EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1309

Rialachán (AE) 2024/1309 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/55/2024/REV/1

IO L, 2024/1309, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1309/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 08/05/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1309/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1309

8.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1309 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí gigighiotáin a imscaradh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/61/AE (an Gníomh um Bonneagar Gigighiotáin)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá athrú ó bhonn tagtha ar an margadh inmheánach le 10 mbliana anuas de thoradh an gheilleagair dhigitigh. Is éard atá i bhfís an Aontais geilleagar digiteach lena soláthraítear tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta inbhuanaithe bunaithe ar nascacht shlán, iontaofa den scoth a rachaidh chun tairbhe do gach duine ar fud na hEorpa, lena n-áirítear i réigiúin thuaithe, iargúlta nó tearcdhaonra agus i gconairí iompair. Tá bonneagar digiteach ardcháilíochta atá bunaithe ar líonraí fíor-ardacmhainne, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (3) mar bhonn agus mar thaca ag beagnach gach earnáil de gheilleagar nua-aimseartha nuálach. Is féidir seirbhísí nuálacha, oibríochtaí gnó níos éifeachtúla agus sochaithe cliste, inbhuanaithe agus digiteacha a sholáthar leis, agus rannchuidiú ag an am céanna le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá tábhacht straitéiseach leis maidir le comhtháthú sóisialta agus críochach agus maidir le hiomaíochas, athléimneacht, ceannasacht dhigiteach agus ceannaireacht dhigiteach an Aontais ar an iomlán. Bíonn tionchar mór ag an digitiú ar shaol laethúil gach duine san Aontas maidir le cúrsaí sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha. I ndáil leis sin, is féidir le rochtain theoranta agus leathnú neamhleor líonraí éagothromaíochtaí sóisialta a dhoimhniú, rud a chruthódh deighilt dhigiteach nua idir daoine atá in ann leas iomlán a bhaint as nascacht dhigiteach atá éifeachtúil agus slán, rud a chuirfeadh ar a gcumas dóibh rochtain a fháil ar raon leathan seirbhísí, agus daoine nach bhfuil in ann é sin a dhéanamh. I ndáil leis sin, i gcás tionscadail infheistíochta poiblí, ba cheart tús áite a thabhairt do leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne i réigiúin thuaithe, iargúlta agus tearcdhaonra, agus i dtithíocht shóisialta chomh maith, mar phríomhghné den chuimsiú sóisialta. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí a bheith rannpháirteach sa gheilleagar digiteach.

(2)

Le linn phaindéim COVID-19, cuireadh dlús breise le forbairt thapa na dteicneolaíochtaí, leis an bhfás easpónantúil ar thrácht leathanbhanda agus leis an éileamh méadaitheach ar ardnascacht fíor-ardacmhainne. Mar thoradh air sin, baineadh amach na spriocanna a leagadh síos i dteachtaireacht ón gCoimisiúin an 19 Bealtaine 2010 dar teideal A Digital Agenda for Europe [Clár Oibre Digiteach don Eoraip] den chuid is mó, ach tá siad imithe i léig freisin. Tháinig méadú ar an sciar teaghlach a bhfuil rochtain acu ar luasanna idirlín 30 Mbps ó 58,1 % in 2013 go 90 % in 2022. Níl infhaighteacht 30 Mbps slán i bhfad na haimsire a thuilleadh agus níl sí ag teacht leis na cuspóirí nua a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 maidir le nascacht agus infhaighteacht fhorleathan líonraí fíor-ardacmhainne a áirithiú. Dá bhrí sin, i gCinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leag an tAontas síos spriocanna nuashonraithe do 2030 a chomhfhreagraíonn níos fearr do riachtanais nascachta a mheastar a bheidh ann sa todhchaí, is é sin gur cheart fáil a bheith ag teaghlaigh uile na hEorpa ar líonra gigighiotáin, agus gur cheart gach limistéar ina gcuireann daoine fúthu a chumhdach le líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht 5G ar a laghad.

(3)

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, tá gá le beartais chun dlús a chur le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainne fosaithe agus gan sreang ar fud an Aontais a luathú agus a shimpliú agus chun na costais a bhaineann leis an imscaradh sin a laghdú, lena n-áirítear pleanáil chuí, comhordú feabhsaithe agus nósanna imeachta ceadanna simplithe agus cuíchóirithe a chur ar bun mar bhealach chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar riaracháin náisiúnta araon a laghdú.

(4)

Tá sé tábhachtach spás agus bonneagar trastíre a chomhtháthú chun an nascacht a leathadh amach agus chun ullmhú don chéad rabharta eile de bhonneagar digiteach ionas gur féidir leis an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta. Leis an dul chun cinn teicniúil a rinneadh le déanaí, bhí buíonta cumarsáide bunaithe ar shatailítí in ann teacht chun cinn agus seirbhísí nascachta ardluais agus aga folaigh réasúnta íseal a chur ar fáil de réir a chéile, chun gur féidir nascacht a bheith ann agus comhtháthú a mhéadú ar fud an Aontais, lena n-áirítear a réigiúin is forimeallaí agus a limistéir thuaithe, iargúlta agus thearcdhaonra. I ndáil leis sin, na hacmhainní dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe na cumais rochtana idirlín tráchtála a d’fhéadfadh a bheith ag an mbuíon satailíte a bheidh ann amach anseo, d’fhéadfaí iad a áireamh i bpleanáil agus in imscaradh líonraí fíor-ardacmhainne fosaithe agus gan sreang ar fud an Aontais agus rannchuidiú, i gcás inar féidir, le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh. Tá sé tábhachtach béim a leagan ar na gnéithe talamhbhunaithe a bhaineann le nascacht satailíte agus a bhféadfar a n-imscaradh a éascú leis an Rialachán seo.

(5)

Tá infheistíocht shubstaintiúil de dhíth chun líonraí fíor-ardacmhainne a leathadh amach ar fud an Aontais agus is cuid mhór den infheistíocht sin é costas na n-oibreacha innealtóireachta sibhialta. Trí bhonneagar fisiceach a chomhroinnt, chuirfí teorainn leis an ngá atá le hoibreacha innealtóireachta sibhialta costasacha agus d’fhágfaí go mbeadh an leathadh amach ardleibhéil leathanbhanda níos éifeachtaí.

(6)

Is féidir cuid mhór de na costais a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh a chur i leith neamhéifeachtúlachtaí i bpróiseas an leata amach a bhaineann leis an méid seo a leanas: (a) úsáid bonneagair éighníomhaigh atá ann cheana, amhail duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill, caibinéid, cuaillí, crainn, suiteálacha aeróige, túir agus tógálacha tacaíochta eile; (b) scrogaill a bhaineann le comhordú na n-oibreacha sibhialta arna ndéanamh ag oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí; (c) nósanna imeachta riaracháin um dheonú ceadanna atá ródhian agus fadálach; agus (d) scrogaill a bhaineann le líonraí a imscaradh laistigh den fhoirgneamh, a bhíonn ina gcúis le constaicí móra airgeadais, go háirithe i gceantair thuaithe.

(7)

I dTreoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a glacadh mar fhreagairt ar an ngá atá leis na costais a laghdú a bhaineann le leathanbhanda a imscaradh, bhí bearta maidir le comhroinnt bonneagair, comhordú oibreacha sibhialta agus laghdú ar an t-ualach riaracháin. Chun leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear snáithín agus 5G, a éascú a thuilleadh, d’iarr an Chomhairle Eorpach sna Conclúidí uaithi an 9 Meitheamh 2020 maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú go dtabharfaí pacáiste beart breise isteach chun tacú le riachtanais imscartha líonraí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2014/61/AE.

(8)

Leis na bearta a leagtar amach i dTreoir 2014/61/AE, rannchuidíodh le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh ar chostas níos lú. Mar sin féin, ba cheart na bearta sin a neartú agus a chuíchóiriú chun costais a laghdú a thuilleadh agus chun dlús a chur le himscaradh líonraí.

(9)

Maidir le bearta arb é is aidhm dóibh úsáid an bhonneagair atá ann cheana, idir phoiblí agus phríobháideach, a dhéanamh níos éifeachtúla agus costais agus bacainní a laghdú chun oibreacha innealtóireachta sibhialta nua a chur i gcrích, ba cheart dóibh rannchuidiú go mór lena áirithiú go ndéanfar líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh go tapa agus go forleathan, lena n-áirítear i limistéir thuaithe, iargúlta nó thearcdhaonra agus i gconairí iompair. Ba cheart do na bearta sin iomaíocht éifeachtach a choinneáil gan dochar a dhéanamh do shábháilteacht, do shlándáil ná d’oibriú rianúil an bhonneagair atá ann cheana ná don tsláinte phoiblí ná don chomhshaol. Ba cheart modheolaíochtaí agus sonraí eolaíocha leordhóthanacha a chur san áireamh.

(10)

Ghlac roinnt Ballstát bearta chun na costais a laghdú a bhaineann le leathadh amach leathanbhanda, lena n-áirítear trí dhul thar fhorálacha Threoir 2014/61/AE. Tá na bearta sin fós an-difriúil ar fud na mBallstát, áfach, agus chonacthas torthaí éagsúla ar fud an Aontais mar gheall orthu. Dá ndéanfaí cuid de na bearta sin a mhéadú ar fud an Aontais agus dá ndéanfaí bearta treisithe nua, d’fhéadfadh sé sin rannchuidiú go mór le feidhmiú níos fearr an mhargaidh aonair dhigitigh. Thairis sin, cuireann difríochtaí maidir le ceanglais rialála agus cur chun feidhme neamhréireach rialacha an Aontais cosc ar chomhar idir cuideachtaí fóntais uaireanta. Féadfaidh na difríochtaí bacainní iontrála a chruthú freisin do ghnólachtaí nua a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráidí gaolmhara, nó atá údaraithe iad a sholáthar, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2018/1972 (oibreoirí). D’fhéadfadh na difríochtaí sin deiseanna nua gnó a chosc freisin, rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt margaidh inmheánaigh chun bonneagar fisiceach a úsáid agus a imscaradh le haghaidh líonraí fíor- ardacmhainne. Thairis sin, leis na bearta ar tugadh fógra ina leith sna treochláir náisiúnta agus sna tuarascálacha cur chun feidhme a ghlac na Ballstáit faoi Mholadh (AE) 2020/1307 ón gCoimisiún (7), ní chumhdaítear gach réimse de Threoir 2014/61/AE ná ní thugtar aghaidh ar gach saincheist ar bhealach comhsheasmhach iomlán. Is amhlaidh atá d’ainneoin a fhíor-riachtanaí atá sé gníomhú ar fud phróiseas iomláin an leata amach agus in earnálacha éagsúla chun tionchar comhleanúnach nach beag a bhaint amach. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun leanúint de chur chun feidhme na ndea-chleachtas a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1307 lena n-éascaítear cur chun feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le prionsabal an chomhchuibhithe íosta.

(11)

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo cearta agus oibleagáidí is infheidhme ar fud an Aontais a neartú agus a chomhchuibhiú chun dlús a chur le leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne agus leis an gcomhordú trasearnála, lena n-áirítear líonraí ardluais gan sreang cnáimhe droma agus den chéad ghlúin eile a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le feidhmíocht 5G acu ar a laghad. Mar gheall ar ilroinnt leanúnach na margaí cumarsáide leictreonaí, ní féidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad a sholáthar barainneachtaí scála a bhaint amach. D’fhéadfadh easpa nascachta ardcháilíochta san Aontas éifeacht iartheachtach láidir a bheith aici ar an trádáil agus ar an soláthar seirbhísí trasteorann, ós rud é nach féidir mórán seirbhísí a sholáthar ach amháin i gcás ina bhfuil líonra a fheidhmíonn go leormhaith i bhfeidhm ar fud an Aontais. Cé go n-áirithítear cothroime iomaíochta níos fearr, ní chuirtear cosc leis an Rialachán seo ar na Ballstáit rialacha náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun i gcomhréir le dlí an Aontais, ar rialacha iad a fhónann chun úsáid chomhpháirteach bonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn nó a chumasaíonn imscaradh níos éifeachtúla agus níos gasta bonneagair fhisicigh nua trí na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlánú nó trí dhul thar na cearta agus na hoibleagáidí sin agus réitigh a sholáthar chun a chuspóirí a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit rialacha níos déine nó níos mionsonraithe a ghlacadh chun na sprioc-amanna a ghiorrú maidir le deonú nó diúltú ceadanna atá riachtanach le haghaidh imscaradh, díolúintí forlíontacha ceada a thabhairt isteach, forálacha maidir le comhordú oibreacha sibhialta a leathnú chuig tionscadail arna maoiniú go príobháideach freisin nó a cheangal go gcuirfear níos mó faisnéise maidir le bonneagar fisiceach nó oibreacha sibhialta beartaithe ar fáil do phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, na forálacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana a leathnú chuig foirgnimh atá faoi úinéireacht phríobháideach, chomh maith le bearta breise a thabhairt isteach chun dlús a chur le nósanna imeachta maidir le deonú ceadanna, ar choinníoll nach sáraítear leo dlí an Aontais lena n-áirítear forálacha an Rialacháin seo.

(12)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, lena n-áirítear maidir le bearta rialála sonracha a fhorchuirtear faoi Chuid II, Teideal II, Caibidlí II go IV, de Threoir (AE) 2018/1972, Threoir 2002/77/CE ón gCoimisiún (8), agus Threoir (AE) 2022/2555 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart forlámhas a bheith ag forálacha na dtreoracha sin ar an Rialachán seo. Ní dochar an Rialachán seo don fhéidearthacht atá ag na húdaráis rialála náisiúnta bearta a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, amhail oibleagáidí rochtana le haghaidh sreangú laistigh den fhoirgneamh, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972.

(13)

D’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos éifeachtúla d’oibreoirí, go háirithe d’iontrálaithe nua, bonneagar fisiceach atá ann cheana a athúsáid, lena n-áirítear bonneagar ó fhóntais eile, chun líonraí fíor-ardacmhainne nó saoráidí gaolmhara a leathadh amach. Is amhlaidh atá, go háirithe, i limistéir nach bhfuil líonra cumarsáide leictreonaí oiriúnach ar fáil iontu nó ina bhféadfadh sé nach mbeadh sé indéanta go heacnamaíoch bonneagar fisiceach nua a thógáil. Thairis sin, d’fhéadfadh sineirgí ar fud earnálacha laghdú mór a chur ar an ngá atá le hoibreacha sibhialta a bhaineann le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainne. Leis an athúsáid sin, is féidir na costais shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis na hoibreacha sin a laghdú freisin, truailliú, torann agus brú tráchta, mar shampla. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ní hamháin maidir le hoibreoirí ach ba cheart feidhm a bheith aige freisin maidir le húinéirí bonneagair fhisicigh fhorleathain uileláithrigh atá oiriúnach chun eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil, nó sealbhóirí ceart úsáide an bhonneagair sin, mar shampla líonraí fisiceacha chun leictreachas, gás, uisce, córais chamrais agus draenála agus seirbhísí téimh agus iompair a sholáthar. I gcás sealbhóirí ceart, ní athraíonn sé sin aon cheart maoine atá ag tríú páirtithe ná ní chuireann sé srian ar fheidhmiú na gceart sin. I gcás inarb infheidhme, ba cheart cearta tionóntaí a chur san áireamh chun na críche sin freisin.

(14)

Chun feabhas a chur ar imscaradh líonraí fíor-ardacmhainne sa mhargadh inmheánach, ba cheart cearta a leagan síos sa Rialachán seo chun gur féidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráidí gaolmhara (lena n-áirítear gnóthais de chineál poiblí) rochtain a fháil ar bhonneagar fisiceach gan beann ar shuíomh an bhonneagair sin faoi théarmaí cothroma agus réasúnta i gcomhréir le gnáthfheidhmiú ceart maoine. Ba cheart nár dhochar an oibleagáid maidir le rochtain a thabhairt ar an mbonneagar fisiceach do chearta úinéir na talún nó an fhoirgnimh ina bhfuil an bonneagar suite.

(15)

Agus forbairt thapa gnóthas a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara den chuid is mó, amhail ‘cuideachtaí túir’, á cur san áireamh go háirithe, chomh maith leis an ról tábhachtach atá acu mar sholáthraithe rochtana ar bhonneagar fisiceach atá oiriúnach chun eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí gan sreang a shuiteáil, ar nós 5G, ba cheart an sainmhíniú ar ‘oibreoir líonra’ a leathnú thar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad a sholáthar agus oibreoirí cineálacha eile líonraí, mar shampla líonraí iompair, gáis nó leictreachais, chun gnóthais a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara a áireamh chun go mbeidís, dá bhrí sin, faoi réir na n-oibleagáidí agus na dtairbhí uile a leagtar amach sa Rialachán seo, seachas na forálacha maidir le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus rochtain. Chun leanúnachas seirbhíse agus intuarthacht a áirithiú maidir le himscaradh beartaithe na saoráidí gaolmhara, maidir le daoine dlítheanacha atá gníomhach go príomha mar thionóntaí talún, nó mar shealbhóirí ceart thar thalamh, seachas cearta maoine, ar a bhfuil sé beartaithe saoráidí a shuiteáil nó ar ar suiteáladh iad d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, nó a bhainistíonn conarthaí léasa thar ceann úinéirí talún, agus maidir le hoibreoirí, ba cheart dóibh dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta maidir le rochtain ar an talamh agus na húdaráis rialála náisiúnta a chur ar an eolas faoina gcomhaontuithe, lena n-áirítear an praghas caibidlithe, ar cheart dó, i gcás inarb iomchuí, dálaí an mhargaidh a léiriú. Chun an chaibidlíocht sin a éascú, d’fhéadfadh na Ballstáit treoraíocht a thabhairt, go háirithe maidir leis an bpraghas ar rochtain ar an talamh.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a leathnú chuig comhlachtaí nach dtagann faoina raon feidhme, amhail aonaid eagraíochtúla nach dtugtar pearsantacht dhlítheanach dóibh le dlí, a bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu agus ar féidir leo páirt iomlán a ghlacadh in idirbhearta eacnamaíocha, nó gnóthais a bhfuil lamháltas acu ó chomhlachtaí poiblí.

(17)

I bhfianaise an mhéid ísil difreála eatarthu, is minic a fhéadfaidh saoráidí fisiceacha líonra raon leathan eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí a óstáil an tráth céanna gan dochar a dhéanamh don phríomhsheirbhís a sholáthraítear agus gan ach costais bheaga oiriúnaithe a bheith i gceist. Áirítear leis na heilimintí sin eilimintí atá in ann seirbhísí rochtana leathanbhanda a sholáthar ar luas 100 Mbps ar a laghad i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche. Dá bhrí sin, maidir le bonneagar fisiceach nach bhfuil beartaithe leis ach eilimintí eile de líonra a óstáil gan bheith ina eilimint ghníomhach den líonra é féin, is féidir, i bprionsabal, úsáid a bhaint as an mbonneagar sin chun cáblaí nó trealamh cumarsáide leictreonaí nó aon eilimint eile de líonraí cumarsáide leictreonaí a chur ann, gan beann ar an úsáid a bhaintear as faoi láthair nó ar a úinéir, cúiseanna imní slándála nó leasanna gnó úinéir an bhonneagair amach anseo. I bprionsabal, is féidir bonneagar fisiceach líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a úsáid chun eilimintí de líonraí eile a chur ann freisin. Dá bhrí sin, i gcásanna iomchuí, ba cheart d’ oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a bheith in ann rochtain a thabhairt ar a líonraí ionas gur féidir líonraí eile a imscaradh. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais riaracháin fhoirmiúla na n-iarrataí sin ar rochtain a shonrú, mar shampla foirm na n-iarrataí sin nó an dréachtchonartha nó an dréacht-tionscadail suiteála líonra fíor-ardacmhainne. Gan dochar don leas ginearálta sonrach a bhaineann le soláthar na príomhsheirbhíse a shaothrú, ba cheart sineirgí idir oibreoirí líonra a spreagadh an tráth céanna chun rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach.

