Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2809

Rialachán (AE) 2024/2809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/38/2024/REV/1

IO L, 2024/2809, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2809/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2809/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2809

14.11.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/2809 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2024

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm d’aontas na margaí caipitil, a cuireadh i láthair i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2015 maidir le Plean Gníomhaíochta chun Aontas na Margaí Caipitil a thógáil, margaí caipitil an Aontais a fhorbairt agus a n-ilroinnt feadh na dteorainneacha náisiúnta a laghdú, agus ar an gcaoi sin cuideachtaí a chumasú rochtain a fháil ar fhoinsí cistiúcháin seachas iasachtú bainc agus a struchtúr maoinithe a oiriúnú le linn dóibh a bheith ag aibiú agus ag dul i méid. Le maoiniú níos éagsúlaithe i bhfoirm fiachais agus cothromais laghdófar rioscaí do chuideachtaí aonair agus don gheilleagar foriomlán, agus chomh maith leis sin cuideofar le cuideachtaí an Aontais, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a n-acmhainneacht fáis a bhaint amach. Aithnítear nach mór Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt i gcrích níos tapúla agus nach mór go mbainfidh an infheistíocht amach na leibhéil is gá de bharr thosaíochtaí beartais an Aontais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, le digitiú agus le huathriail straitéiseach. Is céim riachtanach d’Aontas na Margaí Caipitil é dul chun cinn a dhéanamh i réimse an liostaithe, go háirithe sa ghearrthéarma, ach mar bheart neamhspleách ní féidir gur leor é.

(2)

Éilítear le hAontas na Margaí Caipitil creat rialála éifeachtúil agus éifeachtach a thacaíonn le rochtain ar chistiú cothromais phoiblí do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna. Le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cruthaíodh cineál nua ionaid trádála, margadh fáis FBManna, chun rochtain ar chaipiteal a éascú do FBManna go sonrach. Léiríodh go follasach i dTreoir 2014/65/AE freisin gur gá faireachán a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart le rialachán a bheidh ann amach anseo úsáid margaí fáis FBManna a chothú agus a chur chun cinn a thuilleadh agus dreasachtaí breise a sholáthar do FBManna chun rochtain a fháil ar mhargaí caipitil trí mhargaí fáis FBManna. Ní mór a áirithiú le bearta den sórt sin nach amháin go dtugann margaí fáis FBManna deis, atá ag éirí níos tarraingtí i gcónaí, do FBManna cistí a thiomsú ach freisin, le himeacht ama agus le rath, gur féidir le FBManna rochtain a fháil ar mhargaí caipitil eile, má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugadh isteach laghduithe comhréireacha chun úsáid margaí fáis FBManna a fheabhsú agus chun ceanglais rialála ar eisitheoirí ag iarraidh urrúis a ligean isteach ar mhargaí fáis FBManna a laghdú, agus leibhéal iomchuí cosanta infheisteoirí agus sláine an mhargaidh á gcaomhnú an tráth céanna. Mar sin féin, ní mór níos mó a dhéanamh chun rochtain ar mhargaí poiblí an Aontais a dhéanamh níos tarraingtí agus chun go mbeidh cóir rialála cuideachtaí níos solúbtha agus comhréireach ó thaobh a méide de. Mhol an Fóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil go mbainfeadh an Coimisiún bacainní rialála a chuireann bac ar chuideachtaí rochtain a fháil ar mhargaí poiblí. Leag an Grúpa Saineolaithe Teicniúla Páirtithe Leasmhara maidir le FBManna moltaí mionsonraithe amach maidir le conas rochtain cuideachtaí agus, go háirithe, FBManna ar mhargaí poiblí an Aontais a chothú.

(4)

Mar fhorbairt ar cheann de thionscnaimh an Choimisiúin mar chuid dá straitéis téarnaimh i ndiaidh COVID-19, eadhon, an Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil, tugadh leasuithe spriocdhírithe isteach i Rialacháin (AE) 2017/1129 (5) agus (AE) 2017/2402 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus i dTreoracha 2014/65/AE agus 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) chun é a dhéanamh níos éasca do chuideachtaí a ndeachaigh an ghéarchéim eacnamaíoch a d’eascair as an bpaindéim i bhfeidhm orthu, caipiteal cothromais ar mhargaí poiblí a chruinniú, infheistíochtaí san fhíorgheilleagar a éascú, athchaipitliú tapa gnólachtaí a cheadú, agus acmhainneacht na mbanc an téarnamh a mhaoiniú a mhéadú. Ar an iomlán, áfach, agus ar roinnt cúiseanna, ní raibh ach tionchar teoranta ag na bearta sin.

(5)

Ar bhonn na moltaí ón nGrúpa Saineolaithe Teicniúla Páirtithe Leasmhara maidir le FBManna agus mar fhorbairt ar Rialachán (AE) 2019/2115 agus ar na bearta arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2021/337 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus mar chuid den Phacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil, gheall an Coimisiún tionscnamh reachtach a chur i láthair chun rochtain ar mhargaí poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí trí chostais chomhlíontachta a laghdú, agus trí bhacainní móra lena gcuirtear cosc ar chuideachtaí a bhaint, lena n-áirítear FBManna, rochtain a fháil ar mhargaí poiblí san Aontas. Chun a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart raon feidhme leathan a bheith leis an tionscnamh reachtach sin agus ba cheart aghaidh a thabhairt leis ar bhacainní a bhaineann le rochtain cuideachtaí ar mhargaí poiblí, eadhon na céimeanna roimh an tairiscint tosaigh don phobal, an tairiscint tosaigh don phobal (TTP) agus na céimeanna i ndiaidh TTP. Go sonrach, ba cheart an simpliú agus baint na mbacainní a dhíriú ar na céimeanna TTP agus i ndiaidh TTP trí aghaidh a thabhairt ar na ceanglais throma maidir le nochtadh chun ligean isteach chun trádála ar mhargaí poiblí a iarraidh, ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1129, agus trí aghaidh a thabhairt ar na ceanglais throma leanúnacha maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(6)

Le Rialachán (AE) 2017/1129 leagtar síos ceanglais maidir le tarraingt suas, formheas agus dáileadh an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá lonnaithe i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát. Chun tarraingteacht mhargaí poiblí an Aontais a threisiú, is gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní a eascraíonn as fad, castacht agus costais arda dhoiciméadacht an réamheolaire, i gcás ina mbeidh rochtain á hiarraidh ag cuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, ar mhargaí poiblí den chéad uair trí TTP, agus i gcás ina mbeidh rochtain ag cuideachtaí ar mhargaí poiblí le haghaidh eisiúintí tánaisteacha urrús cothromais nó neamhchothromais. Ar an gcúis chéanna, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar fhad phróiseas grinnscrúdaithe agus formheasta na réamheolairí sin a dhéanann údaráis inniúla, agus ar easpa an chóineasaithe sna próisis sin ar fud an Aontais.

(7)

I gcás tairiscintí beaga urrús don phobal, d’fhéadfadh na costais a bhaineann le réamheolaire a tháirgeadh a bheith díréireach maidir le comaoin iomlán na tairisceana. Níl feidhm ag Rialachán (AE) 2017/1129 maidir le hurrúis a thairiscint don phobal ar lú a gcomaoin iomlán san Aontas ná EUR 1 000 000. Ina theannta sin, i bhfianaise mhéideanna éagsúla na margaí airgeadais ar fud an Aontais, is féidir leis na Ballstáit tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás inar lú comaoin iomlán na dtairiscintí sin ná tairseach áirithe, ar féidir leis na Ballstáit í a shocrú idir EUR 1 000 000 agus EUR 8 000 000. Bhain Ballstáit áirithe úsáid as an bhféidearthacht sin, agus tá tairseacha díolúine éagsúla ann mar thoradh air sin, rud a chruthaíonn castacht agus easpa soiléireachta d’eisitheoirí agus infheisteoirí araon. Chun laghdú a dhéanamh ar an gcastacht faoi Rialachán (AE) 2017/1129 agus chun soiléireacht dhlíthiúil a chothú, ba cheart an tairseach is ísle, EUR 1 000 000, nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin faoina bun, a bhaint.

(8)

Chun ilroinnt na margaí a laghdú agus aird á tabhairt an tráth céanna ar mhéideanna éagsúla na margaí caipitil náisiúnta laistigh den Aontas, ba cheart córas déthairsí a chur in ionad an chórais atá ann cheana lena gceadaítear do na Ballstáit tairseacha díolúine éagsúla idir EUR 1 000 000 agus EUR 8 000 000 a shocrú. Is í an phríomhthairseach is ceart a bheith ann EUR 12 000 000 in aghaidh an eisitheora nó an tairgeora mar chomaoin comhiomlánaithe san Aontas, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh tairseach EUR 5 000 000 a chur i bhfeidhm. Faoi bhun na tairsí EUR 12 000 000 nó EUR 5 000 000, ba cheart tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú, ar choinníoll nach bhfuil nós imeachta an phas ag teastáil le haghaidh na dtairiscintí sin. I gcás na díolúine sin, áfach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, ach gan é a bheith d’oibleagáid orthu, a cheangal ar an eisitheoir doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1129, nó, doiciméad ina bhfuil na ceanglais faisnéise ar an leibhéal náisiúnta, a fhoilsiú, ar choinníoll go bhfuil méid agus leibhéal na faisnéise sin coibhéiseach leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1129, nó níos lú. Níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar na Ballstáit sin rialacha a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta lena gceadaítear d’oibreoirí saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) inneachar an doiciméid a chinneadh, ar doiciméad maidir le ligean isteach é a chuirtear de cheangal ar eisitheoir a thaispeáint nuair a ligtear a chuid urrús isteach chun a dtrádála ar dtús nó rialacha mionsonraithe an athbhreithnithe a dhéanfar air a chinneadh.

(9)

Ba cheart tairiscintí trasteorann urrús don phobal atá díolmhaithe ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú a bheith faoi réir na gceanglas náisiúnta maidir le nochtadh arna leagan amach ag na Ballstáit lena mbaineann, i gcás inarb infheidhme. Mar sin féin, maidir le heisitheoirí, tairgeoirí nó daoine a iarrann go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide réamheolaire a fhoilsiú, ba cheart dóibh tairbhiú de nós imeachta an phas i gcás ina roghnóidh siad réamheolaire a tharraingt suas ar bhonn deonach.

(10)

Tá roinnt forálacha i Rialachán (AE) 2017/1129 ina dtagraítear don chomaoin iomlán tairiscintí áirithe urrús don phobal, lena n-áirítear tairiscintí urrús don phobal atá ar siúl, atá le ríomh thar thréimhse 12 mhí. Chun soiléireacht a thabhairt d’eisitheoirí, d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla agus chun cuir chuige éagsúla a sheachaint ar fud an Aontais, is gá a shonrú conas a dhéanfar comaoin iomlán na dtairiscintí urrús sin don phobal a ríomh thar thréimhse 12 mhí.

(11)

In Airteagal 1(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/1129 tá díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála cheana ar an margadh rialáilte céanna, ar choinníoll gur lú ná 20 % de líon na n-urrús a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna iad na hurrúis nua a ligeadh isteach thar thréimhse 12 mhí, agus ar choinníoll nach bhfuil ligean isteach den sórt sin comhcheangailte le tairiscint urrús don phobal. Chun castacht a laghdú agus chun teorainn a chur le costais agus ualaí neamhriachtanacha, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin freisin maidir le tairiscint don phobal faoi Airteagal 1(4) den Rialachán sin. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an tairseach chéatadáin lena socraítear an incháilitheacht le haghaidh na díolúine sin a mhéadú sa tairiscint urrús don phobal agus sa ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte araon. Ina theannta sin, ba cheart a chuimsiú sa díolúine maidir le tairiscintí urrús don phobal tairiscint don phobal d’urrúis atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna agus atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna nó ar an margadh fáis FBManna céanna. Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint idir cearta suibscríbhinne agus eisiúint scaireanna nua, ba cheart a chumhdach leis an díolúine sin freisin an ceart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna atá ann cheana. Chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, go háirithe d’infheisteoirí miondíola, ba cheart doiciméad gearrfhoirme ina bhfuil faisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí a chur ar fáil don phobal nuair a dhéantar tairiscint urrús idirmhalartach faoin díolúine. Ba cheart an doiciméad a chur ar fáil don phobal agus a chomhdú le húdarás inniúil an Bhallstáit baile, ach níor cheart é a bheith faoi réir a fhormheasta.

(12)

Tá díolúine in Airteagal 1(5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1129 ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú maidir le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte scaireanna a eascraíonn as comhshó nó malartú urrús eile nó a eascraíonn as feidhmiú na gceart a thugtar le hurrúis eile, ar choinníoll gur lú na scaireanna nua a ligeadh isteach, thar thréimhse 12 mhí, ná 20 % de líon na scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna. Ba cheart an tairseach 20 % sin a ailíniú leis an tairseach don díolúine le haghaidh urrús atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna ós rud é go bhfuil an dá dhíolúine coibhéiseach ó thaobh raon feidhme de.

(13)

Ní mór do chuideachtaí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna na ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil agus leanúnach a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, i dTreoir 2004/109/CE a chomhlíonadh agus, i gcás eisitheoirí ar mhargaí fáis FBManna, na ceanglais siúd i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún (10) a chomhlíonadh. I gcás ina n-eisíonn na cuideachtaí sin urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar na cineálacha sin ionad trádála, ba cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú, toisc go mbeidh go leor d’ábhar riachtanach réamheolaire ar fáil go poiblí cheana féin agus toisc go mbeidh infheisteoirí ábalta trádáil a dhéanamh ar bhonn na faisnéise sin. Mar sin féin, ba cheart díolúine den sórt sin a bheith faoi réir cosaintí lena n-áirithítear gur chomhlíon an chuideachta atá ag eisiúint na n-urrús na ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil agus leanúnach faoi dhlí an Aontais agus nach bhfuil sí faoi réir athstruchtúrú nó tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta, faoi mar a shainmhínítear faoi dhlí an Aontais. Thairis sin, chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, go háirithe infheisteoirí miondíola, ba cheart doiciméad gearrfhoirme ina mbeidh faisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí a chur ar fáil fós don phobal. Ba cheart an doiciméad a chomhdú le húdarás inniúil an Bhallstáit baile, ach níor cheart é a bheith faoi réir a fhormheasta. I gcás ina bhfuil nasc ag cearta suibscríbhinne le hurrúis a chumhdaítear leis an díolúine maidir leis an tairiscint nó an ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart an díolúine a bheith infheidhme, dá bhrí sin, maidir le cearta suibscríbhinne arb é atá i gceist leo ceart fabhrach na scairshealbhóirí atá ann cheana na hurrúis a chumhdaítear leis an díolúine a shuibscríobh. I gcás ina n-éiríonn díolúintí eile atá ann cheana iomarcach mar gheall ar raon feidhme na díolúine, ba cheart na díolúintí eile sin a bhaint.

(14)

In Airteagal 1(4), pointe (j), de Rialachán (AE) 2017/1129, díolmhaítear institiúidí creidmheasa ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás ina dtairgtear urrúis neamhchothromais áirithe, nó ina ligtear urrúis neamhchothromais áirithe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, a eisítear ar bhealach leanúnach nó arís agus arís eile suas go dtí comaoin chomhiomlánaithe de EUR 75 000 000 thar thréimhse 12 mhí. Le Rialachán (AE) 2021/337, mar chuid den Phacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil, méadaíodh an tairseach sin go EUR 150 000 000 ar feadh tréimhse theoranta chun tiomsú airgid a chothú d’institiúidí creidmheasa agus chun deis a thabhairt do na hinstitiúidí sin chun tacú lena gcliaint san fhíorgheilleagar. Chun leanúint le tacaíocht a thabhairt do thiomsú airgid trí mhargaí caipitil eisitheoirí, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, ba cheart an tairseach mhéadaithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/337 a dhéanamh buan.

(15)

Chun castacht dhoiciméadacht an réamheolaire a laghdú, agus chun doiciméad níos comhchuibhithe a dhéanamh den réamheolaire agus, ar an gcaoi sin, a inléiteacht d’infheisteoirí ar fud an Aontais a fheabhsú, gan beann ar an dlínse ina dtairgtear urrúis don phobal nó ina ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, is gá formáid chaighdeánaithe a thabhairt isteach don réamheolaire le haghaidh urrúis chothromais agus le haghaidh urrúis neamhchothromais araon agus lena cheangal go ndéanfar an fhaisnéis a áirítear sa réamheolaire a nochtadh i seicheamh caighdeánaithe agus, ag an am céanna, a bheith cúramach gan ró-ualú a dhéanamh ar réamheolairí le faisnéis atá iomarcach nó nach bhfuil ábhartha ach ar éigean.

(16)

I gcásanna áirithe, bíonn an réamheolaire nó na doiciméid ghaolmhara an-mhór, rud a fhágann go mbíonn siad mí-oiriúnach d’infheisteoirí chun cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh agus go mbíonn sé róchostasach d’eisitheoirí iad a tháirgeadh mar gheall ar an gcostas a bhaineann le réamheolairí fada. Ina theannta sin, tá éagsúlacht mhór ar fud an Aontais idir fad na réamheolairí agus a bhformáid, rud atá bunoscionn leis an gcuspóir cóineasú a chothú laistigh d’aontas na margaí caipitil. Chun inléiteacht na réamheolairí a fheabhsú, na costais a bhaineann le tarraingt suas réamheolairí a laghdú d’eisitheoirí, cóineasú a chruthú ar fud an Aontais, agus é a dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí anailís a dhéanamh ar réamheolairí agus a mbealach a dhéanamh tríothu, is gá uasteorainn leathanaigh a shocrú. Níor cheart, áfach, an teorainn leathanach sin a thabhairt isteach ach le haghaidh tairiscintí don phobal nó le haghaidh scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Ní bheadh teorainn leathanach iomchuí maidir le hurrúis chothromais nach scaireanna nó urrúis neamhchothromais iad, lena n-áirítear raon leathan ionstraimí éagsúla, cinn chasta san áireamh. Ba cheart, thairis sin, an méid seo a leanas a eisiamh ón teorainn leathanach: an achoimre; faisnéis a chorpraítear trí thagairt, lena n-áirítear doiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheasann údarás inniúil nó a chomhdaítear le húdarás inniúil; faisnéis a áirítear i ndoiciméad clárúcháin uilíoch a úsáidtear mar chuid de réamheolaire; agus faisnéis atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta aige, nó i gcás ollathrú suntasach faoi mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (11).

(17)

Ba cheart formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe na faisnéise atá le nochtadh i réamheolaire a leagan amach sa Rialachán seo, gan beann ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh réamheolaire, nó réamheolaire bunaidh, a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair nó cé acu atá nó nach bhfuil sé comhdhéanta de dhoiciméid leithleacha, cé is moite de chás ina bhfuil an fhaisnéis san áireamh i ndoiciméad clárúcháin uilíoch. Is gá, dá bhrí sin, go leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1129 ord caighdeánaithe na ranna chun an fhaisnéis a nochtadh sa réamheolaire, nó, ar leithligh, chun í a nochtadh sa doiciméad clárúcháin agus sa nóta urrús. Ba cheart na hIarscríbhinní sin a bheith ina mbonn don Choimisiún chun leasú a dhéanamh ar aon ghníomh tarmligthe lena bhforchuirtear formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe na ranna den réamheolaire, den réamheolaire bunaidh agus de na téarmaí deiridh, lena n-áirítear maidir le míreanna um nochtadh laistigh de na ranna sin. Ina theannta sin, is gá ord caighdeánaithe na faisnéise atá le nochtadh in achoimre an réamheolaire a leagan amach.

(18)

Chun an t-ualach a laghdú ar eisitheoirí a iarrann ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus, an tráth céanna, a thairgeann urrúis nó a láithríonn iad go príobháideach le hinfheisteoirí i dtríú tír, agus a gceanglófaí orthu roinnt doiciméad a tharraingt suas murach sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn leathanach ná ag an bhformáid chaighdeánaithe agus an ord caighdeánaithe maidir le réamheolaire a bhaineann le hurrúis den sórt sin a ligean isteach chun a dtrádála.

(19)

Chun cóineasú a bhaint amach ar fud an Aontais maidir le formáid na réamheolairí, ba cheart a cheangal ar an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM)), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun teimpléad agus leagan amach na réamheolairí, lena n-áirítear an chlómhéid, agus na ceanglais stíle a shonrú, ag brath ar an gcineál réamheolaire agus ar chineál na n-infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu. Ina theannta sin, chun cuidiú le hinfheisteoirí an réamheolaire a láimhseáil, ba cheart a cheangal ar ÚEUM treoirlínte a fhorbairt maidir le sothuigtheacht agus maidir le teanga shimplí a úsáid i réamheolairí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear iontu gonta, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir, agus aird á tabhairt ar chineál an réamheolaire agus ar chineál na n-infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(20)

Is doiciméad tábhachtach agus fíor-riachtanach í achoimre an réamheolaire, a fheidhmíonn mar threoir chun tacú le hinfheisteoirí miondíola tuiscint níos fearr a fháil ar an réamheolaire ina iomláine agus a mbealach a dhéanamh tríd agus, ar an gcaoi sin, cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh. Chun go mbeidh achoimre an réamheolaire níos soléite agus níos sothuigthe d’infheisteoirí miondíola, is gá ligean d’eisitheoirí faisnéis a chur i láthair nó achoimre a thabhairt uirthi in achoimre an réamheolaire i bhfoirm cairteacha, graf nó táblaí, laistigh den teorainn leathanach a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1129.

(21)

Le Rialachán (AE) 2017/1129, ceadaítear d’eisitheoirí leathanach amháin a chur le huasfhad achoimre an réamheolaire i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, ós rud é nach mór faisnéis faoin ráthaíocht agus faoin ráthóir araon a sholáthar. I gcás ina bhfuil níos mó ná ráthóir amháin ann, áfach, d’fhéadfadh sé nach leor leathanach breise. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le fad achoimre an réamheolaire a leathnú a thuilleadh i gcás ráthaíochtaí a sholáthraíonn níos mó ná ráthóir amháin.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le hachoimre an réamheolaire, ba cheart a cheangal ar ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun teimpléad agus leagan amach achoimrí a shonrú, lena n-áirítear na ceanglais chlómhéide agus stíle. Ina theannta sin, chun cuidiú le hinfheisteoirí miondíola a mbealach a dhéanamh trí achoimre an réamheolaire, ba cheart a cheangal ar ÚEUM treoirlínte a fhorbairt maidir le sothuigtheacht agus maidir le teanga shimplí a úsáid in achoimrí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear iontu gonta, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(23)

Le Rialachán (AE) 2017/1129, ceadaítear d’eisitheoir ar fhormheas údaráis inniúil doiciméad clárúcháin inniúil dó nó di ar feadh tréimhse 2 bhliain airgeadais as a chéile stádas eisitheora rialta a bheith aige nó aici agus a bheith in ann gach doiciméad clárúcháin uilíoch, agus aon leasú orthu, a chomhdú ina dhiaidh sin gan formheas a fháil roimh ré. Chun ualaí nach bhfuil gá leo a laghdú agus chun úsáid an doiciméid clárúcháin uilíoch a dhreasú, ba cheart an tréimhse sin a laghdú go bliain airgeadais amháin. Ní bheidh tionchar ag an maolú sin ar chosaint infheisteoirí, toisc nach féidir an doiciméad clárúcháin uilíoch ná aon leasú air a úsáid mar chomhchuid de réamheolaire gan é a bheith formheasta ag an údarás inniúil iomchuí. Ina theannta sin, tá cead ag údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméad clárúcháin uilíoch a comhdaíodh leis ar bhonn ex post aon uair a mheasann an t-údarás inniúil sin gur gá sin agus, i gcás inarb iomchuí, aon uair a iarrann sé leasuithe.

(24)

Chun TTP cuideachtaí príobháideacha ar mhargaí poiblí an Aontais a éascú agus, go ginearálta, chun costais neamhriachtanacha agus ualaí neamhriachtanacha a laghdú do chuideachtaí a thairgeann urrúis don phobal nó a iarann ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart cuíchóiriú suntasach a dhéanamh ar an réamheolaire le haghaidh urrúis chothromais agus neamhchothromais araon, agus a áirithiú go gcoinneofar ardleibhéal leordhóthanach cosanta infheisteoirí.

(25)

Cé go bhfuil sé ró-shaintreorach do FBManna, is cosúil go mbeadh an leibhéal nochta i Réamheolaire Fáis AE oiriúnach don fheidhm do chuideachtaí a iarann ligeann isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte. Is iomchuí, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1129 a ailíniú le leibhéal nochta an réamheolaire fáis AE, trí na hIarscríbhinní gaolmhara a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 a ghlacadh mar thagairt.

(26)

Mar gheall ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le breithnithe inbhuanaitheachta i gcinntí infheistíochta, tá infheisteoirí ag féachaint níos mó i gcónaí ar fhaisnéis faoi chúrsaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) agus cinntí feasacha infheistíochta á ndéanamh acu. Is gá, dá bhrí sin, cosc a chur ar ghlas-snasú, trí leagan síos na faisnéise a bhaineann le ESG a bheidh le soláthar, i gcás inarb ábhartha, sa réamheolaire i ndáil le hurrúis chothromais nó neamhchothromais a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Níor cheart, áfach, forluí a bheith ann idir an ceanglas sin agus an ceanglas a leagtar síos i ngníomhartha reachtacha eile de chuid an Aontais an fhaisnéis sin a sholáthar. Cuideachtaí a thairgeann urrúis chothromais don phobal nó a iarrann urrúis chothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, na tuarascálacha bainistíochta agus na tuarascálacha comhdhlúite bainistíochta a chorprú trí thagairt sa réamheolaire, ar feadh na dtréimhsí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais stairiúil, lena n-áirítear an tuairisciú inbhuanaitheachta, mar a cheanglaítear le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sceidil a leagan amach ina sonrófar an fhaisnéis a bhaineann le ESG atá le cuimsiú i réamheolairí maidir le hurrúis neamhchothromais a fhógraítear mar urrúis ina gcuirtear tosca ESG san áireamh nó ina saothraítear cuspóirí ESG. Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht a áirithiú idir an fhaisnéis a cheanglaítear a nochtadh i réamheolaire agus, i gcás inarb infheidhme, na nochtaí inbhuanaitheachta a cheanglaítear faoi Threoir 2013/34/AE nó, i gcás inarb infheidhme, na nochtaí inbhuanaitheachta a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), gan an bonn a bhaint de chineál deonach an lipéid agus de na teimpléid um rogha a bheith páirteach a leagtar amach sa Rialachán sin.

(27)

Foráiltear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1129 go bhféadfaí réamheolaire simplithe a tharraingt suas le haghaidh eisiúintí tánaisteacha a dhéanann cuideachtaí a ligeadh isteach chun trádála cheana ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad. Mar sin féin, meastar go bhfuil leibhéal nochta na réamheolairí simplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha fós ró-shaintreorach agus róchosúil le leibhéal nochta réamheolaire chaighdeánaigh chun difríocht shuntasach a dhéanamh maidir le heisiúintí tánaisteacha cuideachtaí ar ligeadh a n-urrúis isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna agus atá faoi réir ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil agus leanúnach. Chun go mbeidh sé níos éasca an doiciméadacht um liostú a thuiscint, agus mar sin chun cosaint infheisteoirí a dhéanamh níos éifeachtaí, agus costais agus ualaí d’eisitheoirí a laghdú, ba cheart ‘Réamheolaire Leantach an Aontais Eorpaigh (an réamheolaire leantach AE)’ nua agus níos éifeachtaí a thabhairt isteach le haghaidh na n-eisiúintí tánaisteacha sin. Chun teorainn a chur le hualaí ar eisitheoirí agus chun infheisteoirí a chosaint, áfach, is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do réamheolairí arna bhformheas faoin gcóras nochta simplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha roimh dháta chur i bhfeidhm an chórais nua. Ba cheart réamheolaire leantach AE den sórt sin a bheith ar fáil do chatagóirí éagsúla eisitheoirí ar ligeadh a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh na 18 mí roimhe sin ar a laghad, nó do thairgeoirí urrús den sórt sin. Ba cheart a áirithiú leis na critéir sin gur chomhlíon na heisitheoirí sin na ceanglais maidir le nochtadh tréimhsiúil agus leanúnach a leagtar síos i dTreoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, nó, i gcás inarb infheidhme, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

(28)

Chun gur féidir le heisitheoirí lántairbhe a bhaint as an réamheolaire leantach AE mar chineál réamheolaire maolaithe, ba cheart a raon feidhme a bheith leathan agus ba cheart a chuimsiú ann tairiscintí poiblí urrús nó urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar urrúis iad atá idirmhalartach nó neamh-idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála. Ina theannta sin, chun go mbeidh cuideachtaí rathúla in ann méadú agus tairbhe a bhaint as bonn níos leithne infheisteoirí a bheith ar fáil dóibh, ba cheart an réamheolaire leantach AE a bheith ar fáil do chuideachtaí atá ag iarraidh aistriú ó mhargadh fáis FBManna go margadh rialáilte, ar an gcoinníoll gur ligeadh a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh na 18 mí roimhe ar a laghad. Mar sin féin, maidir le heisitheoir nach ligtear isteach ach a urrúis neamhchothromais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna, níor cheart cead a bheith aige nó aici réamheolaire leantach AE a tharraingt suas chun urrúis chothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, toisc go n-éilítear leis sin go nochtfaí réamheolaire iomlán chun gur féidir le hinfheisteoirí cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh.

