EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2076

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le soiléiriú na gceanglas maidir le comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, nuashonruithe ar na ceanglais maidir le ceadúnú foirne eitilte agus deimhniú leighis, agus feabhsuithe maidir leis an eitlíocht ghinearálta

C/2024/5098

IO L, 2024/2076, 25.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2076/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2076/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2076

25.7.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2076 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2024

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le soiléiriú na gceanglas maidir le comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, nuashonruithe ar na ceanglais maidir le ceadúnú foirne eitilte agus deimhniú leighis, agus feabhsuithe maidir leis an eitlíocht ghinearálta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 23, 27 agus Airteagal 31 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais maidir le píolótaí atá bainteach le hoibriú aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (b)(i) agus (ii), de Rialachán (AE) 2018/1139.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (3) ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 140(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1139, tá Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 le cur in oiriúint do Rialachán (AE) 2018/1139 a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar aerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha a áiríodh i Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle   (4), arna aisghairm le Rialachán (AE) 2018/1139. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a leasú dá réir.

(4)

A mhéid a bhaineann le heitleáin aon innill, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a leasú chun na forbairtí teicniúla is déanaí a léiriú agus chun dearaí amach anseo a mheas, innill leictreacha agus dearaí innill hibridigh, ina bhfuil comhpháirteanna innill leictreacha agus teirmeacha araon.

(5)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a leasú freisin chun a fhorálacha a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, bunaithe ar shaincheisteanna ar tharraing comhlachtaí comhairleacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh aird orthu, ar saincheisteanna iad a tháinig chun cinn le linn gníomhaíochtaí tacaíochta faireacháin agus cur chun feidhme, nó a sainaithníodh a bheith ina bhfadhb, go sonrach maidir leis an eitlíocht ghinearálta nó leis an deimhniú aerleighis.

(6)

Agus na ceanglais maidir leis na pribhléidí a bhaineann le deimhniú rátála sléibhe a athbhailíochtú á simpliú, ba cheart forálacha idirthréimhseacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun aistriú rianúil ó na ceanglais is infheidhme atá ann faoi láthair go dtí na ceanglais is infheidhme a bheidh ann amach anseo a áirithiú.

(7)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha maidir le comhphíolótaí fóirithinte cúrsála i Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 agus i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 araon chun oiliúint leordhóthanach ar phíolótaí den sórt sin a áirithiú agus chun nósanna imeachta oibríochta iomchuí a bhunú chun údarás a aistriú idir baill den fhoireann eitilte.

(8)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha maidir le píolótaí a bhfuil 60 bliain d’aois slánaithe acu agus a bhfuil baint acu le hoibríochtaí héileacaptair aonphíolóta i gcomhair seirbhísí leighis éigeandála (HEMS) i Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 agus i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 araon chun cumhdach níos mó ar oibríochtaí HEMS a éascú agus, ar an gcaoi sin, cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le hinfhaighteacht fheabhsaithe seirbhísí leighis agus na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí le píolótaí atá os cionn 60 bliain d’aois.

(9)

Ós rud é go bhfuil prótacail dhiana ag teastáil le haghaidh taighde leighis, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a bhaineann le himthosca speisialta leighis chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm, nach mbeidh drochthionchar acu ar shábháilteacht eitilte agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail sheanbhunaithe taighde leighis.

(10)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha lenar féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar athrú ar a n-údarás inniúil ionas go mbeidh siad infheidhme freisin maidir le sealbhóirí deimhnithe leighis nár eisíodh ceadúnas dóibh go fóill.

(11)

Ós rud é go molann an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta measúnú a dhéanamh ar fhachtóirí riosca sláinte agus ar chomhairle choisctheach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar cheanglais leighis chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar rioscaí sláinte agus go háirithe ar na fachtóirí riosca cardashoithíocha.

(12)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha maidir le measúnú aerleighis chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí leo ar éifeachtaí meathlúcháin an aosaithe ar na córais choirp.

(13)

Leasuithe ar cheanglais maidir le deimhnithe leighis, le scrúdaitheoirí aerleighis agus le hionaid aerleighis, chomh maith le leasuithe a bhaineann le teorainneacha aoise do phíolótaí atá ag gabháil do HEMS, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin le hiarchur, ionas go dtabharfar an t-am is gá d’údaráis inniúla na mBallstát chun ullmhú do chur chun feidhme na n-athruithe rialála sin.

(14)

Tá dréachtrialacha cur chun feidhme ullmhaithe ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin iad le Tuairim Uimh. 05/2023 i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (3);

(b)

cuirtear na pointí (3a) agus (3b) seo a leanas isteach:

‘(3a)

ciallaíonn “eitleán coimpléascach” eitleán a chomhlíonann ceachtar de na saintréithe seo a leanas:

(i)

a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh aige is mó ná 5 700 kg;

(ii)

atá deimhnithe d’uaschumraíocht suí do phaisinéirí is mó ná naoi suíochán déag;

(iii)

atá deimhnithe chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad;

(iv)

atá feistithe le hinneall turba-scairde nó le hinnill turba-scairde nó le níos mó ná inneall turba-liáin amháin;

(3b)

ciallaíonn “héileacaptar coimpléascach” héileacaptar a chomhlíonann ceachtar de na saintréithe seo a leanas:

(i)

a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe aige is mó ná 3 175 kg;

(ii)

atá deimhnithe d’uaschumraíocht suí do phaisinéirí is mó ná naoi suíochán;

(iii)

atá deimhnithe chun oibriú le foireann de bheirt phíolótaí ar a laghad;’

(c)

cuirtear isteach na pointí (8c) agus (8d) seo a leanas:

‘(8c)

ciallaíonn “eitleán SEP” eitleán aon innill aonphíolóta nach n-éilítear rátáil chineáil ina leith agus a n-oibrítear a aonad tiomána lárnaithe aonair le rialú sá aonair agus a thiomáintear le ceachtar de na cineálacha innill seo a leanas:

(a)

inneall loiní;

(b)

córas innill leictrigh a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de níos mó ná inneall leictreach amháin, má shonraítear amhlaidh tar éis an phróisis deimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(c)

córas innill hibrideach arb é atá ann innill loiní agus leictreacha, má shonraítear amhlaidh tar éis an phróisis deimhniúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

(8d)

ciallaíonn ‘héileacaptar SEP’ héileacaptar aon innill aonphíolóta a chumhachtaítear le hinneall loiní;’;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘(1)   Gan dochar do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún (*1), píolótaí aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b)(i) agus (ii), de Rialachán (AE) 2018/1139, comhlíonfaidh siad na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta riaracháin a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniú píolótaí tríú tír a ghlacadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 (IO L 170, 2.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/723/oj).’;"

(3)

cuirtear an tAirteagal 3a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3a

Bearta idirthréimhseacha le haghaidh prótacail measúnaithe leighis a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le pointe ARA.MED.330 d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) agus deimhnithe leighis arna n-eisiúint ar a bhonn sin

1.   Údaráis inniúla atá rannpháirteach i bprótacail measúnaithe leighis, nó ar mian leo a bheith rannpháirteach i bprótacal measúnaithe leighis atá ann cheana, i gcomhréir le pointe ARA.MED.330 d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) is infheidhme roimh an 13 Feabhra 2025 féadfaidh siad leanúint den phrótacal ábhartha a chur i bhfeidhm nó de bheith páirteach sa phrótacal ábhartha go dtí deireadh a bhailíochta, i gcás inar cinneadh an bhailíocht roimh an 13 Lúnasa 2024.

2.   Féadfaidh sealbhóirí deimhnithe leighis arna n-eisiúint i gcomhréir leis na prótacail measúnaithe leighis dá dtagraítear i mír 1 pribhléidí a gceadúnas píolóta a fheidhmiú ar bhonn a ndeimhnithe leighis, fad a leanfaidh an prótacal measúnaithe leighis ábhartha d’fheidhm a bheith aige i gcomhréir le mír 1.’

;

(4)

in Airteagal 4(7), pointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

Eitleáin SEP agus héileacaptair SEP, a bhfuil uasmhais éirí de thalamh nach mó ná 2 000 kg acu araon;’;

(5)

cuirtear an tAirteagal 4h seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4h

Bearta idirthréimhseacha do shealbhóirí deimhnithe rátála sléibhe

Sealbhóirí deimhnithe rátála sléibhe a eisíodh roimh an 13 Lúnasa 2024 le dáta éaga atá formhuinithe i gcomhréir le pointe FCL.815 d’Iarscríbhinn I, chun leanúint dá bpribhléidí a fheidhmiú tar éis an dáta sin, déanfaidh siad na bearta seo a leanas:

(a)

a iarraidh ar an údarás inniúil a ndeimhniú rátála sléibhe gan dáta éaga a atheisiúint dóibh;

(b)

pointe FCL.815(d) d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, mura rud é, laistigh den 2 bhliain roimhe sin, go bhfuil a ndeimhniú rátála sléibhe athbhailíochtaithe acu i gcomhréir le pointe FCL.815(e) d’Iarscríbhinn I is infheidhme go dtí an 12 Lúnasa 2024.’;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(8)

Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(9)

Leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(10)

Leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn V (Cuid-SPA) i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag na leasuithe seo a leanas ón 13 Feabhra 2025:

(1)

Iarscríbhinn I, pointe (7);

(2)

Iarscríbhinn II;

(3)

Iarscríbhinn III, pointí (6) go (18), (22) agus (23);

(4)

Iarscríbhinn IV, pointí (2) go (9);

(5)

Iarscríbhinn VII.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1178/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 296, 25.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/965/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/216/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasuithe ar Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

i bpointe FCL.015, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

Féadfaidh sealbhóir ceadúnais a eisíodh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo (Cuid-FCL) iarratas chur faoi bhráid an údaráis inniúil arna ainmniú ag Ballstát eile ar athrú údaráis inniúil a bhaineann leis na ceadúnais uile atá ina sheilbh, mar a shonraítear i bpointe (d). Sealbhóirí deimhnithe aerleighis arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-MED) nach bhfuil ceadúnas píolóta acu go fóill, beidh siad i dteideal iarratas den sórt sin a dhéanamh ar athrú údaráis inniúil a bhaineann leis na taifid leighis uile a choinníonn an t-údarás inniúil.’;

(2)

i bpointe FCL.020, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Ní eitleoidh ábhar píolóta ina aonar mura gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(1)

go bhfuil sé údaraithe é sin a dhéanamh agus go ndéanann teagascóir eitilte maoirseacht air;

(2)

go bhfuil an inniúlacht faighte aige, sula bhfaighidh sé an t-údarú a shonraítear i bpointe (1), an t-aerárthach ábhartha a oibriú go sábháilte le linn na heitilte aonair atá beartaithe.’;

(3)

leasaítear pointe FCL.025 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (4) agus (5):

‘(4)

Más rud é, maidir le hiarratasóirí ar eisiúint ceadúnais píolóta le haghaidh aerárthaí éadroma (LAPL), ceadúnais píolóta phríobháidigh (PPL), nó rátáil bhunúsach uirlisí (BIR), nár éirigh leo i gceann de na páipéir scrúdaithe ar eolas teoiriciúil i ndiaidh ceithre iarracht nó gur theip orthu pas a fháil sna páipéir uile laistigh den tréimhse a luaitear i bpointe (b)(2), déanfaidh siad an tsraith iomlán de pháipéir scrúdaithe ar eolas teoiriciúil an athuair.

(5)

Sula ndéanfaidh siad an tsraith iomlán de pháipéir scrúdaithe ar eolas teoiriciúil an athuair, tabharfaidh iarratasóirí faoi oiliúint bhreise in DTO nó in ATO. Is é DTO nó ATO a chinnfidh méid agus raon feidhme na hoiliúna is gá, bunaithe ar riachtanais na n-iarratasóirí.’;

(b)

i bpointe (c)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

chun ceadúnas píolóta tráchtála, ceadúnas píolóta ilchriú nó rátáil uirlisí (IR) a eisiúint, ar feadh tréimhse 36 mhí;’;

(4)

i bpointe FCL.035(b), cuirtear an pointe (6) a leanas leis:

‘(6)

Nuair a áirítear i bhFoscríbhinn 1 creidmheas don ábhar ‘Cumarsáid’, beidh feidhm ag gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

ní dheonófar an creidmheas sin d’oiliúint agus do scrúdú an ábhair sin ach amháin má tá an t-ábhar ‘Cumarsáid’ nó an dá ábhar ‘Cumarsáid VFR’ agus ‘Cumarsáid IFR’ araon curtha i gcrích ag iarratasóirí le linn scrúduithe ar eolas teoiriciúil roimhe seo i gcomhréir le pointe ARA.FCL.300 d’Iarscríbhinn VI;

(ii)

maidir le hiarratasóirí nach bhfuil ach an t-ábhar ‘Cumarsáid VFR’ nó an t-ábhar ‘Cumarsáid IFR’ curtha i gcrích acu, déanfaidh siad teagasc ar eolas teoiriciúil san ábhar ‘Cumarsáid’ a chur i gcrích, ar féidir a fhad ama a laghdú bunaithe ar mheasúnú a dhéanfaidh ATO ar na hiarratasóirí. I gcás iarratasóirí a bhfuil an t-ábhar ‘Cumarsáid VFR’ curtha i gcrích acu, féadfar laghdú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann go hiomlán le Cumarsáid VFR. I gcás iarratasóirí a bhfuil an t-ábhar ‘Cumarsáidí IFR’ curtha i gcrích acu, féadfar laghdú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann go hiomlán le Cumarsáid IFR. In aon chás, déanfaidh iarratasóirí an scrúdú ar eolas teoiriciúil san ábhar ‘Cumarsáid’.’;

(5)

i bpointe FCL.045, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Beidh fianaise an údaraithe a éilítear le pointe FCL.020(a)(1) ar iompar ag ábhar píolóta ar gach eitilt trastíre aonair.’;

(6)

i bpointe FCL.060(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

mar chomhphíolóta fóirithinte cúrsála ach amháin má chríochnaigh sé nó sí, laistigh de na 90 lá roimhe sin, ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

trí earnáil ar a laghad mar chomhphíolóta fóirithinte cúrsála sa chineál ábhartha;

(ii)

oiliúint, a gcinneann an t-oibreoir ábhar na hoiliúna agus ina bhfuil trí earnáil ar a laghad mar chomhphíolóta fóirithinte cúrsála in FSTD a úsáidtear in ionad an chineáil ábhartha;

(iii)

oiliúint thréimhsiúil i gcomhréir le Fochuid FC (ORO.FC) d’Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012;

(iv)

seiceáil oilteachta le haghaidh comhphíolótaí fóirithinte cúrsála i gcomhréir le Foscríbhinn 9.’;

(7)

i bpointe FCL.065, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

60-64 bliana d’aois Eitleáin agus héileacaptair. Ní ghníomhóidh sealbhóir ceadúnais píolóta a bhfuil 60 bliain d’aois slánaithe aige mar phíolóta aerárthaigh atá ag gabháil d’aeriompar tráchtála ach amháin mar bhall d’fhoireann ilphíolóta. De mhaolú air sin, beidh sealbhóirí den sórt sin i dteideal gníomhú mar phíolótaí aerárthaí atá i mbun oibríochtaí éigeandála seirbhíse leighis i héileacaptar aonphíolóta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme a shonraítear chun na críche sin sa Rialachán sin agus in Iarscríbhinn IV (Cuid-MED) a ghabhann leis an Rialachán seo.’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.115:

‘FCL.115   LAPL – Cúrsa oiliúna

(a)

Déanfaidh iarratasóirí ar LAPL cúrsa oiliúna in DTO nó in ATO. Áireofar an méid seo a leanas ar an gcúrsa oiliúna sin:

(1)

eolas teoiriciúil agus teagasc eitilte is iomchuí do phribhléidí LAPL arbh ina leith a rinneadh an t-iarratas;

(2)

ina theannta sin, i gcás LAPL(H), na heilimintí oiliúna éigeantacha le haghaidh an chineáil ábhartha héileacaptair mar a shainítear i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

(b)

Is féidir teagasc ar eolas teoiriciúil agus teagasc eitilte a chur i gcrích ag DTO nó ag ATO nach ionann é agus an ceann ina bhfuil tús curtha ag iarratasóirí lena n-oiliúint.

(c)

Maidir leis an oiliúint le haghaidh phribhléid aicme mara eitleán SEP, measfar eilimintí Roinn B (Ceanglais shonracha maidir le catagóir an eitleáin), pointe 7 (Rátálacha aicme — muir), d’Fhoscríbhinn 9.