(18)

In éagmais eisceacht a bhfuil údar cuí léi, is féidir le heilimintí an bhonneagair fhisicigh atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, lena n-áirítear nuair atá siad á mbainistiú ag aon eintiteas a bhfuil sé de chúram air cúraimí a dhéanamh thar ceann na gcomhlachtaí sin de chuid na hearnála poiblí, fiú nuair nach cuid de líonra iad, is féidir leo eilimintí de líonra cumarsáide leictreonaí a óstáil freisin agus sna cásanna sin ba cheart iad a chur ar fáil chun suiteáil eilimintí líonra de líonraí fíor-ardacmhainne a éascú, go háirithe líonraí gan sreang. I measc na samplaí d’eilimintí an bhonneagair fhisicigh tá foirgnimh, lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna, bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí, stáisiúin mheitreo agus traenacha agus tolláin. Is faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, catagóirí sonracha bonneagair fhisicigh atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a shainaithint ina gcríoch nach féidir feidhm a bheith ag oibleagáidí rochtana maidir leo, mar shampla, ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil, slándáil náisiúnta nó sábháilteacht ar bhóithre. Chun glacadh an phobail agus imscaradh inbhuanaithe a áirithiú, ba cheart an tionchar amhairc is lú is féidir a bheith ag eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne.

(19)

Ar lámh amháin, d’fhéadfaí limistéir iomlána, go háirithe i réigiúin thuaithe, a fhágáil gan nascacht toisc go bhfágann bonneagar na hearnála poiblí nach féidir eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a shuiteáil nó nach bhfuil sé oiriúnach don tsuiteáil sin. Ar an lámh eile, tá foirgnimh tráchtála ann arb iad an t-aon rogha eile iad chun na heilimintí sin a óstáil. Chun nascacht a áirithiú i limistéir iargúlta agus thearcdhaonra agus chun an bhearna sa chumhdach digiteach idir ceantair thuaithe agus uirbeacha a dhúnadh, agus an cur isteach ar mhaoin phríobháideach á choinneáil chomh híseal agus is féidir, i gcás nach bhfuil aon rogha eile ann seachas líonraí fíor-ardacmhainne a fhorbairt sa limistéar lena mbaineann, d’fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh, má chomhlíontar roinnt coinníollacha sonracha, gur cheart d’úinéirí foirgneamh tráchtála príobháideach atá lonnaithe i gceantair thuaithe nó iargúlta rochtain ar na foirgnimh sin a thabhairt d’oibreoirí ar théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnacha agus ar phraghsanna a léiríonn dálaí an mhargaidh. Ní chuirfí an oibleagáid sin i bhfeidhm ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: níl fáil sa limistéar lena mbaineann ar aon líonraí fíor-ardacmhainne den chineál céanna – fosaithe nó móibíleach – agus atá beartaithe ag an iarrthóir rochtana a imscaradh agus níl aon réamhphlean ann é sin a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis arna bailiú tríd an bpointe faisnéise aonair atá ar fáil ar dháta na hiarrata; níl fáil sa limistéar lena mbaineann ar aon bhonneagar fisiceach atá ann cheana, atá faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus atá oiriúnach go teicniúil chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a óstáil.

(20)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’aon choimirce shonrach is gá chun slándáil náisiúnta, sábháilteacht agus sláinte phoiblí agus slándáil agus sláine na líonraí a áirithiú, go háirithe bonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta é, agus chun a áirithiú nach ndéanfar difear don phríomhsheirbhís atá á soláthar ag oibreoir líonra nó ag comhlacht de chuid na hearnála poiblí, go háirithe i líonraí a úsáidtear chun uisce a sholáthar atá beartaithe lena thomhailt ag an duine. Mar sin féin, d’fheadfadh rialacha ginearálta sa reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear ar oibreoirí líonra dul i mbun caibidlíochta faoi rochtain ar bhonneagar fisiceach a thabhairt do ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara, nó atá údaraithe iad a sholáthar, d’fhéadfaidís cosc a chur ar mhargadh a chruthú le haghaidh rochtain ar bhonneagar fisiceach. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis na rialacha sin. An tráth céanna, leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit oibreoirí fóntais a dhreasú chun rochtain a thabhairt ar bhonneagar trí ioncam a ghintear ón rochtain ar a mbonneagar fisiceach a eisiamh agus taraifí na n-úsáideoirí deiridh as a bpríomhghníomhaíochtaí á ríomh, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

(21)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ualach díréireach ar oibreoirí líonra a sheachaint, ar ualach é a eascraíonn as dhá chóras rochtana ar leith a chur i bhfeidhm go comhuaineach ar an mbonneagar fisiceach céanna, níor cheart bonneagar fisiceach atá faoi réir oibleagáidí rochtana arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta de bhun Threoir (AE) 2018/1972 nó oibleagáidí rochtana a eascraíonn as cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair, níor cheart an bonneagar sin a bheith faoi réir oibleagáidí rochtana a leagtar amach sa Rialachán seo a fhad a fhanfaidh na hoibleagáidí rochtana sin i bhfeidhm. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás inar fhorchuir údarás rialála náisiúnta oibleagáid rochtana faoi Threoir (AE) 2018/1972 lena gcuirtear teorainn leis an úsáid is féidir a bhaint as an mbonneagar fisiceach lena mbaineann. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin tarlú nuair a iarrann oibreoir, a bhfuil sé beartaithe aige stáisiúin bhunáite a nascadh, rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana ar a bhforchuirtear oibleagáidí rochtana sa mhargadh maidir le rochtain ar acmhainneacht thiomnaithe mórdhíola de réir bhrí Mholadh (AE) 2020/2245 ón gCoimisiún (10).

(22)

Chun comhréireacht a áirithiú agus dreasachtaí infheistíochta a chaomhnú, ba cheart an ceart a bheith ag oibreoir líonra nó ag comhlacht de chuid na hearnála poiblí rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú ar chúiseanna oibiachtúla a bhfuil údar cuí leo. Go háirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh bonneagar fisiceach, ar iarradh rochtain air, oiriúnach go teicniúil de bharr imthosca sonracha, nó mar gheall ar an easpa spáis atá ann faoi láthair nó mar gheall ar riachtanais spáis a bheidh ann amach anseo a léirítear go leordhóthanach, mar shampla, i bpleananna infheistíochta atá ar fáil go poiblí. Chun aon saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint nó aon mhí-úsáid a sheachaint a d’fhéadfaí a bhaint as na coinníollacha chun rochtain a dhiúltú, ba cheart údar cuí a bheith le haon diúltú den sórt sin agus ba cheart é a bhunú ar chúiseanna oibiachtúla mionsonraithe. Mar shampla, ní mheasfaí na cúiseanna sin a bheith oibiachtúil i gcás ina n-imscarann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, bonneagar fisiceach a bhuí le hoibreacha sibhialta a chomhordú le hoibreoir líonra nach oibreoir líonraí cumarsáide leictreonaí é agus i gcás ina ndiúltaíonn an gnóthas rochtain a dheonú bunaithe ar easpa spáis a líomhnaítear a bheith ann chun eilimintí de líonra fíor-ardacmhainne a óstáil, rud a eascraíonn as cinntí a rinne an gnóthas atá faoina rialú. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh saobhadh iomaíochta teacht chun cinn mura bhfuil aon líonra fíor-ardacmhainne eile sa limistéar a d’fheadfadh baint a bheith aige leis an iarraidh ar rochtain. Ar an gcaoi chéanna, in imthosca sonracha, d’fhéadfadh sé go gcuirfí sábháilteacht nó sláinte phoiblí nó sláine agus slándáil an líonra i mbaol, lena n-airítear sláine agus slándáil líonra an bhonneagair chriticiúil, nó go gcuirfí soláthar na seirbhísí a sholáthraítear go príomha tríd an mbonneagar céanna i mbaol dá ndéanfaí é a chomhroinnt. Thairis sin, i gcás ina soláthraíonn an t-oibreoir rochtain éighníomhach fhisiceach mhórdhíola ar líonraí cumarsáide leictreonaí a chomhlíonfadh riachtanais an iarrthóra ar rochtain, mar shampla snáithín optúil dorcha nó díchuachadh snáithíní, d’fhéadfadh rochtain ar an mbonneagar fisiceach foluiteach drochthionchar eacnamaíoch a imirt ar a shamhail ghnó, go háirithe ar shamhail ghnó oibreoirí mórdhíola amháin, agus ar a dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh, agus bacainn a chruthú, dá bharr sin, do leathadh amach pras na líonraí fíor-ardacmhainne chuig ceantair thuaithe agus iargúlta. Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar Bhallstát srian a chur leis na coinníollacha maidir le rochtain a dhiúltú de thoradh rogha mhalartach a bheith ar fáil i ndáil le snáithín optúil dorcha nó díchuachadh snáithíní i gcás nach dtabharfaí leis na táirgí sin, sa mhargadh ábhartha, modh malartach inmharthana rochtana fisicí éighníomhaí mórdhíola ar líonraí cumarsáide leictreonaí. Ba cheart dúbailt neamhéifeachtúil eilimintí fíor-ardacmhainne a chuireann infheistíochtaí tosaigh agus pleananna infheistíochta i mbaol a sheachaint, go háirithe, i gceantair thuaithe, i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh níos mó ná líonra fíor-ardacmhainne amháin sa limistéar inmharthana go heacnamaíoch, gan dochar do Threoir 2002/77/CE, ar choinníoll go mbeadh toradh an chinnidh sin fós i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne. Sa mheasúnú ar chineál cothrom réasúnta na dtéarmaí agus na gcoinníollacha le haghaidh modhanna malartacha rochtana fisicí mórdhíola den sórt sin, ba cheart a chur san áireamh, inter alia, samhail ghnó fholuiteach an ghnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí lena ndeonaítear rochtain, nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar, an gá atá le haon neartú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh atá ag ceachtar den dá pháirtí, más ann di, a sheachaint, agus an amhlaidh go ndéanann an soláthraí rochtana an rochtain a cheangal nó a chuachadh le seirbhísí nach bhfuil fíor-riachtanach nó nach ndéanann.

(23)

Chun dreasachtaí infheistíochta a chaomhnú agus tionchair eacnamaíocha dhíobhálacha agus neamhbheartaithe ar shamhail ghnó an oibreora is ceannródaí a sheachaint maidir le líonraí cábla snáthoptaice go háitreabh a imscaradh, go háirithe i gceantair thuaithe, d’fhéadfadh na Ballstáit ina bhfuil foras comhchosúil diúltaithe i bhfeidhm cheana féin sa dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais a fhoráil, i gcás ina lorgódh gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí. nó atá údaraithe chun iad a sholáthar, rochtain ar an aon líonra snáithín amháin atá ina sprioclimistéar cumhdaigh, go bhféadfadh an soláthraí rochtana rochtain ar a bhonneagar fisiceach a dhiúltú má sholáthraíonn sé, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha, modh malartach inmharthana rochtana gníomhaí mórdhíola atá oiriúnach chun líonraí fíor-ardacmhainne a sholáthar. Leis an rochtain ghníomhach mhórdhíola sin, ba cheart a áirithiú, don oibreoir iarrthach, go mbeidh líonraí fíor-ardacmhainne ar fáil agus go bhféadfaí seirbhísí a sholáthar lena ngabhann an cháilíocht agus na saintréithe is dual do líonraí fíor-ardacmhainne agus atá inchomparáide le rochtain éighníomhach, amhail trí bhíthin snáithín dorcha nó díchuachadh snáithíní, i dtéarmaí féidearthachtaí maidir le saintréithe cáilíochta nó seirbhíse. Thairis sin, ba cheart na modhanna malartacha inmharthana rochtana gníomhaí mórdhíola sin a sholáthar ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus oscailte. Chuige sin, ba cheart don oibreoir a sholáthraíonn rochtain d’oibreoirí eile coinníollacha coibhéiseacha a chur i bhfeidhm in imthosca coibhéiseacha agus ba cheart dó seirbhísí agus faisnéis a sholáthar d’oibreoirí eile faoi na coinníollacha céanna agus den cháilíocht chéanna agus mar a sholáthraíonn sé dá sheirbhísí féin, nó do sheirbhísí a fhochuideachtaí nó a chomhpháirtithe chun cóir chomhionann a ráthú agus comhdheiseanna a chur ar fáil do gach oibreoir, lena n-áirítear an t-oibreoir is soláthraí.

(24)

Chun athúsáid an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana féin a éascú, i gcás ina n-iarrann oibreoirí rochtain ar limistéar sonrach, ba cheart d’oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, tairiscint a dhéanamh maidir le húsáid chomhroinnte a gcuid saoráidí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, ach amháin má dhéantar rochtain a dhiúltú ar chúiseanna oibiachtúla a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart a cheangal ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí freisin rochtain a chur ar fáil faoi théarmaí agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha. Ag brath ar na himthosca, d’fhéadfadh roinnt eilimintí tionchar a imirt ar na coinníollacha faoina ndeonaítear an rochtain sin. Áirítear leis na tosca sin (a) aon choimirce choisctheach atá le glacadh chun éifeachtaí díobhálacha ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar shláine an líonra a theorannú; (b) aon socrú sonrach maidir le dliteanas i gcás damáiste; (c) úsáid aon fhóirdheontais phoiblí arna dheonú chun an bonneagar a thógáil, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha sonracha atá ceangailte leis an bhfóirdheontas nó dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais; (d) an cumas acmhainneacht bonneagair a sheachadadh nó a sholáthar chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh; agus (e) aon srian a eascraíonn as forálacha náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm acu an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear an tionchar amhairc ar bhonneagar a íoslaghdú chun glacadh an phobail a áirithiú, an tsláinte phoiblí nó an tslándáil phoiblí a chosaint nó cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a chomhlíonadh.

(25)

Le hinfheistíochtaí i mbonneagar fisiceach líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráidí gaolmhara, ba cheart rannchuidiú go díreach leis na cuspóirí a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481, agus iompar faille a sheachaint. Ós rud é go bhforchuirtear oibleagáidí rochtana ar oibreoirí gréasáin, lena n-áirítear oibreoirí agus gnóthais fóntais, agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, ba cheart do na critéir maidir le praghsanna cothroma agus réasúnacha a chinneadh agus praghsanna iomarcacha a sheachaint a staideanna éagsúla agus a samhlacha gnó éagsúla a chur san áireamh. Mar shampla, ba cheart deis chothrom a bheith ag gach soláthraí rochtana na costais a thabhaíonn siad a aisghabháil chun rochtain a sholáthar ar a mbonneagar fisiceach chomh maith le haon chostais bhreise chothabhála agus oiriúnaithe a eascraíonn as rochtain ar an mbonneagar sin a sholáthar. Go háirithe, ba cheart d’aon oibleagáid rochtana ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana nó ar chomhordú oibreacha sibhialta a fhorchuirtear ar oibreoirí, lena n-áirítear gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara, nó atá údaraithe leis an méid sin a sholáthar, roinnt fachtóirí a chur san áireamh go cúramach, ar nós inmharthanacht eacnamaíoch na n-infheistíochtaí sin bunaithe ar a bpróifíl riosca chomh maith leis an ngá atá le toradh cothrom ar na hinfheistíochtaí sin mar aon le sceideal ama don toradh ar an infheistíocht. Ar deireadh, ba cheart a áirithiú le cinneadh na bpraghsanna rochtana go dtabharfar aird chuí ar shamhail ghnó éagsúil na n-oibreoirí sin a chuireann saoráidí gaolmhara ar fáil go príomha agus a thairgeann rochtain fhisiceach ar níos mó ná soláthraí amháin líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, agus an treoraíocht ábhartha ón gCoimisiún á cur san áireamh. I gcomhthéacs praghsanna, agus téarmaí agus coinníollacha a bheith á gcinneadh ag oibreoirí líonraí agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, d’fhéadfadh soláthraithe rochtana nó comhlachtaí um réiteach díospóidí conarthaí áirithe atá ann cheana agus téarmaí agus coinníollacha tráchtála atá comhaontaithe idir cuardaitheoirí rochtana agus soláthraithe rochtana a úsáid mar fhachtóir tagarmharcála chun a chinneadh an bhfuil na praghsanna, agus na téarmaí agus na coinníollacha cothrom agus réasúnach, toisc go léiríonn siad praghsanna agus dálaí an mhargaidh tráth thabhairt i gcrích an chonartha. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don mheasúnú ar chomhlachtaí um réiteach díospóidí a d’fhéadfadh a mheas, inter alia, nach gcomhlíonann na conarthaí arna dtíolacadh ag na páirtithe na critéir maidir le socrú praghsanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(26)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh acmhainní leordhóthanacha, taithí leordhóthanach ná an t-eolas teicniúil is gá ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu chun dul i mbun caibidlíochta le hoibreoirí maidir le rochtain. Chun rochtain ar bhonneagar fisiceach comhlachtaí na hearnála poiblí sin a éascú, d’fhéadfaí comhlacht a cheapadh chun na hiarrataí ar rochtain a chomhordú, comhairle dhlíthiúil agus theicniúil a sholáthar chun téarmaí agus coinníollacha rochtana a chaibidliú, agus faisnéis ábhartha maidir leis an mbonneagar fisiceach sin a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair. D’fhéadfadh an comhlacht comhordúcháin tacú freisin le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí samhailchonarthaí a ullmhú agus faireachán a dhéanamh ar thoradh agus ar fhad an phróisis maidir le hiarrataí ar rochtain. D’fhéadfadh an comhlacht cuidiú a thabhairt freisin dá dtiocfadh díospóidí chun cinn maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú chomhlachtaí na hearnála poiblí.

(27)

Chun comhsheasmhacht na gcineálacha cur chuige a áirithiú i measc na mBallstát, agus na staideanna ar leith ar fud na mBallstát á gcur san áireamh, d’fhéadfadh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), treoraíocht a sholáthar i dtaca leis na forálacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear coinníollacha cothroma réasúnta a chur i bhfeidhm, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Ba cheart tuairimí na ngeallsealbhóirí, na n-údarás náisiúnta agus na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur san áireamh go cuí agus an treoraíocht á hullmhú chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach gcuireann an treoraíocht sin isteach ar phrionsabail sheanbhunaithe, go bhfuil sí i gcomhréir le rialacha nós imeachta na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí, agus nach ndéanann siad dochar d’imscaradh breise líonraí fíor-ardacmhainne. D’fhéadfaí gnéithe na n-oibreoirí líonra agus a samhail ghnó a chur san áireamh sa treoraíocht.

(28)

Ba cheart rochtain a bheith ag oibreoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar an bhfaisnéis íosta maidir le bonneagar fisiceach agus maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe sa réimse imscartha. Cuirfidh sé sin ar a gcumas dóibh pleanáil éifeachtach a dhéanamh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh agus a áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtaí as an mbonneagar fisiceach atá ann cheana, atá oiriúnach chun líonraí den sórt sin a leathadh amach, agus as oibreacha sibhialta atá beartaithe. Is réamhriachtanas é an fhaisnéis íosta sin chun measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le bonneagar fisiceach atá ann cheana a úsáid nó na hoibreacha sibhialta atá beartaithe a chomhordú i limistéar sonrach, agus chun damáiste d’aon bhonneagar fisiceach atá ann cheana a laghdú. I bhfianaise líon na ngeallsealbhóirí lena mbaineann, lena gcumhdaítear oibreacha sibhialta a mhaoinítear go poiblí agus go príobháideach, de réir mar is iomchuí, chomh maith le bonneagar fisiceach atá ann cheana nó atá pleanáilte, agus chun rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú, idir earnálacha agus thar theorainneacha, ba cheart d’oibreoirí líonra agus do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí atá faoi réir oibleagáidí trédhearcachta an fhaisnéis íosta sin a chur ar fáil go pras roimh an spriocdháta trí phointe faisnéise aonair. Leis sin, déanfar bainistiú iarrataí ar rochtain ar an bhfaisnéis sin a shimpliú agus cuirfear ar a gcumas d’oibreoirí spéis a léiriú maidir le rochtain a fháil ar bhonneagar fisiceach nó maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú, a bhfuil an t-uainiú ríthábhachtach ina leith. Ba cheart an fhaisnéis íosta maidir leis na hoibreacha sibhialta atá beartaithe a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra lena mbaineann agus, in aon chás agus i gcás ina mbeidh gá le ceadanna, tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear an t-iarratas ar chead faoi bhráid na n-údarás inniúil den chéad uair. D’fhéadfadh oibreoirí líonraí agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí atá faoi réir oibleagáidí trédhearcachta an fhaisnéis íosta a chuirtear ar fáil a leathnú go réamhghníomhach, agus ar bhonn deonach, chuig saintréithe breise, amhail, i gcás bonneagar fisiceach atá ann cheana, faisnéis maidir le leibhéal áitíochta an bhonneagair fhisicigh, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, nó faisnéis tháscach maidir le hinfhaighteacht snáithín dhorcha.