(29)

Ón 31 Nollaig 2022 i leith, ní féidir an réamheolaire téarnaimh AE dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/1129 a úsáid a thuilleadh. Ba é an buntáiste a bhí leis an réamheolaire téarnaimh AE gur dhoiciméad aonair é a bhí teoranta ó thaobh méide de, rud a d’fhág go raibh sé éasca ar eisitheoirí é a tharraingt suas agus ar infheisteoirí é a thuiscint. Ar na cúiseanna sin, i gcás ina mbaineann an réamheolaire Leantach AE le scaireanna agus ina bhfuil sé faoi réir teorainn leathanach, d’fhéadfadh an réamheolaire Leantach AE samhail chomhchosúil a leanúint agus ba cheart é a bheith faoi réir na tréimhse grinnscrúdaithe laghdaithe céanna agus a bhí an réamheolaire téarnaimh AE. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an tréimhse theoranta grinnscrúdaithe i gcás aistriú ó mhargadh fáis FBManna chuig margadh rialáilte. Ina theannta sin, níor cheart, ar chúiseanna follasacha, nochtaí a bhaineann le géarchéim COVID-19 a éileamh le ceanglais an réamheolaire leantaigh AE. Ós rud é gur cheart an réamheolaire leantach AE a chur in ionad an réamheolaire shimplithe le haghaidh eisiúintí tánaisteacha agus an réamheolaire téarnaimh AE, ba cheart é a bheith buan agus a chur ar fáil le haghaidh eisiúintí tánaisteacha urrús cothromais agus neamhchothromais araon. Ina theannta sin, níor cheart úsáid an réamheolaire leantaigh AE sin a bheith faoi réir aon srianta thar an gceanglas maidir le híostréimhse agus le tréimhse leanúnach chun urrúis lena mbaineann a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna.

(30)

Ba cheart achoimre maolaithe a bheith sa réamheolaire leantach AE mar fhoinse faisnéise úsáideach le haghaidh infheisteoirí miondíola. Ba cheart an achoimre sin a leagan amach ag tús an réamheolaire leantaigh AE agus ba cheart díriú inti ar fhaisnéis bhunriachtanach lena gcuirfear ar chumas infheisteoirí a chinneadh cé acu de na tairiscintí don phobal agus ligean isteach urrús chun a dtrádála a ndéanfaidh siad tuilleadh staidéir orthu, agus athbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an réamheolaire leantach AE ina iomláine chun cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh. Mar sin féin, níor cheart an achoimre a bheith riachtanach chun urrúis neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2017/1129 a ligean isteach chun a dtrádála.

(31)

Chun doiciméad comhchuibhithe a dhéanamh den réamheolaire leantach AE agus chun a inléiteacht a éascú d’infheisteoirí ar fud an Aontais, gan beann ar an dlínse ina dtairgtear urrúis don phobal nó ina ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ba cheart leagan amach an doiciméid a chaighdeánú le haghaidh urrúis chothromais agus urrúis neamhchothromais araon. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an fhaisnéis sa réamheolaire leantach AE a nochtadh in ord caighdeánaithe. Mar sin féin, chun tacú le heisiúintí tánaisteacha urrús neamhchothromais, lena n-áirítear mar chuid de chláir thairisceana, ba cheart raon feidhme chur i bhfeidhm an réamheolaire leantaigh AE le haghaidh urrúis neamhchothromais a bheith leathan, agus an deis a thabhairt d’eisitheoirí é a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair, nó mar dhoiciméid ar leithligh.

(32)

Chun inléiteacht an réamheolaire leantaigh AE a fheabhsú agus chun é a dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí anailís a dhéanamh air agus a mbealach a dhéanamh tríd, ba cheart é a bheith faoi réir teorainn leathanach le haghaidh eisiúintí tánaisteacha scaireanna. Os a choinne sin, ní bheadh teorainn leathanach iomchuí do chatagóir leathan urrús cothromais seachas scaireanna nó urrús neamhchothromais, lena n-áirítear raon leathan ionstraimí éagsúla, ionstraimí casta san áireamh. Ba cheart, thairis sin, an méid seo a leanas a eisiamh ón teorainn leathanach: an achoimre; faisnéis a chorpraítear trí thagairt, lena n-áirítear doiciméad clárúcháin uilíoch a fhormheasann údarás inniúil nó a chomhdaítear le húdarás inniúil; agus faisnéis atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta aige nó aici, nó i gcás ollathrú suntasach.

(33)

Ceann de phríomhchuspóirí Aontas na Margaí Caipitil is ea rochtain FBManna ar mhargaí poiblí san Aontas a éascú, agus foinsí cistiúcháin seachas iasachtú bainc a sholáthar do na FBManna sin agus an deis a thabhairt dóibh méadú agus fás. D’fhéadfadh an costas a bhaineann le réamheolaire a tháirgeadh a bheith ina dhíspreagadh do FBManna atá sásta urrúis a thairiscint don phobal, agus gnáthmhéid bheag chomaoin na dtairiscintí sin á meas. Réamheolaire níos éadroime is ea an réamheolaire fáis AE, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2017/1129, agus tá sé ar fáil do FBManna agus do roinnt catagóirí eile tairbhithe, lena n-áirítear cuideachtaí a bhfuil caipitliú margaidh suas le EUR 500 milliún acu agus ar ligeadh a n-urrúis isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna. Bhí sé d’aidhm ag an réamheolaire fáis AE na costais a bhaineann le réamheolaire a ullmhú d’eisitheoirí beaga a laghdú, agus ag am céanna faisnéis ábhartha a sholáthar d’infheisteoirí chun an tairiscint a mheas agus cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh. Cé gur féidir le heisitheoirí a dhréachtaíonn réamheolaire fáis AE coigilteas costas measartha mór a bhaint amach, meastar go bhfuil an leibhéal nochta a dhéantar i réamheolaire fáis AE fós ró-shaintreorach agus róchosúil le réamheolaire caighdeánach chun difríocht shuntasach a dhéanamh do FBManna. Dá bhrí sin, tá gá le réamheolaire eisiúna fáis AE ina bhfuil riachtanais níos éadroime chun nach mbeidh an doiciméadacht um liostú do FBManna chomh casta trom agus lena mbeidh FBManna in ann coigilteas níos tábhachtaí fós a bhaint amach. Chun teorainn a chur leis na hualaí ar eisitheoirí agus chun infheisteoirí a chosaint, is gá, áfach, foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh Réamheolairí Fáis de chuid AE a fhormheasfar roimh dháta chur i bhfeidhm an chórais nua.

(34)

Ba cheart na ceanglais a bhaineann le hinneachar an réamheolaire eisiúna fáis AE a bheith éadrom, ag cur san áireamh leibhéal nochta an réamheolaire téarnaimh AE agus cuid de na doiciméid is simplí um ligean isteach a éilíonn roinnt margaí fáis FBManna ar eisitheoirí a tháirgeadh i gcás díolúine ón oibleagáid maidir le réamheolaire a fhoilsiú; tá ábhar na ndoiciméad sin leagtha síos i leabhair rialacha na margaí fáis FBManna. Ba cheart an fhaisnéis laghdaithe atá le nochtadh sa réamheolaire eisiúna fáis AE a bheith comhréireach le méid na gcuideachtaí atá liostaithe ar na margaí fáis FBManna agus lena riachtanais tiomsaithe airgid agus ba cheart leibhéal leordhóthanach cosanta d’infheisteoirí a áirithiú léi. Ina theannta sin, ba cheart doiciméad amháin a bheith sa réamheolaire eisiúna fáis AE, ionas go mbeidh sé éasca agus simplí do chuideachtaí, go háirithe FBManna, é a tharraingt suas agus go mbeidh sé éasca ar infheisteoirí é a léamh.

(35)

Ba cheart an réamheolaire fáis eisiúna AE a bheith ar fáil do FBManna, eisitheoirí seachas FBManna a ligtear a n-urrúis isteach nó a bhfuil a n-urrúis le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna, agus cuideachtaí beaga neamhliostaithe nach airde ná EUR 50 000 000 thar thréimhse 12 mhí a gcomaoin iomlán i leith na n-urrús a thairgtear don phobal. Chun caighdeán nochta dhá shraith ar mhargaí rialáilte a sheachaint, ag brath ar mhéid an eisitheora, níor cheart an réamheolaire fáis eisiúna AE a bheith ar fáil do chuideachtaí ar ligeadh a n-urrúis isteach cheana nó a bhfuil a n-urrúis le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte. Mar sin féin, chun uasghrádú chuig margadh rialáilte a éascú agus chun go mbeidh eisitheoirí in ann tairbhe a bhaint as bonn níos leithne infheisteoirí a bheith ar fáil dóibh, ba cheart eisitheoirí ar ligeadh a n-urrúis isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh na 18 mí roimhe ar a laghad a cheadú chun an réamheolaire leantach AE a úsáid chun aistriú chuig margadh rialáilte.

(36)

Ba cheart achoimre mhaolaithe a bheith sa réamheolaire fáis eisiúna AE, mar fhoinse faisnéise úsáideach d’infheisteoirí miondíola, ag a mbeadh an leagan amach agus an t-ábhar céanna agus atá ag an réamheolaire leantach AE. Ba cheart an achoimre sin a leagan amach ag tús an réamheolaire eisiúna fáis AE agus ba cheart díriú inti ar fhaisnéis bhunriachtanach lena mbeidh infheisteoirí in ann a chinneadh cé acu de na tairiscintí urrús don phobal a ndéanfaidh siad tuilleadh staidéir orthu, agus athbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an réamheolaire eisiúna fáis AE ina iomláine chun cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh.

(37)

Ba cheart an réamheolaire eisiúna fáis AE a bheith ina dhoiciméad comhchuibhithe atá éasca d’eisitheoirí, go háirithe FBManna, é a tharraingt suas agus atá éasca d’infheisteoirí é a léamh, gan beann ar an dlínse laistigh den Aontas ina dtairgtear na hurrúis lena mbaineann don phobal. Ba cheart, dá bhrí sin, leagan amach an doiciméid a chaighdeánú le haghaidh urrúis chothromais agus urrúis neamhchothromais araon agus ba cheart an fhaisnéis a áirítear sa réamheolaire eisiúna fáis AE a nochtadh in ord caighdeánaithe. Chun inléiteacht an réamheolaire eisiúna fáis AE a chaighdeánú agus a fheabhsú a thuilleadh agus chun é a dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí anailís a dhéanamh air agus a mbealach a dhéanamh tríd, ba cheart teorainn leathanach a thabhairt isteach i gcás ina dtarraingeofar suas réamheolaire eisiúna fáis AE le haghaidh eisiúintí scaireanna. Ba cheart an teorainn leathanach sin a bheith éifeachtach freisin ó thaobh an fhaisnéis is gá a sholáthar le go mbeidh infheisteoirí in ann cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh agus ba cheart í a bheith éifeachtúil ó thaobh na gceanglas níos éadroime maidir le hinneachar an réamheolaire eisiúna fáis AE. Bheadh teorainn leathanach míchuí, áfach, do chatagóir leathan urrús cothromais seachas scaireanna nó urrús neamhchothromais, lena gcuimsítear raon leathan ionstraimí éagsúla, ionstraimí casta san áireamh. Lena chois sin, ba cheart an méid seo a leanas a eisiamh ón teorainn leathanach: an achoimre, aon fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt, agus aon fhaisnéis atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó ina bhfuil gealltanas airgeadais suntasach déanta aige, nó i gcás ollathrú suntasach.

(38)

Leis an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE, ba cheart na réamheolairí caighdeánacha i Rialachán (AE) 2017/1129 a chomhlánú. Dá bhrí sin, mura luaitear a mhalairt go sainráite, tá gach tagairt do ‘réamheolaire’ faoi Rialachán (AE) 2017/1129 le tuiscint mar thagairt do gach cineál réamheolaire éagsúil, lena n-áirítear an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE. Tugtar le tuiscint, le cineál deonach na gcineálacha réamheolaire, gur féidir le heisitheoir ceann de na cineálacha réamheolaire atá ar fáil a roghnú i gcás ina bhfuil gá le réamheolaire le tairiscint don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte.

(39)

Chun muinín a chothú in úsáid an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE, tá sé tábhachtach go mbeadh a n-éifeachtacht agus a raon feidhme soiléir, ós rud é go bhfuil an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE faoi réir an chórais dliteanais chéanna agus atá réamheolaire iomlán, le haghaidh tairiscintí intíre agus trasteorann nó ligean isteach chun trádála. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil eisitheoir i dteideal réamheolaire leantach AE nó réamheolaire eisiúna fáis AE a úsáid, a bhfágann an dá cheann acu go bhfuil ullmhú an idirbhirt atá i gceist níos éifeachtúla agus níos éadroime, agus nach ann d’aon chomaoin ábhartha eile i gcoinne úsáid aon cheann de na réamheolairí sin, ba cheart rogha an eisitheora as measc na gcineálacha réamheolaire atá ar fáil don eisitheoir a chosaint agus níor cheart do chomhairleoirí ná d’údaráis inniúla an t-eisitheoir a chur i dtreo réamheolaire iomlán a tharraingt suas i gcás nach bhfuil dianghá leis sin.

(40)

Ba cheart tosca riosca atá ábhartha agus sonrach don eisitheoir agus dá urrúis a lua sa réamheolaire. Ar an gcúis sin, cuirfear tosca riosca i láthair freisin i líon teoranta catagóirí riosca, ag brath ar a gcineál. Chun an t-ualach ar eisitheoirí a laghdú, áfach, in ionad an cheanglais chun na tosca riosca is ábhartha a rangú, ba cheart ceanglas a chur, i ngach catagóir, chun na tosca riosca is ábhartha a liostú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an measúnú a dhéanann an t-eisitheoir. Chun an réamheolaire a dhéanamh níos intuigthe agus chun é a dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh, is gá a shonrú nár cheart d’eisitheoirí barraíocht tosca riosca cineálacha a chur sa réamheolaire, tosca nach bhfeidhmíonn ach mar shéanadh, nó a bhféadfadh tosca sonracha riosca ar cheart d’infheisteoirí a bheith ar an eolas fúthu a cheilt leo.

(41)

Faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2017/1129, i gcás nach féidir praghas tairisceana deiridh nó méid na n-urrús atá le tairiscint don phobal a chur sa réamheolaire, tá ceart chun tarraingt siar ag an infheisteoir ar féidir é a fheidhmiú laistigh de 2 lá oibre tar éis an praghas tairisceana deiridh nó méid na n-urrús atá le tairiscint don phobal a chomhdú. Chun an leibhéal cosanta d’infheisteoirí a mhéadú, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir le hinfheisteoirí an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú.

(42)

Le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2017/1129, tugtar an deis d’eisitheoirí faisnéis áirithe a chorprú sa réamheolaire trí thagairt a dhéanamh. Tugadh an fhéidearthacht sin isteach chun an t-ualach ar eisitheoirí a laghdú agus dúbláil faisnéise a nochtadh agus a foilsíodh cheana faoi dhlí eile um sheirbhísí airgeadais an Aontais a sheachaint. Éascófar a thuilleadh an fhéidearthacht faisnéis a chorprú trí thagairt amach anseo, a luaithe a bheidh infheisteoirí in ann rochtain a fháil uirthi ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar an ionad Eorpach ilfhreastail aonair (‘ESAP’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Le ESAP, ba cheart d’infheisteoirí a bheith in ann an chuid is mó d’fhaisnéis ábhartha a aimsiú in aon áit amháin, agus ar an gcaoi sin rochtain ar fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i réamheolairí a éascú a thuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag cuideachtaí i gcónaí faisnéis nach bhfuil le nochtadh i réamheolaire a chorprú trí thagairt ar bhonn deonach, ar choinníoll go gcomhlíonann an fhaisnéis sin na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1129 maidir le corprú trí thagairt.

(43)

Chun deireadh a chur le costais agus ualaí nach bhfuil gá leo agus chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht chorprú na faisnéise sa réamheolaire trí thagairt a mhéadú, ba cheart a shoiléiriú nár cheart a cheangal ar chuideachtaí forlíonadh a fhoilsiú le haghaidh faisnéis airgeadais bhliantúil nó eatramhach nua i réamheolaire bunaidh atá fós bailí, murab ionann agus na cásanna a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/979. Ina ionad sin, ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis airgeadais bhliantúil nó eatramhach nua a chorprú trí thagairt sa réamheolaire bunaidh, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le corprú trí thagairt, amhail foilsiú leictreonach agus ceanglais teanga. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag cuideachtaí an fhaisnéis sin a fhoilsiú go deonach i bhforlíonadh.

(44)

Le Rialachán (AE) 2017/1129 cuirtear chun cinn cóineasú agus comhchuibhiú rialacha a bhaineann le grinnscrúdú agus formheas a dhéanann údaráis inniúla ar réamheolairí. Go sonrach, rinneadh na critéir maidir le grinnscrúdú ar iomláine, intuigtheacht agus comhsheasmhacht an réamheolaire a leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980. Níl an liosta critéar sin uileghabhálacha, áfach, toisc gur cheart an fhéidearthacht a bheith ann nuálaíochtaí sna margaí airgeadais a chur san áireamh. Dá thoradh sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, ceadaítear d’údaráis inniúla critéir bhreise a chur i bhfeidhm maidir le réamheolairí a ghrinnscrúdú agus a fhormheas i gcás inar gá chun infheisteoirí a chosaint. Cuireadh in iúl sa tuarascáil athbhreithnithe piaraí ó ÚEUM gur cruthaíodh leis an bhféidearthacht sin difríochtaí ábhartha sa chaoi a gcuireann údaráis inniúla critéir bhreise ghrinnscrúdaithe i bhfeidhm agus a n-iarrann siad ar eisitheoirí faisnéis bhreise a sholáthar sa réamheolaire faoina ngrinnscrúdú.

(45)

Chun cóineasú agus comhchuibhiú na gníomhaíochta maoirseachta réamheolaire a dhéanann na húdaráis inniúla a chothú, ar cheart di deimhneacht a thabhairt d’eisitheoirí agus muinín a thabhairt d’infheisteoirí, is iomchuí na himthosca a shonrú faoinar féidir údarás inniúil na critéir bhreise sin a úsáid, an cineál faisnéise breise a bhféadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal í a nochtadh sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear chun réamheolaire, réamheolaire leantach AE nó réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas, lena n-áirítear an cineál faisnéise breise a bhféadfaí a cheangal í a nochtadh de réir na gcritéar breise agus an amlíne chun an réamheolaire a fhormheas.

(46)

Chun a áirithiú go gcuirtear eisitheoirí ar an eolas go tráthúil maidir le toradh an ghrinnscrúdaithe ar a réamheolaire, ba cheart a chur de cheangal ar údaráis inniúla spriocdháta soiléir lena ngrinnscrúdú a urramú. I gcás ina mainnítear cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos, ba cheart d’údarás inniúil an chúis leis an mainneachtain sin a chur in iúl don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine a iarrann ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte agus do ÚEUM, ar cheart dó tuarascáil chomhiomlán a fhoilsiú ar bhonn bliantúil maidir leis na húdaráis inniúla a bheith ag comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar síos. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon mhainneachtain ag na húdaráis inniúla na teorainneacha ama a leagtar síos a chomhlíonadh chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire. Níor cheart a mheas, áfach, gurb ionann mainneachtain den sórt sin agus an t-iarratas a fhormheas.

(47)

Ina theannta sin, ba cheart uastréimhse ama a shocrú chun bailchríoch a chur ar an nós imeachta grinnscrúdaithe agus i gcomhair chinneadh an údaráis inniúil maidir leis an réamheolaire. Ós rud é go bhfuil tionchar ag fachtóirí nach bhfuil neart ag an údarás inniúil orthu ar fhad an nós imeachta maidir le grinnscrúdú freisin, ba cheart an tréimhse ama a leagan síos mar uasfhad an nós imeachta ina iomláine, lena gcumhdófaí gníomhaíochtaí ón duine atá ag déanamh iarratais ar réamheolaire a fhormheas agus ón údarás inniúil araon. Ós rud é go bhféadfadh sé a bheith deacair gach cás nach féidir grinnscrúdú a thabhairt chun críche laistigh den tréimhse ama a leagtar síos a réamh-mheas, tá sé tábhachtach na coinníollacha a shonrú maidir le maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón tréimhse ama sin. Ina theannta sin, ar an gcaoi chéanna leis na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2017/1129, má mhainníonn an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire laistigh den uastréimhse ama sin, níor cheart a mheas gurb ionann sin agus an réamheolaire a fhormheas. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil, ba cheart a shoiléiriú sa sainmhíniú ar ‘formheas’ nach mbaineann sé le cruinneas na faisnéise i réamheolaire.

(48)

Rinneadh athbhreithniú piaraí ÚEUM ar ghrinnscrúdú agus formheas réamheolairí ag na húdaráis inniúla agus foilsíodh an tuarascáil athbhreithnithe piaraí roimh an togra ón gCoimisiún le haghaidh an Rialacháin leasaithigh seo. Ós rud é gur féidir le ÚEUM athbhreithnithe piaraí a dhéanamh tráth ar bith a mheasann ÚEUM a bheith iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ní gá ceanglas den sórt sin a shonrú i Rialachán (AE) 2017/1129. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 20(13) de Rialachán (AE) 2017/1129 a bhaint, lena gcuirtear de cheangal ar ÚEUM athbhreithniú piaraí ar nósanna imeacht na n-údarás inniúil maidir le grinnscrúdú agus formheas a eagrú agus a dhéanamh.

(49)

Ceanglaítear le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2017/1129, i gcás TTP d’aicme scaireanna a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte den chéad uair, réamheolaire a fhoilsiú 6 lá oibre ar a laghad roimh dheireadh na tairisceana. Chun próisis leabharbhunaithe thapa a chothú, go háirithe i margaí mearghluaiseachta, agus chun cur le tarraingteacht chuimsiú na n-infheisteoirí miondíola i dtairiscintí den chineál sin, ba cheart an íostréimhse reatha 6 lá idir foilsiú an réamheolaire agus deireadh tairisceana scaireanna a laghdú, gan dul i gcion ar chosaint infheisteoirí.

(50)

Chun sonraí a bhailiú lena dtacaítear le measúnú ar an réamheolaire leantach AE agus ar an réamheolaire eisiúna fáis AE, ba cheart leis an sásra stórála dá dtagraítear in Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2017/1129 an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE a chumhdach, ar cheart iad a idirdhealú go soiléir ó na cineálacha eile réamheolairí.

(51)

Chun dáileadh an réamheolaire ar infheisteoirí ionchasacha a dhéanamh níos inbhuanaithe, chun digitiú san earnáil airgeadais a mhéadú agus chun deireadh a chur le costais neamhriachtanacha, níor cheart infheisteoirí ionchasacha a bheith i dteideal cóip pháipéir de réamheolaire a iarraidh a thuilleadh. Dá bhrí sin, níor cheart cóip den réamheolaire a sheachadadh chuig infheisteoirí ionchasacha ach i bhformáid leictreonach, arna hiarraidh sin agus í a bheith saor in aisce.

(52)

Ceanglaítear le hAirteagal 23(3) de Rialachán (AE) 2017/1129 ar idirghabhálaithe airgeadais a chur in iúl d’infheisteoirí a cheannaigh nó a shuibscríobh urrúis tríd an idirghabhálaí airgeadais sin go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú agus, in imthosca áirithe, go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh leis na hinfheisteoirí sin an lá a fhoilseofar forlíonadh. Le Rialachán (AE) 2021/337, tugadh isteach míreanna 2a agus 3a a ghabhann leis an Airteagal sin, ina ndéantar foráil maidir le córas níos comhréirí chun ualaí ar idirghabhálaithe airgeadais a laghdú, agus ardleibhéal cosanta d’infheisteoirí á choinneáil. Sonraítear sna míreanna sin na hinfheisteoirí ar cheart do na hidirghabhálaithe airgeadais dul i dteagmháil leo nuair a fhoilseofar forlíonadh agus nuair a chuirfear síneadh leis an spriocdháta faoina ndéanfar teagmháil leis na hinfheisteoirí sin agus an spriocdháta faoinar féidir na hinfheisteoirí sin a gcearta chun tarraingt siar a fheidhmiú. Ina theannta sin, sonraítear sna míreanna sin gur cheart d’idirghabhálaithe airgeadais teagmháil a dhéanamh le hinfheisteoirí a cheannaíonn nó a shuibscríobhann urrúis tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse tairisceana tosaigh. Tagraíonn an tréimhse sin don tréimhse ar lena linn a thairgeann eisitheoirí nó tairgeoirí urrúis don phobal mar a leagtar síos sa réamheolaire agus ní chuimsítear inti tréimhsí ina dhiaidh sin ar lena linn a n-athdhíoltar urrúis ar an margadh. Chuaigh an córas a tugadh isteach le hAirteagal 23(2a) agus (3a) de Rialachán (AE) 2017/1129 in éag an 31 Nollaig 2022. I bhfianaise an aiseolais dhearfaigh ar an iomlán ó na páirtithe leasmhara maidir leis an gcóras sin, ba cheart é a dhéanamh buan.

(53)

Le hAirteagal 23(2a) agus (3a) de Rialachán (AE) 2017/1129 cuireadh síneadh leis an spriocdháta chun teagmháil a dhéanamh le hinfheisteoirí incháilithe maidir le forlíonadh a fhoilsiú go dtí deireadh an chéad lae oibre tar éis an lae a fhoilsítear an forlíonadh. Ionas gur féidir le hidirghabhálaithe airgeadais an spriocdháta sin a chomhlíonadh, is gá a leagan síos nach gceanglófar ar idirghabhálaithe airgeadais ach na hinfheisteoirí sin a d’aontaigh go rachfaí i dteagmháil leo trí mhodh leictreonach, mar shampla trí ríomhphost, a chur ar an eolas faoi fhoilsiú forlíonaidh. Anuas air sin, ba cheart d’idirghabhálaithe airgeadais a thairiscint do na hinfheisteoirí sin a chuir in iúl gur mian leo nach ndéanfar teagmháil leo ach trí mhodhanna eile seachas modhanna leictreonacha rogha maidir le teagmháil leictreonach chun an fógra i ndáil le foilsiú forlíonaidh a fháil agus chun na críche sin amháin. Is gá freisin a cheangal ar idirghabhálaithe airgeadais a chur in iúl do na hinfheisteoirí sin nach n-aontaíonn go rachfaí i dteagmháil leo trí mhodh leictreonach agus a dhiúltaíonn an rogha maidir le teagmháil leictreonach a dhéanamh leo gur féidir leo breathnú ar shuíomh gréasáin an eisitheora nó an idirghabhálaí airgeadais chun a sheiceáil an bhfoilsítear nó nach bhfoilsítear forlíonadh.

(54)

Mar thoradh ar léirmhínithe éagsúla maidir le cibé acu ba cheart nó nár cheart cead a thabhairt d’eisitheoir réamheolaire bunaidh a fhorlíonadh chun urrúis eile, nó urrúis a bhfuil gnéithe éagsúla acu seachas na cinn ar formheasadh an réamheolaire bunaidh sin ina leith a thabhairt isteach, tá easpa cóineasaithe ann idir na Ballstáit. Chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus cóineasú rialála a chothú ar fud an Aontais, is iomchuí a leagan síos, dá bhrí sin, nár cheart forlíonadh ar réamheolaire bunaidh a úsáid chun cineál nua urrúis a thabhairt isteach nach bhfuil an fhaisnéis riachtanach ina leith cuimsithe sa réamheolaire bunaidh sin ach amháin más gá déanamh amhlaidh chun ceanglais chaipitil a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena ndéantar dlí an Aontais a thrasuí. Thairis sin, chun cóineasú maidir le húsáid an réamheolaire bunaidh a chothú a thuilleadh, ba cheart d’ÚEUM soiléireacht bhreise a sholáthar trí threoirlínte maidir leis na himthosca ina bhfuil sé le meas go dtugtar cineál nua urrúis isteach le forlíonadh nach bhfuil tuairisc air cheana i réamheolaire bunaidh.

