This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R2205
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/2205 of 4 September 2024 granting a Union authorisation for the biocidal product family SICO Biocidal Product Family in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2205 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2024 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha SICO Biocidal Product Family i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2024/6078
IO L, 2024/2205, 5.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2205/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2205 |
5.9.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2205 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Meán Fómhair 2024
lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘SICO Biocidal Product Family’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 30 Aibreán 2019 chuir SICO iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus le hAirteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún (2) i ndáil leis an bhfine chéanna táirgí bithicídeacha a údarú, dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013, ar a dtugtar ‘SICO Biocidal Product Family’, de chineálacha táirgí 2 agus 4, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-TA051413-55 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Léirigh an t-iarratas freisin uimhir iarratais na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ a údaraíodh ina dhiaidh sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1758 ón gCoimisiún (3) agus atá taifeadta sa Chlár faoi chás-uimhir BC-HC051278-51. |
(2) |
Is é aigéad L-(+)-lachtach an tsubstaint ghníomhach atá san fhine chéanna táirgí bithicídeacha ‘SICO Biocidal Product Family’, ar substaint é a áirítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineálacha táirgí 2 agus 4. |
(3) |
An 19 Meán Fómhair 2022 chuir an Ghníomhaireacht tuairim uaithi (4) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá ag ‘SICO Biocidal Product Family’ i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013. |
(4) |
Sa tuairim uaithi, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nach bhfuil sna difríochtaí a bheartaítear idir ‘SICO Biocidal Product Family’ agus an fhine táirgí bithicídeacha ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ ach faisnéis a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athrú riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (5), agus ar bhonn an mheasúnaithe ar an bhfine táirgí bithicídeacha tagartha ghaolmhar ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ agus faoi réir chomhlíonadh an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, go gcomhlíonann ‘SICO Biocidal Product Family’ na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(5) |
An 20 Samhain 2023 sheol an Ghníomhaireacht na dréacht-achoimrí athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá ag ‘SICO Biocidal Product Family’ i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(6) |
Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí údarú Aontais a dheonú le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha ‘SICO Biocidal Product Family’. |
(7) |
Tá dáta éaga an údaraithe seo ailínithe le dáta éaga údarú na fine táirgí bithicídeacha tagartha gaolmhaire ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0029486-0000 do SICO maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ‘SICO Biocidal Product Family’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 25 Meán Fómhair 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2033.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 414/2013 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2013 lena sonraítear nós imeachta maidir le húdarú na dtáirgí bithicídeacha céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 7.5.2013, lch. 4), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/414/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1758 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘SALVECO SALVESAFE PRODUCTS’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 224, 12.9.2023, lch. 34), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1758/oj.
(4) Tuairim ó ECHA an 19.9.2022 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh na fine céanna táirgí bithicídeacha ‘SICO Biocidal Product Family’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj.