(d)

Féadfaidh iarratasóirí ar LAPL creidmheasanna a fháil as oiliúint PPL roimhe seo a rinne siad i gcomhréir le Fochuid C sa chatagóir aerárthaigh chéanna, bunaithe ar mheasúnú ar an iarratasóir ag an ATO nó ag an DTO atá freagrach as an gcúrsa oiliúna LAPL. In aon chás, comhlíonfaidh iarratasóirí na ceanglais maidir le taithí a leagtar amach i bpointí FCL.110.A(a) nó FCL.110.H(a), de réir mar is infheidhme.’;

(9)

i bpointe FCL.105.A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Pribhléidí

Is é atá i gceist leis na pribhléidí atá ag sealbhóir LAPL le haghaidh eitleán go mbeidh sé in ann gníomhú mar PIC ar eitleáin PIC ar thalamh (SEP(talamh)), ar eitleáin SEP-mara (SEP(muir)) nó ar TMG ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh de 2 000 kg nó níos lú, agus triúr paisinéirí ar a mhéad á n-iompar, ionas go mbeidh ceathrar ar a mhéad ar bord an aerárthaigh i gcónaí.’;

(10)

i bpointe FCL.110.A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Creidiúnú Féadfar creidiúnú i leith cheanglais phointe (a) a thabhairt d’iarratasóirí a bhfuil taithí acu roimhe sin mar PIC faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

is é an DTO nó an ATO a chinnfidh méid an chreidmheasa i gcás ina ndéanfaidh an píolóta an cúrsa oiliúna, ar bhonn measúnú eitilte réamhiontrála, ach déanfar an méid seo a leanas in aon chás:

(i)

ní rachaidh siad thar an aga eitilte iomlán mar PIC;

(ii)

ní rachaidh siad thar 50 % de na huaireanta a éilítear i bpointe (a);

(iii)

ní áireofar leo ceanglais phointe (a)(2);

(2)

féadfar taithí mar PIC in aerárthaí atá faoi réir cinneadh ó Bhallstát arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(8), pointí (a) nó (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 nó a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a mheas, ar choinníoll go bhfuil an t-aerárthach ag teacht leis an sainmhíniú ar an gcatagóir aerárthaigh sin faoin Iarscríbhinn seo (Cuid-FCL).’;

(11)

i bpointe FCL.135.A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Eiseofar pribhléidí d’iarratasóirí ar LAPL(A) don aicme eitleán nó TMGanna ina ndearnadh an tástáil scileanna. Chun a bpribhléidí a leathnú chun aicme eile a chumhdach, críochnóidh sealbhóirí LAPL(A), san aicme eile sin, gach ceann díobh seo a leanas:

(1)

3 uair an chloig de theagasc eitilte, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

10 n-éirí de thalamh agus tuirlingt arna ndéanamh faoi stiúir dhúbailte;

(ii)

10 n-éirí de thalamh agus tuirlingt aonair faoi mhaoirseacht;

(2)

tástáil scileanna chun leibhéal leordhóthanach scile praiticiúla a léiriú sa rang nua. Le linn na tástála scileanna sin, léireoidh an t-iarratasóir don scrúdaitheoir freisin leibhéal leordhóthanach eolais theoiriciúil don aicme eile sna hábhair seo a leanas:

(i)

Nósanna imeachta oibríochtúla,

(ii)

Feidhmiú agus pleanáil eitilte,

(iii)

Eolas ginearálta faoi aerárthaí.

(b)

Chun na pribhléidí a leathnú chun leagan eile laistigh d’aicme a chumhdach, cuirfear oiliúint ar an bpíolóta maidir le difríochtaí nó cuirfear taithí air. Cuirfear an oiliúint maidir le difríochtaí isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir í. Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin SEP á leathnú chun leagan le cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c) a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:

(1)

Nósanna imeachta oibríochtúla,

(2)

Feidhmiú agus pleanáil eitilte,

(3)

Eolas ginearálta faoi aerárthaí.’

(12)

leasaítear pointe FCL.140.A mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

go bhfuil 12 uair an chloig ar a laghad d’aga eitilte curtha i gcrích acu mar PIC nó i dtaca le heitilt arna déanamh faoi stiúir dhúbailte nó le heitilt arna déanamh ag ábhar píolóta ina aonar faoi mhaoirseacht teagascóra, lena n-áirítear:

(i)

12 éirí de thalamh agus tuirlingt;

(ii)

oiliúint athnuachana 1 uair an chloig ar a laghad den aga eitilte iomlán leis an teagascóir agus chun sástacht an teagascóra a roghnóidh na cleachtaí eitilte sin a chuirfidh ar a chumas don iarratasóir a inniúlacht a athnuachan maidir leis an aerárthach a oibriú go sábháilte agus maidir le gnáthnósanna imeachta, nósanna imeachta neamhghnácha agus nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm;’;

(b)

cuirtear na pointí (c) agus (d) seo a leanas isteach:

‘(c)

Sealbhóirí LAPL(A) ag a bhfuil pribhléidí d’eitleáin SEP a leathnaigh a bpribhléidí chun leagan a chumhdach ag a bhfuil cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c), i gcomhréir le pointe FCL.135.A(b), mura bhfuil an leagan sin eitilte acu laistigh den 2 bhliain roimhe sin, críochnóidh siad aon cheann de na nithe seo a leanas sa leagan sin, sula bhfeidhmeoidh siad a bpribhléidí sa leagan sin:

(1)

oiliúint bhreise maidir le difríochtaí i gcomhréir le pointe FCL.135.A(b);

(2)

seiceáil oilteachta;

(3)

oiliúint athnuachana i gcomhréir le pointe FCL.140.A(a)(1)(ii).

(d)

Déanfar na heitiltí oiliúna, na heitiltí faoi mhaoirseacht dá dtagraítear san abairt tosaigh de phointe (a)(1), an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) agus i bpointe (c)(3) agus an tseiceáil oilteachta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) agus i bpointe (c)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir iad, de réir mar is infheidhme.’;

(13)

i bpointe FCL.110.H, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Creidiúnú Féadfar creidiúnú i leith cheanglais phointe (a) a thabhairt d’iarratasóirí a bhfuil taithí acu roimhe sin mar PIC faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

is é an DTO nó an ATO a chinnfidh méid an chreidmheasa i gcás ina ndéanfaidh an píolóta an cúrsa oiliúna, ar bhonn measúnú eitilte réamhiontrála, ach déanfar an méid seo a leanas in aon chás:

(i)

ní rachaidh siad thar an aga eitilte iomlán mar PIC;

(ii)

ní rachaidh siad thar 50 % de na huaireanta a éilítear i bpointe (a);

(iii)

ní áireofar leo ceanglais phointe (a)(2);

(2)

féadfar taithí mar PIC in aerárthaí atá faoi réir cinneadh ó Bhallstát arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(8), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1139 nó a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a mheas, ar choinníoll go bhfuil an t-aerárthach ag teacht leis an sainmhíniú ar an gcatagóir héileacaptair faoin Iarscríbhinn seo (Cuid-FCL).’;

(14)

i bpointe FCL.135.H, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Eiseofar pribhléidí d’iarratasóirí ar LAPL(H) don chineál sonrach héileacaptair ina ndearnadh an tástáil scileanna. Chun a gcuid pribhléidí a leathnú chun héileacaptar de chineál eile a chumhdach, críochnóidh sealbhóirí LAPL(H) na nithe uile seo a leanas sa chineál eile sin:

(1)

mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil a leagtar síos i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún, 5 uair an chloig de theagasc eitilte ar a laghad, lena n-áirítear:

(i)

15 éirí de thalamh, ascnamh agus tuirlingt arna ndéanamh faoi stiúir dhúbailte;

(ii)

15 éirí de thalamh, ascnamh agus thuirlingt arna ndéanamh ag an ábhar píolóta ina aonar faoi mhaoirseacht;

(2)

tástáil scileanna chun leibhéal leordhóthanach scileanna praiticiúla a léiriú sa chineál nua. Le linn na tástála scileanna sin, léireoidh an t-iarratasóir don scrúdaitheoir freisin leibhéal leordhóthanach eolais theoiriciúil don chineál eile sna hábhair seo a leanas:

(i)

Nósanna imeachta oibríochtúla,

(ii)

Feidhmiú agus pleanáil eitilte,

(iii)

Eolas ginearálta faoi aerárthaí.

(b)

Sula bhféadfaidh sealbhóir LAPL(H) pribhléidí an cheadúnais a fheidhmiú i leagan eile héileacaptair seachas an ceann a úsáidtear le haghaidh na tástála scileanna, cuirfear oiliúint ar an bpíolóta maidir le difríochtaí nó rachaidh sé i mbun taithíochta, mar a chinntear sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012. Cuirfear an oiliúint maidir le difríochtaí isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir í.’

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.140.H:

‘FCL.140.H   LAPL(H) – Ceanglais maidir le taithí dhéanach

(a)

Ní fheidhmeoidh sealbhóirí LAPL(H) pribhléidí a gceadúnais ar chineál sonrach ach amháin má rinne siad, sa chineál ábhartha, ceann de na céimeanna seo a leanas le 12 mhí anuas:

(1)

an dá cheann seo a leanas a chríochnú:

(i)

6 uair an chloig ar a laghad d’aga eitilte ar héileacaptair den chineál sin mar PIC, nó ar eitilt faoi stiúir dhúbailte nó aonair faoi mhaoirseacht teagascóra, lena n-áirítear sé éirí de thalamh, ascnamh agus tuirlingt;

(ii)

oiliúint athnuachana 1 uair an chloig ar a laghad den aga eitilte iomlán leis an teagascóir agus chun sástacht an teagascóra a roghnóidh na cleachtaí eitilte sin a chuirfidh ar a chumas don iarratasóir a inniúlacht a athnuachan maidir leis an aerárthach a oibriú go sábháilte agus maidir le gnáthnósanna imeachta, nósanna imeachta neamhghnácha agus nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm;

(2)

fuair siad pas sa tseiceáil oilteachta le scrúdaitheoir ar an gcineál sonrach sula dtosaíonn siad arís ar fheidhmiú phribhléidí a cheadúnais. Beidh an clár seiceála oilteachta sin bunaithe ar an tástáil scileanna don LAPL(H).

(b)

Féadfaidh iarratasóirí rogha a dhéanamh an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) a chur i gcrích san aerárthach nó in FSTD a úsáidtear in ionad an chineáil ábhartha é, nó i meascán den dá chineál.

(c)

Déanfar na heitiltí oiliúna, na heitiltí faoi mhaoirseacht dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(i), an oiliúint athnuachana dá dtagraítear i bpointe (a)(1)(ii) agus an tseiceáil oilteachta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) a chur isteach i logleabhar an phíolóta nó i dtaifead coibhéiseach agus síneoidh an teagascóir nó an scrúdaitheoir é, de réir mar is infheidhme.’;

(16)

i bpointe FCL.205.A(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (2) agus (3):

‘(2)

tástálacha scileanna agus seiceálacha oilteachta le haghaidh na gceadúnas a shonraítear i bpointe (1);

(3)

an oiliúint, an tástáil agus an tseiceáil le haghaidh na rátálacha eitilte nó na ndeimhnithe a bhaineann le ceadúnas an teagascóra nó an scrúdaitheora, de réir mar is infheidhme.’;

(17)

i bpointe FCL.210.A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Beidh 45 uair an chloig ar a laghad de theagasc eitilte curtha i gcrích ag iarratasóirí ar PPL(A) in eitleáin nó in TMGanna, agus d’fhéadfadh 5 uair an chloig díobh sin a bheith curtha i gcrích in FSTD, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(1)

25 uair an chloig oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte;

(2)

10 uair an chloig d’aga eitilte aonair faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear ar a laghad 5 uair an chloig d’aga eitilte trastíre aonair le heitilt trastíre amháin 270 km (150 NM) ar a laghad, ar lena linn a dhéanfar tuirlingtí lánstad ag dhá aeradróm atá éagsúil leis an aeradróm imeachta.

Féadfaidh iarratasóirí an t-aga eitilte le haghaidh cúrsa oiliúna rátála eitilte oíche a chaitheamh i gcomhréir le pointe FCL.810(a)(1)(ii) mar chuid de 45 uair an chloig de theagasc eitilte, ar choinníoll go mbeidh bunfheiste oiliúna eitilte le huirlisí curtha i gcrích acu sula gcuirfidh siad tús le hoiliúint le haghaidh rátáil eitilte oíche.

(b)

Ceanglais shonracha le haghaidh iarratasóirí ar cuireadh oiliúint LAPL(A) orthu. Gheobhaidh iarratasóirí ar PPL(A) creidmheasanna as oiliúint LAPL(A) a rinne siad roimhe seo agus eiseofar PPL(A) dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann oiliúint LAPL(A) agus oiliúint PPL(A) a chuir siad i gcrích san iomlán na ceanglais taithí i bpointe (a). I gcás den sórt sin, áfach, beidh feidhm ag an méid seo a leanas ar fad:

(1)

má tá LAPL(A) ag iarratasóirí cheana féin, beidh feidhm ag gach ceann díobh seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil 45 uair an chloig ar a laghad d’aga eitilte iomlán curtha i gcrích ag iarratasóirí in eitleáin nó in TMGanna:

(i)

laghdaítear an ceanglas san abairt tosaigh de phointe (a) go 40 uair an chloig de theagasc eitilte;

(ii)

laghdaítear an ceanglas i bpointe (a)(1) go 21 uair an chloig d’oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta;

(2)

beidh an méid seo a leanas ar a laghad curtha i gcrích ag iarratasóirí le teagascóir atá cáilithe chun treoir a thabhairt do PPL(A):

(i)

5 uair an chloig d’oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta;

(ii)

aga eitilte aonair mar a shonraítear i bpointe (a)(2).’;

(18)

i bpointe FCL.205.H(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (2) agus (3):

‘(2)

tástálacha scileanna agus seiceálacha oilteachta le haghaidh na gceadúnas a shonraítear i bpointe (1);

(3)

an oiliúint, an tástáil agus an tseiceáil le haghaidh na rátálacha eitilte nó na ndeimhnithe a bhaineann le ceadúnas an teagascóra nó an scrúdaitheora, de réir mar is infheidhme.’;

(19)

leasaítear pointe FCL.210.H mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Beidh 45 uair an chloig ar a laghad de theagasc eitilte déanta ag iarratasóirí ar PPL(H) ar héileacaptair, agus d’fhéadfadh 5 uair an chloig díobh sin a bheith curtha i gcrích in FSTD, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Ceanglais shonracha maidir le hiarratasóirí ar cuireadh oiliúint LAPL(H) orthu. Gheobhaidh iarratasóirí ar PPL(A) creidmheasanna as oiliúint LAPL(A) a rinne siad roimhe seo agus eiseofar PPL(A) dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann an oiliúint LAPL(A) agus an oiliúint PPL(A) a chuir siad i gcrích san iomlán na ceanglais taithí i bpointe (a).’;

(20)

i bpointe FCL.205.As(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (2) agus (3):

‘(2)

tástálacha scileanna agus seiceálacha oilteachta le haghaidh na gceadúnas a shonraítear i bpointe (1);

(3)

an oiliúint, an tástáil agus an tseiceáil le haghaidh na rátálacha eitilte nó na ndeimhnithe a bhaineann le ceadúnas an teagascóra nó an scrúdaitheora, de réir mar is infheidhme.’;

(21)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.325.A:

‘FCL.325.A   CPL(A) – Ceanglais shonracha maidir le hiarratasóirí a bhfuil MPL acu

(a)

Iarratasóirí ar CPL(A) ag a bhfuil MPL, beidh an méid seo a leanas curtha i gcrích acu in eitleáin:

(1)

70 uair an chloig d’aga eitilte ar cheann de na dóigheanna seo a leanas:

(i)

mar PIC;

(ii)

comhdhéanta de 10 uair an chloig ar a laghad mar PIC agus an t-aga eitilte breise mar PIC faoi mhaoirseacht (PICUS).

As na 70 uair an chloig sin, beidh 20 uair an chloig d’aga eitilte trastíre VFR mar PIC, nó d’aga eitilte trastíre comhdhéanta de 10 uair an chloig ar a laghad mar PIC agus 10 uair an chloig mar PICUS. Áireofar leis sin eitilt trastíre VFR 540 km (300 NM) ar a laghad ar lena linn a dhéanfar tuirlingtí lánstad ag dhá aeradróm éagsúla a eitilt mar PIC;

(2)

eilimintí an chúrsa mhodúlaigh CPL(A) mar a shonraítear i gCaibidil E, pointe 10(a) agus pointe 11, d’Fhoscríbhinn 3;

(3)

tástáil scileanna CPL(A), i gcomhréir le pointe FCL.320.