(29)

Ba cheart an fhaisnéis íosta a chur ar fáil go pras trí phointe faisnéise aonair faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha ionas gur féidir le hoibreoirí a n-iarrataí ar fhaisnéis a chur isteach. D’fhéadfadh stór faisnéise i bhformáid leictreonach a bheith sa phointe faisnéise aonair, trínar féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis nó an fhaisnéis sin a chur ar fáil agus trínar féidir iarrataí a dhéanamh ar líne trí uirlisí digiteacha a úsáid, mar shampla leathanaigh ghréasáin, feidhmchláir dhigiteacha, agus ardáin dhigiteacha. Féadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a theorannú chun slándáil agus sláine an líonra a áirithiú, go háirithe i gcás an bhonneagair chriticiúil, chun an tslándáil náisiúnta a áirithiú nó chun rúin dhlisteanacha oibriúcháin agus ghnó a chosaint. Ní gá don phointe faisnéise aonair an fhaisnéis a óstáil ar choinníoll go n-áirithítear leis go soláthraítear idirnaisc le huirlisí digiteacha eile, amhail tairseacha gréasáin, ardáin dhigiteacha, bunachair sonraí nó feidhmchláir dhigiteacha ar a stóráiltear an fhaisnéis. Dá réir sin, is féidir samhlacha éagsúla a bheartú le haghaidh pointe faisnéise aonair. Trí bhíthin an phointe faisnéise aonair, féadfar feidhmiúlachtaí breise a sholáthar, mar shampla rochtain ar fhaisnéis bhreise nó tacaíocht don phróiseas maidir le hiarrataí ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana nó maidir le hiarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú.

(30)

Ina theannta sin, más iarraidh réasúnta atá inti, agus go háirithe má bhíonn gá léi chun bonneagar fisiceach atá ann cheana a chomhroinnt nó chun oibreacha sibhialta a chomhordú, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí suirbhéanna ar an láthair a dhéanamh agus faisnéis a bhaineann le hoibreacha sibhialta atá beartaithe a iarraidh faoi choinníollacha trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus gan dochar do na coimircí arna nglacadh d’fhonn slándáil agus sláine líonraí a áirithiú, chomh maith le rúndacht agus rúin oibriúcháin agus ghnó a chosaint.

(31)

Ba cheart trédhearcacht ardleibhéil na n-oibreacha sibhialta atá beartaithe trí phointí faisnéise aonair a spreagadh. Is féidir é sin a dhéanamh trí oibreoirí a atreorú chuig an bhfaisnéis sin nuair a bheidh sí ar fáil. D’fhéadfaí trédhearcacht a fhorfheidhmiú freisin trína cheangal, sula ndéanfar iarratas ar dheonú ceada, go gcuirfear faisnéis ar fáil ar dtús maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe trí phointe faisnéise aonair.

(32)

An rogha atá ag na Ballstáit feidhmeanna na bpointí faisnéise aonair a leithdháileadh ar níos mó ná comhlacht inniúil amháin, níor cheart di difear a dhéanamh dá gcumas na feidhmeanna sin a chomhlíonadh go héifeachtach. I gcás ina mbunaítear níos mó ná pointe faisnéise aonair amháin i mBallstát, ba cheart rochtain rianúil ar na pointí faisnéise aonair uile trí mheán leictreonach a áirithiú trí bhíthin pointe iontrála digiteach náisiúnta aonair ag a mbeidh comhéadan coiteann úsáideora. Ba cheart an pointe faisnéise aonair a dhigitiú go hiomlán agus ba cheart rochtain éasca a sholáthar trí bhíthin an phointe sin ar na huirlisí digiteacha ábhartha. Chuirfeadh sé sin ar chumas oibreoirí líonraí agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a gcearta a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear rochtain thapa ar an bhfaisnéis íosta maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe, nósanna imeachta riaracháin leictreonacha chun ceadanna agus cearta slí a dheonú, agus faisnéis maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme. Mar chuid den fhaisnéis íosta sin, ba cheart rochtain a thabhairt trí bhíthin an phointe faisnéise aonair ar fhaisnéis gheothagartha maidir le suíomh an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana agus na n-oibreacha sibhialta atá beartaithe. Chun an rochtain sin a éascú, ba cheart do na Ballstáit uirlisí digiteacha uathoibrithe a sholáthar chun an fhaisnéis gheothagartha a chur isteach agus ba cheart dóibh uirlisí tiontaithe a sholáthar le haghaidh na bhformáidí sonraí a dtacaítear leo. D’fhéadfaí na huirlisí sin a chur ar fáil d’oibreoirí líonra agus do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí atá freagrach as an bhfaisnéis sin a sholáthar tríd an bpointe faisnéise aonair. Thairis sin, i gcás ina bhfuil sonraí suímh geothagartha le fáil trí uirlisí digiteacha eile, mar shampla Geothairseach INSPIRE faoi Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d’fhéadfaí rochtain sho-úsáidte ar an bhfaisnéis sin a sholáthar trí bhíthin an phointe faisnéise aonair.

(33)

Chun comhréireacht agus slándáil a áirithiú, i gcás an cheanglais maidir le faisnéis a chur ar fáil faoin mbonneagar fisiceach atá ann cheana trí phointe faisnéise aonair, ní gá feidhm a bheith ag an gceanglas sin ar na cúiseanna céanna leo siúd lena dtugtar údar le hiarraidh ar rochtain a dhiúltú. Ina theannta sin, trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana trí phointe faisnéise aonair, d’fhéadfaí, i gcásanna an-sonrach, ualach trom a chur ar oibreoirí líonra agus ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’fhéadfadh an méid sin a bheith díréireach dóibh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás nach bhfuil mapáil na sócmhainní ábhartha ar fáil go fóill agus ina mbeadh sé an-chostasach, nó i gcás ina meastar go mbeidh iarrataí ar rochtain an-íseal i limistéir áirithe i mBallstát nó i ndáil le bonneagar fisiceach sonrach áirithe. I gcás inar cosúil go bhfuil sé díréireach faisnéis a sholáthar bunaithe ar anailís costais agus tairbhe, níor cheart oibleagáid a chur ar oibreoirí líonra ná ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Ba cheart do na Ballstáit anailís costais agus tairbhe den sórt sin a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí maidir leis an éileamh ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana, agus ba cheart an anailís a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart an próiseas comhairliúcháin agus toradh an phróisis sin a chur ar fáil go poiblí trí phointe faisnéise aonair.

(34)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú, na comhlachtaí inniúla a dhéanann feidhmeanna pointe faisnéise aonair, na húdaráis rialála náisiúnta a chomhlíonann a gcúraimí faoi Threoir (AE) 2018/1972 nó údaráis inniúla eile, mar shampla údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla atá i gceannas ar chadastar nó ar chur chun feidhme Threoir 2007/2/CE, de réir mar is iomchuí, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le chéile agus oibriú i gcomhar le chéile. Ba cheart é a bheith de chuspóir ag an gcomhar sin íoslaghdú a dhéanamh ar na hiarrachtaí maidir leis na hoibleagáidí trédhearcachta atá ar oibreoirí líonra agus ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear na gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, chun faisnéis a chur ar fáil faoina mbonneagar fisiceach. I gcás ina bhfuil gá le tacar sonraí éagsúil maidir le bonneagar fisiceach an oibreora a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, ba cheart, mar thoradh ar an gcomhar sin, idirnaisc agus sineirgí úsáideacha a bhunú idir an bunachar sonraí a bhaineann le cumhacht shuntasach sa mhargadh agus an pointe faisnéise aonair agus cleachtais choiteanna chomhréireacha maidir le bailiú sonraí agus soláthar sonraí chun torthaí is féidir a chur i gcomparáid le chéile go héasca a bhaint amach. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhar freisin rochtain ar fhaisnéis maidir le bonneagar fisiceach a éascú, i bhfianaise imthosca náisiúnta. Má dhéantar oibleagáidí rialála a mhodhnú nó a tharraingt siar, ba cheart do na páirtithe ar a mbíonn tionchar ag an méid sin teacht ar chomhaontú maidir leis na réitigh is fearr chun bailiú agus soláthar sonraí bonneagair fhisicigh a oiriúnú do na ceanglais rialála nua is infheidhme.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid trédhearcachta le haghaidh comhordú oibreacha sibhialta maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit. Ba cheart do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus d’oibreoirí líonraí a bheith in ann a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid trédhearcachta le haghaidh comhordú oibreacha sibhialta maidir le cineálacha oibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de agus ar chúiseanna éigeandála arna sainaithint ag na Ballstáit. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás oibreacha sibhialta a dhéantar má tá riosca contúirte poiblí ann mar thoradh ar phróisis díghrádaithe d’oibreacha innealtóireachta sibhialta agus dá suiteálacha gaolmhara, arb iad tosca scriosacha nádúrtha nó daonna is cúis leo agus a bhfuil gá leo chun a sábháilteacht nó a scartáil a áirithiú. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart do na Ballstáit na cineálacha oibreacha sibhialta a thagann faoi na himthosca sin a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair.

(36)

Chun coigilteas mór a áirithiú agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar mhíchaoithiúlachtaí sa limistéar ar a mbíonn tionchar ag imscaradh na líonraí cumarsáide leictreonaí nua, ba cheart toirmeasc a chur ar shrianta rialála lena gcuirtear cosc, mar riail ghinearálta, ar chomhaontuithe a chaibidliú i measc oibreoirí líonra chun oibreacha sibhialta a chomhordú chun líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh. Más rud é nach maoinítear oibreacha sibhialta le cistí poiblí, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don deis atá ag oibreoirí líonra comhaontuithe um chomhordú oibreacha sibhialta a thabhairt i gcrích de réir a bpleananna gnó agus infheistíochta féin agus de réir a rogha trátha.

(37)

Ba cheart do na Ballstáit torthaí na n-oibreacha sibhialta a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí a uasmhéadú trí leas a bhaint as gnéithe dearfacha seachtracha na n-oibreacha sin thar earnálacha agus trí chomhdheiseanna a áirithiú chun an bonneagar fisiceach atá ar fáil cheana agus atá beartaithe a chomhroinnt chun líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh. Níor cheart dochar a dhéanamh do phríomhchuspóir na n-oibreacha sibhialta a mhaoinítear le cistí poiblí. Mar sin féin, an t-oibreoir líonra a dhéanann na hoibreacha sibhialta lena mbaineann ba cheart dó freastal ar iarrataí tráthúla réasúnta ar chomhordú imscaradh eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne, go díreach nó go hindíreach, trí fhochonraitheoir, mar shampla, faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. Mar shampla, ba cheart don oibreoir iarrthach aon chostais bhreise a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin arb iad moilleanna is cúis leo, agus ba cheart a laghad athruithe agus is féidir a dhéanamh ar na pleananna bunaidh. Níor cheart na forálacha sin difear a dhéanamh do cheart na mBallstát acmhainneacht a fhorchoimeád do líonraí cumarsáide leictreonaí fiú amháin in éagmais iarrataí sonracha. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do na Ballstáit freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo ar bhonneagar fisiceach chun luach na n-oibreacha sibhialta a uasmhéadú nó chun bearta a ghlacadh lena dtabharfar cearta comhchosúla d’oibreoirí cineálacha eile líonraí, ar nós líonraí iompair, gáis nó leictreachais, chun oibreacha sibhialta a chomhordú.

(38)

I gcásanna áirithe, go háirithe maidir le himscaradh i gceantair thuaithe, iargúlta nó thearcdhaonra, d’fhéadfadh an oibleagáid maidir le hoibreacha sibhialta a chomhordú inmharthanacht airgeadais an imscartha sin a chur i mbaol agus, faoi dheireadh, infheistíochtaí a dhéantar faoi théarmaí margaidh a dhídhreasú. Dá bhrí sin, dá n-iarrfaí ar ghnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, oibreacha sibhialta a chomhordú, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta faoi imthosca sonracha. D’fhéadfadh sé seo a bheith i gceist, go háirithe, más rud é nár chuir an gnóthas iarrthach a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó atá údaraithe iad a sholáthar in iúl go raibh sé ar intinn aige líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh sa limistéar sin, mar imscaradh nua, mar uasghrádú nó mar shíneadh ar líonra, agus go ndearnadh réamhaisnéis nó gur tugadh cuireadh chun a dhearbhú go raibh sé ar intinn aige líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh i limistéir ainmnithe (de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/1972) nó gur eagraíodh comhairliúchán poiblí faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair. Más rud é gur eagraíodh níos mó ná ceann amháin de na réamhaisnéisí, na cuirí agus/nó na comhairliúcháin phoiblí sin, níor cheart ach an easpa léirithe spéise ag an ócáid is déanaí lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndéantar an iarraidh ar chomhordú oibreacha sibhialta a bhreithniú. Chun a áirithiú go bhféadfaí rochtain a fháil amach anseo ar an mbonneagar a imscartar, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar, agus a dhéanann na hoibreacha sibhialta, ba cheart dó a ráthú go ndéanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach a imscaradh, agus na ceanglais acmhainneachta arna gcur in iúl ag an ngnóthas atá ag iarraidh chomhordú na n-oibreacha sibhialta agus na treoirlínte arna gcur ar fáil ag BEREC i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún á gcur san áireamh. Ní dochar an méid seo do na rialacha agus do na coinníollacha a bhaineann le sannadh cistí poiblí agus cur i bhfeidhm na rialacha maidir leis an státchabhair.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh gan forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le comhordú oibreacha sibhialta, lena n-áirítear trédhearcacht, a chur i bhfeidhm maidir le hoibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid. D’fhéadfadh sé seo a bheith i gceist, mar shampla, le hoibreacha sibhialta a mhaireann níos lú ná líon socraithe uaireanta an chloig nó laethanta, trí úsáid a bhaint as teicnící íosionracha, mar shampla an mhicrithrinseáil, nó le hoibreacha sibhialta de chineál éigeandála.

(40)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú ó thaobh cur chuige de, agus na staideanna éagsúla ar fud na mBallstát á gcur san áireamh, ba cheart do BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a chur ar fáil maidir leis na forálacha i dtaca le comhordú na hoibre sibhialta a chur i bhfeidhm faoi 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(41)

Le comhordú éifeachtach, is féidir costais agus moilleanna a laghdú chomh maith le laghdú a dhéanamh ar chur isteach ar an imscaradh, rud a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar fhadhbanna ar an láthair. Sampla amháin inar féidir tairbhí soiléire a bheith ag baint le comhordú oibreacha sibhialta is ea tionscadail trasearnála laistigh den ghréasán Fuinnimh Tras-Eorpach (GTE-F) agus den ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T), ach gan a bheith teoranta dóibh sin, mar shampla conairí 5G a imscaradh ar feadh conairí iompair, mar atá bóithre, iarnróid agus uiscebhealaí intíre. Leis na tionscadail sin, is minic a bhíonn gá le comhordú deartha nó comhdhearadh bunaithe ar chomhar luath idir rannpháirtithe an tionscadail. Mar chuid den chomhdhearadh, féadfaidh na páirtithe lena mbaineann teacht ar chomhaontú roimh ré maidir le conairí chun an bonneagar fisiceach a imscaradh agus maidir leis an teicneolaíocht agus an trealamh a bheidh le húsáid, sula ndéanfar na hoibreacha sibhialta a chomhordú. Dá bhrí sin, ba cheart an iarraidh ar chomhordú oibreacha sibhialta a chomhdú a luaithe is féidir.

(42)

D’fhéadfadh gá a bheith le roinnt ceadanna difriúla maidir le himscaradh eilimintí de líonraí cumarsáide leictreonaí nó de shaoráidí gaolmhara chun leasanna ginearálta an Aontais agus na mBallstát a chosaint. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ceadanna tochailte, tógála, pleanála baile, comhshaoil agus ceadanna eile chomh maith le cearta slí. Mar thoradh ar an líon ceadanna agus ceart slí is gá chun cineálacha éagsúla líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara a imscaradh agus mar thoradh ar ghné áitiúil an imscartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh nósanna imeachta agus coinníollacha éagsúla le cur i bhfeidhm, rud a d’fhéadfadh deacrachtaí a chruthú maidir le himscaradh an líonra. Dá bhrí sin, chun imscaradh a éascú, ba cheart cuíchóiriú a dhéanamh ar na rialacha uile maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme i leith ceadanna agus cearta slí a dheonú agus ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach ar an leibhéal náisiúnta, a mhéid is féidir, agus cosaint á tabhairt don cheart atá ag gach údarás inniúil a bheith rannpháirteach agus a shainchearta cinnteoireachta a choinneáil i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha an fhaisnéis maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ginearálta is infheidhme i leith ceadanna a dheonú ar oibreacha sibhialta agus cearta slí a chur ar fáil trí phointí faisnéise aonair. D’fhéadfadh sé sin castacht a laghdú agus éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú le haghaidh na n-oibreoirí uile agus go háirithe d’iontrálaithe nua agus d’oibreoirí níos lú nach bhfuil gníomhach sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart an ceart a bheith ag oibreoirí a n-iarratais ar cheadanna agus ar chearta slí a chur isteach i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair. Ba cheart do na gnóthais sin a bheith in ann faisnéis a aisghabháil i bhformáid leictreonach maidir le stádas a n-iarratas agus maidir le cé acu a deonaíodh nó a diúltaíodh iad.

(43)

Níor cheart do nósanna imeachta deonaithe ceadanna a bheith ina mbacainní gan údar cuí ar infheistíocht ná níor cheart dóibh dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cinneadh maidir le ceadanna a dheonú nó gan iad a dheonú i ndáil le heilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh laistigh de 4 mhí ón dáta a fuarthas an t-iarratas ar chead nó faoin spriocdháta arna shocrú faoin dlí náisiúnta, cibé acu is giorra. Moltar do na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach ina reachtaíocht náisiúnta d’údaráis inniúla maidir le ceadanna a dheonú nó a dhiúltú níos tapúla ná mar a cheanglaítear leis an dlí. Tá an méid sin gan dochar do sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta a sheoladh go cuí, ar sprioc-amanna nó oibleagáidí iad is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais. Níor cheart do na húdaráis inniúla srian ná bac a chur ar imscaradh líonraí fíor-ardacmhainne nó saoráidí gaolmhara agus níor cheart go mbeadh imscaradh na líonraí nó na saoráidí sin níos neamhtharraingtí ó thaobh na heacnamaíochta de mar gheall ar na húdaráis inniúla. Go sonrach, níor cheart dóibh cosc a chur ar nósanna imeachta deonaithe ceadanna agus ceart slí dul ar aghaidh go comhuaineach, i gcás inar féidir, ná níor cheart dóibh a cheangal ar oibreoirí cineál amháin údaraithe a fháil sular féidir leo iarratas a dhéanamh ar chineálacha eile údaruithe. Ba cheart d’údaráis inniúla údar a thabhairt le haon deonú ceadanna nó ceart slí faoina n-inniúlacht a dhiúltaíonn siad, bunaithe ar choinníollacha atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.

(44)

Chun moilleanna míchuí a sheachaint, ba cheart do na húdaráis inniúla comhláine an iarratais ar chead a chinneadh laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fuarthas an t-iarratas sin. I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach iarratas comhlánaithe é an t-iarratas sin ar chead, ba cheart dó a iarraidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin. Ar chúiseanna na córa comhionainne agus na trédhearcachta, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann iarratais ar oibreacha sibhialta a mheas mar iarratais neamh-inghlactha más rud é nach gcuirtear an fhaisnéis íosta a cheanglaítear faoin Rialachán seo ar fáil trí phointe faisnéise aonair tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirtear an chéad iarratas ar chead faoi bhráid na n-údarás inniúil. I gcás ina bhfuil gá le cearta slí, sa bhreis ar cheadanna, chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, ba cheart do na húdaráis inniúla, de mhaolú ar Airteagal 43 de Threoir (AE) 2018/1972, na cearta slí sin a dheonú laistigh de 4 mhí ón dáta a fuarthas an t-iarratas, ach amháin i gcásanna díshealbhaithe. Ba cheart leanúint de chearta slí eile nach bhfuil gá leo i gcomhar le ceadanna le haghaidh oibreacha sibhialta a dheonú laistigh de 6 mhí i gcomhréir le hAirteagal 43 de Threoir (AE) 2018/1972.