IARSCRÍBHINN
ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE HAGHAIDH TACAR TÁIRGÍ BITHICÍDEACHA
SICO Biocidal Product Family
Cineál nó cineálacha táirge
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe
PT04: Limistéar bia agus beatha
Uimhir an údaraithe: EU-0029486-0000
Uimhir sócmhainne: R4BP EU-0029486-0000
CUID I
AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
Caibidil 1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Ainm an tacair
Ainm |
SICO Biocidal Product Family |
1.2. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe PT04: Limistéar bia agus beatha |
1.3. Sealbhóir an údaraithe
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
SICO |
Seoladh |
577 RUE DU POMMARIN BP16 VOREPPE 38340 MOIRANS CEDEX FR |
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0029486-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0029486-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
an 25 Meán Fómhair 2024 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
an 30 Meán Fómhair 2033 |
1.4. Monaróir/monaróirí an táirge
Ainm an mhonaróra |
SALVECO S.A.S |
Seoladh an mhonaróra |
Avenue Pierre Mendès-France F-88100 SAINT DIE DES VOSGES An Fhrainc |
Suíomh na láithreán monaraíochta |
SALVECO S.A.S site 1 Avenue Pierre Mendès-France F-88100 SAINT DIE DES VOSGES An Fhrainc |
Ainm an mhonaróra |
S.I.C.O |
Seoladh an mhonaróra |
577 Rue du Pommarin F-38340 VOREPPE An Fhrainc |
Suíomh na láithreán monaraíochta |
S.I.C.O site 1 577 Rue du Pommarin F-38340 VOREPPE An Fhrainc S.I.C.O site 2 53 Avenue de l’Europe F-38522 SAINT-EGREVE An Fhrainc S.I.C.O site 3 436 Rue Emile Romanet F-38340 VOREPPE An Fhrainc |
1.5. Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
Substaint ghníomhach |
Aigéad L-(+)-lachtach |
Ainm an mhonaróra |
PURAC BIOCHEM BV |
Seoladh an mhonaróra |
Gran Vial 19-25 08160 Montmelo An Spáinn |
Suíomh na láithreán monaraíochta |
PURAC BIOCHEM BV site 1 Gran Vial 19-25 08160 Montmelo An Spáinn |
Substaint ghníomhach |
Aigéad L-(+)-lachtach |
Ainm an mhonaróra |
JUNGBUNGZLAUER S.A |
Seoladh an mhonaróra |
Z.I Portuaire BP 32 67390 Marckolsheim An Fhrainc |
Suíomh na láithreán monaraíochta |
JUNGBUNGZLAUER S.A site 1 Z.I Portuaire BP 32 67390 Marckolsheim An Fhrainc |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
0,627 - 31,33 % (w/w) |
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
0 - 28,8 % (w/w) |
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
0 - 8,23 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
SL – Tiúchán intuaslagtha |
Cuid II.
AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)
Caibidil 1. MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. MEITEA-SPC 1 aitheantóir
Aitheantóir |
Meta SPC: meta-SPC2 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-1 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe PT04: Limistéar bia agus beatha |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH META SPC 1
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
15,66 - 31,33 % (w/w) |
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
13,5 - 27 % (w/w) |
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
3,52 - 8,23 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
SL – Tiúchán intuaslagtha |
Caibidil 3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1
Ráitis ghuaise |
H315: Ina chúis le greannú craicinn. H318: Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil. EUH208: Eocalaptól, Carbhóin agus Líomainéin ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach. EUH208: Salaicioláit meitile agus Eoigeanól (cumhrán íonta) ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach. EUH208: Eucalyptol (cumhrán duilleoige eocalaipe) ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach. |
Ráitis réamhchúraim |
P101: Más gá comhairle liachta, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge ina aice láimhe. P102: Coimeád as aimsiú leanaí. P103: Léigh go cúramach agus lean na treoracha go léir. P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe. P280: Caith lámhainní cosanta, éadaí cosanta agus cosaint súile. P302+P352: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart uisce. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhoctúir. P321: Cóir leighis ar leith (féach ar an teagasc maidir le garchabhair fhorlíontach ar an lipéad seo). P332+P313: I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle. P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. |
