Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1732

    Rialachán (AE) 2024/1732ón gComhairle an 17 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san intleacht shaorga iontaofa

    ST/10109/2024/INIT

    IO L, 2024/1732, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1732/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1732/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1732

    19.6.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1732ÓN gCOMHAIRLE

    an 17 Meitheamh 2024

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san intleacht shaorga iontaofa

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm don Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (‘an Gníomh um an Intleacht Shaorga’) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga (‘IS’) i gcomhréir le luachanna an Aontais.

    (2)

    Ó bhí 2021 ann, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2021/1173 (3) ón gComhairle, tá dul chun cinn teicniúil ollmhór déanta i réimse IS agus tá sé ina réimse an-straitéiseach agus iomaíoch ar fud an domhain. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú le taighde agus nuálaíocht fhreagrach in IS iontaofa eiticiúil agus, san am céanna, rianta cosanta a leagan síos agus rialachas éifeachtach a fhorbairt.

    (3)

    An 13 Meán Fómhair 2023, mar chuid de chur chuige cuimsitheach chun tacú le taighde agus nuálaíocht fhreagrach in IS, d’fhógair an Coimisiún tionscnamh straitéiseach nua chun acmhainneacht ríomhaireachta ardfheidhmíochta an Aontais a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha in IS iontaofa chun a samhlacha a oiliúint. Comhlánaíonn an tionscnamh sin obair maidir le rianta cosanta le haghaidh IS tríd an gníomh IS, lena mbunaítear struchtúir rialachais, agus lena dtacaítear leis an nuálaíocht tríd an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga.

    (4)

    Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht sár-ríomhaireachta den chéad scoth is cumhachtaí ag an Aontas lonnaithe i saoráidí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh (EuroHPC) (‘an Comhghnóthas’), is iad na saoráidí sin ba cheart a chur ar fáil chun tionscnamh an Aontais a fhíorú. Dá réir sin, is gá an seachtú cuspóir a chur leis na sé chuspóir de chuid an Chomhghnóthais atá ann cheana, a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú arna dhéanamh ag a sár-ríomhairí le tionscnamh IS nua an Aontais.

    (5)

    Leis an gcuspóir nua, bheadh an Comhghnóthas in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS nó codanna de shár-ríomhairí a fháil agus a oibriú chun meaisínfhoghlaim agus oiliúint ar shamhlacha ilchuspóireacha IS a chumasú. Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas modh rochtana nua ar a acmhainní ríomhaireachta a chruthú d’éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS agus d’éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta agus feidhmeanna tiomnaithe IS a fhorbairt a bheidh barrfheabhsaithe chun rith ar a shár-ríomhairí. Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas freisin eintitis óstacha de chuid an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh atá ann cheana a cheapadh mar mhonarchana IS más féidir leis an eintiteas óstach a léiriú go bhfuil a dhóthain acmhainní ríomhaireachta ag a shár-ríomhaire chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála ilchuspóireacha IS agus ar fheidhmchláir IS atá ag teacht chun cinn, agus ar choinníoll go bhfuil an raon iomlán gníomhaíochtaí breise is gá á chur chun feidhme ag an eintiteas óstach chun éiceachóras IS a fhorbairt agus chun tacú leis an éiceachóras sin. Chuirfeadh na hathruithe sin ar chumas an Chomhghnóthais cumhacht agus seirbhísí ríomhaireachta saincheaptha a thairiscint chun oiliúint agus forbairt agus glacadh IS ar mhórscála a chothú san Aontas, rud nach bhfuil indéanta faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair. Ba cheart do na monarchana IS idirghníomhú le chéile, le tionscnaimh intleachta saorga ábhartha de chuid an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, is féidir le monarchana IS idirghníomhú le héiceachórais náisiúnta ábhartha IS agus le tionscnaimh náisiúnta intleachta saorga.