(b)

Nuair a eiseofar CPL dóibh i gcomhréir le pointe (a), beidh na hiarratasóirí faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1)

ceanglais phointe FCL.405.A(c) a chomhlíonadh chun pribhléidí IR(A) dá gcuid a leathnú chuig oibríochtaí aonphíolóta in eitleáin a chumhdach;

(2)

beidh pribhléidí a rátálacha cineáil srianta chun pribhléidí comhphíolóta a fheidhmiú, agus chuige sin amháin. Bainfear an srian sin nuair a dhéanfaidh iarratasóirí seiceáil oilteachta don chineál ábhartha i gcomhréir le Foscríbhinn 9 i ról PIC.’;

(22)

i bpointe FCL.405.A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Déanfaidh sealbhóirí MPL an méid seo a leanas, ar iarratas:

(1)

eiseofar pribhléidí breise do shealbhóir PPL(A) dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le PPL(A) a shonraítear i bhFochuid C;

(2)

CPL(A) a chur in ionad a MPL, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shonraítear i bpointe FCL.325.A.’;

(23)

i bpointe FCL.510.A(b), cuirtear an pointe (g) a leanas leis:

‘(3)

Gheobhaidh sealbhóirí rátála cineáil srianta arna heisiúint i gcomhréir le pointe FCL.720.A(c) creidmheasanna as a n-aga eitilte a cuireadh i gcrích agus pribhléidí na rátála cineáil sin á bhfeidhmiú acu suas le 250 uair an chloig ar a mhéad.’;

(24)

leasaítear pointe FCL.710 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Cuirfidh píolótaí oiliúint maidir le difríochtaí nó taithíocht i gcrích chun a bpribhléidí a leathnú chun leagan eile aerárthaí laistigh de rátáil aicme nó chineáil a chumhdach, nó, i gcás phointe FCL.710(d)(1) den Iarscríbhinn seo, chun na pribhléidí sin a choinneáil. I gcás leaganacha laistigh de rátáil aicme nó chineáil, áireofar san oiliúint maidir le difríochtaí nó taithíocht na heilimintí ábhartha a shainítear i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, i gcás inarb infheidhme. Agus na pribhléidí d’aicme eitleáin SEP á leathnú chun leagan le cineál eile innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c) den Rialachán seo a chumhdach, is éard a bheidh san oiliúint maidir le difríochtaí oiliúint eitilte arna cur ar ábhar píolóta agus teagasc ar eolas teoiriciúil lena n-áireofar, maidir leis an gcineál eile innill sin agus córais ghaolmhara aerárthaí, gach ceann de na hábhair seo a leanas ar a laghad:

(1)

Eolas ginearálta faoi aerárthaí.

(2)

Nósanna imeachta oibríochtúla,

(3)

Feidhmiú agus pleanáil eitilte,’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

D’ainneoin an cheanglais i bpointe (b), féadfaidh teagascóir atá cáilithe go hiomchuí oiliúint maidir le difríochtaí a dhéanamh le haghaidh na n-aerárthaí seo a leanas mura bhforáiltear a mhalairt i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012:

(1)

eitleáin a bhfuil rátáil aicme ag teastáil ina leith:

(i)

TMGanna;

(ii)

Eitleáin SEP;

(iii)

Eitleáin MEP;

(iv)

Eitleáin SET, ach amháin i gcás eitleáin choimpléascacha nó ardfheidhmíochta SET;

(2)

héileacaptair aon innill ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh nach mó ná 3 175 kg.

(d)

Píolótaí nach ndearna, tar éis dóibh a gcuid pribhléidí a leathnú chuig leagan eile laistigh de rátáil aicme nó rátáil chineáil i gcomhréir leis an bpointe seo a chumhdach, an leagan sin a eitilt laistigh den 2 bhliain roimhe sin, déanfaidh siad, sula bhfeidhmeoidh siad a gcuid pribhléidí sa leagan sin, aon cheann de na nithe seo a leanas a chur i gcrích sa leagan sin:

(1)

oiliúint bhreise maidir le difríochtaí i gcomhréir le pointí (a) agus (b) nó, más infheidhme, pointe (c);

(2)

seiceáil oilteachta;

(3)

i gcás leagan laistigh de rátáil aicme SEP le cineál innill ar leith dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c), oiliúint athnuachana i gcomhréir le pointe FCL.740.A(b)(1)(ii)(C).’;

(c)

cuirtear an pointe (da) seo a leanas isteach:

‘(da)

Ní bheidh feidhm ag pointe FCL.710(d) i gcás leagan laistigh de rátáil aicme TMG agus leagan laistigh de rátáil aicme SEP a bhfuil an cineál céanna innill acu dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c), den Rialachán seo.’;

(25)

leasaítear pointe FCL.725 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Cúrsa oiliúna. Déanfaidh iarratasóir ar rátáil aicme nó rátáil chineáil cúrsa oiliúna in ATO. Iarratasóir ar rátáil aicme eitleáin SEP neamh-ardfheidhmíochta, ar rátáil aicme TMG nó ar rátáil chineáil innill aonair le haghaidh héileacaptair dá dtagraítear i bpointe DTO.GEN.110(a)(2)(c) d’Iarscríbhinn VIII (Cuid-DTO) a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfaidh sé an cúrsa oiliúna a chríochnú ag DTO. ina theannta sin, i gcás LAPL(H), na heilimintí oiliúna éigeantacha le haghaidh an chineáil ábhartha héileacaptair mar a shainítear i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Oibríochtaí aonphíolóta agus ilphíolóta in aerárthaí aonphíolóta – rátálacha cineáil

(1)

Áirítear ar na pribhléidí atá ag sealbhóirí rátála cineáil le haghaidh aerárthach aonphíolóta na pribhléidí chun an t-aerárthach a eitilt in oibríochtaí aonphíolóta agus in oibríocht ilphíolóta. Mar sin féin, ní fheidhmeoidh na sealbhóirí sin na pribhléidí sin le haghaidh cineál áirithe oibríochta ach amháin má chomhlíonann siad gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

chuir siad oiliúint eitilte i gcrích maidir leis an gcineál ábhartha oibríochta sa chineál aerárthaigh ábhartha i gcomhréir le Foscríbhinn 9 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún. Áireofar an oiliúint eitilte sin le haghaidh cineál áirithe oibríochta sa chúrsa oiliúna tosaigh rátála cineáil ag ATO nó, tar éis eisiúint tosaigh na rátála cineáil, cuirfear i gcrích í i bhfoirm oiliúint bhreise ag ceachtar díobh seo a leanas:

(A)

ATO;

(B)

eagraíocht atá faoi réir ag Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 agus atá i dteideal an oiliúint sin a chur ar fáil ar bhonn formheasa nó dearbhú a chur ar fáil;

(ii)

go bhfuil tástáil scileanna nó seiceáil oilteachta déanta acu:

(A)

i gcás oibríochtaí aonphíolóta ar cheann de na dóigheanna seo a leanas:

(1)

in oibríochtaí aonphíolóta;

(2)

in oibríochtaí ilphíolóta ina bhfuil eilimintí breise le haghaidh oibríocht aonphíolóta mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 9;

(B)

i gcás oibríochtaí ilphíolóta, in oibríocht ilphíolóta.

(iii)

ina theannta sin, i gcás oibríochtaí ilphíolóta in aerárthaí aonphíolóta:

(A)

comhlíonann siad na ceanglais a shonraítear sna nithe seo a leanas:

(1)

pointe FCL.720.A(b)(4) nó pointe FCL.720.H(a)(2), de réir mar is infheidhme;

(2)

pointe FCL.720.A(b)(5), i gcás eitleán aonphíolóta, sula gcuirtear tús le hoiliúint eitilte le haghaidh oibríochtaí ilphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.725(d)(1)(i);

(B)

feidhmíonn siad a bpribhléidí ag eagraíocht atá faoi réir Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, agus ag an eagraíocht sin amháin.

(2)

Nuair a chríochnaíonn iarratasóirí ar an eisiúint tosaigh rátála cineáil d’aerárthach aonphíolóta an oiliúint eitilte agus an tástáil scileanna in oibríochtaí ilphíolóta, agus iontu sin amháin, eiseofar an rátáil chineáil le srian ar oibríochtaí ilphíolóta. Bainfear an srian sin nuair a chríochnóidh iarratasóirí, i gcomhréir le Foscríbhinn 9, oiliúint bhreise agus seiceáil oilteachta ina mbeidh na heilimintí is gá le haghaidh oibríochtaí aonphíolóta.

I ngach cás eile, ní chuirfear an cineál oibríochta isteach sa cheadúnas.’;

(c)

cuirtear isteach na pointí (da) agus (db) seo a leanas:

‘(da)

Oibríochtaí aonphíolóta agus ilphíolóta – rátálacha aicme eitleáin

I measc na bpribhléidí atá ag sealbhóirí rátála aicme le haghaidh eitleán aonphíolóta, áirítear na pribhléidí chun an t-eitleán a eitilt in oibríochtaí ilphíolóta, ar choinníoll:

(1)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in:

(i)

pointe FCL.720.A(b)(4);

(ii)

pointe FCL.720.A(b)(5), sula gcuirtear tús le hoiliúint eitilte le haghaidh oibríochtaí ilphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.725(da)(2);

(2)

gur chuir siad oiliúint eitilte i gcrích agus go bhfuair siad pas sa tseiceáil oilteachta le haghaidh oibríochtaí ilphíolóta san aicme eitleáin ábhartha i gcomhréir le Roinn B, pointe 5(g), d’Fhoscríbhinn 9 ag eagraíocht a shonraítear i bpointe FCL.725(d)(1)(i); agus

(3)

feidhmíonn siad a bpribhléidí ag eagraíocht atá faoi réir Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, agus ag an eagraíocht sin amháin.

Ní chuirfear pribhléidí breise le haghaidh oibríochtaí ilphíolóta in aicme eitleáin aonphíolóta isteach sa cheadúnas.

(db)

Má dhéantar tástáil scileanna nó seiceáil oilteachta le haghaidh aicme aerárthaigh aonphíolóta nó rátáil chineáil in aon cheann díobh seo a leanas, cuirfear an fhoirm nó na cineálacha oibríochta ina ndéantar an tástáil scileanna sin nó an tseiceáil oilteachta sin isteach i logleabhar na n-iarratasóirí agus síneoidh an scrúdaitheoir iad:

(1)

oibríochtaí ilphíolóta;

(2)

Oibríochtaí aonphíolóta agus ilphíolóta.’;

(26)

i bpointe FCL.740 (b)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (ii) agus (iii):

‘(ii)

ag DTO nó ag ATO, má bhaineann an rátáil atá imithe in éag le rátáil aicme eitleáin SEP neamh-ardfheidhmíochta, rátáil aicme TMG nó rátáil chineáil innill aonair le haghaidh héileacaptair dá dtagraítear i bpointe DTO.GEN.110(a)(2)(c) d’Iarscríbhinn VIII;

(iii)

ag DTO, ag ATO nó le teagascóir, má chuaigh an rátáil in éag tráth nach déanaí ná 3 bliana ó shin agus má bhain an rátáil le rátáil aicme eitleáin SEP neamh-ardfheidhmíochta nó le rátáil aicme TMG;’;

(27)

leasaítear pointe FCL.720.A mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), scriostar an dá mhír idir an ceannteideal ‘(a) Eitleáin aonphíolóta’ agus an ceannteideal ‘(1) Eitleáin ilphíolóta aonphíolóta’;

(b)

i bpointe (b)(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

chuir siad, laistigh de na 3 bliana roimhe sin, an oiliúint agus an tseiceáil i gcrích i gcomhréir le pointí ORO.FC.220 nó ORO.FC.230 d’Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

D’ainneoin phointe FCL.720.A(b), eiseofar rátáil chineáil le pribhléidí srianta le haghaidh eitleán ilphíolóta d’iarratasóirí a chomhlíonann Roinn B, pointe 6(i), d’Fhoscríbhinn 9, ionas go mbeidh sealbhóirí na rátála sin in ann gníomhú mar chomhphíolótaí fóirithinte cúrsála os cionn Leibhéal Eitilte 200, ar choinníoll go bhfuil rátáil chineáil ag beirt bhall eile den chriú i gcomhréir le pointe FCL.720.A(b).

Chun deireadh a chur leis an srian, comhlíonfaidh iarratasóirí gach ceann de na nithe seo a leanas:

(1)

dul faoi mheasúnú ag ATO lena gcinnfear riachtanais oiliúna iarratasóra aonair chun deireadh a chur leis an srian;

(2)

ar bhonn an mheasúnaithe a shonraítear i bpointe (1), oiliúint a chur i gcrích, ag an ATO sin, lena gcuirfear ar a chumas don iarratasóir an leibhéal oilteachta a bhaint amach chun an t-aerárthach a oibriú go sábháilte;

(3)

tar éis an oiliúint a shonraítear i bpointe (2) a chur i gcrích, tástáil scileanna a dhéanamh i gcomhréir le Foscríbhinn 9 a chur i gcrích;

(4)

tar éis an tástáil scileanna a shonraítear i bpointe (3) a chur i gcrích, ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

pointe ORO.FC.220(e) d’Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le taithí a shonraítear i bpointe FCL.730.A den Iarscríbhinn seo;

(ii)

oiliúint eitilte san aerárthach a chur i gcrích lena n-áirítear ainlithe éirí de thalamh, tuirlingthe agus dul timpeall.’;

(28)

i bpointe FCL.725.A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

i gcás eitleáin choimpléascacha aonphíolóta neamh-ardfheidhmíochta, eitleáin choimpléascacha ardfheidhmíochta aonphíolóta agus eitleáin ilphíolóta, áireofar sna cúrsaí oiliúna eolas teoiriciúil UPRT agus teagasc eitilte a bhaineann le sainiúlachtaí na haicme nó an chineáil ábhartha. Maidir leis an teagasc eitilte, féadfar FSTDanna a úsáid i gcomhréir le Roinn A, pointe 18 d’Fhoscríbhinn 9.’;

(29)

i bpointe FCL.730.A(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

‘(1)

má úsáidtear FFS atá cáilithe chun leibhéal CG, úsáidtear C nó C eatramhach le linn an chúrsa:

(i)

i gcás comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, 1 500 uair an chloig d’aga eitilte;

(ii)

i ngach cás eile, 1 500 uair an chloig d’aga eitilte nó 250 earnáil aerbhealaigh;

(2)

má úsáidtear FFS atá cáilithe chun leibhéal DG nó D le linn an chúrsa:

(i)

i gcás comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, 750 uair an chloig d’aga eitilte;

(ii)

i ngach cás eile, 500 uair an chloig d’aga eitilte nó 100 earnáil aerbhealaigh.’;

(30)

leasaítear pointe FCL.740.A mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (1) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

 

‘Rátálacha aicme eitleán SEP agus rátálacha aicme TMG. Chun rátálacha aicme eitleán SEP nó rátálacha aicme TMG a athbhailíochtú, déanfaidh iarratasóirí an méid seo a leanas:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

laistigh den 12 mhí roimh dháta éaga na rátála, 12 uair an chloig iomlána d’aga eitilte san aicme ábhartha, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(A)

6 uair an chloig mar PIC;

(B)

12 éirí de thalamh agus tuirlingt;

(C)

oiliúint athnuachana 1 uair an chloig ar a laghad den aga eitilte iomlán le teagascóir eitilte (FI) nó teagascóir rátála aicme (CRI) agus chun sástacht teagascóra eitilte nó teagascóra rátála aicme a roghnóidh na cleachtaí eitilte sin a chuirfidh ar a chumas don iarratasóir a inniúlacht a athnuachan maidir leis an aerárthach a oibriú go sábháilte agus maidir le gnáthnósanna imeachta, nósanna imeachta neamhghnácha agus nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm. Beidh iarratasóirí díolmhaithe ón oiliúint athnuachana sin más rud é go bhfuair siad pas in aon cheann de na nithe seo a leanas, in aon aicme nó in aon chineál eitleáin:

(1)

seiceáil oilteachta rátála aicme nó cineáil;

(2)

tástáil scileanna digiteacha

(3)

measúnú praiticiúil EBT;

(4)

measúnú ar inniúlacht.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

Nuair atá rátáil aicme eitleáin-talamh SEP agus rátáil aicme TMG araon ag iarratasóirí, féadfaidh siad ceanglais phointe (1) a chomhlíonadh in aicme nó i meascán de na haicmí sin, agus athbhailíochtú an dá rátáil a bhaint amach.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

Nuair atá rátáil aicme eitleáin-talamh SEP agus rátáil aicme eitleáin-farraige SEP araon ag iarratasóirí, féadfaidh siad ceanglais phointe (1)(ii) a chomhlánú i gceachtar aicme nó i meascán de na haicmí sin, agus comhlíonadh na gceanglas sin a bhaint amach maidir leis an dá rátáil. Cuirfear 1 uair an chloig ar a laghad den am PIC is gá agus 6 den 12 éirí de thalamh agus 12 thuirlingt is gá i gcrích i ngach aicme.’;

(31)

i bpointe FCL.745.A(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

3 uair an chloig d’oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte ag teagascóir eitilte le haghaidh eitleáin FI(A) atá cáilithe i gcomhréir le pointe FCL.915(e) agus ina bhfuil UPRT ardleibhéil in eitleán atá cáilithe don chúram oiliúna. Ní áireofar i leith na 3 uair an chloig sin an t-aga eitilte nach n-áirítear UPRT ardleibhéil leis ach a fhónann chun dul chuig limistéar oiliúna UPRT nó filleadh uaidh.’;

(32)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.740.H:

‘FCL.740.H   Athbhailíochtú rátálacha cineáil – héileacaptair

(a)

Athbhailíochtú. Chun rátálacha cineáil a athbhailíochtú le haghaidh héileacaptar, comhlíonfaidh iarratasóirí ceann amháin de na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(1)

déanfaidh siad na bearta seo a leanas:

(i)

laistigh de thréimhse bhailíochta na rátála cineáil, déanfaidh siad ar a laghad 2 uair an chloig mar phíolóta sa chineál héileacaptar ábhartha;

(ii)

laistigh de na 3 mhí díreach roimh dháta éaga na rátála cineáil, pas a fháil sa tseiceáil oilteachta:

(A)

a dhéantar i gcomhréir le Foscríbhinn 9 sa chineál ábhartha héileacaptair nó FSTD a úsáidtear in ionad an chineáil ábhartha;

(B)

a bhféadfar a fhad ama a áireamh i leith an aga eitilte a shonraítear i bpointe (i);

(2)

i gcás rátálacha cineáil i gcomhair héileacaptair aon innill suas le huasmhais éirí de thalamh 3 175 kg, comhlíonfaidh siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

comhlíonfaidh siad pointe (a)(1);

(ii)

cuirfidh siad i gcrích, sa chineál ábhartha héileacaptair, an dá cheann díobh seo a leanas:

(A)

laistigh de thréimhse bhailíochta na rátála cineáil, 6 uair an chloig ar a laghad mar PIC;

(B)

laistigh de na 3 mhí díreach roimh dháta éaga na rátála, oiliúint athnuachana 1 uair an chloig ar a laghad den aga eitilte iomlán le teagascóir agus chun sástacht teagascóra a roghnóidh na cleachtaí eitilte sin a chuirfidh ar a chumas don iarratasóir a inniúlacht a athnuachan maidir leis an aerárthach a oibriú go sábháilte agus gnáthnósanna imeachta, nósanna imeachta neamhghnácha agus nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm. Féadfaidh iarratasóirí rogha a dhéanamh an oiliúint athnuachana a chur i gcrích san aerárthach nó FSTD a úsáidtear in ionad an chineáil ábhartha, nó i meascán den dá rud.