Caibidil 4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Dífhabhtán nach bhfuil beartaithe le cur go díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (díghalráin do gach dromchlaí crua in-nite i limistéir cónaithe, institiúide agus tionsclaíoch)
An cineál táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe |
||||
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||||
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giostaí Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Víris Gnáthainm: eile: Víris imchlúdaithe Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||||
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh i limistéir cónaithe, institiúide agus tionsclaíoch. |
||||
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Spraeáil, scaipeadh, cuimilt, cúr, cóireáil scuaibe, cóireáil tumtha, tumadh, mapáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: - gan ghníomhaíocht mheicniúil. |
||||
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: - Caolú (%): 0,299% go 1,496% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Orgánaigh sprice eile:
Is é an íostiúchan de ghníomhaithe dromchla a bheidh in úsáid ná 0,29% i gcás táirge ar bith a bheidh arna áireamh as seo amach sa mheat-SPC seo. |
||||
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil ; an pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil) |
||||
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Tá méid an phacáiste i gcomhair neamhghairmithe teoranta do 3 lítear ar uasmhéid agus ba chóir do phacáistiú 1 lítear teacht le hanla Caidhpeanna athlíonta: 20 - 100 ml HDPE Buidéil: 0,5 - 5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1 - 80 lítear HDPE (i gcomhair úsáideoirí ghairmiúla amháin) Druma: 10 - 210 lítear HDPE (i gcomhair úsáideoirí ghairmiúla amháin) IBC: 1 000 lítear HDPE (i gcomhair úsáideoirí ghairmiúla amháin) |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2
Díghalráin limistéir bia agus beatha (díghalráin do gach dromchlaí crua in-nite i limistéir cónaithe, institiúide agus tionscail bia)
An cineál táirge |
PT04: Limistéar bia agus beatha |
||
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giostaí Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh
|
||
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Spraeáil, scaipeadh, cuimilt, cúr, cóireáil scuaibe, cóireáil tumtha, tumadh, mapáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: - gan ghníomhaíocht mheicniúil |
||
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: - Caolú (%): 0,299% go 1,496% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Is é an íostiúchan de ghníomhaithe dromchla a bheidh in úsáid ná 0,29% i gcás táirge ar bith a bheidh arna áireamh as seo amach sa mheat-SPC seo. |
||
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil ; an pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil) |
||
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Tá méid an phacáiste i gcomhair neamhghairmithe teoranta do 3lítearar uasmhéid agus ba chóir do phacáistiú 1lítearteacht le hanla Caidhpeanna athlíonta: 20 - 100 ml HDPE Buidéil: 0,5 - 5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1 - 80 lítear HDPE (i gcomhair úsáideoirí ghairmiúla amháin) Druma: 10 - 210 lítear HDPE (i gcomhair úsáideoirí ghairmiúla amháin) IBC: 1 000 lítear HDPE (i gcomhair úsáideoirí ghairmiúla amháin) |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1
5.1. Treoracha úsáide
— |
Fliuchaigh an dromchla ar fad ar feadh 5 nóiméad chun an táirge a chur (cuir timpeall 18 sprae /m2 nó 20 ml/m2 nó clúdaigh go hiomlán an oibiacht le díghalrú). |
— |
Ná úsáid ach ar dhromchlaí neamhphóiriúla. |
— |
Cuir le fios do shealbhóir an údaraithe má bhíonn an chóireáil neamhéifeachtach. |
— |
Cloí leis na treoracha úsáide. |
— |
Tabharfar eolas ar gach aon lipéad táirge maidir leis an gcaoi is ceart an caolú a dhéanamh d’fhonn éifeachtúlacht an táirge a ráthú. Ós rud é go gcuimsíonn an tiúchan L-(+)-aigéad lachtach réimse ó 15,66 go 31,33% i dtáirgí laistigh den mheat-SPC seo, ní féidir na caoluithe táirge ar fad a lua anseo.