    (6)

    Chun dáta chur i bhfeidhm na n-athruithe a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo a chomhordú le dáta chur i bhfeidhm an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán leasaitheach seo gan moill mhíchuí.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1173 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

    ‘(3a)

    ciallaíonn “sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS” sár-ríomhaire a dheartar go príomha chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála ilchuspóireacha intleachta saorga (IS) agus ar fheidhmchláir IS atá ag teacht chun cinn;

    (3b)

    ciallaíonn “monarcha IS” eintiteas láraithe nó dáilte a sholáthraíonn bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta IS atá comhdhéanta de shár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS nó cuid de shár-ríomhaire, lárionad gaolmhar sonraí, rochtain thiomnaithe agus seirbhísí sár-ríomhaire atá dírithe ar IS agus tallann a mhealladh agus a chomhthiomsú chun na hinniúlachtaí is gá a sholáthar chun na sár-ríomhairí le haghaidh IS a úsáid;’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

    ‘(9)

    ciallaíonn “sár-ríomhaire EuroHPC” aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha agus atá ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;’

    ;

    (2)

    in Airteagal 3(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(h)

    monarchana IS a fhorbairt agus a oibriú chun tacú le héiceachóras IS atá an-iomaíoch agus nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(h)

    colún monarcha IS le haghaidh IS iontaofa eiticiúil, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí chun bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS a sholáthar, arb é is aidhm dó cumais, inniúlachtaí agus scileanna taighde agus nuálaíochta éiceachóras IS a fhorbairt a thuilleadh; áireofar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (i)

    fáil agus oibriú sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS arna gcomhshuíomh le lárionaid sonraí nó atá nasctha le lárionaid sonraí trí líonraí fíor-ardluais;

    (ii)

    sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a bhfuil cumas IS acu a uasghrádú;

    (iii)

    rochtain agus deiseanna cothroma rochtana ar na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS nó ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le cumais IS a sholáthar, lena n-áirítear a n-úsáid a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide;

    (iv)

    lárionaid seirbhísí sár-ríomhaireachta láraithe nó dáilte atá dírithe ar IS a oibriú chun tacú le héiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS agus le héiceachóras an taighde agus na nuálaíochta lena soláthraítear tacaíocht algartamach, tacú le samhlacha agus córais oiliúna IS a fhorbairt a thuilleadh, a chur faoi oiliúint, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, agus tacú le forbairt feidhmeanna IS ar mhórscála atá ag teacht chun cinn i réimsí straitéiseacha lena n-áirítear an tsláinte agus cúram sláinte, an t-athrú aeráide, róbataic, nó tiomáint nasctha nó uathoibrithe.

    (v)

    saoráidí clársceidealaithe atá fabhrach don sár-ríomhaire a oibriú, lena n-áirítear chun feidhmeanna IS a chomhthreorú chun an úsáid is fearr a bhaint as cumais sár-ríomhaireachta;

    (vi)

    seirbhísí sár-ríomhaireachta eile lena gcumasaítear IS a oibriú;

    (vii)

    daoine tréitheacha a mhealladh, a chomhthiomsú agus a chur faoi oiliúint chun a n-inniúlachtaí agus a scileanna a fhorbairt maidir le sár-ríomhairí EuroHPC don IS;

    (viii)

    idirghníomhú le monarchana IS eile, rochtain ar a seirbhísí a chur ar fáil ar fud na hEorpa agus comhoibriú le Lárionaid Inniúlachtaí EuroHPC agus Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC, agus le tionscnaimh ábhartha IS de chuid an Aontais, mar atá moil na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga, éiceachóras na hintleachta saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an tArdán Lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an intleacht shaorga, Institiúid Eorpach na bPobal Eolais agus Nuálaíochta Teicneolaíochta a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, bonneagair thaighde Eorpacha ábhartha agus tionscnaimh ghaolmhara eile.’

    ;

    (4)

    leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

    ‘I gcás na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS, beidh feidhm ag na critéir roghnúcháin bhreise seo a leanas maidir leis na heintitis óstacha:

    (a)

    gaireacht le lárionad sonraí bunaithe, nó nasc le lárionad sonraí bunaithe trí líonraí fíor-ardluais;

    (b)

    fís, pleananna agus cumas an eintitis óstaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS, éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta, agus phobal úsáideoirí IS agus seirbhís tacaíochta láraithe nó dáilte sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS a chur ar fáil;

    (c)

    cáilíocht agus ábharthacht na taithí agus an tsaineolais atá ar fáil i measc an bhfoireann a bhfuiltear ag súil go mbeidh siad i gceannas ar thimpeallacht thacúil na seirbhíse sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS;

    (d)

    pleananna le haghaidh idirghníomhaíochta agus comhair le monarchana IS eile, le Lárionaid Inniúlachta EuroHPC agus le Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC agus le tionscnaimh ábhartha IS mar atá moil na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse na hintleachta saorga, éiceachórais na hintleachta saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an tArdán Lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an intleacht shaorga agus tionscnaimh ghaolmhara eile;