(55)

Ceanglaítear le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2017/1129 ar eisitheoirí aistriúcháin ar a réamheolaire a chur ar fáil chun é a chur ar a gcumas d’údaráis agus d’infheisteoirí grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar na réamheolairí sin agus rioscaí a mheasúnú. I bhformhór na gcásanna, ní mór aistriúchán a chur ar fáil i gceann amháin ar a laghad de na teangacha oifigiúla a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit leis i gcás ina ndéantar tairiscint nó ina n-iarrtar ligean isteach chun trádála. Chun laghdú suntasach a dhéanamh ar ualaí neamhriachtanacha, ba cheart cead a bheith ag cuideachtaí réamheolaire a tharraingt suas i dteanga a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an tairiscint nó an ligean isteach chun trádála de chineál intíre nó trasteorann, agus ba cheart ceanglas an aistriúcháin a bheith teoranta d’achoimre an réamheolaire chun cosaint infheisteoirí miondíola a áirithiú. Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann, áfach, rogha a dhéanamh gan a bheith páirteach agus ina ionad sin a éileamh go ndéanfaí an réamheolaire maidir le tairiscint urrús don phobal nó urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát sin amháin, go ndéanfaí an réamheolaire sin a tharraingt suas i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi. Sna cásanna sin, ba cheart a chur de cheangal ar an mBallstát sin fógra a thabhairt don Choimisiún agus do ÚEUM maidir lena chinneadh. Chun trédhearcacht a sholáthar d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí, ba cheart d’ÚEUM a fhoilsiú, ar a shuíomh gréasáin, liosta de na teangacha a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit leo le haghaidh tairiscint urrús don phobal nó urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát sin.

(56)

Ceanglaítear le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2017/1129 faoi láthair go ndéanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile eisitheoir na n-urrús lena mbaineann réamheolaire a tharraingítear suas agus a fhormheastar i gcomhréir le dlíthe tríú tír (‘réamheolaire tríú tír’), agus faoi réir na ndlíthe sin, a fhormheas, gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil an réamheolaire tríú tír sin formheasta cheana ag an údarás ábhartha tríú tír. Ceanglaítear leis an Airteagal sin freisin go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh ina sonrófar go bhfuil na ceanglais faisnéise a fhorchuirtear le dlí náisiúnta an tríú tír sin comhionann leis na ceanglais faoi Rialachán (AE) 2017/1129. Chun an rochtain ar mhargaí poiblí san Aontas a éascú d’eisitheoirí tríú tíortha, lena n-áirítear FBManna, agus chun deiseanna infheistíochta breise a chur ar fáil d’infheisteoirí san Aontas, agus a gcosaint á háirithiú ag an am céanna, is gá na forálacha maidir leis an gcóras coibhéise a leasú. Ba cheart a shoiléiriú, i gcás ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, nó i gcás ina dtairgfear urrúis don phobal san Aontas, nach bhfuil réamheolairí coibhéiseacha tríú tír atá formheasta cheana ag údarás maoirseachta na tríú tíre le comhdú ach le húdarás inniúil an Bhallstáit baile. Ina theannta sin, na critéir ghinearálta coibhéise, atá le bunú faoi láthair ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6, 7, 8 agus 13 de Rialachán (AE) 2017/1129, ba cheart iad a leathnú chun forálacha maidir le dliteanas, bailíocht an réamheolaire, tosca riosca, grinnscrúdú, formheas agus foilsiú an réamheolaire, agus forlíontaí a chuimsiú. Chun cosaint infheisteoirí san Aontas a áirithiú, is gá a shonrú freisin go bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí uile dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2017/1129 le cuimsiú sa réamheolaire tríú tír. Tá cead, freisin, ag eisitheoirí tríú tír an nós imeachta faoi Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2017/1129 a úsáid maidir le haon chineál tairisceana urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, trí réamheolaire a tharraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(57)

Tá gá le comhar éifeachtach le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha i ndáil le malartú faisnéise leis na húdaráis sin agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2017/1129 i dtríú tíortha chun infheisteoirí san Aontas a chosaint agus chun cothroime iomaíochta idir eisitheoirí atá bunaithe san Aontas agus eisitheoirí tríú tír a áirithiú. Chun malartú faisnéise éifeachtúil comhsheasmhach le húdaráis mhaoirseachta a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát nó do ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil amháin ar a laghad, socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta ábhartha na dtríú tíortha a bhunú, agus ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún an t-ábhar íosta agus an teimpléad a bheidh le húsáid le haghaidh na socruithe sin a chinneadh. Thairis sin, ba cheart do ÚEUM comhordú ar fhorbairt socruithe comhair idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha a éascú agus, i gcás inar gá, dáileadh na faisnéise a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta atá le glacadh faoi Airteagail 38 agus 39 de Rialachán (AE) 2017/1129 ar údaráis inniúla a éascú. Mar sin féin, chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, maidir le tríú tíortha atá ar liosta an Aontais de dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach nó ar an liosta de na dlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras náisiúnta maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais, is gá gur cheart iad a eisiamh ó na comhaontuithe comhair sin.

(58)

Is gá a áirithiú go bhfuil an réamheolaire leantach AE, an réamheolaire eisiúna fáis AE agus achoimrí gaolmhara réamheolaire faoi réir na smachtbhannaí riaracháin agus na mbeart riaracháin céanna le réamheolairí eile. Ba cheart na smachtbhannaí agus na bearta sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cur chuige comhchoiteann a áirithiú sna Ballstáit.

(59)

Ceanglaítear le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2017/1129 ar ÚEUM tuarascáil a fhoilsiú gach bliain ina mbeidh staidreamhmaidir leis na réamheolairí a formheasadh agus ar tugadh fógra ina leith san Aontas agus ina mbeidh anailís ar threochtaí. Is gá a leagan síos gur cheart a chuimsiú sa tuarascáil sin freisin faisnéis staidrimh faoi na réamheolairí eisiúna fáis AE, arna n-idirdhealú de réir cineálacha eisitheoirí, agus ba cheart anailís a dhéanamh inti ar inúsáidteacht na gcóras nochta is infheidhme faoin réamheolaire leantach AE, faoi na réamheolairí eisiúna fáis AE agus faoi na doiciméid chlárúcháin uilíocha. Ba cheart anailís a dhéanamh sa tuarascáil sin freisin ar an díolúine nua maidir le heisiúintí tánaisteacha urrús atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna. Thairis sin, ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin, bunaithe ar thuarascáil arna soláthar ag ÚEUM don Choimisiún, anailís an áirithítear cóineasú maoirseachta ar fud an Aontais le nósanna imeachta grinnscrúdaithe agus formheasa na n-údarás inniúil agus an bhfuil siad fós iomchuí i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú acu. Ar deireadh, ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin anailís ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhéidearthacht ag na Ballstáit nochtaí náisiúnta faoi bhun na tairsí díolúine ábhartha de EUR 12 000 000 nó EUR 5 000 000 a éileamh chun urrúis a thairiscint don phobal fabhrach chun ceanglais náisiúnta maidir le nochtadh a chóineasú agus an bhfuil na nochtaí náisiúnta sin ina mbacainn roimh urrúis a thairiscint don phobal sna Ballstáit sin.

(60)

Ba cheart don Choimisiún, i ndiaidh tréimhse ama iomchuí i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo, athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/1129 agus measúnú a dhéanamh go háirithe i dtaobh an iomchuí fós na forálacha maidir le hachoimre an réamheolaire, na córais nochta le haghaidh an réamheolaire Leantaigh AE, réamheolaire eisiúna Fáis AE agus an doiciméad clárúcháin uilíoch chun a gcuspóirí a bhaint amach. Is gá a leagan síos freisin gur cheart anailís a dhéanamh sa tuarascáil sin ar na sonraí, na treochtaí agus na costais ábhartha i ndáil leis an réamheolaire leantach AE agus an réamheolaire eisiúna Fáis AE. Go sonrach, ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil sin i dtaobh an mbaintear an chothromaíocht chuí amach leis na córais nua sin idir cosaint infheisteoirí agus laghdú an ualaigh riaracháin. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirtear dlús le hAontas na Margaí Caipitil, agus go léirítear leis réaltachtaí an mhargaidh a luaithe is féidir tar éis dóibh tarlú, ní mór an tréimhse iomchuí chun na hathbhreithnithe sin a dhéanamh ag an gCoimisiún a bheith níos giorra ná an tréimhse a bhí ann sular glacadh an Rialachán leasaitheach seo. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin i dtaobh an bhfuil tuilleadh comhchuibhithe ar na forálacha maidir le dliteanas réamheolaire ag teastáil agus, má tá, ba cheart dó breithniú a dhéanamh ar leasuithe a dhéanamh ar na forálacha dliteanais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1129.

(61)

Le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, bunaítear creat láidir chun sláine an mhargaidh agus muinín infheisteoirí a chaomhnú trí dhéileáil cos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus cúbláil margaidh a chosc. Cuirtear roinnt oibleagáidí maidir le nochtadh agus coimeád taifead ar eisitheoirí leis agus éilítear ar eisitheoirí leis faisnéis ón taobh istigh a nochtadh don phobal. 6 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, léiríodh le haiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara a bailíodh i gcomhthéacs na gcomhairliúchán poiblí agus na ngrúpaí saineolaithe go gcuireann roinnt gnéithe den Rialachán sin ualach mór ar eisitheoirí. Is gá, dá bhrí sin, soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar cheanglais dhíréireacha ar eisitheoirí agus tarraingteacht fhoriomlán mhargaí caipitil an Aontais a mhéadú, agus leibhéal iomchuí cosanta infheisteoirí agus sláine an mhargaidh á n-áirithiú.

(62)

Le hAirteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 cuirtear toirmeasc ar dhéileáil cos istigh, ar nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus ar chúbláil margaidh. Tá eisceacht in Airteagal 5 den Rialachán sin, áfach, maidir leis na toirmisc ar chláir aischeannaigh agus ar chobhsú. Ionas go mbainfidh clár aischeannaigh leas as an díolúine sin, tá oibleagáid ar eisitheoirí tuairisc a thabhairt d’údaráis inniúla uile na n-ionad trádála ar ligeadh na scaireanna isteach chun a dtrádála orthu nó a dtrádáiltear orthu ar gach idirbheart a bhaineann leis an gclár aischeannaigh, lena n-áirítear faisnéis a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ina theannta sin, tá oibleagáid ar eisitheoirí na trádálacha a nochtadh don phobal ina dhiaidh sin. Tá na hoibleagáidí sin an-anásta. Is gá, dá bhrí sin, an nós imeachta tuairiscithe a shimpliú trína cheangal ar eisitheoir faisnéis maidir le hidirbhearta cláir aischeannaigh a thuairisciú d’údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha, agus don údarás sin amháin, i gcomhthéacs leachtachta dá scaireanna. Is gá freisin an oibleagáid maidir le nochtadh a shimpliú trí chead a thabhairt d’eisitheoir gan faisnéis chomhiomlánaithe a nochtadh ach amháin lena léirítear an méid comhiomlánaithe agus an meánphraghas ualaithe in aghaidh an lae agus in aghaidh an ionaid trádála.

(63)

Tá coincheap na faisnéise ón taobh istigh a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 rótheoranta, áfach, toisc nach mbaineann sé ach le daoine atá freagrach as orduithe a fhorghníomhú a bhaineann le hionstraimí airgeadais, ach go hiarbhír, d’fhéadfadh sé go mbeadh daoine eile ar an eolas faoi ordú nó idirbheart atá le teacht. Dá bhrí sin, ba cheart an coincheap sin a leathnú chun cásanna a chumhdach freisin ina gcuirtear faisnéis ar aghaidh de bhua cuntas dílseánaigh nó ciste bainistithe a bhainistiú, agus go háirithe chun gach catagóir daoine a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas faoi ordú amach anseo a chuimsiú.

(64)

De réir Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, is é atá i gceist le sondáil margaidh faisnéis a chur in iúl d’infheisteoir ionchasach amháin nó níos mó, sula bhfógraítear an t-idirbheart, d’fhonn spéis infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha agus na coinníollacha a bhaineann leis a thomhas, amhail a mhéid nó a phraghsáil fhéideartha. Is cleachtas seanbhunaithe é sondáil margaidh a chuireann le margaí caipitil éifeachtúla. D’fhéadfadh sé, áfach, go gceanglófaí le sondáil margaidh faisnéis ón taobh istigh a nochtadh d’infheisteoirí ionchasacha agus go nochtfaí na páirtithe lena mbaineann do rioscaí dlíthiúla dá deasca. Ba cheart an sainmhíniú ar shondáil margaidh a bheith leathan chun freastal ar chineálacha éagsúla tíopeolaíochta na sondála agus na gcleachtas éagsúil ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh freisin leis an sainmhíniú ar shondáil margaidh faisnéis a chur in iúl nach dtagann aon fhógra sonrach faoi idirbheart ina dhiaidh, mar sa chás sin freisin, d’fhéadfaí faisnéis ón taobh istigh a nochtadh d’infheisteoirí ionchasacha agus ba cheart eisitheoirí a bheith ábalta tairbhe a bhaint as an gcosaint a thugtar le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

(65)

Foráiltear le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go measfar gur i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas duine a dhéantar faisnéis ón taobh istigh a nochtadh le linn sondáil margaidh agus, dá bhrí sin, ní hionann an nochtadh sin agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh, i gcás ina gcomhlíonann an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh na ceanglais riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 11(3) agus Airteagal 11(6), mar aon leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11(4) den Rialachán sin. Ionas go seachnófar an léirmhíniú lena gceanglófaí ar rannpháirtithe margaidh a dhéanann nochtadh agus sondáil margaidh á déanamh acu na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a chomhlíonadh, ba cheart a shonrú nach bhfuil sa chóras sondála margaidh agus sna ceanglais in Airteagal 11(4) ach rogha do rannpháirtithe margaidh a dhéanann an nochtadh agus gur cosaint ar líomhain maidir le nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh iad. Mar sin féin, cé nár cheart a thoimhdiú go bhfuil faisnéis ón taobh istigh nochta go neamhdhleathach ag rannpháirtithe margaidh a dhéanann an nochtadh agus nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus sondáil margaidh á déanamh acu, níor cheart do na rannpháirtithe margaidh sin a dhéanann an nochtadh a bheith ábalta leas a bhaint as an gcosaint a thugtar dóibh siúd a dhéanann na ceanglais sin a chomhlíonadh. Lena áirithiú gur féidir údaráis inniúla rian iniúchóireachta próisis a fháil lena bhféadfaí nochtadh faisnéise ón taobh istigh do thríú páirtithe a thabhairt le tuiscint, ba cheart a shonrú freisin go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(3) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 éigeantach do gach rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh, gan beann ar chomhlíonadh an nós imeachta roghnaigh in Airteagal 11(4) den Rialachán sin.

(66)

Is féidir leachtacht i scaireanna eisitheora a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí soláthair leachtachta, lena n-áirítear socruithe maidir le cruthú margaidh nó conarthaí leachtachta. Is é atá i gceist le socrú maidir le cruthú margaidh conradh idir an t-oibreoir margaidh agus tríú páirtí a gheallann go gcoinneoidh sé an leachtacht i scaireanna áirithe agus a bhaineann leas as lacáistí ar tháillí trádála i gcomaoin air sin. Tugtar conradh leachtachta ar chonradh idir eisitheoir agus tríú páirtí a gheallann go soláthróidh sé leachtacht i scaireanna an eisitheora, agus ar son an eisitheora. Le Rialachán (AE) 2019/2115, tugadh isteach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 an fhéidearthacht d’eisitheoirí ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis FBManna conradh leachtachta a dhéanamh le soláthraí leachtachta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Ceann de na coinníollacha sin is ea gur admhaigh an t-oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a oibríonn an margadh fáis FBManna i scríbhinn don eisitheoir go bhfuair sé cóip den chonradh leachtachta agus gur aontaigh sé le téarmaí agus coinníollacha an chonartha sin. Ní páirtí i gconradh leachtachta é oibreoir an mhargaidh fáis FBManna, áfach, agus bíonn castacht iomarcach mar thoradh ar an gceanglas gur aontaigh an t-oibreoir sin le téarmaí agus coinníollacha an chonartha leachtachta. Chun deireadh a chur leis an gcastacht sin agus chun forálacha leachtachta a chothú maidir leis na margaí fáis FBManna sin, is iomchuí deireadh a chur leis an gceanglas ar oibreoirí na margaí fáis FBManna aontú le téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí leachtachta.

(67)

Tá sé d’aidhm ag an toirmeasc ar dhéileáil cos istigh cosc a chur ar aon saothrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ba cheart é a chur i bhfeidhm a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil. Is é is aidhm don cheanglas, go príomha, faisnéis ón taobh istigh a nochtadh cur ar chumas infheisteoirí cinntí feasacha a dhéanamh. Nuair a nochtar faisnéis ag céim an-luath agus nuair is de chineál sealadach é, d’fhéadfaí infheisteoirí a chur amú leis, seachas cur le praghasmhúnlú éifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar neamhshiméadracht na faisnéise. Dá bhrí sin, i bpróiseas fadtréimhseach, níor cheart a chumhdach leis an oibleagáid maidir le nochtadh fógraí a bhaineann le rúin amháin, caibidlíocht leanúnach ná, ag brath ar na himthosca, dul chun cinn caibidlíochta, amhail cruinniú idir ionadaithe na gcuideachtaí. Ba cheart don eisitheoir faisnéis a nochtadh a bhaineann leis na himthosca nó an teagmhas ar leith amháin a bhfuil sé i gceist ag an bpróiseas fadtréimhseach a bhaint amach nó a tharlaíonn mar thoradh air (‘teagmhas deiridh’), a luaithe is féidir tar éis do na himthosca sin nó an teagmhas sin tarlú. Mar shampla, i gcás cumaisc, ba cheart nochtadh a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis don lucht bainistíochta cinneadh a dhéanamh an comhaontú cumaisc a shíniú, a luaithe a bheidh eilimintí lárnacha an chumaisc comhaontaithe. Go ginearálta, i gcás comhaontuithe conarthacha, ba cheart a mheas gur tharla an teagmhas deiridh nuair a comhaontaíodh bunchoinníollacha an chomhaontaithe sin. I gcás próisis nach próisis fhadtréimhseacha iad, a bhaineann le teagmhas aonuaire nó le sraith imthosca, go háirithe nuair nach mbraitheann tarlú an teagmhais nó na sraithe imthosca sin ar an eisitheoir, ba cheart an nochtadh a dhéanamh a luaithe a thiocfaidh an t-eisitheoir ar an eolas faoin teagmhas nó faoin tsraith imthosca sin.

(68)

Ní bhíonn sé simplí i gcónaí a shainaithint go díreach an uair a éiríonn sraith imthosca nó teagmhas críochnaitheach. Chun a chur ar chumas an eisitheora an tráth a bheidh gá leis an nochtadh faisnéise ón taobh istigh a shainaithint, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta nach bhfuil uileghabhálach d’imthosca deiridh nó de theagmhais deiridh i bpróisis fhadtréimhseacha a leagan amach, rud a spreagfadh an oibleagáid atá ann an fhaisnéis a nochtadh agus i gcás gach teagmhais nó imthoisce, an tráth a mheastar gur tharla an teagmhais nó imthoisc.

(69)

Ba cheart d’eisitheoirí rúndacht faisnéise a bhaineann le céimeanna idirmheánacha a áirithiú i gcás nár nochtadh fós na himthosca nó an teagmhas, a bhfuil sé beartaithe é a bhaint amach le próiseas fadtréimhseach nó a tharlaíonn mar thoradh air. Nuair a nochtar na himthosca nó an teagmhas sin, níor cheart ceangal a bheith ar an eisitheoir rúndacht na faisnéise a bhaineann le céimeanna idirmheánacha a chosaint a thuilleadh.

(70)

D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhféadfadh sé go mbeadh ar an eisitheoir nochtadh imthosca nó teagmhas ar leith a chur siar tar éis dóibh tarlú. Foráiltear le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go bhféadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh don phobal ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Níor cheart neamhnochtadh ó eisitheoir faisnéise ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach a bheith faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú don eisitheoir nó don rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí agus léirmhíniú comhsheasmhach ar na coinníollacha chun moill a chur ar an bhfaisnéis ón taobh istigh, ba cheart na coinníollacha sin a shoiléiriú trí thagairt dhíreach a dhéanamh do ráitis phoiblí roimhe sin nó do chineálacha eile cumarsáide ón eisitheoir nó ón rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí. Chun tuilleadh soiléirithe a chur ar fáil, ba cheart don Choimisiún a bheith cumhachtaithe chun gníomh tarmligthe a ghlacadh chun liosta nach bhfuil uileghabhálach a leagan amach de chásanna ina bhfuil sé i gceist ag an eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill a chur ar an bhfaisnéis ón taobh istigh agus go bhfuil an fhaisnéis sin i gcodarsnacht leis an bhfógra poiblí is déanaí nó aon chineál cumarsáide eile ón eisitheoir nó ón rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí faoin ábhar céanna dá dtagraíonn an fhaisnéis ón taobh istigh.

(71)

Le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirtear oibleagáid ar eisitheoirí agus ar aon duine a ghníomhaíonn thar a gceann nó ar a son liosta a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta de na daoine go léir a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh agus atá ag obair dóibh faoi chonradh fostaíochta, nó a dhéanann cúraimí ar shlí eile lena dtugtar rochtain dóibh ar fhaisnéis ón taobh istigh, lena n-áirítear comhairleoirí, cuntasóirí agus gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirtear teorainn leis an oibleagáid sin d’eisitheoirí ar ligeadh a gcuid ionstraimí isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, ionas nach mbeidh orthu ach na daoine sin a mbíonn rochtain thráthrialta ar fhaisnéis ón taobh istigh acu, mar gheall ar nádúr a bhfeidhme nó a bpoist laistigh den eisitheoir, a áireamh ar a gcuid liostaí de dhaoine ar an taobh istigh.

(72)

I roinnt Ballstát, meastar go bhfuil tábhacht ar leith le liostaí de dhaoine ar an taobh istigh chun ardleibhéal sláine margaidh a áirithiú. Ar an gcúis sin, le hAirteagal 18(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceadaítear do na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ar mhargaí fáis FBManna liostaí níos cuimsithí de dhaoine ar an taobh istigh a tharraingt suas ina gcuimsítear gach duine a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh, ar bhonn formáide maolaithe, áfach, lena n-éilítear níos lú faisnéise ina leith. Chun an t-ualach rialála iomarcach a sheachaint, agus an fhaisnéis fhíor-riachtanach á coinneáil ag na húdaráis inniúla chun sáruithe ar dhrochúsáid mhargaidh a imscrúdú, ba cheart an fhormáid mhaolaithe sin a úsáid le haghaidh gach liosta de dhaoine ar an taobh istigh.

(73)

Foráiltear le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le bearta coisctheacha i gcoinne drochúsáid mhargaidh agus, go sonrach, déileáil cos istigh, maidir le daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta agus daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo. Ar na bearta sin tá fógra a thabhairt maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais an eisitheora ábhartha agus tá an toirmeasc ar idirbhearta a dhéanamh sna hionstraimí sin le linn tréimhsí sainithe áirithe. Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 19(8) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nach mór do dhaoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta fógra a thabhairt don eisitheoir agus don údarás inniúil i gcás ina bhfuil idirbhearta ag na daoine ar mó iad ná an tairseach EUR 5 000 i mbliain féilire, chomh maith le haon idirbheart ina dhiaidh sin sa bhliain chéanna. Baineann na fógraí, a mhéid a bhaineann le heisitheoirí, le hidirbhearta a dhéanann daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo ar a gcuntas féin i ndáil le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora sin, nó le díorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo. Foráiltear in Airteagal 19(9) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go bhfuil na húdaráis inniúla in ann an tairseach a mhéadú go EUR 20 000.

(74)

Ionas go seachnófar ceanglas míchuí ar dhaoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta idirbhearta a thuairisciú, agus ar chuideachtaí idirbhearta a nochtadh, ar idirbhearta iad nach mbeadh fiúntach d’infheisteoirí, is iomchuí an tairseach le haghaidh tuairisciú agus nochtaí gaolmhara a ardú ó EUR 5 000 go EUR 20 000. An tráth céanna, ba cheart solúbthacht a thabhairt do na húdaráis inniúla chun an tairseach sin a mhéadú go EUR 50 000 nó chun í a ísliú go EUR 10 000, i gcás ina bhfuil údar cuí leis i bhfianaise dhálaí an mhargaidh náisiúnta.

(75)

Le hAirteagal 19(11) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirtear toirmeasc ar dhaoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta, le linn tréimhse 30 lá féilire roimh thuairisciú airgeadais an eisitheora (tréimhse dhúnta), scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora nó na díorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo a thrádáil, mura rud é go dtabharfaidh an t-eisitheoir a thoiliú agus go gcomhlíontar imthosca sonracha. Cuimsítear sa díolúine sin ón gceanglas an tréimhse dhúnta faoi láthair scaireanna fostaí nó scéimeanna coigiltis chomh maith le cáilíochtaí nó teidlíocht scaireanna. Chun comhsheasmhacht rialacha a chur chun cinn ar fud aicmí sócmhainní éagsúla, ba cheart an díolúine sin a leathnú chun a áireamh sna scéimeanna fostaithe díolmhaithe na scéimeanna sin a bhaineann le hionstraimí airgeadais nach scaireanna iad, agus chomh maith leis sin, chun cáilíocht nó teidlíocht ionstraimí nach scaireanna iad a chumhdach.

(76)

Maidir le hidirbhearta áirithe nó gníomhaíochtaí áirithe a dhéanann an duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta le linn na tréimhse dúnta, d’fhéadfadh baint a bheith acu le socruithe neamh-inchúlghairthe a dhéantar lasmuigh de thréimhse dhúnta. D’fhéadfadh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí sin a bheith mar thoradh ar shainordú lánroghnach bainistíochta sócmhainní arna fhorghníomhú ag tríú páirtí neamhspleách faoi shainordú lánroghnach bainistíochta sócmhainní. D’fhéadfadh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí sin a bheith mar thoradh ar ghníomhaíochtaí corparáideacha atá údaraithe go cuí nach dtugtar le fios leo go gcaitear go tairbheach leis an duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta. Thairis sin, d’fhéadfadh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí sin a bheith mar thoradh ar oidhreachtaí, bronntanais agus tabhartais a ghlacadh, nó ar fheidhmiú roghanna, todhchaíochtaí, nó díorthach eile a comhaontaíodh lasmuigh den tréimhse dhúnta. Ní bhaineann na gníomhaíochtaí agus na hidirbhearta sin, i bprionsabal, le cinntí infheistíochta gníomhacha arna ndéanamh ag na daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta. Dá dtoirmeascfaí idirbhearta nó gníomhaíochtaí dá leithéid le linn na tréimhse dúnta, chuirfí srian iomarcach le saoirse daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta, toisc nach bhfuil aon riosca ann go mbainfidh siad tairbhe as buntáiste faisnéiseach. Chun a áirithiú nach mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar thrádáil le linn na tréimhse dúnta ach maidir le hidirbhearta nó gníomhaíochtaí a bhraitheann ar ghníomhaíocht infheistíochta thoiliúil an duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta, níor cheart a chumhdach faoin toirmeasc sin idirbhearta nó gníomhaíochtaí a bhraitheann ar thosca seachtracha go heisiach nó nach mbaineann le cinntí gníomhacha infheistíochta ó na daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta.

