Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1332

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1332 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe

C/2024/3194

IO L, 2024/1332, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1332/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1332/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1332

21.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1332 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Bealtaine 2024

lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 31(4), an dara fomhír, 36(4) agus 42(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de, agus leagtar síos freisin an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla de ghalair liostaithe. Leis an Rialachán sin déantar foráil go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Le Rialachán (AE) 2016/429 déantar foráil freisin maidir leis an bhformheas nó an aistarraingt a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalair Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 (2) ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil ar bun, a chur ar fionraí agus a aistarraingt i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus stádas neamh-vacsaínithe atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas formheasta saor ó ghalair acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha fhormheasta atá ann cheana. De thoradh na staide eipidéimeolaíche maidir le galair áirithe a bheith ag athrú, is gá Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun stádais saor ó ghalair Ballstát áirithe nó criosanna díobh a fhormheas agus chun an formheas a tharraingt siar i gcás criosanna áirithe de Bhallstáit ina ndeimhnítear ráigeanna galar nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun á gcomhlíonadh iontu a thuilleadh, agus chun cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha áirithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhormheas.

(4)

Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, buinneach víreasach buaibheach (BVB), ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24), seipticéime fuilreatha víreasach agus neacróis fhuilghinte ionfhabhtaíoch (NFI), chuir roinnt Ballstát iarratas chuig an gCoimisiún le déanaí ar fhormheas ar an stádas saor ó ghalair nó ar leasuithe ar chláir dhíothaithe le haghaidh criosanna áirithe dá gcríoch. Tá fógra tugtha ag Ballstát freisin faoi ráigeanna ionfhabhtuithe leis an víreas gormtheanga, rud nach mór a léiriú freisin san Iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(5)

Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gcúige Agrigento i réigiún na Sicile. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú. Dá bhrí sin, ba cheart an cúige sin a liostú mar chúige saor ó Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe i gCuid I, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(6)

Maidir le BVB, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a fhormheas i leith BVB, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i réigiúin Göttingen, Northeim agus Stade i stát na Sacsaine Íochtaraí agus i réigiún Kleve i stát Nordrhein-Westfalen. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BVB. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalair i leith BVB.

(7)

Maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga, tá fógra tugtha ag an Spáinn don Choimisiún faoi ráig ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga séiritíopa 4 i gcúige Alicante i bpobal féinrialaitheach Valencia. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalair ag an limistéar sin, agus go liostaítear é i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart formheas an stádais saor ó ghalair i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a aistarraingt, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Spáinn sa liosta sin a leasú dá réir.

(8)

Chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas freisin gur chuir sí le raon feidhme críochach an chláir díothaithe roghnaigh i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a formheasadh cheana féin le haghaidh an chreasa a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 trí chrios a chur leis a chuimsíonn cúige Alicante i bpobal féinrialaitheach Valencia. Dá bhrí sin, ba cheart an limistéar sin a chur leis an iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, agus ba cheart an leasú atá beartaithe ar an gclár díothaithe i leith ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a fhormheas.

(9)

Maidir le hionfhabhtú le seipticéime fuilreatha víreasach, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Danmhairg agus an Eastóin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair i leith seipticéime fuilreatha víreasach a aithint a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gcríoch iomlán na mBallstát féin. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith seipticéime fuilreatha víreasach. Dá bhrí sin, ba cheart críoch iomlán na mBallstát sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chríocha ag a bhfuil stádas saor ó ghalair i leith seipticéime fuilreatha víreasach.

(10)

Maidir le NFI, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Eastóin agus an Fhionlainn lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair i leith NFI a fhormheas a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ina críoch iomlán agus i ndeighleog amháin dá cuid, faoi seach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith NFI. Dá bhrí sin, ba cheart críoch iomlán na hEastóine agus deighleog amháin de chuid na Fionlainne a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chríoch agus mar dheighleog ag a bhfuil stádas saor ó ghalair i leith NFI.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i ndáil le galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid I, Caibidil 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:

An Ballstát

Críoch

‘An Iodáil

Regione Abruzzo: Provincia di Pescara, Teramo

Regione Basilicata: Provincia di Matera

Regione Calabria: Provincia di Vibo Valentia

Regione Campania: Provincia di Avellino, Benevento, Napoli

Regione Emilia-Romagna

Regione Friuli Venezia Giulia

Regione Lazio

Regione Liguria

Regione Lombardia

Regione Marche

Regione Molise: Provincia di Campobasso

Regione Piemonte

Regione Puglia: Provincia di Bari, Barletta-Andria-Trani, Brindisi, Lecce

Regione Sicilia: Provincia de Agrigento

Regione Sardegna

Regione Toscana

Regione Trentino – Alto Adige

Regione Umbria

Regione Valle d’Aosta

Regione Veneto’

