe bunriachtanacha sin atá ann cheana agus a modhanna agus a gcritéir a ionchorprú mar chodanna den doiciméad um measúnú Eorpach, ach amháin más gá imeacht ón riail sin ar chúiseanna teicniúla.
I gcás inarb infheidhme, beidh feidhm ag na prionsabail sin freisin maidir le leibhéil tairsí agus aicmí feidhmíochta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(5).
Airteagal 36
Agóidí foirmiúla i gcoinne doiciméid um measúnú Eorpach
1. Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi gach cás seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina measann sé nach bhfuil doiciméad um measúnú Eorpach go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme nó nach gcomhlíontar leis na héilimh atá le comhlíonadh i ndáil leis na saintréithe bunriachtanacha atá le cumhdach i bhfianaise na mbuncheanglas le haghaidh oibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i bhfianaise na saintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II; |
|
(b) |
i gcás ina measann sé gur cúis mhór imní é doiciméad um measúnú Eorpach maidir le sláinte agus sábháilteacht daoine, maidir le cosaint an chomhshaoil nó maidir le cosaint an tomhaltóra; |
|
(c) |
i gcás ina measann sé nach gcomhlíonann doiciméad um measúnú Eorpach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 31(1). |
Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann bunús lena dhearcthaí. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit eile maidir leis na saincheisteanna arna n-ardú ag an mBallstát lena mbaineann.
2. I bhfianaise thuairimí na mBallstát uile, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí do na doiciméid um measúnú Eorpach lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, gan iad a fhoilsiú inti, iad a fhoilsiú inti maille le srianadh, iad a choimeád ar bun inti, iad a choimeád ar bun inti maille le srianadh nó iad a tharraingt siar uaithi.
3. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus eagraíocht CMTanna ar an eolas faoina chinneadh dá dtagraítear i mír 2 agus, i gcás inar gá, iarrfaidh sé go ndéanfar athbhreithniú ar an doiciméad lena mbaineann um measúnú Eorpach.
Airteagal 37
Measúnú teicniúil Eorpach
1. Eiseoidh CMT measúnú teicniúil Eorpach, arna iarraidh sin do mhonaróir ar bhonn doiciméad um measúnú Eorpach ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 34.
Ar choinníoll gur ann do dhoiciméad um measúnú Eorpach ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 34, féadfar measúnú teicniúil Eorpach a eisiúint fiú i gcás inar eisíodh iarraidh ar chaighdeánú. Beifear in ann eisiúint den sórt sin a dhéanamh go dtí nach n-úsáidfear an doiciméad um measúnú Eorpach a thuilleadh de bhun Airteagal 31(6).
2. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn VI nuair a dhéantar iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach.
3. Áireofar sa mheasúnú teicniúil Eorpach an fheidhmíocht atá le dearbhú, de réir leibhéal nó aicmí, nó i dtuairisc, i leith na saintréithe bunriachtanacha sin arna gcomhaontú ag an monaróir agus ag CMT a fhaigheann an iarraidh ar an measúnú teicniúil Eorpach ar an úsáid dhearbhaithe, agus na mionsonraí teicniúla is gá chun an córas measúnúcháin agus fíorúcháin a chur chun feidhme.
Áireofar sa mheasúnú teicniúil Eorpach freisin an measúnú ar fheidhmíocht na saintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a liostaítear in Airteagal 15(3).
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid an mheasúnaithe theicniúil Eorpaigh a bhunú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
5. Maidir le measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint ar bhonn doiciméad um measúnú Eorpach, beidh siad fós bailí go ceann 5 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 34(2) nó go ceann 5 bliana tar éis an tagairt don doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Nuair nach n-úsáidtear an doiciméad ábhartha um measúnú Eorpach le haghaidh táirge a thuilleadh de bhun Airteagal 31(6), ní fhéadfar an táirge sin a chur ar an margadh a thuilleadh ar bhonn measúnú teicniúil Eorpach.
6. Táirgí a chumhdaítear le doiciméad um measúnú Eorpach ar eisíodh measúnú teicniúil Eorpach ina leith, féadfar an mharcáil CE a chur orthu agus ar an gcaoi sin an stádas céanna a fháil is atá ag táirgí ar a bhfuil an mharcáil CE ar bhonn sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, i gcás ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina dtagraíonn na hoibleagáidí sin do shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, tagróidh an monaróir don doiciméad um measúnú Eorpach ina ionad sin nó, i gcás inarb ábhartha na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe freisin, sa bhreis air sin.
CAIBIDIL V
COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ TEICNIÚIL
Airteagal 38
Údaráis ainmniúcháin
1. Maidir le Ballstáit ar mian leo CMTanna a ainmniú, ainmneoidh siad údarás ainmniúcháin aonair a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar CMTanna agus chun iad a ainmniú. Comhlíonfaidh na húdaráis ainmniúcháin na ceanglais atá ar na húdaráis a thugann fógra, ar ceanglais iad a leagtar amach in Airteagal 43(1) agus Airteagal 44. Féadfaidh na Ballstáit an t-údarás a thugann fógra dá dtagraítear in Airteagal 43 a ainmniú mar an t-údarás ainmniúcháin. Ní bheidh an t-údarás ainmniúcháin incháilithe lena ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1).
2. Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, i ndáil leis na forálacha is infheidhme maidir leis na húdaráis a thugann fógra agus maidir le nósanna imeachta um fhógra a thabhairt, beidh feidhm acu freisin maidir le húdaráis ainmniúcháin agus maidir leis na nósanna imeachta ainmniúcháin.
Airteagal 39
CMTanna a ainmniú agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu
1. Féadfaidh na Ballstáit, trína n-údaráis ainmniúcháin, CMTanna a ainmniú laistigh dá gcríocha le haghaidh fine táirgí amháin nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn VII. Féadfaidh na Ballstáit freisin CMTanna a ainmniú laistigh dá gcríocha mar CMTanna atá inniúil i leith táirgí atá ag teacht chun cinn nó táirgí nuálacha nach dtagann faoi na finte táirgí atá ann cheana agus a liostaítear in Iarscríbhinn VII.
Cuirfidh na Ballstáit ainm CMT, a sheoladh agus an fhine táirgí nó na finte táirgí a bhfuil sé inniúil ina leith in iúl don Choimisiún.
2. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach CMT.
Cuirfidh an Coimisiún an liosta de CMTanna arna n-ainmniú faoin Rialachán seo ar fáil go poiblí trí mheán leictreonach agus léireoidh sé a n-uimhreacha aitheantais, na finte táirgí a bhfuil siad ainmnithe ina leith agus aon teorainneacha ar an mbealach is beaichte is féidir.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.
3. Déanfaidh an t-údarás ainmniúcháin faireachán ar ghníomhaíochtaí agus inniúlacht CMTanna arna n-ainmniú ina mBallstát faoi seach agus, i gcás inar gá, ar a bhfochuideachtaí agus a bhfochonraitheoirí, agus déanfaidh sé meastóireacht orthu i ndáil leis na ceanglais faoi seach a leagtar amach sa Chaibidil seo. Déanfaidh an t-údarás ainmniúcháin bearta ceartaitheacha a fhorchur ar CMTanna i gcás ina ndéantar sárú ar an Rialachán seo.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta náisiúnta chun CMTanna a ainmniú, faoin bhfaireachán a dhéantar ar a ngníomhaíocht agus ar a n-inniúlacht, agus faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin.
4. Déanfaidh CMTanna, gan mhoill, agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí, an t-údarás ainmniúcháin a chur ar an eolas faoi aon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo a bheith á gcomhlíonadh acu nó dá gcumas a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
5. Soláthróidh CMTanna, arna iarraidh sin don údarás ainmniúcháin ábhartha, an fhaisnéis ábhartha uile agus na doiciméid ábhartha uile is gá chun go mbeidh an t-údarás sin, an Coimisiún agus na Ballstáit in ann a fhíorú go bhfuil na ceanglais faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.
6. I gcás nach gcomhlíonann CMT ceanglais an Rialacháin seo a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás ainmniúcháin ainmniú an CMT sin don fhine táirgí ábhartha a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar de réir mar is iomchuí, ag brath ar thromchúis na mainneachtana na ceanglais sin a chomhlíonadh. I gcás nár chomhlíon CMT bearta ceartaitheacha arna bhforchur air i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo arís agus arís eile, féadfaidh an t-údarás ainmniúcháin ainmniú an CMT sin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Cuirfidh an t-údarás ainmniúcháin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon ainmniú a ndearnadh é a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Beidh feidhm ag Airteagal 53(2) agus Airteagal 54.
Airteagal 40
Ceanglais ar CMTanna
1. Beidh CMT inniúil agus ullamh chun an measúnú a dhéanamh i ndáil leis na finte táirgí a bhfuil sé ainmnithe ina leith. Déanfaidh CMT an fhoireann cinnteoireachta agus leath den fhoireann inniúil theicniúil ar a laghad a fhostú faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ainmniúcháin.
2. Comhlíonfaidh CMT na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, laistigh de raon feidhme a ainmnithe. Beidh feidhm ag Airteagal 46(2) go (5), Airteagal 46(6), pointí (a) agus (b), Airteagal 46(7), (8), (9) agus (11) agus Airteagal 47.
3. Cuirfidh CMT a eagraghram agus ainmneacha chomhaltaí a chomhlachtaí inmheánacha cinnteoireachta ar fáil go poiblí.
4. Beidh CMT rannpháirteach i ngníomhaíochtaí eagraíocht CMTanna nó áiritheoidh sé go gcuirfear a bpearsanra measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin.
Airteagal 41
Comhordú CMTanna
1. Bunóidh CMTanna eagraíocht chun measúnú teicniúil a dhéanamh (‘eagraíocht CMTanna’) faoin Rialachán seo.
2. Déanfaidh eagraíocht CMTanna na cúraimí seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
inneachar teicniúil ábhartha a bhaineann le doiciméid um measúnú Eorpach a sholáthar don Choimisiún nuair atá forbairt sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe atá bunaithe ar na finte táirgí céanna le déanamh i gcomhréir leis an bplean oibre dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Beidh an fhaisnéis sin bunaithe ar dhlúthchomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú; |
|
(b) |
comhordú CMTanna a eagrú agus, más gá, comhar agus comhairliúchán le geallsealbhóirí eile a áirithiú; |
|
(c) |
a áirithiú go gcomhroinnfear samplaí dea-chleachtais idir CMTanna chun éifeachtúlacht níos fearr a chur chun cinn agus seirbhís níos fearr a thabhairt do lucht tionscail; |
|
(d) |
doiciméid um measúnú Eorpach a fhorbairt agus a ghlacadh; |
|
(e) |
cur i bhfeidhm na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 59(2), Airteagal 60(2) agus Airteagal 61(2) a chomhordú, chomh maith leis an tacaíocht is gá chuige sin a sholáthar; |
|
(f) |
an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon cheist a bhaineann le doiciméid um measúnú Eorpach a ullmhú agus faoi aon ghné a bhaineann le léiriú na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 60(2) agus in Airteagal 61(2) agus feabhsuithe a mholadh don Choimisiún bunaithe ar an taithí a fuarthas; |
|
(g) |
aon bharúil maidir le CMT nach gcomhlíonann a chúraimí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 60(2) agus in Airteagal 61(2) a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát a d’ainmnigh an CMT; |
|
(h) |
tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(i) |
a áirithiú go ndéanfar doiciméid um measúnú Eorpach arna nglacadh agus tagairtí do mheasúnuithe teicniúla Eorpacha a choimeád ar fáil go poiblí. |
Déanfaidh eagraíocht CMTanna rúnaíocht a chur ar bun chun na cúraimí sin a dhéanamh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh CMTanna acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe d’eagraíocht CMTanna. Bunóidh eagraíocht CMTanna ranníocaíocht gach CMT a bheidh comhréireach, agus buiséad bliantúil nó láimhdeachas bliantúil gach CMT a bhaineann lena ghníomhaíochtaí mar CMT á chur i gcuntas.
4. Ní bheidh tábhacht an phróisis cinnteoireachta de chuid eagraíocht CMTanna ag brath ar ranníocaíocht airgeadais CMTanna, ar líon na ndoiciméad um measúnú Eorpach arna bhforbairt ná ar líon na measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint acu.
5. Iarrfar ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh i gcruinnithe uile eagraíocht CMTanna.
6. Féadfar maoiniú ón Aontas a dheonú d’eagraíocht CMTanna le haghaidh chur chun feidhme na gcúraimí dá dtagraítear i mír 2. Féadfaidh an Coimisiún maoiniú eagraíocht CMTanna, cibé acu trí dheontais nó trí thairiscintí poiblí, a chur faoi réir an choinníll go gcomhlíonfar ceanglais áirithe eagraíochtúla agus feidhmíochta a leagtar amach sna cúraimí sin.
CAIBIDIL VI
ÚDARÁIS A THUGANN FÓGRA AGUS COMHLACHTAÍ FAOINA DTUGTAR FÓGRA
Airteagal 42
Fógra a thabhairt
1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis na comhlachtaí atá údaraithe cúraimí tríú páirtí a dhéanamh maidir le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar fheidhmíocht, maidir le measúnú comhréireachta agus maidir le fíorú a dhéanamh ar ríomhanna inbhuanaitheachta comhshaoil chun críocha an Rialacháin seo.
2. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí atá le húdarú chun na cúraimí sin a dhéanamh, maidir le fógra a thabhairt faoi na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athrú a dhéantar ina leith sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 43
Údaráis a thugann fógra
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí agus fógra a thabhairt fúthu, ar comhlachtaí iad atá le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin chun críocha an Rialacháin seo, agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear a mhéid a chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 46 agus 48.
2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go mbeidh an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 le déanamh ag a gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.
3. I gcás ina ndéanann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharmligean chuig comhlacht nach eintiteas rialtais é nó a chur, ar shlí eile, ar iontaoibh comhlacht den sórt sin, beidh an comhlacht sin ina dhuine dlítheanach agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44. Ina theannta sin, beidh socruithe aige chun dliteanais a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí a chumhdach.
4. Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann an comhlacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.
Airteagal 44
Ceanglais a bhaineann le húdaráis a thugann fógra
1. Bunófar an t-údarás a thugann fógra sa chaoi nach mbeidh aon choinbhleachtaí leasa ann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra.
2. Déanfar an t-údarás a thugann fógra a eagrú agus a riar ionas go gcosnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.
3. Déanfar an t-údarás a thugann fógra a eagrú sa chaoi go ndéanfaidh daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht atá le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin.
4. Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ná seirbhísí sainchomhairleoireachta ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.
5. Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise arna fáil a chosaint. Mar sin féin, déanfaidh sé, arna iarraidh sin air, faisnéis faoi chomhlachtaí faoina dtugtar fógra a mhalartú leis an gCoimisiún, le húdaráis a thugann fógra sna Ballstáit eile agus le húdaráis náisiúnta inniúla eile a dhéanfaidh rúndacht na faisnéise arna fáil a chosaint.
6. Maidir leis an údarás a thugann fógra, lena n-áirítear sna cásanna inarb é an t-údarás a thugann fógra an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, ní dhéanfaidh sé measúnú ach ar an gcomhlacht sonrach um measúnú comhréireachta a bhfuil iarratas ar fhógra á dhéanamh aige agus ní chuirfidh sé acmhainneachtaí ná pearsanra máthairchuideachtaí nó comhchuideachtaí i gcuntas. Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra measúnú ar an gcomhlacht sin i ndáil leis na ceanglais ábhartha uile agus na cúraimí maidir le measúnú agus fíorú tríú páirtí.
7. Beidh fáil ag an údarás a thugann fógra ar dhóthain pearsanra inniúil agus ar mhaoiniú leordhóthanach chun a chuid cúraimí a dhéanamh go cuí.
Airteagal 45
Comhordú na n-údarás a thugann fógra agus na n-údarás ainmniúcháin
1. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí ann idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógra a thabhairt, na húdaráis a thugann fógra agus na húdaráis ainmniúcháin agus go ndéanfar an comhordú agus an comhar sin a oibriú i bhfoirm grúpa comhordúcháin d’údaráis a thugann fógra agus d’údaráis ainmniúcháin i réimse na dtáirgí foirgníochta. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad.
Beidh údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógra a thabhairt, na húdaráis a thugann fógra agus na húdaráis ainmniúcháin faoin Rialachán seo rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an ghrúpa sin.
2. Féadfaidh an Coimisiún na socruithe sonracha a bhunú maidir le feidhmiú an ghrúpa comhordúcháin d’údaráis a thugann fógra agus d’údaráis ainmniúcháin.
3. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartuithe tráthrialta taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógra a thabhairt, na húdaráis a thugann fógra agus na húdaráis ainmniúcháin.
Airteagal 46
Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Chun críoch fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 12.
2. Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
3. Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge ar a ndéanann sé measúnú.
Ní bheidh aon nasc gnó aige le heagraíochtaí a bhfuil leas acu sna táirgí ar a ndéanann sé measúnú, go háirithe le monaróirí, lena gcomhpháirtithe trádála agus lena n-infheisteoirí scairshealbhóireachta.
Mar sin féin, maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a mbíonn baint acu le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann. Leis sin, ní chuirfear bac ar an gcomhlacht gníomhaíochtaí measúnúcháin agus fíorúcháin a dhéanamh le haghaidh monaróirí atá in iomaíocht le chéile.
4. Ní dearthóir, monaróir, soláthróir, allmhaireoir, dáileoir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná cothabhálaí na dtáirgí ar a ndéanann siad measúnú, ná ionadaí aon cheann de na páirtithe sin, a bheidh i gcomhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin. Leis sin, ní choiscfear táirgí ar a ndearnadh measúnú a bhfuil gá leo le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta a úsáid ná táirgí a úsáid chun críoch pearsanta.
Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, le lucht a ardbhainistíochta agus leis an bpearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, monarú ná tógáil na dtáirgí sin, ná ní bheidh baint dhíreach acu le margú, suiteáil, húsáid ná cothabháil na dtáirgí sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar na páirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais agus ar a n-ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí ar ina leith a tugadh fógra fúthu. Beidh feidhm ag an méid sin go háirithe maidir le seirbhísí sainchomhairleoireachta i ndáil le finte táirgí ar ina leith a tugadh fógra fúthu.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a máthairchuideachtaí ná a gcomhchuideachtaí, a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí measúnúcháin nó fíorúcháin.
Ní dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartas ginearálta, cód iompair ná rialacha inmheánacha eile, sannadh a phearsanra do chúraimí sonracha ná na cinntí maidir le measúnú comhréireachta a tharmligean d’fhochonraitheoir ná d’fhochuideachta.
5. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na cúraimí tríú páirtí sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin leis an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse sonrach. Beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe brú agus mealladh airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí measúnúcháin nó fíorúcháin, go háirithe brú agus mealladh den sórt ó dhaoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.
6. Beidh sé ar chumas comhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin a dhéanamh, ar cúraimí iad a shanntar dó i gcomhréir le hIarscríbhinn IX agus ar ina leith a tugadh fógra faoi, gan beann ar an é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a dhéanann na cúraimí sin nó an ndéantar iad thar a cheann agus faoina fhreagracht.