(45)

Chun dlús a chur le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainne agus, ag an am céanna, an t-ualach riaracháin ar údaráis deonaithe ceadanna a laghdú, níor cheart cineálacha áirithe oibreacha sibhialta, mar shampla oibreacha sibhialta ar mhionscála, a bheith faoi réir aon réamhchead. Ar chúiseanna na trédhearcachta agus na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart do na Ballstáit na cineálacha sin oibreacha a shainaithint agus an fhaisnéis a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair. D’fhéadfaí na díolúintí ó aon nós imeachta maidir le cead a dheonú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla bonneagair (mar atá crainn, aeróga, cuaillí agus duchtanna faoi thalamh) faoi choinníollacha sonraithe áirithe. D’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le huasghráduithe teicniúla ar shuiteálacha atá ann cheana, oibreacha cothabhála agus oibreacha sibhialta ar mhionscála, amhail an mhicrithrinseáil. D’fhéadfadh ceadanna a bheith de dhíth i gcónaí le haghaidh oibreacha sibhialta ar mhionscála i dtaca le líonraí fíor-ardacmhainne, nó saoráidí gaolmhara, a imscaradh ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil nó ar chúiseanna slándála poiblí, cosanta, sábháilteachta, an chomhshaoil nó na sláinte poiblí nó chun slándáil bonneagair chriticiúil a chosaint. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, ba cheart do na Ballstáit na catagóirí sin a shainaithint agus na maoluithe a fhoilsiú trí phointe faisnéise aonair. Bheadh faisnéis íosta de dhíth ar na húdaráis inniúla le go bhféadfaidís a mheas an gcumhdaítear, faoi na maoluithe, na hoibreacha atá beartaithe, mar shampla faisnéis maidir le tús agus fad na n-oibreacha. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar an oibreoir i dtrácht fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla go bhfuil sé ar intinn aige na hoibreacha sibhialta a thosú trí bhíthin dearbhú ina bhfuil faisnéis íosta.

(46)

Chun a áirithiú go gcuirfear i gcrích, laistigh de sprioc-amanna réasúnta, na nósanna imeachta maidir leis na ceadanna sin a dheonú, i gcomhréir le cleachtais áirithe nua agus le dea-chleachtais riaracháin ar an leibhéal náisiúnta, is gá prionsabail a tharraingt suas le haghaidh simpliú riaracháin. Ba cheart a áireamh leis sin, inter alia, an oibleagáid maidir le réamhúdarú a theorannú do chásanna ina bhfuil sí fíor-riachtanach agus formheas intuigthe ó na húdaráis inniúla a thabhairt isteach tar éis tréimhse áirithe ama. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann maolú ón bhforáil maidir le formheas intuigthe má chuireann siad leigheas malartach ar fáil i gcás nach gcomhlíonann an t-údarás inniúil an spriocdháta i ndáil le cinneadh a eisiúint maidir leis an iarratas ar chead, spriocdháta a leagtar amach faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart a áireamh ar leigheas malartach den sórt sin sásra lena gceadófaí don oibreoir cúiteamh a éileamh as damáiste a eascraíonn as an moill ar an nós imeachta nó an fhéidearthacht an cás a tharchur chuig cúirt nó údarás maoirseachta, agus cruinniú a bheith aige roimh ré leis an údarás inniúil, má iarrann an t-oibreoir amhlaidh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann nós imeachta simplithe údarúcháin a choinneáil nó a thabhairt isteach le haghaidh nósanna imeachta cumarsáide a d’fhéadfadh a bheith ann faoin dlí náisiúnta, a bheadh infheidhme maidir le himscaradh aon eilimint de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara. I gcás ina maolóidh na Ballstáit ó chur i bhfeidhm na forála maidir le formheas intuigthe, ba cheart dóibh a áirithiú go n-eagrófar cruinniú idir-réitigh i gcás ina n-iarrann an t-oibreoir nó an t-údarás inniúil sin, le cois na leigheasanna malartacha a chuireann siad ar fáil agus gan dochar dóibh. Ba cheart an cruinniú sin a eagrú gan moill mhíchuí d’fhonn glacadh an chinnidh maidir leis an gcead a éascú. Leis an gcruinniú, beidh deis ann go háirithe aon fhaisnéis bhreise agus aon choigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tionscadal a shainaithint, i gcás inarb iomchuí, le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara eile nó údarás ábhartha eile. D’fhéadfadh na Ballstáit aon bheart malartach eile a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na húdaráis inniúla an spriocdháta chun ceadanna a dheonú nó a dhiúltú.

(47)

Chun imscaradh eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a éascú, ba cheart aon táille a bhaineann le cead, seachas cearta slí, a theorannú do na costais riaracháin a bhaineann le próiseáil na an iarratais ar chead de réir na bprionsabal a bhunaítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/1972. I gcás cearta slí, tá feidhm ag Airteagail 42 agus 43 de Threoir (AE) 2018/1972.

(48)

Chun na spriocanna a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach, ní mór gach úsáideoir deiridh ag suíomhanna fosaithe a bheith cumhdaithe le líonra gigighiotáin go dtí an críochphointe líonra faoi 2030, agus ní mór na limistéir uile a bhfuil daonra iontu a bheith cumhdaithe le líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le 5G, ar a laghad, faoi 2030, i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche. Ba cheart soláthar líonraí gigighiotáin go dtí an t-úsáideoir deiridh a éascú, go háirithe trí bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín. Ní bhaineann ach costas incriminteach teoranta le mionduchtanna a sholáthar agus foirgneamh á thógáil, agus d’fhéadfadh sé gur cuid shuntasach den chostas a bhaineann le líonra gigighiotáin a imscaradh é foirgnimh a fheistiú le bonneagar gigighiotáin. Dá bhrí sin, gach foirgneamh nua nó foirgneamh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á dhéanamh air, ba cheart é a fheistiú le bonneagar fisiceach agus sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena bhféadfar úsáideoirí deiridh a nascadh le luasanna gigighiotáin, mura méadaíonn sé go díréireach costais na n-oibreacha athchóirithe agus má tá sé indéanta go teicniúil. Ba cheart foirgnimh nua ilteaghaise agus foirgnimh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu a fheistiú freisin le pointe rochtana, a mbeidh rochtain éasca air ag gnóthas amháin nó níos mó a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe chun na líonraí sin a sholáthar, mura méadaíonn sé go díréireach costais na n-oibreacha athchóirithe agus má tá sé indéanta go teicniúil. Thairis sin, ba cheart d’fhorbróirí foirgnimh foráil a dhéanamh maidir le duchtanna folmha ó gach teaghais go dtí an pointe rochtana, atá suite laistigh nó lasmuigh d’fhoirgneamh ilteaghaise, lena gceadófaí naisc suas le críochphointí an líonra, nó, sna Ballstáit sin ina gcuirtear críochphointe an líonra lasmuigh de shuíomh ar leith an úsáideora deiridh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go dtí an pointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí. Le móroibreacha athchóirithe ar fhoirgnimh atá ann cheana ag suíomh an úsáideora deiridh chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), tá deis ann na foirgnimh sin a fheistiú freisin le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus, i gcás foirgnimh ilteaghaise, pointe rochtana.

(49)

Bheadh pointe rochtana an-úsáideach d’oibreoir chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh, go mór foirgnimh ilteaghaise, toisc gur féidir leis an bpointe fisiceach sin an sreangú lena nasctar suíomhanna úsáideoirí deiridh sonracha a chónascadh. Chun feabhas a chur ar an iomaíocht trína cheadú do níos mó ná gnóthas amháin freastal ar chustaiméirí deiridh, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain éasca, gan iarracht iomarcach, ag níos mó ná oibreoir amháin ar phointí rochtana a fhreastalaíonn ar fhoirgnimh nua ilteaghaise agus ar fhoirgnimh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu.

(50)

Leis na forálacha maidir le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, pointe rochtana agus sreangú snáithín, ní chuirtear bac ar chineál eile teicneolaíochta a bheith laistigh den bhonneagar fisiceach céanna laistigh den fhoirgneamh. Níor cheart tionchar a bheith ag na forálacha sin ar an gceart atá ag úinéirí foirgnimh an foirgneamh a fheistiú le sreangú laistigh den fhoirgneamh mar aon le snáithín, le bonneagar fisiceach breise laistigh den fhoirgneamh atá in ann sreangú a óstáil chomh maith le snáithín nó eilimintí eile de líonraí cumarsáide leictreonaí.

(51)

An fhéidearthacht atá ann foirgneamh a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le pointe rochtana nó le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, féadfar a mheas go bhfuil sí díréireach i dtéarmaí costas, is é sin i gcás aonaid tithíochta aonair nua nó foirgnimh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar fhorais oibiachtúla, ar nós meastacháin chostais shaincheaptha, cúiseanna eacnamaíocha a bhaineann leis an suíomh, nó caomhnú oidhreachta nó cúiseanna comhshaoil (i gcás catagóirí sonracha séadchomharthaí, mar shampla).

(52)

Rachadh sé chun tairbhe ceannaitheoirí agus tionóntaí ionchasacha foirgnimh a shainaithint atá feistithe le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le pointe rochtana agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, agus a bhfuil acmhainneacht shuntasach acu ó thaobh costais a shábháil dá bhrí sin. Ba cheart ullmhacht foirgneamh don snáithín a chur chun cinn freisin. Ba cheart foirgnimh a fheistítear le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le pointe rochtana agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh a bheith incháilithe, dá bhrí sin, ar bhonn deonach agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag na Ballstáit, chun lipéad ‘réidh don snáithín’ a fháil, i gcás inar roghnaigh na Ballstáit an lipéad sin a thabhairt isteach.

(53)

Gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí lena n-imscartar líonraí gigighiotáin i limistéar sonrach, nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar, d’fhéadfaidís barainneachtaí móra scála a bhaint amach dá bhféadfaidís a líonra a fhoirceannadh ag an bpointe rochtana trí úsáid a bhaint as bonneagar fisiceach atá ann cheana agus tríd an limistéar lena mbaineann a athchóiriú. Ba cheart an méid sin a bheith indéanta gan beann ar spéis a bheith léirithe ag síntiúsóir sa tseirbhís an tráth sin agus ar choinníoll go n-íoslaghdaítear an tionchar ar mhaoin phríobháideach, gan cur isteach go míchuí ar an gceart chun maoine. Tar éis an líonra a fhoirceannadh ag an bpointe rochtana, is féidir custaiméir breise a nascadh ar chostas i bhfad níos ísle, go háirithe trí rochtain a fháil ar phíosa ingearach laistigh den fhoirgneamh, píosa atá réidh don snáithín, sa chás ina bhfuil a leithéid sin de phíosa ann cheana. Déantar an cuspóir seo a bhaint amach freisin i gcás ina mbíonn an foirgneamh é féin feistithe cheana le líonra gigighiotáin a soláthraítear rochtain air d’aon soláthraí líonraí cumarsáide poiblí a bhfuil síntiúsóir gníomhach aige san fhoirgneamh, faoi théarmaí agus coinníollacha trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith i gceist go háirithe i gcás na mBallstát a rinne bearta de bhun Airteagal 44 de Threoir (AE) 2018/1972. Na gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe na líonraí sin a sholáthar, ba cheart dóibh, a mhéid is féidir, eilimintí a líonra, cáblaí agus trealamh atá imithe i léig, mar shampla, a bhaint agus an limistéar lena mbaineann a athchóiriú ar fhoirceannadh an chonartha leis an síntiúsóir.

(54)

Chun a áirithiú go mbeidh líonraí gigighiotáin ar fáil d’úsáideoirí deiridh, ba cheart foirgnimh nua agus foirgnimh a ndearnadh athchóiriú ollmhór orthu a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus, i gcás foirgnimh ilteaghaise, le pointe rochtana. Ba cheart leibhéal solúbthachta a bheith ag na Ballstáit chun an méid sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ní fhéachtar leis an Rialachán seo le rialacha maidir le costais ghaolmhara a chomhchuibhiú, lena n-áirítear aisghabháil na gcostas a bhaineann le foirgnimh a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh agus le pointe rochtana.

(55)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus chun imthosca náisiúnta a chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla is gá a ghlacadh chun foirgnimh nuathógtha nó foirgnimh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh; agus chun foirgnimh ilteaghaise nuathógtha, nó foirgnimh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh orthu, a fheistiú le pointe rochtana. Ba cheart an méid seo a leanas a leagan amach, ar a laghad, leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin: sonraíochtaí phointe rochtana an fhoirgnimh; sonraíochtaí an chomhéadain snáithín; sonraíochtaí cábla; sonraíochtaí soicéid; sonraíochtaí seolphíobán nó micreadhuchtanna; sonraíochtaí teicniúla is gá chun trasnaíocht ar cháblú leictreach a chosc, agus an ga íosta lúibe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin á gcomhlíonadh. Chun an comhlíonadh sin a léiriú, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú lena bhféadfaí cigireachtaí ar an láthair ar na foirgnimh nó sampla ionadaíoch díobh a áireamh. Thairis sin, chun méadú ar rómhaorlathas a bhaineann leis na nósanna imeachta sin a bhunaítear faoin Rialachán seo a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais nós imeachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta de bhun Threoir 2010/31/AE a chur san áireamh agus ba cheart dóibh féachaint an bhféadfaí an dá nós imeachta um iarraidh a sheoladh le chéile, i gcás inarb infheidhme.

(56)

I bhfianaise na leasanna sóisialta a eascraíonn as r-chuimsiú agus na cúinsí eacnamaíochta ó thaobh imscaradh líonraí fíor-ardacmhainne á gcur san áireamh, más rud é nach bhfuil bonneagar éighníomhach ná bonneagar gníomhach ann cheana atá réidh don snáithín agus a fhreastalaíonn ar áitribh na n-úsáideoirí deiridh nó nach bhfuil roghanna eile ann chun líonraí fíor-ardacmhainne a sholáthar do shíntiúsóir, ba cheart an ceart a bheith ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a fhoirceannadh ag áitreabh príobháideach ar a chostas féin, ar choinníoll nach gcuireann an tionchar ar mhaoin phríobháideach isteach go míchuí ar an gceart chun maoine, agus go ndéanfar an tionchar sin a íoslaghdú, mar shampla, más féidir, tríd an mbonneagar fisiceach atá san fhoirgneamh cheana a athúsáid nó trína áirithiú go ndéanfar na limistéir lena mbaineann a athchóiriú go hiomlán.

(57)

Ba cheart iarrataí ar rochtain ar an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ach tá iarraidh ar rochtain ar shreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh le teacht faoi raon feidhme Threoir (AE) 2018/1972.

(58)

Chun comhsheasmhacht cur chuige a áirithiú, agus an staid ar leith ar fud na mBallstát á cur san áireamh, ba cheart do BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, laistigh de 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, treoirlínte a fhoilsiú maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha rochtana ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear maidir le téarmaí agus coinníollacha cothroma réasúnacha a chur i bhfeidhm, agus maidir leis na critéir a bhfuil na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí le leanúint agus díospóidí á réiteach. Ba cheart tuairimí na ngeallsealbhóirí agus go háirithe na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur san áireamh go cuí agus na treoirlínte á n-ullmhú chun a áirithiú nach gcuirfeadh na treoirlínte sin isteach ar phrionsabail sheanbhunaithe, go mbeidís i gcomhréir le rialacha nós imeachta na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus nach mbeidís díobhálach do leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne breise. I bhfianaise an leibhéil solúbthachta a thugtar do na Ballstáit agus na forálacha sin á gcur i bhfeidhm, agus chun bheith éifeachtúil, ba cheart leibhéal iomchuí gráinneachta a sholáthar leis na treoirlínte ó BEREC.

(59)

Chun nuachóiriú agus solúbthacht na nósanna imeachta riaracháin a chothú agus chun laghdú a chur ar an gcostas agus ar an am a chaitear ar na nósanna imeachta chun líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, ba cheart seirbhísí na bpointí faisnéise aonair a dhéanamh go hiomlán ar líne. Chuige sin, ba cheart do phointí faisnéise aonair rochtain éasca a thabhairt ar na huirlisí digiteacha is gá, ar nós tairseacha gréasáin, bunachair sonraí, ardáin dhigiteacha agus feidhmchláir dhigiteacha. Leis na huirlisí, ba cheart rochtain a thabhairt ar bhealach éifeachtúil ar an bhfaisnéis íosta maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe agus ba cheart leo an fhéidearthacht faisnéis a iarraidh a áirithiú. Leis na huirlisí digiteacha sin, ba cheart rochtain a thabhairt freisin ar na nósanna imeachta riaracháin leictreonacha um cheadanna agus cearta slí a dheonú agus ar fhaisnéis ghaolmhar maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme. I gcás ina mbunaítear níos mó ná pointe faisnéise aonair amháin i mBallstát, ba cheart rochtain éasca rianúil a bheith ar gach pointe faisnéise aonair, trí mheán leictreonach, trí phointe iontrála digiteach náisiúnta aonair. Ba cheart comhéadan coiteann úsáideora a bheith ag an bpointe iontrála sin lena n-áiritheofaí rochtain ar na pointí faisnéise aonair ar líne. Leis an bpointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, ba cheart idirghníomhaíocht a éascú idir oibreoirí agus údaráis inniúla a dhéanann feidhmeanna na bpointí faisnéise aonair.

(60)

Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit brath ar uirlisí digiteacha, agus i gcás inar gá feabhas a chur ar na huirlisí sin, ar nós tairseacha gréasáin, bunachair sonraí, ardáin dhigiteacha, agus feidhmchláir dhigiteacha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil cheana féin ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, chun feidhmeanna an phointe faisnéise aonair a sholáthar ar choinníoll go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo. Áirítear leis sin rochtain trí phointe iontrála digiteach náisiúnta aonair agus infhaighteacht na bhfeidhmiúlachtaí uile a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun prionsabal na haonuaire maidir le híoslaghdú agus cruinneas sonraí a chomhlíonadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tuilleadh ardáin dhigiteacha, bunachair sonraí nó feidhmchláir lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí. Mar shampla, d’fhéadfaí na hardáin dhigiteacha, na bunachair sonraí nó na feidhmchláir lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair ar an mbonneagar fisiceach atá ann cheana a idirnascadh, nó a chomhtháthú go hiomlán nó go páirteach, leis na hardáin, na bunachair sonraí nó na feidhmchláir a bhaineann le hoibreacha sibhialta atá beartaithe agus ceadanna a dheonú. Chun dúbailt a sheachaint agus chun comhtháthú saoráideach a áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit, agus pointí faisnéise aonair á ndearadh acu, measúnú a dhéanamh ar uirlisí digiteacha atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus forbairt a dhéanamh ar na dea-cleachtais.

(61)

Chun éifeachtacht na bpointí faisnéise aonair dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a áirithiú, chomh maith lena áirithiú go mbeidh faisnéis ábhartha ar fáil go héasca maidir le limistéar geografach sonrach. Ba cheart an fhaisnéis a chuirtear i láthair a bheith mionsonraithe ar an leibhéal cuí chun éifeachtúlacht a uasmhéadú i bhfianaise na gcúraimí a shanntar, lena n-áirítear ag an gcadastar áitiúil. Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar na sineirgí agus na barainneachtaí scála a d’fhéadfaí a dhéanamh leis na pointí teagmhála aonair de réir bhrí Airteagal 6 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus réitigh ríomhrialtais eile atá beartaithe nó atá ann cheana d’fhonn cur leis na struchtúir atá ann cheana agus na tairbhí is fearr is féidir a bhaint amach do na húsáideoirí. Ar an gcuma chéanna, ba cheart nasc a bheith idir an Pointe Rochtana Aonair Digiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus na pointí faisnéise aonair.

(62)

Na costais a bhaineann leis an bpointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, na pointí faisnéise aonair agus na huirlisí digiteacha a bhunú, nithe a bhfuil gá leo chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, d’fhéadfadh na costais sin a bheith incháilithe go hiomlán nó go páirteach le haghaidh tacaíocht airgeadais faoi chistí an Aontais, ar nós an mhéid seo a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa – cuspóir sonrach: an Eoraip a dhéanamh níos iomaíche agus níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste agus TFC réigiúnach a chur chun cinn (15); an clár don Eoraip Dhigiteach (16) – cuspóir sonrach: imscaradh agus úsáid is fearr na n-acmhainneachtaí digiteacha agus na hidir-inoibritheachta agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (17) – colúin maidir leis an gclaochlú digiteach agus maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil ina bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na cuspóirí agus na critéir incháilitheachta a leagtar amach iontu.