(b)

I gcás ina bhfuil níos mó ná rátáil chineáil amháin ag iarratasóirí le haghaidh héileacaptair SEP, féadfaidh siad na rátálacha cineáil ábhartha uile a athbhailíochtú trí phas a fháil sa tseiceáil oilteachta i gcomhréir le pointe (a)(1)(ii) nó tríd an oiliúint athnuachana a chur i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(2)(ii)(B) i gceann amháin de na cineálacha ábhartha a shealbhaítear, ar choinníoll gur chuir siad ceachtar de na hagaí eitilte seo a leanas i gcrích mar PIC i ngach ceann de na cineálacha ábhartha eile le linn na tréimhse bailíochta:

(1)

má chuir siad seiceáil oilteachta i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(1)(ii), 2 uair an chloig ar a laghad;

(2)

má chuir siad oiliúint athnuachana i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(2)(ii)(B), 6 uair an chloig ar a laghad.

Déanfar an tseiceáil oilteachta nó an oiliúint athnuachana, de réir mar is infheidhme, ar chineál eile gach uair. Tosóidh tréimhse bhailíochta nua na rátálacha cineáil uile arna n-athbhailíochtú i gcomhréir leis an bpointe seo in éineacht le tréimhse bhailíochta na rátála cineáil a ndéantar an tseiceáil oilteachta nó an oiliúint athnuachana ina leith.

(c)

I gcás ina bhfuil níos mó ná rátáil chineáil amháin ag iarratasóirí le haghaidh héileacaptair SET ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh suas le 3 175 kg, féadfaidh siad athbhailíochtú na rátálacha cineáil ábhartha uile a bhaint amach tríd an tseiceáil oilteachta a chur i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(1)(ii) nó tríd an oiliúint athnuachana a chur i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(2)(ii)(B) i gceann amháin de na cineálacha ábhartha a shealbhaítear, ar choinníoll go bhfuil na nithe uile seo a leanas curtha i gcrích acu:

(1)

300 uair an chloig mar PIC ar héileacaptair;

(2)

15 uair an chloig ar gach ceann de na cineálacha a shealbhaítear;

(3)

ceachtar de na hagaí eitilte seo a leanas mar PIC i ngach ceann de na cineálacha ábhartha eile le linn na tréimhse bailíochta:

(i)

má chuir siad seiceáil oilteachta i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(1)(ii), 2 uair an chloig ar a laghad;

(ii)

má chuir siad oiliúint athnuachana i gcrích i gcomhréir le pointe (a)(2)(ii)(B), 6 uair an chloig ar a laghad.

Déanfar an tseiceáil oilteachta gach uair ar chineál eile. Tosóidh tréimhse bhailíochta nua na rátálacha cineáil uile arna n-athbhailíochtú i gcomhréir leis an bpointe seo in éineacht le tréimhse bhailíochta na rátála cineáil ar ina leith a dhéantar an tseiceáil oilteachta nó an oiliúint athnuachana.

(d)

Na hiarratasóirí a rinne tástáil scileanna ionas go n-eiseofaí rátáil chineáil bhreise nó seiceáil oilteachta dóibh chun rátáil chineáil a athnuachan, bainfidh siad athbhailíochtú amach le haghaidh na rátálacha cineáil ábhartha atá ag na grúpaí coiteanna cheana féin, mar a shonraítear i bpointí (b) agus (c).

Tosóidh tréimhse bhailíochta nua na rátálacha cineáil uile arna n-athbhailíochtú i gcomhréir leis an bpointe seo in éineacht le tréimhse bhailíochta na rátála cineáil ar ina leith atá an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta curtha i gcrích.

(e)

Féadfar athbhailíochtú IR(H), má shealbhaítear é, a chomhcheangal le seiceáil oilteachta le haghaidh rátáil chineáil.

(f)

Maidir le hiarratasóirí nach n-éiríonn leo pas a bhaint amach i ngach cuid de sheiceáil oilteachta roimh dháta éaga rátála cineáil, ní fheidhmeoidh siad pribhléidí na rátála sin go dtí go mbeidh pas sa tseiceáil oilteachta acu. I gcás phointí (b) agus (c), ní fheidhmeoidh iarratasóirí a gcuid pribhléidí in aon cheann de na cineálacha.’;

(33)

i bpointe FCL.810(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

Nuair a shealbhaíonn iarratasóirí rátáil eitleán SEP talaimh agus rátáil aicme TMG araon, féadfaidh siad na ceanglais i bpointe (1) a chomhlíonadh i gceachtar aicme nó sa dá aicme.’;

(34)

leasaítear pointe FCL.815 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Chun na pribhléidí deimhnithe rátála sléibhe a fheidhmiú, le linn an 2 bhliain dheireanacha, beidh ceachtar de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta ag sealbhóir na rátála:

(1)

sé thuirlingt ar a laghad curtha i gcrích ar dhromchla atá ainmnithe chun deimhnithe rátála sléibhe a éileamh;

(2)

fuair sé pas sa tseiceáil oilteachta a chomhlíonann na ceanglais i bpointe (c). Cuirfear cur i gcrích na seiceála oilteachta isteach i logleabhar an phíolóta agus síneoidh an scrúdaitheoir freagrach í.’;

(b)

scriostar pointí (e) agus pointe (f);

(35)

leasaítear pointe FCL.820(b) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

 

‘Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid rátáil tástála eitilte arna bunú i bpointe (a) a bheith ina sheilbh ag duine ach amháin maidir le tástálacha eitilte a dhéantar ar na nithe seo a leanas:’;

(b)

i bpointe (c)(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

caighdeáin CS-23 nó cóid aeracmhainneachta choibhéiseacha, cé is moite d’eitleáin ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh 2 000 kg nó níos lú.’;

(36)

i bpointe FCL.835(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

Is iad na pribhléidí atá ag sealbhóir BIR eitiltí a dhéanamh faoi IFR ar eitleáin aonphíolóta ar ina leith a shealbhaítear rátálacha aicme, cé is moite den mhéid seo a leanas:

(i)

eitleáin ardfheidhmíochta;

(ii)

leaganacha eitleáin má cinneadh le sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla go bhfuil gá le IR.’;

(37)

leasaítear pointe FCL.915(b) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

 

‘Ceanglais bhreise do theagascóirí a sholáthraíonn teagasc eitilte in aerárthaí.’;

(b)

i bpointe (c)(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

fuair sé pas i measúnú inniúlachta don chatagóir ábhartha teagascóra ar an aicme nó ar an gcineál aerárthaigh sin;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

‘(4)

a bheith i dteideal gníomhú mar PIC san aerárthach le linn teagasc eitilte den sórt sin; agus’;

(d)

cuirtear isteach an pointe (5) seo a leanas:

‘(5)

agus teagasc eitilte á sholáthar in athraitheach d’aicme eitleáin SEP le cineál áirithe innill dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (8c), den Rialachán seo, chomhlíon sé ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

5 uair an chloig ar a laghad d’aga eitilte a bheith déanta aige mar phíolótaí sa leagan sin;

(ii)

fuair sé pas i measúnú inniúlachta don chatagóir ábhartha teagascóra sa leagan sin.’;

(38)

i bpointe FCL.930, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Beidh cúrsa eolais theoiriciúil agus cúrsa teagaisc eitilte curtha i gcrích ag iarratasóir ar dheimhniú teagascóra in ATO.’;

(39)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe FCL.945:

‘FCL.945   Oibleagáidí do theagascóirí

Ar chríochnú na heitilte oiliúna chun eitleán SEP nó rátáil aicme TMG a athbhailíochtú i gcomhréir le pointe FCL.740.A(b)(1)(ii)(C) nó chun rátáil chineáil héileacaptair aon innill a athbhailíochtú i gcomhréir le pointe FCL.740.H(a)(2)(ii)(B), agus i gcás ina gcomhlíontar na critéir athbhailíochtaithe eile go léir a éilítear le pointe FCL.740.A(b)(1)(ii) nó le pointe FCL.740.H(a)(2)(ii), de réir mar is infheidhme, agus sa chás sin amháin, formhuineoidh an teagascóir ceadúnas an iarratasóra le dáta éaga nua na rátála, má údaraíonn an t-údarás inniúil atá freagrach as ceadúnas an iarratasóra go sonrach chun na críche sin.’;

(40)

leasaítear pointe FCL.915.FI mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (2) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘PPL(A) ar a laghad a shealbhú, nó MPL a shealbhú ag a bhfuil pribhléidí PPL breise i gcomhréir le pointe FCL.405.A(b)(1), agus na coinníollacha seo a leanas comhlíonta acu:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

cé is moite de FI(A) lena soláthraítear oiliúint do LAPL(A), agus dó sin amháin, fuair sé pas sa scrúdú ar eolas teoiriciúil CPL, a fhéadfar a dhéanamh gan cúrsa oiliúna eolais theoiriciúil CPL a chur i gcrích agus, sa chás sin, ní bheidh sé bailí d’aon cheann díobh seo a leanas:

(A)

CPL a eisiúint;

(B)

creidmheasanna a fháil d’eolas teoiriciúil CPL i gcomhréir le pointe FCL.035 agus Foscríbhinn 1;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

30 uair an chloig ar a laghad a bheith críochnaithe aige san aicme nó sa chineál eitleáin a úsáidtear le haghaidh an chúrsa oiliúna FI(A), agus beidh 5 uair an chloig ar a laghad den aga eitilte sin curtha i gcrích le linn na 6 mhí roimh an measúnú eitilte réamhiontrála a leagtar amach i bpointe FCL.930.FI(a);’;

(41)

i bpointe FCL.930.FI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Gheobhaidh iarratasóirí ar dheimhniú FI, ag ATO, pas i measúnú eitilte réamhiontrála sonrach le FI atá cáilithe i gcomhréir le pointe FCL.905.FI(j) laistigh de na 6 mhí roimh thús an chúrsa, chun measúnú a dhéanamh ar a gcumas dóibh an cúrsa a dhéanamh. Beidh an measúnú eitilte réamhiontrála sin bunaithe ar an tseiceáil oilteachta le haghaidh na rátálacha aicme agus cineáil mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 9.’;

(42)

leasaítear pointe FCL.940.FI mar a leanas:

(a)

i bpointe (a)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

tá oiliúint athnuachana teagascóirí curtha i gcrích acu mar FI ag ATO nó ag an údarás inniúil;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)   Athnuachan

Má tá an deimhniú FI imithe in éag, déanfaidh iarratasóirí, laistigh de thréimhse 12 mhí roimh an dáta iarratais ar an athnuachan, oiliúint athnuachana iomlán do theagascóirí mar FI ag ATO nó ag údarás inniúil agus measúnú ar inniúlacht a chur i gcrích i gcomhréir le pointe FCL.935.’;

(43)

i bpointe FCL.905.TRI(a)(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

rinne sé siollabas teagaisc eitilte na coda ábhartha den chúrsa oiliúna TRI i gcomhréir le pointe FCL.930.TRI(ab)(3) chun sástacht cheann oiliúna ATO;’;

(44)

leasaítear pointe FCL.910.TRI mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

‘(1)

LIFUS, ar choinníoll go bhfuil an oiliúint ábhartha a shonraítear i bpointe FCL.930.TRI(ab)(4) curtha san áireamh sa chúrsa oiliúna TRI

(2)

oiliúint maidir le tuirlingt, ar choinníoll go bhfuil an oiliúint ábhartha a shonraítear i bpointe FCL.930.TRI(ab)(4) curtha san áireamh sa chúrsa oiliúna TRI; nó’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre i ndiaidh phointe (3):

‘Leathnófar pribhléidí TRInna chun leaganacha breise a chumhdach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad pointe FCL.710 sna leaganacha eile sin agus, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 maidir leis na leaganacha sin.’;

(c)

i bpointe (c)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre i ndiaidh phointe (iii):

‘Leathnófar pribhléidí TRInna chun leaganacha breise a chumhdach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad pointe FCL.710 sna leaganacha eile sin agus, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí a leagtar amach i sonraí na hoiriúnachta oibríochtúla arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 maidir leis na leaganacha sin.’;

(45)

leasaítear pointe FCL.930.TRI mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Déanfar an cúrsa oiliúna TRI:

(1)

i gcás MPA, in FFS nó i dteaglaim de FSTD(anna) agus FFS;

(2)

i gcás rátálacha cineáil le haghaidh SPA agus héileacaptar, i gceachtar díobh seo a leanas:

(i)

FFS atá ar fáil agus inrochtana, nó i meascán de FFSanna agus FSTD(anna) den sórt sin;

(ii)

meascán de FSTD(anna) agus den aerárthach mura bhfuil FFS ar fáil nó inrochtana;

(iii)

an t-aerárthach mura bhfuil FSTD ar fáil nó inrochtana.’;

(b)

cuirtear isteach na pointí (aa) agus (ab) seo a leanas:

‘(aa)

De mhaolú ar phointe (a), an cúrsa oiliúna TRI:

(1)

i gcás héileacaptair neamhchoimpléascacha, féadfar an cúrsa a dhéanamh i meascán de FSTD(anna) agus den aerárthach fiú má tá FFS ar fáil agus inrochtana;

(2)

maidir le haerárthaí dá dtagraítear i Roinn A, pointe 1e, d’Fhoscríbhinn 9, féadfar an cúrsa a dhéanamh i gcomhréir le pointí FCL.930.TRI(a)(2)(i), (ii) nó (iii), gan beann ar infhaighteacht agus inrochtaineacht FFS nó FSTD.

