This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1705
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/1705 of 11 March 2024 amending Delegated Regulation (EU) 2022/805 as regards harmonisation of certain aspects of fees charged by the European Securities and Markets Authority to certain benchmark administrators
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1705 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1705 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe
C/2024/1426
IO L, 2024/1705, 18.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1705/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32022R0805 | Cur le | airteagal 2a | 01/01/2025 | |
| Modifies | 32022R0805 | Athchur | airteagal 5 mír neamhuimhrithe 1 | 01/01/2025 | |
| Modifies | 32022R0805 | Athchur | airteagal 6 | 01/01/2025 | |
| Modifies | 32022R0805 | Athchur | airteagal 7 mír 2 | 01/01/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1705 |
18.6.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1705 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 48l(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 ón gCoimisiún (2), sonraítear an cineál táillí, an ríomh, agus na módúlachtaí íocaíochta maidir leis na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe. |
|
(2) |
In 2018 thángthas ar an gconclúid in athbhreithniú Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach agus in iniúchadh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (3) go bhfuil córas ESMA chun táillí a chistiú níos casta ná mar is gá. Chun bailiú na dtáillí a shimpliú agus chun na rioscaí a bhaineann le ríomh mícheart nó leithdháileadh neamhéifeachtúil táillí a laghdú, is gá comhsheasmhacht gnéithe teicniúla a áirithiú ar fud na ngníomhartha tarmligthe éagsúla maidir le táillí a ghearrann ESMA ar eintitis ar a ndéantar maoirseacht dhíreach. |
|
(3) |
Chun caiteachas ESMA a bhaineann leis an maoirseacht ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe a chumhdach go hiomlán, ba cheart na táillí maoirseachta bliantúla a chinneadh ar bhonn an mheastacháin bhliantúil ar na costais dhíreacha uile is gá le haghaidh na gcúraimí maoirseachta a dhéanann ESMA agus ar bhonn cionroinnt réasúnta ar fhorchostais sheasta agus athraitheacha ESMA. |
|
(4) |
I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (4), ba cheart na táillí a ghearrtar ar riarthóirí tagarmharcanna a shocrú ar leibhéal lena n-áirithítear go gcumhdaítear costas iomlán na seirbhísí arna gcur ar fáil ag ESMA agus go seachnaítear easnamh, ach go seachnaítear carnadh suntasach barrachais san am céanna. Má éiríonn toradh suntasach ar an mbuiséad athfhillteach, ar bhonn dearfach nó diúltach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí. |
|
(5) |
An táille maoirseachta thosaigh atá dlite ag riarthóir tagarmharcanna i mbliain an aitheantais nó an údarúcháin, de réir mar is infheidhme, ba cheart í a bheith comhréireach leis an tréimhse ama sa chéad bhliain sin ar lena linn a aithníodh nó a údaraíodh an riarthóir tagarmharcanna. |
|
(6) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc gníomhartha tarmligthe maidir le táillí atá le híoc le ESMA, agus chun é a chur ar a chumas do ESMA sonraí láimhdeachais iniúchta a fháil in am trátha chun meastachán a dhéanamh ar tháillí atá dlite ag riarthóirí tagarmharcanna do ESMA, ba cheart gurbh í bliain tagartha na gcuntas iniúchta chun an láimhdeachas is infheidhme a chinneadh 2 bhliain roimh an mbliain ar lena haghaidh a ghearrann ESMA táillí ar an riarthóir tagarmharcanna. |
|
(7) |
Is in euro a ríomhtar an láimhdeachas is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmharcanna. Is gá, dá bhrí sin, sásra a shonrú chun an t-ioncam a ghintear in airgeadraí eile a chomhshó in euro. |
|
(8) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc gníomhartha tarmligthe maidir le táillí atá le híoc le ESMA, ba cheart do ESMA an pionós a ríomh i gcás íocaíochtaí déanacha i gcomhréir leis na forálacha maidir le hús mainneachtana a leagtar amach in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(9) |
Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint maidir leis an bpróiseas bailithe táillí atá ar siúl faoi láthair, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an tAirteagal 2a seo a leanas isteach: ‘Airteagal 2a Aisghabháil iomlán na gcostas maoirseachta Leis na táillí a ghearrtar ar riarthóirí tagarmharcanna, cumhdófar an méid seo a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘De mhaolú ar Airteagal 4, maidir leis an táille maoirseachta bhliantúil sa chéad bhliain le haghaidh riarthóirí tríú tír aitheanta agus le haghaidh riarthóirí údaraithe tagarmharcanna criticiúla, ag tagairt don bhliain inar aithníodh nó inar údaraíodh iad, déanfar í a ríomh tríd an gcomhéifeacht seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis an táille aitheantais nó maidir leis an táille údarúcháin, de réir mar is infheidhme:
|
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 An láimhdeachas is infheidhme 1. Is é a bheidh sa láimhdeachas is infheidhme maidir le riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta le haghaidh na bliana n ar leith a ioncam arna fhabhrú i ndáil leis an úsáid a bhaineann eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas as a thagarmharcanna mar a luaitear sna cuntais iniúchta le haghaidh na bliana n-2. 2. Déanfaidh riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta figiúirí iniúchta a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, figiúirí iniúchta lena ndeimhnítear a ioncam arna fhabhrú i ndáil le húsáid a thagarmharcanna san Aontas. Deimhneofar na figiúirí trí iniúchadh seachtrach agus cuirfear faoi bhráid ESMA iad trí mheán leictreonach faoin 30 Meán Fómhair gach bliain (n-1). I gcás riarthóir tríú tír a aithnítear tar éis an 30 Meán Fómhair, soláthróidh sé na figiúirí láithreach tar éis aitheantas a fháil agus faoi dheireadh bhliain féilire an aitheantais. Soláthróidh riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta na doiciméid ina bhfuil figiúirí iniúchta i dteanga a úsáidtear san earnáil seirbhísí airgeadais. 3. I gcás nár oibrigh an riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta le linn na bliana iomláine (n-2), déanfaidh ESMA meastachán ar an láimhdeachas is infheidhme i gcás an riarthóra tagarmharcanna tríú tír aitheanta tríd an luach arna ríomh don líon míonna ar lena linn a d’oibrigh an riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta i mbliain (n-2) a eachtarshuí leis an mbliain iomlán (n-2). 4. I gcás nach bhfuil aon chuntas iniúchta ar fáil le haghaidh na bliana (n-2), úsáidfidh ESMA na cuntais iniúchta le haghaidh na bliana (n-1). 5. I gcás ina sloinntear an t-ioncam a thuairiscítear in airgeadra seachas euro, déanfaidh ESMA an t-ioncam sin a chomhshó go euro agus úsáidfear an meánráta malairte eachtraí euro is infheidhme maidir leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam sin. Chun na críche sin, úsáidfidh ESMA an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.’ |
|
(4) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Tabhófar le haon íocaíocht dhéanach an t-ús mainneachtana a leagtar síos in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). (*1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj)’." |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1011/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a shonrú is infheidhme maidir le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L 145, 24.5.2022, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/805/oj).
(3) An Chúirt Iniúchóirí, An tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2018 (IO C 417, 11.12.2019, lch. 29 agus 85 ff).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj).
(5) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1705/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)