(63)

I gcás easaontas faoi na téarmaí agus na coinníollacha teicniúla agus tráchtála le linn na caibidlíochta tráchtála maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach nó maidir le comhordú oibreacha sibhialta, ba cheart do gach páirtí a bheith in ann iarraidh ar chomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí réiteach a fhorchur ar na páirtithe ionas nach ndiúltófar an iarraidh a chomhlíonadh gan údar maith nó ionas nach bhforchuirfear coinníollacha míréasúnta. Agus praghsanna á gcinneadh maidir le rochtain a dheonú ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana maidir le costais a chionroinnt le haghaidh oibreacha sibhialta comhordaithe, ba cheart don chomhlacht um réiteach díospóidí a áirithiú go mbeidh deis chothrom ag an soláthraí rochtana agus ag na hoibreoirí líonra a bhfuil oibreacha sibhialta á mbeartú acu a gcostais a aisghabháil, ar costais iad a thabhaítear chun rochtain ar a mbonneagar fisiceach a sholáthar nó chun na hoibreacha sibhialta atá beartaithe acu a chomhordú. Ba cheart a chur san áireamh leis sin an treoraíocht iomchuí ón gCoimisiún nó treoirlínte ó BEREC, aon choinníoll náisiúnta sonrach, aon struchtúr taraife a cuireadh ar bun agus aon leigheas a d’fhorchuir údarás rialála náisiúnta roimhe sin. Ba cheart don chomhlacht um réiteach díospóidí an tionchar a bheidh ag an rochtain a iarradh nó ag comhordú na n-oibreacha sibhialta atá beartaithe ar phlean gnó an tsoláthraí rochtana nó na n-oibreoirí líonra a bhfuil oibreacha sibhialta á mbeartú acu a chur san áireamh, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí a rinne siad nó atá beartaithe acu, go háirithe infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach dá dtagraíonn an iarraidh.

(64)

Chun moilleanna ar imscaradh líonraí a sheachaint, ba cheart don chomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí díospóidí a réiteach go tráthúil agus, in aon chás, laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ar dhíospóid a réiteach i gcás díospóidí maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana agus laistigh d’aon mhí amháin i gcás ina mbaineann sí le trédhearcacht an bhonneagair fhisicigh, le comhordú na n-oibreacha sibhialta atá beartaithe agus le trédhearcacht na n-oibreacha sibhialta atá beartaithe. D’fhéadfadh sé nach mbeadh neart ag na comhlachtaí um réiteach díospóidí ar imthosca eisceachtúla lena dtugtar údar le moill ar réiteach díospóide, easpa faisnéise nó doiciméadachta atá riachtanach chun cinneadh a dhéanamh, mar shampla, lena n-áirítear tuairimí na n-údarás inniúil eile nach mór dul i gcomhairle leo nó castacht ard an chomhaid.

(65)

I gcás ina dtiocfaidh díospóidí chun cinn maidir le rochtain ar an mbonneagar fisiceach, oibreacha sibhialta atá beartaithe nó faisnéis faoin méid sin chun líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gcomhlacht um réiteach díospóidí na díospóidí sin a réiteach trí bhíthin cinneadh ceangailteach. In aon chás, ba cheart cinntí ón gcomhlacht sin a bheith gan dochar don deis atá ag aon pháirtí an cás a tharchur chuig cúirt nó sásra idir-réitigh roimh ré nó sásra idir-réitigh comhuaineach a ghabhann leis an réiteach foirmiúil díospóidí, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm idirghabhála nó i bhfoirm babhta breise malartuithe. Chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú agus chun forghníomhú agus muinín i sásraí um réiteach díospóidí a fheabhsú, ba cheart do chomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a gcinntí a fhoilsiú agus prionsabail na rúndachta agus na rún gnó á n-urramú acu, agus ba cheart rochtain ar na cinntí sin a áirithiú leis na pointí faisnéise aonair.

(66)

Forálacha Threoir 2014/61/AE a bhaineann le réiteach díospóidí, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le haon imeachtaí um réiteach díospóidí a tionscnaíodh faoin Treoir sin.

(67)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar don deis atá ag na Ballstáit cúraimí rialála a shannadh do na húdaráis is oiriúnaí chun iad a chomhlíonadh i gcomhréir leis an gcóras bunreachtúil náisiúnta dáilte inniúlachtaí agus cumhachtaí agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit comhlacht atá ann cheana a cheapadh nó na comhlachtaí inniúla a ceapadh cheana a choinneáil de bhun Threoir 2014/61/AE. Ba cheart faisnéis faoi na cúraimí a leithdháiltear ar an gcomhlacht inniúil nó ar na comhlachtaí inniúla a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair agus ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, mura bhfuil sé déanta cheana féin de bhun Threoir 2014/61/AE. An rogha atá ag na Ballstáit feidhmeanna an phointe faisnéise aonair a leithdháileadh ar níos mó ná comhlacht inniúil amháin, níor cheart don rogha sin difear a dhéanamh dá gcumas na feidhmeanna sin a chomhlíonadh go héifeachtach.

(68)

Ba cheart don chomhlacht náisiúnta ainmnithe um réiteach díospóidí agus don chomhlacht inniúil a dhéanann feidhmeanna an phointe faisnéise aonair neamhchlaontacht, neamhspleáchas agus deighilt struchtúrach a áirithiú i leith na bpáirtithe lena mbaineann, agus a gcumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil; agus ba cheart na hinniúlachtaí agus na hacmhainní cuí a bheith acu. Gníomhóidh comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí go neamhspleách agus go hoibiachtúil agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon chomhlacht eile agus na díospóidí a chuirtear faoina mbráid á réiteach acu.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis iomchuí, éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás nach gcomhlíontar an Rialachán seo nó cinneadh ceangailteach arna ghlacadh ag na comhlachtaí inniúla, lena n-áirítear cásanna ina ndéanann oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán a sholáthar, go feasach nó de thoradh mórfhaillí, trí phointe faisnéise aonair.

(70)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin imscaradh bonneagair fhisicigh atá oiriúnach do líonraí fíor-ardacmhainne a éascú ar fud an Aontais ar bhealach a chuireann an margadh inmheánach chun cinn, mar gheall ar chineálacha leanúnacha éagsúla cur chuige agus mar gheall ar thrasuíomh mall neamhéifeachtach Threoir 2014/61/AE, agus, de bharr fhairsinge imscaradh na líonraí agus na hinfheistíochta is gá, gur fearr iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(71)

Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht feidhmeanna sár-riachtanacha eile Stáit a choimirciú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, leis an iomláine chríochach agus leis an smacht reachta a chaomhnú.

(72)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm don Rialachán seo, go háirithe, a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun saoil phríobháidigh agus cosaint na rún gnó, an tsaoirse chun gnó a dhéanamh, an ceart chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ní mór an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(73)

Áirítear sa Rialachán seo forálacha lena gcumhdaítear na réimsí substainte uile a chumhdaítear le Treoir 2014/61/AE, agus ba cheart í a aisghairm dá bhrí sin. Mar sin féin, i bhfianaise moill ar chur i bhfeidhm rialacha áirithe maidir le trédhearcacht, nósanna imeachta deonaithe ceadanna, bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, agus pointí faisnéise aonair a dhigitiú, ba cheart roinnt rialacha a leagtar amach i dTreoir 2014/61/AE a bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh feidhm ag rialacha comhfhreagracha an Rialacháin seo. Mar shampla, ba cheart d’oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí leanúint de bheith faoi cheangal, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) agus (3), agus Airteagal 4(4), an chéad abairt, de Threoir 2014/61/AE, faisnéis a chur ar fáil maidir le bonneagar fisiceach atá ann cheana trí phointe faisnéise aonair ionas go bhféadfaí í a rochtain go pras go dtí go mbeidh feidhm ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo.

(74)

Is é is aidhm do thréimhse 18 mí idir dátaí theacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun a áirithiú nach bhfuil aon bhacainn ina reachtaíocht náisiúnta ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach an Rialacháin seo. De mhaolú ar an dáta cur i bhfeidhm sin, chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ag na Ballstáit córais nua a chur i bhfeidhm agus rialacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag roinnt rialacha ag céim níos déanaí maidir le trédhearcacht i ndáil le bonneagar fisiceach atá ann cheana agus le hoibreacha sibhialta atá beartaithe, maidir le pointí faisnéise aonair a dhigitiú agus maidir lena ról i ndáil le nósanna imeachta deonaithe ceadanna a chuíchóiriú, agus maidir le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh. Mar shampla, ba cheart an oibleagáid maidir le foirgnimh nua agus foirgnimh a ndearnadh athchóiriú ollmhór orthu a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh a bheith éigeantach 21 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ba cheart do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí faisnéis a chur ar fáil maidir le bonneagar fisiceach atá ann cheana tríd an bpointe faisnéise aonair i bhfoirm leictreonach tar éis 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; anuas air sin, ba cheart go leanfadh an oibleagáid chéanna d’fheidhm a bheith aici maidir le hoibreoirí líonra mar a cuireadh i bhfeidhm cheana i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE. Thairis sin, cé go bhfuil gá le tréimhse níos faide suas le 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leis na forálacha trédhearcachta a bhaineann leis an bhfaisnéis íosta faoi oibreacha sibhialta atá beartaithe, lena n-áirítear an suíomh geothagartha, chun go mbeidh na Ballstáit in ann a áirithiú go gcuirfear leis na pointí faisnéise aonair ábhartha na huirlisí digiteacha iomchuí ar fáil, leanfar de na pointí faisnéise aonair atá ann cheana a úsáid de bhun Airteagal 6(1), (2) agus (3) de Threoir 2014/61/AE. Is amhlaidh atá maidir leis na heisceachtaí ábhartha a shainítear sna Ballstáit de bhun Airteagal 6(5) de Threoir 2014/61/AE. Forálacha náisiúnta ina bhfuil forluí leis an Rialachán seo nó a thagann salach air, déanfaidh na Ballstáit iad a tharraingt siar faoin tráth a thiocfaidh gach foráil i bhfeidhm. A mhéid a bhaineann le reachtaíocht nua a ghlacadh le linn na tréimhse sin, fágann Airteagal 4(3) CAE go bhfuil dualgas an chomhair dhílis ar na Ballstáit gan beart a dhéanamh a bheadh ar neamhréir le rialacha dlíthiúla ionchasacha an Aontais.

(75)

Le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), tugadh isteach, inter alia, agus trí leasú ar Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), bearta lena rialaítear praghsanna miondíola do chumarsáid laistigh den Aontas. Bhí sé d’aidhm ag na bearta a áirithiú nach ngearrtar praghsanna iomarcacha ar thomhaltóirí as cumarsáid idirphearsanta uimhirbhunaithe a dhéanamh ar cumarsáid í a thosaíonn i mBallstát a soláthraí baile agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca i mBallstát eile. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní dheachaigh na bearta thar a raibh riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Tháinig na bearta i bhfeidhm an 15 Bealtaine 2019 ar feadh tréimhse 5 bliana, go dtí an 14 Bealtaine 2024. Go sonrach, le Rialachán (AE) 2018/1971 tugadh isteach na sainmhínithe ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus ar chumarsáid idirphearsanta uimhirbhunaithe i Rialachán (AE) 2015/2120, leasaíodh Rialachán (AE) 2015/2120 trí mhuirir mhiondíola ar chumarsáid laistigh den Aontas a bhunú, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le dul in éag na muirear miondíola sin an 14 Bealtaine 2024.

(76)

Socraíodh na huasteorainneacha ar phraghsanna miondíola, a tháinig i bhfeidhm i ngach Ballstát an 15 Bealtaine 2019, ar leibhéal lenar ceadaíodh do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí a gcostais féin a fhorchúiteamh agus ar an gcaoi sin idirghabháil chomhréireach ar an margadh cumarsáide soghluaiste agus fosaithe araon a áirithiú. Thairis sin, tugadh agus tugtar go fóill de chumhacht do na húdaráis rialála náisiúnta maolú a dheonú arna iarraidh sin do sholáthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí i gcás ina ndéanfadh na bearta difear dó i bhfad níos mó ná formhór na soláthraithe eile san Aontas.

(77)

An 15 Bealtaine 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1971 i dtaca le cumarsáid laistigh den Aontas, mar aon le tuarascáil Eorabharaiméadair maidir le suirbhé ar theachtaireachtaí idirnáisiúnta laistigh den Aontas (‘Tuarascáil Eorabharaiméadair 2022’). Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar na mbeart ar bhonn an fhaireacháin leanúnaigh ar chur chun feidhme na rialacha, malartuithe leis na geallsealbhóirí, chomh maith le Tuairim ó BEREC i ndáil le rialachán maidir le cumarsáid laistigh den Aontas (‘Tuairim BEREC’) a chur san áireamh. Léirítear sa mheasúnú ón gCoimisiún agus i dtorthaí Thuarascáil Eorabharaiméadair 2022 go bhfuil rialacha an Aontais éifeachtach agus comhréireach. Tá na bearta tar éis praghsanna miondíola na cumarsáide laistigh den Aontas a ísliú go suntasach. Bunaithe ar na sonraí a d’eascair as Tuairim BEREC agus as Tuarascáil Eorabharaiméadair 2022, bhain líon suntasach tomhaltóirí i bhformhór na mBallstát tairbhe as na bearta agus leanann cuid acu de bheith ag brath ar chumarsáid thraidisiúnta, mar atá glaonna teileafóin agus teachtaireachtaí SMS don chumarsáid laistigh den Aontas, agus tomhaltóirí ag déanamh cumarsáid den chuid is mó ar an nguthán, in ainneoin méadú ag teacht ar líon na dtomhaltóirí a bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir dá riachtanais chumarsáide laistigh den Aontas. Is amhlaidh an cás do shaoránaigh atá 55 bliana d’aois nó níos mó.

(78)

Thairis sin, níor tháinig méadú ar mhéid na cumarsáide laistigh den Aontas mar thoradh ar na caidhpeanna ar phraghsanna miondíola, ná ní cosúil go raibh tionchar diúltach suntasach acu ar na soláthraithe. Ó tháinig na bearta i bhfeidhm, níor éiligh aon soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí aon mhaolú. Ina theannta sin, deimhníonn an toradh a tháinig as an réamhchomhairliúchán maidir le todhchaí an mhargaidh cumarsáide leictreonaí agus a bhonneagair, a tugadh chun críche an 19 Bealtaine 2023, go bhfuil gá le síneadh a chur leis na bearta atá ann cheana.

(79)

Ós rud é nach rialaítear na praghsanna mórdhíola ar chumarsáid laistigh den Aontas agus ó tharla easpa forléargais ar na costais idirthurais, ag an gcéim seo, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfadh méadú ar na praghsanna miondíola sin dá mbainfí na bearta láithreach, agus go bhféadfadh custaiméirí a bheith neamhchosanta ar phraghsanna an-ard le haghaidh cumarsáid laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, tugtar isteach, leis an Rialachán seo, foráil lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 5a(1) de.

(80)

Mar sin féin, i bhfianaise an chuspóra deireadh a chur leis na difríochtaí i bpraghsanna miondíola idir na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar chumarsáid laistigh den Aontas agus na taraifí is infheidhme maidir le cumarsáid guthghlao intíre (fosaithe agus soghluaiste) agus teachtaireachtaí SMS, ón 1 Eanáir 2025, ba cheart soláthraithe a chinneann go deonach gan formhuirir a ghearradh ar chumarsáid laistigh den Aontas a dhíolmhú ó na praghsanna uasta miondíola a chur i bhfeidhm, faoi réir beartas maidir le húsáid chóir ionas go mbeidh na sochair a bhaineann le praghsanna comhionanna miondíola ar chumarsáid intíre agus ar chumarsáid laistigh den Aontas ar fáil do thomhaltóirí níos luaithe. Saineofar an beartas maidir le húsáid chóir i ngníomh cur chun feidhme agus faoin 31 Nollaig 2024, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh.

(81)

Mar dhara céim, ón 1 Eanáir 2029, níor cheart do sholáthraithe praghsanna miondíola éagsúla a ghearradh ar chumarsáid intíre agus ar chumarsáid laistigh den Aontas. Tá an oibleagáid atá ar sholáthraithe an beart seo a chomhlíonadh faoi réir roinnt coimircí do na soláthraithe, áfach, a ghlacadh maidir le hinbhuanaitheacht, úsáid chóir agus bearta frithchalaoise. Ba cheart don Choimisiún coimircí den sórt sin a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme faoin 30 Meitheamh 2028.

(82)

Thairis sin, sula gcuirfear deireadh de réir a chéile go hiomlán le formhuirir mhiondíola don chumarsáid laistigh den Aontas ón 1 Eanáir 2029, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cumarsáid laistigh den Aontas faoin 30 Meitheamh 2027.

(83)

Mar chuid den athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ó BEREC, measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart nua ar thomhaltóirí agus ar na soláthraithe, agus dinimic an mhargaidh atá ag teacht chun cinn á meas. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú forbairt na gcostas mórdhíola, treocht phraghsanna miondíola na cumarsáide laistigh den Aontas, forbairt roghanna tomhaltóirí, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar na margaí náisiúnta do sholáthar seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, go háirithe ar na praghsanna miondíola a ghearrtar ar thomhaltóirí, tionchar féideartha na mbeart ar ioncam sholáthraithe, méid úsáide, infhaighteacht agus iomaíochas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir nó aon roghanna malartacha ar chumarsáid laistigh den Aontas agus éabhlóid na bpleananna taraife a mhéid a bhaineann le cumarsáid laistigh den Aontas.

(84)

Beidh an measúnú mar bhonn don Choimisiún chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2028 lena leagtar síos na coimircí do na soláthraithe maidir le hinbhuanaitheacht, úsáid chóir agus bearta frithchalaoise. D’fhéadfadh sé a bheith mar bhonn freisin do thogra reachtach a d’fhéadfadh a bheith ann ón gCoimisiún chun na bearta a leasú de réir mar is gá.

(85)

Chun críche sonraí a bhailiú, faireachán, athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag na rialacha ar chumarsáid laistigh den Aontas, ba cheart don Choimisiún, do BEREC, do na húdaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis inniúla eile lena mbaineann, aon rún gnó agus aon fhaisnéis rúnda eile a roinneann na soláthraithe a choinneáil faoi rún. Mar sin féin, níor cheart go gcuirfeadh cosaint faisnéise rúnda cosc ar na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis den sórt sin a roinnt go tráthúil.

(86)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na bearta is infheidhme maidir le cumarsáid laistigh den Aontas a thugtar isteach leis an Rialachán seo a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart dóibh dul in éag faoin 30 Meitheamh 2032. Le síneadh den chineál sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraí ábhartha a bhailiú agus a scrúdú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart, agus a áirithiú ag an am céanna go gcosnófar tomhaltóirí leochaileacha ar phraghsanna a d’fhéadfadh a bheith iomarcach ar chumarsáid laistigh den Aontas. Rachaidh na bearta in éag i gcomhthráth le dáta éaga an Rialacháin (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(87)

Ionas go bhféadfar na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo leathadh amach líonraí fíor-ardacmhainne a éascú agus a spreagadh trí úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana a chur chun cinn agus trí imscaradh níos éifeachtúla bonneagair fhisicigh nua a chumasú sa chaoi go mbeifear in ann líonraí den sórt sin a leathadh amach ar bhealach níos tapa agus ar chostas níos lú.

2.   Má tá aon fhoráil sa Rialachán seo ag teacht salach ar fhoráil i dTreoir 2002/77/CE, (AE) 2018/1972 nó (AE) 2022/2555, beidh forlámhas ag an bhforáil ábhartha sna Treoracha sin.

3.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais íosta chun na haidhmeanna a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit bearta atá níos doichte nó níos mionsonraithe ná na ceanglais íosta sin a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás ina gcuirtear chun cinn leis na bearta úsáid chomhpháirteach an bhonneagair fhisicigh atá ann cheana nó i gcás ina gcumasaítear leo bonneagar fisiceach nua a imscaradh ar bhealach níos éifeachtúla.

4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, ní choinneoidh na Ballstáit ar bun ná ní thabharfaidh siad isteach na bearta dá dtagraítear sa mhír sin i leith Airteagal 3(5), an chéad fhomhír, pointí (a) go (e), Airteagal 3(7) agus (10), Airteagal 4(7), Airteagal 5(2), an dara fomhír, Airteagail 5(5) agus 6(2) agus Airteagal 10(7) agus (8).