(77)

Le comhtháthú na margaí atá ag méadú, méadaítear an riosca um dhrochúsáid mhargaidh trasteorann. Chun sláine an mhargaidh a chosaint, ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar le chéile go pras tráthúil, agus le ÚEUM freisin. Chun an comhar sin a neartú, ba cheart ÚEUM a bheith in ann gníomhú as tionscnamh údaráis inniúil amháin nó níos mó chun comhar na n-údarás inniúil a éascú agus an deis a bheith ann aon imscrúdú nó aon chigireacht lena bhfuil éifeacht trasteorann a chomhordú. Tá sé cruthaithe go bhfuil ardáin chomhair a bhunaigh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde úsáideach mar uirlis mhaoirseachta chun malartú faisnéise a neartú agus chun comhar idir údaráis a fheabhsú. Is iomchuí, dá bhrí sin, an deis a thabhairt isteach freisin gur féidir le ÚEUM na hardáin sin a bhunú agus a chomhordú i réimse na margaí urrús, as tionscnamh údaráis inniúil amháin nó níos mó, i gcás ina bhfuil imní ann faoi shláine an mhargaidh nó faoi fheidhmiú cuí margaí. I bhfianaise an chaidrimh láidir idir margaí airgeadais agus spotmhargaí, ba cheart ÚEUM a bheith in ann na hardáin sin a chur ar bun le comhlachtaí poiblí a dhéanann faireachán ar mhargaí mórdhíola tráchtearraí, as tionscnamh údaráis inniúil amháin nó níos mó, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), i gcás ina ndéanann ábhair imní den sórt sin difear do mhargaí airgeadais agus do spotmhargaí araon.

(78)

Tá sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar shonraí ordaithe chun faireachas a dhéanamh ar ghníomhaíocht an mhargaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, rochtain éasca a bheith ag údaráis inniúla ar na sonraí a bhfuil gá acu leo dá ngníomhaíocht mhaoirseachta. Baineann cuid de na sonraí sin le hionstraimí a thrádáiltear in ionad trádála atá lonnaithe i mBallstát eile. Chun éifeachtacht na maoirseachta a fheabhsú, ba cheart do na húdaráis inniúla sásra a bhunú chun sonraí ordaithe a mhalartú ar bhonn leanúnach. Chun a áirithiú go mbeidh raon feidhme an tsásra sin um shonraí ordaithe a mhalartú comhréireach lena úsáid, níor cheart an oibleagáid a bheith rannpháirteach sa sásra sin ach a bheith ar údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar mhargaí a bhfuil ardleibhéal gníomhaíochta trasteorann ag baint leo. Ba cheart do na Ballstáit sin a mbeadh spéis ag a n-údaráis inniúla ina bheith rannpháirteach sa sásra ar bhonn deonach na forálacha céanna a chomhlíonadh agus rannchuidiú le cistiú an tsásra. Tá a shaineolas léirithe ag ÚEUM maidir le moil malartaithe sonraí a bhunú, amhail malartú sonraí tuairiscithe idirbheart trí chur chun feidhme cruthaithe an tSásra um Malartú Tuairiscithe Idirbheart (TREM), nó tríd an bPointe Rochtana Aonair ar Shonraí Idirbhearta EMIR trí chur chun feidhme an Innill Tuairiscithe Trádála agus Comhlíontachta Trádála (TRACE). Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla rannpháirteacha a bheith in ann an sásra nua a bhunú chun sonraí ordaithe a mhalartú trí fhorbairt an tionscadail a tharmligean chuig ÚEUM.Ba cheart don Choimisiún liosta de na hionaid trádála a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo a chinneadh i ngníomhartha tarmligthe tríd an méid trádála ar an ionad trádála ar a laghad a chur san áireamh i gcás gach aicme ionstraimí airgeadais chomh maith leis an méid trádála ar an ionad trádála sin in ionstraimí airgeadais a bhfuil údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha ina leith éagsúil le húdarás inniúil an ionaid trádála. Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus gan moill a chur ar chur chun feidhme an tsásra, ba cheart na critéir chun ionaid trádála a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo a chinneadh a shocrú sa Rialachán seo agus tairseacha sonracha a shocrú le haghaidh scaireanna. Chun a áirithiú go leanfaidh na critéir de bheith inoibrithe agus solúbtha go leor chun forbairtí na margaí airgeadais agus an gá atá le maoirseacht éifeachtach a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún an liosta d’ionaid trádála ainmnithe a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta le himeacht ama trí bhíthin gníomh tarmligthe, agus comhréireacht á háirithiú ag an am céanna, agus a iarraidh ar ÚEUM tuairim a thabhairt. Ina theannta sin, níor cheart baint a bheith ag an sásra um malartú sonraí ordaithe ach le scaireanna ar dtús, sula mbainfidh sé le bannaí agus todhchaíochtaí chomh maith, agus ábharthacht na n-ionstraimí airgeadais sin á cur san áireamh i gcomhthéacs trádáil trasteorann agus cúbláil margaidh araon. Mar sin féin, chun a áirithiú go léiríonn sásra mar sin um shonraí ordaithe a mhalartú forbairtí sna margaí airgeadais mar aon le cumas na n-údarás inniúil sonraí nua a phróiseáil, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún chun raon feidhme na n-ionstraimí a leathnú tuilleadh ar féidir a sonraí ordaithe a mhalartú tríd an sásra sin agus chun cuimsiú bannaí agus todhchaíochtaí a chur ar athló, seans, agus anailís ÚEUM ar imscaradh na meicníochta á cur san áireamh, go háirithe ó thaobh costas de.

(79)

Chun feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar orduithe trí fhorbairtí teicneolaíochta agus chun sláine an mhargaidh a threisiú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann rochtain a fháil ar shonraí ordaithe, ní hamháin ar iarratas ad hoc, ach ar bhonn leanúnach freisin. Thairis sin, chun próiseáil sonraí ordaithe ag údaráis inniúla náisiúnta a éascú, is gá formáid sonraí den sórt sin a chomhchuibhiú.

(80)

Is toisc thábhachtach é an riosca go sárófaí na ceanglais maidir le nochtadh ar bhealach neamhaireach faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus na smachtbhannaí riaracháin lena mbaineann lena ndíspreagtar cuideachtaí ligean chun trádála a iarraidh. Chun ualach iomarcach ar chuideachtaí, go háirithe FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, a sheachaint, ba cheart méid deiridh na smachtbhannaí i leith sáruithe arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha i ndáil le ceanglais maidir le nochtadh a bheith comhréireach le méid na cuideachta. Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, Airteagal 30(2), pointí (j)(iii) agus (iv), íosmhéid d’uasmhéid na smachtbhannaí is féidir le húdarás inniúil náisiúnta a fhorchur i sárú a bhaineann leis an gcóras nochta. Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart na méideanna sin a chinneadh, mar riail ghinearálta, bunaithe ar láimhdeachas bliantúil iomlán na cuideachta. Mar sin féin, i gcás ina mbeadh méid deiridh an smachtbhanna a fhorchuirfear díréireach íseal i bhfianaise na n-imthosca a leagtar amach in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 tríd an uasmhéid a leagtar amach sa dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm bunaithe ar an láimhdeachas bliantúil iomlán, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta méid deiridh na smachtbhannaí a mhéadú, tríd an uasmhéid a bhunaítear sa dlí náisiúnta a chur san áireamh, mar a shloinntear i ndearbhmhéideanna. Sna cásanna sin, is iomchuí freisin cead a thabhairt do gach Ballstát ina dhlí náisiúnta leibhéal uasta smachtbhannaí níos ísle a chur i bhfeidhm le haghaidh FBManna, mar a léirítear i ndearbhmhéideanna, mar bhealach chun a áirithiú go gcaithfear leo go comhréireach. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag Ballstát an leibhéal uasta céanna a bhunú ina dhlí náisiúnta agus a shloinntear i ndearbhmhéideanna i gcás gach cineáil eisitheora.

(81)

Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil ag na húdaráis inniúla faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ba cheart dóibh Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (17). Maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ÚEUM faoi chuimsiú an Rialacháin sin, ba cheart do ÚEUM Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (18). Go sonrach, ba cheart do ÚEUM agus údaráis náisiúnta inniúla sonraí pearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch sin dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil

(82)

Chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, i gcomhréir lena chuspóirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hinneachar agus formáid chaighdeánaithe a shonrú chomh maith le hord caighdeánaithe an réamheolaire, an réamheolaire bunaidh agus na dtéarmaí críochnaitheacha, ina sonraítear an fhaisnéis íosta atá le háireamh sa doiciméad clárúcháin uilíoch, ina sonraítear ábhar laghdaithe agus formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe réamheolaire leantach AE agus réamheolaire eisiúna Fáis AE, cóineasú maoirseachta a chothú trí na critéir ghrinnscrúdaithe agus na nósanna imeachta maidir le formheas an réamheolaire ag údaráis inniúla a shonrú tuilleadh, critéir ghinearálta coibhéise a shonrú a thuilleadh maidir le réamheolairí arna dtarraingt suas ag eisitheoirí tríú tír, lena gcinntear inneachar íosta na socruithe comhair idir údaráis inniúla nó, i gcás ina n-iarrann ceann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, ÚEUM agus údaráis mhaoirseachta tríú tír é, de bhun Rialachán (AE) 2017/1129, chomh maith le liosta nach bhfuil uileghabhálach d’imeachtaí deiridh a leagan amach agus a athbhreithniú i bpróisis agus i gcásanna fadtréimhseacha nár cheart an nochtadh a mhoilliú, liosta na n-ionstraimí airgeadais a leathnú chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil sonraí ordaithe a fháil, liosta d’ionaid trádála ainmnithe a bhfuil gné shuntasach trasteorann i scaireanna acu a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (19). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(83)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme, arna bhforbairt ag ÚEUM, a ghlacadh, maidir leis an gclómhéid, agus na ceanglais stíle a shonrú, ag brath ar an gcineál réamheolaire agus ar chineál na n-infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu; teimpléad agus leagan amach na n-achoimrí ar réamheolairí, lena n-áirítear na ceanglais maidir le clómhéid agus stíl; formáid laghdaithe na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh; na socruithe iomchuí a cheanglaítear leis an sásra chun sonraí ordaithe a mhalartú; agus na socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí d’ionaid trádála chun sásra a bhunú chun sonraí den sórt sin a mhalartú go leanúnach agus go tráthúil, lena n-áirítear formáid agus spriocdhátaí do sholáthar na sonraí arna n-iarraidh ag údarás inniúil. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(84)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, toisc go n-éilítear leis na bearta a tugadh isteach comhchuibhiú iomlán ar fud an Aontais agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(85)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) 2017/1129 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 3;

(b)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(da)

tairiscint urrús atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna agus atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

is lú na hurrúis, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon urrús a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh céanna;

(ii)

níl eisitheoir na n-urrús faoi réir athstruchtúrú ná imeachtaí dócmhainneachta;

(iii)

comhdaítear doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, i bhformáid leictreonach, le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus cuirtear ar fáil don phobal é i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2) an tráth céanna a chomhdaítear é leis an údarás inniúil sin;

(db)

tairiscint urrús atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBM go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad roimh thairiscint na n-urrús nua, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

ní eisítear na hurrúis a thairgtear don phobal i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumaisc nó deighilte;

(ii)

níl eisitheoir na n-urrús faoi réir athstruchtúrú ná imeachtaí dócmhainneachta;

(iii)

comhdaítear doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, i bhformáid leictreonach, le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus cuirtear ar fáil don phobal é i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2) an tráth céanna a chomhdaítear é leis an údarás inniúil sin.’

;

(ii)

i bpointe (j), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘urrúis neamhchothromais arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa ar bhealach leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a thairgtear ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, ar choinníoll:’

;

(iii)

scriostar pointe (l);

(iv)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas léi:

‘Beidh uasfhad 11 taobh de leathanaigh de pháipéar A4 sa doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (da)(iii) agus pointe (db)(iii), nuair a phriontálfar é, agus leagfar amach é ar bhealach atá éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair de mhéid inléite agus dréachtófar é i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi.

Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (j), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, nó de bhun Airteagal 3(2) nó de bhun Airteagal 3(2a).’

;

(c)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

urrúis atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, ar choinníoll gur lú iad, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon urrús a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna;

(b)

scaireanna atá mar thoradh ar chomhshó nó malartú urrús eile nó ar fheidhmiú na gceart a thugtar le hurrúis eile, i gcás ina bhfuil na scaireanna sin den aicme chéanna leis na scaireanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, ar choinníoll gur lú na scaireanna sin, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna, faoi réir an dara fomhír den mhír seo;

(ba)

urrúis atá idirmhalartaithe le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte go leanúnach ar feadh 18 mí roimhe sin ar a laghad roimh ligean isteach na n-urrús nua chun a dtrádála, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

ní eisítear na hurrúis atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i gcás táthcheangail trí bhíthin tairiscint malartaithe, cumaisc nó deighilte;

(ii)

níl eisitheoir na n-urrús faoi réir athstruchtúrú ná imeachtaí dócmhainneachta;

(iii)

comhdaítear doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IX, i bhformáid leictreonach, le húdarás inniúil an Bhallstáit baile agus cuirtear ar fáil don phobal é i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2) an tráth céanna a chomhdaítear é leis an údarás inniúil sin;’

;

(2)

i bpointe (i), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘urrúis neamhchothromais arna n-eisiúint ag institiúid chreidmheasa ar bhealach leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a thairgtear ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, ar choinníoll:’

;

(3)

scriostar pointí (j) agus (k);

(ii)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Maidir leis an gceanglas gur lú na scaireanna a thiocfaidh as sin, thar thréimhse 12 mhí, ná 30 % den líon scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialáilte céanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), ní bheidh feidhm aige maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas:’

;

(iii)

cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis:

‘Beidh uasfhad 11 taobh de leathanaigh A4 sa doiciméad dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (ba)(iii), nuair a phriontálfar é, agus leagfar amach ar bhealach atá éasca le léamh é, ag baint úsáid as carachtair de mhéid inléite agus dréachtófar é i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi.

Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (i), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Maidir leis na díolúintí ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú, ar díolúintí iad a leagtar amach i míreanna 4 agus 5, féadfar iad a chomhcheangal. Mar sin féin, ní dhéanfar na díolúintí i mír 5, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a chomhcheangal i gcás ina bhféadfadh, mar thoradh ar an gcomhcheangal sin, ligean isteach láithreach nó ligean isteach iarchurtha chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a bheith ann thar thréimhse 12 mhí maidir le breis agus 30 % den líon scaireanna den aicme chéanna a ligeadh isteach cheana chun a dtrádála ar an margadh rialaithe céanna, gan réamheolaire a fhoilsiú.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(da)

ciallaíonn “athstruchtúrú” athstruchtúrú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(db)

ciallaíonn “imeachtaí dócmhainneachta” imeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(*1)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18)."

(*2)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú) (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).’ "

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (r):

‘(r)

ciallaíonn “formheas” toradh dearfach an ghrinnscrúdaithe arna dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit baile ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar shothuigtheacht na faisnéise atá sa réamheolaire, ach ní bhaineann sé le cruinneas na faisnéise sin;’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (z):

‘(z)

ciallaíonn “formáid leictreonach” formáid leictreonach mar a shainmhínítear í in Airteagal 4(1), pointe (62a), de Threoir 2014/65/AE.’

;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus do mhíreanna 2 agus 2a den Airteagal seo, ní thairgfear urrúis don phobal san Aontas ach tar éis réamhfhoilsiú réamheolaire i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Gan dochar d’Airteagal 4, díolmhófar tairiscintí urrús don phobal ón oibleagáid réamheolaire a leagtar amach i mír 1 a fhoilsiú ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil tairiscintí den sórt sin faoi réir fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 25;

(b)

gur lú ná EUR 12 000 000 in aghaidh an eisitheora nó an tairgeora an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a tairgeadh, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí.

2a.   De mhaolú ar mhír 2, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit tairiscintí urrús don phobal a dhíolmhú ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú a leagtar amach i mír 1 ar choinníoll gur lú ná EUR 5 000 000 an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús a thairgtear in aghaidh an eisitheora nó an tairgeora arna ríomh in imeacht tréimhse 12 mhí.

2b.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEUM i gcás ina gcinnfidh siad an tairseach díolúine EUR 5 000 000 a leagtar síos i mír 2a a ghlacadh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra freisin don Choimisiún agus do ÚEUM i gcás ina gcinnfidh siad ina dhiaidh sin an tairseach díolúine EUR 12 000 000 dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a ghlacadh ina ionad sin.

2c.   Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal, dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), agus i mír 2a, comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun Airteagal 1(4), an chéad fhomhír. Thairis sin, áireofar i gcomaoin chomhiomlánaithe iomlán na n-urrús a thairgtear don phobal gach cineál agus gach aicme urrús a thairgtear.

2d.   I gcás ina ndíolmhaítear tairiscint urrús don phobal ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun mhír 2, pointe (b), nó mhír 2a, féadfaidh Ballstát a cheangal ar an eisitheoir doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(3) go (10) agus (12), nó doiciméad ina bhfuil ceanglais faisnéise ar an leibhéal náisiúnta, a chomhdú agus a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 21(2), ar choinníoll go bhfuil méid agus leibhéal faisnéise den sórt sin coibhéiseach leis an bhfhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 7(4) go (10) agus (12) nó níos ísle ná í.’

;

(4)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina ndíolmhaítear tairiscint urrús don phobal nó tairiscint urrús a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 1(4) nó (5), nó le hAirteagal 3(2) nó (2a), beidh eisitheoir, tairgeoir nó duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é i dteideal réamheolaire a tharraingt suas go deonach i gcomhréir leis an Rialachán seo.’

;

(5)

in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Maidir le haon athdhíol urrús ina dhiaidh sin a bhí faoi réir ceann amháin nó níos mó de na cineálacha tairisceana urrús don phobal a liostaítear in Airteagal 1(4), pointí (a) go (db), measfar gur tairiscint ar leithligh é agus beidh feidhm ag an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (d), chun a chinneadh an tairiscint urrús don phobal é an t-athdhíol sin. Beidh láithriú urrús trí idirghabhálaithe airgeadais faoi réir réamheolaire a fhoilsiú mura bhfuil feidhm ag ceann de na díolúintí a liostaítear in Airteagal 1(4), pointí (a) go (db), maidir leis an láithriú deiridh.’

;

(6)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Gan dochar d’Airteagal 14a(2), d’Airteagal 15a(2) agus d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire an fhaisnéis is gá atá ábhartha d’infheisteoir chun measúnú feasach a dhéanamh ar an méid seo a leanas:’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh an réamheolaire i bhformáid chaighdeánaithe agus déanfar an fhaisnéis a nochtfar i réamheolaire a chur i láthair in ord caighdeánaithe, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1). Scríobhfar agus cuirfear i láthair an fhaisnéis i réamheolaire i bhfoirm sho-inanailísithe, ghonta agus shothuigthe, agus cuirfear san áireamh inti na tosca a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, den Airteagal seo.;

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar mhíreanna 4 agus 5 agus ar na ceanglais a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, féadfar faisnéis a áirítear i ndoiciméad clárúcháin uilíoch a áireamh gan féachaint don fhormáid chaighdeánaithe, don seicheamh caighdeánaithe, don fhad uasta, don teimpléad agus don leagan amach lena n-áirítear na ceanglais maidir le clómhéid agus stíl.’

;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘4.   Maidir le réamheolaire a bhaineann le scaireanna, beidh uasfhad 300 taobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte agus déanfar é a chur i láthair agus a leagan amach sa dóigh is go mbeidh sé éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méide de.

5.   Ní chuirfear san áireamh an achoimre, an fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i gcomhréir le hAirteagal 19 nó an fhaisnéis bhreise atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta ag an eisitheoir, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (*3), nó an fhaisnéis atá le soláthar i gcás ollathrú suntasach, mar a shainmhínítear an méid sin in Airteagal 1, pointe (e), den Rialachán Tarmligthe sin, san uasfhad dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

6.   De mhaolú ar mhír 2, an chéad fhomhír, agus ar mhíreanna 4 agus 5, i gcás ina bhfuil urrúis le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus ina dtairgtear iad d’infheisteoirí i dtríú tír nó ina láithrítear iad go príobháideach le hinfheisteoirí i dtríú tír ina n-ullmhaítear doiciméad tairisceana faoin dlí, faoin riail nó faoi chleachtas an mhargaidh, ní bheidh feidhm ag ceanglais i leith na formáide caighdeánaithe, an oird chaighdeánaithe, an uasfhaid, an teimpléid agus leagan amach na réamheolairí, lena n-áirítear na ceanglais maidir le clómhéid agus stíl, maidir leis an réamheolaire chun na hurrúis sin a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

7.   Forbróidh ÚEUM treoirlínte maidir le sothuigtheacht agus maidir le teanga shimplí a úsáid i réamheolairí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a thugtar iontu gonta, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir ag brath ar an gcineál réamheolaire agus ar an gcineál infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu.

8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad agus leagan amach na réamheolairí a shonrú, lena n-áirítear an chlómhéid agus na ceanglais stíle, ag brath ar an gcineál réamheolaire agus ar chineál na n-infheisteoirí a bhfuiltear ag díriú orthu.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Nollaig 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(*3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, ábhar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).’;"

(7)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

‘Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfar faisnéis a chur i láthair nó a achoimriú i bhfoirm cairteacha, graf nó táblaí.’

;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Beidh na ceithre roinn seo a leanas san achoimre san ord seo a leanas:’

;

(c)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), san ord seo a leanas:’

;

(ii)

leasaítear an dara mír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Beidh na rabhaidh seo a leanas inti san ord seo a leanas:’

;

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(g)

i gcás inarb infheidhme, fógra gur shainaithin an chuideachta saincheisteanna comhshaoil mar thosca riosca ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 16.’

;

(d)

leasaítear mír 6 mar a leanas,

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (b):’

;

(ii)

i bpointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(vi)

i gcás ina bhfuil eisitheoir urrús cothromais faoi réir Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), ráiteas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil baint ag gníomhaíochtaí an eisitheora le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 den Rialachán sin.

(*4)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).’;"

(e)

leasaítear mír 7 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (c):’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

‘I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), san achoimre, cuirfear síneadh leis an uasfhad a leagtar amach i mír 3 le taobh breise amháin de pháipéar A4 in aghaidh an ráthóra, ar choinníoll go bhfuil na taobhanna breise de pháipéar A4 tiomnaithe don tuairisc ar na ráthóirí.’

;

(f)

i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘Beidh an fhaisnéis seo a leanas san ord seo a leanas sa roinn dá dtagraítear i mír 4, pointe (d):’

;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12a:

‘12a.   De mhaolú ar mhíreanna 3 go 12 den Airteagal seo, beidh achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir leis an mír seo i réamheolaire leantach AE arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 14a, nó i réamheolaire eisiúna fáis AE arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 15a.

Déanfar achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad gairid a scríobhfar ar bhealach gonta agus a mbeidh uasfhad seacht dtaobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte.

Ní bheidh crostagairtí san achoimre ar réamheolaire leantach AE ná ar réamheolaire eisiúna fáis AE chuig codanna eile den réamheolaire ná ní bheidh faisnéis corpraithe inti trí thagairt agus comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh sí curtha i láthair agus leagtha amach ar bhealach soléite, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méid de;

(b)

beidh sí scríofa i dteanga a bheidh soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus intuigthe d’infheisteoirí agus i stíl a éascóidh an tuiscint ar an bhfaisnéis;

(c)

beidh na ranna seo a leanas inti san ord seo a leanas:

(i)

réamhrá, ina bhfuil an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear rabhaidh agus dáta formheasta an réamheolaire leantaigh AE nó an réamheolaire eisiúna fáis AE;

(ii)

faisnéis bhunriachtanach faoin eisitheoir;

(iii)

faisnéis bhunriachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainneacha ar na cearta sin;

(iv)

faisnéis bhunriachtanach faoin tairiscint urrús don phobal nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, nó faoin dá rud;

(v)

i gcás ina bhfuil ráthaíocht ag gabháil leis na hurrúis, faisnéis bhunriachtanach faoin ráthóir agus faoi chineál agus raon feidhme na ráthaíochta.

Gan dochar don tríú fomhír, pointí (a) agus go (b), féadfar faisnéis a chur i láthair nó a achoimriú in achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna Fáis AE i bhfoirm cairteacha, graf nó táblaí.

"I gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (c)(v), san achoimre ar réamheolaire leantach AE nó ar réamheolaire eisiúna fáis AE, déanfar an t-uasfhad dá dtagraítear sa dara fomhír a leathnú le taobh breise amháin de leathanaigh A4 in aghaidh an ráthóra, ar choinníoll go mbeidh na taobhanna breise de leathanaigh A4 tiomnaithe do thuairiscí ar na ráthóirí.’

;

(h)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘14.   ‘Forbróidh ÚEUM treoirlínte maidir le sothuigtheacht agus maidir le teanga shimplí a úsáid in achoimrí chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear iontu gonta, soiléir agus soláimhsithe don úsáideoir.

15.   Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad agus leagan amach na n-achoimrí a shonrú, lena n-áirítear na ceanglais chlómhéide agus stíle.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Nollaig 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(8)

in Airteagal 9(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Tar éis don údarás inniúil doiciméad clárúcháin uilíoch an eisitheora a fhormheas le haghaidh bliain airgeadais amháin, féadfar doiciméid clárúcháin uilíocha ina dhiaidh sin a chomhdú leis an údarás inniúil gan formheas a fháil roimh ré.’

;

(9)

in Airteagal 11(2), an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

‘Áiritheoidh na Ballstáit, áfach, nach mbeidh aon dliteanas sibhialta ar aon duine ar bhonn na hachoimre de bhun Airteagal 7 agus ar an mbonn sin amháin, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, mura rud é gur fíor an méid a leanas:’

;

(10)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Faoin 5 Meitheamh 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le formáid chaighdeánaithe agus ord caighdeánaithe an réamheolaire, an réamheolaire bunaidh agus na téarmaí críochnaitheacha, agus na sceidil lena sainítear an fhaisnéis shonrach atá le cur san áireamh i réamheolaire, lena n-áirítear LEInna agus ISINanna, lena seachnófar dúbailt faisnéise nuair a bhíonn réamheolaire comhdhéanta de dhoiciméid ar leithligh.’

;

(ii)

sa dara fomhír, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(f)

an bhfuil sé de cheangal ar eisitheoir na n-urrús cothromais tuairisciú inbhuanaitheachta a sholáthar, mar aon leis an tuairim dearbhaithe lena mbaineann, i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE agus Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(g)

an ndéantar urrúis neamhchothromais a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a fhógairt mar thosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais (ESG) nó a thugann faoi chuspóirí ESG a chur san áireamh.

(*5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).’;"

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.   Chun críocha mhír 1, an dara fomhír, pointe (g), agus sceidil éagsúla na réamheolairí á leagan amach, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

corprófar trí thagairt sa réamheolaire le haghaidh Banna Glas Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) an fhaisnéis ábhartha atá sa bhileog eolais maidir le Bannaí Glasa Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin;

(b)

sa réamheolaire le haghaidh banna a mhargaítear mar bhanna comhshaoil inbhuanaithe nó le haghaidh banna atá nasctha le hinbhuanaitheacht, dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (c), den Rialachán sin, áireofar nochtaí roghnacha a leagtar amach sa Rialachán sin, ar choinníoll gur roghnaigh an t-eisitheoir na nochtaí roghnacha sin.

(*6)  Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj)’;"

(c)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Glacfaidh an Coimisiún, faoin 5 Meitheamh 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an sceideal a leagan amach lena sonraítear an t-íosmhéid faisnéise a bheidh le cur sa doiciméad clárúcháin uilíoch.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Comhlíonfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo.’

;

(11)

scriostar Airteagal 14;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14a:

‘Airteagal 14a

Réamheolaire leantach AE

1.   Féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire leantach AE a tharraingt suas i gcás tairiscint urrús don phobal nó i gcás ligean isteach urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

eisitheoirí a bhfuil a gcuid urrús ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sula dtairgtear na hurrúis nua don phobal nó sula ligtear na hurrúis nua isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(b)

eisitheoirí a bhfuil a gcuid urrús ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sula dtairgtear na hurrúis nua don phobal;

(c)

eisitheoirí a iarrann ligean isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ar urrúis iad atá idirmhalartach le hurrúis a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sular ligeadh isteach na hurrúis chun a dtrádála;

(d)

tairgeoirí urrús a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad sula dtairgtear urrúis don phobal.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, eisitheoir nach bhfuil aige ach urrúis neamhchothromais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna, ní cheadófar dó réamheolaire leantach AE a tharraingt suas chun urrúis chothromais a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(1), agus gan dochar d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire leantach AE an fhaisnéis ar fad a theastaíonn ó infheisteoirí chun an méid seo a leanas a thuiscint:

(a)

ionchais agus feidhmíocht airgeadais an eisitheora agus na hathruithe suntasacha ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora a tharla ó dheireadh na bliana airgeadais seo caite, más ann dóibh;

(b)

an fhaisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainn ar na cearta sin;

(c)

na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir, lena n-áirítear ar struchtúr foriomlán caipitil an eisitheora, agus an úsáid a bhaintear as na fáltais.