(ab)

Áireofar an méid seo a leanas ar an gcúrsa oiliúna TRI:

(1)

25 uair an chloig teagaisc agus foghlama;

(2)

10 uair an chloig d’oiliúint theicniúil, lena n-áirítear athbhreithniú ar eolas teicniúil, pleananna ceachta a ullmhú agus scileanna teagaisc sa seomra ranga nó san insamhlóir a fhorbairt;

(3)

5 uair an chloig de theagasc eitilte ar an aerárthach iomchuí nó FSTD a úsáidtear in ionad an aerárthaigh sin i gcás aerárthaí aonphíolóta agus 10 uair an chloig i gcás aerárthaí ilphíolóta nó FSTD a a úsáidtear in ionad an aerárthaigh sin;

(4)

má iarrtar pribhléidí chun oiliúint LIFUS nó éirí de thalamh agus tuirlingthe a dhéanamh, an oiliúint seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(i)

in FSTD agus a bhaineann leis na pribhléidí ábhartha, oiliúint shonrach bhreise lena n-áireofar, i gcás pribhléidí chun oiliúint éirí de thalamh agus tuirlingthe a dhéanamh, oiliúint le haghaidh nósanna imeachta éigeandála a bhaineann leis an aerárthach;

(ii)

comhdhlúthú don oiliúint shonrach i gcomhréir le pointe (4)(i), i gcás ina soláthróidh an t-iarratasóir oiliúint LIFUS nó oiliúint éirí de thalamh agus tuirlingthe san aerárthach, de réir mar is infheidhme, faoi mhaoirseacht TRI a ainmneoidh an ATO chun na críche sin.’;

(46)

i bpointe FCL.905.CRI(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

rátáil tarraingthe nó aerabatach do chatagóir an eitleáin, ar choinníoll go bhfuil an rátáil ábhartha ag CRI agus gur léirigh sé an cumas teagasc i leith na rátála sin chuig FI atá cáilithe i gcomhréir le pointe FCL.905.FI(j);’;

(47)

i bpointe FCL.905.IRI(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

I gcás IRI atá cáilithe cheana féin chun teagasc a thabhairt ar chúrsaí comhtháite ATP(A) nó CPL(A)/IR, féadfar cur i gcrích an chúrsa dá bhforáiltear i bpointe FCL.905.FI(k)(3) a chur in ionad cheanglas phointe FCL.905.IRI(b)(2).’;

(48)

i bpointe FCL.930.IRI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Tabharfaidh FI atá cáilithe i gcomhréir le pointe FCL.905.FI(j) teagasc eitilte.’;

(49)

i bpointe FCL.910.SFI, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Mura sonraítear a mhalairt sna sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil arna mbunú i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, chun pribhléidí SFInna a leathnú chun FSTDanna eile a chumhdach a úsáidtear in ionad cineálacha breise den chatagóir chéanna aerárthaí, beidh an méid seo a leanas ag SFInna:’;

(50)

i bpointe FCL.930.SFI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Iarratasóir ar dheimhniú SFI:

(1)

a bhfuil deimhniú TRI ina sheilbh aige don chineál ábhartha, beidh sé go hiomlán creidiúnaithe de réir cheanglais phointe (a);

(2)

a bhfuil deimhniú teagascóra ina sheilbh aige nó a raibh deimhniú teagascóra ina sheilbh aige, beidh sé go hiomlán creidiúnaithe de réir cheanglais phointe (a)(3).’;

(51)

leasaítear Foscríbhinn 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.3 agus 1.4:

‘(1,3)

Maidir le PPL a eisiúint, beidh sealbhóir LAPL go hiomlán creidiúnaithe sa chatagóir chéanna aerárthaí i leith na gceanglas maidir le teagasc agus scrúdú ar eolas teoiriciúil. Beidh feidhm ag an gcreidmheas sin freisin maidir le hiarratasóirí ar PPL a fuair pas sa scrúdú ar eolas teoiriciúil do LAPL sa chatagóir aerárthaigh chéanna cheana féin, fad is atá sé laistigh den tréimhse bhailíochta a shonraítear i bpointe FCL.025(c).

1,4.

De mhaolú ar phointe 1.2, maidir le LAPL(A) a eisiúint, sealbhóir SPL arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-SFCL) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 ag a bhfuil pribhléidí chun TMGanna a eitilt, léireoidh an sealbhóir SPL sin leibhéal leordhóthanach eolais theoiriciúil ar aicme talún eitleáin SEP i gcomhréir le pointe FCL.135.A(a)(2).’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.2:

‘(2,2)

Gheobhaidh iarratasóirí pas i scrúduithe ar eolas teoiriciúil mar a leagtar amach san Iarscríbhinn seo (Cuid-FCL) le haghaidh na n-ábhar seo a leanas sa chatagóir aerárthaigh iomchuí:

 

021 — Eolas ginearálta faoi aerárthaí. aerfhráma agus córais, leictreachas, gléasra cumhachta agus trealamh éigeandála;

 

022 — Eolas ginearálta faoi aerárthaí. ionstraimíocht;

 

032/034 — Eitleáin nó héileacaptair feidhmíochta, de réir mar is infheidhme;

 

070 — Nósanna imeachta oibríochtúla;

 

081/082 — Prionsabail na heitilte le haghaidh eitleán nó héileacaptar, de réir mar is infheidhme.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.4:

‘(2,4)

Iarratasóirí ar CPL a fuair pas sna scrúduithe ábhartha eolais theoiriciúil le haghaidh IR sa chatagóir chéanna aerárthaigh, tugtar creidiúnú dóibh i leith na gceanglas maidir le heolas teoiriciúil in ábhar na cumarsáide.’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:

‘(3.2.)

Gheobhaidh iarratasóirí pas i scrúduithe ar eolas teoiriciúil mar a shainítear san Iarscríbhinn seo (Cuid-FCL) le haghaidh na n-ábhar seo a leanas sa chatagóir aerárthaigh iomchuí:

 

021 — Eolas ginearálta faoi aerárthaí. aerfhráma agus córais, leictreachas, gléasra cumhachta agus trealamh éigeandála;

 

022 — Eolas ginearálta faoi aerárthaí. ionstraimíocht;

 

032/034 — Eitleáin nó héileacaptair feidhmíochta, de réir mar is infheidhme;

 

070 — Nósanna imeachta oibríochtúla;

 

081/082 — Prionsabail na heitilte le haghaidh eitleán nó héileacaptar, de réir mar is infheidhme.’;

(52)

i bhFoscríbhinn 4, Roinn B, leasaítear pointe 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘Féadfar ítimí i Roinn 2(c) agus (e)(iv), Roinn 3(g), agus Ranna 5 agus 6 ina n-iomláine a dhéanamh in FNPT II nó in FFS. Féadfaidh an scrúdaitheoir a chinneadh gan ítimí i Roinn 6(d) a dhéanamh.’;

(b)

leasaítear an tábla mar a leanas:

(i)

leasaítear Roinn 3 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró (g):

‘g

Rianú, ionadú (NDB, VOR, nó rian idir pointí bealaigh), sainaithint saoráidí (eitilt ionstraime).,’

cuirtear isteach an ró (h) seo a leanas:

‘h

Plean atreoraithe chuig aeradróm malartach a chur chun feidhme (amharceitilt),’

(ii)

i Roinn 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró (d):

‘d

Múchadh agus atosú an innill (má roghnaíonn an scrúdaitheoir é)’;

(53)

leasaítear Foscríbhinn 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Foscríbhinn 8

Cuid IR de sheiceáil oilteachta rátála aicme nó cineáil nó measúnú praiticiúil EBT a thraschreidiúnú

 

’;

(b)

i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla, an chéad ró agus an dara ró:

‘Má dhéantar tástáil scileanna, seiceáil oilteachta nó measúnú praiticiúil EBT lena n-áirítear IR, agus má tá na nithe bailí seo a leanas ag sealbhóirí:

Tá an creidmheas bailí i leith chuid IR sa tseiceáil oilteachta i gcomhair:

Rátáil cineáil MPA; rátáil chineáil le haghaidh eitleáin choimpléascacha ardfheidhmíochta aonphíolóta

Rátáil aicme SE (*), agus

Rátáil cineáil SE (*), agus

Rátáil aicme nó cineáil SP ME ach amháin i gcás rátálacha cineáil coimpléascacha ardfheidhmíochta, creidmheasanna do Roinn 3B amháin den tseiceáil oilteachta i bpointe B.5 d’Fhoscríbhinn 9 (*)’;

(54)

leasaítear Foscríbhinn 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Foscríbhinn 9

Oiliúint, tástáil scileanna agus seiceáil oilteachta le haghaidh MPL, agus ATPL, agus le haghaidh rátálacha cineáil agus aicme, agus seiceálacha oilteachta le haghaidh BIR agus IR

 

’;

(b)

leasaítear Roinn A mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

‘(1)

Beidh teagasc faighte ag iarratasóirí ar thástáil scileanna san aicme chéanna nó sa chineál céanna aerárthaigh a bheidh le húsáid sa tástáil.’;

(2)

cuirtear isteach na pointí 23d agus 1f seo a leanas:

‘1a.

Comhlánófar an oiliúint in FFS i gcomhréir le pointí 1b agus 1c den Roinn seo le hoiliúint éirí de thalamh agus tuirlingthe in aerárthach aonphíolóta a oibrítear in oibríochtaí aonphíolóta nó ilphíolóta, nó in aerárthach ilphíolóta, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe 17 den Roinn seo, ach amháin má chuirtear an oiliúint i gcrích i gcomhréir le pointe FCL.730.A nó más oiliúint í le haghaidh comhphíolótaí fóirithinte cúrsála i gcomhréir le Roinn B, pointe 6(i), den Fhoscríbhinn seo.

1b.

Déanfar an oiliúint do rátálacha cineáil MPA agus PL in FFS nó i meascán de FSTD/FSTDanna agus FFS. Déanfar an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta le haghaidh rátálacha cineáil MPA agus PL agus eiseofar ATPL agus MPL in FFS, má tá sé ar fáil.

1c.

Déanfar an oiliúint, an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta le haghaidh rátálacha aicme nó rátálacha cineáil le haghaidh SPA agus héileacaptar i gceachtar díobh seo a leanas:

(a)

FFS atá ar fáil agus inrochtana, nó i meascán de FFSanna agus FSTD(anna) den sórt sin;

(b)

meascán de FSTD(anna) agus den aerárthach mura bhfuil FFS ar fáil nó inrochtana;

(c)

an t-aerárthach mura bhfuil FSTD ar fáil nó inrochtana.

1d.

De mhaolú ar phointe 1c, féadfar an oiliúint, an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta le haghaidh rátálacha aicme nó cineáil le haghaidh SPA neamhchoimpléascacha agus le haghaidh héileacaptair neamhchoimpléascacha a dhéanamh i meascán de FSTD(anna) agus den aerárthach fiú má tá FFS ar fáil agus inrochtana.

1e.

De mhaolú ar phointe 1c, féadfar an oiliúint, an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta a dhéanamh i gcás aon cheann díobh seo a leanas i gcomhréir le pointí 1c(a), (b) nó (c), gan beann ar infhaighteacht agus inrochtaineacht FFS nó FSTD:

(a)

eitleáin aonphíolóta neamhchoimpléascacha neamh-ardfheidhmíochta;

(b)

TMGanna;

(c)

héileacaptair neamhchoimpléascacha nach mó ná cúig shuíochán an uaschumraíocht suíochán dheimhnithe ina leith.

1f.

Má úsáidtear FSTDanna le linn oiliúna, tástála nó seiceála, fíorófar oiriúnacht FSTDanna a úsáidtear de réir ‘Tábla feidhmeanna agus tástálacha suibiachtúla’ is infheidhme agus de réir ‘Tábla tástálacha bailíochtaithe FSTD’ is infheidhme atá sa phríomhdhoiciméad tagartha is infheidhme maidir leis an bhfeiste a úsáidtear. Measfar na srianta agus na teorainneacha uile a shonraítear ar dheimhniú cáilíochta na feiste.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil roimh phointe 13:

‘CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LEIS AN TÁSTÁIL SCILEANNA/AN tSEICEÁIL OILTEACHTA I dTACA LE RÁTÁLACHA CINEÁIL LE hAGHAIDH AERÁRTHAÍ ILPHÍOLÓTA, AERÁRTHAÍ AONPHÍOLÓTA NUAIR IS IN OIBRÍOCHTAÍ ILPHÍOLÓTA A OIBRÍTEAR IAD, I gCOMHAIR MPL AGUS ATPL’;

(4)

leasaítear pointe 17 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

‘I gcás ina mbeidh níos lú ná 2 uair an chloig d’oiliúint eitilte san aerárthach mar chuid dá gcúrsa rátála cineáil, déanfaidh iarratasóirí, roimh an tástáil scileanna nó ina diaidh, oiliúint eitilte san aerárthach.’;

(ii)

sa dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Áireofar san oiliúint eitilte fhormheasta sin ainlithe éirí de thalamh agus tuirlingthe agus is teagascóir cáilithe a dhéanfaidh an oiliúint faoi réir an mhéid seo a leanas:’;

(c)

leasaítear Roinn B mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g), (h), (i) agus (j):

‘(g)

Chun pribhléidí rátála aicme nó rátála cineáil a fheidhmiú in oibríochtaí ilphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.725(d) nó (da), na píolótaí atá i dteideal an aicme nó an cineál eitleáin ábhartha a oibriú cheana féin in oibríochtaí aonphíolóta, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(1)

cúrsa droichid a chur i gcrích ina bhfuil ainlithe agus nósanna imeachta lena n-áirítear MCC chomh maith le cleachtaí Roinn 7 ina n-úsáidtear bainistiú bagairtí agus earráidí (TEM), CRM agus tosca daonna ag eagraíocht a shonraítear i bpointe FCL.725(d)(1)(i);

(2)

pas a fháil sa tseiceáil oilteachta in oibríochtaí ilphíolóta.

(h)

Chun na pribhléidí a bhaineann le rátáil chineáil a fheidhmiú in oibríochtaí aonphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.725(d), píolótaí atá i dteideal an cineál eitleáin ábhartha a oibriú cheana féin in oibríochtaí ilphíolóta, cuirfear oiliúint orthu in eagraíocht a shonraítear i bpointe FCL.725(d)(1)(i) agus déanfar seiceáil orthu le haghaidh na n-ainlithe agus na nósanna imeachta breise seo a leanas in oibríochtaí aonphíolóta:

(i)

i gcás eitleáin SE, 1.6, 4.5, 4.6, 5.2 agus, más infheidhme, ascnamh amháin ó Roinn 3.B;

(ii)

i gcás eitleáin ME, 1.6, Roinn 6 agus, más infheidhme, ascnamh amháin ó Roinn 3.B.

(i)

Maidir le píolótaí atá i dteideal na pribhléidí a bhaineann le rátáil aicme nó le rátáil chineáil a fheidhmiú in oibríochtaí aonphíolóta agus in oibríochtaí ilphíolóta araon i gcomhréir le pointí (g) agus (h), féadfaidh siad na pribhléidí a choinneáil don dá chineál oibríochta trí cheachtar díobh seo a leanas a dhéanamh:

(i)

dhá sheiceáil oilteachta, ceann amháin in oibríochtaí aonphíolóta agus ceann amháin in oibríochtaí ilphíolóta;

(ii)

seiceáil oilteachta in oibríochtaí ilphíolóta sa bhreis ar na cleachtaí dá dtagraítear i bpointí (h)(i) nó (h)(ii), de réir mar is infheidhme, in oibríochtaí aonphíolóta.

Áireofar i gcónaí sna seiceálacha oilteachta le haghaidh athbhailíochtú nó athnuachan rátálacha aicme na cleachtaí dá dtagraítear i bpointí (h)(i) nó (h)(ii), de réir mar is infheidhme, in oibríochtaí aonphíolóta.

(j)

Chun srian ar oibríochtaí ilphíolóta a bhaint de rátáil chineáil eitleáin aonphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.725(d)(2), comhlíonfaidh píolótaí pointe (h).’;

(ii)

i bpointe (l), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

‘Chun pribhléidí PBN a bhunú nó a choinneáil ar bun, is ascnamh RNP APCH a bheidh in ascnamh amháin. I gcás nach bhfuil RNP APCH indéanta, déanfar é in FSTD a bheidh feistithe go hiomchuí.

De mhaolú ar an gcéad mhír, i gcásanna ina ndéantar seiceáil oilteachta chun pribhléidí PBN a athbhailíochtú in aerárthach nó in FSTD a úsáidtear in ionad an aerárthaigh sin, nach bhfuil feistithe le haghaidh ainlithe RNP APCH, ní fhéadfar cleachtaí RNP APCH a áireamh sa tseiceáil oilteachta. Sna cásanna sin, ní bheidh RNP APCH san áireamh i bpribhléidí PBN an phíolóta. Cuirfear deireadh leis an srian má tá seiceáil oilteachta curtha i gcrích ag an bpíolóta lena n-áirítear cleachtadh RNP APCH le haghaidh na haicme nó an chineáil ábhartha.’;

(2)

leasaítear pointe 6 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

Chun srian ar oibríochtaí ilphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.725(d)(2) a bhaint de rátáil chineáil eitleáin choimpléascaigh ardfheidhmíochta aonphíolóta, cuirfidh píolótaí i gcrích na hainlithe/nósanna imeachta in 2.5, 3.8.3.4, 4.4, 5.5 agus ainliú/nós imeachta amháin ar a laghad ó Roinn 3.4 in oibríocht aonphíolóta.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

Iarratasóirí ar rátáil chineáil shrianta agus sealbhóirí rátála cineáil srianta arna heisiúint i gcomhréir le pointe FCL.720.A(c), cuirfidh siad oiliúint, tástálacha scileanna agus seiceálacha oilteachta i gcrích i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo. Mar sin féin, mura ndéantar tástáil scileanna orthu i gcomhréir le pointe FCL.720.A(c)(3), déanfaidh siad, le linn tástáil scileanna nó seiceáil oilteachta, na hainlithe tuirlingthe ar a laghad i ról an fhaireacháin píolóta ach ní bheidh sé de cheangal orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

ainlithe éirí de thalamh;

(ii)

ainlithe tuirlingthe i ról an phíolóta atá ag eitilt.’;

(iii)

i bpointe (j), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

‘Chun pribhléidí PBN a bhunú nó a choinneáil ar bun, is ascnamh RNP APCH a bheidh in ascnamh amháin. I gcás nach bhfuil RNP APCH indéanta, déanfar é in FSTD a bheidh feistithe go hiomchuí.