(b)

i gCuid II, Caibidil 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:

An Ballstát

Críoch

‘An Iodáil

Regione Abruzzo: Provincia dell’Aquila, di Chieti

Regione Basilicata: Provincia di Potenza

Regione Calabria: Provincia di Catanzaro, Cosenza, Crotone, Reggio Calabria

Regione Campania: Provincia di Caserta, Salerno

Regione Molise: Provincia di Isernia

Regione Puglia: Provincia di Foggia, Taranto

Regione Sicilia seachas Provincia of Agrigento’

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

An Ballstát

Críoch

‘An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg

Bundesland Bayern

Bundesland Brandenburg

Bundesland Bremen

Bundesland Hamburg

Bundesland Hessen

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern

Bundesland Niedersachsen, seachas Landkreis Cuxhaven agus Oldenburg

Bundesland Nordrhein-Westfalen, seachas Kreis Borken, Gütersloh, Höxter Paderborn

Bundesland Schleswig-Holstein, seachas Kreis Rendsburg-Eckernförde

Bundesland Rheinland-Pfalz

Bundesland Saarland

Bundesland Sachsen

Bundesland Sachsen-Anhalt

Bundesland Thüringen’

(b)

i gCuid II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

An Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

‘An Ghearmáin

Bundesland Berlin

Bundesland Niedersachsen: Landkreis, Cuxhaven agus Oldenburg

Bundesland Nordrhein-Westfalen: Kreis Borken, Gütersloh, Höxter, Paderborn

Bundesland Schleswig-Holstein: Kreis Rendsburg-Eckernförde

an 21 Feabhra 2022’

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Spáinn:

An Ballstát

Críoch

‘An Spáinn

Comunidad Autónoma de Aragón

Comunidad Autónoma de Canarias

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha:Cúige Guadalajara

Comunidad Autónoma de Castilla y León, seachas na limistéir seo a leanas:

Cúige Ávila

Cúige Salamanca

Cantalejo, Carbonero El Mayor, Santa María la Real de Nieva, Segovia, Villacastín i gCúige Segovia

Alcañices, Bermillo de Sayago, Puebla de Sanabria i gCúige Zamora

Comunidad Autónoma de Cataluña

Comunidad Autónoma de La Rioja

Comunidad Autónoma de las Islas Baleares

Comunidad Autónoma de Navarra

Comunidad Autónoma del País Vasco

Comunidad Autónoma de Valencia: Cúige Castellón agus Cúige Valencia’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

‘CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú leis an víreas gormtheanga

An Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

An Spáinn

Comunidad Autónoma de Andalucía

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha, seachas Cúige Guadalajara

Comunidad Autónoma de Asturias

Comunidad Autónoma de Cantabria

Comunidad Autónoma de Castilla y León:

Cúige Ávila

Cúige Salamanca

Cantalejo, Carbonero El Mayor, Santa María la Real de Nieva, Segovia, Villacastín i gCúige Segovia

Alcañices, Bermillo de Sayago, Puebla de Sanabria i gCúige Zamora

Comunidad Autónoma de Extremadura

Comunidad Autónoma de Galicia

Comunidad Autónoma de Madrid

Comunidad Autónoma de Murcia

Comunidad Autónoma de Valencia: Cúige Alicante

an 21 Feabhra 2022’

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Danmhairg:

An Ballstát

Críoch

‘An Danmhairg

Críoch iomlán’

(ii)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an Eastóin idir an iontráil a bhaineann leis an Danmhairg agus an iontráil a bhaineann le hÉirinn:

An Ballstát

Críoch

‘An Eastóin

Críoch iomlán’

(b)

i gCuid II, scriostar an iontráil a bhaineann leis an Eastóin.

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid I mar a leanas,

(i)

cuirtear an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an Eastóin isteach os cionn na hiontrála a bhaineann le hÉirinn:

An Ballstát

Críoch

‘An Eastóin

Críoch iomlán’

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bhFionlainn:

An Ballstát

Críoch

‘An Fhionlainn

Críoch iomlán seachas an deighleog chósta arb éard atá inti na codanna sin de bhardasachtaí Eckerö agus Hammarland atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km dar lár na gcomhordanáidí WGS84 domhanleithead 60,207175390°, domhanfhad 19,507907780°’

(b)

i gCuid II, scriostar an iontráil a bhaineann leis an Eastóin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1332/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top