3.   Déanfar an fhaisnéis i réamheolaire leantach AE a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm sho-inanailísithe, ghonta agus intuigthe agus lena gcuirfear ar chumas infheisteoirí cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh, agus an fhaisnéis rialáilte a nochtadh don phobal cheana de bhun Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún á cur san áireamh (*7).

4.   Sa réamheolaire leantach AE beidh an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó V, ag brath ar na cineálacha urrús.

Is mar dhoiciméad aonair a tharraingeofar réamheolaire leantach AE ina mbeidh an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Féadfar réamheolaire leantach AE, ina bhfuil an fhaisnéis íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn V, a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair nó mar dhoiciméid ar leithligh.

5.   Maidir le réamheolaire leantach AE a bhaineann le scaireanna, beidh uasfhad 50 taobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte agus déanfar é a chur i láthair agus a leagan amach sa chaoi is go mbeidh sé éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méide de.

6.   Ní chuirfear san áireamh an achoimre, an fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo nó an fhaisnéis bhreise atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta ag an eisitheoir, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, nó an fhaisnéis atá le soláthar i gcás ollathrú suntasach, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (e), den Rialachán Tarmligthe sin, san uasfhad dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

7.   Beidh réamheolaire leantach AE ina dhoiciméad i bhformáid chaighdeánaithe agus cuirfear an fhaisnéis a nochtfar i réamheolaire leantach AE i láthair in ord caighdeánaithe bunaithe ar ord an nochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV nó V, ag brath ar na cineálacha urrús.

8.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 5 Márta 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar laghdaithe, agus formáid chaighdeánaithe agus seicheamh an réamheolaire leantaigh AE, a shonrú.

Beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar Iarscríbhinní IV agus V.

(*7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).’;"

(13)

scriostar Airteagal 15;

(14)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 15a

Réamheolaire eisiúna fáis AE

1.   Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus d’Airteagal 3(2) agus (2a), féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas i gcás ina dtairgfear urrúis don phobal, ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis iontu a ligeadh isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

FBManna;

(b)

eisitheoirí, seachas FBManna, a ligtear isteach a gcuid urrús, nó a ligfear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBManna;

(c)

eisitheoirí, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), i gcás ina bhfuil an chomaoin chomhiomlánaithe iomlán san Aontas i leith na n-urrús arna dtairiscint don phobal níos lú ná EUR 50 000 000 arna ríomh thar thréimhse 12 mhí, agus ar choinníoll nach bhfuil aon urrúis arna dtrádáil ar MTF ag eisitheoirí den sórt sin agus go raibh meánlíon fostaithe suas le 499 acu le linn na bliana airgeadais roimhe sin;

(d)

tairgeoirí urrúis arna n-eisiúint ag eisitheoirí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

Cuirfear san áireamh sa chomaoin chomhiomlánaithe iomlán le haghaidh na n-urrús a thairgtear don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), comaoin chomhiomlánaithe iomlán na dtairiscintí urrús uile don phobal atá ar siúl agus na tairiscintí don phobal a rinneadh sa 12 mhí roimh dháta tosaithe tairisceana nua urrús don phobal, cé is moite de na tairiscintí urrús sin don phobal dár foilsíodh réamheolaire nó a bhí faoi réir aon díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú de bhun Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, nó de bhun Airteagal 3(2) nó (2a). Thairis sin, áireofar i gcomaoin chomhiomlánaithe iomlán na n-urrús a thairgtear don phobal gach cineál agus gach aicme urrús a thairgtear.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus gan dochar d’Airteagal 18(1), cuimseofar i réamheolaire eisiúna fáis AE an fhaisnéis ábhartha laghdaithe agus chomhréireach is gá chun go dtuigfidh infheisteoirí an méid seo a leanas:

(a)

ionchais agus feidhmíocht airgeadais an eisitheora agus na hathruithe nach beag ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora ó dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin, más ann dóibh, chomh maith lena straitéis fáis;

(b)

an fhaisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na hurrúis sin agus aon teorainn ar na cearta sin;

(c)

na cúiseanna atá leis an eisiúint agus an tionchar a bheidh aige ar an eisitheoir, lena n-áirítear ar struchtúr foriomlán caipitil an eisitheora, agus an úsáid a bhaintear as na fáltais.

3.   Déanfar an fhaisnéis atá sa réamheolaire eisiúna fáis AE a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm sho-inanailísithe, ghonta agus shothuigthe agus cabhróidh sí le hinfheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola, cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh.

4.   Déanfar an réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas mar dhoiciméad aonair ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII nó VIII, ag brath ar na cineálacha urrús.

5.   Maidir le réamheolaire eisiúna fáis AE a bhaineann le scaireanna, beidh uasfhad 75 thaobh de pháipéar A4 ann nuair a bheidh sé priontáilte agus déanfar é a chur i láthair agus a leagan amach sa dóigh is go mbeidh sé éasca le léamh, ag baint úsáid as carachtair atá inléite ó thaobh méide de.

6.   Ní chuirfear san áireamh an achoimre, an fhaisnéis a chorpraítear trí thagairt i gcomhréir le hAirteagal 19 ná an fhaisnéis bhreise atá le soláthar i gcás ina bhfuil stair chasta airgeadais ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil gealltanas suntasach airgeadais déanta ag an eisitheoir, dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980, nó an fhaisnéis atá le soláthar i gcás ollathrú suntasach, mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (e), den Rialachán Tarmligthe sin, san uasfhad dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

7.   Beidh an réamheolaire eisiúna fáis AE ina dhoiciméad i bhformáid chaighdeánaithe agus cuirfear an fhaisnéis a nochtfar i réamheolaire eisiúna fáis AE i láthair in ord caighdeánaithe bunaithe ar ord an nochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII nó in Iarscríbhinn VIII, ag brath ar na cineálacha urrús.

8.   Glacfaidh an Coimisiún, faoin 5 Márta 2026, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar laghdaithe, agus formáid chaighdeánaithe agus seicheamh an réamheolaire eisiúna Fáis AE, a shonrú.

Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar Iarscríbhinn VII agus ar Iarscríbhinn VIII.’

;

(15)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní luafar sa réamheolaire ach na toscariosca sin a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus leis na hurrúis agus atá ábhartha maidir le cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh, de réir mar a thagann sé le hinneachar an réamheolaire.

Ní chuimseofar tosca riosca cineálacha i réamheolaire, tosca nach bhfeidhmíonn ach mar shéanadh, nó nach dtugtar léargas sách soiléir leo ar na tosca sonracha riosca ar cheart d’infheisteoirí a bheith ar an eolas fúthu.

Agus an réamheolaire á tharraingt suas ag an eisitheoir, an tairgeoir nó na daoine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, déanfaidh sé ábharthacht na dtosca riosca a mheasúnú ar bhonn dhóchúlacht a dtarlaithe agus mhéid a dtionchair diúltaigh.

Déanfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte tuairisc leordhóthanach a thabhairt ar gach toisc riosca, agus míneoidh sé conas a dhéantar difear leis an toisc riosca sin don eisitheoir, nó conas a dhéantar difear léi do na hurrúis atá á dtairiscint nó atá le ligean isteach chun a dtrádála. Féadfaidh eisitheoirí, tairgeoirí nó daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála iad ar mhargadh rialáilte an measúnú ar ábharthacht na dtosca riosca dá dtagraítear sa tríú fomhír a nochtadh freisin trí úsáid a bhaint as scála cáilíochtúil íseal, meánach nó ard, dá rogha féin.

Cuirfear na tosca riosca láthair i líon teoranta catagóirí, ag brath ar a gcineál. I ngach catagóir, liostófar, ar bhealach atá comhréireach leis an measúnú dá bhforáiltear sa tríú fomhír, na tosca riosca is ábhartha.’

;

(16)

in Airteagal 17(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

féadfar glacadh cheannach nó suibscríbhinn na n-urrús a tharraingt siar go ceann 3 lá oibre ar a mhéad nuair a bheidh praghas na tairisceana deiridh agus líon na n-urrús a thairgtear don phobal comhdaithe; nó’

;

(17)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

i mír 1, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘1.   Aon fhaisnéis a chuimseofar i réamheolaire de bhun an Rialacháin seo agus de bhun na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo, féadfar í a chorprú trí thagairt sa réamheolaire sin i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, arna tarraingt suas i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagalo27 agus i gcás ina bhfuil sí cuimsithe i gceann de na doiciméid seo a leanas:’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

doiciméid arna bhformheas ag údarás inniúil nó arna gcomhdú le húdarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear doiciméad clárúcháin uilíoch nó aon ranna den doiciméad sin;

(b)

na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da), (db) agus (f) go (i), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (e) go (h);’

;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

tuarascálacha bainistíochta dá dtagraítear i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú maidir le hinbhuanaitheacht;’

;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘1a.   Féadfar faisnéis nach bhfuil le háireamh i réamheolaire a chorprú trí thagairt sa réamheolaire sin ar bhonn deonach fós, i gcás inar foilsíodh an fhaisnéis sin go leictreonach cheana nó ina bhfoilsítear go leictreonach í an tráth céanna, arna tarraingt suas i dteanga a chomhlíonann ceanglais Airteagal 27 agus i gcás ina gcuimsítear í i gceann de na doiciméid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír.

1b.   Ní cheanglófar ar eisitheoir, ar thairgeoir ná ar dhuine atá ag iarraidh go ligfí isteach iad chun trádála ar mhargadh rialáilte forlíonadh a fhoilsiú de bhun Airteagal 23(1) le haghaidh na faisnéise airgeadais bliantúla nó eatramhaí nuair atá réamheolaire bunaidh fós bailí de bhun Airteagal 12(1). I gcás ina bhfoilsítear an fhaisnéis airgeadais nua bhliantúil nó eatramhach sin go leictreonach, féadfar í a chorprú trí thagairt a dhéanamh sa réamheolaire bunaidh i gcomhréir le mír (1), pointe (d), den Airteagal seo. Mar sin féin, beidh eisitheoir, tairgeoir nó duine a iarrann go ligfí isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, beidh sé i dteideal forlíonadh ar an bhfaisnéis sin a fhoilsiú dá dheoin féin.’

;

(18)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás nach ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis an réamheolaire laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6 agus 6a, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin fógra don eisitheoir, don tairgeoir nó don duine atá ag iarraidh go ligfí isteach urrúis chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus do ÚEUM faoi na cúiseanna nár éirigh leis teacht ar chinneadh. Ní mheasfar, áfach, i gcás nár éirigh leis, gurb ionann sin agus an t-iarratas a fhormheas.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon mhainneachtain de chuid na n-údarás inniúil na teorainneacha ama a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6, agus 6a a chomhlíonadh.

Poibleoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil tuarascáil chomhiomlán maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na húdaráis inniúla na teorainneacha ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i míreanna 3, 6 agus 6a.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6a:

‘6a.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, déanfar na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 2, an chéad fhomhír, agus i mír 4 a laghdú go 7 lá oibre i gcás réamheolaire leantach AE atá faoi réir an uasfhaid dá dtagraítear in Airteagal 14a(5) agus (6). Cuirfidh an t-eisitheoir an t-údarás inniúil ar an eolas 5 lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe an t-iarratas ar fhormheas a chur isteach.

Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama laghdaithe a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo maidir le réamheolaire leantach AE arna tharraingt suas ag eisitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 14a(1), pointe (c).’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

‘11.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir maidir le réamheolairí a ghrinnscrúdú a shonrú, go háirithe iomláine, intuigtheacht agus comhsheasmhacht na faisnéise atá ann, agus na nósanna imeachta maidir leis an réamheolaire a fhormheas, agus gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

na himthosca ina bhfuil cead ag údarás inniúil critéir bhreise a úsáid chun an réamheolaire a ghrinnscrúdú, i gcás ina meastar gur gá sin ar mhaithe le cosaint infheisteoirí;

(b)

na himthosca faoina gceadaítear d’údarás inniúil, i gcás ina meastar gur gá sin ar mhaithe le cosaint infheisteoirí, faisnéis a éileamh sa bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagail 6, 13, 14a, agus 15a chun réamheolaire, réamheolaire leantach AE nó réamheolaire eisiúna fáis AE a tharraingt suas, lena n-áirítear an cineál faisnéise breise a nochtfar faoi na critéir bhreise dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo;

(c)

an uastréimhse ama d’údarás inniúil chun grinnscrúdú an réamheolaire a thabhairt chun críche agus teacht ar chinneadh i dtaobh ar formheasadh an réamheolaire sin nó ar diúltaíodh an formheas, agus ar cuireadh deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe, agus coinníollacha maidir le maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón tréimhse ama sin.

Leis an uastréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, cuirfear san áireamh pointe (a) den fhomhír sin, meánlíon na n-atreoruithe idir an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach é chun bheith ag trádáil ar mhargadh rialáilte agus an t-údarás inniúil laistigh den iarratas céanna ar dhréacht-réamheolaire a fhormheas, agus na tréimhsí ama a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4, 6 agus 6a.

I gcás nach n-éiríonn leis an údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir leis an réamheolaire laistigh den uastréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo, ní mheasfar gur formheas ar an iarratas atá sa mhainneachtain sin.’

;

(d)

scriostar mír 13;

(19)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás ina ndéantar aicme scaireanna a ligtear isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte den chéad uair a thairiscint don phobal den chéad uair, cuirfear an réamheolaire ar fáil don phobal 3 lá oibre ar a laghad roimh dheireadh na tairisceana.;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5a:

‘5a.   Déanfar réamheolaire leantach AE a aicmiú ar leithligh sa sásra stórála dá dtagraítear i mír 6 ar bhealach ina n-idirdhealófar é ó na cineálacha eile réamheolairí.

5b.   Déanfar réamheolaire eisiúna fáis AE a aicmiú sa sásra stórála dá dtagraítear i mír 6 ar bhealach ina n-idirdhealófar é ó na cineálacha eile réamheolairí.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

‘11.   Tabharfaidh an t-eisitheoir, an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó na hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil na hurrúis á láithriú nó á ndíol acu, cóip saor in aisce den réamheolaire i bhformáid leictreonach d’aon infheisteoir ionchasach arna iarraidh sin dó.’

;

(20)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina mbaineann an réamheolaire le tairiscint ar urrúis don phobal, beidh sé de cheart ag infheisteoirí a d’aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh a nglacadh a tharraingt siar, laistigh de 2 lá oibre tar éis an forlíonadh a fhoilsiú, ar choinníoll gur tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 chun cinn nó gur tugadh faoi deara é roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana nó roimh sheachadadh na n-urrús, cibé acu is túisce a tharlóidh. Féadfaidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir an tréimhse sin a fhadú. Luafar san fhorlíonadh dáta deiridh an chirt chun tarraingt siar.

Beidh san fhorlíonadh ráiteas feiceálach maidir leis an gceart chun tarraingt siar, ina luaitear go soiléir an méid seo a leanas:

(a)

ní thugtar ceart chun tarraingt siar ach amháin do na hinfheisteoirí sin a d’aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh agus i gcás nach raibh na hurrúis tugtha do na hinfheisteoirí fós an tráth a tháinig an toisc thábhachtach nua, an botún substainte nó an míchruinneas substainte chun solais nó an tráth ar tugadh faoi deara é;

(b)

an tréimhse ar lena linn a fhéadann infheisteoirí an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú;

(c)

cé leis a bhféadann na hinfheisteoirí dul i dteagmháil i gcás inar mian leo an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú.;’

;

(b)

scriostar mír 2a;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcás ina gceannaíonn nó ina suibscríobhann infheisteoirí urrúis trí idirghabhálaí airgeadais idir an tráth a fhormheastar an réamheolaire do na hurrúis sin agus an tráth a dhúnfar an tréimhse tairisceana tosaigh, déanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais sin an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé in iúl do na hinfheisteoirí sin gur féidir forlíonadh a fhoilsiú, an áit agus an tréimhse a d’fhoilseofaí é, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin, agus, sa chás sin, chuideodh an t-idirghabhálaí airgeadais leo a gceart chun glacadh a aistarraingt a fheidhmiú;

(b)

cuirfidh sé na hinfheisteoirí sin ar an eolas faoi na cásanna sin ina rachadh an t-idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil leo trí mhodh leictreonach de bhun an dara fomhír chun fógra a thabhairt dóibh go bhfuil forlíonadh foilsithe agus faoi réir a gcomhaontaithe go rachfaí i dteagmháil leo trí mheán leictreonach;

(c)

maidir leis na hinfheisteoirí sin a aontaíonn nach ndéanfar teagmháil leo ach trí mhodhanna eile seachas modhanna leictreonacha, tairgfidh sé rogha dóibh maidir le teagmháil leictreonach chun an fógra maidir le foilsiú forlíonaidh a fháil agus chun na críche sin amháin;

(d)

tabharfaidh sé rabhadh do na hinfheisteoirí sin nach n-aontaíonn go rachfaí i dteagmháil leo trí mhodh leictreonach agus a dhiúltaíonn an rogha maidir le teagmháil leictreonach dá dtagraítear i bpointe (c) chun faireachán a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an eisitheora nó an idirghabhálaí airgeadais seiceáil a dhéanamh ar foilsíodh forlíonadh.

I gcás ina bhfuil an ceart chun tarraingt siar dá dtagraítear i mír 2 ag na hinfheisteoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, rachaidh an t-idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil leis na hinfheisteoirí sin trí mhodh leictreonach faoi dheireadh an chéad lae oibre tar éis an lae a fhoilseofar an forlíonadh.

I gcás ina mbeidh na hurrúis á gceannach nó á suibscríobh go díreach ón eisitheoir, cuirfidh an t-eisitheoir sin na hinfheisteoirí ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go bhfoilseofaí forlíonadh, an áit agus an tréimhse a mbeadh sé á fhoilsiú agus go bhféadfadh go mbeadh ceart acu a nglacadh a tharraingt siar sa chás sin.’

;

(d)

scriostar mír 3a;

(e)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4a.   Ní úsáidfear forlíonadh ar réamheolaire bunaidh chun cineál nua urrúis a thabhairt isteach nach bhfuil an fhaisnéis riachtanach ina leith cuimsithe sa réamheolaire bunaidh sin, ach amháin más gá déanamh amhlaidh chun ceanglais chaipitil a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena ndéantar dlí an Aontais a thrasuí.’

;

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   Forbróidh ÚEUM treoirlínte faoin 5 Meitheamh 2026 chun na himthosca a shonrú ina measfar go dtugtar isteach le forlíonadh cineál nua urrúis nach bhfuil tuairisc air cheana i réamheolaire bunaidh.’

;

(21)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás ina ndéanfar urrús a thairiscint don phobal nó i gcás ina n-iarrtar ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte sa Bhallstát baile amháin, déanfar an réamheolaire a tharraingt suas i dteanga lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit baile nó i dteanga eile a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta, de réir rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála é ar mhargadh rialáilte.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh Ballstát rogha a dhéanamh gan a bheith páirteach agus a éileamh go ndéanfaí an réamheolaire maidir le tairiscint urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát sin, go ndéanfaí an réamheolaire sin a tharraingt suas i dteanga a nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin léi. Sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát sin fógra don Choimisiún agus do ÚEUM maidir leis an gcinneadh sin.

Foilseoidh ÚEUM, ar a shuíomh gréasáin, liosta de na teangacha a nglacann údaráis inniúla gach Ballstáit leo le haghaidh tairiscint urrús don phobal nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nach bhfuil á iarraidh ach sa Bhallstát baile.

Beidh an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin ar a laghad dá theangacha oifigiúla, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin. Ní éileoidh an t-údarás inniúil sin aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.

2.   I gcás ina ndéanfar tairiscint urrús don phobal nó ina n-iarrfar ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte i níos mó ná Ballstát amháin lena n-áirítear an Ballstát baile nó i mBallstát amháin nó níos mó gan an Ballstát baile a áireamh, déanfar an réamheolaire a tharraingt suas i dteanga lena nglacann údaráis inniúla an Bhallstáit baile, i gcás inarb ábhartha, agus gach Ballstáit óstaigh nó i dteanga a úsáidtear de ghnáth sa réimse airgeadais idirnáisiúnta, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte.

Beidh an achoimre dá dtagraítear in Airteagal 7 ar fáil i dteanga oifigiúil gach Ballstáit, nó i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla gach Ballstáit, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil gach Ballstáit. Ní éileoidh na Ballstáit go ndéanfaí aon chuid eile den réamheolaire a aistriú.’

;

(b)

scriostar mír 3;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Déanfar na téarmaí críochnaitheacha a tharraingt suas sa teanga chéanna le teanga an réamheolaire bunaidh fhormheasta.

Beidh an achoimre ar an tsaincheist aonair ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit baile, nó i gceann amháin dá theangacha oifigiúla ar a laghad, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit sin.

Nuair a chuirtear na téarmaí críochnaitheacha in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 25(4), d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh nó, má tá níos mó ná Ballstát óstach amháin ann, d’údaráis inniúla na mBallstát óstach, beidh achoimre ar an tsaincheist aonair atá i gceangal leis na téarmaí críochnaitheacha ar fáil i dteanga oifigiúil an Bhallstáit óstaigh nó i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit óstaigh, nó i dteanga eile lena nglacann údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir le mír 2, an dara fomhír.’

;

(22)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Coibhéis

1.   Féadfaidh eisitheoir tríú tír urrúis a thairiscint don phobal san Aontas nó ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte atá bunaithe san Aontas a iarraidh tar éis réamheolaire a fhoilsiú arna tharraingt suas agus arna fhormheas i gcomhréir le dlíthe náisiúnta, agus faoi réir dhlíthe náisiúnta, an tríú tír (dá ngairtear “réamheolaire tríú tír” anseo feasta), ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4;

(b)

tá an réamheolaire comhdaithe ag an eisitheoir tríú tír le húdarás inniúil a Bhallstáit baile;

(c)

sholáthair an t-eisitheoir í dtríú tír dearbhú i scríbhinn gur fhormheas údarás maoirseachta tríú tír an réamheolaire agus gur sholáthair sé sonraí teagmhála an údaráis sin;

(d)

comhlíontar leis an réamheolaire na ceanglais teanga a leagtar amach in Airteagal 27;

(e)

comhlíonann na fógraí ábhartha uile a scaipeann an t-eisitheoir tríú tír san Aontas na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 22(2) go (5);

(f)

tá socruithe comhair tugtha i gcrích ag an mBallstát baile nó, i gcás inarb ábhartha, ag ÚEUM, le húdaráis ábhartha mhaoirseachta an eisitheora i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.   I gcás, i gcomhréir le mír 1, ina dtairgeann eisitheoir tríú tír urrúis don phobal nó ina n-iarrann sé go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é i mBallstát seachas an Ballstát baile, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24, 25 agus 27.

3.   I gcás ina gcomhlíontar na critéir go léir a leagtar síos i mír 1, beidh na cearta ag an eisitheoir tríú tír agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí go léir i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit baile.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(2), lena gcinnfear go n-áirithítear le creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann réamheolaire tríú tír ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

áiritheofar le ceanglais cheangailteacha dlí an tríú tír go gcuimseofar i réamheolaire an tríú tír an fhaisnéis ábhartha is gá chun go mbeidh infheisteoirí ábalta cinneadh feasach infheistíochta a dhéanamh ar bhealach a bheidh coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

i gcás ina mbeidh cead ag infheisteoirí miondíola infheistíocht a dhéanamh in urrúis a bhfuil réamheolaire tríú tír tarraingthe suas ina leith, beidh achoimre sa réamheolaire sin ina dtugtar an fhaisnéis bhunriachtanach is gá d’infheisteoirí miondíola chun go dtuigfidh siad cineál agus rioscaí an eisitheora, na n-urrús agus, i gcás inarb infheidhme, an ráthóra, agus ní mór é sin a léamh in éineacht le ranna eile an réamheolaire sin;

(c)

beidh feidhm ag dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin an tríú tír maidir le dliteanas sibhialta maidir leis na daoine atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa réamheolaire, lena n-áirítear ar a laghad don eisitheoir nó dá chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, an tairgeoir, an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus, i gcás inarb infheidhme, don ráthóir;

(d)

sonrófar i gceanglais cheangailteacha dlí an tríú tír bailíocht réamheolaire an tríú tír agus an oibleagáid maidir le réamheolaire an tríú tír a fhorlíonadh i gcás ina bhféadfadh toisc shuntasach nua, botún ábhartha nó míchruinneas ábhartha na faisnéise a áirítear sa réamheolaire sin dul i gcion ar mheasúnú na n-urrús, chomh maith leis na coinníollacha d’infheisteoirí chun a gcearta chun tarraingt siar a fheidhmiú sa chás sin;

(e)

tá éifeacht choibhéiseach ag creat maoirseachta an tríú tír maidir le grinnscrúdú agus formheas réamheolairí tríú tír agus ag na socruithe maidir le réamheolairí tríú tír a fhoilsiú leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21.

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach agus leanúnach tríú tír maidir le haon cheanglas a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 44, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4 a shonrú a thuilleadh.’

;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

‘Airteagal 30

Comhar le tríú tíortha

1.   Chun críoch Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críoch Airteagal 28, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil amháin ar a laghad, socruithe comhair a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise le húdaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha agus oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha. Ní dhéanfar socruithe comhair a thabhairt i gcrích le tríú tír atá, i gcomhréir le gníomh tarmligthe atá i bhfeidhm arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcóras náisiúnta chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac ar bagairtí suntasacha iad ar chóras airgeadais an Aontais nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin malartú éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do na húdaráis inniúla a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Sula dtabharfaidh údarás inniúil socrú comhair i gcrích i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh sé ÚEUM agus na húdaráis inniúla eile ar an eolas ina leith.

2.   Chun críoch Airteagal 29 agus, i gcás ina meastar gur gá, chun críoch Airteagal 28, éascóidh agus comhordóidh ÚEUM forbairt na socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis mhaoirseachta ábhartha i dtríú tíortha. Éascóidh agus comhordóidh ÚEUM freisin, i gcás inar gá, malartú na faisnéise a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta i dtríú tíortha idir na húdaráis inniúla, faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Airteagail 38 agus 39.

3.   Ní fhéadfar socruithe comhair maidir le malartú faisnéise a thabhairt i gcrích le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 35. Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe chun cúraimí na n-údarás maoirseachta sin a chur i gcrích.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar íosta na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus sa doiciméad teimpléid atá le húsáid le haghaidh na socruithe comhair sin a chinneadh.

(*8)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).’;"

(24)

in Airteagal 38(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

sáruithe ar Airteagail 3, 5 agus 6, Airteagal 7(1) go (11) agus (12a), Airteagail 8, 9 agus 10, Airteagal 11(1) agus (3), Airteagal 14a(1), Airteagal 15a(1), Airteagal 16(1), (2) agus (3), Airteagail 17 agus 18, Airteagal 19(1), (2) agus (3), Airteagal 20(1), Airteagal 21(1) go (4) agus (7) go (11), Airteagal 22(2) go (5), Airteagal 23(1), (2), (3), (4a) agus (5), agus Airteagal 27;’

;

(25)

in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Chun críocha Airteagal 20, beidh feidhm ag ceart achomhairc freisin i gcás nach mbeidh cinneadh glactha ag an údarás inniúil chun iarratas ar fhormheas a fhormheas nó a dhiúltú nó i gcás nach mbeidh iarratas ar bith ar athruithe ná ar fhaisnéis fhorlíontach déanta aige laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 20(2), (3), (6) agus (6a) i ndáil leis an iarratas sin.’

;

(26)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(7), Airteagal 9(14), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 14a(8), Airteagal 15a(8), Airteagal 16(5), Airteagal 20(11), Airteagal 29(5) agus Airteagal 30(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinnte ón 20 Iúil 2017.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(7), Airteagal 9(14), Airteagal 13(1) agus (2), Airteagal 14a(8), Airteagal 15a(8), Airteagal 16(5), Airteagal 20(11), Airteagal 29(5) agus Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1(7), Airteagal 9(14), Airteagal 13(1) nó (2), Airteagal 14a(8), Airteagal 15a(8), Airteagal 16(5), Airteagal 20(11), Airteagal 29(5) nó Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 3 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(27)

leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

na cineálacha eisitheoirí, go háirithe na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 15a(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d);’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

anailís ar a mhéid a úsáidtear ar fud an Aontais na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14a agus 15a, agus an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9;’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

anailís ar a mhéid a úsáidtear ar fud an Aontais na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 1(4), an chéad fhomhír, pointí (da) agus (db), agus in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, pointe (ba), lena n-áirítear staidreamh ar na doiciméid dá dtagraítear sna hAirteagail sin a comhdaíodh leis na húdaráis inniúla;

(b)

staidreamh maidir leis na doiciméid chlárúcháin uilíocha dá dtagraítear in Airteagal 9 a comhdaíodh leis na húdaráis inniúla.’