5.   Ní dochar an Rialachán seo do fhreagracht na mBallstát an tslándáil náisiúnta a choimirciú ná dá gcumhacht feidhmeanna sár-riachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972, go háirithe na sainmhínithe ar ‘líonra cumarsáide leictreonaí’, ‘líonra fíor-ardacmhainne’, ‘líonra cumarsáide leictreonaí poiblí’, ‘críochphointe an líonra’, ‘saoráidí gaolmhara’, ‘úsáideoir deiridh’, ‘slándáil líonraí agus seirbhísí’, ‘rochtain’, agus ‘oibreoir’.

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘oibreoir líonra’:

(a)

oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

gnóthas a sholáthraíonn bonneagar fisiceach atá beartaithe chun an méid seo a leanas a sholáthar:

(i)

seirbhís chun an méid seo a leanas a tháirgeadh, a iompar nó a dháileadh:

gás;

leictreachas, lena n-áirítear soilsiú poiblí;

téamh;

uisce, lena n-áirítear diúscairt nó cóireáil fuíolluisce agus camrais, agus córais draenála;

(ii)

seirbhísí iompair, lena n-áirítear iarnróid, bóithre lena n-áirítear bóithre uirbeacha, tolláin, calafoirt agus aerfoirt;

(2)

ciallaíonn ‘comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí’ comhlacht ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas ar fad:

(a)

bunaítear é leis an gcuspóir sonrach riachtanais ar mhaithe leis an leas ginearálta a chomhlíonadh, agus níl carachtar tionsclaíoch ná tráchtála aige;

(b)

tá pearsantacht dhlítheanach aige;

(c)

tá sé á mhaoiniú, go hiomlán nó den chuid is mó, ag údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó ag comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí nó tá sé faoi réir mhaoirseacht bainistíochta na n-údarás nó na gcomhlachtaí sin; nó tá bord riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta aige, a gceapann údaráis stáit, réigiúnacha nó áitiúla nó comhlachtaí eile faoi rialú an dlí phoiblí níos mó ná leath dá chomhaltaí;

(3)

ciallaíonn ‘comhlacht de chuid na hearnála poiblí’ údarás stáit, réigiúnach nó áitiúil, comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas arna fhoirmiú ag údarás amháin nó níos mó den sórt sin nó ag comhlacht amháin nó níos mó den sórt sin faoi rialú an dlí phoiblí;

(4)

ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach’:

(a)

aon eilimint de líonra atá beartaithe chun eilimintí eile de líonra a óstáil gan bheith ina heilimint ghníomhach den líonra í féin, amhail píobáin, crainn, duchtanna, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, caibinéid, suiteálacha aeróige, túir agus cuaillí, chomh maith le foirgnimh, lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo agus traenach;

(b)

i gcás nach cuid de líonra iad agus ina bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí: foirgnimh lena n-áirítear a ndíonta agus codanna dá n-aghaidheanna nó bealaí isteach ar fhoirgnimh, agus aon sócmhainn eile, lena n-áirítear troscán sráide, amhail cuaillí solais, comharthaí sráide, soilse tráchta, cláir fógraí agus frámaí dola, chomh maith le stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin mheitreo agus traenach.

Cáblaí, lena n-áirítear snáithín optúil dorcha, chomh maith le heilimintí de líonraí a úsáidtear chun uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), ní bonneagar fisiceach iad de réir bhrí an Rialacháin seo;

(5)

ciallaíonn ‘oibreacha sibhialta’ gach toradh oibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta, ar an iomlán, ar leor é ann féin chun feidhm eacnamaíoch nó theicniúil a chomhlíonadh agus a bhfuil eilimint amháin nó níos mó de bhonneagar fisiceach i gceist leis;

(6)

ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh’ bonneagar fisiceach nó suiteálacha ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá beartaithe chun líonraí rochtana le sreang agus/nó gan sreang a óstáil, i gcás ina bhfuil líonraí rochtana den sórt sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;

(7)

ciallaíonn ‘sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh’ cáblaí snáthoptaice ag suíomh an úsáideora deiridh, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, atá beartaithe chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus pointe rochtana an fhoirgnimh a nascadh le críochphointe an líonra;

(8)

ciallaíonn ‘bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín’ bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá beartaithe chun eilimintí snáthoptaice a óstáil;

(9)

ciallaíonn ‘móroibreacha athchóirithe’ oibreacha sibhialta ag suíomh an úsáideora deiridh a chuimsíonn modhnuithe struchtúracha ar an mbonneagar fisiceach iomlán laistigh den fhoirgneamh nó ar chuid shuntasach den bhonneagar sin agus a bhfuil cead tógála de dhíth ina leith i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(10)

ciallaíonn ‘cead’ cinneadh sainráite nó intuigthe nó sraith cinntí a ghlactar go comhuaineach nó i ndiaidh a chéile ag údarás inniúil amháin nó níos mó agus a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun go ndéanfaidh gnóthas na hoibreacha tógála nó innealtóireachta sibhialta is gá chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh;

(11)

ciallaíonn ‘pointe rochtana’ pointe fisiceach, suite laistigh nó lasmuigh den fhoirgneamh, ar a bhfuil rochtain ag gnóthais a bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar acu nó atá údaraithe iad a sholáthar, mar a gcuirtear ar fáil nasc chuig an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín;

(12)

ciallaíonn ‘cearta slí’ na cearta dá dtagraítear in Airteagal 43(1) de Threoir (AE) 2018/1972 agus a dheonaítear d’oibreoir chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, os a cionn nó fúithi, chun líonraí fíor-ardacmhainne agus saoráidí gaolmhara a imscaradh.

Airteagal 3

Rochtain ar bhonneagar fisiceach atá ann cheana

1.   Comhlíonfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, arna iarraidh sin i scríbhinn ag oibreoir, gach iarraidh réasúnta ar rochtain ar an mbonneagar fisiceach sin faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Comhlíonfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu iarrataí réasúnta uile den sórt sin faoi théarmaí agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha freisin. Sna hiarrataí i scríbhinn sin, sonrófar eilimintí an bhonneagair fhisicigh a n-iarrtar rochtain orthu, lena n-áirítear amchlár sonrach. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na n-iarrataí.

2.   Arna iarraidh sin d’oibreoir, déanfaidh daoine dlítheanacha atá gníomhach go príomha mar thionóntaí talún, nó mar shealbhóirí ceart thar thalamh, seachas cearta maoine, ar a bhfuil sé beartaithe saoráidí a shuiteáil nó ar ar suiteáladh iad d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, nó a bhainistíonn conarthaí léasa thar ceann úinéirí talún, agus oibreoirí caibidlíocht maidir le rochtain ar thalamh den sórt sin de mheon macánta, lena n-áirítear maidir leis an bpraghas, lena léireofar, i gcás inarb iomchuí, dálaí an mhargaidh, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gconarthaí.

Cuirfidh oibreoirí agus daoine dlítheanacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas faoi thabhairt i gcrích comhaontuithe ar thángthas orthu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, lena n-áirítear an praghas a comhaontaíodh.

Féadfaidh na Ballstáit treoraíocht a sholáthar maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha, lena n-áirítear an praghas, chun tabhairt i gcrích comhaontuithe den sórt sin a éascú.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil úinéirí foirgneamh tráchtála príobháideach nach bhfuil faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreora líonra le hiarrataí réasúnta ar rochtain ar na foirgnimh sin, lena n-áirítear a ndíonta, a chomhlíonadh, arna iarraidh sin i scríbhinn d’oibreoir, d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a shuiteáil faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, agus ar phraghas lena léirítear dálaí an mhargaidh. Sula ndéanfaidh an t-iarrthóir ar rochtain iarraidh den sórt sin, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an foirgneamh suite i gceantar tuaithe nó iargúlta mar atá sainithe ag na Ballstáit;

(b)

níl aon líonra fíor-ardacmhainne atá den chineál céanna – fosaithe nó móibíleach – leis an gceann atá beartaithe ag an iarrthóir ar rochtain a imscaradh ar fáil sa limistéar dá bhfuil an iarraidh á déanamh, agus níl aon phlean ann líonra den sórt sin a imscaradh de réir na faisnéise arna bailiú tríd an bpointe faisnéise aonair atá ar fáil ar dháta na hiarrata,

(c)

níl aon bhonneagar fisiceach sa limistéar dá ndearnadh an iarraidh ar rochtain atá faoi úinéireacht nó faoi rialú oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus atá oiriúnach go teicniúil chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a óstáil.

Féadfaidh na Ballstáit liosta a chinneadh de chatagóirí foirgneamh tráchtála a fhéadfar a dhíolmhú ón oibleagáid iarraidh den sórt sin ar rochtain a chomhlíonadh, ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, cosaint, sábháilteacht agus sláinte. An liosta sin agus na critéir atá le cur i bhfeidhm chun na catagóirí sin a shainaithint, déanfar iad a fhoilsiú trí phointe faisnéise aonair.

4.   Agus téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, á gcinneadh chun rochtain a dheonú, agus chun praghsanna iomarcacha a sheachaint, cuirfidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, i gcás inarb ábhartha, an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)

conarthaí atá ann cheana agus téarmaí agus coinníollacha arna gcomhaontú idir oibreoirí a bhfuil rochtain á lorg acu agus oibreoirí líonra nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a dheonaíonn rochtain ar bhonneagar fisiceach;

(b)

an gá lena áirithiú go bhfuil deis chothrom ag an soláthraí rochtana na costais a aisghabháil, ar costais iad a thabhaíonn sé chun rochtain ar a bhonneagar fisiceach a sholáthar, agus na coinníollacha náisiúnta sonracha, samhlacha gnó, agus aon struchtúir tharaife a cuireadh ar bun chun deis chothrom maidir le haisghabháil costas a sholáthar á gcur san áireamh; i gcás líonraí cumarsáide leictreonaí, tá aon leigheas arna fhorchur ag údarás rialála náisiúnta le cur san áireamh freisin;

(c)

aon chostais bhreise chothabhála agus oiriúnaithe a eascraíonn as rochtain a sholáthar ar an mbonneagar fisiceach ábhartha;

(d)

tionchar na rochtana a iarradh ar phlean gnó an tsoláthraí rochtana, lena n-áirítear infheistíochtaí sa bhonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air;

(e)

i gcás sonrach rochtain na n-oibreoirí ar bhonneagar fisiceach, aon treoraíocht ábhartha de bhun mhír 13, agus go háirithe an méid seo a leanas:

(i)

inmharthanacht eacnamaíoch na n-infheistíochtaí sin bunaithe ar a bpróifíl riosca;

(ii)

an gá le toradh cóir ar infheistíocht agus le haon sceideal ama le haghaidh toradh den sórt sin ar infheistíocht;

(iii)

aon tionchar a imríonn an rochtain ar iomaíocht iartheachtach agus dá réir sin ar phraghsanna agus ar an toradh ar infheistíocht;

(iv)

aon dímheas ar shócmhainní an líonra tráth na hiarrata ar rochtain;

(v)

aon chás gnó a bhí mar bhonn taca leis an infheistíocht tráth a rinneadh í, go háirithe infheistíocht sa bhonneagar fisiceach a úsáidtear chun nascacht a sholáthar; agus

(vi)

aon fhéidearthacht a tairgeadh roimhe sin don iarrthóir ar rochtain comhinfheistíocht a dhéanamh in imscaradh an bhonneagair fhisicigh, go háirithe de bhun Airteagal 76 de Threoir (AE) 2018/1972, nó comhimscaradh a dhéanamh in éineacht leis;

(f)

agus breithniú á dhéanamh ar an ngá atá ag na hoibreoirí le toradh cóir ar infheistíocht, ar toradh é lena léirítear dálaí ábhartha an mhargaidh, a samhlacha gnó éagsúla, go háirithe i gcás gnóthais a sholáthraíonn saoráidí gaolmhara go príomha agus a thairgeann rochtain fhisiceach do níos mó ná gnóthas amháin a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthar.

5.   Oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, féadfaidh siad rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú ar bhonn ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

níl an bonneagar fisiceach ar iarradh rochtain air oiriúnach go teicniúil chun aon cheann de na heilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne dá dtagraítear i mír 1 a óstáil;

(b)

tá easpa spáis ann chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara dá dtagraítear i mír 1 a óstáil, lena n-áirítear tar éis an gá, a léirítear go leordhóthanach, a bheidh ag an soláthraí rochtana amach anseo le spás a chur san áireamh, amhail trí thagairt a dhéanamh do phleananna infheistíochta atá ar fáil go poiblí nó do chéatadán a chuirtear i bhfeidhm go comhleanúnach le haghaidh na hacmhainneachta a choimeádtar chun freastal ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, i gcomparáid le hacmhainneacht iomlán an bhonneagair fhisicigh;

(c)

tá cúiseanna ann a bhfuil údar cuí leo maidir le sábháilteacht, an tslándáil náisiúnta agus an tsláinte phoiblí;

(d)

tá cúiseanna ann a bhfuil údar cuí leo maidir le sláine agus slándáil aon líonra, go háirithe bonneagar náisiúnta criticiúil;

(e)

tá riosca ann a bhfuil údar cuí leis go gcuirfí isteach go tromchúiseach ar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá beartaithe dá ndéanfaí seirbhísí eile a sholáthar ar an mbonneagar fisiceach céanna;

(f)

modhanna malartacha inmharthana a bheith ar fáil chun rochtain fhisiceach mhórdhíola éighníomhach a fháil ar líonraí cumarsáide leictreonaí, atá oiriúnach chun líonraí fíor-ardacmhainne a sholáthar, agus a thairgtear faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, a sholáthraíonn an oibreoir líonra céanna nó, i gcás sonrach ceantair thuaithe nó iargúlta ina n-oibrítear líonra ar bhonn mórdhíola amháin agus faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, a sholáthraíonn oibreoir líonra den sórt sin.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh na hoibreoirí líonra agus na comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu rochtain ar bhonneagar fisiceach sonrach a dhiúltú i gcás ina bhfuil modhanna malartacha inmharthana ann chun rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach mórdhíola a fháil ar líonraí fíor-ardacmhainne a sholáthraíonn an oibreoir líonra céanna nó an comhlacht poiblí céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tairgtear na modhanna malartacha rochtana mórdhíola sin faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de;

(b)

tugtar aghaidh le tionscadal imscartha an oibreora iarrthaigh ar an limistéar cumhdaigh céanna agus níl aon líonra snáithín eile ann lena nasctar áitribh úsáideoirí deiridh ag freastal ar an limistéar cumhdaigh sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis na Ballstáit sin ina gcuirtear féidearthacht den sórt sin maidir le diúltú nó féidearthacht choibhéiseach maidir le diúltú i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2024, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gcomhlíontar dlí an Aontais.

7.   I gcás ina ndiúltaítear rochtain a sholáthar, dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, cuirfidh an t-oibreoir líonra nó comhlacht na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige in iúl don iarrthóir rochtana, i scríbhinn, na cúiseanna sonracha mionsonraithe le diúltú den sórt sin, tráth nach déanaí ná mí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh chomhlánaithe ar rochtain, ach amháin i gcás bonneagar náisiúnta criticiúil mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, ar bonneagar é nach gceanglófar cúiseanna sonracha mionsonraithe a thabhairt ina leith agus an diúltú á chur in iúl don iarrthóir rochtana.

8.   Féadfaidh na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun iarrataí ar rochtain ar bhonneagar fisiceach atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a chomhordú, chun comhairle dhlíthiúil agus theicniúil a sholáthar trí théarmaí agus coinníollacha rochtana a chaibidliú, agus chun soláthar faisnéise trí phointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 a éascú.

9.   Bonneagar fisiceach atá faoi réir cheana ag oibleagáidí rochtana arna bhforchur ag údaráis rialála náisiúnta de bhun Threoir (AE) 2018/1972 nó a eascraíonn as cur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, ní bheidh sé faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1, 4 agus 5 a fhad a bheidh oibleagáidí rochtana den sórt sin i bhfeidhm.

10.   Ní fhéadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach nó catagóirí áirithe bonneagair fhisicigh faoi úinéireacht nó faoi rialú acu míreanna 1, 4 agus 5 a chur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar fisiceach sin nó na catagóirí bonneagair fhisicigh sin ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil nó ar chúiseanna a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, sábháilteacht agus sláinte. Sainaithneoidh na Ballstáit nó, de réir mar is iomchuí, údaráis réigiúnacha agus áitiúla bonneagar fisiceach den sórt sin nó catagóirí bonneagair fhisicigh den sórt sin ina gcríocha bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach. Liosta na gcatagóirí bonneagair fhisicigh agus na critéir a chuirtear i bhfeidhm chun iad a shainaithint, déanfar iad a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair.

11.   Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain ar a mbonneagar fisiceach a thairiscint chun líonraí, seachas líonraí cumarsáide leictreonaí nó saoráidí gaolmhara, a imscaradh.

12.   D’ainneoin mhír 3, ní dochar an tAirteagal seo do cheart úinéir an bhonneagair fhisicigh chun maoine i gcás nach é an t-oibreoir líonra nó comhlacht na hearnála poiblí an t-úinéir, agus ní dochar é do cheart aon tríú páirtí eile chun maoine, amhail úinéirí talún agus úinéirí maoine príobháidí, nó, i gcás inarb infheidhme, do chearta tionóntaí.

13.   Tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus an staid ar leith ar fud na mBallstát a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BEREC, treoraíocht a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 4

Trédhearcacht maidir leis an mbonneagar fisiceach

1.   Chun a bheith in ann rochtain a iarraidh ar bhonneagar fisiceach i gcomhréir le hAirteagal 3, beidh sé de cheart ag oibreoir rochtain a fháil, arna iarraidh sin, ar an bhfaisnéis íosta seo a leanas maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana, i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:

(a)

suíomh agus bealach geothagartha;

(b)

cineál an bhonneagair agus an úsáid a bhaintear as faoi láthair;

(c)

pointe teagmhála.

Beidh faisnéis íosta den sórt sin inrochtana, faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha agus, in aon chás tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an dáta ar tíolacadh an iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 5 lá oibre a chur, uair amháin, leis an spriocdháta sin. Is trí phointe faisnéise aonair a chuirfear aon síneadh ar an spriocdháta in iúl d’oibreoirí a iarrann rochtain.

Aon oibreoir a iarrann rochtain ar fhaisnéis de bhun an Airteagail seo, sonróidh sé an limistéar geografach ina bhfuil sé beartaithe aige eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.

Féadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú nó a dhiúltú ar choinníoll go bhfuil gá leis sin chun slándáil foirgneamh áirithe atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, slándáil agus sláine na líonraí, slándáil náisiúnta, slándáil an bhonneagair náisiúnta chriticiúil, sláinte phoiblí nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó.

2.   De bhreis ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a éileamh maidir le bonneagar fisiceach atá ann cheana amhail faisnéis faoi leibhéal áitíochta an bhonneagair fhisicigh.

3.   Déanfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí an fhaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil trí phointe faisnéise aonair agus i bhformáid leictreonach, agus cuirfidh siad aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin ar fáil go pras. I gcás nach gcomhlíonann oibreoirí líonraí nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí an mhír seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 atá in easnamh a chur ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair, laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh den sórt sin, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit pionóis a fhorchur ar oibreoirí líonraí agus ar chomhlachtaí earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu toisc nach bhfuil an oibleagáid sin á comhlíonadh acu.

4.   Ar feadh idirthréimhse a bheidh chomh gairid agus is féidir agus nach faide ná 12 mhí, féadfaidh na Ballstáit bardais ina bhfuil níos lú ná 3 500 áitritheoir a dhíolmhú ón oibleagáid dá dtagraítear i mír 3. Leagfaidh na Ballstáit amach treochlár ina dtugtar na spriocdhátaí maidir leis an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil trí phointe rochtana aonair i bhformáid leictreonach. Foilseofar na heisceachtaí agus na treochláir sin trí phointe faisnéise aonair. Le linn na hidirthréimhse sin, áiritheoidh na bardais sin go mbeidh rochtain ag oibreoirí ar an bhfaisnéis atá ar fáil.

5.   Comhlíonfaidh oibreoirí líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí iarrataí réasúnta ar shuirbhéanna ar an láthair ar eilimintí sonracha dá mbonneagar fisiceach arna iarraidh sin go sonrach, i scríbhinn, d’oibreoir. Sonrófar in iarrataí den sórt sin na heilimintí den bhonneagar fisiceach lena mbaineann d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Maidir le suirbhéanna ar an láthair ar na heilimintí sonracha den bhonneagar fisiceach, deonófar suirbhéanna den sórt sin faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh, faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 1, an ceathrú fomhír. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na n-iarrataí.

