This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1671
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1671 of 6 June 2024 laying down the arrangements for monitoring the import volumes referred to in Article 4(7) of Regulation 2024/1392
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1671 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1671 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392
C/2024/3875
IO L, 2024/1671, 6.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1671/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32024R1671R(01) | (FI) |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1671 |
6.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1671 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meitheamh 2024
lena leagtar síos na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 4(7) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Choimircí agus um Chomhrialacha d’onnmhairí i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I ngeall ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar in aghaidh na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, agus chun tacú le geilleagar na hÚcráine, le Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug an tAontas Eorpach isteach bearta um léirscaoileadh trádála lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Comhlachais (4)). Rinneadh na bearta um léirscaoileadh trádála sin a athnuachan le Rialachán (AE) 2023/1077 (5) agus le Rialachán 2024/1392. Go háirithe, in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2024/1392 (‘an Rialachán’) foráiltear, inter alia, maidir le fionraí na dtaraif-chuótaí arna leagan síos faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Foráiltear leis freisin go gceadófar allmhairiú na dtáirgí arna gcumhdach leis na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim orthu. |
(2) |
Deimhníodh tacaíocht an Aontais don Úcráin le síneadh a chur leis na beart um léirscaoileadh trádála go ceann bliana eile. An tráth céanna, tá staid an-fhorbhásach i margaí an Aontais maidir le héanlaith chlóis, uibheacha, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil (‘na táirgí’) a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do tháirgeoirí talmhaíochta an Aontais dá dtiocfadh méadú ar allmhairí ón Úcráin. |
(3) |
Dá réir sin, tugadh isteach le hAirteagal 4(7) den Rialachán coimirce uathoibríoch maidir leis na táirgí sin, lena bhforáiltear maidir le hathbhunú an taraif-chuóta a cuireadh ar fionraí le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán má sháraítear méideanna áirithe allmhairí. |
(4) |
Chun faireachán a dhéanamh ar na méideanna allmhairí sin, le hAirteagal 4(7) den Rialachán, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe is gá. |
(5) |
Chun gur féidir faireachán iomchuí, tráthúil, inrochtana agus trédhearcach a dhéanamh ar mhéideanna allmhairí d’oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart don Choimisiún allmhairí na dtáirgí sin a chur faoi réir na foirmiúlachta custaim a leagtar amach in Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (6). Go háirithe, bheadh sé éigeantach uimhir ordaithe a dhearbhú. |
(6) |
Chun críoch trédhearcachta, leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme seo meáin uimhríochtúla ábhartha na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán. |
(7) |
Glacadh an Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh allmhairiú na dtáirgí de thionscnamh na hÚcráine a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo faoi réir na foirmiúlachta custaim a leagtar amach in Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.
Airteagal 2
Liostaítear meáin uimhríochtúla ábhartha na méideanna allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) den Rialachán san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go dtí an 5 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1392, 29.5.2024.
(2) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(3) Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).
(4) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(5) Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tuairisc |
Sraithuimhir |
Na cóid earraí |
Taraif-chuótaí arna mbunú faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, i dtonaí |
Meán uimhríochtúil na méideanna allmhairí arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023, i dtonaí |
5 /12 de mheán uimhríochtúil na méideanna allmhairí arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023, i dtonaí |
Éanlaith chlóis |
09.6740 |
0207 11 30 0207 11 90 0207 12 0207 13 10 0207 13 20 0207 13 30 0207 13 50 0207 13 60 0207 13 70 0207 13 99 0207 14 10 0207 14 20 0207 14 30 0207 14 50 0207 14 60 0207 14 70 0207 14 99 0207 24 0207 25 0207 26 10 0207 26 20 0207 26 30 0207 26 50 0207 26 60 0207 26 70 0207 26 80 0207 26 99 0207 27 10 0207 27 20 0207 27 30 0207 27 50 0207 27 60 0207 27 70 0207 27 80 0207 27 99 0207 41 30 0207 41 80 0207 42 0207 44 10 0207 44 21 0207 44 31 0207 44 41 0207 44 51 0207 44 61 0207 44 71 0207 44 81 0207 44 99 0207 45 10 0207 45 21 0207 45 31 0207 45 41 0207 45 51 0207 45 61 0207 45 81 0207 45 99 0207 51 10 0207 51 90 0207 52 90 0207 54 10 0207 54 21 0207 54 31 0207 54 41 0207 54 51 0207 54 61 0207 54 71 0207 54 81 0207 54 99 0207 55 10 0207 55 21 0207 55 31 0207 55 41 0207 55 51 0207 55 61 0207 55 81 0207 55 99 0207 60 05 0207 60 10 ex 0207 60 21 0207602110 0207 60 31 0207 60 41 0207 60 51 0207 60 61 0207 60 81 0207 60 99 0210 99 39 1602 31 1602 32 1602 39 21 |
2 tharaif-chuóta: 70 000 +20 000 |
137 042,80 |
57 101,17 |
Uibheacha agus albaiminí |
09.6741 |
0407 21 00 0407 29 10 0407 90 10 0408 11 80 0408 19 81 0408 19 89 0408 91 80 0408 99 80 3502 11 90 3502 19 90 3502 20 91 3502 20 99 |
2 tharaif-chuóta: 3 000 tona i gcoibhéis uibheacha sa bhlaosc agus 3 000 tona i nglanmheáchan |
23 188,96 |
9 662,07 |
Siúcra |
09.6742 |
1701 12 1701 91 1701 99 1702 20 10 1702 90 30 1702 90 50 1702 90 71 1702 90 75 1702 90 79 1702 90 80 1702 90 95 |
20 070 |
262 652,68 |
109 438,62 |
Mil |
096743 |
0409 |
6 000 |
44 417,56 |
18 507,32 |
Arbhar Indiach |
09.6744 |
1005 90 1102 20 10 1102 20 90 1103 13 10 1103 13 90 1103 20 40 1104 23 40 1104 23 98 |
650 000 |
11 155 449,04 |
4 648 103,77 |
Coirce |
09.6745 |
1004 |
4 000 |
2 440,56 |
1 016,90 |
Piocuaran, millíní, gráinní etc. |
09.6746 |
ex 1103 19 20 1103192010 1103 19 90 1103 20 90 1104 19 10 1104 19 50 1104 19 61 1104 19 69 1104 29 04 1104 29 05 1104 29 08 ex 1104 29 17 1104291790 ex 1104 29 30 1104293090 1104 29 51 1104 29 59 1104 29 81 1104 29 89 1104 30 |
7 800 |
20 648,24 |
8 603,43 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1671/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)