|
sealbhóir an údaraithe ar an lipéad an toirt ábhartha den táirge atá lena caolú le huisce i gcás gach táirge ar leith
5.2. Bearta maolaithe riosca
— |
Nigh do lámha tar éis an táirge dlútháin a úsáid. |
— |
Seachain teagmháil le súile. |
— |
Seachain steallta agus doirteadh le linn measctha agus lódála (caolú). |
— |
I gcomhair úsáidí allamuigh, ná forchuir an táirge i gcás go bhfuiltear ag súil le báisteach laistigh 24 uaire. |
— |
I gcomhair úsáideanna allamuigh ag sprae, seachain aistriú go limistéir eile leis an ngaoth (gluaiseacht). |
I gcomhair úsáide gairmiúil amháin:
— |
Nuair a bheidh tú ag láimhseáil an táirge thiubhaithe (le linn a chaolaithe) caith lámhainní cosanta a bheidh frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán arna n-aicmiú faoi EN 374 nó a choibhéis, spéaclaí cosanta ceimiceacha i gcomhréir le EN 16321 nó a choibhéis agus rabhlaer i gcomhréir le EN 14605 nó a choibhéis. Tá teidil iomlána na gcaighdeán EN le fáil in Alt 6. – Ábhar a bhaineann le PPE lena sainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge. |
Le haghaidh úsáide neamhghairmiúil amháin:
— |
Teastaíonn dúnadh sábháilte do pháistí. |
— |
Coinnigh ar shiúl é ó leanaí nó pheataí. |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
— |
Más gá comhairle liachta, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge ina aice láimhe |
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis. |
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. |
Cuir glao ar 112 nó ar otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Faisnéis do phearsanra Sláinte nó ar dochtúir:
Ba cheart na súile a shruthlaigh arís agus arís eile ar an mbealach go dtí an dochtúir má nochtadh na súile do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní ar nós aigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.
— |
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112 nó ar otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. |
— |
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
— |
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein. |
— |
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla. |
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
— |
Coinnigh ar shiúl é ó leanaí nó pheataí. |
— |
Seilfré: 2 bhliain. |
— |
Cosnaítear ón tsioc é. |
Caibidil 6. FAISNÉIS EILE
Ní bhaineann P280 (Caith lámhainní cosanta/éadaí cosanta/cosaint súile/cosaint aghaidhe) leis an úsáideoir neamhghairmiúil.
Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear in alt 5.2 ‘Bearta maolaithe riosca’:
|
EN 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach |
|
EN 16321 – Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid ceirde |
|
EN 14605 – Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Riachtanais feidhmíochta i gcás éadaí a bhfuil naisc leacht-dhíonacha (Cineál 3) nó cáitheadh-dhíonacha (Cineál 4) ag baint leo, ar a n-áirítear míreanna lena dtugtar cosaint do bhaill áirithe den chorp agus dóibhsean amháin (Cineálacha PB [3] agus PB [4]) |
Caibidil 7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm/trádainmneacha |
5 EN 1 DETERGENT DEGRAISSANT DETARTRANT DESINFECTANT DESODORISANT |
Réimse margaidh: AE |
|||||
NETTOYANT DESINFECTANT ANTI-CALCAIRE CONCENTRE DILUTION 2% |
Réimse margaidh: AE |
||||||
DETERGENT DEGRAISSANT DETARTRANT DESINFECTANT DESODORISANT DILUTION 2% |
Réimse margaidh: AE |
||||||
5D CONCENTRE DILUTION 2% |
Réimse margaidh: AE |
||||||
5 EN 1 CONCENTRE PARFUME |
Réimse margaidh: AE |
||||||
FLASH GERM 5 EN 1 |
Réimse margaidh: AE |
||||||
FLASH GERM CONCENTRE PARFUME DILUTION 2% |
Réimse margaidh: AE |
||||||
FLASH GERM PARFUME |
Réimse margaidh: AE |
||||||
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0029486-0001 1-1 |
|||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
15,66 % (w/w) |
||
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
13,5 % (w/w) |
||
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
4,11 % (w/w) |
Caibidil 1. MEITEA-SPC 2 FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. MEITEA-SPC 2 aitheantóir
Aitheantóir |
Meta SPC: meta-SPC3 |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
Uimhir |
1-2 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
Cineál nó cineálacha táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe PT04: Limistéar bia agus beatha |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH META SPC 2