;

(28)

scriostar Airteagal 47a;

(29)

in Airteagal 48, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Faoin 31 Nollaig 2028 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.

2.   Beidh measúnú sa tuarascáil ar, inter alia, an bhfuil achoimre an réamheolaire, na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14a agus 15a, an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9 agus an creat do ghrinnscrúdú agus formheas an réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 20, i measc nithe eile, iomchuí fós i bhfianaise na gcuspóirí atá acu. Beidh an méid seo a leanas ar fad sa tuarascáil:

(a)

líon réamheolairí eisiúna fáis AE arna dtarraingt suas ag daoine atá i ngach ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 15a(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), agus anailís ar éabhlóid gach lín den sórt sin agus ar na treochtaí i roghnú ionad trádála ag na daoine atá i dteideal úsáid a bhaint as an réamheolaire eisiúna fáis AE;

(b)

anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire eisiúna fáis AE, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an t-ualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;

(c)

líon na réamheolairí leantacha AE arna bhformheas agus anailís ar éabhlóid lín den sórt sin;

(d)

anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí leis an réamheolaire leantach AE, an chothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;

(e)

an costas a bhainfeadh le réamheolaire leantach AE agus réamheolaire eisiúna fáis AE a ullmhú agus a fhormheas i gcomparáid leis na costais reatha a bhaineann le réamheolaire caighdeánach a ullmhú agus a fhormheas, mar aon le léiriú ar an gcoigilteas airgeadais a baineadh amach ar an iomlán agus na costais a d’fhéadfaí a laghdú a thuilleadh i gcás an réamheolaire leantaigh AE agus an réamheolaire eisiúna fáis AE;

(f)

anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear leis an doiciméad a leagtar amach in Iarscríbhinn IX cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an t-ualach riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;

(g)

anailís ar cibé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn nósanna imeachta grinnscrúdaithe agus formheasa na n-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn an Airteagail sin, leibhéal cóineasaithe maoirseachta cuí ar fud an Aontais agus an bhfuil siad fós iomchuí i bhfianaise a gcuspóirí; beidh anailís den sórt sin bunaithe ar thuarascáil arna soláthar ag ÚEUM tráth nach déanaí ná bliain amháin roimh dháta na tuarascála athbhreithnithe ón gCoimisiún;

(h)

anailís ar cibé acu a chuidíonn nó nach gcuidíonn an fhéidearthacht atá ag na Ballstáit nochtaí náisiúnta a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 3(2d) leis na ceanglais náisiúnta maidir le nochtadh a chóineasú faoi bhun na tairsí díolúine ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3(2) nó 3(2a) agus cibé acu atá nó nach bhfuil na nochtaí náisiúnta sin ina mbacainn ar thairiscint urrús don phobal sna Ballstáit sin.

2a.   Cuirfidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar anailís ar shaincheist an dliteanais i leith na faisnéise a thugtar i réamheolaire, lena measúnófar an bhféadfaí údar a thabhairt le dliteanas an réamheolaire a chomhchuibhiú a thuilleadh san Aontas agus, más ábhartha, molfaidh sé leasuithe ar na forálacha dliteanais a leagtar amach in Airteagal 11.’

;

(30)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas leis:

‘Airteagal 48a

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Réamheolairí arna bhformheas go dtí an 4 Meitheamh 2026, leanfaidh siad de bheith faoi rialú an leagain den Rialachán seo a bheidh i bhfeidhm lá a bhformheasta go dtí deireadh a mbailíochta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, leanfaidh réamheolairí arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 14 go dtí an 4 Márta 2026, de bheith faoi rialú an Airteagail sin go dtí deireadh a mbailíochta.

3.   De mhaolú ar mhír 1, leanfaidh réamheolairí arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 15 go dtí an 4 Marta 2026 de bheith faoi rialú an Airteagail sin go dtí deireadh a mbailíochta.’

;

(31)

leasaítear Iarscríbhinní I go Va i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(36)

ciallaíonn “inmheánaitheoir córasach” inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20), de Threoir 2014/65/AE.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

nuair a dhéantar trádálacha a thuairisciú d’údarás inniúil an ionaid trádála mar chuid den chlár aischeannaigh i gcomhréir le mír 3 agus nuair a nochtar iad don phobal ina dhiaidh sin i bhfoirm chomhiomlán;’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Chun tairbhe a bhaint as an díolúine a leagtar síos i mír 1, déanfaidh an t- eisitheoir gach idirbheart a bhaineann leis an gclár aischeannaigh a thuairisciú d’údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha ó thaobh leachtachta de dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Cuirfidh an t-údarás inniúil is faighteoir, arna iarraidh sin air, an fhaisnéis ar aghaidh chuig údaráis inniúla an ionaid trádála inar ligeadh na scaireanna isteach chun a dtrádála agus ina dtrádáiltear iad.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1), pointe (d):

‘(d)

faisnéis arna cur in iúl ag cliant nó ag daoine eile ag gníomhú thar ceann an chliaint nó faisnéis atá ar eolas de bhua cuntas dílseánach nó ciste bainistithe a bhainistiú agus a bhaineann le horduithe ar feitheamh in ionstraimí airgeadais, atá de chineál beacht, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin, ar phraghas na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Is ionann sondáil margaidh agus faisnéis a bheith curtha in iúl, sula bhfógrófar idirbheart, más ann dó, chun leas infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha agus na coinníollacha a bhaineann leis amhail a mhéid ionchasach nó a phraghsáil, d’infheisteoir ionchasach amháin nó níos mó, a thomhas trí:’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Measfar gur nocht an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh faisnéis ón taobh istigh le linn sondáil margaidh i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas duine chun críocha Airteagal 10(1) i gcás ina roghnaíonn an rannpháirtí margaidh sin na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

fuair an rannpháirtí margaidh sin toiliú ón duine a fhaigheann an tsondáil margaidh á rá go bhfuil sé nó sí sásta faisnéis ón taobh istigh a fháil;

(b)

chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil an duine sin toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ionstraimí airgeadais atá gaolmhar don fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach;

(c)

chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil an duine sin toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ordú a rinneadh cheana i dtaca le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú;

(d)

chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil oibleagáid ar an duine sin an fhaisnéis a choimeád ar mhodh rúin trí aontú leis an bhfaisnéis a fháil;

(e)

rinne agus choinnigh an rannpháirtí margaidh sin taifead ar an bhfaisnéis ar fad arna tabhairt don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh, lena n-áirítear an fhaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le pointí (a) go (d), agus ar chéannacht na n-infheisteoirí ionchasacha chuig ar nochtadh an fhaisnéis, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha a bhíonn ag gníomhú thar ceann an infheisteora ionchasaigh, agus ar dháta agus am gach nochta;

(f)

sholáthair an rannpháirtí margaidh sin an taifead sin don údarás inniúil arna iarraidh sin dó nó di.’

;

(c)

scriostar mír 5;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

‘6.   I gcás ina scoirfidh faisnéis a nochtadh le linn sondáil margaidh de bheith ina faisnéis ón taobh istigh i gcomhréir le measúnú an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh, déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh an faighteoir a chur ar an eolas dá réir sin, a luaithe is féidir. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcásanna ina mbeidh an fhaisnéis fógartha go poiblí ar shlí eile.

Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh taifead a choimeád ar an bhfaisnéis a tugadh i gcomhréir leis an mír seo agus déanfaidh sé, arna iarraidh ag an údarás sin air, an fhaisnéis sin a sholáthar don údarás inniúil a luaithe agus is féidir.

7.   D’ainneoin an Airteagail seo, déanfaidh daoine a fhaigheann an tsondáil margaidh a mheasúnú dóibh féin an bhfuil faisnéis ón taobh istigh acu.’

;

(5)

in Airteagal 13(12), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

admhaíonn an t-oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a oibríonn an margadh fáis FBManna i scríbhinn don eisitheoir go bhfuil cóip den chonradh leachtachta faighte aige.’

;

(6)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘1.   Cuirfidh eisitheoir an pobal ar an eolas a luaithe is féidir maidir le faisnéis ón taobh istigh, a bhaineann go díreach leis an eisitheoir sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3) i gcás ina bhfuil nasc ag na céimeanna sin le himthosca sonracha nó teagmhas sonrach a thabhairt i gcrích nó má tá siad mar thoradh orthu. I bpróiseas fadtréimhseach, ní nochtfar ach na himthosca deiridh nó an teagmhas deiridh, a luaithe is féidir tar éis dóibh tarlú.’

;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.   Áiritheoidh eisitheoir rúndacht na faisnéise a chomhlíonann na critéir maidir le faisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 7 go dtí go nochtfar an fhaisnéis sin de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ba dhóchúil go ndéanfadh nochtadh láithreach dochar do leasanna dlisteanacha an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;

(b)

níl an fhaisnéis ón taobh istigh a mbeartaíonn an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill a chur uirthi i gcodarsnacht leis an bhfógra poiblí is déanaí nó le cineál eile teachtaireachta ón eisitheoir nó ón rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí maidir leis an ábhar céanna dá dtagraíonn an fhaisnéis ón taobh istigh;

(c)

is féidir leis an eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.

I gcás inar chuir eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh faoin mír seo, déanfaidh sé, láithreach tar éis an fhaisnéis a nochtadh don phobal, a chur in iúl don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise agus tabharfaidh sé míniú i scríbhinn ar an gcaoi a ndearnadh na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh taifead ar mhíniú den sórt sin le tarchur ach ar iarraidh ón údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, eisitheoir nach ligtear a chuid ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ach ar mhargadh fáis FBManna, ní sholáthróidh sé míniú i scríbhinn don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 ach arna iarraidh sin. Fad a bheidh an t-eisitheoir in ann údar cuí a thabhairt lena chinneadh maidir le moilliú, ní cheanglófar air taifead a choinneáil ar an míniú sin.

4a.   Níl neamhnochtadh ag eisitheoir faisnéise ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróisis fhadtréimhseacha, i gcomhréir le mír 1, faoi réir na gceanglas a leagtar síos i mír 4.’

;

(d)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Féadfaidh eisitheoir ar institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais nó eisitheoir ar máthairghnóthas institiúide den sórt sin é, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta di, faisnéis a bhaineann le fadhb shealadach leachtachta, agus go háirithe an gá cúnamh leachtachta sealadach a fháil ó bhanc ceannais nó ó iasachtóir na rogha deiridh, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7.   I gcás ina mbeidh moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhréir le míreanna 4 nó 5, nó i gcás nár nochtadh faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach i gcomhréir le mír 1, agus nach mbeidh rúndacht na faisnéise ón taobh istigh sin á háirithiú a thuilleadh, nochtfaidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí an fhaisnéis ón taobh istigh sin don phobal a luaithe is féidir.

Áirítear sa mhír seo staideanna ina mbeidh ráfla ann a bhaineann go sainráite le faisnéis ón taobh istigh ar cuireadh moill ar a nochtadh i gcomhréir le míreanna 4 nó 5, nó le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach nár nochtadh i gcomhréir le mír 1, i gcás ina mbeidh an ráfla sin chomh beacht agus go léiríonn sé nach bhfuil rúndacht na faisnéise sin á háirithiú a thuilleadh.’

;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

‘11.   Eiseoidh ÚEUM treoirlínte chun liosta táscach nach bhfuil uileghabhálach de leasanna dlisteanacha eisitheoirí a bhunú, dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a).

12.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun liosta nach bhfuil uileghabhálach den mhéid seo a leanas a leagan amach agus a athbhreithniú, i gcás inar gá:

(a)

na teagmhais deiridh nó imthosca deiridh i bpróisis fhadtréimhseacha agus, i gcás gach teagmhais nó imthoisce, an nóiméad a mheastar a tharla sé agus an nóiméad atá sé le nochtadh de bhun mhír 1;

(b)

na staideanna ina bhfuil an fhaisnéis ón taobh istigh a mbeartaíonn an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill a chur uirthi, ina bhfuil an fhaisnéis sin i gcodarsnacht leis an bhfógra poiblí is déanaí nó le cineál eile teachtaireachta ón eisitheoir nó ón rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí maidir leis an ábhar céanna dá dtagraíonn an fhaisnéis ón taobh istigh, dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b).’

;

(7)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 6 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, agus i gcás ina bhfuil údar leis de bharr imní shonrach náisiúnta maidir le hiomláine an mhargaidh, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar eisitheoirí a bhfuil a n-ionstraimí airgeadais ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM a áireamh ina liostaí de dhaoine ar an taobh istigh gach aon duine dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).’

;

(ii)

scriostar an ceathrú, an cúigiú agus an séú fomhír.

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

‘9.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le formáid mhaolaithe na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh le haghaidh na n-eisitheoirí a ligtear isteach chun a dtrádála ar na margaí fáis FBManna chun úsáid na formáide sin a leathnú chuig gach liosta de dhaoine ar an taobh istigh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6, an chéad fhomhír agus an dara fomhír.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Meán Fómhair 2025.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

;

(8)

leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 agus 9:

‘8.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon idirbheart ina dhiaidh sin a thúisce a bheidh méid iomlán de EUR 20 000 sroichte laistigh de bhliain féilire. Déanfar an tairseach EUR 20 000 a ríomh trí na hidirbhearta uile dá dtagraítear i mír 1 a shuimiú d’uireasa glanluachála.

9.   Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh an tairseach a leagtar amach i mír 8 a mhéadú go EUR 50 000 nó í a laghdú go EUR 10 000 agus cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoina chinneadh agus faoin údar lena chinneadh, agus tagairt shonrach á déanamh do dhálaí an mhargaidh, chun an tairseach níos airde nó níos ísle a ghlacadh sula gcuirfear i bhfeidhm é. Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin an liosta de na tairseacha a bhfuil feidhm acu i gcomhréir leis an Airteagal seo mar aon leis na réasúnuithe do na tairseacha sin a bheidh soláthartha ag na húdaráis inniúla.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

‘12.   Gan dochar d’Airteagail 14 agus 15, féadfaidh eisitheoir a cheadú do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de trádáil nó idirbhearta a dhéanamh ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dhúnta dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo:

(a)

de réir an cháis mar gheall ar imthosca eisceachtúla, amhail deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, a bheith ann lena gceanglaítear go ndéanfaí scaireanna nó ionstraimí airgeadais seachas scaireanna a dhíol láithreach; nó

(b)

mar gheall ar shaintréithe na trádála atá i gceist maidir le hidirbhearta a dhéantar faoi, nó a bhaineann le, scéim scaireanna nó coigiltis d’fhostaithe agus scéimeanna fostaithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais seachas scaireanna, cáilíocht nó teidlíocht scaireanna agus cáilíochtaí nó teidlíochtaí ionstraimí airgeadais seachas scaireanna, nó idirbhearta i gcás nach n-athraíonn an leas tairbhiúil san urrús ábhartha;

12a.   Gan dochar d’Airteagail 14 agus 15, ceadóidh eisitheoir do dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh de trádáil nó idirbhearta a dhéanamh ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí le linn tréimhse dhúnta dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, i gcás idirbhearta nó gníomhaíochtaí trádála nach mbaineann le cinntí infheistíochta gníomhacha a dhéanann an duine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta á gcomhlíonadh aige nó a eascraíonn go heisiach as tosca seachtracha nó as gníomhaíochtaí tríú páirtithe, nó ar idirbhearta nó gníomhaíochtaí trádála iad, lena n-áirítear feidhmiú díorthach, bunaithe ar théarmaí réamhshocraithe.’

;

(9)

in Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

taifid atá ann cheana ar chomhráite teileafóin, ar theachtaireachtaí leictreonacha nó ar thrácht sonraí atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais a éileamh chomh maith le riarthóirí tagarmhairc nó ranníocóirí maoirsithe a éileamh;’

;

(10)

in Airteagal 25, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘1a.   Déanfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil amháin ar a laghad, an comhar agus an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha a éascú agus a chomhordú. Nuair a bheidh údar maith leis sin de bharr chineál an cháis, agus arna iarraidh sin don údarás inniúil, rannchuideoidh ÚEUM leis an imscrúdú a dhéanfaidh an t-údarás inniúil ar an gcás.’

;

(11)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 25a

Sásra chun sonraí ordaithe a mhalartú

1.   Déanfaidh údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo, faoin 5 Meitheamh 2026, sásra a chur ar bun chun gur féidir sonraí ordaithe maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), a mhalartú go leanúnach agus go tráthúil, ar sonraí iad a bhailítear ó na hionaid trádála sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Féadfaidh na húdaráis inniúla cur ar bun an tsásra a tharmligean chuig ÚEUM.

I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil iarraidh ar shonraí isteach faoi mhír 4, iarrfaidh an t-údarás inniúil iarrtha na sonraí sin ar an ionad trádála ábhartha ar bhealach tráthúil agus tráth nach déanaí ná 4 lá oibre ó dháta na hiarrata. Cuirfear na sonraí arna n-iarraidh ar fáil don údarás inniúil a chuir an chéad iarraidh isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an spriocdháta a chinntear i mír 6, pointe (c).

Déanfar malartú leanúnach tráthúil na sonraí ordaithe maidir leis na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 4, pointí (b) agus (c), a chur i bhfeidhm tríd an sásra a chuirtear ar bun de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo faoin 5 Meitheamh 2028.

2.   Déanfaidh an t-ionad trádála ábhartha socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí a bhunú agus a choimeád ar bun chun gur féidir sonraí ordaithe a mhalartú go leanúnach agus go tráthúil faoin 5 Meitheamh 2026.

3.   Féadfar an iarraidh ar shonraí ordaithe leanúnacha ó údarás inniúil a thíolacadh le haghaidh sraith ionstraimí airgeadais shonrach.

4.   Féadfaidh údarás inniúil sonraí ordaithe a fháil de thionscnamh ionaid trádála lena mbaineann gné shuntasach thrasteorann nuair is é an t-údarás inniúil sin údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus nuair a d’fhéadfadh na sonraí sin a bheith ábhartha le haghaidh ghníomhaíochtaí maoirseachta an údaráis sin le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais seo a leanas:

(a)

scaireanna;

(b)

bannaí;

(c)

todhchaíochtaí.

5.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhfuil a údarás inniúil rannpháirteach sa sásra arna chur ar bun de bhun mhír 1 fiú mura mbeidh gné shuntasach thrasteorann ag baint le haon cheann de na hionaid trádála faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil sin. Cuirfear an cinneadh sin in iúl do ÚEUM agus cuirfidh ÚEUM ar fáil ar a shuíomh gréasáin é.

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh de bhun na chéad fhomhíre, comhlíonfaidh an Ballstát sin agus a údarás inniúil an tAirteagal seo.

6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme:

(a)

chun an sásra iomchuí a shonrú chun sonraí ordaithe a mhalartú agus, go háirithe, chun na socruithe oibríochtúla a leagan síos chun tarchur tapa faisnéise idir údaráis inniúla a áirithiú;

(b)

chun socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí a chinneadh ionas go gcomhlíonfaidh ionaid trádála mír 1, an dara fomhír; agus

(c)

chun an fhormáid agus an spriocdháta a chinneadh chun na sonraí arna n-iarraidh i mír 1, an dara fomhír, a sholáthar gan mhoill.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Meán Fómhair 2025.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun liosta a bhunú d’ionaid trádála ainmnithe lena mbaineann gné shuntasach thrasteorann maidir le maoirseacht a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh tríd an méid seo a leanas ar a laghad a chur san áireamh le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais:

(a)

an méid trádála ar an ionad trádála; agus

(b)

an méid trádála ar an ionad trádála sin in ionstraimí airgeadais a bhfuil údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 éagsúil le húdarás inniúil an ionaid trádála ina leith.

Maidir le scaireanna, déanfar an critéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a thomhas mar láimhdeachas i scaireanna arna gcomhiomlánú ar leibhéal an ionaid trádála, agus ní bheidh sé faoi bhun EUR 100 billiún in aghaidh na bliana in aon cheann de na 4 bliana dheireanacha. Déanfar an critéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a shainmhíniú mar an cóimheas idir an láimhdeachas i scaireanna a bhfuil údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 éagsúil le húdarás inniúil an ionaid trádála agus an láimhdeachas iomlán sna scaireanna uile a thrádáiltear ar an ionad sin in aon bhliain amháin. Ní bheidh an cóimheas sin faoi bhun 50 %.

8.   Faoin 5 Nollaig 2027, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an tsásra a chuirtear ar bun de bhun mhír 1.

Cumhdófar sa tuarascáil sin ar a laghad na nithe seo a leanas:

(a)

tuairisc ar na dúshláin theicniúla a bhí roimh ionaid trádála, na húdaráis inniúla agus ÚEUM le linn chur chun feidhme an tsásra le haghaidh scaireanna;

(b)

na costais arna dtabhú ag na húdaráis inniúla agus ag ÚEUM agus an sásra le haghaidh scaireanna á chur ar bun;

(c)

feidhmiú na dtairseach dá dtagraítear i mír 7, an dara fomhír.

Áireofar sa tuarascáil anailís costais is tairbhe a bhaineann le forbairt an tsásra a chuirtear ar bun de bhun mhír 1 amach anseo maidir le hionstraimí airgeadais ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann a áireamh ina raon feidhme, lena n-áirítear bannaí agus todhcaíochtaí. Áireofar sa tuarascáil freisin moltaí maidir leis an raon feidhme a leathnú chuig na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 4, agus an breisluach, na dúshláin theicniúla agus na costais ionchasacha á gcur san áireamh.

9.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun míreanna 4 agus 7 den Airteagal a leasú trí nuashonrú a dhéanamh ar na hionstraimí airgeadais agus an liosta d’ionaid trádála ainmnithe lena mbaineann gné shuntasach thrasteorann, agus lena leasaítear mír 1, an tríú fomhír, chun leathnú an tsásra a chuirtear ar bun de bhun mhír 1 chuig bannaí agus todhchaíochtaí a chur siar, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, na forbairtí sna margaí airgeadais agus acmhainneacht na n-údarás inniúil na sonraí maidir leis na hionstraimí airgeadais sin a phróiseáil á gcur san áireamh.

Airteagal 25b

Ardáin chomhair

1.   Féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil amháin nó níos mó, i gcás imní mhór a bheith ann faoi shláine an mhargaidh nó faoi fheidhmiú ordúil na margaí, ardán comhair a chur ar bun agus a chomhordú.

2.   Gan dochar d’Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha, arna iarraidh sin do ÚEUM, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar go tráthúil.

3.   I gcás ina n-easaontaíonn dhá údarás inniúla ardáin comhair nó níos mó faoi nós imeachta nó ábhar gníomhaíochta atá le déanamh, nó neamhghníomhú, féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil ábhartha, cuidiú leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Féadfaidh ÚEUM freisin, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil amháin nó níos mó, cigireachtaí ar an láthair a chomhordú. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile mar aon le húdaráis inniúla ábhartha eile ón ardán comhair cuireadh a thabhairt do ÚEUM páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair.

Féadfaidh ÚEUM freisin, arna iarraidh sin d’aon údarás inniúil amháin nó níos mó, ardán comhair a bhunú freisin i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus leis na comhlachtaí poiblí a dhéanann faireachán ar mhargaí mórdhíola tráchtearraí i gcás ina ndéanann na hábhair imní maidir le sláine an mhargaidh agus feidhmiú ordúil na margaí difear do mhargaí airgeadais agus spotmhargaí araon.’

;

(12)

scriostar Airteagal 28

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

‘Airteagal 29

Sonraí pearsanta a nochtadh do thríú tíortha

1.   Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) agus de réir an cháis amháin. Áiritheoidh údaráis inniúla gur gá aistriú mar sin chun críoch an Rialacháin seo agus nach n-aistreoidh an tríú tír na sonraí chuig tríú tír eile mura rud é go dtugtar údarú sainráite i scríbhinn di déanamh amhlaidh agus go gcomhlíonann sí na coinníollacha a bheidh sonraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit.

2.   Ní dhéanfaidh údaráis inniúla Ballstáit na sonraí pearsanta a fhaightear ó údarás inniúil Ballstáit eile a nochtadh d’údarás maoirseachta tríú tír ach amháin i gcás ina bhfuil comhaontú sainráite faighte ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann ón údarás inniúil a tharchuir na sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, ar choinníoll go ndéanfar na sonraí a nochtadh chun na gcríoch lenar thug an t-údarás inniúil sin a chomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin.

(*9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).’;"

(14)

leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e), (f) agus (g):

‘(e)

cosc sealadach ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta, agus i riarthóirí tagarmhairc nó i ranníocóirí faoi mhaoirseacht;

(f)

i gcás sáruithe leantacha ar Airteagal 14 nó 15, cosc 10 mbliana ar a laghad ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, riarthóir tagarmhairc nó ranníocóir faoi mhaoirseacht, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta, agus i riarthóirí tagarmhairc nó i ranníocóirí faoi mhaoirseacht;

(g)

cosc sealadach ar dhuine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta i ngnólacht infheistíochta, riarthóir tagarmhairc nó ranníocóir faoi mhaoirseacht, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, déileáil ar a chuntas féin;’

;

(ii)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j)

maidir le daoine dlítheanacha, smachtbhannaí airgid riaracháin uasta arb ionann iad agus na méideanna seo a leanas ar a laghad:

(i)

i gcás sáruithe ar Airteagail 14 agus 15, 15 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta nó EUR 15 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(ii)

i gcás sáruithe ar Airteagal 16, 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó EUR 2 500 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(iii)

i gcás sáruithe ar Airteagal 17, 2 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go mbeadh an méid le haghaidh an smachtbhanna riaracháin bunaithe ar an láimhdeachas bliantúil iomlán díréireach íseal i ndáil leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointí (a), (b), agus (d) go (h), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis sin smachtbhannaí riaracháin de EUR 2 500 000 ar a laghad a fhorchur. I gcás inar FBM an duine dlítheanach, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh na húdaráis sin, mar mhalairt air sin, smachtbhannaí riaracháin de EUR 1 000 000 ar a laghad a fhorchur nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, na luachanna comhfhreagracha san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(iv)

i gcás sáruithe ar Airteagail 18 agus 19, 0,8 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go mbeadh an méid le haghaidh an smachtbhanna riaracháin bunaithe ar an láimhdeachas bliantúil iomlán díréireach íseal i ndáil leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointí (a), (b), agus (d) go (h), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis sin smachtbhannaí riaracháin de EUR 1 000 000 ar a laghad a fhorchur. I gcás inar FBM an duine dlítheanach, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh na húdaráis sin, mar mhalairt air sin, smachtbhannaí riaracháin de EUR 400 000 ar a laghad a fhorchur nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, na luachanna comhfhreagracha san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014;

(v)

i gcás sáruithe ar Airteagal 20, 0,8 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas deireanach atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, nó EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, na luachanna comhfhreagracha san airgeadra náisiúnta an 2 Iúil 2014.’

;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (j), i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina mháthairghnóthas nó ina fhochuideachta de mháthairghnóthas nach mór dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú de bhun Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10), is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach de réir na dtreoracha ábhartha cuntasaíochta – Treoir 86/635/CEE ón gComhairle (*11) le haghaidh na mbanc agus Treoir 91/674/CEE ón gComhairle (*12) le haghaidh na ngnóthas árachais – de réir na gcuntas deireanach comhdhlúite atá ar fáil agus iad formheasta ag comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.’

(*10)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19)."

(*11)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1)."

(*12)  Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).’;"

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Chun críoch an Airteagail seo, ciallaíonn “fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (*13).

(*13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).’;"

(15)

in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu ar an gcineál agus ar an leibhéal smachtbhannaí riaracháin, go gcuirfidh údaráis inniúla gach cúinse ábhartha san áireamh, chun smachtbhannaí comhréireacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(c)

láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, arna léiriú, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil pearsanta an duine nádúrtha;

(d)

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(f)

sáruithe roimhe sin ag an duine atá freagrach as an sárú;

(g)

bearta arna nglacadh ag an duine atá freagrach as an sárú chun a áirithiú nach dtarlaíonn an sárú sin arís; agus

(h)

an míbhuntáiste don duine atá freagrach as an sárú a tháinig as dúbláil imeachtaí coiriúla agus riaracháin agus pionóis i leith an iompair chéanna.’