Maidir le gach córas measúnúcháin agus fíorúcháin agus le gach cineál nó catagóir táirgí, na saintréithe bunriachtanacha agus na cúraimí ar ina leith a tugadh fógra faoi, beidh fáil ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an pearsanra inniúil is gá a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach iomchuí acu chun na cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin; |
|
(b) |
an tuairisc is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an próiseas measúnúcháin, lena n-áirithítear trédhearcacht agus inatáirgeacht na nósanna imeachta sin, lena n-áirítear tuairisc ar inniúlacht lena léirítear conas a chomhfhreagraíonn an pearsanra ábhartha, a stádas agus a gcúraimí do na cúraimí um measúnú comhréireachta a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht gur ina leith a thabharfar fógra faoi; |
|
(c) |
beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht um measúnú comhréireachta agus a ghníomhaíochtaí eile; |
|
(d) |
nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh, lena dtugtar aird chuí ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, is é sin an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe é. |
Beidh na hacmhainní is gá ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe aige gur ina leith a thabharfar fógra faoi a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.
7. Beidh an méid seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht gur ina leith a thabharfar fógra faoi:
|
(a) |
oiliúint fhónta theicniúil agus gairmoiliúint fhónta lena gcumhdaítear na cúraimí tríú páirtí uile sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin faoin raon feidhme ábhartha ar ina leith a tugadh fógra faoin gcomhlacht; |
|
(b) |
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe agus na bhfíoruithe a dhéanann sé agus údarás leormhaith chun oibríochtaí den sórt sin a dhéanamh, lena n-áirítear eolas agus tuiscint iomchuí ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme, ar dhoiciméid um measúnú Eorpach agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo; |
|
(c) |
an cumas is gá chun na deimhnithe, na taifid agus na tuarascálacha a tharraingt suas chun a léiriú go ndearnadh na measúnuithe agus na fíoruithe. |
8. Maidir leis an bpearsanra atá freagrach as cinntí measúnúcháin a dhéanamh:
|
(a) |
beidh sé fostaithe ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a thugann fógra; |
|
(b) |
ní bheidh aon choinbhleacht fhéideartha leasa aige; |
|
(c) |
beidh sé inniúil ar na measúnuithe arna ndéanamh ag baill foirne, saineolaithe seachtracha nó fochonraitheoirí eile a fhíorú; |
|
(d) |
beidh líon leordhóthanach ball foirne aige chun leanúnachas gnó agus cur chuige comhsheasmhach i leith measúnuithe comhréireachta a áirithiú. |
9. Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta agus lucht a ardbhainistíochta agus an phearsanra measúnúcháin atá aige.
Ní bheidh luach saothair lucht ardbhainistíochta comhlachta agus pearsanra measúnúcháin comhlachta ag brath ar an líon measúnuithe arna déanamh ná ar a dtorthaí.
10. Rachaidh comhlacht um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais, mura nglacann an Ballstát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó mura bhfuil an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú nó as an bhfíorú arna dhéanamh.
11. Urramóidh pearsanra an chomhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile arna fáil agus a chúraimí á ndéanamh aige faoi Iarscríbhinn IX, ach amháin i ndáil leis na húdaráis a thugann fógra agus údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit ina ndéanann an pearsanra sin a ghníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh.
12. Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordúcháin an chomhlachta faoina dtugtar fógra a bhunaítear leis an Rialachán seo, nó áiritheoidh siad go mbeidh a bpearsanra measúnúcháin ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin uile, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin a bheidh mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.
Airteagal 47
Toimhde chomhréireachta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta atá le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5, sna doiciméid um measúnú Eorpach, sna caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha maidir le ceanglais táirge ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 7(5) nó (6) nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó i gcodanna díobh, toimhdeofar go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 46 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na doiciméid is infheidhme.
Airteagal 48
Fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. I gcás ina ligeann comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le cúraimí tríú páirtí sa phróiseas measúnúcháin agus fíorúcháin ar fochonradh nó i gcás ina dtéann sé ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 46, agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.
2. Glacfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoirí nó fochuideachtaí cibé áit a bhfuil siad bunaithe agus déanfaidh sé faireachán ar a n-inniúlacht i gcomparáid lena inniúlacht féin mar a thuairiscítear in Airteagal 46(6), pointe (b).
3. Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le toiliú ón gcliant.
4. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an measúnú agus faireachán ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus leis an obair arna déanamh acu faoi Iarscríbhinn IX a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.
Airteagal 49
Saoráidí a úsáid lasmuigh de shaotharlann tástála an chomhlachta faoina dtugtar fógra
1. Arna iarraidh sin don mhonaróir agus i gcás ina bhfuil údar leis ar chúiseanna teicniúla, eacnamaíocha nó lóistíochta a bhaineann le cineál an táirge nó leis an trealamh tástála, féadfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chinneadh go ndéanfaidh siad na tástálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX le haghaidh na gcóras measúnúcháin agus fíorúcháin 1+, 1 agus 3 nó go ndéanfar na tástálacha sin faoina maoirseacht, sna monarchana monaraíochta agus úsáid á baint as trealamh tástála shaotharlann inmheánach an mhonaróra nó, le toiliú roimh ré ón monaróir, i saotharlann sheachtrach agus úsáid á baint as trealamh tástála na saotharlainne sin.
Na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanann tástálacha den sórt sin, ainmneofar go sonrach iad mar chomhlachtaí atá inniúil le dul i mbun oibre in ionad eile lasmuigh dá saoráidí tástála féin agus comhlíonfaidh siad freisin, ina leith sin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 46.
2. Sula ndéanfaidh siad na tástálacha dá dtagraítear i mír 1, fíoróidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an bhfuil na ceanglais maidir leis an modh tástála á gcomhlíonadh agus déanfaidh siad meastóireacht ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an bhfuil córas iomchuí calabrúcháin ag an trealamh tástála agus an bhféadfar inrianaitheacht na dtomhas a ráthú; agus |
|
(b) |
an bhfuil cáilíocht thorthaí na dtástálacha á háirithiú. |
Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na tástálacha ina n-iomláine, lena n-áirítear cruinneas agus inrianaitheacht an chalabrúcháin agus na dtomhas, agus as iontaofacht thorthaí na dtástálacha.
Airteagal 50
Iarratas ar fhógra
1. Déanfaidh comhlacht atá le húdarú chun cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sna córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.
2. Beidh ag gabháil leis an iarratas tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, na próisis mheasúnúcháin agus fíorúcháin a maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil ina leith, an tuairisc ar inniúlacht dá dtagraítear in Airteagal 46(6), pointe (b), chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, i gcás inar ann dó, arna eisiúint ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta, lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 46. Ní bhainfidh an deimhniú creidiúnaithe ach leis an gcomhlacht dlíthiúil beacht a bhfuil iarratas ar fhógra á dhéanamh aige agus beidh sé bunaithe, sa bhreis ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, ar na ceanglais shonracha agus ar na cúraimí sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
3. I gcás nach féidir leis an gcomhlacht lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 46 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán tráthrialta a dhéanamh uirthi.
Airteagal 51
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
1. Na húdaráis a thugann fógra, ní fhéadfaidh siad fógra a thabhairt ach do chomhlachtaí a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 46 comhlíonta acu.
2. Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.
Go heisceachtúil, i gcásanna a bhaineann le grúpálacha saintréithe bunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn X, nach bhfuil an uirlis leictreonach iomchuí ar fáil dóibh, glacfar le fógra i bhfoirm leictreonach eile.
3. Beidh san fhógra na mionsonraí uile faoi na feidhmeanna atá le déanamh, tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó don doiciméad ábhartha um measúnú Eorpach agus, chun críocha an chórais a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, na saintréithe bunriachtanacha a bhfuil an comhlacht inniúil ina leith agus fianú ábhartha na hinniúlachta sin.
Ní gá tagairt a dhéanamh, áfach, don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó don doiciméad ábhartha um measúnú Eorpach sna cásanna a bhaineann le grúpálacha saintréithe bunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn X.
4. I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán tráthrialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 46 a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
5. Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóid laistigh de 2 sheachtain tar éis fógra, i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, nó laistigh de 2 mhí tar éis fógra, i gcás nach n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe.
Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.
6. Áireoidh an Coimisiún fógraí bailí i liosta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra dá dtagraítear in Airteagal 52(2).
7. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir le haon athruithe ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.
Airteagal 52
Uimhreacha aitheantais agus liostaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht faoina dtugtar fógra.
Sannfaidh sé uimhir aonair den sórt sin fiú más rud é go dtugtar fógra faoin gcomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.
2. Cuirfidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais arna sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar ina leith a tugadh fógra fúthu.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar an liosta sin cothrom le dáta.
Airteagal 53
Athruithe ar an bhfógra
1. I gcás ina bhfionnann údarás a thugann fógra, nó i gcás inar cuireadh in iúl dó, nach bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 46 a thuilleadh, nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.
2. I gcás ina ndéantar fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis scor dá ghníomhaíocht, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin a phróiseáil nó go gcoinneofar ar fáil iad do na húdaráis fhreagracha a thugann fógra agus do na húdaráis náisiúnta inniúla fhreagracha, arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 54
Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás ina bhfuil sé in amhras, nó ina dtugtar le fios dó go bhfuiltear in amhras, faoi inniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag leanúint de na ceanglais agus na freagrachtaí a bhfuil sé faoina réir a chomhlíonadh.
2. Maidir leis an mBallstát a thugann fógra, déanfaidh sé an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn atá le fógra a thabhairt nó a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta lena mbaineann a choimeád ar bun a sholáthar, arna iarraidh sin, don Choimisiún.
3. Áiritheoidh an Coimisiún, maidir leis an bhfaisnéis íogair uile a gheofar le linn a chuid imscrúduithe, go ndéileálfar léi mar ábhar rúnda.
4. I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar, más gá sin.
Airteagal 55
Oibleagáidí oibríochtúla comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na measúnuithe agus na fíoruithe seo a leanas i gcomhréir le hIarscríbhinn IX:
|
(a) |
measúnú ar fheidhmíocht agus comhréireacht táirgí; |
|
(b) |
comhréireacht táirgí a fhíorú; |
|
(c) |
seasmhacht feidhmíochta táirgí a fhíorú; |
|
(d) |
na ríomhanna inbhuanaitheachta comhshaoil arna ndéanamh ag an monaróir a bhailíochtú; |
|
(e) |
a fhíorú go gcomhlíonann an monaróir oibleagáidí an Rialacháin seo. |
Gairtear ‘measúnuithe agus fíoruithe’ de na cúraimí sin anseo feasta.
2. Déanfar measúnuithe agus fíoruithe go trédhearcach maidir leis an monaróir, agus ar bhealach comhréireach, agus seachnófar ualach nach bhfuil gá leis ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid an ghnóthais, ar an earnáil ina bhfuil an gnóthas ag oibriú, ar a struchtúr, ar chastacht theicneolaíocht an táirge i gceist agus ar chineál an phróisis táirgthe, is é sin an olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe é.
Le linn dóibh déanamh amhlaidh, déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, dá ainneoin sin, an déine a cheanglaítear leis an Rialachán seo i leith an táirge agus an ról atá ag an táirge i ndáil le comhlíonadh na mbuncheanglas uile le haghaidh oibreacha foirgníochta a urramú.
3. I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra, le linn na cigireachta tosaigh ar an monarcha mhonaraíochta agus ar rialú ar tháirgeadh monarchan, nach bhfuil seasmhacht feidhmíochta agus comhréireacht an táirge mhonaraithe áirithithe ag an monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú ná tuarascáil bhailíochtaithe.
4. I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra, le linn na gníomhaíochta faireacháin arb é is aidhm di comhréireacht agus seasmhacht feidhmíochta an táirge mhonaraithe a fhíorú, nach bhfuil an fheidhmíocht chéanna ag táirge a thuilleadh i gcomparáid le feidhmíocht an chineáil táirge, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú nó an tuarascáil bhailíochtaithe a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá.
5. I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhnithe nó aon tuarascálacha bailíochtaithe a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.
6. Agus cinntí measúnúcháin á ndéanamh, lena n-áirítear nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir leis an ngá atá le deimhniú nó tuarascáil bhailíochtaithe a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i bhfianaise cásanna neamhchomhlíonta a d’fhéadfadh a bheith ann, cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra critéir shoiléire réamhchinntithe i bhfeidhm.
7. Arna iarraidh sin do mhonaróir nó do sholáthraí, comhoibreoidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus comhroinnfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile, le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a bhfuil a measúnuithe agus a bhfíoruithe aitheanta acu i gcomhréir le hAirteagal 62. Bunóidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra comhaontú chun na críche sin.
Airteagal 56
Oibleagáidí faisnéise comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
|
(a) |
aon deimhniú, tuarascáil bhailíochtaithe nó tuarascáil tástála a diúltaíodh, a srianadh, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar; |
|
(b) |
aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra agus do na coinníollacha a bhaineann le fógraí; |
|
(c) |
aon iarraidh ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí measúnúcháin nó fíorúcháin arna ndéanamh a fuair siad ó údaráis náisiúnta inniúla; agus |
|
(d) |
arna iarraidh sin, cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht. |
2. Soláthróidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann cúraimí tríú páirtí comhchosúla i gcomhréir leis na córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin agus le haghaidh táirgí a chumhdaítear leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe chéanna nó leis an doiciméad céanna um measúnú Eorpach faisnéis ábhartha ar shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha ó na measúnuithe sin agus ó na fíoruithe sin, go háirithe aon deimhniú, aon tuarascálacha bailíochtaithe nó aon tuarascálacha tástála a diúltaíodh, a srianadh, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar, agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ó na measúnuithe sin.
Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra, arna iarraidh sin do chomhlacht eile faoina dtugtar fógra, d’údarás náisiúnta inniúil nó don Choimisiún, an páirtí iarrthach a chur ar an eolas i dtaobh an bhfuil deimhnithe, tuarascálacha bailíochtaithe nó tuarascálacha tástála a d’eisigh sé bailí, srianta, curtha ar fionraí nó tarraingthe siar.
3. I gcás ina gcuireann an Coimisiún nó údarás náisiúnta inniúil i mBallstát iarraidh faoi bhráid comhlacht faoina dtugtar fógra atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile, arb iarraidh í a bhaineann le measúnú a rinne an comhlacht sin faoina dtugtar fógra, seolfaidh sé cóip den iarraidh sin chuig an údarás a thugann fógra sa Bhallstát eile sin. Tabharfaidh an comhlacht lena mbaineann faoina dtugtar fógra freagra ar an iarraidh gan mhoill agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí. Áiritheoidh an t-údarás a thugann fógra go réiteoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iarrataí den sórt sin ach amháin i gcás ina bhfuil cúis dhlisteanach ann gan é sin a dhéanamh.
4. I gcás ina bhfuil fianaise lena léirítear an méid seo a leanas ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nó ina bhfaigheann siad fianaise den sórt sin:
|
(a) |
nach gcomhlíonann comhlacht eile faoina dtugtar fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 46 ná a oibleagáidí; |
|
(b) |
nach gcomhlíonann táirge a chuirtear ar an margadh an Rialachán seo; |
|
(c) |
gur dócha go mbeidh táirge a chuirtear ar an margadh ina chúis le riosca tromchúiseach, mar gheall ar a riocht fisiciúil; |
cuirfidh siad an t-údarás faireachais margaidh ábhartha nó an t-údarás ábhartha a thugann fógra, de réir mar is iomchuí, ar an eolas faoi fhianaise den sórt sin, agus comhroinnfidh siad an fhianaise sin leis an údarás faireachais margaidh ábhartha nó leis an údarás ábhartha a thugann fógra, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 57
Gníomhartha cur chun feidhme maidir le hoibleagáidí comhlachtaí faoina dtugtar fógra
I gcás inar gá sin chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú agus i gcás nach raibh grúpa comhordúcháin na n-údarás a thugann fógra agus na n-údarás ainmniúcháin in ann díospóid maidir lena gcleachtais éagsúla a réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 45, agus sa mhéid is gá chun cosc a chur ar chleachtais éagsúla a bheith ina gcúis le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh d’oibreoirí eacnamaíocha, agus sa mhéid sin amháin„ féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina dtugtar mionsonraí faoin gcaoi le hoibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra atá in Airteagail 55 agus 56 a fhorghníomhú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Airteagal 58
Comhordú comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí ann idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo agus go ndéanfar an comhordú agus an comhar sin a oibriú mar is ceart i bhfoirm grúpa de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
Beidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe. Áiritheoidh na húdaráis a thugann fógra go mbeidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin.
2. Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, aon doiciméad ábhartha a bheidh mar thoradh ar obair an ghrúpa dá dtagraítear i mír 1.
3. Beidh sé mar aidhm ag an gcomhordú agus ag an gcomhar sa ghrúpa dá dtagraítear i mír 1 cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú.
CAIBIDIL VII
NÓSANNA IMEACHTA SIMPLITHE
Airteagal 59
Cineál-tástáil agus cineál-ríomh a ionadú
1. Féadfaidh monaróir roinn shonrach sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur in ionad cineál-tástála nó cineál-ríomha lena léirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás saintréith bhunriachtanach amháin nó níos mó den táirge, a chuireann an monaróir ar an margadh, meastar go bhfuil leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag an táirge gan tástáil ná ríomh, nó gan a thuilleadh tástála ná ríomha, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(6); nó |
|
(b) |
is córas déanta de chomhpháirteanna é an táirge, a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó le doiciméad um measúnú Eorpach, a chuireann an monaróir ar an margadh, ar córas déanta de chomhpháirteanna é a chuireann an monaróir le chéile go cuí de réir treoracha beachta, lena n-áirítear critéir chomhoiriúnachta i gcás comhpháirteanna aonair, arna dtabhairt ag soláthraí córais den sórt sin nó comhpháirte de, ar soláthraí é a rinne tástáil cheana ar an gcóras nó ar an gcomhpháirt sin le haghaidh ceann amháin nó níos mó dá shaintréithe bunriachtanacha nó dá saintréithe bunriachtanacha i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó leis an doiciméad ábhartha um measúnú Eorpach. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin agus nuair atá sé fíoraithe go háirithe ag an monaróir go bhfuil critéir bheachta chomhoiriúnachta an tsoláthraí comhlíonta aige, beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a chomhfhreagraíonn do na torthaí tástála uile nó do chuid de na torthaí tástála a soláthraíodh dó don chóras nó don chomhpháirt; |
|
(c) |
comhfhreagraíonn an táirge, a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó le measúnú teicniúil Eorpach, a chuireann an monaróir ar an margadh, do chineál táirge arna mhonarú ag monaróir eile agus tá sé faoi réir cineál-tástála nó cineál-ríomha cheana féin. |
Nuair a chomhlíontar na coinníollacha i bpointe (c), féadfaidh an monaróir a dhearbhú go gcomhfhreagraíonn an fheidhmíocht do thorthaí tástála uile an táirge eile sin nó do chuid de na torthaí tástála sin. Ní chuirfidh an monaróir an simpliú sin i bhfeidhm ach amháin tar éis údarú a fháil ón monaróir eile, agus leanfaidh an monaróir eile sin de bheith freagrach as cruinneas, iontaofacht agus cobhsaíocht na dtorthaí tástála sin.
2. Má áirítear sa chóras measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme measúnú feidhmíochta ó chomhlacht faoina dtugtar fógra mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra nó CMT, in ionad an mheasúnaithe ar fheidhmíocht an táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, measúnú ar chomhlíonadh ceart na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus deimhneoidh sé é.