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 2
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
7,83 - 31,33 % (w/w) |
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
6,75 - 27 % (w/w) |
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
1,32 - 3,52 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 2
Cineál nó cineálacha foirmlithe |
SL – Tiúchán intuaslagtha |
Caibidil 3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 2
Ráitis ghuaise |
H315: Ina chúis le greannú craicinn. H318: Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil. |
Ráitis réamhchúraim |
P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe. P280: Caith lámhainní cosanta, éadaí cosanta agus cosaint súile. P302+P352: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart uisce. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P310: Cuir glao láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhoctúir. P321: Cóir leighis ar leith (féach ar an teagasc maidir le garchabhair fhorlíontach ar an lipéad seo). P332+P313: I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle. P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid. |
Caibidil 4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Dífhabhtán nach bhfuil beartaithe le cur go díreach ar dhaoine nó ar ainmhithe (díghalráin do gach dromchlaí crua in-nite i limistéir institiúide agus tionsclaíoch)
An cineál táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe |
||||
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||||
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giostaí Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Víris Gnáthainm: eile: Víris imchlúdaithe Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||||
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh - i limistéar institiúide agus tionsclaíoch |
||||
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Spraeáil, scaipeadh, cuimilt, cúr, cóireáil scuaibe, cóireáil tumtha, tumadh, mapáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: - gan ghníomhaíocht mheicniúil |
||||
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: - Caolú (%): 0,299% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Orgánaigh sprice eile:
Is é an íostiúchan de ghníomhaithe dromchla a bheidh in úsáid ná 0,29% i gcás táirge ar bith a bheidh arna áireamh as seo amach sa mheat-SPC seo. |
||||
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil |
||||
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Caidhpeanna athlíonta: 20 - 100 ml HDPE Buidéil: 0,5 - 5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1 - 80 lítear HDPE Druma: 10 - 210 lítear HDPE IBC: 1 000 lítear HDPE |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2
Díghalráin limistéir bia agus beatha (díghalráin do gach dromchlaí crua in-nite i limistéir institiúide agus tionsclaíoch)
An cineál táirge |
PT04: Limistéar bia agus beatha |
||
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: eile: Baictéir Gnáthainm: eile: Baictéir Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: eile: Giostaí Gnáthainm: eile: Giostaí Céim na forbartha: níl aon sonraí ar fáil |
||
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh úsáid lasmuigh
|
||
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: eile: Spraeáil, scaipeadh, cuimilt, cúr, cóireáil scuaibe, cóireáil tumtha, tumadh, mapáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: - gan ghníomhaíocht mheicniúil |
||
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: - Caolú (%): 0,299% Airí uainithe: Orgánaigh sprice riachtanacha:
Is é an íostiúchan de ghníomhaithe dromchla a bheidh in úsáid ná 0,29% i gcás táirge ar bith a bheidh arna áireamh as seo amach sa mheat-SPC seo. |
||
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil |
||
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Caidhpeanna athlíonta: 20 - 100 ml HDPE Buidéil: 0,5 - 5 lítear HDPE nó PET Canna breosla: 1 - 80 lítear HDPE Druma: 10 - 210 lítear HDPE IBC: 1 000 lítear HDPE |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 2
5.1. Treoracha úsáide
— |
Fliuchaigh an dromchla ar fad ar feadh 5 nóiméad chun an táirge a chur (cuir timpeall 18 sprae /m2 nó 20 ml/m2 nó clúdaigh go hiomlán an oibiacht le díghalrú). |
— |
Ná úsáid ach ar dhromchlaí neamhphóiriúla. |
— |
Cuir le fios do shealbhóir an údaraithe má bhíonn an chóireáil neamhéifeachtach. |
— |