De mhaolú ar an gcéad mhír, i gcásanna ina ndéantar seiceáil oilteachta chun pribhléidí PBN a athbhailíochtú in aerárthach nó in FSTD a úsáidtear in ionad an aerárthaigh sin, nach bhfuil feistithe le haghaidh ainlithe RNP APCH, ní fhéadfar cleachtaí RNP APCH a áireamh sa tseiceáil oilteachta. Sna cásanna sin, ní bheidh RNP APCH san áireamh i bpribhléidí PBN an phíolóta. Cuirfear deireadh leis an srian má tá seiceáil oilteachta curtha i gcrích ag an bpíolóta lena n-áirítear cleachtadh RNP APCH le haghaidh na haicme nó an chineáil ábhartha.’;

(d)

leasaítear Roinn C mar a leanas:

(1)

leasaítear an tábla i ndiaidh phointe 12 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chleachtadh 2.6.1:

‘2.6.1

I gcás héileacaptair aon innill:

tuirlingt uathrothlach; nó

aisghabháil cumhachta, ar choinníoll gur chuir iarratasóirí, an bhliain roimhe sin, oiliúint i gcrích ina raibh tuirlingt uathrothlach agus gur chuir an teagascóir an oiliúint sin isteach i logleabhar na n-iarratasóirí agus gur shínigh sé í.

I gcás héileacaptair il-innill: aisghabháil cumhachta.’

P

---->

 

M’;

 

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chleachtaí 5.4.1 agus 5.4.2:

‘5.4.1

De láimh, gan gléas treoraithe eitilte Tabhair faoi deara: De réir AFM, féadfaidh nósanna imeachta RNP APCH a éileamh go n-úsáidfí uathphíolóta nó gléas treoraithe eitilte. Roghnófar an nós imeachta um eitilt de láimh agus teorainneacha den sórt sin á gcur san áireamh (mar shampla, roghnaigh ILS le haghaidh 5.4.1 i gcás teorannú AFM den sórt sin).

P*

---->*

 

M*

(mura bhfuil Cleachtadh 5.4.2 curtha i gcrích)

 

5.4.2

De láimh, le gléas treoraithe eitilte

P*

---->*

 

M*

(mura bhfuil Cleachtadh 5.4.1 curtha i gcrích)’

 

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 13:

‘(13)

Chun pribhléidí na rátála cineáil a fheidhmiú i gcomhréir le pointe FCL.725(d), iarratasóirí ar eisiúint, athbhailíochtú nó athnuachan rátála cineáil i gcomhair héileacaptar aonphíolóta, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

i dtaca le hoibríochtaí aonphíolóta, an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta a dhéanamh in oibríochtaí aonphíolóta;

(b)

i dtaca le hoibríochtaí ilphíolóta, an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta a dhéanamh in oibríochtaí ilphíolóta;

(c)

i dtaca le hoibríochtaí aonphíolóta agus oibríochtaí ilphíolóta araon, an tástáil scileanna nó an tseiceáil oilteachta a dhéanamh in oibríochtaí ilphíolóta agus, ina theannta sin, na hainlithe agus na nósanna imeachta seo a leanas a dhéanamh in oibríochtaí aonphíolóta:

(1)

i gcás héileacaptair aon innill: 2.1 éirí den talamh agus 2.6 agus 2.6.1 teacht anuas uathrothlach agus tuirlingt uathrothlach;

(2)

i gcás héileacaptair il-innill: 2.1 éirí den talamh agus 2.4 agus 2.4.1 cliseadh innill go luath roimh an TDP a bhaint amach agus go gairid ina dhiaidh;

(3)

i gcás pribhléidí IR, i dteannta phointí (1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ascnamh amháin de Roinn 5, ach amháin má chomhlíontar na critéir i bhFoscríbhinn 8;

(d)

chun srian a bhaint den rátáil chineáil i gcomhair oibríochtaí ilphíolóta ó rátáil chineáil i gcomhair héileacaptar aonphíolóta neamhchoimpléascach i gcomhréir le pointe FCL.725(d)(2), seiceáil oilteachta a dhéanamh ina gcuimsítear na hainlithe agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (c)(1) nó i bpointe (c)(2) de réir mar is infheidhme.’.


IARSCRÍBHINN II;

Leasuithe ar Iarscríbhinn IV (Cuid-SPA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(1)

i bpointe MED.A.010, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach i ndiaidh an tsainmhínithe ar ‘shábháilteacht dathanna’:

‘—

ciallaíonn ‘oibríocht seirbhísí leighis éigeandála héileacaptair (HEMS)’‘eitilt HEMS’ mar a shainítear i bpointe 61 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012;’;

(2)

i bpointe MED.A.040(c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

Déanfaidh AeMC nó AME deimhnithe leighis aicme 1 agus aicme 2 a athbhailíochtú agus a athnuachan. Go sonrach, maidir le deimhnithe leighis aicme 1 le haghaidh iarratasóirí a bhfuil 60 bliain d’aois slánaithe acu agus a bhfuil baint acu le hoibríochtaí HEMS aonphíolóta, déanfaidh AeMC nó, de rogha an údaráis inniúil, AME a bhfuil taithí aige, arna ainmniú ag an údarás inniúil, iad a athbhailíochtú agus a athnuachan go príomha.’;

(3)

i bpointe MED.B.005, cuirtear an tríú fomhír seo a leanas leis:

 

‘Le linn dóibh scrúdú a dhéanamh, tabharfaidh AMEnna aird chuí ar éifeachtaí meathlúcháin an aosaithe ar chórais an choirp.’;

(4)

leasaítear pointe MED.B.010 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3) agus (4):

‘(3)

I gcás deimhniú leighis aicme 1, déanfar measúnú cardashoithíoch leathnaithe ag an gcéad scrúdú athbhailíochtaithe nó athnuachana tar éis 65 bliana d’aois a bheith slánaithe ag an sealbhóir deimhnithe agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin. I gcás iarratasóirí atá rannpháirteach in oibríochtaí HEMS aonphíolóta, déanfar measúnú cardashoithíoch leathnaithe ag an gcéad scrúdú athbhailíochtaithe nó athnuachana tar éis 60 bliain d’aois a bheith slánaithe agus faoi réir measúnú ar thosca riosca cardashoithíocha ina dhiaidh sin.

(4)

I gcás deimhniú leighis aicme 1, beidh gá le meastachán ar lipidí séirim, lena n-áirítear codáin cholaistéaróil, ag an scrúdú tosaigh, agus ag an gcéad scrúdú tar éis 40 bliain d’aois a bheith slánaithe ag an sealbhóir deimhnithe.’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear an pointe (5) a leanas leis:

‘(5)

Beidh measúnú ar fhachtóirí riosca chardashoithíoch mar chuid de scrúduithe do dheimhnithe leighis aicme 1 agus aicme 2 ag an gcéad scrúdú tar éis 40 bliain d’aois a bheith slánaithe ag an sealbhóir deimhnithe agus go tráthrialta ina dhiaidh sin.’;

(5)

leasaítear pointe MED.B.015 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Déanfaidh iarratasóirí ar dheimhniú leighis aicme 1 tástálacha feidhmiúla scamhógacha ag an scrúdú tosaigh agus nuair a léireofar é go cliniciúil.’;

(b)

cuirtear an pointe (ba) seo a leanas isteach:

‘(ba)

I gcás sealbhóirí deimhnithe leighis in aicme 1 a bhfuil baint acu le hoibríochtaí HEMS aonphíolóta, déanfar tástálacha feidhmiúla scamhógacha agus scagadh aipnia chodlata bhacúil (OSA) a chur i gcrích ag an gcéad scrúdú athbhailíochtaithe nó athnuachana tar éis 60 bliain d’aois a bheith slánaithe ag an sealbhóir deimhnithe sin.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Déanfaidh iarratasóirí ar dheimhniú leighis aicme 2 tástálacha moirfeolaíocha agus feidhmiúla scamhógacha nuair a léireofar sin go cliniciúil nó go heipidéimeolaíoch.’;

(6)

i bpointe MED.B.070(a)(1), cuirtear an pointe (iii) a leanas leis:

‘(iii)

i gcás ina bhfuil baint ag sealbhóirí le hoibríochtaí HEMS aonphíolóta, déanfar scrúdú súl cuimsitheach ag an gcéad scrúdú athbhailíochtaithe nó athnuachana tar éis 60 bliain d’aois a bheith slánaithe aige agus gach bliain ina dhiaidh sin.’;

(7)

i bpointe MED.B.075(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

Cuirfear iarratasóirí faoi réir thástáil Ishihara chun deimhniú leighis a eisiúint den chéad uair. I gcás sealbhóirí deimhnithe leighis aicme 1 a bhfuil baint acu le hoibríochtaí HEMS aonphíolóta, cuirfear measúnú aitheanta dathanna i gcrích ag an gcéad scrúdú athbhailíochtaithe nó athnuachana tar éis 60 bliain d’aois a bheith slánaithe acu agus gach bliain ina dhiaidh sin. Iarratasóirí a fhaigheann pas sa tástáil sin, féadfar a mheasúnú go bhfuil siad folláin.’;

(8)

leasaítear pointe MED.B.080(a) mar a leanas:

(a)

i bpointe (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)

I gcás deimhniú leighis aicme 1, agus i gcás deimhniú leighis aicme 2 nuair atá rátáil uirlisí nó rátáil uirlisí bunúsacha le cur leis an gceadúnas, déanfar éisteacht a thástáil le closmhéadracht ghlan-toin ag an scrúdú tosaigh, ansin gach 5 bliana go dtí go slánóidh sealbhóir an cheadúnais 40 bliain d’aois, agus ansin gach 2 bhliain go dtí go slánóidh sealbhóir an cheadúnais 60 bliain d’aois agus gach bliain ina dhiaidh sin.’;

(b)

cuirtear isteach an pointe (3) seo a leanas:

‘(3)

I gcás sealbhóirí deimhnithe leighis aicme 1 a bhfuil baint acu le hoibríochtaí HEMS aonphíolóta, cuirfear iad faoi scrúdú cuimsitheach cluaise, sróine agus scornaí ag an gcéad scrúdú athbhailíochtaithe nó athnuachana tar éis 60 bliain d’aois a bheith slánaithe acu.’;

(9)

i pointe MED.D.020, cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘(aa)

Chun comhlíonadh phointí MED.D.010(b) agus MED.D.015(c) a léiriú, féadfaidh an t-údarás inniúil glacadh le cúrsa oiliúna faoin leigheas eitlíochta a chuir iarratasóir i gcrích lasmuigh de na críocha a bhfuil Ballstáit freagrach astu faoi Choinbhinsiún Chicago, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

rinne an t-údarás inniúil siollabas an chúrsa a mheasúnú agus a fhíorú i gcomhréir le pointe ARA.MED.200(c)(1) d’Iarscríbhinn VI;

(ii)

go bhfuil modúl oiliúna sonrach maidir leis na ceanglais aerleighis a shonraítear san Iarscríbhinn seo (Cuid-MED) curtha i gcrích ag an iarratasóir de réir mar a chuir an t-údarás inniúil ar fáil é.’.


IARSCRÍBHINN III

Leasuithe ar Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(1)

i bpointe ARA.GEN.305, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

I gcás daoine ag a bhfuil ceadúnas, deimhniú, rátáil, nó fianú arna n-eisiúint ag an údarás inniúil, áireofar sa chlár formhaoirseachta líon iomchuí cigireachtaí agus cigireachtaí gan réamhfhógra.’;

(2)

i bpointe ARA.GEN.360, cuirtear pointe (e) a leanas leis:

‘(e)

Nuair a gheobhaidh údarás inniúil iarraidh ó shealbhóir deimhnithe aerleighis ar athrú údaráis inniúil, mar a shonraítear sna ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a), beidh feidhm ag an nós imeachta a shonraítear i bpointí (a) go (d).’;

(3)

i bpointe ARA.FCL.200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Formhuiniú ceadúnais ag teagascóirí. Sula n-údarófar go sonrach teagascóirí áirithe athbhailíochtú a dhéanamh ar rátáil aicme eitleáin BPC, ar rátáil aicme TMG nó ar rátáil chineáil do héileacaptar aon innill suas le MTOM 3 175 kg, forbróidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta iomchuí.’;

(4)

i bpointe ARA.FCL.300(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

Féadfar an scrúdú cumarsáide a chur ar fáil ar leithligh ó na scrúduithe in ábhair eile.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.120:

‘ARA.FSTD.120   Cáilíocht FSTD a choinneáil ar bun

‘(a)

Mar chuid den chlár formhaoirseachta, déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán leanúnach ar an eagraíocht a oibríonn FSTD chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(1)

déantar an tacar iomlán tástálacha sa mháistir-QTG an athuair de réir a chéile thar thréimhse 12 mhí;

(2)

leanann torthaí na meastóireachtaí athfhillteacha de bheith ag comhlíonadh an bhoinn cáilíochta agus déantar iad a dhátú agus a choinneáil;

(3)

tá córas rialaithe cumraíochta i bhfeidhm chun sláine leanúnach chrua-earraí agus bhogearraí an FSTD cháilithe a áirithiú.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachtaí athfhillteacha ar FSTD i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i bpointe ARA.FSTD.100. Déanfar na meastóireachtaí sin:

(1)

gach bliain, i gcás ionsamhlóir eitilte iomláine (FFS), feiste oiliúna eitilte (FTD) nó oiliúnóir nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta (FNPT). Is é deireadh mhí na cáilíochta tosaigh tús gach tréimhse athfhillteach 12 mhí mura gcomhaontaíonn an t-údarás inniúil agus an eagraíocht a oibríonn FSTD dáta eile. Déanfar gach meastóireacht athfhillteach ar FSTD laistigh de thréimhse 60 lá roimh thús gach tréimhse athfhilltí 12 mhí agus 30 lá tar éis thús gach tréimhse athfhilltí 12 mhí;

(2)

gach 3 bliana, i gcás BITD.

(c)

Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh 36 mhí ar a mhéad a chur le tréimhse mheastóireachta athfhillteach FSTD a shonraítear i bpointe ARA.FSTD.120(b)(1), ar choinníoll go mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas ar fad:

(1)

le linn na 36 mhí roimhe sin, comhlíonann an eagraíocht a oibríonn an FSTD sin na critéir a shonraítear i bpointí ARA.GEN.305(c)(1) go (c)(4);

(2)

rinneadh meastóireacht tosaigh agus meastóireacht athfhillteach amháin ar a laghad ar FSTD lenar suíodh go raibh an bonn cáilíochta á chomhlíonadh go leanúnach aige;

(3)

déanann an t-údarás inniúil iniúchadh ar ghnéithe de chóras bainistíochta na heagraíochta, mar a shonraítear i bpointí ORA.GEN.200(a)(3) agus (a)(6) d’Iarscríbhinn VII, gach 12 mhí;

(4)

tá nósanna imeachta forbartha ag an eagraíocht chun na cúraimí a shonraítear i bpointe ORA.FSTD.225(b) d’Iarscríbhinn VII a dhéanamh.’’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.MED.120:

‘ARA.MED 120   Measúnóirí leighis

Ceapfaidh an t-údarás inniúil measúnóir leighis amháin nó níos mó chun tabhairt faoi na cúraimí aerleighis a dtugtar tuairisc orthu sa Rialachán seo. Beidh an measúnóir leighis ceadúnaithe agus cáilithe i gcúrsaí leighis agus beidh na nithe seo a leanas aige:

(a)

taithí oibre iarchéime sa leigheas cliniciúil;

(b)

eolas agus taithí shonrach ar leigheas eitlíochta agus ar chleachtas aerleighis;

(c)

oiliúint shonrach i ndeimhniú aerleighis.’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.MED.125:

‘ARA.MED.125   Tarchur chuig an údarás ceadúnúcháin

I gcás ina gcuirfidh scrúdaitheoir AeMC nó scrúdaitheoir aerleighis (AME) an cinneadh maidir le dea-shláinte iarratasóra faoi bhráid mheasúnóir leighis an údaráis ceadúnúcháin, déanfar na bearta seo a leanas:

(a)

déanfaidh an measúnóir leighis nó an fhoireann leighis arna hainmniú ag an measúnóir leighis meastóireacht ar na doiciméid leighis ábhartha agus iarrfaidh sé tuilleadh doiciméadachta leighis, scrúduithe leighis agus tástálacha i más gá;

(b)

cinnfidh an measúnóir leighis dea-shláinte an iarratasóra chun deimhniú leighis a eisiúint le teorainn amháin nó níos mó más gá;

(c)

cuirfidh an measúnóir leighis AeMC nó AME ar an eolas faoin gcinneadh;

(d)

i gcás ina measfar an t-iarratasóir a bheith folláin, eiseoidh an measúnóir leighis, más iomchuí, an deimhniú leighis nó tarmligfidh sé an eisiúint chuig AeMC nó AME a tharchuir an t-iarratasóir lena mbaineann.’;

(8)

cuirtear na pointí ARA.MED.126 agus ARA.MED.128 seo a leanas isteach:

‘ARA.MED.126   Teorannú, fionraíocht nó cúlghairm deimhnithe leighis

(a)

Bunóidh an t-údarás ceadúnúcháin nós imeachta chun deimhniú leighis a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm.