Airteagal 60
Nósanna imeachta simplithe á n-úsáid ag micrifhiontair
1. Féadfaidh micrifhiontar roinn shonrach sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur in ionad cineál-tástála nó cineál-ríomha le haghaidh saintréith bhunriachtanach atá faoi chóras measúnúcháin agus fíorúcháin 3 a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn IX, ar roinn shonrach í lena soláthraítear sonraí atá coibhéiseach leis an measúnú is gá don tsaintréith bhunriachtanach sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme nó leis an doiciméad is infheidhme um measúnú Eorpach.
2. Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra nó CMT, in ionad an mheasúnaithe ar fheidhmíocht an táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, measúnú ar chomhlíonadh ceart na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus deimhneoidh sé é.
Airteagal 61
Táirgí neamhshraithe saincheaptha
1. De rogha ar an díolúine in Airteagal 14, pointe (a), féadfaidh monaróir táirge a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 14, pointe (a), roinn shonrach sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur in ionad an mheasúnaithe feidhmíochta ar an táirge, ar roinn shonrach í lena léirítear go gcomhlíonann an táirge sin na ceanglais is infheidhme agus lena soláthraítear sonraí atá coibhéiseach leis na sonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo agus leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme nó leis an doiciméad is infheidhme um measúnú Eorpach.
2. Má áirítear sa chóras measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme measúnú feidhmíochta ó chomhlacht faoina dtugtar fógra mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra nó CMT, in ionad an mheasúnaithe ar fheidhmíocht an táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, measúnú ar chomhlíonadh ceart na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus deimhneoidh sé é.
Airteagal 62
Aitheantas a thabhairt do mheasúnú agus fíorú arna ndéanamh ag comhlacht eile faoina dtugtar fógra
1. Nuair atá comhlacht faoina dtugtar fógra le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar tháirge áirithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, féadfaidh sé staonadh ón measúnú agus ón bhfíorú agus aitheantas a thabhairt don mheasúnú agus don fhíorú a rinne comhlacht eile faoina dtugtar fógra don oibreoir eacnamaíoch céanna i gcás ina bhfuil feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad:
|
(a) |
rinne an comhlacht eile faoina dtugtar fógra an measúnú agus an fíorú ar an táirge i gceart; |
|
(b) |
comhaontaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch a ndearnadh measúnú air nó atá fíoraithe na sonraí agus na doiciméid ábhartha ar fad a chomhroinnt leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra a thugann aitheantas; agus |
|
(c) |
tá bailíocht an deimhnithe teoranta do bhailíocht an deimhnithe arna eisiúint ag an gcomhlacht eile faoina dtugtar fógra. |
Beidh feidhm freisin ag an mír seo maidir le tuarascálacha bailíochtaithe agus maidir le measúnuithe ar ríomh na hinbhuanaitheachta comhshaoil a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2024/1781.
2. Nuair atá comhlacht faoina dtugtar fógra le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar tháirge áirithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, féadfaidh sé staonadh ó mheasúnú agus fíorú a dhéanamh ar a chomhpháirteanna nó a chuid ábhar agus aitheantas a thabhairt do thorthaí an mheasúnaithe agus an fhíoraithe a rinne comhlacht eile faoina dtugtar fógra, más rud é gur chuir soláthraí na gcomhpháirteanna nó na n-ábhar sin an córas measúnúcháin agus fíorúcháin is gá i bhfeidhm maidir leo agus go bhfuil comhaontú ann idir monaróir an táirge agus an soláthraí lena n-áirithítear saorshreabhadh na faisnéise uile idir iad agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.
Beidh feidhm freisin ag an mír seo maidir le measúnuithe ar ríomh na hinbhuanaitheachta comhshaoil arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) 2024/1781.
CAIBIDIL VIII
FAIREACHAS MARGAIDH AGUS NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE
Airteagal 63
Tairseach um Ghearáin
1. Gan dochar d’oibleagáidí na n-oibreoirí eacnamaíocha faoin Rialachán seo agus do ghníomhaíochtaí na n-údarás faireachais margaidh faoi Rialachán (AE) 2019/1020, déanfaidh an Coimisiún, ina theannta sin, córas a chur ar bun lena ligtear d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach gearáin nó tuarascálacha a bhaineann le neamhchomhlíonadh féideartha an Rialacháin seo a chomhroinnt.
2. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil gearán nó tuarascáil ábhartha agus go bhfuil bunús leis nó léi bunaithe ar chritéir atá sainithe go soiléir, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, an gearán nó an tuarascáil sin a tharchur chuig pointe idirchaidrimh aonair an Bhallstáit lena mbaineann chun go ndéanfadh an pointe idirchaidrimh aonair sin obair leantach leis an duine nádúrtha nó dlítheanach ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 11(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/1020.
Airteagal 64
Údaráis faireachais margaidh agus pointe idirchaidrimh aonair
1. Ainmneoidh na Ballstáit, as measc a n-údarás faireachais margaidh, údarás amháin nó níos mó ag a mbeidh an t-eolas ar leith is gá chun measúnú a dhéanamh ar tháirgí, go teicniúil agus go dlíthiúil araon.
2. Ainmneoidh na Ballstáit pointe idirchaidrimh aonair chun gníomhú mar phointe fócasach le haghaidh teagmhálacha leis an gCoimisiún agus le pointí idirchaidrimh aonair na mBallstát eile atá inniúil faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh iarrataí de bhun Airteagail 22, 23 agus 24 de Rialachán (AE) 2019/1020.
3. Beidh na cumhachtaí uile a liostaítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020 ag na húdaráis faireachais margaidh arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na cumhachtaí sin freisin maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha uile a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
4. Chun críche faireachais margaidh, imscrúdaithe agus forfheidhmithe, beidh sé de chumhacht ag údaráis faireachais margaidh a iarraidh ar údaráis eile nó ar chomhlachtaí eile faisnéis ábhartha atá ina seilbh acu a thabhairt.
Airteagal 65
Nós imeachta chun déileáil le neamhchomhlíonadh
1. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údarás faireachais margaidh i mBallstát amháin lena chreidiúint go bhfuil táirgí áirithe a chumhdaítear le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó ar eisíodh measúnú teicniúil Eorpach ina leith, nó a monaróir, neamhchomhlíontach, déanfaidh sé meastóireacht i ndáil leis na táirgí sin agus an monaróir lena mbaineann i bhfianaise na gceanglas ábhartha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, de réir mar is gá, leis na húdaráis faireachais margaidh.
I gcás ina bhfionnann an t-údarás faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann na táirgí nó a monaróir na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, dá bhforáiltear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh nó, mura féidir é sin a dhéanamh, chun na táirgí a tharraingt siar ón margadh, nó chun iad uile a aisghairm, laistigh de thréimhse réasúnta atá ar comhréir le cineál an neamhchomhlíonta.
Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin, má tá baint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra leo.
2. I gcás ina measann an t-údarás faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé, tríd an bpointe idirchaidrimh aonair, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí a chuir sé de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
3. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.
4. I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha, laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, an ghníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, nó i gcás ina leanann an neamhchomhlíonadh ar aghaidh, áiritheoidh an t-údarás faireachais margaidh go dtarraingeofar siar nó go n-aisghairfear an táirge lena mbaineann, nó go gcuirfear toirmeasc nó srian ar é a chur ar fáil ar an margadh.
Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an pobal agus, tríd an bpointe idirchaidrimh aonair, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, faoi na bearta sin.
5. San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun sainaithint a dhéanamh ar tháirgí neamhchomhlíontacha, tionscnamh na dtáirgí sin, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh mar aon leis na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh léiriú i dtaobh an aon cheann de na nithe seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:
|
(a) |
mainneachtain na dtáirgí an fheidhmíocht dhearbhaithe a bhaint amach; |
|
(b) |
mainneachtain na dtáirgí ceanglais táirge a chomhlíonadh arna mbunú le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1); |
|
(c) |
mainneachtain an mhonaróra oibleagáidí a chomhlíonadh; |
|
(d) |
easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, i ndoiciméad um measúnú Eorpach, sna caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha maidir le ceanglais táirge ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 7(5) nó (6) nó sna sonraíochtaí coiteanna arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1). |
6. Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuireann tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a bhfuil fáil acu uirthi agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann, agus, i gcás easaontas leis an mbeart náisiúnta faoinar tugadh fógra, maidir lena gcuid agóidí.
7. Más rud é, laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát maidir leis an táirge lena mbaineann, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.
8. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí gan mhoill maidir leis an táirge nó leis an monaróir lena mbaineann, amhail na táirgí a tharraingt siar óna margadh.
Airteagal 66
Nós imeachta coimirce an Aontais
1. I gcás, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 65(4), (6) agus (7) a thabhairt chun críche, ina ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht de chuid an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ní rachaidh an tréimhse chomhairliúcháin thar 2 mhí. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, féachfaidh an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, laistigh de 2 mhí bhreise, tar éis dheireadh na tréimhse comhairliúcháin, ina leagtar amach a chinneadh i dtaobh an bhfuil údar leis an mbeart nó nach bhfuil.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha láithreach.
2. Má mheastar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit uile, gan mhoill, go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail tarraingt siar, i ndáil leis an táirge neamhchomhlíontach agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.
3. I gcás ina meastar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéantar neamhchomhlíonadh an táirge nó a mhonaróra a chur síos d’easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, i ndoiciméid um measúnú Eorpach, i gcaighdeáin chomhchuibhithe dheonacha nó i sonraíochtaí coiteanna arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 65(5), pointe (d), cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5(9), Airteagal 6(5), Airteagal 7(6) nó Airteagal 36 den Rialachán seo nó in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 67
Táirgí comhlíontacha a mbaineann riosca leo mar sin féin
1. I gcás, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 65(1), ina bhfionnann údarás faireachais margaidh, cé go bhfuil táirge i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhfuil riosca ag baint leis an táirge sin do shláinte nó sábháilteacht daoine nó, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol nó do ghnéithe eile de chosaint leas an phobail, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbaineann an riosca sin a thuilleadh leis na táirgí lena mbaineann nuair a chuirtear ar an margadh iad, chun na táirgí a tharraingt siar ón margadh nó chun iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar comhréir le cineál an riosca, a fhéadfaidh sé a fhorordú.
2. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar aon ghníomhaíocht cheartaitheach maidir leis na táirgí uile lena mbaineann a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch sin ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
3. Déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh, tríd an bpointe idirchaidrimh aonair, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun sainaithint a dhéanamh ar an táirge lena mbaineann, tionscnamh agus slabhra soláthair an táirge, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus ré na mbeart náisiúnta a rinneadh.
4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagtar amach a chinneadh i dtaobh an bhfuil údar leis an mbeart nó nach bhfuil agus, i gcás inar gá, lena n-ordaítear bearta iomchuí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).
5. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha láithreach.
Airteagal 68
Comhordú ar an bhfaireachas margaidh agus tacaíocht dó
1. Chun críocha an Rialacháin seo, tiocfaidh an grúpa comhair riaracháin arna chur ar bun de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 (‘ADCO’) le chéile go tráthrialta agus, i gcás inar gá, ar iarraidh réasúnaithe ón gCoimisiún nó ó dhá údarás faireachais margaidh rannpháirteacha nó níos mó.
I gcomhthéacs a chúraimí a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1020 a chomhlíonadh, tacóidh ADCO le cur chun feidhme an Rialacháin seo, eadhon trí thosaíochtaí comhchoiteanna a shainaithint maidir le faireachas margaidh.
2. Bunaithe ar thosaíochtaí arna sainaithint i gcomhairle le ADCO, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
(a) |
tionscadail chomhpháirteacha faireachais margaidh agus tástála a eagrú i réimsí leasa choitinn; |
|
(b) |
infheistíocht chomhpháirteach a eagrú in acmhainneachtaí faireachais margaidh, lena n-áirítear trealamh agus uirlisí TF; |
|
(c) |
oiliúint chomhchoiteann a eagrú d’fhoireann na n-údarás faireachais margaidh, na n-údarás a thugann fógra agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear maidir le léirmhíniú ceart agus cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo agus maidir leis na modhanna agus na teicnící is ábhartha chun comhlíonadh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm nó a fhíorú; |
|
(d) |
treoirlínte a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear ceanglais agus oibleagáidí a leagtar amach i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, chomh maith le cleachtais choiteanna agus modheolaíochtaí coiteanna le haghaidh faireachas margaidh éifeachtach. |
Maoineoidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).
3. Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochta chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh ADCO a chúraimí a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Airteagal 69
Costais a aisghabháil
I gcás inar fionnadh go bhfuil táirge neamhchomhlíontach, maidir leis na costais a bhaineann le cigireacht a dhéanamh ar dhoiciméid agus tástáil fhisiciúil a dhéanamh ar tháirgí, beidh sé de cheart ag údaráis faireachais margaidh na costais sin a aisghabháil ó na hoibreoirí eacnamaíocha a chuir an táirge ar an margadh nó a chuir an táirge ar fáil ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil údar ag gabháil leis na costais sin.
Airteagal 70
Tuairisciú agus tagarmharcáil
1. Iontrálfaidh na húdaráis faireachais margaidh sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 faisnéis faoi chineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo.
2. Gach 4 bliana, faoin 30 Meitheamh, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas bunaithe ar an bhfaisnéis arna hiontráil ag na húdaráis faireachais margaidh sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Foilseofar an chéad cheann de na tuarascálacha sin faoin 9 Eanáir 2030.
Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
|
(a) |
faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh le linn na 4 bliana féilire roimhe sin de bhun Airteagal 34(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(b) |
faisnéis faoi leibhéil an neamhchomhlíonta arna sainaithint agus faoi chineál agus déine na bpionós arna bhforchur i gcás na 4 bliana féilire roimhe sin i ndáil le táirgí a chumhdaítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó a bhfuil an mharcáil CE orthu bunaithe ar mheasúnú teicniúil Eorpach; |
|
(c) |
tagarmharcanna táscacha d’údaráis faireachais margaidh i ndáil le minicíocht na seiceálacha agus cineál agus déine na bpionós arna bhforchur. |
3. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé achoimre den tuarascáil ar fáil don phobal.
CAIBIDIL IX
FAISNÉIS AGUS COMHAR RIARACHÁIN
Airteagal 71
Córais faisnéise don chinnteoireacht chomhchuibhithe
1. Déanfaidh an Coimisiún córas faisnéise agus cumarsáide a bhunú agus a chothabháil chun faisnéis a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil, i bhfoirm struchtúrtha, faoi shaincheisteanna a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo, agus é mar aidhm cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha sin a áirithiú.
I dteannta an Choimisiúin agus na mBallstát, na húdaráis faireachais margaidh, na hoifigí idirchaidrimh aonair arna gceapadh faoi Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, na húdaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, na húdaráis a thugann fógra, ionadaithe an ghrúpa de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus d’eagraíocht CMTanna, agus pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, beidh siad in ann rochtain a fháil ar an gcóras faisnéise agus cumarsáide.
2. Féadfaidh na comhlachtaí a liostaítear i mír 1 an córas faisnéise agus cumarsáide a úsáid chun aon cheist nó aon saincheist a ardú a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear an gaol atá acu le forálacha eile de dhlí an Aontais.
3. Chun críocha mhír 2, féadfaidh na comhlachtaí a liostaítear i mír 1 ceisteanna nó saincheisteanna a bhaineann leis na hábhair seo a leanas a ardú:
|
(a) |
cur i bhfeidhm nó léirmhíniú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo ag aon chomhlacht eile ar bhealach a imíonn óna gcleachtas féin; |
|
(b) |
ceisteanna nó saincheisteanna arna n-ardú tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gcás a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt air nó a bhaineann lena gcleachtas féin; |
|
(c) |
cásanna nach bhforáiltear dóibh leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo nuair a céadfhoilsíodh iad nó nuair a céadtagraíodh dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le cásanna, ach gan bheith teoranta dóibh, a thagann as teacht chun cinn táirgí nua nó samhlacha nua gnó; |
|
(d) |
i dtaobh an bhfuil feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo maidir le cás a bhfuil feidhm ag forálacha eile de dhlí an Aontais maidir leis, chomh maith leis an gceist ar toradh í air sin i dtaobh cé na rialacha atá le bheith i réim. |
4. Agus ceist nó saincheist á hardú aige, iontrálfaidh an comhlacht ábhartha faisnéis sa chóras faisnéise agus cumarsáide maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
aon chinneadh a rinneadh i ndáil leis an gceist nó leis an tsaincheist a ardaíodh; |
|
(b) |
an réasúnaíocht laistiar den chur chuige a glacadh; |
|
(c) |
aon chur chuige malartach a shainaithin sé agus an réasúnaíocht a bhaineann leis. |
5. Bunóidh na Ballstáit córas faisnéise náisiúnta nó seirbhís dáileacháin ríomhphoist chun a n-údaráis náisiúnta inniúla, na hoibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach ar a gcríoch, CMTanna agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a bhfuil áit ghnó acu ar a gcríoch a chur ar an eolas, agus, arna iarraidh sin, CMTanna eile agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra a chur ar an eolas freisin, maidir le gach ábhar is ábhartha do léirmhíniú ceart nó cur i bhfeidhm ceart na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh siad i gcuntas an fhaisnéis atá ar fáil sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear i mír 1.
6. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla, CMTanna agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a bhfuil áit ghnó acu sa Bhallstát lena mbaineann iad féin a chlárú sa chóras nó cláróidh siad le haghaidh na seirbhíse dáileacháin ríomhphoist agus cuirfidh siad i gcuntas an fhaisnéis uile a tharchuirtear tríothu. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha iad féin a chlárú sa chóras nó féadfaidh siad clárú le haghaidh na seirbhíse dáileacháin ríomhphoist. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aird na n-oibreoirí eacnamaíocha a tharraingt ar an gcóras nó ar an tseirbhís dáileacháin ríomhphoist.
7. Beidh an córas faisnéise náisiúnta nó an tseirbhís dáileacháin ríomhphoist in ann gearáin a fháil ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear CMTanna agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra, maidir le cur i bhfeidhm míchothrom na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo. Má mheastar é a bheith iomchuí, cuirfidh an pointe idirchaidrimh aonair gearáin den sórt sin ar aghaidh chuig a bpiaraí i mBallstáit eile agus chuig an gCoimisiún.
Airteagal 72
Pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht
1. Tacóidh na Ballstáit le hoibreoirí eacnamaíocha trí bhíthin pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht. Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála táirgí amháin ar a laghad don fhoirgníocht a ainmniú agus a choinneáil ar a gcríoch féin agus áiritheoidh siad go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha agus acmhainní leormhaithe ag a bpointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Áiritheoidh siad go soláthróidh pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht a gcuid seirbhísí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 agus go ndéanfaidh siad comhordú leis na pointí teagmhála táirgí le haghaidh aitheantas frithpháirteach a bunaíodh de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).