Tabharfar eolas ar gach aon lipéad táirge maidir leis an gcaoi is ceart an caolú a dhéanamh d’fhonn éifeachtúlacht an táirge a ráthú. Ós rud é go gcuimsíonn an tiúchan L-(+)-aigéad lachtach réimse ó 7,83 go 31,33% i dtáirgí laistigh den mheat-SPC seo, ní féidir na caoluithe táirge ar fad a lua anseo. |
Luafaidh sealbhóir an údaraithe ar an lipéad an toirt ábhartha den táirge atá lena caolú le huisce i gcás gach táirge ar leith
Sampla i gcas táirge a bhfuil 7,83% de L-(+)-aigéad lachtach ann Gníomhaíocht bhaictéarach agus giostaicídeach |
Caolú an táirge 0,299% (40 ml den táirge, cuir isteach uisce suas go dtí 1 lítear) |
Am teagmhála 5 nóiméad |
5.2. Bearta maolaithe riosca
— |
Nuair a bheidh tú ag láimhseáil an táirge thiubhaithe (le linn a chaolaithe) caith lámhainní cosanta a bheidh frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán arna n-aicmiú faoi EN 374 nó a choibhéis, spéaclaí cosanta ceimiceacha i gcomhréir le EN 16321 nó a choibhéis agus rabhlaer i gcomhréir le EN 14605 nó a choibhéis. Tá teidil iomlána na gcaighdeán EN le fáil in Alt 6. |
— |
Ábhar a bhaineann le PPE lena sainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge. |
— |
Nigh do lámha tar éis an táirge dlútháin a úsáid. |
— |
Seachain teagmháil le súile. |
— |
Seachain steallta agus doirteadh le linn measctha agus lódála (caolú). |
— |
I gcomhair úsáidí allamuigh, ná forchuir an táirge i gcás go bhfuiltear ag súil le báisteach laistigh 24 uaire. |
— |
I gcomhair úsáideanna allamuigh ag sprae, seachain aistriú go limistéir eile leis an ngaoth (gluaiseacht). |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis. |
— |
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. |
Cuir glao ar 112 nó ar otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Faisnéis do phearsanra Sláinte nó ar dochtúir:
Ba cheart na súile a shruthlaigh arís agus arís eile ar an mbealach go dtí an dochtúir má nochtadh na súile do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní ar nós aigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.
— |
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112 nó ar otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. |
— |
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
— |
Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein. |
— |
Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla. |
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
— |
Seilfré: 2 bhliain. |
— |
Cosnaítear ón tsioc é. |
Caibidil 6. FAISNÉIS EILE
Is iad seo a leanas teidil iomlána na gcaighdeán EN dá dtagraítear in alt 5.2 ‘Bearta maolaithe riosca’:
|
EN 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach |
|
EN 16321 – Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid ceirde |
|
EN 14605 – Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Riachtanais feidhmíochta i gcás éadaí a bhfuil naisc leacht-dhíonacha (Cineál 3) nó cáitheadh-dhíonacha (Cineál 4) ag baint leo, ar a n-áirítear míreanna lena dtugtar cosaint do bhaill áirithe den chorp agus dóibhsean amháin (Cineálacha PB [3] agus PB [4]) |
Caibidil 7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 2
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm/trádainmneacha |
U2 DESODOR 4D+ |
Réimse margaidh: AE |
|||||
4D+ |
Réimse margaidh: AE |
||||||
DESODOR 4D+ |
Réimse margaidh: AE |
||||||
Uimhir an údaraithe |
EU-0029486-0002 1-2 |
||||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
15,66 % (w/w) |
||
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
13,5 % (w/w) |
||
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
1,76 % (w/w) |
7.2. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
Trádainm/trádainmneacha |
KING FLASH GERM |
Réimse margaidh: AE |
|||||
KingFlash germ’ |
Réimse margaidh: AE |
||||||
KING FLASH germ’ |
Réimse margaidh: AE |
||||||
FLASH GERM |
Réimse margaidh: AE |
||||||
Uimhir an údaraithe |
EU-0029486-0003 1-2 |
||||||
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
||
Aigéad L-(+)-lachtach |
|
substaint ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
31,33 % (w/w) |
||
Carbocsaláit éitir ochtaile sóidiam |
|
Substaint neamhghníomhach |
53563-70-5 |
|
27 % (w/w) |
||
D-glúcóphiranós, olagaiméarach, C10-16 (ré-uimhreach)-gliocóisíde ailcile |
|
Substaint neamhghníomhach |
110615-47-9 |
|
3,52 % (w/w) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2205/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)