    (e)

    cumais atá ann cheana agus pleananna amach anseo de chuid an eintitis óstaigh chun rannchuidiú le forbairt an díorma tallainne’

    ;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    (5a)   Féadfaidh eintiteas óstach atá ann cheana iarratas a dhéanamh le bheith ina mhonarcha IS. Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe eintiteas óstach atá ann cheana trí phróiseas cothrom agus trédhearcach a bheidh bunaithe, inter alia, ar na critéir roghnúcháin dá dtuairiscítear in Airteagal 9(5), an dara fomhír, agus ar choinníoll gur féidir leis an eintiteas óstach a léiriú go bhfuil a dhóthain acmhainní ríomhaireachta ag a shár-ríomhaire EuroHPC chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála ilchuspóireacha IS agus ar fheidhmchláir IS atá ag teacht chun cinn;

    (c)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘6a   Maidir le sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS dá dtagraítear in Airteagal 12a, cruthóidh an t-eintiteas óstach ionad ilfhreastail d’úsáideoirí, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus úsáideoirí eolaíocha eile, chun rochtain ar a sheirbhísí tacaíochta a éascú.’

    ;

    (5)

    in Airteagal 10(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

    ‘(l)

    na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta, nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS.’

    ;

    (6)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 12a

    Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS.

    1.   Gheobhaidh an Comhghnóthas sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus is é a bheidh ina úinéir orthu.

    2.   Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS. Áirítear ar na costais oibriúcháin na costais a bhaineann leis na seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar IS.

    Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

    3.   Tabharfar aghaidh ar shlándáil an tslabhra soláthair agus soláthróir na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS á roghnú. Déanfar an roghnú ar bhonn sonraíochtaí tairisceana atá bunaithe ar an éileamh agus a lena gcuirtear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstach roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise.

    4.   Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.

    5.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

    6.   Beidh na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS lonnaithe in eintiteas óstach shár-ríomhaire EuroHPC nó i lárionad sár-ríomhaireachta atá lonnaithe san Aontas.

    7.   Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 5 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an tsár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS arna shuiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a aistriú chuig an eintiteas óstach sin nó féadfar an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú úinéireachta sár-ríomhaire arna optamú leis an intleacht shaorga, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a dhíchoimisiúnú, comhroinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostas a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire arna optamú leis an intleacht shaorga a aistriú nó tar éis an sár-ríomhaire arna bharrfheabhsú le IS a dhíol nó a dhíchoimisiúnú.’

    ;

    (7)

    leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú, chun leibhéal feidhmíochta an tsár-ríomhaire a ardú gar don eacsascálú, nó chun cumais IS an tsár-ríomhaire a mhéadú, nó chun feidhmíocht oibríochtúil an tsár-ríomhaire a mhéadú ar bhealach ar bith eile, lena n-áirítear trí bhíthin luasairí candamacha.’;

    (b)

    scriostar mír 2;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais fála an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh, arna dhímheas thar shaolré ionchasach an tsár-ríomhaire bunaidh. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais oibríochtúla bhreise an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh. I gcás na sár-ríomhairí peiteascála arna bhfáil agus Rialachán (AE) 2018/1488 i bhfeidhm, cumhdófar le ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh an uasghrádaithe suas le 35 % de na costais oibríochtúla bhreise’

    ;

    (8)

    leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Úsáidfear na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus na sár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le haghaidh chumais IS go príomha chun samhlacha oiliúna mórscála ilchuspóireacha IS agus feidhmeanna IS atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, chomh maith le forbairt bhreise a dhéanamh ar réitigh IS san Aontas a éilíonn Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus algartaim IS a fhorghníomhú chun fadhbanna eolaíochta a réiteach.’

    ;

    (b)

    cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a.   Saineoidh an Bord Rialaithe coinníollacha speisialta rochtana do na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus do shár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le haghaidh cumais IS i gcomhréir le hAirteagal 17, agus riachtanais shonracha éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS agus éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta á gcur san áireamh. Áireofar leis sin rochtain thiomnaithe ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Ní bheidh ach tograí chun samhlacha, córais agus feidhmeanna IS iontaofa eiticiúil a fhorbairt atá i gcomhréir le luachanna an Aontais incháilithe le haghaidh rochtana.’

    (9)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil candamach, agus arna bharrfheabhsú le IS i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC agus, dá bhrí sin, ní rachaidh sé thar 50 % d’aga rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Meitheamh 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. MARON


    (1)  Tuairim an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim an 20 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1732/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top