2. Soláthróidh pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, arna iarraidh sin d’oibreoir eacnamaíoch nó d’údarás náisiúnta inniúil de chuid Ballstáit eile, aon fhaisnéis úsáideach a bhaineann le táirgí, amhail an méid seo a leanas:
|
(a) |
cóipeanna leictreonacha de na rialacha teicniúla náisiúnta agus de na nósanna imeachta náisiúnta riaracháin is infheidhme maidir le táirgí sa chríoch ina bhfuil na pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht bunaithe, nó rochtain ar líne orthu; |
|
(b) |
faisnéis i dtaobh an bhfuil na táirgí sin faoi réir réamhúdarú faoin dlí náisiúnta; |
|
(c) |
rialacha is infheidhme maidir le hionchorprú, cóimeáil nó suiteáil táirgí. |
Soláthróidh na pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht faisnéis freisin faoi fhorálacha an Rialacháin seo agus na ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis a bhaineann le táirgí.
3. Soláthróidh pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht faisnéis saor in aisce laistigh de 15 lá oibre ó aon iarraidh faoi mhír 2 a fháil.
4. Beidh pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht in ann a bhfeidhmeanna a dhéanamh ar bhealach a sheachnaíonn coinbhleachtaí leasa, go háirithe i ndáil leis na nósanna imeachta chun an mharcáil CE a fháil.
5. Tá feidhm ag míreanna 1 go 4 freisin maidir le táirgí nár cumhdaíodh go fóill le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.
6. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála táirgí náisiúnta don fhoirgníocht agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.
Airteagal 73
Oiliúint agus malartú foirne
1. Údaráis faireachais margaidh, pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, údaráis ainmniúcháin, CMTanna, údaráis a thugann fógra, agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra, áiritheoidh siad go ndéanfaidh a bhfoireann an méid seo a leanas:
|
(a) |
iad féin a choinneáil ar an eolas ina réimse inniúlachta agus oiliúint bhreise thréimhsiúil a fháil chuige sin; agus |
|
(b) |
oiliúint thréimhsiúil a fháil maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhun an Rialacháin seo. |
2. Déanfaidh an Coimisiún, go tréimhsiúil agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, imeachtaí oiliúna a eagrú go comhpháirteach d’fhoireann na n-údarás faireachais margaidh, na bpointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, na n-údarás ainmniúcháin, na n-údarás a thugann fógra, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra. Eagróidh an Coimisiún na himeachtaí oiliúna sin i gcomhar leis na Ballstáit.
Féadfaidh foireann na n-údarás arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, foireann na n-oifigí idirchaidrimh aonair arna gceapadh faoi Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus, i gcás inarb iomchuí, foireann údarás eile de chuid na mBallstát a bhfuil baint acu le cur chun feidhme nó forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sna himeachtaí oiliúna.
3. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir a eagrú chun foireann a mhalartú idir na húdaráis faireachais margaidh, na húdaráis a thugann fógra, agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra in dhá Bhallstát nó níos mó.
Airteagal 74
Róil chomhroinnte agus cinnteoireacht chomhpháirteach
1. Chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le faireachas margaidh, ainmniú agus maoirseacht CMTanna, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a ainmniú:
|
(a) |
comhlacht nó údarás a cuireadh ar bun i gcomhar le Ballstát eile nó le Ballstáit eile chun críche comhainmnithe; |
|
(b) |
comhlacht nó údarás atá ainmnithe cheana féin ag Ballstát eile chun na críche céanna, i gcomhar leis an mBallstát sin. |
Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go comhpháirteach go gcomhlíonfaidh na comhlachtaí comhroinnte nó na húdaráis chomhroinnte na ceanglais ábhartha go léir. Beidh siad freagrach astu go comhpháirteach, ach a mhéid a bhaineann le cinntí arna nglacadh i ndáil le daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát áirithe, is inchurtha i leith an Bhallstáit sin amháin a bheidh siad.
2. Féadfaidh údaráis de chuid Ballstáit éagsúla, gan dochar dá n-oibleagáidí aonair faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha reachtacha eile, acmhainní agus freagrachtaí a chomhroinnt chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe nó forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.
Chuige sin, féadfaidh siad an méid seo a leanas a dhéanamh freisin:
|
(a) |
cinntí comhpháirteacha a dhéanamh, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha trasteorann nó maidir le hoibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach ar chríoch na mBallstát ábhartha; |
|
(b) |
tionscadail chomhpháirteacha a bhunú, amhail tionscadail chomhpháirteacha faireachais margaidh nó tástála; |
|
(c) |
acmhainní a chomhthiomsú chun críoch sonrach, amhail acmhainneacht tástála a mhéadú nó le haghaidh faireachas idirlín; |
|
(d) |
forghníomhú cúraimí a tharmligean chuig údarás piaraí de chuid Ballstáit eile, agus freagracht fhoirmiúil fós orthu as na cinntí a dhéanann an t-údarás sin; |
|
(e) |
cúram a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ar choinníoll go gcuirtear aistriú den sórt sin in iúl go soiléir do gach duine lena mbaineann. |
Beidh na Ballstáit ábhartha freagrach go comhpháirteach as na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an mír seo.
CAIBIDIL X
PAS TÁIRGE DIGITEACH
Airteagal 75
Córas pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta
1. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta a bhunú, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.
2. Maidir leis an gcóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta:
|
(a) |
beidh sé comhoiriúnach leis an bpas táirge digiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/1781, beidh sé idir-inoibritheach leis an bpas sin agus beidh sé bunaithe air, gan an idir-inoibritheacht le samhaltú faisnéise foirgníochta (BIM) a chur i mbaol, agus na saintréithe sonracha agus na ceanglais shonracha a bhaineann le táirgí foirgníochta á gcur i gcuntas; |
|
(b) |
beidh na feidhmiúlachtaí is gá aige chun na pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 76 a chur chun feidhme agus a bhainistiú; |
|
(c) |
cinnfear leis na gníomhaithe, lena n-áirítear oibreoirí eacnamaíocha, cliaint, díshuiteálaithe, úsáideoirí agus údaráis náisiúnta inniúla, a bhfuil rochtain le bheith acu ar fhaisnéis sa phas táirge digiteach agus cinnfear leis an fhaisnéis a bhfuil rochtain le bheith acu uirthi, agus an gá atá le cearta maoine intleachtúla agus faisnéis tráchtála íogair a chosaint agus le sábháilteacht na n-oibreacha foirgníochta a áirithiú á chur i gcuntas; |
|
(d) |
cinnfear leis na gníomhaithe, lena n-áirítear monaróirí, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí, dáileoirí agus soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh, a bhfuil cead le bheith acu an fhaisnéis a thabhairt isteach nó a nuashonrú sa phas táirge digiteach, lena n-áirítear, i gcás inar gá, pas táirge digiteach nua a chruthú, agus an fhaisnéis a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a nuashonrú; |
|
(e) |
leagfar síos leis socruithe mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis i bpas táirge digiteach de chuid táirge atá ann cheana a nuashonrú; |
|
(f) |
bunófar leis nósanna imeachta chun infhaighteacht pasanna táirge digiteacha a áirithiú tar éis dhócmhainneacht, leachtú nó scor gníomhaíochta an oibreora eacnamaíoch san Aontas, arb oibreoir é a chruthaigh an pas táirge digiteach nó, más gá, tar éis dhul in éag oibleagáidí na monaróirí maidir leis an infhaighteacht sin a áirithiú, lena n-áirítear bunú córais cúltaca ag soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh; |
|
(g) |
bunófar leis ceanglais do sholáthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh, lena n-áirítear, más gá, scéim deimhniúcháin chun ceanglais den sórt sin a fhíorú, atá le bheith bunaithe ar fhorbairtí faoi Rialachán (AE) 2024/1781 chun na críche céanna, a mhéid is féidir; |
|
(h) |
nuair is gá, leagfar síos leis rialacha agus nósanna imeachta atá níos mionsonraithe ná na cinn arna mbunú le Rialachán (AE) 2024/1781 nó atá éagsúil leo, ar rialacha agus nósanna imeachta iad a bhaineann le saolré aitheantóirí, iompróirí sonraí, dintiúr digiteach agus chlárlann na bpasanna táirge digiteacha, chun na críche céanna; |
|
(i) |
áiritheofar leis go mbeidh rochtain ar an gcóras ar feadh tréimhse 25 bliana tar éis an táirge deireanach a chomhfhreagraíonn dá chineál táirge a bheith curtha ar an margadh agus go gcuirfidh an t-oibreoir eacnamaíoch an pas táirge digiteach ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad, gan, i gcás tréimhse níos faide, costas agus ualach díréireach a chruthú do na hoibreoirí eacnamaíocha; |
|
(j) |
cuirfear i gcuntas leis gur gá infhaighteacht faisnéise a áirithiú chun táirgí a athúsáid agus a athmhonarú. |
Airteagal 76
Pas táirge digiteach
1. Beidh an fhaisnéis sa phas táirge digiteach cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.
2. Maidir le pas táirge digiteach le haghaidh táirge faoin Rialachán seo:
|
(a) |
áireofar an fhaisnéis seo a leanas ann:
|
|
(b) |
beidh sé nasctha le hiompróir sonraí amháin nó níos mó; |
|
(c) |
beidh sé inrochtana trí mheán leictreonach tríd an iompróir sonraí atá ar taispeáint, i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (g); |
|
(d) |
comhfhreagróidh sé don chineál táirge agus dá chód aitheantais uathúil dá dtagraítear in Airteagal 22(5); |
|
(e) |
beidh sé inrochtana saor in aisce do gach oibreoir eacnamaíoch, cliant, úsáideoir agus údarás tríd an iompróir sonraí; |
|
(f) |
beidh ann leibhéil éagsúla rochtana ar an gcóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta; |
|
(g) |
ligfear leis do ghníomhaithe a shonraítear sa chóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta an fhaisnéis sa phas táirge digiteach a thabhairt isteach nó a nuashonrú; |
|
(h) |
beidh sé inrochtana ar feadh tréimhse bhunaithe tar éis an táirge deireanach a chomhfhreagraíonn dá chineál táirge a chur ar an margadh. |
3. Maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2:
|
(a) |
áiritheoidh siad go mbeidh gníomhaithe feadh an tslabhra luacha ábalta rochtain a fháil, go héasca, ar fhaisnéis faoi tháirgí atá ábhartha dóibh agus í a thuiscint go héasca; |
|
(b) |
fágfaidh siad go mbeidh údaráis náisiúnta inniúla in ann fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí; agus |
|
(c) |
cuirfidh siad feabhas ar inrianaitheacht táirgí feadh an tslabhra luacha. |
4. Táirgí a gcuirtear an díolúine a bhunaítear in Airteagal 14 i bhfeidhm ina leith, beidh siad díolmhaithe freisin ón oibleagáid pas táirge digiteach a sholáthar.
Airteagal 77
Ceanglais ghinearálta le haghaidh an phas táirge dhigitigh
1. Le pas táirge digiteach, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
déanfar é a nascadh trí iompróir sonraí amháin nó níos mó chuig cód aitheantais uathúil seasmhach den chineál táirge; |
|
(b) |
greamófar an t-iompróir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 18(2), pointe (g); |
|
(c) |
comhlíonfaidh an t-iompróir sonraí Airteagal 79(1); |
|
(d) |
beidh an fhaisnéis go léir a áirítear sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte, arna bhforbairt trí bhíthin formáid idir-inoibritheach agus, de réir mar is iomchuí, beidh sí meaisín-inléite, struchtúrtha, inchuardaithe agus inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte, gan ‘gaibhniú díoltóirí’, i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Airteagal 78; déanfar doiciméid a sholáthraítear in éineacht leis an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), pointe (a)(i), agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 76(2), pointe (a)(iii), a dhíolmhú ón oibleagáid sin i gcás ina bhfuil údar leis sin ar chúiseanna teicniúla; |
|
(e) |
ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoir deiridh an táirge a stóráil sa phas táirge digiteach gan toiliú sainráite an úsáideora deiridh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30); |
|
(f) |
áireofar san fhaisnéis sa phas táirge digiteach tagairt don chineál táirge dá dtagraítear in Airteagal 76(2), pointe (d); |
|
(g) |
déanfar an rochtain ar fhaisnéis a áirítear sa phas táirge digiteach a rialáil i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Airteagal 78 agus déanfar na cearta rochtana sonracha a shainaithint i gcomhréir le leibhéil rochtana an chórais pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta; |
|
(h) |
leanfaidh an dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), pointe (a)(i), na treoirlínte arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16(3). |
2. I gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais faisnéis shonrach a áireamh sa phas táirge digiteach, féadfar an fhaisnéis sin a áireamh sa phas táirge digiteach i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 75(1).
3. An monaróir a chuireann an táirge ar an margadh, soláthróidh sé cóip dhigiteach den iompróir sonraí agus den aitheantóir táirge do ghníomhaithe a chuireann na táirgí ar fáil ar an margadh ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolachán, ionas go mbeidh siad in ann é a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí i gcás nach féidir leo rochtain fhisiciúil a fháil ar an táirge. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an chóip dhigiteach sin nó nasc chuig leathanach gréasáin a sholáthar saor in aisce agus laistigh de 5 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.
Airteagal 78
Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh
Le dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh, comhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas:
|
(a) |
beidh pasanna táirge digiteacha go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge digiteacha eile a mhéid a bhaineann le gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla na cumarsáide ó cheann go ceann agus an aistrithe sonraí; |
|
(b) |
beidh rochtain éasca agus saor in aisce ag faighteoir an phas táirge dhigitigh air, bunaithe ar chearta rochtana an fhaighteora lena mbaineann sa chóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta; |
|
(c) |
déanfar na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach a stóráil mar a shonraítear sa chóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta dá dtagraítear in Airteagal 75; |
|
(d) |
má dhéanann oibreoirí údaraithe nó soláthraithe seirbhíse pas táirge dhigitigh na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, ní cheadófar dóibh na sonraí sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar, mura rud é go gcomhaontaítear é sin go sonrach leis an oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh; |
|
(e) |
beidh an pas táirge digiteach ar fáil ar feadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 76(2), pointe (h), lena n-áirítear tar éis dhócmhainneacht, leachtú nó scor gníomhaíochta an oibreora eacnamaíoch san Aontas, arb oibreoir é a chruthaigh an pas táirge digiteach, agus comhlíonfaidh an pas táirge na coinníollacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointe (f), a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid córas cúltaca a bhunú; |
|
(f) |
beidh an ceart chun rochtain a fháil ar an bpas táirge digiteach agus chun faisnéis a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a nuashonrú ann teoranta do na cearta rochtana a shonraítear sa chóras pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta; |
|
(g) |
áiritheofar cosaint faisnéise arb é atá inti rúin trádála de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) nó cearta maoine intleachtúla; |
|
(h) |
áiritheofar fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí; |
|
(i) |
déanfar pasanna táirge digiteacha a dhearadh agus a oibriú ar shlí lena n-áirithítear ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus lena seachnaítear calaois. |
Airteagal 79
Aitheantóirí uathúla agus clárlann na bpasanna táirge digiteacha
1. Beidh feidhm ag Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1781 chun críocha chur chun feidhme an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le haitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí ach amháin má leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 75(1) den Rialachán seo rialacha níos mionsonraithe nó malartacha a bhaineann leis na haitheantóirí uathúla sin agus leis na hiompróirí sonraí sin, dá dtagraítear in Airteagal 75(2), pointe (h), den Rialachán seo.
2. Beidh feidhm ag Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1781 chun críocha chur chun feidhme an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le clárlann na bpasanna táirge digiteacha ach amháin má leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 75(1) den Rialachán seo rialacha níos mionsonraithe nó malartacha a bhaineann leis an gclárlann sin, dá dtagraítear in Airteagal 75(2), pointe (h), den Rialachán seo.
3. Beidh feidhm ag Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1781 chun críocha chur chun feidhme na Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis an tairseach gréasáin le haghaidh faisnéis sa phas táirge digiteach.
Airteagal 80
Úsáid éigeantach agus oiriúnú teicniúil
1. 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 75(1), beidh an córas ag feidhmiú go hiomlán agus beidh sé ag comhlíonadh na gcuspóirí atá beartaithe aige, lena n-áirítear na feidhmiúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 76. 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 75(1), beidh feidhm ag na hoibleagáidí arna mbunú de bhun Airteagal 22(7). Féadfaidh monaróirí an córas a úsáid go deonach san idirthréimhse.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a leasú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 75(2) a shonrú tuilleadh, a chur leis agus a bhaint chun é a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil nó chun é a oiriúnú do phrionsabal na haonuaire i ndáil le ceanglais faisnéise i ndlí eile de chuid an Aontais; |
|
(b) |
athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 77(1) agus Airteagal 78 den Rialachán seo chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht le Rialachán (AE)2024/1781 a áirithiú. |
CAIBIDIL XI
COMHAR IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 81
Comhar idirnáisiúnta
1. Chun sláinte agus sábháilteacht daoine nó an comhshaol a chosaint, féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le húdaráis tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh le comhar den sórt sin:
|
(a) |
faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus bearta a bhaineann le sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear faireachas margaidh; |
|
(b) |
sonraí a mhalartú maidir le hoibreoirí eacnamaíocha; |
|
(c) |
faisnéis a mhalartú maidir le modhanna measúnúcháin agus tástáil táirgí; |
|
(d) |
faisnéis a mhalartú maidir le haisghairmeacha táirgí, iarrataí ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha agus gníomhaíochtaí comhchosúla eile; |
|
(e) |
comhar maidir le hábhair eolaíocha, theicniúla agus rialála a bhfuil sé d’aidhm acu sábháilteacht táirgí nó cosaint an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí a fheabhsú; |
|
(f) |
faisnéis a mhalartú maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhfuil ábharthacht shuntasach ag baint leo ó thaobh an chomhshaoil, na sláinte agus na sábháilteachta de; |
|
(g) |
faisnéis a mhalartú maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le caighdeánú; |
|
(h) |
oifigigh a mhalartú. |
Leis an malartú faisnéise de bhun na míre seo, urramófar na rialacha rúndachta agus comhlíonfar dlí an Aontais is infheidhme.
2. Féadfaidh an malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a bheith i bhfoirm na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartú neamhchórasach, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcásanna sonracha; nó |
|
(b) |
malartú córasach, bunaithe ar shocrú riaracháin lena sonraítear an cineál faisnéise atá le malartú agus na rialacha mionsonraithe le haghaidh an mhalartaithe. |
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas go tráthrialta faoi na gníomhaíochtaí comhair le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann sé de bhun na chéad fhomhíre.
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena dtugtar rochtain d’údaráis tríú tíortha roghnaithe a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm go deonach, nó a bhfuil córais rialála acu le haghaidh táirgí foirgníochta atá comhchosúil leis an Rialachán seo, ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas nó lena dtugtar an ceart dóibh a bheith go hiomlán rannpháirteach i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
|
(a) |
an córas faisnéise agus cumarsáide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 71(1); |
|
(b) |
an córas pas dhigitigh le haghaidh táirgí foirgníochta arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 75; |
|
(c) |
na himeachtaí oiliúna arna n-eagrú i gcomhréir le hAirteagal 73(2). |
Tabharfar rochtain ar na córais agus ar na himeachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar choinníoll go ngeallfaidh an tríú tír lena mbaineann gníomhú in aghaidh oibreoirí eacnamaíocha a sháraíonn an Rialachán seo óna gcríoch, agus go ngeallfaidh sí rúndacht a áirithiú.