6.   Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, an bonneagar náisiúnta criticiúil mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, nó codanna de, nach mbeidh faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i míreanna 1, 3 agus 5, a shainaithint.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, 3 ná 5 sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl an bonneagar fisiceach oiriúnach go teicniúil chun líonraí fíor-ardacmhainne ná saoráidí gaolmhara a imscaradh;

(b)

bheadh an oibleagáid maidir le faisnéis a sholáthar faoi chineálacha áirithe bonneagair fhisicigh atá ann cheana de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, díréireach, ar bhonn measúnú costais agus tairbhe arna dhéanamh ag na Ballstáit agus comhairliúchán le geallsealbhóirí; nó

(c)

níl an bonneagar fisiceach faoi réir oibleagáidí rochtana i gcomhréir le hAirteagal 3(10).

Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le haon eisceachtaí den sórt sin a chur i bhfeidhm agus tabharfar fógra ina leith don Choimisiún.

8.   Déanfaidh oibreoirí a fhaigheann rochtain ar fhaisnéis de bhun an Airteagail seo bearta iomchuí chun a áirithiú go n-urramófar rúndacht chomh maith le rúin oibriúcháin agus ghnó. Chuige sin, coinneoidh siad an fhaisnéis faoi rún agus úsáidfidh siad í chun a líonraí a imscaradh agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 5

Oibreacha sibhialta a chomhordú

1.   Beidh sé de cheart ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus ag oibreoirí líonra comhaontuithe maidir le comhordú oibreacha sibhialta, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le cionroinnt costas, a chaibidliú le hoibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh.

2.   Agus oibreacha sibhialta á ndéanamh, nó á mbeartú lena ndéanamh, acu, go díreach nó go hindíreach, ar oibreacha sibhialta iad a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt le cistí poiblí, comhlíonfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonra aon iarraidh réasúnta i scríbhinn chun na hoibreacha sibhialta sin a chomhordú faoi théarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, iarraidh arna déanamh ag oibreoirí d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata.

Comhlíonfar iarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

maidir leis an oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a raibh sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta atá i gceist a dhéanamh ar dtús, ní bheidh aon chostais bhreise nach féidir a aisghabháil i gceist le comhordú na n-oibreacha sibhialta, lena n-áirítear na costais sin arb iad moilleanna breise ba chúis leo, gan dochar don fhéidearthacht go dtiocfadh na páirtithe lena mbaineann ar chomhaontú maidir leis na costais a chionroinnt;

(b)

an t-oibreoir líonra nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, a bhfuil sé beartaithe aige na hoibreacha sibhialta a dhéanamh ar dtús, beidh sé fós i gceannas ar chomhordú na n-oibreacha;

(c)

tíolactar an iarraidh a luaithe is féidir agus, i gcás ina bhfuil gá le cead le haghaidh na n-oibreacha sibhialta, mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil a dheonaíonn ceadanna.

3.   Maidir le hiarrataí ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas atá faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe chun iad a sholáthar, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go measfar na hiarrataí sin a bheith míréasúnta i gcás ina rannchuidíonn na hoibreacha sibhialta leis na líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh, ar choinníoll go bhfuil na líonraí fíor-ardacmhainne sin lonnaithe i gceantair thuaithe nó iargúlta agus go bhfuil siad faoi úinéireacht nó faoi rialú comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus go n-oibrítear iad ar bhonn mórdhíola amháin.

4.   Maidir le hiarraidh ar oibreacha sibhialta a chomhordú a dhéanann gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, a chur faoi bhráid gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, féadfar a mheas go bhfuil an iarraidh sin míréasúnta i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

baineann an iarraidh le limistéar a ndearnadh ceann ar bith díobh seo a leanas ina leith:

(i)

réamhaisnéis maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2018/1972;

(ii)

tugadh cuireadh rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh de bhun Airteagal 22(3) de Threoir (AE) 2018/1972;

(iii)

comhairliúchán poiblí i dtaca le rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair a chur i bhfeidhm;

(b)

mhainnigh an gnóthas iarrthach a chur in iúl go raibh rún aige líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh sa limistéar dá dtagraítear i bpointe (a) in aon cheann de na nósanna imeachta is déanaí de na nósanna imeachta a liostaítear sa phointe sin lena gcumhdaítear an tréimhse ina ndearnadh an iarraidh ar chomhordú.

Má mheastar go bhfuil iarraidh ar chomhordú míréasúnta ar bhonn na chéad fhomhíre, an gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, nó atá údaraithe iad a sholáthar, agus a dhiúltaigh oibreacha sibhialta a chomhordú, déanfaidh sé bonneagar fisiceach ag a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach a imscaradh chun freastal ar riachtanais réasúnta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le rochtain tríú páirtí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó a bheith bainteach le bonneagar náisiúnta criticiúil a shainaithint, ar oibreacha iad a d’fhéadfaí a dhíolmhú ón oibleagáid oibreacha sibhialta a chomhordú de bhun mhír 2. Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le heisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí mír 2 ná 4 i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Féadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí a chinneadh gan mír 2 ná 4 a chur i bhfeidhm maidir leis na cineálacha oibreacha a shainaithin na Ballstáit mar oibreacha atá teoranta ó thaobh raon feidhme de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

6.   Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha, de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus na cásanna sonracha i ngach Ballstát a chur san áireamh, soláthróidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na costais a bhaineann le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear i mír 1 a chionroinnt;

(b)

na critéir ba cheart do na comhlachtaí um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo á réiteach acu; agus

(c)

na critéir chun acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun freastal ar riachtanais réasúnacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo má dhiúltaítear comhordú a dhéanamh ar oibreacha sibhialta de bhun mhír 4.

Airteagal 6

Trédhearcacht maidir le hoibreacha sibhialta atá beartaithe

1.   Ionas go mbeifear in ann na comhaontaithe maidir le comhordú na n-oibreacha sibhialta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chaibidliú, cuirfidh aon oibreoir líonra agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu an fhaisnéis íosta seo a leanas ar fáil i bhformáid leictreonach trí phointe faisnéise aonair:

(a)

suíomh geothagartha agus cineál na n-oibreacha;

(b)

eilimintí an bhonneagair fhisicigh lena mbaineann;

(c)

an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha agus a bhfad;

(d)

an dáta a mheastar a chuirfear an tionscadal deiridh faoi bhráid na n-údarás inniúil chun ceadanna a dheonú, i gcás inarb infheidhme;

(e)

pointe teagmhála.

Áiritheoidh an t-oibreoir líonra agus an comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír le haghaidh oibreacha sibhialta atá beartaithe a bhaineann lena mbonneagar fisiceach, go mbeidh an fhaisnéis sin ceart agus cothrom le dáta agus go gcuirfear ar fáil í go pras, trí phointe faisnéise aonair, a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil don oibreoir líonra le haghaidh a chuid oibreacha sibhialta a bheartaítear sna 6 mhí ina dhiaidh sin agus, in aon chás agus i gcás ina bhfuil cead beartaithe, tráth nach déanaí ná 2 mhí sula gcuirfear an t-iarratas ar chead faoi bhráid na n-údarás inniúil den chéad uair.

Beidh sé de cheart ag oibreoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid leictreonach, ar iarraidh réasúnaithe a fháil, trí phointe faisnéise aonair, lena sonraítear an limistéar ina bhfuil sé beartaithe ag an oibreoir iarrthach eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh. Laistigh de 10 lá oibre ón dáta a fhaightear an iarraidh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, cuirfear an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi théarmaí comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar síneadh 5 lá oibre a chur, uair amháin, leis an spriocdháta sin. Ní fhéadfar rochtain ar an bhfaisnéis íosta a theorannú nó a dhiúltú ach amháin i gcás inar gá chun slándáil na líonraí agus a sláine, slándáil náisiúnta, slándáil bonneagair chriticiúil, sláinte phoiblí nó sábháilteacht phoiblí a áirithiú, nó ar chúiseanna rúndachta nó rún oibriúcháin agus gnó.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, bunaithe ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, na cineálacha oibreacha sibhialta a mheastar a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide nó faid, nó a bheith bainteach le bonneagar náisiúnta criticiúil a shainaithint, chomh maith leis na héigeandálaí nó na cúiseanna slándála náisiúnta a thabharfadh údar maith gan bheith faoi réir na hoibleagáide an fhaisnéis íosta a chur ar fáil de bhun mhír 1. Is trí phointe faisnéise aonair a fhoilseofar an t-údar, na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le heisceachtaí a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gcuirfidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí mír 1 i bhfeidhm maidir le cineálacha oibreacha sibhialta a bhaineann le bonneagar náisiúnta criticiúil nó ar chúiseanna slándála náisiúnta arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Féadfaidh comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú acu agus oibreoirí líonraí a chinneadh gan mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis faoi chineálacha oibreacha sibhialta atá teoranta ó thaobh raon feidhme de agus ar na cúiseanna éigeandála arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

Airteagal 7

Nósanna imeachta chun ceadanna agus cearta slí a dheonú

1.   Ní chuirfidh na húdaráis inniúla srian ná bac míchuí ar imscaradh aon eilimint de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara. Aon rialacha lena rialaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le deonú na gceadanna agus na gceart slí a theastaíonn chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach ar fud na críche náisiúnta.

2.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis uile ar fáil, trí phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le ceadanna agus cearta slí a dheonú, a dheonaítear trí nósanna imeachta riaracháin, lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir le díolúintí ó chuid de na ceadanna nó na cearta slí nó ó na ceadanna nó na cearta slí uile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus bealaí chun iarratais a thíolacadh i bhformáid leictreonach agus faisnéis faoi stádas an iarratais a aisghabháil.

3.   Beidh sé de cheart ag aon oibreoir iarratais ar na ceadanna ar fad is gá, nó athnuachan orthu, nó ar chearta slí a thíolacadh, trí phointe faisnéise aonair i bhformáid leictreonach, agus faisnéis a aisghabháil maidir le stádas a iarratais. Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta mionsonraithe a shonrú maidir leis an bhfaisnéis sin a aisghabháil.

4.   Iarratais ar cheadanna, lena n-áirítear iarratais ar chearta slí, nár chuir an t-oibreoir céanna a rinne an t-iarratas ar chead an fhaisnéis íosta ar fáil ina leith trí phointe faisnéise aonair de bhun Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, féadfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de 15 lá oibre tar éis é a fháil, iarratais den sórt sin a dhiúltú.

5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla ceadanna, cé is moite de chearta slí, a dheonú nó a dhiúltú laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead.

Cinnfidh na húdaráis inniúla comhláine an iarratais ar cheadanna nó ar chearta slí laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fhaightear an t-iarratas. Iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an iarratasóir aon fhaisnéis atá in easnamh a sholáthar laistigh den tréimhse sin. Ní bheidh fionraí ná briseadh ar an tréimhse fhoriomlán 4 mhí chun an iarraidh ar chead a scrúdú, ag tosú ón dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe, mar thoradh ar chinneadh an údaráis inniúil go bhfuil an t-iarratas ar chead comhlánaithe.

Ní dochar an chéad fhomhír ná an dara fomhír do sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta a sheoladh go cuí, ar sprioc-amanna nó oibleagáidí iad is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus ní dochar iad do rialacha lena ndeonaítear don iarrthóir cearta breise nó a bhfuil sé mar aidhm leo an deonú ceadanna is tapúla is féidir a áirithiú.

Leagfaidh na Ballstáit amach agus foilseoidh siad, roimh ré, trí phointe faisnéise aonair, na forais ar ar féidir leis an údarás inniúil, i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ag gníomhú as a stuaim féin dó, síneadh a chur leis na sprioc-amanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus i mír 6.

Beidh aon síneadh chomh gearr agus is féidir agus ní rachaidh sé thar 4 mhí, ach amháin i gcás inar gá sin chun sprioc-amanna nó oibleagáidí sonracha eile a leagtar síos chun an nós imeachta is infheidhme maidir leis an nós imeachta deonaithe ceadanna a sheoladh go cuí, lena n-áirítear imeachtaí achomhairc, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

Ní iarrfar síneadh chun faisnéis atá in easnamh a fháil, ar faisnéis í nár iarr an t-údarás inniúil ar an iarratasóir de bhun an dara fomhír.

Beidh aon diúltú ceada nó cirt slí cuí-réasúnaithe ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus chomhréireacha.

6.   De mhaolú ar Airteagal 43(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2018/1972, i gcás ina bhfuil gá, de bhreis ar cheadanna, le cearta slí ar, thar nó faoi mhaoin phoiblí, nó i gcás inarb infheidhme, maoin phríobháideach, le réamhúdarú ón úinéir nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, deonóidh na húdaráis inniúla cearta slí den sórt sin laistigh den tréimhse 4 mhí nó laistigh den sprioc-am arna shocrú faoin dlí náisiúnta, cibé acu is giorra, ón dáta a fhaightear an t-iarratas comhlánaithe ach amháin i gcás díshealbhú.

7.   Féadfaidh na húdaráis inniúla athnuachan a dhéanamh ar an gcead a deonaíodh d’oibreoir le haghaidh oibreacha sibhialta a raibh gá leo chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh i gcás, ar chúiseanna a bhfuil údar oibiachtúil leo, nár féadadh an obair a thosú nó a thabhairt chun críche roimh dhul in éag bhailíocht an cheada. Deonófar athnuachan an cheada gan ceanglais bhreise nós imeachta do na hoibreoirí.

8.   Féadfaidh na Ballstáit, inter alia, a cheangal go mbeidh gá le ceadanna chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil ag baint leo atá cosanta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó i gcás inar gá ar mhaithe leis an tsábháilteacht phoiblí, slándáil bonneagair chriticiúil nó cúiseanna comhshaoil.

9.   Ceadanna, seachas cearta slí, a bhfuil gá leo chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh, ní bheidh siad faoi réir aon táille ná aon mhuirear a théann thar chostais riaracháin dá bhforáiltear, mutatis mutandis, in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2018/1972.

10.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo sna Ballstáit. Chuige sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach 3 bliana maidir le stádas chur chun feidhme an Airteagail seo agus maidir le cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear ann.

11.   Beidh feidhm ag an nós imeachta a bhunaítear san Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 57 de Threoir (AE) 2018/1972.

12.   Ní dochar an tAirteagal seo don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit forálacha breise a thabhairt isteach d’údaráis inniúla chun dlús a chur leis an nós imeachta deonaithe ceadanna.

Airteagal 8

Éagmais cinnidh maidir leis an iarratas ar chead

1.   In éagmais cinneadh ón údarás inniúil faoin sprioc-am is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(5), measfar gur deonaíodh an cead ar dhul in éag an sprioc-ama sin.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír ar choinníoll nach mbaineann an nós imeachta deonaithe ceadanna le cearta slí. Arna iarraidh sin, beidh an t-oibreoir nó aon pháirtí dá ndéantar difear i dteideal dearbhú i scríbhinn a fháil ón údarás inniúil, i gcás inarb infheidhme, gur deonaíodh an cead go hintuigthe.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag aon tríú páirtí dá ndéantar difear idirghabháil a dhéanamh sa nós imeachta riaracháin agus agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh lena ndeonaítear an cead.

2.   Féadfaidh na Ballstáit maolú ó mhír 1 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na réitigh seo a leanas ar fáil don nós imeachta ábhartha deonaithe ceadanna:

(a)

tá an t-oibreoir a ndearnadh damáiste dó toisc nár chomhlíon an t-údarás inniúil an sprioc-am is infheidhme a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 7(5) i dteideal cúiteamh a éileamh i leith damáiste, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

féadfaidh an t-oibreoir an cás a tharchur chuig cúirt nó chuig údarás maoirseachta.

3.   I gcás maolú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar dhul in éag an sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 7(5) agus gan dochar do cheart an oibreora réitigh a lorg láithreach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, go n-iarrfaidh an t-údarás inniúil, nó aon chomhlacht eile arna chinneadh ag an mBallstát sin, ar an iarratasóir, gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin don oibreoir, nó as a stuaim féin, freastal ar chruinniú chun glacadh an chinnidh maidir leis an iarratas ar chead a éascú. Déanfaidh an t-údarás inniúil an cruinniú a thionól tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis thíolacadh na hiarrata. Gan moill mhíchuí tar éis an chruinnithe, soláthróidh an t-údarás inniúil cuntas i scríbhinn ar an bplé, lena n-áirítear tuairimí na bpáirtithe lena mbaineann agus lena gcuirtear in iúl don oibreoir dáta ar a bhfuil cinneadh maidir leis an iarratas ar chead le heisiúint.

Airteagal 9

Díolúintí ó nósanna imeachta deonaithe ceadanna

1.   Ní bheidh oibreacha sibhialta a bhfuil aon cheann díobh seo a leanas i gceist leo faoi réir aon nós imeachta deonaithe ceadanna de réir bhrí Airteagal 7, mura n-éilítear cead den sórt sin i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais:

(a)

oibreacha deisithe agus cothabhála atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide, tionchair agus faid;

(b)

uasghráduithe teoranta teicniúla ar oibreacha nó suiteálacha atá ann cheana, a bhfuil tionchar teoranta acu;

(c)

oibreacha sibhialta ar mhionscála atá teoranta ó thaobh raon feidhme de, amhail i dtéarmaí luacha, méide, tionchair nó an fhaid ama is gá chun na líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh.

2.   Bunaithe ar chúiseanna bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach, sainaithneoidh na Ballstáit na cineálacha oibreacha sibhialta a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leo. Foilseofar faisnéis faoi chineálacha oibreacha sibhialta den sórt sin trí phointe faisnéise aonair.

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus faoi réir an nós imeachta a leagtar síos i mír 2, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go mbeidh gá le ceadanna chun eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne nó de shaoráidí gaolmhara a imscaradh sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás bonneagar fisiceach nó catagóirí áirithe bonneagair fhisicigh a chosnaítear ar chúiseanna a bhaineann le luach ailtireachta, stairiúil, reiligiúnach nó comhshaoil, nó a chosnaítear ar bhealach eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó

(b)

i gcás inar gá ar chúiseanna maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, an tsábháilteacht, cúiseanna comhshaoil nó sláinte poiblí, nó chun slándáil an bhonneagair chriticiúil a chosaint.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí a bhfuil sé beartaithe acu oibreacha sibhialta a chumhdaítear leis an Airteagal seo a dhéanamh fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, roimh thús na n-oibreacha, go bhfuil sé ar intinn acu tús a chur leis na hoibreacha sibhialta.

Ní bheidh san fhógra sin ach dearbhú ón oibreoir go bhfuil sé ar intinn aige na hoibreacha sibhialta a thosú agus an fhaisnéis íosta is gá a thíolacadh chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na hoibreacha sin cumhdaithe leis an maolú a leagtar amach i mír 3. Áireofar san fhaisnéis íosta sin ar a laghad an dáta a mheastar a thosóidh na hoibreacha sibhialta, fad na n-oibreacha, sonraí teagmhála an duine atá freagrach as na hoibreacha a dhéanamh agus an limistéir lena mbaineann na hoibreacha.

Airteagal 10

Bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh agus sreangú snáithín

1.   Beidh gach foirgneamh nuathógtha agus gach foirgneamh a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, lena n-áirítear eilimintí faoi chomhúinéireacht, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála tíolactha ina leith tar éis an 12 Feabhra 2026, feistithe le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear naisc suas leis an bpointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí.

2.   Déanfar gach foirgneamh ilteaghaise nuathógtha nó gach foirgneamh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe á ndéanamh air, a bhfuil iarratais ar cheadanna tógála tíolactha ina leith tar éis an 12 Feabhra 2026, a fheistiú le pointe rochtana.

3.   Faoin 12 Feabhra 2026, déanfar gach foirgneamh, lena n-áirítear eilimintí díobh atá faoi chomhúinéireacht, a bhfuil móroibreacha athchóirithe mór á ndéanamh orthu mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir 2010/31/AE, a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, agus le sreangú snáithín laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear naisc suas leis an bpointe fisiceach ag a nascann an t-úsáideoir deiridh leis an líonra poiblí, mura méadóidh sé sin costais na n-oibreacha athchóirithe go díréireach agus má tá sé indéanta go teicniúil. Beidh pointe rochtana ag gach foirgneamh ilteaghaise a bhfuil móroibreacha athchóirithe den sórt sin á ndéanamh air.