;

(16)

leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 12(5), Airteagal 17(2), an tríú fomhír, Airteagal 17(3) agus (12), Airteagal 19(13) agus (14), Airteagal 25a(7) agus (9) agus Airteagal 38, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 4 Nollaig 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 12(5), Airteagal 17(2), an tríú fomhír, Airteagal 17(3) agus (12), Airteagal 19(13) agus (14), Airteagal 25a(7) agus (9) agus Airteagal 38, a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(5) nó (6), Airteagal 12(5), Airteagal 17(2), an tríú fomhír, Airteagal 17(3) nó (12), Airteagal 19(13) nó (14), Airteagal 25a(7) nó (9), nó Airteagal 38, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’

;

(17)

leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Tuarascálacha’

;

(b)

leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Faoin 5 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, mar aon le togra reachtach chun é a leasú más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar, inter alia, na nithe seo a leanas:’

;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

dála na forála maidir le neamhnochtadh faisnéise ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach in Airteagal 17(1), cé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear leis an bhforáil sin cothromaíocht leordhóthanach idir an t-ualach ar eisitheoirí a laghdú agus ligean d’infheisteoirí cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh; agus

(d)

comhréireacht na ndearbhmhéideanna, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 30(2), pointí (j)(iii) agus (iv) iad, agus a iomchuí atá siad i ndáil le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide.’

;

(iii)

scriostar pointe (e);

(c)

i ndiaidh an dara fomhír, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

‘Faoin 5 Nollaig 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an tsásra faireachais i ndáil le sonraí ordaithe trasmhargaidh, maidir lena thionchar ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta maoirseacht éifeachtach a áirithiú, conas is féidir an sásra sin a fhorfheidhmiú, agus na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith le hinmheánaitheoirí córasacha faoi raon feidhme an tsásra a thabhairt isteach;’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

‘Faoin 5 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 19(1a), pointí (a) agus (b), i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó ina soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d’fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú.’.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

In Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Coimeádfaidh oibreoir ionaid trádála faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh 5 bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógrófar trína gcórais i bhformáid mheaisín-inléite agus trí úsáid a bhaint as teimpléad coiteann. Féadfaidh údarás inniúil an ionaid trádála na sonraí sin a iarraidh ar bhonn leanúnach. Beidh sna taifid na sonraí ábhartha is ionann agus saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear na saintréithe sin a nascfaidh ordú leis na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn ón ordú sin agus a ndéanfar sonraí an ordaithe ina leith a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus (3). Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordaithe i ndáil le rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoin mír seo.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí agus formáidí na sonraí ordaithe ábhartha is gá a choimeád faoi mhír 2 den Airteagal seo agus nach dtagraítear dóibh in Airteagal 26.

Áireofar ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin cód aitheantais an chomhalta nó an rannpháirtí a rinne an t-ordú a tharchur, cód aitheantais an ordaithe, an dáta agus an t-am a rinneadh an t-ordú a tharchur, saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear cineál an ordaithe, an srianphraghas más infheidhme, an tréimhse bailíochta, aon treoracha sonracha maidir le hordú, mionsonraí i ndáil le haon mhodhnú, aon chealú, nó forghníomhú páirteach nó iomlán an ordaithe, na gníomhaireachta nó na bunacmhainne.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Meán Fómhair 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (7)(g), agus pointí (11) go (14), ón 5 Marta 2026.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3), pointe (6)(b) agus (c), pointe (7) (a) go (f), pointe 10(a)(i), (ii) agus (iii), pointe 10(b) agus (c), agus pointe 21(a) maidir le hAirteagal 27 (1) de Rialachán (AE) 2017/1129, agus Airteagal 2, pointe (6)(a), (b), (c) agus (e) den Rialachán leasaitheach seo ón 5 Meitheamh 2026.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun Airteagal 2, pointe 14(a) agus pointe (15), a chomhlíonadh faoin 5 Meitheamh 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

ZSIGMOND B. P.


(1)   IO C 184, 25.5.2023, lch. 103.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024.

(3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(4)  Rialachán (AE) 2019/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le húsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn (IO L 320, 11.12.2019, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12)

(6)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(7)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(8)  Rialachán (AE) 2021/337 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le réamheolaire téarnaimh an Aontais Eorpaigh (an réamheolaire téarnaimh AE) agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais agus Treoir 2004/109/CE a mhéid a bhaineann le húsáid na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair le haghaidh tuarascálacha airgeadais bliantúla, chun tacú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid, ábhar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.)

(13)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(14)  Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(19)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1129 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní I go Va:

IARSCRÍBHINN I

AN RÉAMHEOLAIRE

I.   Achoimre

II.   Cuspóir, daoine atá freagrach, faisnéis tríú páirtí, tuarascálacha ó shaineolaithe agus formheas an údaráis inniúil

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar faoi na daoine atá freagrach as inneachar an réamheolaire agus infheisteoirí a chur ar a gcompord maidir le cruinneas na faisnéise a nochtar sa réamheolaire. Ina theannta sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le leasanna na ndaoine a bhfuil baint acu leis an tairiscint, chomh maith le cúiseanna na tairisceana, úsáid na bhfáltas agus speansais na tairisceana. Thairis sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le bunús dlí an réamheolaire agus maidir lena fhormheas ag an údarás inniúil.

III.   Straitéis, feidhmíocht agus an timpeallacht ghnó

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a nochtadh maidir le céannacht an eisitheora, a ghnó, a straitéis agus a chuspóirí. Ba cheart tuiscint shoiléir a bheith ag infheisteoirí ar ghníomhaíochtaí an eisitheora agus ar na príomhthreochtaí a dhéanann difear dá fheidhmíocht, dá struchtúr eagraíochtúil agus dá infheistíochtaí ábhartha. I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an t-eisitheoir sa roinn seo meastacháin nó réamhaisnéisí ar a fheidhmíocht amach anseo.

IV.   Tuarascáil bhainistíochta, lena n-áirítear an tuairisciú inbhuanaitheachta (urrúis chothromais amháin)

Is é is cuspóir don roinn seo an fhaisnéis a leagtar amach sna tuarascálacha bainistíochta agus sna tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, agus i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AEchorprú trí thagairt nó a áireamh le haghaidh na dtréimhsí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais stairiúil lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú inbhuanaitheachta.

V.   Ráiteas an chaipitil oibre (urrúis chothromais amháin)

Is é cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir le ceanglais caipitil oibre an eisitheora.

VI.   Tosca riosca

Is é is cuspóir don roinn seo tuairisc a thabhairt ar na príomhrioscaí nár mhór don eisitheoir aghaidh a thabhairt orthu agus ar an tionchar atá acu ar fheidhmíocht an eisitheora amach anseo, chomh maith leis na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis na hurrúis a thairgtear don phobal nó atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

VII.   Téarmaí agus coinníollacha na n-urrús

Is é cuspóir don roinn seo téarmaí agus coinníollacha na n-urrús a leagan amach agus tuairisc mhionsonraithe a sholáthar ar a saintréithe.

I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2024/2810 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

VIII.   Sonraí a bhaineann leis an tairiscint agus le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála

Is é is cuspóir don roinn seo an fhaisnéis shonrach maidir le tairiscint na n-urrús, plean a ndáilte agus a leithroinnte, agus léiriú ar a bpraghsáil a leagan amach. Thairis sin, cuirtear faisnéis i láthair inti maidir le hurrúis a láithriú, aon chomhaontú frithgheallta agus aon socrú a bhaineann le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála. Leagtar amach inti freisin faisnéis faoi na daoine a dhíolann na hurrúis agus faoi chaolú maidir le sealúchais scairshealbhóirí atá ann cheana.

IX.   Faisnéis a bhaineann le ESG (urrúis neamhchothromais amháin, i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG a leagan amach i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g).

X.   Rialachas corparáideach

Míneofar sa roinn seo riarachán an eisitheora agus ról na ndaoine a bhfuil baint acu le bainistiú na cuideachta. I gcás urrúis chothromais, soláthrófar inti faisnéis freisin faoi chúlra na bainistíochta sinsearaí, faoina luach saothair agus faoin nasc a d’fhéadfadh a bheith aige le feidhmíocht an eisitheora.

XI.   Faisnéis airgeadais

Is é is cuspóir don roinn seo na ráitis airgeadais agus na príomhtháscairí feidhmíochta a shonrú, ráitis is gá a chur san áireamh sa doiciméad lena gcumhdaítear an 2 bhliain airgeadais is déanaí (i gcás urrúis chothromais) nó an bhliain airgeadais deiridh (i gcás urrúis neamhchothromais) nó cibé tréimhse is giorra ar lena linn a bhí an t-eisitheoir ag feidhmiú. Na prionsabail chuntasaíochta agus iniúchóireachta a ghlacfar lena n-úsáid chun na ráitis airgeadais a ullmhú agus iniúchóireacht a dhéanamh orthu, cinnfear iad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta agus iniúchóireachta.

A.

Ráitis chomhdhlúite agus faisnéis eile airgeadais.

B.

Athruithe suntasacha.

XII.   Faisnéis faoin scairshealbhóir agus faoin sealbhóir urrús

Soláthrófar sa roinn seo faisnéis maidir le mór-scairshealbhóirí an eisitheora, maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir an lucht bainistíochta sinsearaí agus an t-eisitheoir, scairchaipiteal an eisitheora chomh maith le faisnéis maidir le hidirbhearta páirtí ghaolmhair, imeachtaí dlíthiúla agus eadrána agus conarthaí ábhartha.

XIII.   Beartas díbhinní (urrúis chothromais amháin)

Tuairisc ar bheartas an eisitheora maidir le dáileacháin díbhinne agus aon srian reatha orthu, agus maidir le hathcheannaigh scaireanna.

XIV.   Faisnéis faoin ráthóir (urrúis neamhchothromais amháin, i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir le ráthóir na n-urrús, más infheidhme, lena n-áirítear faisnéis fhíor-riachtanach faoin ráthaíocht a ghabhann leis na hurrúis, faoi na tosca riosca agus faoin bhfaisnéis airgeadais a bhaineann go sonrach leis an ráthóir.

XV.   Faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus faoi eisitheoir na n-urrús foluiteach (i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, faoi eisitheoir na n-urrús foluiteach.

XVI.   Faisnéis maidir le toiliú (i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis an toiliú i gcás ina dtoilíonn an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as réamheolaire a tharraingt suas lena úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

XVII.   Na doiciméid atá ar fáil

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis na doiciméid a bheidh ar fáil le cigireacht a dhéanamh orthu agus maidir leis an suíomh gréasáin inar féidir cigireacht a dhéanamh orthu.

IARSCRÍBHINN II

DOICIMÉAD CLÁRÚCHÁIN

I.   Cuspóir, daoine atá freagrach, faisnéis tríú páirtí, tuarascálacha ó shaineolaithe agus formheas an údaráis inniúil

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar faoi na daoine atá freagrach as inneachar an doiciméid clárúcháin agus infheisteoirí a chur ar a gcompord maidir le cruinneas na faisnéise a nochtar sa réamheolaire. Thairis sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le bunús dlí an réamheolaire agus maidir lena fhormheas ag an údarás inniúil.

II.   Straitéis, feidhmíocht agus an timpeallacht ghnó

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a nochtadh maidir le céannacht an eisitheora, a ghnó, a straitéis agus a chuspóirí. Tríd an roinn seo a léamh, ba cheart tuiscint shoiléir a bheith ag infheisteoirí ar ghníomhaíochtaí an eisitheora agus ar na príomhthreochtaí a dhéanann difear dá fheidhmíocht, dá struchtúr eagraíochtúil agus dá infheistíochtaí ábhartha. I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an t-eisitheoir sa roinn seo meastacháin nó réamhaisnéisí ar a fheidhmíocht amach anseo.

III.   Tuarascáil bhainistíochta, lena n-áirítear tuairisciú inbhuanaitheachta (urrúis chothromais amháin)

Is é is cuspóir don roinn seo an fhaisnéis a leagtar amach sna tuarascálacha bainistíochta agus sna tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, agus i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE a chorprú trí thagairt nó a áireamh le haghaidh na dtréimhsí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais stairiúil lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú inbhuanaitheachta.

IV.   Tosca riosca

Is é is cuspóir don roinn seo tuairisc a thabhairt ar na príomhrioscaí a bhíonn ag an eisitheoir agus ar a dtionchar ar fheidhmíocht an eisitheora amach anseo.

V.   Rialachas corparáideach

Míneofar sa roinn seo riarachán an eisitheora agus ról na ndaoine a bhfuil baint acu le bainistiú na cuideachta. I gcás urrúis chothromais, soláthrófar inti faisnéis freisin faoi chúlra na bainistíochta sinsearaí, faoina luach saothair agus faoin nasc a d’fhéadfadh a bheith aige le feidhmíocht an eisitheora.

VI.   Faisnéis airgeadais

Is é is cuspóir don roinn seo na ráitis airgeadais agus na príomhtháscairí feidhmíochta a shonrú, ráitis is gá a chur san áireamh sa doiciméad lena gcumhdaítear an 2 bhliain airgeadais is déanaí (i gcás urrúis chothromais) nó an bhliain airgeadais deiridh (i gcás urrúis neamhchothromais) nó cibé tréimhse is giorra ar lena linn a bhí an t-eisitheoir ag feidhmiú. Na prionsabail chuntasaíochta agus iniúchóireachta a ghlacfar lena n-úsáid chun na ráitis airgeadais a ullmhú agus iniúchóireacht a dhéanamh orthu, cinnfear iad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta agus iniúchóireachta.

A.

Ráitis chomhdhlúite agus faisnéis eile airgeadais.

B.

Athruithe suntasacha.

VII.   Faisnéis faoin scairshealbhóir agus faoin sealbhóir urrús

Soláthrófar sa roinn seo faisnéis maidir le mór-scairshealbhóirí an eisitheora, maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir an bhainistíocht shinsearach agus an t-eisitheoir, scairchaipiteal an eisitheora chomh maith le faisnéis maidir le hidirbhearta páirtí ghaolmhair, imeachtaí dlíthiúla agus eadrána agus conarthaí ábhartha.

VIII.   Beartas díbhinní (urrúis chothromais amháin)

Tuairisc ar bheartas an eisitheora maidir le dáileacháin díbhinne agus aon srian reatha orthu, agus maidir le hathcheannaigh scaireanna.

IX.   Na doiciméid atá ar fáil

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis na doiciméid a bheidh ar fáil le cigireacht a dhéanamh orthu agus maidir leis an suíomh gréasáin inar féidir cigireacht a dhéanamh orthu.

IARSCRÍBHINN III

NÓTA MÍNITHE URRÚS

I.   Cuspóir, daoine atá freagrach, faisnéis tríú páirtí, tuarascálacha ó shaineolaithe agus formheas an údaráis inniúil

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar faoi na daoine atá freagrach as inneachar an nóta urrús agus infheisteoirí a chur ar a gcompord maidir le cruinneas na faisnéise a nochtar sa réamheolaire. Ina theannta sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le leasanna na ndaoine a bhfuil baint acu leis an tairiscint, chomh maith le cúiseanna na tairisceana, úsáid na bhfáltas agus speansais na tairisceana. Thairis sin, soláthraítear faisnéis sa roinn seo maidir le bunús dlí an réamheolaire agus maidir lena fhormheas ag an údarás inniúil.

II.   Ráiteas an chaipitili oibre (urrúis chothromais amháin)

Is é cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir le ceanglais caipitil oibre an eisitheora.

III.   Tosca riosca

Is é is cuspóir don roinn seo tuairisc a thabhairt ar na príomhrioscaí a bhaineann go sonrach leis na hurrúis a thairgtear don phobal nó atá le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.

IV.   Téarmaí agus coinníollacha na n-urrús

Is é cuspóir don roinn seo téarmaí agus coinníollacha na n-urrús a leagan amach agus tuairisc mhionsonraithe a sholáthar ar a saintréithe.

I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2024/2810 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .

V.   Sonraí a bhaineann leis an tairiscint agus le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis an tairiscint nó cead trádála ar mhargadh rialaithe nó ar MTF a thabhairt, lena n-áirítear praghas na tairisceana deiridh agus an méid urrús (cibé acu líon na n-urrús nó méid ainmniúil comhiomlán) a thairgfear, na cúiseanna atá leis an tairiscint, an plean maidir le dáileadh na n-urrús, úsáid fháltais na tairisceana, caiteachais na heisiúna agus na tairisceana, agus caolú (i gcás urrúis chothromais amháin).

VI.   Faisnéis a bhaineann le ESG (urrúis neamhchothromais amháin, i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g).

VII.   Faisnéis faoin ráthóir (urrúis neamhchothromais amháin, i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir le ráthóir na n-urrús, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear faisnéis fhíor-riachtanach faoin ráthaíocht a ghabhann leis na hurrúis, faoi na tosca riosca agus faoin bhfaisnéis airgeadais a bhaineann go sonrach leis an ráthóir.

VIII.   Faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus faoi eisitheoir na n-urrús foluiteach (i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, faoi eisitheoir na n-urrús foluiteach.

IX.   Faisnéis maidir le toiliú (i gcás inarb infheidhme)

Is é is cuspóir don roinn seo faisnéis a sholáthar maidir leis an toiliú i gcás ina dtoilíonn an t-eisitheoir nó an duine atá freagrach as réamheolaire a tharraingt suas lena úsáid i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

IARSCRÍBHINN IV

FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA RÉAMHEOLAIRE LEANTACH AE LE hAGHAIDH SCAIREANNA AGUS URRÚIS INAISTRITHE EILE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ

I.   Achoimre

Ní mór achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) a áireamh sa réamheolaire leantach AE.

II.   Faisnéis faoin eisitheoir

An chuideachta atá ag eisiúint scaireanna a shainaithint, lena n-áirítear an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) atá aici, a hainm dlíthiúil agus tráchtála, a tír chorpraithe agus an suíomh gréasáin inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis a aimsiú faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, na príomh-mhargaí ina mbíonn sí san iomaíocht, a príomh-scairshealbhóirí, comhdhéanamh a comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a bainistíochta sinsearaí agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a chorpraítear trí thagairt (le séanadh nach cuid den réamheolaire í an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú trí thagairt sa réamheolaire leantach AE).

III.   Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil

A.   Ráiteas freagrachta

Na daoine atá freagrach as tarraingt suas an réamheolaire leantaigh AE a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá sa réamheolaire leantach AE i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar an réamheolaire leantach AE a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:

(i)

ainm;

(ii)

seoladh gnó;

(iii)

cáilíochtaí; agus

(iv)

leas ábhartha (más ann dó) san eisitheoir.

B.   Ráiteas faoin údarás inniúil

Déanfar an méid seo a leanas sa ráiteas:

(i)

an t-údarás inniúil a d’fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an réamheolaire leantach AE a chur in iúl;

(ii)

a shonrú nach formhuiniú de chuid an eisitheora ná ar cháilíocht na scaireanna lena mbaineann an réamheolaire leantach AE é an formheas sin;

(iii)

a shonrú nár fhormheas an t-údarás inniúil an réamheolaire leantach AE ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aici; agus

(iv)

gur tarraingíodh suas an réamheolaire leantach AE i gcomhréir le hAirteagal 14a.

IV.   Tosca riosca

Tuairisc a thabhairt ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus tuairisc ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis na scaireanna atá á dtairiscint don phobal agus/nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i roinn dar teideal “Tosca riosca”.

Comhthacófar na rioscaí le hinneachar an réamheolaire leantaigh AE.

V.   Faisnéis airgeadais

Na ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar réamheolaire leantach AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil.

Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ní mór an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha an réamheolaire leantaigh lAE, an dtugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh i réamheolaire leantach AE:

(i)

ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;

(ii)

míniú ar aon imeacht suntasach ó na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta.

I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó i gcás ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine.

Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis pro forma a chur san áireamh freisin.

VI.   Beartas díbhinne

Tuairisc ar bheartas an eisitheora maidir le dáileacháin díbhinne agus aon srian reatha orthu, agus maidir le hathcheannaigh scaireanna.

VII.   Faisnéis treochtaí

Tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

na treochtaí is suntasaí atá ann le déanaí sa táirgeadh, sa díolachán agus san fhardal, agus na costais agus na praghsanna díola ó dheireadh na bliana airgeadais deireanaí go dtí dáta an réamheolaire leantaigh lAE;

(ii)

faisnéis maidir le haon treocht aitheanta, éiginnteacht, éileamh, gealltanas nó teagmhas a bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbeidh éifeacht ábhartha acu ar ionchais an eisitheora le haghaidh na bliana airgeadais atá ann faoi láthair, ar a laghad;

(iii)

faisnéis faoi straitéis agus cuspóirí gnó airgeadais agus neamhairgeadais gearrthéarmacha agus fadtéarmacha an eisitheora.

Mura bhfuil aon athrú suntasach ar cheachtar de na treochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) den roinn seo, tá gá le ráiteas á rá sin.

VIII.   Réamhaisnéisí brabúis agus meastacháin

I gcás inar fhoilsigh eisitheoir réamhaisnéis brabúis nó meastachán ar bhrabús, atá fós gan íoc agus bailí, cuirfear an réamhaisnéis nó an meastachán sin san áireamh sa réamheolaire leantach AE.

Más rud é gur foilsíodh réamhaisnéis brabúis nó meastachán ar bhrabús agus atá fós gan íoc, ach nach bhfuil bailí a thuilleadh, cuirfear ráiteas ar fáil chuige sin mar aon le míniú ar an bhfáth nach bhfuil an réamhaisnéis nó an meastachán sin bailí a thuilleadh.

IX.   Sonraí a bhaineann leis an tairiscint nó leis an ligean isteach chun trádála

Praghas na tairisceana, líon na scaireanna a thairgtear, méid na heisiúna nó na tairisceana, na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir agus an nós imeachta chun aon cheart réamhcheannaigh a fheidhmiú a leagan amach. Mura bhfuil an méid socraithe, léiriú ar uasmhéid na scaireanna atá le tairiscint (má tá siad ar fáil) agus tuairisc ar na socruithe agus an tréimhse ama chun méid cinntitheach na tairisceana a fhógairt don phobal.

Faisnéis a sholáthar maidir leis an áit a bhféadfaidh infheisteoirí suibscríobh do na scaireanna nó a gceart réamhcheannaigh a fheidhmiú, fad thréimhse na tairisceana, lena n-áirítear aon leasú féideartha agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na scaireanna nua.

A mhéid is eol don eisitheoir, faisnéis a sholáthar maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn ag mór-scairshealbhóirí nó ag baill de chomhlachtaí bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an eisitheora suibscríobh le haghaidh na tairisceana, nó atá nó nach bhfuil sé ar intinn ag aon duine suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint.

Aon ghealltanas daingean a chur i láthair chun suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint agus gach gné ábhartha de na comhaontuithe láithrithe agus socrúcháin lena n-áirítear ainm agus seoladh na n-eintiteas a aontaíonn an eisiúint a láithriú ar bhonn gealltanas daingean nó faoi shocruithe “seandíchill” agus na cuótaí.

I gcás inarb infheidhme, na margaí rialáilte, margadh fáis FBManna nó MTFanna ina bhfuil na scaireanna le ligean isteach chun a dtrádála agus, más eol, na dátaí is luaithe ar a ligfear na scaireanna isteach chun a dtrádála a léiriú.

X.   Faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na scaireanna

An fhaisnéis fhíor-riachtanach seo a leanas a sholáthar maidir leis na scaireanna arna dtairiscint don phobal nó arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(i)

tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na scaireanna atá á dtairiscint don phobal agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(ii)

an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);

(iii)

na cearta a ghabhann leis na scaireanna, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainn ar na cearta sin;

(iv)

an praghas ag a dtairgfear na scaireanna nó, murab eol an praghas, léiriú ar an bpraghas uasta nó tuairisc ar an modh chun an praghas a chinneadh, de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo agus an phróisis chun é a nochtadh;

(v)

rabhadh a thabhairt go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát an infheisteora agus thír corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na scaireanna; agus

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, eisitheoir na n-urrús foluiteach.

I gcás saincheisteanna nua, ráiteas a thabhairt faoi na rúin, na húdaruithe agus na formheasanna ar dá mbua a cruthaíodh nó a chruthófar na hurrúis nó a eisíodh nó a eiseofar na hurrúis.

XI.   Na cúiseanna atá leis an tairiscint agus úsáid fáltas

Faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin.

I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua. Ina theannta sin, ní mór sonraí a thabhairt maidir le húsáid na bhfáltas, go háirithe i gcás ina bhfuil fáltais á n-úsáid chun sócmhainní a fháil, seachas i ngnáthchúrsa gnó, chun éadálacha fógartha gnó eile a mhaoiniú, nó chun féichiúnas a urscaoileadh, a laghdú nó a aistarraingt.

XII.   Comhaontuithe glasála

Maidir le comhaontuithe glasála, sonraí a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na páirtithe atá páirteach;

(ii)

ábhar agus eisceachtaí an chomhaontaithe; agus

(iii)

tréimhse na glasála a léiriú.

XIII.   Ráiteas caipitil oibre

Ráiteas ón eisitheoir gur leordhóthanach, dar leis, é an caipiteal oibre le haghaidh cheanglais reatha an eisitheora nó, mura bhfuil sé leordhóthanach, ráiteas i dtaobh conas atá sé beartaithe ag an eisitheoir an caipiteal oibre breise atá ag teastáil a sholáthar.

XIV.   Coinbhleachtaí leasa

Faisnéis a sholáthar faoi aon leas a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna.

XV.   Caolú agus scairshealbhóireacht tar éis na heisiúna

Comparáid a chur i láthair maidir leis an rannpháirtíocht i scairchaipiteal agus cearta vótála do scairshealbhóirí atá ann cheana roimh an méadú caipitil a eascraíonn as an tairiscint phoiblí agus dá éis, leis an toimhde nach suibscríobhann scairshealbhóirí atá ann cheana le haghaidh na scaireanna nua, agus, ar leithligh, leis an toimhde nach mbaineann siad leas as a dteidlíocht.

XVI.   Na doiciméid atá ar fáil

Ráiteas gur féidir cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, ar feadh théarma an réamheolaire leantaigh lAE:

(i)

meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;

(ii)

gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt díobh sa réamheolaire leantach AE.

Léiriú ar an suíomh gréasáin ina bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid.

IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS ATÁ LE CUR SA RÉAMHEOLAIRE LEANTACH AE MAIDIR LE hURRÚIS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ

I.   Achoimre

Gan dochar don dara fomhír d’Airteagal 7(1), ní mór achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) a áireamh sa réamheolaire leantach AE.

II.   Faisnéis faoin eisitheoir (Doiciméad clárúcháin)

An chuideachta atá ag eisiúint na scaireanna a shainaithint, lena n-áirítear an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) atá aici, a hainm dlíthiúil agus tráchtála, a tír chorpraithe agus an suíomh gréasáin inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis a aimsiú faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, na príomh-mhargaí ina mbíonn sí san iomaíocht, a príomh-scairshealbhóirí, comhdhéanamh a comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a bainistíochta sinsearaí agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a chorpraítear trí thagairt (le séanadh nach cuid den réamheolaire í an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú trí thagairt sa réamheolaire leantach AE).

III.   Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil

1.   Ráiteas freagrachta (Doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús)

Na daoine atá freagrach as tarraingt suas an (doiciméid clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá sa (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:

(i)

ainm;

(ii)

seoladh gnó;

(iii)

cáilíochtaí; agus

(iv)

leas ábhartha (más ann dó) san eisitheoir.

2.   Ráiteas faoin údarás inniúil

Déanfar an méid seo a leanas sa ráiteas:

(i)

an t-údarás inniúil a d’fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an (doiciméad clárúcháin/nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE), a léiriú;

(ii)

a shonrú nach formhuiniú de chuid an eisitheora ná ar cháilíocht na scaireanna lena mbaineann an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) é an formheas sin;

(iii)

a shonrú nár fhormheas an t-údarás inniúil an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aici;

(iv)

a shonrú go ndearnadh an (doiciméad clárúcháin / nóta mínithe urrús / réamheolaire leantach AE) a tharraingt suas mar (chuid de) réamheolaire leantach AE i gcomhréir le hAirteagal 14a.

IV.   Tosca riosca (Doiciméad clárúcháin/Nóta mínithe urrús)

Tuairisc a thabhairt ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir (doiciméad clárúcháin/réamheolaire leantach AE) agus tuairisc ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis na hurrúis atá á dtairiscint don phobal agus/nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (nóta mínithe urrús/réamheolaire leantach AE), i roinn dar teideal “Tosca riosca”.

Comhthacófar na rioscaí le hinneachar an (doiciméad clárúcháin/nóta mínithe urrús/réamheolaire leantach AE).

V.   Faisnéis airgeadais (Doiciméad clárúcháin)

Na ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar réamheolaire leantach AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil.

Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ullmhófar an tuarascáil iniúchóireachta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha an réamheolaire leantaighl AE, a thugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh sa réamheolaire leantach AE:

(i)

ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;

(ii)

míniú ar aon imeacht suntasach ó na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta.

I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó i gcás ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine.

Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí.

VI.   Faisnéis treochtaí (Doiciméad clárúcháin)

Tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i)

aon athrú díobhálach ábhartha ar ionchais an eisitheora ó dháta foilsithe a ráiteas airgeadais iniúchta is déanaí;

(ii)

aon athrú suntasach ar fheidhmíocht airgeadais an ghrúpa ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí a bhfuil faisnéis airgeadais foilsithe ina leith go dtí dáta an doiciméid clárúcháin;

Mura bhfuil aon athrú suntasach dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) den roinn seo, tá gá le ráiteas á rá sin.

VII.   Sonraí a bhaineann leis an tairiscint (*4) nó ligean isteach chun trádála (Nóta mínithe urrús)

Praghas na tairisceana, líon na n-urrús a thairgtear, méid na heisiúna/tairisceana agus na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir a leagan amach. Mura bhfuil an méid socraithe, léiriú ar uasmhéid na n-urrús atá le tairiscint (má tá siad ar fáil) agus tuairisc ar na socruithe agus an tréimhse ama chun méid cinntitheach na tairisceana a fhógairt don phobal.

Faisnéis a sholáthar maidir leis an áit a bhféadfaidh infheisteoirí suibscríobh le haghaidh na n-urrús, fad thréimhse na tairisceana, lena n-áirítear aon leasú féideartha agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na n-urrús nua.

Ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a fhrithghealladh ar bhonn gealltanais dhaingin, agus ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a láithriú gan gealltanas daingean nó faoi shocruithe “seandíchill”. Léiriú ar ghnéithe ábhartha na gcomhaontuithe, lena n-áirítear na cuótaí. I gcás nach bhfuil an eisiúint go léir frithgheallta, ráiteas ar an gcuid nach bhfuil clúdaithe. Léiriú ar mhéid foriomlán an choimisiúin frithgheallta agus ar an gcoimisiún láithrithe.

I gcás inarb infheidhme, na margaí rialáilte, margaí fáis FBManna nó MTFanna ina bhfuil na hurrúis le ligean isteach chun a dtrádála agus, más eol, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála a léiriú.

VIII.   Faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis (Nóta mínithe urrús)

Is é is cuspóir don roinn seo an fhaisnéis fhíor-riachtanach seo a leanas a sholáthar maidir leis na hurrúis arna dtairiscint don phobal nó arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(i)

an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);

(ii)

na cearta a ghabhann leis na hurrúis, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainn ar na cearta sin;

(iii)

an praghas ag a dtairgfear na hurrúis nó, murab eol an praghas, léiriú ar an bpraghas uasta nó tuairisc ar an modh chun an praghas a chinneadh, de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo agus an phróisis chun é a nochtadh;

(iv)

faisnéis a bhaineann le hús iníoctha nó tuairisc ar an ionstraim fholuiteach, lena n-áirítear an modh a úsáidtear chun nasc a dhéanamh idir an ionstraim fholuiteach agus an ráta, agus léiriú ar an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi fheidhmíocht na hionstraime foluití roimhe seo agus amach anseo agus faoina luaineacht;

(v)

tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na n-urrús atá á dtairiscint don phobal agus/nó á ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;

(vi)

rabhadh a thabhairt go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát an infheisteora agus thír corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na hurrúis; agus

(vii)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, eisitheoir na n-urrús foluiteach.

IX.   Cúiseanna leis an tairiscint, úsáid fáltas agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG (Nóta mínithe urrús)

Maidir le hurrúis neamhchothromais seachas na hurrúis sin dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír, faisnéis a sholáthar i ndáil leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin. I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua.

I gcás na n-urrús neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír, ní mór úsáid agus glanmhéid measta na bhfáltas a lua.

I gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG i gcomhréir leis an sceideal mar a shonraítear a thuilleadh sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g), á gcur san áireamh.

X.   Coinbhleachtaí leasa (Nóta mínithe urrús)

Faisnéis a sholáthar faoi aon leas a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna.

XI.   Doiciméid atá ar fáil (Doiciméad clárúcháin)

Ráiteas gur féidir cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, ar feadh théarma an réamheolaire leantaigh AE:

(a)

meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;

(b)

gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt dóibh sa réamheolaire leantach AE.

Léiriú ar an suíomh gréasáin ina bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid.

(*1)  Treoir (AE) 2024/2810 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM atá i gcomhad 2022/0406 (COD)."

(*2)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77)."

(*4)  Níl sé infheidhme maidir leis na hurrúis neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír.’"

(2)

cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas isteach:

‘IARSCRÍBHINN VII

FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA RÉAMHEOLAIRE EISIÚNA FÁIS AE LE hAGHAIDH SCAIREANNA AGUS URRÚIS INAISTRITHE EILE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ

I.   Achoimre

Ní mór achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) a áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

II.   Faisnéis faoin eisitheoir

An chuideachta a eisíonn na scaireanna a shainaithint, lena n-áirítear áit chlárúcháin an eisitheora, a huimhir chlárúcháin agus a haitheantóir eintitis dhlítheanaigh (“LEI”), a hainm dlíthiúil agus tráchtála, an reachtaíocht faoina n-oibríonn an t-eisitheoir, tír a corpraithe, seoladh, uimhir theileafóin a hoifige cláraithe (nó a príomháit ghnó murab ionann í agus a hoifig chláraithe) agus an suíomh gréasáin, más ann dó, agus séanadh á chur leis nach cuid den réamheolaire eisiúna fáis AE an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú trí thagairt sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

III.   Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil

A.   Ráiteas freagrachta

Na daoine atá freagrach as tarraingt suas an réamheolaire eisiúna fáis AE a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá sa réamheolaire eisiúna fáis AE i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:

(i)

ainm;

(ii)

seoladh gnó;

(iii)

cáilíochtaí; agus

(iv)

leas ábhartha (más ann dó) san eisitheoir.

B.   Ráiteas faoin údarás inniúil

Ní mór a léiriú sa ráiteas an t-údarás inniúil a d’fhormheas an réamheolaire eisiúna fáis AE, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní mór a shonrú ann nach formhuiniú de chuid an eisitheora é an formheas sin ná ar cháilíocht na scaireanna lena mbaineann an réamheolaire eisiúna fáis AE, nár fhormheas an t-údarás inniúil réamheolaire eisiúna fáis AE ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige, agus sonrófar ann gur tarraingíodh suas an réamheolaire eisiúna fáis AE i gcomhréir le hAirteagal 15a.

IV.   Tosca riosca

Comhthacófar na rioscaí leis an inneachar réamheolaire eisiúna fáis AE.

Tuairisc a thabhairt ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus tuairisc ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis na scaireanna atá á dtairiscint don phobal agus/nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i roinn dar teideal “Tosca riosca”.

V.   Straitéis fáis agus forbhreathnú gnó

A.   Straitéis fáis agus cuspóirí

Tuairisc ar straitéis ghnó an eisitheora, lena n-áirítear acmhainneacht fáis agus ionchais don todhchaí, agus cuspóirí straitéiseacha (idir chuspóirí airgeadais agus chuspóirí neamhairgeadais, más ann dóibh). Cuirfear san áireamh sa tuairisc sin na dúshláin agus na hionchais a bheidh roimh an eisitheoir amach anseo.

B.   Príomhghníomhaíochtaí agus príomh-mhargaí

Tuairisc ar phríomhghníomhaíochtaí an eisitheora, lena n-áirítear an méid seo a leanas: (a) príomhchatagóirí na dtáirgí a dhíoltar agus/nó na seirbhísí a dhéantar; (b) léiriú ar aon táirge, seirbhís nó gníomhaíocht nua shuntasach a tugadh isteach ó foilsíodh na ráitis airgeadais iniúchta is déanaí. Tuairisc ar na príomh-mhargaí ina mbíonn an t-eisitheoir san iomaíocht, lena n-áirítear fás an mhargaidh, treochtaí agus staid iomaíoch.

C.   Infheistíochtaí

A mhéid nach gcumhdaítear in aon áit eile sa réamheolaire eisiúna fáis AE, tuairisc a thabhairt, (lena n-áirítear an méid) ar infheistíochtaí ábhartha an eisitheora ó dheireadh na tréimhse a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais stairiúil a áirítear sa réamheolaire eisiúna fáis AE suas go dtí dáta an réamheolaire eisiúna fáis AE agus, más ábhartha, tuairisc a thabhairt ar aon infheistíocht ábhartha de chuid an eisitheora atá idir lámha nó a bhfuil gealltanais dhaingne déanta ina leith cheana.

D.   Réamhaisnéisí brabúis agus meastacháin ar bhrabús

I gcás inar fhoilsigh eisitheoir réamhaisnéis brabúis nó meastachán ar bhrabús atá fós gan íoc ach atá bailí, cuirfear an réamhaisnéis nó an meastachán sin san áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

Más rud é gur foilsíodh réamhaisnéis brabúis nó meastachán ar bhrabús agus atá fós gan íoc, ach nach bhfuil bailí a thuilleadh, cuirfear ráiteas ar fáil chuige sin mar aon le míniú ar an bhfáth nach bhfuil an réamhaisnéis nó an meastachán sin bailí a thuilleadh.

VI.   Struchtúr eagraíochtúil

Más cuid de ghrúpa é an t-eisitheoir agus mura gcumhdaítear é in áit eile sa réamheolaire eisiúna fáis AE agus a mhéid is gá chun tuiscint a chur ar ghnó an eisitheora ina iomláine, léaráid den struchtúr eagraíochtúil.

VII.   Rialachas corparáideach

An fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus/nó maoirseachta, d’aon bhainisteoir sinsearach atá ábhartha maidir lena shuíomh go bhfuil an saineolas agus an taithí iomchuí ag an eisitheoir chun gnó an eisitheora a bhainistiú, agus, i gcás comhpháirtíocht theoranta le scairchaipiteal, comhpháirtithe ag a bhfuil dliteanas neamhtheoranta:

(i)

ainmneacha, seoltaí gnó agus feidhmeanna laistigh den eisitheoir de chuid na ndaoine seo a leanas, mionsonraí maidir lena saineolas agus a dtaithí bainistíochta ábhartha agus léiriú ar na príomhghníomhaíochtaí a dhéanann siad lasmuigh den eisitheoir i gcás ina bhfuil siad suntasach i leith an eisitheora sin;

(ii)

mionsonraí maidir le cineál aon ghaoil teaghlaigh idir aon duine de na daoine sin;

(iii)

mionsonraí, le 5 bliana anuas, ar a laghad, maidir le haon chiontú i ndáil le cionta calaoiseacha agus sonraí maidir le haon ionchoiriú poiblí oifigiúil agus/nó maidir le haon smachtbhanna oifigiúil lena mbaineann na daoine sin ag údaráis reachtúla nó rialála (lena n-áirítear comhlachtaí gairmiúla ainmnithe) agus cibé acu a dhícháiligh cúirt riamh iad chun gníomhú mar chomhalta de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta eisitheora nó chun gníomhú i mbainistiú nó i stiúradh ghnóthaí aon eisitheora. Mura bhfuil aon fhaisnéis mar sin a cheanglaítear a nochtadh, tá ráiteas á rá sin le déanamh.

VIII.   Faisnéis airgeadais

Na ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar an réamheolaire eisiúna fáis AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil.

Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ní mór an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014.

I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha an réamheolaire eisiúna fáis AE, a thugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE:

(i)

ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;

(ii)

míniú ar aon imeacht suntasach ó na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta.

I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó i gcás ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine.

Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis pro forma a chur san áireamh freisin.

IX.   Tuarascáil bhainistíochta lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú inbhuanaitheachta (eisitheoirí ag a bhfuil caipitliú margaidh os cionn EUR 200 000 000 amháin)

Ní mór an tuarascáil bhainistíochta dá dtagraítear i gCaibidlí 5 agus 6 de Threoir 2013/34/AE le haghaidh na dtréimhsí a chumhdaítear leis an bhfaisnéis airgeadais stairiúil lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an tuairisciú inbhuanaitheachta a chorprú, de rogha air sin, trí thagairt nó ní mór an fhaisnéis atá inti a áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

Níl feidhm ag an gceanglas sin ach amháin maidir le heisitheoirí a bhfuil caipitliú margaidh os cionn EUR 200 000 000 acu.

X.   Beartas díbhinne

Tuairisc ar bheartas an eisitheora maidir le dáileacháin díbhinne agus aon srian reatha orthu, agus maidir le hathcheannaigh scaireanna.

XI.   Sonraí a bhaineann leis an tairiscint nó leis an ligean isteach chun trádála

Praghas na tairisceana, líon na scaireanna a thairgtear, méid na heisiúna nó na tairisceana, na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir a leagan amach, agus an nós imeachta chun aon cheart réamhcheannaigh a fheidhmiú. Mura bhfuil an méid socraithe, léiriú ar uasmhéid na scaireanna atá le tairiscint (má tá siad ar fáil) agus tuairisc ar na socruithe agus an tréimhse ama chun méid cinntitheach na tairisceana a fhógairt don phobal.

Faisnéis a sholáthar maidir leis an áit a bhféadfaidh infheisteoirí suibscríobh do na scaireanna nó a gceart réamhcheannaigh a fheidhmiú, fad thréimhse na tairisceana, lena n-áirítear aon leasú féideartha air agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na scaireanna nua.

A mhéid is eol don eisitheoir, faisnéis a sholáthar maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil sé ar intinn ag mór-scairshealbhóirí nó ag comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an eisitheora suibscríobh le haghaidh na tairisceana, nó atá nó nach bhfuil sé ar intinn ag aon duine suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint.

Aon ghealltanas daingean a chur i láthair chun suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint agus gach gné ábhartha de na comhaontuithe láithrithe agus socrúcháin, lena n-áirítear ainm agus seoladh na n-eintiteas a aontaíonn an eisiúint a láithriú ar bhonn gealltanas daingean nó faoi shocruithe “seandíchill” agus na cuótaí.

I gcás inarb infheidhme, an margadh fáis FBManna nó an MTF ina bhfuil na hurrúis le ligean isteach chun a dtrádála agus, más eol, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála a léiriú.

I gcás inarb infheidhme, mionsonraí faoi aon eintiteas a thugann gealltanas daingean gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil thánaisteach, agus leachtacht á soláthar trí rátaí tairisceana agus ofrála agus tuairisc ar phríomhthéarmaí a ngealltanais.

XII.   Faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na scaireanna

An fhaisnéis fhíor-riachtanach seo a leanas a sholáthar maidir leis na scaireanna a thairgtear don phobal:

(i)

tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na scaireanna atá á dtairiscint don phobal;

(ii)

an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);

(iii)

na cearta a ghabhann leis na scaireanna, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainn ar na cearta sin;

(iv)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2024/2810.

(v)

an praghas ag a dtairgfear na scaireanna nó, murab eol an praghas, léiriú ar an bpraghas uasta nó tuairisc ar an modh chun an praghas a chinneadh, de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo agus an phróisis chun é a nochtadh;

(vi)

rabhadh a thabhairt go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát an infheisteora agus thír corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na scaireanna.

(vii)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, eisitheoir na n-urrús foluiteach.

XIII.   An chúis atá leis an tairiscint agus úsáid fáltas

Faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin.

I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua. Ina theannta sin, ní mór sonraí a thabhairt maidir le húsáid na bhfáltas, go háirithe i gcás ina bhfuil fáltais á n-úsáid chun sócmhainní a fháil, seachas i ngnáthchúrsa gnó, chun éadálacha fógartha gnó eile a mhaoiniú, nó chun féichiúnas a urscaoileadh, a laghdú nó a aistarraingt.

Míniú a sholáthar ar an gcaoi a n-ailíníonn na fáltais ón tairiscint leis an straitéis ghnó agus leis na cuspóirí straitéiseacha.

XIV.   Ráiteas caipitil oibre

Ráiteas ón eisitheoir gur leordhóthanach, dar leis, é an caipiteal oibre le haghaidh cheanglais reatha an eisitheora nó, mura bhfuil sé leordhóthanach, ráiteas i dtaobh conas atá sé beartaithe ag an eisitheoir an caipiteal oibre breise atá ag teastáil a sholáthar.

XV.   Coinbhleachtaí leasa

Faisnéis a sholáthar faoi aon leas a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna.

XVI.   Caolú agus scairshealbhóireacht tar éis na heisiúna

Comparáid a chur i láthair maidir leis an rannpháirtíocht i scairchaipiteal agus cearta vótála do scairshealbhóirí atá ann cheana roimh an méadú caipitil a eascraíonn as an tairiscint phoiblí agus dá éis, leis an toimhde nach suibscríobhann scairshealbhóirí atá ann cheana le haghaidh na scaireanna nua, agus, ar leithligh, leis an toimhde nach mbaineann siad leas as a dteidlíocht.

XVII.   Na doiciméid atá ar fáil

Léiriú ar an suíomh gréasáin ina bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid.

Ráiteas gur féidir cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, ar feadh théarma an réamheolaire eisiúna fáis AE:

(i)

meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;

(ii)

gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt dóibh i réamheolaire eisiúna fáis AE.

IARSCRÍBHINN VIII

FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA RÉAMHEOLAIRE EISIÚNA FÁIS AE LE hAGHAIDH URRÚS SEACHAS SCAIREANNA NÓ URRÚIS INAISTRITHE ATÁ COIBHÉISEACH LE SCAIREANNA I gCUIDEACHTAÍ

I.   Achoimre

Beidh achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

II.   Faisnéis faoin eisitheoir

An chuideachta a eisíonn na hurrúis a shainaithint, lena n-áirítear áit chlárúcháin an eisitheora, a huimhir chlárúcháin agus a haitheantóir eintitis dhlítheanaigh (“LEI”), a hainm dlíthiúil agus tráchtála, an reachtaíocht faoina n-oibríonn an t-eisitheoir, tír a corpraithe, seoladh, uimhir theileafóin a hoifige cláraithe (nó a príomháit ghnó murab ionann í agus a hoifig chláraithe) agus an suíomh gréasáin, más ann dó, agus séanadh á chur leis nach cuid den réamheolaire eisiúna fáis AE an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú trí thagairt sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

Aon teagmhas a tharla le déanaí a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus atá ábhartha a mhéid is ábhartha do mheastóireacht ar shócmhainneacht an eisitheora.

I gcás inarb infheidhme, rátálacha creidmheasa arna sannadh don eisitheoir arna iarraidh sin dó nó le comhoibriú an eisitheora sa phróiseas rátála.

III.   Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil

A.   Ráiteas freagrachta

Na daoine atá freagrach as tarraingt suas an réamheolaire eisiúna fáis AE a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá sa réamheolaire eisiúna fáis AE i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa réamheolaire fáis AE a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:

(i)

ainm;

(ii)

seoladh gnó;

(iii)

cáilíochtaí; agus

(iv)

leas ábhartha (más ann dó) san eisitheoir.

B.   Ráiteas faoin údarás inniúil

Ní mór a léiriú sa ráiteas an t-údarás inniúil a d’fhormheas an réamheolaire eisiúna fáis AE, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní mór a shonrú ann nach formhuiniú de chuid an eisitheora ná ar cháilíocht na n-urrús lena mbaineann an réamheolaire eisiúna fáis AE é an formheas sin, nár fhormheas an t-údarás inniúil an réamheolaire eisiúna fáis AE ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aige, agus sonrófar ann gur tarraingíodh suas an réamheolaire eisiúna fáis AE i gcomhréir le hAirteagal 15a.

IV.   Tosca riosca

Tuairisc a thabhairt ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus tuairisc ar na rioscaí ábhartha, i líon teoranta catagóirí, a bhaineann go sonrach leis na hurrúis atá á dtairiscint don phobal, i roinn dar teideal “Tosca Riosca”.

Comhthacófar na rioscaí le hinneachar an réamheolaire eisiúna fáis AE.

V.   Straitéis fáis agus forbhreathnú gnó

Tuairisc ghairid ar straitéis ghnó an eisitheora, lena n-áirítear acmhainneacht fáis.

Tuairisc ar phríomhghníomhaíochtaí an eisitheora, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

príomhchatagóirí na dtáirgí a dhíoltar agus/nó na seirbhísí a dhéantar;

(ii)

léiriú ar aon táirge, seirbhís nó gníomhaíocht nua shuntasach;

(iii)

na príomh-mhargaí ina mbíonn an t-eisitheoir san iomaíocht.

VI.   Struchtúr eagraíochtúil

Más cuid de ghrúpa é an t-eisitheoir agus mura gcumhdaítear é in áit eile sa réamheolaire eisiúna fáis AE agus a mhéid is gá chun tuiscint a chur ar ghnó an eisitheora ina iomláine, léaráid den struchtúr eagraíochtúil.

VII.   Rialachas corparáideach

Tuairisc ghairid a sholáthar ar chleachtais an bhoird agus ar rialachas.

Ainmneacha, seoltaí gnó agus feidhmeanna laistigh den eisitheoir de chuid na ndaoine seo a leanas a sholáthar mar aon le léiriú ar na príomhghníomhaíochtaí a dhéanann siad lasmuigh den eisitheoir sin i gcás ina bhfuil siad suntasach i leith an eisitheora sin:

(i)

comhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus/nó maoirseachta;

(ii)

comhpháirtithe a bhfuil dliteanas neamhtheoranta acu, i gcás comhpháirtíocht theoranta le scairchaipiteal.

VIII.   Faisnéis airgeadais

Na ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar an réamheolaire eisiúna fáis AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil.

Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ní mór an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014.

I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha an réamheolaire eisiúna fáis AE, a thugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh sa réamheolaire eisiúna fáis AE:

(i)

ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;

(ii)

míniú ar aon imeacht suntasach ó na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta.

I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó i gcás ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, modhnuithe, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine.

Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí.

IX.   Sonraí a bhaineann leis an tairiscint nó leis an ligean isteach chun trádála

Praghas na tairisceana, líon na n-urrús a thairgtear, méid na heisiúna nó méid na tairisceana agus na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir a leagan amach. Mura bhfuil an méid socraithe, léiriú ar uasmhéid na n-urrús atá le tairiscint (má tá siad ar fáil) agus tuairisc ar na socruithe agus an tréimhse ama chun méid cinntitheach na tairisceana a fhógairt don phobal.

Faisnéis a sholáthar maidir leis an áit a bhféadfaidh infheisteoirí suibscríobh le haghaidh na n-urrús, fad thréimhse na tairisceana, lena n-áirítear aon leasú féideartha air agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na n-urrús nua.

Ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a fhrithghealladh ar bhonn gealltanais dhaingin, agus ainm agus seoladh na n-eintiteas a chomhaontaíonn an eisiúint a láirithiú gan gealltanas daingean nó faoi shocruithe “seandíchill”. Léiriú ar ghnéithe ábhartha na gcomhaontuithe, lena n-áirítear na cuótaí. I gcás nach bhfuil an eisiúint go léir frithgheallta, ráiteas ar an gcuid nach bhfuil clúdaithe. Léiriú ar mhéid foriomlán an choimisiúin frithgheallta agus ar an gcoimisiún láithrithe.

I gcás inarb infheidhme, an Margadhmargadh fáis FBManna nó MTF ina bhfuil na hurrúis le ligean isteach chun a dtrádála agus, más eol, na dátaí is luaithe ar a ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála a léiriú.

Mionsonraí faoi aon eintiteas a thugann gealltanas daingean gníomhú mar idirghabhálaithe i dtrádáil thánaisteach, agus leachtacht á soláthar trí rátaí tairisceana agus ofrála agus tuairisc ar phríomhthéarmaí a ngealltanais.

X.   Faisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis

Is é is cuspóir don roinn seo a fhoráil go n-áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis fhíor-riachtanach maidir leis na hurrúis:

(i)

an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);

(ii)

na cearta a ghabhann leis na hurrúis, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainn ar na cearta sin;

(iii)

an praghas ag a dtairgfear na hurrúis nó, murab eol an praghas, léiriú ar an bpraghas uasta nó tuairisc ar an modh chun an praghas a chinneadh, de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo agus an phróisis chun é a nochtadh;

(iv)

faisnéis a bhaineann le hús iníoctha nó tuairisc ar an ionstraim fholuiteach, lena n-áirítear an modh a úsáidtear chun nasc a dhéanamh idir an ionstraim fholuiteach agus an ráta, agus léiriú ar an áit ar féidir faisnéis a fháil faoi fheidhmíocht na hionstraime foluití roimhe seo agus amach anseo agus faoina luaineacht;

(v)

tuairisc ar chineál, ar aicme agus ar mhéid na n-urrús atá á dtairiscint don phobal;

(vi)

rabhadh a thabhairt go bhféadfadh reachtaíocht chánach Bhallstát an infheisteora agus thír corpraithe an eisitheora tionchar a imirt ar an ioncam a fhaightear ó na hurrúis.

(vii)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na hurrúis fholuiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, eisitheoir na n-urrús foluiteach.

XI.   Cúiseanna leis an tairiscint, úsáid fáltas agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG

Faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin.

I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua. Ina theannta sin, ní mór sonraí a thabhairt maidir le húsáid na bhfáltas, go háirithe i gcás ina bhfuil fáltais á n-úsáid chun sócmhainní a fháil, seachas i ngnáthchúrsa gnó, chun éadálacha fógartha gnó eile a mhaoiniú, nó chun féichiúnas a urscaoileadh, a laghdú nó a aistarraingt.

I gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le ESG i gcomhréir leis an sceideal mar a shonraítear a thuilleadh sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(1), an dara fomhír, pointe (g), á gcur san áireamh.

XII.   Coinbhleachtaí leasa

Faisnéis a sholáthar faoi aon leas a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna.

XIII.   Na doiciméid atá ar fáil

Ráiteas gur féidir cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, ar feadh théarma an réamheolaire eisiúna fáis AE:

(i)

meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;

(ii)

gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt dóibh sa réamheolaire eisiúna fáis AE.

Léiriú ar an suíomh gréasáin ina bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar na doiciméid.

IARSCRÍBHINN IX

FAISNÉIS ATÁ LE hÁIREAMH SA DOICIMÉAD DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(4), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTÍ (DA) AGUS (DB), AGUS IN AIRTEAGAL 1(5), AN CHÉAD FHOMHÍR, POINTE (BA)

I.   

Ainm an eisitheora, (lena n-áirítear a LEI), tír an chorpraithe, nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora.

II.   

Dearbhú uathu siúd atá freagrach as an doiciméad go bhfuil an fhaisnéis atá sa doiciméad, ar feadh a n-eolais féin, i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh sa doiciméad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

III.   

Ainm údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcomhréir le hAirteagal 20. Ráiteas nach réamheolaire é an doiciméad de réir bhrí an Rialacháin seo agus nach raibh an doiciméad faoi réir ghrinnscrúdú agus fhormheas údarás inniúil an Bhallstáit baile.

IV.   

Ráiteas maidir le comhlíonadh leanúnach na n-oibleagáidí tuairiscithe agus nochta le linn na tréimhse a ligtear isteach iad chun a dtrádála, lena n-áirítear faoi Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

V.   

Léiriú ar an áit a bhfuil an fhaisnéis rialáilte arna foilsiú ag an eisitheoir de bhun oibleagáidí leanúnacha maidir le nochtadh ar fáil agus, i gcás inarb infheidhme, an áit ar féidir an réamheolaire is déanaí a fháil.

VI.   

I gcás ina dtairgtear urrúis don phobal, ráiteas nach bhfuil an t-eisitheoir, tráth na tairisceana, ag cur moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

VII.   

An chúis atá leis an eisiúint agus úsáid fáltas.

VIII.   

Na tosca riosca a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir.

IX.   

Saintréithe na n-urrús (lena n-áirítear a ISIN).

X.   

I gcás scaireanna, an caolú agus an scairsheilbh tar éis na heisiúna.

XI.   

I gcás ina ndéantar urrúis a thairiscint don phobal, téarmaí agus coinníollacha na tairisceana.

XII.   

I gcás inarb infheidhme, aon mhargadh rialáilte nó aon mhargadh fáis FBManna ina bhfuil na hurrúis, atá idirmhalartach maidir leis na hurrúis atá le tairiscint don phobal nó le ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, ligthe isteach cheana chun a dtrádála.


(*1)  Treoir (AE) 2024/2810 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM atá i gcomhad 2022/0406 (COD).

(*2)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).

(*4)  Níl sé infheidhme maidir leis na hurrúis neamhchothromais dá dtagraítear in Airteagal 7(1), an dara fomhír.’”


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2809/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top