Ní fhéadfar rannpháirtíocht iomlán sna córais dá dtagraítear in Airteagail 71 agus 75 a dheonú ach amháin i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna comhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha. Féadfar an rannpháirtíocht sin a thairiscint do thríú tíortha ar choinníoll go bhfuil reachtaíocht an tríú tír ailínithe leis an Rialachán seo agus go n-aithníonn údaráis náisiúnta inniúla an tríú tír deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nó measúnuithe teicniúla Eorpacha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh rannpháirtíocht den sórt sin faoi réir chomhlíonadh na n-oibleagáidí céanna agus atá i bhfeidhm maidir leis na Ballstáit faoin Rialachán seo, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt agus maidir le bearta leantacha.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(2).
4. Aon mhalartú faisnéise faoin Airteagal seo, a mhéid a bhaineann sé le sonraí pearsanta, déanfar é i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí. Mura bhfuil aon chinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, eiseofar sonraí pearsanta ón malartú faisnéise. Má ghlactar cinneadh leordhóthanachta maidir leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta, féadfaidh sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an chinnidh leordhóthanachta a bheith sa mhalartú faisnéise leis an tríú tír sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta sin sa mhéid atá an malartú sin riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht daoine nó an comhshaol a chosaint, agus sa mhéid sin amháin.
CAIBIDIL XII
DREASACHTAÍ AGUS SOLÁTHAR POIBLÍ
Airteagal 82
Dreasachtaí na mBallstát le haghaidh táirgí foirgníochta
I gcás ina soláthraíonn na Ballstáit dreasachtaí le haghaidh catagóir táirgí ar ina leith a shloinntear an fheidhmíocht mar aicme feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(5) nó mar aicme a áirítear sa lipéadú inbhuanaitheachta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 22(9), díreofar na dreasachtaí sin ar an dá aicme feidhmíochta is airde.
I gcás ina sainítear aicmí feidhmíochta i ndáil le níos mó ná paraiméadar inbhuanaitheachta amháin, cuirfear in iúl i ndáil le cé acu paraiméadar ar ina leith ba cheart an tAirteagal seo a chur chun feidhme.
Á dhéanamh sin dó, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
an líon táirgí i ngach aicme feidhmíochta; agus |
|
(b) |
an gá atá le hinacmhainneacht na dtáirgí a chomhlíonann na ceanglais sin a áirithiú, chun tionchair dhiúltacha shuntasacha ar thomhaltóirí a sheachaint. |
Airteagal 83
Soláthar poiblí glas
1. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí íoscheanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a shonrú le haghaidh táirgí foirgníochta.
2. Maidir le nósanna imeachta soláthair a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2014/24/AE (32) nó 2014/25/AE (33) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás ina gceanglaítear le conarthaí íosfheidhmíocht inbhuanaitheachta comhshaoil le haghaidh táirgí foirgníochta a mhéid a bhaineann lena saintréithe bunriachtanacha a chumhdaítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, déanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha na híoscheanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm.
Ní chuirfidh sé sin cosc ar údaráis chonarthacha ná ar eintitis chonarthacha na nithe seo a leanas a bhunú:
|
(a) |
ceanglais níos uaillmhianaí maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a bhaineann le saintréithe bunriachtanacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír; nó |
|
(b) |
ceanglais bhreise maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a bhaineann le saintréithe bunriachtanacha eile seachas iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír. |
3. Soláthróidh na Ballstáit agus an Coimisiún cúnamh teicniúil agus comhairle theicniúil d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha atá i gceannas ar sholáthar poiblí maidir le conas na híoscheanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.
4. Íoscheanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha, féadfaidh siad, de réir mar is iomchuí don fhine táirgí nó don chatagóir táirgí lena mbaineann, a bheith i bhfoirm na nithe seo a leanas:
|
(a) |
‘sonraíochtaí teicniúla’ de réir bhrí Airteagal 42 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60 de Threoir 2014/25/AE; |
|
(b) |
‘critéir roghnúcháin’ de réir bhrí Airteagal 58 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 80 de Threoir 2014/25/AE; |
|
(c) |
‘coinníollacha maidir le conarthaí a chomhlíonadh’ de réir bhrí Airteagal 70 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 87 de Threoir 2014/25/AE; |
|
(d) |
‘critéir dámhachtana conartha’ de réir bhrí Airteagal 67 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 82 de Threoir 2014/25/AE. |
5. Agus íoscheanglais éigeantacha maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil á mbunú de bhun mhír 1 le haghaidh conarthaí poiblí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát agus le geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir le míreanna 13 agus 28 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, déanfaidh sé measúnú tionchair agus cuirfidh sé na critéir seo a leanas ar a laghad i gcuntas:
|
(a) |
luach agus méid na gconarthaí poiblí arna ndámhachtain le haghaidh na fine táirgí lena mbaineann nó na catagóire táirgí lena mbaineann; |
|
(b) |
na tairbhí comhshaoil a eascraíonn as glacadh táirgí sa dá aicme feidhmíochta is airde; |
|
(c) |
an gá atá ann a áirithiú go mbeidh éileamh leordhóthanach ar níos mó táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; |
|
(d) |
a indéanta atá sé go heacnamaíoch do na húdaráis chonarthacha nó do na heintitis chonarthacha táirgí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a cheannach, gan costais dhíréireacha a bheith i gceist leo, agus infhaighteacht na dtáirgí sin ar an margadh; |
|
(e) |
staid an mhargaidh ar leibhéal an Aontais maidir leis an bhfine ábhartha táirgí nó leis an gcatagóir ábhartha táirgí; |
|
(f) |
éifeachtaí na gceanglas ar an iomaíocht; |
|
(g) |
an tionchar ar FBManna agus na riachtanais atá acu; |
|
(h) |
riachtanais rialála na mBallstát agus dálaí éagsúla aeráide. |
Seolfaidh an Coimisiún an chéad mheasúnú tionchair faoin 31 Nollaig 2026.
6. Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a chinneadh ar bhonn eisceachtúil gan mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i gcás, tar éis réamhchomhairliúchán margaidh i gcomhréir le hAirteagal 40 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 58 de Threoir 2014/25/AE, go bhfuarthas amach:
|
(a) |
nach féidir ach le hoibreoir eacnamaíoch sonrach an táirge foirgníochta riachtanach a sholáthar, agus nach ann d’aon rogha ná ionadach réasúnach; |
|
(b) |
nár tíolacadh aon tairiscintí oiriúnacha nó aon iarrataí oiriúnacha ar rannpháirtíocht mar fhreagairt ar nós imeachta soláthair phoiblí a bhí ann roimhe seo; nó |
|
(c) |
dá gcuirfí mír 1 i bhfeidhm nó dá ndéanfaí an táirge foirgníochta riachtanach a ionchorprú in oibreacha foirgníochta, go gcuirfí d’oibleagáid ar an údarás conarthach nó ar an eintiteas conarthach costais dhíréireacha a thabhú, nó go mbeadh neamhréireacht nó deacrachtaí teicniúla ann mar thoradh air sin. |
Maidir le difríochtaí measta i luach an chonartha os cionn 10 %, bunaithe ar shonraí oibiachtúla agus trédhearcacha, féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a thoimhdiú go bhfuil siad díréireach.
Nuair a bhaineann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha úsáid as an maolú sa mhír seo, ní féidir a mheas go bhfuil an nós imeachta soláthair inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i ndáil leis na táirgí foirgníochta ar cuireadh na heisceachtaí i bhfeidhm orthu.
Gach 3 bliana, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le húsáid na míre seo, i gcomhréir le hAirteagal 83 de Threoir 2014/24/AE.
Ní dochar an mhír seo don fhéidearthacht tairiscintí thar a bheith íseal a eisiamh faoi Airteagal 69 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 84 de Threoir 2014/25/AE.
7. Féadfar úsáid a bhaint as Éicilipéad an Aontais agus as scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha eile um éicilipéadú chineál I EN ISO 14024 atá aitheanta go hoifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) chun a léiriú go bhfuil na híoscheanglais maidir le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil á gcomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann an lipéad sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán seo.
CAIBIDIL XIII
STÁDAS RIALÁLA TÁIRGÍ
Airteagal 84
Stádas rialála táirgí
Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear an táirge de réir bhrí an Rialacháin seo ítim shonrach nó catagóir shonrach ítimí nó nach ea.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
CAIBIDIL XIV
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA
Airteagal 85
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 86 go 88 den Rialachán seo ach amháin má ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2024/2747 i dtaca le táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 86 go 88 den Rialachán seo ach maidir le táirgí foirgníochta, ar ainmníodh iad mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/2747.
3. Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo, ach amháin maidir le cumhacht an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 87(7) den Rialachán seo, ach le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh a gníomhachtaíodh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747.
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó sriantacha atá le déanamh, maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint agus maidir leis na ceanglais shonracha lipéadaithe agus inrianaitheachta i ndáil le táirgí foirgníochta a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 86 agus 87. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3).
Airteagal 86
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú agus fíorú a dhéantar ar tháirgí foirgníochta atá ábhartha i gcás géarchéime
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le táirgí foirgníochta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 85(1), ar táirgí iad atá faoi réir chúraimí tríú páirtí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra a bhaineann leis an measúnú agus fíorú a dhéantar ar tháirgí foirgníochta, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).
2. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra lándícheall iarrataí ar chúraimí tríú páirtí a bhaineann leis an measúnú agus fíorú a dhéantar ar tháirgí foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil, mar thosaíocht, gan beann ar na hiarrataí sin a bheith taiscthe roimh ghníomhachtú na nósanna imeachta éigeandála nó ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 85.
3. Maidir le tosaíocht a thabhairt d’iarrataí ar chúraimí tríú páirtí a bhaineann leis an measúnú agus fíorú a dhéantar ar tháirgí foirgníochta de bhun mhír 2, ní bheidh mar thoradh air sin costais dhíréireacha bhreise ar mhonaróirí a bhfuil na hiarrataí sin taiscthe acu.
4. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra iarrachtaí réasúnta chun a n-acmhainneachtaí measúnúcháin agus fíorúcháin faoi seach a mhéadú maidir le táirgí foirgníochta dá dtagraítear i mír 1 ar tugadh fógra dóibh ina leith.
Airteagal 87
Measúnú agus dearbhú feidhmíochta bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna
1. I gcás inar ainmníodh táirgí foirgníochta mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna chun na modhanna agus na critéir a chumhdach chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí sin i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás nach ann d’aon chaighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta ná d’aon ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) lena gcumhdaítear na modhanna agus na critéir ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí sin i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha agus níltear ag súil go nglacfar aon chaighdeáin nó gníomhartha den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó |
|
(b) |
i gcás, mar gheall ar mhórshuaiteadh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, as ar eascair gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747, ina gcuirtear srian suntasach leis na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta nó as gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán seo lena soláthraítear na modhanna ábhartha agus na critéir ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí sin i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha. |
2. Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach an réiteach teicniúil malartach is iomchuí chun measúnú agus dearbhú feidhmíochta a sholáthar i gcomhréir le mír 5. Chuige sin, féadfar na tagairtí do chaighdeáin Eorpacha nó tagairtí do chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta nó náisiúnta is infheidhme a fhoilsiú sna gníomhartha cur chun feidhme sin nó, mura bhfuil aon chaighdeán Eorpach ann nó mura bhfuil aon chaighdeán ábhartha idirnáisiúnta nó náisiúnta is infheidhme ann, féadfar sonraíochtaí coiteanna a bhunú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.
3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3) agus beidh feidhm acu go dtí an lá deireanach den tréimhse ar lena linn a ghníomhachtaítear modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mura leasaítear nó mura n-aisghairtear na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.
4. Sula n-ullmhóidh sé an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme sin á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí Shainghrúpa Acquis RTF san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
5. Gan dochar d’Airteagail 13 agus 15, féadfar na modhanna agus na critéir arna soláthar sna caighdeáin nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó codanna díobh, a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí coiteanna sin agus chun í a dhearbhú i ndáil lena saintréithe bunriachtanacha. Ón lá tar éis dhul in éag nó dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, ní bheidh sé indéanta a thuilleadh dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta a tharraingt suas bunaithe ar na caighdeáin nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
6. De mhaolú ar Airteagal 85(3), ach amháin má tá cúis leordhóthanach ann lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte nó sábháilteacht daoine le táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó go mainníonn siad an fheidhmíocht dhearbhaithe a bhaint amach, leanfaidh dearbhuithe feidhmíochta agus comhréireachta na dtáirgí foirgníochta a cuireadh ar an margadh i gcomhréir leis na caighdeáin sin nó leis na sonraíochtaí coiteanna sin de bheith bailí tar éis do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo dul in éag nó a aisghairm agus tar éis do mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh dul in éag nó tar éis é a dhíghníomhachtú.
7. I gcás ina measann Ballstát go bhfuil caighdeán nó sonraíocht choiteann dá dtagraítear i mír 1 mícheart i dtéarmaí modhanna agus critéar chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena liostaítear an caighdeán nó lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú nó a aisghairm.
Airteagal 88
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc údarás
1. Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na gníomhaíochtaí faireachais margaidh le haghaidh táirgí foirgníochta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 85(1) den Rialachán seo. Éascóidh an Coimisiún comhordú iarrachtaí tosaíochta den sórt sin trí Líonra an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí arna bhunú faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020.
2. Áiritheoidh údaráis faireachais margaidh na mBallstát go ndéanfar lándícheall cúnamh a thabhairt d’údaráis eile faireachais margaidh le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear trí fhoirne saineolaithe a shlógadh agus a sheoladh chun foireann na n-údarás faireachais margaidh a iarrann cúnamh a threisiú ar bhonn sealadach nó trí thacaíocht lóistíochtúil a sholáthar, amhail atreisiú na hacmhainneachta tástála le haghaidh táirgí foirgníochta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 85(1).
CAIBIDIL XV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 89
Gníomhartha tarmligthe
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(7), Airteagal 5(5), (6) agus (10), Airteagal 7(1), agus (8), Airteagal 9(3) agus (4), Airteagal 10(2) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 15(5), Airteagal 22(8) agus (9), Airteagal 32(5), Airteagal 75(1), Airteagal 80(2) agus Airteagal 83(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 7 Eanáir 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(7), Airteagal 5(5), (6) agus (10), Airteagal 7(1) agus (8), Airteagal 9(3) agus (4), Airteagal 10(2) agus (4), Airteagal 12, Airteagal 15(5), Airteagal 22(8) agus (9), Airteagal 32(5), Airteagal 75(1), Airteagal 80(2) agus Airteagal 83(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(7), Airteagal 5(5), (6) nó (10), Airteagal 7(1) nó (8), Airteagal 9(3) nó (4), Airteagal 10(2) nó (4), Airteagal 12, Airteagal 15(5), Airteagal 22(8) nó (9), Airteagal 32(5), Airteagal 75(1), Airteagal 80(2) nó Airteagal 83(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 90
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an Coiste um Tháirgí Foirgníochta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.
Airteagal 91
Iarratais leictreonacha, cinntí leictreonacha, doiciméadacht leictreonach agus faisnéis leictreonach
1. Gach iarratas ó chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó chucu nó ó CMTanna nó chucu agus gach cinneadh a dhéanann na comhlachtaí sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar iad a sholáthar ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta ar choinníoll go gcomhlíonann an síniú ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus gur cuireadh de chúram ar an sínitheoir ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chomhlachta nó an oibreora eacnamaíoch, i gcomhréir le dlí na mBallstát nó le dlí an Aontais faoi seach.
2. Mura sonraítear a mhalairt, féadfar na hoibleagáidí faisnéise uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh trí mheán leictreonach. I gcás ina soláthraítear an fhaisnéis trí mheán leictreonach, eiseofar an fhaisnéis i bhformáid leictreonach atá inléite go coitianta agus a chuireann ar chumas an fhaighteora an fhaisnéis sin a íoslódáil agus a phriontáil.
Nuair a bhunaítear an oibleagáid i gcomhréir le hAirteagal 22(7), comhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na hoibleagáidí faisnéise a bhaineann le doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 76(2) tríd an bpas táirge digiteach a sholáthar.
Déanfar dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta chomh maith le faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta a sholáthar i bhformáid pháipéir, saor in aisce, má iarrann an t-úsáideoir deiridh é tráth an cheannaigh.
Airteagal 92
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le cásanna neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin faoin 8 Nollaig 2026 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 93
Meastóireacht
Tráth nach déanaí ná an 9 Eanáir 2033 agus gach 6 bliana ina dhiaidh sin ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus ar a rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí, oibreacha foirgníochta agus comhshaoil thógtha a fheabhsú. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin inter alia ar chomhghaol an Rialacháin seo le Rialachán (AE) 2024/1781 agus na tairbhí comhshaoil agus eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann agus an tionchar atá ag freagracht leathnaithe táirgeora monaróirí táirgí áirithe foirgníochta agus ag aisghabháil úinéireachta táirgí barrachais agus táirgí neamhdhíolta ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar an éifeacht atá ag cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar staid an mhargaidh do chatagóirí éagsúla táirgí úsáidte. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh an bhfuil éifeacht leis na pionóis arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus an gcruthaíonn siad ilroinnt sa mhargadh inmheánach. Molfaidh an Coimisiún, más gá, conas na pionóis sin a chomhchuibhiú.
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.
Airteagal 94
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 le héifeacht ón 8 Eanáir 2026, cé is moite d’Airteagal 2, d’Airteagail 4 go 9, d’Airteagail 11 go 18, d’Airteagail 27 agus 28, d’Airteagail 36 go 40, d’Airteagail 47 go 49, d’Airteagail 52 agus 53, d’Airteagal 55, d’Airteagail 60 go 64 den Rialachán sin agus d’Iarscríbhinní III agus V a ghabhann leis a aisghairtear le héifeacht ón 8 Eanáir 2040.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 95
Maoluithe agus bearta idirthréimhseacha
1. Pointí teagmhála táirgí don fhoirgníocht arna n-ainmniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, measfar gur ainmníodh iad faoin Rialachán seo freisin.
2. CMTanna agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear nó faoina dtugtar fógra faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, measfar gur ainmníodh iad nó gur tugadh fógra fúthu faoin Rialachán seo freisin. Mar sin féin, déanfaidh na Ballstáit ainmniúcháin measúnú orthu agus iad a ainmniú as an nua i gcomhréir leis an timthriall athmheasúnaithe tréimhsiúil atá acu agus ar a dhéanaí faoin 8 Eanáir 2030. Beidh feidhm ag an nós imeachta agóide a leagtar amach in Airteagal 51(5) den Rialachán seo.
3. Caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil tagairtí dóibh ar áireamh sa liosta arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 atá i bhfeidhm an 8 Eanáir 2026, leanfaidh siad de bheith bailí faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 go dtí go dtarraingeoidh an Coimisiún siar iad nó go dtí go n-aisghairfear ar shlí eile iad.
4. Doiciméid um measúnú Eorpach, a bhfuil tagairtí dóibh ar áireamh sa liosta arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 faoin 8 Eanáir 2026, leanfaidh siad de bheith bailí go dtí an 9 Eanáir 2031, ach amháin má tá siad imithe in éag ar chúiseanna eile. Ní chuirfear táirgí ar an margadh ar bhonn measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint i gcomhréir leis na doiciméid sin um measúnú Eorpach tar éis an 9 Eanáir 2036.