4.   Faoin 12 Samhain 2025, glacfaidh na Ballstáit, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus ar bhonn dhea-chleachtais an tionscail, na caighdeáin ábhartha nó na sonraíochtaí teicniúla is gá chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme. Leis na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla sin, beifear in ann gnáthghníomhaíochtaí cothabhála a dhéanamh go héasca ar shreanguithe snáithín aonair arna n-úsáid ag gach oibreoir chun seirbhísí líonra fíor-ardacmhainne a sholáthar agus leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

sonraíochtaí maidir le pointe rochtana an fhoirgnimh agus sonraíochtaí an chomhéadain snáithín;

(b)

sonraíochtaí cábla;

(c)

sonraíochtaí soicéid;

(d)

sonraíochtaí seolphíobán nó micreadhuchtanna;

(e)

sonraíochtaí teicniúla is gá chun trasnaíocht ar cháblú leictreach a chosc;

(f)

an ga íosta lúibe;

(g)

sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcáblú a shuiteáil.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na caighdeáin nó na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 4. Chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta ar bun lena bhféadfaí cigireacht ar an láthair ar na foirgnimh nó sampla ionadaíoch díobh a áireamh.

6.   Beidh foirgnimh a fheistítear i gcomhréir leis an Airteagal seo incháilithe, ar bhonn deonach agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag na Ballstáit, chun lipéad ‘réidh don snáithín’ a fháil, i gcás inar roghnaigh na Ballstáit lipéad den sórt sin a thabhairt isteach.

7.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le catagóirí áirithe foirgneamh, i gcás ina bhfuil comhlíonadh na míreanna sin díréireach, i dtéarmaí costas ar úinéirí aonair nó ar chomhúinéirí bunaithe ar ghnéithe oibiachtúla. Sainaithneoidh na Ballstáit catagóirí foirgneamh den sórt sin bunaithe ar chúiseanna bhfuil údar cuí leo agus atá comhréireach.

8.   Sainaithneoidh na Ballstáit, ar bhonn cúiseanna cuí-réasúnaithe agus comhréireacha, na cineálacha foirgneamh, amhail catagóirí sonracha séadchomharthaí, foirgnimh stairiúla, foirgnimh mhíleata agus foirgnimh a úsáidtear chun críoch slándála náisiúnta, mar a shainítear sa dlí náisiúnta, atá le bheith díolmhaithe ó na hoibleagáidí dá bhforáiltear i míreanna 1, 2 agus 3 nó a bhfuil feidhm le bheith ag na hoibleagáidí sin ina leith le hoiriúnuithe teicniúla cuí. Foilseofar faisnéis faoi chatagóirí foirgneamh den sórt sin trí phointe faisnéise aonair.

Airteagal 11

Rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh

1.   Faoi réir mhír 3, agus gan dochar do chearta maoine, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a leathadh amach ar a chostas féin go dtí an pointe rochtana.

2.   Faoi réir mhír 3, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí rochtain a fháil ar aon bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh má tá dúbailt dodhéanta go teicniúil nó neamhéifeachtúil go heacnamaíoch.

3.   Aon sealbhóir cirt chun an pointe rochtana agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a úsáid, comhlíonfaidh sé na hiarrataí réasúnta uile i scríbhinn ar rochtain ar an bpointe rochtana agus ar an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh ó sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, i gcás inarb iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata.

4.   In éagmais bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a fhoirceannadh ag áitreabh an tsíntiúsóra, faoi réir chomhaontú an úinéara agus/nó an tsíntiúsóra, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana á úsáid aige, a mhéid atá sé ar fáil agus inrochtana faoi mhír 3, agus ar choinníoll go n-íoslaghdaítear an tionchar ar mhaoin phríobháideach tríú páirtithe.

5.   Ní dochar an tAirteagal seo do cheart maoine úinéir an phointe rochtana nó an bhonneagair fhisicigh laistigh den fhoirgneamh i gcás nach ionann an sealbhóir cirt an bonneagar nó an pointe rochtana sin a úsáid agus úinéir an bhonneagair nó an phointe rochtana sin, ná do cheart maoine aon tríú páirtí eile, amhail úinéirí talún agus úinéirí foirgneamh.

6.   Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus an staid ar leith ar fud na mBallstát a chur san áireamh, déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a fhoilsiú i dtaca leis na téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, agus maidir leis na critéir ba cheart do na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí á réiteach.

Airteagal 12

Pointí faisnéise aonair a dhigitiú

1.   Le pointí faisnéise aonair, cuirfear uirlisí digiteacha iomchuí ar fáil, amhail i bhfoirm tairseacha gréasáin, bunachair sonraí, ardáin dhigiteacha nó feidhmchláir dhigiteacha, chun gur féidir na cearta uile a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú ar líne agus na hoibleagáidí uile a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit roinnt uirlisí digiteacha atá ann cheana nó roinnt uirlisí digiteacha nuafhorbartha lena dtacaítear leis na pointí faisnéise aonair dá dtagraítear i mír 1 a idirnascadh, nó a chomhtháthú go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí, chun dúbailt uirlisí digiteacha a sheachaint.

3.   Leagfaidh na Ballstáit amach pointe iontrála digiteach náisiúnta aonair, ina bhfuil comhéadan coiteann úsáideora chun rochtain rianúil ar na pointí faisnéise aonair digitithe a áirithiú.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha teicniúla, airgeadais agus daonna chun tacú le pointí faisnéise aonair a leathadh amach agus a dhigitiú.

Airteagal 13

Díospóidí a réiteach

1.   Gan dochar don fhéidearthacht cás a tharchur chuig cúirt, beidh aon pháirtí i dteideal díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn a tharchur chuig an gcomhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí a bhunaítear de bhun Airteagal 14:

(a)

i gcás ina ndiúltaítear rochtain ar an mbonneagar atá ann cheana nó nach dtagtar ar chomhaontú maidir le téarmaí agus coinníollacha sonracha, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar rochtain faoi Airteagal 3;

(b)

i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6, lena n-áirítear i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis a iarrtar laistigh de na sprioc-amanna is infheidhme;

(c)

i gcás nach dtagtar ar chomhaontú maidir le comhordú oibreacha sibhialta de bhun Airteagal 5(2) laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh fhoirmiúil ar oibreacha sibhialta a chomhordú; nó

(d)

i gcás nach dtagtar ar chomhaontú maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 11(2) nó (3) laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh fhoirmiúil ar rochtain.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás díospóidí dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) agus (d), i gcás gurb é an t-eintiteas ónar iarr an t-oibreoir rochtain an t-eintiteas céanna atá i dteideal an ceart slí a dheonú don mhaoin ar a bhfuil, ina bhfuil nó faoina bhfuil ábhar na hiarrata ar rochtain lonnaithe, go bhféadfaidh an comhlacht náisiúnta inniúil um réiteach díospóidí díospóidí maidir leis an gceart slí a réiteach freisin.

2.   Agus prionsabal na comhréireachta agus na prionsabail arna mbunú sa treoraíocht ábhartha ón gCoimisiún nó sna treoirlínte ó BEREC á gcur san áireamh go hiomlán, eiseoidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí dá dtagraítear i mír 1 cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach:

(a)

laistigh de 4 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a);

(b)

laistigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an iarraidh ar réiteach díospóide, i ndáil le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) agus (d).

Ní fhéadfar síneadh a chur leis na sprioc-amanna sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo.

3.   A mhéid a bhaineann le díospóidí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (c) agus (d), féadfaidh sé gurb é atá i gcinneadh an chomhlachta náisiúnta um réiteach díospóidí téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta a shocrú, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, i gcás inarb iomchuí.

4.   Foilseoidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí a gcinntí, agus prionsabail na rúndachta agus chosaint na rún gnó á n-urramú acu. Leis an bpointe faisnéise aonair, áiritheofar rochtain ar na cinntí a fhoilsíonn na comhlachtaí um réiteach díospóidí.

I gcás ina mbaineann an díospóid le bonneagar oibreora agus gurb é an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí an t-údarás rialála náisiúnta, cuirfear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972 san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

5.   Leis an Airteagal seo, comhlánaítear na leigheasanna breithiúnacha agus na nósanna imeachta breithiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ní dochar é dóibh.

Airteagal 14

Comhlachtaí inniúla

1.   Bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit comhlacht inniúil amháin nó níos mó chun na cúraimí a shanntar don chomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí i gcomhréir le hAirteagal 13(1) a dhéanamh (‘an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí’).

2.   Beidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí leithleach go dlíthiúil ó aon oibreoir líonra agus aon chomhlacht earnála poiblí a bhfuil bonneagar fisiceach faoi úinéireacht nó faoi rialú aige agus a bhfuil baint aige leis an díospóid agus beidh sé neamhspleách ó thaobh feidhmeanna de ar aon oibreoir nó comhlacht den sórt sin. Na Ballstáit a bhfuil oibreoirí líonra faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, áiritheoidh siad go mbeidh na feidhmeanna a bhaineann leis na nósanna imeachta náisiúnta um réiteach díospóidí agus feidhmeanna an phointe faisnéise aonair deighilte go héifeachtach ina struchtúr ó ghníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.

Gníomhóidh comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí go neamhspleách agus go hoibiachtúil, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon chomhlacht eile agus na díospóidí a chuirtear faoina mbráid á réiteach acu. Ní chuirfear cosc leis sin ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Is ag comhlachtaí inniúla achomhairc amháin a bheidh an chumhacht cinntí na gcomhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

3.   Féadfaidh an comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí táillí a ghearradh chun na costais a chumhdach a bhaineann leis na cúraimí a sannadh dó a dhéanamh.

4.   Rachaidh na páirtithe uile lena mbaineann díospóid i gcomhar go hiomlán leis an gcomhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí.

5.   Déanfaidh comhlacht inniúil amháin nó níos mó arna cheapadh ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, de réir mar is iomchuí, feidhmeanna pointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagail 3 go 10, 12 agus 13. Chun na costais a chumhdach a bhaineann leis na feidhmeanna sin a dhéanamh, féadfar táillí a ghearradh chun na pointí faisnéise aonair a úsáid.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2, an chéad fhomhír, maidir leis na comhlachtaí inniúla a dhéanann feidhmeanna pointe faisnéise aonair.

7.   Feidhmeoidh na comhlachtaí inniúla a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe acu chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh.

8.   Foilseoidh na Ballstáit na cúraimí atá le déanamh ag gach comhlacht inniúil trí phointe faisnéise aonair, go háirithe i gcás ina sanntar na cúraimí sin do níos mó ná comhlacht inniúil amháin nó i gcás ina dtagann athrú ar na cúraimí sannta. I gcás inarb iomchuí, rachaidh na comhlachtaí inniúla i gcomhairle le chéile agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le hábhair leasa choitinn.

9.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le céannacht gach comhlachta inniúil, i gcomhréir leis an Airteagal seo, chun feidhm a dhéanamh faoin Rialachán seo, agus maidir lena bhfreagrachtaí faoi seach, agus maidir le haon mhodhnú ar an méid sin, sula dtiocfaidh ainmniú nó modhnú den sórt sin i bhfeidhm.

10.   Beidh aon chinneadh a dhéanann comhlacht inniúil faoi réir achomharc, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, os comhair comhlacht achomhairc atá go hiomlán neamhspleách, lena n-áirítear comhlacht de chineál breithiúnach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31 de Threoir (AE) 2018/1972 maidir le haon achomharc de bhun na míre seo.

Ní dochar an ceart chun achomhairc i gcomhréir leis an gcéad fhomhír do cheart na bpáirtithe an díospóid a thabhairt os comhair na cúirte inniúla náisiúnta.

Airteagal 15

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ar aon chinneadh ceangailteach a ghlacann na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 14 de bhun an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 16

Tuarascáil agus faireachán

1.   Faoin 12 Bealtaine 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh achoimre ar thionchar na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo san áireamh sa tuarascáil chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn maidir lena chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an Rialachán seo rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach, agus conas a d’fhéadfadh sé é sin a dhéanamh.

Áireofar sa tuarascáil forbairtí a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an dul chun cinn i dtreo líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh go tapa agus go forleathan i gceantair thuaithe, oileánda agus iargúlta, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla agus réigiúin tearcdhaonra, chomh maith le forbairt an mhargaidh le haghaidh bonneagar túr, agus glacadh réiteach éagsúil aisiompair lena n-áirítear aisiompar satailíte i nascacht dhigiteach ardluais.

2.   Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit, ar faisnéis í a thíolacfar gan moill mhíchuí. Go háirithe, faoin 12 Samhain 2025, déanfaidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, tríd an gCoiste Cumarsáide a bunaíodh faoi Airteagal 118 de Threoir (AE) 2018/1972, táscairí a leagan amach chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an sásra chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún go tráthrialta.

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2015/2120

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(5)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(6)

ciallaíonn “cumarsáid intíre” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta an Bhallstáit chéanna í;

(7)

ciallaíonn “cumarsáid laistigh den Aontas” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta Ballstáit eile í.

(*1)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).’;"

(2)

in Airteagal 5a, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘7.   Ón 1 Eanáir 2029, ní chuirfidh soláthraithe praghsanna miondíola éagsúla i bhfeidhm ar thomhaltóirí le haghaidh cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas, ar choinníoll go nglacfar rialacha teicniúla maidir le coimircí, amhail an inbhuanaitheacht, an úsáid chóir agus bearta frithchalaoise. Faoin 30 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha teicniúla sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5b.

8.   Ón 1 Eanáir 2025, maidir leis an oibleagáid gan praghsanna miondíola éagsúla a chur i bhfeidhm a leagtar síos i mír 7, féadfaidh soláthraithe í a chomhlíonadh ar bhonn deonach. Beidh na soláthraithe sin díolmhaithe ó na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 1, faoi réir beartas maidir le húsáid chóir, d’fhonn na sochair a bhaineann le praghsanna comhionanna miondíola ar chumarsáid intíre agus ar chumarsáid laistigh den Aontas a thabhairt do thomhaltóirí níos luaithe. Chuige sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le húsáid chóir, bunaithe ar ghnáthphatrúin úsáide, agus bearta frithchalaoise faoin 31 Nollaig 2024, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5b(2).

9.   Faoin 30 Meitheamh 2027, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Airteagal seo, agus bunaithe ar an measúnú ar a thionchar, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, a chinneadh togra reachtach a thíolacadh chun é a leasú.

10.   Beidh an méid seo a leanas sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 9:

(a)

forbairt na gcostas mórdhíola a bhaineann le soláthar cumarsáide laistigh den Aontas;

(b)

forbairt na hiomaíochta sa mhargadh chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus treocht phraghsanna miondíola na cumarsáide laistigh den Aontas sna Ballstáit éagsúla;

(c)

forbairt na roghanna is fearr le tomhaltóirí agus na rogha tairiscintí speisialta agus cuach nach ngearrtar muirir orthu ar bhonn thomhaltas iarbhír na cumarsáide laistigh den Aontas;

(d)

an tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar na margaí náisiúnta chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus go háirithe ar na praghsanna miondíola a ghearrtar ar thomhaltóirí i gcoitinne, agus na costais a bhaineann le cumarsáid laistigh den Aontas a sholáthar á gcur san áireamh, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar ioncam i gcás soláthraithe agus, más féidir, ar chumas infheistíochta na soláthraithe, go háirithe i bhfianaise leathadh amach líonraí amach anseo i gcomhréir leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 i gcás nach gcuirtear muirir bhreise ar chumarsáid laistigh den Aontas i bhfeidhm cheana féin;

(e)

méid úsáide, infhaighteacht agus iomaíochas na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir nó aon roghanna malartacha ar chumarsáid laistigh den Aontas;

(f)

forbairt na bpleananna taraife maidir le cumarsáid laistigh den Aontas, agus go háirithe, a mhéid a chuir cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i mír 8 torthaí ar fáil a théann i dtreo deireadh a chur le difríochtaí i bpraghsanna miondíola do thomhaltóirí idir cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas.

11.   Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 9 a dhéanamh, baileoidh BEREC faisnéis ábhartha ó na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn rialta. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta sonraí den sórt sin a sholáthar i gcomhar le húdaráis inniúla eile. Cuirfear na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo in iúl don Choimisiún uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí. Chun a áirithiú gur féidir le BEREC a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin mír seo, beidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe comhoibriú trí na sonraí a iarrtar, lena n-áirítear sonraí rúnda, a sholáthar do na húdaráis náisiúnta ábhartha.’;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5b

Nós imeachta coiste

1.   Chun a oibleagáidí faoi Airteagal 5a den Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an Coiste Cumarsáide, a bunaíodh le hAirteagal 118(1) de Threoir (AE) 2018/1972, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’.

(4)

in Airteagal 10(5), cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2032’ in ionad an dáta ‘14 Bealtaine 2024’.

Airteagal 18

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoir 2014/61/AE le héifeacht ón 11 Bealtaine 2024.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil feidhm ag forálacha an Rialacháin seo a chuirtear in ionad fhorálacha Threoir 2014/61/AE ó dháta níos déanaí, fanfaidh na forálacha comhfhreagracha seo a leanas den Threoir sin i bhfeidhm go dtí an dáta céanna sin, mar a leagtar amach thíos:

(a)

fanfaidh Airteagal 4(2) agus (3), Airteagal 4(4), an chéad abairt, Airteagal 6(1), (2), (3) agus (5), agus Airteagal 7(1) agus (2), den Treoir sin i bhfeidhm go dtí an 12 Bealtaine 2026;

(b)

fanfaidh Airteagal 8(1)go (4) den Treoir sin i bhfeidhm go dtí an 12 Feabhra 2026.

3.   Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 12 Samhain 2025.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 5(6) agus Airteagal 11(6) ón 11 Bealtaine 2024;

(b)

beidh feidhm ag Airteagal 17 ón 15 Bealtaine 2024;

(c)

beidh feidhm ag Airteagal 10(1), (2) agus (3) ón 12 Feabhra 2026;

(d)

beidh feidhm ag Airteagal 4(3), Airteagal 6(1), Airteagal 7(2) agus (3) agus Airteagal 12(1), (2) agus (3) ón 12 Bealtaine 2026;

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C 349, 29.9.2023, lch. 116.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Aibreán 2024.

(3)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(5)  Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 1).

(6)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a imscaradh (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).

(7)  Moladh (AE) 2020/1307 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le bosca uirlisí coiteann an Aontais chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh agus rochtain thráthúil agus neamhdhíobhálach don infheistíocht ar speictream raidió 5G a áirithiú, d’fhonn nascacht a chothú chun tacú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 san Aontas (IO L 305, 21.9.2020, lch. 33).

(8)  Treoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí do líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO L 249, 17.9.2002, lch. 21).

(9)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(10)  Moladh (AE) 2020/2245 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 maidir le margaí ábhartha táirgí agus margaí ábhartha seirbhísí laistigh den earnáil cumarsáide leictreonaí a fhéadfar a chur faoi réir rialáil ex ante i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, 18.12.2020, C(2020) 8750 (IO L 439, 29.12.2020, lch. 23).

(11)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(12)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(13)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(15)  Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(16)  Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(17)  Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(20)  Rialacháin (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1).

(21)  Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Treoir 2014/61/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(11)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(3), an dara fomhír

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(4)

Airteagal 13(1)(a)

Airteagal 3(5)

Airteagal 13(2)

Airteagal 13(3)

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(9)

Airteagal 3(10)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(12)

Airteagal 3(13)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4) an chéad abairt

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(4) an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 4(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 13(1)(b)

Airteagal 13(2)(b)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(6)

Airteagal 4(7)

Airteagal 4(8)

Airteagal 4(8)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 13(1)(c)

Airteagal 5(4)

Airteagal 13(2)(b)

Airteagal 13(3)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(6)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(4)

Airteagal 13(1)(b), Airteagal 13(2)(b),

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7(6)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(8)

Airteagal 7(9)

Airteagal 7(10)

Airteagal 7(11)

Airteagal 7(12)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 8(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 10(6)

Airteagal 8(4)

Airteagal 10(7)

Airteagal 10(8)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(1)(d)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 11(3)

Airteagal 9(5)

Airteagal 11(4)

Airteagal 9(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 12

Airteagal 13(1) an dara fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 10(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 14(2) agus Airteagal 14(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 10(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 14(6)

Airteagal 14(7)

Airteagal 10(5)

Airteagal 14(9)

Airteagal 10(6)

Airteagal 14(10)

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 16(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1309/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top