(b)

Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin deimhniú leighis a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm má tá fianaise ann i leith an mhéid seo a leanas:

(1)

déantar deimhniú leighis a fhalsú nó a fháil trí dhearbhú bréagach nó trí fhianaise bhréagach;

(2)

úsáidtear deimhniú leighis de shárú ar fhorálacha phointe MED.A.020 d’Iarscríbhinn IV;

(3)

ní chomhlíonann sealbhóir deimhnithe leighis Iarscríbhinn IV (Cuid-MED) a thuilleadh;

(c)

Féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin deimhniú leighis a fhionraí nó a chúlghairm freisin arna iarraidh sin i scríbhinn do shealbhóir deimhnithe leighis.

(d)

I gcás ina ndéanfar deimhniú leighis a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm, cuirfidh an t-údarás ceadúnúcháin an AME nó AeMC eisiúna ar an eolas faoin gcúis atá leis an teorannú, leis an bhfionraí nó leis an gcúlghairm.

(e)

I gcás ina ndéanfar deimhniú leighis a fhionraí nó a chúlghairm, áiritheoidh an t-údarás ceadúnúcháin go gcomhlíonfar forálacha phointe MED.A.046 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED).

(f)

Bunóidh an t-údarás ceadúnúcháin nós imeachta chun deimhniú leighis a athbhunú.

ARA.MED.128   Nós imeachta comhairliúcháin

Bunóidh an t-údarás inniúil nós imeachta comhairliúcháin le haghaidh AeMCanna agus AMEnna i gcomhréir le hIarscríbhinn IV (Cuid-MED).’;

(9)

leasaítear pointe ARA.MED.130 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(1)

scriostar pointe (2);

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

Uimhir an deimhnithe leighis, ag tosú le cód tíre NA an Stáit inar eisíodh an ceadúnas píolóta nó ina ndearnadh iarratas air agus ina dhiaidh sin cód uimhreacha agus/nó litreacha in uimhreacha Arabacha agus i script na Laidine (III)’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

‘(6)

Dáta breithe an tsealbhóra: (ll/mm/bbbb) (IVa)’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

‘(9)

Dáta éaga an deimhnithe leighis (IX) le haghaidh:

(i)

Aicme 1,

(ii)

Oibríochtaí tráchtála aonphíolóta Aicme 1 lena n-iompraítear paisinéirí,

(iii)

Aicme 2,

(iv)

LAPL’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

‘(11)

Dáta an leictreacardagraim is déanaí agus an chéad leictreacardagraim eile’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

‘(12)

Dáta an chlosghraim is déanaí agus an chéad chlosghraim eile’;

(7)

cuirtear isteach pointe (12a) seo a leanas:

‘(12a)

Dáta an scrúdaithe oftailmeolaíoch is déanaí agus an chéad scrúdaithe oftailmeolaíoch eile’;

(8)

cuirtear pointe (15) leis an ábhar seo a leanas:

‘(15)

Faisnéis eile’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

Déanfaidh an páipéar nó an t-ábhar eile a úsáidtear aon athrú nó scriosadh a chosc nó a thaispeáint go héasca. Beidh aon iontráil nó scriosadh san fhoirm údaraithe go soiléir ag an údarás inniúil.

(c)

Teanga: Scríobhfar deimhnithe leighis sa teanga náisiúnta nó sna teangacha náisiúnta agus i mBéarla agus i dteangacha eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith iomchuí.’;

(10)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí ARA.MED.135, ARA.MED.145 agus ARA.MED.150:

‘ARA.MED.135   Foirmeacha aerleighis

Soláthróidh an t-údarás inniúil an fhormáid do na doiciméid seo a leanas do na AMEnna:

(a)

Foirm iarratais le haghaidh deimhniú leighis píolóta;

(b)

an fhoirm maidir le tuarascáil scrúdúcháin le haghaidh iarratasóirí aicme 1 agus aicme 2;

(c)

an fhoirm maidir le tuarascáil scrúdúcháin le haghaidh iarratasóirí ar cheadúnas píolóta aerárthaigh éadroim (LAPL).’;

Fógra ARA.MED.145   GMP chuig an údarás inniúil

Bunóidh an t-údarás inniúil, nuair is infheidhme, próiseas maidir le fógra a thabhairt do liachleachtóirí ginearálta (GMPanna) chun a áirithiú go bhfuil GMP ar an eolas faoi na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo.

ARA.MED.150   Taifid a choimeád

(a)

I dteannta na dtaifead a éilítear le pointe ARA.GEN.220, áireoidh an t-údarás inniúil ina chóras coimeádta taifead, sonraí faoi scrúduithe aerleighis, agus measúnuithe arna gcur isteach ag AMEnna, AeMCanna nó GMPanna.

(b)

Coinneofar gach taifead aerleighis de chuid iarratasóirí/sealbhóirí ceadúnais ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis dháta éaga a ndeimhnithe leighis dheireanaigh.

(c)

Chun críche measúnuithe agus caighdeánú aerleighis, cuirfear taifid aerleighis ar fáil tar éis toiliú i scríbhinn a fháil ón iarratasóir/sealbhóir ceadúnais do na heintitis seo a leanas:

(1)

AeMC, AME nó GMP chun measúnú aerleighis a chur i gcrích;

(2)

bord athbhreithnithe leighis a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a bhunú le haghaidh athbhreithniú tánaisteach ar chásanna teorannacha;

(3)

speisialtóirí leighis ábhartha chun measúnú aerleighis a chur i gcrích;

(4)

measúnóir leighis an údaráis inniúil i mBallstát eile chun críche formhaoirseachta comhoibrithí;

(5)

an t-iarratasóir/sealbhóir an cheadúnais lena mbaineann arna iarraidh sin i scríbhinn dóibh;

(6)

an Ghníomhaireacht chun críoch caighdeánúcháin, ar bhealach a áirithíonn go n-urramaítear rúndacht leighis i gcónaí.

(d)

Féadfaidh an t-údarás inniúil taifid aerleighis a chur ar fáil chun críoch eile seachas na críocha sin a luaitear i bpointe (c) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(e)

Coimeádfaidh an t-údarás inniúil liosta de na nithe seo a leanas:

(1)

AeMCanna agus AMEnna atá deimhnithe aige;

(2)

AMEnna arna ndeimhniú ag údaráis inniúla eile a fheidhmíonn a gcuid pribhléidí ina gcríoch agus ar chuir AMEnna faisnéisiú ar fáil dóibh i gcomhréir le pointe MED.D.001(f)(3) d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED);

(3)

GMPanna a fheidhmíonn a gcuid pribhléidí i gcomhréir le pointe MED.A.040 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED), i gcás inarb infheidhme;

(4)

OHMPanna tar éis dóibh fógra a thabhairt don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe acu measúnuithe aerleighis a dhéanamh ar an bhfoireann cábáin i gcomhréir le pointí MED.C.005(c) agus MED.D.040 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED), i gcás inarb infheidhme.

Luafar sa liosta pribhléidí na ndaoine agus na n-eagraíochtaí a shonraítear i bpointí (1) go (4) den chéad mhír agus déanfaidh an t-údarás inniúil an liosta a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta.

(f)

Déanfaidh an t-údarás inniúil anailís ar shonraí sláinte na bpíolótaí os cionn 60 bliain d’aois, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu le hoibríochtaí HEMS aonphíolóta, agus tuairisceoidh sé na sonraí sláinte sin ar bhealach anaithnidithe comhiomlánaithe do EASA ar bhonn bliantúil.’;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.MED.200:

‘ARA.MED.200   Nós imeachta maidir le deimhniú AME a eisiúint, a athbhailíochtú, a athnuachan nó a athrú

Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i bpointe ARA.GEN.315, beidh feidhm ag gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

áiritheoidh an t-údarás inniúil, sula ndéanfar pribhléidí deimhnithe AME a eisiúint, a athbhailíochtú, a athnuachan nó a shíneadh, go léireoidh iarratasóirí a n-inniúlacht aerleighis i gcomhréir le pointí MED.D.030(a)(6) agus (b)(5) d’Iarscríbhinn IV;

(b)

beidh nós imeachta i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun a áirithiú, sula n-eiseoidh sé deimhniú AME, go mbeidh an fhianaise aige go bhfuil cleachtas AME feistithe agus go bhfuil na próisis iomchuí i bhfeidhm chun scrúduithe aerleighis a dhéanamh laistigh de raon feidhme an deimhnithe AME a bhfuil iarratas á dhéanamh air. I gcás ina mbeidh níos mó ná suíomh amháin de chleachtais AME ann, déanfar iad ar fad a shonrú ar an deimhniú AME;

(c)

maidir leis na hiarratasóirí dá dtagraítear i bpointe MED.D.020(aa) d’Iarscríbhinn IV, féadfaidh an t-údarás inniúil glacadh le cúrsa oiliúna ar leigheas eitlíochta a chuir iarratasóir i gcrích lasmuigh de na críocha a bhfuil Ballstáit freagrach astu faoi Choinbhinsiún Chicago, ar choinníoll go bhfuil na nithe uile seo a leanas déanta ag an údarás inniúil:

(1)

rinne sé a mheasúnú agus a fhíorú go bhfuil siollabas an chúrsa coibhéiseach leis na cúrsaí oiliúna i leigheas eitlíochta atá ar fáil sna Ballstáit;

(2)

chuir sé modúl oiliúna sonrach ar fáil don iarratasóir maidir leis na ceanglais aerleighis a shonraítear in Iarscríbhinn IV (Cuid-MED);

(d)

nuair is deimhin leis go bhfuil an AME i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil an deimhniú AME a eisiúint, a athbhailíochtú, a athnuachan nó a athrú ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana, agus úsáid á baint as an bhfoirm a bhunaítear i bhFoscríbhinn VII.’;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal phointe ARA.MED.240:

ARA.MED.240   Liachleachtóirí ginearálta (GMPanna) a fheidhmíonn na pribhléidí i gcomhréir le pointe MED.A.040 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED)’;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.MED.245:

‘ARA.MED.245   Formhaoirseacht leanúnach ar AMEnna agus ar GMPanna

Agus an clár formhaoirseachta leanúnaí dá dtagraítear i bpointe ARA.GEN.305 á fhorbairt aige, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(1)

an líon AMEnna agus GMPanna a fheidhmíonn a gcuid pribhléidí laistigh den chríoch ina bhfeidhmíonn an t-údarás inniúil formhaoirseacht;

(2)

an líon AMEnna arna ndeimhniú ag údaráis inniúla Ballstát eile a fheidhmíonn a gcuid pribhléidí laistigh den chríoch ina bhfeidhmíonn an t-údarás inniúil formhaoirseacht;

(3)

measúnú rioscabhunaithe ar ghníomhaíocht AMEnna agus GMPanna.’;

(14)

cuirtear isteach an pointe ARA.MED.246 seo a leanas:

‘ARA.MED.246   Formhaoirseacht chomhoibríoch ar AMEnna agus AeMCanna

Gan dochar do na forálacha a leagtar síos i bpointe ARA.GEN.300(e):

(a)

i gcás ina ndéanann AME nó AeMC a ngníomhaíocht i níos mó ná Ballstát amháin, beidh nós imeachta i bhfeidhm ag an údarás inniúil a dheimhnigh AME nó AeMC chun malartú faisnéise a áirithiú i gcomhréir le pointe ARA.GEN.200(c) agus pointí ARA.GEN.300(d) agus (e) le húdarás inniúil an Bhallstáit nó na mBallstát eile ina ndéanann AME nó AeMC a ngníomhaíocht. Comhaontóidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an nós imeachta;

(b)

sa chás a luaitear i bpointe (a), déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile nó na mBallstát eile ina ndéanann AME nó AeMC a ngníomhaíocht an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis an bhformhaoirseacht ar AME nó AeMC a chomhroinnt leis an údarás inniúil a dheimhníonn AME nó AeMC.’;

(15)

leasaítear pointe ARA.MED.250 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Déanfaidh an t-údarás inniúil deimhniú AME a theorannú, a fhionraí nó a chúlghairm sna himthosca seo a leanas:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

ní chomhlíonann AME na ceanglais is infheidhme;’;

(iii)

scriostar an focal ‘agus’ ag deireadh phointe (6)

(iv)

cuirtear an pointe (8) seo a leanas isteach:

‘(8)

aon chomhthéacs oibríochtúil de chuid AME a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige go díreach nó go hindíreach ar shábháilteacht eitilte’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Measfar deimhniú AME a bheith neamhbhailí i gceachtar de na himthosca seo a leanas agus déanfaidh an t-údarás inniúil é a chúlghairm láithreach:’;

(c)

cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:

‘(c)

Beidh próiseas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun na deimhnithe AMEnna cúlghairthe a aisghabháil, tabharfaidh sé liosta AMEnna cothrom le dáta, agus cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas dá réir sin.’;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.MED.255:

‘ARA.MED.255   Bearta forfheidhmiúcháin

Más rud é, le linn formhaoirseachta nó ar aon bhealach eile, go bhfaighfear fianaise lena léirítear neamh-chomhlíonadh AeMC, AME nó GMP, beidh próiseas ag an údarás inniúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar na deimhnithe leighis arna n-eisiúint ag an AeMC, AME nó GMP sin agus féadfaidh sé iad a dhéanamh neamhbhailí, i gcás inar gá, chun sábháilteacht eitilte a áirithiú.

I gcás deimhnithe leighis a eisítear d’iarratasóirí a bhfuil údarás ceadúnúcháin acu nach ionann é agus an t-údarás inniúil a d’eisigh an deimhniú AME, déanfaidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis ábhartha a chur in iúl agus a mhalartú le measúnóir leighis údarás ceadúnúcháin shealbhóir an deimhnithe leighis lena mbaineann.’;

(17)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointí ARA.MED.315 agus ARA.MED.325:

‘ARA.MED.315   Athbhreithniú ar thuarascálacha scrúdúcháin

Beidh próiseas i bhfeidhm ag an údarás ceadúnúcháin chun go ndéanfaidh an measúnóir leighis na bearta seo a leanas:

(a)

athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha scrúdúcháin agus measúnaithe a fhaightear ó AeMCanna, AMEnna agus GMPanna agus iad a chur ar an eolas faoi aon neamhréireacht, botún nó earráid a dhéantar sa phróiseas measúnaithe;

(aa)

na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh maidir le haon neamhréireacht, botún nó earráid a shainaithnítear;

(b)

cúnamh a thabhairt do AMEnna agus do AeMCanna lena n-iarraidh i ndáil lena gcinneadh maidir le dea-shláinte aerleighis i gcásanna teorannacha agus coimpléascacha.

ARA.MED.325 Nós imeachta athbhreithnithe thánaistigh

Bunóidh an t-údarás inniúil nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna idir eatarthu agus coimpléascacha agus ar chásanna ina n-iarrann iarratasóir athbhreithniú i gcomhréir leis na ceanglais leighis is infheidhme agus leis an gconclúid leighis chreidiúnaithe mar a shainítear i bpointe MED.A.010 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED).’;

(18)

scriostar pointe 2;

(19)

i bpointe (a)(2) d’Fhoscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (XIII):

‘(XIII)

nótaí: i.e. formhuinithe speisialta a bhaineann le teorainneacha agus formhuinithe le haghaidh pribhléidí, lena n-áirítear formhuinithe oilteachta teanga, agus nótaí tráchta maidir le bailíochtú uathoibríoch an cheadúnais; agus’;

(20)

Leasaítear Foscríbhinn III mar a leanas:

(a)

ar leathanach 1 den teimpléad deimhnithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhonóta agus an bhuntáisc:

‘(*)

‘An tAontas Eorpach’ le scriosadh i gcás Ballstáit nach Ballstáit den Aontas iad nó EASA.

Foirm 143 EASA, Eagrán 3 – leathanach 1/2’;

(b)

ar leathanach 2 den teimpléad deimhnithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhuntáisc:

‘Foirm 143 EASA, Eagrán 3 – leathanach 2/2’;

(21)

Leasaítear Foscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

ar leathanach 1 den teimpléad deimhnithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhonóta agus an bhuntáisc:

‘(*)

‘An tAontas Eorpach’ le scriosadh i gcás Ballstáit nach Ballstáit den Aontas iad nó EASA.