5. I gcás ina gcumhdaíonn sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe arna glacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(8) nó le hAirteagal 6(1) den Rialachán seo an táirge céanna agus an úsáid chéanna atá beartaithe le doiciméad um measúnú Eorpach, a bhfuil tagairt dó ar áireamh sa liosta arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ní úsáidfear an doiciméad um measúnú Eorpach a thuilleadh chun críocha an Rialacháin seo agus ní chuirfear táirgí ar an margadh ar bhonn measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint i gcomhréir leis an doiciméad sin um measúnú Eorpach.
6. Maidir le measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint de bhun doiciméid um measúnú Eorpach nach bhfuil tagairtí dóibh ar áireamh sa liosta arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 faoin 8 Eanáir 2026, déileálfar leo mar iarrataí ar mheasúnú teicniúil Eorpach faoin Rialachán seo. Déanfar an t-aistriú riaracháin gan aon chostas don mhonaróir.
7. Féadfar deimhnithe, tuarascálacha tástála agus measúnuithe teicniúla Eorpacha arna n-eisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 a úsáid mar bhonn teicniúil chun a léiriú go gcomhlíonann táirge an Rialachán seo i gcásanna ina gcomhfhreagraíonn an cineál táirge do chineál táirge faoin Rialachán seo agus ina bhfuil na ceanglais agus na modhanna measúnúcháin bailí i bhfianaise na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe is infheidhme nó an doiciméid is infheidhme um measúnú Eorpach. Féadfar aitheantas a thabhairt do dhoiciméid den sórt sin faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 62 den Rialachán seo, arna gcur i bhfeidhm mutatis mutandis.
8. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2, Airteagail 4 go 9, Airteagail 11 go 18, Airteagail 27 agus 28, Airteagail 36 go 40, Airteagail 47 go 49, Airteagail 52 agus 53, Airteagal 55 agus Airteagail 60 go 64 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ach amháin maidir le táirgí a chumhdaítear leis na caighdeáin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo nó maidir le táirgí a chumhdaítear le doiciméid um measúnú Eorpach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.
Chun críocha Airteagal 5(7), Airteagal 6(1), agus Airteagal 31(2) den Rialachán seo, caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil tagairtí dóibh ar áireamh sa liosta arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 agus nár tarraingíodh siar iad, caithfear leo mar chaighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta.
9. Ní bheidh ceanglais agus oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha a leagtar amach i gCaibidlí I, II agus III infheidhme maidir le fine táirgí áirithe nó catagóir táirgí áirithe laistigh d’fhine den sórt sin ach amháin ó bhliain amháin tar éis an dáta a ghlactar gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(8) lena ndéantar caighdeán comhchuibhithe éigeantach nó gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1), lena gcumhdaítear an fhine táirgí sin nó an chatagóir táirgí sin, mura rud é gur sonraíodh dáta cur i bhfeidhm níos déanaí sa ghníomh cur chun feidhme. Mar sin féin, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha rogha a dhéanamh na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin a chur i bhfeidhm amhail ó theacht i bhfeidhm na sonraíochtaí sin trí dhul faoin nós imeachta as a n-eascraíonn dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta.
10. Laistigh de bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm na gceanglas agus na n-oibleagáidí maidir le fine táirgí áirithe nó catagóir táirgí áirithe mar a leagtar amach i mír 9 den Airteagal seo, tarraingeoidh an Coimisiún siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe agus do dhoiciméid um measúnú Eorpach, nó do chodanna díobh, arna bhfoilsiú ansin i gcomhréir le hAirteagal 17(5) agus Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 i gcás ina gcumhdaítear leo an fhine chéanna táirgí nó an chatagóir chéanna táirgí faoi seach.
Airteagal 96
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 8 Eanáir 2026, cé is moite d’Airteagal 1 go hAirteagal 4, d’Airteagal 5(1) go (7), d’Airteagal 7(1), d’Airteagal 9, d’Airteagal 10, Airteagal 12, an chéad fhomhír, d’Airteagal 16(3), d’Airteagal 37(4), d’Airteagal 63, d’Airteagal 89 agus d’Airteagal 90 agus d’Iarscríbhinn I, d’Iarscríbhinn II, d’Iarscríbhinn III, d’Iarscríbhinn IV, d’Iarscríbhinn VII, d’Iarscríbhinn IX agus d’Iarscríbhinn X, a mbeidh feidhm acu ón 7 Eanáir 2025, agus d’Airteagal 92, a mbeidh feidhm aige ón 8 Eanáir 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C 75, 28.2.2023, lch. 159.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Samhain 2024.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(4) IO C 474, 24.11.2021, lch. 41.
(5) Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
(6) Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).
(7) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(8) Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(10) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(11) Treoir 89/106/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí foirgníochta a chomhfhogasú (IO L 40, 11.2.1989, lch. 12).
(12) Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).
(13) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(14) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(15) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).
(17) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18) Rialachán (AE) 2024/2748 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 agus (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach (IO, L, 2024/2748, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2748/oj).
(19) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(21) Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).
(22) Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
(23) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(24) Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).
(25) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(26) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta um fhaisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(27) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.).
(28) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
(29) Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, 29.3.2019, lch. 1).
(30) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(31) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(32) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(33) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(34) Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta
Glacfar leis an liosta seo a leanas de bhuncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta mar bhonn chun saintréithe bunriachtanacha táirgí a shainaithint agus chun iarrataí ar chaighdeánú, sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe agus doiciméid um measúnú Eorpach a ullmhú.
Ní oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha ná ar Bhallstáit iad na buncheanglais sin le haghaidh oibreacha foirgníochta.
Maidir leis an tréimhse saoil atá beartaithe agus a bhaineann le buncheanglais le haghaidh oibreacha foirgníochta, cuirfear san áireamh inti an tionchar is dócha a bheidh ag an athrú aeráide.
1. Sláine struchtúrach na n-oibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta, agus na codanna ábhartha díobh, a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi go ndéanfar na hualaí iomchuí uile agus aon teaglaim díobh a choinneáil agus a tharchur go sábháilte ar an talamh agus gan sraonadh ná dífhoirmiú a dhéanamh ar aon chuid de na hoibreacha foirgníochta, ná gluaiseacht na talún ar shlí a gcuirfeadh isteach ar mharthanacht, ar fhriotaíocht struchtúrach, ar fhóinteacht agus ar stóinseacht na n-oibreacha foirgníochta.
Déanfar struchtúr agus eilimintí struchtúracha oibreacha foirgníochta a dhearadh, a mhonarú, a fhoirgniú, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
tá siad marthanach don tréimhse saoil atá beartaithe dóibh (ceanglas marthanachta); |
|
(b) |
tá siad in ann gach gníomhaíocht agus tionchar is dócha a tharlóidh le linn foirgníochta, úsáide agus dífhoirgníochta nó scartála a sheasamh le leibhéal iomchuí iontaofachta agus ar bhealach costéifeachtach (ceanglas friotaíochta struchtúraí) agus ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
fanann siad laistigh dá riachtanais seirbhíse shonraithe le linn na tréimhse saoil atá beartaithe dóibh, le leibhéil iomchuí iontaofachta agus ar bhealach eacnamaíoch (ceanglas fóinteachta); |
|
(d) |
cothaíonn siad a n-ionracas mar is iomchuí nuair a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar theagmhais dhíobhálacha, lena n-áirítear crith talún, pléascadh, dóiteán, tionchar nó iarmhairtí earráidí daonna, a mhéid atá díréireach leis an gcúis bhunaidh (ceanglas stóinseachta). |
2. Sábháilteacht dóiteáin na n-oibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus na codanna ábhartha díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi go ndéanfar ráig dóiteáin a chosc go hiomchuí, lena n-áirítear trí úsáid leormhaith a bhaint as brathadóirí agus aláraim. Déanfar an dóiteán agus an deatach a choimeád agus a rialú, agus déanfar áititheoirí na n-oibreacha foirgníochta a chosaint ar dhóiteán agus ar dheatach. Beidh socruithe iomchuí déanta chun a áirithiú gur féidir le háititheoirí uile na n-oibreacha foirgníochta na hoibreacha foirgníochta a fhágáil go slán agus go dtiocfaidh siad ar fad slán astu.
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid agus a chothabháil ar dhóigh go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas i gcás dóiteáin:
|
(a) |
coinnítear acmhainn ualach-iompartha na n-oibreacha foirgníochta ar feadh tréimhse shonrach ama chun am a thabhairt d’áititheoirí imeacht ón bhfoirgneamh; |
|
(b) |
áirithítear rochtain na seirbhísí tarrthála agus éigeandála agus tá modhanna iomchuí ann chun a gcuid oibre a éascú; |
|
(c) |
déantar giniúint agus leathadh dóiteáin agus deataigh a rialú agus a theorannú; |
|
(d) |
déantar leathadh dóiteáin agus deataigh chuig na hoibreacha foirgníochta in aice láimhe a theorannú; |
|
(e) |
cuirtear sábháilteacht na seirbhísí tarrthála agus éigeandála san áireamh. |
3. Cosaint ar thionchair dhíobhálacha sláinteachais agus sláinte a bhaineann le hoibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi nach ndéanfaidh siad, le linn a saolré, dochar do shláinteachas ná do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe foirgníochta, áititheoirí, cuairteoirí nó comharsana mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a) |
astú substaintí guaiseacha, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha nó cáithníní guaiseacha, lena n-áirítear micreaphlaistigh, san aer laistigh; |
|
(b) |
astú radaíochta guaisí isteach sa timpeallacht laistigh; |
|
(c) |
sceitheadh substaintí contúirteacha isteach in uisce óil nó sceitheadh substaintí a bhfuil tionchar diúltach acu ar uisce óil; |
|
(d) |
leathadh taise chuig an taobh istigh den fhoirgneamh; |
|
(e) |
sceitheadh lochtach fuíolluisce, astú gás múcháin, nó diúscairt lochtach fuíoll soladach nó fuíoll leachtach sa timpeallacht laistigh; |
4. Sábháilteacht agus inrochtaineacht oibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi nach mbeidh siad, le linn a saolré, ina riosca do-ghlactha maidir le tionóiscí nó damáiste agus iad in úsáid nó i ngníomh, lena n-áirítear sleamhnú, titim, imbhualadh, dónna, leictrealoscadh agus gortú ó thitim nó ó pháirteanna coscánaithe de dheasca tosca seachtracha amhail adhaimsir nó pléascthaí.
Go háirithe, déanfar oibreacha foirgníochta a dhearadh agus a thógáil agus inrochtaineacht agus úsáid i leith daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil soghluaisteacht nó treoshuíomh teoranta acu á gcur san áireamh.
5. Friotaíocht in aghaidh ghluaiseacht airíonna fuaime agus fuaimiúla na n-oibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi go soláthróidh siad, le linn a saolré, cosaint réasúnach ar ualach fuaime díobhálach trí aer nó ábhair ó chodanna eile den obair foirgníochta chéanna nó ó fhoinsí lasmuigh dá struchtúr. Leis an gcosaint sin, áiritheofar an méid seo a leanas maidir leis an ualach fuaime sin:
|
(a) |
ní chruthaíonn sé rioscaí láithreacha nó ainsealacha do shláinte an duine; |
|
(b) |
ligtear d’áititheoirí agus daoine in aice láimhe codladh, scíth a ligean agus dul i mbun a ngnáthghníomhaíochtaí i ndálaí sásúla. |
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid agus a chothabháil sa chaoi go mbeidh ionsú agus frithchaitheamh fuaime leordhóthanach á soláthar acu i gcás ina mbeidh na hairíonna fuaimiúla sin ag teastáil.
6. Éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht theirmeach na n-oibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta, lena n-áirítear próisis uathoibrithe laistigh díobh, agus a suiteálacha téimh, fuaraithe, soilsithe agus aeraithe a dhearadh, a thógáil, agus a chothabháil sa chaoi go mbeidh an méid fuinnimh a bheidh ag teastáil uathu le linn a gcéime úsáide íseal, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(a) |
an sprioc d’fhoirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de agus foirgnimh atá saor ó astaíochtaí san Aontas; |
|
(b) |
na dálaí aeráide lasmuigh; |
|
(c) |
na dálaí aeráide laistigh. |
7. Astaíochtaí ó oibreacha foirgníochta isteach sa timpeallacht lasmuigh
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil agus a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi nach mbeidh siad, le linn a saolré, ina riosca don timpeallacht lasmuigh, mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a) |
substaintí guaiseacha, micreaphlaistigh, nó radaíocht a scaoileadh isteach san aer, sa screamhuisce, in uiscí mara nó uiscí dromchla nó san ithir; |
|
(b) |
sceitheadh lochtach fuíolluisce, astú gás múcháin, nó diúscairt lochtach fuíoll soladach nó fuíoll leachtach sa timpeallacht lasmuigh; |
|
(c) |
damáiste don fhoirgneamh, lena n-áirítear damáiste trí éilleáin uisce-iompartha a iompar chuig bunsraitheanna an fhoirgnimh; |
|
(d) |
astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoileadh isteach san atmaisféar. |
8. Úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha na n-oibreacha foirgníochta
Déanfar na hoibreacha foirgníochta agus aon chuid díobh a dhearadh, a fhoirgniú, a úsáid, a chothabháil, a dhífhoirgniú nó a scartáil sa chaoi go mbeidh úsáid acmhainní nádúrtha inbhuanaithe le linn a saolré agus go n-áiritheofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
úsáid éifeachtúil acmhainní na n-amhábhar agus na n-ábhar tánaisteach a bhfuil inbhuanaitheacht ard chomhshaoil iontu a uasmhéadú; |
|
(b) |
méid foriomlán na n-amhábhar arna n-úsáid a íoslaghdú; |
|
(c) |
méid foriomlán an fhuinnimh chorpraithe a íoslaghdú; |
|
(d) |
an dramhaíl arna giniúint a íoslaghdú; |
|
(e) |
úsáid fhoriomlán uisce óil agus uisce seirbhíse a íoslaghdú; |
|
(f) |
athúsáid nó in-athchúrsáilteacht na n-oibreacha foirgníochta, i bpáirt nó ina n-iomláine, agus a n-ábhar tar éis a ndífhoirgníochta nó a scartála a uasmhéadú; |
|
(g) |
éascaíocht na dífhoirgníochta. |
IARSCRÍBHINN II
Saintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe
Cumhdófar le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe agus doiciméid um measúnú Eorpach an liosta seo a leanas de shaintréithe bunriachtanacha comhshaoil réamhchinntithe a bhaineann le measúnú saolré táirge:
|
(a) |
éifeachtaí an athraithe aeráide – iomlán; |
|
(b) |
éifeachtaí an athraithe aeráide – breoslaí iontaise; |
|
(c) |
éifeachtaí an athraithe aeráide – bithghineach; |
|
(d) |
éifeachtaí an athraithe aeráide – úsáid talún agus athrú ar úsáid talún; |
|
(e) |
ídiú ózóin; |
|
(f) |
acmhainneacht aigéadaithe; |
|
(g) |
eotrófú fionnuisce uiscigh; |
|
(h) |
eotrófú uiscí mara; |
|
(i) |
eotrófú talún; |
|
(j) |
ózón fótacheimiceach; |
|
(k) |
ídiú aibitheach – mianraí, miotail; |
|
(l) |
ídiú aibitheach – breoslaí iontaise; |
|
(m) |
úsáid uisce; |
|
(n) |
ábhar cáithníneach; |
|
(o) |
radaíocht ianúcháin, sláinte an duine; |
|
(p) |
éiceathocsaineacht, fionnuisce; |
|
(q) |
tocsaineacht an duine, ailse; |
|
(r) |
tocsaineacht an duine, neamhailse; |
|
(s) |
tionchair a bhaineann le húsáid talún. |
Cumhdófar le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe freisin, a mhéid is féidir, saintréith bhunriachtanach comhshaoil réamhchinntithe an chumais maidir le carbón a cheangal go sealadach agus maidir le haistrithe carbóin eile.
IARSCRÍBHINN III
Ceanglais táirge
1. Ceanglais táirge lena n-áirithítear feidhmiú agus feidhmíocht iomchuí
|
1.1. |
Féadfar a shonrú i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(1), de réir mar is iomchuí i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leo, go ndéanfar táirgí a dhearadh, a mhonarú agus a phacáistiú sa chaoi go dtabharfar aghaidh, le linn shaolré an táirge, ar cheann amháin nó níos mó de na ceanglais fheidhmiúla agus feidhmíochta seo a leanas i gcomhréir leis an úrscothacht agus sa mhéid nach gcumhdaítear iad le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais:
|
|
1.2. |
Caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha maidir le ceanglais táirge dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus sonraíochtaí coiteanna lena mbronntar toimhde chomhréireachta, leagfar amach iontu conas is féidir aon cheanglas i gcomhréir le pointe 1.1 a chomhlíonadh, mar shampla, tríd an méid seo a leanas:
|
|
1.3. |
Agus na ceanglais táirge maidir le feidhmiúlacht agus feidhmíocht á sonrú, féadfar idirdhealú a dhéanamh idir na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ar bhonn a n-aicmí feidhmíochta. |
2. Ceanglais maidir le sábháilteacht táirgí
Baineann an tsábháilteacht le daoine gairmiúla (oibrithe) agus daoine neamhghairmiúla (tomhaltóirí, áititheoirí), agus an táirge á iompar, á shuiteáil, á chothabháil, á úsáid nó á dhíchóimeáil acu, agus le linn dóibh caitheamh leis an táirge ag deireadh a shaolré nó lena athúsáid nó lena athchúrsáil.
|
2.1. |
Féadfar a shonrú i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna mbunú le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), de réir mar is iomchuí i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leo, go ndéanfar táirgí a dhearadh, a mhonarú agus a phacáistiú sa chaoi go dtabharfar aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na rioscaí bunúsacha seo a leanas maidir le sábháilteacht táirge, thar shaolré an táirge, i gcomhréir leis an úrscothacht agus sa mhéid nach gcumhdaítear le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais iad:
|
|
2.2. |
Caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha agus sonraíochtaí coiteanna lena mbronntar toimhde chomhréireachta, leagfar amach iontu conas is féidir aon cheanglais i gcomhréir le pointe 2.1 a chomhlíonadh, mar shampla, tríd an méid seo a leanas:
|
|
2.3. |
Agus na ceanglais maidir le sábháilteacht táirgí á sonrú, féadfar idirdhealú a dhéanamh idir na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin ar bhonn a n-aicmí feidhmíochta. |
3. Ceanglais chomhshaoil táirgí
Baineann an comhshaol le heastóscadh agus monarú na n-ábhar, monarú an táirge, iompar ábhar agus táirgí, cothabháil an táirge, an cumas atá aige fanacht chomh fada agus is féidir laistigh de gheilleagar ciorclach agus deireadh a shaolré.
