EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1002

Rialachán (AE) 2024/1002 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil sárchlóráite i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu

C/2024/1957

IO L, 2024/1002, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1002/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1002/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1002

5.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1002 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil sárchlóráite i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2023/915 ón gCoimisiún (2), socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear sárchlóráit, in earraí bia.

(2)

An 30 Meán Fómhair 2014, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia tuairim eolaíochta maidir le sárchlóráit i mbia, go háirithe i dtorthaí agus i nglasraí, agus chinn sé go raibh ábhar imní ó thaobh na sláinte i gceist le láithreacht sárchlóráite in earraí bia áirithe, lena n-áirítear piseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu (3).

(3)

Bunaíodh na huasleibhéil le haghaidh sárchlóráite i réimse leathan bia le Rialachán (AE) 2020/685 ón gCoimisiún (4) agus comhtháthaíodh na huasleibhéil sin i Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún. Cé nach raibh sonraí tarluithe cuimsitheacha ar fáil do gach fochatagóir torthaí agus glasraí nuair a bunaíodh na leibhéil sin, socraíodh uasleibhéal ginearálta dian do gach toradh agus glasra, lena n-áirítear piseanna, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú.

(4)

Ina ainneoin sin, léiríonn sonraí tarluithe fairsinge a tháinig amach le déanaí maidir le leibhéil sárchlóráite i bpiseanna nach féidir an t-uasleibhéal a bhaint amach i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu i limistéir mhóra táirgthe san Aontas, fiú má chuirtear dea-chleachtais i bhfeidhm.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-uasleibhéal le haghaidh sárchlóráite i bpiseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu a ardú i gcomhréir leis an bprionsabal go bhfuil uasleibhéil le bunú ag leibhéil atá chomh híseal agus is indéanta le réasún agus dea-chleachtais á leanúint.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER


(1)   OL L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).

(3)   Scientific opinion on the risks to public health related to the presence of perchlorate in food, in particular fruits and vegetables. [Tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le láithreacht sárchlóráite i mbia, go háirithe i dtorthaí agus i nglasraí.] EFSA Journal [Iris EPSA] 2014;12(10):3869, https://doi:10.2903/j.efsa.2014.3869

(4)  Rialachán (AE) 2020/685 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil sárchlóráite in earraí bia áirithe (IO L 160, 25.5.2020, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

I roinn 6 (éilleáin eile) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6.3.1 (torthaí agus glasraí seachas na táirgí a liostaítear in 6.3.1.1 agus 6.3.1.2):

‘6.3.1

Torthaí agus glasraí seachas na táirgí a liostaítear in 6.3.1.1, 6.3.1.3 agus 6.3.1.3

0,05

 

6.3.1.1

Cucurbitaceae agus cál

0,10

 

6.3.1.2

Glasraí duilleacha agus luibheanna

0.50

 

6.3.1.3

Piseanna (Phaseolus vulgaris) a bhfuil faighneoga orthu

0,15’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1002/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top