Foirm 145 EASA, Eagrán 2 – leathanach 1/2’;

(b)

ar leathanach 2 den teimpléad deimhnithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhuntáisc:

‘Foirm 145 EASA, Eagrán 2 – leathanach 2/2’;

(22)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn V:

‘Foscríbhinn V a ghabhann le hIARSCRÍBHINN VI CUID-ARA

DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH IONAID AERLEIGHIS (AeMCanna)

An tAontas Eorpach  (1)

Údarás Inniúil

DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH IONAD AERLEIGHIS

TAGAIRT:

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2015/340 (2) agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn [an t-údarás inniúil] leis seo

[AINM NA hEAGRAÍOCHTA]

[SEOLADH NA hEAGRAÍOCHTA]

mar ionad aerleighis deimhnithe Cuid-ORA a bhfuil na pribhléidí agus raon na ngníomhaíochtaí aige mar a liostaítear sna téarmaí formheasa atá i gceangal leis seo.

COINNÍOLLACHA:

1.

Tá an deimhniú seo teoranta don deimhniú a shonraítear sa roinn i ndáil le raon feidhme an fhormheasa maidir le lámhleabhar formheasta na heagraíochta;

2.

Ceanglaítear leis an deimhniú sin go gcomhlíonfar na nósanna imeachta a shonraítear i ndoiciméadacht na heagraíochta mar a cheanglaítear le Cuid ORA.

3.

Leanfaidh an deimhniú sin de bheith bailí faoi réir chomhlíonadh cheanglais Chuid-ORA ach amháin i gcás inar géilleadh é, inar cuireadh deimhniú eile ina ionad, inar cuireadh ar fionraí é nó inar cúlghaireadh é.

Dáta eisiúna: ll/mm/bbbb

Síniú: [Údarás Inniúil]

Foirm 146 EASA, Eagrán 2

DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH IONAD AERLEIGHIS

Ceangaltán (3) le huimhir an deimhnithe AeMC:

PRIBHLÉIDÍ AGUS RAON FEIDHME

Fuair [Ainm na heagraíochta] an phribhléid/na pribhléidí chun scrúduithe agus measúnuithe aerleighis a dhéanamh chun deimhnithe leighis agus tuarascálacha leighis a eisiúint mar a luaitear sa tábla thíos agus chun na deimhnithe leighis agus na tuarascálacha leighis sin a eisiúint le haghaidh na nithe seo a leanas:

 

Deimhniú a eisiúint den chéad uair/a athbhailíochtú/a athnuachan

Dáta eisiúna

Aicme 1

 

 

Aicme 2/ LAPL/ Foireann Cábáin

 

 

Aicme 3 (4)

 

 


Dáta: ll/mm/bbbb

Síniú: [Údarás Inniúil]

’;

(23)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn VII:

‘ ‘Foscríbhinn VII a ghabhann le hIARSCRÍBHINN VI CUID-ARA

DEIMHNIÚ UM SCRÚDAITHEOIRÍ AERLEIGHIS (AMEnna)

An tAontas Eorpach  (5)

Údarás Inniúil

DEIMHNIÚ UM SCRÚDAITHEOIR AERLEIGHIS

UIMHIR/TAGAIRT AN DEIMHNITHE:

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2015/340 (6) agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn [an t-údarás inniúil] leis seo

[AINM AN SCRÚDAITHEORA AERLEIGHIS]

[SEOLADH CLEACHTAIS/SEOLTAÍ CLEACHTAS AN SCRÚDAITHEORA AERLEIGHIS]

mar scrúdaitheoir aerleighis

COINNÍOLLACHA:

1.

Tá an deimhniú seo teoranta do na pribhléidí a shonraítear sa cheangaltán a ghabhann leis an deimhniú AME seo;

2.

Ceanglaítear leis an deimhniú seo go gcomhlíonfar na rialacha agus na nósanna imeachta cur chun feidhme a shonraítear i gCuid-MED / Cuid ATCO.MED (6).

3.

Leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí ón [ll/mm/bbbb] go dtí an [ll/mm/bbbb (7)] faoi réir chomhlíonadh cheanglais Chuid-MED / Chuid ATCO.MED (6) mura rud é gur géilleadh é, gur cuireadh deimhniú eile ina ionad, gur cuireadh ar fionraí é nó gur cúlghaireadh é.

 

Dáta eisiúna: ll/mm/bbbb

 

Síniú: [Údarás Inniúil]

Foirm 148 EASA, Eagrán 2

DEIMHNIÚ UM SCRÚDAITHEOIR AERLEIGHIS

Ceangaltán (8) le huimhir an deimhnithe AME:

PRIBHLÉIDÍ AGUS RAON FEIDHME

Fuair [Ainm agus teideal acadúil an scrúdaitheora aerleighis] an phribhléid/na pribhléidí chun scrúduithe agus measúnuithe aerleighis a dhéanamh d’fhonn teastais leighis agus tuarascálacha leighis a eisiúint mar a luaitear sa tábla thíos agus d’fhonn na teastais leighis agus na tuarascálacha leighis sin a eisiúint le haghaidh an mhéid seo a leanas:

Athbhailíochtú/athnuachan Aicme 1

[bailí go dtí an]/[Ní bhaineann le hábhar]

Aicme 2 / LAPL / Deimhniú le haghaidh foireann cábáin a eisiúint den chéad uair/a athbhailíochtú/a athnuachan

[bailí go dtí an]

Athbhailíochtú/athnuachan Aicme 3 (9)

[bailí go dtí an]/[Ní bhaineann le hábhar]


Dáta eisiúna: ll/mm/bbbb

Síniú: [Údarás Inniúil]’

’.

(1)   ‘An tAontas Eorpach’ le scriosadh i gcás Ballstáit nach Ballstáit den Aontas iad nó EASA.

(2)  Déanfar tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 nó Rialachán (AE) 2015/340 a mhodhnú de réir raon feidhme an deimhnithe

(3)  Féadfar an ceangaltán seo a eisiúint mar chuid den deimhniú AeMC nó mar dhoiciméad ar leithligh.

(4)  Ní chuirfear Aicme 3 leis ach amháin i gcás na AeMCanna arna bhformheas chun scrúduithe aerleighis aicme 3 a dhéanamh.

(5)   ‘An tAontas Eorpach’ le scriosadh i gcás Ballstáit nach Ballstáit den Aontas iad

(6)  Modhnófar tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 nó Rialachán (AE) 2015/340 chomh maith le Cuid MED agus Cuid ATCO.MED de réir raon feidhme an deimhnithe

(7)  Formáid an dáta éaga: lá/mí/bliain

(8)  Féadfar an ceangaltán seo a eisiúint mar chuid den deimhniú AeMC nó mar dhoiciméad ar leithligh.

(9)  Ní chuirfear Aicme 3 leis ach amháin i gcás na AeMCanna arna bhformheas chun scrúduithe aerleighis aicme 3 a dhéanamh’


IARSCRÍBHINN IV

Leasuithe ar Iarscríbhinn VII (Cuid-SPA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe ORA.FSTD.225 mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

‘Leanfaidh deimhniú cáilíochta FSTD de bheith bailí faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

‘(2)

tugtar rochtain don údarás inniúil ar an eagraíocht mar a shainítear i bpointe ORA.GEN.140 chun comhlíonadh leanúnach cheanglais ábhartha Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh ar a bhonn sin a chinneadh;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

Má tá síneadh curtha ag an údarás inniúil leis an tréimhse mheastóireachta athfhillteach do FSTD i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.120(c) d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA), sannfaidh an eagraíocht duine nó grúpa daoine a bhfuil taithí leordhóthanach acu agus déanfaidh an duine nó an grúpa daoine sin gach ceann de na nithe seo a leanas laistigh de thréimhse 60 lá roimh thús gach tréimhse athfhillteach 12 mhí agus 30 lá tar éis thús gach tréimhse athfhillteach 12 mhí i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.120(b)(1) d’Iarscríbhinn VI:

(1)

athbhreithniú a dhéanamh ar athchur i gcrích rialta na dtástálacha iomlána sa mháistir QTG;

(2)

na feidhmeanna ábhartha agus na tástálacha suibiachtúla a chur i gcrích;

(3)

tuarascáil ar na torthaí a sheoladh chuig an údarás inniúil.

(c)

Leanfaidh cáilíocht BITD de bheith bailí faoi réir meastóireacht rialta chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil an bonn cáilíochta is infheidhme i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.120 d’Iarscríbhinn VI.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.AeMC.105:

‘ORA.AeMC.105   Raon feidhme

Bunaítear leis an bhFochuid seo na ceanglais bhreise atá le comhlíonadh ag eagraíocht chun cáiliú le haghaidh formheas a eisiúint nó leanúint ar aghaidh leis mar ionad aerleighis (AeMC) chuig:

(a)

saineolas aerleighis agus oiliúint phraiticiúil a chur ar fáil do AMEnna;

(b)

deimhnithe leighis agus tuarascálacha leighis maidir leis an bhfoireann cábáin a eisiúint, lena n-áirítear deimhnithe leighis aicme 1 tosaigh, nó deimhnithe leighis aicme 3 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/340 (*1) ón gCoimisiún, nó an dá cheann, de réir mar is infheidhme.

(*1)  Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (IO L 63, 6.3.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/340/oj).’;"

(3)

i bpointe ORA.AeMC.115, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

i dteannta na doiciméadachta chun eagraíocht a fhormheas a cheanglaítear i bpointe ORA.GEN.115, tabhair sonraí faoi ghníomhaíochtaí atá ar conradh d’ospidéil ainmnithe nó d’institiúidí leighis ainmnithe chun críoch scrúduithe leighis speisialaithe.’;

(4)

cuirtear isteach an pointe ORA.AeMC.120 seo a leanas:

‘ORA.AeMC.120   Deimhniú AeMC

Eagraíocht a bhfuil deimhniú AeMC aici, ní bheidh níos mó ná deimhniú AeMC amháin aici, deimhniú a eisíodh leis an raon feidhme céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh ar a bhonn sin.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.AeMC.135:

‘ORA.AeMC.135   Bailíocht leanúnach

Eiseofar an deimhniú ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh sé de bheith bailí ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an sealbhóir agus scrúdaitheoirí aerleighis na heagraíochta na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonann siad pointe MED.D.030 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED) a ghabhann leis an Rialachán seo nó pointe ATCO.MED.C.025 d’Iarscríbhinn IV (Cuid-ATCO.MED) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/340, de réir mar is infheidhme;

(b)

áirithíonn siad a dtaithí leanúnach trí líon leordhóthanach scrúduithe leighis d’aicme 1 a dhéanamh, nó scrúduithe leighis d’aicme 3 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/340, nó scrúduithe aerleighis mhíleata coibhéiseacha, de réir mar is iomchuí, gach bliain.’;

(6)

cuirtear isteach an pointe ORA.AeMC.160 seo a leanas:

‘ORA.AeMC.160   Tuairisciú

Cuirfidh AeMC tuarascálacha staidrimh ar fáil don údarás inniúil maidir leis na measúnuithe aerleighis ar iarratasóirí, lena n-áirítear tuarascálacha ar an scagthástáil drugaí agus alcóil a dhéantar i gcomhréir le pointe MED.B.055(b) d’Iarscríbhinn IV (Cuid-MED) agus aon tosca riosca sláinte nó treochtaí a shainaithnítear le linn na measúnuithe aerleighis.’;

(7)

leasaítear pointe ORA.AeMC.200 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

le haghaidh deimhniú leighis i gcomhréir le Cuid-MED;’;

(b)

cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘(aa)

comhar idir AMEnna agus saineolaithe leighis eile AeMC a éascú; agus’;

(8)

cuirtear isteach an pointe ORA.AeMC.205 seo a leanas:

ORA.AeMC.205   Gníomhaíochtaí ar conradh

D’ainneoin phointe ORA.GEN.205, beidh feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

is laistigh d’eagraíocht AeMC a dhéanfar na scrúduithe aerleighis íosta is gá, i gcomhréir leis an raon feidhme agus na pribhléidí a shainítear i dtéarmaí an fhormheasa a ghabhann le deimhniú AeMC;

(b)

féadfaidh saineolaithe nó eagraíochtaí aonair ar conradh scrúduithe agus imscrúduithe leighis breise a dhéanamh. Áiritheoidh an eagraíocht, agus aon chuid dá gníomhaíocht á cur ar conradh aici, go mbeidh an tseirbhís nó an táirge atá ar conradh i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.AeMC.210:

‘ORA.AeMC.210   Ceanglais maidir le pearsanra

(a)

Beidh an méid seo a leanas ar fhoireann AeMC:

(1)

scrúdaitheoir aerleighis (AME) a ainmneofar mar cheann AeMC, a mbeidh pribhléidí aige deimhnithe leighis aicme 1 nó aicme 3 a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/340, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an raon feidhme a shainítear i dtéarmaí an fhormheasa atá i gceangal le deimhniú AeMC agus a mbeidh taithí leordhóthanach aige ar leigheas eitlíochta chun a dhualgais a fheidhmiú;

(2)

aon AME cáilithe breise amháin ar a laghad ag a bhfuil pribhléidí chun deimhnithe leighis aicme 1 a eisiúint, nó deimhnithe leighis aicme 3 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/340, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an raon feidhme a shainítear i dtéarmaí an fhormheasa atá i gceangal le pribhléidí deimhnithe AeMC, agus baill foirne teicniúla eile;

(3)

saineolaithe leighis atá ar fáil.

(b)

Beidh an ceann AeMC freagrach as an méid seo a leanas:

(1)

comhordú a dhéanamh ar an measúnú ar thorthaí scrúduithe;

(2)

tuarascálacha, deimhnithe agus deimhnithe leighis tosaigh aicme 1 agus deimhnithe leighis aicme 3 a shíniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/340.’.


(*1)  Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (IO L 63, 6.3.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/340/oj).’;’


IARSCRÍBHINN V

Leasuithe ar Iarscríbhinn VIII (Cuid-DTO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

In Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe DTO.GEN.135:

‘DTO.GEN.135   Foirceannadh na teidlíochta chun oiliúint a sholáthar

(a)

Ní bheidh DTO i dteideal cuid den oiliúint nó an oiliúint ar fad a shonraítear ina dhearbhú ar bhonn an dearbhaithe sin a sholáthar a thuilleadh, i gcás ina dtarlaíonn ceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(1)

thug DTO fógra don údarás inniúil maidir le scor cuid de na gníomhaíochtaí oiliúna nó na gníomhaíochtaí oiliúna go léir a chumhdaítear leis an dearbhú i gcomhréir le pointe DTO.GEN.116(b);

(2)

níor chuir an DTO an oiliúint ar fáil ar feadh tréimhse is faide ná 36 mhí as a chéile.

(b)

Tabharfaidh DTO deimhnithe formheasa ar ais don údarás inniúil gan mhoill i gcomhréir le pointe DTO.GEN.230(c):

(1)

i gcás ina scoirtear de ghníomhaíochtaí oiliúna i gcomhréir le pointe (a);

(2)

i gcás cúlghairme i gcomhréir le pointe ARA.GEN.350(da)(3) d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA).’.


IARSCRÍBHINN VI

Leasuithe ar Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012

i bpointe ORO.FC.A.201(b)(2) d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

‘(iii)

oiliúint agus seiceáil thréimhsiúil i gcomhréir le pointe ORO.FC.230, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(A)

ní áireofar leis an tseiceáil ainlithe éirí de thalamh;

(B)

áireofar sa tseiceáil ainlithe tuirlingthe i ról fhaireachán an phíolóta ar a laghad;’.


IARSCRÍBHINN VII

Leasuithe ar Iarscríbhinn V (Cuid-SPA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012

i bpointe SPA.HEMS.130 d’Iarscríbhinn V, cuirtear an pointe (g) a leanas leis:

‘(g)

Baill den fhoireann eitilte a bhfuil 60 bliain d’aois slánaithe acu agus a dhéanann oibríochtaí HEMS aonphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.065(a) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

(1)

Maidir le baill den fhoireann eitilte a bhfuil 60 bliain d’aois slánaithe acu agus a dhéanann oibríochtaí HEMS aonphíolóta i gcomhréir le pointe FCL.065(a) d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, cuirfidh an t-oibreoir san áireamh ina mheastóireacht riosca arna déanamh i gcomhréir le ORO.GEN.200 an méadú ar an riosca éagumasaithe mar gheall ar thosca cardashoithíocha agus ceirbreashoithíocha a bhaineann le himthosca oibríochtúla.

(2)

Pearsanra a bhfuil oiliúint chuí faighte acu chun cuidiú a fháil meathlú cognaíoch éadrom a bhrath agus measúnú leighis le haghaidh ball foirne a iarraidh i gcás inar gá, is iadsan a dhéanfaidh an oiliúint agus an tseiceáil le haghaidh bhaill na foirne eitilte dá dtagraítear i bpointe (1).’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2076/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top