|
3.1. |
Féadfar a shonrú i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe arna mbunú le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), de réir mar is iomchuí i gcás na dtáirgí a chumhdaítear leo, go ndéanfar táirgí a dhearadh, a mhonarú agus a phacáistiú sa chaoi go dtabharfar aghaidh i gcás inar féidir, ar cheann amháin nó níos mó de na gnéithe bunúsacha comhshaoil táirgí seo a leanas, thar shaolré an táirge, gan aon chaillteanas sábháilteachta nó trí ghníomhú i gcoinne an tionchair dhiúltaigh ar an gcomhshaol, agus sa mhéid nach gcumhdaítear le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais iad:
|
|
3.2. |
Maidir le caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha agus sonraíochtaí coiteanna lena mbronntar toimhde chomhréireachta, leagfar amach iontu conas is féidir aon cheanglais i gcomhréir le pointe 3.1 a chomhlíonadh tríd an méid seo a leanas, mar shampla:
|
|
3.3. |
Agus ceanglais chomhshaoil táirgí á sonrú, féadfar idirdhealú a dhéanamh idir na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin ar bhonn a n-aicmí feidhmíochta. |
IARSCRÍBHINN IV
Faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta
1. Faisnéis ghinearálta táirge
|
1.1. |
Céannacht táirgí: cód uathúil aitheantais an chineáil táirge. |
|
1.2. |
Tuairisc ar an táirge:
|
|
1.3. |
Sonraí teagmhála an mhonaróra nó an ionadaí údaraithe:
|
|
1.4. |
I gcás nach ionann iad agus pointe 1.3, sonraí teagmhála an mhonaróra nó an ionadaí údaraithe atá ag déileáil leis an méid seo a leanas:
|
|
1.5. |
Sonraí teagmhála an phointe teagmhála táirgí don fhoirgníocht sa Bhallstát ina gcuirtear an táirge ar fáil. |
2. Treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta
|
2.1. |
Sábháilteacht le linn iompair, suiteála, díshuiteála, cothabhála, dífhoirgníochta agus scartála:
|
|
2.2. |
Comhoiriúnacht agus comhtháthú i gcórais nó i bpacáistí feistiúcháin:
|
|
2.3. |
Riachtanais chothabhála d’fhonn feidhmíocht an táirge a chothabháil le linn a thréimhse saoil seirbhíse:
|
|
2.4. |
Sábháilteacht le linn úsáide:
|
|
2.5. |
Ceanglais oiliúna agus ceanglais eile is gá a chomhlíonadh lena úsáid go sábháilte. |
|
2.6. |
Féidearthachtaí maolaithe riosca a théann thar phointí 2.1 go 2.5. |
|
2.7. |
Moltaí don táirge i leith na ngnéithe seo a leanas de:
|
|
2.8. |
I gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi fheidhmíocht an táirge mar a thomhaistear í i dtéarmaí a éifeachtaí ar an athrú aeráide – iomlán, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn II, agus tocsaineacht don duine, ailse, dá dtagraítear i bpointe (q) d’Iarscríbhinn II. |
|
3. |
Beidh an fhaisnéis a sholáthraítear maidir leis na heilimintí a liostaítear i bpointe 2 leordhóthanach, ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de araon, chun a chur ar chumas ceannaitheoirí ionchasacha cinntí eolasacha a dhéanamh sula rachaidh siad ar aghaidh lena gceannach, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir le cainníocht, suiteáil, úsáid, cothabháil, díchóimeáil, athúsáid agus athchúrsáil riachtanach an táirge faoi seach. Féadfaidh na líníochtaí, na léaráidí, na tuairiscí agus na mínithe go léir is gá chun í a thuiscint a bheith san áireamh inti.
Cuirfear san áireamh san fhaisnéis, de réir mar is iomchuí, a mhéid is féidir, riachtanais dearthóirí, údarás tógála, gairmithe foirgníochta, údarás rialaithe foirgneamh, tomhaltóirí agus úsáideoirí eile, áititheoirí agus bainisteoirí úsáide, chomh maith le riachtanais gairmithe cothabhála. |
|
4. |
Sna treoirlínte agus sna mionsonraí teicniúla arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9(2), molfar freisin cá háit a bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann le soláthar. Áit a bheidh ann inar lú seans go ndéanfar dearmad ar an bhfaisnéis. |
IARSCRÍBHINN V
Dearbhú feidhmíochta agus comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 15 (1)
Ainm an Mhonaróra
Cód Dearbhaithe … (2)
Leagan Uimh. … (3)
Dáta an leagain sin…
1.
Tuairisc ar an táirge|
(a) |
cód aitheantais uathúil an chineáil táirge agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, an bhaiscuimhir nó an tsraithuimhir; |
|
(b) |
catagóir táirgí mar a shainmhínítear le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó le doiciméid um measúnú Eorpach; |
|
(c) |
úsáidí dearbhaithe an táirge, laistigh de raon feidhme na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe is infheidhme nó an doiciméid um measúnú Eorpach; |
|
(d) |
toisí ainmniúla nó grádú an táirge; |
|
(e) |
príomhchodanna an táirge, i gcás inarb infheidhme; |
|
(f) |
meántréimhse saoil seirbhíse agus íostréimhse saoil seirbhíse mheasta don úsáid dhearbhaithe (marthanacht); |
|
(g) |
malairtí, más ann dóibh, agus a dtuairiscí; |
|
(h) |
i gcásanna inar suiteáladh an táirge cheana in obair foirgníochta, dáta agus áit na díshuiteála is déanaí. |
2.
Buan-naisc nó iompróirí sonraí maidir leis an méid seo a leanas, ach amháin má tá an fhaisnéis ar fáil sa phas táirge digiteach de bhun Airteagal 76:|
(a) |
clárúcháin táirgí an mhonaróra i mbunachair sonraí an Aontais, más ann dóibh; |
|
(b) |
faisnéis atá le soláthar i gcomhréir le Rialachán (CE) 1907/2006, i gcás inarb infheidhme; |
|
(c) |
faisnéis ghinearálta táirge, treoracha úsáide agus faisnéis sábháilteachta i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. |
3.
Monaróir:|
(a) |
ainm; |
|
(b) |
trádainm cláraithe; |
|
(c) |
áit ghnó chláraithe; |
|
(d) |
seoladh poist; |
|
(e) |
teileafón; |
|
(f) |
seoladh ríomhphoist; |
|
(g) |
suíomh gréasáin. |
4.
Ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme:|
(a) |
ainm; |
|
(b) |
trádainm cláraithe; |
|
(c) |
áit ghnó chláraithe; |
|
(d) |
seoladh poist; |
|
(e) |
teileafón; |
|
(f) |
seoladh ríomhphoist; |
|
(g) |
suíomh gréasáin. |
5.
Comhlacht nó comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme:|
(a) |
ainm; |
|
(b) |
uimhir aitheantais; |
|
(c) |
trádainm cláraithe, i gcás ina bhfuil fáil air; |
|
(d) |
áit ghnó chláraithe; |
|
(e) |
seoladh poist; |
|
(f) |
teileafón; |
|
(g) |
seoladh ríomhphoist; |
|
(h) |
suíomh gréasáin. |
6.
Comhlacht um Measúnú Teicniúil (‘CMT’), i gcás inarb infheidhme:|
(a) |
ainm; |
|
(b) |
uimhir aitheantais; |
|
(c) |
trádainm cláraithe, i gcás ina bhfuil fáil air; |
|
(d) |
áit ghnó; |
|
(e) |
seoladh poist; |
|
(f) |
teileafón; |
|
(g) |
seoladh ríomhphoist; |
|
(h) |
suíomh gréasáin. |
7.
Tagairt do dheimhnithe nó do thuarascálacha bailíochtaithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus CMTanna.
8.
Doiciméid tagartha theicniúla:|
(a) |
sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe lena leagtar síos saintréithe bunriachtanacha a cuireadh i bhfeidhm (uimhir thagartha agus dáta eisiúna); nó |
|
(b) |
an doiciméad um measúnú Eorpach a cuireadh i bhfeidhm (uimhir thagartha agus dáta eisiúna) agus an measúnú teicniúil Eorpach a eisíodh (CMT, uimhir thagartha agus dáta eisiúna). |
9.
Feidhmíocht dhearbhaithe agus saintréithe inbhuanaitheachta:|
(a) |
liosta iomlán na saintréithe bunriachtanacha, arna chinneadh sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe nó sa doiciméad um measúnú Eorpach don chatagóir táirgí lena mbaineann a ndearbhaítear feidhmíocht ina leith agus an córas measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme maidir leo; |
|
(b) |
feidhmíocht an táirge, de réir luachanna, leibhéil nó aicmí ríofa, nó i dtuairisc. Déanfar luachanna, leibhéil nó aicmí faoi seach a atáirgeadh sa dearbhú feidhmíochta féin agus, dá bhrí sin, ní féidir iad a shloinneadh trí thagairtí do dhoiciméid eile a chur isteach agus trí sin amháin. I gcás saintréithe bunriachtanacha nach ndearbhaítear aon fheidhmíocht ina leith, cuirfear na focail ‘AR NEAMHNÍ’ isteach san áit don dearbhú luacha. Mar sin féin, féadfar feidhmíocht iompraíochta struchtúraí táirge a shloinneadh trí thagairt a dhéanamh don doiciméadacht táirgeachta atá i gceangal leis nó do ríomhanna maidir le dearadh struchtúrach; |
|
(c) |
an inbhuanaitheacht chomhshaoil arna sloinneadh, maidir le saintréithe bunriachtanacha is infheidhme na modúl saolré is infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 15(2); |
|
(d) |
tagairt do leagan na mbogearraí a úsáidtear arna soláthar ag an gCoimisiún. |
10.
Ceanglais táirge is infheidhme arna sonrú le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, an córas measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme maidir leo agus an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe deonach nó do na sonraíochtaí coiteanna nó do chodanna díobh a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear an dáta.I gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le feidhmíocht an táirge arna tomhas i dtéarmaí a cheanglas táirge.
11.
Dearbhuithe:|
(a) |
tá feidhmíocht an táirge a shainaithnítear thuas i gcomhréir leis an tacar feidhmíochta dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe 9; |
|
(b) |
rinneadh sonraí inbhuanaitheachta an táirge atá sainaitheanta thuas a ríomh i gceart ar bhonn na rialacha catagóire táirgí is infheidhme maidir leis; |
|
(c) |
tá an táirge atá sainaitheanta thuas i gcomhréir leis na ceanglais atá liostaithe faoi phointe 10. |
Arna shíniú le haghaidh an mhonaróra agus thar a cheann ag:
[ainm, feidhm (4)]
I/in/sa [áit]
an [dáta eisiúna]
[síniú]
(1) I gcás ina n-eisítear Dearbhú Feidhmíochta agus Comhréireachta i ndáil le táirge nach bhfuil faoi réir na gceanglas táirge arna mbunú le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1), déantar pointe 10 agus pointe 11(c) a fhágáil ar lár.
(2) Ní úsáidfear ach cód dearbhaithe uathúil aonchiallach amháin in aghaidh an chineáil táirge, fiú i gcás ina bhfuil malairtí ann, arb ionann iad agus leaganacha den chineál táirge nach bhfuil tionchar acu ar fheidhmíocht ná ar chomhréireacht an táirge.
(3) Féadfar leaganacha éagsúla a eisiúint, e.g. chun botúin a cheartú nó chun faisnéis chomhlántach a chur leis.
(4) Ní mór an duine a shíníonn a bheith údaraithe faoin dlí náisiúnta chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra, ar bhonn sainordaithe, nó de bhua a róil mar ionadaí dlíthiúil.
IARSCRÍBHINN VI
Nós imeachta maidir le measúnuithe teicniúla Eorpacha a iarraidh agus maidir le doiciméad um measúnú Eorpach a ghlacadh
1. Iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach
|
1.1. |
Nuair a dhéanann monaróir iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach do tháirge chuig aon CMT, agus tar éis don mhonaróir agus do CMT (‘an CMT freagrach’) comhaontú a shíniú maidir le sicréideacht tráchtála agus rúndacht tráchtála, cuirfidh an monaróir faoi bhráid an CMT fhreagraigh sin, mura gcinneann an monaróir a mhalairt, comhad teicniúil lena dtugtar tuairisc ar an táirge, ar an úsáid a bheartaíonn an monaróir a bhaint as agus ar na mionsonraí maidir leis an rialú ar tháirgeadh monarchan a bhfuil sé beartaithe ag an monaróir é a chur i bhfeidhm; |
|
1.2. |
Nuair a dhéanann grúpa monaróirí nó comhlachas monaróirí (‘an Grúpa’) iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach, cuirfidh sé an iarraidh faoi bhráid eagraíocht CMTanna a mholfaidh CMT don Ghrúpa chun gníomhú mar an CMT freagrach. Féadfaidh an Grúpa glacadh leis an CMT atá molta nó a iarraidh ar eagraíocht CMTanna rogha eile a mholadh. A luaithe a ghlacfaidh an Grúpa leis an CMT freagrach arna mholadh ag eagraíocht CMTanna, síneoidh comhaltaí an Ghrúpa comhaontú maidir le sicréideacht tráchtála agus rúndacht tráchtála leis an CMT sin, mura gcinneann an Grúpa a mhalairt, agus cuirfidh an Grúpa comhad teicniúil faoi bhráid an CMT fhreagraigh lena dtugtar tuairisc ar an táirge, ar an úsáid a bheartaíonn an Grúpa a bhaint as agus ar na mionsonraí maidir leis an rialú ar tháirgeadh monarchan a bhfuil sé beartaithe ag comhaltaí an Ghrúpa é a chur i bhfeidhm; |
|
1.3. |
In éagmais measúnú teicniúil Eorpach, nuair a chuireann an Coimisiún tús le doiciméad um measúnú Eorpach a fhorbairt, cuirfidh sé comhad teicniúil ar fáil d’eagraíocht CMTanna lena dtugtar tuairisc ar an táirge, ar a úsáid agus ar na mionsonraí a thiocfaidh chun bheith infheidhme. Comhaontóidh eagraíocht CMTanna, i gcomhar leis an gCoimisiún, ar CMT a ghníomhóidh mar an CMT freagrach. |
2. Conradh
Maidir le táirgí dá dtagraítear in Airteagal 33(1), pointe (c), laistigh de 1 mhí ón gcomhad teicniúil a fháil, sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2, tabharfar conradh i gcrích idir an monaróir nó an Grúpa agus an CMT freagrach as an measúnú teicniúil Eorpach a tháirgeadh, ina sonraítear an clár oibre chun an doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt suas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
eagrú na hoibre laistigh d’eagraíocht CMTanna; |
|
(b) |
comhdhéanamh na meithle atá le bunú laistigh d’eagraíocht CMTanna, arna hainmniú don fhine táirgí a bheidh i gceist; agus |
|
(c) |
comhordú na CMTanna. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe 1.3, maidir leis an gclár oibre chun an doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt suas, cuirfidh an CMT freagrach faoi bhráid an Choimisiúin é leis an ábhar céanna agus laistigh den spriocdháta céanna. Ina dhiaidh sin, beidh 30 lá oibre ag an gCoimisiún chun a bharúlacha maidir leis an gclár oibre a chur in iúl don CMT freagrach, agus leasóidh an CMT freagrach an clár oibre sin dá réir.
3. Clár oibre a chur in iúl
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2, tar éis comhaontú leis an monaróir agus leis an nGrúpa faoi seach, cuirfidh eagraíocht CMTanna an Coimisiún ar an eolas faoin gclár oibre chun an doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt suas agus faoin sceideal maidir lena chur i bhfeidhm, ina léireofar an clár measúnaithe. Cuirfear an méid sin in iúl laistigh de 3 mhí tar éis do CMT an iarraidh ar mheasúnú teicniúil Eorpach a fháil, agus air sin, tionscnóidh an CMT an nós imeachta a leagtar síos i bpointí 1.1 agus 1.2.
Sa chás dá dtagraítear i bpointe 1.3., maidir leis an gclár oibre chun an doiciméad um measúnú Eorpach a tharraingt suas, cuirfidh eagraíocht CMTanna faoi bhráid an Choimisiúin é leis an ábhar céanna agus laistigh den spriocdháta céanna mar a shonraítear san fhomhír roimhe seo. Ansin, cuirfidh an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an gclár oibre in iúl d’eagraíocht CMTanna laistigh de 30 lá oibre. Tar éis deis a thabhairt don CMT freagrach agus d’eagraíocht CMTanna trácht a dhéanamh, leasóidh an CMT freagrach an clár oibre dá réir.
4. An dréachtdoiciméad um measúnú Eorpach
Tabharfaidh eagraíocht CMTanna, trí bhíthin na meithle arna comhordú ag an CMT freagrach, dréachtdoiciméad um measúnú Eorpach chun críche agus cuirfidh sí an dréachtdoiciméad sin in iúl do na páirtithe lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta a cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoin gclár oibre sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2 nó ón dáta a chuir an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an gclár oibre sa chás dá dtagraítear i bpointe 1.3 in iúl don CMT freagrach.
5. Rannpháirtíocht an Choimisiúin
Féadfaidh ionadaí ón gCoimisiún a bheith rannpháirteach, mar bhreathnadóir, i ngach cuid de chur i bhfeidhm an chláir oibre. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíocht CMTanna ag céim ar bith forbairt doiciméid áirithe um measúnú Eorpach a thréigean nó a mhodhnú mura bhfuil an fhorbairt i gcomhréir leis an Rialachán seo nó mura bhfuil an cur chuige éifeachtúil nó éifeachtach ó thaobh acmhainní agus infheidhmeacht deiridh de. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíocht CMTanna ag céim ar bith próisis chomhthreomhara d’fhorbairt doiciméad um measúnú Eorpach a chumasc, nó próiseas aonair a roinnt ina dhá chuid, chun soiléireacht an phróisis forbartha a mhéadú nó éifeachtúlacht sa phróiseas sin a áirithiú nó éifeachtúlacht chur i bhfeidhm an doiciméid um measúnú atá á bhreithniú amach anseo a áirithiú.
I gcás nach gcomhaontaíonn na CMTanna lena mbaineann ar dhoiciméad um measúnú Eorpach laistigh de na teorainneacha ama a chuirtear ar fáil, cuirfidh eagraíocht CMTanna an t-ábhar faoi bhráid an Choimisiúin lena réiteach, lena n-áirítear trí threoracha a thabhairt d’eagraíocht CMTanna maidir le conas a cuid oibre a chur i gcrích.
6. Comhairliúchán leis na Ballstáit
Sa chás dá dtagraítear i bpointe 1.3, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi fhorbairt an doiciméid um measúnú Eorpach tar éis an clár oibre dó a thabhairt chun críche. Nuair a iarrtar sin orthu, féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, a bheith rannpháirteach ina fhorghníomhú. Cuirfear barúlacha ó na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus is é an Coimisiún a dhéileálfaidh leo. Cuirfidh an Coimisiún eagraíocht CMTanna ar an eolas maidir le haon athrú ar an gclár oibre, arb athrú é a éileoidh an Coimisiún agus a chomhaontóidh sé, laistigh den tréimhse ama a thugtar don Choimisiún chun trácht a dhéanamh ar an gclár oibre sula gcuirfear tús le forbairt an doiciméid um measúnú Eorpach.
7. Fadú agus moill
Tuairisceoidh an mheitheal aon mhoill maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach i bpointí 1 go 4 den Iarscríbhinn seo chuig eagraíocht CMTanna agus chuig an gCoimisiún.
Más rud é gur féidir údar a thabhairt le fad a chur leis na teorainneacha ama a bhaineann leis an doiciméad um measúnú Eorpach a fhorbairt, go háirithe toisc nach bhfuil cinneadh ón gCoimisiún ann maidir leis an gcóras measúnúcháin agus fíorúcháin is infheidhme don táirge nó toisc gur gá modh tástála nua a fhorbairt, leagfaidh an Coimisiún amach teorainn ama níos faide.
8. Dréachtdoiciméad um measúnú Eorpach a leasú agus a ghlacadh
|
8.1. |
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2, cuirfidh an CMT freagrach an dréachtdoiciméad um measúnú Eorpach chuig an monaróir nó chuig an nGrúpa, faoi seach, ag a mbeidh 20 lá oibre chun freagairt a thabhairt air. Déanfaidh eagraíocht CMTanna na nithe seo a leanas dá éis sin:
|
|
8.2. |
Sa chás dá dtagraítear i bpointe 1.3, déanfaidh an CMT freagrach an méid seo a leanas:
|
9. Measúnú an Choimisiúin ar dhréachtdoiciméid um measúnú Eorpach
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dréachtdoiciméad um measúnú Eorpach arna thíolacadh agus, laistigh de 30 lá oibre tar éis dó é a fháil, cuirfidh sé a bharúlacha in iúl d’eagraíocht CMTanna. Tar éis deis a bheith tugtha di trácht a dhéanamh, leasóidh eagraíocht CMTanna an dréacht dá réir agus seolfaidh sí cóipeanna den dréachtdoiciméad um measúnú Eorpach arna leasú arís i gcomhréir le pointe 8.1(c) agus 8.2(b).
10. An doiciméad críochnaitheach um measúnú Eorpach a ghlacadh agus a fhoilsiú
Glacfaidh eagraíocht CMTanna an doiciméad críochnaitheach um measúnú Eorpach agus seolfaidh sí cóip de chuig an gCoimisiún, mar aon le haistriúchán ar theideal an doiciméid um measúnú Eorpach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chun go bhfoilseofar an tagairt don doiciméad sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gan mhoill.
Foilseoidh eagraíocht CMTanna an doiciméad um measúnú Eorpach laistigh de 90 lá ó dháta a ghlactha, i dteanga amháin nó níos mó de chuid an Aontais agus, ar a laghad, áiritheoidh sí go mbeidh rochtain air go dtí go scoirfidh gach measúnú teicniúil Eorpach atá bunaithe air de bheith bailí.
IARSCRÍBHINN VII
Liosta na bhfinte táirgí
|
CÓD |
FINE TÁIRGÍ |
|
1 |
TÁIRGÍ COINCRÉITE RÉAMHTHEILGTHE NORMÁLTA/ÉADROMA/AERAITHE UATHCHLÁBHAITHE. |
|
2 |
DOIRSE, FUINNEOGA, COMHLAÍ, GEATAÍ AGUS CRUA-EARRAÍ TÓGÁLA GAOLMHARA. |
|
3 |
SCANNÁIN, LENA nÁIRÍTEAR SCANNÁIN LEACHTCHURTHA, AGUS PACÁISTÍ FEISTIÚCHÁIN (I gCOMHAIR RIALÚ AR UISCE AGUS/NÓ GALUISCE). |
|
4 |
TÁIRGÍ INSLITHE THEIRMIGH. PACÁISTÍ FEISTIÚCHÁIN/CÓRAIS UM INSLIÚ COMHCHODACH. |
|
5 |
IMTHACAÍ STRUCHTÚRACHA. PIONNAÍ DO SHIÚNTAÍ STRUCHTÚRACHA. |
|
6 |
SIMLÉIR, MÚCHÁIN AGUS TÁIRGÍ SONRACHA. |
|
7 |
TÁIRGÍ GIPSIM. |
|
8 |
GEOITEICSTÍLÍ, GEOSCANNÁIN, AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA. |
|
9 |
IMBHALLAÍ/CUMHDACH/GLOINIÚ STRUCTÚRACH SÉALAITHE. |
|
10 |
TREALAMH COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE (TÁIRGE ALÁRAIM DÓITEÁIN/BRAITE DÓITEÁIN, TÁIRGE COMHRAICTHE DÓITEÁIN FEISTITHE, TÁIRGE RIALAITHE DÓITEÁIN AGUS DEATAIGH AGUS TÁIRGE PLÚCHTA PLÉISCE.) |
|
11 |
FEARAIS SLÁINTÍOCHTA. |
|
12 |
DAINGNEÁIN CHÚRSAÍOCHTA: TREALAMH BÓITHRE. |
|
13 |
TÁIRGÍ/EILIMINTÍ ADHMAID STRUCHTÚRACHA AGUS GABHÁLAIS. |
|
14 |
PAINÉIL AGUS EILIMINTÍ ADHMADBHUNAITHE. |
|
15 |
STROIGHIN, AOLTA TÓGÁLA AGUS GREAMAITHEOIRÍ HIODRÁLACHA EILE. |
|
16 |
CRUACH THREISIÚCHÁIN AGUS RÉAMHSTRUSÁLA DO CHOINCRÉIT (AGUS GABHÁLAIS), PACÁISTÍ FEISTIÚCHÁIN IARTHEANNTA. |
|
17 |
TÁIRGÍ SAOIRSEACHTA AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA. AONAID SAOIRSEACHTA, MOIRTÉIL AGUS GABHÁLAIS. |
|
18 |
TÁIRGÍ INNEALTÓIREACHTA FUÍOLLUISCE. |
|
19 |
URLÁRLAIGH. |
|
20 |
TÁIRGÍ MIOTALACHA STRUCHTÚRACHA AGUS GABHÁLAIS. |
|
21 |
BAILCHRÍOCHA DO BHALLAÍ INMHEÁNACHA AGUS SEACHTRACHA AGUS DO SHÍLEÁLACHA. PACÁISTÍ FEISTIÚCHÁIN SPIARA INMHEÁNAIGH. |
|
22 |
CLÚDAIGH DÍN, SOILSE DÍN, FUINNEOGA DÍN, AGUS TÁIRGÍ COIMHDEACHA. PACÁISTÍ FEISTIÚCHÁIN LE hAGHAIDH DÍONTA. |
|
23 |
TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA BÓITHRE. |
|
24 |
COMHIOMLÁIN. |
|
25 |
GREAMACHÁIN FOIRGNÍOCHTA. |
|
26 |
TÁIRGÍ A BHAINEANN LE COINCRÉIT, LE MOIRTÉAL AGUS LE LEACHTMHOIRTÉAL. |
|
27 |
FEARAIS TÉIMH SPÁIS. |
|
28 |
PÍOPAÍ-UMAIR AGUS GABHÁLAIS NACH BHFUIL I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ BEARTAITHE LENA THOMHAILT AG AN DUINE. |
|
29 |
TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA ATÁ I dTEAGMHÁIL LE hUISCE ATÁ BEARTAITHE LENA THOMHAILT AG AN DUINE. |
|
30 |
GLOINE CHOTHROM, GLOINE PHRÓIFILITHE AGUS TÁIRGÍ BLOIC GLOINE. |
|
31 |
CÁBLAÍ CUMHACHTA, RIALAITHE AGUS CUMARSÁIDE. |
|
32 |
SÉALTÁIN DO SHIÚNTAÍ. |
|
33 |
SUITIGH. |
|
34 |
PACÁISTÍ FEISTIÚCHÁIN FOIRGNÍOCHTA, AONAID AGUS EILIMINTÍ RÉAMHDHÉANTA. |
|
35 |
TÁIRGÍ COISCTHE, DÚNTA AGUS COSANTA DÓITEÁIN. TÁIRGÍ TINEMHOILLITHEACHA. |
|
36 |
DRÉIMIRÍ CEANGAILTE. |
IARSCRÍBHINN VIII
Ceanglais a bhaineann le CMTanna
Beidh CMTanna in ann na cúraimí agus na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:
|
Inniúlacht |
Tuairisc ar na cúraimí |
Ceanglas |
||||||||||||||||
|
Sainaithint a dhéanamh ar na rioscaí agus na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí nuálacha a úsáid in éagmais faisnéis theicniúil bhunaithe/chomhdhlúite faoi fheidhmíocht na dtáirgí sin agus iad suiteáilte in oibreacha foirgníochta. |
Bunófar CMT faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. Beidh sé neamhspleách ar na geallsealbhóirí agus ar aon leas ar leith. Beidh na tréithe seo a leanas ag foireann de chuid CMT:
Ní bhraithfidh luach saothair phearsanra CMT ar líon na measúnuithe a dhéantar ná ar thorthaí measúnaithe den sórt sin. |
||||||||||||||||
|
Critéir theicniúla a dhéanamh den toradh ar an anailís riosca chun meastóireacht a dhéanamh ar iompraíocht agus ar fheidhmíocht na dtáirgí i dtaobh chomhlíonadh na gceanglas náisiúnta is infheidhme; an fhaisnéis theicniúil a sholáthar atá de dhíth orthu siúd a bhíonn rannpháirteach sa phróiseas tógála mar úsáideoirí féideartha na dtáirgí (monaróirí, dearthóirí, conraitheoirí agus suiteálaithe). |
|||||||||||||||||
|
Modhanna iomchuí (tástálacha nó ríomhanna) a dhearadh agus a bhailíochtú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha na dtáirgí, agus an úrscothacht reatha á cur san áireamh. |
|||||||||||||||||
|
Próiseas monaraíochta an táirge shonraigh a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air chun na bearta iomchuí a shainaithint ionas go n-áiritheofar seasmhacht an táirge le linn an phróisis monaraíochta ar leith. |
Beidh an t-eolas iomchuí ag foireann CMT ar an ngaol atá idir na próisis mhonaraíochta agus saintréithe an táirge a bhaineann le rialú ar tháirgeadh monarchan. |
||||||||||||||||
|
Measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha an táirge ar bhonn modhanna comhchuibhithe agus i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe. |
Sa bhreis ar na ceanglais a liostaítear i bpointí 1, 2, agus 3, beidh teacht ag CMT ar na hacmhainní agus ar an trealamh is gá chun measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht i ndáil le saintréithe bunriachtanacha na dtáirgí, laistigh de na finte táirgí dá bhfuil sé le hainmniú. |
||||||||||||||||
|
Comhsheasmhacht, iontaofacht, oibiachtúlacht agus inrianaitheacht a áirithiú trí mhodhanna oiriúnacha bainistíochta a chur i bhfeidhm de shíor. |
Beidh an méid seo a leanas ag CMT:
|
IARSCRÍBHINN IX
Córais mheasúnúcháin agus fíorúcháin
Déanfaidh an monaróir, i gcomhréir le hAirteagal 22(1), an cineál táirge a chinneadh i gceart agus an chatagóir táirgí chomhfhreagrach a chur i bhfeidhm ar bhonn na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe is infheidhme nó an doiciméid is infheidhme um measúnú Eorpach. I gcás ina bhfuil baint ag comhlacht faoina dtugtar fógra le measúnú agus fíorú, fíoróidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, i gcomhréir le hAirteagal 55(1), gur cinneadh an cineál táirge i gceart agus gur cuireadh an chatagóir chomhfhreagrach táirgí i bhfeidhm i gceart.
1. Córas 1+
Rialú iomlán ar chomhlacht faoina dtugtar fógra lena n-áirítear tástáil shamplach iniúchóireachta
|
(a) |
Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir le deimhniú seasmhachta feidhmíochta agus comhréireachta an táirge a eisiúint, a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
2. Córas 1
Rialú iomlán ag comhlacht faoina dtugtar fógra gan tástáil shamplach iniúchóireachta
|
(a) |
Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir le deimhniú seasmhachta feidhmíochta agus comhréireachta an táirge a eisiúint, a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
3. Córas 2+
Comhlacht faoina dtugtar fógra a dhíríonn ar rialú ar tháirgeadh monarchan
|
(a) |
Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir le deimhniú comhréireachta an rialaithe ar tháirgeadh monarchan a eisiúint, a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
4. Córas 3+
Rialú an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar mheasúnú inbhuanaitheachta comhshaoil
|
(a) |
Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir leis an tuarascáil bhailíochtaithe a eisiúint, a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
5. Córas 3
Comhlacht faoina dtugtar fógra a dhíríonn ar chinneadh an chineáil táirge
|
(a) |
Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cinneadh maidir le deimhniú feidhmíochta agus comhréireachta an táirge a eisiúint, a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
6. Córas 4
Féinfhíorú agus féindeimhniúchán an mhonaróra
|
(a) |
Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
Níl aon chúram ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra. |
|
7. |
Beidh feidhm ag na rialacha cothrománacha seo a leanas a bhaineann le roinnt de na córais thuas nó le gach ceann díobh:
|
IARSCRÍBHINN X
Saintréithe bunriachtanacha de chineál cothrománach
Is grúpálacha iad seo a leanas de shaintréithe bunriachtanacha de chineál cothrománach, a forbraíodh ar bhonn Iarscríbhinní I agus II, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
|
1. |
Imoibriú le dóiteán. |
|
2. |
Friotaíocht in aghaidh dóiteáin. |
|
3. |
Feidhmíocht i gcás teagmháil le dóiteán seachtrach. |
|
4. |
Ionsú torainn. |
|
5. |
Scaoileadh substaintí contúirteacha agus an t-ábhar atá iontu. |
|
6. |
Inbhuanaitheacht chomhshaoil. |
IARSCRÍBHINN XI
Táblaí comhghaoil
Tábla 1: Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 > an Rialachán seo
|
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 3 |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 4(4) |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 17 |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 18 |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 72 |
|
Airteagal 11 |
Airteagail 20 agus 22 |
|
Airteagal 12 |
Airteagail 20 agus 23 |
|
Airteagal 13 |
Airteagail 20 agus 24 |
|
Airteagal 14 |
Airteagail 20 agus 25 |
|
Airteagal 15 |
Airteagail 20 agus 26 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 20 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 31 |
|
Airteagal 20 |
Airteagal 32 |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 33 |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 34 |
|
Airteagal 23 |
— |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 35 |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 36 |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 27 |
Airteagal 5(5) agus (6) |
|
Airteagal 28 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 39 |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 40 |
|
Airteagal 31 |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 32 |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 33 |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 34 |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 35 |
— |
|
Airteagal 36 |
Airteagal 59 |
|
Airteagal 37 |
Airteagal 60 |
|
Airteagal 38 |
Airteagal 61 |
|
Airteagal 38a |
Airteagal 85 |
|
Airteagal 38b |
Airteagal 86 |
|
Airteagal 38c |
Airteagal 87 |
|
Airteagal 38d |
Airteagal 88 |
|
Airteagal 39 |
Airteagal 42 |
|
Airteagal 40 |
Airteagal 43 |
|
Airteagal 41 |
Airteagal 44 |
|
Airteagal 42 |
— |
|
Airteagal 43 |
Airteagal 46 |
|
Airteagal 44 |
Airteagal 47 |
|
Airteagal 45 |
Airteagal 48 |
|
Airteagal 46 |
Airteagal 49 |
|
Airteagal 47 |
Airteagal 50 |
|
Airteagal 48 |
Airteagal 51 |
|
Airteagal 49 |
Airteagal 52 |
|
Airteagal 50 |
Airteagal 53 |
|
Airteagal 51 |
Airteagal 54 |
|
Airteagal 52 |
Airteagal 55 |
|
Airteagal 53 |
Airteagal 56 |
|
Airteagal 54 |
Airteagal 45 |
|
Airteagal 55 |
Airteagal 58 |
|
Airteagal 56 |
Airteagal 65 |
|
Airteagal 57 |
Airteagal 66 |
|
Airteagal 58 |
Airteagal 67 |
|
Airteagal 59 |
Airteagal 65 |
|
Airteagal 60 |
Airteagal 89 |
|
Airteagal 61 |
Airteagal 89 |
|
Airteagal 62 |
Airteagal 89 |
|
Airteagal 63 |
Airteagal 89 |
|
Airteagal 64 |
Airteagal 90 |
|
Airteagal 65 |
Airteagal 94 |
|
Airteagal 66 |
Airteagal 95 |
|
Airteagal 67 |
Airteagal 93 |
|
Airteagal 68 |
Airteagal 96 |
Tábla 2: an Rialachán seo > Rialachán (AE) Uimh. 305/2011
|
An Rialachán seo |
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
— |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 3 |
|
Airteagal 5 |
Airteagail 17, 18 agus 27 |
|
Airteagal 6 |
— |
|
Airteagal 7 |
— |
|
Airteagal 8 |
— |
|
Airteagal 9 |
— |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 28 |
|
Airteagal 11 |
— |
|
Airteagal 12 |
— |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 4 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 9 |
|
Airteagal 19 |
— |
|
Airteagal 20 |
Airteagail 11, 12, 13, 14, 15 agus 16 |
|
Airteagal 21 |
— |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 26 |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 27 |
— |
|
Airteagal 28 |
— |
|
Airteagal 29 |
— |
|
Airteagal 30 |
— |
|
Airteagal 31 |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 32 |
Airteagal 20 |
|
Airteagal 33 |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 34 |
Airteagal 22 |
|
Airteagal 35 |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 36 |
Airteagal 25 |
|
Airteagal 37 |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 38 |
— |
|
Airteagal 39 |
Airteagal 29 |
|
Airteagal 40 |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 41 |
Airteagail 31 – 34 |
|
Airteagal 42 |
Airteagal 39 |
|
Airteagal 43 |
Airteagal 40 |
|
Airteagal 44 |
Airteagal 41 |
|
Airteagal 45 |
Airteagal 54 |
|
Airteagal 46 |
Airteagal 43 |
|
Airteagal 47 |
Airteagal 44 |
|
Airteagal 48 |
Airteagal 45 |
|
Airteagal 49 |
Airteagal 46 |
|
Airteagal 50 |
Airteagal 47 |
|
Airteagal 51 |
Airteagal 48 |
|
Airteagal 52 |
Airteagal 49 |
|
Airteagal 53 |
Airteagal 50 |
|
Airteagal 54 |
Airteagal 51 |
|
Airteagal 55 |
Airteagal 52 |
|
Airteagal 56 |
Airteagal 53 |
|
Airteagal 57 |
— |
|
Airteagal 58 |
Airteagal 55 |
|
Airteagal 59 |
Airteagal 36 |
|
Airteagal 60 |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 61 |
Airteagal 38 |
|
Airteagal 62 |
— |
|
Airteagal 63 |
— |
|
Airteagal 64 |
— |
|
Airteagal 65 |
Airteagail 56 agus 59 |
|
Airteagal 66 |
Airteagal 57 |
|
Airteagal 67 |
Airteagal 58 |
|
Airteagal 68 |
— |
|
Airteagal 69 |
— |
|
Airteagal 70 |
— |
|
Airteagal 71 |
— |
|
Airteagal 72 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 73 |
— |
|
Airteagal 74 |
— |
|
Airteagal 75 |
— |
|
Airteagal 76 |
— |
|
Airteagal 77 |
— |
|
Airteagal 78 |
— |
|
Airteagal 79 |
— |
|
Airteagal 80 |
— |
|
Airteagal 81 |
— |
|
Airteagal 82 |
— |
|
Airteagal 83 |
— |
|
Airteagal 84 |
— |
|
Airteagal 85 |
Airteagal 38a |
|
Airteagal 86 |
Airteagal 38b |
|
Airteagal 87 |
Airteagal 38c |
|
Airteagal 88 |
Airteagal 38d |
|
Airteagal 89 |
Airteagail 60 – 63 |
|
Airteagal 90 |
Airteagal 64 |
|
Airteagal 91 |
— |
|
Airteagal 92 |
— |
|
Airteagal 93 |
Airteagal 67 |
|
Airteagal 94 |
Airteagal 65 |
|
Airteagal 95 |
Airteagal 66 |
|
Airteagal 96 |
Airteagal 68 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3110/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)